20 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 20 de 1988


AN tACHT RAIDIÓ AGUS TEILIFÍSE, 1988


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach

Alt

1.

Gearrtheideal.

2.

Léiriú.

CUID II

An Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách

3.

Bunú an Choimisiúin.

4.

Feidhmeanna an Choimisiúin.

CUID III

Seirbhísí Craolacháin Fuaime

5.

Iarratais ar chonarthaí craolacháin fuaime.

6.

Cinneadh ar iarratais go ndeonófaí conarthaí craolacháin fuaime.

7.

Ceadúnas le haghaidh tarchuradóra craolacháin fuaime a athrú.

8.

Conarthaí le haghaidh seirbhísí craolacháin fuaime sealadacha nó institiúideacha.

9.

Dualgas conraitheora craolacháin fuaime i ndáil le cláir.

10.

Fógráin.

11.

Gearáin ón bpobal.

12.

Feidhm orduithe faoi alt 31 (1) den Acht um Údarás Craolacháin, 1960.

13.

Gnóthaí conraitheora craolacháin fuaime a fhiosrú.

14.

Téarmaí agus coinníollacha conartha craolacháin fuaime.

15.

Maolú ar cheanglais a bhaineann le cláir nuachta agus cúrsaí reatha.

16.

Comhar le Radio Telefís Éireann in úsáid suiteála craolacháin.

CUID IV

Seirbhís Clár Teilifíse

17.

Iarratais ar chonradh seirbhíse clár teilifíse.

18.

Feidhm fhorálacha áirithe de Chuid III maidir le conradh seirbhíse clár teilifíse.

CUID V

Ilghnéitheach

19.

Leasú ar an Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926.

20.

Méideanna a bheidh le híoc ag an Aire leis an gCoimisiún.

21.

Caiteachais.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Údarás Craolacháin, 1960

1960, Uimh. 10

An tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976

1976, Uimh. 37

Na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1979

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1926

1926, Uimh. 45

Na hAchtanna Raidio-Theileagrafaíochta, 1926 go 1972

An tAcht um Chosaint Taibheoirí, 1968

1968, Uimh. 19

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

/images/harp.jpg


Uimhir 20 de 1988


AN tACHT RAIDIÓ AGUS TEILIFÍSE, 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ D'FHONN COIMISIÚN UM RAIDIÓ AGUS TEILIFÍS NEAMHSPLEÁCH A BHUNÚ A mBEIDH D'FHEIDHM AIGE CONARTHAÍ A DHÉAN-AMH CHUN SEIRBHÍSÍ CRAOLACHÁIN FUAIME AGUS SEIRBHÍS CLÁR TEILIFÍSE DE BHREIS AR NA SEIRBH-ÍSÍ A SHOLÁTHRAÍONN RADIO TELEFÍS ÉIREANN A CHUR AR FÁIL; DO LEASÚ AN ACHTA RADIO-THEL-EGRAFAÍOCHTA, 1926 ; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [3 Iúil, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Raidió agus Teilifíse, 1988 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

tá le “gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta” an bhrí a shonraítear san Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 ;

ciallaíonn “craoladh” tarchur, leaschraoladh nó leathadh a dhéanamh, trí raidió-theileagrafaíocht, ar chumarsáidí, fuaimeanna, síneacha, amharc-íomhánna nó comharthaí, a bhfuil sé beartaithe go nglacfar go díreach iad ag an bpobal i gcoitinne, cibé acu a ghlactar nó nach nglactar na cumarsáidí, na fuaimeanna, na síneacha, na hamharcíomhánna nó na comharthaí sin iarbhír;

ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún a bhunaítear le Cuid II;

tá le “cuideachta” an bhrí a shanntar dó le hAcht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide;

ciallaíonn “seirbhís craolacháin fuaime” seirbhís craolacháin a dhéanann tarchur, leaschraoladh nó leathadh, trí raidiótheileagrafaíocht, ar chumarsáidí, fuaimeanna, síneacha nó comharthaí a bhfuil sé beartaithe go nglacfar go díreach iad ag an bpobal i gcoitinne, cibé acu a ghlactar nó nach nglactar na cumarsáidí, na fuaimeanna, na síneacha nó na comharthaí sin iarbhír;

ciallaíonn “seirbhís clár teilifíse” seirbhís arb é atá inti teaglaim d'ábhar cláir closamhairc de thuairisc ar bith agus a tharchuirtear nó a leaschraoltar trí raidió-theileagrafaíocht lena glacadh go díreach nó go neamhdhíreach ag an bpobal i gcoitinne.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán dá éis sin (lena n-áirítear an tAcht seo).

CUID II

An Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách

Bunú an Choimisiún.

3. —(1) Ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar An Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách.

(2) Beidh an Coimisiún ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

(3) Beidh feidhm maidir leis an gCoimisiún ag forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.

Feidhmeanna an Choimisiúin.

4. —(1) Beidh sé d'fheidhm ag an gCoimisiún a shocrú, de réir fhorálacha an Achta seo, go gcuirfear ar fáil seirbhísí craolacháin fuaime (lena n-áirítear seirbhís craolacháin fuaime náisiúnta) agus seirbhís clár teilifíse amháin de bhreis ar aon seirbhísí craolacháin a sholáthraíonn Radio Telefís Éireann de bhun na nAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1979.

(2) (a) Déanfaidh an Coimisiún conarthaí (dá ngairtear “conarthaí craolacháin fuaime” san Acht seo) le daoine (dá ngairtear “conraitheoirí craolacháin fuaime” san Acht seo) faoina mbeidh sé de cheart ag na conraitheoirí craolacháin fuaime agus de dhualgas orthu, faoi réir fhorálacha an Achta seo, tarchuradóirí craolacháin fuaime a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, a fhreastalóidh ar na limistéir a bheidh sonraithe sa chonradh craolacháin fuaime chomh maith le seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil de réir mar a bheidh sonraithe sa chonradh craolacháin fuaime.

(b) Déanfaidh an Coimisiún freisin conradh (dá ngairtear “conradh seirbhíse clár teilifíse” san Acht seo) le duine nó daoine (dá ngairtear “conraitheoir seirbhíse clár teilifíse” san Acht seo) a mbeidh sé de cheart aige agus de dhualgas air seirbhís clár teilifíse a chur ar fáil.

(3) Ní údaróidh an Coimisiún do chonraitheoir craolacháin fuaime tarchuradóir craolacháin fuaime a oibriú agus seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil de bhun conartha craolacháin fuaime mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, ceadúnas maidir leis an tarchuradóir craolacháin fuaime lena mbaineann an conradh eisithe ag an Aire de bhun an fho-ailt seo chuig an gCoimisiún.

(4) Ní bailí d'aon cheadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (3) ach amháin go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh conradh craolacháin fuaime ar marthain idir an Coimisiún agus conraitheoir craolacháin fuaime.

(5) Beidh coinníoll i ngach conradh craolacháin fuaime á cheangal ar an gconraitheoir craolacháin fuaime áirithe an tarchuradóir craolacháin fuaime áirithe a bhunú, a chothabháil agus a oibriú de réir cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Aire a chur ag gabháil leis an gceadúnas dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (lena n-áirítear aon athruithe arna ndéanamh ar an gceadúnas de réir fhorálacha alt 7 den Acht seo) agus fad a dhéanfar de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha, beidh d'éifeacht leis an gconradh tairbhí an cheadúnais a thabhairt don chonraitheoir craolacháin fuaime agus measfar aon tarchuradóir den sórt sin arna bhunú, arna chothabháil agus arna oibriú amhlaidh, a bheith ceadúnaithe chun críocha alt 3 den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 .

