31 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 31 de 1987


AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA (LEASÚ), 1987


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2.

Léiriú.

3.

Aisghairm agus cúlghairm.

4.

Tosach feidhme.

CUID II

Leasú ar an bPríomh-Acht agus ar Acht 1978

5.

An Coimisiún Cóir-Thrádála agus an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála.

6.

Feidhmeanna an Scrúdaitheora a aistriú chuig an Stiúrthóir.

7.

Feidhmeanna an Scrúdaitheora a aistriú chuig an gCoimisiún.

8.

Orduithe a bhaineann le cleachtais srianta.

9.

Seirbhís arna soláthar faoi chonradh fostaíochta.

10.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

11.

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

12.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

13.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

14.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

15.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

16.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

17.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

18.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

19.

Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht.

20.

Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht.

21.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

22.

Leasú ar alt 24 den Phríomh-Acht.

23.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

24.

Leasú ar alt 1 d'Acht 1978.

25.

Leasú ar alt 8 d'Acht 1978.

26.

Leasú ar alt 13 d'Acht 1978.

CUID III

Leasú ar Achtacháin áirithe eile

27.

Leasú ar alt 2 den Acht Praghsanna, 1958.

28.

Leasú ar alt 24 den Acht Praghsanna, 1958.

29.

Leasú ar alt 28 den Acht Praghsanna, 1958.

30.

Leasú ar an Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978.

31.

Leasú ar alt 40 d'Acht 1980.

32.

Leasú ar alt 55 d'Acht 1980.

33.

Orduithe faoin Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí,1978, nó faoi Acht 1980.

34.

Leasú ar alt 31 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931.

CUID IV

Ilghnéitheach

35.

An Stiúrthóir d'ionchúiseamh cionta.

36.

Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh.

37.

Oifigeach údaraithe a phearsanú.

38.

Aoisliúntas an Stiúrthóra.

39.

Gearrmheáchan agus gearrthomhas.

40.

Aird bhreithiúnach ar shíniú an Stiúrthóra agus ar shíniú comhalta den Choimisiún.

41.

Cumhacht na hArd-Chúirte iniúchadh a údarú ar chuntais arna gcoinneáil ag forais airgeadais.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Achtacháin agus Ionstraimí Reachtúla faoina bhféadfaidh an Stiúrthóir ionchúisimh achoimre a thionscnamh.

AN DARA SCEIDEAL

Cuid I

Aisghairm Achtachán

Cuid II

Cúlghairm Ionstraimí Reachtúla


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

An tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978

1978, Uimh. 1

An tAcht Fruilcheannaigh (Leasú), 1960

1960, Uimh. 15

An tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961

1961, Uimh. 20

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

Na hAchtanna Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1978

An tAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931

1931, Uimh. 48

An tAcht um Chumaisc, Táthcheangail agus Monaplachtaí (Rialú), 1978

1978, Uimh. 17

An tAcht um Earraí Pacáistithe (Cainníochtaí a Rialú), 1980

1980, Uimh. 11

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983

1983, Uimh. 24

An tAcht Praghsanna, 1958

1958, Uimh. 4

An tAcht Praghsanna (Leasú), 1965

1965, Uimh. 23

An tAcht Praghsanna (Leasú), 1972

1972, Uimh. 20

An tAcht um Chleachtais Srianta, 1972

1972, Uimh. 11

Sale of Goods Act, 1893

1893, c. 71

An tAcht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980

1980, Uimh. 16

An tAcht Ionstraimí Reachtúla, 1947

1947, Uimh. 44

Na hAchtanna Aoisliúntas, 1934 go 1963

An tAcht Stampaí Trádála, 1980

1980, Uimh. 23

Na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965

Weights and Measures Act, 1878

1878, c. 49

Weights and Measures Act, 1889

1889, c. 21

/images/harp.jpg


Uimhir 31 de 1987


AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA (LEASÚ), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM CHLEACHTAIS SRIANTA, 1972 , AN ACHTA UM CHUM-AISC, TÁTHCHEANGAIL AGUS MONAPLACHTAÍ (RIALÚ), 1978 , AN ACHTA PRAGHSANNA, 1958 , AN ACHTA UM FHAISNÉIS DO THOMHALTÓIRÍ, 1978 , NA nACHTANNA MARCANNA EARRAÍ CEANNA-ÍOCHTA, 1887 GO 1970, AN ACHTA SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE, 1983 , AGUS AN ACHTA UM DHÍOL EARRAÍ AGUS SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ, 1980 , DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE GEARRMHEÁ-CHAN AGUS GEARRTHOMHAS AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE EILE I nDÁIL LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [23 Nollaig, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta (Leasú), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chleachtais Srianta, 1972 agus 1987, a ghairm den Phríomh-Acht agus d'ailt 10 go 23 den Acht seo, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna um Chumaisc, Táthcheangail agus Monaplachtaí (Rialú), 1978 agus 1987, a ghairm d'Acht 1978 agus d'ailt 24, 25 agus 26 den Acht seo, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht um Chumaisc, Táthcheangail agus Monaplachtaí (Rialú), 1978 ;

ciallaíonn “Acht 1980” an tAcht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 ;

ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún Cóir-Thrádála;

ciallaíonn “an Stiúrthóir” sealbhóir oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí a bunaíodh le halt 9 den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , agus ar a dtugtar an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála de bhua alt 5 (2) den Acht seo;

ciallaíonn “an Scrúdaitheoir” an Scrúdaitheoir Cleachtas Srianta;

folaíonn ‘feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chleachtais Srianta, 1972 .

(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Aisghairm agus cúlghairm.

3. —Déantar leis seo na hachtacháin agus na hionstraimí reachtúla (de réir bhrí an Achta Ionstraimí Reachtúla, 1947 ) a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm nó a chúlghairm ó thráth thosach feidhme an Achta seo a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Tosach feidhme.

4. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

CUID II

Leasú ar an bPríomh-Acht agus ar Acht 1978

An Coimisiún Cóir-Thrádála agus an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála.

