19 1993

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1993


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1993

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach

Alt

1.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

2.

Léiriú.

3.

Caiteachais.

4.

Aisghairm.

CUID II

Forfás agus Gníomhaireachtaí.

5.

Forfás, Forbairt agus GFT a bhunú.

6.

Feidhmeanna Forfás.

7.

Feidhmeanna Forbairt.

8.

Feidhmeanna GFT.

9.

Feidhmeanna a bhíodh á bhfeidhmiú ag an Údarás Forbartha Tionscail agus ag Eolas.

10.

Feidhmeanna a tharmligean.

11.

Deontais do Forfás agus do na Gníomhaireachtaí.

12.

Greasachtaí tionscail.

13.

Feidhmiú agus beartas tionscail a athbhreithniú.

CUID III

Forálacha Idirthréimhseacha.

14.

Talamh a aistriú.

15.

Maoin eile a aistriú.

16.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

17.

Díolúine ó dhleacht stampa.

18.

An tÚdarás Forbartha Tionscail agus Eolas a dhíscaoileadh.

19.

Cuntais chríochnaitheacha na gcomhlachtaí díscaoilte.

20.

Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

21.

Foireann.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Forfás agus na Gníomhaireachtaí

AN DARA SCEIDEAL

Comhaltaí agus Foireann

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1990

1990, Uimh. 33

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

Finance Act, 1895

58 & 59 Vict. c.16

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1986

1986, Uimh. 9

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Leasú), 1991

1991, Uimh. 9

An tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961

1961, Uimh. 20

An tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán (Leasú), 1979

1979, Uimh. 33

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 30

An tAcht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1987

1987, Uimh. 30

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970

1970, Uimh. 9

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1993


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1993

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE CHUN TIONSCAL AGUS TEICNEOLAÍOCHT A FHORBAIRT, AGUS DO GHRÍOSÚ AGUS DO SPREAGADH INFHEISTÍOCHTA I nGNÓTHAIS THIONSCLAÍOCHA Ó FHOINSÍ CIBÉ ACU LAISTIGH NÓ LASMUIGH DEN STÁT AGUS CHUN NA gCRÍOCH SIN DO BHUNÚ COMHLACHTAÍ NUA AR A dTABHARFAR FORFÁS, FORBAIRT AGUS AN GHNÍOMHAIREACHT FORBARTHA TIONSCAIL (ÉIRE) AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [6 Iúil, 1993]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1993 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1986 go 1993, a ghairm de na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1986 agus 1991, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1986 ;

ciallaíonn “Acht 1987” an tAcht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1987 ;

ciallaíonn “Gníomhaireacht” Forbairt nó GFT;

ciallaíonn “Bord” Bord Forfás nó Bord ceachtar Gníomhaireachta;

ciallaíonn “comhlacht díscaoilte” an tÚdarás Forbartha Tionscail nó Eolas;

tá le “lá bunaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 5;

ciallaíonn “Forbairt” an Ghníomhaireacht a bhunaítear faoin ainm sin le halt 5;

ciallaíonn “Forfás” an Ghníomhaireacht a bhunaítear faoin ainm sin le halt 5;

ciallaíonn “GFT” an Ghníomhaireacht a bhunaítear le halt 5 faoi ainm na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail (Éire);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Fiontar agus Fostaíochta.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt nó do Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil eile atá beartaithe.

(4) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile is tagairt í don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo.

Caiteachais.

3. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

4. —Aisghairtear leis seo gach achtachán dá dtagraítear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le héifeacht ón lá bunaithe, a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

CUID II

Forfás agus Gníomhaireachtaí

Forfás, Forbairt agus GFT a bhunú.

5. —(1) Beidh arna bhunú, cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú (“an lá bunaithe”), comhlacht ar a dtabharfar Forfás agus dhá ghníomhaireacht de chuid Forfás, ar a dtabharfar Forbairt agus an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire) (“GFT”) faoi seach chun na feidhmeanna a shanntar dóibh leis an Acht seo a dhéanamh.

(2) Beidh feidhm ag an gCéad Sceideal agus ag an Dara Sceideal chun críocha an ailt seo.

Feidhmeanna Forfás.

