19 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1998


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) (UIMH. 2), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

3.

Dáilcheantair.

4.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

5.

Aisghairm.

6.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin, 1992

1992, Uimh. 23

An tAcht Toghcháin, 1997

1997, Uimh. 25

Na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 1998

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1995

1995, Uimh. 21

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1996

1996, Uimh. 43

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1998

1998, Uimh. 4

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1998


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) (UIMH. 2), 1998

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH LÍON COMHALTAÍ DHÁIL ÉIREANN AGUS CHUN DÁILCHEANTAIR A ATHMHEAS AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN. [16 Meitheamh, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil.

(2) San Acht seo—

(a) déanfar tagairt do shean-tuathcheantar a fhorléiriú mar thagairt don cheantar sin mar a bhí sé comhdhéanta díreach roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1925; agus

(b) déanfar tagairt do líne arna tarraingt ar feadh aon mhótarbhealaigh, bóthair, iarnróid nó cosáin a fhorléiriú mar thagairt do líne arna tarraingt ar feadh lár an mhótarbhealaigh, an bhóthair, an iarnróid nó an chosáin sin.

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2. —Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, is 166 chomhalta an líon comhaltaí a bheidh i nDáil Éireann.

Dáilcheantair.

3. —(1) Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar gurb é an limistéar sin é mar a bhí an lú lá d'Eanáir, 1998, ach má éiríonn aon amhras cad é an dáilcheantar ina bhfuil aon toghroinn nó aon chuid de thoghroinn, nó aon bhaile fearainn nó aon chuid de bhaile fearainn, cinnfidh an tAire an t-amhras, ach sin faoi réir alt 1 (2)(b) den Acht seo.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

4. —Toghfar do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.

Aisghairm.

5. —(1) Aisghairtear leis seo an tAcht Toghcháin (Leasú), 1995.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh díreach ar an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

6. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 1998 a ghairm den Acht Toghcháin, 1992, den Acht Toghcháin (Leasú), 1996, den Acht Toghcháin, 1997, den Acht Toghcháin (Leasú), 1998 , agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

AN SCEIDEAL

Ainm

Limistéar

An Líon Comhaltaí

Ceatharlach-Cill Chainnigh

Contae riaracháin Chill Chainnigh agus contae riaracháin Cheatharlach, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Chill Mhantáin.

Cúigear.

An Cabhán-Muineachán

Contaetha riaracháin an Chabháin agus Mhuineacháin.

Cúigear.

An Clár

Contae riaracháin an Chláir, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Luimnigh Thoir.

Ceathrar.

Corcaigh Thoir

Na toghranna seo a leanas:

Baile na gCloch, an Cóbh (Tuath), Gleann an Phréacháin, Cnoc Rátha, i sean-Tuathcheantar Chorcaí;

Áth an Chairn, Baile Átha hÚlla, an Baile Nua, An Charraig, Dún Galláin, Carragán Éide, Caisleán Ó Liatháin, Baile Chaisleán an Róistigh, Cúl Chollainge, Cora Ghlas, Mainistir Fhear Maí (Tuath), Gleannúir Thoir, Gleannúir Thiar, Gort na Sceiche, Gort an Rú, Coill na Corra, Cill Cumair, Cill Daighnín, Cill Aithche, Cill Uird, Cnoc Muirne, Liatroim, Ráth Chormaic, Cnocán na Biolraí, i sean-Tuathcheantar Mhainistir Fhear Maí;

Baile Cloch, Baile na Móna, Cill na Mallach, Cathair Dubhgáin, an Charraig, Claonabhar, Dún ar Aill, Cill Mac Leinín, Mala (Tuath), Móin an Ime, Rathain, an Seanbhaile Mór, Sceachanach, Baile an Fháltaigh, i sean-Tuathcheantar Mhala;

Baile an Teampaill, Baile Choitín, Baile Uí Spalláin, Carraig Thuathail, Baile na Martra, Cluain Molt, Cluain, Corcach Beag, Daingean Uí Dhonnabháin, Dún Guairne, Garraí Bhóithe, Íochtar Morogha, Inse, Lios Gúl, Mainistir na Corann (Tuath), Maigh Dhíle, Ros Tialláin, Teampall Buadán, Teampall na Carraige, i sean-Tuathcheantar Mhainistir na Corann;

Baile Artúir, Doire Ó bhFaoileáin, Fairche, Cill Dairbhre, Cill Gallán, Cill Faolán, Baile an Mharasclaigh, Baile Mhistéala, Teampall Molaga, i sean-Tuathcheantar Bhaile Mhistéala Uimh. 1;

Ardachadh, Cluain Príost, Cill Crónait, Cill Ia, Cill Modomhnóg, Eochaill (Tuath), i sean-Tuathcheantar Eochaille Uimh. 1;

agus ceantair uirbeacha an Chóibh, Mhainistir Fhear Maí, Mhala, Mhainistir na Corann agus Eochaille.

Ceathrar.

