6 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 1985


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar alt 53 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927.

2.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919

1919, c. 57

An tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927

1927, Uimh. 27

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945

1945, Uimh. 12

Na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1982

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 1985


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1982.

[2 Aibreán, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 53 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 .

1. —Leasaítear leis seo alt 53 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 , arna leasú leis an Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Má theipeann ar úinéir nó ar áititheoir na talún nó an fhoirgnimh sin, laistigh de na seacht lá réamhráite, a thoiliú a thabhairt de réir an fho-ailt sin roimhe seo, féadfaidh an Bord nó an gnóthaire údaraithe, le toiliú an Bhoird ach ní ar aon slí eile, an líne sin a chur trasna na talún sin nó an daingneán sin a cheangal den fhoirgneamh sin san ionad agus sa tslí atá luaite san fhógra sin, faoi réir teideal a bheith ag an úinéir nó ag an áititheoir sin go n-íocfar cúiteamh leis i leith an Bord nó an gnóthaire údaraithe d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar leis an bhfo-alt seo agus d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar le fo-alt (9) den alt seo, agus measúnófar an cúiteamh sin, d'éagmais comhaontú, faoi fhorálacha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus measfar, chun na críche sin, gur údarás poiblí an Bord.”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1985, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1982, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1982, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile.