8 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 1987


AN tACHT COSANTA (LEASÚ), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Fíneálacha áirithe is inghearrtha faoin bPríomh-Acht a mhéadú.

3.

Fíneálacha agus cúiteamh is inghearrtha faoi ailt 177, 178 agus 179 den Phríomh-Acht a mhéadú.

4.

Pionóis is inghearrtha, agus dícháilíochtaí a thabhaítear, faoi ailt 209 agus 210 den Phríomh-Acht a athrú.

5.

Cionta a bhaineann le drugaí, substaintí so-ghalaithe agus ullmhóidí so-ghalaithe.

6.

Cumhachtaí is infheidhmithe ag captaen aerárthaigh seirbhíse agus ag daoine áirithe eile nuair a bhíonn sábháilteacht aerárthaigh, etc. i gcontúirt.

7.

Crainn áirithe, etc. a theascadh, a ghearradh nó a thabhairt chun siúil.

8.

Doiciméid a thabhairt ar aird i bhfianaise.

9.

Leasú ar alt 35 (1) den Phríomh-Acht.

10.

Leasú ar alt 107 den Phríomh-Acht.

11.

Leasú ar alt 206 (2) den Phríomh-Acht.

12.

Leasú ar alt 208 den Phríomh-Acht.

13.

Leasú ar alt 248 den Phríomh-Acht.

14.

Leasú ar alt 264 den Phríomh-Acht.

15.

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

16.

Tosach feidhme alt áirithe.

17.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

Na hAchtanna dá dTagraítear

Debtors Act (Ireland), 1872

1872, c. 57

An tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940

1940, Uimh. 23

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

Na hAchtanna Cosanta, 1954 go 1979

An tAcht um Lán-Aois, 1985

1985, Uimh. 2

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 1987


AN tACHT COSANTA (LEASÚ), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT D'ATHRÚ NA bPIONÓS A FHÉADFAR A GHEARR-ADH FAOIN ACHT COSANTA, 1954 , AGUS THAIRIS SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA SIN.

[24 Meitheamh, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “pá lae”—

(a) i ndáil le duine a chiontaítear i gcion in aghaidh an dlí mhíleata ag armchúirt nó a bhfuiltear ag déileáil lena chás go hachomair faoi Chaibidil IV de Chuid V den Phríomh-Acht agus ar comhalta d'Óglaigh na hÉireann é, an bunphá, gan aon phá nó liúntas breise a áireamh, is iníoctha nó a bheadh iníoctha leis an duine sin i leith an lae a ngearrtar pionós i leith an chiona, nó

(b) i ndáil le duine a chiontaítear i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus nach comhalta d'Óglaigh na hÉireann é ach ar chomhalta d'Óglaigh na hÉireann é nuair a rinneadh an cion, an bunphá, gan aon phá nó liúntas breise a áireamh, a bheadh iníoctha leis an duine sin i leith an lae a ngearrtar pionós i leith an chiona dá mba chomhalta d'Óglaigh na hÉireann é an lá sin agus go raibh a chéim agus a sheirbhís (nó seirbhís i gcéim, más iomchuí) mar a chéile leis an gcéim agus an tseirbhís (nó an tseirbhís i gcéim) a bhí aige ar an lá deireanach dá sheirbhís in Óglaigh na hÉireann;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cosanta, 1954 .

Fíneálacha áirithe is inghearrtha faoin bPríomh-Acht a mhéadú.

2. —An fhíneáil a fhéadfar a ghearradh faoi alt den Phríomh-Acht a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo is fíneáil í nach mó a suim ná an tsuim a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne na huimhreach tagartha a bhfuil an t-alt sin arna shonrú amhlaidh os a coinne.

AN TÁBLA

An Uimhir Thagartha

An tAlt den Phríomh-Acht

An Fhíneáil Uasta

(1)

(2)

(3)

 

 

£

1.

Alt 31 (2)

200

2.