6. —(1) Is iad feidhmeanna Forfás—

(a) comhairle a thabhairt don Aire maidir le nithe a bhaineann le forbairt tionscail sa Stát,

(b) comhairle a thabhairt maidir le forbairt agus comhordú beartais le haghaidh Forbairt, GFT, an Bhoird Tráchtála agus cibé comhlachtaí eile a ainmneoidh an tAire,

(c) forbairt tionscail agus teicneolaíochta a spreagadh sa Stát,

(d) spreagadh a dhéanamh maidir le gnóthais tionscail ó áiteanna lasmuigh den Stát a bhunú agus a fhorbairt sa Stát, agus

(e) comhairle a thabhairt do Forbairt agus do GFT, agus iad a chomhordú, i ndáil lena bhfeidhmeanna.

(2) Déanfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht de réir cibé treoracha ginearálta a thabharfaidh an tAire i ndáil leis an mbeartas a bheidh le leanúint aige nó aici i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna.

Feidhmeanna Forbairt.

7. —Is iad feidhmeanna Forbairt, mar ghníomhaireacht de chuid Forfás—

(a) tionscal a fhorbairt sa Stát,

(b) bonn teicneolaíochta tionscail agus acmhainn tionscail chun nuála a neartú,

(c) seirbhísí a chur ar fáil a thugann tacaíocht don fhorbairt sin,

(d) infheistíochtaí a dhéanamh i ngnóthais tionscail a chomhlíonann ceanglais na n-achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh,

(e) cibé scéimeanna, deontais agus saoráidí airgeadais eile a riaradh, ar gá eisíoc a dhéanamh ina leith ar Chistí de chuid an Chomhphobail Eorpaigh, a údaróidh an tAire ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais, agus

(f) cibé feidhmeanna eile a dhéanamh a shannfaidh Forfás dó ó am go ham le toiliú an Aire.

Feidhmeanna GFT.

8. —Is iad feidhmeanna GFT, mar ghníomhaireacht de chuid Forfás—

(a) bunú agus forbairt gnóthas tionscail ó áiteanna lasmuigh den Stát a chur chun cinn sa Stát,

(b) infheistíochtaí a dhéanamh i ngnóthais tionscail a chomhlíonann ceanglais na n-achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh,

(c) cibé scéimeanna, deontais agus saoráidí airgeadais eile a riaradh, ar gá eisíoc a dhéanamh ina leith ar Chistí de chuid an Chomhphobail Eorpaigh, a údaróidh an tAire ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais, agus

(d) cibé feidhmeanna eile a dhéanamh a shannfaidh Forfás di ó am go ham le toiliú an Aire.

Feidhmeanna a bhíodh á bhfeidhmiú ag an Údarás Forbartha Tionscail agus ag Eolas.

9. —(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar cumhachtaí agus feidhmeanna an Údaráis Forbartha Tionscail, arna sonrú in Acht 1986, agus cumhachtaí agus feidhmeanna Eolas, arna sonrú san Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 , agus in Acht 1987, a dhílsiú do Forfás agus féadfar iad a shannadh do Forbairt nó do GFT, de réir mar a bheidh, agus féadfaidh Forbairt nó GFT, de réir mar a bheidh, iad a fheidhmiú, go feadh cibé méid agus de réir cibé ordacháin a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(2) Déanfar cumhachtaí agus feidhmeanna an Údaráis Forbartha Tionscail a thugtar dó le Cuid III d'Acht 1986 a shannadh do Forbairt nó do GFT, agus déanfaidh Forbairt nó GFT iad a fheidhmiú, go feadh cibé méid agus de réir cibé ordacháin a chinnfidh Forfás ó am go ham le comhthoiliú an Aire.

(3) Chun críocha an ailt seo, déanfar aon tagairtí do “an tÚdarás” in Acht 1986 agus san Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 , agus do “an Ghníomhaireacht” in Acht 1987 a fhorléiriú mar thagairtí do Forfás agus do gach Gníomhaireacht, nó d'aon cheann acu, de réir mar is cuí.

Feidhmeanna a tharmligean.

10. —(1) Aon fheidhm a fheidhmeoidh Forfás agus ceachtar Gníomhaireacht, féadfar, gan dochar dá bhfreagrachtaí ginearálta faoin Acht seo, í a fheidhmiú trí aon chomhalta den fhoireann a bheidh údaraithe go cuí chuige sin.

(2) Féadfaidh Forfás agus ceachtar Gníomhaireacht, de réir mar is cuí leis nó léi, coistí nó comhlachtaí eile (lena n-áirítear comhlachtaí réigiúnacha) a chomhdhéanamh ó am go ham chun críocha an ailt seo agus féadfaidh sé nó sí aon chomhlacht den sórt sin a dhíscaoileadh.

