26 1997

/images/harp.jpg


Uimhir 26 de 1997


AN tACHT UM CHIONTA NEAMH-MHARFACHA IN AGHAIDH AN DUINE, 1997

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Ionsaí.

3.

Ionsaí is cúis le díobháil a dhéanamh.

4.

Díobháil thromchúiseach a dhéanamh.

5.

Bagairtí duine a mharú nó díobháil thromchúiseach a dhéanamh.

6.

Ionsaithe le steallaire, etc.

7.

Cion arb éard é steallaire, etc., a shealbhú in imthosca áirithe agus urghabháil an chéanna ag comhalta den Gharda Síochána.

8.

Steallaire a shuíomh nó a thréigean.

9.

Comhéigean.

10.

Ciapadh.

11.

Éilimh go n-íocfar fiach ar cúis iad le scaoll, etc.

12.

Nimhiú.

13.

Cur i gcontúirt.

14.

Trácht a chur i gcontúirt.

15.

Príosúnú neamhdhleathach.

16.

Fuadach linbh ag tuismitheoir, etc.

17.

Fuadach linbh ag daoine eile.

18.

Úsáid dhlíthiúil fornirt; duine nó maoin a chosaint, coireacht a chosc, etc.

19.

Úsáid dhlíthiúil fornirt le linn gabháil dhleathach a chur i gcrích nó le linn cabhrú leis an gcéanna.

20.

An bhrí atá le “úsáid fornirt” agus forálacha gaolmhara.

21.

Leasú ar alt 6 den Acht um Dhamáiste Coiriúil, 1991.

22.

Cosaintí ginearálta, etc.

23.

Toiliú ó mhionaoiseach atá os cionn 16 bliana le cóireáil mháinliachta, liachta agus déidliachta.

24.

Cealú na rialach faoin dlí coiteann a bhaineann le múinteoirí a bheith díolmhaithe ó dhliteanas coiriúil i leith daltaí a phionósú.

25.

Luach fianaiseach deimhnithe áirithe arna síniú ag liachleachtóirí.

26.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976.

27.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Eiseachadadh (Leasú), 1994.

28.

Cealú na gcionta faoin dlí coiteann ar ionsaí agus slacairt, fuadach agus príosúnú neamhdhleathach iad.

29.

Leasú ar alt 9 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1997.

30.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí, 1997.

31.

Aisghairm.

32.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Bannaí, 1997

1997, Uimh. 16

An tAcht um Dhamáiste Coiriúil, 1991

1991, Uimh. 31

An tAcht um an Dlí Coiriúil, 1997

1997, Uimh. 14

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976

1976, Uimh. 14

An tAcht um Eiseachadadh (Leasú), 1994

1994, Uimh. 6

Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978

1978, Uimh. 4

/images/harp.jpg


Uimhir 26 de 1997


AN tACHT UM CHIONTA NEAMH-MHARFACHA IN AGHAIDH AN DUINE, 1997

[An tiontú oifigiúil]

ACHT D'ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ A BHAINEANN LEIS NA PRÍOMHCHIONTA NEAMH-MHARFACHA IN AGHAIDH AN DUINE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [19 Bealtaine, 1997]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “fuil éillithe” fuil atá éillithe le haon ghalar, víreas, oibreán nó orgánach a d'fhéadfadh, dá gcuirfí isteach i sruth fola duine eile é, an duine eile sin a ionfhabhtú le galar is bagairt do bheatha duine nó a d'fhéadfadh a bheith ina bhagairt do bheatha duine;

ciallaíonn “leacht éillithe” leacht nó substaint atá éillithe le haon ghalar, víreas, oibreán nó orgánach a d'fhéadfadh, dá gcuirfí isteach i sruth fola duine eile é, an duine eile sin a ionfhabhtú le galar is bagairt do bheatha duine nó a d'fhéadfadh a bheith ina bhagairt do bheatha duine;

ciallaíonn “steallaire éillithe” steallaire a bhfuil fuil éillithe nó leacht éillithe ann nó air;

ciallaíonn “díobháil” díobháil don chorp nó don mheabhair agus folaíonn sé pian agus neamhaithne;

ciallaíonn “duine den teaghlach”, i ndáil le duine, céile an duine nó leanbh (lena n-áirítear leasleanbh nó uchtleanbh), ua nó banua, tuismitheoir, seanathair nó seanmháthair, leastuismitheoir, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar, uncail, aintín, nia nó neacht de chuid an duine nó aon duine atá i lánúnas leis nó léi nó a chónaíonn leis nó léi;

ciallaíonn “maoin” maoin de chineál inláimhsithe, cibé acu réadach nó pearsanta, lena n-áirítear airgead agus ainmhithe is féidir a ghoid;

folaíonn “áit phoiblí” aon sráid, cladach, páirc, talamh nó gort, mórbhealach agus aon áitreabh nó áit eile a bhfuil, an tráth ábhartha, rochtain nó cead rochtana ag an bpobal air nó uirthi, cibé acu ar íocaíocht a dhéanamh nó ar shlí eile, agus folaíonn sé aon traein, soitheach, aerárthach nó feithicil a úsáidtear chun daoine a iompar ar luaíocht;

ciallaíonn “díobháil thromchúiseach” gortú is bun le priacal substaintiúil báis nó is cúis le máchailiú tromchúiseach nó le cailleadh nó lagú substaintiúil luaineacht an choirp ina iomláine nó fheidhm aon bhaill nó orgáin áirithe den chorp;