Corcaigh Thuaidh-Lár

I gcontaebhuirg Chorcaí, na toghranna seo a leanas:

Baile an Locha A, Baile an Easpaig A, Baile an Easpaig B, Baile an Easpaig C, an Linn Dubh A, an Linn Dubh B, an Lár A, an Lár B, Páirc an Teampaill, Halla na Cathrach A, Halla na Cathrach B, an Coimín, Evergreen, Cnocán an Aonaigh A, Cnocán an Aonaigh B, Cnocán an Aonaigh C, Fearann Phiarais A, Fearann Phiarais B, Fearann Phiarais C, Mainistir Ghiolla Aodha A, Mainistir Ghiolla Aodha B, Mainistir Ghiolla Aodha C, Glaisín A, Glaisín B, Garrán na mBráthar A, Garrán na mBráthar B, Garrán na mBráthar C, Garrán na mBráthar D, Garrán na mBráthar E, Cnoc an Aonaigh, an Mhuirdhíog, Baile na mBocht, Montenotte A, Montenotte B, Naomh Pádraig A, Naomh Pádraig B, Naomh Padraig C, Seana-Choill, Seandún A, Seandún B, an Geata Theas A, an Geata Theas B, Tobar Rí an Domhnaigh A, Tobar Rí an Domhnaigh B, an Gleann A, an Gleann B, Tivoli A, Tivoli B, Trá Mhór A, Crois an Tornóra A;

agus i gcontae riaracháin Chorcaí, na toghranna seo a leanas:

an Linn Dubh, an Bhlarna, Cathair Laga, Carraig na bhFear, an Dún Glas, Cill Liath, Cnoc an Tóiteáin, Ráth Cuanna, Baile Roisín, Naomh Muire, an Teampall Geal, i sean-Tuathcheantar Chorcaí.

Cúigear.

Corcaigh Thiar Thuaidh

Contae riaracháin Chorcaí, ach amháin na codanna de atá i ndáilcheantair Chorcaí Thoir, Chorcaí Thuaidh-Lár, Chorcaí Theas-Lár agus Chorcaí Thiar Theas.

Triúr.

Corcaigh Theas-Lár

Contaebhuirg Chorcaí, ach amháin an chuid di atá i ndáilcheantar Chorcaí Thuaidh-Lár;

agus, i gcontae riaracháin Chorcaí, na toghranna seo a leanas:

Baile an Chollaigh, Baile Garbháin, Baile an Easpaig, Carraig Uí Leighin, Dúglas, Dún Darú, Inis Cionaigh, Leithineach, Baile an Mhanaigh (Tuath), Baile an Mhanaigh (Uirbeach), i sean-Tuathcheantar Chorcaí;

Baile Feá Aird, Baile an Phoill, Carraig Uí Leighin, Cuillinn, Fearann Bhriain, Cill Mosheanóg, Cill Pádraig, Cinnabhair, Lios Cléirigh, Nuachabháil, Teampall Bríde, i sean-Tuathcheantar Chionn tSáile.

Cúigear.

Corcaigh Thiar Theas

Na toghranna seo a leanas:

Baile na Daibhche, Baile Muadán, Droichead na Bandan, Barr Liath, an Buailtín, Caiseal, Inis Eonáin, Cill Briotáin, Cill Brógáin, Cnoc Rua, Ráth Cláirín, i sean-Tuathcheantar Dhroichead na Bandan;

Aichill, Beanntraí (Tuath), Beanntraí (Uirbeach), Cnoc Damhais, Dubhros Thoir, Dubhros Thiar, Gleannloch, an Gleann Garbh, Caolchoill, Cill Cascán, Maolach, Scairt, Suí Finn, Rinn Mhuintir Bháire, Faoide, i sean-Tuathcheantar Bheanntraí;

Eadargóil, Béarra, Cuailleach, Cora Ghlas, Cill Ceatigheirn, Cill Achadh nAoineach, Cill na Manach, i sean-Tuathcheantar Bhaile an Chaisleáin;

Mainistir Ó mBádhamhna, Ard Ó bhFicheallaigh, an Airgidín, Baile an Bhuitléirigh, an Chathair Mhór, Caisleán na Gaoithe, Cloich na Coillte (Tuath), Cúil Curraichín, Cúirt Mhic Shéafraidh, Doire, Cill Ciarán Mór, Cill Moloda Thoir, Cill Moloda Thiar, Cill Maidhlearán, Cill na gCros, na Cnoic, Ráth an Bharraigh, Ros Ó gCairbre, an Ros Mór, Teampall Ó Malghus, Tigh Molaige, i sean-Tuathcheantar Chloich na Coillte;

Baile an Ghoirtín, Baile Muine, Draighneach, Dún Mánmhaí Thuaidh, Dún Mánmhaí Theas, Meilleán, i sean-Tuathcheantar Dhún Mánmhaí;

Béal Átha an Spidéil, Baile Mhac Chéin, Baile an Mhoirtéalaigh, Cúl Méin, Cionn tSáile (Tuath), Leathfhearann, Liathmhuine, Teampall Michíl, i sean-Tuathcheantar Chionn tSáile;

Achadh Dúin Thuaidh, Achadh Dúin Theas, an Bhréadach, Cathrach, Cléire, Carraig Bhán, Baile an Chaisleáin Thuaidh, Baile an Chaisleáin Theas, Cloch Dónaill, Cluain Chaoin, Draighneach, Drom Dhá Liag Thuaidh, Drom Dhá Liag Theas, na Garráin, Gort na Scríne, Cill Fachtna Beag, Cillín Liath, Cnoc Sceach, Maigh-Ros, Sraoilleán, an Sciobairín (Tuath), Tulach, na Doiríní, i sean-Tuathcheantar an Sciobairín;

Baile Bán, Béal an dá Chab, Cuailleach, an Cruachán, Dún Béacáin, Dún Mánais, an Góilín, Cill Cótha, Lubhghortán, an Scoil, an Tuar Mór, i sean-Tuathcheantar na Scoile;

agus ceantair uirbeacha Chloich na Coillte, Chionn tSáile agus an Sciobairín.

Triúr.

