31 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 31 de 1986


AN tACHT IOMPAIR (CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN A ATHEAGRÚ), 1986


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach

Alt

1.

Gearrtheideal.

2.

Léiriú.

3.

Orduithe.

4.

Caiteachais.

5.

Aisghairm.

CUID II

Fochuideachtaí

6.

Fochuideachtaí a fhoirmiú agus a chlárú.

7.

Ainmneacha agus foirmiú caipitiúil na gcuideachtaí.

8.

Príomhchuspóirí na gcuideachtaí.

9.

Achtacháin a oiriúnú.

10.

Foirm mheabhrán comhlachais na gcuideachtaí.

11.

Foirm na n-airteagal comhlachais.

12.

Srian ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais a athrú.

13.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

14.

An fhoireann.

15.

Aoisliúntas.

16.

Ceadúnas ón mBord chun maoin a úsáid.

17.

Maoin a aistriú.

18.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

19.

Cuntais agus iniúchadh.

20.

Cuideachta d'fháil iasachta.

21.

Stiúrthóirí do nochtadh leasanna áirithe.

22.

Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh go neamhúdaraithe.

23.

Neamhfheidhmiú na nAchtanna Praghsanna, 1958 go 1972.

24.

Imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh do leanúint i bhfeidhm.

CUID III

Forálacha a Bhaineann le Córas Iompair Éireann agus le Fochuideachtaí

25.

Feidhmeanna breise a thabhairt don Bhord.

26.

Treoracha i dtaobh polasaí.

27.

Talamh a fháil go héigeantach.

28.

Fodhlíthe a bhaineann le feidhmeanna cuideachtaí.

29.

An Bord d'fháil iasachta go sealadach.

30.

Alt 35 den Acht Iompair, 1950, a leasú.

31.

Díolúine ó dhleacht stampa.

Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

Finance Act, 1895

1895, c. 16

Na hAchtanna Ceadúnúcháin

An tAcht Praghsanna, 1958

1958, Uimh. 4

Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860

1860, c. 107

An tAcht Iompair, 1950

1950, Uimh. 12

An tAcht Iompair, 1964

1964, Uimh. 30

An tAcht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977

1977, Uimh. 6

/images/harp.jpg


Uimhir 31 de 1986


AN tACHT IOMPAIR (CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN A ATHEAGRÚ), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CÓRAS IOMP-AIR ÉIREANN D'FHOIRMIÚ TRÍ FHOCHUIDEACHTA CHUN FEIDHMEANNA IARNRÓID, FEIDHMEANNA IOMPAR DE BHÓTHAR AGUS FEIDHMEANNA EILE A FHEIDHMIÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE A BHAINEANN LEIS SIN AGUS DO DHÉAN-AMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LE hIOMPAR. [11 Nollaig, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Iompair (Córas Iompair Éireann a Atheagrú), 1986 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950 ;

ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus gach achtachán a fhorléireofar mar aon ní amháin leis an Acht sin;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta a foirmíodh de bhun alt 6;

ciallaíonn “cuideachta bhus Átha Cliath” an chuideachta dá sanntar ainm le halt 7 (1) (c) nó le hordú faoi alt 7 (2);

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “cuideachta bhus Éireann” an chuideachta dá sanntar ainm le halt 7 (1) (b) nó le hordú faoi alt 7 (2);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide;

ciallaíonn “an chuideachta iarnróid” an chuideachta dá sanntar ainm le halt 7 (1) (a) nó le hordú faoi alt 7 (2);

ciallaíonn “lá dílseacháin” an lá a cheapfar faoi alt 6.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt mura léirítear gur tagairt d'alt éigin eile atá beartaithe.

(4) Forléireofar tagairt san Acht seo d'aon achtachán mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán dá éis sin.

Orduithe.

3. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú aon ordú a rinne sé faoi aon fhoráil den Acht seo seachas faoi alt 6 a chúlghairm nó a leasú faoi réir cibé toiliú is gá faoin bhforáil sin.