5. —(1) An Coimisiún Cóir-Thrádála a thabharfar ar an gCoimisiún Cleachtas Srianta.

(2) Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála a thabharfar ar oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí agus an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála a thabharfar ar shealbhóir na hoifige.

Feidhmeanna an Scrúdaitheora a aistriú chuig an Stiúrthóir.

6. —(1) Déantar leis seo na feidhmeanna a dílsíodh don Scrúdaitheoir leis an bPríomh-Acht agus le halt 10 d'Acht 1978 a aistriú chuig an Stiúrthóir.

(2) Déanfar tagairtí don Scrúdaitheoir sa Phríomh-Acht nó in aon ordú arna dhéanamh faoi, agus in alt 10 d'Acht 1978 agus san Acht seo a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don Stiúrthóir.

(3) Más rud é go raibh, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh ar páirtí iontu an Scrúdaitheoir, agus go bhfuil tagairtí sna himeachtaí d'fheidhmeanna a aistrítear leis an alt seo chuig an Stiúrthóir, déanfar ainm an Stiúrthóra, sa mhéid go mbaineann na himeachtaí le haon fheidhmeanna a aistrítear leis an alt seo, a chur in ionad ainm an Scrúdaitheora sna himeachtaí nó a chur isteach sna himeachtaí, de réir mar is cuí, agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an ionadú sin.

(4) Aon ní ar chuir an Scrúdaitheoir tús leis, nó ar cuireadh tús leis ar údarás uaidh, roimh thosach feidhme an Achta seo féadfaidh an Stiúrthóir, sa mhéid go mbaineann an ní sin le feidhmeanna a aistrítear leis an alt seo chuig an Stiúrthóir, é a dhéanamh agus a chríochnú ar an tosach feidhme sin nó dá éis.

(5) Gach doiciméad a deonaíodh nó a rinneadh i bhfeidhmiú feidhme a aistrítear leis an alt seo beidh éifeacht leis, i gcás go raibh sé agus sa mhéid go raibh sé i ngníomh díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, amhail ar an tosach feidhme sin agus dá éis amhail is dá mba é an Stiúrthóir a rinne é.

Feidhmeanna an Scrúdaitheora a aistriú chuig an gCoimisiún.

7. —(1) Déantar leis seo na feidhmeanna a dílsíodh don Scrúdaitheoir le hAcht 1978, seachas le halt 10 den Acht sin, a aistriú chuig an gCoimisiún.

(2) Déanfar tagairtí don Scrúdaitheoir in Acht 1978 nó in aon ordú arna dhéanamh faoi, seachas in alt 10 den Acht sin, a fhorléiriú mar thagairtí don Choimisiún.

(3) Más rud é go raibh, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh ar páirtí iontu an Scrúdaitheoir, agus go bhfuil tagairtí sna himeachtaí d'fheidhmeanna a aistrítear leis an alt seo chuig an gCoimisiún, déanfar ainm an Choimisiúin, sa mhéid go mbaineann na himeachtaí le haon fheidhmeanna a aistrítear leis an alt seo, a chur in ionad ainm an Scrúdaitheora sna himeachtaí nó a chur isteach sna himeachtaí, de réir mar is cuí, agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an ionadú sin.

(4) Aon ní ar chuir an Scrúdaitheoir tús leis, nó ar cuireadh tús leis ar údarás uaidh, roimh thosach feidhme an Achta seo féadfaidh an Coimisiún, sa mhéid go mbaineann an ní sin le feidhmeanna a aistrítear leis an alt seo chuig an gCoimisiún, é a dhéanamh agus a chríochnú ar an tosach feidhme sin nó dá éis.

(5) Gach doiciméad a deonaíodh nó a rinneadh i bhfeidhmiú feidhme a aistrítear leis an alt seo beidh éifeacht leis, i gcás go raibh sé agus sa mhéid go raibh sé i ngníomh díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, amhail ar an tosach feidhme sin agus dá éis amhail is dá mba é an Coimisiún a rinne é.

Orduithe a bhaineann le cleachtais srianta.

8. —(1) D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, aon uair is dóigh leis an Aire gur fóirsteanach déanamh amhlaidh, d'fhonn rialáil rianúil chuí a dhéanamh ar iomaíocht, féadfaidh sé, le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, leis an Stiúrthóir agus le haon Aire Rialtais eile lena mbaineann, na nithe seo a leanas go léir, nó aon ní acu, a dhéanamh i ndáil le hearraí agus seirbhísí, eadhon:

(a) toirmeasc a chur ar chleachtais srianta, lena n-áirítear comhshocraíochtaí, comhaontuithe nó comhthuiscintí a choisceann nó a shrianann iomaíocht nó a choinníonn siar trádáil nó soláthar aon seirbhíse nó a bhfuil cothabháil praghais athdhíola i gceist iontu;

(b) toirmeasc a chur ar chleachtais neamhchóra nó ar mhodhanna neamhchóra iomaíochta (cibé acu a bhaineann siad le praghas nó nach mbaineann);

(c) cibé foráil a dhéanamh a mheasann an tAire is gá chun cothrom a áirithiú do gach duine maidir le soláthar nó imdháileadh earraí nó le soláthar seirbhísí;

(d) cibé foráil eile is cuí leis a dhéanamh maidir le cleachtais srianta nó cleachtais neamhchóra nó modhanna neamhchóra iomaíochta (cibé acu a bhaineann siad le praghas nó nach mbaineann) a dhéanann difear do sholáthar agus imdháileadh earraí nó do sholáthar seirbhísí.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(3) Ní bheidh éifeacht le hordú faoin alt seo mura mbeidh sé daingnithe le hAcht den Oireachtas ach, ar é a bheith daingnithe amhlaidh, beidh feidhm dlí aige de réir a théarmaí.

(4) An duine a sháróidh (cibé acu trí ghníomh nó trí neamhghníomh) aon fhoráil d'ordú faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire beidh sé ciontach i gcion faoin bPríomh-Acht agus measfar chun críocha alt 23 den Acht sin gur cion faoin Acht sin an cion.