Dún na nGall Thoir Thuaidh

Na toghranna ceantair seo a leanas:

Ard Mhálanna, Baile Lifín, Inis na nÉanlaithe, Bun Cranncha (Tuath), Droim na Bearta, Carn Domhnach, Carrthaigh, an Teampall Maol, Cill Mhic an Tréin, Cúil Dabhcha, Díseart Éigne, Dún Damh, Fathain, Gleann Ó gCanann, Gleann Daoile, Gleann Tóchair, an Caisleán Nua, na hUillí, Inis Cuileantraí, Cill Doire, Cill Aodha, Málainn, Mínteach, Bun an Phobail, an Baile Nua, Carraig Mhic Uidhilín, an tSráid, Ard an Chrainn, Tuar Móin, an Caiseal Bán, i sean-Tuathcheantar Inis Eoghain;

Baile Mac Cumhaill, an Caisleán Riabhach, Mín an Lábáin, Cor an Mhadaidh, Éadan an Charnáin, Gartán, Gort na bhFearn, Coillidh Masnaidh, Cinn Crathaigh, Leitir Ceanainn (Tuath), an Machaire Buí, Mainéar Uí Chuinneagáin, Suí Corr, Teampall Dúghlaise, i sean-Tuathcheantar Leitir Ceanainn;

Baile Átha Dhaire, Carraig Airt, an Cheathrú Chaol, Creamhghort, Fanad Thuaidh, Fanad Thiar, an Gleann, Gleann Eala, Dún Glas, Cill Uí Gharbháin, Cill Mhic Réanáin, Cnoc Eala, Loch Caol, Baile na nGallóglach, Ráth Mealtain, Ráth Maoláin, Ros Goill, Ros na Cille, an Tearmann, i sean-Tuathcheantar Bhaile na nGallóglach;

Cluain Lao Thuaidh, Cluain Lao Theas, Feada Glas, Fiadhghort, Mín Charraigeach, Ráth Bhoth, Baile Suingean, Triantach Muclach, i sean-Tuathcheantar Shrath an Urláir;

agus ceantair uirbeacha Bhun Cranncha agus Leitir Ceanainn.

Triúr.

Dún na nGall Thiar Theas

Contae riaracháin Dhún na nGall, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Dhún na nGall Thoir Thuaidh.

Triúr.

Baile Átha Cliath Láir

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na toghranna seo a leanas:

Cé Árann A, Cé Árann B, Cé Árann C, Cé Árann D, Cé Árann E, Baile Astún A, Baile Astún B, an Baile Bocht A, an Baile Bocht B, na Lusgharraithe A, na Lusgharraithe B, na Lusgharraithe C, an Chabrach Thoir A, an Chabrach Thoir B, an Chabrach Thoir C, an Chabrach Thiar A, an Chabrach Thiar B, an Chabrach Thiar C, an Chabrach Thiar D, Droim Conrach Theas B, Droim Conrach Theas C, Cé na gCúirteanna A, Cé na gCúirteanna B, Cé na gCúirteanna C, Moinseo A, Moinseo B, an Chathair Thuaidh, an Duga Thuaidh A, an Duga Thuaidh B, an Duga Thuaidh C, Páirc an Fhionnuisce, an Rotunda A, an Rotunda B.

Ceathrar.

Baile Átha Cliath Thiar-Meán

I gcontae riaracháin chontae Bhaile Átha Cliath Theas, na toghranna seo a leanas:

Cluain Dolcáin-an Cheapach Mhór, Cluain Dolcáin-Dún Álainn, Cluain Dolcáin-Gort na Móna, Cluain Dolcáin-Rualach, Sráidbhaile Chluain Dolcáin, Leamhcán-an Eiscir, Arda Leamhcáin, Leamhcán-Teach San Eiléan, an Caisleán Nua, Ráth Cúil, Teach Sagard;

agus an chuid sin de thoghroinn Chluain Dolcáin-an Mhainistir atá laistiar de líne arna tarraingt feadh Pháircbhealach Thiar an M50.

Triúr.

Baile Átha Cliath Thuaidh

I gcontae riaracháin Fhine Gall, na toghranna seo a leanas:

Baile Brigín (Tuath), Baile Brigín (Uirbeach), Baile Ghrífín, Baile Bachaille, Baile na Scadán, Cluain Meathan, Domhnach Bat, Baile Gháire, Ráth Halabhóid, Inis Pádraig, Cill Shalcháin, Cinn Sáile, Lusca, Mullach Íde Thoir, Mullach Íde Thiar, Port Mearnóg Thuaidh, Port Mearnóg Theas, an Ros, na Sceirí, Sord-an Fhoraois, Sord-an Ghlas Mhór, Sord-Halla an Leasáin, Sord-Baile na Mara, Sráidbhaile Shoird;

agus na codanna sin de thoghranna Aerfoirt, Dhubhair, Choill an Phrióra A, Choill an Phrióra B, Choill an Phrióra C, an Bharda agus Thornapain atá lastuaidh de líne arna tarraingt mar a leanas—

ag tosú ag an áit a dtrasnaíonn Cros Thuaidh an M50 teorainn thiar theas thoghroinn an Bharda, ag tosú as sin soir ó thuaidh agus ag gabháil ar aghaidh feadh an M50 sin agus an N32 (Síneadh na Croise Thuaidh) go dtí an áit a dtrasnaíonn teorainn thoir thoghroinn Choill an Phrióra C an N32 sin, ag dul deiseal timpeall na dtrí chompal seo a leanas, agus á n-eisiamh, eadhon, compal Uimh. 3 ag acomhal Chros Thuaidh an M50 le Mótarbhealach an M1, an compal ag acomhal an N32 (Síneadh na Croise Thuaidh) le Bóthar na Cluainsí agus an compal ag acomhal an N32 (Síneadh na Croise Thuaidh) le Bóthar Mhullach Íde.

