13 1997

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1997


AN tACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE, 1997

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Lua agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Rialacháin.

4.

Feidhmeanna áirithe de chuid ceann a tharmligean.

5.

Caiteachais.

CUID II

Rochtain ar Thaifid.

6.

Ceart rochtana ar thaifid.

7.

Iarrataí ar rochtain ar thaifid.

8.

Breitheanna maidir le hiarrataí faoi alt 7 agus fógra a thabhairt maidir le breitheanna.

9.

An tréimhse ama a fhadú chun iarrataí faoi alt 7 a bhreithniú.

10.

Diúltú ar fhorais riaracháin géilleadh d'iarrataí faoi alt 7.

11.

Rochtain ar thaifid a iarchur.

12.

Modh rochtana ar thaifid.

13.

Rochtain ar chodanna de thaifid.

14.

Cinn d'athbhreithniú breitheanna.

15.

Faisnéis i dtaobh comhlachtaí poiblí a fhoilsiú.

16.

Faisnéis a fhoilsiú maidir le rialacha agus cleachtais i ndáil le breitheanna áirithe a thugann comhlachtaí poiblí.

17.

Leasú ar thaifid a bhaineann le faisnéis phearsanta.

18.

Ceart duine chun faisnéise maidir le gníomhartha comhlachtaí poiblí a dhéanann difear don duine.

CUID III

Taifid Dhíolmhaithe.

19.

Cruinnithe den Rialtas.

20.

Pléití comhlachtaí poiblí.

21.

Feidhmeanna agus caibidlí comhlachtaí poiblí.

22.

Cúrsaí parlaiminte agus cúirte agus nithe áirithe eile.

23.

Forfheidhmiú an dlí agus sábháilteacht an phobail.

24.

Slándáil, cosaint agus caidreamh idirnáisiúnta.

25.

Breitheanna áirithe de bhun ailt 23 agus 24 a bheith dochloíte.

26.

Faisnéis a fhaightear i modh rúin.

27.

Faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

28.

Faisnéis phearsanta.

29.

Nós imeachta i ndáil le hiarrataí áirithe faoi alt 7 a bhfuil feidhm ag alt 26, 2728 maidir leo.

30.

Taighde agus acmhainní nádúrtha.

31.

Leasanna airgeadais agus eacnamaíochta an Stáit agus comhlachtaí poiblí.

32.

Achtacháin a bhaineann le neamhnochtadh taifead.

CUID IV

An Coimisinéir Faisnéise

33.

Oifig an Choimisinéara Faisnéise a bhunú.

34.

An Coimisinéir d'athbhreithniú breitheanna.

35.

An Coimisinéir do dhéanamh iarrataí ar fhaisnéis bhreise.

36.

Athbhreithniú ar oibriú an Achta agus imscrúduithe ag an gCoimisinéir.

37.

Cumhachtaí an Choimisinéara.

38.

Spreagfaidh an Coimisinéir comhlachtaí poiblí chun faisnéis a fhoilsiú.

39.

An Coimisinéir d'fhoilsiú tráchtaireachtaí maidir le feidhm phraiticiúil, etc., an Achta.

40.

Tuarascálacha ón gCoimisinéir.

CUID V

Ilghnéitheach.

41.

Breitheanna a mheasfar a bheith tugtha i gcásanna áirithe.

42.

Achomharc chun na hArd-Chúirte.

43.

Réamhchúraimí ag an Ard-Chúirt agus ag an gCoimisinéir in aghaidh faisnéis áirithe a nochtadh.

44.

Bac ar bhreitheanna áirithe.

45.

Díolúine ó imeachtaí dlíthiúla.

46.

Srian leis an Acht.

47.

Táillí.

48.

Leasú ar an Acht um Rúin Oifigiúla, 1963.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Comhlachtaí Poiblí

AN DARA SCEIDEAL

An Coimisinéir Faisnéise

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Achtacháin a Eisiatar ó Fheidhm Alt 32

CUID I

Reachtanna

CUID II

Ionstraimí Reachtúla


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988

1988, Uimh. 18

An tAcht um an mBord Bia, 1996

1996, Uimh. 21

An tAcht um Bord Glas, 1990

1990, Uimh. 1

Children Act, 1908

1908, c. 67

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 46

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958

An tAcht um Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine, 1986

1986, Uimh. 14

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990

An tAcht Iomaíochta, 1991

1991, Uimh. 24

Na hAchtanna um an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 agus 1993

An tAcht Cóipchirt, 1963

1963, Uimh. 10

An tAcht um Chosaint Sonraí, 1988

1988, Uimh. 25

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

Acht na bhFiaclóirí, 1985

1985, Uimh. 9

An tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977

1977, Uimh. 16

An tAcht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992

1992, Uimh. 7

An tAcht um Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1993

1993, Uimh. 30

Exchequer and Audit Department Acts, 1866 and 1921

An tAcht Foraoiseachta, 1988

1988, Uimh. 26

An tAcht Gáis, 1976

1976, Uimh. 30

An tAcht Cuanta, 1996

1996, Uimh. 11

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1986

1986, Uimh. 9

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1993

1993, Uimh. 19

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1946

1946, Uimh. 26

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1969

1969, Uimh. 14

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1990

1990, Uimh. 19

An tAcht um Údarás Eitlíochta na hÉireann, 1993

1993, Uimh. 27

An tAcht um Bord Scannán na hÉireann, 1980

1980, Uimh. 36

An tAcht um Thionscal Rásaíochta Capall na hÉireann, 1994

1994, Uimh. 18

An tAcht um Bord Leigheasra na hÉireann, 1995

1995, Uimh. 29

An tAcht um Áiseanna Saothair, 1987

1987, Uimh. 10

Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926

1926, Uimh. 39

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1983

1983, Uimh. 28

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht um Fhoras na Mara, 1991

1991, Uimh. 2

Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978

1978, Uimh. 4

Acht an Bhainne (Soláthar a Rialáil), 1994

1994, Uimh. 25

An tAcht Airí agus Rúnaithe, 1924

1924, Uimh. 16

An tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986

1986, Uimh. 11

An tAcht um an mBord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí, 1984

1984, Uimh. 2

An tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990

1990, Uimh. 18

An tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939

1939, Uimh. 13

An tAcht um Rúin Oifigiúla, 1963

1963, Uimh. 1

An tAcht Ombudsman, 1980

1980, Uimh. 26

Acht na bPinsean, 1990

1990, Uimh. 25

An tAcht um Chosaint Taibheoirí, 1968

1968, Uimh. 19

An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983

1983, Uimh. 26

Public Offices Fees Act, 1879

1879, c. 58

Achtanna na bPríosún, 1826 go 1980

An tAcht um Chosaint Raideolaíoch, 1991

1991, Uimh. 9

An tAcht um Chleachtais Srianta (Leasú), 1987

1987, Uimh. 31

Acht na mBóithre, 1993

1993, Uimh. 14

An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 1989

1989, Uimh. 7

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993

1993, Uimh. 27

Na hAchtanna Cánach

An tAcht um Thrádáil agus Margaíocht a Spreagadh, 1991

1991, Uimh. 22

An tAcht Iompair (Córas Iompair Éireann a Atheagrú), 1986

1986, Uimh. 31

Tribunals of Inquiry (Evidence) Act, 1921

1921, c. 7

An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979

1979, Uimh. 5

An tAcht Árachais Sláinte Shaorálaigh (Leasú), 1996

1996, Uimh. 4

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1997


AN tACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE, 1997

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DO DHAOINE DEN PHOBAL ROCHTAIN A BHEITH ACU, A MHÉID IS FÉIDIR É I gCOMHRÉIR LE LEAS AN PHOBAIL AGUS LEIS AN gCEART CHUN PRÍOBHÁIDEACHTA, CHUIG FAISNÉIS ATÁ I SEILBH COMHLACHTAÍ POIBLÍ AGUS DÁ CHUMASÚ DO DHAOINE A CHUR FAOI DEARA GO gCEARTÓFAR FAISNÉIS PHEARSANTA A BHAINEANN LEO AGUS ATÁ I SEILBH NA gCOMHLACHTAÍ SIN AGUS, DÁ RÉIR SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CEART ROCHTANA CHUIG TAIFID ATÁ I SEILBH NA gCOMHLACHTAÍ SIN, MAIDIR LE hEISCEACHTAÍ RIACHTANACHA ÓN gCEART SIN AGUS MAIDIR LE CÚNAMH DO DHAOINE LENA CHUMASÚ DÓIBH É A FHEIDHMIÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hATHBHREITHNIÚ NEAMHSPLEÁCH AR CHINNTÍ NA gCOMHLACHTAÍ SIN I nDÁIL LEIS AN gCEART SIN AGUS AR OIBRIÚ AN ACHTA SEO I gCOITINNE (LENA nÁIRÍTEAR IMEACHTAÍ NA gCOMHLACHTAÍ SIN DE BHUN AN ACHTA SEO) AGUS, CHUN NA gCRÍOCH SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN OIFIG CHOIMISINÉARA FAISNÉISE A BHUNÚ AGUS DO MHÍNIÚ A FEIDHMEANNA, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS NA COMHLACHTAÍ SIN D'FHOILSIÚ FAISNÉISE ÁIRITHE INA dTAOBH IS IOMCHUÍ MAIDIR LE CRÍOCHA AN ACHTA SEO, DO LEASÚ AN ACHTA UM RÚIN OIFIGIÚLA, 1963 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [21 Aibreán, 1997]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Lua agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 , a ghairm den Acht seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3), tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá a bheidh bliain amháin tar éis dháta a rite.

(3) Tiocfaidh fomhír (3) de mhír 1 den Chéad Sceideal i ngníomh cibé lá nach déanaí ná 18 mí tar éis an tAcht seo a rith a cheapfaidh an tAire le hordú le toiliú an Aire Comhshaoil agus tiocfaidh fomhír (4) den mhír sin i ngníomh cibé lá nach déanaí ná 18 mí tar éis an tAcht seo a rith a cheapfaidh an tAire le hordú le toiliú an Aire Sláinte.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “tosach feidhme an Achta seo” an tráth a dtiocfaidh an tAcht seo (seachas fomhíreanna (3) agus (4) de mhír 1 den Chéad Sceideal) i ngníomh;

ciallaíonn “an Coimisinéir”, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, oifig an Choimisinéara Faisnéise a bhunaítear le halt 33 nó sealbhóir na hoifige sin;

ciallaíonn an briathar “cinneadh” cinneadh ag an Aire agus, i ndáil le foirm, ciallaíonn sé cinneadh tar éis féachaint go cuí do riachtanais iarrthóirí, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “stiúrthóir” stiúrthóir (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990) ach folaíonn sé, i gcás údaráis áitiúil nó boird sláinte nó aon chomhlachta phoiblí eile nach cuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) é nó, más comhlacht, eagraíocht nó grúpa (seachas cuideachta) é a shonraítear i bhfomhír (b)(i), (c), (e), (f)(g) d'fhomhír (5) de mhír 1 den Chéad Sceideal, atá forordaithe de thuras na huaire de bhun na fomhíre sin, duine ar comhalta de é nó í, nó ar comhalta é nó í d'aon bhord nó comhlacht eile a rialaíonn, a bhainistíonn nó a riarann é, agus forléireofar aon fhocail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “achtachán” reacht nó ionstraim arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht;

ciallaíonn “taifead díolmhaithe”—

(a) taifead a ndiúltófaí, de bhun Chuid III nó de bhua alt 46 , géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 i ndáil leis, nó

(b) taifead a chruthaítear le haghaidh sealbhóra oifige nó atá i seilbh sealbhóra oifige agus a bhaineann—

(i) le feidhmeanna nó le gníomhaíochtaí an tsealbhóra oifige mar chomhalta den Oireachtas nó de pháirtí polaitíochta, nó

(ii) le feidhmeanna nó le gníomhaíochtaí páirtí polaitíochta;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;

folaíonn “a thabhairt” a chur, cibé acu leis an bpost nó trí mheán leictreonach nó eile, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “ceann” ceann comhlachta phoiblí;

ciallaíonn “ceann comhlachta phoiblí”—

(a) i ndáil le Roinn Stáit, an tAire den Rialtas atá i bhfeighil na Roinne sin,

(b) i ndáil le hOifig an Tánaiste, an Tánaiste,

(c) i ndáil le hOifig an Ard-Aighne, an tArd-Aighne,

(d) i ndáil le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí,

(e) i ndáil le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste,

(f) i ndáil le hOifig an Ombudsman, an tOmbudsman,

(g) i ndáil le hOifig an Choimisinéara, an Coimisinéir,

(h) i ndáil le hOifig Choimisinéirí na Státseirbhíse, Coimisinéirí na Státseirbhíse,

(i) i ndáil le hOifig na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla,

(j) i ndáil le hOifig Thithe an Oireachtais, Cathaoirleach Dháil Éireann,

(k) i ndáil le haon chomhlacht poiblí eile, an duine atá i seilbh, nó a chomhlíonann feidhmeanna, oifig phríomhoifigeach feidhmiúcháin (cibé ainm a thugtar uirthi) an chomhlachta;

ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “Oifig”, i ndáil le duine, na hoifigí ina seoltar an riarachán agus an gnó a bhaineann le feidhmeanna an duine;

ciallaíonn “sealbhóir oifige”—

(a) duine ar Aire den Rialtas nó ar Aire Stáit é nó í, nó

(b) comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas atá i seilbh oifig an Ard-Aighne;

ciallaíonn “faisnéis phearsanta” faisnéis faoi dhuine aonair inaitheanta—

(a) nach mbeadh ar eolas, go hiondúil, ach amháin ag an duine aonair nó ag daoine de theaghlach an duine aonair nó ag cairde an duine aonair, nó

(b) atá i seilbh comhlachta phoiblí ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi i modh rúin,

agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, folaíonn sé—

(i) faisnéis maidir le stair oideachais, liachta, shíciatrach nó shíceolaíoch an duine aonair,

(ii) faisnéis maidir le gnóthaí airgeadais an duine aonair,

(iii) faisnéis maidir le fostaíocht nó stair fostaíochta an duine aonair,

(iv) faisnéis maidir leis an duine aonair i dtaifead a thagann faoi réim alt 6 (6) (a),

(v) faisnéis maidir le stair choiriúil an duine aonair,

(vi) faisnéis maidir le creideamh, aois, gnéaschlaonadh nó stádas pósta an duine aonair,

(vii) uimhir, litir, siombail, focal, marc nó rud eile a bheidh sannta ag comhlacht poiblí don duine aonair lena aithint nó lena haithint nó aon mharc nó rud eile a úsáidtear chun na críche sin,

(viii) faisnéis maidir le teidil an duine aonair faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh mar thairbhí (de réir bhrí an Achta Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993) nó a theastóidh chun a shuíomh an tairbhí den sórt sin an duine aonair, ós éilitheoir é nó í (de réir na brí a dúradh),

(ix) faisnéis a theastóidh chun dliteanas an duine aonair i leith cánach nó dleachta nó íocaíochta eile atá dlite don Stát nó d'údarás áitiúil, do bhord sláinte nó do chomhlacht poiblí eile, nó is iníoctha leo, a mheasúnú nó chun méid atá dlite den duine aonair i leith cánach nó dleachta nó íocaíochta eile den sórt sin a bhailiú,

(x) ainm an duine aonair i gcás go bhfuil sé ann mar aon le faisnéis phearsanta eile a bhaineann leis an duine aonair nó i gcás go suífeadh, nó gur dóigh go suífeadh, nochtadh an ainm gur leis an duine aonair a bhaineann aon fhaisnéis phearsanta atá i seilbh an chomhlachta phoiblí lena mbaineann,

(xi) faisnéis maidir le maoin de chuid an duine aonair (lena n-áirítear an cineál teidil atá ag an duine aonair chun aon mhaoine), agus

(xii) dearcadh nó tuairimí duine eile faoin duine aonair,

ach ní fholaíonn sé—

(I) i gcás go bhfuil nó go raibh an duine aonair i seilbh oifige mar stiúrthóir ar chomhlacht poiblí, nó go bhfuil nó go raibh post aige nó aici mar chomhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí, ainm an duine aonair nó faisnéis maidir leis an oifig nó leis an bpost nó le feidhmeanna na hoifige nó an phoist nó leis na téarmaí ar orthu agus faoina réir atá nó a bhí an oifig sin i seilbh an duine aonair nó atá nó a bhí an post sin aige nó aici nó aon ní a scríobh nó a thaifead an duine aonair in aon fhoirm i gcúrsa chomhlíonadh na bhfeidhmeanna réamhráite agus chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh,

(II) i gcás go bhfuil nó go raibh seirbhís á soláthar ag an duine aonair do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí leis an gcomhlacht, ainm an duine aonair nó faisnéis maidir leis an tseirbhís nó le téarmaí an chonartha nó aon ní a scríobh nó a thaifead an duine aonair in aon fhoirm i gcúrsa sholáthar na seirbhíse agus chun an tseirbhís a sholáthar, nó

(III) dearcadh nó tuairimí an duine aonair i ndáil le comhlacht poiblí, le foireann comhlachta phoiblí nó le gnó nó comhlíonadh feidhmeanna comhlachta phoiblí;

ciallaíonn “páirtí polaitíochta” páirtí atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an Aire le rialacháin faoi alt 3 ;

déanfar “comhlacht poiblí” a fhorléiriú de réir an Chéad Sceidil;

folaíonn “taifead” aon mheabhrán, leabhar, plean, léarscáil, líníocht, léaráid, saothar pictiúrtha nó grafach nó doiciméad eile, aon ghrianghraf, scannán nó taifeadadh (cibé acu is taifeadadh fuaime nó taifeadadh íomhánna nó iad araon é), aon fhoirm ina gcoimeádtar sonraí (de réir bhrí an Achta um Chosaint Sonraí, 1988 ), aon fhoirm eile (lena n-áirítear foirm mheaisín-inléite) nó rud ina gcoimeádtar nó ina stóráiltear faisnéis de láimh, go meicniúil nó go leictreonach agus aon ní ar cuid nó cóip é, in aon fhoirm, d'aon cheann de na nithe sin roimhe seo nó ar teaglaim é de dhá cheann nó níos mó de na nithe sin roimhe seo;

ciallaíonn “iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi” iarraidh faoi alt 7 a bhfuil feidhm ag alt 26 (3), 27 (3)28 (5) maidir léi agus a ngéillfí di, ar leith ó alt 29 ;

ciallaíonn “iarrthóir” duine a dhéanann iarraidh faoi alt 7 ;

déanfar “an ceart rochtana” a fhorléiriú de réir alt 6 ;

(2) Aon chumhacht a thugtar leis an Acht seo chun treoirlínte a tharraingt suas agus a fhoilsiú nó chun cinntí a dhéanamh forléireofar í mar chumhacht a fholaíonn cumhacht is infheidhmithe sa tslí chéanna chun treoirlínte nó cinntí a tarraingíodh suas agus a foilsíodh nó, de réir mar a bheidh, a rinneadh faoin gcumhacht, a chúlghairm nó a leasú.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a thoirmisceann nó a chuireann srian ar chomhlacht poiblí rochtain a bheith aige ar thaifead atá i seilbh comhlachta phoiblí eile.

(4) Aon tagairt in alt 7 , 8, 14, 1718 i ndáil le hiarraidh faoi alt 7 nó le fáil iarrata den sórt sin nó le hiarratas faoi alt 14 (2), 17 (1)18 (1), do cheann comhlachta phoiblí, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairt don chomhlacht agus d'aon stiúrthóir air nó d'aon chomhalta dá fhoireann agus beidh feidhm ag an Acht seo agus beidh éifeacht leis, fara aon mhodhnuithe is gá, dá réir sin.

(5) San Acht seo—

(a) aon tagairt do thaifid atá i seilbh comhlachta phoiblí folaíonn sí tagairt do thaifid atá faoi rialú an chomhlachta,

(b) aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(c) aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír, do chlásal nó d'fhochlásal is tagairt í d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír, do chlásal nó d'fhochlásal den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(d) aon tagairt d'aon achtachán, is tagairt í don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin nó faoi aon achtachán dá éis sin.

Rialacháin.

3. —(1) Féadfaidh an tAire—

(a) le rialacháin, foráil a dhéanamh, faoi réir fhorálacha an Achta seo, le haghaidh aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú, agus

(b) i dteannta aon chumhachta eile a thugtar dó nó di chun rialacháin a dhéanamh, rialacháin a dhéanamh i gcoitinne chun críocha an Achta seo agus chun lánéifeacht a thabhairt don Acht seo,

(c) más rud é, le linn na chéad 3 bliana d'fheidhm an Achta seo maidir le comhlacht poiblí a shonraítear i bhfomhír (3), (4)(5) de mhír 1 den Chéad Sceideal, go n-éireoidh aon deacracht i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin agus féadfar, le rialacháin faoin mír seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo, agus

(d) más rud é, in aon slí eile, go n-éireoidh aon deacracht le linn na tréimhse 3 bliana ó thosach feidhme an Achta seo i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh agus féadfar, le rialacháin faoin mír seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(3) I gcás go mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi mhír (c)(d) d'fho-alt (1) nó chun críocha mhír 1 (5), nó faoi mhír 3, den Chéad Sceideal, cuirfidh sé nó sí faoi deara dréacht de na rialacháin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) I gcás go mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1) (c), rachaidh sé nó sí, sula ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, i gcomhairle le cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas i ndáil leis na rialacháin atá beartaithe.

(5) Féadfar, le rialacháin lena bhforordaítear comhlacht, eagraíocht nó grúpa (“an comhlacht”) chun críocha mhír 1 (5) den Chéad Sceideal, a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an gcomhlacht ach amháin i leith feidhmeanna sonraithe de chuid an chomhlachta, agus beidh feidhm ag an Acht seo agus beidh éifeacht leis de réir aon fhorála den sórt sin.

(6) Déanfar gach rialachán faoin Acht seo (seachas rialachán dá dtagraítear i bhfo-alt (3)) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Feidhmeanna áirithe de chuid ceann a tharmligean.