(5) Beidh feidhm ag ailt 5, 10, 19, 22 agus 24 den Phríomh-Acht maidir le hordú faoin alt seo.

Seirbhís arna soláthar faoi chonradh fostaíochta.

9. —D'ainneoin aon ní san Acht seo nó sa Phríomh-Acht, ní bheidh soláthar seirbhíse, is seirbhís a chuirtear ar fáil faoi chonradh fostaíochta, ina ábhar do rialacha cóir-chleachtais faoi alt 4 den Phríomh-Acht, ná ina ábhar d'fhiosrúchán faoi alt 5 den Acht sin, ná ina ábhar d'imscrúdú faoi alt 14 den Acht sin ach amháin le ceadú roimh ré i scríbhinn ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Saothair.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht tríd an míniú nua seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “seirbhís”:

“folaíonn ‘seirbhís’ aon seirbhís ghairmiúil ach ní fholaíonn sé aon seirbhís arna soláthar ag údarás áitiúil de réir bhrí alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 .”.

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

11. —Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht trí “as a stuaim féin nó” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “Féadfaidh an Coimisiún,” agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh an Coimisiún, as a stuaim féin nó ar mholadh an Scrúdaitheora nó ar iarratas ó chomhlachas a bheidh ionadaitheach do dhaoine a bhíonn ag gabháil do sholáthar agus d'imdháil earraí nó do sholáthar seirbhísí, rialacha a ullmhú agus a fhoilsiú a dhéanann, dar leis an gCoimisiún, léiriú ar dhálaí cóirchleachtais maidir le soláthar agus imdháil na n-earraí sin nó le soláthar na seirbhísí sin.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

12. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (1):

“(a) Ar mholadh ón Scrúdaitheoir nó ar iarratas ón Aire déanfaidh an Coimisiún agus, ar iarratas ó aon duine ar dhiúltaigh an Scrúdaitheoir d'iarratas uaidh ar fhiosrúchán, nó as a stuaim féin, féadfaidh an Coimisiún, a chur faoi deara go gcuirfear fiosrúchán ar bun—

(i) i dtaobh na ndálaí atá ann maidir le soláthar agus imdháileadh aon chineál earraí nó maidir le gné amháin nó níos mó de sholáthar agus d'imdháileadh cineál nó cineálacha earraí,

(ii) i dtaobh na ndálaí atá ann maidir le soláthar aon seirbhíse nó maidir le gné amháin nó níos mó de sholáthar cineál nó cineálacha seirbhíse, nó

(iii) i dtaobh gné amháin nó níos mó d'oibriú ordaithe faoi alt 8.”.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Má bhíonn tuarascáil tugtha ag an Stiúrthóir don Choimisiún faoi alt 14 den Acht seo maidir le hábhair is dóigh leis an gCoimisiún is iomchuí d'fhiosrúchán beartaithe, beidh i bhfógra arna thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo ráiteas go bhféadfaidh páirtí leasmhar cóip den tuarascáil a fháil ón gCoimisiún ar é a iarraidh.”.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

14. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Má mholann an Coimisiún, i dtuarascáil don Aire, go ndéanfaí ordú agus más rud é, i ndeireadh tréimhse dhá mhí dhéag tar éis dó an tuarascáil a fháil, nach mbeidh an t-ordú déanta ag an Aire déanfaidh sé, laistigh de lá is fiche tar éis na tréimhse sin a dúradh, ráiteas i scríbhinn a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina dtabharfar na fáthanna nach ndearna sé an t-ordú.”.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

15. —Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht trí “Déanfaidh an Coimisiún, ar mholadh ón Scrúdaitheoir nó ar iarratas ón Aire, agus féadfaidh siad, as a stuaim féin, léirbhreithniú speisialta a sheoladh” a chur in ionad “Ar mholadh ón Scrúdaitheoir nó ar iarratas ón Aire arna tharchur ag an Scrúdaitheoir, déanfaidh an Coimisiún léirbhreithniú speisialta” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Déanfaidh an Coimisiún, ar mholadh ón Scrúdaitheoir nó ar iarratas ón Aire, agus féadfaidh siad, as a stuaim féin, léirbhreithniú speisialta a sheoladh ar oibriú ordaithe faoi alt 8.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

16. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach in alt 12:

“(2) Féadfaidh an Coimisiún, chun críocha a bhfeidhmeanna le linn staidéar nó taifeach a bheith á dhéanamh acu faoin alt seo, a éileamh ar aon duine aon doiciméad atá faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don Choimisiún nó aon fhaisnéis a thabhairt don Choimisiún a éileoidh an Coimisiún le réasún.

(3) Aon duine a dhiúltóidh aon doiciméad atá faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don Choimisiún nó aon fhaisnéis a thabhairt don Choimisiún a éileoidh siad, le réasún, beidh sé, faoi réir fho-alt (4), ciontach i gcion.

(4) (a) Aon duine a mbeidh éileamh déanta air faoi fho-alt (2), féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar dhearbhú faoin alt seo.

(b) Aon duine a mbeidh éileamh déanta air faoi fho-alt (2), agus a dhiúltóidh déanamh de réir an éilimh sin, féadfaidh sé, laistigh de 7 lá ón diúltú sin, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar dhearbhú faoin alt seo.

(c) Tar éis don Ard-Chúirt éisteacht a thabhairt do cibé fianaise a bheidh tugtha ar aird agus d'aon uiríll a bheidh déanta ag an gCoimisiún agus ag duine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, féadfaidh sí, dá rogha féin, a dhearbhú nach gá ar mhaithe le leas an phobail go bhfeidhmeodh an Coimisiún na cumhachtaí a thugtar dóibh leis an alt seo, agus ar an dearbhú sin a bheith déanta tarraingeoidh an Coimisiún siar an t-éileamh iomchuí faoin alt seo.”.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

17. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 14:

“Cumhachtaí etc. an Stiúrthóra.