Ceathrar.

Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na toghranna seo a leanas:

Beaumont A, Beaumont B, Beaumont C, Beaumont D, Beaumont E, Beaumont F, Cluain Tarbh Thoir A, Cluain Tarbh Thoir B, Cluain Tarbh Thoir C, Cluain Tarbh Thoir D, Cluain Tarbh Thoir E, Cluain Tarbh Thiar A, Cluain Tarbh Thiar B, Cluain Tarbh Thiar C, Cluain Tarbh Thiar D, Cluain Tarbh Thiar E, Droim Conrach Theas A, Éadan Mór, Páirc na nGrás, An Ghráinseach E, Baile Hearman A, Baile Hearman B, An Choill Mhór A, an Choill Mhór B, an Choill Mhór C, an Choill Mhór D, an Halla Bán D.

Ceathrar.

Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na toghranna seo a leanas:

Árghort, an Ghráinseach A, an Ghráinseach B, an Ghráinseach C, an Ghráinseach D, Coill an Phrióra D, Coill an Phrióra E, Ráth Eanaigh-Gort an tSionnaigh, Ráth Eanaigh-Gleannán na Faiche, Ráth Eanaigh-San Assam;

agus na codanna sin de thoghranna Choill an Phióra A, Choill an Phrióra B agus Choill an Phrióra C atá laisteas de líne arna tarraingt mar a leanas—

ag tosú ag an áit a dtrasnaíonn Cros Thuaidh an M50 teorainn thiar thoghroinn Choill an Phrióra A, ag tosú as sin soir agus ag gabháil ar aghaidh feadh an M50 sin agus an N32 (Síneadh na Croise Thuaidh) go dtí an áit a dtrasnaíonn teorainn thoir thoghroinn Choill an Phrióra C an N32 sin, ag dul deiseal timpeall na dtrí chompal seo a leanas, agus á gcuimsiú, eadhon, compal Uimh. 3 ag acomhal Chros Thuaidh an M50 le Mótarbhealach an M1, an compal ag acomhal an N32 (Síneadh na Croise Thuaidh) le Bóthar na Cluainsí agus an compal ag acomhal an N32 (Síneadh na Croise Thuaidh) le Bóthar Mhullach Íde;

agus i gcontae riaracháin Fhine Gall, na toghranna seo a leanas:

Baile Dúill, Binn Éadair, Cill Fhionntain.

Triúr.

Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na toghranna seo a leanas:

Baile Gall A, Baile Gall B, Baile Gall C, Baile Gall D, Baile Munna A, Baile Munna B, Baile Munna C, Baile Munna D, Baile Munna E, Baile Munna F, Fionnghlas Thuaidh A, Fionnghlas Thuaidh B, Fionnghlas Thuaidh C, Fionnghlas Theas A, Fionnghlas Theas B, Fionnghlas Theas C, Fionnghlas Theas D, an Halla Bán A, an Halla Bán B, an Halla Bán C;

agus na codanna sin de thoghranna Aerfoirt, Dhubhair, an Bharda agus Thornapain atá laisteas de líne arna tarraingt mar a leanas—

ag tosú ag an áit a dtrasnaíonn Cros Thuaidh an M50 teorainn thiar theas thoghroinn an Bharda, ag tosú as sin soir ó thuaidh agus ag gabháil ar aghaidh feadh an M50 sin go dtí an áit a dtrasnaíonn teorainn thoir thoghroinn Thornapain é, ag dul deiseal timpeall chompal Uimh. 3, agus á chuimsiú, ag acomhal Chros Thuaidh an M50 le Mótarbhealach an M1.

Triúr.

Baile Átha Cliath Theas

I gcontae riaracháin Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, na toghranna seo a leanas:

Baile an tSaoir-Áth Leathan, Baile an tSaoir-Ludford, Baile an tSaoir-Marlaí, Baile an tSaoir-Leathánach na Cluana, Baile an tSaoir-Droim Cluana, Baile an tSaoir-Páirc na Coille, Baile an Teampaill-an Caisleán, Baile an Teampaill-an Scéimh, Baile an Teampaill-Garrán na gCnó, Baile an Teampaill-Orwell, Baile an Teampaill-Faiche na Coille, Cluain Sceach-Belfield, Cluain Sceach-Fearann na Buaile, Cluain Sceach-Baile an Mhuilinn, Cluain Sceach-Reabóg, Cluain Sceach-na Glasáin, Dún Droma-Baile Amhlaoibh, Dún Droma-Cill Mhochuda, Dún Droma-Áth an Ghainimh, Dún Droma-Droim Meala, Dún Droma-Teach Naithí, Gleann Cuilinn, Stigh Lorgan-Páirc na bhFianna, Stigh Lorgan-Cill Mhochuda, Stigh Lorgan-Meirbheal, Stigh Lorgan-Cnoc Mhuirfean, Tigh Bródáin;

agus an chuid sin de thoghroinn Chábán tSíle-Baile Uí Lachnáin atá laistiar de líne arna tarraingt feadh an bhóthair ó Charraig Mhaighin go Cill Tiarnáin;

agus an chuid sin de thoghroinn Stigh Lorgan -Baile na Lobhar atá siar ó dheas de líne arna tarraingt feadh sheanlíne iarnróid Shráid Fhearchair-Bré;

agus i gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath Theas, na toghranna seo a leanas:

Baile Baodáin, Baile Éamainn, Teach na Giúise-Baile Cuilinn, Teach na Giúise-Cnoc Liamhna, Ráth Fearnáin-Baile Ruáin, Ráth Fearnáin-Gort an Ime, Ráth Fearnáin-Hermitage, Ráth Fearnáin-Naomh Éanna, Sráidbhaile Ráth Fearnáin;

agus an chuid sin de thoghroinn Shráidbhaile Theach na Giúise atá soir ó thuaidh de líne arna tarraingt mar a leanas—

ag tosú ag an áit a dtrasnaíonn samhailfhadú soir ó dheas theorainn chúil chúirtealáiste uimhir 154 Garrán Pháirc Fhaiche na Coille teorainn thoir na toghroinne ag Bóthar Bhaile Cuilinn, ag tosú as sin siar ó thuaidh agus ag gabháil feadh an tsamhailfhadaithe sin, theorainneacha cúil chúirtealáistí uimhreacha 154 go 164 Garrán Pháirc Fhaiche na Coille, agus líne shamhailteach a nascann cúinne thiar thuaidh chúirtealáiste uimhir 164 Garrán Pháirc Fhaiche na Coille le cúinne thoir theas chúirtealáiste uimhir 165 Garrán Pháirc Fhaiche na Coille, ag leanúint siar ó thuaidh as sin feadh theorainneacha cúil chúirtealáistí uimhreacha 165 go 184 Garrán Pháirc Fhaiche na Coille agus líne samhailtí a nascann cúinne thiar thuaidh chúirtealáiste uimhir 184 Garrán Pháirc Fhaiche na Coille agus cúinne thoir theas chúirtealáiste uimhir 1 Garrán Pháirc Fhaiche na Coille, ag leanúint siar ó thuaidh as sin feadh theorainneacha thiar theas chúirtealáistí uimhreacha 1 agus 27 Garrán Pháirc Fhaiche na Coille agus feadh shamhailfhadú thiar thuaidh theorainn sin chúirtealáiste uimhir 27 Garrán Pháirc Fhaiche na Coille go dtí an áit a dtrasnaíonn an cosán atá laistiar de theorainneacha tosaigh chúirtealáistí uimhreacha 28 go 37 Garrán Pháirc Fhaiche na Coille í, ag tosú ó thuaidh as sin agus ag gabháil ar aghaidh feadh an chosáin sin go dtí a acomhal le Bóthar Theach na Giúise, ag tosú siar ó dheas as sin agus ag gabháil feadh Bhóthar Theach na Giúise go dtí a acomhal le teorainn bhaile fearainn Thamhlachta, ag tosú soir ó thuaidh as sin agus ag gabháil feadh theorainn an bhaile fearainn sin go dtí a acomhal le teorainn thiar theas chúirtealáiste Scoil Náisiúnta Theach na Giúise (Scoil Carmel), as sin feadh shamhailfhadú siar ó thuaidh na teorann sin go dtí an áit a dtrasnaíonn teorainn thiar thuaidh na toghroinne í ag Abhainn na Dothra.

Cúigear.

Baile Átha Cliath Theas-Lár

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na toghranna seo a leanas:

Carna, Séipéal Iosóid, Gort na Silíní A, Gort na Silíní C, Cromghlinn A, Cromghlinn B, Cromghlinn C, Cromghlinn D, Cromghlinn E, Cromghlinn F, na Déise, Drom Finn, Inse Chór A, Inse Chór B, Cill Mhaighneann A, Cill Mhaighneann B, Cill Mhaighneann C, Caminse A, Caminse B, Caminse C, Caminse D, Caminse E, an Choill Mhór, Cé na gCeannaithe A, Cé na gCeannaithe B, Cé na gCeannaithe C, Cé na gCeannaithe D, Cé na gCeannaithe E, Cé na gCeannaithe F, Tír an Iúir A, Tír an Iúir B, Tír an Iúir C, Tír an Iúir D, Cé Uiséar A, Cé Uiséar B, Cé Uiséar C, Cé Uiséar D, Cé Uiséar E, Cé Uiséar F, Baile Bhailcín A, Baile Bhailcín B, Baile Bhailcín C;

agus i gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath Theas, na toghranna seo a leanas:

Teach Mealóg-Mainéar Chaminse, Tír an Iúir-Páirc na Silíní, Tír an Iúir-na Crainn Ghlasa;

agus na codanna sin de thoghranna Chluain Dolcáin-an Mhainistir, Chluain Dolcáin-Baile an Aird agus Thamhlachta-Cill na Manach atá lastoir de líne arna tarraingt feadh Pháircbhealach Thiar an M50.

Cúigear.

Baile Átha Cliath Thoir Theas

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na toghranna seo a leanas:

Teach an Ard-Mhéara A, Teach an Ard-Mhéara B, Pembróc Thoir A, Pembróc Thoir B, Pembróc Thoir C, Pembróc Thoir D, Pembróc Thoir E, Pembróc Thiar A, Pembróc Thiar B, Pembróc Thiar C, Ráth Fearnáin, Ráth Maonais Thoir A, Ráth Maonais Thoir B, Ráth Maonais Thoir C, Ráth Maonais Thoir D, Ráth Maonais Thiar A, Ráth Maonais Thiar B, Ráth Maonais Thiar C, Ráth Maonais Thiar D, Ráth Maonais Thiar E, Ráth Maonais Thiar F, an Malartán Ríoga A, an Malartán Ríoga B, Naomh Caoimhín, an Duga Theas, Cé na Coille A, Cé na Coille B.

