| |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
|
| |
CUID 1
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
|
| |
Caibidil 1
Léiriú
|
[EN]
|
Léiriú (Cuid 1).
|
1.
—Sa Chuid seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997.
|
| |
Caibidil 2
Cáin Ioncaim
|
[EN]
|
Leasú ar na forálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.
|
2.
—Maidir leis an mbliain mheasúnachta 1999-2000 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo Caibidil 1 de Chuid 7 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) in alt 187, tríd an méid seo a leanas a chur isteach, i bhfo-alt (1), in ionad mhír (a):
|
[EN]
| |
“(a) i gcás pearsa aonair dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar ‘méid sonraithe’ in alt 461(1) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1999), £8,200, agus”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(b) in alt 188, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
|
[EN]
| |
“(2) San alt seo, ciallaíonn ‘an méid sonraithe’, faoi réir alt 187 (2)—
|
[EN]
| |
(a) i gcás pearsa aonair dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar ‘méid sonraithe’ in alt 461(1) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1999), £13,000, agus
|
[EN]
| |
(b) in aon chás eile £6,500.”.
|
[EN]
|
Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.
|
3.
—Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht, maidir leis an mbliain mheasúnachta 1999-2000 agus le blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:
|
[EN]
| |
“AN TÁBLA
|
[EN]
| |
CUID 1
|
| |
An chuid den ioncam inchánach
(1)
|
An ráta cánach
(2)
|
Tuairisc an ráta
(3)
|
An chéad £14,000
|
...
|
...
|
...
|
24 faoin gcéad
|
an ráta caighdeánach
|
An fuílleach
|
...
|
...
|
...
|
46 faoin gcéad
|
an t-ard-ráta
|
|
|
[EN]
| |
CUID 2
|
| |
An chuid den ioncam inchánach
(1)
|
An ráta cánach
(2)
|
Tuairisc an ráta
(3)
|
An chéad £28,000
|
...
|
...
|
...
|
24 faoin gcéad
|
an ráta caighdeánach
|
An fuílleach
|
...
|
...
|
...
|
46 faoin gcéad
|
an t-ard-ráta
|
”.
|
|
[EN]
|
Faoisimh phearsanta.
|
4.
—Maidir leis an mbliain mheasúnachta 1999-2000 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 461:
|
| |
“Liúntais phearsanta de réir an ráta chaighdeánaigh.
|
461.—(1) San alt seo—
ciallaíonn ‘céatadán cuí’, i ndáil le bliain mheasúnachta, céatadán is comhionann leis an ráta caighdeánach cánach don bhliain sin;
ciallaíonn ‘an méid sonraithe’, i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta—
(a) £8,400, i gcás arb éard é nó í an t-éilitheoir—
(i) duine pósta—
(I) a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 1017, nó
(II) a chruthóidh nach gcónaíonn a chéile nó a céile leis nó léi ach go bhfuil sé nó sí á chothabháil nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige nó aici don bhliain mheasúnachta agus nach bhfuil an t-éilitheoir i dteideal, le linn a ioncam nó a hioncam a ríomh chun críocha cánach don bhliain sin, aon asbhaint a dhéanamh i leith na suimeanna a d'íoc sé nó sí chun a chéile nó a céile a chothabháil,
nó
(ii) baintreach, seachas duine a bhfuil feidhm ag fomhír (i) maidir leis nó léi, ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a chéile nó a céile,
agus
(b) £4,200 i gcás aon éilitheora eile.
(2) Déanfar an cháin ioncaim a bheidh le muirearú ar phearsa aonair, ar shlí seachas de réir alt 16(2), do bhliain mheasúnachta a laghdú de mhéid arb é an ceann is lú é díobh seo a leanas—
(a) méid is comhionann leis an gcéatadán cuí den mhéid sonraithe i ndáil leis an bpearsa aonair don bhliain sin, nó
(b) an méid a laghdaíonn an cháin ioncaim sin go nialas.
|
|
| |
Liúntas breise do bhaintreach.
|
461A.—D'fhonn a ioncam nó a hioncam inchánach do bhliain mheasúnachta a fhionnadh, beidh baintreach, seachas duine dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar ‘méid sonraithe’ in alt 461(1), i dteideal asbhaint £500.”,
|
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(b) sa Tábla a ghabhann le halt 458—
|
[EN]
| |
(i) trí “alt 461A” a chur in ionad “alt 461” i gCuid 1, agus
|
[EN]
| |
(ii) trí “alt 461(2)” a chur isteach i ndiaidh “alt 244” i gCuid 2.
|
[EN]
|
Faoisimh do thuismitheoirí ar baintreacha iad agus do thuismitheoirí singile eile.
|
5.
—Maidir leis an mbliain mheasúnachta 1999-2000 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 462:
|
| |
“Tuismitheoirí ar baintreacha iad agus tuismitheoirí singile eile: liúntas de réir an ráta chaighdeánaigh.
|
462.—(1) (a) San alt seo—
ciallaíonn ‘céatadán cuí’, i ndáil le bliain mheasúnachta, céatadán is comhionann leis an ráta caighdeánach cánach don bhliain sin;
ciallaíonn ‘leanbh cáilitheach’, i ndáil le haon éilitheoir agus le haon bhliain mheasúnachta—
(i) leanbh—
(I) a rugadh sa bhliain mheasúnachta,
(II) atá, i dtosach na bliana measúnachta, faoi bhun 18 mbliana d'aois, nó
(III) arb amhlaidh dó nó di, má tá sé nó sí os cionn 18 mbliana d'aois i dtosach na bliana measúnachta—
(A) go bhfuil sé nó sí ag fáil teagaisc lánaimseartha in aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas eile oideachais, nó
(B) go bhfuil sé nó sí, mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp, buanéagumasach ar é féin nó í féin a chothabháil agus gur tháinig sé nó sí chun bheith buanéagumasach amhlaidh sula raibh 21 bliain d'aois slánaithe aige nó aici nó gur tháinig sé nó sí chun bheith buanéagumasach amhlaidh tar éis dó nó di 21 bliain d'aois a shlánú ach sin le linn dó nó di a bheith ag fáil teagaisc lánaimseartha den sórt sin,
agus
(ii) leanbh is leanbh leis an éilitheoir nó, mura leanbh den sórt sin é nó í, leanbh atá i gcoimeád an éilitheora agus á chothabháil nó á cothabháil ag an éilitheoir ar chostas an éilitheora féin ar feadh iomlán na bliana measúnachta nó ar feadh cuid di;
ciallaíonn ‘an méid sonraithe’ £1,050.
