14 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 1986


AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT DO CHOMHRAC NA BOCHTAINE, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

An lá bunaithe.

3.

Gníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine.

4.

Feidhmeanna na Gníomhaireachta.

5.

Pleananna straitéiseacha agus athbhreithniú.

6.

Cathaoirleach agus leaschathaoirleach na Gníomhaireachta.

7.

Comhaltaí na Gníomhaireachta.

8.

Cruinnithe coistí, etc. den Ghníomhaireacht.

9.

Deontais don Ghníomhaireacht, etc.

10.

Cuntais agus iniúchadh.

11.

Tuarascálacha, etc. don Aire.

12.

Stiúrthóir na Gníomhaireachta.

13.

Fostaithe na Gníomhaireachta.

14.

Aoisliúntas.

15.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

16.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

17.

Séala na Gníomhaireachta.

18.

Conarthaí na Gníomhaireachta.

19.

Comhalta den Ghníomhaireacht do nochtadh leasa i gconarthaí beartaithe, etc.

20.

Faisnéis a nochtadh.

21.

Tabhartais.

22.

Rialacháin a leagan.

23.

Caiteachais.

24.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 1986


AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT DO CHOMHRAC NA BOCHTAINE, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH COMHLACHT (AR A dTABHARFAR AN GHNÍOMHAIREACHT DO CHOMHRAC NA BOCHTAINE) A BHUNÚ CHUN COMH-AIRLE A THABHAIRT DON AIRE LEASA SHÓISIAL-AIGH FAOI GACH GNÉ DE PHLEANÁIL EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALACH I nDÁIL LE BOCH-TAINE SA STÁT, CHUN BEARTA A THIONSCNAMH ARB É IS AIDHM DÓIBH AN BHOCHTAINE SIN A SHÁRÚ AGUS BEARTA DEN SÓRT SIN A MHEAS, CHUN CINEÁL, CÚISEANNA AGUS MÉID NA BOCHTAINE SIN A SCRÚDÚ AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN TAIGHDE A CHUR CHUN CINN, A CHOIMISIÚNÚ AGUS A LÉIRIÚ, CHUN TUISCINT NÍOS FEARR AR CHINEÁL, AR CHÚIS-EANNA AGUS AR MHÉID NA BOCHTAINE SIN A CHUR CHUN CINN I MEASC AN PHOBAIL, CHUN FEIDHM-EANNA ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN ROIMHE SEO A CHUR I nGNÍOMH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [10 Meitheamh, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine a bhunaítear le halt 3 den Acht seo;

tá le “an Stiúrthóir” an bhrí a shanntar dó le halt 12 den Acht seo;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “bliain airgid” i ndáil leis an nGníomhaireacht, an tréimhse ón lá bunaithe go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1986, nó tréimhse 12 mhí dar críoch aon 31ú lá de Nollaig dá éis sin (de réir mar is iomchuí);

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhme, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt d'fheidhmiú cumhachtaí agus do chomhall dualgas;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh.

(2) Ach amháin in alt 13, folóidh tagairt san Acht seo d'fhostaí de chuid na Gníomhaireachta nó do dhuine a bheidh ar fostú ag an nGníomhaireacht tagairt don Stiúrthóir.

An lá bunaithe.

2. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Gníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine.

3. —(1) Déanfar, de bhua an ailt seo, comhlacht dá ngairfear an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine a bhunú ar an lá bunaithe chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Ghníomhaireacht ina comhlacht corpraithe agus beidh comharbas suthain aici agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha faoina hainm féin agus beidh cumhacht aici talamh nó leas i dtalamh nó cearta ar thalamh a theachtadh agus, le toiliú an Aire, a fháil agus a dhiúscairt.

Feidhmeanna na Gníomhaireachta.