14.—(1) Féadfaidh an Stiúrthóir agus, ar iarraidh ón Aire nó ón gCoimisiún, ní mór dó—

(a) imscrúdú a dhéanamh faoi aon ghné de sholáthar nó d'imdháileadh earraí nó de sholáthar seirbhíse,

(b) imscrúdú a dhéanamh faoi aon ghné d'oibriú ordaithe faoin Acht seo,

(c) imscrúdú a dhéanamh sa Stát faoi aon ghné de sholáthar nó d'imdháileadh earraí nó de sholáthar seirbhíse ag duine lasmuigh den Stát.

(2) Féadfaidh an Stiúrthóir imscrúdú a dhéanamh faoi aon ghné d'oibriú rialacha cóir-chleachtais.

(3) I gcás go ndéanfaidh an Stiúrthóir imscrúdú faoi fho-alt (1) den alt seo, ar iarraidh ón Aire nó ón gCoimisiún, tabharfaidh sé tuarascáil faoina imscrúdú don Aire nó don Choimisiún de réir mar is cuí.

(4) Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc ar an Stiúrthóir tuarascáil faoi imscrúdú ar bith a dhéanfaidh sé faoin alt seo a thabhairt don Aire nó don Choimisiún.”.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

18. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) trí “, nó feidhmiú aon fheidhme dá gcuid ag an gCoimisiún,” a chur isteach i ndiaidh “Scrúdaitheoir” i bhfo-alt (1) d'alt 15, agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo,

AN TÁBLA

(1) D'fhonn aon eolas a fháil is gá le haghaidh feidhmiú aon fheidhme dá chuid ag an Scrúdaitheoir, nó feidhmiú aon fheidhme dá gcuid ag an gCoimisiún, faoin Acht seo féadfaidh oifigeach údaraithe, ar a údaraíocht a thabhairt ar aird má iarrtar sin air—

(a) dul isteach, gach tráth réasúnach in áitreabh agus é a iniúchadh is áitreabh ina mbíonn aon ghníomhaíocht á seoladh i ndáil le gnó soláthair nó imdhála earraí nó soláthair seirbhíse, nó i ndáil le heagrú daoine nó le cabhrú le daoine atá ag gabháil d'aon ghnó den sórt sin,

(b) a cheangal ar an duine ag a mbíonn aon ghníomhaíocht den sórt sin á seoladh agus ar aon duine a bheidh fostaithe i ndáil léi aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin agus a mbeidh cumhacht nó urláimh ag an duine sin orthu a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe, agus cibé eolas a thabhairt don oifigeach údaraithe a bheidh ag teastáil uaidh go réasúnach i dtaobh aon iontrálacha i leabhair, doiciméid agus taifid den sórt sin,

(c) aon leabhair, doiciméid agus taifid den sórt sin a iniúchadh agus cóipeanna díobh a dhéanamh nó sleachta a bhaint astu,

(d) a cheangal ar dhuine a luaitear i mír (b) aon eolas a thabhairt don oifigeach údaraithe a bheidh ag teastáil uaidh maidir leis na daoine ag a mbeidh gníomhaíocht den sórt sin á seoladh (lena n-áirítear, go háirithe, i gcás comhlacht neamhchorpraithe daoine, eolas maidir lena chomhaltas agus a choiste bainistíochta nó údarás rialúcháin eile) nó a bheidh fostaithe i ndáil léi,

(e) a cheangal ar dhuine a bheidh luaite i mír (b) aon eolas a thabhairt don oifigeach údaraithe a bheidh ag teastáil go réasúnach ón oifigeach maidir leis an ngníomhaíocht sin.

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) San alt seo ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ duine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Stiúrthóir nó ag comhalta den Choimisiún chun críocha an Achta seo.”.

Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht.

19. —Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfaidh an tAire cóip den tuarascáil a bheidh déanta ag an gCoimisiún ar gach fiosrúchán faoi alt 5 nó alt 9 agus ar gach léirbhreithniú speisialta faoi alt 10 a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh de cheithre mhí tar éis dó an tuarascáil sin a fháil.”.

Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht.

20. —Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht trí “an Stiúrthóra nó” a chur isteach i ndiaidh “fhoriarratas” agus tá an t-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

19. Is dleathach do chúirt dlínse inniúla urghaire a dheonú ar fhoriarratas an Stiúrthóra nó an Aire nó aon duine eile d'fhonn tabhairt go ndéanfaí de réir téarmaí ordaithe faoi alt 8 a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire d'ainneoin go mbeidh chuige sin ábhar ann d'imeachtaí éigin eile, sibhialta nó coiriúil.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

21. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 23:

“23.—(1) Gach duine a dhéanfaidh cion faoin Acht seo nach bhforáiltear pionós speisialta ina leith—

(a)  dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £50 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b)  dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £1,000 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) (a)  I gcás duine a chiontú i gcion faoin Acht seo mar gheall ar é do mhainniú, d'fhaillí nó do dhiúltú déanamh de réir forála in ordú á cheangal air gníomh sonraithe a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe nó roimh dháta sonraithe agus go bhfanfaidh an gníomh sin gan déanamh aige tar éis dáta an chiontaithe sin beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach mó ná £50 in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chiontaithe chéadluaite sin, a fhanfaidh an gníomh gan déanamh aige nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí.

(b)  Is cion leanúnach cion faoin bhfo-alt seo agus dá réir sin féadfar imeachtaí nua a thionscnamh ina leith ó am go ham.”.

Leasú ar alt 24 den Phríomh-Acht.

22. —Leasaítear leis seo alt 24 den Phríomh-Acht—

(a) trí “an Stiúrthóir” a chur in ionad “an tAire” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus

(b) trí “d'ocht mí dhéag” a chur in ionad “de dhá mhí dhéag” i bhfo-alt (2), agus tá an fo-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh an Stiúrthóir imeachtaí achomaire a thabhairt ar aghaidh i leith ciona faoin Acht seo.

