15 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 1985


AN tACHT IOMPAIR, 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

An Bord d'fháil airgid ar iasacht chun iasachtaí sealadacha áirithe a aisíoc.

3.

An Bord d'fháil airgid ar iasacht chun críocha caipitiúla.

4.

Ráthaíochtaí i leith airgid áirithe is iníoctha ag an mBord.

5.

Caiteachais.

6.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962

1962, Uimh. 25

An tAcht Iompair, 1950

1950, Uimh. 12

An tAcht Iompair, 1964

1964, Uimh. 30

An tAcht Iompair, 1974

1974, Uimh. 1

An tAcht Iompair, 1983

1983, Uimh. 37

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 1985


AN tACHT IOMPAIR, 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LE hIOM-PAR. [16 Iúil, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht Iompair, 1983 ;

tá le “an Bord” an bhrí chéanna atá leis san Acht Iompair, 1950 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide.

An Bord d'fháil airgid ar iasacht chun iasachtaí sealadacha áirithe a aisíoc.

2. —(1) Féadfaidh an Bord £30,000,000 a fháil ar iasacht, i bhfoirm iasachta is inaisíochta thar thréimhse 10 mbliana, d'fhonn airgead a fuarthas ar iasacht go sealadach de bhun alt 28 (arna leasú) den Acht Iompair, 1950 , a aisíoc.

(2) Ní bhfaighidh an Bord airgead ar iasacht faoin alt seo ach amháin le toiliú roimh ré ón Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais.

(3) Déanfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas bliantúil neamh-inaisíoctha £3,000,000 a thabhairt don Bhord sa bhliain dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1985, agus i ngach bliain de na naoi mbliana ina dhiaidh sin, d'fhonn a chumasú don Bhord príomhshuim na hiasachta dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) den alt seo a aisíoc.

An Bord d'fháil airgid ar iasacht chun críocha caipitiúla.

3. —Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 5 (2) den Acht Iompair, 1964 (a cuireadh isteach le hAcht 1983):

“(2) Ní mó ná £250,000,000 comhiomlán na n-iasachtaí faoin alt seo a bheidh gan aisíoc aon tráth áirithe.”.

Ráthaíochtaí i leith airgid áirithe is iníoctha ag an mBord.

4. —Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 2 (2) den Acht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962 (a cuireadh isteach le hAcht 1983);

“(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo nó le halt 4 (1) den Acht Iompair, 1974 , a fheidhmiú i slí gur mó ná £250,000,000 méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé a íoc aon tráth áirithe de bhun ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo nó faoi alt 4 den Acht Iompair, 1974 (nó faoin dá alt sin), a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha aige roimhe sin de bhun aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nár aisíocadh.”.

Caiteachais.

5. —Déanfar na caiteachais ar fad a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

6. —Féadfar an tAcht Iompair, 1985 , a ghairm den Acht seo.