folaíonn “sráid” aon bhóthar, droichead, lána, cosán, fobhealach, cearnóg, cúirt, caolsráid nó pasáiste, cibé acu is bealach poiblí é nó í nó nach ea, atá ar oscailt de thuras na huaire don phobal; agus maidir leis na doirse, na bealaí isteach agus na gairdíní atá ag teagmháil le sráid, agus maidir le haon talamh nó carrchlós atá tadhlach le sráid agus ag oscailt ar shráid, measfar gur cuid de shráid iad;

folaíonn “steallaire” aon chuid de steallaire nó snáthaid nó aon uirlis ghéar ar féidir léi craiceann a pholladh agus fuil, nó aon leacht nó substaint atá cosúil le fuil, a chur ar dhuine nó isteach i nduine.

(2) Chun críocha ailt 17, 18 agus 19, ní bhaineann sé le hábhar cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt le rud a chreidtear má chreidtear go hionraic é ach, maidir le forais réasúnacha a bheith ann nó gan a bheith ann chun an rud a chreidiúint, is ní é sin nach mór don chúirt nó don ghiúiré aird a thabhairt air, i dteannta aon nithe iomchuí eile, le linn di nó dó a bhreithniú ar chreid an duine an rud go hionraic.

(3) San Acht seo—

(a) déanfar tagairt d'aon achtachán, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin nó faoi aon achtachán dá éis sin, lena n-áirítear an tAcht seo,

(b) aon tagairt d'alt, is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Ionsaí.

2. —(1) Aon duine—

(a) a dhéanfaidh, go díreach nó go neamhdhíreach, forneart a imirt ar chorp duine eile nó is cúis, go díreach nó go neamhdhíreach, le himbhualadh ar chorp duine eile, nó

(b) is cúis le duine eile do chreidiúint, ar fhorais réasúnacha, gur dócha go ndéanfar aon fhorneart nó imbhualadh den sórt sin a imirt láithreach air nó uirthi,

go hintinneach nó go meargánta, gan leithscéal dleathach agus gan toiliú an duine eile, beidh sé nó sí ciontach sa chion ar ionsaí é.

(2) I bhfo-alt (1)(a), folaíonn “forneart”—

(a) teas, solas, sruth leictreach, torann nó aon fhoirm eile fuinnimh a imirt, agus

(b) ábhar i bhfoirm sholadach, leachtach nó ghásach a imirt.

(3) Níl cion den sórt sin á dhéanamh más rud é, maidir leis an bhforneart nó leis an imbhualadh, nach bhfuil ceaptha nó nach dóigh dó duine a ghortú, gur de chineál é, sna himthosca, a bhíonn inghlactha i gcoitinne i ngnáthchúrsa an tsaoil laethúil agus nach eol don chosantóir nó nach gcreideann sé nó sí nach bhfuil sé inghlactha iarbhír ag an duine eile.

(4) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Ionsaí is cúis le díobháil a dhéanamh.

3. —(1) Aon duine a dhéanfaidh ionsaí ar dhuine eile, ar ionsaí é is cúis le díobháil a dhéanamh don duine eile, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó fíneáil nach mó ná £1,500, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Díobháil thromchúiseach a dhéanamh.

4. —(1) Aon duine a dhéanfaidh, go hintinneach nó go meargánta, díobháil thromchúiseach do dhuine eile, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht saoil, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Bagairtí duine a mharú nó díobháil thromchúiseach a dhéanamh.

5. —(1) Aon duine a dhéanfaidh, gan leithscéal dleathach, bagairt ar dhuine eile an duine eile sin nó tríú duine a mharú nó díobháil thromchúiseach a dhéanamh dó nó di, agus é ar intinn aige nó aici ar aon mhodh go gcreidfeadh an duine eile go ndéanfar dá réir, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Ionsaithe le steallaire, etc.

6. —(1) Aon duine—

(a) a ghortóidh duine eile trí chraiceann an duine eile sin a pholladh le steallaire, nó

(b) a bhagróidh duine eile a ghortú amhlaidh le steallaire,

agus é ar intinn aige nó aici go gcreidfeadh an duine eile sin, nó i gcás gur dócha go gcreidfeadh an duine eile sin, go bhféadfadh sé nó sí teacht chun bheith ionfhabhtaithe le galar de dheasca an ghortaithe a bheidh déanta nó bagartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine—

(a) a spraeálfaidh, a dhoirtfidh nó a chuirfidh fuil, nó aon leacht nó substaint atá cosúil le fuil, ar dhuine eile, nó

(b) a bhagróidh fuil, nó aon leacht nó substaint atá cosúil le fuil, a spraeáil, a dhoirteadh nó a chur ar dhuine eile,

agus é ar intinn aige nó aici go gcreidfeadh an duine eile sin, nó i gcás gur dócha go gcreidfeadh an duine eile sin, go bhféadfadh sé nó sí teacht chun bheith ionfhabhtaithe le galar de dheasca an ghnímh a bheidh déanta nó bagartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Aon duine a dhéanfaidh, le linn cion nó iarracht ar chion faoi fho-alt (1)(2) a dhéanamh—

(a) tríú duine a ghortú le steallaire, trína chraiceann nó trína craiceann a pholladh, nó