4. —(1) Féadfaidh ceann aon fheidhm d'fheidhmeanna an chinn faoin Acht seo (seachas an t-alt seo agus alt 25 ) a tharmligean i scríbhinn chuig comhalta d'fhoireann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann.

(2) Maidir le tarmligean faoi fho-alt (1) (“tarmligean”), féadfaidh sé—

(a) baint a bheith aige le feidhmeanna i gcoitinne nó le feidhmeanna sonraithe nó tarmligean a dhéanamh i leith taifead i gcoitinne nó i leith aicmí sonraithe taifead nó taifead sonraithe, agus

(b) tarmligean a dhéanamh chuig comhalta sonraithe nó comhaltaí sonraithe d'fhoireann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann nó chuig cibé comhaltaí ar de chéim nó de ghrád sonraithe, nó de chéim nó de ghrád nach ísle ná céim nó grád sonraithe, iad,

agus féadfaidh sé feidhmeanna éagsúla nó aicmí éagsúla feidhme a tharmligean chuig comhaltaí éagsúla nó chuig aicmí éagsúla comhaltaí den sórt sin.

(3) Féadfaidh an duine atá, de thuras na huaire, ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann tarmligean a chúlghairm go hiomlán nó go páirteach nó a leasú i scríbhinn.

(4) Oibreoidh tarmligean, fad a leanfaidh sé i bhfeidhm, chun an fheidhm nó na feidhmeanna a tharmligtear leis an tarmligean a thabhairt don duine lena mbaineann agus a dhílsiú dó nó di.

(5) Cuirfidh an ceann lena mbaineann faoi deara fógra maidir le tarmligean nó cúlghairm nó leasú faoi fho-alt (3) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis an tarmligean, an chúlghairm nó an leasú, de réir mar a bheidh, a dhéanamh.

(6) Déanfar tagairtí san Acht seo do cheann, más cuí ag féachaint don chomhthéacs agus d'aon tarmligean faoin alt seo, a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon duine a mbeidh feidhmeanna arna dtarmligean chuige nó chuici leis an tarmligean.

Caiteachais.

5. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus déanfar na caiteachais a thabhóidh aon Aire eile den Rialtas ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II

Rochtain ar Thaifid

Ceart rochtana ar thaifid.

6. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, tá ceart rochtana ag gach duine ar aon taifead atá i seilbh comhlachta phoiblí agus, ar iarraidh a dhéanamh chuige sin, tairgfear an rochtain sin dó nó di agus gairtear an ceart rochtana san Acht seo den cheart a thugtar amhlaidh.

(2) Beidh sé de dhualgas ar chomhlacht poiblí cúnamh réasúnach a thabhairt do dhuine atá ag lorg taifid faoin Acht seo—

(a) i ndáil leis an iarraidh a dhéanamh faoi alt 7 ar rochtain ar an taifead, agus

(b) má tá an duine faoi mhíchumas, chun gur fusa don duine a chearta nó a cearta faoin Acht seo a fheidhmiú.

(3) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé Airí eile (más ann) den Rialtas is cuí leis nó léi, treoirlínte i ndáil le comhlíonadh fho-alt (2)(b) ag comhlachtaí poiblí a tharraingt suas agus a fhoilsiú do chomhlachtaí poiblí, agus tabharfaidh comhlachtaí poiblí aird ar aon treoirlínte den sórt sin.

(4) Is iad na taifid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) taifid a chruthófar tar éis thosach feidhme an Achta seo agus—

(a) taifid a cruthaíodh le linn cibé tréimhse (más ann), nó tar éis cibé tráth (más ann), roimh thosach feidhme an Achta seo, agus

(b) taifid a cruthaíodh roimh an tosach feidhme sin agus a bhaineann le cibé nithe áirithe (más ann), agus

(c) taifid a cruthaíodh le linn cibé tréimhse (más ann) agus a bhaineann le cibé nithe áirithe (más ann),

a fhorordófar, tar éis dul i gcomhairle le cibé Airí den Rialtas is cuí leis an Aire.

(5) D'ainneoin fho-ailt (1) agus (4) ach faoi réir fho-alt (6), más rud é—

(a) gur gá nó gur fóirsteanach rochtain a bheith ar thaifid a cruthaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo chun taifid a chruthófar tar éis an tosach feidhme sin a thuiscint, nó

(b) go mbaineann taifid a cruthaíodh roimh an tosach feidhme sin le faisnéis phearsanta maidir leis an duine a bheidh ag lorg rochtana orthu,

forléireofar fo-alt (1) mar fho-alt a thugann ceart rochtana i leith na dtaifead sin.

(6) Ní fhorléireofar fo-alt (5) mar fho-alt lena gcuirtear i bhfeidhm, i ndáil le duine aonair ar comhalta é nó í d'fhoireann comhlachta phoiblí, an ceart rochtana ar thaifead atá i seilbh comhlachta phoiblí agus—

(a) ar taifead pearsanra é, is é sin le rá, taifead a bhaineann go hiomlán nó go príomha le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas, is é sin le rá, inniúlacht nó cumas an duine aonair ina cháil nó ina cáil mar chomhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí nó fostaíocht nó stair fostaíochta an duine aonair sin nó meastóireacht ar chomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna i gcoitinne nó feidhme áirithe den sórt sin mar chomhalta den sórt sin,

(b) a cruthaíodh níos mó ná 3 bliana roimh thosach feidhme an Achta seo, agus

(c) nach bhfuil á úsáid nó nach mbeartaítear a úsáid ar mhodh nó chun críche a dhéanann nó a dhéanfaidh dochar, nó a fhéadfaidh dochar a dhéanamh, do leasanna an duine.

(7) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a chuireann an ceart rochtana i bhfeidhm ar thaifead díolmhaithe.

(8) Ní dhéanfar aon ní san Acht seo a fhorléiriú mar ní a thoirmisceann nó a chuireann srian ar chomhlacht poiblí taifead (lena n-áirítear taifead díolmhaithe) a fhoilsiú nó rochtain air a thabhairt ar dhóigh seachas faoin Acht seo i gcás nach dtoirmisctear le dlí an foilsiú sin a dhéanamh nó an rochtain sin a thabhairt.

(9) Aon taifead atá i seilbh duine atá nó a bhí ag soláthar seirbhíse do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí, measfar, chun críocha an Achta seo, má bhaineann, agus a mhéid a bhaineann, an taifead leis an tseirbhís, é a bheith i seilbh an chomhlachta, agus measfar foráil a bheith sa chonradh go ndéanfaidh an duine, má iarrann an comhlacht air nó uirthi amhlaidh chun críocha an Achta seo, an taifead a thabhairt don chomhlacht lena choinneáil aige ar feadh cibé tréimhse is réasúnach sna himthosca ar leith.

(10) I gcás go ngéillfí, de bhua fho-alt (9), d'iarraidh faoi alt 7 murach go mbaineann sí le taifead a bhfuil ábhar eile ann mar aon leis an ábhar a bhaineann leis an tseirbhís lena mbaineann, déanfaidh ceann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, más indéanta déanamh amhlaidh, cóip a ullmhú, i cibé foirm is cuí leis nó léi, den mhéid sin den taifead nach é an t-ábhar eile réamhráite é agus géillfear don iarraidh trí rochtain ar an gcóip a thairiscint don iarrthóir.

Iarrataí ar rochtain ar thaifid.

7. —(1) Aon duine ar mian leis nó léi an ceart rochtana a fheidhmiú déanfaidh sé nó sí iarraidh, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, agus í dírithe ar cheann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, ar rochtain ar an taifead lena mbaineann agus, san iarraidh sin—

(a) déarfar go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht seo,

(b) beidh dóthain sonraí i ndáil leis an bhfaisnéis lena mbaineann chun gur féidir an taifead a aithint trí bhearta réasúnacha a ghlacadh, agus

(c) má éilíonn an duine go dtabharfar an rochtain sin i bhfoirm áirithe nó ar mhodh áirithe (ar foirm í nó ar modh é dá dtagraítear in alt 12 ), sonrófar an fhoirm nó an modh rochtana.

(2) Cuirfidh an ceann faoi deara go ndéanfar fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, á rá go bhfuair sé nó sí iarraidh faoi fho-alt (1), a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis dó nó di an iarraidh sin a fháil, agus áireofar san fhógra achoimre ar fhorálacha alt 41 agus sonraí faoi na cearta athbhreithnithe faoin Acht seo, faoin nós imeachta lena rialaítear feidhmiú na gceart sin, agus faoi na teorainneacha ama lena rialaítear an feidhmiú sin, i gcás lena mbaineann an t-alt sin.

(3) I gcás go bhfaighidh ceann comhlachta phoiblí (“an ceann”) iarraidh faoin alt seo agus nach bhfuil an taifead nó na taifid lena mbaineann i seilbh an chomhlachta (“an comhlacht céadluaite”) ach go bhfuil sé nó siad, go bhfios don cheann, i seilbh comhlachta phoiblí amháin eile nó níos mó, cuirfidh an ceann faoi deara, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis an iarraidh a fháil, cóip den iarraidh a thabhairt do cheann an chomhlachta eile nó, de réir mar a bheidh, do cheann an chomhlachta amháin sin de na comhlachtaí eile—

(a) a bhfuil, i dtuairim an chinn, an bhaint is dlúithe ag a fheidhmeanna le hábhar an taifid nó na dtaifead, nó

(b) arb é is mó is cuí thairis sin, i dtuairim an chinn,

agus cuirfidh sé nó sí in iúl don iarrthóir lena mbaineann, le fógra i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, go ndearna sé nó sí amhlaidh agus air sin—

(i) measfar, chun críocha an Achta seo, go bhfuil an iarraidh faoin alt seo faighte ag an gceann dá dtugtar an chóip a dúradh agus go bhfuair sé nó sí í an tráth a bhfuair sé nó sí an chóip, agus

(ii) measfar, chun críocha an Achta seo, nach bhfuil an iarraidh faighte ag an gceann.

(4) I gcás go bhfaighidh ceann comhlachta phoiblí (“an comhlacht céadluaite”) iarraidh faoin alt seo a bhaineann le níos mó ná taifead amháin agus go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na taifid lena mbaineann (ach nach mbeidh siad go léir) i seilbh an chomhlachta, déanfaidh an ceann, le fógra i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, ainmneacha aon chomhlachta phoiblí eile a bhfuil, go bhfios dó nó di, aon cheann de na taifid ina sheilbh, a chur in iúl don iarrthóir lena mbaineann.

(5) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir, treoirlínte chun críocha fho-alt (3) agus (4) a tharraingt suas agus a fhoilsiú do chinn agus tabharfaidh cinn aird ar aon treoirlínte den sórt sin.

(6) Measfar an fios dá dtagraítear i bhfo-alt (3) agus (4) a bheith ag duine más rud é go bhféadfadh sé nó sí an fios sin a fháil trí bhearta réasúnacha a ghlacadh.

(7) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh duine iarraidh ar fhaisnéis, nó iarraidh le haghaidh rochtana ar thaifead, chuig comhlacht poiblí nó chuig ceann comhlachta phoiblí nó stiúrthóir air nó chuig comhalta dá fhoireann, seachas faoi réim agus de réir an Achta seo, agus

(b) nach féidir nó go bhféadfadh sé nach féidir an fhaisnéis a thabhairt, nó an taifead a chur ar fáil, seachas de bhun iarrata i ndáil léi nó leis faoi réim agus de réir alt 7 , cuirfidh an ceann faoi deara an ceart rochtana a chur in iúl don duine, más cuí, agus cabhróidh sé nó sí leis an duine, nó tairgfidh sé nó sí cabhair don duine, le linn iarraidh den sórt sin a ullmhú.

Breitheanna maidir le hiarrataí faoi alt 7 agus fógra a thabhairt maidir le breitheanna.

8. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, déanfaidh ceann, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 4 sheachtain, tar éis iarraidh faoi alt 7 a fháil—

(a) breith a thabhairt i dtaobh cibé acu a ghéillfear don iarraidh nó a dhiúltófar géilleadh di nó a ghéillfear go páirteach di,

(b) má thugann sé nó sí breith géilleadh, go hiomlán nó go páirteach, don iarraidh, an fhoirm ina bhfeidhmeofar agus an modh ar a bhfeidhmeofar an ceart rochtana a chinneadh, agus

(c) a chur faoi deara go ndéanfar fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, maidir leis an mbreith agus leis an gcinneadh a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann.

(2) Sonrófar na nithe seo a leanas i bhfógra faoi fho-alt (1)

(a) an bhreith faoin bhfo-alt sin lena mbaineann agus an lá ar tugadh í,

(b) ainm agus ainmníocht an duine sa chomhlacht poiblí lena mbaineann atá ag déileáil leis an iarraidh, mura gcreideann an ceann lena mbaineann, le réasún, go bhféadfaí dochar a dhéanamh do shábháilteacht nó do dhea-bhail an duine lena mbaineann dá nochtfaí iad,

(c) má ghéilltear don iarraidh réamhráite, go hiomlán nó go páirteach—

(i) an lá a ndéanfar, an fhoirm ina ndéanfar agus an modh ar a ndéanfar, rochtain ar an taifead lena mbaineann a thairiscint don iarrthóir lena mbaineann agus an tréimhse a gcoimeádfar an taifead ar fáil lena linn chun críche na rochtana sin, agus

(ii) méid aon táille faoi alt 47 is iníoctha ag an iarrthóir i leith géilleadh don iarraidh,

(d) má dhiúltaítear don iarraidh réamhráite, go hiomlán nó go páirteach—

(i) na cúiseanna atá leis an diúltú, agus

(ii) mura diúltú de bhun alt 19 (5), 22 (2), 23 (2)24 (3) an diúltú, aon fhoráil den Acht seo ar dá bhun a dhiúltaítear don iarraidh agus na fionnachtana maidir le haon saincheisteanna ábhartha is iomchuí maidir leis an mbreith agus sonraí faoi aon ní a bhaineann le leas an phobail agus a cuireadh san áireamh chun críocha na breithe,

(e) má dhéantar tabhairt rochtana ar an taifead a iarchur faoi alt 11 , na cúiseanna atá leis an iarchur agus tréimhse an iarchuir, agus

(f) sonraí faoi chearta athbhreithnithe agus achomhairc faoin Acht seo i ndáil leis an mbreith faoi fho-alt (1) agus le haon bhreith eile dá dtagraítear san fhógra, faoin nós imeachta lena rialaítear feidhmiú na gceart sin agus faoi na teorainneacha ama lena rialaítear an feidhmiú sin.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, i gcás go ngéillfear d'iarraidh faoi fho-alt (1)

(a) más rud é—

(i) nach ngearrtar táille faoi alt 47 i leith an ní,

(ii) gur íocadh éarlais faoin alt sin agus go ngearrtar táille faoin alt sin agus go bhfuil méid na héarlaise comhionann le méid na táille nó níos mó ná an méid sin, nó

(iii) gur íocadh éarlais den sórt sin ach nach ngearrtar táille den sórt sin,

déanfar rochtain ar an taifead lena mbaineann a thairiscint láithreach don iarrthóir lena mbaineann agus déanfar an taifead a choimeád ar fáil chun críche na rochtana sin ar feadh tréimhse 4 sheachtain dá éis sin, agus

(b) má ghearrtar táille amhlaidh, déanfar rochtain ar an taifead lena mbaineann a thairiscint don iarrthóir lena mbaineann a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná seachtain i ndiaidh an lae a bhfaighidh an comhlacht poiblí lena mbaineann an táille, agus déanfar an taifead a choimeád ar fáil chun críche na rochtana sin—

(i) go dtí deireadh na tréimhse 4 sheachtain ón táille a fháil, nó

(ii) go dtí deireadh na tréimhse 8 seachtain ón tráth a bhfaighidh an t-iarrthóir lena mbaineann an fógra faoi fho-alt (1) lena mbaineann,

cibé acu is luaithe.

(4) Le linn breith a thabhairt i dtaobh cibé acu a ghéillfear d'iarraidh faoi alt 7 nó a dhiúltófar géilleadh di, tabharfar neamhaird—

(a) ar aon chúis a thugann an t-iarrthóir leis an iarraidh, agus

(b) ar aon bharúil nó tuairim a bheidh ag an gceann i dtaobh cad iad na cúiseanna atá ag an iarrthóir leis an iarraidh.

(5) Ní fhorléireofar an t-alt seo mar alt a cheanglaíonn ábhar a chur i bhfógra faoi fho-alt (1) ar ábhar é a d'fhágfadh, dá gcuirfí i dtaifead é, gur taifead díolmhaithe a bheadh sa taifead.

(6) Folaíonn tagairtí san alt seo do ghéilleadh d'iarraidh faoi alt 7 tagairtí do ghéilleadh den sórt sin de bhun alt 13 .

An tréimhse ama a fhadú chun iarrataí faoi alt 7 a bhreithniú.

9. —(1) Féadfaidh an ceann, maidir le hiarraidh faoi alt 7 a gheobhaidh sé nó sí (“an iarraidh shonraithe”), an tréimhse a shonraítear in alt 8 (1) chun an iarraidh a bhreithniú a fhadú de cibé tréimhse a mheasfaidh sé nó sí is gá ach nach faide ná tréimhse 4 sheachtain más rud é, i dtuairim an chinn—

(a) go mbaineann an iarraidh leis an oiread sin taifead, nó

(b) go raibh an oiread sin iarrataí eile faoi alt 7 a bhaineann leis an taifead nó leis na taifid lena mbaineann an iarraidh shonraithe, nó le faisnéis a fhreagraíonn don fhaisnéis lena mbaineann an iarraidh shonraithe, nó leo araon, déanta chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann sula ndearnadh an iarraidh shonraithe chuige agus nach bhfuil breith faoi alt 8 tugtha i ndáil leo,

nach féidir le réasún an fo-alt sin a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a shonraítear ann.

(2) I gcás go bhfadófar tréimhse faoin alt seo, cuirfidh an ceann lena mbaineann faoi deara fógra i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, maidir leis an bhfadú agus le tréimhse an fhadaithe agus leis na cúiseanna atá leis an bhfadú, a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann roimh dheireadh na tréimhse.

(3) Déanfar an tagairt in alt 8 (1) do 4 sheachtain a fhorléiriú de réir aon fhadaithe faoin alt seo ar an tréimhse sin.

Diúltú ar fhorais riaracháin géilleadh d'iarrataí faoi alt 7 .

10. —(1) Féadfaidh ceann a ndéanfar iarraidh faoi alt 7 chuige nó chuici diúltú géilleadh don iarraidh más rud é—

(a) nach ann don taifead lena mbaineann nó nach féidir é a aimsiú tar éis gach beart réasúnach a ghlacadh chun a fháil amach cá bhfuil sé,

(b) nach gcomhlíonann an iarraidh alt 7 (1) (b),

(c) gurb é tuairim an chinn gur ghá, dá ngéillfí don iarraidh, mar gheall ar líon nó ar chineál na dtaifead lena mbaineann nó ar chineál na faisnéise lena mbaineann, líon taifead chomh mór sin a aisghabháil agus a scrúdú, nó scrúdú a dhéanamh ar na taifid lena mbaineann ar scrúdú de shórt é, go gcuirfí bac nó go gcuirfí isteach, go substaintiúil agus go míréasúnach, ar obair eile an chomhlachta phoiblí lena mbaineann,

(d) go gceanglaítear le dlí an taifead a fhoilsiú agus go mbeartaítear é sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná 12 sheachtain tar éis don cheann an iarraidh a fháil,

(e) go bhfuil an iarraidh suaibhreosach nó cráiteach, i dtuairim an chinn, nó

(f) nár íocadh táille nó éarlais is iníoctha faoi alt 47 .

(2) Ní dhiúltóidh ceann, de bhun mhír (b)(c) d'fho-alt (1), géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 murar thug sé nó sí cúnamh, nó murar thairg sé nó sí cúnamh a thabhairt, don iarrthóir lena mbaineann d'fhonn féachaint leis an iarraidh a leasú sa chaoi is nach dtiocfadh sí faoi réim na míre sin a thuilleadh.

Rochtain ar thaifid a iarchur.

11. —(1) I gcás go ndéanfar iarraidh faoi alt 7 , agus—

(a) gur mar fhaisnéis agus mar fhaisnéis amháin do cheachtar Teach den Oireachtas nó dóibh araon nó do choiste de cheachtar Teach acu sin nó díobh araon a ullmhaíodh an taifead lena mbaineann agus go mbeartaítear cóipeanna den taifead a leagan faoi bhráid ceachtar Teach acu sin nó iad araon nó a thabhairt do choiste den sórt sin nó a fhoilsiú ar shlí eile do chomhaltaí de cheachtar Teach acu sin nó díobh araon nó do choiste den sórt sin ar lá a bheidh laistigh de thréimhse réasúnach tar éis don cheann lena mbaineann an iarraidh a fháil (“an lá sonraithe”), nó

(b) go dtagann faisnéis atá sa taifead lena mbaineann faoi réim mhír (b), (d)(e) d'alt 20 (2) agus go mbeadh sé contrártha do leas an phobail, i dtuairim an chinn lena mbaineann, rochtain ar an taifead a thabhairt ar lá áirithe nó roimh lá áirithe (“an lá sonraithe”), nó

(c) go bhfuil an taifead lena mbaineann i seilbh comhlachta phoiblí, ar Roinn Stáit é nó arb é Oifig an Tánaiste é, agus go measfaidh an tAire den Rialtas a bhfuil feidhmeanna i ndáil leis an gcomhlacht poiblí dílsithe dó nó di gur díol suime chomh mór sin don phobal i gcoitinne an taifead nó cuid de nó aon ní lena mbaineann sé go mbeartaíonn sé nó sí a bhfuil sa taifead nó sa chuid nó an ní a chur in iúl do cheachtar Teach den Oireachtas nó dóibh araon, nó a bhfuil sa taifead nó sa chuid nó faisnéis a bhaineann leis an ní a fhoilsiú ar shlí eile ar lá nach déanaí ná seachtain amháin tar éis an trátha chuí a shonraítear in alt 8 (3) (“an lá sonraithe”),

féadfaidh an ceann lena mbaineann an tairiscint don iarrthóir lena mbaineann maidir le rochtain ar an taifead a iarchur go dtí an lá díreach i ndiaidh an lae shonraithe.