(2) Déanfar gach ordú faoi aon fhoráil den Acht seo seachas faoi alt 6 a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Caiteachais.

4. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo alt 14 d'Acht 1950 agus alt 35 (2) (a cuireadh isteach le halt 12 den Acht Iompair, 1964 ) den Acht sin.

CUID II

Fochuideachtaí

Fochuideachtaí a fhoirmiú agus a chlárú.

6. —(1) Cuirfidh an Bord faoi deara trí chuideachta faoi theorainn scaireanna a bheidh de réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Acht seo, a fhoirmiú agus a chlárú faoi Achtanna na gCuideachtaí.

(2) Déanfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, lá a cheapadh chun bheith ina lá dílseacháin do gach cuideachta de na cuideachtaí a luaithe is féidir tar éis na cuideachtaí a bheith cláraithe.

Ainmneacha agus foirmiú caipitiúil na gcuideachtaí.

7. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is iad ainmneacha na gcuideachtaí, faoi seach—

(a) Iarnród Éireann-Irish Rail;

(b) Bus Éireann-Irish Bus;

(c) Bus Átha Cliath-Dublin Bus.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú treoir a thabhairt ainm cuideachta a athrú go dtí cibé ainm a shonróidh sé san ordú agus comhlíonfaidh an chuideachta an treoir. Beidh feidhm ag alt 23 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , maidir le hainm a athrú faoin bhfo-alt seo.

(3) Beidh gach cuideachta díolmhaithe ón gceanglas in alt 6 (1) (b) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , an focal “limited” nó “teoranta” a áireamh ina teideal.

(4) Teachtfaidh an Bord nó ainmnithigh de chuid an Bhoird iomlán scairchaipiteal eisithe gach cuideachta.

(5) Déanfar scair amháin i scairchaipiteal gach cuideachta a leithroinnt ar gach sínitheoir le meabhrán comhlachais na cuideachta sin.

(6) Déanfaidh an Bord costas na scaireanna dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a airleacan chuig na suibscríobhaithe.

(7) Teachtfaidh comhalta de chuid cuideachta (seachas an Bord) a scair sa chuideachta ar iontaobhas don Bhord agus beidh de cheangal air dá réir sin gach díbhinn agus airgead eile a gheobhaidh sé maidir leis an scair a íoc leis an mBord agus an scair a aistriú go dtí an Bord nó go dtí duine a bheidh ainmnithe chuige sin ag an mBord, má iarrann, agus aon uair a iarrann, an Bord air é.

(8) Féadfaidh an Bord, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide d'fhonn cibé méid d'Achtanna na gCuideachtaí a chomhlíonadh a cheanglaíonn nach foláir dhá chomhalta ar a laghad de gach cuideachta a bheith ann i gcónaí, ceann dá chuid scaireanna sa chuideachta a aistriú go dtí aon duine.

(9) Ach amháin mar a údaraítear leis an alt seo ní dhéanfaidh an Bord ná aon chomhalta eile aon scair sa chuideachta lena mbaineann a aistriú ná a choimhthiú.

(10) Ní ghlacfar le rún chun foirceannadh toilteanach a dhéanamh ar chuideachta mura ndearna gach Teach den Oireachtas rúin a rith ag toiliú leis an bhfoirceannadh sin.

Príomhchuspóirí na gcuideachtaí.

8. —(1) Luafar i meabhrán comhlachais na cuideachta iarnróid gurb é príomhchuspóir na cuideachta seirbhís iarnróid agus seirbhís fartha bóthair a chur ar fáil laistigh den Stát agus idir an Stát agus áiteanna lasmuigh den Stát, agus chun na gcríoch sin feidhmeanna a fheidhmiú chuige sin a thugtar don Bhord le hAcht 1950 nó le haon achtachán eile.