(b) fuil, nó aon leacht nó substaint atá cosúil le fuil, a spraeáil, a dhoirteadh nó a chur ar thríú duine,

agus, mar thoradh air sin, go gcreidfidh an tríú duine go bhféadfadh sé nó sí teacht chun bheith ionfhabhtaithe le galar de dheasca an ghortaithe nó an ghnímh a bheidh déanta, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(4) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1), (2)(3) dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) (a) Aon duine a dhéanfaidh, go hintinneach, duine eile a ghortú trí chraiceann an duine eile sin a pholladh le steallaire éillithe, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(b) Aon duine a dhéanfaidh, go hintinneach, fuil éillithe a spraeáil, a dhoirteadh nó a chur ar dhuine eile, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(c) Aon duine a dhéanfaidh, le linn cion nó iarracht ar chion faoi mhír (a) nó (b) a dhéanamh—

(i) tríú duine a ghortú le steallaire éillithe, trína chraiceann nó trína craiceann a pholladh, nó

(ii) fuil éillithe a spraeáil, a dhoirteadh nó a chur ar thríú duine,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(d) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, príosúnacht saoil a chur air nó uirthi.

Cion arb éard é steallaire, etc., a shealbhú in imthosca áirithe agus urghabháil an chéanna ag comhalta den Gharda Síochána.

7. —(1) Aon duine a mbeidh—

(a) steallaire, nó

(b) aon fhuil i gcoimeádán,

leis nó léi in aon áit, agus é ar intinn aige nó aici duine eile a ghortú nó bagairt a dhéanamh duine eile a ghortú, nó duine eile a imeaglú, go neamhdhleathach, leis an gcéanna, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon chomhalta den Gharda Síochána a mbeidh cúis réasúnach aige nó aici le drochamhras a bheith air nó uirthi go bhfuil steallaire, nó aon fhuil i gcoimeádán, leis nó léi ag duine in áit phoiblí agus é ar intinn ag an duine sin duine eile a ghortú nó bagairt a dhéanamh duine eile a ghortú, nó duine eile a imeaglú, go neamhdhleathach, leis an gcéanna, féadfaidh sé nó sí an duine sin a stopadh agus a cheistiú agus, i gcás é a bheith riachtanach, an duine sin a chuardach (trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá) agus féadfaidh an comhalta aon steallaire nó coimeádán den sórt sin a gheofar ar an duine nó i bhfíorchomharsanacht an duine a urghabháil agus a choinneáil mura dtabharfaidh an duine leithscéal réasúnach don chomhalta chun an steallaire nó an coimeádán a bheith leis nó léi, agus, más rud é go bhfaighfear amhlaidh steallaire nó coimeádán den sórt sin, a cheangal ar an duine a ainm agus a sheoladh, nó a hainm agus a seoladh, a thabhairt.

(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána aon duine—

(a) a mhainneoidh stopadh nuair a cheanglaítear sin faoi fho-alt (2), nó

(b) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh a ainm nó a sheoladh, nó a hainm nó a seoladh, a thabhairt nuair a cheanglaítear sin faoi fho-alt (2) nó a thabharfaidh ainm nó seoladh a mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach, nó

(c) a chuirfidh bac, nó a dhéanfaidh iarracht bac a chur, ar an gcomhalta nó ar aon duine a bheidh i dteannta an chomhalta sin le linn dualgais an chomhalta faoi fho-alt (2) a chomhall,

a ghabháil gan bharántas.

(4) Aon duine a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, stopadh nó a mhainneoidh a ainm nó a sheoladh, nó a hainm nó a seoladh, a thabhairt nuair a cheanglaítear sin a dhéanamh faoi fho-alt (2) nó a thabharfaidh ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach nó a chuirfidh bac, nó a chuirfidh isteach, ar chomhalta den Gharda Síochána ag gníomhú dó nó di faoin bhfo-alt sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi fho-alt (1), ní gá do thaobh an ionchúisimh a líomhain nó a chruthú, ó thaobh é a bheith ar intinn bagairt, gortú nó imeaglú a dhéanamh, go raibh sé ar intinn bagairt a dhéanamh ar dhuine áirithe nó duine áirithe a ghortú nó a imeaglú; agus más rud é, ag féachaint do na himthosca go léir (lena n-áirítear a raibh sa steallaire, má bhí aon ní ann, an tráth den lá nó den oíche, agus an áit) gur dóigh leis an gcúirt (nó leis an ngiúiré, de réir mar a bheidh) go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh, measfaidh sí nó sé gur leor sealbhú an steallaire nó an choimeádáin mar fhianaise ar intinn, cheal míniú leordhóthanach ar bith ón gcúisí.

(6) San alt seo, folaíonn “fuil” aon leacht nó substaint atá cosúil le fuil.

(7) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Steallaire a shuíomh nó a thréigean.

8. —(1) Faoi réir fho-alt (3), aon duine a dhéanfaidh steallaire a shuíomh nó a thréigean in aon áit ar mhodh gur dóigh dó duine eile a ghortú agus go ngortaíonn sé duine eile amhlaidh nó ar mhodh gur dóigh dó duine eile a ghortú, a bheith ina bhagairt ar dhuine eile nó eagla a chur ar dhuine eile, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine a dhéanfaidh steallaire éillithe a shuíomh go hintinneach in aon áit ar mhodh go ngortaíonn sé duine eile, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le duine a dhéanfaidh steallaire a shuíomh in aon áit le linn dó nó di bearta dleathacha liachta, déidliachta nó tréidliachta a dhéanamh nó le linn cabhrú leis an gcéanna.