(b) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le pearsa aonair seachas pearsa aonair dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar ‘méid sonraithe’ in alt 461(1).
(2) Faoi réir fho-alt (3), i gcás go ndéanfaidh éilitheoir, is pearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo, a chruthú, maidir le bliain mheasúnachta, go bhfuil leanbh cáilitheach ina chónaí nó ina cónaí leis nó léi ar feadh iomlán na bliana nó ar feadh cuid di, déanfar an cháin ioncaim a bheidh le muirearú ar an bpearsa aonair, ar shlí seachas de réir alt 16(2), don bhliain mheasúnachta sin a laghdú de mhéid arb é an ceann is lú é díobh seo a leanas—
(a) an méid is comhionann leis an gcéatadán cuí den mhéid sonraithe i ndáil leis an bpearsa aonair, nó
(b) an méid a laghdaíonn an cháin ioncaim sin go nialas,
ach ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta i gcás fearchéile nó banchéile má chónaíonn an fearchéile agus an banchéile le chéile, nó i gcás fear agus bean a chónaíonn le chéile mar fhearchéile agus banchéile.
(3) Ní bheidh teideal ag éilitheoir ach chun aon laghdú cánach amháin faoi fho-alt (2) d'aon bhliain mheasúnachta, is cuma cé mhéad leanaí cáilitheacha a chónaíonn leis an éilitheoir sa bhliain sin.
(4) (a) Na tagairtí i bhfo-alt (1)(a) do leanbh atá ag fáil teagaisc lánaimseartha i mbunachas oideachais folóidh siad tagairtí do leanbh atá á oiliúint nó á hoiliúint ag aon duine (dá ngairtear ‘an fostóir’ san fho-alt seo) d'aon cheird nó gairm in imthosca de shórt go bhfuil ar an leanbh a chuid ama go léir, nó a cuid ama go léir, a chaitheamh leis an oiliúint ar feadh tréimhse nach lú ná 2 bhliain.
(b) Chun críocha éilimh maidir le leanbh atá á oiliúint nó á hoiliúint, féadfaidh an cigire a cheangal ar an bhfostóir sonraí i dtaobh oiliúint an linbh a thabhairt i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim.
(5) (a) I gcás go bhfuil teideal ag leanbh cáilitheach ina cheart nó ina ceart féin, in aon bhliain mheasúnachta, chun ioncaim de bhreis ar £720 sa bhliain sin, déanfar an méid sonraithe a laghdú de mhéid na breise go feadh teorainn an méid shonraithe.
(b) Le linn ioncam an linbh a bheith á ríomh chun críocha mhír (a), ní dhéanfar aon ioncam a bhfuil teideal ag an leanbh chuige mar shealbhóir scoláireachta, sparánachta nó dearlaice oideachais eile dá samhail a chur i gcuntas.
(6) I gcás go n-éireoidh aon cheist i dtaobh teideal a bheith ag aon duine chun laghdú cánach faoin alt seo maidir le leanbh atá os cionn 18 mbliana d'aois ar leanbh é nó í atá ag fáil teagaisc lánaimseartha dá dtagraítear san alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta.
|
|
| |
Liúntas breise do thuismitheoirí ar baintreacha iad agus do thuismitheoirí singile eile.
|
462A.—(1)(a) Chun críocha an ailt seo, tá le ‘leanbh cáilitheach’, i ndáil le héilitheoir agus le bliain mheasúnachta, an bhrí chéanna atá leis in alt 462, agus déanfar an cheist i dtaobh leanbh a bheith ina leanbh cáilitheach a chinneadh ar an mbonn céanna is a chinnfí í chun críocha alt 462, agus beidh feidhm ag fo-ailt (4), (5)(b) agus (6) den alt sin dá réir sin.
(b) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le pearsa aonair seachas pearsa aonair dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar ‘méid sonraithe’ in alt 461(1).
(2) Faoi réir fho-alt (3), i gcás go ndéanfaidh éilitheoir, is pearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo, a chruthú, maidir le bliain mheasúnachta, go bhfuil leanbh cáilitheach ina chónaí nó ina cónaí leis nó léi ar feadh iomlán na bliana nó ar feadh cuid di, beidh teideal ag an éilitheoir—
(a) más baintreach é nó í, chun asbhaint £2,650, nó
(b) más pearsa aonair seachas baintreach é nó í, chun asbhaint £3,150,
ach ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta i gcás fearchéile nó banchéile má chónaíonn an fearchéile agus an banchéile le chéile, nó i gcás fear agus bean a chónaíonn le chéile mar fhearchéile agus banchéile.
(3) Ní bheidh teideal ag éilitheoir ach chun aon asbhaint amháin faoi fho-alt (2) d'aon bhliain mheasúnachta, is cuma cé mhéad leanaí cáilitheacha a chónaíonn leis an éilitheoir sa bhliain sin.
(4) Ní lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta maidir le haon leanbh ag a bhfuil teideal ina cheart nó ina ceart féin chun ioncaim de bhreis ar £1,770 sa bhliain sin ach amháin, más lú méid na breise ná an asbhaint ab inlamhála ar leith ón bhfo-alt seo, go lamhálfar asbhaint arna laghdú den mhéid sin.”,
|
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(b) sa Tábla a ghabhann le halt 458—
|
[EN]
| |
(i) trí “alt 462A” a chur in ionad “alt 462” i gCuid 1, agus
|
[EN]
| |
(ii) trí “alt 462” a chur isteach i ndiaidh “alt 461(2)” (arna chur isteach leis an Acht seo) i gCuid 2.
|
[EN]
|
Leasú ar Chaibidil 1 de Chuid 15 den Phríomh-Acht.
|
6.
—Leasaítear leis seo Caibidil 1 de Chuid 15 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) in alt 465, trí “18 mbliana” a chur in ionad “16 bliana”, gach áit a bhfuil sé i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) agus i mír (a) d'fho-alt (2), agus
|
[EN]
| |
(b) in alt 469, trí “18 mbliana” a chur in ionad “16 bliana” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “cleithiúnaí”.
|
[EN]
|
Liúntas fostaí.
|
7.