(3) Féadfaidh daoine nach comhaltaí de Forfás nó dá fhoireann nó de cheachtar Gníomhaireacht a bheith ina gcomhaltaí de choiste nó de chomhlacht eile.

Deontais do Forfás agus do na Gníomhaireachtaí.

11. —(1) Féadfaidh an tAire deontais de cibé méideanna a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le Forfás agus le gach Gníomhaireacht as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—

(a) chun a chumasú do Forfás agus do gach Gníomhaireacht a chaiteachais nó a caiteachais riaracháin agus a chaiteachais nó a caiteachais ghinearálta a íoc, agus

(b) chun a oibleagáidí nó a hoibleagáidí agus a dhliteanas nó a dliteanais a urscaoileadh.

(2) Ní mó ná £750,000,000 méid comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tAire do Forfás agus na Gníomhaireachtaí faoi fho-alt (1) (b) (seachas deontais lena mbaineann alt 14 (3) d'Acht 1986).

(3) Ní mó ná na teorainneacha comhiomlána a shonraítear i bhfo-alt (2) méid comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh Forfás agus na Gníomhaireachtaí agus na n-íocaíochtaí a thabharfar faoi ailt 16 agus 31 d'Acht 1986 nó faoi fhorálacha comhréire aon achtacháin aisghairthe tar éis thosach feidhme an ailt seo.

Greasachtaí tionscail.

12. —(1) Gan cead a fháil roimh ré ón Rialtas, ní bheidh méid iomlán an airgid a thabharfar do ghnóthas tionscail ar leith faoi aon alt dá dtagraítear in alt 34 d'Acht 1986 níos mó sa chomhiomlán ná an tsuim is mó de na suimeanna seo a leanas—

(a) £2,500,000, nó

(b) £2,500,000 de bhreis ar mhéid comhiomlán na ndeontas a bhfuarthas cead roimh ré ón Rialtas cheana féin ina leith.

(2) Féadfaidh na Gníomhaireachtaí deontais a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonraítear in Acht 1986 chun daoine a fhostú i dtionscal seirbhíse.

Feidhmiú agus beartas tionscail a athbhreithniú.

13. —Déanfaidh an tAire, laistigh de thrí bliana ón Acht seo a rith, agus gach tríú bliain dá éis sin, athbhreithniú a ullmhú ar fheidhmiú náisiúnta tionscail i leith na dtrí bliana roimhe sin agus ar bheartas náisiúnta tionscail agus cuirfidh sé faoi deara an t-athbhreithniú agus na tátail a thig ón gcéanna a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

CUID III

Forálacha Idirthréimhseacha

Talamh a aistriú.

14. —Ar an lá bunaithe, beidh an talamh go léir a bhí, díreach roimh an lá sin, dílsithe don Údarás Forbartha Tionscail nó do Eolas, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin, arna ndílsiú, gan aon tíolacadh ná sannadh, do Forfás go feadh an eastáit nó an leasa go léir ar a raibh sé, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe do cheachtar comhlacht díscaoilte díobh sin, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh agus a bheidh ar marthain agus is inchomhlíonta.

Maoin eile a aistriú.

15. —Ar an lá bunaithe, beidh an mhaoin go léir seachas talamh, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, ba mhaoin de chuid ceachtar comhlacht díscaoilte díreach roimh an lá sin, arna dílsiú do Forfás gan aon sannadh.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

16. —(1) Beidh na cearta agus na dliteanais go léir de chuid comhlachta dhíscaoilte a éiríonn de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) a bheidh déanta ag an gcomhlacht sin roimh an lá bunaithe, arna n-aistriú an lá sin chuig Forfás.

(2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1), féadfaidh Forfás, ar dháta an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina ainm féin nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm in aghaidh Forfás ina ainm féin, agus ní gá do Forfás fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine a ndéantar a cheart nó a dhliteanas a aistriú leis an alt seo.

Díolúine ó dhleacht stampa.

17. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin nó cearta a aistrítear leis an Acht seo a dhílsiú.

An tÚdarás Forbartha Tionscail agus Eolas a dhíscaoileadh.

18. —Ar an lá bunaithe, beidh an tÚdarás Forbartha Tionscail and Eolas arna ndíscaoileadh.

Cuntais chríochnaitheacha na gcomhlachtaí díscaoilte.