(2) Forléireofar alt 8 (3) agus beidh éifeacht leis i ndáil le cás ina ndéanfar tairiscint maidir le rochtain ar thaifead a iarchur faoin alt seo—

(a) amhail is dá gceanglófaí le mír (a) den fho-alt sin rochtain ar an taifead a thairiscint don iarrthóir lena mbaineann láithreach ag deireadh thréimhse an iarchuir agus an taifead a choimeád ar fáil chun críche na rochtana sin ar feadh tréimhse 4 sheachtain ina dhiaidh sin, agus

(b) amhail is dá gceanglófaí le mír (b) den fho-alt sin rochtain ar an taifead a thairiscint don iarrthóir a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná seachtain amháin—

(i) tar éis dheireadh thréimhse an iarchuir, nó

(ii) tar éis an lae a bhfaighidh an comhlacht poiblí lena mbaineann an táille faoi alt 47 lena mbaineann,

cibé acu is déanaí agus an taifead a choimeád ar fáil chun críche na rochtana sin—

(I) go dtí deireadh na tréimhse 4 sheachtain ón táille sin a fháil, nó

(II) go dtí deireadh na tréimhse 4 sheachtain ó dheireadh thréimhse an iarchuir,

cibé acu is déanaí.

Modh rochtana ar thaifid.

12. —(1) Féadfaidh ceann rochtain faoin Acht seo a thabhairt ar thaifead trí na nithe seo a leanas a sholáthar don iarrthóir—

(a) cóip den taifead,

(b) athscríbhinn den fhaisnéis lena mbaineann,

(c) diosca ríomhaire nó feiste leictreonach eile ina bhfuil an fhaisnéis,

(d) deis réasúnach chun an taifead a iniúchadh,

(e) i gcás gur taifead fuaime nó amharc-íomhánna an taifead, deis réasúnach chun an taifead a chloisteáil nó a bhreathnú,

(f) i gcás go mbeidh an fhaisnéis luathscríofa nó i gcód eile, an fhaisnéis i bhfoirm dhíchódaithe agus i bhfoirm scríofa nó i cibé foirm eile a chinnfear,

(g) an fhaisnéis i cibé foirm nó ar cibé modh eile a chinnfear, nó

(h) an fhaisnéis i dteaglaim d'aon dá cheann nó níos mó de na slite sin roimhe seo.

(2) I gcás go dtabharfaidh ceann breith géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 agus gur iarraidh le haghaidh rochtana ar thaifead i bhfoirm nó ar mhodh áirithe í an iarraidh, is san fhoirm sin nó ar an modh sin a thabharfar an rochtain sin mura deimhin leis an gceann lena mbaineann—

(a) go mbeadh an rochtain sin i bhfoirm nó ar mhodh eile a shonraítear i bhfo-alt (1) nó a chinnfear faoi i bhfad níos éifeachtúla, nó

(b) dá dtabharfaí rochtain san fhoirm nó ar an modh a iarradh—

(i) go ndéanfaí dochar fisiceach don taifead,

(ii) go mbeadh sárú ar chóipcheart (seachas cóipcheart ar leis an Stát, leis an Rialtas nó leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann é) i gceist,

(iii) go mbeadh sé ar neamhréir le dualgas dlíthiúil nó le hoibleagáid dhlíthiúil comhlachta phoiblí, nó

(iv) go ndéanfaí dochar, díobháil nó damáiste d'aon leas a chosnaítear le Cuid III nó le halt 46.

(3) I gcás go dtabharfaidh ceann breith géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 ach gan rochtain a thabhairt ar an taifead lena mbaineann san fhoirm nó ar an modh a shonraítear san iarraidh, tabharfaidh sé nó sí an rochtain sin—

(a) más cás lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (2) an cás, san fhoirm chuí nó ar an modh cuí ag féachaint don mhír sin, agus

(b) más cás lena mbaineann mír (b) den fho-alt sin an cás, i cibé foirm eile nó ar cibé modh eile a shonraítear i bhfo-alt (1) nó a chinnfear faoi agus ar a gcomhaontóidh an ceann agus an t-iarrthóir nó, mura féidir leis na daoine sin comhaontú ar fhoirm den sórt sin, i cibé foirm a shonraítear i bhfo-alt (1) agus is cuí leis an gceann.

Rochtain ar chodanna de thaifid.

13. —(1) I gcás go ngéillfí d'iarraidh faoi alt 7 murach go mbaineann sí le taifead ar taifead díolmhaithe é mar gheall ar ábhar áirithe a bheith ann, mar aon le hábhar eile, déanfaidh ceann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, más indéanta déanamh amhlaidh, cóip a ullmhú, i cibé foirm is cuí leis nó léi, den mhéid sin den taifead nach é an t-ábhar áirithe réamhráite é agus géillfear don iarraidh trí rochtain ar an gcóip a thairiscint don iarrthóir.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le taifead más rud é go mbeadh an chóip, dá ndéanfaí socrú dá chionn sin, míthreorach.

(3) I gcás go ndéanfar rochtain ar chóip de chuid de thaifead a thairiscint d'iarrthóir faoin alt seo, ansin (mura taifead é a bhfuil feidhm ag alt 19 (5), 22 (2), 23 (2)24 (3) maidir leis), sonrófar san fhógra faoi alt 8 (1) lena mbaineann gur de bhun an ailt seo atá an rochtain sin á tairiscint agus nach n-airbheartaíonn an chóip gur cóip í den taifead iomlán lena mbaineann an iarraidh faoi alt 7 agus sonrófar ann freisin cineál an ábhair atá sa taifead agus ar dá bhua atá feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an taifead.

Cinn d'athbhreithniú breitheanna.

14. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le breith arna tabhairt de bhun an Achta seo ag duine a raibh an fheidhm lena mbaineann tarmligthe chuige nó chuici tráth na breithe a thabhairt, ar breith díobh seo a leanas í—

(a) breith diúltú, go hiomlán nó go páirteach, géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 (seachas iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi) (“iarraidh”) i ndáil leis an taifead lena mbaineann,

(b) breith faoi alt 11 tairiscint maidir le rochtain ar thaifead a thagann faoi réim mhír (a) d'fho-alt (1) den alt sin a iarchur,

(c) breith faoi alt 12 géilleadh d'iarraidh trí rochtain ar an taifead lena mbaineann a thabhairt i bhfoirm seachas an fhoirm a shonraítear san iarraidh,

(d) breith faoi alt 13 géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 trí rochtain a thairiscint don iarrthóir lena mbaineann ar chóip de chuid den taifead lena mbaineann, agus de chuid de amháin,

(e) breith faoi alt 17 diúltú taifead a leasú,

(f) breith faoi alt 18 i ndáil lena bhfuil i ráiteas arna thabhairt faoi fho-alt (1) den alt sin nó breith diúltú d'iarratas faoin bhfo-alt sin, nó

(g) breith táille nó éarlais, nó táille nó éarlais de mhéid áirithe, a ghearradh faoi alt 47 .

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh ceann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige nó chuici, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, ag duine iomchuí—

(a) athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith lena mbaineann an t-alt seo, agus

(b) tar éis an athbhreithnithe, de réir mar is cuí leis nó léi—

(i) an bhreith a dhaingniú nó a athrú, nó

(ii) an bhreith a neamhniú agus, más cuí, cibé breith a thabhairt i ndáil leis an ní is dóigh leis nó léi is cóir,

de réir an Achta seo.

(3) Aon duine a bhfuil feidhm faoin alt seo tarmligthe chuige nó chuici faoi alt 4 ní chomhlíonfaidh sé nó sí an fheidhm sin i ndáil le breith lena mbaineann an t-alt seo ar breith í a thug comhalta d'fhoireann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann arbh ionann céim dó nó di agus céim an duine réamhráite nó arbh airde céim dó nó di ná céim an duine réamhráite.

(4) Tabharfar breith faoi fho-alt (2), agus cuirfidh an ceann lena mbaineann faoi deara fógra maidir leis an mbreith, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don duine iomchuí agus d'aon duine eile a measann sé nó sí gur chóir fógra maidir leis an mbreith a thabhairt dó nó di, tráth nach déanaí ná 3 sheachtain tar éis don cheann an t-iarratas ar an athbhreithniú faoin bhfo-alt sin lena mbaineann a fháil.

(5) Sonrófar i bhfógra faoi fho-alt (4)

(a) an lá a ndearnadh an bhreith lena mbaineann faoin bhfo-alt sin,

(b) más breith í géilleadh, go hiomlán nó go páirteach, don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann, an fhaisnéis dá dtagraítear in alt 8 (2) (c),

(c) más breith í diúltú géilleadh, go hiomlán nó go páirteach, don iarraidh réamhráite, an fhaisnéis a shonraítear i bhfomhír (i) de mhír (d) d'alt 8 (2) agus, mura diúltú de bhun alt 10 (1) (c), 19 (5), 22 (2), 23 (2), nó 24 (3) an diúltú, an fhaisnéis a shonraítear i bhfomhír (ii) den mhír sin,

(d) más breith í tabhairt rochtana ar an taifead lena mbaineann a iarchur, na cúiseanna atá leis an iarchur agus tréimhse an iarchuir,

(e) más breith dá dtagraítear i mír (c), (d), (e), (f)(g) d'fho-alt (1) an bhreith, na cúiseanna leis an mbreith, agus

(f) sonraí faoi na cearta athbhreithnithe agus achomhairc faoin Acht seo i ndáil leis an mbreith, faoin nós imeachta lena rialaítear feidhmiú na gceart sin agus faoi na teorainneacha ama lena rialaítear an feidhmiú sin.

(6) Ní fhorléireofar an t-alt seo mar alt a cheanglaíonn ábhar a chur i bhfógra faoi fho-alt (4) ar ábhar é a d'fhágfadh, dá gcuirfí i dtaifead é, gur taifead díolmhaithe a bheadh sa taifead.

(7) Déanfar iarratas faoi fho-alt (2) tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis fógra maidir leis an mbreith lena mbaineann a thabhairt faoin Acht seo don duine iomchuí lena mbaineann nó, i gcás go mbeidh an ceann lena mbaineann den tuairim go bhfuil forais réasúnacha ann chun an tréimhse sin a fhadú, deireadh cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh sé nó sí.

(8) Féadfaidh an duine iomchuí lena mbaineann, tráth ar bith roimh bhreith a thabhairt faoi fho-alt (2) tar éis an athbhreithnithe lena mbaineann, an t-iarratas lena mbaineann faoin bhfo-alt sin a tharraingt siar le fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, arna thabhairt don cheann lena mbaineann.

(9) Beidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 8 i ndáil le cás inarb é atá i mbreith faoi fho-alt (2) breith géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 nó iarchur faoi alt 11 a neamhniú nó a athrú fairis an modhnú go ndéanfar an tagairt san fho-alt (3) sin do ghéilleadh d'iarraidh faoi fho-alt (1) d'alt 8 a fhorléiriú mar thagairt don bhreith faoi fho-alt (2) a thabhairt.

(10) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, maidir le breith faoi fho-alt (2)

(a) a mhéid a bheidh sí ar neamhréir leis an mbreith áirithe lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht léi in ionad an chéanna, agus

(b) beidh sí ina ceangal ar na páirtithe lena mbaineann.

(11) San alt seo ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le breith lena mbaineann an t-alt seo—

(a) an t-iarrthóir lena mbaineann, nó

(b) más breith faoi alt 17 18 an bhreith, an duine a rinne an t-iarratas lena mbaineann.

Faisnéis i dtaobh comhlachtaí poiblí a fhoilsiú.

15. —(1) Cuirfidh comhlacht poiblí faoi deara leabhar tagartha ina mbeidh na nithe seo a leanas a ullmhú agus a fhoilsiú agus a chur ar fáil de réir fho-alt (7)

(a) tuairisc ghinearálta ar a struchtúr agus ar a eagraíocht, ar a fheidhmeanna, a chumhachtaí agus a dhualgais, ar aon seirbhísí a sholáthraíonn sé don phobal agus ar na nósanna imeachta trínar féidir leis an bpobal leas a bhaint as aon seirbhísí den sórt sin,

(b) tuairisc ghinearálta ar na haicmí taifead atá ina sheilbh, agus tabharfar cibé sonraí ann is gá le réasún chun feidhmiú an chirt rochtana a éascú,

(c) tuairisc ghinearálta ar na nithe dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'alt 16 (1),

(d) na socruithe a bheidh déanta ag an gcomhlacht—

(i) chun gur féidir le duine rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh an chomhlachta,

(ii) chun gur féidir le duine aonair iarratas a dhéanamh go leasófaí aon taifid den sórt sin a bhaineann le faisnéis phearsanta maidir leis an duine aonair, agus

(iii) chun gur féidir le duine a bhfuil feidhm ag alt 18 (1) maidir leis nó léi an fhaisnéis a shonraítear san fho-alt sin a fháil,

(e) ainmneacha agus ainmníochtaí na gcomhaltaí d'fhoireann an chomhlachta atá freagrach as na socruithe réamhráite a chomhall (mura gcreideann ceann an chomhlachta, le réasún, go bhféadfadh foilsiú na faisnéise sin sábháilteacht nó dea-bhail fhisiceach na ndaoine a chur i mbaol),

(f) an seoladh nó na seoltaí ag ar cheart iarrataí faoi alt 7 nó iarratais faoi alt 17 18 a thabhairt,

(g) faisnéis chuí—

(i) maidir le haon chearta athbhreithnithe nó achomhairc i leith breitheanna a thabharfaidh an comhlacht (lena n-áirítear cearta athbhreithnithe agus achomhairc faoin Acht seo), agus

(ii) maidir leis an nós imeachta lena rialaítear feidhmiú na gceart sin agus le haon teorainneacha ama lena rialaítear an feidhmiú sin,

(h) aon fhaisnéis eile a mheasfaidh ceann an chomhlachta a bheith iomchuí chun feidhmiú an chirt rochtana a éascú, agus

(i) faisnéis i ndáil le cibé nithe eile (más ann) a fhorordófar.

(2) Déanfar leabhar tagartha a ullmhófar faoi fho-alt (1) a chur ar fáil de réir fho-alt (7)

(a) i gcás gur comhlacht a shonraítear i mír 1 (seachas fomhír (3), (4) agus (5)) den Chéad Sceideal an comhlacht lena mbaineann, ar thosach feidhme an Achta seo,

(b) i gcás gur údarás áitiúil an comhlacht, ar thosach feidhme na fomhíre (3) sin,

(c) i gcás gur bord sláinte an comhlacht, ar thosach feidhme na fomhíre (4) sin, agus

(d) i gcás gur comhlacht a bheidh forordaithe faoi alt 3 , chun críocha na fomhíre (5) sin, an comhlacht, ar an bhforordú sin,

agus ina dhiaidh sin, déanfaidh an comhlacht leagan, arna athmheas go cuí, den leabhar a ullmhú agus a fhoilsiú agus a chur ar fáil mar a dúradh tráth nach annaimhe ná 3 bliana tar éis don chomhlacht an leabhar is déanaí den sórt sin a chur ar fáil amhlaidh agus a luaithe is féidir tar éis aon athruithe suntasacha a bheith le déanamh sa leabhar is déanaí a bheidh curtha ar fáil amhlaidh nó tar éis aon bhreisithe suntasacha a bheith le cur leis.

(3) Le linn leabhar tagartha a ullmhú faoi fho-alt (1), cuirfidh comhlacht poiblí san áireamh gurbh é cuspóir an leabhair cabhrú le daoine den phobal a gcearta faoin Acht seo a fhionnadh agus a fheidhmiú.

(4) Déanfaidh an comhlacht lena mbaineann, an tráth a bhfoilseofar leabhar tagartha faoi fho-alt (1)(2), achoimre den leabhar a thabhairt don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara na hachoimrí a thabharfar dó nó di faoin bhfo-alt seo a chóimheas agus cuirfidh sé nó sí faoi deara leabhar tagartha, ina mbeidh na hachoimrí arna gcóimheas amhlaidh, a fhoilsiú agus a chur ar fáil de réir fho-alt (7) tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis thosach feidhme an Achta seo agus, ina dhiaidh sin, tráth nach annaimhe ná 3 bliana tar éis an leabhar is déanaí den sórt sin a fhoilsiú agus a chur ar fáil amhlaidh agus a luaithe is féidir tar éis aon athruithe suntasacha a bheith le déanamh sa leabhar is déanaí a bheidh curtha ar fáil amhlaidh nó tar éis aon bhreisithe suntasacha a bheith le cur leis.

(5) Cinnteoidh an tAire go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí bearta cuí, maidir le hoiliúint foirne, socruithe eagrúcháin agus cibé nithe eile is cuí leis an Aire, chun gur fusa do na comhlachtaí an tAcht seo a chomhlíonadh agus, gan dochar do ghinearáltacht mhír (b) d'alt 3 (1), féadfaidh sé nó sí, le rialacháin arna ndéanamh faoin mír sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir agus le Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta (de réir bhrí an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986 ), foráil a dhéanamh maidir le taifid, atá i seilbh comhlachtaí poiblí, a bhainistiú agus a chothabháil.

(6) (a) A luaithe is féidir tar éis deireadh tréimhse a shonraítear i mír (d), ullmhóidh an tAire tuarascáil i scríbhinn ar na bearta a bheidh déanta ag comhlachtaí poiblí de bhun fho-alt (5) le linn na tréimhse sin.

(b) Áireofar i dtuarascáil faoin bhfo-alt seo tuarascáil ar aon bhearta a bheidh déanta ag comhlacht poiblí, le linn na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil, de dhroim tuarascála faoi alt 36 (4).

(c) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip de thuarascáil faoin bhfo-alt seo a thabhairt a luaithe is féidir don choiste (de réir bhrí alt 32 ).

(d) Is iad na tréimhsí dá dtagraítear i mír (a):

(i) an tréimhse 3 mhí dar tosach dáta thosach feidhme an Achta seo, agus

(ii) an tréimhse 12 mhí dar tosach an tráth a rachaidh an tréimhse réamhráite in éag agus gach tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin dar tosach an tráth a rachaidh an tréimhse 12 mhí díreach roimhe sin in éag.

(7) Cuirfear leabhar dá dtagraítear i bhfo-alt (1), (2)(4) ar fáil lena iniúchadh saor in aisce, agus lena thabhairt chun siúil saor in aisce nó, de rogha an chinn lena mbaineann nó an Aire, de réir mar is cuí, lena cheannach, i cibé ionaid a chinnfidh an ceann nó, de réir mar is cuí, an tAire agus cuirfidh an ceann nó an tAire, de réir mar is cuí, faoi deara fógra maidir leis na hionaid sin a fhoilsiú ar cibé modh a mheasfaidh sé nó sí is leor chun críocha an ailt seo agus, má bhaineann an leabhar le húdarás áitiúil nó le bord sláinte, tabharfar cóip de do gach comhalta den údarás nó den bhord.

(8) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon ábhar ar taifead díolmhaithe mar gheall air taifead ina bhfuil sé.

Faisnéis a fhoilsiú maidir le rialacha agus cleachtais i ndáil le breitheanna áirithe a thugann comhlachtaí poiblí.

16. —(1) Cuirfidh comhlacht poiblí faoi deara na nithe seo a leanas a ullmhú agus a fhoilsiú agus a chur ar fáil de réir fho-alt (5)

(a) na rialacha, na nósanna imeachta, na cleachtais, na treoirlínte agus na léirithe a úsáideann an comhlacht, agus innéacs d'aon fhasaigh a choimeádann an comhlacht, chun críocha breitheanna, cinntí nó moltaí faoi réim nó chun críocha aon achtacháin nó scéime a riarann an comhlacht maidir le cearta, pribhléidí, sochair, oibleagáidí, píonóis nó smachtbhannaí eile a bhfuil nó a bhféadfadh sé go mbeidh daoine den phobal ina dteideal nó faoina réir faoin achtachán nó faoin scéim, agus

(b) faisnéis chuí i ndáil leis an modh nó an modh beartaithe ar a riarfar aon achtachán nó scéim den sórt sin.

(2) Déanfar foilseachán a ullmhófar faoi fho-alt (1) a chur ar fáil de réir fho-alt (5)

(a) i gcás gur comhlacht a shonraítear i mír 1 (seachas fomhír (3), (4)(5)) den Chéad Sceideal an comhlacht lena mbaineann, ar thosach feidhme an Achta seo,

(b) i gcás gur údarás áitiúil an comhlacht, ar thosach feidhme na fomhíre (3) sin,

(c) i gcás gur bord sláinte an comhlacht, ar thosach feidhme na fomhíre (4) sin, agus

(d) i gcás gur comhlacht a bheidh forordaithe faoi alt 3 , chun críocha na fomhíre (5) sin, an comhlacht, ar an bhforordú sin,

agus ina dhiaidh sin déanfaidh an comhlacht leagan, arna athmheas go cuí, den fhoilseachán a ullmhú agus a fhoilsiú agus a chur ar fáil mar a dúradh tráth nach annaimhe ná 3 bliana tar éis don chomhlacht an foilseachán is déanaí den sórt sin a chur ar fáil amhlaidh agus a luaithe is féidir tar éis aon athruithe suntasacha a bheith le déanamh san fhoilseachán is déanaí a bheidh curtha ar fáil amhlaidh nó tar éis aon bhreisithe suntasacha a bheith le cur leis.