Alt 35 (1) (c)

1,000

3.

Alt 35 (2) (b)

1,000

4.

Alt 36 (7) (a)

1,000

5.

Alt 37 (2)

200

6.

Alt 38 (3)

200

7.

Alt 183 (2)

100

8.

Alt 235

500

9.

Alt 236

100

10.

Alt 242 (1)

250

11.

Alt 243 (2) (b)

250

12.

Alt 245

250

13.

Alt 252

200

14.

Alt 253

200

15.

Alt 255

500

16.

Alt 256 (3)

200

17.

Alt 257

1,000

18.

Alt 258 (1)

250

19.

Alt 260 (2) (a)

250

20.

Alt 261

200

21.

Alt 262

200

22.

Alt 265 (3)

200

23.

Alt 266 (1)

100

24.

Alt 267 (1)

200

25.

Alt 268 (1)

1,000

26.

Alt 268 (2)

500

27.

Alt 268 (3)

250

28.

Alt 272 (1)

100

29.

Alt 272 (2)

150

30.

Alt 283 (1)

150

31.

Alt 284 (3)

150

32.

Alt 286

250

33.

Alt 312 (2)

1,000

34.

Alt 317 (4)

250

Fíneálacha agus cúiteamh is inghearrtha faoi ailt 177, 178 agus 179 den Phríomh-Acht a mhéadú.

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 177 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (I) d'fho-alt (3) (a) (ii):

“(I) fíneáil nach mó ná suim is comhionann le pá trí lá an oifigigh a cúisíodh,”,

agus

(b) trí “nó suim is comhionann le pá naoi lá an oifigigh a cúisíodh” a chur in ionad “nó suim chúig punt déag” i mír (f) d'fho-alt (3),

agus tá an mhír sin (f), arna leasú leis an bhfo-alt seo, leagtha amach i mír 1 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Leasaítear leis seo alt 178 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (2):

“(a) fíneáil nach mó ná suim is comhionann le pá trí lá an chiontóra,”,

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) d'fho-alt (3) (a):

“(ii) fíneáil nach mó ná suim is comhionann le pá trí lá an chiontóra,”,

agus

(c) trí “nó suim is comhionann le pá naoi lá an chiontóra” a chur in ionad “nó suim deich bpunt” i bhfo-alt (4),

agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú leis an bhfo-alt seo, leagtha amach i mír 2 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(3) Leasaítear leis seo alt 179 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (3):

“(a) fíneáil nach mó ná suim is comhionann le pá lae an chiontóra,”,

agus

(b) trí “nó suim is comhionann le pá ceithre lá an chiontóra” a chur in ionad “nó suim trí punt” i bhfo-alt (4),

agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú leis an bhfo-alt seo, leagtha amach i mír 3 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

an tábla

1. (f) más rud é—

(i) go dtriailfidh an t-oifigeach údaraithe an cás go hachomair, agus

(ii) gur tharraing cion an chúisimh aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú,

féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, in ionad nó i dteannta aon phionóis a húdaraítear dó le mír (a) den fho-alt seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go n-íocfaidh an t-oifigeach a cúisíodh, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú a tarraingíodh amhlaidh, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díthiú sin a shlánú, nó suim is comhionann le pá naoi lá an oifigigh a cúisíodh, pé acu sin is lú) a threorós an t-oifigeach údaraithe.

2. (4) Más rud é—

(a) go dtriailfidh oifigeach ceannais cás go hachomair faoin alt seo, agus

(b) gur tharraing cion an chúisimh aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú,

féadfaidh an t-oifigeach ceannais, in ionad nó i dteannta aon phionóis a húdaraítear dó leis an alt seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go n-íocfaidh an ciontóir, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú a tarraingíodh amhlaidh, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díthiú sin a shlánú, nó suim is comhionann le pá naoi lá an chiontóra, pé acu sin is lú) is oiriúnach leis an oifigeach ceannais.