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh d'ocht mí dhéag ón lá is déanaí a rinneadh an cion.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

23. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i mír 5—

(i) trí “a dtéarmaí” a chur in ionad “a téarmaí” i bhfomhír (1),

(ii) trí “neamhranníocach” a scriosadh i bhfomhír (1),

(iii) trí “nó scéimeanna” a chur isteach i ndiaidh “scéim” i bhfomhír (1),

(iv) trí “nó scéimeanna” a chur isteach i ndiaidh “scéim” i bhfomhír (2), agus

(b) i mír 9 trí “nó le haon Acht eile a thugann cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna don Choimisiún” a chur isteach i ndiaidh “leis an Acht seo” i bhfomhír (1),

agus tá ná fomhíreanna sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

5. (1) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a cheapadh agus a chur i gcrích de réir a dtéarmaí a luaithe is féidir chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú do chomhaltaí nó i leith comhaltaí an Choimisiúin a scoirfidh de bheith i seilbh oifige seachas comhaltaí a bhféadfar dámhachtain a dhéanamh ina leith faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963.

(2) I gcás comhalta den Choimisiún a ceapadh ina chomhalta den Choimisiún Cóir-Thrádála an 26ú lá de Shamhain, 1969, agus a bhí roimh an gceapadh sin ina chomhalta den Údarás Forbartha Tionscail, beidh foráil i scéim nó scéimeanna faoin mír seo chun go ndéanfar seirbhís ag an duine sin i gcáil inphinsin mar chomhalta den Údarás Forbartha Tionscail a áireamh mar sheirbhís mar chomhalta den Choimisiún.

9. (1) Ní nochtfaidh duine ar bith eolas a bhí ar fáil aige de bhua na gcumhachtaí chun eolas a fháil a thugtar leis an Acht seo nó le haon Acht eile a thugann cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna don Choimisiún nó trína bheith i láthair ag cruinniú den Choimisiún a comóradh go príobháideach.

Leasú ar alt 1 d'Acht 1978.

24. —Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1978 tríd an míniú nua seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “seirbhís”:

“folaíonn ‘seirbhís’ aon seirbhís ghairmiúil, ach ní fholaíonn sé—

(i) aon seirbhís a sholáthraíonn sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ,

(ii) aon seirbhís a sholáthraíonn banc taisce iontaobhais atá deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965,

(iii) aon seirbhís a sholáthraítear faoi chonradh fostaíochta,

(iv) aon seirbhís a sholáthraíonn údarás áitiúil de réir bhrí alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 .”.

Leasú ar alt 8 d'Acht 1978.

25. —Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1978 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach ann:

“(4) Féadfaidh an Coimisiún, chun críche an ailt seo, comhalta amháin nó níos mó dá gcuid comhaltaí a cheapadh chun imscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil air a thabhairt de réir an ailt seo agus féadfaidh siad ceapacháin éagsúla a dhéanamh le haghaidh imscrúduithe éagsúla agus féadfaidh siad ceapachán a chúlghairm.”.

Leasú ar alt 13 d'Acht 1978.

26. —Leasaítear leis seo alt 13 d'Acht 1978—

(a) trí “ón Stiúrthóir nó” a chur isteach i ndiaidh “fhoriarratas” i mír (a) d'fho-alt (1), agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus

(b) trí “an Stiúrthóir” a chur in ionad “an tAire” i mír (a) d'fho-alt (5), agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) (a) Is dleathach do chúirt dlínse inniúla urghaire a dheonú ar fhoriarratas ón Stiúrthóir nó ón Aire nó ó aon duine eile chun a cheangal go ndéanfar de réir téarmaí de chuid ordú faoi alt 9 nó 11 a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(5) (a) Féadfaidh an Stiúrthóir imeachtaí achomaire i ndáil le cion faoin alt seo a thabhairt ar aghaidh.

CUID III

Leasú ar Achtacháin áirithe eile

Leasú ar alt 2 den Acht Praghsanna, 1958 .

27. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Praghsanna, 1958 , tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “oifigeach údaraithe”, eadhon, “ciallaíonn ‘an Stiúrthóir’ sealbhóir oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí a bunaíodh le halt 9 den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 ; agus ar a dtugtar an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála de bhua alt 5 (2) den Acht um Chleachtais Srianta (Leasú), 1987 ;”.

Leasú ar alt 24 den Acht Praghsanna, 1958 .

28. —Leasaítear leis seo alt 24 (arna leasú leis an Acht Praghsanna (Leasú), 1965 ) den Acht Praghsanna, 1958 , trí “nó ón Stiúrthóir” a chur isteach i ndiaidh “ón Aire” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn aon eolas a fháil a theastóidh ón Aire nó ón Stiúrthóir chun go bhféadfaidh sé a fheidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh ina mbíonn aon ghníomhacht á seoladh i ndáil le gnó ag monarú, ag próisiú, ag pacáistiú, ag soláthar nó ag imdháil earraí nó le gnó ag déanamh seirbhíse nó ag déanamh oibre nó próisis nó i ndáil le heagrú daoine, nó le cabhrú le daoine, a bhíonn ag gabháil d'aon ghnó den tsórt sin, agus an t-áitreabh d'iniúchadh,

(b) a cheangal ar an duine a sheolann an ghníomhacht sin agus ar aon duine atá fostaithe i ndáil leis sin aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhaineann leis an ngníomhacht sin agus atá ar chumas an duine sin nó faoina urláimh a thabhairt ar aird dó agus pé eolas a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún maidir le haon iontrála sna leabhair, sna doiciméid nó sna taifid sin,

(c) na leabhair, na doiciméid nó na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna díobh a dhéanamh nó sleachta a thógáil astu,

(d) a cheangal ar an duine sin aon eolas a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún maidir leis na daoine a bheidh ag seoladh na gníomhachta sin (lena n-áirítear, go háirithe, i gcás comhlucht neamhchorpraithe daoine, eolas i dtaobh a chomhaltais agus a choiste bhainistí nó údaráis rialaithe eile) nó a bheidh fostaithe i ndáil léi,

(e) a cheangal ar an duine sin aon eolas eile a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún maidir leis an ngníomhacht sin.