—Maidir leis an mbliain mheasúnachta 1999-2000 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) sa Tábla a ghabhann le halt 458—
|
[EN]
| |
(i) trí “alt 472” a scriosadh i gCuid 1, agus
|
[EN]
| |
(ii) trí “alt 472” a chur isteach i ndiaidh “alt 462” (arna chur isteach leis an Acht seo) i gCuid 2,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(b) in alt 472—
|
[EN]
| |
(i) i bhfo-alt (1)(a):
|
[EN]
| |
(I) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “díolaíochtaí”—
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘céatadán cuí’, i ndáil le bliain mheasúnachta, céatadán is comhionann leis an ráta caighdeánach cánach don bhliain sin;”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(II) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “stiúrthóir dílseánach”—
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘an méid sonraithe’, i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta, an ceann is lú díobh seo a leanas—
|
[EN]
| |
(a) £1,000, nó
|
[EN]
| |
(b) an méid atá ar áireamh in ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta i leith díolaíochtaí,
|
[EN]
| |
agus, i gcás inar duine pósta a mheasúnaítear i leith cánach de réir alt 1017 an t-éilitheoir, is éard a bheidh sa mhéid sonraithe i ndáil le céile na pearsan aonair an méid arbh éard é an méid sonraithe i ndáil leis an gcéile sin dá mba rud é go ndearnadh é nó í a mheasúnú de réir alt 1016;”,
|
[EN]
| |
(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
|
[EN]
| |
“(4) Más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go gcruthóidh éilitheoir gur díolaíochtaí go hiomlán nó go páirteach a ioncam nó a hioncam iomlán don bhliain, déanfar an cháin ioncaim a bheidh le muirearú ar an bpearsa aonair, ar shlí seachas de réir alt 16(2), don bhliain mheasúnachta sin, a laghdú de mhéid arb é an ceann is lú é díobh seo a leanas—
|
[EN]
| |
(a) méid is comhionann leis an gcéatadán cuí den mhéid sonraithe i ndáil leis an bpearsa aonair sin agus, i gcás inar duine pósta a mheasúnaítear i leith cánach de réir alt 1017 an t-éilitheoir, an méid sonraithe i ndáil le céile na pearsan aonair sin, nó
|
[EN]
| |
(b) an méid a laghdaíonn an cháin ioncaim sin go nialas.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(iii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):
|
[EN]
| |
“(5) I gcás ina mbeidh laghdú faoin alt seo le déanamh as ioncam arna mhuirearú i leith cánach d'aon bhliain mheasúnachta de bhua oibriú fho-alt (2), tabharfar an laghdú sin i modh aisíocaíochta cánach.”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 468 (faoiseamh do dhaoine dalla) den Phríomh-Acht.
|
8.
—Maidir leis an mbliain mheasúnachta 1999-2000 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 468 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (2), trí “£1,500” a chur in ionad “£1,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998) sa dá áit a bhfuil sé agus trí “£3,000” a chur in ionad “£2,000” (mar a cuireadh isteach amhlaidh).
|
[EN]
|
Duine fostaithe a thugann aire do phearsa aonair éagumasaithe.
|
9.
—Maidir leis an mbliain mheasúnachta 1999-2000 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 467:
|
[EN]
| |
“467.—(1) San alt seo folaíonn ‘gaol’, i ndáil le pearsa aonair, gaol i ngeall ar phósadh agus duine a bhfuil nó a raibh an phearsa aonair ina chaomhnóir nó ina caomhnóir dlíthiúil ina leith.
|
[EN]
| |
(2) Faoi réir an ailt seo, más rud é maidir le bliain mheasúnachta go gcruthóidh pearsa aonair—
|
[EN]
| |
(a) go raibh sé nó sí nó go raibh gaol leis an bpearsa aonair, i gcaitheamh na bliana measúnachta, faoi éagumas iomlán le héiglíocht choirp nó mheabhrach, agus
|
[EN]
| |
(b) maidir leis an mbliain mheasúnachta, gur fhostaigh an phearsa aonair, nó i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 1017, gur fhostaigh céile na pearsan aonair, duine (lena n-áirítear duine a soláthraíonn gníomhaireacht a sheirbhísí nó a seirbhísí nó a soláthraítear a sheirbhísí nó a seirbhísí trí ghníomhaireacht) chun aire a thabhairt don phearsa aonair (is é sin an phearsa aonair nó gaol leis an bpearsa aonair) atá faoi éagumas amhlaidh,
|
[EN]
| |
beidh an phearsa aonair, le linn méid a ioncaim nó a hioncaim inchánach a bheith á ríomh, i dteideal go ndéanfaí an ceann is lú díobh seo a leanas a asbhaint óna ioncam iomlán nó óna hioncam iomlán, eadhon—
|
[EN]
| |
(i) méid an mhuirir a bheidh air nó uirthi nó ar chéile na pearsan aonair faoi dheoidh sa bhliain mheasúnachta ag fostú an duine fhostaithe, agus
|
[EN]
| |
(ii) £8,500 i leith gach pearsan aonair éagumasaithe den sórt sin.
|
[EN]
| |
(3) I gcás go mbeidh 2 phearsa aonair nó níos mó i dteideal asbhaint faoin alt seo a fháil do bhliain mheasúnachta i leith na pearsan aonair éagumasaithe céanna, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
|
[EN]
| |
(a) ní mó ná £8,500 comhiomlán na n-asbhaintí a dheonófar do na pearsana aonair sin, agus
|
[EN]
| |
(b) déanfar an faoiseamh a bheidh le deonú faoin alt seo i ndáil leis an bpearsa aonair éagumasaithe a chionroinnt eatarthu i gcomhréir le méid an mhuirir a bheidh ar gach duine díobh faoi dheoidh ag fostú an duine fhostaithe.
|
[EN]
| |
(4) Más rud é, d'aon bhliain mheasúnachta, go lamhálfar asbhaint do phearsa aonair faoin alt seo, ní bheidh an phearsa aonair i dteideal asbhaint a fháil i leith an duine fhostaithe (lena n-áirítear duine a soláthraíonn gníomhaireacht a sheirbhísí nó a seirbhísí nó a soláthraítear a sheirbhísí nó a seirbhísí trí ghníomhaireacht) faoi alt 465 nó alt 466.”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 122 (socruithe maidir le hiasacht tosaíochta) den Phríomh-Acht.
|
10.