19. —Déanfar cuntais chríochnaitheacha gach comhlachta dhíscaoilte a tharraingt suas i cibé foirm a cheadóidh an tAire, agus leagfar na cuntais sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

20. —Leanfar d'aon imeachtaí dlí atá ar feitheamh ar an lá bunaithe in aon chúirt nó ag aon bhinse inar páirtí comhlacht díscaoilte, ach Forfás a chur in ionad an pháirtí sin, agus ní rachaidh siad ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.

Foireann.

21. —Glacfaidh Forfás isteach ina fhostaíocht ar an lá bunaithe, de réir théarmaí an Achta seo, gach duine a bhí, díreach roimh an lá sin, ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis Forbartha Tionscail nó d'fhoireann Eolas (“na comhlachtaí díscaoilte”), ar théarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar ná na cinn sin ab infheidhme maidir leis an duine sin díreach roimh an aistriú.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Forfás agus na Gníomhaireachtaí

Alt 5.

Corprú.

1. (1) Beidh Forfás agus gach Gníomhaireacht ina chomhlacht nó ina comhlacht corpraithe agus beidh cumhacht agartha aige nó aici agus beidh sé nó sí inagartha ina ainm nó ina hainm féin.

(2) Beidh an chumhacht ag Forfás talamh agus maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

Comhaltas.

2. (1) Is iad comhaltaí Forfás agus comhaltaí gach Gníomhaireachta Bord an chomhlachta sin.

(2) 12 chomhalta ar a mhéad a bheidh ar Bhord Forfás agus ar Bhord gach Gníomhaireachta ar leithligh.

(3) Áireofar ar Bhord Forfás a Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin agus Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin gach Gníomhaireachta.

(4) Áireofar ar Bhord gach Gníomhaireachta a Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin.

(5) Faoi réir mhír 1 (4) den Dara Sceideal, is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí na mBord le toiliú an Aire Airgeadais.

(6) Ainmneoidh an tAire comhalta amháin de gach Bord mar Chathaoirleach agus féadfar beirt chomhalta eile a ainmniú mar Leas-Chathaoirleach.

(7) Beidh an Cathaoirleach agus comhaltaí eile Forfás agus gach Gníomhaireachta i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(8) Féadfaidh gach Bord gníomhú trí aon triúr dá chomhaltaí.

(9) Féadfaidh gach Bord a nós imeachta féin a rialáil.

(10) Ní bheidh comhaltaí Boird ina gcomhaltaí d'údarás áitiúil de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 .

Tréimhse oifige comhaltaí.

3. (1) Ar gach cothromlá de dháta thosach feidhme an Achta seo, scoirfidh aon chúigiú de chomhaltaí gach Boird d'oifig a shealbhú nó, mura beirt a líon, ansin an líon is gaire d'aon chúigiú.

(2) Gach bliain is iad na comhaltaí is faide i seilbh oifige óna gceapachán deiridh roimhe sin a scoirfidh d'oifig a shealbhú ach i measc daoine a tháinig chun bheith ina gcomhaltaí ar dtús an lá céanna is le crannchur (mura n-aontaíonn siad ar shlí eile eatarthu féin) a chinnfear cé hiad na daoine a scoirfidh.

(3) Beidh comhalta a bheidh ag scor inathcheaptha.

Coinníollacha oifige.

4. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhalta Boird a chur as oifig.

(2) Féadfaidh comhalta éirí as oifig trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a gheobhaidh an tAire an fógra.

(3) I gcás aon leas airgeadais, go díreach nó go neamhdhíreach, a bheith ag comhalta in aon ghnóthas tionscail, tráchtála nó seirbhíse, déanfaidh an duine sin, sula bhfeidhmeoidh sé aon fheidhmeanna mar chomhalta, cineál an leasa sin a dhearbhú don Bhord agus comhlíonfaidh sé cibé treoracha a thabharfaidh an Bord maidir leis.

(4) Dícháileofar comhalta chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú, más rud é go mbreithneofar an comhalta sin ina fhéimheach, nó go ndéanfaidh sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó go gciontófar é in aon chion indíotáilte i ndáil le cuideachta, nó go gciontófar é i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, cibé acu a bhaineann sí nó nach mbaineann sí le cuideachta, nó go mbeidh sé ina ábhar d'ordú faoi alt 160 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 .

(5) Más rud é, i gcás comhalta—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 15 (arna chur isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

scoirfidh an duine sin air sin de bheith ina chomhalta den Bhord sin.

