16 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1988


AN tACHT DEOCHANNA MEISCIÚLA, 1988


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal.

2.

Léiriú.

3.

Comhlua agus forléiriú.

4.

Aisghairm.

CUID II

Ceadúnais Bialainne Speisialta

5.

Tosach feidhme Chuid II.

6.

Léiriú Chuid II.

7.

Ceadúnas bialainne speisialta.

8.

Iarratas ar dheimhniú ón gCúirt Chuarda, etc.

9.

Ceadúnas bialainne speisialta a dheonú.

10.

Agóid ag an nGarda Síochána i gcoinne ceadúnas bialainne speisialta a athnuachan.

11.

Cumhacht an Bhoird bialanna a iniúchadh.

12.

Rialacháin maidir le caighdeáin bialann.

13.

Deimhniú ó Bhord Fáilte a chealú.

14.

Tráthanna toirmiscthe in áitribh a bhfuil ceadúnas bialainne speisialta acu.

15.

Cion.

16.

Ní cead beár a bheith i mbialann.

17.

Ceadúnas bialainne speisialta agus Deimhniú ó Bhord Fáilte a bheith ar taispeáint.

18.

Leasú ar alt 4 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986.

19.

Neamhfheidhm ailt 15 agus 17 d'Acht 1960.

20.

Feidhm an Achta Seirbhísí Dóiteáin, 1981.

21.

Ní sealbhóir ar-cheadúnais chun críocha alt 11 d'Acht 1962 sealbhóir ceadúnais bialainne speisialta.

22.

Ní dheonófar ordú díolúine speisialta do shealbhóir ceadúnais bialainne speisialta.

23.

Leasú ar alt 20 d'Acht 1962.

24.

Dréacht-rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

CUID III

Tráthanna Toirmiscthe

25.

Tráthanna toirmiscthe i gcoitinne.

26.

Tráthanna toirmiscthe i gclubanna.

27.

Am chun deoch mheisciúil a sholáthrófar i rith tráthanna ceadaithe a ól.

28.

Díolúintí d'óstáin agus do bhialanna.

29.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1927 (orduithe díolúine speisialta).

CUID IV

Forálacha i ndáil le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois

30.

Léiriú Chuid IV.

31.

Deoch mheisciúil a dhíol le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois.

32.

Deoch mheisciúil a chur ar fáil do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d'aois.

33.

Cionta ag daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois.

34.

Leanaí a eisiamh as beáir in áitribh cheadúnaithe.

35.

Srian le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois a bheith in áitreabh ceadúnaithe i rith tráthanna fadaithe.

36.

Srian le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois a bheith in áitreabh a úsáidtear chun deoch mheisciúil a dhíol lena hól in áit nach san áitreabh.

37.

Cumhachtaí an Gharda Síochána i ndáil le cionta áirithe.

38.

Daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois a fhostú.

39.

Cruthúnas ar aois in ionchúiseamh.

40.

Aoischártaí.

41.

Aoischártaí a bhrionnú nó a athrú.

CUID V

Clubanna Cláraithe

42.

Leasú ar alt 4 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904.

43.

Cuardach clubanna ag comhalta den Gharda Síochána.

44.

Agóidí i gcoinne deimhnithe club a dheonú.

45.

Srianta le fógráin a bhaineann le dálais i gclubanna.

46.

Leasú ar alt 5 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904.

CUID VI

Ilghnéitheach

47.

Forálacha i ndáil le deochanna meisciúla a dhíol in ollmhargaí, etc.

48.

Leasú ar alt 12 d'Acht 1927 (deimhnithe tighe bhidh).

49.

Leasú ar alt 18 d'Acht 1962 (ceadúnais do rás-rianta cúnna).

50.

“Ceadúnas” in alt 4 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986.

51.

Fíneálacha a mhéadú.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

Children Act, 1908

1908, c. 67

Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986

1986, Uimh. 26

Finance (1909-1910) Act, 1910

1910, c. 8

An tAcht Seirbhísí Dóiteáin, 1981

1981, Uimh. 30

An tAcht Deocha Meisciúla, 1927

1927, Uimh. 15

An tAcht Deocha Meisciúla, 1943

1943, Uimh. 7

An tAcht Deocha Meisciúla, 1960

1960, Uimh. 18

An tAcht Deochanna Meisciúla, 1962

1962, Uimh. 21

An tAcht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924

1924, Uimh. 62

Licensing Act, 1872

1872, c. 94

Licensing Act (Ireland), 1874

1874, c. 69

Na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1986

Licensing (Ireland) Act, 1833

1833, c. 68

Licensing (Ireland) Act, 1902

1902, c. 18

Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860

1860, c. 107

Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1986

Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904

1904, c. 9

Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1908

1908, c. 24

Na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1988


AN tACHT DEOCHANNA MEISCIÚLA, 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CEADÚNÚCHÁIN, 1833 GO 1986, DO LEASÚ ACHTANNA CLÁRÚ NA gCLUBANNA, 1904 GO 1986, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[22 Meitheamh, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Deochanna Meisciúla, 1988 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Deocha Meisciúla, 1927 ;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Deocha Meisciúla, 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht Deochanna Meisciúla, 1962 ;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1986;

ciallaíonn “beár” aon bheár oscailte nó aon chuid d'áitreabh ceadúnaithe a úsáidtear go hiomlán nó go formhór chun deochanna meisciúla a dhíol agus a ól iontu agus folaíonn sé aon chuntar nó bacainn a ndéantar, nó ar féidir, deochanna a sheirbheáil tharstu don phobal;

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol cibé acu a dheonaítear é ar dheimhniú ón gCúirt Chuarda nó ón gCúirt Dúiche a thabhairt ar aird nó gan é a thabhairt ar aird;

ciallaíonn “áitreabh ceadúnaithe” áitreabh a mbeidh ceadúnas deonaithe, agus i bhfeidhm, ina leith;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

(2) Tagairtí san Acht seo d'aon achtachán forléireofar iad, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán iardain, lena n-áirítear an tAcht seo.

Comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1988, a ghairm le chéile de na hAchtanna agus, a mhéid a leasaítear agus a leathnaítear na hAchtanna leis an Acht seo, den Acht seo, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(2) Féadfar Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1988, a ghairm le chéile d'Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1986 agus, a mhéid a leasaítear na hAchtanna sin leis an Acht seo, den Acht seo, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

Aisghairm.

4. —Aisghairtear leis seo alt 120 den Children Act, 1908, agus ailt 10, 11, 12 agus 25 den Acht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924 .

CUID II

Ceadúnais Bialainne Speisialta

Tosach feidhme Chuid II.

5. —Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú Chuid II.

6. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “iarratasóir” iarratasóir ar dheonú ceadúnais bialainne speisialta;

ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann;

tá le “Deimhniú ó Bhord Fáilte” an bhrí a shanntar dó le halt 8 (2) den Acht seo;

ciallaíonn “láthair itheacháin” an láthair i mbialann a choimeádtar ar leithligh chun béilí a sheirbheáil agus a chaitheamh inti;

folaíonn “úinéir”, i ndáil le bialann, aon duine a bhfuil aon eastát nó leas aige sa bhialann;

ciallaíonn “bialann” aon áitreabh atá oiriúnaithe, ó thaobh struchtúir de, agus a úsáidtear, chun béilí tacúla a sholáthar don phobal lena gcaitheamh san áitreabh agus ar gnó atá coimhdeach agus foghabhálach do sholáthar na mbéilí sin aon ghnó eile a dhéantar ann;

tá le “ceadúnas bialainne speisialta” an bhrí a shanntar dó le halt 7 (1) den Acht seo;

ciallaíonn “láthair feithimh” láthair—

(a) a choimeádtar ar leithligh mar láthair feithimh i mbialann ar mhaithe le daoine a bhíonn ag feitheamh le dul isteach i láthair itheacháin na bialainne chun béile a chaitheamh, agus ar mhaithe leo sin amháin, agus

(b) nach mó an t-achar urláir inti ná 20 faoin gcéad den achar urláir i láthair itheacháin na bialainne.

Ceadúnas bialainne speisialta.