(3) Mura ndéanfar an t-ábhar a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) a fhoilsiú agus a chur ar fáil de réir an ailt seo nó má tá an t-ábhar a fhoilseofar amhlaidh, agus a airbheartóidh gurb é an t-ábhar réamhráite é, neamhiomlán nó míchruinn agus má shuíonn duine—

(a) nárbh eol dó nó di gurbh ann do riail, nós imeachta, cleachtas, treoirlíne, léiriú nó fasach dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) (“an riail”) nó do cheanglas áirithe de chuid na rialach, agus

(b) murach an neamhfhoilsiú, an neamh-infhaighteacht, an neamhiomláine nó an míchruinneas sin, de réir mar a bheidh, go mbeadh an t-eolas sin aige nó aici,

cinnteoidh an comhlacht poiblí lena mbaineann, más indéanta agus a mhéid is indéanta é, nach mbeidh an duine faoi réir aon dochair (nach pionós arna fhorchur ag cúirt ar é nó í a chiontú i gcion) de bhíthin an riail nó an ceanglas a chur i bhfeidhm, agus dá bhíthin sin amháin, dá bhféadfadh an duine an dochar sin a sheachaint le dlí dá mba eol dó nó di gurbh ann don riail nó don cheanglas.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) i gcás go suífidh an comhlacht poiblí lena mbaineann gur ghlac sé bearta réasúnacha chun an riail nó an ceanglas lena mbaineann a chur in iúl dóibh siúd a ndéanann sí nó sé difear dóibh.

(5) Cuirfear foilseachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(2) ar fáil lena iniúchadh saor in aisce, agus lena thabhairt chun siúil saor in aisce nó, de rogha an chinn lena mbaineann, lena cheannach, i cibé ionaid a chinnfidh an ceann lena mbaineann agus cuirfidh an ceann faoi deara fógra maidir leis na hionaid sin a fhoilsiú ar cibé modh a mheasfaidh sé nó sí is leor chun críocha an ailt seo agus má bhaineann an foilseachán le húdarás áitiúil nó le bord sláinte, tabharfar cóip de do gach comhalta den údarás nó den bhord.

(6) Déanfar fasach dá dtagraítear in innéacs a shonraítear i bhfo-alt (1) a chur ar fáil don duine lena mbaineann de réir fho-alt (5) ar iarraidh chuige sin a bheith déanta chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann.

(7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon ábhar ar taifead díolmhaithe mar gheall air taifead ina bhfuil sé.

Leasú ar thaifid a bhaineann le faisnéis phearsanta.

17. —(1) I gcás faisnéis phearsanta i dtaifead a bheidh i seilbh comhlachta phoiblí a bheith neamhiomlán, mícheart nó míthreorach, déanfaidh ceann an chomhlachta, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige nó chuici, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, ag an duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis, an taifead a leasú—

(i) trína athrú chun go mbeidh an fhaisnéis iomlán nó ceart nó chun nach mbeidh sí míthreorach, de réir mar is cuí,

(ii) trí ráiteas a chur leis an taifead ina sonrófar na slite inar deimhin leis an gcomhlacht go bhfuil an fhaisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach, de réir mar is cuí, nó

(iii) tríd an bhfaisnéis a scriosadh as.

(2) Maidir le hiarratas faoi fho-alt (1)

(a) sonrófar ann an taifead lena mbaineann agus an leasú atá ag teastáil, agus

(b) beidh faisnéis chuí ann mar thaca leis an iarratas,

a mhéid is indéanta é.

(3) Déanfaidh an ceann lena mbaineann, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 4 sheachtain, tar éis dó nó di iarratas faoi fho-alt (1) a fháil, breith a thabhairt i dtaobh cibé acu a ghéillfear nó a dhiúltófar géilleadh don iarratas agus cuirfidh sé nó sí faoi deara fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don duine lena mbaineann maidir lena bhreith nó lena breith agus, más breith í géilleadh dó, maidir leis an modh ar a ngéillfear dó.

(4) (a) Má dhiúltaítear géilleadh d'iarratas faoi fho-alt (1), déanfaidh an ceann lena mbaineann—

(i) an t-iarratas nó cóip de nó, murab indéanta sin, nótáil ina gcuirfear in iúl go ndearnadh an t-iarratas, a chur i gceangal leis an taifead lena mbaineann, agus

(ii) sonraí faoi na nithe seo a leanas a chur san fhógra faoi fho-alt (3)

(I) cearta athbhreithnithe agus achomhairc faoin Acht seo i ndáil leis an mbreith diúltú géilleadh don iarratas, agus

(II) an nós imeachta lena rialaítear feidhmiú na gceart sin agus aon teorainneacha ama lena rialaítear an feidhmiú sin.

(b) Níl feidhm ag mír (a)(i) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann go bhfuil an t-iarratas lena mbaineann clúmhillteach nó go mbeadh toirt nach gá i gceist sna hathruithe lena mbaineann sé ar an taifead áirithe, nó sna breisithe lena mbaineann sé leis an taifead sin.

(5) I gcás go leasófar taifead de bhun an ailt seo, glacfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann gach beart réasúnach chun fógra maidir leis an leasú a thabhairt—

(a) d'aon duine dár tugadh rochtain ar an taifead faoin Acht seo, agus

(b) d'aon chomhlacht poiblí eile dár tugadh cóip den taifead,

le linn na tréimhse bliana dar críoch an dáta a ndearnadh an leasú.

Ceart duine chun faisnéise maidir le gníomhartha comhlachtaí poiblí a dhéanann difear don duine.

18. —(1) Ar iarratas chuige sin, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a bheith déanta chuig ceann comhlachta phoiblí ag duine a ndéanann gníomh de chuid an chomhlachta difear dó nó di agus a bhfuil leas ábhartha aige nó aici i ní dá ndéanann an gníomh difear nó lena mbaineann sé, cuirfidh an ceann faoi deara, tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis dó nó di an t-iarratas a fháil, ráiteas, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don duine, ar ráiteas é ina luafar—

(a) na cúiseanna atá leis an ngníomh, agus

(b) aon fhionnachtana maidir le haon saincheisteanna ábhartha fíorais a bheidh déanta chun críocha an ghnímh.

(2) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní lena gceanglaítear—

(a) faisnéis atá i dtaifead díolmhaithe a thabhairt do dhuine, nó

(b) a nochtadh gurb ann nó nach ann do thaifead má cheanglaítear leis an Acht seo gan a nochtadh an ann nó nach ann dó.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)

(a) maidir le breith de chuid Choimisinéirí na Státseirbhíse de bhun fhomhír (d) nó (e) d'alt 17 (1) d'Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , gan glacadh le duine mar dhuine atá cáilithe le haghaidh poist dá dtagraítear san alt sin, nó

(b) maidir le breith de chuid na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, arna tabhairt de bhua alt 7 (3) d'Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , gan duine a mholadh d'údarás áitiúil le ceapadh chun oifige dá dtagraítear san alt sin,

más rud é, i dtuairim an chinn lena mbaineann, gur dóigh, dá dtabharfaí ráiteas faoi fho-alt (1) i ndáil leis an mbreith, go ndéanfaí dochar d'éifeachtacht an phróisis chun duine a roghnú le ceapadh chun an phoist nó chun na hoifige.

(4) Más rud é, de bhun fho-alt (2)(3), go dtabharfaidh ceann comhlachta phoiblí breith gan a chur faoi deara ráiteas faoi fho-alt (1) a thabhairt do dhuine, cuirfidh an ceann faoi deara, tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis an t-iarratas lena mbaineann faoi fho-alt (1) a fháil, fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don duine maidir leis an mbreith.

(5) Chun críocha an ailt seo tá leas ábhartha ag duine i ní dá ndéanann gníomh de chuid comhlachta phoiblí difear nó lena mbaineann gníomh den sórt sin más rud é go bhféadfaidh sé gurbh é toradh nó éifeacht an ghnímh ná go dtabharfaí tairbhe don duine nó go gcoimeádfaí tairbhe siar ón duine gan í a thabhairt freisin, nó gan í a choimeád siar freisin, do dhaoine i gcoitinne nó uathu nó d'aicme daoine nó ó aicme daoine atá sách líonmhar ag féachaint do na himthosca go léir agus ar duine den aicme sin an duine.

(6) San alt seo—

folaíonn “gníomh”, i ndáil le comhlacht poiblí, breith (seachas breith faoin Acht seo) de chuid an chomhlachta;

folaíonn “tairbhe”, i ndáil le duine—

(a) aon bhuntáiste don duine,

(b) i leith gnímh de chuid comhlachta phoiblí arna dhéanamh ar iarraidh ón duine, aon toradh a bheidh ar an ngníomh, nó aon éifeacht a bheidh leis, maidir leis an duine, agus

(c) caillteanas, dliteanas, pianbhreith, forghéilleadh, pionósú nó míbhuntáiste eile, a dhéanfadh difear don duine, a sheachaint.

CUID III

Taifid Dhíolmhaithe

Cruinnithe den Rialtas.

19. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é, maidir leis an taifead lena mbaineann—

(a) gur chuir Aire den Rialtas nó an tArd-Aighne faoi bhráid an Rialtais é, nó go mbeartaíonn sé nó sí é a chur faoi bhráid an Rialtais, chun breithniú a dhéanamh air agus gur chun na críche sin a cruthaíodh é,

(b) gur taifead de chuid an Rialtais é seachas taifead trína bhfoilsíonn an Rialtas breith de chuid an Rialtais don phobal i gcoitinne nó trína bhfoilsítear breith den sórt sin thar a cheann, nó

(c) go bhfuil faisnéis (lena n-áirítear comhairle) ann do chomhalta den Rialtas, don Ard-Aighne, d'Aire Stáit, do Rúnaí an Rialtais nó do Rúnaí Cúnta an Rialtais lena húsáid aige nó aici d'aon toisc chun aon ghnó de chuid an Rialtais a dhéanamh ag cruinniú den Rialtas.

(2) Diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é, maidir leis an taifead lena mbaineann—

(a) go bhfuil ráiteas iomlán, nó cuid de ráiteas, ann a rinneadh ag cruinniú den Rialtas nó go bhfuil faisnéis ann a léiríonn éirim ráitis den sórt sin go huile nó cuid de, nó óna bhféadfaí éirim ráitis den sórt sin a thuiscint, agus

(b) nach taifead é—

(i) dá dtagraítear i mír (a)(c) d'fho-alt (1), nó

(ii) trína bhfoilsíonn an Rialtas breith de chuid an Rialtais don phobal i gcoitinne nó trína bhfoilsítear breith den sórt sin thar a cheann.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead dá dtagraítear san fho-alt sin—

(a) más rud é go bhfuil, agus a mhéid atá, faisnéis fhíorasach ann a bhaineann le breith de chuid an Rialtais a foilsíodh don phobal i gcoitinne, nó

(b) más rud é go mbaineann an taifead le breith de chuid an Rialtais a tugadh breis agus 5 bliana sula bhfuair an ceann lena mbaineann an iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann.

(4) Ní thabharfar breith géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 i leith taifid lena mbaineann mír (a)(b) d'fho-alt (1) mura mbeidh an ceann lena mbaineann, a mhéid is indéanta déanamh amhlaidh, tar éis dul i gcomhairle, roimh an mbreith a thabhairt, leis na daoine seo a leanas i ndáil leis an iarraidh—

(a) treoraí gach páirtí polaitíochta ar chomhalta de aon chomhalta den Rialtas a thug aon bhreith lena mbaineann an taifead, agus

(b) aon chomhalta den Rialtas réamhráite nár chomhalta de pháirtí polaitíochta é nó í.

(5) I gcás go mbaineann iarraidh faoi alt 7 le taifead a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) maidir leis, nó a mbeadh feidhm ag an alt sin maidir leis dá mba ann don taifead, agus gur deimhin leis an gceann lena mbaineann go mbeadh sé contrártha do leas an phobail a nochtadh gurb ann nó nach ann don taifead, diúltóidh sé nó sí géilleadh don iarraidh agus ní nochtfaidh sé nó sí don iarrthóir lena mbaineann an ann nó nach ann don taifead.

(6) San alt seo—

folaíonn “breith de chuid an Rialtais” an Rialtas do nótáil nó do cheadú taifid a cuireadh faoina mbráid;

folaíonn “taifead” réamhdhréacht nó dréacht eile den ábhar go léir nó de chuid den ábhar atá sa taifead;

folaíonn “Rialtas” coiste den Rialtas, is é sin le rá, coiste arna cheapadh ag an Rialtas arb iad seo a leanas a chomhaltaí—

(a) comhaltaí den Rialtas, nó

(b) comhalta amháin nó níos mó den Rialtas mar aon le ceachtar díobh seo a leanas nó leo araon:

(i) Aire Stáit amháin nó níos mó,

(ii) an tArd-Aighne.

Pléití comhlachtaí poiblí.

20. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7

(a) más rud é go bhfuil ábhar sa taifead áirithe a bhaineann le próisis phléite an chomhlachta phoiblí lena mbaineann (lena n-áirítear tuairimí, comhairle, moltaí, agus torthaí comhchomhairle, arna mbreithniú ag an gcomhlacht, ag ceann an chomhlachta nó ag comhalta den chomhlacht nó d'fhoireann an chomhlachta chun críche na bpróiseas sin), agus

(b) go mbeadh sé contrártha do leas an phobail, i dtuairim an chinn, géilleadh don iarraidh,

agus, gan dochar do ghinearáltacht mhír (b), breithneoidh an ceann, le linn dó nó di cinneadh a dhéanamh géilleadh don iarraidh nó diúltú géilleadh di, an mbeadh sé contrártha do leas an phobail géilleadh di de bhíthin go gcuirfí, dá chionn sin, breith shuntasach a bheartaíonn an comhlacht a dhéanamh ar a iúl nó ar a hiúl don iarrthóir lena mbaineann.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead más rud é go bhfuil, agus a mhéid atá, aon cheann de na nithe seo a leanas ann—

(a) ábhar a úsáideann comhlacht poiblí, nó a bheartaíonn sé a úsáid, chun breitheanna, cinntí nó moltaí dá dtagraítear in alt 16 a thabhairt nó a dhéanamh,

(b) faisnéis fhíorasach (lena n-áirítear faisnéis staidrimh) agus anailísí ar an bhfaisnéis sin,

(c) na cúiseanna atá ag comhlacht poiblí le breith a thabhairt,

(d) tuarascáil ar imscrúdú nó anailís ar fheidhmíocht, ar éifeachtúlacht nó ar éifeachtacht comhlachta phoiblí i ndáil le feidhmeanna an chomhlachta i gcoitinne nó le feidhm áirithe dá chuid,

(e) tuarascáil, staidéar nó anailís de chuid saineolaí eolaíochta nó theicniúil a bhaineann le hábhar an tsaineolais atá aige nó aici nó tuarascáil ina bhfuil tuairimí nó comhairle saineolaí den sórt sin agus nach tuarascáil í a úsáideadh nó a coimisiúnaíodh chun críocha breithe de chuid comhlachta phoiblí arna déanamh de bhun aon achtacháin nó scéime.

Feidhmeanna agus caibidlí comhlachtaí poiblí.

21. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é, i dtuairim an chinn, go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead lena mbaineann—

(a) go ndéanfaí dochar d'éifeachtacht tástálacha, scrúduithe, imscrúduithe, fiosrúchán nó iniúchtaí arna seoladh ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann nó thar a cheann nó do na nósanna imeachta nó na modhanna a úsáidtear chun iad a sheoladh,

(b) go mbeadh droch-éifeacht shuntasach aici ar chomhlíonadh aon cheann dá fheidhmeanna a bhaineann le bainistiú (lena n-áirítear caidreamh tionscail agus bainistiú a fhoirne) ag an gcomhlacht, nó

(c) go nochtfaí seasaimh a glacadh, nó a bheadh le glacadh, nó pleananna, nósanna imeachta, critéir nó treoracha a úsáideadh nó a leanadh nó a bheadh le húsáid nó le leanúint, chun críche aon chaibidlí a bhí nó atá, nó atá le bheith, á seoladh ag an Rialtas nó ag comhlacht poiblí, nó thar a cheann.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di.

Cúrsaí parlaiminte agus cúirte agus nithe áirithe eile.

22. —(1) Diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é, maidir leis an taifead lena mbaineann—

(a) go mbeadh sé díolmhaithe óna thabhairt ar aird in imeachtaí i gcúirt ar fhoras pribhléide gairmiúla dlíthiúla,

(b) gur taifead é de chineál gur dhíspeagadh cúirte é a nochtadh, nó

(c) gurb é atá ann—

(i) páipéir phríobháideacha ionadaí i bParlaimint na hEorpa nó comhalta d'údarás áitiúil nó de bhord sláinte, nó

(ii) tuairimí, comhairle, moltaí, nó torthaí comhchomhairle, arna mbreithniú—

(I) ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach ceachtar Tí acu sin nó ag aon chomhalta eile de cheachtar Teach acu sin nó ag comhalta d'fhoireann Oifig Thithe an Oireachtais chun críocha na n-imeachtaí ag suí de cheachtar Teach acu sin, nó

(II) ag coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach acu sin nó ag an dá Theach acu sin i gcomhpháirt agus ar a mbeidh comhaltaí de cheachtar Teach acu sin nó díobh araon nó ag comhalta de choiste den sórt sin nó ag comhalta d'fhoireann Oifig Thithe an Oireachtais chun críocha na n-imeachtaí ag cruinniú de choiste den sórt sin.

(2) I gcás go mbaineann iarraidh faoi alt 7 le taifead a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) maidir leis, nó a mbeadh feidhm ag an alt sin maidir leis dá mba ann don taifead, agus gur deimhin leis an gceann lena mbaineann go mbeadh sé contrártha do leas an phobail a nochtadh gurb ann nó nach ann don taifead, diúltóidh sé nó sí géilleadh don iarraidh agus ní nochtfaidh sé nó sí don iarrthóir lena mbaineann an ann nó nach ann don taifead.

Forfheidhmiú an dlí agus sábháilteacht an phobail.

23. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead—

(a) go ndéanfaí dochar nó díobháil do na nithe seo a leanas—

(i) cosc, brath nó imscrúdú cionta, gabháil nó ionchúiseamh ciontóirí nó éifeachtacht modhanna, córas, pleananna nó nósanna imeachta dleathacha a úsáidtear chun críocha na nithe réamhráite,

(ii) forfheidhmiú, comhlíonadh nó riaradh aon dlí,

(iii) modhanna, córais, pleananna nó nósanna imeachta dleathacha chun sábháilteacht an phobail agus sábháilteacht nó slándáil daoine agus maoine a chinntiú,

(iv) cothroime imeachtaí coiriúla i gcúirt nó imeachtaí sibhialta i gcúirt nó i mbinse eile,

(v) slándáil forais pionóis,

(vi) slándáil an Phríomh-Ospidéil Meabhair-Ghalar,

(vii) slándáil foirgnimh nó déanmhais eile nó feithicle, loinge, báid nó aerárthaigh,

(viii) slándáil aon chórais cumarsáidí, cibé acu inmheánach nó seachtrach, de chuid an Gharda Síochána, Óglaigh na hÉireann, na gCoimisinéirí Ioncaim nó forais pionóis,

(b) go léireofaí, nó go dtiocfadh de go léireofaí, céannacht duine a thug faisnéis do chomhlacht poiblí i modh rúin i ndáil le forfheidhmiú nó riaradh an dlí shibhialta nó aon fhoinse eile faisnéise den sórt sin a tugadh i modh rúin, nó

(c) go n-éascófaí cion a dhéanamh.

(2) I gcás go mbaineann iarraidh faoi alt 7 le taifead a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) maidir leis, nó a mbeadh feidhm ag an alt sin maidir leis dá mba ann don taifead, agus gur deimhin leis an gceann lena mbaineann, dá nochtfaí gurb ann nó nach ann don taifead, go mbeadh éifeacht leis sin a shonraítear i mír (a), (b)(c) den fho-alt sin, diúltóidh sé nó sí géilleadh don iarraidh agus ní nochtfaidh sé nó sí don iarrthóir lena mbaineann an ann nó nach ann don taifead.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead—

(a) más rud é—

(i) go nochtar leis, maidir le himscrúdú chun aon dlí a fhorfheidhmiú, nó maidir le haon ní a dhéantar i gcúrsa imscrúdú den sórt sin nó chun cionta a chosc nó a bhrath nó chun ciontóirí a ghabháil nó a ionchúiseamh, nach bhfuil sé údaraithe le dlí nó go sáraíonn sé aon dlí, nó

(ii) go bhfuil faisnéis ann—

(I) maidir le comhlíonadh feidhmeanna comhlachta phoiblí a n-áirítear ar a fheidhmeanna feidhmeanna a bhaineann le forfheidhmiú an dlí nó le sábháilteacht an phobail a chinntiú (lena n-áirítear éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chomhlíonta sin), nó

(II) maidir le tuillteanas nó a mhalairt, nó le rathúlacht nó a mhalairt, aon chláir, scéime nó beartais de chuid comhlachta phoiblí chun sáruithe ar an dlí a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, nó maidir le héifeachtacht nó le héifeachtúlacht chur i ngníomh aon chláir, scéime nó beartais den sórt sin ag comhlacht poiblí,

agus

(b) más é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di.

(4) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “foras pionóis”—

(a) áit a bhfuil feidhm ag Achtanna na bPríosún, 1826 go 1980, maidir léi,

(b) príosún míleata nó beairic coinneála de réir bhrí an Achta Cosanta, 1954 , i ngach cás acu,

(c) Foras Naomh Pádraig, nó

(d) foras arna bhunú faoin Children Act, 1908, ina gcoinnítear ciontóirí óga.

Slándáil, cosaint agus caidreamh idirnáisiúnta.

24. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 i ndáil le taifead (agus, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt seo thairis sin, i ndáil le taifead a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir leis) más rud é, i dtuairim an chinn, go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead, go ndéanfaí dochar—

(a) do shlándáil an Stáit,

(b) do chosaint an Stáit,

(c) do chaidreamh idirnáisiúnta an Stáit, nó

(d) do nithe a bhaineann le Tuaisceart Éireann.