Ceathrar.

Baile Átha Cliath Thiar Theas

I gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath Theas, na toghranna seo a leanas:

Baile na Scornaí, Bóthar na Bruíne, Tamhlacht-Abhainn Bheag, Tamhlacht-Béalgard, Tamhlacht-Fothair Cearn, Tamhlacht-Radharc an Ghleanna, Tamhlacht-Ráth Miontáin, Tamhlacht-Cill an Ardáin, Tamhlacht-Coill Tuibear, Tamhlacht-Coill an Rí, Tamhlacht-Glaise an Mhuilinn, Tamhlacht-an Sean-Bhábhún, Tamhlacht-Achadh an Tobair, Tamhlacht-Teach Motháin, Teach Mealóg-an Chufróg, Teach Mealóg-an Tiníl, Teach Mealóg-Orwell, Teach Mealóg-an Coirneach, Sráidbhaile Theach Mealóg, Tír an Iúir-San Séamas;

agus na codanna sin de thoghranna Chluain Dolcáin-Baile an Aird agus Thamhlachta-Chill na Manach atá laistiar de líne arna tarraingt feadh Pháircbhealach Thiar an M50;

agus an chuid sin de thoghroinn Shráidbhaile Theach na Giúise nach bhfuil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas

Ceathrar.

Baile Átha Cliath Thiar

I gcontae riaracháin Fhine Gall, na toghranna seo a leanas:

Baile Bhlainséir-Baile an Aba, Baile Bhlainséir-Baile an Bhlácaigh, Baile Bhlainséir-Cúil Mhín, Baile Bhlainséir-Cor Dubh, Baile Bhlainséir-Coill an Ghleanntáin, Baile Bhlainséir-Mullach Eadrad, Baile Bhlainséir-Plásóg an Róis, Baile Bhlainséir-Baile an Tirialaigh, Caisleán Cnucha-Cnoc Mhaolrúin, Caisleán Cnucha-an Pháirc agus Leamhcán Thuaidh;

agus i gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath Theas, na toghranna seo a leanas:

Sráidbhaile Bhaile Phámar, Baile Phámar Thiar.

Triúr.

Dún Laoghaire

I gcontae riaracháin Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, na toghranna seo a leanas:

An Baile Breac, an Charraig Dhubh-Baile an Bhóthair, an Charraig Dhubh-Dún Chéire, an Charraig Dhubh-an Lár, an Charraig Dhubh-Gleann na Mná, an Charraig Dhubh-Baile na Manach, an Charraig Dhubh-an Pháirc Nua, an Charraig Dhubh-Rinn na Mara, an Charraig Dhubh-Sráid an tSrutháin, an Charraig Dhubh-Cnoc an Teampaill, an Charraig Dhubh-Baile Liam, Cábán tSíle-Páirc an Eibhir, Cábán tSíle-Cill Bheagóige, Cábán tSíle-Criadóireacht, Deilginis-Abhainn an Ghleanna, Deilginis-Blabhac, Deilginis-an Caladh Mór, Cnoc Dheilginse, Deilginis Uachtarach, Dún Laoghaire-Thoir-Lár, Dún Laoghaire-Glas Tuathail, Dún Laoghaire-Gleann na gCaorach, Dún Laoghaire-Feirm Bhaile na Manach, Dún Laoghaire-Baile an Chnoic, Dún Laoghaire-an Naigín Thoir, Dún Laoghaire-an Naigín Theas, Dún Laoghaire-an Naigín Thiar, Dún Laoghaire-Cnoc an tSalainn, Dún Laoghaire-Cuas an Ghainimh, Dún Laoghaire-Thiar-Lár, Carraig an tSionnaigh-Páirc na bhFeá, Carraig an tSionnaigh-Carraig Mhaighin, Carraig an tSionnaigh-Gráinseach an Déin, Carraig an tSionnaigh-Torquay, Cill Iníon Léinín Thuaidh, Cill Iníon Léinín Theas, Seanchill-Ráth Mhichíl, Seanchill-Ráth Salach, Seanchill-Seanchonnach, Stigh Lorgan-an Phrióireacht;

agus na codanna sin de thoghranna Chábán tSíle-Baile Uí Lachnáin agus Stigh Lorgan-Baile na Lobhar nach bhfuil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas.

Cúigear.

Gaillimh Thoir

Na toghranna seo a leanas:

Mainistir Uí Ghormacáin, Áth Eascrach, Eachroim, Béal Átha na Sluaighe (Tuath), Baile Mhic an Bhaird, Cluain Fearta, Cluain Tuaiscirt, Baile an Ruáin, Cill Chonaill, Cill Aodhán, Cill Fhalachtán, Cill Ódhráin, Cill Iúir, Cill Mac Seáin, Cill Tormóir, an Choill Mhór, an Baile Mór, Lios Maine, Cúil an Choirce, i sean-Tuathcheantar Bhéal Átha na Sluaighe Uimh 1;