7. —(1) San Acht seo ciallaíonn “ceadúnas bialainne speisialta” ceadúnas arna dheonú ag na Coimisinéirí Ioncaim de bhun deimhniú ón gCúirt Chuarda a thugtar do dhuine, faoi alt 8 den Acht seo, i leith bialainne arb é an t-úinéir agus an t-áititheoir uirthi é, is ceadúnas a údaraíonn, faoi réir fhorálacha an Achta seo—

(a) deochanna meisciúla a sholáthar lena n-ól san áitreabh sin, agus

(b) deochanna meisciúla a ól san áitreabh sin,

más rud é, i ngach cás, maidir leis an deoch mheisciúil—

(i) go n-ordófar í ag duine, nó thar ceann duine, a mbeidh béile tacúil ordaithe dó,

(ii) gur i láthair feithimh nó i láthair itheacháin na bialainne a sholáthraítear í,

(iii) go n-ólfar í, roimh an mbéile, i láthair feithimh na bialainne ag an duine a mbeidh an béile ordaithe dó, nó go n-ólfaidh an duine sin í i láthair itheacháin na bialainne le linn an bhéile nó tráth ar bith nach déanaí ná tríocha nóiméad tar éis don bhéile a bheith caite, agus

(iv) gur le linn íoc as an mbéile a íocfar aisti:

Ar choinníoll i gcónaí go mbeidh deochanna oiriúnacha seachas deochanna meisciúla (lena n-áirítear uisce óil) ar fáil freisin lena n-ól.

(2) I gcás go mbeidh ceadúnas bialainne speisialta i bhfeidhm i ndáil le haon áitreabh measfar, chun críocha an Finance (1909-1910) Act, 1910, gur ar-cheadúnas miondíoltóra an ceadúnas, d'ainneoin nach n-údaraíonn sé deochanna meisciúla a dhíol lena n-ól lasmuigh den áitreabh mar a fhoráiltear i ndáil le ar-cheadúnais mhiondíoltóirí i gcoitinne faoin Acht sin.

Iarratas ar dheimhniú ón gCúirt Chuarda, etc.

8. —(1) I gcás go dtabharfaidh duine (dá ngairtear an t-iarratasóir san alt seo) fógra go cuí go mbeartaíonn sé iarratas a dhéanamh ar cheadúnas bialainne speisialta i leith bialainne arb é an t-iarratasóir an t-úinéir agus an t-áititheoir uirthi agus go dtaispeánfaidh an t-iarratasóir chun sástacht na Cúirte Cuarda, sna himeachtaí sa Chúirt sin i ndáil leis an iarratas sin, go bhfuil Deimhniú ó Bhord Fáilte i bhfeidhm i leith na bialainne, cuirfidh an Chúirt sin faoi deara deimhniú a thabhairt don iarratasóir a thabharfaidh teideal dó ceadúnas bialainne speisialta a fháil, ar an táille a shonraítear in alt 9 den Acht seo a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, i leith na bialainne mura ndéanfaidh an Chúirt sin, de dhroim agóide faoi alt 4 den Licensing (Ireland) Act, 1833, toirmeasc a chur faoin alt sin ar eisiúint an cheadúnais ar fhorais charachtar, mhí-iompar nó neamhoiriúnacht an iarratasóra nó ar fhorais neamhoiriúnacht nó neamháisiúlacht an áitribh.

(2) Más rud é, i ndáil le bialann, gur deimhin leis an mBord, tar éis dó an bhialann a iniúchadh—

(a) i gcás rialacháin a rinne an tAire Turasóireachta agus Iompair faoi alt 12 den Acht seo a bheith i bhfeidhm, go gcomhlíonann an bhialann na rialacháin sin, nó

(b) i gcás nach mbeidh rialacháin den sórt sin i bhfeidhm—

(i) go bhfuil trealamh agus troscán maith inti agus go bhfuil suíocháin chompordacha sa láthair itheacháin agus sa láthair feithimh inti,

(ii) go bhfuil bainisteoireacht agus foireann inniúil á hoibriú,

(iii) go gcuirtear lónadóireacht d'ard-chaighdeán ar fáil inti,

(iv) go bhfuil ag ball amháin ar a laghad den fhoireann cáilíocht aitheanta sa chócaireacht nó leorthaithí sa chócaireacht le go bhféadfaidh an ball sin béilí d'ardchaighdeán a ullmhú, agus

(v) go bhfuil sláinteachas d'ard-chaighdeán inti i gcónaí,

déanfaidh an Bord, ar iarratas a bheith déanta chuige sin ag an duine arb é úinéir agus áititheoir na bialainne é, deimhniú (ar a dtabharfar Deimhniú ó Bhord Fáilte) a dheonú don duine, ar deimhniú é a bheidh sínithe ag oifigeach don Bhord a bheidh údaraithe chuige sin ag an mBord, á rá go bhfuil an Bord sásta mar a dúradh.

(3) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur Deimhniú ó Bhord Fáilte é arna shíniú mar a dúradh is fianaise leordhóthaineach é in aon imeachtaí dlíthiúla ar na nithe a bheidh deimhnithe sa Deimhniú go dtí go suífear a mhalairt.

(4) Leanfaidh Deimhniú ó Bhord Fáilte i bhfeidhm, mura gcealófar níos luaithe ná sin é de bhun an Achta seo, go dtí dáta na chéad chúirte dúiche bliantúla um cheadúnú eile don cheantar cúirte ina bhfuil an bhialann is ábhar don Deimhniú sin.

(5) Más rud é, in aon chás, go ndiúltóidh an Bord Deimhniú ó Bhord Fáilte a dheonú, déanfaidh sé a luaithe is féidir, le fógra i scríbhinn, scéala a thabhairt don duine a chuir isteach ar an Deimhniú á rá gur diúltaíodh dó agus na fáthanna a bhí leis sin.

Ceadúnas bialainne speisialta a dheonú.

9. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna, i gcás go ndéanfaidh duine (dá ngairtear an t-iarratasóir san alt seo), arb é an t-úinéir agus an t-áititheoir ar bhialann é, iarratas chuige sin chun na gCoimisinéirí Ioncaim, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar choinníoll go ndéanfaidh an t-iarratasóir—

(a) deimhniú ón gCúirt Chuarda, a bheidh tugtha don iarratasóir sin faoi alt 8 den Acht seo i leith na bialainne, a thabhairt ar aird dóibh, agus

(b) táille £3,000, nó cibé méid eile a bheidh sonraithe de thuras na huaire i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Turasóireachta agus Iompair, a íoc leo,

ceadúnas bialainne speisialta i leith na bialainne a dheonú don iarratasóir.

(2) Ar cheadúnas bialainne speisialta a dheonú faoin alt seo, scoirfídh aon cheadúnas, agus aon deimhniú bialainne ar marthain a bheidh á shealbhú nó deonaithe faoi na hAchtanna, i leith na bialainne lena mbaineann an ceadúnas bialainne speisialta, d'éifeacht a bheith leo, agus ní ceadmhach aon cheadúnas nó deimhniú bialainne eile den sórt sin a dheonú i leith an áitribh sin fad a bheidh an ceadúnas bialainne speisialta i bhfeidhm.

Agóid ag an nGarda Síochána i gcoinne ceadúnas bialainne speisialta a athnuachan.

10. —I gcás go ndéanfar iarratas go n-athnuafaí ceadúnas bialainne speisialta, féadfaidh an ceannfort den Gharda Síochána don dúiche Garda ina bhfuil an bhialann is ábhar don iarratas, nó aon duine a bhfuil cónaí air sa pharóiste nó údarás sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte ar ina limistéar feidhme atá an bhialann, agóid a dhéanamh, gan dochar d'aon fhoras agóide eile atá ar fáil dó faoi na hAchtanna, i gcoinne athnuachan an cheadúnais ar an bhforas seo a leanas, eadhon, nach raibh an t-áitreabh lena mbaineann á úsáid bona fide agus d'aontoisc mar bhialann de réir bhrí an Achta seo ón tráth a deonaíodh an ceadúnas nó ón tráth deiridh a athnuadh é, cibé acu is déanaí a tharla, agus, má thacaíonn an Chúirt Dúiche leis an agóid sin, ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an ceadúnas bialainne speisialta a athnuachan.

Cumhacht an Bhoird bialanna a iniúchadh.

11. —Gan dochar dá chumhachtaí faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1987, féadfaidh an Bord, chun críocha na Coda seo, bialanna a iniúchadh.

Rialacháin maidir le caighdeáin bialann.