(2) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le taifead—

(a) ina bhfuil faisnéis—

(i) a fuarthas nó a ullmhaíodh chun críche eolais i leith shlándáil nó chosaint an Stáit, nó

(ii) a bhaineann—

(I) le hoirbheartaíocht, straitéis nó oibríochtaí Óglaigh na hÉireann laistigh nó lasmuigh den Stát, nó

(II) le brath, cosc, nó díchur gníomhaíochtaí dá dtiocfadh nó a thabharfadh an t-ord poiblí nó údarás an Stáit a bhonnbhriseadh (abairt a bhfuil an bhrí chéanna léi atá le “dá dtiocfadh nó do bhéarfadh an t-ord puiblí nó údarás an Stáit do bhonnbhriseadh” in alt 2 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 ),

(b) ina bhfuil cumarsáid idir Aire den Rialtas agus misean taidhleoireachta nó post consalachta sa Stát nó cumarsáid idir an Rialtas nó duine atá ag gníomhú thar ceann an Rialtais agus rialtas eile nó duine atá ag feidhmiú thar ceann rialtais eile,

(c) ina bhfuil cumarsáid idir Aire den Rialtas agus misean taidhleoireachta nó post consalachta de chuid an Stáit,

(d) ina bhfuil faisnéis a bheidh curtha i bhfios i modh rúin d'aon duine laistigh nó lasmuigh den Stát ó aon duine laistigh nó lasmuigh den Stát, ar faisnéis í a bhaineann le ní dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó le cosaint chearta an duine agus a mbeidh sé ráite ina leith ag an duine is déanaí sin gur faisnéis faoi rún í nó go bhfuil sí le cur i bhfios i modh rúin,

(e) ina bhfuil faisnéis a bheidh curtha i bhfios i modh rúin ó eagraíocht idirnáisiúnta stát nó fo-organ de chuid eagraíochta den sórt sin nó ó institiúid nó comhlacht den Aontas Eorpach nó chuici nó chuige nó laistigh di nó laistigh de nó a bhaineann le caibidlí idir an Stát agus eagraíocht, organ, institiúid nó comhlacht den sórt sin nó laistigh d'eagraíocht, d'organ, d'institiúid nó de chomhlacht den sórt sin, nó i ndáil léi nó leis, nó

(f) ar taifead é de chuid eagraíochta, orgain, institiúide nó comhlachta dá dtagraítear i mír (e) ina bhfuil faisnéis a dtoirmisceann an eagraíocht, an t-organ, an institiúid nó an comhlacht í a nochtadh.

(3) I gcás go mbaineann iarraidh faoi alt 7 le taifead a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) maidir leis, nó lena mbeadh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir leis dá mba ann don taifead, agus gur deimhin leis an gceann lena mbaineann, dá nochtfaí gurb ann nó nach ann don taifead, go ndéanfaí dochar do ní dá dtagraítear san fho-alt sin, diúltóidh sé nó sí géilleadh don iarraidh agus ní nochtfaidh sé nó sí don iarrthóir lena mbaineann an ann nó nach ann don taifead.

Breitheanna áirithe de bhun ailt 23 agus 24 a bheith dochloíte.

25. —(1) (a) Más rud é, faoi réir mhír (b)

(i) maidir le hAire den Rialtas nó ceann comhlachta phoiblí (seachas Roinn Stáit nó Oifig an Tánaiste) a bhfuil feidhmeanna tugtha don Aire sin den Rialtas i ndáil leis —

(I) go ndiúltóidh sé nó sí, de bhun alt 8 , géilleadh d'iarraidh chuige nó chuici faoi alt 7 , nó

(II) go seasfaidh sé nó sí le breith, nó go dtabharfaidh sé nó sí breith, de bhun alt 14 , diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 ,

toisc gur deimhin leis nó léi gur taifead díolmhaithe de bhua alt 23 24 an taifead lena mbaineann, agus

(ii) gur deimhin leis an Aire den Rialtas go bhfuil an taifead sách íogair nó sách tromaí chun gur chóir dó nó di déanamh amhlaidh,

féadfaidh an tAire den Rialtas a dhearbhú, i ndeimhniú a eiseoidh sé nó sí (“deimhniú”), gur taifead díolmhaithe de bhua alt 23 24 an taifead.

(b) Ní eiseoidh Aire den Rialtas deimhniú i leith taifid is ábhar do bhreith dá dtagraítear i gclásal (I)(II) de mhír (a) (i) ó cheann comhlachta phoiblí (seachas Roinn Stáit nó Oifig an Tánaiste) mura mbeidh an ceann tar éis a iarraidh air nó uirthi, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, déanamh amhlaidh.

(2) I gcás go ndéanfar iarratas chuig ceann chun athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 14 ar bhreith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 , ní eiseofar deimhniú i leith an taifid lena mbaineann tráth is déanaí ná 3 sheachtain tar éis an dáta a bhfaighidh an ceann sin an t-iarratas.

(3) Fad a bheidh deimhniú i bhfeidhm—

(a) measfar go dochloíte, faoi réir fhorálacha an Achta seo, gur taifead díolmhaithe an taifead lena mbaineann sé, agus

(b) ní bheidh aon ábhar iarratais ann chun athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 14 34, de réir mar is cuí, ar an mbreith lena mbaineann faoi alt 8 14 i ndáil leis an taifead.

(4) Aon doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú é agus go bhfuil sé sínithe ag Aire den Rialtas measfar, mura gcruthófar a mhalairt, gur deimhniú é ón Aire sin den Rialtas agus go bhfuil sé i bhfeidhm agus glacfar é in aon imeachtaí i gcúirt nó faoi alt 14 34 gan a thuilleadh cruthúnais.

(5) Sonrófar na nithe seo a leanas i ndeimhniú—

(a) an iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann,

(b) na forálacha d'alt 2324, de réir mar is cuí, ar faoina dtreoir is taifead díolmhaithe an taifead lena mbaineann sé,

(c) an dáta a síníonn an tAire den Rialtas lena mbaineann an deimhniú agus an dáta a rachaidh sé in éag, agus

(d) ainm an iarrthóra,

agus déanfaidh an tAire den Rialtas a eisíonn é an deimhniú a shíniú.

(6) Ar dheimhniú a eisiúint, cuirfidh an tAire den Rialtas lena mbaineann faoi deara—

(a) cóip den deimhniú a thabhairt láithreach don iarrthóir lena mbaineann, agus

(b) cóip den deimhniú agus ráiteas i scríbhinn a thabhairt láithreach don Taoiseach agus do cibé Airí eile den Rialtas a fhorordófar ar ráiteas é maidir leis na cúiseanna ar taifead díolmhaithe an taifead lena mbaineann sé agus maidir leis an ní ar faoina threoir is deimhin leis an Aire den Rialtas go bhfuil feidhm ag fo-alt (1) (a) (ii) maidir leis an taifead.

(7) (a) Faoi réir mhír (b), déanfaidh an Taoiseach, i gcomhar le haon Airí eile den Rialtas a bheidh arna bhforordú faoi fho-alt (6), a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach tréimhse 6 mhí (nó cibé tréimhse eile nach faide ná 12 mhí a bheidh forordaithe) dar tosach an tréimhse ó thosach feidhme an Achta seo, oibriú fho-alt (1) le linn na tréimhse sin a athbhreithniú.

(b) Ní ghlacfaidh Aire den Rialtas páirt in athbhreithniú faoin bhfo-alt seo a mhéid a bhaineann sé le deimhniú arna eisiúint aige nó aici ach féadfaidh sé nó sí aighneachtaí a dhéanamh chuig na hAirí eile den Rialtas lena mbaineann i ndáil leis an gcuid d'athbhreithniú den sórt sin a bhfuil cosc mar a dúradh air nó uirthi páirt a ghlacadh ann.

(c) Más rud é, tar éis athbhreithniú faoin bhfo-alt seo, nach deimhin leis na hAirí den Rialtas lena mbaineann—

(i) gur taifead díolmhaithe taifead lena mbaineann an deimhniú áirithe, nó

(ii) go bhfuil aon chuid den fhaisnéis atá sa taifead sách íogair nó sách tromaí chun gur chóir go leanfadh an deimhniú de bheith i bhfeidhm,

iarrfaidh siad ar an Aire den Rialtas lena mbaineann an deimhniú a chúlghairm.

(d) Féadfaidh Aire den Rialtas, chun críocha athbhreithniú ag an Aire sin den Rialtas faoin bhfo-alt seo, scrúdú a dhéanamh ar na taifid iomchuí go léir a bheidh á sealbhú ag ceann eile nó thar ceann nó faoi rialú cinn eile.

(8) (a) Féadfaidh an Taoiseach, tráth ar bith, oibriú fho-alt (1) a mhéid a bhaineann sé le haon Aire eile den Rialtas, nó le heisiúint deimhnithe áirithe ag Aire eile den Rialtas, a athbhreithniú.

(b) Beidh éifeacht le míreanna (c) agus (d) d'fho-alt (7) i ndáil le hathbhreithniú faoin bhfo-alt seo fairis na modhnuithe is gá.

(9) Féadfaidh Aire den Rialtas, agus déanfaidh sé nó sí, má iarrtar air nó uirthi de bhun fho-alt (7) (c) déanamh amhlaidh, le hionstraim arna síniú aige nó aici, deimhniú arna eisiúint ag an Aire sin den Rialtas a chúlghairm agus, má dhéanann sé nó sí amhlaidh, cuirfidh sé nó sí faoi deara cóip den ionstraim a thabhairt láithreach don iarrthóir lena mbaineann.

(10) Má dhéanann an Ard-Chúirt deimhniú, nó an bhreith lena mbaineann faoi alt 8 14 i ndáil le taifead lena mbaineann deimhniú, a neamhniú faoi alt 42 , rachaidh an deimhniú in éag air sin.

(11) Cuirfidh Aire den Rialtas faoi deara, gach bliain tar éis na bliana a dtiocfaidh an t-alt seo i ngníomh, tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a thabhairt don Choimisinéir ina sonrófar líon na ndeimhnithe a d'eisigh sé nó sí sa bhliain roimhe sin agus na forálacha d'alt 2324, de réir mar is cuí, ar dá mbua a diúltaíodh, de bhun alt 8 , géilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann, nó a tugadh breith, de bhun alt 14 , seasamh le breith diúltú géilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann.

(12) I gcás go gcúlghairfear deimhniú nó ina mbeidh sé tar éis dul in éag agus nach mbeidh deimhniú eile i bhfeidhm i ndáil leis an taifead lena mbaineann nó ina neamhnófar an deimhniú faoi alt 42 , féadfaidh an t-iarrthóir lena mbaineann, tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis dháta na cúlghairme, an éaga nó an neamhnithe, de réir mar a bheidh, iarratas a dhéanamh go ndéanfar athbhreithniú faoi alt 14 34, de réir mar is cuí, ar an mbreith lena mbaineann faoi alt 8 14.

(13) Faoi réir fho-ailt (9) agus (10), leanfaidh deimhniú de bheith i bhfeidhm go ceann tréimhse 2 bhliain ón dáta a síníonn an tAire den Rialtas lena mbaineann é agus rachaidh sé in éag ansin, ach féadfaidh Aire den Rialtas, tráth ar bith, deimhniú a eisiúint faoin alt seo i leith taifid ar eisíodh deimhniú i ndáil leis roimhe sin mura rud é—

(a) de bhun breithe (nár freaschuireadh) tar éis athbhreithniú faoi alt 14 34, nó

(b) de bhun breithe faoi alt 42 ar achomharc chun na hArd-Chúirte,

nach taifead díolmhaithe an taifead.

Faisnéis a fhaightear i modh rúin.

26. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é—

(a) go bhfuil faisnéis sa taifead lena mbaineann ar faisnéis í a tugadh don chomhlacht poiblí lena mbaineann i modh rúin agus ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi mar fhaisnéis faoi rún (lena n-áirítear faisnéis den sórt sin a dúradh ar ceanglaíodh ar dhuine le dlí, nó a bhféadfadh an comhlacht, de bhun dlí, a cheangal air nó uirthi í a thabhairt don chomhlacht) agus gurb é tuairim an chinn gur dóigh, dá nochtfaí í, go ndéanfaí dochar do thabhairt faisnéise eile dá shamhail don chomhlacht ag an duine céanna nó ag daoine eile agus go bhfuil sé tábhachtach don chomhlacht go leanfaí d'fhaisnéis eile dá shamhail den sórt sin a thabhairt don chomhlacht, nó

(b) gurbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le foráil de chomhaontú nó d'achtachán (seachas foráil a shonraítear i gcolún (3) den Tríú Sceideal d'achtachán a shonraítear sa Sceideal sin) nó thairis sin le dlí.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead arna ullmhú ag ceann nó ag aon duine eile (is stiúrthóir ar chomhlacht poiblí nó comhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí nó is duine atá ag soláthar seirbhíse do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí) le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh murarbh ionann nochtadh na faisnéise lena mbaineann agus sárú dualgais rúndachta dá bhforáiltear le comhaontú nó le reacht nó thairis sin le dlí agus a bheidh ag dul do dhuine seachas comhlacht poiblí nó ceann, nó comhalta d'fhoireann, comhlachta phoiblí nó stiúrthóir air nó duine atá ag soláthar seirbhíse, nó a sholáthair seirbhís, do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí.

(3) Faoi réir alt 29 , ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di.

Faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

27. —(1) Faoi réir fho-alt (2), diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é go bhfuil sa taifead lena mbaineann—

(a) rúin trádála de chuid duine seachas an t-iarrthóir lena mbaineann,

(b) faisnéis airgeadais, tráchtála, eolaíochta nó theicniúil, nó faisnéis eile a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh de thoradh ar í a nochtadh caillteanas nó gnóchan airgeadais ábhartha don duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do staid iomaíochta an duine sin i seoladh na gairme nó an ghnó atá aige nó aici nó thairis sin ina shlí bheatha nó ina slí bheatha, nó

(c) faisnéis a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do sheoladh nó do thoradh caibidlí conarthacha nó caibidlí eile ag an duine lena mbaineann an fhaisnéis.

(2) Géillfidh ceann d'iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann fo-alt (1) más rud é—

(a) go dtoileoidh an duine lena mbaineann an taifead áirithe, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, le rochtain ar an taifead a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann,

(b) go bhfuil faisnéis den chineál céanna leis an bhfaisnéis atá sa taifead i leith daoine i gcoitinne, nó i leith aicme daoine atá, ag féachaint do na himthosca go léir, sách líonmhar, ar fáil don phobal i gcoitinne,

(c) nach mbaineann an taifead ach amháin leis an iarrthóir,

(d) gurb é nó gurb í an duine lena mbaineann an taifead a thug faisnéis atá sa taifead don chomhlacht poiblí lena mbaineann agus gur cuireadh in iúl don duine thar ceann an chomhlachta, sular tugadh í amhlaidh, go mbaineann an fhaisnéis le haicme faisnéise a chuirfí ar fáil nó a d'fhéadfaí a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, nó

(e) gur gá an fhaisnéis lena mbaineann a nochtadh chun garchontúirt mhór do bheatha nó do shláinte duine aonair nó don timpeallacht a sheachaint.

(3) Faoi réir alt 29 , níl feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di.

Faisnéis phearsanta.

28. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más é tuairim an chinn go nochtfaí faisnéis phearsanta (lena n-áirítear faisnéis phearsanta a bhaineann le duine aonair éagtha) dá dtabharfaí rochtain ar an taifead áirithe.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) más rud é—

(a) gur leis an iarrthóir áirithe a bhaineann an fhaisnéis áirithe, ach sin faoi réir fho-alt (3),

(b) go dtoileoidh aon duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, leis an bhfaisnéis sin a nochtadh don iarrthóir,

(c) go bhfuil faisnéis den chineál céanna leis an bhfaisnéis atá sa taifead i leith daoine aonair i gcoitinne, nó i leith aicme daoine aonair atá, ag féachaint do na himthosca go léir, sách líonmhar, ar fáil don phobal i gcoitinne,

(d) gurb é nó gurb í an duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis a thug í don chomhlacht poiblí lena mbaineann agus gur cuireadh in iúl don duine aonair thar ceann an chomhlachta, sular tugadh í amhlaidh, go mbaineann an fhaisnéis le haicme faisnéise a chuirfí ar fáil nó a d'fhéadfaí a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, nó

(e) gur gá an fhaisnéis a nochtadh chun garchontúirt mhór do bheatha nó do shláinte duine aonair a sheachaint,

ach, i gcás a thagann faoi réim mhír (a)(b), cinnteoidh an ceann lena mbaineann go ndéanfar, sula ngéillfear don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann, céannacht an iarrthóra nó, de réir mar a bheidh, toiliú an duine aonair, a shuíomh chun sástacht an chinn.

(3) I gcás go mbaineann iarraidh faoi alt 7

(a) le taifead de chineál liachta nó síciatrachta a bhaineann leis an iarrthóir áirithe, nó

(b) le taifead atá á choimeád chun críocha oibre sóisialaí i ndáil leis an iarrthóir, nó a fuarthas le linn obair den sórt sin a chur i gcrích,

agus, i dtuairim an chinn lena mbaineann, go bhféadfaí dochar a dhéanamh do shláinte coirp nó meabhrach, do dhea-bhail nó do riocht mothúchánach an iarrthóra dá ndéanfaí an fhaisnéis lena mbaineann a nochtadh dó nó di, féadfaidh an ceann breith a thabhairt diúltú géilleadh don iarraidh.

(4) I gcás go ndiúltóidh ceann, de bhun fho-alt (3), géilleadh d'iarraidh faoi alt 7

(a) áireofar san fhógra faoi alt 8 (1) i ndáil leis an ní ráiteas á rá go ndéanfaidh an ceann, má iarrann an t-iarrthóir air nó uirthi déanamh amhlaidh, rochtain ar an taifead lena mbaineann a thairiscint do cibé gairmí sláinte, a mbeidh saineolas aige nó aici i ndáil le hábhar an taifid, a shonróidh an t-iarrthóir, agus an taifead a choimeád ar fáil chun na críche sin, de réir alt 8 (3), agus

(b) má iarrann an t-iarrthóir ar an gceann amhlaidh, déanfaidh sé nó sí rochtain ar an taifead a thairiscint don ghairmí sláinte sin a dúradh, agus é a choimeád ar fáil chun na críche sin, de réir alt 8 (3).

(5) I gcás gurb é tuairim an chinn lena mbaineann, maidir le hiarraidh faoi alt 7 a ndiúltófaí géilleadh di faoi fho-alt (1) murach an fo-alt seo—

(a) gur tábhachtaí, tríd is tríd, leas an phobail go ngéillfí don iarraidh ná leas an phobail go gcosnófaí ceart chun príobháideachta an duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis, nó

(b) go rachadh sé chun tairbhe don duine aonair réamhráite, tríd is tríd, dá ngéillfí don iarraidh,

féadfaidh an ceann, faoi réir alt 29 , géilleadh don iarraidh.

(6) D'ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin maidir le géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é—

(a) gur duine d'aicme a shonraítear sna rialacháin an duine aonair lena mbaineann agus gur tuismitheoir nó caomhnóir an duine aonair an t-iarrthóir lena mbaineann, nó

(b) go bhfuil an duine aonair lena mbaineann an taifead áirithe marbh agus gur duine d'aicme a shonraítear sna rialacháin an t-iarrthóir lena mbaineann.

(7) San alt seo ciallaíonn “gairmí sláinte” lia-chleachtóir, de réir bhrí Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 , fiaclóir cláraithe, de réir bhrí Acht na bhFiaclóirí, 1985 , nó duine d'aon aicme eile oibrithe sláinte nó oibrithe sóisialacha a bheidh forordaithe, tar éis dul i gcomhairle le cibé Airí eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire.

Nós imeachta i ndáil le hiarrataí áirithe faoi alt 7 a bhfuil feidhm ag alt 26 , 2728 maidir leo.

29. —(1) San alt seo ciallaíonn “iarraidh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi” iarraidh faoi alt 7 a bhfuil feidhm ag alt 26 (3)27 (3) maidir léi nó a bhfuil feidhm ag alt 28 (5) maidir léi agus a ngéillfí di ar leith ón alt seo.

(2) Faoi réir fho-alt (5), déanfaidh ceann, roimh bhreith a thabhairt i dtaobh an ngéillfidh sé nó sí d'iarraidh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi agus tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis an iarraidh a fháil—

(a) más iarraidh í an iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 26 (3) maidir léi, a chur faoi deara, maidir leis an duine a thug an fhaisnéis lena mbaineann don chomhlacht poiblí lena mbaineann agus, más rud é gur cuí leis an gceann é, maidir leis an duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó

(b) más iarraidh í an iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 27 (3)28 (5) maidir léi, a chur faoi deara, maidir leis an duine lena mbaineann an fhaisnéis,

fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt dó nó di—

(i) maidir leis an iarraidh agus á rá go ngéillfear di ar mhaithe le leas an phobail, ar leith ón alt seo,

(ii) á rá go bhféadfaidh an duine, tráth nach déanaí ná 3 sheachtain tar éis an fógra a fháil, aighneachtaí a dhéanamh chuig an gceann i ndáil leis an iarraidh, agus

(iii) á rá go mbreithneoidh an ceann aon aighneachtaí den sórt sin roimh bhreith a thabhairt i dtaobh cibé acu a ghéillfidh sé nó sí, nó a dhiúltóidh sé nó sí géilleadh, don iarraidh.

(3) Aon duine a gheobhaidh fógra faoi fho-alt (2) féadfaidh sé nó sí, tráth nach déanaí ná 3 sheachtain tar éis dó nó di an fógra a fháil, aighneachtaí a dhéanamh chuig an gceann lena mbaineann i ndáil leis an iarraidh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi agus dá dtagraítear san fhógra agus déanfaidh an ceann—

(a) aon aighneachtaí den sórt sin a dhéanfar amhlaidh a bhreithniú roimh bhreith a thabhairt i dtaobh an ngéillfidh sé nó sí don iarraidh,

(b) a chur faoi deara fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don duine maidir leis an mbreith, agus

(c) más breith í géilleadh don iarraidh, a chur faoi deara go mbeidh sonraí san fhógra faoin gceart go ndéanfaí an bhreith a athbhreithniú faoi alt 34 , faoin nós imeachta lena rialaítear feidhmiú an chirt sin agus faoin teorainn ama lena rialaítear an feidhmiú sin.

