7 1989

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 1989


AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Fógraí etc. a sheirbheáil.

4.

Aisghairm.

5.

Caiteachais.

CUID II

Dualgais Ghinearálta

6.

Dualgais ghinearálta fostóirí i leith a gcuid fostaithe.

7.

Dualgais ghinearálta fostóirí agus daoine féinfhostaithe i leith daoine seachas a gcuid fostaithe.

8.

Dualgais ghinearálta daoine dár cúram áiteanna oibre i leith daoine seachas a gcuid fostaithe.

9.

Dualgais ghinearálta fostaithe.

10.

Dualgais ghinearálta dearthóirí, monaróirí, etc. i leith airteagal agus substaintí atá le húsáid ag an obair.

11.

Dualgais ghinearálta daoine a dhearann nó a fhoirgníonn áiteanna oibre.

12.

Ráiteas sábháilteachta.

13.

Comhchomhairliúchán in áit oibre agus ionadaithe sábháilteachta.

CUID III

An tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde

14.

An lá bunaithe.

15.

Bunú an Údaráis.

16.

Feidhmeanna an Údaráis.

17.

Coistí comhairleacha.

18.

An tArd-Stiúrthóir.

19.

Foireann an Údaráis.

20.

Forálacha is infheidhme maidir le hoifigigh, etc. a aistreofar chuig an Údarás.

21.

Aoisliúntas fhoireann an Údaráis.

22.

Deontas don Údarás.

23.

Cumhacht an Údaráis iasachtaí a fháil.

24.

Muirir i leith seirbhísí.

25.

Cuntais agus iniúchtaí.

26.

Tuarascáil bhliantúil.

CUID IV

Rialacháin agus Cóid Chleachtais

27.

Reachtaíocht a athmheas.

28.

Rialacháin.

29.

Oiriúnuithe ilghnéitheacha.

30.

Cóid chleachtais.

31.

Cóid chleachtais a úsáid in imeachtaí coiriúla.

CUID V

Forfheidhmiú

32.

Gníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin.

33.

Cigirí a údarú.

34.

Cumhachtaí cigirí.

35.

Orduithe agus pleananna feabhsúcháin.

36.

Fógra feabhsúcháin.

37.

Fógra toirmisc.

38.

Cumhacht oifigigh custam agus máil airteagail etc., a choinneáil.

39.

Ordú ón Ard-Chúirt maidir le húsáid áite oibre.

40.

Cigirí a shlánú, etc.

41.

Fiosrúchán ar ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin.

CUID VI

Faisnéis a Fháil agus a Nochtadh

42.

An tÚdarás d'fháil faisnéise.

43.

Faisnéis arna páirtiú ag na Coimisinéirí Ioncaim.

44.

Rochtain ar fhaisnéis.

45.

Srianta le nochtadh faisnéise.

CUID VII

Tuarascálacha agus Fiosrúcháin Speisialta

46.

Imscrúduithe agus tuarascálacha speisialta.

47.

Cumhacht fiosrúchán a ordú.

CUID VIII

Cionta, Pionóis agus Imeachtaí Dlí

48.

Cionta.

49.

Pionóis.

50.

Dualgas cruthúnais.

51.

Cionta a ionchúiseamh, etc.

52.

Achomhairc i gcoinne orduithe.

53.

Fianaise.

CUID IX

Ilghnéitheach

54.

Teastais breithe.

55.

Oibleagáidí ginearálta maidir le sábháilteacht ar dhóiteán.

56.

Ionchoisne i gcás báis trí thionóisc nó trí ghalar ag an obair.

57.

Feidhmiú an Achta maidir le príosúin, etc.

58.

Méadú ar phionóis ilghnéitheacha.

59.

Ceadúnais.

60.

Dliteanas sibhialta.

61.

Díolúine an Údaráis nó gníomhaireachta forfheidhmiúcháin.

AN CHÉAD SCEIDEAL

An tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde

AN DARA SCEIDEAL

CUID I

Achtacháin Láithreacha

CUID II

Rialacháin a rinneadh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, ar Achtacháin Láithreacha iad

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Forálacha Reachtúla Comhbhainteacha

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Rialacháin

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Aisghairm agus Cúlghairm Forálacha Áirithe de na hAchtacháin Láithreacha a Bhaineann le Pionóis

CUID I

Aisghairm Reachtanna

CUID II

Ionstraimí Reachtúla a Chúlghairm


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936

1936, Uimh. 40

An tAcht um Thruailliú Aeir, 1987

1987, Uimh. 6

Boiler Explosions Act, 1882

1882, c. 22

Boiler Explosions Act, 1890

1890, c. 35

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Na hAchtanna um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 agus 1979

Na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1988

Na hAchtanna um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 agus 1984

Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1986

Explosives Act, 1875

1875, c. 17

An tAcht Seirbhísí Dóiteáin, 1981

1981, Uimh. 30

Na hAchtanna Gáis, 1976 go 1987

An tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973

1973, Uimh. 25

Na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1987

An tAcht um Mianaigh agus Cairéil, 1965

1965, Uimh. 7

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 agus 1984

Notice of Accidents Act, 1894

1894, c. 28

An tAcht um Fhuinneamh Núicléach, 1971

1971, Uimh. 12

An tAcht um Áitribh Oifige, 1958

1958, Uimh. 3

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

Acht na Nimheanna, 1961

1961, Uimh. 12

Railway Employment (Prevention of Accidents) Act, 1900

1900, c. 27

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984

Regulation of Railways Act, 1842

1842, c. 55

Regulation of Railways Act, 1871

1871, c. 78

Na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1987

An tAcht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987

1987, Uimh. 18

Na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

Na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963

An tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977

1977, Uimh. 32

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 1989


AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE CHUN SÁBHÁIL-TEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS DAOINE AG AN OBAIR A ÁIRITHIÚ, CHUN DAOINE EILE A CHOSAINT AR PHRIACAIL DON tSÁBHÁILTEACHT NÓ DON tSLÁINTE I dTACA LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ DAOINE AG AN OBAIR, CHUN ÚDARÁS NÁISIÚNTA UM SHÁBHÁIL-TEACHT AGUS SLÁINTE CEIRDE A BHUNÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ACHTACHÁIN ÁIRITHE A AISGHAIRM, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN RIALÁIL BHREISE A DHÉANAMH AR SHUBSTAINTÍ CONTÚIRT-EACHA A MHÉID A D'FHEARFADH SIAD AR DHAOINE NÓ AR MHAOIN AGUS LE hAGHAIDH NITHE A BHAIN-EANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [19 Aibreán, 1989]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 1989 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó aon fhorála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus forálacha éagsúla den Acht seo agus féadfar socrú a dhéanamh le hordú faoin bhfo-alt seo go mbeidh tosach feidhme le halt 4 (3) ar laethanta éagsúla maidir le hachtacháin láithreacha éagsúla agus forálacha éagsúla de chuid achtachán láithreach.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

folaíonn “airteagal”—

(a) aon ghléasra, innealra, gaireas agus trealamh atá le húsáid nó le hoibriú (go heisiach nó eile) ag daoine ag an obair, agus

(b) aon airteagal atá ceaptha le húsáid mar chomhpháirt in aon ghléasra, innealra, gaireas nó trealamh den sórt sin;

ciallaíonn “forálacha reachtúla comhbhainteacha” forálacha na n-achtachán atá sonraithe sa tríú colún den Tríú Sceideal maille leis na hionstraimí a rinneadh fúthu atá i bhfeidhm de thuras na huaire;

ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde a bhunaítear le halt 15;

folaíonn “cód cleachtais” caighdeán, sonraíocht, agus treoir, teagasc nó rialú praiticiúil d'aon chineál eile, i scríbhinn nó sainléirithe, arna eisiúint nó arna cheadú de réir alt 30;

ciallaíonn “conradh fostaíochta” conradh fostaíochta nó seirbhíse nó printíseachta, cibé sainráite nó tugtha le fios agus (i gcás é bheith sainráite) cibé ó bhéal nó i scríbhinn;

ciallaíonn “fostaí” duine a bheidh dulta faoi chonradh fostaíochta le fostóir nó a oibríonn (nó i gcás conartha a bheidh foirceanta, a d'oibrigh) faoi chonradh den sórt sin;

ciallaíonn “fostóir” i ndáil le fostaí, an duine a bhfuil an fostaí ar fostú aige faoi chonradh fostaíochta; chun críche an mhínithe seo measfar duine a shealbhaíonn oifig faoi sheirbhís nó i seirbhís an Stáit nó an Rialtais a bheith ar fostú ag an Stát nó ag an Rialtas (de réir mar a bheidh) agus measfar oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil nó d'údarás cuain, do bhord sláinte nó do choiste gairmoideachais a bheith ar fostú ag an údarás áitiúil, an údarás cuain, an bord sláinte nó an coiste gairmoideachais (de réir mar a bheidh);

ciallaíonn “gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin” comhlacht a fhorordaítear chun bheith ina ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin faoi alt 32;

ciallaíonn “lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 14 mar lá bunaithe;

ciallaíonn “achtacháin láithreacha” na hachtacháin atá sonraithe i gCuid I den Dara Sceideal, agus aon ionstraimí faoi na hachtacháin sin atá i bhfeidhm de thuras na huaire; agus na rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus atá sonraithe i gCuid II den Dara Sceideal sin;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “fógra feabhsúcháin” fógra faoi alt 36;

ciallaíonn “plean feabhsúcháin” plean faoi alt 35;

ciallaíonn “cigire” cigire a bheidh údaraithe faoi alt 33;

folaíonn “údarás áitiúil”—

(a) comhairle contae,

(b) bardas contaebhuirge, nó

(c) Bardas Dhún Laoghaire,

agus feidhmeoidh údarás áitiúil den sórt sin a fheidhmeanna faoin Acht seo laistigh dá limistéar feidhmiúcháin;

folaíonn “micrea-orgánach” aon eintiteas micreascópach bitheolaíoch inmhacasamhlaithe;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “liachomhairleoir ceirde” duine a bheidh ainmnithe faoi alt 34 (4) chun bheith ina liachomhairleoir ceirde;

folaíonn “díobháil phearsanta” aon ghalar agus aon mhallachar ar bhail choirp nó mheabhrach duine;

folaíonn “áit oibre” aon áit, talamh nó suíomh eile a ndéantar obair go hócáideach nó ar shlí eile acu, iontu, orthu nó gar dóibh agus folaíonn sé go sonrach—

(a) áitreabh,

(b) suiteáil ar thalamh agus aon suiteáil amach ón gcósta (lena n-áirítear suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987 ),

(c) puball, déanmhas sealadach nó déanmhas sochorraithe, agus

(d) feithicil, soitheach nó aerárthach;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo seachas in ailt 36 (3), 37 (6) (a) agus 42 (4) (a) mar a gciallaíonn sé forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Dlí agus Cirt faoin Acht seo tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire;

ciallaíonn “fógra toirmisc” fógra faoi alt 37;

ciallaíonn “ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta” ceardchumainn agus comhlachais foirne atá aitheanta ag an Údarás chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair fostaithe nó lena gcoinníollacha fostaíochta nó lena ndálaí oibre;

ciallaíonn “forálacha reachtúla ábhartha” achtacháin láithreacha agus forálacha an Achta seo agus aon ionstraim arna déanamh faoi atá i bhfeidhm de thuras na huaire;

ciallaíonn “ionadaí sábháilteachta” ionadaí sábháilteachta a cheaptar faoi alt 13;

tá le “ráiteas sábháilteachta” an bhrí a shanntar dó le halt 12;

ciallaíonn “duine féinfhostaithe” duine a oibríonn le haghaidh brabúis nó gnóchain, ar shlí seachas faoi chonradh fostaíochta, bíodh daoine eile ar fostú aige féin nó ná bíodh;

folaíonn “substaint” aon substaint, ullmhóid nó oibreán, nádúrtha nó saorga, i bhfoirm sholadach nó leachtach nó mar ghás nó gal nó mar mhicrea-orgánach;

folaíonn “úsáid” chomh fada agus a bhaineann le haon airteagal, na hairteagail sin a mhonarú, a sholáthar, a oibriú, a shuíomh, a dheisiú, a ghlanadh agus a chothabháil; agus chomh fada agus a bhaineann le haon substaint, folaíonn sé aon mhonarú, próiseáil, oibriú, stóráil, cóireáil, meascadh, pacáil, iompar, soláthar, láimhseáil, líonadh nó folmhú, luchtú agus díluchtú ar an tsubstaint sin.

(2) (a) San Acht seo aon tagairt d'alt nó do Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe;

(b) san Acht seo aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe; agus

(c) aon tagairt san Acht seo d'achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(3) Déanfar aon tagairtí do chigire in ailt 35, 36 agus 37, in aon chás inarb údarás áitiúil an ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, a fhorléiriú mar thagairt don údarás áitiúil sin.

Fógraí etc. a sheirbheáil.

3. —(1) Aon doiciméad (lena n-áirítear aon toghairm, fógra nó ordú) a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil ar aon duine, nó a chur chuige nó a thabhairt dó faoi na forálacha reachtúla ábhartha, féadfar é a sheirbheáil air nó a chur chuige i slí éigin de na slite seo—

(a) i gcás é a bheith dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh ar an duine sin, nó i gcás comhpháirtíochta, trína sheachadadh ar aon duine de na comhpháirtithe;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a mbíonn gnáthchónaí air;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha arna díriú chuige ag an seoladh ag a mbíonn gnáthchónaí air, nó, i gcás seoladh a bheith tugtha le haghaidh seirbheála, ag an seoladh sin;

(d) mura féidir an seoladh ag a mbíonn gnáthchónaí ar an duine sin a fhionnadh ó fhiosrúchán réasúnach agus má cheanglaítear fógra a sheirbheáil air nó a thabhairt dó i leith aon áit oibre, trína sheachadadh ar dhuine os cionn sé bliana déag d'aois a bheidh ina chónaí nó ar fostú in áit oibre nó trína dhaingniú in áit fheiceálach ar an áit oibre nó gar don áit sin.

(2) Aon doiciméad (lena n-áirítear aon toghairm, fógra nó ordú) a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil nó a chur, faoi na forálacha reachtúla ábhartha, féadfar é a sheirbheáil ar chomhlacht, corpraithe nó neamhchorpraithe, nó a chur chuige—

(a) trína fhágáil ag oifig chláraithe an chomhlachta (más ann) nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an oifig sin;

(b) trína fhágáil ag aon áit ag a seolann an comhlacht gnó nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig áit den sórt sin; nó

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht nó a airbheartaíonn gníomhú in aon cháil díobh sin, ag an áit ina mbíonn gnáthchónaí air nó trína fhágáil ag an áit sin.

Aisghairm.

4. —(1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas de na hachtacháin láithreacha—

(a) alt 113 den Acht Monarchan, 1955 , alt 42 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , alt 149 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , agus alt 60 den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , ón tráth a thiocfaidh alt 3 den Acht seo i ngníomh;

(b) alt 125 (1) den Acht Monarchan, 1955 , alt 46 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , alt 65 (1) den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , agus ailt 15 (1) agus (2) den Acht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987 , ón tráth a thiocfaidh alt 9 den Acht seo i ngníomh;

(c) alt 9 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , ón tráth a thiocfaidh alt 10 den Acht seo i ngníomh;

(d) alt 39 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , agus alt 26 den Acht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987 , ón tráth a thiocfaidh alt 12 den Acht seo i ngníomh;

(e) alt 73 den Acht Monarchan, 1955 , ailt 35, 36, 37 agus 38 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , agus ailt 23, 24 agus 25 den Acht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987 , ón tráth a thiocfaidh alt 13 den Acht seo i ngníomh;

(f) alt 127 den Acht Monarchan, 1955 , alt 49 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , alt 24 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , alt 151 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , agus alt 2 den Acht um Shubstaintí Contúirteacha (Leasú), 1979 , ón tráth a thiocfaidh alt 17 den Acht seo i ngníomh;

(g) ailt 93 go 95 den Acht Monarchan, 1955 , ailt 27 go 29 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , ailt 130 agus 131 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , ailt 39 agus 40 den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972, agus alt 53 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , ón tráth a thiocfaidh ailt 33 agus 34 den Acht seo i ngníomh;

(h) alt 11 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , agus alt 132 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , ón tráth a thiocfaidh alt 37 den Acht seo i ngníomh;

(i) alt 78 den Acht Monarchan, 1955 , ailt 103 agus 104 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , ailt 29 agus 30 den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , agus alt 31 den Acht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987 , ón tráth a thiocfaidh ailt 46 agus 47 den Acht seo i ngníomh;

(j) alt 110 den Acht Monarchan, 1955 , alt 55 (1) den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , alt 39 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , alt 55 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 , agus alt 37 (1) den Acht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987 , ón tráth a thiocfaidh alt 51 den Acht seo i ngníomh;

(k) alt 111 den Acht Monarchan, 1955 , agus alt 40 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , ón tráth a thiocfaidh alt 52 den Acht seo i ngníomh;

(l) alt 112 den Acht Monarchan, 1955 , agus alt 41 den Acht um Áitribh Oifige, 1958 , ón tráth a thiocfaidh alt 53 den Acht seo i ngníomh;

(m) alt 114 den Acht Monarchan, 1955 , agus alt 150 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , ón tráth a thiocfaidh alt 54 den Acht seo i ngníomh.

(2) Ón tráth a thiocfaidh alt 49 i ngníomh déanfar leis seo na hachtacháin láithreacha atá luaite sa dara colún a ghabhann leis an gCúigiú Sceideal (a bhaineann le pionóis) a aisghairm nó a chúlghairm, de réir mar a bheidh, a mhéid atá sonraithe sa tríú colún a ghabhann leis an Sceideal sin.

(3) Aisghairtear leis seo na hachtacháin láithreacha (seachas iad sin dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) agus iad sin atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal).

Caiteachais.

5. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II

Dualgais Ghinearálta

Dualgais ghinearálta fostóirí i leith a gcuid fostaithe.

6. —(1) Beidh de dhualgas ar gach fostóir sábháilteacht, sláinte agus leas a chuid fostaithe go léir ag an obair a chinntiú a mhéid is féidir é le réasún.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht dualgais fostóra faoi fho-alt (1), áirítear go sonrach sna nithe a sroicheann na dualgais sin chucu:

(a) maidir le haon áit oibre atá faoi rialú an fhostóra, an áit sin a dhearadh agus a chur ar fáil, agus a chothabháil, i riocht atá, a mhéid is féidir le réasún, slán agus gan phriacal don tsláinte;

(b) a mhéid is féidir le réasún, maidir le haon áit oibre faoi rialú an fhostóra, bealaí sábháilte isteach san áit oibre sin agus amach as a dhearadh, a chur ar fáil agus a chothabháil;

(c) gléasra agus innealra a dhearadh, a chur ar fáil agus a chothabháil atá slán agus gan phriacal don tsláinte, a mhéid is féidir le réasún;

(d) córais oibre a chur ar fáil atá pleanáilte, eagraithe, curtha i gcrích agus cothabháilte ionas go mbeidh siad slán agus gan phriacal don tsláinte, a mhéid is féidir le réasún;

(e) cibé faisnéis, teagasc, oiliúint agus maoirseacht a chur ar fáil is gá chun sábháilteacht, sláinte agus leas a chuid fostaithe ag an obair a chinntiú, a mhéid is féidir le réasún;

(f) in imthosca nach féidir le fostóir, le réasún, guaiseanna a rialú ná a dhíothú in áit oibre faoina rialú, nó i cibé imthosca a bheidh forordaithe, cibé éadach nó trealamh cosantach oiriúnach a chur ar fáil agus a chothabháil, de réir mar is iomchuí, is gá chun sábháilteacht agus sláinte a chuid fostaithe ag an obair a chinntiú;

(g) pleananna leordhóthanacha a chuirtear i bhfeidhm tráthanna éigeandála a ullmhú agus a athmheas mar is gá;

(h) a chinntiú a mhéid is féidir le réasún go mbeidh daoine sábháilte ag an obair agus nach mbeidh priacal ann don tsláinte ag an obair i dtaca le húsáid aon substainte nó airteagail;

(i) saoráidí agus comhshocraíochtaí le haghaidh leasa a chuid fostaithe ag an obair a chur ar fáil agus a chothabháil; agus

(j) seirbhísí duine inniúil a fháil nuair is gá (cibé acu faoi chonradh fostaíochta nó ar shlí eile) chun sábháilteacht agus sláinte a chuid fostaithe ag an obair a chinntiú, a mhéid is féidir le réasún.