12. —(1) Féadfaidh an tAire Turasóireachta agus Iompair, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh a fhorordóidh na caighdeáin a bheidh le comhlíonadh i mbialanna chun go ndeonóidh nó go n-athnuafaidh an Bord Deimhniú ó Bhord Fáilte.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas go léir nó maidir le haon ní acu—

(a) an chóiríocht uasta sna bialanna sin,

(b) an chóiríocht uasta i láithreacha feithimh na mbialann sin,

(c) na caighdeáin a bheidh le comhlíonadh sna bialanna sin i ndáil leo seo a leanas—

(i) trealamh agus troscán,

(ii) bainisteoireacht agus foireann,

(iii) lónadóireacht, agus

(iv) sláinteachas,

(d) iniúchadh agus deimhniú na mbialann sin ag an mBord agus na táillí a bheidh iníoctha as an iniúchadh nó an deimhniú sin a dhéanamh,

(e) aon ní eile is dóigh leis an Aire Turasóireachta agus Iompair is gá nó is inmhianaithe.

Deimhniú ó Bhord Fáilte a chealú.

13. —(1) I gcás gur dealraitheach don Bhord, maidir le bialann a bhfuil Deimhniú ó Bhord Fáilte i bhfeidhm ina leith, nach gcomhlíonann sí a thuilleadh na caighdeáin a shonraítear in alt 8 nó, de réir mar a bheidh, faoi alt 12, tabharfaidh an Bord do shealbhóir an Deimhnithe sin, nó cuirfidh sé leis an bpost chuige, fógra—

(a) á rá gur dealraitheach don Bhord amhail mar a dúradh,

(b) á cheangal ar an sealbhóir bearta sonraithe a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe le go mbeidh na caighdeáin sin a dúradh á gcomhlíonadh ag an mbialann, agus

(c) á chur in iúl don sealbhóir go ndéanfaidh an Bord, mura ndéanfar de réir na gceanglas atá san fhógra, an Deimhniú a chealú.

(2) Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an sealbhóir ar Dheimhniú ó Bhord Fáilte déanamh de réir ceanglais a bheidh i bhfógra faoi fho-alt (1), cealóidh an Bord an Deimhniú.

(3) Aon uair a chealóidh an Bord Deimhniú ó Bhord Fáilte, tabharfaidh an Bord fógra i scríbhinn, á rá go bhfuil an Deimhniú cealaithe agus nach bhfuil sé i bhfeidhm a thuilleadh—

(a) do shealbhóir an cheadúnais bialainne speisialta ar tugadh an Deimhniú sin i ndáil leis,

(b) don chléireach cúirte dúiche don cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann an Deimhniú,

(c) do na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(d) don cheannfort den Gharda Síochána don dúiche Garda ina bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann an Deimhniú.

Tráthanna toirmiscthe in áitribh a bhfuil ceadúnas bialainne speisialta acu.

14. —(1) Ní dleathach d'aon duine, in aon áitreabh lena mbaineann ceadúnas bialainne speisialta—

(a) aon deoch mheisciúil a dhíol nó a thaispeáint lena dhíol, ná

(b) an t-áitreabh a oscailt nó a choinneáil ar oscailt chun aon deoch mheisciúil a dhíol, ná

(c) a cheadú aon deoch mheisciúil a ól san áitreabh,

(i) aon dálach, idir leathuair tar éis a dó dhéag a chlog ar maidin agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin, ná

(ii) aon Domhnach, idir leathuair tar éis a dó dhéag a chlog ar maidin agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin, ná idir a trí a chlog agus a sé a chlog san iarnóin, ná idir a haon déag a chlog sa tráthnóna agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin an lá dár gcionn, ná

(iii) Lá Nollag, idir leathuair tar éis a dó dhéag a chlog ar maidin agus a haon a chlog san iarnóin ná idir a trí a chlog san iarnóin agus a seacht a chlog sa tráthnóna ná idir a deich a chlog sa tráthnóna agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin an lá dár gcionn, ná

(iv) tráth ar bith Aoine an Chéasta ná idir a dó dhéag a chlog meánoíche agus leathuair tar éis a dó dhéag ar maidin an Satharn dár gcionn.

(2) Na forálacha d'Acht 1927 a bhaineann le tráthanna toirmiscthe beidh feidhm acu maidir le haon áitreabh lena mbaineann ceadúnas bialainne speisialta ionann is dá ndéanfaí fo-alt (1) den alt seo a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 2 (arna chur isteach leis an Acht seo) den Acht sin, agus ionann is dá bhfolódh an tagairt do thigh bidh in alt 3 den Acht sin bialann a mbeidh ceadúnas bialainne speisialta deonaithe ina leith, agus forléireofar Acht 1927, agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.

Cion.

15. —Aon duine a sháróidh téarmaí ceadúnais bialainne speisialta beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air agus measfar, chun críocha Chuid III (a bhaineann le formhuiniú ceadúnas) d'Acht 1927 gur cion é lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin.

Ní cead beár a bheith i mbialann.

16. —(1) Ní cead beár a bheith i mbialann a mbeidh ceadúnas bialainne speisialta deonaithe ina leith faoin Acht seo.

(2) I gcás go ndéanfar deochanna meisciúla a dhíol nó a chur ar fáil lena gceannach i mbialann nach gcomhlíonann forálacha fho-alt (1) den alt seo, beidh an duine is sealbhóir ar an gceadúnas bialainne speisialta i leith na bialainne sin ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná—

(a) £150, i gcás an chéad chiona den sórt sin, nó

(b) £350, i gcás dara cion, nó aon chion dá éis sin, den sórt sin,

a chur air agus measfar, chun críocha Chuid III (a bhaineann le formhuiniú ceadúnas) d'Acht 1927, gur cion é lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin.

Ceadúnas bialainne speisialta agus Deimhniú ó Bhord Fáilte a bheith ar taispeáint.

17. —(1) Cuirfidh sealbhóir ceadúnais bialainne speisialta faoi deara go mbeidh an ceadúnas ar taispeáint go suntasach san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas sin.

(2) Cuirfidh sealbhóir ceadúnais bialainne speisialta faoi deara go mbeidh an Deimhniú ó Bhord Fáilte a bhaineann leis an áitreabh ar taispeáint go suntasach san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas sin.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) den alt seo nó a mbeidh Deimhniú ó Bhord Fáilte a bheidh cealaithe de bhun alt 13 den Acht seo ar taispeáint ina áitreabh aige, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo in aon chás ina gceanglófar ar an sealbhóir, de bhun na nAchtanna, an ceadúnas a thabhairt ar aird.

(6) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo in aon chás ina gceanglófar ar an sealbhóir, de bhun na nAchtanna, an Deimhniú ó Bhord Fáilte a thabhairt ar aird.

Leasú ar alt 4 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986 .

18. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(9A) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo, ní bheidh ceadúnas bialainne speisialta inathnuaite tráth a éagtha gan Deimhniú ó Bhord Fáilte (de réir bhrí an Achta Deochanna Meisciúla, 1988 ) a thabhairt ar aird do na Coimisinéirí Ioncaim.”, agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (11) i ndiaidh mhír (c):

“(d) gur ceadúnas bialainne speisialta, arna dheonú de bhun an Achta Deochanna Meisciúla, 1988 , an ceadúnas”.

Neamhfheidhm ailt 15 agus 17 d'Acht 1960.

19. —Ní bheidh feidhm ag ailt 15 agus 17 d'Acht 1960 i ndáil le haon iarratas chun na Cúirte Cuarda ar dheimhniú ag tabhairt teidil don iarratasóir ceadúnas bialainne speisialta a fháil faoin Acht seo.

Feidhm an Achta Seirbhísí Dóiteáin, 1981 .

20. —Beidh feidhm ag alt 24 den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 , i ndáil le gach iarratas ar dheonú nó athnuachan ceadúnais bialainne speisialta.

Ní sealbhóir archeadúnais chun críocha alt 11 d'Acht 1962 sealbhóir ceadúnais bialainne speisialta.

21. —Ní mheasfar, chun críocha ceadúnas ócáideach a fháil de bhun alt 11 d'Acht 1962, gur sealbhóir ar-cheadúnais sealbhóir ceadúnais bialainne speisialta.

Ní dheonófar ordú díolúine speisialta do shealbhóir ceadúnais bialainne speisialta.

22. —Ní dhéanfar ordú díolúine speisialta faoi alt 5 (arna leasú le halt 6 den Acht Deocha Meisciúla, 1943 , le halt 11 d'Acht 1960 agus le halt 12 d'Acht 1962) d'Acht 1927 a dheonú do shealbhóir ceadúnais bialainne speisialta i leith áitribh lena mbaineann an ceadúnas sin.

Leasú ar alt 20 d'Acht 1962.