(4) Faoi réir fho-alt (5), tabharfaidh ceann breith i dtaobh an ngéillfidh sé nó sí d'iarraidh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, agus comhlíonfaidh sé nó sí fo-alt (3) i ndáil leis an gcéanna, tráth nach déanaí ná 2 sheachtain—

(a) tar éis an t-am a shonraítear i bhfo-alt (3) a bheith caite, nó

(b) tar éis aighneachtaí a fháil faoin bhfo-alt sin i ndáil leis an iarraidh ó na daoine lena mbaineann,

cibé acu is luaithe, agus forléireofar alt 8 (1), agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.

(5) Más rud é, i ndáil le hiarraidh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, nach mbeidh an ceann lena mbaineann in ann fo-alt (2) a chomhlíonadh, tar éis gach beart réasúnach a ghlacadh chun déanamh amhlaidh, déanfaidh an ceann, má thoilíonn an Coimisinéir leis an neamhchomhlíonadh, breith a thabhairt i dtaobh cibé acu a ghéillfidh nó a dhiúltóidh sé nó sí don iarraidh tráth nach déanaí ná 7 seachtain tar éis an iarraidh a fháil agus i gcás den sórt sin forléireofar alt 8 (1), agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.

(6) Más rud é, i ndáil le hiarraidh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, nach dtoileoidh an Coimisinéir, de bhun fho-alt (5), le neamhchomhlíonadh fho-alt (2), ordóidh sé nó sí don cheann lena mbaineann bearta sonraithe a ghlacadh laistigh de thréimhse shonraithe chun fo-alt (2) a chomhlíonadh agus más rud é, tar éis na bearta sin a ghlacadh laistigh den tréimhse sin nó cibé tréimhse bhreise a shonróidh an Coimisinéir, nach mbeidh an ceann in ann an fo-alt sin a chomhlíonadh, tabharfaidh sé nó sí breith, a luaithe is féidir, i dtaobh cibé acu a ghéillfidh nó a dhiúltóidh sé nó sí don iarraidh.

Taighde agus acmhainní nádúrtha.

30. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más é tuairim an chinn—

(a) go bhfuil faisnéis sa taifead lena mbaineann i ndáil le taighde atá á dhéanamh nó le déanamh ag comhlacht poiblí nó thar a cheann agus gur dhóigh, dá ndéanfaí an fhaisnéis a nochtadh nó dá ndéanfaí í a nochtadh roimh chríochnú an taighde, go bhféadfaí an comhlacht, aon duine atá nó a bheidh ag déanamh an taighde thar ceann an chomhlachta nó ábhar an taighde a chur faoi mhíbhuntáiste tromaí, nó

(b) go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go ndéanfaí dochar, dá ndéanfaí faisnéis atá sa taifead a nochtadh, do dhea-bhail acmhainne cultúir, oidhreachta nó nádúrtha nó do speiceas, nó do ghnáthóg speicis, flora nó fauna.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di.

Leasanna airgeadais agus eacnamaíochta an Stáit agus comhlachtaí poiblí.

31. —(1) Féadfaidh ceann diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 i ndáil le taifead (agus, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt seo thairis sin, i ndáil le taifead a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir leis) más é tuairim an chinn—

(a) go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead, go mbeadh droch-éifeacht thromaí aige ar leasanna airgeadais an Stáit nó ar chumas an Rialtais an geilleagar náisiúnta a bhainistiú,

(b) go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá ndéanfaí faisnéis atá sa taifead a nochtadh go ró-luath, go mbeadh de thoradh air go gcuirfí isteach go míchuí ar ghnáthchúrsa gnó i gcoitinne, nó ar aon aicme áirithe gnó, sa Stát agus, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead, go mbeadh, sna himthosca go léir, an fhaisnéis á nochtadh go ró-luath, nó

(c) go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá dtabharfaí rochtain ar an taifead, gurb é an toradh a bheadh air tairbhe nó caillteanas do dhuine nó d'aicme daoine nach mbeadh ag dul dóibh.

(2) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le taifead a bhaineann le haon cheann de na nithe seo a leanas—

(a) rátaí malairte nó airgeadra an Stáit,

(b) cánacha, dleachtanna ioncaim nó bunaidh eile ioncaim don Stát, d'údarás áitiúil nó d'aon chomhlacht poiblí eile,

(c) rátaí úis,

(d) iasachtaí a fhaigheann an Stát nó comhlacht poiblí nó a fhaightear thar a gceann,

(e) rialáil nó maoirsiú ag an Stát nó thar a cheann, nó ag comhlacht poiblí nó thar a cheann, ar ghnó baincéireachta nó árachais nó ar iasachtú airgid nó gnó eile airgeadais nó ar fhorais nó ar dhaoine eile a bhfuil aon cheann de na gnóthaí réamhráite á gcur i gcrích acu,

(f) déileálacha in urrúis nó in airgeadra coigríche,

(g) rialáil nó rialú ag an Stát nó thar a cheann, nó ag comhlacht poiblí nó thar a cheann, ar phá, ar thuarastail nó ar phraghsanna,

(h) tograí i ndáil le caiteachas ag an Stát nó thar a cheann, nó ag comhlacht poiblí nó thar a cheann, lena n-áirítear rialú, srian nó toirmeasc ar aon chaiteachas den sórt sin,

(i) maoin atá ina sheilbh ag an Stát nó thar a cheann, nó ag comhlacht poiblí nó thar a cheann, agus idirbhearta, nó idirbhearta molta nó beartaithe, a bhfuil maoin den sórt sin i gceist iontu,

(j) infheistíocht choigríche i bhfiontair sa Stát,

(k) forbairt tionscail sa Stát,

(l) trádáil idir daoine sa Stát agus daoine lasmuigh den Stát,

(m) rúin trádála nó faisnéis airgeadais, tráchtála, tionscail, eolaíochta nó theicniúil is leis an Stát nó le comhlacht poiblí agus a bhfuil, nó ar dóigh le réasún go mbeadh, luach substaintiúil leo nó léi,

(n) faisnéis a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá nochtfaí í, go ndéanfaí dochar do staid iomaíochta comhlachta phoiblí i ndáil le gníomhaíochtaí a bhíonn á seoladh aige ar bhonn tráchtála, nó

(o) dálaí eacnamaíochta nó airgeadais comhlachta phoiblí.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le cás inarb é tuairim an chinn lena mbaineann gurbh fhearr, tríd is tríd, a dhéanfaí leas an phobail trí ghéilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann ná trí dhiúltú géilleadh di.

Achtacháin a bhaineann le neamhnochtadh taifead.

32. —(1) Diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más rud é—

(a) go dtoirmisctear le haon achtachán (seachas foráil a shonraítear i gcolún (3) den Tríú Sceideal d'achtachán a shonraítear sa Sceideal sin) an taifead lena mbaineann a nochtadh, nó

(b) go bhfuil neamhnochtadh an taifid údaraithe in imthosca áirithe le haon achtachán den sórt sin agus gur cás é ina ndiúltódh an ceann, de bhun an achtacháin, an taifead a nochtadh.

(2) Déanfaidh comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais, má bhíonn sé údaraithe chuige sin ag an dá Theach sin (agus gairtear “an coiste” ina dhiaidh seo san alt seo de choiste den sórt sin a bheidh údaraithe amhlaidh)—

(a) oibriú aon fhorálacha d'aon achtachán lena n-údaraítear nó lena gceanglaítear neamhnochtadh taifid (seachas foráil a shonraítear sa cholún (3) sin) a athbhreithniú ó am go ham chun a fhionnadh an cóir, ag féachaint d'fhorálacha, do chríocha agus do mheon an Achta seo—

(i) aon cheann de na forálacha sin a leasú nó a aisghairm, nó

(ii) tagairt d'aon cheann acu a chur isteach sa cholún (3) sin,

agus

(b) tuarascáil i scríbhinn ar thorthaí an athbhreithnithe réamhráite a ullmhú agus a thabhairt do gach Teach acu sin agus, más cuí leis déanamh amhlaidh, moltaí i ndáil le leasú, le haisghairm nó le leanúint i bhfeidhm aon cheann de na forálacha sin, nó i ndáil le tagairt d'aon cheann acu a chur isteach sa cholún (3) sin, a áireamh sa tuarascáil.

(3) Déanfaidh Aire den Rialtas, de réir fho-alt (6), tuarascálacha i scríbhinn a ullmhú agus a thabhairt don choiste—

(a) ina sonrófar, maidir le haon achtacháin lena dtugtar feidhmeanna don Aire sin den Rialtas, nó do chomhlacht poiblí a bhfuil feidhmeanna i ndáil leis dílsithe don Aire sin den Rialtas, aon fhorálacha de na hachtacháin sin lena n-údaraítear nó lena gceanglaítear neamhnochtadh taifid, agus

(b) ina sonrófar an amhlaidh, i dtuairim an Aire sin den Rialtas agus (i gcás gur cuí sin) aon chomhlachta phoiblí den sórt sin, ar tuairim í ar thángthas uirthi ag féachaint d'fhorálacha, do chríocha agus do mheon an Achta seo—

(i) gur cóir aon cheann de na forálacha dá dtagraítear i mír (a) a leasú nó a aisghairm nó ligean dó leanúint i bhfeidhm, nó

(ii) gur cóir tagairt d'aon cheann acu a chur isteach sa cholún (3) sin,

agus ina leagfar amach na cúiseanna atá leis an tuairim.

(4) Cuirfidh Aire den Rialtas faoi deara cóip de thuarascáil arna hullmhú aige nó aici faoi fho-alt (3) a thabhairt don Choimisinéir agus a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(5) Féadfaidh an Coimisinéir, agus déanfaidh sé nó sí, má iarrann an coiste air nó uirthi déanamh amhlaidh, a thuairim nó a tuairim, agus a thátail nó a tátail, i ndáil le tuarascáil faoi fho-alt (3) nó le haon ní atá i dtuarascáil den sórt sin nó a éiríonn aisti, nó le haon ní a bhaineann le hoibriú an ailt seo nó a éiríonn as, a thabhairt don choiste.

(6) Déanfaidh Aire den Rialtas an chéad tuarascáil uaidh nó uaithi faoi fho-alt (3) a thabhairt de réir an fho-ailt sin tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis thosach feidhme an Achta seo agus déanfar tuarascálacha den sórt sin dá éis sin ón Aire sin den Rialtas a thabhairt amhlaidh tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis chothrom cúig bliana an lae ar tugadh an tuarascáil is déanaí den sórt sin roimhe sin uaidh nó uaithi.

CUID IV

An Coimisinéir Faisnéise

Oifig an Choimisinéara Faisnéise a bhunú.

33. —(1) Bunaítear leis seo oifig an Choimisinéara Faisnéise agus tabharfar an Coimisinéir Faisnéise ar shealbhóir na hoifige.

(2) Beidh an Coimisinéir neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna.

(3) Is é nó is í an tUachtarán a dhéanfaidh duine a cheapadh le bheith mar Choimisinéir, ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rún a rith ag moladh an duine a cheapadh.

(4) (a) Faoi réir mhír (b), beidh éifeacht le forálacha an Dara Sceideal i ndáil leis an gCoimisinéir.

(b) Ní bheidh éifeacht le míreanna 4 agus 5 den Dara Sceideal i gcás gurb é nó gurb í an duine a bheidh i seilbh oifig an Choimisinéara an duine a bheidh i seilbh oifig an Ombudsman freisin.

(5) Ní bheidh feidhm ag alt 2 (6) den Acht Ombudsman, 1980 , maidir le duine a bheidh i seilbh oifig an Ombudsman agus a bheidh i seilbh oifig an Choimisinéara freisin.

An Coimisinéir d'athbhreithniú breitheanna.

34. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) breith faoi alt 14 , seachas breith dá dtagraítear i mír (c),

(b) breith a shonraítear i mír (a), (b), (c), (d), (e)(f) d'alt 14 (1),

(c) breith faoi alt 14 , nó breith faoi alt 47 , gur cóir táille nó éarlais is mó ná £10 nó cibé méid eile (más ann) a bheidh forordaithe de thuras na huaire a ghearradh faoi alt 47 ,

(d) breith faoi alt 9 an t-am a fhadú chun iarraidh faoi alt 7 a bhreithniú,

(e) breith faoi alt 11 tabhairt rochtana ar thaifead a thagann faoi réim mhír (b)(c) d'fho-alt (1) den alt sin a iarchur, agus

(f) breith maidir le hiarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi,

ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—

(i) breith mar a dúradh arna tabhairt ag an gCoimisinéir i leith taifid a bheidh i seilbh an Choimisinéara nó (i gcás go mbeidh an duine céanna i seilbh oifig an Ombudsman agus oifig an Choimisinéara) arna tabhairt ag an Ombudsman i leith taifid a bheidh i seilbh an Ombudsman, agus

(ii) breith dá dtagraítear i mír (b), agus breith faoi alt 47 dá dtagraítear i mír (c), arna tabhairt ag duine a raibh an fheidhm lena mbaineann tarmligthe chuige nó chuici faoi alt 4 tráth na breithe a thabhairt.

(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an Coimisinéir, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige nó chuici, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, ag duine iomchuí—

(a) athbhreithniú a dhéanamh ar bhreith lena mbaineann an t-alt seo, agus

(b) tar éis an athbhreithnithe, féadfaidh sé nó sí, de réir mar is cuí leis nó léi—

(i) an bhreith a dhaingniú nó a athrú, nó

(ii) an bhreith a neamhniú agus, más cuí, cibé breith a thabhairt i ndáil leis an ní lena mbaineann is dóigh leis nó léi is cóir,

de réir an Achta seo.

(3) Tabharfar breith faoi fho-alt (2) a luaithe is féidir agus, a mhéid is indéanta—

(a) i gcás gur le linn na tréimhse 3 bliana ó thosach feidhme an Achta seo a rinneadh an t-iarratas ar an athbhreithniú lena mbaineann, tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis don Choimisinéir an t-iarratas a fháil, agus

(b) i gcás gur tar éis an tréimhse sin a dúradh a bheith caite a rinneadh an t-iarratas ar an athbhreithniú, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis don Choimisinéir an t-iarratas a fháil.

(4) Déanfar iarratas faoi fho-alt (2)

(a) má bhaineann sé le breith a shonraítear i mír (d)(f) d'fho-alt (1), tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis fógra maidir leis an mbreith a thabhairt don duine iomchuí lena mbaineann, agus

(b) má bhaineann sé le haon bhreith eile a shonraítear san fho-alt sin, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis fógra maidir leis an mbreith a thabhairt don duine iomchuí lena mbaineann nó, i gcás go mbeidh an Coimisinéir den tuairim go bhfuil forais réasúnacha ann chun an tréimhse sin a fhadú, deireadh cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh sé nó sí.

(5) Féadfaidh duine a dhéanfaidh iarratas faoi fho-alt (2), le fógra i scríbhinn arna thabhairt don Choimisinéir, tráth ar bith sula mbeidh fógra faoi fho-alt (10) i ndáil leis an iarratas tugtha don duine, an t-iarratas a tharraingt siar, agus cuirfidh an Coimisinéir faoi deara cóip d'aon fhógra a bheidh tugtha dó nó di faoin bhfo-alt seo a thabhairt don duine iomchuí, nó don cheann, lena mbaineann, de réir mar is cuí, agus d'aon duine eile ar cóir, i dtuairim an Choimisinéara, í a thabhairt dó nó di.

(6) A luaithe is féidir tar éis don Choimisinéir iarratas faoi fho-alt (2) a fháil, cuirfidh an Coimisinéir faoi deara cóip den iarratas a thabhairt don cheann lena mbaineann, agus, de réir mar is cuí, don duine iomchuí lena mbaineann agus, má bheartaíonn an Coimisinéir an bhreith lena mbaineann a athbhreithniú, cuirfidh sé nó sí faoi deara fógra a thabhairt don cheann agus don duine iomchuí agus d'aon duine eile ar cóir, i dtuairim an Choimisinéara, fógra a thabhairt dó nó di, maidir lena bhfuil beartaithe agus, air sin, tabharfaidh an ceann sonraí don Choimisinéir, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, i dtaobh aon daoine a mbeidh fógra maidir leis an iarraidh tugtha aige nó aici dóibh nó, i gcás diúltú géilleadh d'iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi, i dtaobh aon daoine a mbeadh fógra maidir leis an iarraidh tugtha aige nó aici dóibh dá mba rud é go raibh sé ar intinn aige nó aici géilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann.

(7) I gcás go ndéanfar iarratas faoi fho-alt (2), féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith féachaint le socraíocht a dhéanamh idir na páirtithe lena mbaineann maidir leis an ní lena mbaineann agus féadfaidh sé nó sí, chun na críche sin, d'ainneoin fho-alt (3), an t-athbhreithniú lena mbaineann a chur ar fionraí, ar feadh cibé tréimhse a chomhaontófar leis na páirtithe lena mbaineann agus, más cuí, scor den athbhreithniú sin.

(8) I ndáil le hathbhreithniú beartaithe faoin alt seo, féadfaidh an ceann, agus an duine iomchuí lena mbaineann agus aon duine eile a dtabharfar fógra maidir leis an athbhreithniú dó nó di faoi fho-alt (6), aighneachtaí a dhéanamh (de réir mar a chinnfidh an Coimisinéir, i scríbhinn nó ó bhéal nó i cibé foirm eile a chinnfear) chuig an gCoimisinéir i ndáil le haon ní is iomchuí maidir leis an athbhreithniú agus cuirfidh an Coimisinéir aon aighneachtaí den sórt sin i gcuntas chun críocha an athbhreithnithe.

(9) (a) Féadfaidh an Coimisinéir diúltú géilleadh d'iarratas faoi fho-alt (2) nó scor d'athbhreithniú faoin alt seo má bhíonn sé nó sí den tuairim nó má thagann sé nó sí ar an tuairim—

(i) go bhfuil an t-iarratas sin a dúradh nó an t-iarratas lena mbaineann an t-athbhreithniú (“an t-iarratas”) suaibhreosach nó cráiteach,

(ii) nach mbaineann an t-iarratas le breith a shonraítear i bhfo-alt (1), nó

(iii) go bhfuil, go raibh nó go mbeidh an ní lena mbaineann an t-iarratas ina ábhar d'athbhreithniú eile faoin alt seo.

(b) Nuair a bheidh an Coimisinéir á chinneadh an ndiúltóidh sé nó sí géilleadh d'iarratas faoi fho-alt (2) nó an scoirfidh sé nó sí d'athbhreithniú faoin alt seo, gníomhóidh sé nó sí, faoi réir fhorálacha an Achta seo, de réir a bhreithiúnais nó a breithiúnais féin.

(10) Déanfaidh an Coimisinéir fógra, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, maidir le breith faoi fho-alt (2) (b), nó maidir le diúltú nó le scor faoi fho-alt (9), agus maidir leis na cúiseanna atá leis an gcéanna, a thabhairt—

(a) don cheann lena mbaineann,

(b) don duine iomchuí lena mbaineann, agus

(c) d'aon duine eile ar cóir, i dtuairim an Choimisinéara, fógra den sórt sin a thabhairt dó nó di.

(11) (a) Tabharfar an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (10) a luaithe is féidir tar éis na breithe, an diúltaithe nó an scoir lena mbaineann agus, má bhaineann sé le breith faoi fho-alt (2), a mhéid is indéanta, laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (3).

(b) Sonrófar i dtuarascáil an Choimisinéara d'aon bhliain faoi alt 40 líon na gcásanna (más ann) sa bhliain sin nach ndearnadh fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (10) i ndáil le breith faoi fho-alt (2) (b) a thabhairt do dhuine a shonraítear i bhfo-alt (10) laistigh den tréimhse chuí a shonraítear i mír (a).

(12) In athbhreithniú faoin alt seo—

(a) toimhdeofar go raibh údar le breith géilleadh d'iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi mura ndéanfaidh an duine lena mbaineann, agus a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) den alt sin maidir leis nó léi, a shuíomh, chun sástacht an Choimisinéara, nach raibh údar leis an mbreith, agus

(b) toimhdeofar nach raibh údar le breith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 mura suífidh an ceann lena mbaineann, chun sástacht an Choimisinéara, go raibh údar leis an mbreith.

(13) I mbreith ón gCoimisinéir tar éis athbhreithnithe faoin alt seo sonrófar, i gcás gur cuí, an tréimhse ar laistigh di a thabharfar éifeacht don bhreith agus, nuair a bheidh an tréimhse sin á socrú, beidh aird ag an gCoimisinéir ar a inmhianaithe atá sé, faoi réir alt 44 , éifeacht a thabhairt don bhreith sin a luaithe is féidir tar éis fo-alt (11) a chomhlíonadh i ndáil leis an gcéanna.

(14) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, maidir le breith faoi fho-alt (2)

(a) a mhéid a bheidh sí ar neamhréir leis an mbreith lena mbaineann agus a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, beidh éifeacht léi in ionad an chéanna, agus

(b) beidh sí ina ceangal ar na páirtithe lena mbaineann.

(15) San alt seo ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le breith a shonraítear i bhfo-alt (1)

(a) an t-iarrthóir lena mbaineann agus, más breith í i leith iarrata lena mbaineann alt 29 , duine a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) den alt sin maidir leis nó léi, nó

(b) más breith í faoi alt 17 18, an duine a rinne an t-iarratas lena mbaineann faoin alt sin.

An Coimisinéir do dhéanamh iarrataí ar fhaisnéis bhreise.

35. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfar iarratas ar athbhreithniú ag an gCoimisinéir —

(i) ar bhreith diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 , nó

(ii) ar bhreith faoi alt 14 i ndáil le breith dá dtagraítear i bhfomhír (i),

faoi alt 34 , agus

(b) go measfaidh an Coimisinéir nach leor an ráiteas maidir leis na cúiseanna atá leis an mbreith dá dtagraítear i mír (a)(i) san fhógra faoi fho-alt (1) d'alt 8 nó maidir leis na fionnachtana nó na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (d) (ii) den alt sin i ndáil leis an ní,

ordóidh an Coimisinéir don cheann lena mbaineann ráiteas, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear, a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann agus don Choimisinéir, ar ráiteas é ina mbeidh aon fhaisnéis bhreise i ndáil leis na nithe sin atá faoi chumhacht nó faoi rialú an chinn.