(3) Duine atá á oiliúint le haghaidh fostaíochta nó a bhfuil taithí oibre á fáil aige, seachas duine a ghabhann do chúrsa staidéir in ollscoil, scoil nó coláiste measfar, chun críocha an ailt seo, gur fostaí é de chuid an duine arb é a ghnóthas (bíodh sé á sheoladh aige le haghaidh brabúis nó ná bíodh) a neas-sholáthraíonn oiliúint nó taithí oibre don duine sin, de thuras na huaire, agus forléireofar fostaí, fostóir agus focail agus abairtí gaolmhara dá réir sin.

Dualgais ghinearálta fostóirí agus daoine féinfhostaithe i leith daoine seachas a gcuid fostaithe.

7. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach fostóir a ghnóthas a sheoladh i slí a chinnteoidh, a mhéid is féidir le réasún, nach ndéanfar daoine nach bhfuil ar fostú aige ach a bhfearfadh an fhostaíocht sin orthu a chur faoi phriacal maidir lena sábháilteacht nó lena sláinte.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach duine féinfhostaithe a ghnóthas a sheoladh i slí a chinnteoidh, a mhéid is féidir le réasún, nach ndéanfar é féin ná daoine eile (nach fostaithe dá chuid) a bhfearfadh an gnóthas sin orthu a chur faoi phriacal maidir lena sábháilteacht nó lena sláinte.

(3) I cibé cásanna a bheidh forordaithe, beidh sé de dhualgas ar gach fostóir agus ar gach duine féinfhostaithe, sna himthosca forordaithe, agus ar an modh forordaithe, an fhaisnéis fhorordaithe i dtaobh cibé gnéithe den tslí ina seolann sé a ghnóthas a d'fhéadfadh fearadh ar shábháilteacht nó ar shláinte daoine (nach fostaithe dá chuid) a bhféadfadh an tslí ina seolann sé a ghnóthas fearadh orthu, a thabhairt do na daoine sin.

Dualgais ghinearálta daoine dár cúram áiteanna oibre i leith daoine seachas a gcuid fostaithe.

8. —(1) Beidh éifeacht leis an alt seo chun dualgais a fhorchur ar dhaoine i ndáil le daoine nach fostaithe dá gcuid ach ar fostaithe iad de chuid duine eile nó ar daoine iad atá féinfhostaithe agus, d'fhonn a gcuid oibre a dhéanamh, a bhaineann úsáid as áit oibre, ar leith óna láthair oibre baile, a chuirtear ar fáil dóibh nó ina bhféadfaidís, d'fhonn obair a dhéanamh, úsáid a bhaint as aon airteagal nó substaint a chuirtear ar fáil lena úsáid acu ansin, agus beidh feidhm aige maidir le háiteanna oibre a chuirtear ar fáil amhlaidh agus le háiteanna oibre eile, ar leith óna láthair oibre baile, a úsáidtear i ndáil leo.

(2) Gach duine a bhfuil aon áit oibre nó aon chuid d'aon áit oibre lena mbaineann an t-alt seo nó an bealach isteach ann nó amach as, nó aon airteagal nó substaint san áit oibre sin, faoina rialú go feadh méid ar bith, beidh sé de dhualgas air cibé bearta a dhéanamh is réasúnach do dhuine sa phost sin a dhéanamh lena chinntiú, a mhéid is féidir le réasún, maidir leis an áit oibre, agus le gach bealach isteach ann nó amach as atá ar fáil lena úsáid ag daoine a úsáideann an áit oibre, agus maidir le haon airteagal nó substaint san áit oibre, nó, de réir mar a bheidh, a chuirtear ar fáil le húsáid san áit oibre, go mbeidh siad sábháilte agus gan phriacal don tsláinte.

(3) I gcás oibleagáid díobh seo a bheith ar dhuine go feadh méid ar bith, de bhua aon chonartha nó tionóntachta—

(a) oibleagáid maidir le haon áit oibre lena mbaineann an t-alt seo, nó maidir le haon bhealach isteach ann nó amach as, a chothabháil nó a dheisiú; nó

(b) oibleagáid go mbeidh aon airteagal nó substaint in aon áit oibre den sórt sin sábháilte agus nach mbeidh aon phriacal don tsláinte ann mar gheall orthu;

déileálfar leis an duine sin, chun críocha fho-alt (2), mar dhuine a bhfuil rialú aige ar na nithe a sroicheann a oibleagáid chucu.

(4) Aon tagairt san alt seo do dhuine a bhfuil aon áit oibre nó ní faoina rialú is tagairt í do dhuine a bhfuil an áit oibre nó an ní faoina rialú i dtaca le seoladh trádála, gnó, nó gnóthais eile aige (cibé acu le haghaidh brabúis nó eile).

Dualgais ghinearálta fostaithe.

9. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach fostaí agus é ag an obair—

(a) cúram réasúnach a ghlacadh maidir lena shábháilteacht, lena shláinte agus lena leas féin, agus le sábháilteacht, sláinte agus leas aon duine eile ar a bhfearfadh gníomhartha nó neamhghníomhartha an fhostaí agus é ag an obair;

(b) comhoibriú lena fhostóir agus le haon duine eile oiread is a chumasóidh dá fhostóir nó don duine eile déanamh de réir aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha;

(c) aon fhearas, éadach cosantach, áis, trealamh nó deiseanna nó ní eile is oiriúnach a chuirtear ar fáil (cibé acu is chun a úsáide aige féin amháin nó chun a úsáide aige féin agus ag daoine eile i gcoitinne) chun a shábháilteacht, a shláinte nó a leas a áirithiú agus é ag an obair, a úsáid ar cibé modh a chuirfidh ar fáil an chosaint atá beartaithe; agus

(d) tuairisc a thabhairt dá fhostóir nó dá neas-mhaoirseoir, gan mhoill mhíréasúnach, i dtaobh aon fhabhtanna ar ghléasra, trealamh, áit oibre nó córas oibre a thiocfaidh ar a iúl a d'fhéadfadh sábháilteacht, sláinte nó leas a chur i mbaol.

(2) Ní dhéanfaidh aon duine go toiliúil ná go meargánta cur isteach ar, ná mí-úsáid a bhaint as, aon fhearas, éadach cosantach, áis, trealamh nó deis nó ní eile a chuirtear ar fáil de bhun aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha, nó ar shlí eile, chun sábháilteacht, sláinte agus leas daoine, a thig ó ghníomhaíochtaí oibre, a áirithiú.

Dualgais ghinearálta dearthóirí, monaróirí, etc. i leith airteagal agus substaintí atá le húsáid ag an obair.

10. —(1) Beidh sé de dhualgas ar aon duine a dhearann, a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a sholáthraíonn aon airteagal atá le húsáid ag an obair—

(a) a chinntiú, a mhéid is féidir le réasún, go ndeartar, go ndéantar, go dtástáiltear agus go scrúdaítear an t-airteagal le go mbeidh sé sábháilte agus gan phriacal don tsláinte nuair a úsáideann duine é ag áit oibre;

(b) cibé bearta a dhéanamh is gá lena áirithiú go ndéanfar, i gcás daoine dá soláthraíonn an duine sin an t-airteagal, faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil dóibh faoin úsáid dár dearadh nó dár tástáladh an t-airteagal sin, agus faoi aon choinníollacha a bhaineann leis an airteagal chun a chinntiú go mbeidh sé, agus é á úsáid, i bhfoirm díchóimeáilte nó diúscartha, sábháilte agus gan phriacal don tsláinte; agus

(c) cibé bearta a dhéanamh is gá lena áirithiú, a mhéid is féidir le réasún, go gcuirfear ar fáil do dhaoine dár soláthraíodh airteagal amhlaidh na hathbhreithnithe sin go léir ar an bhfaisnéis a tugadh dóibh de bhua mhír (b) agus atá riachtanach de bhíthin eolas a theacht chun cinn priacal tromaí don tsábháilteacht nó don tsláinte a bheith ann mar gheall ar ní ar bith a bhaineann leis an airteagal.

(2) Aon duine a ghabhann de láimh dearadh nó monarú aon airteagail atá le húsáid ag an obair beidh sé de dhualgas air taighde riachtanach a dhéanamh nó a shocrú go ndéanfar an taighde sin d'fhonn aon phriacail don tsábháilteacht nó don tsláinte a aimsiú a d'fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an dearadh nó mar gheall ar an airteagal, agus, a mhéid is féidir le réasún, na priacail sin a dhíothú nó a íoslaghdú.

(3) Aon duine a thógfaidh nó a shuiteálfaidh aon airteagal a bheidh le húsáid in áit oibre, beidh sé de dhualgas air, i gcás go mbeidh an t-airteagal le húsáid ag daoine ag an obair, a chinntiú, a mhéid is féidir le réasún, nach mbeidh an t-airteagal, nuair a bheidh sé á úsáid in áit oibre, contúirteach ná ina phriacal don tsláinte de dheasca aon ní a bhaineann leis an modh tógtha nó suiteála.

(4) Beidh sé de dhualgas ar aon duine a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a sholáthraíonn aon substaint—

(a) a chinntiú, a mhéid is féidir le réasún, go mbeidh an tsubstaint sábháilte agus gan phriacal don tsláinte nuair a bheidh sí á húsáid ag duine in áit oibre;

(b) cibé tástáil agus scrúdú a dhéanamh, nó a shocrú iad a dhéanamh, is gá chun an dualgas a fhorchuirtear air le mír (a) a chomhlíonadh agus aon uair a iarrfaidh cigire air é, fianaise, lena n-áirítear fianaise dhoiciméadach, ar an tástáil nó ar an scrúdú sin a chur ar fáil, nó a chur faoi deara a chur ar fáil, don chigire;

(c) cibé bearta a dhéanamh is gá lena chinntiú go gcuirfear ar fáil do dhaoine dá soláthraíonn an duine sin an tsubstaint faisnéis leordhóthanach ar aon phriacal do shábháilteacht nó do shláinte a d'fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar airíonna nádúrtha na substainte, ar thorthaí aon tástálacha ábhartha a bheidh déanta ar an tsubstaint nó i dtaca léi agus ar aon choinníollacha is gá lena chinntiú go mbeidh an tsubstaint sábháilte agus gan phriacal don tsláinte nuair a bheidh sí á húsáid nó á diúscairt.

(5) Beidh sé de dhualgas ar aon duine a ghabhann de láimh monarú aon substainte, nó, i gcás gur lasmuigh den Stát a gabhadh de láimh an monarú, beidh sé de dhualgas ar an allmhaireoir, aon taighde riachtanach a dhéanamh nó a shocrú í a dhéanamh, chun go n-aimseofar, agus a mhéid is féidir le réasún, go ndíothófar nó go n-íoslaghdófar, aon phriacail don tsábháilteacht nó don tsláinte a d'fhéadfadh a bheith ann de dhroim na substainte agus í á húsáid.

(6) Ní fhorléireofar aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo mar ní a cheanglaíonn ar dhuine aon tástáil, scrúdú nó taighde nach mbeidh déanta aige féin, nó déanta faoina thionscnamh, a athdhéanamh a fhad a fhéadfaidh sé le réasún muinín a chur i dtorthaí na tástála, an scrúdaithe nó na taighde sin, chun críocha na bhforálacha sin.

(7) Aon dualgas a fhorchuirtear ar dhuine le haon fhoráil de na forálacha roimhe seo den alt seo, ní shroichfidh sé ach amháin chuig nithe a dhéanfar i gcúrsa trádála, gnó nó gnóthais eile a sheolann sé (cibé acu le haghaidh brabúis nó nach ea) agus chuig nithe atá faoina rialú.

(8) I gcás go ndearann, go monaraíonn, go n-allmhairíonn nó go soláthraíonn duine airteagal atá le húsáid ag an obair, le haghaidh duine eile nó do dhuine eile ar bhonn gealltanais i scríbhinn ón duine eile sin bearta sonraithe a dhéanamh is leordhóthanach lena chinntiú, a mhéid is féidir le réasún, go mbeidh an t-airteagal sábháilte agus gan phriacal don tsláinte nuair a bheidh sé á úsáid in áit oibre, beidh d'éifeacht leis an ngealltanas sin a dúradh go saorfar an duine céadluaite ón dualgas a fhorchuirtear air de bhua mhír (a) d'fho-alt (1) a mhéid a bheidh réasúnach ag féachaint do théarmaí an ghealltanais sin.

(9) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-ailt (7) nó (8) aon duine a allmhairíonn aon airteagal nó substaint a shaoradh ó aon dualgas maidir leo seo—

(a) i gcás airteagail a dearadh lasmuigh den Stát, aon ní a rinne an duine a dhear an t-airteagal agus a rinneadh i gcúrsa aon trádála, gairme nó aon ghnóthais eile a sheolann an duine sin, nó aon ní a bhí faoina rialú; nó

(b) i gcás airteagail nó substainte a monaraíodh lasmuigh den Stát, aon ní a rinne an duine a mhonaraigh an t-airteagal nó an tsubstaint agus a rinneadh i gcúrsa aon trádála, gairme, nó gnóthais eile a sheolann an duine sin, nó aon ní a bhí faoina rialú.

(10) I gcás go ndéanann duine (dá ngairtear “an soláthróir” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) aon airteagal nó substaint atá le húsáid ag an obair, a sholáthar do dhuine eile (dá ngairtear “an custaiméir” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), lena n-áirítear fruiliú nó léasú an airteagail nó na substainte sin chuig an duine sin, agus sin faoi chomhaontú fruilcheannaigh, comhaontú léasaithe nó comhaontú díola creidmheasa, agus—

(a) gur sheol an soláthróir gnó ag cur airgid ar fáil chun go bhféadfadh daoine eile earraí a fháil trí bhíthin na gcomhaontuithe sin, agus

(b) go bhfuair an soláthróir i gcúrsa an ghnó sin a leas san airteagal nó sa tsubstaint a soláthraíodh don chustaiméir mar bhealach chun airgead a chur ar fáil chun go bhféadfadh an custaiméir an t-airteagal a fháil ó thríú páirtí (dá ngairtear “an déileálaí” san fho-alt seo),

measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an déileálaí agus nach é an soláthróir a sholáthair an t-airteagal nó an tsubstaint don chustaiméir, agus aon dualgas a fhorchuirtear leis an alt seo ar sholáthróirí is ar an déileálaí dá réir sin agus ní ar an soláthróir a thitfidh sé.

(11) Chun críocha an ailt seo, tabharfar neamhaird ar neamhshábháilteacht nó ar phriacal don tsláinte a mhéid a shuitear gur cás nárbh fhéidir le réasún a réamhthuaradh go dtarlódh sé an cás, nó an cás a n-eascródh an neamhshábháilteacht nó an priacal i ndáil leis; agus an tráth a bheidh cinneadh á dhéanamh cibé acu ar comhlíonadh aon dualgas a fhorchuirtear de bhua mhír (a) d'fho-ailt (1) nó (4) nó nár comhlíonadh, tabharfar aird ar aon fhaisnéis nó comhairle ábhartha a chuir an duine a dhear, a mhonaraigh, a d'allmhairigh nó a sholáthair an t-airteagal nó, de réir mar a bheidh, an duine a mhonaraigh, a d'allmhairigh nó a sholáthair an tsubstaint, ar fáil do dhuine ar bith.

(12) Gan dochar do ghinearáltacht an ailt seo, féadfaidh an tAire sonraíochtaí nó ceanglais eile a fhorordú nach foláir a chomhlíonadh i gcás dearadh, monarú agus déanamh an airteagail, ar d'aicme nó de thuairisc forordaithe é.

(13) I gcás go n-úsáidtear airteagal nó substaint ag an obair, agus go ndéanann cigire iarraidh chuige sin, tabharfaidh an fostóir don chigire ainm agus seoladh an duine ónar ceannaíodh an t-airteagal nó an tsubstaint nó óna bhfuarthas iad i slí eile.

Dualgais ghinearálta daoine a dhearann nó a fhoirgníonn áiteanna oibre.

11. —(1) Beidh sé de dhualgas ar aon duine a dhearann áiteanna oibre iad a dhearadh sa chaoi go mbeidh siad, a mhéid is féidir le réasún, sábháilte agus gan phriacal don tsláinte.

(2) Beidh sé de dhualgas ar aon duine a fhoirgníonn áiteanna oibre iad a fhoirgniú sa chaoi go mbeidh siad, a mhéid is féidir le réasún, sábháilte agus gan phriacal don tsláinte.

Ráiteas sábháilteachta.

12. —(1) Déanfaidh gach fostóir, a luaithe is féidir, tar éis teacht i ngníomh don alt seo, ráiteas i scríbhinn ar a dtabharfar agus dá ngairfear anseo ina dhiaidh seo “ráiteas sábháilteachta” a ullmhú, nó a chur faoi deara é a ullmhú.

(2) Sonrófar sa ráiteas sábháilteachta an modh a ndéanfar sábháilteacht, sláinte agus leas daoine a bheidh ar fostú ag an bhfostóir a áirithiú ag an obair.

(3) Beidh an ráiteas sábháilteachta bunaithe ar aithint na nguaiseanna agus ar mheasúnacht na bpriacal don tsábháilteacht agus don tsláinte ag an áit oibre lena mbaineann an ráiteas sábháilteachta.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), sonrófar sa ráiteas sábháilteachta—

(a) na comhshocraíochtaí a bheidh déanta agus na hacmhainní a bheidh curtha ar fáil faoi chomhair shlánchoimeád a dhéanamh ar shábháilteacht, ar shláinte agus ar leas daoine a fhostaítear in áit oibre lena mbaineann an ráiteas sábháilteachta;

(b) an comhoibriú is gá ó fhostaithe maidir le sábháilteacht, sláinte agus leas; agus

(c) ainmneacha, lena n-áirítear ainmneacha toscairí údaraithe agus post-teidil más infheidhme, na ndaoine a bheidh freagrach as comhlíonadh tascanna a bheidh sannta dóibh leis an ráiteas sin.

(5) I gcás go n-ullmhaítear nó go n-athmheastar ráiteas sábháilteachta de bhun an ailt seo agus gur deimhin le cigire nach bhfuil an ráiteas leordhóthanach i bponc ábhartha, féadfaidh sé ordú a thabhairt athmheas a dhéanamh ar an ráiteas agus déanfaidh an fostóir de réir an ordaithe laistigh de thríocha lá ón lá a thugann an cigire an t-ordú.

(6) Beidh i dtuarascáil stiúrthóirí cuideachta faoi alt 158 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , i dteannta na faisnéise a shonraítear san alt sin, meastóireacht ar a mhéid a rinneadh an beartas a bhí leagtha amach i ráiteas sábháilteachta, a chomhlíonadh le linn na tréimhse ama lena mbaineann an tuarascáil sin.

(7) Beidh sé de dhualgas ar dhuine féinfhostaithe ráiteas sábháilteachta a ullmhú, a mhéid is féidir é de réir an ailt seo, lena shábháilteacht, a shláinte agus a leas féin ag an obair, agus sábháilteacht, sláinte agus leas daoine eile san áit oibre, a chinntiú.

(8) Beidh sé de dhualgas ar fhostóir nó ar dhuine féinfhostaithe téarmaí ráitis sábháilteachta a thabhairt ar aire do dhaoine a bheidh fostaithe aige agus do dhaoine eile ag an áit oibre a bhfearfadh an ráiteas sábháilteachta orthu.

Comhchomhairliúchán in áit oibre agus ionadaithe sábháilteachta.

13. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach fostóir—

(a) dul i gcomhairle lena chuid fostaithe d'fhonn comhshocraíochtaí a dhéanamh agus a choimeád i bhfeidhm a chuirfidh ar a chumas agus ar chumas a chuid fostaithe, comhoibriú go héifeachtúil chun bearta a chur chun cinn agus a fhorbairt lena sábháilteacht, lena sláinte agus lena leas ag an obair a chinntiú agus chun éifeachtúlacht na mbeart sin a fhionnadh;

(b) a mhéid is féidir le réasún, aird a thabhairt ar aon uiríll a dhéanfaidh a chuid fostaithe.