4. —(1) Beidh ag an nGníomhaireacht na feidhmeanna ginearálta seo a leanas—

(a) comhairle a thabhairt don Aire agus moltaí a chur faoina bhráid faoi gach gné de phleanáil eacnamaíoch agus sóisialach i ndáil le bochtaine sa Stát;

(b) bearta a thionscnamh arb é is aidhm dóibh bochtaine sa Stát a shárú agus bearta den sórt sin a mheas;

(c) cineál, cúiseanna agus méid na bochtaine sa Stát a scrúdú agus chun na críche sin taighde a chur chun cinn, a choimisiúnú agus a léiriú;

(d) tuiscint níos fearr ar chineál, ar chúiseanna agus ar mhéid na bochtaine sa Stát agus ar na bearta is gá chun an bhochtaine sin a shárú a chur chun cinn i measc an phobail.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an nGníomhaireacht freisin—

(a) beartais agus cláir de chuid an Stáit agus de chuid comhlachtaí reachtúla agus comhlachtaí eile agus de chuid gníomhaireachtaí saorálacha a mheas agus comhairle a thabhairt don Aire agus moltaí a chur faoina bhráid ina dtaobh a mhéid a dhéanann na beartais agus na cláir sin difear do ghrúpaí nó d'aicmí daoine a bhfearann bochtaine orthu nó ar dóigh go bhfearfadh bochtaine orthu;

(b) beartais agus cláir nua a aimsiú a bhféadfaí dul ina muinín chun críche bochtaine a shárú agus, i gcomhairle leis an Aire, a n-éifeachtúlacht a thástáil nó cuidiú lena tástáil ar fhoras turgnamhach;

(c) faisnéis i dtaobh bochtaine agus forbairt pobail a bhailiú agus a scaipeadh agus gníomhú mar lárionad le haghaidh cunsailéireachta agus oiliúna i ndáil le forbairt pobail mar dheis chun bochtaine a shárú agus mar lárionad chun cuidiú le forbairt den sórt sin, chun an céanna a spreagadh agus chun faisnéis a thabhairt ina taobh;

(d) tionscadail forbartha agus gníomhaíochtaí pobail chun bochtaine a shárú a chothú agus cuidiú leo, i gcomhairle leis an Aire (cibé trí chúnamh airgid nó ábhair nó eile a thabhairt);

(e) teagmháil a bhunú agus a chothabháil le cibé Ranna Stáit, comhlachtaí reachtúla agus comhlachtaí eile agus le cibé gníomhaireachtaí saorálacha is cuí leis an nGníomhaireacht chun a chur ar a cumas a cuid feidhmeanna eile a chomhlíonadh;

(f) gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a mheas;

(g) tuarascáil bhliantúil agus cibé tuarascáil eile is cuí leis an nGníomhaireacht ó am go ham, a fhoilsiú,

(h) cibé tascanna speisialta a dhéanamh don Aire, agus cibé tuarascálacha a chur faoina bhráid, a iarrfaidh sé ó am go ham.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, fo-alt (2) den alt seo a leasú le rialacháin d'fhonn aon fheidhm lena mbaineann an fo-alt sin a mhodhnú nó a tharraingt siar nó d'fhonn cibé feidhmeanna breise is cuí leis an Aire a thabhairt don Ghníomhaireacht.

(4) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith iontu is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(5) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, ag comhlíonadh a feidhmeanna di, de réir cibé orduithe a thabharfaidh an tAire di ó am go ham.

(6) Beidh ag an nGníomhaireacht cibé cumhachtaí a bheidh riachtanach chun a feidhmeanna a chomhlíonadh nó a bhainfidh lena gcomhlíonadh.

(7) Féadfaidh comhlacht reachtúil, agus má ordaíonn an tAire a bhfuil cumhacht reachtúil aige ina leith dó déanamh amhlaidh ní foláir dó, comhoibriú leis an nGníomhaireacht agus í ag comhlíonadh a feidhmeanna.

Pleananna straitéiseacha agus athbhreithniú.

5. —(1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, cibé tráth, agus i leith gach tréimhse, lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, clár ina leagfar amach gníomhaíochtaí réamh-mheasta na Gníomhaireachta (dá ngairtear “plean straitéiseach” san alt seo) a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Aire le go gceadóidh sé é tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht plean straitéiseach a tharraingt suas i leith na tréimhse dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1989, agus cuirfidh sí faoi bhráid an Aire é tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dháta chéad chruinniú na Gníomhaireachta, agus dá éis sin déanfaidh sí plean straitéiseach a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Aire roimh, agus i leith, gach tréimhse trí bliana dá éis sin.

(3) (a) Déanfaidh an tAire ó am go ham athbhreithniú ar chuspóirí, ar fheidhmeanna agus ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoin Acht seo, go háirithe faoi threoir na bpleananna straitéiseacha, agus cuirfidh sé faoi deara (tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais) tuarascáil ar an athbhreithniú sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(b) Athbhreithniú faoin bhfo-alt seo, déanfar é i leith gach tréimhse lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo nó i leith cibé tréimhse eile a chinnfidh an tAire ó am go ham.