(2) Déanfaidh ceann ordachán faoin alt seo a chomhlíonadh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 3 sheachtain tar éis é a fháil.

Athbhreithniú ar oibriú an Achta agus imscrúduithe ag an gCoimisinéir.

36. —(1) Coimeádfaidh an Coimisinéir oibriú an Achta seo faoi athbhreithniú agus féadfaidh sé nó sí, faoi réir fho-alt (2), imscrúdú a dhéanamh tráth ar bith ar na cleachtais agus ar na nósanna imeachta a bheidh glactha ag comhlachtaí poiblí i gcoitinne nó ag aon chomhlacht poiblí nó comhlachtaí poiblí áirithe chun—

(a) forálacha an Achta seo i gcoitinne,

(b) aon fhorálacha áirithe den Acht seo,

a chomhlíonadh.

(2) Déanfaidh an Coimisinéir imscrúdú faoi fho-alt (1) (a) i ndáil le comhlachtaí poiblí i gcoitinne tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis thosach feidhme an Achta seo.

(3) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith imscrúdú a dhéanamh ar na cleachtais agus ar na nósanna imeachta a bheidh glactha ag comhlachtaí poiblí nó ag aon chomhlacht poiblí nó comhlachtaí poiblí áirithe chun a chumasú do dhaoine na cearta a thugtar leis an Acht seo a fheidhmiú agus chun an feidhmiú sin a éascú.

(4) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith tuarascáil a ullmhú, i scríbhinn nó i cibé foirm eile a chinnfear—

(a) maidir lena chuid nó lena cuid fionnachtana agus tátal de thoradh aon fheidhm faoi fho-alt (1) (2)(3) a chomhlíonadh, nó

(b) maidir le haon ní a bhaineann le comhlíonadh feidhme den sórt sin nó a éiríonn as an gcéanna.

(5) Cuirfidh an Coimisinéir faoi deara, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, cóip de thuarascáil faoin alt seo a thabhairt don Aire agus do gach comhlacht poiblí lena mbaineann agus cuirfidh sé nó sí faoi deara cóip den tuarascáil a chur mar fhoscríbhinn leis an gcéad tuarascáil eile faoi alt 40 (1) a ullmhófar tar éis ullmhú na tuarascála céadluaite.

Cumhachtaí an Choimisinéara.

37. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, chun críocha athbhreithniú faoi alt 34 nó imscrúdú faoi alt 36

(a) a cheangal ar aon duine atá, i dtuairim an Choimisinéara, i seilbh faisnéise, nó a bhfuil taifead faoina chumhacht nó faoina cumhacht nó faoina rialú, is faisnéis nó taifead atá, i dtuairim an Choimisinéara, iomchuí maidir leis na críocha sin a dúradh, aon fhaisnéis nó taifead den sórt sin atá i seilbh nó, de réir mar a bheidh, faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin a thabhairt don Choimisinéir agus, i gcás gur cuí sin, a cheangal ar an duine freastal os a chomhair nó os a comhair chun na críche sin, agus

(b) scrúdú a dhéanamh ar aon taifead is iomchuí, i dtuairim an Choimisinéara, maidir leis an athbhreithniú nó leis an imscrúdú agus cóipeanna in aon fhoirm a dhéanamh den taifead sin nó de shleachta as agus chun na gcríoch sin seilbh a ghlacadh ar aon taifead den sórt sin, é a aistriú ón áitreabh agus é a choinneáil ina sheilbh nó ina seilbh go ceann tréimhse réasúnaí.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir, chun críocha athbhreithniú nó imscrúdú den sórt sin mar a dúradh, dul isteach in aon áitreabh atá á áitiú ag comhlacht poiblí agus, ansin—

(a) a cheangal ar aon duine a gheofar san áitreabh cibé faisnéis a bheidh i seilbh an duine agus a theastóidh uaidh nó uaithi le réasún chun na gcríoch a dúradh a thabhairt dó nó di agus aon taifead a bheidh faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin a chur ar fáil dó nó di, ar taifead é is iomchuí, i dtuairim an Choimisinéara, maidir leis na críocha sin, agus

(b) scrúdú a dhéanamh ar aon taifead a chuirfear ar fáil dó nó di mar a dúradh nó a gheofar san áitreabh agus cóipeanna a dhéanamh den taifead sin nó de shleachta as.

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní chuirfidh aon achtachán ná riail dlí lena dtoirmisctear nó lena sriantar faisnéis a nochtadh nó a chur in iúl cosc ar dhuine aon fhaisnéis nó taifead den sórt sin mar a dúradh a thabhairt don Choimisinéir.

(4) Beidh duine a mbeidh ceanglas dírithe chuige nó chuici faoin alt seo i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh ag finné i gcúirt.

(5) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis nó léi, íocaíochtaí mar a leanas a íoc le haon duine a dhéanfaidh, chun críocha athbhreithniú faoi alt 34 , nó imscrúdú faoi alt 36 , freastal os comhair an Choimisinéara nó faisnéis nó taifead nó rud eile a thabhairt dó nó di—

(a) suimeanna i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhaigh an duine go cuí, agus

(b) liúntais mar chúiteamh as a chuid nó a cuid ama a chailleadh,

ina mbeidh cibé méid a chinnfidh an tAire.

(6) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is é an nós imeachta chun athbhreithniú faoi alt 34 nó imscrúdú faoi alt 36 a sheoladh cibé nós imeachta is cuí leis an gCoimisinéir in imthosca uile an cháis agus, gan dochar don mhéid sin roimhe seo, beidh sé chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir ach é a bheith i gcomhréir le comhlíonadh cuí fheidhmeanna an Choimisinéara.

(7) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh nó a bhacfaidh nó a choiscfidh an Coimisinéir i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó iad araon a chur air nó uirthi.

(8) Níl feidhm ag an alt seo maidir le taifead a bhfuil deimhniú faoi alt 25 i bhfeidhm ina leith.

Spreagfaidh an Coimisinéir comhlachtaí poiblí chun faisnéis a fhoilsiú.

38. —I dteannta na bhfoilseachán dá ndéantar foráil le hailt 15 agus 16, déanfaidh an Coimisinéir comhlachtaí poiblí a chothú agus a spreagadh chun faisnéis is iomchuí nó is díol suime don phobal i gcoitinne a fhoilsiú, ar faisnéis í i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí agus lena gcuid feidhmeanna i gcoitinne.

An Coimisinéir d'fhoilsiú tráchtaireachtaí maidir le feidhm phraiticiúil, etc., an Achta.

39. —Féadfaidh an Coimisinéir tráchtaireachtaí ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta seo, nó aon fhorálacha áirithe den Acht seo, a ullmhú agus a fhoilsiú, lena n-áirítear tráchtaireachtaí a bheidh bunaithe ar thaithí shealbhóirí oifig an Choimisinéara i ndáil le hathbhreithnithe, agus i ndáil le breitheanna tar éis athbhreithnithe, de chuid sealbhóirí den sórt sin faoi alt 34 .

Tuarascálacha ón gCoimisinéir.

40. —(1) Déanfaidh an Coimisinéir, gach bliain tar éis na bliana ina dtiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) tuarascáil a ullmhú i ndáil lena chuid nó lena cuid gníomhaíochtaí faoin Acht seo sa bhliain roimhe sin, agus

(b) cóip d'aon tuarascáil a thabharfar dó nó di faoi alt 25 (11) a chur mar fhoscríbhinn leis an tuarascáil,

(c) a chur faoi deara cóipeanna den tuarascáil agus d'aon chóip dá dtagraítear i mír (b) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail nó ar mhaithe le leasanna aon duine, tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú i ndáil le haon imscrúdú, nó athbhreithniú a bheidh déanta, nó i ndáil le haon fheidhm eile a bheidh comhlíonta, aige nó aici faoin Acht seo nó i ndáil le haon ní a bhaineann le himscrúdú, le hathbhreithniú nó le comhlíonadh den sórt sin nó a éiríonn i gcúrsa imscrúdú, athbhreithniú nó comhlíonadh den sórt sin.

CUID V

Ilghnéitheach

Breitheanna a mheasfar a bheith tugtha i gcásanna áirithe.

41. —(1) I gcás nach ndéanfar fógra maidir le breith faoi alt 8 17 a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann nó don duine a rinne an t-iarratas lena mbaineann faoi alt 17 roimh dhul in éag don tréimhse a shonraítear chun na críche sin in alt 8 17, de réir mar a bheidh, measfar, chun críocha an Achta seo, gur tugadh breith ag diúltú géilleadh don iarraidh faoi alt 7 , nó don iarratas faoi alt 17 , ar an dul in éag sin agus gur duine a raibh na feidhmeanna iomchuí tarmligthe chuige nó chuici faoi alt 4 a thug í.

(2) I gcás nach ndéanfar fógra maidir le breith faoi alt 14 a thabhairt don duine a rinne an t-iarratas lena mbaineann faoin alt sin roimh dhul in éag don tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (4) den chéanna, measfar, chun críocha an Achta seo, gur tugadh breith ag daingniú na breithe lena mbaineann an t-iarratas ar an dul in éag sin.

(3) I gcás nach ndéanfar ráiteas faoi fho-alt (1), nó fógra maidir le breith faoi fho-alt (4), d'alt 18 a thabhairt don duine a rinne an t-iarratas faoin bhfo-alt (1) sin lena mbaineann roimh dhul in éag don tréimhse a shonraítear chun na críche sin san fho-alt (1)(4) sin, de réir mar a bheidh, measfar, chun críocha an Achta seo, gur tugadh breith ag diúltú géilleadh don iarratas ar an dul in éag sin agus gur duine a raibh na feidhmeanna iomchuí tarmligthe chuige nó chuici faoi alt 4 a thug í.

Achomharc chun na hArd-Chúirte.

42. —(1) Féadfaidh páirtí in athbhreithniú faoi alt 34 nó aon duine eile a ndéanann breith an Choimisinéara tar éis athbhreithniú den sórt sin difear dó nó di achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na breithe.

(2) Féadfaidh an t-iarrthóir lena mbaineann nó aon duine eile a ndéanann—

(a) eisiúint deimhnithe faoi alt 25 ,

(b) breith, de bhun alt 8 , diúltú géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 i ndáil le taifead is ábhar don deimhniú sin, nó

(c) breith, de bhun alt 14 , diúltú géilleadh d'iarraidh den sórt sin, nó seasamh le breith diúltú géilleadh d'iarraidh den sórt sin,

difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne na heisiúna sin nó i gcoinne na breithe sin.

(3) Féadfaidh duine achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte—

(a) i gcoinne breithe faoi alt 14 , nó

(b) i gcoinne breithe a shonraítear i mír (a), (b), (c), (d), (e), (f)(g) d'fho-alt (1) den alt sin (seachas breith den sórt sin arna tabhairt ag duine a raibh an fheidhm tarmligthe chuige nó chuici faoi alt 4 tráth na breithe a thabhairt),

arna tabhairt ag an gCoimisinéir i leith taifid a bheidh i seilbh Oifig an Choimisinéara nó (i gcás go mbeidh an duine céanna i seilbh oifig an Ombudsman agus oifig an Choimisinéara) arna tabhairt ag an Ombudsman i leith taifid a bheidh i seilbh Oifig an Ombudsman.

(4) Déanfar achomharc faoi fho-alt (1), (2)(3) a thionscnamh tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis fógra maidir leis an mbreith lena mbaineann a thabhairt don duine a bheidh ag tionscnamh an achomhairc.

(5) Féadfaidh an Coimisinéir aon cheist dlí a éireoidh in athbhreithniú faoi alt 34 a tharchur chuig an Ard-Chúirt lena cinneadh, agus féadfaidh an Coimisinéir déanamh breithe tar éis an athbhreithnithe a chur siar go dtí cibé tráth is cuí leis nó léi tar éis chinneadh na hArd-Chúirte.

(6) (a) I gcás go ndéanfaidh an Ard-Chúirt achomharc faoin alt seo ó dhuine, seachas ó cheann, a dhíbhe, féadfaidh an Chúirt sin, má mheasann sí gur ghabh tábhacht phoiblí eisceachtúil leis an bponc dlí lena mbaineann, a ordú go ndéanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann cuid de chostais an duine i ndáil leis an achomharc, nó iad go léir, a íoc.

(b) Féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go ndéanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann cuid de chostais duine (seachas ceann) i ndáil le tarchur faoin alt seo, nó iad go léir, a íoc.

(7) Maidir le breith ón Ard-Chúirt tar éis achomhairc faoi fho-alt (1), (2)(3), sonrófar inti, i gcás gur cuí sin, an tréimhse ar laistigh di a thabharfar éifeacht don bhreith.

(8) Is breith chríochnaitheach dhochloíte breith na hArd-Chúirte ar achomharc nó ar tharchur faoin alt seo.

Réamhchúraimí ag an Ard-Chúirt agus ag an gCoimisinéir in aghaidh faisnéis áirithe a nochtadh.

43. —(1) In imeachtaí san Ard-Chúirt faoin Acht seo nó i ndáil leis an Acht seo, glacfaidh an Chúirt sin gach réamhchúram réasúnach chun cosc a chur leis na nithe seo a leanas a nochtadh don phobal nó, más cuí, do pháirtí (seachas ceann) sna himeachtaí—

(a) faisnéis atá i dtaifead díolmhaithe, nó

(b) faisnéis i dtaobh taifead a bheith ann nó gan a bheith ann i gcás go gceanglaítear leis an Acht seo ar an gceann lena mbaineann gan a nochtadh an ann nó nach ann don taifead.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna réamhchúraimí faoin bhfo-alt sin—

(a) iomlán aon imeachtaí den sórt sin mar a dúradh, nó cuid díobh, a éisteacht ar shlí seachas go poiblí,

(b) toirmeasc a chur le foilsiú aon fhaisnéise den sórt sin i ndáil le haon imeachtaí a chinnfidh sí, lena n-áirítear faisnéis i ndáil leis na páirtithe sna himeachtaí agus faisnéis i ndáil lena bhfuil in orduithe arna ndéanamh ag an Ard-Chúirt sna himeachtaí, agus

(c) scrúdú a dhéanamh ar thaifead nó ar chóip de thaifead gan rochtain ar an gcéanna nó faisnéis maidir leis an gcéanna a thabhairt do pháirtí (seachas ceann) sna himeachtaí.

(3) Déanfaidh an Coimisinéir, le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, gach réamhchúram réasúnach a ghlacadh (lena n-áirítear an t-iomlán nó cuid d'athbhreithniú faoi alt 34 nó d'imscrúdú faoi alt 36 a sheoladh ar shlí seachas go poiblí) chun cosc a chur le faisnéis a shonraítear i mír (a)(b) d'fho-alt (1) a nochtadh don phobal nó, i gcás athbhreithniú den sórt sin, do pháirtí (seachas ceann) sna himeachtaí lena mbaineann.

Bac ar bhreitheanna áirithe.

44. —(1) Tá feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le breith géilleadh d'iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 29 maidir léi, agus

(b) maidir le breith faoi alt 34 .

(2) Ní thabharfar éifeacht do bhreith a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi—

(a) roimh dhul in éag don tréimhse ama—

(i) chun iarratas a dhéanamh go ndéanfar athbhreithniú ar an mbreith faoi alt 34 , nó

(ii) chun achomharc chun na hArd-Chúirte a thionscnamh i gcoinne na breithe,

de réir mar is cuí,

(b) más rud é go ndéanfar iarratas nó go dtionscnófar achomharc den sórt sin, roimh an gcéanna a chinneadh nó a tharraingt siar,

cibé acu is déanaí.

Díolúine ó imeachtaí dlíthiúla.

45. —(1) Tá feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le gníomh arb éard é géilleadh nó géilleadh go páirteach faoi alt 8 nó de bhua alt 14 34, d'iarraidh faoi alt 7 ,

(b) maidir le gníomh arb éard é ráiteas a shonraítear in alt 18 a thabhairt do dhuine faoin alt sin, nó

(c) maidir le gníomh arb éard é doiciméad a shonraítear in alt 15 16 a fhoilsiú faoin alt sin,

ar gníomh é a ceanglaíodh nó a údaraíodh leis an Acht seo agus a chomhlíon forálacha an Achta seo nó ar chreid an ceann lena mbaineann le réasún gur ceanglaíodh nó gur údaraíodh amhlaidh é agus gur chomhlíon sé forálacha an Achta seo.

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ní bheidh aon ábhar imeachtaí sibhialta nó coiriúla ann in aon chúirt—

(a) ina gcoinne seo a leanas—

(i) an Stát,

(ii) comhlacht poiblí,

(iii) ceann,

(iv) stiúrthóir ar chomhlacht poiblí nó comhalta d'fhoireann comhlachta phoiblí, nó

(v) duine a sholáthraíonn seirbhís do chomhlacht poiblí faoi chonradh le haghaidh seirbhísí leis an gcomhlacht,

i leith gnímh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis nó i leith iarmhairtí aon ghnímh den sórt sin, nó

(b) i gcoinne údair taifid lena mbaineann gníomh a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) nó i gcoinne aon duine eile i leith aon fhoilsiú a ghabhann leis an ngníomh sin nó a éiríonn as an ngníomh sin de bhrí gur sholáthair an t-údar sin nó an duine eile sin an taifead don chomhlacht poiblí.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (2) i ndáil le himeachtaí maidir le sárú dualgais a fhorchuirtear le halt 16.

(4) Ní bheidh aon ábhar imeachtaí sibhialta nó coiriúla ann in aon chúirt i gcoinne an Choimisinéara nó comhalta d'fhoireann an Choimisinéara i leith aon ní a deir nó a dhéanann an Coimisinéir nó an comhalta de mheon macánta i gcúrsa comhlíonadh nó comhlíonadh airbheartaithe feidhme de chuid an Choimisinéara nó de chuid an chomhalta.

(5) Má ghéilltear d'iarraidh faoi alt 7 , ní ghlacfar leis sin mar ní is ionann agus údarú nó ceadú—

(a) chun críocha an dlí a bhaineann le clúmhilleadh nó le sárú rúndachta, go ndéanfadh an t-iarrthóir lena mbaineann nó aon duine eile an taifead lena mbaineann nó aon fhaisnéis atá sa taifead sin a fhoilsiú,

(b) chun críocha dhlí an chóipchirt, go ndéanfadh an t-iarrthóir lena mbaineann aon ghníomh a chuimsítear sa chóipcheart—

(i) in aon saothar litríochta, saothar drámaíochta, saothar ceoil nó saothar ealaíne,

(ii) in aon fhuaimthaifeadadh, scannán cineamatagrafach, craoladh teilifíse nó fuaimchraoladh, nó

(iii) in eagrán foilsithe de shaothar litríochta, de shaothar drámaíochta, de shaothar ceoil nó de shaothar ealaíne, atá sa taifead lena mbaineann, nó

(c) chun críocha an Achta um Chosaint Taibheoirí, 1968 , go ndéanfadh an t-iarrthóir lena mbaineann, i ndáil le haon taifead nó scannán cineamatagrafach (de réir bhrí, i ngach cás, an Achta sin) atá sa taifead lena mbaineann, aon ghníomh a thoirmisctear leis an Acht sin.

(6) Aon fhocail nó abairtí a úsáidtear i bhfomhír (i), (ii)(iii) d'fho-alt (5) (b) agus a úsáidtear freisin san Acht Cóipchirt, 1963 , tá na bríonna céanna leo sna fomhíreanna sin atá leo san Acht sin.

Srian leis an Acht.

46. —(1) Níl feidhm ag an Acht seo—

(a) maidir le taifead atá ina seilbh acu seo a leanas:

(i) na cúirteanna,

(ii) binse a gcuirtear an Tribunals of Inquiry (Evidence) Act, 1921, chun feidhme ina leith, nó

(iii) binse seirbhíse de réir bhrí alt 161 den Acht Cosanta, 1954 ,

agus a bhaineann le cúirt nó le binse den sórt sin nó le himeachtaí i gcúirt nó i mbinse den sórt sin, seachas—

(I) taifead a bhaineann le himeachtaí i gcúirt nó i mbinse den sórt sin arna seoladh go poiblí ach nach ndearna an chúirt nó an binse é a chruthú agus nach bhfuil a nochtadh don phobal i gcoitinne toirmiscthe ag an gcúirt nó ag an mbinse, nó

(II) taifead a bhaineann le riarachán ginearálta na gcúirteanna nó oifigí na gcúirteanna nó le riarachán ginearálta binse den sórt sin nó aon oifigí de chuid binse den sórt sin,

(b) maidir le taifead a shealbhaíonn nó a chruthaigh an tArd-Aighne nó an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó Oifig an Ard-Aighne nó an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (seachas taifead a bhaineann le riarachán ginearálta ceachtar de na hOifigí sin),

(c) maidir le taifead a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) athbhreithniú faoi alt 34 nó imscrúdú faoi alt 36 ,

(ii) iniúchadh, cigireacht nó scrúdú arna dhéanamh nó arna déanamh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi Achtanna an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 agus 1993, agus faoi na Exchequer and Audit Department Acts, 1866 and 1921, nó faoi aon achtachán eile, nó

(iii) imscrúdú nó scrúdú arna dhéanamh ag an Ombudsman faoin Acht Ombudsman, 1980 ,

seachas—

(I) taifead den sórt sin a cruthaíodh roimh thosach an athbhreithnithe, an imscrúdaithe, an iniúchta, na cigireachta nó an scrúdaithe réamhráite, nó

(II) taifead a bhaineann le riarachán ginearálta Oifig an Choimisinéara, Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nó Oifig an Ombudsman,

(d) maidir le taifead a bhaineann leis an Uachtarán,

(e) maidir le taifead a bhaineann le haon cheann de pháipéir phríobháideacha (de réir bhrí Airteagal 15.10 den Bhunreacht) chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó le doiciméad oifigiúil de chuid ceachtar Teach den Oireachtas nó den dá Theach acu sin a gceanglaítear déileáil leis i modh rúin le rialacha nó le buan-orduithe ceachtar Teach acu sin nó an dá Theach sin, nó

(f) maidir le taifead a bhaineann le faisnéis a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, dá nochtfaí í, go léireofaí, nó go dtiocfadh de go léireofaí—

(i) céannacht duine a chuir faisnéis ar fáil do chomhlacht poiblí i modh rúin i ndáil le forfheidhmiú an dlí choiriúil, nó

(ii) aon fhoinse eile faisnéise den sórt sin a cuireadh ar fáil i modh rúin do chomhlacht poiblí.