—Leasaítear leis seo alt 122 den Phríomh-Acht, maidir leis an mbliain 1999-2000 agus le blianta measúnachta dá éis—
|
[EN]
| |
(a) trí “6 faoin gcéad” a chur in ionad “7 faoin gcéad” sa dá áit a bhfuil sé, agus
|
[EN]
| |
(b) trí “10 faoin gcéad” a chur in ionad “11 faoin gcéad”,
|
[EN]
| |
sa mhíniú ar “an ráta sonraithe” i mír (a) d'fho-alt (1), agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
|
[EN]
| |
AN TÁBLA
|
| |
ciallaíonn “an ráta sonraithe”, i ndáil le hiasacht tosaíochta—
(i) i gcás—
(I) ina mbeidh an t-ús a íoctar ar an iasacht tosaíochta cáilithe le haghaidh faoisimh faoi alt 244, nó
(II) mura n-íoctar ús ar bith ar an iasacht tosaíochta, go mbeadh an t-ús a d'íocfaí ar an iasacht sin (dá mba iníoctha ús) cáilithe amhlaidh,
an ráta 6 faoin gcéad sa bhliain nó cibé ráta eile (más ann) a fhorordóidh an tAire Airgeadais le rialacháin,
(ii) i gcás—
(I) ina dtugann fostóir an iasacht tosaíochta d'fhostaí,
(II) inar cuid de thrádáil an fhostóra iasachtaí a thabhairt, chun teach cónaithe a cheannach lena áitiú ag an iasachtaí mar áit chónaithe, ar feadh téarma ainmnithe blianta de réir ráta úis nach n-athraíonn feadh ré na hiasachta, agus
(III) inar ráta is lú ná 6 faoin gcéad sa bhliain, nó cibé ráta eile (más ann) a fhorordóidh an tAire Airgeadais le rialacháin, an ráta úis ar a dtugann nó ar ar thug an fostóir, i gcúrsa thrádáil an fhostóra an tráth a thugtar nó ar tugadh an iasacht tosaíochta, iasachtaí ar neamhthuilleamaí do dhaoine, seachas fostaithe, chun teach cónaithe a cheannach lena áitiú ag an iasachtaí mar áit chónaithe,
an chéad ráta a luaitear i bhfomhír (III), nó
(iii) in aon chás eile, an ráta 10 faoin gcéad sa bhliain nó cibé ráta eile (más ann) a fhorordóidh an tAire Airgeadais le rialacháin.
|
|
[EN]
|
Leasú ar alt 126 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le sochair áirithe is iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh) den Phríomh-Acht.
|
11.
—Leasaítear leis seo alt 126 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998) i bhfo-alt (8):
|
[EN]
| |
“(b) D'ainneoin fho-alt (3) agus an Ordaithe um an Acht Airgeadais, 1992 (Tosach Feidhme Alt 15) (Sochar Dífhostaíochta agus Sochar Pá-Choibhneasa), 1994 (I.R. Uimh. 19 de 1994), ní bheidh feidhm ag fo-alt (3)(b) i ndáil le sochar dífhostaíochta a íoctar nó is iníoctha sa tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1997, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 2000, le duine atá fostaithe i bhfostaíocht ghearr-ama.”.
|
[EN]
|
Mar a dhéileálfar le hioncam a eascraíonn de thoradh suibscríobhanna poiblí áirithe arna gcruinniú thar ceann pearsan aonair éagumasaithe.
|
12.
—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i gCaibidil 1 de Chuid 7 i ndiaidh alt 189:
|
| |
“Iontaobhais speisialta do phearsana aonair buan-éagumasaithe.
|
189A.—(1) San alt seo—
ciallaíonn ‘pearsa aonair éagumasaithe’ pearsa aonair atá buan-éagumasaithe go hiomlán, mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp, ar é féin nó í féin a chothabháil;
ciallaíonn ‘suibscríobhanna poiblí’ suibscríobhanna, i bhfoirm airgid nó maoine eile, arna gcruinniú, tar éis achainí a rinneadh chuige sin ar dhaoine den phobal, chun sochair do phearsa aonair éagumasaithe amháin nó níos mó a mbeidh céannacht an chéanna ar eolas ag na daoine a dhéanann na suibscríobhanna, agus ar suibscríobhanna iad a chomhlíonfaidh ceachtar de na coinníollacha seo a leanas, eadhon—
(a) ní mó ná £300,000 méid iomlán na suibscríobhanna, nó
(b) aon tráth ar an dáta, nó i ndiaidh an dáta, arb é an dáta tuairisceáin sonraithe é don tréimhse inmhuirearaithe dá n-éilítear díolúine den chéad uair faoi fho-alt (2) nó (3), ní bheidh aon mhéid de na suibscríobhanna ina shuibscríobh arna dhéanamh ag aon duine amháin ar leith ar mó é ná 30 faoin gcéad de mhéid iomlán na suibscríobhanna;
ciallaíonn ‘iontaobhas cáilitheach’ iontaobhas arna bhunú le gníomhas a suitear ina leith chun sástacht an chigire nó, ar achomharc, chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc—
(a) gur bunaíodh an t-iontaobhas go heisiach chun sochair do phearsa aonair éagumasaithe sonraithe amháin nó níos mó ar chun sochair dó nó di nó dóibh a cruinníodh suibscríobhanna poiblí, de réir bhrí an ailt seo,
(b) go gceanglaíonn an t-iontaobhas—
(i) go gcaithfear cistí an iontaobhais chun sochair don phearsa aonair sin nó do na pearsana aonair sin, de réir mar a bheidh, de rogha iontaobhaithe an iontaobhais, agus
(ii) i gcás bhás na pearsan aonair sin nó na bpearsan aonair sin, de réir mar a bheidh, go ndéanfar an chuid neamhdháilte de na cistí iontaobhais a úsáid chun críocha carthanúla nó a cheapadh i bhfabhar iontaobhaithe comhlachtaí carthanúla,
agus
(c) nach mbeidh aon duine d'iontaobhaithe an iontaobhais bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bpearsa aonair sin nó le haon duine de na pearsana aonair sin, de réir mar a bheidh;
tá le ‘dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 950;
ciallaíonn ‘cistí iontaobhais’ i ndáil le hiontaobhas cáilitheach—
(a) suibscríobhanna poiblí, arna gcruinniú chun sochair don phearsa aonair éagumasaithe nó do na pearsana aonair éagumasaithe, is ábhar nó is ábhair don iontaobhas, agus
(b) an t-airgead agus an mhaoin eile go léir a dhíorthaíonn go díreach nó go neamhdhíreach ó na suibscríobhanna poiblí sin.