(6) Na coinníollacha oifige is infheidhme maidir le comhaltaí Boird agus atá leagtha amach i bhfomhíreanna (3) agus (4), beidh feidhm acu freisin maidir le comhaltaí de choistí nó de chomhlachtaí eile a chomhdhéanfar faoin Acht seo.

Na séalaí.

5. (1) Déanfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht séala a sholáthar dó nó di féin.

(2) Déanfar séala Forfás nó séala ceachtar Gníomhaireachta, nuair a chuirfear ar dhoiciméad é, a fhianú le síniú beirt chomhalta nó le síniú comhalta agus comhalta d'fhoireann an chomhlachta iomchuí a bheidh údaraithe aige nó aici chun gníomhú chuige sin, nó le síniú beirt chomhalta d'fhoireann an chomhlachta iomchuí a bheidh údaraithe amhlaidh.

Conarthaí agus ionstraimí.

6. (1) Tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar shéalaí Forfás agus na nGníomhaireachtaí agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne Forfás nó ceachtar Gníomhaireacht agus a bheith séalaithe lena shéala nó lena séala agus a bheith fianaithe de réir na míre seo glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt.

(2) Maidir le haon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala i gcás duine aonair é nó í a dhéanamh nó a fhorghníomhú, féadfaidh aon duine a bheidh údaraithe go ginearálta nó go sonrach ag Forfás nó ag ceachtar Gníomhaireacht chun na críche sin an conradh nó an ionstraim sin a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann Forfás nó ceachtar Gníomhaireachta.

Tuarascáil bhliantúil agus cuntais.

7. (1) Déanfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht, i cibé foirm a ordóidh an tAire, tuarascáil bhliantúil ar a gníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an Aire tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann sí agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na tuarascálacha a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais sin. Déanfar trácht sonrach i ngach tuarascáil bhliantúil den sórt sin ar chruthú post agus ar chailleadh post araon.

(2) Coimeádfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar airgead a gheobhaidh sé nó sí agus a chaithfidh sé nó sí agus, go háirithe, coimeádfaidh sé nó sí, san fhoirm sin a dúradh, na cuntais speisialta go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(3) Cuirfear cuntais Forfás agus cuntais gach Gníomhaireachta faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, déanfar na cuntais sin, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den chéanna faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Faisnéis.

8. (1) Déanfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht cibé faisnéis a éileoidh an tAire ó am go ham a thabhairt don Aire maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí.

(2) Déanfaidh gach Gníomhaireacht agus aon choiste nó comhlacht eile a bhunófar faoin Acht seo cibé faisnéis a thabhairt do Forfás a éileoidh sé ó am go ham chun críocha a fheidhmeanna.

AN DARA SCEIDEAL

Comhaltaí agus Foireann

Alt 5.

Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin.

1. (1) Beidh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ag Forfás agus ag gach Gníomhaireacht.

(2) Maidir le Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Forfás—

(a) is é Forfás a cheapfaidh é le ceadú an Aire, agus

(b) beidh sé i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair) a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(3) Is é Bord na Gníomhaireachta a cheapfaidh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin gach Gníomhaireachta agus beidh sé i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair) a cheadóidh an Bord sin le comhthoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(4) Beidh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Forfás agus Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin gach Gníomhaireachta ina chomhalta ex officio de Bhord an chomhlachta sin ar feadh ré cheapachán an duine sin chun an chomhlachta sin.

Foireann Forfás.

2. (1) Féadfaidh Forfás, ó am go ham, cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí dá fhoireann.

(2) Aon duine a ghlacfar isteach i bhfostaíocht Forfás faoi alt 21 nó a cheapfar chun Forfás faoin alt seo, féadfaidh Forfás é a thabhairt ar iasacht ó am go ham chun fónamh le ceachtar Gníomhaireacht nó le haon chomhlacht eile a bhunaítear faoin Acht seo.

(3) Gach comhalta den fhoireann a bheidh ar iasacht amhlaidh, leanfaidh sé de bheith ina chomhalta d'fhoireann Forfás ach beidh sé, le linn dó a bheith ar iasacht amhlaidh, faoi réir threoracha an chomhlachta a mbeidh an comhalta sin tugtha ar iasacht chuige ina chuid oibríochtaí ó lá go lá, faoi réir cibé socruithe a dhéanfar idir Forfás agus an comhlacht sin.