(2) Luafar i meabhrán comhlachais chuideachta bhus Éireann gurb é príomhchuspóir na cuideachta seirbhís paisinéirí de bhóthar a chur ar fáil laistigh den Stát agus idir an Stát agus áiteanna lasmuigh den Stát, ach amháin a mhéid atá cuideachta bhus Átha Cliath ag cur na seirbhíse sin ar fáil, agus seirbhísí coimhdeacha a chur ar fáil, agus chun na gcríoch sin feidhmeanna a fheidhmiú chuige sin a thugtar don Bhord le hAcht 1950 nó le haon achtachán eile.

(3) Luafar i meabhrán comhlachais chuideachta bhus Átha Cliath gurb é príomhchuspóir na cuideachta seirbhís paisinéirí de bhóthar a chur ar fáil do chathair agus do chontae Bhaile Átha Cliath agus do limistéir thadhlacha, agus seirbhísí coimhdeacha a chur ar fáil, laistigh den Stát agus idir an Stát agus áiteanna lasmuigh den Stát, agus chun na gcríoch sin feidhmeanna a fheidhmiú chuige sin a thugtar don Bhord le hAcht 1950 nó le haon achtachán eile.

(4) Féadfar cibé feidhmeanna eile de chuid an Bhoird a cheadóidh an Bord le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a áireamh i measc chuspóirí gach cuideachta.

(5) Ní choiscfidh ná ní shrianfaidh aon ní san alt seo go n-áireofar i measc cuspóirí cuideachta, mar a bheidh luaite ina meabhrán comhlachais, na cuspóirí agus na cumhachtaí sin go léir is cuí do ghnóthú cuí na gcuspóirí réamhráite nó is foghabhálach nó is coimhdeach don ghnóthú cuí sin.

(6) Beidh de chumhacht ag gach cuideachta de na cuideachtaí aon ní a dhéanamh nach bhfuil ar neamhréir le haon achtachán i bhfeidhm de thuras na huaire agus a dhealraíonn di a bheith riachtanach, buntáisteach nó foghabhálach chun aon cheann dá cuid cuspóirí mar a shonraítear san Acht seo nó ina meabhrán comhlachais a bhaint amach nó a dhealraíonn di a d'éascódh aon cheann de na cuspóirí sin a bhaint amach.

(7) Más rud é, de bhua an Achta seo, gur feidhm de chuid cuideachta aon fheidhm de chuid an Bhoird, beidh, maidir leis an bhfeidhm sin agus faoi réir fhorálacha an Achta seo, baint leis an gcuideachta ag gach foráil d'aon achtachán a bhaineann leis an mBord amhail mar a bheidh baint aici leis an mBord.

(8) Gabhfaidh gach cuideachta uirthi féin na feidhmeanna a shanntar di de bhua an Achta seo i gcomhlíonadh cibé ordachán a thabharfaidh an Bord don chuideachta i scríbhinn ó am go ham.

(9) I ndáil le hiomaíocht idir seirbhísí de chuid na gcuideachtaí, tabharfaidh na cuideachtaí aird ar leas ginearálta an Bhoird agus in aon easaontas idir na cuideachtaí cinnfidh an Bord an tsaincheist agus aird chuí aige ar a leas ginearálta agus ar leasanna na gcuideachtaí áirithe lena mbaineann.

(10) Tabharfaidh an Bord agus na cuideachtaí aird chuí ar ról sóisialta an Bhoird agus a riachtanaí atá sé seirbhísí iompair phoiblí a chothabháil a bheidh cónasctha a mhéid is féidir laistigh de na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dóibh.

Achtacháin a oiriúnú.

9. —(1) Más rud é, de bhua an Achta seo, gur feidhm de chuid cuideachta aon fheidhm de chuid an Bhoird, féadfaidh an Rialtas le hordú cibé oiriúnuithe agus modhnuithe a dhéanamh ar fhorálacha aon achtacháin (lena n-áirítear an tAcht seo) maidir lena fheidhmiú i leith na cuideachta is cuí leis an Rialtas.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, forléireofar tagairtí don Bhord i gCuid VII d'Acht 1950 (seachas tagairtí do ghnóthas canálach) mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don chuideachta iarnróid agus forléireofar tagairtí don Bhord in alt 50 (1) den Acht sin mar thagairtí a fholaíonn gach cuideachta de na cuideachtaí eile i ndáil le haon seirbhís iompair atá laistigh dá chuid feidhmeanna.