(2) Maidir le hioncam a eascraíonn chuig iontaobhaithe iontaobhais cháilithigh i leith na gcistí iontaobhais, ar ioncam é arb é atá ann díbhinní nó ioncam eile a bheadh inmhuirearaithe i leith cánach, murach an t-alt seo, faoi Sceideal C nó faoi Chás III, IV (de bhua alt 59 nó alt 745) nó V de Sceideal D nó faoi Sceideal F, beidh sé díolmhaithe ó cháin ioncaim agus ní áireofar é le linn ioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.
(3) Maidir le hioncam (dá ngairtear ‘an t-ioncam iomchuí’ san fho-alt seo)—
(a) arb é atá ann íocaíochtaí a rinne iontaobhaithe iontaobhais cháilithigh le haon phearsa aonair éagumasaithe, nó i leith aon phearsan aonair éagumasaithe, is ábhar don iontaobhas, nó
(b) a eascraíonn chuig pearsa aonair eagumasaithe den sórt sin ó infheistiú a dhéanamh, go hiomlán nó go páirteach, ar íocaíochtaí arna ndéanamh ag iontaobhaithe iontaobhais cháilithigh nó ar ioncam a dhíorthaíonn ó na híocaíochtaí sin, ar ioncam é arb é atá ann díbhinní nó ioncam eile a bheadh inmhuirearaithe i leith cánach, murach an t-alt seo, faoi Sceideal C nó faoi Chás III, IV (de bhua alt 59 nó alt 745) nó V de Sceideal D nó faoi Sceideal F,
beidh sé díolmhaithe ó cháin ioncaim agus ní áireofar é le linn ioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim; ach ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo in aon chás áirithe mura rud é gurb é an t-ioncam iomchuí aon-ioncam nó príomhioncam na pearsan aonair ar chuige nó chuici, nó ar ina leith, a eascraíonn an t-ioncam iomchuí.
(4) Beidh feidhm ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncam a bhaineann le tuairisceáin a thabhairt ar ioncam iomlán amhail is dá mba rud é nár achtaíodh an t-alt seo.
(5) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir leis an mbliain 1997-98 agus le blianta measúnachta dá éis.”,
|
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(b) in alt 267, maidir le hús iomchuí arna íoc ar an 6ú lá d'Aibreán, 1997, nó dá éis—
|
[EN]
| |
(i) trí “alt 189A(2) nó” a chur isteach i ndiaidh “de bhua” i bhfo-alt (2)(a), agus
|
[EN]
| |
(ii) trí “nó go mbeadh, murach forálacha alt 189(2), alt 189A(3) nó alt 192(2), ús iomchuí ar áireamh san ioncam sin” a chur isteach i ndiaidh “duine iomchuí” sa chéad áit ina bhfuil na focail sin i bhfo-alt (3).
|
[EN]
|
Leasú ar Chaibidil 1 (cáin ioncaim) de Chuid 7 den Phríomh-Acht.
|
13.
—Leasaítear leis seo Caibidil 1 de Chuid 7 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) in alt 189, trí “(de bhua alt 59 nó alt 745)” a chur in ionad “(de bhua alt 59)” i bhfo-alt (2), agus
|
[EN]
| |
(b) in alt 192, trí “(de bhua alt 59 nó alt 745)” a chur in ionad “(de bhua alt 59)” i bhfo-alt 2 (b).
|
[EN]
|
Leasú ar alt 201 (díolúintí agus faoisimh i leith cánach faoi alt 123) den Phríomh-Acht.
|
14.
—(1) Leasaítear leis seo alt 201(1)(a) den Phríomh-Acht trí “£8,000” a chur in ionad “£6,000” agus “£600” a chur in ionad “£500” sa mhíniú ar “bundíolúine”.
|
[EN]
| |
(2) Beidh feidhm agus éifeacht le fo-alt (1) maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh an 1ú lá de Nollaig, 1998, nó dá éis.
|
[EN]
|
Liúntas maraí, etc.
|
15.
—Leasaítear leis seo alt 472B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b), i bhfo-alt (2):
|
[EN]
| |
“(b) measfar go bhfolaíonn calafort lasmuigh den Stát rige, ardán nó suiteáil, soghluaiste nó seasta, de chineál ar bith in aon limistéar muirí.”.
|
[EN]
|
Leasú ar Chuid 16 (faoiseamh ó cháin ioncaim i leith infheistíochta i dtrádálacha corpraithe — an scéim um leathnú gnó agus an scéim síolchaipitil) den Phríomh-Acht.
|
16.
—Leasaítear leis seo Cuid 16 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) in alt 488, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1997, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) den mhíniú ar “cuideachta neamhluaite” i bhfo-alt (1):
|
[EN]
| |
“(b) luaite ar mhargadh urrús neamhliostaithe de stocmhalartán seachas—
|
[EN]
| |
(i) ar an margadh ar a dtugtar, agus dá ngairtear sa mhíniú seo, Margadh na gCuideachtaí Forásacha de Stocmhargadh na hÉireann, nó
|
[EN]
| |
(ii) ar Mhargadh na gCuideachtaí Forásacha de Stocmhargadh na hÉireann, agus ar aon mhargadh dá shamhail nó margadh comhréire de stocmhalartán Ballstáit amháin nó níos mó ná Ballstát amháin de na Comhphobail Eorpacha; ach ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo mura rud é go mbeidh na scaireanna, na stoic nó na bintiúir luaite ar Mhargadh na gCuideachtaí Forásacha de Stocmhargadh na hÉireann sula mbeidh siad, nó an tráth céanna a mbeidh siad, luaite den chéad uair ar mhargadh urrús neamhliostaithe de stocmhalartán Ballstáit eile de na Comhphobail Eorpacha,”,
|
[EN]
| |
(b) in alt 489, trí “an 5ú lá d'Aibreán, 2001” a chur in ionad “an 5ú lá d'Aibreán, 1999”, i bhfo-alt (15), agus
|
[EN]
| |
(c) in alt 490, trí “na bliana 2000-01” a chur in ionad “na bliana 1998-99”, i bhfo-ailt (3)(b) agus (4)(b).
|
[EN]
|
Leasú ar Sceideal 13 (daoine cuntasacha chun críocha Chaibidil 1 de Chuid 18) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
|
17.