(6) Beidh gach ceadúnas arna eisiúint ag an Aire chuig an gCoimisiún faoi fho-alt (3) ar fáil lena iniúchadh ag baill den phobal in oifigí cláraithe an Choimisiúin.

(7) Beidh sé de dhualgas ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach conraitheoir craolacháin fuaime agus an conraitheoir seirbhíse clár teilifíse forálacha an Achta seo.

(8) Beidh ag an gCoimisiún na cumhachtaí sin go léir is gá le haghaidh comhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo, nó a bhainfidh lena gcomhlíonadh, lena n-áirítear, go háirithe, an chumhacht a cheangal ar chonraitheoirí craolacháin fuaime agus ar an gconraitheoir seirbhíse clár teilifíse dul i mbannaí airgeadais leis an gCoimisiún agus a ordú do chonraitheoir taifeadadh a dhéanamh d'aon cheann nó de gach ceann de na cláir a chraolann sé, i gcás conradh craolacháin fuaime, nó a chuireann sé ar fáil, i gcás conradh seirbhíse clár teilifíse, agus na taifeadtaí sin a choinneáil go ceann tréimhse 30 lá tar éis an taifeadadh a dhéanamh agus na taifeadtaí sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, má cheanglaíonn an Coimisiún amhlaidh.

(9) (a) Ní sárú é ar an gcóipcheart in aon saothar, taifeadadh fuaime nó scannán cineamatagrafach, ná

(b) ní cion é faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta um Chosaint Taibheoirí, 1968 ,

conraitheoir do dhéanamh taifeadadh de bhun ordaithe ón gCoimisiún de bhun fho-alt (8), agus an Coimisiún d'úsáid aon taifeadadh den sórt sin chun críocha a fheidhmeanna faoin Acht seo, agus chuige sin amháin.

(10) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (8), beidh de chumhacht ag an gCoimisiún—

(a) cibé conarthaí, comhaontuithe agus comhshocraíochtaí a dhéanamh, agus na nithe eile sin go léir a dhéanamh, a bheidh teagmhasach do chuspóirí an Choimisiúin nó cuiditheach leo;

(b) cóipchearta, paitinní, ceadúnais, pribhléidí agus lamháltais a fháil agus leas a bhaint astu;

(c) cibé irisí, leabhair agus ábhar clóite eile agus cibé ábhar éisteachta agus ábhar féachana is dealraitheach don Choimisiún a bheith teagmhasach dá aidhmeanna nó cuiditheach leo a thiomsú, a ullmhú, a fhoilsiú agus a dháileadh. faoi réir muirir nó gan mhuirear;

(d) faoi réir thoiliú an Aire, socrú a dhéanamh go gcuirfeadh conraitheoir craolacháin fuaime nó an conraitheoir seirbhíse clár teilifíse seirbhísí ar fáil, faoi réir muirir nó gan mhuirear, d'aon Aire den Rialtas nó thar a cheann;

(e) a cheangal ar chonraitheoirí craolacháin fuaime agus ar an gconraitheoir seirbhíse clár teilifíse comhoibriú leis an nGarda Síochána, le húdaráis áitiúla agus le boird sláinte chun faisnéis ábhartha a scaipeadh ar an bpobal i gcás éigeandálaí tromchúiseacha.

(11) Fad a mhairfidh aon éigeandáil arna fógairt faoi alt 10 den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 , féadfaidh an tAire aon cheadúnas a eisíodh faoi fho-alt (3) a chur ar fionraí agus, fad a leanfaidh aon fhionraí den sórt sin, feadfaidh an tAire aon seirbhís a bhí á cur ar fáil faoin gceadúnas fionraithe a oibriú nó féadfaidh sé a cheangal an tseirbhís sin a oibriú de réir mar a ordóidh sé.

CUID III

Seirbhísí Craolacháin Fuaime

Iarratais ar chonarthaí craolacháin fuaime.

5. —(1) D'fhonn forbairt rianúil ar sheirbhísí craolacháin fuaime a áirithiú agus, ag féachaint do na minicíochtaí raidió atá ar fáil le haghaidh craoladh fuaime, chun go mbunófaí éagsúlacht seirbhísí i limistéar chun freastal ar réimse fairsing ábhar is díol spéise do dhaoine, lena n-áirítear ábhair is díol spéise do leasanna mionlaigh, déanfaidh an Coimisiún a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe, agus féadfaidh sé ó am go ham dá éis sin, trí fhógra a fhoilsiú i gceann amháin ar a laghad de na nuachtáin náisiúnta, cuireadh a thabhairt chun spéis a nochtadh i ngnóthú conarthaí le haghaidh seirbhísí craolacháin fuaime faoin Acht seo. Leagfar amach go ginearálta i nochtadh spéise den sórt sin cén cineál seirbhíse a chuirfí ar fáil agus ní ghlacfar leis gur iarratas ar chonradh craolacháin fuaime é.

(2) Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil don Aire faoina bhfuil faighte amach aige faoi fho-alt (1) agus, tar éis don Aire an tuarascáil a bhreithniú agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, sonróidh sé an limistéar (a bhféadfaidh an Stát uile nó aon chuid den Stát a bheith i gceist ann) a ndéanfar iarratais ar chonradh craolacháin fuaime a lorg i ndáil leis agus déanfaidh an Coimisiún de réir na treorach sin.

(3) Féadfaidh an tAire, ag féachaint don tuarascáil a bheidh tugtha ag an gCoimisiún faoi fho-alt (2) agus ag féachaint do na minicíochtaí raidió a bheidh ar fáil le haghaidh craoladh fuaime, teorainn a chur leis an líon limistéar a fhéadfaidh sé a shonrú faoin bhfo-alt sin.

(4) Déanfaidh an Coimisiún, faoi réir fhorálacha an Achta seo, iarratais a lorg ar chonradh craolacháin fuaime chun seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil i ngach limistéar a bheidh sonraithe ag an Aire faoi fho-alt (2) agus féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha an Achta seo, conarthaí den sórt sin a dhéanamh.

(5) I gcás go lorgóidh an Coimisiún iarratais ar chonradh craolacháin fuaime chun seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil, sonróidh sé, trí fhógra poiblí, an limistéar ar i ndáil leis a dhéanfar an tseirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil de bhun an chonartha sin, agus tabharfaidh sé, tríd an bhfógra sin, cuireadh do dhaoine ar spéis leo seirbhís den sórt sin a chur ar fáil cur isteach ar an gconradh sin.

(6) Ag féachaint dá mbeidh faighte amach ag an gCoimisiún faoi fho-alt (1) féadfaidh an Coimisiún, le linn dóibh breithniú a dhéanamh ar iarratais go ndeonófaí conradh craolacháin fuaime, béim níos mó a chur ar cheann amháin nó níos mó de na critéir a shonraítear in alt 6 (2) den Acht seo agus aon uair a bheartaíonn an Coimisiún déanamh amhlaidh, cuirfidh sé a bhfuil beartaithe aige in iúl go sonrach do gach duine a thug le fios go bhfuil ar intinn aige cur isteach ar chonradh.

(7) Maidir le gach fógra faoi fho-alt (5)—

(a) foilseofar é i nuachtán náisiúnta amháin ar a laghad agus, más cuí, i nuachtán áitiúil amháin a léitear sa limistéar ar a mbeifear chun freastal;

(b) sonrófar ann an nós imeachta a bheidh le leanúint d'fhonn iarratas a dhéanamh;

(c) sonrófar ann aon nithe eile is dóigh leis an gCoimisiún is gá nó is iomchuí.