Foirm mheabhrán comhlachais na gcuideachtaí.

10. —Beidh meabhrán comhlachais gach cuideachta de na cuideachtaí i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a cheadóidh an Bord le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus, más iomchuí, Aire na Seirbhíse Poiblí.

Foirm na n-airteagal comhlachais.

11. —(1) Beidh airteagail chomhlachais gach cuideachta i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a cheadóidh an Bord le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus, más iomchuí, Aire na Seirbhíse Poiblí.

(2) Forálfar le hairteagail chomhlachais gach cuideachta—

(a) nach mó ná 6 an líon stiúrthóirí (lena n-áirítear an cathaoirleach);

(b) gurb é Cathaoirleach an Bhoird, le toiliú an Aire, a cheapfaidh an cathaoirleach agus na stiúrthóirí eile agus go bhféadfaidh sé iad a chur as oifig le toiliú an Aire;

(c) go bhféadfar, le toiliú an Aire, Cathaoirleach an Bhoird a cheapadh ar a ainmniúchán féin le bheith ina chathaoirleach nó ina stiúrthóir ar an gcuideachta agus go bhféadfaidh an tAire é a chur as oifig;

(d) gurb é an Bord, le toiliú an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí, a chinnfidh luach saothair an chathaoirligh agus na stiúrthóirí eile;

(e) nach gceapfar aon duine mar iniúchóir ar an gcuideachta gan ceadú an Bhoird, arna thabhairt le toiliú an Aire;

(f) go ndéanfaidh an chuideachta, laistigh de thréimhse a shonróidh an Bord, sásra a bhunú le haghaidh caibidlí a bhaineann le pá agus coinníollacha a cuid foirne agus chuige sin go rachaidh sí i gcomhairle leis na ceardchumainn lena mbaineann agus go ndéanfaidh sí gach iarracht réasúnach chun teacht ar chomhaontú leo.

(3) Ar na stiúrthóirí a cheapfar ar gach cuideachta áireofar beirt a roghnófar ó chomhaltaí an Bhoird a bheidh ceaptha faoin Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 , ar choinníoll go mbeidh na daoine sin toilteanach oifig a ghlacadh.

(4) Beidh tromlach stiúrthóirí na cuideachta iarnróid agus chuideachta bhus Éireann coiteann do gach cuideachta.

Srian ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais a athrú.

12. —D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, ní bheidh aon athrú i meabhrán comhlachais ná in airteagail chomhlachais cuideachta bailí ná éifeachtúil murar le ceadú an Aire roimh ré, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais agus, más iomchuí, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a dhéanfar é.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

13. —(1) Más rud é, i gcás stiúrthóir cuideachta—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

 (b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach; nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta.

(2) Más rud é, i gcás duine a bheidh fostaithe ag cuideachta—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

beidh sé air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an gcuideachta agus ní íocfaidh an chuideachta leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gcuideachta aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar chuideachta nó chun bheith ar fostú i gcáil ar bith ag cuideachta.

An fhoireann.

14. —(1) Ceapfaidh gach cuideachta cibé oifigigh agus seirbhísigh is iomchuí leis an gcuideachta.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach do chuideachta a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an chuideachta.

(3) Íocfaidh cuideachta lena hoifigigh agus lena seirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas is oiriúnach leis an gcuideachta agus sin, i gcás a príomh-fheidhmeannaigh (cibé acu a thuairiscítear amhlaidh an t-oifigeach sin nó ar shlí eile), faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Gach duine a bheidh, díreach roimh an lá dílseacháin, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord agus a bheidh ainmnithe ag an mBord le bheith fostaithe ag cuideachta, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá dílseacháin nó le héifeacht ó cibé lá níos déanaí ná sin a cheapfaidh an Bord chuige sin de réir riachtanas na hócáide, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach, de réir mar a bheidh, don chuideachta sin.