(4) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi fho-alt (1), más rud é go líomhnaítear go ndearnadh steallaire a shuíomh in áit ar teaghais phríobháideach í ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcúisí, is cosaint é don chúisí a léiriú nár shuigh sé nó sí an steallaire go hintinneach ar mhodh go ndearna sé duine eile a ghortú, nó gur dhóigh dó duine eile a ghortú nó a bheith ina bhagairt ar dhuine eile nó eagla a chur ar dhuine eile, de réir mar a bheidh.

(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(6) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2) dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, príosúnacht saoil a chur air nó uirthi.

Comhéigean.

9. —(1) Aon duine—

(a) a úsáidfidh foréigean nó a dhéanfaidh imeaglú ar dhuine eile nó ar dhuine de theaghlach an duine eile, nó

(b) a dhéanfaidh maoin duine eile a dhochrú nó a dhamáistiú, nó

(c) a leanfaidh duine eile thart ó áit go háit go rialta, nó

(d) a dhéanfaidh faire nó imdhruideadh ar an áitreabh nó ar an áit eile ina bhfuil cónaí ar dhuine eile, ina n-oibríonn sé nó sí nó ina seolann sé nó sí gnó, nó ina dtarlaíonn dó nó di a bheith, nó ar an tslí chun an áitribh sin nó chun na háite sin, nó

(e) a leanfaidh duine eile, i dteannta duine amháin eile nó níos mó, ar mhodh mí-ordúil in aon áit phoiblí nó trí aon áit phoiblí,

go héagórach agus gan údarás dleathach, d'fhonn iallach a chur ar an duine eile sin staonadh ó aon ghníomh a dhéanamh a bhfuil ceart dleathach aige nó aici é a dhéanamh, nó d'fhonn iallach a chur ar an duine eile sin aon ghníomh a dhéanamh a bhfuil ceart dleathach aige nó aici staonadh óna dhéanamh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Chun críche an ailt seo, ní mheasfar gur faire nó imdhruideadh de réir bhrí fho-alt (1)(d) é freastal a dhéanamh ar an áitreabh nó ar an áit, nó gar don áitreabh nó don áit, ina bhfuil cónaí ar dhuine, ina n-oibríonn sé nó sí, ina seolann sé nó sí gnó nó ina dtarlaíonn dó nó di a bheith, nó ar an tslí, nó gar don tslí, chun an áitribh sin nó chun na háite sin, chun faisnéis a fháil nó a chur i bhfios agus chuige sin amháin.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Ciapadh.

10. —(1) Aon duine a dhéanfaidh, gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach, duine eile a chiapadh trína leanúint, trí fhaire a dhéanamh air nó uirthi, trína phlá nó trína plá, trí imdhruideadh a dhéanamh air nó uirthi nó trí dhul i gcumarsáid leis nó léi, go rialta, ar aon mhodh lena n-áirítear tríd an teileafón a úsáid, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Chun críocha an ailt seo, déanann duine duine eile a chiapadh más rud é—

(a) go ndéanann sé nó sí, go hintinneach nó go meargánta, trína chuid nó trína cuid gníomhartha, cur isteach tromchúiseach ar shíocháin agus ar phríobháideacht an duine eile nó scaoll a chur sa duine eile nó anó a chur air nó uirthi nó díobháil a dhéanamh dó nó di, agus

(b) gur gníomhartha iad a chuid nó a cuid gníomhartha a n-aithneodh duine réasúnach maidir leo go ndéanfaidís cur isteach tromchúiseach ar shíocháin agus ar phríobháideacht an duine eile nó go gcuirfidís scaoll sa duine eile nó anó air nó uirthi nó go ndéanfaidís díobháil dó nó di.

(3) I gcás duine a bheith ciontach i gcion faoi fho-alt (1), féadfaidh an chúirt, i dteannta aon phionóis eile nó mar mhalairt ar aon phionós eile, a ordú don duine gan dul i gcumarsáid ar aon mhodh leis an duine eile ar feadh cibé tréimhse a shonróidh an chúirt, nó gan teacht níos gaire ná cibé achar a shonróidh an chúirt d'áit chónaithe nó d'áit fostaíochta an duine eile.

(4) Aon duine a mhainneoidh téarmaí ordaithe faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5) Más rud é, ar an bhfianaise, nach deimhin leis an gcúirt gur cóir an duine a chiontú i gcion faoi fho-alt (1), féadfaidh an chúirt, ar a shon sin, ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3) ar iarratas a bheith déanta chuici ina leith sin más rud é, ag féachaint don fhianaise, gur deimhin leis an gcúirt gur ar mhaithe leis an gceartas é déanamh amhlaidh.

(6) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Éilimh go n-íocfar fiach ar cúis iad le scaoll, etc.

11. —(1) Aon duine a dhéanfaidh aon éileamh go n-íocfar fiach, beidh sé nó sí ciontach i gcion más rud é—

(a) go bhfuil na héilimh, de dheasca a mhinice a dhéantar iad, ceaptha scaoll a chur san fhéichiúnaí nó i nduine de theaghlach an fhéichiúnaí nó anó a chur air nó uirthi nó uirísliú a dhéanamh air nó uirthi, nó

(b) go dtabharfaidh an duine le fios go bréagach go bhfuil ábhar imeachtaí coiriúla ann i leith neamhíoc an fhéich, nó

(c) go dtabharfaidh an duine le fios go bréagach go bhfuil sé nó sí údaraithe i gcáil éigin oifigiúil chun féachaint chuige go n-íocfar an fiach, nó

(d) go rithfidh an duine doiciméad a dtabharfar le fios go bréagach maidir leis gur de shainghné oifigiúil é.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

Nimhiú.