3. (4) Más rud é—

(a) go dtriailfidh fo-oifigeach cás go hachomair faoin alt seo, agus

(b) gur tharraing cion an chúisimh aon chaiteachas, caillteanas, damáiste nó díthiú,

féadfaidh an fo-oifigeach, in ionad nó i dteannta aon phionóis a húdaraítear dó leis an alt seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go n-íocfaidh an ciontóir, mar chúiteamh sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díthiú a tarraingíodh amhlaidh, pé suim (nach mó ná an tsuim is gá chun an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díthiú sin a shlánú, nó suim is comhionann le pá ceithre lá an chiontóra, pé acu sin is lú) is oiriúnach leis an bhfo-oifigeach.

Pionóis is inghearrtha, agus dícháilíochtaí a thabhaítear, faoi ailt 209 agus 210 den Phríomh-Acht a athrú.

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 209 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh ítim E sa Scála a ghabhann le fo-alt (1):

“EI. Más oifigeach an duine a chiontaítear, ísliú,—

(a) i gcás gur céim choimisiúnta airm atá aige, go dtí aon chéim choimisiúnta airm níos ísle,

(b) i gcás gur céim choimisiúnta chabhlaigh atá aige, go dtí aon chéim choimisiúnta chabhlaigh níos ísle.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad ítim G sa Scála sin:

“G. Fíneáil nach mó ná na suimeanna seo a leanas—

(a) i gcás gur oifigeach an duine a chiontaítear, suim is comhionann le pá deich lá an oifigigh sin, nó

(b) i gcás nach oifigeach an duine a chiontaítear ach gurbh oifigeach é nuair a rinneadh an cion, suim is comhionann le pá deich lá an duine sin mar oifigeach, nó

(c) in aon chás eile, suim is comhionann leis an bhfíneáil is mó is inghearrtha de thuras na huaire ag armchúirt ar oifigeach ag a mbeidh céim dara leifteanant agus a bhfuil an pá uasta a bhaineann leis an gcéim sin á fháil aige.”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach tar éis fho-alt (6):

“(6A) Féadfar, maidir le hoifigeach a gcuirfidh armchúirt ísliú céime mar phianbhreith air, fíneáil nó dian. iomardú nó iomardú a chur mar phianbhreith air freisin.”,

agus

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8) Beidh oifigeach a bhrisfear faoi aithis as Óglaigh na hÉireann—

(a) dícháilithe chun seirbhís a dhéanamh go deo arís don Stát in aon cháil mhíleata, agus

(b) dícháilithe chun seirbhís a dhéanamh don Stát in aon cháil shibhialta i gcaitheamh na tréimhse seacht mbliana dar tosach dáta a bhriste, faoi réir fho-alt (9) den alt seo.

(9) Más rud é, de bharr an ailt seo, go ndícháileofar duine de thuras na huaire chun seirbhís a dhéanamh don Stát in aon cháil shibhialta, féadfaidh an Rialtas dá rogha féin amháin an dícháiliú a chealú.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 210 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad ítimí D, E agus F sa Scála a ghabhann le fo-alt (1):

“D. Urscaoileadh faoi aithis as Óglaigh na hÉireann.

E. Urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann.

F. Coinneáil go ceann aon téarma nach sia ná dhá bhliain.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad ítim H sa Scála a dúradh:

“H. Fíneáil nach mó ná na suimeanna seo a leanas—

(a) i gcás gur oifigeach neamhchoimisiúnta an duine a chiontaítear, suim is comhionann le pá naoi lá an oifigigh neamhchoimisiúnta sin, nó

(b) i gcás gur saighdiúir singil nó mairnéalach an duine a chiontaítear, suim is comhionann le pá sé lá an tsaighdiúra shingil nó an mhairnéalaigh sin, de réir mar is iomchuí, nó