(5) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann aitheanta lena mbaineann, gach duine ar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord é díreach roimh an lá dílseacháin ní lú an scála pá a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse ar a gcuirfear é, fad a bheidh sé i seirbhís an Bhoird nó i seirbhís cuideachta, de réir mar a bheidh, ná an scála pá a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir díreach roimh an lá dílseacháin.

(6) Go dtí go ndéanfaidh an Bord nó cuideachta, de réir mar a bheidh, tar éis dul i gcomhairle le ceardchumainn aitheanta agus comhaontú a dhéanamh leo, athrú ar scálaí pá agus coinníollacha seirbhíse na n-oifigeach nó na seirbhíseach sin, leanfaidh na scálaí pá a raibh teideal acu chucu agus na coinníollacha seirbhíse, na srianta, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh siad faoina réir díreach roimh an lá dílseacháin, ag baint leo agus féadfaidh an Bord nó príomh-fheidhmeannach an Bhoird, nó Bord nó príomh-fheidhmeannach na cuideachta iomchuí, de réir mar a bheidh, iad a fheidhmiú nó a fhorchur fad a bheidh siad ina sheirbhís nó ina seirbhís. Mar a fhoráiltear i bhfo-alt (5), ní oibreoidh aon athrú den sórt sin chun gur measa na scálaí pá agus na coinníollacha seirbhíse a bhain leis na daoine sin díreach roimh an lá dílseacháin, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann aitheanta lena mbaineann.

(7) I gcás go bhfoirceannfar aon cheann de na cuideachtaí, feidhmeoidh an Bord feidhmeanna na cuideachta agus glacfaidh an Bord gach oifigeach agus seirbhíseach a bheidh fostaithe ag an gcuideachta de dhroim fho-alt (4) mar fhostaí dá chuid gan aon bhriseadh seirbhíse. Rachaidh na hoifigigh agus na seirbhísigh sin i mbun a gcuid fostaíoctha athuair leis an mBord de réir na gcoinníollacha seirbhíse céanna a bhí i bhfeidhm roimh an lá dílseacháin mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann aitheanta lena mbaineann.

(8) Chun críocha an Achta um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 , measfar gur fostaí de chuid an Bhoird fostaí de chuid cuideachta ar bith de na cuideachtaí.

Aoisliúntas.

15. —Chun gach críocha aoisliúntais déileálfar le fostaíocht duine ar bith ag cuideachta mar fhostaíocht ag an mBord agus beidh éifeacht dá réir sin le halt 44 d'Acht 1950.

Ceadúnas ón mBord chun maoin a úsáid.

16. —(1) Féadfaidh an Bord le ceadúnas ó am go ham a údarú do chuideachta ar bith de na cuideachtaí aon talamh i seilbh an Bhoird a úsáid ar cibé téarmaí a fhorordóidh an Bord.

(2) Féadfaidh an Bord aon áitreabh de chuid an Bhoird a bhfuil ceadúnas ag gabháil leis faoi na hAchtanna Ceadúnúcháin nó faoin Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860, a léasú chuig cuideachta nó a shannadh di.

Maoin a aistriú.

17. —(1) An mhaoin go léir seachas talamh, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, ar mhaoin de chuid an Bhoird í díreach roimh an lá dílseacháin, agus a bhí á húsáid díreach roimh an lá sin i dtaca le feidhm a thugtar do chuideachta de bhua an Achta seo, beidh sí, an lá sin, arna dílsiú don chuideachta sin gan aon sannadh a dhéanamh, mura rud é, maidir le maoin shonraithe, go gcinneann an Bord a mhalairt.