(2) Beidh sé de cheart ag fostaithe uiríll a dhéanamh chun a bhfostóra agus dul i gcomhairle leis faoi nithe a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas ag a n-áit oibre.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), féadfaidh fostaithe, ó am go ham, ionadaí (dá ngairtear “an t-ionadaí sábháilteachta” san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh as measc a lín ina n-áit oibre chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh i gcomhchomhairliúcháin de bhun an ailt seo lena bhfostóir.

(4) Beidh ceart ag ionadaí sábháilteachta cibé faisnéis a fháil óna fhostóir is gá le sábháilteacht agus sláinte fostaithe san áit oibre a chinntiú, a mhéid is féidir le réasún.

(5) Beidh sé de dhualgas ar gach fostóir cibé bearta a dhéanamh is féidir lena chur in iúl d'ionadaí sábháilteachta go bhfuil cigire ag teacht isteach in áit oibre d'fhonn turas iniúchta a dhéanamh.

(6) Féadfaidh ionadaí sábháilteachta—

(a) uiríll a dhéanamh chuig fostóir i dtaobh aon ghnéithe de shábháilteacht, de shláinte agus de leas ag an áit oibre;

(b) tionóiscí agus teagmhaisí contúirteacha a imscrúdú ar choinníoll nach gcuirfidh sé isteach, nó nach gcuirfidh sé bac, ar chomhlíonadh aon oibleagáide reachtúla a cheanglaítear ar aon duine a chomhlíonadh faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha;

(c) uiríll a dhéanamh ó bhéal nó i scríbhinn chun cigirí i leith nithe a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair;

(d) comhairle agus faisnéis a fháil ó chigirí ar nithe a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair;

(e) faoi réir fógra a thabhairt roimh ré don fhostóir agus faoi réir comhaontú idir an t-ionadaí sábháilteachta agus an fostóir i dtaobh minicíochta, cigireacht a dhéanamh agus le linn dóibh an comhaontú sin a bhaint amach, nach comhaontú a choimeádfaidh an fostóir siar go míréasúnach, breithneoidh na páirtithe cineál agus méid na nguaiseanna san áit oibre agus iad á chinneadh cé chomh minic a dhéanfaidh an t-ionadaí sábháilteachta cigireacht san áit oibre lena mbaineann;

(f) faoi réir fógra roimh ré a thabhairt don fhostóir in imthosca ina bhfuil sé réasúnach a thoimhdiú go bhfuil priacal díobhála pearsanta ann, imscrúdú a dhéanamh ar ghuaiseanna ionchasacha agus ar ghearáin a dhéanfaidh aon fhostaí dá bhfuil sé ionadach i ndáil le sábháilteacht, sláinte agus leas an fhostaí sin san áit oibre; agus

(g) ar é do dhéanamh iarrata chuige sin, cigire a thionlacan ar aon turas iniúchta seachas turas iniúchta a dhéanann an cigire chun tionóisc a imscrúdú.

(7) Aon uiríll a dhéanfaidh ionadaí sábháilteachta chuig fostóir i dtaobh aon ní a fhearann ar shábháilteacht, sláinte agus leas aon fhostaí ag an obair, is fostaí dá bhfuil an t-ionadaí ionadach, breithneoidh an fostóir iad agus gníomhóidh sé orthu, más gá é.

(8) (a) D'fhonn an t-eolas a fháil is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh faoi fho-alt (1) (a) den alt seo agus chun a chumasú dóibh na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, tabharfaidh fostóir d'fhostaithe a bheidh páirteach i gcomhshocraíochtaí faoi fho-alt (1) (a) nó fo-alt (2) cibé am saor óna ndualgais a bheidh réasúnta ag féachaint do na himthosca uile, gan luach saothair a chailleadh;

(b) tabharfaidh fostóir d'ionadaí sábháilteachta cibé am saor óna dhualgais a bheidh réasúnta ag féachaint do na himthosca uile, gan luach saothair a chailleadh, chun a chumasú dó—

(i) an t-eolas a fháil is gá chun a fheidhmeanna a urscaoileadh mar ionadaí sábháilteachta, agus

(ii) a fheidhmeanna a urscaoileadh mar ionadaí sábháilteachta.

(9) De chionn é d'urscaoileadh a fheidhmeanna faoin alt seo ní chuirfear ionadaí sábháilteachta faoi aon mhíbhuntáiste i ndáil lena chuid fostaíochta.

(10) D'ainneoin ghinearáltacht fho-ailt (1) go (9), féadfaidh an tAire cibé ceanglais, comhshocraíochtaí, modhnuithe nó diolúintí breise a cheapann sé is gá, a fhorordú ó am go ham, i ndáil le hoibriú an ailt seo.

CUID III

An tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde

An lá bunaithe.

14. —Ceapfaidh an tAire lá le hordú chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Bunú an Údaráis.

15. —(1) Ar an lá bunaithe beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar an tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde, sa Ghaeilge, agus The National Authority for Occupational Safety and Health, sa Bhéarla (agus gairtear “an tÚdarás” den chomhlacht sin san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh éifeacht le forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo maidir leis an Údarás.

Feidhmeanna an Údaráis.

16. —(1) Is iad príomhfheidhmeanna an Údaráis—

(a) faoi réir fhorálacha fho-alt (3) agus alt 32, socruithe leordhóthanacha a dhéanamh chun na forálacha reachtúla ábhartha a fhorfheidhmiú;

(b) bearta a chur chun cinn, a spreagadh agus a chothú chun tionóiscí agus díobháil don tsláinte ag an obair a sheachaint de réir fhorálacha an Achta seo;

(c) spreagadh agus cothú a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do bhearta atá dírithe ar chur chun cinn sábháilteachta, sláinte agus leasa daoine ag an obair;

(d) cibé socruithe a dhéanamh a cheapann sé is iomchuí chun faisnéis agus comhairle a chur ar fáil i dtaobh nithe a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair; agus

(e) cibé socruithe a dhéanamh a cheapann sé is iomchuí chun taighde, suirbhéanna agus staidéir a bhaineann le guaiseanna agus le priacail do shábháilteacht agus sláinte daoine ag an obair nó a thig as gníomhaíochtaí oibre, a ghabháil de láimh, a chur chun cinn, a choimirciú, agus a dtorthaí a mheas agus a fhoilsiú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an tÚdarás ina bhfeidhmeanna maidir le forfheidhmiúchán, comhairle, cur chun cinn agus lena bhfeidhmeanna eile, aird a thabhairt—

(a) ar aon nithe a fhearann ar shábháilteacht agus ar shláinte fostaithe agus daoine féinfhostaithe; agus

(b) a mhéid is féidir le réasún, ar shábháilteacht nó ar shláinte daoine eile ar a bhfearfadh priacail a thig as gníomhaíochtaí oibre, lena n-áirítear forbairt talún le haghaidh forbraíochta nó i gceantar na forbraíochta, ar forbraíocht í lena ngabhfaidh táirgeadh, próiseáil, cóireáil, úsáid nó stóráil substainte contúirtí.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) comhaontuithe a dhéanamh le haon Aire den Rialtas, nó le haon duine eile chun go ndéanfaidh an tAire nó an duine sin aon fheidhm d'fheidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh thar ceann an Údaráis (fara nó d'éagmais íocaíochta); nó

(b) comhaontuithe a dhéanamh le haon Aire den Rialtas chun go ndéanfaidh an tÚdarás thar ceann an Aire sin (fara nó d'éagmais íocaíochta) cibé feidhmeanna is iomchuí don Údarás a chomhlíonadh i dtaca lena bhfeidhmeanna faoin Acht seo.

(4) Déanfaidh an tÚdarás—

(a) sonraí a chur faoi bhráid an Aire i scríbhinn, nuair a iarrann seisean ar an Údarás déanamh amhlaidh, á rá conas a bheartaíonn siad a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a urscaoileadh;

(b) a bhfeidhmeanna a chomhall de réir cibé togra dá dtagraítear i mír (a) a cheadóidh an tAire;

(c) éifeacht a thabhairt d'aon orduithe i scríbhinn, cibé acu ginearálta nó sonracha, a bhaineann lena bhfeidhmeanna faoin Acht seo agus a bheidh tugtha dóibh ag an Aire; agus

(d) aon fhaisnéis a bhaineann lena bhfeidhmeanna a éileoidh sé ó am go ham a sholáthar don Aire.

Coistí comhairleacha.

17. —(1) Féadfaidh an tÚdarás ó am go ham cibé coistí comhairleacha agus cibé líon coistí comhairleacha is cuí leo, a cheapadh chun comhairle a thabhairt dóibh i dtaobh nithe a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas ag an obair, ar feadh cibé tréimhse agus faoi réir cibé téarmaí tagartha is dóigh leis an Údarás is iomchuí.

(2) I gcás coiste a bheith ceaptha ag an Údarás faoi fho-alt (1), ceapfaidh an tÚdarás cathaoirleach ar an gcoiste sin agus leaschathaoirleach a ghníomhóidh i gcás an cathaoirleach a bheith as láthair.

(3) Déanfar, as airgead a bheidh faoina réir ag an Údarás, cibé táillí a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le cathaoirleach coiste a cheapfar faoi fho-alt (1) as freastal ar chruinnithe den choiste.

(4) Déanfar, as airgead a bheidh faoina réir ag an Údarás, cibé liúntais a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le gach comhalta de choiste a cheapfar faoi fho-alt (1) i leith caiteachais a thabhaigh sé.

An tArd-Stiúrthóir.

18. —(1) Beidh príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an Údarás (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an tArd-Stiúrthóir).

(2) Is é an tAire a cheapfaidh an chéad Ard-Stiúrthóir agus féadfaidh sé é a chur as oifig tráth ar bith; is é an tÚdarás le toiliú an Aire a cheapfaidh gach Ard-Stiúrthóir ina dhiaidh sin agus féadfaidh an tÚdarás le toiliú an Aire é a chur as oifig tráth ar bith.

(3) Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir riarachán agus gnó an Údaráis a sheoladh, a bhainisteoireacht agus a rialú go ginearálta agus comhlíonfaidh sé cibé feidhmeanna eile a chinnfidh an tÚdarás.

(4) Beidh an tArd-Stiúrthóir i seilbh oifige de réir agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus aoisliúntas) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Déanfaidh an tÚdarás, as airgead a bheidh faoina réir, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a íoc leis an Ard-Stiúrthóir i leith caiteachais a thabhaigh sé.

Foireann an Údaráis.

19. —(1) Féadfaidh an tÚdarás cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh siad le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Údaráis.

(2) Déanfar, as airgead a bheidh faoina réir ag an Údarás, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tÚdarás le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a íoc le haon chomhalta d'fhoireann an Údaráis (seachas an tArd-Stiúrthóir) i leith caiteachais a thabhaigh sé.

(3) Beidh comhalta d'fhoireann an Údaráis (seachas an tArd-Stiúrthóir) i seilbh a oifige nó a fhostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an tÚdarás le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(4) Déanfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, na gráid d'fhoireann an Údaráis, agus an líon foirne i ngach grád, a chinneadh.

(5) Féadfaidh an tÚdarás aon fheidhm dá gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh trí chomhalta dá bhfoireann, nó ag comhalta dá bhfoireann, arna údarú go cuí ag an Údarás chuige sin.

Forálacha is infheidhme maidir le hoifigigh, etc. a aistreofar chuig an Údarás.

20. —(1) Gach oifigeach don Aire a bheidh ainmnithe ag an Aire tráth ar bith roimh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, aistreofar é chuig an Údarás, agus tiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis ar an lá a ainmneofar amhlaidh é.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) gan fógra i scríbhinn a bheith tugtha aige d'aon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, agus don Údarás, go bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh agus gan breithniú a bheith déanta aige ar aon uiríll a rinne siad sin nó aon cheann díobh i ndáil leis an ábhar laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra.

(3) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon oifigeach don Aire a bheidh arna ainmniú ag an Aire faoi fho-alt (1) a aistreofar leis an bhfo-alt sin chuig foireann an Údaráis ní lú, fad a bheidh sé i seirbhís an Údaráis, an scála pá a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (seachas na téarmaí agus na coinníollacha sin a bhaineann le seilbh oifige) a mbeidh sé faoina réir ná an scála pá a raibh teideal aige chuige agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé faoina réir díreach roimh an lá a aistríodh amhlaidh é.

(4) Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás, tar éis dóibh dul i gcomhairle le haon cheardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, athrú ar scálaí pá agus ar théarmaí agus coinníollacha seirbhíse (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) na foirne a bheidh aistrithe amhlaidh, leanfaidh na scálaí pá a raibh teideal ag an bhfoireann chucu agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige), na srianta, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh an fhoireann faoina réir díreach sular aistríodh í, d'fheidhm a bheith acu maidir leis an bhfoireann agus féadfaidh an tÚdarás nó an tArd-Stiúrthóir, de réir mar a bheidh, iad a chur i bhfeidhm nó a fhorchur, fad a bheidh an fhoireann i seirbhís an Údaráis. Ní oibreoidh aon athrú den sórt sin chun gur measa na scálaí pá nó na téarmaí nó na coinníollacha seirbhíse a bhain le comhalta den fhoireann sin díreach roimh an lá a aistríodh é le fo-alt (1) chuig foireann an Údaráis, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann.

(5) Na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige a dheonaíonn an tUdarás do chomhalta d'fhoireann an Údaráis a d'ainmnigh an tAire agus a aistríodh faoi fho-alt (1) leis an bhfo-alt sin chuig foireann an Údaráis ní lú fabhar dó iad, fad a bheidh sé i seirbhís an Údaráis ná na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh i réim sa státseirbhís de thuras na huaire; aon athrú ar na coinníollacha maidir le seilbh oifige aon chomhalta den sórt sin ní athrú é a fhágann gur lú fabhar dó é ná na coinníollacha a bheidh i réim sa státseirbhís tráth an athraithe sin, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta áirithe. Má bhíonn aon díospóid idir an tÚdarás agus aon chomhalta den sórt sin i dtaobh na gcoinníollacha atá i réim sa státseirbhís, is é an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a chinnfidh an cheist.

(6) I ndáil le foireann a aistreofar le fo-alt (1) chuig foireann an Údaráis, féadfar seirbhís roimh ré sa státseirbhís a áireamh chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984, an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 , na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 agus 1984, agus an Achta um Dhífhostú Éagórach, 1977 , ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh eile sna hAchtanna sin.

Aoisliúntas fhoireann an Údaráis.

21. —(1) Déanfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais a dheonú do dhaoine, nó i leith daoine, a cheapfar le halt 19 nó a aistreofar le halt 20 chuig ionaid lánaimseartha ar fhoireann an Údaráis.

(2) Socróidh scéim faoi fho-alt (1) an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm scéime faoin alt seo lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo.

(4) Maidir le duine a aistreofar le halt 20 chuig ionad lánaimseartha ar fhoireann an Údaráis, déanfaidh scéim nó scéimeanna faoi fho-alt (1) socrú chun sochair aoisliúntais a dheonú dó nó ina leith ar théarmaí agus ar choinníollacha agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar dó ná na téarmaí agus na coinníollacha a bhí i bhfeidhm maidir leis díreach roimh an lá a aistríodh é amhlaidh i ndáil leis na sochair sin a dheonú.

(5) Más rud é, le linn na tréimhse idir an lá bunaithe agus teacht i ngníomh scéime faoin alt seo, go mbeadh sochair aoisliúntais deonaithe do dhuine nó i leith duine a aistríodh le halt 20 chuig foireann an Údaráis maidir lena fhostaíocht mar oifigeach don Aire, déanfaidh an tÚdarás na sochair aoisliúntais a dheonú don duine agus a íoc leis an duine nó a dheonú agus a íoc ina leith agus chun na críche sin déanfar a sheirbhís inphinsin leis an Údarás a chomhiomlánú lena sheirbhís inphinsin roimhe sin.

(6) Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní rinneadh faoin scéim.

(7) Faoi réir fho-alt (5) ní dheonóidh an tÚdarás aon sochar aoisliúntais ar chomhalta d'fhoireann an Údaráis d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis ach amháin i gcomhréir le scéim nó scéimeanna faoin alt seo.

(8) Má tharlaíonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais nó maidir le méid aon sochair aoisliúntais is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire, a tharchuirfidh í chun an Aire Airgeadais agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan.

(9) San alt seo agus sa Chéad Sceideal ciallaíonn “sochair aoisliúntais” pinsin, aiscí agus liúntais eile is iníoctha ar dhuine d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis.

Deontas don Údarás.

22. —(1) Íocfar leis an Údarás i ngach bliain airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas de cibé méid a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, le haghaidh chaiteachais an Údaráis i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna.

(2) Féadfaidh an tÚdarás le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais airgead a infheistiú ar cibé modh is cuí leo.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú roimh ré ón Aire agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cistí a lorg agus a ghlacadh ó cibé foinsí eile agus faoi réir cibé coinníollacha a cheadóidh an tAire ó am go ham.

Cumhacht an Údaráis iasachtaí a fháil.

23. —Féadfaidh an tÚdarás ó am go ham, chun foráil a dhéanamh le haghaidh caiteachais reatha nó caipitiúil, airgead, lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, a fháil ar iasacht (cibé acu ar urrús shócmhainní an Údaráis, nó ar shlí eile), ach ní dhéanfaidh siad amhlaidh gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Muirir i leith seirbhísí.

24. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an tÚdarás cibé muirir a ghearradh is iomchuí leo i gcomaoin soláthar seirbhísí acu (seachas seirbhís arb é atá inti comhairle a sholáthar don Aire) agus seoladh gníomhaíochtaí acu agus féadfaidh siad aon ní a tháirgfidh, a fhoilseoidh nó a fhorbróidh an tÚdarás a dhíol ar cibé praghsanna is cuí leo agus féadfaidh siad conarthaí a dhéanamh, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is iomchuí leo (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le híocaíochtaí leis an Údarás).

(2) Is faoi réir cheadú an Aire agus an Aire Airgeadais a chinnfear méideanna muirear a ghearrfaidh an tÚdarás.

(3) Muirir, praghsanna agus íocaíochtaí faoi fho-alt (1) maidir le seirbhísí a sholáthraítear, gníomhaíochtaí a sheoltar nó nithe a dhíoltar, lasmuigh den Stát, ní bheidh siad, ach amháin le ceadú an Aire, níos lú ná an costas a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthar, nó an ní a tháirgeadh agus a fhorbairt, de réir mar a bheidh.

(4) Féadfaidh an tÚdarás aon mhéid a bheidh dlite dóibh faoi fho-alt (1) a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine ar iníoctha aige é.

Cuntais agus iniúchtaí.

25. —(1) Coimeádfaidh an tÚdarás i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh siad nó a chaithfidh siad.

(2) Maidir leis na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo déanfar iad a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus nuair a bheidh na cuntais sin iniúchta amhlaidh déanfar iad (maille le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu) a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais iniúchta agus den tuarascáil orthu a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil.

26. —(1) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid an Údaráis, ach tráth nach déanaí ná sé mhí ina dhiaidh sin, tabharfaidh an tÚdarás tuarascáil don Aire faoina ngníomhaíochtaí le linn na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) I ngach tuarascáil faoi fho-alt (1) beidh faisnéis i cibé foirm, agus maidir le cibé nithe, a ordóidh an tAire.

CUID IV

Rialacháin agus Cóid Chleachtais

Reachtaíocht a athmheas.

27. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an Údarás—

(a) na forálacha reachtúla ábhartha a choinneáil faoi athmheas;

(b) na forálacha reachtúla comhbhainteacha a choinneáil faoi athmheas;

(c) cibé tograí a mheasann an tÚdarás is iomchuí i ndáil leis na forálacha reachtúla ábhartha nó cibé tograí chun aon ionstraimí faoi na forálacha sin a dhéanamh nó a chúlghairm, a chur faoi bhráid an Aire ó am go ham; agus

(d) cibé tograí a chur, ó am go ham, faoi bhráid an Aire ar a bhfuil an fhreagracht maidir le haon fhoráil de na forálacha reachtúla comhbhainteacha ar tograí iad a mheasann an tÚdarás a bheith iomchuí i ndáil leis na forálacha sin nó chun aon ionstraimí faoi na forálacha sin a dhéanamh nó a chúlghairm.