—Leasaítear leis seo Sceideal 13 a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) trí mhíreanna 23, 47 agus 63 a scriosadh, agus
|
[EN]
| |
(b) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 82:
|
[EN]
| |
“83. Oifig an Stiúrthóra Rialála Teileachumarsáide.
|
[EN]
| |
84. An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí.
|
[EN]
| |
85. Bord Iascaigh Réigiúnach an Tuaiscirt— Northern Regional Fisheries Board.
|
[EN]
| |
86. An Oifig Bainistíochta Sláinte.
|
[EN]
| |
87. Biúró Riaracháin na gComhlachtaí Ospidéil.
|
[EN]
| |
88. An Bord Náisiúnta Seirbhíse Sóisialaí.
|
[EN]
| |
89. An tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann.
|
[EN]
| |
90. Fiontraíocht Éireann.
|
[EN]
| |
91. Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath.
|
[EN]
| |
92. Coimisiún arna bhunú ag an Rialtas nó ag Aire den Rialtas chun faisnéis a chur ar fáil don phobal i ndáil le reifreann dá dtagraítear in alt 1 d'Airteagal 47 den Bhunreacht.
|
[EN]
| |
93. Oifig an Ombudsman.
|
[EN]
| |
94. An Coimisiún um Oifigí Poiblí.
|
[EN]
| |
95. Oifig an Choimisinéara Faisnéise.”.
|
[EN]
|
Leasú ar Chaibidil 2 (íocaíochtaí le fochonraitheoirí i dtionscail áirithe) de Chuid 18 den Phríomh-Acht.
|
18.
—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht, i gCaibidil 2 de Chuid 18—
|
[EN]
| |
(a) in alt 530(1)—
|
[EN]
| |
(i) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “oibríochtaí foraoiseachta”;
|
[EN]
| |
‘ciallaíonn ‘mí cánach ioncaim’ mí dar tosach an 6ú lá d'aon cheann de na míonna ó Aibreán go Márta in aon bhliain;”,
|
[EN]
| |
(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach”;
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse 3 bliana, nó cibé tréimhse is giorra ná sin a cheadóidh an cigire, dar críoch an 5ú lá d'Aibreán sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta arb í céad bhliain mheasúnachta na tréimhse í, a bhfuil deimhniú údarúcháin á iarraidh ina leith, i dteannta na tréimhse, más ann, ón 6ú lá d'Aibreán sa chéad bhliain mheasúnachta sin go dtí an dáta ar a bhfaighidh na Coimisinéirí Ioncaim an t-iarratas ar an deimhniú sin;”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(iii) sa mhíniú ar “conradh iomchuí” tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):
|
[EN]
| |
“(c) saothar an chonraitheora féin nó saothar daoine eile a sholáthar le linn oibríochtaí iomchuí a dhéanamh nó a shocrú go soláthrófar saothar daoine eile chun na hoibríochtaí sin a dhéanamh,”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(b) in alt 531—
|
[EN]
| |
(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
|
[EN]
| |
“(3A) (a) Laistigh de 9 lá ó dheireadh mhí cánach ioncaim, déanfaidh príomhaí nó aon duine a bhí ina phríomhaí nó ina príomhaí roimhe sin agus ar ar ceanglaíodh déanamh amhlaidh trí fhógra i scríbhinn ó na Coimisinéirí Ioncaim—
|
[EN]
| |
(i) tuairisceán a thabhairt don Ard-Bhailitheoir, ar an bhfoirm fhorordaithe, maidir leis an méid cánach, más ann, a raibh an duine sin faoi dhliteanas faoin alt seo a asbhaint ó íocaíochtaí a rinneadh le fochonraitheoirí neamhdheimhnithe le linn na míosa cánach ioncaim sin, agus
|
[EN]
| |
(ii) méid na cánach, más ann, a raibh an duine faoi dhliteanas amhlaidh a asbhaint, a chur isteach chun an Bhailitheora.
|
[EN]
| |
(b) Soláthróidh an tArd-Bhailitheoir admháil maidir leis an íocaíocht don duine lena mbaineann; is é a bheidh san admháil cibé ceann díobh seo a leanas is iomchuí leis an Ard-Bhailitheoir, eadhon—
|
[EN]
| |
(i) admháil ar leithligh ar an bhfoirm fhorordaithe maidir le gach íocaíocht den sórt sin, nó
|
[EN]
| |
(ii) admháil ar an bhfoirm fhorordaithe maidir leis na híocaíochtaí sin go léir a rinneadh laistigh de thréimhse a shonrófar san admháil.”,
|
[EN]
| |
(ii) trí “measúnú (lena n-áirítear measúnú measta), meas, muirearú, bailiú agus gnóthú cánach is inasbhainte faoi fho-alt (1)” a chur in ionad “measúnú (lena n-áirítear measúnú measta), muirearú, bailiú agus gnóthú cánach is inasbhainte faoi fho-alt (1)” sa chuid sin d'fho-alt (6) a thagann roimh mhíreanna (a) go (h) den fho-alt sin,
|
[EN]
| |
(iii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (10):
|
[EN]
| |
“(10) Beidh feidhm ag fo-alt (9) maidir le cáin is inghnóthaithe ó dhuine de bhua fógra arna eisiúint faoi na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Foirgníochta), 1971 (I.R. Uimh. 1 de 1971), amhail is dá mba cháin í a bhí an duine faoi dhliteanas a chur isteach faoi fho-alt (3A)—
|
[EN]
| |
(i) i gcás go mbaineann an fógra le mí nó míonna cánach ioncaim, don mhí nó do na míonna cánach ioncaim faoi seach dá dtagraítear san fhógra, agus
|
[EN]
| |
(ii) i gcás go mbaineann an fógra le bliain, an mhí cánach ioncaim dheiridh den bhliain lena mbaineann an fógra.”,
|
[EN]
| |
(iv) i mír (a) d'fho-alt (11)—
|
[EN]
| |
(I) trí “agus” a scriosadh i ndiaidh fhomhír (iv),
|
[EN]
| |
(II) trí “tréimhse cáilithí, agus” a chur in ionad “tréimhse cáilithí.” i bhfomhír (v), agus
|
[EN]
| |
(III) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (v):
|
[EN]
| |
“(vi) i gcás duine a raibh cónaí air nó uirthi lasmuigh den Stát tráth éigin le linn na tréimhse cáilithí, gur chomhlíon an duine, i gcaitheamh na tréimhse cáilithí, na hoibleagáidí go léir atá inchomórtais leis na hoibleagáidí a luaitear i bhfomhír (iv) agus a fhorchuirtear le dlíthe na tíre ina raibh cónaí ar an duine sin aon tráth le linn na tréimhse cáilithí.”,
|
[EN]
| |
(v) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (12):
|
[EN]
| |
“(12) (a) I gcás go ndéanfaidh fochonraitheoir ar eisíodh deimhniú údarúcháin chuige nó chuici an deimhniú sin a thabhairt ar aird do phríomhaí, déanfaidh an príomhaí cárta (dá ngairtear ‘cárta íocaíochtaí iomchuí’ sa Chaibidil seo) a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis an bhfochonraitheoir.