(4) Is é Forfás a dhéanfaidh luach saothair agus liúntais chomhaltaí fhoireann Forfás a chinneadh ó am go ham, le toiliú an Aire agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(5) Más rud é, i gcás comhalta d'fhoireann Forfás—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 15 (arna chur isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

beidh an duine sin air sin ar iasacht ó fhostaíocht Forfás agus ní íocfaidh Forfás leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ó Forfás, aon luach saothair nó liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh, nó an tráth a measfar amhlaidh an duine sin a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh an duine sin de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach nó den Tionól sin.

Aoisliúntas.

3. (1) Ullmhóidh Forfás agus cuirfidh sé faoi bhráid an Aire scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé comhaltaí d'fhoireann Forfás (lena n-áirítear na Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin a cheapfar faoi mhír 1 den Sceideal seo) is cuí leis, nó ina leith, ar éirí as dóibh, ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht alt 9 (3), daingnítear go sainráite leis seo, maidir le scéim nó scéimeanna aoisliúntais a rinne an tÚdarás Forbartha Tionscail nó Eolas díreach roimh an lá bunaithe, go leanfaidh sí nó siad i bhfeidhm, d'ainneoin dhíscaoileadh na gcomhlachtaí sin leis an Acht seo, ionann is dá mba Forfás a rinne agus beidh na cumhachtaí agus na feidhmeanna céanna ag Forfás faoin Acht seo i ndáil leis na scéimeanna sin a bhí ag an Údarás Forbartha Tionscail nó ag Eolas díreach roimh an mbunú sin.

(3) Féadfaidh Forfás, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm scéime lena mbaineann an mhír seo.

Doiciméid a nochtadh.

4. (1) Ní dhéanfaidh Forfás ná ceachtar Gníomhaireacht, gan toiliú an Aire, aon doiciméad a bheidh faoina choimeád nó faoina coimeád nó faoina urláimh nó faoina hurláimh a nochtadh ar doiciméad é a iarrtar a thabhairt ar aird i ndáil le haon imeachtaí dlí.

(2) I gcás ina ndiúltóidh an tAire toiliú leis an nochtadh, beidh Forfás nó ceachtar Gníomhaireacht i dteideal na pribhléide céanna, agus éileoidh sé nó sí sna himeachtaí an phribhléid chéanna, i leith an doiciméid a bheadh an tAire i dteideal a éileamh dá mbeadh an doiciméad faoi choimeád an Aire féin.

Faisnéis a nochtadh.

5. (1) Faoi réir fhomhír (3), ní dhéanfaidh duine aon fhaisnéis a nochtadh a gheobhaidh an duine sin—

(a) le linn dualgais a chomhlíonadh mar chomhalta d'aon Bhord, coiste nó comhlacht eile a bhunaítear faoin Acht seo, nó mar chomhalta d'fhoireann Forfás nó cheachtar Gníomhaireachta nó mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir do Forfás nó do cheachtar Gníomhaireacht, nó

(b) mar chomhalta d'aon chomhlacht nó mar chomhalta d'fhoireann aon chomhlachta a lorgófar sainchomhairle orthu de bhun fhorálacha an Achta seo, le linn dualgais a chomhlíonadh a bhaineann le haon sainchomhairle den sórt sin.

(2) Aon duine a sháróidh fomhír (1), beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfomhír (1)-

(a) faisnéis i dtuarascáil a thabharfar do Forfás nó do cheachtar Gníomhaireacht (nó thar ceann Forfás nó ceachtar Gníomhaireachta) a nochtadh don Aire,

(b) nochtadh faisnéise ag Forfás nó ag ceachtar Gníomhaireacht nó ag comhalta de Forfás nó de cheachtar Gníomhaireacht nó d'aon choiste nó comhlacht eile a bhunófar faoin Acht seo chun críche scéime taighde agus forbartha nó scéime um theicneolaíocht táirgí agus próiseas a fháil.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 4.

Bliain agus Uimhir

Achtachán

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 20 de 1961

An tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961

Cuid III, ailt 32 agus 37

Uimh. 33 de 1979

An tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán (Leasú), 1979

An tAcht iomlán

Uimh. 9 de 1986

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1986

Ailt 6, 10 (1) agus (3), 12 (1), (4) agus (5), 14 (1) agus (2), 15 (1), 25 (1), 38, 39, 40,

 

An Chéad Sceideal

Uimh. 30 de 1987

An tAcht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1987

Ailt 13, 15 go 17, agus 19 go 29