(2) Sula gcuirfidh siad tograí faoi bhráid an Aire de réir fho-alt (1) (c), rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le haon Aire den Rialtas nó le haon duine nó comhlacht eile is dóigh leis an Údarás is iomchuí sna himthosca, nó, i gcás go n-ordaíonn an tAire amhlaidh, agus, go sonrach, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil i gcás aon tograí i ndáil le rialuithe ar dhearadh nó ar fhoirgníocht foirgneamh.

(3) Breithneoidh an tÚdarás aon tograí chun athrú reachtaíochta a dhéanamh a bhaineann le sábháilteacht nó sláinte ceirde agus le nithe gaolmhara a tharchuirfear chuige ag an Aire nó ag aon Aire eile den Rialtas atá freagrach as aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha nó de na forálacha reachtúla comhbhainteacha, de réir mar a bheidh.

Rialacháin.

28. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh le haghaidh aon ní, nó i ndáil le haon ní, de na nithe atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus le haghaidh aon ní eile nó i ndáil le haon ní eile is gá chun éifeacht a thabhairt don Acht seo.

(2) Féadfaidh rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo feidhm a bheith acu maidir le gach gníomhaíocht oibre nó maidir le gníomhaíochtaí oibre sonracha agus féadfaidh siad baint a bheith acu le hoibreán nó le hoibreáin de chineál ceimiceach, fisiceach nó bitheolaíoch.

(3) Rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Údarás sula ndéanfaidh sé aon rialacháin i bhfeidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an Acht seo (seachas de thoradh togra ón Údarás faoi alt 27).

(4) I gcás go mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt, fara modhnuithe, d'aon togra a dhéanann an tÚdarás faoi alt 27, rachaidh sé i gcomhairle leis an Údarás sula ndéanfaidh sé na rialacháin.

(5) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis é a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(6) Féadfaidh an tAire, le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, aon aicme shonraithe gníomhaíochta nó aon aicme shonraithe duine nó áit oibre, a dhíolmhú ó gach foráil nó ó aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha ar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, i gcás gur deimhin leis go bhfuil feidhmiú na bhforálacha sin neamhriachtanach nó neamhphraiticiúil.

Oiriúnuithe ilghnéitheacha.

29. —(1) Aon tagairtí don Aire (seachas tagairtí maidir le rialacha, rialacháin, fodhlíthe, orduithe, díolmhuithe nó eisceachtaí a dhéanamh) a bhí in aon achtachán láithreach díreach roimh an lá bunaithe, forléireofar iad, a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna is infheidhmithe ag an Údarás faoin Acht seo, mar thagairtí don Údarás.

(2) I gcás go mbeidh, díreach roimh an lá bunaithe, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu an tAire agus go dtagraíonn na himeachtaí d'fheidhm is infheidhmithe ag an Údarás, cuirfear ainm an Údaráis in ionad ainm an Aire sna himeachtaí agus ní thitfidh na himeachtaí ar lár mar gheall ar an ionadú sin.

(3) Aon ní a bheidh tosaithe roimh an lá bunaithe ag an Aire, nó faoi údarás an Aire, féadfaidh an tÚdarás, a mhéid a bhaineann sé le feidhmeanna is infheidhmithe ag an Údarás, é a sheoladh agus a chríochnú ar an lá bunaithe sin nó dá éis.

(4) Gach ionstraim a rinneadh nó a eisíodh faoi achtachán láithreach a bhí i bhfeidhm díreach roimh aisghairm an achtacháin sin le halt 4, leanfaidh sí i bhfeidhm amhail is dá mba faoin Acht seo a dhéanfaí nó a eiseofaí í.

Cóid chleachtais.

30. —(1) Féadfaidh an tÚdarás cóid chleachtais a dhréachtú agus a eisiúint.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is cuí leo, aon chód cleachtais nó aon chuid d'aon chód cleachtais a dhréachtaigh aon chomhlacht eile a cheadú.

(3) Na cóid chleachtais a eiseofar nó a cheadófar faoin alt seo is le haghaidh treoir phraiticiúil a chur ar fáil iad maidir leis na ceanglais nó leis na toirmisc atá in aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha.

(4) Gheobhaidh an tÚdarás toiliú an Aire sula n-eiseoidh nó sula gceadóidh siad cód cleachtais.

(5) Sula lorgóidh an tÚdarás toiliú an Aire chun cód cleachtais a eisiúint nó a cheadú, rachaidh siad i gcomhairle le haon Aire den Rialtas nó le haon duine nó comhlacht eile a dhealraíonn don Údarás a bheith iomchuí nó má ordaíonn an tAire amhlaidh.

(6) I gcás go n-eisíonn nó go gceadaíonn an tÚdarás cód cleachtais foilseoidh siad ráiteas san Iris Oifigiúil á rá gur eisigh nó gur cheadaigh siad an cód sin, agus aithneofar ann an cód atá i gceist, agus sonrófar ann cé na forálacha de na forálacha reachtúla ábhartha a n-eisítear nó a gceadaítear an cód dóibh agus an dáta óna mbeidh éifeacht leis an gcód sin.

(7) Féadfaidh an tÚdarás le toiliú an Aire agus tar éis dóibh dul i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas nó le haon duine nó le haon chomhlacht eile a dhealraíonn don Údarás a bheith iomchuí—

(a) athbhreithniú a dhéanamh ar iomlán aon chóid chleachtais a d'ullmhaigh siad, nó ar chuid den chód sin,

(b) a gceadú a tharraingt siar d'aon chód cleachtais nó d'aon chuid de chód cleachtais.

(8) I gcás go n-athbhreithníonn an tÚdarás cód cleachtais nó go dtarraingíonn siad siar é nó go scoireann siad dá cheadú, foilseoidh siad fógra á rá sin san Iris Oifigiúil.

Cóid chleachtais a úsáid in imeachtaí coiriúla.

31. —(1) I gcás go mainníonn duine ar bith aon fhoráil de chód cleachtais a urramú ní dhlífear, mar gheall air sin amháin, aon imeachtaí sibhialta nó coiriúla a thionscnamh ina aghaidh; ach i gcás go líomhnaítear in aon imeachtaí coiriúla go ndearna páirtí cion de bhíthin aon cheanglas nó toirmeasc a shárú a fhorchuirtear le haon fhoráil nó faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha is foráil a raibh cód cleachtais ann ina leith tráth an tsáraithe líomhnaithe, beidh éifeacht le fo-alt (2) maidir leis an gcód sin i ndáil leis na himeachtaí sin.

(2) Aon fhoráil den chód cleachtais a ndealraíonn sé don Chúirt go dtugann sí treoir phraiticiúil i dtaobh urramú an cheanglais nó an toirmisc a líomhnaítear a bheith sáraithe, beidh sí inghlactha mar fhianaise; agus má chruthaítear gur mainneachtain an fhoráil sin den chód a urramú aon ghníomh nó neamhghníomh de chuid an chosantóra a líomhnaítear gurb é an sárú é, nó má chruthaítear gur comhlíonadh forála den sórt sin den chód aon ghníomh nó neamhghníomh de chuid an chosantóra, ansin beidh an mhainneachtain nó an comhlíonadh sin inghlactha mar fhianaise.

CUID V

Forfheidhmiú

Gníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin.

32. —(1) Faoi réir alt 16 (1) (a) agus (3), féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus tar éis dó dul i gcomhairle le haon Aire den Rialtas a cheapfaidh an tAire a bheith iomchuí, daoine (lena n-áirítear údaráis áitiúla) a fhorordú chun bheith ina ngníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin (agus gairfear “gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin” den duine sin san Acht seo) in ionad an Údaráis chun cibé forálacha de na forálacha reachtúla ábhartha a fhorfheidhmiú a mhéid a bheidh forordaithe.

(2) Beidh sé de dhualgas ar ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin comhshocraíochtaí leordhóthanacha a dhéanamh chun na forálacha reachtúla ábhartha a fhorfheidhmiú, a mhéid a chuirtear an fhreagracht uirthi, le rialacháin faoi fho-alt (1), iad a fhorfheidhmiú, agus an dualgas sin agus aon fheidhmeanna eile a thugtar di le haon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha a chomhlíonadh de réir cibé treorach a thabharfaidh an tÚdarás di.

(3) Beidh sé de dhualgas ar gach gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin aon tuairiscí agus aon fhaisnéis a bhaineann lena feidhmeanna agus lena gníomhaíochtaí faoin Acht seo, agus a éileoidh an tÚdarás ó am go ham, a thabhairt don Údarás.

Cigirí a údarú.

33. —(1) Féadfaidh an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin daoine a údarú chun bheith ina gcigirí chun na forálacha reachtúla ábhartha a fhorfheidhmiú laistigh dá limistéar freagrachta de réir alt 16 nó 32, de réir mar a bheidh, agus féadfaidh siad na húdaruithe sin a chúlghairm.

(2) Tabharfar deimhniú a údaraithe do chigire agus má éilítear air amhlaidh, le linn dó a bheith ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó le haon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha, nó ag féachaint lena feidhmiú, tabharfaidh sé ar aird a dheimhniú údaraithe nó cóip de agus é fíordheimhnithe go cuí ag an Údarás nó ag an ngníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin maille le céannacht phearsanta de chineál éigin.

Cumhachtaí cigirí.

34. —(1) Beidh cumhacht ag cigire—

(a) dul isteach gach tráth in aon áit a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint gur áit é a úsáidtear mar áit oibre agus an áit sin a iniúchadh, a scrúdú agus a chuardach gach tráth;

(b) comhalta den Gharda Síochána a thabhairt leis má bhíonn cúis réasúnach aige lena cheapadh go gcuirfear aon bhac tromaí air agus é ag feidhmiú a dhualgais;

(c) aon duine eile a thabhairt leis a bheidh údaraithe ag an Údarás nó ag an ngníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin ábhartha nó aon trealamh nó ábhair a thabhairt leis a bheidh riachtanach chun críche ar bith dá mbeidh an chumhacht iontrála á feidhmiú;

(d) i gcás go mbeidh cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil cion faoin Acht seo déanta nó á dhéanamh ag nó in áit oibre ar bith, forneart réasúnach a úsáid nuair is gá é chun dul isteach san áit oibre, ar choinníoll go bhfuil sé údaraithe chuige sin le barántas ó Bhreitheamh den Chúirt Dúiche (agus údaraítear leis seo do Bhreitheamh den sórt sin an barántas sin a eisiúint ar fhoras réasúnach a bheith tugtha faoi mhionn);

(e) cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fhionnadh an bhfuil na forálacha reachtúla ábhartha á gcomhlíonadh;

(f) a cheangal go dtabharfar ar aird aon leabhair, cláir, taifid (cibé acu a choinnítear de láimh iad nó ar mhodh eile), deimhnithe, fógraí, doiciméid, léarscáileanna, agus pleananna a cheanglaítear a choinneáil de bhun aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha, nó aon doiciméid eile ar gá dó iad a fheiceáil chun críocha aon scrúdú nó fiosrúcháin faoin Acht seo agus iad a iniúchadh, a scrúdú agus cóip a dhéanamh díobh nó a cheangal go soláthrófar cóip díobh, nó d'aon iontráil iontu, dó;

(g) a cheangal ar aon duine, a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé in ann faisnéis a thabhairt atá ábhartha maidir le haon scrúdú nó fiosrúchán faoin Acht seo, freagra a thabhairt, ina aonar nó i láthair aon duine eile, de réir mar is cuí leis, ar cibé ceisteanna maidir le nithe faoin Acht seo is cuí leis a chur agus dearbhú a shíniú i dtaobh fhírinne na bhfreagraí a thugtar, ar choinníoll nach gceanglófar ar aon duine freagra a thabhairt ar aon cheist ná aon fhianaise a thabhairt a d'ionchoireodh an duine féin;

(h) ordú a thabhairt go bhfágfar gan cur isteach orthu aon áit oibre nó aon chuid d'áit oibre agus aon ní san áit nó sa chuid sin a fhad is gá le réasún chun críche aon scrúdaithe nó fiosrúcháin faoin Acht seo;

(i) maidir le haon airteagal nó substaint a fhaigheann sé ag nó in aon áit oibre, a cheangal ar an bhfostóir nó ar aon duine a fhaigheann sé ag an áit oibre nó ar aon duine a ndealraítear don chigire é a bheith i seilbh an airteagail nó na substainte, samplaí leordhóthanacha den chéanna a sholáthar gan íocaíocht le haghaidh tástála, scrúdú nó anailíse;

(j) a chur faoi deara, maidir le haon airteagal nó substaint a fhaigheann sé ag nó in aon áit oibre agus a ndealraítear don chigire gur thrúig chontúirte a bhí, nó is dóigh a bheidh, ann don tsábháilteacht nó don tsláinte, é a dhíchóimeáil nó a chur faoi aon phróiseas nó tástáil (ach ní ar shlí go ndéanfaí díobháil dó nó go millfí é mura bhfuil sin riachtanach sna himthosca chun críocha an Achta seo) agus i gcás go mbeartaíonn cigire an chumhacht a thugtar leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú i gcás airteagail nó substainte a fhaightear ag nó in aon áit oibre, déanfaidh sé, má iarrann duine air é atá i láthair an tráth sin ag an áit oibre sin nó ann agus a bhfuil freagrachtaí air i ndáil leis an áit oibre sin, a chur faoi deara gur i láthair an duine sin a dhéanfar aon ní atá le déanamh de bhua na cumhachta sin;

(k) i ndáil le haon airteagal nó substaint a fhaightear ag áit oibre de réir mhír (j), seilbh a ghlacadh ar an airteagal nó ar an tsubstaint sin agus é a choinneáil a fhad is gá chun gach ceann nó aon cheann de na críocha seo a leanas, eadhon—

(i) é a scrúdú, nó a shocrú go ndéanfar é a scrúdú, agus aon ní a dhéanamh leis a bhfuil cumhacht aige é a dhéanamh faoi mhír (j);

(ii) a chinntiú nach gcuirfear isteach air sula gcríochnófar an scrúdú;

(iii) a chinntiú go mbeidh fáil air lena úsáid mar fhianaise in aon imeachtaí;

(l) samplaí den atmaisféar a thógáil in aon áit oibre;

(m) aon toisí nó aon fhótagraif a thógáil nó aon téipthaifeadtaí nó taifeadtaí, leictreacha nó eile, a dhéanamh a mheasann sé is gá chun críocha aon iniúchadh, scrúdú, nó fiosrúcháin a dhéanann sé faoin Acht seo;

(n) a cheangal ar aon duine cibé saoráidí agus cúnamh a thabhairt dó atá faoina urláimh nó mar chuid dá fhreagrachtaí agus is gá le réasún lena chumasú dó aon chumhacht de na cumhachtaí a thugtar dó faoin Acht seo a fheidhmiú; agus

(o) cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Sula bhfeidhmeoidh sé cumhacht a thugtar dó le fo-alt (1) (j) i gcás aon airteagail nó substainte, rachaidh cigire, a mhéid is féidir sin a dhéanamh le réasún, i gcomhairle le cibé daoine a dhealraíonn dó a bheith iomchuí chun a fhionnadh cé na contúirtí, más ann, a bhainfeadh le haon ní a dhéanamh a bheartaíonn sé a dhéanamh faoin gcumhacht sin.

(3) Más rud é, faoin gcumhacht a thugtar dó le fo-alt 1 (k), go nglacfaidh cigire seilbh ar aon airteagal nó substaint a fhaightear ag nó in aon áit oibre, tógfaidh sé sampla den airteagal nó den tsubstaint más féidir leis sin a dhéanamh agus tabharfaidh sé cuid den sampla a bheidh marcáilte ar shlí leordhóthanach faoi chomhair a aithinte do dhuine freagrach ag an áit oibre.

(4) (a) Féadfaidh an tÚdarás aon chigire ar liachleachtóir cláraithe é a ainmniú i scríbhinn mar liachomhairleoir ceirde.

(b) Beidh sé de dhualgas ar liachomhairleoir ceirde glacadh thar ceann an Údaráis le haon fhógra, tuairisc nó deimhniú a cheanglaítear, le foráil ar bith de na forálacha reachtúla ábhartha, ar liachleachtóir cláraithe a chur chuig an Údarás.

(c) Féadfaidh liachomhairleoir ceirde—

(i) a iarraidh ar aon duine a bhí, nó a d'fhéadfadh a bheith, ina thuairim, i gcúrsa a chuid oibre, faoi lé aon phriacail díobhála coirp nó aon chontúirte eile dá shláinte; agus

(ii) d'fhonn staid sláinte daoine a fhostaítear in áiteanna oibre éagsúla nó in áiteanna oibre sonraithe nó in áiteanna éagsúla san áit oibre céanna, a chur i gcomparáid le staid sláinte daoine eile, a iarraidh ar aon duine

samplaí bitheolaíocha a chur ar fáil nó dul faoi scrúdú liachta, nó iad araon, ag cibé áit a ainmneoidh sé, cibé acu ag an liachomhairleoir féin nó thar a cheann nó ag cibé liachleachtóir cláraithe eile a shonróidh sé nó thar a cheannsan.

Orduithe agus pleananna feabhsúcháin.

35. —(1) Baineann an t-alt seo le haon ghníomhaíochtaí atá, nó ar dóigh dóibh a bheith, á seoladh ag aon duine nó faoi rialú aon duine, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil nó, má seoltar na gníomhaíochtaí amhlaidh, a mbeidh, feidhm ag aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha maidir leo nó i ndáil leo.

(2) Más rud é, i leith aon ghníomhaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo, gurb é tuairim cigire go ngabhann, nó gur dóigh go ngabhfaidh, priacal sábháilteachta nó sláinte daoine leo de réir mar a sheoltar iad nó de réir mar is dóigh a sheolfar iad ag an duine i gceist, nó faoina rialú, féadfaidh an cigire ordú i scríbhinn a sheirbheáil ar an duine sin á iarraidh go ndéanfar, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san ordú, plean feabhsúcháin a chur faoi bhráid an chigire lena cheadú, ina sonrófar na bearta leasúcháin a bheartaítear a dhéanamh chun na nithe a bheidh leagtha amach san ordú a chur ina gceart.

(3) Má chuirtear plean feabhsúcháin faoi bhráid cigire de réir fho-alt (2) agus nach deimhin leis é a bheith leordhóthanach féadfaidh sé a ordú go ndéanfar an plean a athbhreithniú agus a chur faoina bhráid arís laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san ordú.

Fógra feabhsúcháin.

36. —(1) Más é tuairim cigire go bhfuil aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha á shárú nó sáraithe ag duine nó gur mhainnigh an duine sin plean feabhsúcháin iomchuí a chur faoi bhráid an chigire nó a chur i ngníomh ar ordú a bheith tugtha dó chuige sin faoi alt 35, féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn a bheidh sínithe aige (dá ngairtear “fógra feabhsúcháin” san Acht seo) a sheirbheáil ar an duine sin á rá gurb é sin a thuairim agus san fhógra feabhsúcháin—

(a) sonrófar an fhoráil nó na forálacha a bhfuil an tuairim sin aige maidir leo;

(b) tabharfar sonraí i dtaobh na gcúiseanna a bhfuil an tuairim sin aige;

(c) más infheidhme, déarfar gur mhainnigh an duine plean feabhsúcháin a chur faoi bhráid cigire nó an plean sin a chur i ngníomh; agus

(d) ordófar don duine sin na sáruithe líomhnaithe a leigheas faoi dháta a bheidh sonraithe san fhógra, nár choir a bheith níos luaithe ná an tréimhse ar laistigh di a fhéadfar achomharc a dhéanamh faoi fho-alt (3).

(2) Féadfaidh orduithe maidir leis na bearta a bheidh le déanamh chun na sáruithe líomhnaithe atá leagtha amach san fhógra a leigheas, a bheith ar áireamh i bhfógra feabhsúcháin.