|
[EN]
| |
(b) D'ainneoin mhír (a), más rud é—
|
[EN]
| |
(i) gur chuir fochonraitheoir sonraí in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis an gcuntas bainc atá á shealbhú sa Stát in ainm an fhochonraitheora nó, i gcás fochonraitheora nach bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát, atá á shealbhú sa Stát nó sa Stát ina bhfuil cónaí ar an bhfochonraitheoir, agus a bhfuil íocaíochtaí i leith conarthaí iomchuí le déanamh isteach ann (dá ngairtear ‘an cuntas bainc ainmnithe’ anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), agus
|
[EN]
| |
(ii) go ngeallann an príomhaí na híocaíochtaí go léir a dhéanamh leis an bhfochonraitheoir atá i gceist díreach isteach sa chuntas bainc ainmnithe,
|
[EN]
| |
féadfaidh an príomhaí cárta íocaíochtaí iomchuí a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim i gcás go mbeidh sonraí maidir leis an deimhniú údarúcháin soláthraithe ag an bhfochonraitheoir don phríomhaí mar aon le sonraí maidir leis an gcuntas bainc ainmnithe a ndéanfaidh an príomhaí íocaíochtaí isteach ann.
|
[EN]
| |
(c) D'ainneoin mhíreanna (a) agus (b), féadfaidh príomhaí cárta íocaíochtaí iomchuí a iarraidh i leith fochonraitheora cé nach mbeidh sonraí maidir le deimhniú údarúcháin don bhliain lena mbaineann an cárta íocaíochtaí iomchuí tugtha ar aird nó soláthraithe, más rud é—
|
[EN]
| |
(i) go mbeidh cárta íocaíochtaí iomchuí don bhliain díreach roimhe sin eisithe chuig an bpríomhaí i ndáil leis an bhfochonraitheoir sin, agus
|
[EN]
| |
(ii) gur conradh leanúnach ag deireadh na bliana sin an conradh iomchuí idir an príomhaí agus an fochonraitheoir ar i ndáil leis atá an cárta íocaíochtaí iomchuí ag teastáil.
|
[EN]
| |
(d) Más rud é, ar iarratas den sórt sin a bheith déanta, gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim gur chóir cárta íocaíochtaí iomchuí i leith an fhochonraitheora a eisiúint chuig an bpríomhaí, eiseoidh siad cárta den sórt sin chuig an bpríomhaí agus, nuair a gheobhaidh an príomhaí an cárta, beidh sé nó sí i dteideal, faoi réir fho-alt (13), le linn na bliana cánach ioncaim (nó an chuid neamhchaite den bhliain cánach ioncaim) lena mbaineann an cárta íocaíochtaí iomchuí, íocaíocht a dhéanamh, gan cáin a asbhaint, leis an bhfochonraitheoir a bheidh ainmnithe ar an gcárta ach, i gcás iarratais lena mbaineann mír (b) nó iarratais lena mbaineann mír (c), más rud é gur eisíodh an cárta íocaíochtaí iomchuí a luaitear i bhfomhír (i) den mhír sin tar éis iarratas a bheith déanta faoi réim agus de réir mhír (b), déanfaidh an príomhaí aon íocaíochtaí den sórt sin a íoc díreach isteach sa chuntas bainc ainmnithe.”,
|
[EN]
| |
(vi) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (17):
|
[EN]
| |
“(17A) Aon duine arb éagóir leis nó léi na Coimisinéirí Ioncaim do chealú deimhniú údarúcháin de réir fho-alt (13) féadfaidh sé nó sí, trí fhógra i scríbhinn á rá sin a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ó dháta an chealaithe sin, achomharc a dhéanamh in aghaidh an chealaithe sin chuig na Coimisinéirí Achomhairc ach, go dtí go dtabharfaidh na Coimisinéirí Achomhairc breith maidir leis an ní, mura ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas a bheith déanta chucu, an deimhniú údarúcháin a athshuíomh go dtí go dtabharfar an bhreith sin, leanfaidh an deimhniú de bheith cealaithe.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(vii) trí “nó fho-alt (17A)” a chur isteach i bhfo-alt (18) i ndiaidh “fho-alt (17)”.
|
[EN]
| |
(2) (a) Beidh feidhm ag míreanna (a) agus (b), seachas fomhír (v) de mhír (b), d'fho-alt (1) maidir leis an mbliain 1999-2000 agus le blianta measúnachta dá éis.
|
[EN]
| |
(b) Beidh feidhm ag fomhír (v) de mhír (b) d'fho-alt (1) maidir le hiarratais ar chártaí íocaíochtaí iomchuí arna ndéanamh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1999, nó dá éis.
|
[EN]
|
Sochair scoir.
|
19.