Leasú ar alt 28 den Acht Praghsanna, 1958 .

29. —Leasaítear leis seo alt 28 den Acht Praghsanna, 1958 , trí “nó an Stiúrthóir” a chur isteach i ndiaidh “an tAire” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh an tAire nó an Stiúrthóir imeachta i leith ciona faoi aon alt den Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Leasú ar an Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 .

30. —Leasaítear leis seo an tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 13:

“(1) I gcás fógrán a fhoilsiú i ndáil le haon earraí, seirbhísí, cóiríocht nó saoráidí a sholáthar nó a chur ar fáil agus gan ainm agus seoladh an duine a thug an foilsiú sin i gcrích nó ainm agus seoladh a ghníomhaire ann, déanfaidh foilsitheoir an fhógráin, i gcás an Stiúrthóir nó oifigeach don Aire á iarraidh sin laistigh de 12 mhí ó dháta an fhógráin a fhoilsiú, ainm agus seoladh an duine sin nó a ghníomhaire a thabhairt don Stiúrthóir nó don oifigeach.”,

(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 16:

“16. (1) San alt seo ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach lánaimseartha don Aire a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire nó ag an Stiúrthóir chun na cumh achtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú chun críche na nAchtanna, an Achta um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 , na n-achtachán agus na Rialachán a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chleachtais Srianta (Leasú), 1987 , agus an Achta seo.

(2) Tabharfar do gach oifigeach údaraithe barantás a cheaptha mar oifigeach údaraithe ina dtaispeánfar an t-achtachán nó an ionstraim reachtúil faoina bhfuil sé ag gníomhú agus, le linn dó bheith ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó le fo-alt (3) den alt seo, cuirfidh sé teideal an achtacháin lena mbaineann an t-imscrúdú in iúl d'aon duine lena mbaineann agus, má iarrtar air déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé an barántas ar aird don duine sin.

(3) D'fhonn aon fhaisnéis a fháil a bheidh ag teastáil lena chumasú don Aire nó don Stiúrthóir, de réir mar a bheidh, a fheidhmeanna a fheidhmiú faoi na hAchtanna, faoin Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 , faoi na hachtacháin nó na Rialacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chleachtais Srianta (Leasú), 1987 , agus faoin Acht seo, féadfaidh oifigeach údaraithe, ar údarú an oifigigh a thabhairt ar aird, má iarrtar sin air—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh ina seoltar aon trádáil nó gnó nó aon ghníomhaíocht i ndáil le trádáil nó gnó agus an t-áitreabh agus aon earraí san áitreabh a iniúchadh, agus aon chuid de na hearraí a thabhairt leis ar íoc astu nó ar thairiscint íoc astu,

(b) a cheangal ar aon duine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht sin agus ar aon duine ar fostú i ndáil leis sin aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhaineann leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin atá faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach agus cibé faisnéis a theastóidh uaidh le réasún a thabhairt dó maidir le haon iontrálacha sna leabhair, sna doiciméid agus sna taifid sin,

(c) na leabhair, na doiciméid agus na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,

(d) a cheangal ar aon duine den sórt sin aon fhaisnéis a theastóidh ón oifigeach a thabhairt don oifigeach i dtaobh na ndaoine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht sin (lena n-áirítear, go háirithe, i gcás comhlachta neamhchorpraithe daoine, faisnéis i dtaobh chomhaltas an chomhlachta agus i dtaobh a choiste bainistí nó a údaráis rialaithe eile) nó atá ar fostú i ndáil leis sin,

(e) a cheangal ar aon duine den sórt sin aon fhaisnéis eile a theastóidh le réasún ón oifigeach maidir leis an ngníomhaíocht sin a thabhairt don oifigeach.

(4) Aon duine a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta, nó a fhágfaidh gan comhlíonadh ceanglas faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin Acht seo.”,

(c) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 18:

“18. (1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoi na hAchtanna nó faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 18 mí ó dháta an chiona.”,

(d) trí alt 19 a leasú trí “faoi na hAchtanna, faoin Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 , nó” a chur isteach i ndiaidh “I gcás cion”, agus tá an t-alt sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

19. I gcás cion faoi na hAchtanna, faoin Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 , nó faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine, agus a gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó ar thaobh aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, comhalta de choiste bainistí nó údarás rialaithe eile d'aon chomhlacht den sórt sin, beidh an duine sin nó an duine ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach freisin sa chion sin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Leasú ar alt 40 d'Acht 1980.

31. —Leasaítear leis seo alt 40 d'Acht 1980 trí mhír (a) i bhfo-alt (5) a scriosadh.

Leasú ar alt 55 d'Acht 1980.

32. —Leasaítear leis seo Acht 1980 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 55:

“55. (1) Beidh na feidhmeanna breise seo a leanas ag an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála—

(a) cleachtais nó cleachtais bheartaithe i ndáil le haon cheann de na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar dhaoine le haon fhoráil den Acht seo nó d'Acht 1893 a choimeád faoi bhreithniú ginearálta,

(b) scrúduithe a dhéanamh ar aon chleachtais nó cleachtais bheartaithe den sórt sin i gcás go measfaidh an Stiúrthóir, ar mhaithe leis an bpobal, gur cuí scrúduithe den sórt sin a dhéanamh nó i gcas go n-iarrfaidh an tAire amhlaidh,

(c) a iarraidh ar dhaoine atá ag gabháil, nó a bheartaíonn dul ag gabháil, do chleachtais de shórt atá, nó ar dóigh dóibh a bheith, contrártha do na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu le haon fhoráil den Acht seo nó d'Acht 1893, scor de na cleachtais sin nó staonadh uathu,

(d) imeachtaí a thionscnamh san Ard-Chúirt le haghaidh orduithe ag ceangal ar dhaoine atá ag gabháil, nó a bheartaíonn dul ag gabháil, do chleachtais de shórt atá, nó ar dóigh dóibh a bheith, contrártha do na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu le haon fhoráil den Acht seo nó d'Acht 1893, scor de na cleachtais sin nó staonadh uathu.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú cibé feidhmeanna breise is cuí leis chun críocha an Achta seo a thabhairt don Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cóir-Thrádála.”.