(c) i gcás nach comhalta d'Óglaigh na hÉireann an duine a chiontaítear ach gurbh oifigeach neamhchoimisiúnta é nuair a rinneadh an cion, suim is comhionann le pá naoi lá an duine sin mar oifigeach neamhchoimisiúnta, nó

(d) i gcás nach comhalta d'Óglaigh na hÉireann an duine a chiontaítear ach gur shaighdiúir singil nó mhairnéalach é nuair a rinneadh an cion, suim is comhionann le pá sé lá an duine sin mar shaighdiúir singil nó mar mhairnéalach, de réir mar is iomchuí, nó

(e) in aon chás eile, suim is comhionann leis an bhfíneáil uasta is inghearrtha de thuras na huaire ag armchúirt ar shaighdiúir singil den ghrád is airde a bhfuil an pá uasta a bhaineann leis an gcéim agus leis an ngrád sin á fháil aige.”,

agus

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11):

“(11) Beidh fear a urscaoilfear faoi aithis as Óglaigh na hÉireann—

(a) dícháilithe chun seirbhís a dhéanamh go deo arís don Stát in aon cháil mhíleata, agus

(b) dícháilithe chun sheirbhís a dhéanamh don Stát in aon cháil shibhialta i gcaitheamh na tréimhse seacht mbliana dar tosach dáta a urscaoilte, faoi réir fho-alt (12) den alt seo.

(12) Más rud é, de bharr an ailt seo, go ndícháileofar duine de thuras na huaire chun seirbhís a dhéanamh don Stát in aon cháil shibhialta, féadfaidh an Rialtas dá rogha féin amháin an dícháiliú a chealú.”.

Cionta a bhaineann le drugaí, substaintí so-ghalaithe agus ullmhóidí soghalaithe.

5. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 142:

“Drugaí, etc.

142A.—(1) Gach duine faoin dlí míleata, cibé acu ar dualgas dó nó nach ea a bheidh, de dheasca é bheith faoi thionchar aon druga nó aon substainte so-ghalaithe nó aon ullmhóide so-ghalaithe—

(a) neamhchumasach le go gcuirfí aon dualgas de chúram air a éilítear air nó a d'fhéadfaí a éileamh air a chomhlíonadh, nó

(b) á iompar féin ar shlí mhí-ordúil nó ar aon slí ar dóigh di míchlú a tharraingt ar Óglaigh na hÉireann,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus ar é a chiontú ag armchúirt dlífear—

(i) más oifigeach é, é a bhriseadh as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

(ii) más fear é agus gurb ar fianas nó ar dualgas a dhéanfaidh sé an cion, príosúnacht nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

(iii) más fear é agus go ndéanfar an cion ar shlí eile seachas ar fianas nó ar dualgas, é a urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2) In aon imeachtaí i leith ciona faoin alt seo is cosaint don duine a chúisítear sa chion a chruthú gur úsáid sé an druga, an tsubstaint nó an ullmhóid ábhartha de bhun agus de réir oidis a d'eisigh liachleachtóir cláraithe nó gur úsáid sé é de mheon macánta ar chúiseanna míochaine.”.

Cumhachtaí is infheidhmithe ag captaen aerárthaigh seirbhíse agus ag daoine áirithe eile nuair a bhíonn sábháilteacht aerárthaigh, etc. i gcontúirt.

6. —(1) Má bhíonn foras réasúnach ag captaen aerárthaigh seirbhíse lena chreidiúint go bhfuil duine nach bhfuil faoin dlí míleata tar éis, nó ar tí, aon ghníomh a dhéanamh ar bord an aerárthaigh atá ina chontúirt nó a d'fhéadfadh a bheith ina chontúirt,—

(a) do shábháilteacht an aerárthaigh, nó

(b) do shábháilteacht aon duine nó aon mhaoine ar bord an aerárthaigh, nó

(c) do dhea-ord agus d'araíonacht ar bord an aerárthaigh,

féadfaidh an captaen cibé bearta réasúnacha a dhéanamh maidir leis an duine sin, lena n-áirítear srian ar a phearsa, ar bearta iad is dóigh leis le réasún is gá chun sábháilteacht an aerárthaigh nó aon duine nó maoine a chosaint nó chun dea-ord agus araíonacht a choimeád ar bord an aerárthaigh.