(2) Féadfaidh an Bord ar a thionscnamh féin, agus ní mór dó ar iarratas ó chuideachta, deimhniú a eisiúint maidir le maoin shonraithe á dheimhniú, de réir mar is cuí leis, go raibh an mhaoin dílsithe do chuideachta ar leith faoin alt seo nó nach raibh sí dílsithe amhlaidh do chuideachta ar bith de na cuideachtaí agus is fianaise dhochloíte ar na fíorais a dheimhnítear amhlaidh an deimhniú.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear chuig cuideachta le fo-alt (1) féadfaidh an chuideachta, tar éis an lae dílseacháin, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina hainm féin agus ní gá don chuideachta ná don Bhord fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

18. —(1) Na cearta agus na dliteanais go léir de chuid an Bhoird de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) a rinne sé roimh an lá dílseacháin i ndáil le feidhmeanna a shanntar do chuideachta faoin Acht seo, beidh siad, an lá sin, arna n-aistriú chuig an gcuideachta sin.

(2) Féadfaidh an Bord ar a thionscnamh féin, agus ní mór dó ar iarratas ó chuideachta, deimhniú a eisiúint maidir le conradh nó gealltanas sonraithe á dheimhniú, de réir mar is cuí leis, go ndearnadh cearta agus dliteanais an Bhoird faoin gcéanna a aistriú an lá dílseacháin chuig cuideachta ar leith faoin alt seo nó nár aistríodh amhlaidh iad chuig cuideachta ar bith de na cuideachtaí agus is fianaise dhochloíte ar na fíorais a dheimhnítear amhlaidh an deimhniú.

(3) Gach ceart agus gach dliteanas a aistrítear chuig cuideachta le fo-alt (1) féadfaidh an chuideachta, ar an lá dílseacháin agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina hainm féin nó féadfar, an lá sin nó dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne na cuideachta ina hainm féin agus ní gá don chuideachta ná don Bhord fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine a bhfuil a cheart nó a dhliteanas á aistriú leis an alt seo.

(4) Beidh gach ceadúnas, ceart nó pribhléid a thabharfar don Bhord nó a bheidh ar teachtadh aige infheidhmithe ag cuideachta a mhéid a bhaineann sé le feidhm a thugtar don chuideachta leis an Acht seo.

Cuntais agus iniúchadh.

19. —(1) Coimeádfaidh gach cuideachta na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an chuideachta nó a chaithfidh sí lena n-áirítear cuntas caipitil, cuntas ioncaim, cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coimeádfaidh sí na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire uaidh féin nó ar iarratas ón Aire Airgeadais, ó am go ham.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, treoir a thabhairt maidir leis an bhfoirm ina gcoimeádfar cuntais chuideachta.

(3) Déanfar cuntais gach cuideachta a iniúchadh gach bliain ag iniúchóir a cheapfaidh an chuideachta le ceadú an Bhoird, arna thabhairt le toiliú an Aire.

(4) Déanfaidh gach cuideachta díreach tar éis gach iniúchta cóip de na cuntais mar a bheidh ceadaithe ag an iniúchóir mar aon le cóip de thuarascáil an iniúchóra, a chur chuig an mBord.

(5) Déanfaidh an Bord, laistigh de cibé tréimhse tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta a ordóidh an tAire, cóip de gach ceann de na cuntais agus de na tuarascálacha a dúradh mar aon le tuarascáil faoin gcaoi ar chruthaigh an Bord agus gach cuideachta de na cuideachtaí don bhliain chuntasaíochta sin, a chur chuig an Aire.

(6) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip de gach cuntas agus de gach tuarascáil a thabharfar dó faoi fho-alt (5) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(7) Tabharfaidh gach cuideachta don Bhord lena tharchur chun an Aire cibé faisnéis, cuntais, staidreamh agus tuairisceáin a iarrfaidh an tAire ó am go ham.

Cuideachta d'fháil iasachta.