Orduithe faoin Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , nó faoi Acht 1980.

33. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (4) d'alt 26:

“(4) (a) Gach ordú a dhéanfar faoi alt 9, 10, 11 nó 12 den Acht seo, nó faoi mhír (b) den fho-alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh romhe sin faoin ordú.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1980 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.”.

Leasú ar alt 31 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931 .

34. —Leasaítear leis seo alt 31 den Acht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun difear a dhéanamh do chumhacht aon duine (seachas an tAire Talmhaíochta) chun duine a ionchúiseamh i leith aon chiona faoin bPríomh-Acht nó i leith ciona faoin Acht seo.”.

CUID IV

Ilghnéitheach

An Stiúrthóir d'ionchúiseamh cionta.

35. —(1) Féadfaidh an Stiúrthóir ionchúiseamh mar gheall ar chion achomair faoi na hAchtanna nó faoi na Rialacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) Measfar gur feidhmeanna de chuid an Stiúrthóra chun críocha ailt 9 agus 16 den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , na cumhachtaí ionchúisimh a thugtar don Stiúrthóir le fo-alt (1).

Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh.

36. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní nochtfaidh aon duine faisnéis atá ar fáil dó de bhua na bhfeidhmeanna a thugtar dó leis an Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , le hAcht 1980, nó le haon cheann de na hachtacháin nó de na Rialacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1)—

(a) le cumarsáid ón Stiúrthóir nó ó oifigeach údaraithe i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , faoi Acht 1980, nó faoi aon cheann de na hachtacháin nó de na Rialacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, nó

(b) le nochtadh faisnéise chun críocha imeachtaí dlíthiúla.

(3) Má sháraíonn aon duine fo-alt (1) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair ann, fíneáil nach mó ná £800 a chur air.

Oifigeach údaraithe a phearsanú.

37. —Má dhéanann aon duine ráiteas bréagach, agus a fhios aige go bhfuil sé bréagach, á rá—

(a) gur oifigeach údaraithe é de réir bhrí alt 16 den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , nó alt 23 den Acht Praghsanna, 1958 , nó alt 15 den Phríomh-Acht (arna chur isteach le halt 18 den Acht seo), nó

(b) go bhfuil údarás aige gníomhú don Aire nó don Stiúrthóir nó don Choimisiún, nó thar a gceann,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná £800 a chur air.

Aoisliúntas an Stiúrthóra.

38. —Leasaítear leis seo an tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 9:

“9A. (1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú, tráth scoir nó báis, do Stiúrthóir, nó i leith Stiúrthóra, a scoirfidh d'oifig a shealbhú, seachas Stiúrthóir a bhféadfar dámhachtain faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1934 go 1963, a dhéanamh ina leith.

(2) Socróidh scéim nó scéimeanna faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna tráth scoir nó báis.

(3) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim arna déanamh aige faoin alt seo a leasú.

(4) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar phinsean, ar aisce nó ar liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire Airgeadais.

(5) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.”.

Gearrmheáchan agus gearrthomhas.

39. —(1) Faoi réir fho-alt (2), aon duine a dhíolfaidh aon earraí, nó a thaispeánfaidh aon earraí lena ndíol nó a thairgfidh iad lena ndíol, ar bhonn meáchain, tomhais nó uimhreach, beidh sé ciontach i gcion más lú cainníocht na n-earraí a dhíolfar, a thaispeánfar lena ndíol nó a thairgfear lena ndíol ná an chainníocht a airbheartófar a bheith á díol, á taispeáint lena díol nó á tairgeadh lena díol nó más lú í ná an chainníocht a fhreagraíonn don phraghas a mhuirearófar—

(i) ar bhonn an phraghais iomláin a bheidh le híoc as na hearraí;

(ii) ar bhonn an phraghais shonraithe do gach uimhir nó aonad tomhais, de réir mar a bheidh, as a mbaintear feidhm chun an praghas iomlán a chinneadh.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hearraí arna bpacáil de réir fhorálacha an Achta um Earraí Pacáistithe (Cainníochtaí a Rialú), 1980 .

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £800 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(4) Féadfaidh cigire gach uile thráth réasúnach dul isteach in aon áit nó áitreabh a bhfuil cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil aon earraí á ndíol, á dtaispeáint le díol nó á dtairiscint le díol ann ar bhonn meáchain, tomhais nó uimhreach agus féadfaidh sé na hearraí sin a mheá, a thomhas, a chomhaireamh nó a scrúdú ar shlí eile chun a áirithiú go bhfuil an t-alt seo á chomhlíonadh.

(5) Féadfaidh cigire aon imeachtaí mar gheall ar chion achomair faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(6) San alt seo ciallaíonn “cigire” cigire arna cheapadh—

(a) faoi alt 43 den Weights and Measures Act, 1878; nó

(b) faoi alt 81 (arna leasú le halt 19 den Weights and Measures Act, 1889) den Weights and Measures Act, 1878.

Aird bhreithiúnach ar shíniú an Stiúrthóra agus ar shíniú comhalta den Choimisiún.

40. —Tabharfaidh gach cúirt aird bhreithiúnach ar shíniú an Stiúrthóra agus ar shíniú comhalta den Choimisiún, agus gach doiciméad a airbheartóidh gur barántas nó údarás é arna shíniú ag an Stiúrthóir nó ag comhalta den Choimisiún glacfar i bhfianaise é agus measfar, gan a thuilleadh cruthúnais, gur barántas nó údarás den sórt sin é go dtí go gcruthófar a mhalairt.

Cumhacht na hArd-Chúirte iniúchadh a údarú ar chuntais arna gcoinneáil ag forais airgeadais.