12. —(1) Beidh duine ciontach i gcion más rud é go ndéanann sé nó sí, go hintinneach nó go meargánta, agus a fhios aige nó aici nach dtoilíonn an duine eile lena bhfuil á dhéanamh, substaint a fhriotháil ar dhuine eile, nó a chur faoi deara do dhuine eile substaint a ghlacadh, ar substaint í a bhfuil a fhios aige nó aici maidir léi gur féidir léi cur isteach go substaintiúil ar fheidhmeanna coirp an duine eile.

(2) Chun críche an ailt seo, aon substaint ar féidir léi neamhaithne nó codladh a chur ar dhuine is féidir léi cur isteach go substaintiúil ar fheidhmeanna coirp duine.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Cur i gcontúirt.

13. —(1) Aon duine a bheidh ag gabháil, go hintinneach nó go meargánta, d'iompar is bun le priacal substaintiúil báis nó díobhála tromchúisí do dhuine eile, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Trácht a chur i gcontúirt.

14. —(1) Aon duine—

(a) a dhéanfaidh, go hintinneach, aon bhac contúirteach a shuíomh nó a chaitheamh ar iarnród, ar bhóthar, ar shráid, ar uiscebhealach nó ar áit phoiblí nó cur isteach ar aon innealra, comhartha, trealamh nó feiste eile chun trácht ar an gcéanna a stiúradh, a rialú nó a rialáil, nó cur isteach ar aon chóir iompair, nó aon rud a chaitheamh le haon chóir iompair nó ar aon chóir iompair, a úsáidtear nó atá le húsáid ar an gcéanna, agus

(b) a bhfuil a fhios aige nó aici go bhféadfaí pearsa duine a ghortú nó damáiste a dhéanamh do mhaoin tríd sin, nó atá meargánta ina thaobh sin,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “cóir iompair” aon chóir iompair atá déanta nó oiriúnaithe chun duine nó daoine, nó chun earraí, a iompar de thalamh nó d'uisce;

ciallaíonn “iarnród” iarnród, trambhealach nó iarnród éadrom nó aon chuid d'iarnród, de thrambhealach nó d'iarnród éadrom;

ciallaíonn “uiscebhealach” aon bhealach ar uisce a bhíonn á úsáid ag aon chóir iompair.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Príosúnú neamhdhleathach.

15. —(1) Aon duine a dhéanfaidh, go hintinneach nó go meargánta—

(a) duine eile a thógáil nó a choinneáil, nó

(b) a chur faoi deara duine eile a thógáil nó a choinneáil, nó

(c) saoirse phearsanta duine eile a shrianadh ar shlí eile,

gan toiliú an duine eile sin, beidh sé nó sí ciontach sa chion ar príosúnú neamhdhleathach é.

(2) Chun críocha an ailt seo, gníomhaíonn duine gan toiliú duine eile má fhaigheann an duine toiliú an duine eile trí fhorneart nó trí bhagairt fornirt, nó trí mheabhlaireacht is cúis leis an duine eile do chreidiúint go bhfuil sé nó sí faoi iallach dlíthiúil toiliú.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, príosúnacht saoil a chur air nó uirthi.

Fuadach linbh ag tuismitheoir, etc.

16. —(1) Aon duine a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis nó léi agus a thógfaidh, a chuirfidh nó a choimeádfaidh leanbh atá faoi bhun 16 bliana d'aois as an Stát nó a chuirfidh faoi deara leanbh atá faoi bhun na haoise sin a thógáil, a chur nó a choimeád amhlaidh—

(a) ar neamhchead d'ordú cúirte, nó

(b) gan toiliú gach duine is tuismitheoir, nó caomhnóir nó duine dár dheonaigh cúirt coimeád an linbh mura mbeidh toiliú faighte ó chúirt,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le tuismitheoir, caomhnóir nó duine dár dheonaigh cúirt coimeád an linbh ach níl feidhm aige maidir le tuismitheoir nach caomhnóir de chuid an linbh é nó í.

(3) Is cosaint é ar chúiseamh faoin alt seo—

(a) nach raibh an cosantóir in ann dul i gcumarsáid leis na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) ach go gcreideann sé nó sí go dtoileoidís dá mbeadh na himthosca iomchuí ar eolas acu; nó

(b) nach raibh sé ar intinn ag an gcosantóir cearta caomhnóireachta nó coimeádta i ndáil leis an leanbh a bhaint de dhaoine eile ag a bhfuil na cearta sin.

(4) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) Ní dhéanfar aon imeachtaí faoin alt seo a thionscnamh ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó le toiliú uaidh nó uaithi.

Fuadach linbh ag daoine eile.