20. —(1) Féadfaidh an Bord airgead a thabhairt ar iasacht do chuideachta chun caiteachas a ghlanadh a thabhóidh sí chun cibé críocha agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is iomchuí leis an mBord.

(2) (a) Féadfaidh cuideachta, le toiliú ón mBord roimh ré, cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a theastóidh uaithi chun freastal dá hoibleagáidí agus chun a dualgais a chomhlíonadh, a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíochtaí le baincéirí.

(b) Ní dhéanfaidh an Bord i gcás ar bith a chumhachtaí faoi mhír (a) a fheidhmiú ar shlí gur mó ná an méid a cheadaítear don Bhord faoi alt 28 d'Acht 1950 féichiúnas iomlán an Bhoird agus na gcuideachtaí maidir le hiasacht a fháil go sealadach.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 30 d'Acht 1950 (a bhaineann i bpáirt le ráthaíochtaí Stáit le hiasachtaí a fháil) maidir le haon airgead a fhaigheann cuideachta ar iasacht de bhua an ailt seo.

Stiúrthóirí do nochtadh leasanna áirithe.

21. —(1) I gcás aon ábhar acu seo a leanas a bheith i dtrácht ag cruinniú de stiúrthóirí cuideachta, is é sin:

(a) comhshocraíocht inar páirtí an chuideachta nó comhshocraíocht den sórt sin a bheidh beartaithe, nó

(b) conradh nó comhaontú eile leis an gcuideachta nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin a bheidh beartaithe,

ansin, aon stiúrthóir ar an gcuideachta a bheidh i láthair ag an gcruinniú agus a mbeidh, ar shlí seachas ina cháil mar stiúrthóir den sórt sin, leas aige, in aon slí, díreach nó neamhdhíreach, san ábhar, nochtfaidh sé ag an gcruinniú don chuideachta go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus ní vótálfaidh sé ar chinneadh i ndáil leis an ábhar, agus, i gcás go nochtfar leas de bhun an ailt seo, taifeadfar an nochtadh i miontuairiscí an chruinnithe áirithe agus fad a bheidh an cruinniú ag déileáil leis an ábhar lena mbaineann an nochtadh ní dhéanfar an stiúrthóir a rinne an nochtadh a áireamh ar an gcóram don chruinniú.

(2) I gcás go n-éireoidh ceist ag cruinniú de stiúrthóirí cuideachta i dtaobh arbh ionann iompar áirithe, dá mba iompar ag stiúrthóir ar an gcuideachta é, agus mainneachtain aige ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe an cheist a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan agus, i gcás go gcinnfear ceist den sórt sin amhlaidh, taifeadfar sonraí an chinnidh i miontuairiscí an chruinnithe.

(3) Ní bhainfidh alt 194 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , le stiúrthóir cuideachta.

Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh go neamhúdaraithe.

22. —(1) Ní nochtfaidh aon duine faisnéis a fuair sé faoi rún agus é ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta den Bhord nó mar stiúrthóir cuideachta nó mar chomhalta d'fhoireann an Bhoird nó d'fhoireann cuideachta nó mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir don Bhord nó do chuideachta, mura mbeidh sé údaraithe go cuí sin a dhéanamh.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fineáil nach nó ná £1,000 a chur air.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “faoi rún” ní a deirtear a bheith faoi rún ó thaobh faisnéise áirithe nó ó thaobh faisnéise d'aicme nó de thuairisc áirithe;

ciallaíonn “údaraithe go cuí” údaraithe ag an mBord nó ag an gcuid eachta nó ag duine éigin a bheidh údaraithe chuige sin ag an mBord nó ag an gcuideachta.

Neamhfheidhmiú na nAchtanna Praghsanna, 1958 go 1972.

23. —Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna Praghsanna, 1958 go 1972, maidir le haon seirbhís a chuirfidh cuideachta ar fáil.

Imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh do leanúint i bhfeidhm.