Cinneadh ar iarratais go ndeonófaí conarthaí craolacháin fuaime.

6. —(1) Déanfaidh an Coimisiún, de réir fhorálacha an Achta seo, breithniú ar gach iarratas ar chonradh craolacháin fuaime a bheidh faighte aige de bhun fógra faoi alt 5 (5) d'fhonn a chinneadh cé hé an t-iarratasóir is oiriúnaí, más ann, chun conradh craolacháin fuaime a dheonú dó.

(2) Le linn don Choimisiún na hiarratais a bheidh faighte aige a bhreithniú agus le linn dó an t-iarratasóir is oiriúnaí a chinneadh chun conradh craolacháin fuaime a dheonú dó, beidh aird ag an gCoimisiún ar na nithe seo a leanas—

(a) carachtar an iarratasóra nó, más comhlacht corpraithe an t-iarratasóir, carachtar an chomhlachta agus na stiúrthóirí, an bhainisteora, an rúnaí, nó oifigigh eile den sórt sin de chuid an chomhlachta sin agus carachtar na gcomhaltaí den chomhlacht sin agus na ndaoine a bhfuil teideal acu chuig úinéireacht thairbhiúil a chuid scaireanna;

(b) leordhóthanacht an tsaineolais agus na taithí agus na n-acmhainní airgeadais a bheidh ar fáil do gach iarratasóir agus a mhéid a bheidh an t-iarratas ag teacht le dea-phrionsabail eacnamaíochta;

(c) cáilíocht, réimse agus cineál na gclár a bheartaíonn gach iarratasóir, nó mura mbeidh ann ach iarratasóir amháin, an t-iarratasóir sin, a chur ar fáil;

(d) líon, cáilíocht, réimse agus cineál na gclár Gaeilge agus réim na gclár i ndáil le cultúr na hÉireann a bheartaítear a chur ar fáil;

(e) a mhéid a dhéanfaidh an t-iarratasóir, laistigh den tseirbhís craolacháin fuaime atá beartaithe, deiseanna nua a chruthú d'Éireannaigh a bhfuil buanna acu sa cheol, sa drámaíocht agus sa tsiamsaíocht;

(f) a inmhianaithe atá sé éagsúlacht seirbhísí a bheith ar fáil sa limistéar a bheidh sonraithe san fhógra faoi alt 5 (5) chun freastal ar réimse fairsing ábhar is díol spéise do dhaoine, lena n-áirítear ábhair is díol spéise do leasanna mionlaigh;

(g) a inmhianaithe atá sé ligean d'aon duine, nó d'aon ghrúpa daoine, rialú a bheith aige nó acu ar líon as cuimse de na seirbhísí craolacháin fuaime, nó leasanna substaintiúla a bheith aige nó acu iontu, ar seirbhísí iad a mbeidh conradh craolacháin fuaime deonaithe faoin Acht seo ina leith;

(h) a inmhianaithé atá sé ligean d'aon duine, nó d'aon ghrúpa daoine, rialú a bheith aige nó acu ar mhéid as cuimse de na meáin chumarsáide, nó leasanna substaintiúla a bheith aige nó acu iontu, sa limistéar a bheidh sonraithe san fhógra faoi alt 5 (5);

(i) a mhéid a dhéanann an tseirbhís bheartaithe—

(i) freastal ar phobail is inaitheanta mar phobail áitiúla agus a mhéid atá tacaíocht aici ó na leasanna éagsúla sa phobal, nó

(ii) freastal ar phobail chomhleasa, agus

(j) aon nithe eile is dóigh leis an gCoimisiún is gá chun forbairt rianúil ar sheirbhísí craolacháin fuaime a áirithiú.

(3) Le linn don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar oiriúnacht aon iarratasóra chun conradh craolacháin fuaime a dheonú dó le seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil maidir le limistéar a bhfuil limistéar Gaeltachta ar áireamh ann, beidh aird ar leith ag an gCoimisiún ar chaomhnú na Gaeilge mar theanga labhartha.

Ceadúnas le haghaidh tarchuradóra craolacháin fuaime a athrú.

7. —(1) Más dóigh leis an Aire gur gá déanamh amhlaidh mar gheall ar aon cheann de na cúiseanna a shonraítear i bhfo-alt (2), féadfaidh sé aon téarma nó coinníoll a bheidh i gceadúnas arna eisiúint de bhun alt 4 (3) a athrú.

(2) Féadfaidh an tAire aon téarma nó coinníoll a bheidh i gceadúnas arna eisiúint faoi alt 4 (3) a athrú—

(a) más dealraitheach dó gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le dea-bhainisteoireacht na minicíochtaí raidió;

(b) d'fhonn éifeacht a thabhairt d'aon chomhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stát, ar comhaontú é a bheidh daingnithe ag an Stát agus a bhaineann le craoladh fuaime;

(c) más dealraitheach dó gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh;

(d) más dealraitheach dó gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le sábháilteacht nó slándáil daoine nó maoine;

(e) ar an gCoimisiún dá iarraidh sin tar éis dóibh dul i gcomhairle le haon chonraitheoir craolacháin fuaime ar a bhfearann sé;

(f) ar an gCoimisiún dá iarraidh sin thar ceann conraitheora craolacháin fuaime.

(3) (a) Má bheartaíonn an tAire, ar aon chúis a shonraítear i mír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (2), athrú a dhéanamh, de bhun an ailt seo, ar aon téarma nó coinníoll a bheidh i gceadúnas arna eisiúint de bhun alt 4 (3), tabharfaidh sé scéala don Choimisiún, trí fhógra i scríbhinn, faoina bhfuil beartaithe aige agus faoi na cúiseanna atá leis sin agus déanfaidh an Coimisiún, laistigh de 7 lá tar éis dó an scéala sin a fháil, fógra dá réir sin a thabhairt don chonraitheoir craolacháin fuaime.

(b) Beidh de cheart ag an gconraitheoir craolacháin fuaime uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCoimisiún maidir lena bhfuil beartaithe ag an Aire, laistigh de 21 lá tar éis don Choimisiún an fógra a sheirbheáil.

(c) Cuirfidh an Coimisiún aon uiríll den sórt sin ar aghaidh chuig an Aire laistigh de 7 lá eile dá éis sin agus féadfaidh an tAire, tar éis dó na huiríll a bhreithniú, cibé cinneadh a dhéanamh ina dtaobh is dóigh leis is cuí.

(4) (a) Más rud é, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar na huiríll (más ann) a bheidh curtha in iúl dó ag an gCoimisiún agus a bheidh déanta ag conraitheoir craolacháin fuaime nó thar a cheann, go gcinnfidh an tAire aon téarma nó coinníoll i gceadúnas a athrú, tabharfaidh sé scéala don Choimisiún, trí fhógra i scríbhinn, faoin gcinneadh aige.

(b) Tabharfaidh an Coimisiún, laistigh de 7 lá tar éis cinneadh an Aire a fháil, fógra i scríbhinn don chonraitheoir craolacháin fuaime faoin gcinneadh sin.

(c) Ar an agus ón lá i ndiaidh an lae a ndéanfar fógra faoi chinneadh an Aire a sheirbheáil ar an gconraitheoir, beidh éifeacht leis an gceadúnas faoi réir an athraithe air a dhéanfar leis an gcinneadh sin.