17. —(1) Aon duine, seachas duine a bhfuil feidhm ag alt 16 maidir leis nó léi, a dhéanfaidh, gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach, leanbh atá faoi bhun 16 bliana d'aois a thógáil nó a choinneáil go hintinneach, nó a chur faoi deara leanbh atá faoi bhun na haoise sin a thógáil nó a choinneáil amhlaidh—

(a) ionas go n-aistreofar an leanbh ó rialú dleathach aon duine ag a bhfuil rialú dleathach ar an leanbh; nó

(b) ionas go gcoimeádfar é nó í ó rialú dleathach aon duine atá i dteideal rialú dleathach a bheith aige nó aici ar an leanbh,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Is cosaint é ar chúiseamh faoin alt seo gur chreid an cosantóir go raibh 16 bliana d'aois slánaithe ag an leanbh.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Úsáid dhlíthiúil fornirt; duine nó maoin a chosaint, coireacht a chosc, etc.

18. —(1) Ní cion é úsáid fornirt ag duine chun aon chríche díobh seo a leanas, mura mbíonn ann ach cibé forneart is réasúnach sna himthosca mar a chreideann sé nó sí atá siad—

(a) chun é féin nó í féin nó duine de theaghlach an duine sin nó duine eile a chosaint ar ghortú, ar ionsaí nó ar choinneáil, ar gníomh coiriúil is cúis leis nó léi; nó

(b) chun é féin nó í féin nó (le húdarás an duine eile sin) duine eile a chosaint ar fhoghail ar an bpearsa; nó

(c) chun a mhaoin nó a maoin a chosaint ar leithreasú, ar dhíothú nó ar dhamáiste, ar gníomh coiriúil is cúis leis, nó chun í a chosaint ar fhoghail nó ar chúngrú; nó

(d) chun maoin is le duine eile a chosaint ar leithreasú, ar dhíothú nó ar dhamáiste, ar gníomh coiriúil is cúis leis, nó (le húdarás an duine eile sin) chun í a chosaint ar fhoghail nó ar chúngrú; nó

(e) chun coireacht nó briseadh síochána a chosc.

(2) Déantar “úsáid fornirt” i bhfo-alt (1) a mhíniú agus a leathnú le halt 20.

(3) Chun críocha an ailt seo, tá “coir” i gceist i ngníomh nó tá gníomh “coiriúil” cé go ndéanfaí an duine a dhéanann é, dá gcúiseofaí é nó í i gcion ina leith, a éigiontú ar an bhforas—

(a) go raibh sé nó sí faoi bhun 7 mbliana d'aois; nó

(b) gur ghníomhaigh sé nó sí faoi éigeantas, cibé acu éigeantas trí bhagairtí nó éigeantas na n-imthosca; nó

(c) gur ghníomh ainneonach a ghníomh nó a gníomh; nó

(d) go raibh sé nó sí ar meisce; nó

(e) go raibh sé ina ghealt, nó go raibh sí ina gealt, ionas nach raibh sé nó sí freagrach, de réir dlí, as an ngníomh.

(4) Na tagairtí i bhfo-alt (1) do dhuine agus maoin a chosaint ar aon ní, folaíonn siad an duine nó an mhaoin a chosaint ar an ní sin do leanúint ar aghaidh; agus forléireofar ar an gcuma chéanna an tagairt do choireacht nó briseadh síochána a chosc.

(5) Chun críocha an ailt seo, maidir leis an gceist i dtaobh an gníomh a n-úsáidtear forneart ina choinne a bheith ina ghníomh de chineál a luaitear in aon cheann de na míreanna (a) go (e) d'fho-alt (1), déanfar í a chinneadh de réir na n-imthosca mar a chreideann an duine a úsáideann an forneart atá siad.

(6) D'ainneoin fho-alt (1), maidir le duine a chreideann go bhfuil imthosca ann a thabharfadh bonn cirt nó leithscéal chun forneart a úsáid faoin bhfo-alt sin, níl aon chosaint aige nó aici má tá a fhios aige nó aici go bhfuil an forneart á úsáid i gcoinne comhalta den Gharda Síochána ag gníomhú dó nó di i gcúrsa dhualgas an chomhalta nó i gcoinne duine atá ag cabhrú amhlaidh leis an gcomhalta sin, mura rud é go gcreideann sé nó sí an forneart a bheith riachtanach láithreach chun díobháil dó féin nó di féin, nó do dhuine eile, a chosc.

(7) Níl feidhm ag an gcosaint a fhoráiltear leis an alt seo maidir le duine a tharraingíonn iompar nó staid chúrsaí d'fhonn forneart a úsáid chun comhrac ina aghaidh nó ina haghaidh nó chun deireadh a chur leis nó léi:

Ach féadfaidh feidhm a bheith ag an gcosaint cé nach n-éiríonn an ócáid chun forneart a úsáid ach amháin de bhrí go ndéanann an duine rud éigin is féidir leis nó léi a dhéanamh go dleathach, agus a fhios aige nó aici go n-éireoidh ócáid den sórt sin.

(8) Chun críocha fho-alt (1) (c) agus (d), áireofar maoin mar mhaoin is le haon duine—

(a) a bhfuil coimeád nó rialú aige nó aici uirthi;

(b) a bhfuil aon cheart nó leas dílseánaigh aige nó aici inti (nach leas cothromais é nach n-éiríonn ach amháin de bharr comhaontú chun leas a aistriú nó a dheonú); nó

(c) a bhfuil muirear aige nó aici uirthi;

agus i gcás maoin a bheith faoi réir iontaobhais, measfar go bhfolaíonn na daoine ar leo an mhaoin aon duine a bhfuil ceart aige nó aici an t-iontaobhas a fhorfheidhmiú.