(2) Chun go bhféadfaidh captaen aerárthaigh seirbhíse na cumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú, féadfaidh sé—

(a) a ordú nó a údarú d'aon chomhalta eile d'fhoireann an aerárthaigh cúnamh a thabhairt, nó

(b) a iarraidh ar aon duine eile ar bord an aerárthaigh, nó a údarú dó, cúnamh a thabhairt.

(3) Féadfaidh aon chomhalta d'fhoireann aerárthaigh seirbhíse, nó aon duine eile ar bord an aerárthaigh, gan captaen an aerárthaigh á ordú nó á údarú sin dó nó á iarraidh sin air chuige sin, aon bhearta réasúnacha a dhéanamh, maidir le haon duine eile ar bord an aerárthaigh nach bhfuil faoin dlí míleata, a mbeidh foras réasúnach aige lena chreidiúint gur gá iad a dhéanamh láithreach chun sábháilteacht an aerárthaigh nó aon duine nó aon mhaoine ar bord an aerárthaigh a chosaint.

(4) Maidir le beart a údarófar leis an alt seo—

(a) ní cion a bheidh ann faoin dlí coiteann ná faoi reacht, ná

(b) ní bheidh sé ina chúis caingne in aon chúirt.

(5) Chun críocha an ailt seo agus alt 154 den Phríomh-Acht, measfar gurb é an duine a bheidh ainmnithe chun bheith i gceannas ar aerárthach seirbhíse captaen an aerárthaigh.

Crainn áirithe, etc. a theascadh, a ghearradh nó a thabhairt chun siúil.

7. —(1) Féadfaidh an tAire aon chrann, tor, fál nó planda eile ar thalamh i gcomharsanacht aeradróim atá dílsithe dó nó ar áitiú aige a chuireann, ina thuairim, cosc nó bac ar shlí eile ar loingseoireacht aerárthaí a úsáideann an t-aeradróm a theascadh, a ghearradh nó a thabhairt chun siúil nó a chur faoi deara iad a theascadh, a ghearradh nó a thabhairt chun siúil.

(2) (a) Sula bhfeidhmeoidh an tAire cumhacht faoi fho-alt (1) den alt seo tabharfaidh sé fógra i scríbhinn d'áititheoir na talún lena mbaineann go bhfuil sé ar intinn aige é sin a dhéanamh ar thréimhse (is tréimhse nach lú ná lá is fiche) a bheidh sonraithe san fhógra a bheith caite agus i gcás go bhfaighidh áititheoir talún fógra faoin alt seo agus nach mbeadh sé, ar leith ón bhfo-alt seo, i dteideal an teascadh, an gearradh nó an tabhairt chun siúil dá dtagraítear san fhógra a dhéanamh, féadfaidh sé, más áil leis é, de bharr go bhfuair sé an fógra, an teascadh, an gearradh nó an tabhairt chun siúil sin a dhéanamh é féin nó a chur faoi deara é a dhéanamh: ar choinníoll go gcuirfidh sé in iúl don Aire i scríbhinn, sula mbeidh an tréimhse a shonraítear san fhógra caite, go bhfuil sé ar intinn aige é sin a dhéanamh.

(b) Más rud é, maidir le háititheoir talún dá mbeidh fógra tugtha faoin alt seo, go ndéanfaidh sé nó go gcuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, cibé acu de bhua na cumhachta a thugtar dó chuige sin le mír (a) den fho-alt seo nó nach ea, an teascadh, an gearradh nó an tabhairt chun siúil dá dtagraítear san fhógra, íocfaidh an tAire leis na caiteachais réasúnacha a thabhóidh sé mar gheall air sin, ar iad a éileamh.