(3) Duine arb ábhar éagóra leis fógra feabhsúcháin, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag dar tosach an lá a sheirbheáiltear an fógra air, achomharc a dhéanamh in aghaidh an fhógra, ar an modh forordaithe, chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche sa Dúiche Cúirte Dúiche inar seirbheáladh an fógra agus le linn dó an t-achomharc a chinneadh féadfaidh an Breitheamh—

(a) más deimhin leis go bhfuil sé réasúnta déanamh amhlaidh in imthosca an cháis, an fógra a dhaingniú, fara nó d'éagmais modhnaithe, nó

(b) an fógra a chealú.

(4) Déanfaidh duine a dhéanann achomharc in aghaidh fógra feabhsúcháin fógra a thabhairt an tráth céanna don Údarás nó don ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin de réir mar is iomchuí i dtaobh an achomhairc agus na bhforas le haghaidh an achomhairc agus beidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, i dteideal a bheith i láthair, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird le linn an t-achomharc a bheith á éisteacht.

(5) I gcás achomharc a dhéanamh i gcoinne fógra feabhsúcháin, glacfaidh an fógra éifeacht an lá díreach i ndiaidh an lae a dhaingnítear an fógra ar achomharc nó a tharraingítear siar an t-achomharc, nó an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é a dtiocfaidh sé in éifeacht, cibé acu is déanaí.

(6) I gcás nach ndéantar aon achomharc in aghaidh fógra feabhs úcháin, glacfaidh an fógra éifeacht ar dhul in éag don tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh nó ar an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é a dtiocfaidh an fógra in éifeacht, cibé acu is déanaí.

(7) Féadfaidh cigire fógra feabhsúcháin a tharraingt siar aon tráth roimh an dáta a bheidh sonraithe ann faoi fho-alt (1) (d) agus féadfaidh sé an dáta sin a chur siar nó a chur siar tuilleadh tráth ar bith nach mbeidh achomharc in aghaidh an fhógra ar feitheamh.

Fógra toirmisc.

37. —(1) Baineann an t-alt seo le haon ghníomhaíochtaí atá, nó ar dóigh iad a bheith, á seoladh ag aon duine nó faoi rialú aon duine, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil nó, má sheoltar na gníomhaíochtaí amhlaidh, a mbeidh, feidhm ag aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha maidir leo nó i ndáil leo.

(2) Más rud é, i leith aon ghníomhaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo, gurb é tuairim cigire go ngabhann nó, de réir mar a bheidh, gur dóigh go ngabhfaidh, priacal díobhála pearsanta tromaí do dhaoine ag aon áit oibre de réir mar a sheoltar iad, nó de réir mar is dóigh a sheolfar iad, ag an duine, nó faoi rialú an duine, i gceist, féadfaidh an cigire fógra (dá ngairtear “fógra toirmisc” san Acht seo) arna shíniú aige a sheirbheáil ar an duine sin.

(3) I bhfógra toirmisc—

(a) déarfar go bhfuil an cigire den tuairim a dúradh;

(b) sonrófar na nithe arb é a thuairim gur astu, nó de réir mar a bheidh, gur dóigh gurb astu, a eascraíonn an priacal sin;

(c) más rud é ina thuairim go ngabhann nó, de réir mar a bheidh, go ngabhfaidh, le haon cheann de na nithe sin, sárú ar aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha, déarfar go bhfuil sé den tuairim sin, sonrófar an fhoráil nó na forálacha a bhfuil an tuairim sin aige maidir leo, agus tabharfar sonraí i dtaobh na gcúiseanna a bhfuil an tuairim sin aige; agus

(d) ordófar, maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann an fógra, nach seolfar iad ag an duine, ná faoi rialú an duine, ar a seirbheáiltear an fógra ná ag aon duine eile ná faoi rialú aon duine eile mura leigheasfar na nithe a bheidh sonraithe san fhógra de bhun mhír (b), agus aon sárú comhbhainteach ar fhorálacha a bheidh sonraithe amhlaidh de bhun mhír (c).

(4) Glacfaidh fógra toirmisc éifeacht—

(a) má dhearbhaíonn an fógra amhlaidh, a luaithe díreach a fhaigheann an duine é ar a seirbheáiltear é;

(b) in aon chás eile—

(i) mura ndéantar aon achomharc in aghaidh an fhógra, ar dhul in éag don tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh nó ar an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é ar a dtiocfaidh an fógra in éifeacht, cibé acu is déanaí; nó

(ii) i gcás achomharc den sórt sin a dhéanamh, ar an lá díreach i ndiaidh an lae a ndaingnítear an fógra ar achomharc nó a dtarraingítear siar an t-achomharc nó an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é a dtiocfaidh sé in éifeacht, cibé acu is déanaí.

(5) Má thionscnaítear achomharc i gcoinne fógra toirmisc atá le héifeacht a ghlacadh de réir fho-alt (4) (a) ní bheidh d'éifeacht leis sin go ndéanfaidh sé oibriú an fhógra a fhionraí; ar choinníoll, áfach, go bhféadfaidh an t-achomharcóir iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun oibriú an fhógra a fhionraí go dtí go mbeidh an t-achomharc curtha de láimh, agus ar iarratas den sórt sin a bheith déanta, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi déanamh amhlaidh, ordú a thabhairt oibriú an fhógra a fhionraí go dtí go mbeidh an t-achomharc curtha de láimh.

(6) (a) Duine arb ábhar éagóra leis fógra toirmisc, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a seirbheáiltear an fógra air, achomharc a dhéanamh in aghaidh an fhógra ar an modh forordaithe chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche sa Dúiche Chúirte Dúiche inar seirbheáladh an fógra agus le linn dó an t-achomharc a chinneadh féadfaidh an Breitheamh sin—

(i) más deimhin leis go bhfuil sé réasúnta déanamh amhlaidh in imthosca an cháis, an fógra a dhaingniú fara nó d'éagmais modhnaithe; nó

(ii) an fógra a chealú.

(b) Más rud é, ar achomharc faoin alt seo a éisteacht, go ndaingneofar fógra toirmisc, d'ainneoin fho-alt (4) féadfaidh an Breitheamh Dúiche a d'éist an t-achomharc, ar iarratas an achomharcóra, oibriú an fhógra a fhionraí go ceann cibé tréimhse a mheasann sé a bheith iomchuí in imthosca an cháis.

(7) Duine a dhéanann achomharc i gcoinne fógra toirmisc nó a dhéanann iarratas ar ordú chun feidhmiú an fhógra a fhionraí faoi fho-alt (5), tabharfaidh sé fógra an tráth céanna don Údarás nó don ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, i dtaobh an achomhairc nó an iarratais agus i dtaobh na bhforas le haghaidh an achomhairc nó an iarratais agus beidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, i dteideal a bheith i láthair, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird le linn an t-achomharc nó an t-iarratas a bheith á éisteacht.

(8) Féadfaidh cigire fógra toirmisc a chúlghairm.

(9) (a) I gcás fógra toirmisc a bheith seirbheáilte agus gníomhaíochtaí a bheith á seoladh de shárú ar an bhfógra, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ó chigire, toirmeasc a chur, le hordú, ar leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí.

(b) Is le foriarratas a dhéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte ar ordú faoin bhfo-alt seo agus féadfaidh an Chúirt agus an t-ábhar á bhreithniú aici cibé ordú (más aon ordú é) eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is iomchuí léi agus féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) maidir le híocaíocht costas a cheapann an Chúirt a bheith iomchuí, a bheith san ordú trína ndéantar cinneadh ar iarratas faoin bhfo-alt seo.

Cumhacht oifigigh custam agus máil airteagail etc., a choinneáil.

38. —D'fhonn a éascú don Údarás aon cheann de na cumhachtaí nó de na dualgais is infheidhmithe acu faoi aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh oifigeach custam agus máil ar é bheith údaraithe dó déanamh amhlaidh ag na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarraidh i scríbhinn chuige sin ón Údarás, aon airteagal nó substaint a allmhairítear a choinneáil a fhad is gá le réasún le go scrúdóidh cigire é, ach in aon chás tráth nach faide ná 48 n-uaire an chloig ó thráth coinneála an airteagail nó na substainte i gceist.

Ordú ón Ard-Chúirt maidir le húsáid áite oibre.

39. —(1) Má cheapann an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin go bhfuil an priacal do shábháilteacht agus do shláinte daoine chomh tromaí sin gur chóir srian nó toirmeasc láithreach a chur le húsáid áite oibre nó cuid d'áit oibre go dtí go mbeidh bearta sonraithe déanta chun an priacal a laghdú go dtí leibhéal réasúnta, féadfaidh an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin iarratas a dhéanamh ex parte chun na hArd-Chúirte ar ordú chun srian nó toirmeasc a chur le húsáid na háite oibre nó cuid den áit oibre, dá réir sin.

(2) Féadfaidh an Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is iomchuí léi.

(3) Beidh éifeacht le haon ordú den sórt sin d'ainneoin théarmaí aon cheada a bheidh tugtha faoi aon achtachán eile faoi chomhair úsáide na háite oibre nó cuid den áit oibre.

(4) Ar aon iarratas chun ordú a chúlghairm nó a athrú faoi fho-alt (1), beidh an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, i dteideal éisteacht a fháil.

Cigirí a shlánú, etc.

40. —I gcás gur deimhin leis an Údarás nó le gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin go bhfuil cigire a bheidh údaraithe acu, nó aon chomhalta eile d'fhoireann an Údaráis, tar éis a dhualgais i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha reachtúla ábhartha a urscaoileadh ar mhodh bona fide, slánóidh siad an cigire nó an comhalta sin d'fhoireann an Údaráis in aghaidh gach caingne nó éilimh, is cuma conas a éiríonn siad, maidir le hurscaoileadh a dhualgas aige.

Fiosrúchán ar ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin.

41. —(1) Má líomhnaíonn an tÚdarás gur mhainnigh aon ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin aon fheidhm dá feidhmeanna faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha a chomhlíonadh, féadfaidh an tÚdarás le toiliú an Aire (agus ní thabharfar an toiliú sin ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire den Rialtas atá freagrach as gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin a líomhnaítear gur mhainnigh sí a feidhmeanna a chomhlíonadh) a ordú go ndéanfar imscrúdú i dtaobh na mainneachtana chun gníomhú atá á líomhain.

(2) Ceapfaidh an tÚdarás duine nó daoine, a bheidh inniúil, chun an t-imscrúdú a dhéanamh agus chun tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Údaráis ina luafar tátail faoin líomhain gur mhainnigh an ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, a chur faoi deara go ndéanfar iomlán aon tuarascála, nó aon chuid d'aon tuarascáil, a thugtar de bhua fho-alt (2)—

(a) a chur ar fáil don ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin i gceist,

(b) a fhoilsiú cibé tráth agus ar cibé modh a cheapann an tÚdarás a bheith iomchuí.

(4) Beidh sé de dhualgas ar ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin comhoibriú le duine atá ag seoladh fiosrúcháin faoin alt seo.

CUID VI

Faisnéis a Fháil agus a Nochtadh

An tÚdarás d'fháil faisnéise.

42. —(1) D'fhonn faisnéis a fháil a éilíonn an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin chun a bhfeidhmeanna a urscaoileadh, féadfaidh an tÚdarás, trí fhógra i scríbhinn (dá ngairtear “fógra ag éileamh faisnéise” san alt seo) arna sheirbheáil ar aon duine, a cheangal ar an duine sin faisnéis i dtaobh aon nithe a bheidh sonraithe san fhógra a thabhairt don Údarás laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus i cibé foirm, más ann, a bheidh sonraithe san fhógra.

(2) Ní sheirbheálfaidh an tÚdarás fógra ag éileamh faisnéise mura rud é, ag féachaint d'imthosca uile an cháis áirithe, go bhfuil an fhaisnéis á héileamh le réasún i dtaca le sábháilteacht, sláinte nó leas daoine a chosaint faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha.

(3) Cuirfidh duine ar fáil an fhaisnéis a iarrtar i bhfógra ag éileamh faisnéise—

(a) i gcás nach ndéantar aon achomharc in aghaidh an fhógra—

(i) ar dhul in éag don tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh; nó

(ii) laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra chun an fhaisnéis a thabhairt; nó

(iii) ar cibé lá dá éis sin ar a gcomhaontóidh an tÚdarás i scríbhinn,

cibé acu is déanaí;

(b) i gcás go ndéantar achomharc agus go ndaingnítear an fógra ar achomharc nó go dtarraingítear siar an t-achomharc—

(i) ar an lá tar éis an lae a ndaingnítear an fógra amhlaidh nó a dtarraingítear siar an t-achomharc; nó

(ii) laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra chun an fhaisnéis a thabhairt; nó

(iii) i gcás oibriú an fhógra a bheith curtha ar fionraí de réir fho-alt (4) (b), ar dhul in éag don tréimhse a cheap an Breitheamh den Chúirt Dúiche a bheith iomchuí chun críche an fho-ailt sin,

cibé acu is déanaí.

(4) (a) Duine arb ábhar éagóra leis fógra ag éileamh faisnéise a seirbheáladh air, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá ar a seirbheáiltear an fógra amhlaidh, achomharc a dhéanamh in aghaidh an fhógra ar an modh forordaithe chun Breitheamh den Chúirt Dúiche sa Dúiche Cúirte Dúiche inar seirbheáladh an fógra agus le linn dó an t-achomharc a chinneadh féadfaidh an Breitheamh—

(i) más deimhin leis go bhfuil sé réasúnta déanamh amhlaidh in imthosca an cháis, an fógra a dhaingniú, fara nó d'éagmais modhnaithe; nó

(ii) an fógra a chealú;

(b) más rud é, ar achomharc faoin bhfo-alt seo a éisteacht, go ndaingneofar fógra ag éileamh faisnéise, féadfaidh an Breitheamh a d'éist an t-achomharc, ar iarratas an achomharcóra, oibriú an fhógra a fhionraí go ceann cibé tréimhse a mheasann sé a bheith iomchuí in imthosca an cháis;

(c) féadfaidh an Breitheamh a chinneann achomharc faoin bhfo-alt seo cibé ordú a dhéanamh a cheapann sé a bheith iomchuí i dtaobh costais a íoc maidir leis an achomharc.

(5) I gcás go n-airbheartaítear aon tuairim de chuid an Údaráis, is tuairim lena mbaineann fo-alt (2), a bheith in aon doiciméad—

(a) a airbheartaítear a bheith déanta ag an Údarás nó faoi ordú ón Údarás; agus

(b) a thugann oifigeach don Údarás ar aird mar fhianaise in aon imeachtaí,

beidh an doiciméad sin inghlactha mar fhianaise agus ina fhianaise ar aon tuairim den sórt sin sna himeachtaí sin gan tuilleadh cruthúnais.

Faisnéis arna páirtiú ag na Coimisinéirí Ioncaim.

43. —Más cuí leo déanamh amhlaidh chun a éascú don Údarás nó do ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin nó do chigire de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta forfheidhmiúcháin aon cheann de na cumhachtaí nó na dualgais a fheidhmíonn siad faoi aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a údarú go nochtfar don Údarás nó do ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin nó do chigire de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta forfheidhmiúcháin aon fhaisnéis a fhaigheann na Coimisinéirí Ioncaim chun iad d'fheidhmiú a bhfeidhmeanna i ndáil le hairteagail nó substaintí a allmhairítear isteach sa Stát.

Rochtain ar fhaisnéis.

44. —Féadfaidh an tAire Sláinte agus an tAire Leasa Shóisialaigh cibé faisnéis a thabhairt don Údarás i ndáil le díobháil phearsanta a bhaineann do dhaoine ag an obair is faisnéis is gá chun sábháilteacht, sláinte nó leas daoine ag an obair a chinntiú.

Srianta le nochtadh faisnéise.

45. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “faisnéis ábhartha” faisnéis a fhaigheann duine nó a thugtar d'aon duine de bhun alt 42 nó alt 43 nó de bhun ceanglais a fhorchuirtear le haon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha;

ciallaíonn “toiliú ábhartha” i gcás faisnéise a thugtar de bhun ceanglais a fhorchuirtear le halt 34, toiliú ón duine a thug í, agus, in aon chás eile, toiliú ó dhuine a bhfuil an ghníomhaíocht, nó an áit oibre mar a bhfuarthas an fhaisnéis, faoina rialú;

ciallaíonn “an faighteoir”, i ndáil le haon fhaisnéis ábhartha, an duine a fuair an fhaisnéis sin amhlaidh nó dár tugadh an fhaisnéis sin amhlaidh, de réir mar a bheidh.

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní nochtfar aon fhaisnéis ábhartha gan an toiliú ábhartha a bheith tugtha.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2)—

(a) maidir le nochtadh faisnéise don Údarás, do ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin nó d'Aire den Rialtas;

(b) gan dochar do mhír (a), maidir leis an bhfaighteoir do nochtadh faisnéise d'aon duine chun críoch aon fheidhme a thugtar don fhaighteoir le haon cheann, nó faoi aon cheann, de na forálacha reachtúla ábhartha;

(c) gan dochar do mhír (a), maidir leis an bhfaighteoir do nochtadh faisnéise d'oifigeach do chomhlacht poiblí a n-údaraíonn an comhlacht sin dó an fhaisnéis a fháil;

(d) maidir leis an bhfaighteoir do nochtadh faisnéise i bhfoirm atá ceaptha d'fhonn nach n-aithneofar gur faisnéis í a bhaineann le duine ar leith nó le cás ar leith; nó

(e) maidir le nochtadh faisnéise chun críche aon imeachtaí dlí nó aon imscrúdú nó fiosrúcháin a thionólfar de bhua fhorálacha an Achta seo nó chun críocha tuarascála ar aon imeachtaí nó fiosrúcháin den sórt sin nó chun críocha tuarascála speisialta a thugtar de bhua fhorálacha an Achta seo.

(4) I bhfo-alt (3), folaíonn aon tagairt don Údarás, do ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin nó d'Aire den Rialtas, tagairt faoi seach d'oifigeach do na comhlachtaí sin agus freisin, i gcás tagartha don Údarás, folaíonn sí tagairt—

(a) do dhuine a chomhlíonann aon fheidhm de chuid an Údaráis;

(b) d'oifigeach do chomhlacht atá ag comhlíonadh amhlaidh aon fheidhmeanna den sórt sin.

(5) Duine dá nochtar faisnéis de bhun fho-alt (3) ní úsáidfidh sé an fhaisnéis seachas—

(a) i gcás a thagann faoi réim mhír (a) den fho-alt sin, chun críche de chuid an Údaráis, de chuid gníomhaireachta forfheidhmiúcháin nó de chuid Aire den Rialtas i dtaca leis na forálacha reachtúla ábhartha; nó

(b) i gcás faisnéise a thugtar d'oifigeach do chomhlacht poiblí, chun críche an chomhlachta sin i dtaca lena ndualgais faoi na forálacha reachtúla ábhartha nó forálacha reachtúla eile a bhaineann le sábháilteacht phoiblí, le sláinte nó leis an timpeallacht a chosaint.

(6) Ní nochtfaidh duine aon fhaisnéis a fhaigheann sé de thoradh aon chumhachta a fheidhmiú a thugtar le forálacha ailt 34, 46 nó 47 (lena n-áirítear, go sonrach, aon fhaisnéis maidir le haon rún trádála a fhaigheann sé in aon áit oibre ina dtéann sé de bhua aon chumhachta den sórt sin) ach amháin—

(a) chun críche a fheidhmeanna reachtúla; nó

(b) chun críche aon imeachtaí dlí nó aon imscrúdú nó fiosrúcháin a thionólfar de bhua fhorálacha alt 47 nó chun críocha tuarascála ar aon imeachtaí nó fiosrúcháin den sórt sin nó chun críocha tuarascála speisialta a thugtar de bhua fhorálacha alt 46; nó

(c) má thugtar an toiliú ábhartha.

(7) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (6) déanfaidh cigire, in imthosca inar gá déanamh amhlaidh d'fhonn cabhair a thabhairt le go mbeadh daoine (nó ionadaithe daoine) a fhostaítear ag aon áit oibre sách eolach faoi nithe a fhearann ar a sábháilteacht, ar a sláinte nó ar a leas, an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt do na daoine sin nó dá n-ionadaithe, is é sin le rá—

(a) faisnéis fhíorasach a fhaigheann sé mar a luaitear i bhfo-alt (6) a bhaineann leis an áit oibre sin nó le haon ní a bhí nó atá san áit sin nó a bhí nó atá á dhéanamh san áit sin ar choinníoll nach nochtfar aon rúin trádála san fhaisnéis sin; agus

(b) faisnéis maidir le haon ghníomh a bheidh déanta aige nó a bheartaíonn sé a dhéanamh san áit oibre sin nó i dtaca leis an áit oibre sin i gcomhlíonadh a fheidhmeanna;

agus, i gcás go ndéanfaidh cigire mar a dúradh, tabharfaidh sé faisnéis den tsamhail chéanna sin d'fhostóir na ndaoine céadluaite.