Déanfar maoin de chuid corparáide aonair a áireamh chun críocha na bhforálacha réamhráite mar mhaoin ar leis an gcorparáid í d'ainneoin folúntais sa chorparáid.

Úsáid dhlíthiúil fornirt le linn gabháil dhleathach a chur i gcrích nó le linn cabhrú leis an gcéanna.

19. —(1) Ní cion é úsáid fornirt ag duine le linn gabháil dhleathach a chur i gcrích nó le linn cabhrú leis an gcéanna, mura mbíonn ann ach cibé forneart is réasúnach sna himthosca mar a chreideann sé nó sí atá siad.

(2) Déantar “úsáid fornirt” i bhfo-alt (1) a mhíniú agus a leathnú le halt 20.

(3) Chun críocha an ailt seo déanfar an cheist i dtaobh gabháil a bheith ina gabháil dhleathach a chinneadh de réir na n-imthosca mar a chreid an duine a d'úsáid an forneart a bhí siad.

An bhrí atá le “úsáid fornirt” agus forálacha gaolmhara.

20. —(1) Chun críocha ailt 18 agus 19

(a) úsáideann duine forneart i ndáil le duine eile nó le maoin, ní amháin nuair a imríonn sé nó sí forneart ar chorp an duine sin nó ar an maoin sin ach freisin i gcás gurb é nó gurb í is cúis le himbhualadh ar chorp an duine sin nó ar an maoin sin;

(b) measfar go n-úsáideann duine forneart i ndáil le duine eile—

(i) má bhagraíonn sé nó sí ar an duine sin é a úsáid, nó

(ii) má choinníonn sé nó sí an duine sin gan é a úsáid iarbhír; agus

(c) measfar go n-úsáideann duine forneart i ndáil le maoin má bhagraíonn sé nó sí ar dhuine é a úsáid i ndáil le maoin.

(2) Beidh feidhm ag ailt 18 agus 19 i ndáil le gníomhartha a dhéantar mar ullmhúchán láithreach le haghaidh forneart a úsáid mar atá feidhm acu i ndáil le gníomhartha ina n-úsáidtear forneart.

(3) D'fhéadfadh bagairt fornirt a bheith réasúnach cé go bhféadfaí nach mbeadh úsáid iarbhír fornirt réasúnach.

(4) Más rud é go raibh caoi ag duine cúlú sular úsáid sé nó sí forneart, cuirfear é sin i gcuntas, i dteannta fianaise iomchuí eile, le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh úsáid fornirt a bheith réasúnach.

Leasú ar alt 6 den Acht um Dhamáiste Coiriúil, 1991.

21. —Leasaítear leis seo alt 6(2) den Acht um Dhamáiste Coiriúil, 1991, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) má rinne sé damáiste don mhaoin atá i gceist nó má bhagair sé damáiste a dhéanamh di nó, i gcás ciona faoi alt 4, má bhí ar intinn aige rud éigin a úsáid, nó a chur faoi deara nó a cheadú rud éigin a úsáid, chun damáiste a dhéanamh di, d'fhonn é féin nó duine eile a chosaint nó d'fhonn a mhaoin féin nó maoin duine eile, nó ceart nó leas i maoin a bhí, nó a chreid sé a bhí, dílsithe dó féin nó do dhuine eile, a chosaint agus go raibh an gníomh nó na gníomhartha a líomhnaítear gurb é an cion é nó gurb iad an cion iad réasúnach sna himthosca mar a chreid sé a bhí siad.”.

Cosaintí ginearálta, etc.

22. —(1) Tá éifeacht le forálacha an Achta seo faoi réir aon achtacháin nó aon rialach dlí lena bhforáiltear cosaint nó lena bhforáiltear údarás, bonn cirt nó leithscéal dleathach le haghaidh gnímh nó neamhghnímh.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), cealaítear leis seo aon chosaint atá ar fáil faoin dlí coiteann i leith forneart a úsáid de réir bhrí alt 18 19, nó i leith gnímh a dhéantar mar ullmhúchán láithreach le haghaidh forneart a úsáid, chun na gcríoch a luaitear in alt 18 (1)19(1).

Toiliú ó mhionaoiseach atá os cionn 16 bliana le cóireáil mháinliachta, liachta agus déidliachta.

23. —(1) Beidh toiliú mionaoisigh, a bhfuil 16 bliana d'aois slánaithe aige nó aici, le haon chóireáil mháinliachta, liachta nó déidliachta a bheadh, in éagmais toiliú, ina foghail ar a phearsa nó ar a pearsa, chomh héifeachtach céanna agus a bheadh sé dá mbeadh aois iomlán aige nó aici; agus i gcás go mbeidh toiliú éifeachtach le haon chóireáil tugtha ag mionaoiseach de bhua an ailt seo, ní bheidh sé riachtanach aon toiliú leis an gcóireáil a fháil ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir an mhionaoisigh.

(2) San alt seo folaíonn “cóireáil mháinliachta, liachta nó déidliachta” aon bheart a dhéantar chun críoch fáthmheasa agus tá feidhm ag an alt seo maidir le haon bheart (lena n-áirítear, go háirithe, ainéistéiseach a fhriotháil) atá coimhdeach le haon chóireáil mar atá feidhm aige maidir leis an gcóireáil sin.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireann ó éifeacht aon toiliú a bheadh éifeachtach dá mba rud é nár achtaíodh an t-alt seo.