(2) Faoi réir fho-alt (3), níl feidhm ag an Acht seo—

(a) maidir le taifead atá ar fáil lena iniúchadh ag daoine den phobal cibé acu ar tháille a íoc nó saor in aisce, nó

(b) maidir le taifead a bhfuil cóip de ar fáil lena ceannach nó lena tabhairt chun siúil saor in aisce ag daoine den phobal,

de bhua achtacháin (seachas an tAcht seo) nó ar shlí eile.

(3) Ní bheidh taifead faoi réim fho-alt (2) de bhíthin amháin go bhfuil faisnéis ann arb éard í sonraí pearsanta a bhfuil feidhm ag an Acht um Chosaint Sonraí, 1988 , maidir leo.

Táillí.

47. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, déanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann táille de cibé méid is cuí ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo a ghearradh agus déanfaidh an t-iarrthóir lena mbaineann í a íoc leis an gcomhlacht i leith géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 .

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh méid táille faoin alt seo—

(a) comhionann leis an gcostas measta a ghabhann leis an taifead lena mbaineann a chuardach agus a aisghabháil, agus

(b) comhionann le costas measta aon chóip den taifead arna déanamh ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann don iarrthóir lena mbaineann,

de réir mar a chinnfidh an ceann lena mbaineann.

(3) Chun críocha fho-alt (2)

(a) déanfar méid an chostais a ghabhann le taifead a chuardach agus a aisghabháil a ríomh de réir ráta cibé méid san uair an chloig a bheidh forordaithe de thuras na huaire i leith an ama a bheidh caite, nó ba chóir, i dtuairim an chinn lena mbaineann, a bheith caite, ag gach duine lena mbaineann le linn dó nó di an cuardach agus an aisghabháil a dhéanamh go héifeachtúil, agus

(b) ní mó méid an chostais a shonraítear i bhfo-alt (2) (b) ná cibé méid (más ann) a bheidh forordaithe de thuras na huaire agus beidh cinneadh an méid sin de réir aon fhorálacha a bheidh forordaithe de thuras na huaire i ndáil leis an gcinneadh sin.

(4) Más rud é nach mbeidh sa taifead nó sna taifid lena mbaineann ach faisnéis phearsanta i ndáil leis an iarrthóir lena mbaineann, ansin, le linn méid na táille faoi fho-alt (1) a ríomh—

(a) tabharfar neamhaird ar mhír (a) d'fho-alt (2) mura rud é go mbaineann an géilleadh lena mbaineann le líon suntasach taifead, agus

(b) tabharfar neamhaird ar mhír (b) den fho-alt sin más rud é, i dtuairim an chinn lena mbaineann, nach mbeadh sé réasúnach, ag féachaint d'acmhainn an iarrthóra agus do chineál an taifid lena mbaineann, an costas a shonraítear sa mhír sin a áireamh sa ríomh.

(5) Féadfaidh ceann méid na táille nó na héarlaise faoi fho-alt (1)(7) a laghdú nó a tharscaoileadh más dóigh leis nó léi go mbeadh cuid den fhaisnéis nó an fhaisnéis go léir atá sa taifead lena mbaineann ina cúnamh ar leith chun saincheist a bhfuil tábhacht náisiúnta léi a thuiscint.

(6) Ní ghearrfar táille faoi fho-alt (1) más rud é, i dtuairim an chinn lena mbaineann, go mbeadh an costas a ghabhann leis an táille a bhailiú agus le cuntas a thabhairt ina leith, mar aon le haon chostais riaracháin eile a thabhóidh an comhlacht poiblí lena mbaineann i ndáil leis an táille, níos mó ná méid na táille.

(7) Más rud é, i dtuairim an chinn lena mbaineann, gur dócha go mbeadh an costas measta, de réir mar a chinnfidh an ceann, a ghabhann le taifead is ábhar d'iarraidh faoi alt 7 a chuardach agus a aisghabháil níos mó ná £40 nó cibé méid eile a bheidh cinnte de thuras na huaire—

(a) déanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann éarlais de cibé méid a chinnfidh an ceann (ar méid é nach lú ná 20 faoin gcéad den chostas sin) a ghearradh agus déanfaidh an t-iarrthóir lena mbaineann í a íoc leis an gcomhlacht,

(b) ní thosóidh an comhlacht an próiseas chun taifead a chuardach agus a aisghabháil go dtí go mbeidh an éarlais íoctha, agus

(c) déanfaidh an ceann, tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis an iarraidh réamhráite a fháil, a chur faoi deara iarraidh i scríbhinn ar íoc na héarlaise a thabhairt don iarrthóir agus beidh sa doiciméad meastachán ar an bhfad ama a thógfaidh an próiseas chun an taifead a chuardach agus a aisghabháil agus ráiteas á rá nach gcuirfear tús leis an bpróiseas go dtí go mbeidh an éarlais íoctha agus go ndéanfar an dáta a dtabharfar breith i ndáil leis an iarraidh a chinneadh faoi threoir dháta na híocaíochta sin.

(8) I gcás a bhfuil feidhm ag fo-alt (7) maidir leis, déanfaidh an ceann lena mbaineann, má iarrann an t-iarrthóir lena mbaineann amhlaidh air nó uirthi—

(a) a shonrú dó nó di na leasuithe (más ann) ar an iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann a mbeadh d'éifeacht leo, dá ndéanfaí iad, an éarlais is iníoctha faoin bhfo-alt sin a laghdú nó a chealú, agus

(b) i gcás go sonrófar leasuithe faoi mhír (a), cibé leasuithe acu (más ann) a chinnfidh an t-iarrthóir a dhéanamh ar an iarraidh.

(9) Más rud é go n-íocfar éarlais faoi fho-alt (7), déanfar méid na táille faoi fho-alt (1) is iníoctha i leith géilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann a laghdú de mhéid na héarlaise.

(10) Más rud é go n-íocfar éarlais faoi fho-alt (7) agus, ina dhiaidh sin, go ndiúltófar géilleadh don iarraidh faoi alt 7 lena mbaineann nó nach ngéillfear di ach amháin i ndáil le cuid den taifead lena mbaineann, déanfar méid na héarlaise nó, más rud é go mbeidh táille faoin alt seo iníoctha i leith géilleadh di, an oiread sin (más ann) den mhéid sin ar mó é ná méid na táille, a aisíoc leis an iarrthóir lena mbaineann.

(11) Más rud é go n-íocfar táille nó éarlais faoin alt seo agus, ina dhiaidh sin, go ndéanfar an táille nó an éarlais a neamhniú nó a athrú faoi alt 14 , 3442, déanfar méid na táille nó na héarlaise arna neamhniú amhlaidh nó, de réir mar a bheidh, aon mhéid den chéanna is mó ná méid an chéanna arna athrú amhlaidh, a aisíoc leis an iarrthóir lena mbaineann.

(12) Forléireofar alt 8 (1) agus beidh éifeacht leis—

(a) i ndáil le cás ina mbeidh éarlais iníoctha faoi fho-alt (7), amhail is dá mba é a bhí sa tagairt do 4 sheachtain tagairt do thréimhse arb éard í 4 sheachtain mar aon leis an tréimhse ón iarraidh faoi fho-alt (7) lena mbaineann a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann go dtí an dáta a bhfaighfear an éarlais,

(b) i ndáil le cás ina ndéanfar éarlais den sórt sin a neamhniú tar éis athbhreithniú faoi alt 14 34 nó tar éis achomhairc faoi alt 42 , amhail is dá mba é a bhí sa tagairt do 4 sheachtain tagairt do thréimhse arb éard í 4 sheachtain mar aon leis an tréimhse ón iarraidh faoi fho-alt (7) lena mbaineann a thabhairt don iarrthóir lena mbaineann go dtí dáta na breithe faoi alt 42 nó, de réir mar a bheidh, go dtí an dáta a dtabharfar fógra faoi alt 14 34 maidir leis an mbreith don iarrthóir lena mbaineann, agus

(c) i ndáil le cás ina mbeidh d'éifeacht le leasú de bhun fho-alt (8) éarlais den sórt sin a chealú, amhail is dá mba thagairt don leasú a dhéanamh an tagairt d'iarraidh a fháil faoin alt sin.

(13) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí faoin alt seo.

Leasú ar an Acht um Rúin Oifigiúla, 1963 .

48. —(1) Aon duine a bheidh údaraithe, nó a chreidfidh le réasún go bhfuil sé nó sí údaraithe, leis an Acht seo chun faisnéis oifigiúil a chur i bhfios do dhuine eile, measfar, chun críocha alt 4 den Acht um Rúin Oifigiúla, 1963 , go bhfuil sé nó sí údaraithe go cuí chun an fhaisnéis sin a chur i bhfios.

(2) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 5 nó 9 den Acht sin, is cosaint é a chruthú, maidir leis an ngníomh lena mbaineann an cúiseamh sa chion, go bhfuil sé údaraithe, nó go gcreideann an duine a chúiseofar, le réasún, go bhfuil sé údaraithe, leis an Acht seo.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Alt 2.

Comhlachtaí Poiblí

1. Is comhlacht poiblí gach ceann díobh seo a leanas chun críocha an Achta seo:

(1) An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta,

An Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta,

An Roinn Cosanta,

An Roinn Oideachais,

An Roinn Fiontar agus Fostaíochta,

An Roinn Comhshaoil,

An Roinn Comhionannais agus Athchóirithe Dlí,

An Roinn Airgeadais,

An Roinn Gnóthaí Eachtracha,

An Roinn Sláinte,

An Roinn Dlí agus Cirt (lena n-áirítear an tSeirbhís Phromhaidh agus Leasa),

Roinn na Mara,

An Roinn Leasa Shóisialaigh,

Roinn an Taoisigh,

An Roinn Turasóireachta agus Trádála,

An Roinn Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide,

Oifig an Tánaiste,

Oifig an Ard-Aighne.

(2) Bord na nArm-Phinsean,

An Bord Seirbhíse Fuilaistriúcháin,

Bord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bord Ard-Mhúsaem na hÉireann,

An Bord Pleanála,

An Bord um Chinsireacht Foilseachán,

An Phríomh-Oifig Staidrimh,

Coimisinéirí na Státseirbhíse,

An Coimisiún Logainmneacha,

Comhairle na Nimheanna,

Comhairle na nOspidéal,

Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí

Carthanúla,

An Oifig um Chlárú Cuideachtaí,

An tÚdarás Iomaíochta,

Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí,

Óglaigh na hÉireann,

An Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta,

Seirbhís Eolais an Chomhshaoil,

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil,

Seirbhísí Eolais an Rialtais,

An Chomhairle Oidhreachta,

Coimisiún na hÉireann — na Stát Aontaithe um Malartú

Oideachasúil,

Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann,

Bord Leigheasra na hÉireann,

Comhairle Spóirt na hÉireann,

Clárlann na Talún,

Na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla,

An Chartlann Náisiúnta,

An Chomhairle um an gCartlann Náisiúnta,

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta,

Dánlann Náisiúnta na hÉireann,

Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc chun críocha na nAchtanna Cánach,

Oifig an Phríomh-Dhochtúra don Státseirbhís,

Oifig an Choimisinéara,

Oifig Choimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann na hÉireann,

Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste,

Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí,

Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí,

Oifig Thithe an Oireachtais,

Oifig Scrúdóir Oifigiúil na Scannán,

Oifig an Ombudsman,

Oifig Chláraitheoir na gCara-Chumann,

Oifig na bPaitinní,

An Bord Pinsean,

An Coimisiún um Oifigí Poiblí,

Clárlann na nGníomhas,

Na Coimisinéirí Ioncaim,

An Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh,

An tSaotharlann Stáit.

(3) údarás áitiúil.

(4) bord sláinte.

(5) aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe de thuras na huaire, le toiliú cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas, agus arb éard a bheidh ann—

(a) an Garda Síochána,

(b) comhlacht, eagraíocht nó grúpa a bunaíodh—

(i) le haon achtachán nó faoi aon achtachán (seachas Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990) nó le haon scéim nó faoi aon scéim arna riaradh ag Aire den Rialtas,

(ii) faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, de bhun cumhachtaí a thugtar le hachtachán eile nó faoi achtachán eile, agus a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, le hairgead arna sholáthar, nó le hiasachtaí arna ndéanamh nó arna ráthú, ag Aire den Rialtas nó le heisiúint scaireanna arna sealbhú ag Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas,

(c) aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa eile a mhaoinítear mar a dúradh,

(d) cuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) a bhfuil tromlach de na scaireanna inti á shealbhú ag Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas,

(e) aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa eile a bheidh ceaptha ag an Rialtas nó ag Aire den Rialtas,

(f) faoi réir mhír (2), aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa eile a bhfuil feidhmeanna i ndáil leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne tugtha dó nó di le haon achtachán, nó

(g) fochomhlacht de chuid comhlachta, eagraíochta nó grúpa a shonraítear in aon cheann de na forálacha sin roimhe seo den fhomhír seo.

2. Ní comhlacht poiblí comhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe de bhun rialachán chun críocha chlásal (f) de mhír 1 (5) ach amháin i leith feidhmeanna dá dtagraítear sa chlásal sin.

3. Féadfaidh an tAire, le toiliú cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas, fomhír (2) de mhír 1 a leasú, le rialacháin, trí thagairt d'aon chomhlacht poiblí a scriosadh.

4. Déanfar tagairt i bhfomhír (1) de mhír 1 d'aon Roinn áirithe Stáit a fhorléiriú—

(a) mar thagairt a fholaíonn tagairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do ghrúpa a shonraítear i ndáil leis an Roinn Stáit sin sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (nach comhlacht poiblí é a shonraítear i bhfomhír (2) den mhír sin), agus

(b) mar thagairt nach bhfolaíonn aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa eile.

AN DARA SCEIDEAL

Alt 33 .

An Coimisinéir Faisnéise

1. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh aon duine a cheapfar mar Choimisinéir i seilbh oifige go ceann téarma 6 bliana agus féadfar é nó í a athcheapadh chun na hoifige don dara téarma nó do théarma dá éis.

2. Aon duine a cheapfar mar Choimisinéir—

(a) féadfaidh an tUachtarán, ar an duine féin á iarraidh sin, é nó í a scaoileadh ó oifig,

(b) féadfaidh an tUachtarán é nó í a chur as oifig ach ní chuirfear as oifig é nó í ach amháin mar gheall ar mhí-iompar sonraithe, éagumas nó féimheacht ná ansin féin ach tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag éileamh é nó í a chur as oifig,

(c) éireoidh sé nó sí as oifig ar chaoi ar bith ar 67 mbliana d'aois a shlánú.

3. (1) Más rud é, i gcás duine a shealbhaíonn oifig an Choimisinéara—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó d'údarás áitiúil nó chun Parlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1993) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina Choimisinéir nó ina Coimisinéir.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi bhuanorduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa nó d'údarás áitiúil, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun a cheaptha nó a ceaptha mar Choimisinéir.

4. Aon duine a bheidh i seilbh oifig an Choimisinéara ní shealbhóidh sé nó sí aon oifig nó fostaíocht eile a bhfuil díolaíochtaí iníoctha ina leith ná ní bheidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta de na hÓglaigh Cúltaca.

5. Íocfar leis an gCoimisinéir, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham.

6. (1) Féadfaidh an tAire scéim nó scéimeanna a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí, is scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí nó liúntais a dheonú, ar scor nó ar bhás, do dhaoine a bhí i seilbh oifig an Choimisinéara nó i leith na ndaoine sin.

(2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, scéim nó scéimeanna lena leasaítear nó lena gcúlghairtear scéim faoin mír seo a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(3) Déanfar scéim faoin mír seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

7. (1) Féadfaidh an tAire cibé líon daoine a chinnfidh an tAire ó am go ham, a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.

(2) Beidh comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara ina státseirbhísigh i Státseirbhís an Stáit (de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 ).

(3) Féadfaidh an tAire na cumhachtaí is infheidhmithe aige nó aici faoi Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, mar an t-údarás iomchuí i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara a tharmligean chun an Choimisinéara agus, má dhéanann an tAire amhlaidh, ansin, fad a fhanfaidh an tarmligean i bhfeidhm—

(a) beidh na cumhachtaí sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Aire, infheidhmithe ag an gCoimisinéir, agus

(b) is é nó is í an Coimisinéir, in ionad an Aire, an t-údarás iomchuí chun críocha an Achta seo i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.

8. (1) Coimeádfaidh an Coimisinéir, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh sé nó sí agus na cuntais speisialta sin go léir (más ann) a ordóidh an tAire.

(2) Déanfaidh an Coimisinéir cuntais a choimeádfar de bhun na míre seo i leith gach bliana a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an bhliain ina dhiaidh sin, ar dháta nach déanaí ná dáta a shonróidh an tAire lena n-iniúchadh agus, a luaithe is féidir tar éis an iniúchta déanfaidh an Coimisinéir cóip de na cuntais sin, nó de cibé sleachta as na cuntais sin a shonróidh an tAire, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir leis na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean nó sise faoi deara cóipeanna de na doiciméid a tíolacadh dó nó di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

9. Féadfaidh an Coimisinéir aon fheidhm de chuid an Choimisinéara (seachas feidhmeanna faoin mír seo nó faoi alt 40 ) a tharmligean chuig comhalta d'fhoireann an Choimisinéara agus beidh éifeacht le fo-ailt (2) go (4) d'alt 4, fara aon mhodhnuithe is gá, chun críocha tarmligin faoin mír seo amhail mar atá éifeacht leo chun críocha tarmligin faoin alt sin; agus déanfar tagairtí san Acht seo don Choimisinéir a fhorléiriú, más cuí, ag féachaint d'aon tarmligean faoin mír seo, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon duine a mbeidh feidhmeanna tarmligthe chuige nó chuici leis an tarmligean.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Alt 32 .

Achtacháin a Eisiatar ó Fheidhm Alt 32

CUID I

Reachtanna

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

An Fhoráil

Uimh. 26 de 1946

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1946 .

Alt 22.

Uimh. 1 de 1963

An tAcht um Rúin Oifigiúla, 1963 .

Ailt 4, 5 agus 9.

Uimh. 14 de 1969

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1969 .

Alt 14.

Uimh. 30 de 1976

An tAcht Gáis, 1976 .

Alt 20.

Uimh. 16 de 1977

An tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 .

Alt 43(5).

Uimh. 5 de 1979

An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979 .

Alt 15.

Uimh. 36 de 1980

An tAcht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 .

Alt 18.

Uimh. 26 de 1983

An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 .

Alt 37.

Uimh. 28 de 1983

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1983 .

Alt 13.

Uimh. 2 de 1984

An tAcht um an mBord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí, 1984 .

Alt 16.

Uimh. 9 de 1986

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1986 .

Ailt 42 agus 43.

Uimh. 14 de 1986

An tAcht um Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine, 1986 .

Alt 20.

Uimh. 31 de 1986

An tAcht Iompair (Córas Iompair Éireann a Atheagrú), 1986 .

Alt 22.

Uimh. 10 de 1987

An tAcht um Áiseanna Saothair, 1987 .

Alt 13.

Uimh. 31 de 1987

An tAcht um Chleachtais Srianta (Leasú), 1987 .

Alt 36.

Uimh. 18 de 1988

An tAcht Talmhaíochta (Taighde, Oiliúint agus Comhairle), 1988 .

Alt 14.

Uimh. 26 de 1988

An tAcht Foraoiseachta, 1988 .

Alt 33.

Uimh. 7 de 1989

An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 1989 .

Alt 45.

Uimh. 1 de 1990

An tAcht um Bord Glas, 1990 .

Alt 23.

Uimh. 18 de 1990

An tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 .

Alt 14.

Uimh. 19 de 1990

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1990 .

Alt 25(6).

Uimh. 25 de 1990

Acht na bPinsean, 1990 .

Alt 24.

Uimh. 2 de 1991

An tAcht um Fhoras na Mara, 1991.

Alt 15.

Uimh. 9 de 1991

An tAcht um Chosaint Raideolaíoch, 1991.

Alt 36(1)(d).

Uimh. 22 de 1991

An tAcht um Thrádáil agus Margaíocht a Spreagadh, 1991.

Alt 10.

Uimh. 24 de 1991

An tAcht Iomaíochta, 1991.

Mír 9 den Sceideal.

Uimh. 7 de 1992

An tAcht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992.

Alt 39.

Uimh. 14 de 1993

Acht na mBóithre, 1993.

Alt 38.

Uimh. 19 de 1993

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1993 .

Míreanna 4 agus 5 den Dara Sceideal.

Uimh. 27 de 1993

An tAcht um Údarás Eitlíochta na hÉireann, 1993.

Alt 35.

Uimh. 18 de 1994

An tAcht um Thionscal Rásaíochta Capall na hÉireann, 1984.

Alt 17.

Uimh. 25 de 1994

Acht an Bhainne (Soláthar a Rialáil), 1994.

Alt 16(1).

Uimh. 29 de 1995

An tAcht um Bord Leigheasra na hÉireann, 1995.

Alt 23.

Uimh. 4 de 1996

An tAcht Árachais Sláinte Shaorálaigh (Leasú), 1996.

Alt 8.

Uimh. 11 de 1996

An tAcht Cuanta, 1996.

Alt 33.

Uimh. 21 de 1996

An tAcht um an mBord Bia, 1996.

Alt 26.

CUID II

Ionstraimí Reachtúla

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

An Fhoráil

Uimh. 222 de 1983

Rialacháin na dTithe (Binse Cíosa), 1983.

Airteagal 14(3).

Uimh. 175 de 1983

An tOrdú um Chomhairle na Seirbhísí Dóiteáin (Bunú), 1983.

Airteagal 13.