41. —(1) Ní bheidh feidhm, maidir le cuntais arna gcoinneáil ag foras airgeadais, ag alt 15 (arna leasú le halt 18 den Acht seo agus arna chur chun feidhme le halt 8 (3) d'Acht 1978) den Phríomh-Acht ná ag alt 16 (arna leasú le halt 30 den Acht seo) den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 .

(2) Aon uair—

(a) is dóigh leis an Stiúrthóir gur gá, le go bhfeidhmeodh sé aon fheidhm dá chuid, nó

(b) is dóigh leis an gCoimisiún gur gá, le go bhfeidhmeodh siad aon fheidhm dá gcuid,

cuntais atá á gcoinneáil ag foras airgeadais a scrúdú, féadfaidh an Stiúrthóir nó an Coimisiún, de réir mar a bheidh, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú faoin alt seo.

(3) Aon uair is deimhin leis an Ard-Chúirt go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh agus gur deimhin léi gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh sí ordú a dhéanamh á údarú d'oifigeach údaraithe—

(a) gach uile thráth réasúnach dul isteach in aon áitreabh de chuid forais airgeadais a gcreideann sé le réasún go bhfuil cuntais á gcoinneáil aige ann, agus an t-áitreabh sin a iniúchadh,

(b) a cheangal ar aon stiúrthóir de chuid an fhorais nó ar aon duine a bheidh fostaithe ag an bhforas aon chuntais shonraithe atá á gcoinneáil ag an bhforas agus atá faoi chumh acht nó faoi urláimh an duine nó an stiúrthóra sin a thabhairt ar aird don oifigeach agus aon fhaisnéis a bheidh ag teastáil le réasún ón oifigeach, i ndáil leis na cuntais, a thabhairt dó, agus

(c) na cuntais sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,

faoi réir cibé coinníollacha (más ann) is dóigh léi is cuí agus a shonróidh sí san ordú.

(4) (a) San alt seo déanfar tagairtí do chuntais atá á gcoinneáil ag foras airgeadais a fhorléiriú mar thagairtí d'aon chuntais atá á gcoinneáil ag aon duine, nó d'aon duine, nó thar ceann aon duine, san fhoras, cibé acu go haonarach nó i gcomhpháirt le duine nó daoine eile, nó aon leabhair, doiciméid nó taifid eile atá á gcoinneáil ag an bhforas i ndáil leis na cuntais sin;

(b) san alt seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe”, de réir mar is cuí, oifigeach údaraithe de réir bhrí alt 15 (6) (arna leasú le halt 18 den Acht seo agus arna chur chun feidhme le halt 8 (3) d'Acht 1978) den Phríomh-Acht nó oifigeach údaraithe de réir bhrí alt 16 (arna leasú le halt 30 den Acht seo) den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 ;

ciallaíonn “leabhair”—

(i) leabhair bhaincéireachta de réir bhrí na nAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959, agus

(ii) taifid agus doiciméid de chuid daoine dá dtagraítear in alt 7 (4) d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

folaíonn “stiúrthóir” aon duine ag a bhfuil post stiúrthóra, is cuma céard é a theideal;

ciallaíonn “foras airgeadais”—

(i) duine ar sealbhóir nó ar shealbhóir é ar cheadúnas faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , agus

(ii) duine dá dtagraítear in alt 7 (4) den Acht sin;

folaíonn “taifid”, d'fhonn amhras a sheachaint, taifid arna dtaifeadadh agus arna stóráil go leictreonach.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Achtacháin agus Ionstraimí Reachtúla faoina bhféadfaidh an Stiúrthóir ionchúisimh achoimre a thionscnamh

Ailt 30, 35, 36.

An tAcht Fruilcheannaigh (Leasú), 1960 .

An tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 .

An tAcht Stampaí Trádála, 1980 .

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Praghsanna Earraí Bia a Thaispeáint), 1983 (I.R. Uimh. 359 de 1983).

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Lipéadú, Tíolacadh agus Fógairt Earraí Bia), 1982 (I.R. Uimh. 205 de 1982).

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ainmneacha agus Lipéadú Táirgí Teicstíleacha), 1973 (I.R. Uimh. 43 de 1973).

AN DARA SCEIDEAL

Alt 3.

Cuid I

Aisghairm Achtachán

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

50 and 51 Vict., c. 28

Merchandise Marks Act, 1887

Alt 15 sa mhéid go mbaineann sé le himeachtaí achoimre.

Uimh. 48 de 1931

An tAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1931

Ailt 19 agus 30.

Uimh. 15 de 1960

An tAcht Fruilcheannaigh (Leasú), 1960

Alt 14 (1).

Uimh. 20 de 1961

An tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961

Alt 46 (1).

Uimh. 11 de 1972

An tAcht um Chleachtais Srianta, 1972

Alt 13 (1).

Uimh. 11 de 1972

An tAcht um Chleachtais Srianta, 1972

Alt 16.

Uimh. 11 de 1972

An tAcht um Chleachtais Srianta, 1972

Alt 25.

Uimh. 11 de 1972

An tAcht um Chleachtais Srianta, 1972

An Dara Sceideal míreanna 1, 2, 4 agus 5.

Uimh. 20 de 1972

An tAcht Praghsanna (Leasú), 1972

Alt 2 (2).

Uimh. 1 de 1978

An tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978

Alt 23.

Uimh. 23 de 1980

An tAcht Stampaí Trádála, 1980

Alt 14 (1).

Uimh. 24 de 1983

An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983

Ailt 48, 49 agus 52 (1).

Cuid II

Cúlghairm Ionstraimí Reachtúla

Uimhir agus Bliain

Teideal

Méid na Cúlghairme

I.R. Uimh. 359 de 1983

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Praghsanna Earraí Bia a Thaispeáint), 1983

Rialachán 13 (1).

I.R. Uimh. 205 de 1982

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Lipéadú, Tíolacadh agus Fógairt Earraí Bia), 1982

Rialachán 18 (sa mhéid go mbaineann sé leis an Aire).

I.R. Uimh. 43 de 1973

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ainmneacha agus Lipéadú Táirgí Teicstíleacha), 1973

Rialachán 3 (2).