23. —Leasaítear leis seo alt 20 d'Acht 1962—

(a) trí “nó ceadúnas bialainne speisialta arna dheonú de bhua an Achta Deochanna Meisciúla, 1988 ” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “alt 18 den Acht seo”, agus

(b) trí “nó ceadúnas bialainne speisialta arna dheonú de bhua an Achta Deochanna Meisciúla, 1988 ” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “alt 18 den Acht seo”.

Dréacht-rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

24. —Déanfar dréacht de gach rialachán a bheartaítear a dhéanamh faoin gCuid seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an rialachán go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

CUID III

Tráthanna Toirmiscthe

Tráthanna toirmiscthe i gcoitinne.

25. —Leasaítear leis seo Acht 1927 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 2 (arna leasú le halt 4 d'Acht 1960 agus le halt 2 d'Acht 1962):

“2.—(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, ní dleathach d'aon duine aon deoch mheisciúil a dhíol ná a thaispeáint lena díol, ná aon áitreabh a oscailt ná a choinneáil ar oscailt chun deochanna meisciúla a dhíol, ná a cheadú aon deoch mheisciúil a ól in áitreabh ceadúnaithe—

(a) aon dálach, roimh leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin, ná

(i) i rith tréimhse ama samhraidh, tar éis leathuair tar éis a haon déag a chlog tráthnóna, ná

(ii) i rith tréimhse nach tréimhse ama samhraidh, tar éis a haon déag a chlog tráthnóna, ná

(b) aon Domhnach, roimh leathuair tar éis a dhó dhéag a chlog san iarnóin, ná idir a dó a chlog agus a ceathair a chlog san iarnóin nó tar éis a haon déag a chlog tráthnóna, ná

(c) Lá Fhéile Pádraig, más dálach an lá sin, roimh leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin ná tar éis a haon déag a chlog tráthnóna, ná

(d) tráth ar bith Lá Nollag nó Aoine an Chéasta.

(2) Gach duine a dhéanfaidh, de shárú ar an alt seo, aon deoch mheisciúil a dhíol nó a thaispeáint lena díol, nó aon áitreabh a oscailt nó a choinneáil ar oscailt chun deochanna meisciúla a dhíol, nó a cheadóidh aon deoch mheisciúil a ól in áitreabh ceadúnaithe, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná £400 a chur air i gcás an chéad chiona, nó, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin, fíneáil nach mó ná £800, a chur air.

(3) Gach tagairt san Acht seo do na forálacha den Acht seo a bhaineann le tráthanna toirmiscthe, forléireofar í agus beidh éifeacht léi, mar thagairt d'fhorálacha an ailt seo, agus na tagairtí go léir san Acht seo do thráthanna toirmiscthe nó d'amanna nó do thráthanna a dtoirmisctear leis an Acht seo deochanna meisciúla a dhíol, forléireofar iad mar thagairtí do na tráthanna a dtoirmisctear leis an alt seo deochanna meisciúla a dhíol.”.

Tráthanna toirmiscthe i gclubanna.

26. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1927 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 56 (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1960 agus a leasaíodh le halt 6 d'Acht 1962):

“56.—(1) Chun club a bheith inchláraithe faoi Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1986, ní foláir é a bheith foráilte i rialacha an chlub (i dteannta na nithe a luaitear in alt 4 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904) nach soláthrófar, faoi réir na n-eisceachtaí a shonraítear i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo, aon deoch inmháil, lena hól in áitreabh an chlub, d'aon duine (seachas comhalta den chlub a bheidh ar lóistín in áitreabh an chlub) nó nach ndéanfaidh aon duine (seachas comhalta den chlub a bheidh ar lóistín in áitreabh an chlub) a leithéid a ól in áitreabh an chlub—

(a) aon dálach, roimh leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin, ná

(i) i rith tréimhse ama samhraidh, tar éis leathuair tar éis a haon déag a chlog tráthnóna, ná

(ii) i rith tréimhse nach tréimhse ama samhraidh, tar éis a haon déag a chlog tráthnóna, ná

(b) aon Domhnach, roimh leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin nó idir a dó a chlog agus a ceathair a chlog san iarnóin nó tar éis a haon déag a chlog tráthnóna, ná

(c) Lá Fhéile Pádraig, más dálach an lá sin, roimh leathuair tar éis a dó dhéag a chlog san iarnóin nó tar éis a haon déag a chlog tráthnóna, ná

(d) tráth ar bith Lá Nollag nó Aoine an Chéasta.

(2) Ní oibreoidh aon ní atá in Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1986, ná aon ní atá, de bhua oibriú fho-alt (1) den alt seo agus dá bhua sin amháin, i rialacha club a bheidh cláraithe faoi na hAchtanna sin, chun a thoirmeasc deoch inmháil, lena hól in áitreabh an chlub, a sholáthar d'aon duine nó a thoirmeasc ar aon duine deoch inmháil a ól in áitreabh an chlub—

(a) i rith tréimhse ama samhraidh, idir leathuair tar éis a haon déag a chlog tráthnóna aon dálach agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog ar maidin an lá dár gcionn, ná

(b) i rith tréimhse nach tréimhse ama samhraidh, idir a haon déag a chlog tráthnóna aon dálach agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog ar maidin an lá dár gcionn, ná

(c) aon Domhnach, idir a dó a chlog agus a trí a chlog san iarnóin, ná

(d) Lá Nollag, idir a haon a chlog agus a trí a chlog san iarnóin nó idir a seacht a chlog agus a deich a chlog tráthnóna,

más rud é, maidir leis an deoch inmháil sin, i ngach cás—

(i) gur le linn don duine sin béile tacúil a ordú a ordóidh sé í,

(ii) gur le linn agus i dteannta an bhéile sin a ólfar í,

(iii) gur sa chuid d'áitreabh an chlub a choimeádtar ar leithligh de ghnáth chun béilí a sholáthar a sholáthrófar agus a ólfar í, agus

(iv) gur le linn íoc as an mbéile a íocfar aisti.

(3) San alt seo—

tá le ‘tréimhse ama samhraidh’, ‘dálach’ agus ‘Domhnach’ na bríonna a shanntar dóibh le halt 1 den Acht seo.”.

(2) (a) Chun críocha Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1986 measfar, ar feadh na hidirthréimhse, rialacha club a bheidh cláraithe faoi na hAchtanna sin ag dáta rite an Achta seo, a bheith ar comhréir le forálacha alt 56, arna leasú leis an alt seo, d'Acht 1927.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse dar tús dáta rite an Achta seo agus dar críoch an tráth a éagfaidh an deimhniú cláraitheachta maidir leis an gclub a bheidh i bhfeidhm dhá mhí tar éis an dáta sin, nó, más túisce a tharlóidh sin, an dáta a chuirfear rialacha an chlub ar comhréir leis an alt sin 56, arna leasú amhlaidh.

Am chun deoch mheisciúil a sholáthrófar i rith tráthanna ceadaithe a ól.

27. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1962 trí “tríocha nóiméad” a chur in ionad “deich nóiméad” i mír (a) d'fho-ailt (1) agus (2).

Díolúintí d'óstáin agus do bhialanna.

28. —Leasaítear leis seo Acht 1927 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 13 (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1960 agus a leasaíodh le halt 4 d'Acht 1962):

“13. Ní oibreoidh aon ní san Acht seo chun a thoirmeasc ar shealbhóir ar-cheadúnais i leith áitribh is óstán nó bialann de thuras na huaire deoch mheisciúil a sholáthar d'aon duine san áitreabh nó a cheadú deoch mheisciúil a ól san áitreabh—

(a) i rith tréimhse ama samhraidh, idir leathuair tar éis a haon déag a chlog tráthnóna aon dálach agus leathuair tar éis a dó dhéag a chlog ar maidin an lá dár gcionn, ná

(b) i rith tréimhse nach tréimhse ama samhraidh, idir a haon déag a chlog tráthnóna aon dálach agus leathuair tar éis a dó dhéag ar maidin an lá dár gcionn, ná

(c) mura ceadúnas sé lá a cheadúnas, aon Domhnach, idir a dó a chlog agus a trí a chlog san iarnóin, ná

(d) Lá Nollag, idir a haon a chlog agus a trí a chlog san iarnóin nó idir a seacht a chlog agus a deich a chlog tráthnóna,

más rud é, i ngach cás, maidir leis an deoch mheisciúil—

(i) gur le linn don duine sin béile tacúil a ordú a ordóidh sé í,

(ii) gur le linn agus i dteannta an bhéile a ólfar í,

(iii) gur sa chuid den áitreabh a choimeádtar ar leithligh de ghnáth chun béilí a sholáthar a sholáthrófar agus a ólfar í, agus

(iv) gur le linn íoc as an mbéile a íocfar aisti.”.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1927 (orduithe díolúine speisialta).