(5) Féadfar fógra faoi fho-alt (3) nó (4) a sheirbheáil ar an gCoimisiún agus féadfaidh an Coimisiún é a sheirbheáil ar chonraitheoir craolacháin fuaime trína fhágáil ag seoladh an Choimisiúin nó trína chur leis an bpost réamhíoctha chuig an seoladh sin, agus trína fhágáil ag, nó trína chur leis an bpost réamhíoctha chuig, an seoladh is déanaí is eol a bheith ag an gconraitheoir craolacháin fuaime, faoi seach, nó más rud é, sa chás deiridh sin, gur cuideachta an conraitheoir craolacháin fuaime, trína fhágáil ag oifig chláraithe na cuideachta nó trína chur leis an bpost réamhíoctha chuig an oifig sin.

Conarthaí le haghaidh seirbhísí craolacháin fuaime sealadacha nó institiúideacha.

8. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, in aon tréimhse dhá mhí dhéag, conradh craolacháin fuaime a dhéanamh le hiarratasóir air sin chun go gcuirfí seirbhís craolacháin fuaime ar fáil, i cibé limistéar a bheidh sonraithe sa chonradh, ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre lá dhéag (cibé acu is laethanta as a chéile nó nach ea) sa tréimhse dhá mhí dhéag sin.

(2) Féadfaidh an Coimisiún conradh craolacháin fuaime a dhéanamh le hiarratasóir air sin chun go gcuirfí seirbhís craolacháin fuaime ísealchumhachta ar fáil, nach mbeidh ceaptha dó ach freastal a dhéanamh ar cibé institiúid oideachais amháin, ospidéal amháin, nó foras amháin eile dá samhail, a bheidh sonraithe sa chonradh.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 9 (1) (c) maidir le conradh a dheonófar chun seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil faoin alt seo.

(4) Ní bheidh feidhm ag ailt 5 agus 6 i gcás conradh chun seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil a gcuirfear isteach air, nó a dheonófar, faoin alt seo.

Dualgas conraitheora craolacháin fuaime i ndáil le cláir.

9. —(1) Áiritheoidh gach conraitheoir craolacháin fuaime—

(a) go ndéanfar an nuacht go léir a chraolfaidh sé, a thuairisciú agus a chur i láthair go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta gan aon tuairimí dá chuid féin a nochtadh;

(b) go ndéanfar, nuair a bheifear ag déileáil i gcraolacháin le cúrsaí reatha, lena n-áirítear ábhair is ábhair chonspóide poiblí nó is ábhair díospóireachta poiblí i láthair na huaire, cothrom na féinne a thabhairt do na leasanna uile lena mbaineann agus go gcuirfear an t-ábhar craolacháin i láthair go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta gan aon tuairimí dá chuid féin a nochtadh: Ar choinníoll, i gcás nach mbeidh sé indéanta an mhír seo a chur i bhfeidhm i ndáil le haon chraolachán aonair, go bhféadfar a mheas gur aonad amháin dhá chraolachán ghaolmhara nó níos mó, má tharchuirtear na craolacháin laistigh de thréimhse réasúnach óna chéile;

(c) go ndéanfar, ar a laghad—

(i) méid nach lú ná 20 faoin gcéad den am craolacháin, agus

(ii) má chuirtear an tseirbhís craolacháin fuaime ar fáil ar feadh breis agus 12 uair an chloig in aon lá amháin, dhá uair an chloig den am craolacháin idir 07.00 uaire agus 19.00 uaire,

a chaitheamh ag craoladh clár nuachta agus clár cúrsaí reatha; ar choinníoll nach n-údaraíonn an Coimisiún maolú ar an bhforáil seo faoi alt 15;

(d) nach gcraolfaidh sé aon ní a bhféadfaí a mheas le réasún gur ní é a ghoilleann ar chaoinbhéasa nó ar chuibheas nó gur dóigh dó coireacht a chur chun cinn nó a ghríosú nó gur de ghné é a dhéanfadh dochar d'údarás an Stáit;

(e) nach ndéanfar, i gcláir a chraolfaidh sé agus sna modhanna a úsáidfear chun na cláir sin a dhéanamh, cúngú míréasúnach ar phríobháideachas aon phearsan aonair.

(2) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) (a) nó (1) (b) ar chonraitheoir craolacháin fuaime craolacháin páirtithe polaitíochta a tharchur: Ar choinníoll nach ndéanfaidh conraitheoir craolacháin fuaime, le linn dó an t-am le haghaidh craolacháin den sórt sin a leithroinnt, tosaíocht mhíchothrom a thabhairt d'aon pháirtí polaitíochta.

(3) Tarraingeoidh an Coimisiún suas cód a rialóidh caighdeáin agus cleachtas (dá ngairtear cód cleachtais anseo ina dhiaidh seo) i ndáil le haon ní a shonraítear i bhfo-ailt (1) agus (2), agus féadfaidh sé ó am go ham, de réir mar is gá sa chás, é a athmheas.

(4) Aon uair a tharraingeoidh an Coimisiún suas, de bhun fho-alt (3), cód cleachtais a bhaineann leis an ábhar a bheidh i gceist, déanfaidh gach conraitheoir craolacháin fuaime de réir an chóid sin agus de réir aon athmheasa air.

Fógráin.

10. —(1) Féadfar fógráin a chur isteach i gcláir a chraolfar ar sheirbhís craolacháin fuaime a chuirfear ar fáil de bhun aon chonartha craolacháin fuaime.

(2) Tarraingeoidh an Coimisiún suas, ó am go ham de réir mar is cuí leis, cód a rialóidh caighdeáin agus cleachtas i gcúrsaí fógraíochta agus déanfaidh gach conraitheoir craolacháin fuaime de réir an chóid maidir le fógráin a chraolfaidh sé.

(3) Ní chraolfar aon fhógrán a mbeidh aon chuspóir creidimh nó polaitíochta ag gabháil leis nó a mbeidh aon bhaint aige le díospóid tionscail.

(4) Na hamanna iomlána in aghaidh an lae chun fógráin a chraoladh ar sheirbhís craolacháin fuaime a chuirfear ar fáil de bhun conartha craolacháin fuaime, ní rachaidh siad thar 15 faoin gcéad ar a mhéid den am iomlán craolacháin in aghaidh an lae agus ní mó ná deich nóiméad ar a mhéid an t-uasmhéid ama a thabharfar d'fhógráin in aon uair an chloig.

(5) San alt seo, forléireofar tagairtí d'fhógráin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ábhar fógraíochta i gcláir faoi choimirce, is é sin le rá, cláir arna soláthar ag fógróir nó thar ceann fógróra chun críocha fógraíochta.

(6) Beidh sé de dhualgas ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh conraitheoirí craolacháin fuaime de réir cheanglais fho-ailt (2), (3) agus (4).

Gearáin ón bpobal.

11. —(1) Déanfaidh conraitheoir craolacháin fuaime leorbhreithniú cuí ar aon ghearán, nach gearán suaibhreosach nó cráiteach, a dhéanfaidh ball den phobal maidir leis an tseirbhís craolacháin fuaime a chuireann an conraitheoir ar fáil agus coimeádfaidh sé, fad a bheidh a chonradh i bhfeidhm, taifid chearta chuí ar na gearáin sin go léir agus ar aon fhreagra a tugadh orthu nó ar aon ghníomh a rinneadh ar scór na ngearán sin.

(2) Déanfaidh conraitheoir craolacháin fuaime, má iarrann an Coimisiún air é, na taifid go léir a bheidh á gcoimeád aige de bhun fho-alt (1) a chur ar fáil don Choimisiún lena n-iniúchadh.