(8) Más rud é, chun críche faisnéis a fhaightear faoi alt 42 a mheas, go nochtann an tÚdarás an fhaisnéis sin do dhuine éigin eile, ní úsáidfidh an duine eile sin an fhaisnéis sin chun aon chríche seachas críoch de chuid an Údaráis agus, sula nochtfaidh sé an fhaisnéis sin, cuirfidh an tÚdarás in iúl don duine eile sin cad iad a oibleagáidí faoin alt seo.

CUID VII

Tuarascálacha agus Fiosrúcháin Speisialta

Imscrúduithe agus tuarascálacha speisialta.

46. —(1) (a) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith a ordú d'aon duine dá bhfoireann nó d'aon duine inniúil eile a cheapann siad a bheith iomchuí na himthosca a bhaineann le haon tionóisc, galar, teagmhas, cor nó aon ní eile a bhaineann le críocha ginearálta an Achta seo a imscrúdú agus tuarascáil a thabhairt dóibh, ar a dtabharfar agus dá ngairtear san alt seo “tuarascáil speisialta”, i dtaobh an ní sin.

(b) Chun críocha imscrúdú den sórt sin, beidh cumhachtaí uile cigire faoin Acht seo ag duine nach cigire a ghabhann imscrúdú den sórt sin de láimh faoin alt seo.

(2) I gcás imscrúdú agus tuarascáil speisialta a dhéantar agus a thugtar faoi fho-alt (1) (seachas ag comhalta d'fhoireann an Údaráis) féadfaidh an tÚdarás cibé táillí agus caiteachais a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an duine a dhéanann an t-imscrúdú nó a thugann an tuarascáil sin.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, a mhéid a chinnfidh an tAire, íoc as na costais a thabhaítear le linn tuarascáil speisialta a ullmhú, seachas na costais a thabhaítear faoi fho-alt (2), más ann.

(4) Féadfaidh an tÚdarás a chur faoi deara tuarascáil speisialta, nó cuid de thuarascáil speisialta den sórt sin, a fhoilsiú laistigh de thréimhse réasúnach agus ar cibé modh is cuí leo.

(5) I gcás tionóisce aeir nó iarnróid nó tionóisce ar farraige, ní sheolfaidh an tÚdarás imscrúdú i dtaobh na dtionóiscí sin ach amháin le toiliú an Aire arna thabhairt aige le comhthoiliú aon Aire eile den Rialtas is iomchuí leis.

Cumhacht fiosrúchán a ordú.

47. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, nuair a cheapann siad gur gá déanamh amhlaidh, agus le toiliú an Aire, ordú a thabhairt fiosrúchán a dhéanamh i dtaca le haon tionóisc, galar, teagmhas, cor nó aon ní eile a bhaineann le críocha ginearálta an Achta seo.

(2) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le fiosrúchán faoin alt seo—

(a) ceapfaidh an tÚdarás duine inniúil chun an fiosrúchán a dhéanamh agus féadfaidh siad duine ar bith a bhfuil eolas ar an dlí, nó eolas speisialta, aige a cheapadh chun gníomhú mar mheasúnóir chun cabhair a thabhairt san fhiosrúchán;

(b) an duine nó na daoine a cheapfar (dá ngairtear “an binse” anseo ina dhiaidh seo) déanfaidh sé nó siad an fiosrúchán ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha is iomchuí leis an mbinse lena chumasú don bhinse an fiosrúchán a sheoladh, agus lena chumasú dó a thuarascáil a thabhairt;

(c) beidh ag an mbinse, chun críocha an fhiosrúcháin, cumhachtaí uile Breithimh den Chúirt Dúiche le linn dó bheith ag éisteacht ionchúisimh i leith ciona faoin Acht seo, agus cumhachtaí uile cigire faoin Acht seo agus, ina theannta sin, beidh cumhacht aige—

(i) dul isteach in aon áit nó foirgneamh agus iniúchadh a dhéanamh air, más dóigh leis an mbinse gur gá chun na gcríoch a dúradh dul isteach ann nó é a iniúchadh;

(ii) a cheangal, le toghairm faoi shíniú an bhinse, go bhfreastalóidh gach duine ar cuí leis an mbinse é a ghairm os a chomhair agus a cheistiú chun na gcríoch a dúradh, agus a cheangal go dtabharfar freagraí nó tuairisceáin ar cibé fiosrúcháin is oiriúnach leis a dhéanamh;

(iii) a cheangal go dtabharfar ar aird, i bhfoirm inléite, gach taifead cibé acu a choinnítear iad de láimh nó ar shlí eile, gach leabhar, páipéar agus doiciméad a mheasfaidh an binse a bheith riachtanach chun na gcríoch a dúradh;

(iv) daoine a chur faoi mhionn agus a cheangal ar aon duine a cheisteofar dearbhú a dhéanamh agus a shíniú i dtaobh fhírinne na ráiteas a rinne sé le linn a cheistithe.

(3) Lamhálfar do dhaoine a dhéanfaidh freastal mar fhinnéithe os comhair an bhinse cibé caiteachais a lamhálfaí d'fhinnéithe a dhéanfadh freastal os comhair cúirte taifid, agus i gcás díospóide i dtaobh an méid a bheidh le lamháil tarchuirfidh an binse an díospóid chun máistir fómhais don Ard-Chúirt, agus déanfaidh seisean, ar iarratas a fháil faoi shíniú an bhinse, méid ceart na gcaiteachas a fhionnadh agus a dheimhniú.

(4) Tabharfaidh an binse tuarascáil don Údarás ina n-inseofar cúiseanna agus imthosca ábhar an fhiosrúcháin agus cuirfidh an binse leis an tuarascáil aon tuairimí is ceart leis an mbinse a lua.

(5) Féadfaidh an tÚdarás a chur faoi deara tuarascáil binse a thugtar faoin alt seo a fhoilsiú cibé tráth agus ar cibé modh is cuí leo.

(6) I gcás fiosrúcháin agus tuarascála faoin alt seo, féadfaidh an tÚdarás cibé táillí agus caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a íoc leis an duine nó leis na daoine a ghabhann an céanna de láimh.

(7) Féadfaidh an tÚdarás, a mhéid a chinnfidh an tAire, íoc as na costais eile, más ann, a bhaineann le fiosrúchán nó tuarascáil den sórt sin.

(8) Féadfaidh an binse a cheangal go mbeidh na táillí agus na caiteachais a tabhaíodh i ndáil le fiosrúchán faoin alt seo agus a ghabh leis an bhfiosrúchán sin (lena n-áirítear táillí aon daoine a ceapadh chun gníomhú mar mheasúnóirí) le híoc go hiomlán nó go páirteach ag aon duine a toghairmeadh os comhair an bhinse agus a bhfeictear don bhinse, mar gheall ar aon ghníomh nó mainneachain aige féin nó ag aon seirbhíseach nó gníomhaire dó, grád ar bith freagrachta a bheith air faoi ábhar an fhiosrúcháin, ach measfar gur cuid de chaiteachais an Údaráis ag riaradh an Achta seo aon chaiteachais den saghas sin nach gceanglaítear iad a íoc.

(9) Tabharfaidh an tÚdarás fógra go bhfuil ar intinn acu fiosrúchán a sheoladh faoin alt seo trí fhógra a fhoilseofar san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a scaiptear sa Stát ina leagfar amach téarmaí tagartha an fhiosrúcháin.

(10) Ní bheidh cumhacht ag an Údarás fiosrúchán a ordú faoi thionóisc aeir nó iarnróid nó faoi thionóisc ar farraige ach amháin le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú aon Aire eile den Rialtas a cheapann sé a bheith iomchuí.

CUID VIII

Cionta, Pionóis agus Imeachtaí Dlí

Cionta.

48. —(1) Is cion é ag duine—

(a) mainneachtain dualgas a urscaoileadh ar dualgas é a bhfuil an duine faoina réir de bhua ailt 6 go 8, 9 (1), 10, 11, 12 (5) go (8), 13 (1) agus (5), nó

(b) ailt 9 (2), 12 (1) go (4), a shárú, nó

(c) foráil de chuid rialacháin arna dhéanamh faoi alt 28 a shárú.

(2) Is cion é ag duine cosc, bac, bacainn nó moill a chur go toiliúil ar chigire aon fheidhmeanna a fheidhmiú a thugtar dó leis an Acht seo agus is cion é ag duine mainneachtain go toiliúil déanamh de réir iarrata nó treorach bona fide ó chigire i bhfeidhmiú a fheidhmeanna reachtúla.

(3) Is cion é ag duine cosc a chur, nó féachaint le cosc a chur, ar aon duine freagra a thabhairt ar aon cheist a bhféadfaidh cigire freagra a éileamh uirthi de bhua alt 34.

(4) Is cion é mainneachtain a dhéanamh plean feabhsúcháin a chur faoi bhráid cigire laistigh den am a bheidh sonraithe in ordú faoi alt 35 nó mainneachtain a dhéanamh plean feabhsúcháin arna cheadú de réir an ailt sin 35 a chur i ngníomh, ach is cosaint mhaith ar ionchúiseamh faoin alt sin 35 a shuíomh go ndearnadh bearta eile a chuir a chomhionann de chosaint, ar a laghad, ar fáil.

(5) Is cion é ag duine sárú a dhéanamh ar aon cheanglas de chuid fógra feabhsúcháin a eisítear de réir alt 36.

(6) Is cion é ag duine gníomhaíochtaí a sheoladh de shárú ar fhógra toirmisc a eisítear de réir alt 37.

(7) Is cion é ag duine cosc, bac, bacainn nó moill a chur go toiliúil ar oifigeach custam agus máil i bhfeidhmiú aon chumhachta de na cumhachtaí a thugtar dó le halt 38.

(8) Is cion é ag duine sárú a dhéanamh ar aon cheanglas a fhorchuirtear le fógra a éilíonn faisnéis faoi alt 42.

(9) Is cion é ag duine aon fhaisnéis a úsáid nó a nochtadh de shárú ar alt 45.

(10) Is cion é ag duine bac a chur d'aonghnó ar aon duine i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi alt 46.

(11) Más rud é gan leithscéal réasúnach a bheith aige (is leithscéal ar air féin a bheidh sé é a chruthú), go mainneoidh duine, tar éis na caiteachais (más ann) a mbeidh sé ina dteideal a bheith tairgthe dó, nó go ndiúltóidh sé, déanamh de réir aon toghairme nó foréilimh ó bhinse a bheidh ceaptha faoi alt 47 nó má chuireann sé cosc nó bacainn thairis sin ar an mbinse i bhfeidhmiú a dhualgais, beidh sé ciontach i gcion.

(12) Is cion é ag duine ráiteas a dhéanamh is eol dó a bheith bréagach nó ráiteas atá bréagach a dhéanamh go meargánta má dhéantar an ráiteas—

(a) mar chomhlíonadh airbheartaithe ar cheanglas faisnéis ar bith a thabhairt a bheidh forchurtha le haon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha nó faoi aon fhoráil acu sin; nó

(b) d'fhonn go ndéanfar doiciméad a eisiúint dó féin nó do dhuine eile faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha.

(13) Is cion é ag duine iontráil bhréagach a dhéanamh d'aonghnó in aon chlár, leabhar, fógra nó doiciméad eile a cheanglaítear a choinneáil, a sheirbheáil nó a thabhairt le haon fhoráil, nó faoi aon fhoráil, de na forálacha reachtúla ábhartha nó, le hintinn mheabhlaireachta, úsáid a bhaint as aon iontráil den sórt sin is eol dó a bheith bréagach.

(14) Is cion é ag duine má dhéanann sé, le hintinn mheabhlaireachta, doiciméad a bhrionnú nó a úsáid, is doiciméad a eisítear nó a údaraítear a eisiúint faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha nó a éilítear chun críche ar bith faoi na forálacha sin nó doiciméad a dhéanamh amach nó a bheith i seilbh doiciméid atá chomh dlúthchosúil sin le haon doiciméad den sórt sin go bhfuil sé ceaptha meabhlaireacht a dhéanamh.

(15) Is cion é ag duine a chur i gcéill gur cigire é.

(16) I gcás go gciontaítear duine i cion faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha, féadfaidh an chúirt, i dteannta nó in ionad fíneáil a chur air, a ordú dó bearta a dhéanamh, laistigh de thréimhse shonraithe, chun na nithe sin a leigheas ar maidir leo a tharla an sárú (agus féadfaidh sí, ar iarratas chuige sin, an tréimhse a shonraítear amhlaidh a fhadú) agus beidh aon duine ciontach i gcion a mhainneoidh déanamh de réir aon ordaithe den sórt sin laistigh den tréimhse shonraithe (arna fadú).

(17) Má mharaítear duine, má fhaigheann sé bás nó má bhaineann díobháil phearsanta dó de dhroim duine do shárú aon fhorála de na forálacha reachtúla ábhartha, ar dhuine é atá faoi réir dualgais de bhua ailt 6 go 11, beidh an duine deireanach sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo; ach

(i) ní bheidh an duine deireanach sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo má rinneadh ionchúiseamh ina choinne maidir leis an ngníomh nó leis an mainneachtain ba chúis leis an mbás nó leis an díobháil, a éisteacht agus a dhíbhe sular tharla an bás nó an díobháil;

(ii) i gcás díobhála don tsláinte, ní bheidh an duine deireanach sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo murarbh é an sárú ba chúis leis an díobháil go díreach.

(18)  (a) I gcás go gcúisítear duine i leith ciona achomair faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha, beidh sé i dteideal, ar fhaisnéis a bheith tugtha go cuí aige agus ar fhógra trí lá ar a laghad a bheith tugtha aige i scríbhinn don ionchúiseamh faoina bhfuil beartaithe aige, aon duine eile a gcuireann sé ina leith gurb é an ciontóir iarbhír é a thabhairt os comhair na cúirte an tráth atá ceaptha chun an cúiseamh a éisteacht (cibé acu is gníomhaire nó seirbhíseach dá chuid an duine eile nó nach ea);

(b) i gcás go gcruthaítear go ndearnadh an cion agus go ndéanann an chéad duine a chúisítear a chruthú chun sástacht na cúirte go ndearna sé gach dícheall chun na forálacha reachtúla ábhartha a fhorfheidhmiú agus go ndearna an duine eile, a gcuireann sé ina leith gurb é an ciontóir iarbhír é, an cion d'éagmais toiliú, cúlcheadú nó mainneachtain thoiliúil ar bith ar a thaobh féin, déanfar an duine eile sin a chiontú sa chion go hachomair agus ní bheidh an chéad duine ciontach sa chion, agus, de rogha na cúirte, beidh an duine a chiontófar faoi dhliteanas freisin aon chostais a íoc a bhaineann leis na himeachtaí;

(c) in aon chás lena mbaineann an fo-alt seo beidh an ceart ag an ionchúiseamh an chéad duine a chúisítear, i gcás go dtugann sé fianaise, agus aon fhinnéithe a ghlaonn sé mar thacaíocht leis an gcur-i-leith a rinne sé, a chroscheistiú agus fianaise fhrisnéiseach a thabhairt ar aird.

(19)  (a) Más rud é, maidir le cion a dhéanann comhlacht corpraithe faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha, go gcruthaítear go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe nó is bainisteoir nó rúnaí ar an gcomhlacht sin nó is oifigeach eile den sórt sin don chomhlacht corpraithe, nó is duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin;

(b) i gcás cúrsaí comhlachta chorpraithe a bheith á mbainistí ag a chomhaltaí beidh feidhm ag mír (a) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtaintí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna bainisteoireachta amhail is dá mba stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe é.

(20) Más rud é gur de dheasca mainneachtana ní éigin a dhéanamh ag am, nó laistigh d'am, a bheidh socraithe le foráil nó faoi fhoráil ar bith de na forálacha ábhartha sin, a rinneadh cion faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha, measfar go leanfaidh an cion go dtí go ndéanfar an ní sin.

Pionóis.

49. —(1) Faoi réir fho-ailt (2), (3) agus (4), duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha nach bhforáiltear aon phionós airgid sainráiteach ina leith, dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(2) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 48 (1) dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil a chur air.

(3) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion—

(a) faoi fho-alt (6) nó (9) d'alt 48, nó

(b) arb é atá sa chion sárú a dhéanamh ar aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha trí rud éigin a dhéanamh ar shlí seachas faoi údarás ceadúnais a d'eisigh an tÚdarás nó aon chomhlacht forordaithe eile, ar rud éigin é a bhfuil ceadúnas den sórt sin riachtanach chun é a dhéanamh faoi na forálacha reachtúla ábhartha, nó

(c) arb é atá sa chion sárú ar théarma nó ar choinníoll nó ar shrian a ghabhann le haon cheadúnas den sórt a luaitear i mír (b)

dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chruthaíonn cion indíotáilte maidir le rialacháin arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .

Dualgas cruthúnais.

50. —In aon imeachtaí i leith ciona faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha arb é a bheidh ann mainneachtain déanamh de réir dualgais nó ceanglais rud éigin a dhéanamh a mhéid is féidir, nó a mhéid is féidir le réasún, nó úsáid a bhaint as an modh is fearr is féidir chun rud éigin a dhéanamh, is ar an gcúisí a bheidh sé a chruthú (de réir mar a bheidh) nárbh fhéidir nó nárbh fhéidir le réasún níos mó a dhéanamh ná mar a rinneadh iarbhír chun an dualgas nó an ceanglas a chomhlíonadh, ná nach raibh aon mhodh praiticiúil ab fhearr ná an modh a úsáideadh iarbhír chun an dualgas nó an ceanglas a chomhlíonadh.

Cionta a ionchúiseamh, etc.

51. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tÚdarás aon chion achomair faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha a ionchúiseamh.

(2) I gcás gurb é a bheidh i gcion achomair faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha ná sárú ar fhoráil atá le forfheidhmiú ag gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, féadfaidh an ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin an cion a ionchúiseamh.

(3) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí i leith aon chiona faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha a thionscnamh ag aon tráth laistigh de bhliain amháin tar éis dháta an chiona.

(4) Más rud é—

(a) go dtugtar tuarascáil speisialta i dtaobh aon ní lena mbaineann alt 46 den Acht seo; nó

(b) go ndéanann aon duine a bheidh ag seoladh fiosrúcháin i dtaobh aon ní de bhua alt 47, tuarascáil a thabhairt; nó

(c) go seoltar ionchoisne cróinéara i dtaobh bhás aon duine a bhféadfadh gurbh é ba thrúig bháis dó tionóisc a tharla nuair a bhí sé ag an obair, nó galar a tholg sé, nó is dóigh a tholg sé, ag an obair nó tionóisc, gníomh nó neamhghníomh a tharla i ndáil le hobair aon duine cibé é féin;

agus gur cosúil ón tuarascáil nó, i gcás a thagann faoi réim mhír (c), ó na himeachtaí ag an ionchoisne, gur sáraíodh aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha ag tráth a bhí ábhartha i ndáil le hábhar na tuarascála, nó an ionchoisne, féadfar tráth ar bith laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an tuarascáil a thabhairt, nó i gcás a thagann faoi réim mhír (c), laistigh de thréimhse sé mhí tar éis dheireadh an ionchoisne, tús a chur le himeachtaí achoimre i gcoinne aon duine a ndlítear imeachtaí a shaothrú ina choinne i leith an tsáraithe.

Achomhairc i gcoinne orduithe.

52. —Aon duine (lena n-áirítear an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin) arb ábhar éagóra leis ordú a rinne an Chúirt Dúiche tar éis di cinneadh a dhéanamh ar ghearán faoin Acht seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh ina choinne chuig breitheamh den Chúirt Chuarda ar ina cuaird atá an Chúirt Dúiche inar tugadh an cinneadh suite, agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a bheidh i gcinneadh an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar aon achomharc den sórt sin.