Baile na Stac, Béal Átha Mó, Baile na Cille, Buíbheanach, na Creaga, Currach Mór, Gleann na Madadh, Oileán Cheapaigh Dhómhnaill, Cill Chróine, Cill Tulach, Ráithín, Screig, Seanchill, Teampall an Tóchair, Tobar Rua, i sean-Tuathcheantar Ghleann na Madadh; Ard Maoldubháin, Ard Raithin, Baile Uí Chathaláin, Beitheach, Cathair Mhór, Ceapa Ard, Caisleán Táilliúir, Dubhros, Drom Mochua, an Gort, Cill Beagnatan, Cill Fhaile, Cillín Bharra, Cill Einne, Cill Tartan, Cill Tomás, Cinn Mhara, Ráth Osán, Sceicheanach, i sean-Tuathcheantar an Ghoirt;

an Aill, Baile Átha an Rí, Baile na gCearr, Breaclach, Bollán, Caisleán Buí, Ceapa Lusca, Cluain Chaoin, Baile Uí Chlúmháin, Creachmhaoil, Doire Láir, Droim Caora, Mainistir na Gráige, an Ghráinseach, Cnocán Iúir, Cill Chríost, Cill Conmhaicne, Cill Cainiarn, Cill Íomair, Cill Ó gCillín, Cill Mian, Cill Rícill, Cill tSeiscill, Cill Tulach, Leaca Liath, Liatroim, Loch an Tóraic, Baile Locha Riach (Tuath), Baile Locha Riach (Uirbeach), an Creigín, Sliabh, Magh Óda, Ráth Fulrach, Teach Dáchonna, an Ghráig, i sean-Tuathcheantar Bhaile Locha Riach;

Eanach, Baile na Cille, an Chealtrach, Gallach, Caisleán Frinseach, Cluain Broc, Cluain Chaoin, Baile Colbha, Doire an Ghlasáin, Cill Fhear Odhrán, Cill Liatháin, an Creagán, an Baile Íochtair, Teach Buí, i sean-Tuathcheantar an Chreagáin;

Rann na Mainistreach, an Baile Glas, an Cuas, Darú, Droman, Dún an Uchta, Cill Íomair, Cill Molingóg, Cill Cuán, Míleac, an Móta, Pailís, Port Omna, Tír Chinn Eascrach, Tíne, i sean-Tuathcheantar Phort Omna;

An Mhainistir Thoir, an Mhainistir Thiar, Eadarghóil, Eanach Cuain, Baile an Doire, Baile an Duibh, Baile na Páirce, an Bheitheach Mhór, Béal Chláir, Ceathrú na gCorr, Ceathrú Riach, Clár Thuama, Cluain Bheirn, Cluain Chaoin, Comar, Domhnach Pádraig, Dúbhaile, Dún Mór Thuaidh, Dún Mór Theas, Poll an tSionnaigh, Áth Cinn, Leamhchoill, Cill Beanán, Cill Cuanna, Cill Einne, Cillín, Cill Fhear Éireann, Cill Fhobhar, Cill Fhursa, Cill Mhaoláin, Cill Seanbhotha, Leathbhaile, Baile an Mhuilinn, Muine Mheá, Maighean, Cnoc an tSeagail, Tobar an Dois, Tuaim (Tuath), Tuaim (Uirbeach), i sean-Tuathcheantar Thuama;

agus ceantar uirbeach Bhéal Átha na Sluaighe.

Ceathrar.

Gaillimh Thiar

Contae riaracháin na Gaillimhe, ach amháin na codanna de atá i ndáilcheantar na Gaillimhe Thoir;

agus contaebhuirg na Gaillimhe.

Cúigear.

Ciarraí Thuaidh

Na toghranna seo a leanas:

Cill Fheidhlim, i sean-Tuathcheantar Chill Airne;

Ardachadh, Eas Daoi, Baile an Chlochair, Baile Conraoi, an Baile Dubh, Baile Aogáin, Baile Uí Argáin, Béal, Carraig, an Tóchar, Cluain Tiobraid, Droim Mhártain, Dubháth, Inis Mhór, Gallán, Baile Uí Dhonncha, Cill Feichne, Cill Eithne, Cill Lamhraí, Cill Maighne, Cill Seanán, Cill Tóma, Liatroim, Lios Lachtín, Lios Eiltín, Lios Tuathail (Tuath), Leic Snámha, Maigh Inse, Maigh Mheáin, Ráth Aodha, Srón Abhann, Tairbeart, an Tearmann, Trian Iarthach, Urlaí, i sean-Tuathcheantar Lios Tuathail;

Mainistir Ó dTorna, Airibeile, Ard Fhearta, Baile Aogáin, Baile Uí Thaidhg, Baile na hEaglaise, Baile an Óraigh, Baile Ó Síoda, Banna, Cathair Uí Mhóráin, Brosnach, Oileán Ciarraí, Clochar Bhriain, Cordal, Crionna, Dún, na Gnímh, Ceann Duimhche, Cill Flainn, Cill Leathan, Cill Muire, Cnoc na gCaiseal, Leaca Bhán, Cnocán an Iolair, Nuachongbháil, Ó Braonáin, Ráth Teas, Trá Lí (Tuath), Tiobraid, i sean-Tuathcheantar Thrá Lí;

agus ceantair uirbeacha Lios Tuathail agus Thrá Lí.

Triúr.

Ciarraí Theas

Contae riaracháin Chiarraí, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Chiarraí Thuaidh.

Triúr.

Cill Dara Thuaidh

I gcontae riaracháin Chill Dara, na toghranna seo a leanas:

Baile Ráithín, Cill Droichid, Cluain Conaire, Domhnach Dheá, Domhnach Coimir, Cill Choca, Léim an Bhradáin, Maigh Nuad, Teach Srafáin, i sean-Tuathcheantar Chill Droichid Uimh.1;

Baile Bhuadáin, Claonadh, an Chill, Cill Tidhil, an Nás (Tuath), Uachtar Ard, an Ráth Mhór, Tigh Mochua Thuaidh, i sean-Tuathcheantar an Náis;

agus ceantar uirbeach an Náis.