(3) Féadfaidh an tAire a ordú, le rialacháin, go ndéanfaidh an Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin a bunaíodh faoi alt 18A (a cuireadh isteach leis an Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 ) den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , fiosrú ar ghearáin a dhéanfaidh baill den phobal maidir le seirbhís craolacháin fuaime a chuirfear ar fáil faoin Acht seo.

(4) Chun críocha fiosraithe ag an gCoimisiún um Ghearáin Chraolacháin de bhun rialachán faoin alt seo—

(a) beidh éifeacht leis an Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(i) déanfar tagairt in ailt 18B agus 18C (a cuireadh isteach leis an Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 ) seachas in alt 18B (1) (e), don Údarás a fhorléiriú mar thagairt don chonraitheoir craolacháin fuaime lena mbaineann;

(ii) déanfar tagairt in alt 18B (7) (a cuireadh isteach amhlaidh) don Údarás a fhorléiriú mar thagairt don chonraitheoir craolacháin fuaime lena mbaineann agus don Choimisiún arna bhunú leis an Acht seo;

(iii) déanfar tagairt in alt 18B (a cuireadh isteach amhlaidh) d'alt 18 (1), d'alt 18 (1A) nó d'alt 18 (1B) den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , a fhorléiriú mar thagairt d'alt 9;

(iv) déanfar tagairt in alt 18B (a cuireadh isteach amhlaidh) do ghearán gur sháraigh fógrán cód a d'ullmhaigh Radio Telefís Éireann do rialú caighdeán fógraíochta craolta nó do thoirmeasc modhanna áirithe fógraíochta i gcraolacháin nó fógraíocht a chraoladh in imthosca áirithe, a fhorléiriú mar thagairt d'alt 10 (2);

(v) déanfar tagairt in alt 18B (a cuireadh isteach amhlaidh) d'alt 31 (1) den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , a fhorléiriú mar thagairt d'alt 12.

(b) Beidh éifeacht le halt 6 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 , ionann is dá mba thagairt don chonraitheoir craolacháin fuaime lena mbaineann, tagairt san alt sin don Údarás.

Feidhm orduithe faoi alt 31 (1) den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 .

12. —Gach ordú arna thabhairt ag an Aire do Radio Telefís Éireann de bhun alt 31 (1) den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , agus a bheidh i bhfeidhm ar dháta tosach feidhme an Achta seo nó a thabharfaidh sé tar éis an tosach feidhme sin, beidh feidhm aige, fad a leanfaidh an t-ordú i bhfeidhm, maidir le seirbhís craolacháin fuaime arna cur ar fáil de bhun conartha craolacháin fuaime agus déanfaidh conraitheoir craolacháin fuaime dá réir ionann is dá mba gur dósan a tugadh an t-ordú agus déanfar an t-alt sin 31 (1) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.

Gnóthaí conraitheora craolacháin fuaime a fhiosrú.

13. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, ar aon cheann de na cúiseanna i bhfo-alt (2), fiosrúchán a dhéanamh ar ghnóthaí oibríochta, clár, airgeadais, teicniúla nó eile de chuid conraitheora craolacháin fuaime agus comhoibreoidh an conraitheoir craolacháin fuaime leis in aon fhiosrúchán den sórt sin.

(2) Féadfaidh an Coimisiún fiosrúchán faoin alt seo a dhéanamh, nó aon duine eile a cheapadh chun fiosrúchán faoin alt seo a dhéanamh—

(a) má tá forais réasúnacha aige chun a chreidiúint nach bhfuil seirbhís craolacháin fuaime á cur ar fáil ag an gconraitheoir craolacháin fuaime de réir théarmaí a chonartha; nó

(b) más rud é, mar gheall ar an gcaoi a bhfuil an tseirbhís craolacháin fuaime á hoibriú—

(i) go bhfuil trasnaíocht á déanamh ar oibriú aon ghairis le haghaidh raidió-theileagrafaíochta a mbeidh ceadúnas faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile deonaithe, agus i bhfeidhm, ina leith, nó ar aon ghaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta atá á chothabháil agus á oibriú go dleathach d'uireasa ceadúnas den sórt sin, nó

(ii) go bhfuil dochar á dhéanamh aici d'aon ghaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta dá dtagraítear i bhfomhír (i).

(3) Íocfaidh an conraitheoir craolacháin fuaime lena mbaineann, na caiteachais go léir a thabhófar le réasún i ndáil le fiosrúchán faoin alt seo a dhéanfaidh an Coimisiún nó aon duine a bheidh ceaptha faoi fho-alt (2).

(4) (a) Más dóigh leis an gCoimisiún gur gá nó gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfaidh sé a cheangal ar chonraitheoir craolacháin fuaime suirbhé taighde margaidh a sheoladh (agus is duine a bheidh ceadaithe ag an gCoimisiún a sheolfaidh an tsuirbhé taighde margaidh sin).

(b) Beidh ag suirbhé taighde margaidh a sheolfar de bhun mhír (a) cibé fairsinge is dóigh leis an gCoimisiún a bheith réasúnach, ag féachaint do mhéid agus do chineál na seirbhíse craolacháin fuaime a bheidh á cur ar fáil ag an gconraitheoir craolacháin fuaime.

(c) Is é a bheidh i suirbhé taighde margaidh a sheolfar de bhun cheanglas an Choimisiúin faoin bhfo-alt seo, suirbhé ar fhreagairt an lucht éisteachta ar an tseirbhís craolacháin a bheidh á cur ar fáil ag an gconraitheoir craolacháin fuaime lena mbaineann, nó ar aon ghné ar leith den tseirbhís sin.

(d) Tabharfaidh conraitheoir craolacháin fuaime don Choimisiún torthaí aon suirbhé taighde margaidh a bheidh seolta i gcomhlíonadh ceanglais ón gCoimisiún faoin bhfo-alt seo.

Téarmaí agus coinníollacha conartha craolacháin fuaime.

14. —(1) Beidh i ngach conradh craolacháin fuaime cibé téarmaí agus coinníollacha is dóigh leis an gCoimisiún is iomchuí agus a shonróidh sé sa chonradh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an Coimisiún gach ceann nó aon cheann de na téarmaí nó na coinníollacha seo a leanas a shonrú i gconradh craolacháin fuaime:

(a) an tréimhse a leanfaidh an conradh i bhfeidhm;

(b) cibé acu an féidir an conradh a athnuachan agus, más féidir, an chaoi inar féidir, na téarmaí ar ar féidir, agus an tréimhse dar féidir an conradh a athnuachan amhlaidh;

(c) coinníoll á thoirmeasc an conradh, nó aon leas ann, a shannadh;

(d) más cuideachta an conraitheoir craolacháin fuaime, coinníoll á thoirmeasc aon athrú a dhéanamh ar Mheabhrán nó Airteagail Chomhlachais na cuideachta nó ar cibé cuid den Mheabhrán sin nó de na hAirteagail sin a bheidh sonraithe, nó á thoirmeasc aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úinéireacht na cuideachta;

(e) coinníoll á cheangal ar an gconraitheoir craolacháin fuaime an cháilíocht, an réimse agus an cineál clár a chur ar fáil a bheartaigh sé a thairiscint san iarratas a rinne sé ar an gconradh a dheonú dó.