Fianaise.

53. —(1) Má fhaightear duine in aon áit oibre aon tráth a bhfuil obair ar siúl ann, measfar go dtí go gcruthófar a mhalairt, chun críocha an Achta seo, go raibh sé ar fostú san áit oibre sin.

(2) I gcás go gceanglaítear le haon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha aon iontráil a dhéanamh in aon chlár nó taifead, beidh an iontráil a dhéanfaidh an fostóir, nó a dhéanfar thar a cheann, inghlactha mar fhianaise, amhail ina choinne, ar na fíorais a bheidh ráite san iontráil, agus más rud é nach mbeidh aon iontráil déanta a cheanglaítear a dhéanamh amhlaidh maidir le haon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha a urramú, beidh an méid sin inghlactha mar fhianaise nár urramaíodh an fhoráil.

CUID IX

Ilghnéitheach

Teastais breithe.

54. —I gcás go gceanglaítear aois aon duine a fhionnadh nó a chruthú chun críocha an Achta seo, nó chun críocha aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha, beidh aon duine, ar tháille 70 pingin a íoc, i dteideal teastas a fháil as iontráil bhreith an duine sin sa chlár breitheanna faoi láimh an chláraitheora nó an mhaor-chláraitheora nó duine eile a bhfuil an clár sin ina choimeád aige.

Oibleagáidí ginearálta maidir le sábháilteacht ar dhóiteán.

55. —(1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981

(a) fomhír (i) d'fho-alt (1) (f) d'alt 18, agus

(b) fo-alt (2) (b) d'alt 19.

(2) Aisghairtear leis seo ailt 45 (arna leasú leis an Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ), 46, 47 (arna leasú leis an Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ), 48 agus 122 (2) den Acht Monarchan, 1955 .

(3) Aisghairtear leis seo alt 27 den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 .

Ionchoisne i gcás báis trí thionóisc nó trí ghalar ag an obair.

56. —Nuair a sheolfaidh cróinéir ionchoisne ar chorp aon duine a bhféadfadh sé gurbh é ba thrúig bháis dó tionóisc a tharla nó galar a tolgadh in áit oibre, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) cuirfidh an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth mura rud é—

(i) go bhfuil cigire, nó duine éigin eile atá ag láithriú thar ceann an Údaráis nó gníomhaireachta forfheidhmiúcháin, de réir mar a bheidh, i láthair chun na himeachtaí a fhaire, nó

(ii) i gcás nach mbaineann an t-ionchoisne ach le bás duine amháin agus inar chuir an cróinéir fógra faoi am agus áit seolta an ionchoisne chun an Údaráis nó gníomhaireachta forfheidhmiúcháin, de réir mar a bheidh, in am chun é a bheith ag an Údarás nó ag an ngníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin ceithre huaire a chloig is fiche ar a laghad roimh am seolta an ionchoisne, gur dóigh le tromlach an ghiúiré nach gá an t-ionchoisne a chur ar atráth;

(b) má chuireann an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth—

(i) féadfaidh sé, roimh é a chur ar atráth, fianaise a ghlacadh chun an corp a aithint agus a ordú go n-adhlacfar an corp,

(ii) déanfaidh sé, ceithre lá ar a laghad sula seolfaidh sé an t-ionchoisne atrátha, fógra i scríbhinn a chur chun an Údaráis nó chun gníomhaireachta forfheidhmiúcháin, de réir mar a bheidh, faoin am agus faoin áit a seolfar an t-ionchoisne atrátha;

(c) ní bheidh aon duine cáilithe chun bheith ar an ngiúiré más duine é a bhfuil leas pearsanta aige san áit oibre arb ann nó ina thimpeall a tharla an tionóisc nó a tolgadh an galar, nó má bhíonn sé ar fostú ann nó ina thimpeall nó ina bhainisteoireacht;

(d) beidh sé de dhualgas ar an duine a ghairfidh an giúiré gan aon duine a ghairm atá dícháilithe faoi mhír (c) den alt seo, agus beidh sé de dhualgas ar an gcróinéir gan ligean d'aon duine den sórt sin dul faoi mhionn ná suí ar an ngiúiré;

(e) beidh na daoine seo a leanas, faoi réir chumhacht an chróinéara chun aon cheist a dhícheadú más dóigh leis nach ceist ábhartha í nó nach ceist chuí í ar dhóigh éigin eile, i dteideal aon fhinné a cheistiú, i bpearsain nó trí abhcóide nó trí aturnae—

(i) cigire nó aon duine eile a láithreoidh thar ceann an Údaráis nó gníomhaireachta forfheidhmiúcháin, de réir mar a bheidh,

(ii) aon ghaol nó cara don duine ar i dtaobh a bháis atá an t-ionchoisne á sheoladh,

(iii) an fostóir san áit oibre inar tharla an tionóisc nó inar tolgadh an galar,

(iv) aon duine a bheidh ceaptha i scríbhinn ag tromlach na ndaoine a fhostaítear san áit oibre,

(v) aon duine a bheidh ceaptha i scríbhinn ag aon cheardchumann, carachumann nó comhlachas eile daoine lenar bhain an t-éagach tráth a bháis nó lena mbaineann aon duine a fhostaítear san áit oibre,

(vi) aon duine a bheidh ceaptha i scríbhinn ag aon chomhlachas fostóirí a bhfuil an fostóir san áit oibre ina chomhalta de;

(f) i gcás nach mbeidh cigire nó duine thar ceann an Údaráis nó gníomhaireachta forfheidhmiúcháin, de réir mar a bheidh, i láthair ag an ionchoisne agus go dtabharfar fianaise i dtaobh aon fhaillí a bheith ina cúis nó ina leaschúis leis an tionóisc, nó leis an ngalar, nó i dtaobh aon lochta san áit oibre nó ina thimpeall ar dóigh leis an gcróinéir nó leis an ngiúiré gur gá é a leigheas, cuirfidh an cróinéir fógra i scríbhinn chuig an Údarás nó chuig gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar a bheidh, i dtaobh na faillí nó an lochta.

Feidhmiú an Achta maidir le príosúin, etc.

57. —Beidh feidhm ag an Acht seo maidir le príosúin agus áiteanna coimeádta mura bhfuil a fheidhmiú ar neamhréir le slánchoimeád, dea-ord agus slándáil.

Méadú ar phionóis ilghnéitheacha.

58. —Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) £150 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 74 (3) (arna chur isteach le halt 56 (a) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £150 an tagairt atá ann do £15;

(b) £150 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 76 (2) (arna chur isteach le halt 56 (a) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £150 an tagairt atá ann do £15;

(c) £150 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 76 (5) (arna chur isteach le halt 56 (a) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £150 an tagairt atá ann do £15;

(d) £150 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 91 (5) (arna chur isteach le halt 56 (a) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £150 an tagairt atá ann do £15;

(e) £100 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 104 (arna chur isteach le halt 56 (j) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £100 an tagairt atá ann do £6;

(f) £300 nó £25 in aghaidh an lae an pionós uasta i leith ciona faoi alt 119 (1) (arna chur isteach le halt 56 (l) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairtí do £300 agus £25 faoi seach na tagairtí atá ann do £30 agus do £3;

(g) £300 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 120 (3) (arna chur isteach le halt 56 (m) den Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) den Acht Monarchan, 1955 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £300 an tagairt atá ann do £30;

(h) £100 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 139 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , agus dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £100 an tagairt atá ann do £20;

(i) £300 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 142 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , agus dá réir sin, forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £300 an tagairt atá ann do £5;

(j) £1,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 12 mhí an pionós uasta i leith ciona faoi alt 52 (1) den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £1,000 an tagairt atá ann do £100 agus ionann is dá mba thagairt do 12 mhí an tagairt atá ann do shé mhí; agus

(k) £200 an pionós uasta i leith ciona faoi alt 52 (2) den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , agus dá réir sin, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do £200 an tagairt atá ann do £20.

Ceadúnais.

59. —(1) Féadfaidh an tAire, chun sábháilteacht, sláinte nó leas daoine ag an obair a chosaint, aon ghníomhaíocht oibre lena mbaineann forálacha an Achta seo a fhorordú mar ghníomhaíocht nach bhféadfar a sheoladh ach amháin de réir théarmaí agus coinníollacha ceadúnais arna eisiúint ag an Údarás, agus údaraítear leis seo don Údarás ceadúnas den sórt sin a eisiúint.

(2) Féadfaidh an tÚdarás coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnas a eisítear de réir fho-alt (1) de réir mar is cóir leo, lena n-áirítear coinníollacha i dtaobh dhul in éag nó cúlghairm an cheadúnais.

(3) Féadfaidh an tÚdarás dá rogha féin iarratas ar cheadúnas faoin alt seo a dheonú nó a dhiúltú.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, más cóir leo é, sonraí a fhoilsiú i dtaobh iarratais ar cheadúnas faoin alt seo agus uiríll ina leith a iarraidh ó dhaoine leasmhara.

(5) (a) Cuirfidh an tÚdarás faoi deara clár de na ceadúnais go léir a dheonaíonn siad faoin alt seo a choinneáil i cibé foirm, agus cibé sonraí a bheith ann, is cóir leo.

(b) Beidh teideal ag aon duine, ar tháille fhorordaithe a íoc, agus ag cigire gan aon táille a íoc, clár a choinnítear faoin bhfo-alt seo a iniúchadh, agus cóipeanna nó sleachtanna a thógáil as, gach tráth réasúnach.

(6) Má dhiúltaíonn an tÚdarás ceadúnas a dheonú nó má dheonaíonn siad ceadúnas ar choinníollacha a bhfuil an t-iarratasóir míshásta leo, déanfaidh an tÚdarás, ar iarraidh ón iarratasóir sin, deimhniú a sheachadadh air á rá cad iad na forais ar ar dhiúltaigh siad ceadúnas nó ar ar chuir siad na coinníollacha ag gabháil leis.

(7) Féadfaidh an t-iarratasóir achomharc in aghaidh chinneadh an Údaráis a dhéanamh chun na hArd-Chúirte laistigh de thréimhse deich lá tar éis dó an deimhniú a fháil nó tar éis cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an Ard-Chúirt.

(8) Ar achomharc a éisteacht i gcoinne cinnidh ón Údarás lena ndiúltaítear ceadúnas a dheonú, nó lena ndeonaítear ceadúnas ar choinníollacha a bhfuil an t-iarratasóir míshásta leo, féadfaidh an Chúirt an cinneadh a dhaingniú nó a ordú don Údarás an ceadúnas a dheonú, coinníollacha sonraithe a chur ag gabháil leis an gceadúnas nó coinníoll a cuireadh ag gabháil leis an gceadúnas a leasú nó a scriosadh, dé réir mar is iomchuí.

(9) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh ón Ard-Chúirt ar achomharc faoin alt seo ach amháin go bhféadfar, le cead na Cúirte sin, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

Dliteanas sibhialta.

60. —(1) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo—

(a) mar ní a thugann ceart caingne in aon imeachtaí sibhialta maidir le mainneachtain aon dualgas a fhorchuirtear le hailt 6 go 11 nó fúthu, a chomhlíonadh, nó

(b) mar ní a fhearann ar a mhéid (más aon mhéid é) atá sárú dualgais a fhorchuirtear le haon achtachán de na hachtacháin láithreacha inchaingne.

(2) Beidh sárú dualgais a fhorchuirtear le rialacháin a dhéantar faoi alt 28 inchaingne a mhéid gur cúis le damáiste é, ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt le rialacháin.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) gan dochar d'aon cheart caingne atá ann ar leith ó fhorálacha an Achta seo.

(4) Aon téarma de chuid comhaontaithe a airbheartaíonn oibriú fho-alt (2) den alt seo nó aon dliteanas a éiríonn de bhua an fho-ailt sin a eisiamh nó a shrianadh is téarma neamhbhailí a bheidh ann, ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt le rialacháin a dhéantar faoi alt 28.

(5) San alt seo folaíonn “damáiste” bás nó díobháil phearsanta d'aon duine.

Díolúine an Údaráis nó gníomhaireachta forfheidhmiúcháin.

61. —Ní bheidh aon ábhar caingne nó imeachtaí eile ann ná ní bheidh siad inchothabhála i gcoinne an Údaráis nó gníomhaireachta forfheidhmiúcháin nó i gcoinne aon duine dá dtagraítear in alt 16 (3) (a) chun damáistí a ghnóthú maidir le haon díobháil do dhaoine, damáiste do mhaoin nó caillteanas eile, a líomhnaítear gurbh é ba chúis nó ba leaschúis leo mainneachtain aon fheidhm de na feidhmeanna a chomhlíonadh, nó déanamh de réir aon fheidhm de na feidhmeanna, a fhorchuirtear ar an Údarás sin, ar an ngníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin sin nó ar an duine sin dá dtagraítear san alt 16 (3) (a) a dúradh.

AN CHÉAD SCEIDEAL

An tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde

1.—Beidh an tÚdarás ina gcomhlacht corpraithe agus comharbas suthain acu agus beidh cumhacht agartha acu agus beidh siad inagartha faoina n-ainm corpraithe agus beidh cumhacht acu talamh nó leas i dtalamh nó maoin eile a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

2.—Is é a bheidh san Údarás cathaoirleach (dá ngairtear “an cathaoirleach” sa Sceideal seo) agus deich ngnáthchomhalta.

3.—Is é an tAire a cheapfaidh cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí an Údaráis.

4.—Agus é ag ceapadh daoine chun bheith ina ngnáthchomhaltaí den Údarás, ceapfaidh an tAire triúr a ainmneofar ag cibé eagraíochtaí a bheidh ionadach d'fhostaithe agus a mheasfaidh sé is iomchuí, triúr a ainmneofar ag cibé eagraíochtaí a bheidh ionadach d'fhostóirí agus a mheasfaidh sé is iomchuí agus ceathrar a bheidh ionadach do cibé Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit agus comhlachtaí eile, a mbaineann a ngníomhaíochtaí le nithe a bhfuil gaol acu le haon chríoch de chríocha an Achta seo, a mheasfaidh sé is iomchuí.

5.—Féadfaidh an cathaoirleach éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht lena éirí as oifig amhail ar agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

6.—Féadfaidh an tAire tráth ar bith an cathaoirleach a chur as oifig.

7.—(1) Más rud é, i gcás comhalta den Údarás—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Údarás.

(2) Más rud é, i gcás duine a bheidh ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

beidh sé air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an Údarás agus ní íocfaidh an tÚdarás leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón Údarás aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Pharlaimint sin.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Údarás nó d'fhoireann an Údaráis.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (2), forléireofar an fhomhír sin mar fhomhír a thoirmisceann, inter alia, tréimhse a luaitear san fhomhír sin a ríomh mar sheirbhís leis an Údarás chun críocha aon sochar aoisliúntais.

8.—Is é an tAire a cheapfaidh an cathaoirleach i gcáil lánaimseartha nó páirtaimseartha agus beidh sé i seilbh oifige ar feadh trí bliana ar a mhéid ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

9.—Íocfar leis an gcathaoirleach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas cibé luach saothair agus liúntais le haghaidh caiteachas a thabhóidh sé a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

10.—Is comhalta páirtaimseartha gach gnáthchomhalta den Údarás agus faoi réir an Sceidil seo beidh sé i seilbh oifige ar feadh trí bliana ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

11.—Beidh cathaoirleach an Údaráis agus gnáthchomhalta den Údarás a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha.

12.—Féadfaidh an tAire tráth ar bith gnáthchomhalta den Údarás a chur as oifig.

13.—Féadfaidh gnáthchomhalta den Údarás éirí as oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as oifig amhail ar agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

14.—Beidh comhalta den Údarás dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla príosúnacht nó pianseirbhís air nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát.

15.—Íocfar le gach gnáthchomhalta den Údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas cibé caiteachais a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

16.—Ceapfaidh an tAire duine de ghnáthchomhaltaí an Údaráis chun bheith ina leaschathaoirleach ar an Údarás agus beidh mar fheidhm aige gníomhú mar chathaoirleach má bhíonn an cathaoirleach as láthair.

17.—I gcás go dtarlaíonn corrfholúntas i measc gnáthchomhaltaí an Údaráis, iarrfaidh an tAire láithreach ar an eagras a d'ainmnigh an comhalta sin roimhe sin duine a ainmniú lena cheapadh chun an folúntas a líonadh agus ceapfaidh an tAire an duine a ainmneofar chun an folúntas a líonadh.

18.—(1) Tionólfaidh an tÚdarás cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh agus féadfaidh siad socruithe a dhéanamh i dtaobh a n-imeachtaí agus a ngnó a rialáil.

(2) Féadfar le ceadú an Aire foráil a dhéanamh leis na socruithe sin chun coiste den Údarás d'urscaoileadh aon fheidhm d'fheidhmeanna an Údaráis faoi threoir ghinearálta an Údaráis.

19.—Féadfaidh an tAire dáta, am agus áit chéad-chruinniú an Údaráis a shocrú nó a cheadú.

20.—Cúigear is córam do chruinniú den Údarás.

21.—Ag cruinniú den Údarás—

(a) is é an cathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(b) mura mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig chathaoirleach an Údaráis folamh, gníomhóidh leaschathaoirleach an Údaráis mar chathaoirleach;

(c) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig chathaoirleach an Údaráis folamh agus mura mbeidh an leaschathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig an leaschathaoirligh folamh, roghnóidh comhaltaí an Údaráis a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

22.—Beidh vóta ag cathaoirleach an Údaráis agus ag gach gnáthchomhalta den Údarás a bheidh i láthair ag cruinniú den chéanna.

23.—Déanfar gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Údarás a chinneadh le tromlach na vótaí a chaithfear ar an gceist agus, i gcás comhionnanas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

24.—Féadfaidh an tÚdarás gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a gcomhaltaí.

25.—Faoi réir an Sceidil seo, rialálfaidh an tÚdarás a nós imeachta agus a ngnó.

26.—(1) Soláthróidh an tÚdarás séala dóibh féin a luaithe is féidir tar éis a mbunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala an Údaráis le síniú chathaoirleach an Údaráis nó le síniú comhalta éigin eile den Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás chun gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás chun gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis agus aon doiciméad a bheidh séalaithe leis an séala glacfar i bhfianaise é.

27.—Ní státseirbhíseach aon duine de bhua amháin gur comhalta den Údarás é.

AN DARA SCEIDEAL

Ailt 2 agus 4.