(3) I gcás go dtabharfar fógra faoin alt seo, féadfaidh duine a bheidh ceaptha ag an Aire i scríbhinn le bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an ailt seo agus aon daoine a bheidh ag gníomhú faoi threoir an duine sin dul isteach (le feithiclí nó gan iad) ar an talamh lena mbaineann an fógra nó ar aon talamh eile ag aon tráth réasúnach tar éis don tréimhse a shonraítear san fhógra a bheith caite d'fhonn an teascadh, an gearradh nó an tabhairt chun siúil a shonraítear san fhógra a dhéanamh nó i ndáil leis sin, agus chomh maith leis an teascadh, leis an ngearradh nó leis an tabhairt chun siúil sin a dhéanamh gach ní atá bainteach leis an gcríoch a dúradh nó is gá go réasúnach maidir léi a dhéanamh ar an láthair.

(4) Aon duine a choiscfidh nó a bhacfaidh duine i bhfeidhmiú cumhachta a thugtar dó le fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

Doiciméid a thabhairt ar aird i bhfianaise.

8. —(1) Féadfar, maidir le duine ar a gcuirfear toghairm nó dá dtabharfar ordú faoi alt 207 den Phríomh-Acht fianaise a thabhairt os comhair armchúirte, a cheangal ar an duine sin trí litir arna síniú ag uachtarán na harmchúirte, aon doiciméad, taifead nó ní eile faoina chumhacht nó faoina urláimh, a thabhairt ar aird don armchúirt sin ar doiciméad, taifead nó ní eile é a bheidh sonraithe sa litir sin nó ar d'aicme nó de thuairisc é a bheidh sonraithe amhlaidh agus ar doiciméad, taifead nó ní eile é i gceachtar cás a theastóidh mar fhianaise ag an armchúirt sin.

(2) Féadfar, maidir le duine ar a gcuirfear toghairm nó dá dtabharfar ordú faoi alt 183 (1) den Phríomh-Acht freastal mar fhinné os comhair oifigigh údaraithe nó oifigigh ceannais a bheidh ag imscrúdú cúisimh faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht sin, a cheangal ar an duine sin trí litir arna síniú ag an oifigeach údaraithe nó ag an oifigeach ceannais sin, de réir mar is iomchuí, aon doiciméad, taifead nó ní eile faoi chumhacht nó faoi urláimh an duine a thabhairt ar aird don oifigeach sin ar doiciméad, taifead nó ní eile é a bheidh sonraithe sa litir nó ar d'aicme nó de thuairisc é a bheidh sonraithe amhlaidh agus ar doiciméad, taifead nó ní eile é i gceachtar cás a mheasann an t-oifigeach sin a bheith riachtanach chun críocha an imscrúdaithe.

(3) Beidh feidhm chun críocha fho-alt (1) den alt seo ag fo-alt (3) d'alt 207 den Phríomh-Acht amhail mar atá feidhm aige chun críocha an ailt sin 207.

(4) Aon duine nach duine faoin dlí míleata a mhainneoidh nó a dhiúltóidh gan chúis nó leithscéal cóir, doiciméad, taifead nó ní eile a thabhairt ar aird a cheanglaítear a thabhairt ar aird faoi fho-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

Leasú ar alt 35 (1) den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear leis seo alt 35 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Féadfaidh an tAire a chur faoi deara go gcuirfear suas ar aon talamh nó foirgneamh i gcomharsanacht talún eile (lena n-áirítear aeradróm) a bheidh dílsithe dó nó ar áitiú aige nó go suífear ann nó go ngreamófar de, cibé gaireas (lena n-áirítear sreanga leictreachais) is gá ina thuairim chun aon ionad nó aon bhacainn a thaispeáint nó chun comharthaí nó eolas a thabhairt do dhaoine a bheidh ag loingsiú aerárthaí i gcomharsanacht den sórt sin agus féadfaidh sé an gaireas sin a chothabháil agus a úsáid dá éis sin.”.

