|
||||
|
[EN] | ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 21 de 1985 | ||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1985 | |||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 21 de 1985 | ||||||||||||
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1985 | ||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||
ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ NACH MÓ NÁ MÉID-EANNA IOMLÁNA SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FORB-ARTHA IDIRNÁISIÚNTA CHUN ACMHAINNÍ AN CHO-MHLACHAIS SIN A ATHLÍONADH AGUS CHUN CRÍOCHA NA SAORÁIDE SPEISIALTA DON AFRAIC FHO-SHAHÁRACH A BHUNAIGH AN COMHLACHAS SIN. [21 Nollaig, 1985] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 , trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (i) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1983 ) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980 ): |
[EN] | “(i) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £8,330,000, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh acmhainní breise airgeadais, | |
[EN] | (j) íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.”. | |
[EN] |
£1,500,000 a íoc leis an gComhlachas Forbartha Idirnáisiúnta le haghaidh na Saoráide Speisialta don Afraic Fho-Shahárach. |
2. —(1) Féadfar íocaíochtaí nach mó san iomlán ná £1,500,000 a dhéanamh thar ceann an Rialtais, mar is iomchuí agus an tráth is iomchuí dóibh, leis an gComhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis, ar mhodh ranníocaí de réir fhorálacha Rún Uimh. 85-1, ó Bhord Stiúrthóirí Feidhmiúcháin an Chomhlachais sin, arna dhéanamh i Washington, D.C., an 21ú lá de Bhealtaine, 1985, leis an tSaoráid Speisialta don Afraic Fho-Shahárach arna bunú leis an Rún sin. |
[EN] | (2) Chun na ranníocaí, dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) den alt seo, a íoc leis an tSaoráid Speisialta sin don Afraic Fho-Shahárach, féadfaidh an tAire Airgeadais nótaí neamh-úsmhara de chuid an Stáit a chruthú agus a eisiúint agus aon íocaíochtaí thar ceann an Stáit i leith nótaí den sórt sin, déanfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis iad. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1985 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1985, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1983, agus den Acht seo. |