Cathaoirleach agus leaschathaoirleach na Gníomhaireachta.

6. —(1) Ceapfaidh an tAire beirt chomhalta den Ghníomhaireacht chun bheith mar chathaoirleach agus leaschathaoirleach, faoi seach, ar an nGníomhaireacht.

(2) Má scoireanna cathaoirleach nó leaschathaoirleach na Gníomhaireachta de bheith ina chomhalta den Ghníomhaireacht scoirfidh sé air sin freisin de bheith ina chathaoirleach nó ina leaschathaoirleach, de réir mar a bheidh, ar an nGníomhaireacht.

(3) Féadfaidh cathaoirleach nó leaschathaoirleach na Gníomhaireachta éirí as a oifig tráth ar bith mar chathaoirleach nó mar leaschathaoirleach, de réir mar a bheidh, trí litir a sheolfar chuig an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht, mura dtarraingeofar siar roimhe sin é i scríbhinn, tráth thosach an chéad chruinnithe eile den Ghníomhaireacht a thionólfar tar éis don Aire scéala faoin éirí-as a thabhairt don Ghníomhaireacht.

(4) (a) Beidh cathaoirleach na Gníomhaireachta i seilbh oifige go dtí go rachaidh a théarma oifige mar chomhalta den Ghníomhaireacht in éag, mura túisce a éagfaidh sé nó a scoirfidh sé ar shlí eile de bheith ina chathaoirleach de bhua fho-alt (2) nó (3) den alt seo ach, má athcheaptar é mar chomhalta den Ghníomhaireacht, beidh sé inathcheaptha mar chathaoirleach ar an nGníomhaireacht.

(b) Beidh leaschathaoirleach na Gníomhaireachta i seilbh oifige go dtí go rachaidh a théarma mar chomhalta den Ghníomhaireacht in éag, mura túisce a éagfaidh sé nó a scoirfidh sé ar shlí eile de bheith ina leaschathaoirleach de bhua fho-alt (2) nó (3) ach, má athcheaptar é mar chomhalta den Ghníomhaireacht, beidh sé in-athcheaptha mar leaschathaoirleach ar an nGníomhaireacht.

Comhaltaí na Gníomaireachta.

7. —(1) Ochtar ar a laghad agus deichniúr ar a mhéad a bheidh mar líon comhaltaí ar an nGníomhaireacht tráth ar bith.

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe, daoine a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den Ghníomhaireacht.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an bhfo-alt roimhe seo is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí na Gníomhaireachta ó am go ham de réir mar is gá sa chás.

(4) Nuair a bheidh an tAire ag ceapadh comhalta socróidh sé téarma oifige an chomhalta sin agus trí bliana ar a mhéad a bheidh sa téarma sin agus, faoi réir an ailt seo, is de réir cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire a bheidh comhaltas.

(5) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, aon chomhalta den Ghníomhaireacht a bhriseadh as comhaltas den Ghníomhaireacht má bhíonn sé, i dtuairim an Aire, éagumasach de dheasca drochshláinte ar a fheidhmeanna a chomhlíonadh, nó má mhí-iompair sé é féin mar a bheidh luaite nó má dhealraíonn sé don Aire gur gá é a bhriseadh chun go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach.

(6) Féadfaidh comhalta den Ghníomhaireacht éirí as a chomhaltas tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí-as ón dáta a bheidh sonraithe inti nó ar an dáta a gheobhaidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.

(7) Beidh comhalta den Ghníomhaireacht a rachaidh a thréimhse comhaltais in éag trí imeacht aimsire in-athcheaptha mar chomhalta den Ghníomhaireacht.

(8) Féadfaidh an tAire le rialacháin fo-alt (1) den alt seo a leasú trí líon uasta chomhaltaí na Gníomhaireachta a athrú agus beidh éifeacht leis an alt seo dá réir sin.

Cruinnithe, coistí, etc. den Ghníomhaireacht.

8. —(1) Tionólfaidh an Ghníomhaireacht cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh, ach tionólfaidh sí sé chruinniú ar a laghad gach bliain ag tosú an bhliain tar éis bhliain a bunaithe.

(2) Socróidh an tAire dáta, am agus ionad chéad chruinniú na Gníomhaireachta.

(3) Cúigear is córam do chruinniú den Ghníomhaireacht.