29. —Leasaítear leis seo alt 5 (arna leasú le halt 12 d'Acht 1962) d'Acht 1927 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Ní dheonófar aon ordú díolúine speisialta d'am ar bith ar an Domhnach ná d'am ar bith idir a haon a chlog agus leathuair tar éis a deich a chlog ar maidin ar an Luan.”.

CUID IV

Forálacha i ndáil le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois

Léiriú Chuid IV.

30. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “aoischárta” cárta arna eisiúint faoi alt 40 den Acht seo;

ciallaíonn “leanbh” duine atá faoi bhun 15 bliana d'aois;

folaíonn “áit chónaí phríobháideach” aon fhotheach, clós, garraí nó talamh eile atá ag gabháil léi nó a theachtar de ghnáth in éineacht léi.

Deoch mheisciúil a dhíol le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois.

31. —(1) Ní dhéanfaidh sealbhóir aon cheadúnais—

(a) deoch mheisciúil a dhíol le duine, ná a sheachadadh ar dhuine, atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, ná a cheadú d'aon duine deoch mheisciúil a dhíol le duine, ná a sheachadadh ar dhuine, atá faoi bhun 18 mbliana d'aois,

(b) deoch mheisciúil a dhíol le haon duine, ná a sheachadadh ar aon duine, ná a cheadú d'aon duine deoch mheisciúil a dhíol le duine, ná a sheachadadh ar dhuine, lena hól ina áitreabh ceadúnaithe ag duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois,

(c) a cheadú do dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois deoch mheisciúil a ól ina áitreabh ceadúnaithe, ná

(d) a cheadú d'aon duine deoch mheisciúil a sholáthar, ina áitreabh ceadúnaithe, do dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois.

(2) Ní dhéanfaidh an sealbhóir ceadúnais d'aon áitreabh ceadúnaithe deoch mheisciúil a dhíol le haon duine ná a sheachadadh ar aon duine, ná a cheadú d'aon duine deoch mheisciúil a dhíol le haon duine ná a sheachadadh ar aon duine, lena hól in áit nach ina áitreabh ceadúnaithe ag duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois in áit ar bith seachas in áit chónaí phríobháideach.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £300, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £500, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air agus measfar, chun críocha Chuid III (a bhaineann le formhuiniú ceadúnas) d'Acht 1927, gur cion é lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin.

(4) In aon imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar shárú ar fho-alt (1) nó (2) den alt seo, is cosaint é don duine sin a chruthú gur thug an duine, a bhfuil an cúiseamh á thabhairt ina leith, aoischárta a bhain leis an duine sin ar aird dó nó go raibh forais réasúnacha eile aige chun a chreidiúint go raibh an duine sin os cionn 18 mbliana d'aois nó, má tá an duine á chúiseamh ar an mbonn gur cheadaigh sé do dhuine eile deoch mheisciúil a dhíol nó a sheachadadh de shárú ar an bhfo-alt sin (1) nó (2), a chruthú gur thug an duine lena mbaineann aoischárta ar aird don duine eile sin nó go raibh forais réasúnacha eile ag an duine eile sin chun creidiúint mar a dúradh.

Deoch mheisciúil a chur ar fáil do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d'aois.

32. —(1) Ní dhéanfaidh duine—

(a) deoch mheisciúil a cheannach lena seachadadh ar dhuine, nó lena hól ag duine, atá faoi bhun 18 mbliana d'aois in áit ar bith seachas in áit chónaí phríobháideach,

(b) deoch mheisciúil a sheachadadh ar dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois in áit ar bith seachas in áit chónaí phríobháideach, nó

(c) duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois a chur chuig áit ar bith ag a ndíoltar, ag a seachadtar nó ag a ndáiltear deoch mheisciúil d'fhonn deoch mheisciúil a fháil ann.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná—

(a) £300, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £500, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air.

Cionta ag daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois.

33. —(1) Ní dhéanfaidh duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois—

(a) deoch mheisciúil a cheannach,

(b) deoch mheisciúil a ól in aon áit seachas in áit chónaí phríobháideach ina bhfuil sé de cheart nó le cead, nó

(c) d'fhonn deoch mheisciúil a fháil nó d'fhonn go gceadófaí dó í a ól, a chur i bhfios gur duine é atá os cionn 18 mbliana d'aois.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

Leanaí a eisiamh as beáir in áitribh cheadúnaithe.

34. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh sealbhóir ceadúnais aon áitribh cheadúnaithe a cheadú d'aon leanbh a bheith, tráth ar bith, sa bheár ina áitreabh ceadúnaithe.

(2) Ní bheidh sé neamhdhleathach do shealbhóir ceadúnais aon áitribh cheadúnaithe a cheadú do leanbh a bheith sa bheár ina áitreabh ceadúnaithe tráth ar bith (cé is moite de thráth a dtoirmisctear, faoi na hAchtanna, deoch mheisciúil a dhíol) má tá tuismitheoir nó caomhnóir an linbh sin in éineacht leis.

(3) Ní bheidh feidhm ag aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo i gcás linbh—

(a) arb é leanbh an tsealbhóra ceadúnais é, nó

(b) a chónaíonn san áitreabh ceadúnaithe, nó

(c) nach bhfuil ach ag dul trí bheár an áitribh cheadúnaithe d'fhonn dul isteach go dtí cuid éigin eile den áitreabh nó d'fhonn teacht aisti.

(4) Cuirfidh sealbhóir ceadúnais aon áitribh cheadúnaithe ar taispeáint in áit fheiceálach sa bheár ina áitreabh ceadúnaithe fógra á rá gur cion é, faoi réir fhorálacha alt 31 den Acht Deochanna Meisciúla, 1988 , a cheadú do leanbh (de réir bhrí an Achta sin) a bheith i mbeár tráth ar bith a gceadaítear deoch mheisciúil a dhíol, mura mbeidh tuismitheoir nó caomhnóir an linbh sin in éineacht leis.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo, nó aon duine a chuirfidh faoi deara do leanbh nó a thabharfaidh ar leanbh dul go dtí an beár nó bheith sa bheár in áitreabh ceadúnaithe, nó a fhéachfaidh lena chur faoi deara do leanbh nó lena thabhairt ar leanbh dul go dtí an beár nó a bheith ann, de shárú ar an alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £100, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £250, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air.

(6) Aon duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £20, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £50, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air.

(7) Má fhaightear leanbh i mbeár in áitreabh ceadúnaithe agus gan a thuismitheoir nó a chaomhnóir in éineacht leis, beidh tuismitheoir, nó, de réir mar a bheidh, caomhnóir an linbh, mura suífidh sé go raibh an leanbh ann amhlaidh—

(i) i ngan fhios dó nó gan toiliú uaidh, nó

(ii) de réir na n-imthosca a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo,

ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

(8) In aon imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar shárú ar fho-alt (1) den alt seo, is cosaint é don duine sin a chruthú go ndearna sé gach dícheall chun nach ligfí an leanbh isteach sa bheár nó go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint nach leanbh a bhí sa duine a líomhnaítear an cion a bheith déanta aige ina leith.

Srian le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois a bheith in áitreabh ceadúnaithe i rith tráthanna fadaithe.

35. —(1) D'ainneoin feidhm a bheith ag ordú díolúine faoi alt 4 nó 5 d'Acht 1927, nó alt 10 d'Acht 1962, maidir leis an áitreabh, ní cheadóidh sealbhóir ceadúnais aon áitribh cheadúnaithe duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois (seachas duine faoi bhun na haoise sin nach bhfuil sé toirmiscthe faoi alt 38 den Acht seo é a bheith fostaithe san áitreabh ceadúnaithe) a bheith sa chuid sin den áitreabh ceadúnaithe a úsáidtear, ar scór an ordaithe díolúine sin, chun deoch mheisciúil a dhíol nó a ól inti tráth ar bith i rith na tréimhse ar deonaíodh an díolúine ina leith.