Leasú ar alt 107 den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo alt 107 (arna leasú le halt 5 den Acht um Lán-Aois, 1985 ) den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ní dhéanfar ordú faoi alt 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , á ordú aon duine a chur i bpríosún—

(a) más fear de na Buan-Óglaigh é, nó

(b) más cúltacaire é atá, de thuras na huaire, gairthe amach ar buanseirbhís.

(2) Ní dhéanfar ordú faoi alt 6 den Debtors Act (Ireland), 1872, ná faoi alt 6 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , á ordú aon duine a chur i bpríosún—

(a) más fear de na Buan-Óglaigh é ar fianas, nó

(b) más cúltacaire é atá, de thuras na huaire, gairthe amach ar buanseirbhís.”.

Leasú ar alt 206 (2) den Phríomh-Acht.

11. —Leasaítear leis seo alt 206 (2) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach tar éis mhír (b):

“(bb) ísliú go céim choimisiúnta airm níos ísle nó go céim choimisiúnta chabhlaigh níos ísle,”.

Leasú ar alt 208 den Phríomh-Acht.

12. —Leasaítear leis seo alt 208 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Aon duine nach duine faoin dlí míleata—

(a) nach ndéanfaidh, gan chúis nó leithscéal cóir, de réir toghairme a cuireadh air go cuí chun freastal mar fhinné os comhair armchúirte, nó

(b) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh, ar é do fhreastal mar fhinné ag armchúirt, gan chúis nó leithscéal cóir, mionn a ghlacadh nó dearbhú sollúnta a dhéanamh a cheanglóidh an armchúirt air go dlíthiúil a dhéanamh amhlaidh nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon doiciméad, taifead nó ní eile faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglóidh an armchúirt air go dlíthiúil a thabhairt ar aird nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon cheist a fhreagairt a gceanglóidh an armchúirt air go dlíthiúil freagra a thabhairt uirthi, nó

(c) a dhéanfaidh aon ní, cibé acu ag an armchúirt nó nach ea, a bheadh ina dhíspeagadh cúirte dá mba chúirt shibhialta agus cumhacht chimithe i leith díspeagadh aici an armchúirt,

beidh an duine ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

Leasú ar alt 248 den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo alt 248 den Phríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (d) i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iiA) i dtaobh duine a bheith nó gan a bheith, aon tráth nó tráthanna sonraithe, ag fónamh lasmuigh den Stát mar chomhalta de na Buan-Óglaigh le Fórsa Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe armtha, nó”.

Leasú ar alt 264 den Phríomh-Acht.

14. —Leasaítear leis seo alt 264 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Má chaitheann aon duine (nach comhalta d'Óglaigh na hÉireann), gan cead a bheith tugtha ag an Aire nó thar a cheann, aon éide le hÓglaigh na hÉireann nó aon aithris dhealraitheach uirthi, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, nár thug an tAire nó nár tugadh thar a cheann cead éide le hÓglaigh na hÉireann nó aon aithris dhealraitheach uirthi a chaitheamh.”.

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

15. —Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 20:

“20. Eitilt, deimhniú agus cothabháil aerárthaí seirbhíse agus deimhniú agus cothabháil ábhair aerárthaí seirbhíse.”.

Tosach feidhme alt áirithe.

16. —Ní bheidh éifeacht le hailt 2, 3, 4, 8 (4), 12 agus 14 den Acht seo ach amháin i ndáil le cionta a dhéanfar tar éis thosach feidhme an Achta seo.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

17. —(1) Féadfar an tAcht Cosanta (Leasú), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Cosanta, 1954 go 1987, a ghairm de na hAchtanna Cosanta, 1954 go 1979, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.