CUID I

Achtacháin Láithreacha

Caibidil, Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

(1)

(2)

1882 c. 22

Boiler Explosions Act, 1882

1890 c. 35

Boiler Explosions Act, 1890

Uimh. 10 de 1955 agus Uimh. 9 de 1980

Na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980

Uimh. 3 de 1958

An tAcht um Áitribh Oifige, 1958

Uimh. 7 de 1965

An tAcht um Mianaigh agus Cairéil, 1965

Uimh. 10 de 1972 agus Uimh. 21 de 1979

Na hAchtanna um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 agus 1979

Uimh. 18 de 1987

An tAcht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987

CUID II

Rialacháin a rinneadh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , ar Achtacháin Láithreacha iad

I.R., Uimhir agus Bliain

Teideal

(1)

(2)

Uimh. 207 de 1979

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rópaí Sreinge, Slabhraí agus Crúcaí), 1979

Uimh. 382 de 1979

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí agus Ullmhóidí Contúirteacha) (Margú agus Úsáid), 1979

Uimh. 383 de 1979

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí Contúirteacha) (Aicmiú, Pacáistiú agus Lipéadú), 1979

Uimh. 34 de 1980

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí Contúirteacha) (Aicmiú, Pacáistiú agus Lipéadú), 1980

Uimh. 365 de 1980

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Péinteanna etc.) (Aicmiú, Pacáistiú agus Lipéadú), 1980

Uimh. 402 de 1980

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Síneacha Sábháilteachta in Áiteanna Oibre), 1980

Uimh. 61 de 1981

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Trealamh Leictreachais le hÚsáid in Atmaisféir a d'Fhéadfadh a bheith Pléascach), 1981

Uimh. 149 de 1981

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí agus Ullmhóidí Contúirteacha) (Margú agus Usáid), 1981

Uimh. 258 de 1982

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí Contúirteacha) (Aicmiú, Pacáistiú, Lipéadú agus Fógairt), 1982

Uimh. 27 de 1983

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí Contúirteacha) (Aicmiú, Pacáistiú agus Lipéadú) (Leasú), 1983

Uimh. 189 de 1983

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ullmhóidí Contúirteacha) (Tuaslagóirí) (Aicmiú, Pacáistiú agus Lipéadú), 1983

Uimh. 170 de 1984

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Péinteanna etc.) (Aicmiú, Pacáistiú agus Lipéadú) (Leasú), 1984

Uimh. 335 de 1984

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí Contúirteacha) (Aicmiú, Pacáistiú agus Lipéadú) (Leasú), 1984

Uimh. 89 de 1985

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí Contúirteacha) (Aicmiú, Pacáistiú, Lipéadú agus Fógairt), 1985

Uimh. 244 de 1985

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí agus Ullmhóidí Contúirteacha) (Margú agus Usáid), 1985

Uimh. 47 de 1986

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí agus Ullmhóidí Contúirteacha) (Margú agus Usáid), 1986

Uimh. 224 de 1986

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí Contúirteacha) (Aicmiú, Pacáistiú agus Lipéadú) (Leasú), 1986

Uimh. 244 de 1986

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Trealamh Leictreachais le hÚsáid in Atmaisféir a d'Fhéadfadh a bheith Pléascach) (Leasú), 1986

Uimh. 292 de 1986

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Guaiseacha Mórthionóiscí ó Ghníomhaíochtaí Tionsclaíocha Áirithe), 1986

Uimh. 204 de 1987

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí agus Ullmhóidí Contúirteacha) (Margú agus Usáid), 1987

Uimh. 205 de 1987

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Péinteanna etc.) (Aicmiú, Pacáistiú agus Lipéadú) (Leasú), 1987

Uimh. 47 de 1988

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí Contúirteacha) (Aicmiú, Pacáistiú agus Lipéadú) (Leasú), 1988

Uimh. 219 de 1988

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cosaint Oibrithe) (Risíocht le Luaidhe), 1988

Uimh. 294 de 1988

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí agus Ullmhóidí Contúirteacha) (Margú agus Usáid), 1988

Uimh. 34 de 1989

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cosaint Oibrithe) (Risiocht le hAispeist), 1989

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Forálacha Reachtúla Comhbhainteacha

Ailt 2 agus 27.

Caibidil, Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Forálacha is Forálacha Reachtúla Comhbhainteacha

(1)

(2)

(3)

1842 c. 55

Regulation of Railways Act, 1842

An tAcht go léir

1871 c. 58

Regulation of Railways Act, 1871

An tAcht go léir

1875 c. 17

Explosives Act, 1875

An tAcht go léir

Na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1987

Na hAchtanna go léir

1894 c. 28

Notice of Accidents Act, 1894

An tAcht go léir

1900 c. 27

Railway Employment (Prevention of Accidents) Act, 1900

An tAcht go léir

Na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1988

Na hAchtanna go léir

Uimh. 40 de 1936

An tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936

Alt 60

Uimh. 12 de 1961

Acht na Nimheanna, 1961

Ailt 14 agus 15

Na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1987

Na hAchtanna go léir

Uimh. 12 de 1971

An tAcht um Fhuinneamh Núicléach, 1971

An tAcht go léir

Uimh. 30 de 1976 agus

An tAcht Gáis, 1976

Ailt 7, 8 (2) agus 38

Uimh. 9 de 1987

An tAcht Gáis (Leasú), 1987

Ailt 2 agus 3

Uimh. 1 de 1981

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

Caibidil 5 de Chuid II

Uimh. 30 de 1981

An tAcht Seirbhísí Dóiteáin, 1981

Alt 3 agus Codanna II agus III

Uimh. 6 de 1987

An tAcht um Thruailliú Aeir, 1987

An tAcht go léir

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Rialacháin

Alt 28

Ar na nithe ar féidir rialacháin a dhéanamh ina leith faoi alt 28 áireofar—

(1) (a) aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú;

(b) aon ní dá dtagraítear sa Sceideal seo mar ní atá sonraithe nó le sonrú;

(2) ceanglais a bheidh le forchur ar fhostóirí i leith shábháilteacht, sláinte nó leas a gcuid fostaithe ag an obair maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) dearadh, cur ar fáil agus cothabháil áiteanna oibre,

(b) dearadh, cur ar fáil agus cothabháil bealaí sábháilte isteach in áiteanna oibre agus amach astu,

(c) dearadh, cur ar fáil agus cothabháil gairis agus innealra,

(d) cur ar fáil, pleanáil, eagrú, oibriú agus cothabháil córas oibre,

(e) faisnéis, teagasc, oiliúint agus maoirseacht a chur ar fáil,

(f) éadach nó trealamh cosantach a chur ar fáil, a chothabháil agus a úsáid,

(g) ullmhú agus athmheas pleananna a bheidh le feidhmiú i gcásanna éigeandála, agus

(h) seirbhísí daoine inniúla a fháil d'fhonn sábháilteacht nó sláinte daoine ag an obair a chinntiú;

(3) ceanglais a bheidh le forchur ar fhostóirí agus ar dhaoine féinfhostaithe i leith sheoladh a ngnóthas lena shocrú nach gcuirtear daoine nach bhfuil ar fostú ag na fostóirí nó ag na daoine féinfhostaithe sin faoi phriacal dá sábháilteacht nó dá sláinte mar gheall ar an gcéanna;

(4) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine lena mbaineann alt 8, i ndáil le háiteanna oibre ar leith óna láthair oibre baile, i leith na n-áiteanna oibre sin, maidir le haon airteagal nó substaint a sholáthraítear lena úsáid sna háiteanna sin agus maidir le bealaí isteach sna háiteanna sin nó amach astu;

(5) ceanglais a bheidh le forchur ar fhostaithe i leith a sábháilteachta, sláinte nó leasa ag an obair lena n-áirítear ceanglais i leith aon fhearas, éadach cosantach, áis, trealamh, nó deis nó ní a úsáid a chuirtear ar fáil lena sábháilteacht, sláinte nó leas ag an obair a áirithiú;

(6) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a dhéanann airteagail shonraithe, a bheidh le húsáid ag an obair, a dhearadh, a mhonarú, a allmhairiú nó a sholáthar, ar ceanglais iad—

(a) maidir le haon airteagal a bheidh le húsáid ag an obair a dhearadh, a dhéanamh, a thástáil nó a scrúdú,

(b) maidir le faisnéis a sholáthar i dtaobh nithe a bhaineann leis an úsáid ag an obair dár dearadh nó dár tástáladh aon airteagal nó a bhaineann le díchóimeáil nó le diúscairt an airteagail sin ar shlí a bheidh sábháilte agus gan phriacal do shláinte daoine ag an obair;

(7) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a dhearann nó a mhonaraíonn airteagail shonraithe lena n-úsáid ag an obair ar ceanglais iad maidir le taighde a dhéanamh i leith na n-airteagal sin d'fhonn priacail ionchasacha a aimsiú nó d'fhonn aon phriacail do shábháilteacht nó do shláinte daoine ag an obair a dhíothú nó a íoslaghdú;

(8) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a thógann nó a shuiteálann airteagail shonraithe lena n-úsáid ag an obair ar ceanglais iad maidir le tógáil nó suiteáil aon airteagail den sórt sin le go mbeidh sé sábháilte agus gan phriacail don tsláinte nuair a úsáidtear an t-airteagal sin in áit oibre;

(9) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a sholáthraíonn aon substaint shonraithe—

(a) i leith aon substaint den sórt sin a úsáid, a thástáil nó a scrúdú, nó

(b) i leith faisnéis a chur ar fáil i dtaobh aon phriacail don tsábháilteacht nó don tsláinte a d'fhéadfadh a bheith ann de dhroim na substainte, i dtaobh torthaí tástálacha ar an tsubstaint nó i dtaobh a húsáide nó a diúscartha ar shlí a bheidh sábháilte agus gan phriacal do shláinte daoine ag an obair;

(10) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a mhonaraíonn aon substaintí sonraithe nó, i gcás gur lasmuigh den Stát a ghabhtar an monarú de láimh, a allmhairíonn aon substaintí sonraithe, ar ceanglais iad maidir le taighde a dhéanamh d'fhonn priacail a aimsiú, a dhíothú nó a íoslaghdú is priacail don tsábháilteacht nó don tsláinte a d'fhéadfadh a bheith ann de dhroim na substainte le linn a húsáide;

(11) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a dhearann áiteanna oibre sonraithe maidir le dearadh na n-áiteanna sin le go mbeidh siad sábháilte agus gan phriacal do shláinte daoine ag an obair;

(12) ceanglais a bheidh le forchur ar dhaoine a fhoirgníonn áiteanna oibre sonraithe ar ceanglais iad maidir leis na háiteanna sin a fhoirgniú le go mbeidh siad sábháilte agus gan phriacal do shláinte daoine ag an obair;

(13) ceanglais a bheidh le forchur ar fhostóirí i leith ráiteas sábháilteachta;

(14) ceanglais a bheidh le forchur i leith rialáil, toirmeasc, nó rialú ar úsáid aon airteagail shonraithe a bheidh le húsáid ag an obair, lena n-áirítear aon airteagal den sórt sin a fhaire, a shuíomh, a shuiteáil, a choimisiúnú, a chosaint, a scrúdú, a athrú, a choigeartú, a dhíchóimeáil, a thástáil nó a iniúchadh;

(15) ceanglais a bheidh le forchur i leith marcáil aon airteagail shonraithe a bheidh le húsáid ag an obair nó a bheidh ceaptha le húsáid mar chomhpháirt de chuid airteagail den sórt sin;

(16) ceanglais a bheidh le forchur maidir le rialáil, toirmeasc nó rialú ar úsáid aon substainte sonraithe;

(17) ceanglais a bheidh le forchur maidir le haon substaint shonraithe a thástáil, a scrúdú, a aicmiú nó a lipéadú, lena n-áirítear fógra a thabhairt i dtaobh sonraí sonraithe i ndáil le substaint den sórt sin;

(18) ceanglais a bheidh le forchur maidir le toirmeasc nó rialú a chur ar allmhairiú nó soláthar aon airteagail shonraithe lena úsáid ag an obair nó ar allmhairiú nó soláthar aon substainte sonraithe;

(19) ceanglais a bheidh le forchur i leith toirmeasc a chur, nó rialáil a dhéanamh, ar iompar aon airteagail shonraithe lena úsáid ag an obair nó ar iompar aon substainte sonraithe, lena n-áirítear ceanglais maidir le déanamh, tástáil agus marcáil coimeádán agus deiseanna iompair agus maidir le hairteagail nó substaintí den sórt sin a phacáistiú agus a lipéadú lena n-iompar;

(20) ceanglais a bheidh le forchur maidir le húsáid nó dearadh síneacha sábháilteachta sonraithe in áiteanna oibre;

(21) ceanglais a bheidh le forchur maidir le comhshocraíochtaí a dhéanamh i dtaobh faireachais sláinte daoine ag an obair lena n-áirítear scrúduithe leighis, monatóireacht bhitheolaíoch nó suirbhéanna sláinte speisialta;

(22) ceanglais a bheidh le forchur maidir le haon ghníomhaíocht nó ní sonraithe a chlárú i gclár forordaithe;

(23) ceanglais a bheidh le forchur maidir le ceapadh daoine forordaithe nó aicmí daoine forordaithe chun nithe forordaithe a dhéanamh i ndáil le sábháilteacht, sláinte nó leas ag an obair;

(24) ceanglais a bheidh le forchur maidir le rialáil a dhéanamh ar fhostaíocht aicmí daoine forordaithe nó maidir le haicmí daoine forordaithe a thoirmeasc ó aicmí forordaithe fostaíochta;

(25) ceanglais a bheidh le forchur maidir le haon ní a fhearann ar na dálaí ina n-oibríonn daoine, lena n-áirítear nithe mar bhail struchtúrach agus cobhsaíocht áitreabh, bealaí isteach in áitribh agus amach astu, glaineacht, teocht, taisleach, soilsiú, aeráil, róphlódú, torann, creathadh, radaíochtaí ianúcháin agus radaíochtaí eile, deannach agus múch agus risíocht le huisce nó le leachtanna eile;

(26) ceanglais a bheidh le forchur maidir le monatóireacht ar na dálaí atmaisféaracha nó ar na dálaí eile ina n-oibríonn daoine;

(27) ceanglais a bheidh le forchur maidir le saoráidí nó comhshocraíochtaí sonraithe le haghaidh leasa ag an obair (lena n-áirítear soláthar uisce, áiseanna sláintíochta, saoráidí níocháin nó folctha, comhshocraíochtaí otharchairr agus garchabhrach, saoráidí do sheomra cótaí, suíocháin, saoráidí pronnlaigh, saoráidí chun béilí a réiteach nó a chaitheamh, toirmeasc ar chaitheamh béilí nó pronnlach in imthosca sonraithe);

(28) ceanglais a bheidh le forchur chun na nithe seo a theorannú nó a rialú—

(a) aon ghás, gal, deatach, deannach, nó aon substaint shonraithe eile a chruthaítear de dheasca gníomhaíochtaí oibre, a astú isteach in áit oibre,

(b) torann, creathadh, aon radaíochtaí ianúcháin nó radaíochtaí eile a astú isteach sa timpeallacht oibre,

(c) monatóireacht a dhéanamh ar aon astuithe den sórt sin isteach in áit oibre;

(29) cumhacht a thabhairt do chigirí in imthosca sonraithe a cheangal ar dhaoine sonraí a chur isteach i scríbhinn i dtaobh beart a bheartaítear a ghlacadh le go gcomhlíonfar aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha;

(30) ceanglais a bheidh le forchur maidir le taifid, lena n-áirítear sonraí de láimh nó sonraí leictreonacha, leabhair, cláir, doiciméid, pleananna agus léarscáileanna a choinneáil agus a chaomhnú;

(31) ceanglais a bheidh le forchur maidir le sábháilteacht, sláinte nó leas daoine i leith bainisteoireachta ainmhithe in áiteanna oibre nó acu;

(32) ceanglais a bheidh le forchur maidir le haon áit oibre i ndáil leo seo—

(a) réamhchúraimí a bheidh le glacadh i gcoinne contúirtí ina gcuirtear nó ina bhféadfadh sé go gcuirfí an áit oibre sin, nó daoine laistigh de, de bhíthin dálaí (lena n-áirítear dálaí aiceanta) i ngaireacht na háite sin,

(b) a áirithiú go bhfágfaidh daoine in áit oibre an áit oibre sin in imthosca sonraithe i gcás priacail dá sábháilteacht nó dá sláinte;

(33) ceanglais a bheidh le forchur maidir le haon ní sonraithe a dhéanamh nó a thoirmeasc i gcás go mbeidh aon tionóisc nó aon teagmhas eile de chineál sonraithe tar éis tarlú;

(34) ceanglais a bheidh le forchur maidir le taighde a dhéanamh i dtaca le críocha an Achta seo;

(35) ceanglais a bheidh le forchur in imthosca forordaithe maidir le réamhchúraimí a ghlacadh i dtaca le priacal dóiteáin;

(36) ceanglais a bheidh le forchur maidir le fógra a thabhairt ar mhodh sonraithe don Údarás nó do ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin nó do chigire de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta forfheidhmiúcháin nó d'aon duine sonraithe eile i dtaobh nithe sonraithe a bhaineann le sábháilteacht, sláinte nó leas daoine ag an obair, nó sábháilteacht, sláinte nó leas daoine eile is nithe a thig as gníomhaíochtaí oibre (lena n-áirítear faisnéis shonraithe a bhaineann le tionóiscí, galair nó teagmhais chontúirteacha atá sonraithe);

(37) ceanglais a bheidh le forchur maidir le daoine ag an obair do thógáil nó do láimhseáil go sábháilte aon ualaigh is dóigh a bheadh ina thrúig dhíobhála do dhuine a thógfadh nó a láimhseálfadh é.

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Aisghairm agus Cúlghairm Forálacha Áirithe de na hAchtacháin Láithreacha a Bhaineann le Pionóis

Alt 4 (2).

CUID I

Aisghairm Reachtanna

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 10 de 1955

An tAcht Monarchan, 1955

In alt 40 (14) (arna chur isteach leis an Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) na focail “agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £150 a chur air”.

In alt 72 (4) (arna chur isteach leis an Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) na focail “agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £300 a chur air”.

In alt 74 (6) (arna chur isteach leis an Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) na focail “agus dlífear ar é a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná £150 a chur air”.

In alt 98 (5) (arna chur isteach leis an Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) na focail “agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £300 a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile”.

Alt 101.

In alt 102 (arna chur isteach leis an Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) na focail “agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £15 a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den neamhchomhlíonadh”.

In alt 103 (1) (arna chur isteach leis an Acht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ) na focail “agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air”.

Alt 105.

Uimh. 3 de 1958

An tAcht um Áitribh Oifige, 1958

Alt 32.

In alt 33, na focail “agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den neamhchomhlíonadh”.

Uimh. 7 de 1965

An tAcht um Mianaigh agus Cairéil. 1965

Alt 135.

Alt 140.

CUID II

Ionstraimí Reachtúla a Chúlghairm

Uimhir agus Bliain

Teideal

Méid na Cúlghairme

(1)

(2)

(3)

I.R. Uimh. 382 de 1979

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí agus Ullmhóidí Contúirteacha) (Margú agus Úsáid), 1979

I rialachán 9 (1), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £600 a chur air”.

I rialachán 9 (2), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £300 a chur air”.

Rialachán 9 (3).

I.R. Uimh. 383 de 1979

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí Contúirteacha) (Aicmiú, Pacáistiú agus Lipéadú), 1979

I rialachán 13 (1), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £600 a chur air”.

Rialachán 13 (2).

I rialachán 13 (3), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £300 a chur air”.

I.R. Uimh. 365 de 1980

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Péinteanna etc.) (Aicmiú, Pacáistiú agus Lipéadú), 1980

I rialachán 7, na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air”.

I.R. Uimh. 402 de 1980

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Síneacha Sábháilteachta in Áiteanna Oibre), 1980

I rialachán 6, na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air”.

I rialachán 7 (2), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £200 a chur air”.

I.R. Uimh. 61 de 1981 agus I.R. Uimh. 244 de 1986

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Trealamh Leictreachais le hÚsáid in Atmaisféir a d'Fhéadfadh a bheith Pléascach), 1981 agus 1986

I rialachán 6 (3), de Rialacháin na gComhphobal Eorpach, (Trealamh Leictreachais le hÚsáid in Atmaisféir a d'Fhéadfadh a bheith Pléascach), 1981 (arna leasú le rialachán 5 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Trealamh Leictreachais le hÚsáid in Atmaisféir a d'Fhéadfadh a bheith Pléascach) (Leasú), 1986) na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £300 a chur air”.

I.R. Uimh. 149 de 1981

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí agus Ullmhóidí Contúirteacha)

I rialachán 8 (1), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £600 a chur air”.

(Margú agus Úsáid), 1981

I rialachán 8 (2), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air”.

I.R. Uimh. 258 de 1982

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí Contúirteacha) (Aicmiú, Pacáistiú, Lipéadú agus Fógairt), 1982

I rialachán 15 (1), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £600 a chur air”.

I rialachán 16 (5), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £600 a chur air”.

I.R. Uimh. 189 de 1983

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ullmhóidí Contúirteacha) (Tuaslagóirí) (Aicmiú, Pacáistiú agus Lipéadú), 1983

I rialachán 9, na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air”.

I.R. Uimh. 244 de 1985

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí agus Ullmhóidí Contúirteacha) (Margú agus Usáid), 1985

I rialachán 7 (1), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £600 a chur air”.

I rialachán 7 (2), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air”.

I.R. Uimh. 47 de 1986

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí agus Ullmhóidí Contúirteacha) (Margú agus Usáid), 1986

I rialachán 7 (1), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £600 a chur air”.

I rialachán 7 (2), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air”.

I.R. Uimh. 204 de 1987

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Substaintí agus Ullmhóidí Contúirteacha) (Margú agus Usáid), 1987

I rialachán 14 (1), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air”.

I rialachán 14 (2), na focail “agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £350 a chur air”.