(2) D'ainneoin feidhm a bheith ag ordú díolúine faoi alt 4 nó 5 d'Acht 1927, nó alt 10 d'Acht 1962, maidir leis an áitreabh, ní cead do dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois (seachas duine faoi bhun na haoise sin nach bhfuil sé toirmiscthe faoi alt 38 den Acht seo é a bheith fostaithe san áitreabh ceadúnaithe) a bheith sa chuid sin den áitreabh ceadúnaithe a úsáidtear, ar scór an ordaithe díolúine sin, chun deoch mheisciúil a dhíol nó a ól inti tráth ar bith i rith na tréimhse ar deonaíodh an díolúine ina leith.

(3) Cuirfidh sealbhóir ceadúnais aon áitribh cheadúnaithe a mbeidh ordú díolúine faoi alt 4 nó 5 d'Acht 1927, nó alt 10 d'Acht 1962, i bhfeidhm ina leith, fógra ar taispeáint in áit fheiceálach sa chuid den áitreabh ceadúnaithe a úsáidtear, ar scór an ordaithe díolúine sin, ar fógra é á rá gur cion é duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois a bheith sa chuid sin den áitreabh tráth ar bith i rith na tréimhse ar deonaíodh an t-ordú díolúine ina leith.

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £100, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £250, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air agus measfar, chun críocha Chuid III (a bhaineann le formhuiniú ceadúnas) d'Acht 1927, gur cion é lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

(6) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £20, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £50, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air.

(7) In aon imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar shárú ar fho-alt (1) den alt seo, is cosaint é don duine sin a chruthú go ndearna sé gach dícheall chun nach ligfí an duine faoi bhun 18 mbliana d'aois, a bhfuil an cúiseamh á thabhairt ina leith, isteach sa chuid sin den áitreabh ceadúnaithe a úsáidtear, ar scór ordaithe díolúine mar a dúradh, chun deoch mheisciúil a dhíol nó a ól inti i rith na tréimhse ar deonaíodh an díolúine ina leith nó gur thug an duine sin ar aird dó aoischárta a bhain leis an duine sin nó go raibh forais réasúnacha eile aige chun a chreidiúint go raibh an duine sin os cionn 18 mbliana d'aois.

Srian le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois a bheith in áitreabh a úsáidtear chun deoch mheisciúil a dhíol lena hól in áit nach san áitreabh.

36. —(1) I gcás go ndéantar áitreabh ceadúnaithe, nó aon chuid d'áitreabh ceadúnaithe atá deighilte ina déanamh ón gcuid eile den áitreabh, a úsáid go hiomlán nó go formhór chun deoch mheisciúil a dhíol lena hól in áit nach san áitreabh, ní cheadóidh sealbhóir ceadúnais an áitribh cheadúnaithe duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois agus nach bhfuil a thuismitheoir nó a chaomhnóir in éineacht leis (seachas duine faoi bhun na haoise sin nach bhfuil sé toirmiscthe faoi alt 38 den Acht seo é a bheith fostaithe san áitreabh ceadúnaithe) a bheith, tráth ar bith, san áitreabh sin nó, de réir mar a bheidh, sa chuid sin den áitreabh sin.

(2) Ní cead do dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois agus nach bhfuil a thuismitheoir nó a chaomhnóir in éineacht leis (seachas duine faoi bhun na haoise sin nach bhfuil sé toirmiscthe faoi alt 38 den Acht seo é a bheith fostaithe san áitreabh ceadúnaithe) a bheith, tráth ar bith, in áitreabh ceadúnaithe, nó in aon chuid d'áitreabh ceadúnaithe atá deighilte ina déanamh ón gcuid eile den áitreabh, i gcás go ndéantar an t-áitreabh sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den áitreabh sin, a úsáid go hiomlán nó go formhór chun deoch mheisciúil a dhíol lena hól in áit nach san áitreabh.

(3) I gcás go ndéantar áitreabh ceadúnaithe, nó aon chuid d'áitreabh ceadúnaithe atá deighilte ina déanamh ón gcuid eile den áitreabh, a úsáid go hiomlán nó go formhór chun deoch mheisciúil a dhíol lena hól in áit nach san áitreabh, cuirfidh sealbhóir ceadúnais an áitribh cheadúnaithe sin ar taispeáint in áit fheiceálach san áitreabh sin fógra á rá gur cion é duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus nach bhfuil a thuismitheoir nó a chaomhnóir in éineacht leis, a bheith san áitreabh sin nó, de réir mar a bheidh, sa chuid sin den áitreabh sin.

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £100, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £250, i gcás dara cion nó cion dá éis sin,

a chur air agus measfar, chun críocha Chuid III (a bhaineann le formhuiniú ceadúnas) d'Acht 1927, gur cion é lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

(6) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £20, i gcás an chéad chiona, agus

(b) £50, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air.

(7) In aon imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar shárú ar fho-alt (1) den alt seo, is cosaint é don duine sin a chruthú go ndearna sé gach dícheall chun nach ligfí an duine faoi bhun 18 mbliana d'aois, a bhfuil an cúiseamh á thabhairt ina leith, isteach san áitreabh nó in aon chuid den áitreabh a úsáidtear go hiomlán nó go formhór chun deoch mheisciúil a dhíol lena hól in áit nach san áitreabh nó gur thug an duine sin ar aird dó aoischárta a bhain leis an duine sin nó go raibh forais réasúnacha eile aige chun a chreidiúint go raibh an duine sin os cionn 18 mbliana d'aois.

Cumnachtaí an Gharda Síochána i ndáil le cionta áirithe.

37. —(1) Má bhíonn drochamhras ar chomhalta den Gharda Síochána, agus cúis réasúnach aige leis, go bhfuil cion faoi alt 31, 32 nó 33 den Acht seo á dhéanamh nó déanta, féadfaidh an comhalta lena mbaineann, aon bhuidéal nó coimeádán—

(a) atá ina sheilbh, in áit seachas áit a úsáidtear mar áit chónaí phríobháideach áitithe, ag duine a bhfuil drochamhras ar an gcomhalta sin go ndearna sé an cion nó go ndearnadh an cion ina leith agus ar dealraitheach don chomhalta é a bheith faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus

(b) a bhfuil drochamhras ar an gcomhalta sin, agus cúis réasúnach aige leis, go bhfuil deoch mheisciúil ann,

a urghabháil, a choinneáil agus a thabhairt as, gan bharántas.

(2) Má bhíonn drochamhras ar chomhalta den Gharda Síochána, agus cúis réasúnach aige leis, go bhfuil cion faoin gCuid seo déanta, féadfaidh an comhalta lena mbaineann—

(a)  (i) i gcás cion faoi alt 34 den Acht seo, a iarraidh ar an duine a ndearnadh an cion ina leith, más dealraitheach don chomhalta gur leanbh an duine sin, a ainm, a sheoladh agus a aois a thabhairt don chomhalta, nó

(ii) in aon chás eile, a iarraidh ar an duine a bhfuil drochamhras ar an gcomhalta sin go ndearna sé an cion, nó go ndearnadh an cion ina leith, a ainm, a sheoladh agus a aois a thabhairt don chomhalta sin, nó

(b) a iarraidh ar thuismitheoir nó, de réir mar a bheidh, ar chaomhnóir an duine a rinne an cion nó a ndearnadh an cion ina leith, ainm, seoladh agus aois an duine sin a thabhairt dó.

(3) Aon duine a n-iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána air, de bhun fho-alt (2) den alt seo, ainm, seoladh agus aois a thabhairt dó agus a mhainneoidh nó a dhiúltóidh an t-ainm, an seoladh nó an aois a thabhairt don chomhalta, nó a thabharfaidh ainm, seoladh nó aois a mbeidh forais réasúnacha ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil siad bréagach nó míthreorach, féadfaidh an comhalta an duine sin a ghabháil gan bharántas agus, má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an duine an t-ainm, an seoladh nó an aois a iarrfar air, a thabhairt don chomhalta nó má thugann sé ainm, seoladh nó aois atá bréagach nó míthreorach don chomhalta, beidh an duine ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

(4) Chun críocha an ailt seo féadfaidh comhalta den Gharda Síochána dul isteach, gan bharántas, in áit nach áit phoiblí.

Daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois a fhostú.