(3) Mura mbeidh coinníoll den chineál a shonraítear i mír (c) nó (d) d'fho-alt (2) ar áireamh i gconradh craolacháin fuaime, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) ní bheidh conradh craolacháin fuaime, nó aon leas i gconradh craolacháin fuaime, insannta, ná ní dhéanfar aon athrú ar Mheabhrán nó Airteagail Chomhlachais aon chuideachta ar conraitheoir craolacháin fuaime í, ná ní bheidh aon athrú ábhartha ar úinéireacht cuideachta den sórt sin, gan toiliú roimh ré i scríbhinn ón gCoimisiún, agus féadfaidh an Coimisiún, más dóigh leis gur réasúnach déanamh amhlaidh, diúltú an toiliú sin a thabhairt;

(b) le linn dó breithniú a dhéanamh ar chóir a thoiliú a thabhairt le sannadh ar chonradh craolacháin fuaime, le hathrú ar Mheabhrán nó Airteagail Chomhlachais cuideachta ar conraitheoir craolacháin fuaime í, nó le hathrú ábhartha ar úinéireacht cuideachta den sórt sin, beidh aird ag an gCoimisiún ar na critéir a shonraítear in alt 6 (2) agus, i gcás inarb infheidhme é, in alt 6 (3).

(4) Déanfar i ngach conradh craolacháin fuaime—

(a) a fhoráil go bhféadfaidh an Coimisiún, dá rogha féin, an conradh a fhionraí nó a fhoirceannadh—

(i) má bhí aon fhaisnéis a thug an conraitheoir craolacháin fuaime don Choimisiún, nó a tugadh don Choimisiún thar a cheann, sula ndearnadh an conradh, bréagach nó míthreorach,

(ii) má tá sáruithe tromaí nó sáruithe leanúnacha déanta, i dtuairim an Choimisiúin, ag an gconraitheoir craolacháin fuaime ar a oibleagáidí faoin gconradh craolacháin fuaime nó faoin Acht seo;

(b) a fhoráil go n-íocfaidh conraitheoir craolacháin fuaime leis an gCoimisiún na táillí, an sciar dá bhrabúis nó na ríchíosanna a bheidh sonraithe ann;

(c) a fhoráil go gcuirfidh an conraitheoir craolacháin fuaime cibé faisnéis ar fáil (lena n-áirítear cóipeanna dá chuntais) a mheasfaidh an Coimisiún a bheidh ag teastáil uaidh d'fhonn a chumasú don Choimisiún a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(5) Beidh gach conradh craolacháin fuaime ar fáil lena iniúchadh ag baill den phobal in oifig chláraithe an Choimisiúin agus déanfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a bheith déanta ag aon duine agus ar cibé suim (más ann), a iarrfaidh an Coimisiún le réasún, a bheith íoctha, cóip den chonradh sin a thabhairt don duine sin.

Maolú ar cheanglais a bhaineann le cláir nuachta agus cúrsaí reatha.

15. —D'ainneoin alt 9 (1) (c), féadfaidh an Coimisiún maolú iomlán nó páirteach a údarú ar an gceanglas atá i gceist i gcás seirbhísí craolacháin fuaime a ndéanann sé conradh chun iad a chur ar fáil in aon limistéar chun freastal d'ábhair spéise sonracha ar leith, ar choinníoll gur deimhin leis go bhfuil ilfhoinsí réasúnacha clár nuachta agus cúrsaí reatha ar fáil don phobal áirithe ó sheirbhísí craolacháin fuaime eile.

Comhar le Radio Telefís Éireann in úsáid suiteála craolacháin.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarraidh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Radio Telefís Éireann, a cheangal ar Radio Telefís Éireann dul i gcomhar le conraitheoirí craolacháin fuaime in úsáid aon chrainn, túir, láithreáin nó suiteála nó saoráide eile a bheidh ag teastáil i ndáil le saoráidí tarchuradóireachta a chur ar fáil le haghaidh seirbhísí craolacháin fuaime a bheidh le bunú faoin Acht seo.

(2) Déanfaidh conraitheoir craolacháin fuaime cibé íocaíochtaí tréimhsiúla nó íocaíochtaí eile le Radio Telefís Éireann i leith aon saoráidí a chuirfear ar fáil de bhun fho-alt (1) agus a ordóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le Radio Telefís Éireann agus leis an gCoimisiún.

CUID IV

Seirbhís Clár Teilifíse

Iarratais ar chonradh seirbhíse clár teilifíse.

17. —Déanfaidh an Coimisiún, ar an Aire á ordú dó déanamh amhlaidh, iarratais a lorg ar chonradh seirbhíse clár teilifíse chun seirbhís clár teilifíse a chur ar fáil a leathfar trí úsáid a bhaint as acmhainn bealaí ar chórais leaschraolta sreinge agus ar chórais atarchuir clár teilifíse a bheidh ceadúnaithe faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 6 den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 .

Feidhm fhorálacha áirithe de Chuid III maidir le conradh seirbhíse clár teilifíse.

18. —(1) Na forálacha de Chuid III den Acht seo, seachas ailt 7, 8 agus 15, a bhaineann le cumhachtaí, dualgais, feidhmeanna, oibleagáidí agus freagrachtaí an Aire, an Choimisiúin agus conraitheoirí craolacháin fuaime, faoi seach, beidh feidhm acu maidir leis an gconradh seirbhíse clár teilifíse a dhéanfaidh an Coimisiún agus leis an tseirbhís clár teilifíse a chuirfear ar fáil faoin gCuid seo, agus déanfar aon tagairt i gCuid III den Acht seo do chonraitheoir craolacháin fuaime a fhorléiriú, chun críocha na Coda seo, mar thagairt don chonraitheoir seirbhíse clár teilifíse.

(2) D'ainneoin ghinearáltacht fho-alt (1) ní bheidh feidhm ag alt 9 (1) (c) i gcás na seirbhíse clár teilifíse a chuirfear ar fáil faoin gconradh seirbhíse clár teilifíse.

(3) Áiritheoidh an Coimisiún maidir leis an tseirbhís clár teilifíse a chuirfear ar fáil faoin Acht seo go mbeidh sí mar a leanas i leith a cuid clár—

(a) beidh aird aici ar leasanna agus ar chúraimí an phobail uile, coimeádfaidh sí i gcuimhne a riachtanaí atá comhthuiscint agus síocháin ar fud oileán na hÉireann uile, cinnteoidh sí go léireoidh na cláir na hairíonna éagsúla dá bhfuil cultúr phobal oileán na hÉireann uile comhdhéanta, agus beidh cás ar leith aici do na hairíonna a shainíonn an cultúr sin agus go háirithe don Ghaeilge;

(b) tacóidh sí leis an bhfiúchas daonlathach atá cumhdaithe sa Bhunreacht, go háirithe mar a bhaineann leis an tsaoirse cheart tuairimí a nochtadh;

(c) beidh aird aici ar a riachtanaí atá sé an pobal a dhéanamh eolach tuisceanach ar fhiúchas agus ar thraidisiúin tíortha seachas an Stát, go háirithe na tíortha sin is comhaltaí den Chomhphobal Eorpach; agus

(d) beidh cion réasúnach de chláir nuachta agus cúrsaí reatha inti;

agus comhlíonfaidh an conraitheoir seirbhíse clár teilifíse aon cheanglas ón gCoimisiún i ndáil leis na nithe sin.

(4) D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar fo-alt (3), áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar cion réasúnach den tseirbhís clár—

(a) a tháirgeadh sa Stát nó i mBallstát eile de na Comhphobail Eorpacha, agus

(b) a chaitheamh ar ábhar clár bunúil a tháirgfear sa Stát nó i mBallstát ag daoine seachas an conraitheoir, a fhochuideachta, a mháthairchuideachta nó eagraíochtaí craolacháin láithreacha.

