19 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1987


ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Suimeanna a airleacadh faoi Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935, a tharscaoileadh.

2.

Ráiteas ag an Aire Airgeadais.

3.

Aisghairm.

4.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979

1979, Uimh. 27

Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935

1935, Uimh. 16

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1987


ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUMHACHTÚ DON AIRE AIRGEADAIS AISÍOC IASACHTAÍ FAOI ACHT CISTE NA nIASACHTAI ÁITIÚLA, 1935 , A THARSCAOILEADH: AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN. [9 Samhain, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a airleacadh faoi Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , a tharscaoileadh.

1. —Más rud é go ndéanfar, nó go ndearnadh roimh an Acht seo a rith, aon suim a airleacan de dhroim iasachta áitiúla faoi alt 4 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , féadfaidh an tAire Airgeadais, má fheictear dó gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, a ordú go ndéanfar aisíoc—

(a) iomlán na suime sin, nó

(b) iomlán na hiarmhéide a bheidh gan íoc tráth an ordaithe,

nó go ndéanfar aisíoc cibé cuid den tsuim sin nó den iarmhéid sin a shonróidh an tAire, a tharscaoileadh mar aon le hiomlán an úis, nó cibé cuid den ús a bheidh arna sonrú amhlaidh, ar an tsuim sin a bheidh gan íoc an tráth sin.

Ráiteas ag an Aire Airgeadais.

2. —(1) Déanfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham, ráiteas de réir fho-alt (2) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Déanfar i ngach ráiteas ón Aire de bhun an ailt seo, i ndáil le gach earnáil iasachta áitiúla faoi alt 4 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , is earnáil a bhfuil aisíoc iasachtaí inti tarscaoilte go hiomlán nó go páirteach de bhun alt 1 den Acht seo, na nithe seo a leanas a shonrú:

(a) líon iomlán na n-iasachtaí sin;

(b) an méid iomlán a airleacadh i leith na n-iasachtaí sin;

(c) méid iomlán na príomhshuime, a bhfuil a aisíoc á tharscaoileadh de bhun an ailt sin 1; agus

(d) méid iomlán an úis, a bhfuil a aisíoc á tharscaoileadh de bhun an ailt sin 1.

Aisghairm.

3. —Aisghairtear leis seo alt 14 d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , agus alt 10 (6) d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 .

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1987, a ghairm d'Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1986, agus den Acht seo le chéile.