24. —I gcás imeachtaí dlí ar páirtí iontu an Bord a bheith ar feitheamh díreach roimh an lá dílseacháin agus go mbaineann na himeachtaí le feidhmeanna a shanntar do chuideachta áirithe de bhua an Achta seo, leanfar de na himeachtaí ach an chuideachta sin a chur in ionad an Bhoird.

CUID III

Forálacha a Bhaineann le Córas Iompair Éireann agus le Fochuideachtaí

Feidhmeanna breise a thabhairt don Bhord.

25. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú cibé feidhmeanna breise a thabhairt don Bhord, lena n-áirítear feidhmeanna i ndáil le sócmhainní an Bhoird a fhorbairt, is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha agus forlíontacha is gá nó is fóirsteanach i dtuairim an Aire chun lánéifeacht a thabhairt don ordú a bheith in aon ordú den sórt sin.

(3) Gach ordú faoin alt seo déanfar é le toiliú an Aire Airgeadais.

Treoracha i dtaobh polasaí.

26. —(1) Féadfaidh an tAire cibé treoracha i scríbhinn a thabhairt don Bhord maidir le polasaí i ndáil le feidhmeanna an Bhoird, na gcuideachtaí, nó aon cheann díobh, de réir mar is cuí leis.

(2) Comhlíonfaidh an Bord agus féachfaidh sé chuige go gcomhlíonfaidh na cuideachtaí gach treoir faoin alt seo.

(3) Is le hordú a thabharfaidh an tAire treoir faoin alt seo má iarrann an Bord amhlaidh i scríbhinn.

Talamh a fháil go héigeantach.

27. —Déantar leis seo Alt 17 d'Acht 1950, a bhaineann le talamh a fháil go héigeantach ag an mBord, a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach agus aon uair is oiriúnach leis é, ar iarratas ón mBord, a údarú don Bhord, le hordú (dá ngairtear ordú tógainte san alt seo) cibé talamh a shonrófar san ordú a fháil go héigeantach chun a chumhachtaí agus a dhualgais nó cumhachtaí agus dualgais aon cheann dá chuid fochuideachtaí a fheidhmiú.”.

Fodhlíthe a bhaineann le feidhmeanna cuideachtaí.

28. —(1) Beidh cumhacht an Bhoird chun fodhlíthe a dhéanamh, a thugtar le halt 22 d'Acht 1950, infheidhmithe ag an mBord chun críche feidhmiú a bhfeidhmeanna ag na cuideachtaí.

(2) Chun críocha fho-alt (1), déanfar tagairtí d'aon fheithiclí, árthaí nó soithí de chuid an Bhoird, d'aon stáisiúin, iostaí nó áitribh eile de chuid an Bhoird nó ar áitiú ag an mBord agus d'aon seirbhísí iompair a sholáthróidh an Bord a fhorléiriú mar thagairtí lena n-áirítear, faoi seach, aon fheithiclí, árthaí, soithí, áitribh agus seirbhísí de chuid cuideachta nó a úsáideann, a áitíonn nó a sholáthraíonn cuideachta.

(3) Ní dhéanfaidh an Bord aon fhodhlíthe a fhearann ar aon fheidhmeanna de chuid cuideachta go dtí go rachaidh an Bord i gcomhairle leis an gcuideachta.

An Bord d'fháil iasachta go sealadach.

29. —Déanfar alt 28 d'Acht 1950 (a bhaineann leis an mBord d'fháil iasachta go sealadach) a fhorléiriú mar alt a chuimsíonn iasacht a fháil in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit.

Alt 35 den Acht Iompair, 1950 , a leasú.

30. —Leasaítear leis seo alt 35 d'Acht 1950 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ceapfaidh an Bord cibé oifigigh agus seirbhísigh a chinnfidh an Bord agus íocfaidh an Bord a luach saothair as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord.”.

Díolúine ó dhleacht stampa.

31. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le dílsiú aon mhaoine nó ceart a aistrítear leis an Acht seo agus ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon cheadúnas faoi alt 16.