CUID V

Ilghnéitheach

Leasú ar an Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926.

19. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 , tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “foirleatha” san alt sin

“ciallaíonn ‘foirleatha’ tarchur, leaschraoladh nó leathadh a dhéanamh, trí raidió-theileagrafaíocht, ar chumarsáidí, fuaimeanna, síneacha, amharc-íomhánna nó comharthaí a bhfuil sé beartaithe go nglacfar go díreach iad ag an bpobal i gcoitinne, cibé acu a ghlactar nó nach nglactar na cumarsáidí, na fuaimeanna, na síneacha, na hamharc-íomhánna nó na comharthaí sin iarbhír;”.

Méideanna a bheidh le híoc ag an Aire leis an gCoimisiún.

20. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, cibé méid is dóigh leis a bheith réasúnach a íoc leis an gCoimisiún i leith costais bhunaidh an Choimisiúin maidir le gach bliain ar leith den dá bhliain airgeadais chomhleanúnacha dar tosach an bhliain a dtiteann an lá bunaithe inti.

(2) Ní rachaidh na méideanna a íocfar de bhun fho-alt (1) thar £500,000 san iomlán.

(3) Déanfar na méideanna a íocfar leis an gCoimisiún de bhun fho-alt (1) maidir le bliain lena mbaineann an fo-alt sin a asbhaint ó na fáltais a thig an bhliain sin ó tháillí ceadúnais leaschraolta sreinge agus modhnófar dá réir sin alt 8 (b) den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 , a dhéanann foráil maidir le hairgead a íoc as fáltais den sórt sin le Radio Telefís Éireann.

Caiteachais.

21. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

AN SCEIDEAL

Comhaltas an Choimisiúin.

1. (1) Is é an Rialtas a cheapfaidh comhaltaí an Choimisiúin agus ní lú ná seachtar ná ní mó ná deichniúr a líon.

(2) Is é a bheidh i dtréimhse oifige comhalta den Choimisiún cibé tréimhse, nach faide ná cúig bliana, a chinnfidh an Rialtas tráth a cheaptha.

(3) Féadfar comhalta den Choimisiún a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire a athcheapadh.

(4) Féadfaidh comhalta den Choimisiún éirí as a chomhaltas trí litir a bheidh curtha chuig an Rialtas agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht ar an agus ón dáta a gheofar an litir.

(5) Ní cheapfar duine le bheith ina chomhalta den Choimisiún mura mbeidh taithí aige ar chúrsaí na meán cumarsáide nó ar chúrsaí tráchtála, ar innealtóireacht chumarsáidí raidió, ar chúrsaí ceardchumannachais, ar riarachán nó ar ghníomhaíochtaí sóisialta, cultúir, oideachais nó pobail nó mura mbeidh cumas léirithe aige sna cúrsaí sin.

Cathaoirleach an Choimisiúin.

2. (1) Déanfaidh an Rialtas, ó am go ham de réir mar is gá sa chás, comhalta den Choimisiún a cheapadh le bheith ina chathaoirleach ar an gCoimisiún.

(2) Beidh cathaoirleach an Choimisiúin i seilbh oifige, mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig mar chathaoirleach nó a scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach faoi fhomhír (4) den mhír seo, go dtí go mbeidh a thréimhse oifige mar chomhalta den Choimisiún caite.

(3) Féadfaidh cathaoirleach an Choimisiúin tráth ar bith éirí as a oifig mar chathaoirleach trí litir a bheidh curtha chuig an Rialtas agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht an tráth a thosóidh an chéad chruinniú eile den Choimisiún a thionólfar tar éis don Rialtas an t-éirí-as a chur in iúl don Choimisiún.

(4) I gcás go scoirfidh cathaoirleach an Choimisiúin, le linn a théarma oifige mar chathaoirleach, de bheith ina chomhalta den Choimisiún, scoirfidh sé air sin freisin de bheith ina chathaoirleach ar an gCoimisiún.

Comhalta den Choimisiún a chur as oifig.

3. Féadfaidh an Rialtas comhalta den Choimisiún a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe más rud é go rithfear rúin sa dá Theach den Oireachtas chun é a chur as oifig agus ar an gcoinníoll sin amháin.

Luach saothair agus téarmaí oifige chomhaltaí an Choimisiúin.

4. (1) Íocfar le comhalta den Choimisiún, as cistí a bheidh faoina réir ag an gCoimisiún—

(a) cibé luach saothair a bheidh socraithe ó am go ham ag an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus

(b) cibé méideanna i leith caiteachas is dóigh leis an gCoimisiún, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, a bheith réasúnach.

(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh comhalta den Choimisiún i seilbh oifige de réir agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar ráiteas i scríbhinn ina sonrófar téarmaí oifige agus luach saothair chomhaltaí an Choimisiúin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Comhalta den Choimisiún do nochtadh leasa i gconradh beartaithe.

5. Aon chomhalta den Choimisiún—

(a) a bhfuil aon leas aige in aon chuideachta nó gnólacht lena mbeartaíonn an Coimisiún aon chonradh a dhéanamh, nó

(b) a bhfuil aon leas aige in aon chonradh a bheartaíonn an Coimisiún a dhéanamh,

nochtfaidh sé don Choimisiún go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é, agus ní ghlacfaidh sé páirt in aon phlé nó cinneadh ag an gCoimisiún maidir leis an gconradh, agus taifeadfar an nochtadh sin i miontuairiscí an Choimisiúin.

Séala an Choimisiúin.

6. (1) Soláthróidh an Coimisiún séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala an Choimisiúin le síniú chathaoirleach an Choimisiúin nó chomhalta éigin eile den Choimisiún a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh den Choimisiún a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Choimisiúin, agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Coimisiún agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir na míre seo) an Choimisiúin, glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.

Cruinnithe agus nós imeachta an Choimisiúin.

7. (1) Tionólfaidh an Coimisiún cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(2) Féadfaidh an tAire dáta, am agus ionad chéad chruinniú an Choimisiúin a shocrú.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, rialálfaidh an Coimisiún a nós imeachta le rialacha arna ndéanamh faoin bhfomhír seo.

(4) Ag cruinniú den Choimisiún—

(a) is é cathaoirleach an Choimisiúin, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Choimisiún a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(5) Cinnfear gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Choimisiún le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(6) Féadfaidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

(7) Déanfar an córam do chruinniú den Choimisiún a shocrú le rialacha arna ndéanamh faoi fhomhír (3) den mhír seo, ach—

(a) ní bheidh sé níos lú ná cúigear, agus

(b) go dtí go socrófar amhlaidh é, cúigear a bheidh ann.

Oifigigh agus seirbhísigh an Choimisiúin.

8. (1) Déanfaidh an Coimisiún ó am go ham, le ceadú an Aire, duine a cheapadh le bheith ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin don Choimisiún agus tabharfar an príomhfheidhmeannach ar an duine sin agus gairtear sin de san Acht seo.

(2) Féadfaidh an Coimisiún, chomh maith leis an bpríomhfheidhmeannach a cheapadh, cibé líon eile daoine a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisiúin, agus le fónamh i cibé gráid, a chinnfidh an Coimisiún ó am go ham le ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Féadfaidh an Coimisiún gach feidhm nó aon fheidhm dá chuid a fheidhmiú trí cibé comhaltaí dá fhoireann a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an gCoimisiún.

Coinníollacha seirbhíse, luach saothair etc., d'oifigigh agus seirbhísigh an Choimisiúin.