38. —(1) Ní fhostóidh sealbhóir ceadúnais aon áitribh cheadúnaithe—

(a) aon duine is deirfiúr, leasdeirfiúr, iníon, leasiníon nó deirfiúr céile leis agus a chónaíonn leis agus atá faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

(b) aon duine is deartháir, leasdeartháir, mac, leasmhac nó deartháir céile leis agus a chónaíonn leis agus atá faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

(c) aon duine is duine atá ar phrintíseacht ag an sealbhóir ceadúnais agus atá faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

(d) aon duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, seachas duine dá dtagraítear i mír (a), (b) nó (c) den fho-alt seo atá os cionn 16 bliana d'aois,

chun deoch mheisciúil a dhíol lena hól ina áitreabh ceadúnaithe nó in áit nach san áitreabh ná ní cheadóidh sealbhóir ceadúnais den sórt sin d'aon duine den sórt sin a bheith ag gabháil d'aon díol den sórt sin ina áitreabh ceadúnaithe.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £50, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £100, i gcás dara cion nó cion dá éis sin,

a chur air agus measfar, chun críocha Chuid III (a bhaineann le formhuiniú ceadúnas) d'Acht 1927 gur cion é lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin.

Cruthúnas ar aois in ionchúiseamh.

39. —(1) Más rud é, in aon ionchúiseamh faoi alt 31, 32, 33, 35, 36, 37 nó 38 den Acht seo, go líomhnaítear, maidir leis an duine a rinne an cion nó a ndearnadh an cion ina leith, gur dhuine faoi bhun 18 mbliana d'aois é agus gur dealraitheach don Chúirt gur dhuine faoi bhun na haoise sin é an tráth a rinneadh an cion, toimhdeofar chun críocha na Coda seo gó raibh an duine sin faoi bhun 18 mbliana d'aois ar an dáta sin, mura gcruthófar a mhalairt.

(2) Más rud é, in ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 34 den Acht seo, go líomhnaítear gur leanbh an duine a ndearnadh an cion ina leith, agus gur dealraitheach don Chúirt gur leanbh an duine sin an tráth a rinneadh an cion, toimhdeofar chun críocha na Coda seo gur leanbh an duine sin ar an dáta sin, mura gcruthófar a mhalairt.

Aoischártaí.

40. —(1) Féadfaidh an tAire a shocrú le rialacháin go ndéanfar cárta (dá ngairtear “aoischárta” sa Chuid seo) ina sonrófar aois an duine a eisiúint chuig duine atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn, má iarrann an duine amhlaidh agus faoi réir na rialacháin a bheith comhlíonta aige.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfar socrú a dhéanamh i rialacháin faoin alt seo i ndáil leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon ní acu:

(a) an fhaisnéis, maidir le haois agus le haon ní eile a shonrófar sna rialacháin, a bheidh le tabhairt ag duine (dá ngairtear “an t-iarratasóir” san fho-alt seo) a dhéanfaidh iarratas go n-eiseofaí aoischárta,

(b) foirm iarratais ar aoischárta,

(c) táillí a mhuirearú agus a íoc i leith aoischárta a eisiúint nó a athsholáthar,

(d) foirm aoischárta agus na sonraí (a bhféadfadh grianghraf den sealbhóir a bheith ar áireamh iontu) a bheidh le sonrú in aoischárta,

(e) tréimhse bailíochta aoischárta,

(f) an duine a eiseoidh aoischárta,

(g) aon ní eile ar dóigh leis an Aire gur gá nó gur fóirsteanach socrú a dhéanamh i ndáil leis.

Aoischártaí a bhrionnú nó a athrú.

41. —(1) Ní dhéanfaidh duine doiciméad a airbheartaíonn gur aoischárta é a bhrionnú, aoischárta a athrú, ná úsáid a bhaint as doiciméad den sórt sin nó as aoischárta athraithe, le hintinn duine a mheabhlú.

(2) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air.

CUID V

Clubanna Cláraithe

Leasú ar alt 4 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904.

42. —(1) Leasaítear leis seo alt 4 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (j):

“(j) That no excisable liquors shall be sold or supplied in the club premises to any person under the age of eighteen years:

(k) That no person under the age of eighteen years shall be admitted as a member of the club unless the club is one primarily devoted to some athletic purpose:”.

(2)  (a) Chun críocha Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1986, measfar, ar feadh na hidirthréimhse, rialacha club a bheidh cláraithe faoi na hAchtanna sin ag dáta rite an Achta seo, a bheith ar comhréir le forálacha alt 4 (arna leasú leis an alt seo) den Registration of Clubs Act, 1904.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse dar tús dáta rite an Achta seo agus dar críoch an tráth a éagfaidh an deimhniú cláraitheachta maidir leis an gclub a bheidh i bhfeidhm dhá mhí tar éis an dáta sin, nó, más túisce a tharlóidh sin, an dáta a chuirfear rialacha an chlub ar comhréir leis an alt sin 4, arna leasú amhlaidh.

Cuardach clubanna ag comhalta den Gharda Síochána.

43. —(1) Más é tuairim aon chomhalta den Gharda Síochána go bhfuil forais réasúnacha ann chun a cheapadh go bhfuil aon chlub atá cláraithe faoin Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, á bhainisteoireacht nó á sheoladh ar shlí a bheadh ina fhoras le hagóid a dhéanamh i gcoinne a dheimhniú a athnuachan faoin Acht sin, nó go bhfuil cion faoin Acht sin déanta nó á dhéanamh in aon chlub den sórt sin, nó go ndéantar aon deoch inmháil a dhíol nó a sholáthar, nó a choinneáil lena díol nó lena soláthar in áitreabh club nach bhfuil cláraithe faoin Acht sin, féadfaidh sé dul isteach in áitreabh an chlub sin agus cuardach a dhéanamh ann agus ainmneacha agus seoltaí aon daoine a gheofar ann a thógáil.

(2) I gcás go ndiúltóidh aon duine a gheofar in áitreabh den sórt sin a ainm nó a sheoladh a thabhairt nuair a iarrfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána den sórt sin air é nó go dtabharfaidh sé ainm nó seoladh bréagach, dlífear, ar an duine sin a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

(3) Gach duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh, cibé é féin nó trí aon duine a bheidh fostaithe aige nó a bheidh ag gníomhú faoina threoir nó le toiliú uaidh, aon chomhalta den Gharda Síochána a bheidh, i bhfeidhmiú a dhualgais, ag éileamh dul isteach de bhun an ailt seo, a ligean isteach, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £200, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £300, i gcás dara cion nó cion dá éis sin,

a chur air.

Agóidí i gcoinne deimhnithe club a dheonú.

44. —Leasaítear leis seo alt 3 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) The registrar shall forthwith give notice of such application to the superintendent of the Garda Síochána for the Garda district in which the club, the subject of the application, is situated and, if no objections are taken as hereinafter provided, the court shall, if satisfied that the application has been duly made as aforesaid and that the rules of the club are in conformity with the provisions of this Act, grant the application.

(2) It shall be competent for such superintendent of the Garda Síochána, on receiving such notice, and for any person resident in the parish in which the club premises are situated, to lodge objections to the grant of the certificate on any of the grounds of objection specified in this Act and it shall be competent for any person to lodge objections to the renewal of the certificate on any such grounds. Such objections shall be lodged by the objectors with the registrar within ten days of the receipt or publication of the notice of application, and at the same time a copy of the objections shall be sent by them to the secretary of the club applying for the grant or renewal of a certificate.”.

Srianta le fógráin a bhaineann le dálais i gclubanna.

45. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní fhoilseoidh duine, ná ní chuirfidh sé á fhoilsiú, aon fhógrán ag tarraingt aird ar aon dálas a bheidh le seoladh in áitreabh club chláraithe.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—

(a) maidir le foilsiú fógra taobh istigh d'áitreabh an chlub chláraithe a mbeidh an dálas le seoladh ann, nó

(b) maidir le haon fhógrán sa mhéid go mbaineann sé le dálas a mbeidh baint aige le haon spórt, cluiche nó caitheamh aimsire fisiciúil nach dtarlaíonn taobh amuigh de na tráthanna a gceadaítear deoch inmháil a sholáthar nó a ól in áitreabh an chlub de réir rialacha an chlub, nó

(c) maidir le haon chiorclán a eiseoidh club cláraithe dá chuid comhaltaí.

(3) I gcás go ndéanfar sárú ar fho-alt (1) den alt seo, ansin beidh—

(a) an club cláraithe,

(b) gach duine a bheidh taifeadta i gclár na gclubanna mar oifigeach don chlub nó mar bhall de choiste bainistíochta nó de chomhlacht rialaithe an chlub an tráth a fhoilseofar an fógrán, agus

(c) aon duine a d'fhoilsigh an fógrán nó a chuir faoi deara é a fhoilsiú,

ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(i) £300, i gcás an chéad chiona, nó

(ii) £500, i gcás dara cion nó cion dá éis sin,

a chur air.

