20 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 20 de 1985


AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS DO THITHE (LEASÚ), 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

4.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981

1981, Uimh. 37

An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (Leasú), 1982

1982, Uimh. 27

/images/harp.jpg


Uimhir 20 de 1985


AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS DO THITHE (LEASÚ), 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM GHNÍOMH-AIREACHT AIRGEADAIS DO THITHE, 1981 AGUS 1982. [10 Nollaig, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1982” an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (Leasú), 1982 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 .

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1982)—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, airgead a chruinniú (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) trí nótaí gealltanais a thabhairt nó trí bhillí malairte a tharraingt nó a ghlacadh.”,

(b) trí “£500,000,000” a chur in ionad “£200,000,000” i bhfo-alt (3), agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb ionann airgead a gheofar ar iasacht nó a chruinneofar in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit agus cóimhéid, in airgead reatha an Stáit, an airgid iarbhír a fuarthas ar iasacht nó a cruinníodh, agus an chóimhéid sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide arb é ráta iomlaoide an airgid reatha sin agus airgead reatha an Stáit é an tráth a bhfuarthas an t-airgead sin ar iasacht nó ar cruinníodh é, de réir mar a bheidh.”.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1982)—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis—

(a) go n-aisíocfaidh an Ghníomhaireacht go cuí príomhshuim aon airgid a gheobhaidh an Ghníomhaireacht ar iasacht, nó go n-íocfar an t-ús ar airgead den sórt sin, nó go n-aisíocfar príomhshuim den sórt sin agus go n-íocfar ús den sórt sin, agus

(b) go n-íocfar go cuí aon nóta gealltanais a thabharfaidh an Ghníomhaireacht nó bille malairte a tharraingeoidh nó a ghlacfaidh an Ghníomhaireacht,

agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfaidh an Ghníomhaireacht coimisiún agus caiteachais theagmhasacha a éireoidh i ndáil le hiasacht, nóta gealltanais nó bille malairte den sórt sin a bheith ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin.”, agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) i bhfo-alt (7):

“(a) glacfar le gach tagairt do phríomhshuim nó d'ús agus leis an tagairt do choimisiún agus do chaiteachais theagmhasacha i bhfo-alt (1), agus leis an tagairt do nóta gealltanais nó do bhille malairte i mír (b) den fho-alt sin, mar thagairtí don mhéid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid le méid iarbhír na príomhshuime, an úis, an choimisiúin agus na gcaiteachas teagmhasach, an nóta gealltanais nó an bhille malairte sin, de réir mar a bheidh, agus an chóimhéid sin a ríomh de réir chostas an méid sin in airgead reatha an Stáit an tráth a ndearnadh an ríomh,”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (Leasú), 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 go 1985, a ghairm de na hAchtanna um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 agus 1982, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.