9. (1) Sealbhóidh comhalta d'fhoireann an Choimisiúin (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Coimisiún ó am go ham, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Íocfaidh an Coimisiún lena fhoireann (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) cibé luach saothair agus liúntais is cuí leis an gCoimisiún, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Le linn dó bheith ag cinneadh cén luach saothair nó cé na liúntais a íocfar lena fhoireann, nó cé na téarmaí nó na coinníollacha a sealbhaíonn nó a sealbhóidh an fhoireann sin a bhfostaíocht faoina réir, déanfaidh an Coimisiún de réir aon treorach i ndáil leis an luach saothair, na liúntais, na téarmaí agus na coinníollacha sin, a bheidh tugtha ó am go ham ag an Aire don Choimisiún, le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith aon chomhalta d'fhoireann an Choimisiúin a chur as oifig mar chomhalta dá fhoireann.

(5) D'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den mhír seo, ní chuirfear an príomhfheidhmeannach as oifig gan toiliú an Aire.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

10. (1) Más rud é, i gcás comhalta den Choimisiún—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go n-ainmneofar é mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach le hAcht 1984) d'Acht 1977, é a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Choimisiún.

(2) Más rud é, i gcás duine atá fostaithe ag an gCoimisiún—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go n-ainmneofar é mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach le hAcht 1984) d'Acht 1977, é a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht ag an gCoimisiún agus ní íccfaidh an Coimisiún leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCoimisiún, aon luach saothair ná liúntais—

(i) i gcás é a bheith ainmnithe mar chomhalta de Sheanad Éireann nó go measfar é a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa, i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó de Pharlaimint na hEorpa,

(ii) i gcás é a bheith ainmnithe mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó de Pharlaimint na hEorpa, de réir mar a bheidh, nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir nó a chinnfidh toghchán air, de réir mar is cuí.

(3) Duine a bheidh, de thuras na huaire, i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Choimisiún nó chun bheith ar fostú i gcáil ar bith ag an gCoimisiún.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (2) den mhír seo, forléireofar an fhomhír sin mar fhomhír a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear i gclásal (i) nó (ii) den fhomhír sin a áireamh mar sheirbhís leis an gCoimisiún chun críche aon phinsean, aiscí nó liúntas eile is iníoctha ar scor nó ar bhás.

(5) Sa mhír seo—

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 ;

ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 .

Aoisliúntas fhoireann an Choimisiúin.

11. (1) Féadfaidh an Coimisiún scéim nó scéimeanna a ullmhú chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú ar scor nó ar bhás, do cibé comhaltaí d'fhoireann an Choimisiúin (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) is cuí leis, nó ina leith, agus cuirfidh an Coimisiún aon scéim den sórt sin faoi bhráid an Aire lena cheadú a fháil.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais eile iníoctha leo nó ina leith, tráth scoir nó báis, faoin scéim, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i ndáil le haicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith scéim ag leasú scéime a cuireadh faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh roimhe sin faoin mír seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(4) Forálfar i scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin mír seo go ndéanfar, má éiríonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha de bhun scéime faoin mír seo, nó i dtaobh méid an chéanna, an díospóid sin a chur faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chuig an Aire Airgeadais í, agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan.

(5) Déanfaidh an Coimisiún scéim a bheidh curtha faoi bhráid an Aire faoin mír seo a chur i gcrích de réir a téarmaí, má bhíonn an scéim ceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais.

(6) Ní dheonóidh an Coimisiún aon phinsean, aisce ná liúntas eile ar éirí as, ar scor nó ar bhás do chomhalta d'fhoireann an Choimisiúin (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) seachas de réir scéime faoin mír seo.

(7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin mír seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Dualgas ginearálta an Choimisiúin maidir lena ioncam.

12. (1) Beidh sé de dhualgas ar an gCoimisiún a ghnóthaí a sheoladh ar shlí a áiritheoidh go dtiocfaidh a ioncam chun bheith, a luaithe is féidir, agus go leanfaidh sé de bheith dá éis sin, leordhóthanach, ar a laghad, chun freastal dá chaiteachais.

(2) Aon bharrachas d'ioncam an Choimisiúin ar a chaiteachas, úsáidfear é i cibé slí a ordóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le ceadú an Aire Airgeadais, agus féadfar a cheangal le haon ordú den sórt sin go ndéanfar an barrachas sin go léir, nó cuid de mar a bheidh sonraithe san ordú, a íoc isteach sa Phríomh-Chiste.

Airgead a fháil ar iasacht go sealadach.

13. Féadfaidh an Coimisiún, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna (lena n-áirítear suimeanna in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a bheidh ag teastáil uaidh faoi chomhair caiteachais reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.

Cumhachtaí iasachtaí a fháil chun críocha ginearálta.

14. (1) Féadfaidh an Coimisiún, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a fháil ar iasacht trí stoc nó cineálacha eile urrúis a bhunú a bheidh le heisiúint, le haistriú agus le fuascailt, agus a ndéileálfar leo, i cibé slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Coimisiún, le toiliú na nAirí a dúradh.

(2) Féadfar na cumhachtaí chun iasachtaí a fháil a thugtar leis an mír seo don Choimisiún a fheidhmiú, faoi réir thoiliú an Aire, chun críche ar bith a éireoidh agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna, ach féadfaidh coinníoll a bheith curtha le toiliú chun airgead a fháil ar iasacht á rá nach n-úsáidfear an t-airgead ach amháin ar mhaithe le clár oibreacha caipitiúla arna cheadú ag an Aire.

(3) Maidir leis na téarmaí ar a bhfaighfear airgead ar iasacht faoin mír seo, féadfar forálacha a áireamh iontu a mhuirearóidh an t-airgead agus an t-ús ar an airgead sin ar an maoin uile de chineál ar bith a bheidh dílsithe de thuras na huaire don Choimisiún nó ar aon mhaoin ar leith de chuid an Choimisiúin, chomh maith le forálacha ag bunú tosaíocht na muirear sin ar a chéile.

Infheistiú ag an gCoimisiún.

15. Féadfaidh an Coimisiún aon chistí dá chuid a infheistiú in aon slí ina gcumhachtaítear le dlí d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

Cuntais agus iniúchtaí.

16. (1) Coimeádfaidh an Coimisiún i cibé foirm a cheadóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair nó a chaith sé, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais, agus clár comhardaithe.

(2) Déanfaidh an Coimisiún na cuntais a choimeádfar de bhun na míre seo a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh cibé tráth a ordóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(3) Díreach tar éis gach iniúchta faoin mír seo ar a chuntais, cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas chuig an Aire—

(a) cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe, arna ndeimhniú ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste,

(b) cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus

(c) cóipeanna de cibé de na cuntais a cuireadh faoi iniúchadh a gceapfaidh an tAire gur cuntais iad a mbeidh cóipeanna díobh le tabhairt dó.

(4) A luaithe is féidir tar éis dó na doiciméid a fháil a cheanglaítear a thabhairt dó faoin mír seo, cuirfidh an tAire faoi deara na doiciméid sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis don Aire.

17. (1) Tabharfaidh an Coimisiún don Aire gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil ar imeachtaí an Choimisiúin faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana roimhe sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Aon uair a ordóidh an tAire amhlaidh, beidh faisnéis sa tuarascáil bhliantúil freisin i dtaobh cibé gnéithe áirithe d'imeachtaí an Choimisiúin faoin Acht seo a shonróidh an tAire.

(3) Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid an Aire cibé faisnéis maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Choimisiúin a iarrfaidh an tAire ó am go ham.