Cealú na rialach faoin dlí coiteann a bhaineann le múinteoirí a bheith díolmhaithe ó dhliteanas coiriúil i leith daltaí a phionósú.

24. —Cealaítear leis seo an riail dlí faoina bhfuil múinteoirí díolmhaithe ó dhliteanas coiriúil i leith ceartú fisiceach daltaí.

Luach fianaiseach deimhnithe áirithe arna síniú ag liachleachtóirí.

25. —(1) In aon imeachtaí mar gheall ar chion ina líomhnaítear go ndearnadh díobháil nó díobháil thromchúiseach do dhuine, má thugtar deimhniú ar aird a airbheartaíonn a bheith sínithe ag liachleachtóir cláraithe agus a bhaineann le scrúdú ar an duine sin, beidh an tabhairt ar aird sin, mura gcruthófar a mhalairt, ina fianaise ar aon fhíoras a dheimhneofar leis sin gan cruthúnas ar aon síniú atá ar an deimhniú nó gur síniú an chleachtóra sin aon síniú den sórt sin.

(2) San alt seo ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí a bunaíodh faoi alt 26 d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 .

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 .

26. —Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976

(a) trí “Príosúnú neamhdhleathach.”, i mír 5, a scriosadh, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 7:

“7. Aon chion faoi na forálacha seo a leanas den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997

(a) alt 4 (díobháil thromchúiseach a dhéanamh);

(b) alt 15 (príosúnú neamhdhleathach).”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Eiseachadadh (Leasú), 1994.

27. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Eiseachadadh (Leasú), 1994—

(a) trí “Príosúnú neamhdhleathach.”, i mír 4, a scriosadh,

(b) trí “Ionsaí dá dtagann díobháil choirp.”, i mír 5, a scriosadh, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 6:

“6. Aon chion faoi na forálacha seo a leanas den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997

(a) alt 3 (ionsaí is cúis le díobháil a dhéanamh);

(b) alt 4 (díobháil thromchúiseach a dhéanamh);

(c) alt 15 (príosúnú neamhdhleathach).”.

Cealú na gcionta faoin dlí coiteann ar ionsaí agus slacairt, fuadach agus príosúnú neamhdhleathach iad.

28. —(1) Cealaítear leis seo na cionta seo a leanas faoin dlí coiteann—

(a) ionsaí agus slacairt,

(b) ionsaí dá dtagann díobháil choirp,

(c) fuadach, agus

(d) príosúnú neamhdhleathach.

(2) Ní dhéanfaidh cealú an chiona faoin dlí coiteann ar fuadach é difear d'oibriú alt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 , agus mhír 4 den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus dá réir sin, beidh éifeacht leis an alt sin 2, agus leis an Sceideal sin, amhail is dá mba rud é nár achtaíodh fo-alt (1)(c).

Leasú ar alt 9 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1997.

29. — Leasaítear leis seo alt 9 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1997, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (2):

“(a) dúnorgain, nó díobháil thromchúiseach a dhéanamh le hintinn déanamh amhlaidh, nó”.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí, 1997.

30. —Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí, 1997—

(a) trí “Ionsaí dá dtagann díobháil choirp.”, i mír 3, a scriosadh,

(b) trí “Fuadach.”, i mír 4, a scriosadh,

(c) trí “Príosúnú neamhdhleathach.”, i mír 5, a scriosadh, agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an ábhair atá i mír 7:

“Aon chion faoi na forálacha seo a leanas den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997

(a) alt 3 (ionsaí is cúis le díobháil a dhéanamh);

(b) alt 4 (díobháil a dhéanamh);

(c) alt 5 (bagairtí duine a mharú nó díobháil thromchúiseach a dhéanamh);

(d) alt 6 (ionsaithe le steallaire, etc.);

(e) alt 7 (1) (cion arb éard é steallaire, etc., a shealbhú in imthosca áirithe);

(f) alt 8 (steallaire a shuíomh nó a thréigean);

(g) alt 9 (comhéigean);

(h) alt 10 (ciapadh);

(i) alt 13 (cur i gcontúirt);

(j) alt 14 (trácht a chur i gcontúirt);

(k) alt 15 (príosúnú neamhdhleathach);

(l) alt 16 (fuadach linbh ag tuismitheoir, etc.);

(m) alt 17 (fuadach linbh ag daoine eile).”.

Aisghairm.

31. —Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

32. —(1) Féadfar an tAcht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine, 1997 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas ailt 6, 7, 8 agus 10) i ngníomh 3 mhí tar éis dháta a rite.

(3) Tiocfaidh ailt 6, 7, 8 agus 10 i ngníomh ar an lá tar éis dháta rite an Achta seo.

AN SCEIDEAL

Alt 31.

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

24 & 25 Vict., c. 100

Offences against the Person Act, 1861

Ailt 16 go 26, 28 go 34, 36, 37, 39, 40, 42, 46, 47, 53 go 56, 64, 65 agus 73

38 & 39 Vict., c. 86

Conspiracy and Protection of Property Act, 1875

Ailt 6 agus 7

48 & 49 Vict., c. 69

Criminal Law Amendment Act, 1885

Mír (3) d'alt 3 agus ailt 7 agus 8

Uimh. 2 de 1951

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1951

Alt 11

Uimh. 32 de 1976

An tAcht um an Dlí Coiriúil, 1976

Fo-alt (2) d'alt 11