(4) Ag cruinniú den Ghníomhaireacht—

(a) is é cathaoirleach na Gníomhaireachta, má bhíonn sé i láthair, nó

(b) is é leaschathaoirleach na Gníomhaireachta má bhíonn sé i láthair agus mura mbeidh cathaoirleach na Gníomhaireachta i láthair nó má bhíonn oifig chathaoirleach na Gníomhaireachta folamh, nó

(c) i ngach cás eile, is é an comhalta den Ghníomhaireacht a bheidh i láthair agus a bheidh roghnaithe chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú ag comhaltaí na Gníomhaireachta a bheidh i láthair agus a vótálfaidh,

a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(5) Ag cruinniú den Ghníomhaireacht, beidh vóta ag gach comhalta den Ghníomhaireacht a bheidh i láthair agus déanfar gach ceist a chinneadh le tromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(6) Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí.

(7) Féadfaidh an Ghníomhaireacht coistí a cheapadh (ar a bhféadfaidh daoine a bheith nach comhaltaí den Ghníomhaireacht iad) chun comhlíonadh a feidhmeanna a éascú, agus déanfaidh aon choiste den sórt sin de réir aon ordú a thabharfaidh an Ghníomhaireacht dó.

(8) Ní bhfaighidh duine aon luach saothair as ucht gníomhú mar chomhalta den Ghníomhaireacht nó mar chomhalta de choiste a cheapfar faoi fho-alt 7 den alt seo, ach féadfar cibé liúntais taistil agus cothaithe a cheadóidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí a íoc leis.

(9) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, rialálfaidh an Ghníomhaireacht a nós imeachta agus a gnó.

Deontais don Ghníomhaireacht, etc.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé don Ghníomhaireacht, deontas nó deontais de cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, a íoc leis an nGníomhaireacht gach bliain airgeadais de chuid na Gníomhaireachta as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i ndáil le gach bliain airgeadais, nó cibé tréimhse is faide a shonróidh an tAire, meastachán ar iomlán a caiteachais agus a fáltas a ullmhú agus a chur chuig an Aire (tráth nach déanaí ná dáta a shonróidh an tAire) agus beidh gach meastachán den sórt sin i cibé foirm, agus beidh ina theannta cibé faisnéis bhreise i ndáil leis an meastachán sin a éileoidh an tAire.

Cuntais agus iniúchadh

10. —(1) Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí lena n-áirítear, go háirithe, na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham, dá dheoin féin nó ar iarratas ón Aire Airgeadais.

(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain (tráth nach déanaí ná dáta a bheidh sonraithe ag an Aire) faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip de cibé de na cuntais sin, nó de cibé sleachta as na cuntais sin, a shonróidh an tAire, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna de na doiciméid a bheidh tíolactha amhlaidh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) Ní mór don Ghníomhaireacht, aon uair a iarrfaidh an tAire uirthi sin a dhéanamh, a cheadú d'aon duine a bheidh ceaptha aige leabhair agus cuntais na Gníomhaireachta i leith aon tréimhse a scrúdú agus éascóidh sí aon scrúdú den sórt sin.

Tuarascálacha, etc. don Airc.

11. —(1) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh a bliana airgeadais, tuarascáil don Aire ar a himeachtaí i gcaitheamh na bliana airgeadais sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Is i cibé foirm a cheanglóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a bheidh tuarascáil a thabharfar faoin alt seo.

(3) Soláthróidh an Ghníomhaireacht don Aire cibé faisnéis a iarr faidh sé ó am go ham i ndáil le tuarascáil faoin alt seo nó i ndáil lena gníomhaíochtaí (seachas na gníomhaíochtaí a bhaineann le riarachán ó lá go lá).

Stiúrthóir na Gníomhaireachta.

12. —(1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht ó am go ham, le ceadú roimh ré ón Aire, duine a cheapadh chun bheith ina phríomhoifigeach ar an nGníomhaireacht, agus tabharfar Stiúrthóir na Gníomhaireachta air agus gairtear “an Stiúrthóir” de san Acht seo.

(2) Sealbhóidh an Stiúrthóir oifig ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (seachas téarmaí agus coinníollacha i ndáil le luach saothair agus le liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham, le ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Na téarmaí agus na coinníollacha i ndáil le luach saothair agus liúntais i leith chaiteachais an Stiúrthóra is téarmaí agus coinníollacha iad a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Comhlíonfaidh an Stiúrthóir cibé feidhmeanna a chinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham.

