23 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 1985


ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

An líon gnáth-bhreithiúna san Ard-Chúirt.

2.

Leasú ar Acht na gCúirteanna, 1977.

3.

Iarmhartach.

4.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCúirteanna, 1977

1977, Uimh. 11

Acht na gCúirteanna, 1981

1981, Uimh. 11

Acht na gCúirteanna, (Uimh. 2), 1981

1981, Uimh. 31

Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1983

An tAcht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975

1975, Uimh. 3

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 1985


ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1985

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DÁ CHUMASÚ GUR CÚIG DHUINE DHÉAG AR A MHÉID AN LÍON GNÁTH-BHREITHIÚNA A BHEIDH, LE LINN TRÉIMHSE TEORANTA, SAN ARD-CHÚIRT AGUS DÁ CHUMASÚ GUR CÚIG DHUINE DHÉAG AR A MHÉID AN LÍON GNÁTH-BHREITHIÚNA A BHEIDH SA CHÚIRT CHUARDA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [26 Nollaig, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An líon gnáthbhreithiúna san Ard-Chúirt.

1. —(1) Fad a bheidh an t-alt seo i bhfeidhm déanfar an tagairt in alt 1 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1981 , do cheithre dhuine dhéag a fhorléiriú mar thagairt do chúig dhuine dhéag.

(2) Scoirfidh an t-alt seo d'fheidhm a bheith leis an lá is túisce a tharlóidh folúntas i measc ghnáth-bhreithiúna na hArd-Chúirte tar éis an 2ú lá d'Aibreán, 1987.

Leasú ar Acht na gCúirteanna, 1977 .

2. —Leasaítear leis seo Acht na gCúirteanna, 1977

(a) in alt 1, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le halt 30 d'Acht na gCúirteanna, 1981 ):

“(2) Cúig dhuine dhéag ar a mhéid an líon gnáthbhreithiúna a bheidh sa Chúirt Chuarda.”,

agus

(b) in alt 2—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) (a cuireadh isteach leis an alt sin 30) d'fho-alt (1):

“(a) Beidh seisear breitheamh den Chúirt Chuarda buansannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath.”,

agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) (a cuireadh isteach leis an alt sin 30) d'fho-alt (2):

“(a) do Chuaird Bhaile Átha Cliath más rud é ar dháta an cheaptha gur lú ná seisear an líon breithiúna a bheidh buansannta don chuaird sin, nó”.

Iarmhartach.

3. —Fad a bheidh alt 1 den Acht seo i bhfeidhm, déanfar mír (b) (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1981 ) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975 , a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, amhail is dá mba thagairt do shé dhuine dhéag gach tagairt inti do chúig dhuine dhéag.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1985, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1983, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.