Triúr.

Cill Dara Theas

Contae riaracháin Chill Dara, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Chill Dara Thuaidh.

Triúr.

Laois-Uíbh Fhailí

Contaetha riaracháin Laoise agus Uíbh Fhailí.

Cúigear.

Luimneach Thoir

I gcontae riaracháin Luimnigh, na toghranna seo a leanas:

An Brú, Cathair Coirne, an tOspidéal, Cill Tíle, Cnoc Áine, Cnoc Loinge, Iúr Gearr, i sean-Tuathcheantar Chill Mocheallóg;

Mainistir Uaithne, Baile Bricin, Baile Cuimín, Béal Átha Síomóin, Baile Uí Mheadhra, Cathair Chinn Lis Thoir, Cathair Chinn Lis Thiar, Cathair Ailí, an Cheapach Mhór, Caisleán Uí Chonaill, Cluain Chaoin, an Dún Thiar, Gleann Státhail, Cill Muire, Luimneach Thuaidh (Tuath), Luimneach Theas (Tuath), Baile an Róistigh, i sean-Tuathcheantar Luimnigh Uimh. 1;

Bile Bua, an Dún Theas, Cnoc Gréine, Úlla, Teampall Uí Bhrídeáin, i sean-Tuathcheantar Thiobraid Árann Uimh. 2;

agus, i gcontae riaracháin an Chláir, na bailte fearainn seo a leanas:

Áth Longfoirt, Béal an Chaoláin, Cluain Uachtair, Cnoc na Síóg, an Garrán, Gort an Tóchair, Cill Chuáin, Cnoc Bhaile na mBiatach, an Pairtín, Poll Uí Chuinn Theas, Ros Mada Thoir, Ros Mada Thiar, Oileán San Tomás, an tSeanchill, i dtoghroinn an Bhaile Ghlais, i sean-Tuathcheantar Mhílic;

agus contaebhuirg Luimnigh.

Cúigear.

Luimneach Thiar

Contae riaracháin Luimnigh, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Luimnigh Thoir.

Triúr.

An Longfort-Ros Comáin

Contaetha riaracháin an Longfoirt agus Ros Comáin.

Ceathrar.

Contae riaracháin Lú.

Ceathrar.

Maigh Eo

Contae riaracháin Mhaigh Eo.

Cúigear.

An Mhí

Contae riaracháin na Mí.

Cúigear.

Sligeach-Liatroim

Contaetha riaracháin Shligigh agus Liatroma.

Ceathrar.

Tiobraid Árann Thuaidh

Contae riaracháin Thiobraid Árann, An Trian Thuaidh;

agus i gcontae riaracháin Thiobraid Árann, An Trian Theas, na toghranna seo a leanas:

Baile Uí Shíocháin, an Clochar, Cluain an Olltaigh Thoir, Cluain an Olltaigh Thiar, Gaola, Baile Ghrae, Cill Náile, Baile Nodach, i sean-Tuathcheantar Chaisil;

Baile Philib, Bual-lic, Cruachán, Fearann Ruairí, Fionnúir, Cill Chúile, Gleann an Ghuail, Baile Phaghain, i sean-Tuathcheantar Shliabh Ardachadh;

An Cheapach, Curraichín, Dún Eochaille, Gleann Gearra, i sean-Tuathcheantar Thiobraid Árann Uimh. 1.

Triúr.

Tiobraid Árann Theas

Contae riaracháin Thiobraid Árann, an Trian Theas, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Thiobraid Árann Thuaidh;

agus i gcontae riaracháin Phort Láirge, na toghranna seo a leanas:

Cill Mochoma, Cill Rónáin agus na bailte fearainn seo a leanas:

Barr Bháicín, an Bán Ard, an Bhuaile, Carraig na Brón, An Chúil Íseal, Doire an Láir Íochtarach, Doire an Láir Uachtarach, Gleann Dáith, an Goirtín Íochtarach, an Goirtín Uachtarach, an Lisín, Tigh Cinn Chora Íochtarach, Tigh Cinn Chora Uachtarach, i dtoghroinn an Ghoirtín;

agus na bailte fearainn seo a leanas:

Cruán Íochtarach, Cruán Uachtarach, Gleann Áirí, Gleann na nGad, Cill Gháithne Íochtarach, Cill Gháithne Uachtarach, Cnoc Lúcáis, Cnoc na gCriomhthann, Ladhar an Iarla, Móin na Caillí, an Poll Buí, Poll na gCuinneog, an Scrabhtae Thoir, an Scrabhtae Thiar, an Spá, i dtoghroinn Naomh Muire, i sean-Tuathcheantar Chluain Meala Uimh. 2.

Triúr.

Port Láirge

Contae riaracháin Phort Láirge, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Thiobraid Árann Theas;

agus contaebhuirg Phort Láirge.

Ceathrar.

An Iarmhí

Contae riaracháin na hIarmhí.

Triúr.

Loch Garman

Contae riaracháin Loch Garman.

Cúigear.

Cill Mhantáin

Contae riaracháin Chill Mhantáin;

agus, i gcontae riaracháin Cheatharlach, na toghranna seo a leanas:

Cluain Mhór, Baile Haicéid, Baile an Araldaigh, Cinn Eich, Ráth Choill, Ráth Bhile, Tigh an Chnoic, Baile Liam, i sean-Tuathcheantar Bhealach Conglais Uimh. 2.

Cúigear.