(5) Féadfaidh an Stiúrthóir bheith ina chomhalta den Ghníomhaireacht.

Fostaithe na Gníomhaireachta.

13. —(1) I dteannta an Stiúrthóra, féadfaidh an Ghníomhaireacht cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina bhfostaithe den Ghníomhaireacht (faoi réir ceadú roimh ré ón Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais maidir le líon agus cineál na bhfostaithe sin) a chinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham, agus nuair a bheidh aon duine den sórt sin á cheapadh aici déanfaidh an Ghníomhaireacht de réir aon ordacháin a thabharfaidh an tAire (leis an toiliú sin) i ndáil leis an nós imeachta a bheidh le leanúint.

(2) Sealbhóidh fostaithe na Gníomhaireachta a bhfostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham faoi réir ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Féadfaidh an Stiúrthóir ó am go ham cibé dualgais a mheasfaidh sé is iomchuí a shannadh do gach fostaí agus comhallfaidh gach fostaí na dualgais a bheidh sannta amhlaidh.

(4) Íocfaidh an Ghníomhaireacht lena fostaithe, as airgead a bheidh faoina réir, cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham faoi réir ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(5) Nuair a bheidh cinneadh faoi fho-alt (2) nó (4) den alt seo á dhéanamh aici, gníomhóidh an Ghníomhaireacht de réir ordacháin an Aire agus beidh aird aici ar aon chomhshocraíochtaí comhréitigh agus eadrána a bheidh i ngníomh do dhaoine dá ndéanfaidh an cinneadh difear.

Aoisliúntas.

14. —(1) A luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe, ullmhóidh an Ghníomhaireacht nó cuirfidh sí faoi deara go n-ullmhófar, agus cuirfidh sí faoi bhráid an Aire, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé dá fostaithe lánaimseartha is cuí leis an nGníomhaireacht nó ina leith, ar iad do scor nó d'fháil bháis.

(2) Maidir le scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoi fho-alt (1) den alt seo socrófar léi an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Ghníomhaireacht tráth ar bith, scéim ag leasú scéime a cuireadh faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh roimhe sin faoin scéim seo a ullmhú nó a chur faoi deara í a ullmhú agus féadfaidh sí scéim den sórt sin a chur faoi bhráid an Aire.

(4) Déanfaidh an Ghníomhaireacht scéim a bheidh curtha faoi bhráid an Aire aici faoin alt seo a chur i gcrích de réir a téarmaí, má cheadaíonn an tAire an scéim le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(5) Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas eile, nó maidir le méid aon phinsin, aisce nó liúntais eile, is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean í chuig Aire na Seirbhíse Poiblí agus is breith chríochnaitheach a bheidh ina bhreithsean.

(6) Ní dheonófar pinsean, aisce ná liúntas eile d'fhostaithe na Gníomhaireachta, ná ní dhéanfar aon chomhshocraíocht eile chun pinsean, aisce nó liúntas eile a sholáthar do dhaoine den sórt sin ar scor dóibh de bheith ar fostú ag an nGníomhaireacht, ach amháin i gcomhréir le scéim nó scéimeanna a bheidh curtha faoi bhráid an Aire agus ceadaithe faoin alt seo.

(7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

15. —(1) Más rud é, i gcás comhalta den Ghníomhaireacht—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Ghníomhaireacht.

(2) Más rud é i gcás duine a bheidh ar fostú ag an nGníomhaireacht—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

beidh sé air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an nGníomhaireacht agus ní íocfaidh an Ghníomhaireacht leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón nGníomhaireacht, aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa (de réir mar a bheidh) agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Ghníomhaireacht nó chun bheith ar fostú i gcáil ar bith ag an nGníomhaireacht.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear ann a ríomh mar sheirbhís leis an nGníomhaireacht chun críche aon phinsean, aiscí nó liúntas eile is iníoctha ar scor nó ar bhás.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

16. —Faoi réir ceadú roimh ré ón Aire, féadfaidh an Ghníomhaireacht ó am go ham cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú a cheapfaidh sí is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh, agus is as airgead a bheidh faoina réir ag an nGníomhaireacht a íocfaidh sí aon sainchomhairleoir nó comhairleoir a fhostófar faoin alt seo.

Séala na Gníomhaireachta.