(4) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) is cosaint é do dhuine a luaitear i bhfo-alt (3) (b) den alt seo a chruthú gur eisíodh an fógrán gan toiliú nó cúlcheadú uaidh nó go ndearna sé gach dícheall chun cosc a chur le foilsiú aon fhógráin den sórt sin, agus

(b) is cosaint é do dhuine a luaitear i bhfo-alt (3) (c) den alt seo a chruthú gurb é an gnó atá aige fógráin a fhoilsiú nó a shocrú iad a fhoilsiú agus go bhfuair sé an fógrán atá i gceist lena fhoilsiú i ngnáthchúrsa a ghnó agus nárbh eol dó agus nach raibh aon chúis amhrais aige gur chion a bheadh ann faoin bhfo-alt sin (1) é a fhoilsiú.

(5) Chun críocha an ailt seo aon fhógrán a fhoilseofar trína chur ar taispeáint nó a chur suas, measfar é a bheith arna fhoilsiú gach lá a mbeidh sé ar taispeáint nó curtha suas.

(6) San alt seo ciallaíonn “fógrán” gach cineál fógraíochta, cibé acu i bhfoilseachán nó trí fhógraí a chur ar taispeáint nó trí chiorcláin nó doiciméid eile nó trí ghrianghraif nó scannán cineamatagrafach a thaispeáint, nó trí chraolachán fuaime nó trí theilifís nó trína bheith ar áireamh i seirbhís clár cábla, agus déanfar tagairtí d'fhoilsiú fógráin a fhorléiriú dá réir sin.

Leasú ar alt 5 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904.

46. —Déanfar an tagairt in alt 5 (d) den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, do chúig chomhalta is fiche a fhorléiriú, maidir le hagóidí i gcoinne deimhniú cláraitheachta faoin Acht sin a dheonú tar éis an tAcht seo a rith, mar thagairt do chéad comhalta is caoga.

CUID VI

Ilghnéitheach

Forálacha i ndáil le deochanna meisciúla a dhíol in ollmhargaí, etc.

47. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le haon áitreabh nach ndéantar deochanna meisciúla a dhíol ann lena n-ól san áitreabh, ach ina ndéantar deochanna meisciúla a dhíol lena n-ól in áit nach san áitreabh ar scór eischeadúnais nó ar scór ar-cheadúnais fíona agus ina ndéantar tráchtearraí seachas deochanna meisciúla a mhiondíol.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le haon áitreabh arb é an t-aon ghnó amháin a dhéantar ann deochanna meisciúla a dhíol lena n-ól in áit nach san áitreabh chomh maith le tráchtearraí a dhíol a fhoghabhann leis an ngnó sin, fearacht toitíní, tobac, todóga, lasán, milseogra agus deochanna seachas deochanna meisciúla.

(3) Ní dhéanfar, in aon áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, deochanna meisciúla a dhíol ar mhodhanna féinseirbhíse agus ní dhíolfar san áitreabh iad ar bhealach seachas ó chuntar le haghaidh deochanna meisciúla.

(4) Más rud é, in aon áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, go ndéanfar sárú ar fhorálacha an ailt seo, beidh an sealbhóir ceadúnais i leith an áitribh ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air agus measfar, chun críocha Chuid III (a bhaineann le formhuiniú ceadúnas) d'Acht 1927, gur cion é lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “modhanna féinseirbhíse” aon mhodh díola a ligeann do chustaiméir an rud atá á dhíol a fháil dó féin nuair a íocfaidh sé as nó sula n-íocfaidh sé as;

ciallaíonn “cuntar le haghaidh deochanna meisciúla” cuntar, nó cuid ar leithligh den áitreabh ceadúnaithe lena mbaineann, nach ndíoltar tráchtearraí seachas deochanna meisciúla uaidh nó nach n-íoctar as na tráchtearraí sin aige.

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Leasú ar alt 12 d'Acht 1927 (deimhnithe tighe bhidh).

48. —Leasaítear leis seo alt 12 d'Acht 1927 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A) (a cuireadh isteach le halt 8 den Acht Deocha Meisciúla, 1943 ):

“(1B) Más rud é, tar éis iarratas a dhéanamh de bhun alt 4 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986 , chuig oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar athnuachan ar-cheadúnais gan deimhniú ón gCúirt Dúiche a bheith tugtha ar aird, go n-iarrfaidh an t-iarratasóir ar an gCúirt a dheimhniú gur tigh bidh chun críocha an Achta seo an t-áitreabh a bhfuiltear ag iarraidh an archeadúnas a athnuachan ina leith, beidh feidhm agus éifeacht le forálacha fho-alt (1) den alt seo ionann is dá mba iarratas de réir an fho-ailt sin ar dheimhniú tighe bhidh an t-iarratas sin chun na Cúirte.”.

Leasú ar alt 18 d'Acht 1962 (ceadúnais do rásrianta cúnna).

49. —Leasaítear leis seo alt 18 (2) d'Acht 1962 trí “tríocha nóiméad tar éis an ama a thosóidh an rás deireannach den chruinniú” a chur in ionad “an t-am a thosóidh an rás deireannach den chruinniú” i bhfomhír (ii).

“Ceadúnas” in alt 4 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986 .

50. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986 , trí “agus folaíonn sé ceadúnas arna dheonú faoi alt 13 den Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860” a chur isteach i ndiaidh “chun go ndeonófar é” sa mhíniú ar “ceadúnas”.

Fíneálacha a mhéadú.

51. —Déantar leis seo gach foráil a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo den achtachán a luaitear i gcolún (1) den Sceideal sin os coinne lua na forála sa cholún sin (2) a leasú mar a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin os coinne lua na forála sa cholún sin (2).

AN SCEIDEAL

Alt 51.

Fíneálacha a Mhéadú

Achtachán

Foráil

Leasú

(1)

(2)

(3)

Licensing Act, 1872

Alt 12 (penalties for drunkenness)

“£50” a chur in ionad “forty shillings” sa dara mír.

Licensing Act, 1872

Alt 13 (permitting drunkenness or violent conduct on licensed premises and supplying intoxicating liquor to disorderly persons)

“£200” a chur in ionad “for the first offence ten pounds, and not exceeding for the second and any subsequent offence twenty pounds”.

Licensing Act (Ireland), 1874

Alt 23 (powers of constables to enter licensed premises and the penalty for obstructing such entry)

“£200” a chur in ionad “five pounds” agus “£300” a chur in ionad “ten pounds”.

Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904

Alt 8 (penalties for supplying intoxicating liquor for consumption outside registered club)

“£100 and for a second or a subsequent offence £150” a chur in ionad “seven pounds, for a second offence fifteen pounds and for a third or subsequent offence thirty pounds”.

Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904

Alt 10 (penalties for offences by officials of registered clubs)

“£300 and for a second or a subsequent offence, whether in connection with the same or another club, £500” a chur in ionad “seven pounds, for a second offence, whether in connexion with the same or another club fifteen pounds and for the third or subsequent offence as aforesaid thirty pounds”.

Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904

Alt 12 (penalty for making false application for registration)

“£100” a chur in ionad “fifty pounds”.

Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1908

Alt 10 (penalty for aiding and abetting a drunken person)

“£50” a chur in ionad “forty shillings”.

An tAcht Deocha Meisciúla, 1927

Alt 17 (cionta maidir le tráthanna toirmiscthe) (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 1960)

“£25” a chur in ionad “punt” agus “£50” a chur in ionad “cúig phunt”.

An tAcht Deocha Meisciúla, 1927

Alt 22 (duine do mhainneachtain ainm agus seoladh a thabhairt do gharda má fhaightear é in áitreabh ceadúnaithe i rith tráthanna toirmiscthe)

“£50” a chur in ionad “cúig púint”.

An tAcht Deocha Meisciúla, 1927

Alt 58 (pionós ar chlub i gcás go soláthrófar nó go n-ólfar deoch mheisciúil in áitreabh an chlub de shárú ar rialacha an chlub)

“£300” a chur in ionad “fiche punt” agus “£500” a chur in ionad “dachad punt”.

An tAcht Deochanna Meisciúla, 1962

Alt 29 (ceadú do dhaoine a bheith in áitreabh ceadúnaithe le linn tráthanna toirmiscthe)

“£300” a chur in ionad “£20” agus “£600” a chur in ionad “£40”.