17. —(1) Soláthróidh an Ghníomhaireacht séala di féin a luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala na Gníomhaireachta le síniú chathaoirleach na Gníomhaireachta nó le síniú comhalta éigin eile den Ghníomhaireacht a bheidh údaraithe ag an nGníomhaireacht gníomhú chuige sin mar aon le síniú fostaí de chuid na Gníomhaireachta a bheidh údaraithe ag an nGníomhaireacht gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Gníomhaireachta, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Ghníomhaireacht agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (2) den alt seo) na Gníomhaireachta agus measfar gurbh é an ionstraim sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.

Conarthaí na Gníomhaireachta.

18. —Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba dhuine nár chomhlacht corpraithe a dhéanfadh nó a d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine é a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann na Gníomhaireachta ar duine é a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an nGníomhaireacht chuige sin.

Comhalta den Ghníomhaireacht do nochtadh leasa i gconarthaí beartaithe, etc.

19. —(1) Comhalta den Ghníomhaireacht a bhfuil leas díreach nó indíreach aige in aon chuideachta lena mbeartaíonn an Ghníomhair eacht aon chonradh a dhéanamh, nó in aon chonradh a bheartaíonn an Ghníomhaireacht a dhéanamh, nochtfaidh sé don Ghníomhaireacht nó cuirfidh sé faoi deara go nochtfar don Ghníomhaireacht go bhfuil an leas sin aige, agus cad é an leas é, ag an gcruinniú den Ghníomhaireacht ag a mbreithneofar den chéad uair an ndéanfar an conradh sin nó, mura bhfuil leas den sórt sin aige an tráth sin, a luaithe a gheobhaidh sé an leas sin sa chonradh beartaithe nó, i gcás an conradh a bheith déanta, sa chonradh.

(2) Taifeadfar i miontuairiscí na Gníomhaireachta nochtadh faoin bhfo-alt roimhe seo.

(3) I gcás go bhfuil leas (lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo) ag comhalta den Ghníomhaireacht i gconradh beartaithe nó i gconradh (i gcás é bheith déanta) ansin, ag cruinniú den Ghníomhaireacht—

(a) ní ghlacfaidh an comhalta aon pháirt in aon phlé a dhéanfar i ndáil leis an gconradh nó leis an gconradh beartaithe, ach amháin a mhéid a cheadóidh cathaoirleach an chruinnithe,

(b) ní vótálfaidh an comhalta ar aon chinneadh beartaithe i ndáil leis an gconradh nó leis an gconradh beartaithe, agus

(c) ní mheasfar, chun críocha ailt 8 (4) agus 8 (5) den Acht seo, an comhalta a bheith i láthair le linn conradh nó conradh beartaithe den sórt sin a bheith á phlé nó vótáil a bheith á déanamh air.

(4) I gcás ar deimhin leis an Aire gur mhainnigh comhalta den Ghníomhaireacht déanamh de réir aon cheanglais d'fho-alt (1) nó (3) den alt seo, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, an comhalta sin a bhriseadh as comhaltas den Ghníomhaireacht, agus, i gcás duine a bhriseadh as oifig de bhun an fho-ailt seo, beidh sé dícháilithe feasta chun bheith ina chomhalta den Ghníomhaireacht.

Faisnéis a nochtadh.

20. —(1) Ní nochtfaidh aon duine, gan toiliú na Gníomhaireachta, aon fhaisnéis a fuair sé agus é ag comhlíonadh dualgas mar chathaoirleach nó mar leaschathaoirleach ar an nGníomhaireacht, mar chomhalta nó mar fhostaí den Ghníomhaireacht nó mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir don Ghníomhaireacht.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £800 a chur air.

Tabhartais.

21. —(1) Faoi réir thoiliú an Aire, féadfaidh an Ghníomhaireacht bronntanais airgid, talún agus maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Ghníomhaireacht le bronntanas má bhíonn na coinníollacha a chuireann an deontóir ag gabháil leis ar neamhréir le feidhmeanna na Gníomhaireachta.

(3) Ní shirfidh an Ghníomhaireacht bronntanais ná tabhartais.

(4) Féadfar aon chistí de chuid na Gníomhaireachta, ar bronntanas nó na fáltais as bronntanas iad, a infheistiú, faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha a ghabhann leis an mbronntanas, ar aon dóigh ina gcumhachtaítear d'iontaobhaí le dlí cistí iontaobhais a infheistiú.

Rialacháin a leagan.

22. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

23. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

24. —Féadfar an tAcht um Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine, 1986 , a ghairm den Acht seo.