—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i gCaibidil 1 de Chuid 30—
|
[EN]
| |
(i) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach in alt 770, eadhon—
|
[EN]
| |
(I) roimh an míniú ar “stiúrthóir”:
|
[EN]
| |
“tá le ‘ciste scoir ceadaithe’ an bhrí a shanntar dó le halt 784A;
|
[EN]
| |
tá le ‘ciste scoir íosta ceadaithe’ an bhrí a shanntar dó le halt 784C;”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(II) i ndiaidh an mhínithe ar “pinsean”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘stiúrthóir dílseánach’ stiúrthóir atá nó a bhí, leis nó léi féin nó mar aon lena chéile nó lena céile agus lena leanaí mionaoiseacha, aon tráth laistigh de thrí bliana—
|
[EN]
| |
(a) ón ngnáthdháta scoir sonraithe,
|
[EN]
| |
(b) ó dháta scoir is luaithe ná sin, i gcás inarb infheidhme, nó
|
[EN]
| |
(c) ón dáta a fhágann sé nó sí seirbhís,
|
[EN]
| |
ina úinéir nó ina húinéir tairbhiúil ar scaireanna a bhfuil ag gabháil leo, nuair a chuirtear iad le haon scaireanna a shealbhaíonn iontaobhaithe aon socraíochta ar aistrigh an stiúrthóir nó a chéile nó a céile sócmhainní chuici, níos mó ná 20 faoin gcéad de na cearta vótála sa chuideachta a sholáthraíonn na sochair nó i gcuideachta a rialaíonn an chuideachta sin;”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(ii) in alt 772—
|
[EN]
| |
(I) trí “nach féidir, faoi réir fho-alt (3A),” a chur in ionad “nach féidir” i mír (f) d'fho-alt (3), agus
|
[EN]
| |
(II) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
|
[EN]
| |
“(3A) (a) Ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim scéim sochar scoir chun críocha na Caibidle seo mura dealraitheach dóibh go ndéanann an scéim foráil maidir le haon phearsa aonair atá i dteideal pinsin faoin scéim, ar stiúrthóir dílseánach cuideachta lena mbaineann an scéim é nó í, do roghnú, ar an dáta nó roimh an dáta a dtiocfadh an pinsean sin chun bheith iníoctha thairis sin, go n-aistreofaí, ar an dáta sin nó dá éis—
|
[EN]
| |
(i) chuig an bpearsa aonair, nó
|
[EN]
| |
(ii) chuig ciste scoir ceadaithe,
|
[EN]
| |
méid is coibhéis leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—
|
[EN]
| |
A — B
|
[EN]
| |
i gcás—
|
[EN]
| |
gurb é A an méid is comhionann le luach chearta fabhraithe na pearsan aonair faoin scéim ar leith ó aon chnapshuim arna híoc de réir mhír (f) d'fho-alt (3), agus
|
[EN]
| |
gurb é B méid nó luach na sócmhainní a mbeadh, dá ndéanfaí na toimhdeana i mír (b), de cheangal ar na hiontaobhaithe, ar an riarthóir nó ar an duine eile ar cuireadh bainistíocht na scéime de chúram air nó uirthi (dá ngairtear “na hiontaobhaithe” ina dhiaidh seo san alt seo), de réir alt 784C, iad a aistriú chuig ciste scoir íosta ceadaithe atá á shealbhú in ainm na pearsan aonair nó iad a úsáid chun blianacht a cheannach is iníoctha leis an bpearsa aonair le héifeacht ó dháta an rogha sin a fheidhmiú.
|
[EN]
| |
(b) Is iad na toimhdeana sa mhír sin ná—
|
[EN]
| |
(i) gur chonradh blianachta arna cheadú de réir alt 784 an scéim sochair scoir,
|
[EN]
| |
(ii) maidir le hiontaobhaithe na scéime sochair scoir, gur dhuine iad a sheolann go dleathach sa Stát gnó ag soláthar blianachtaí ar shaol daoine agus ar leis nó léi a rinneadh an conradh sin, agus
|
[EN]
| |
(iii) gur roghnaigh an phearsa aonair de réir fho-alt (2A) d'alt 784.
|
[EN]
| |
(3B) I gcás go roghnóidh pearsa aonair de réir fho-alt (3A), ansin—
|
[EN]
| |
(a) beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2B) d'alt 784 agus ailt 784A, 784B, 784C, 784D agus 784E, fara aon mhodhnuithe is gá, amhail is—
|
[EN]
| |
(i) dá mba thagairt d'iontaobhaithe na scéime sochair scoir aon tagairt sna hailt sin don duine a sheolann go dleathach sa Stát gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine,
|
[EN]
| |
(ii) dá mba thagairtí don scéim sochair scoir aon tagairt sna hailt sin don chonradh blianachta, agus
|
[EN]
| |
(iii) dá mba thagairt do Sceideal E aon tagairt sna hailt sin do Chás IV de Sceideal D, agus
|
[EN]
| |
(b) beidh feidhm ag mír (f) d'fho-alt (3) amhail is dá mba thagairt do ‘cnapshuim nach mó ná 25 faoin gcéad de luach an phinsin ab iníoctha thairis sin’ an tagairt do ‘cnapshuim nó cnapshuimeanna nach mó san iomlán ná trí ochtódú de luach saothair deiridh an fhostaí in aghaidh gach bliana seirbhíse suas go dtí 40 bliain ar a mhéad'.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(III) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) d'fho-alt (4):
|
[EN]
| |
“(c) D'ainneoin mhíreanna (a) agus (b), ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim scéim mura dealraitheach dóibh go gcomhlíonann an scéim forálacha fho-alt (3A).”,
|
[EN]
| |
(b) i gCaibidil 2 de Chuid 30—
|
[EN]
| |
(i) i mír (a) d'alt 783(1), trí na mínithe seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “stiúrthóir”:
|
[EN]
| |
“tá le ‘ciste scoir ceadaithe’ an bhrí a shanntar dó le halt 784A;
|
[EN]
| |
tá le ‘ciste scoir íosta ceadaithe’ an bhrí a shanntar dó le halt 784C;”,
|
[EN]
| |
(ii) in alt 784—
|
[EN]
| |
(I) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):
|
[EN]
| |
“(b) go n-íocfaidh sé préimh nó comaoin eile faoi chonradh blianachta a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim mar chonradh arb é an príomhshochar a urraítear leis, nó arbh é an príomhshochar a d'urrófaí leis murach an phearsa aonair d'fheidhmiú rogha faoi fho-alt (2A), blianacht saoil don phearsa aonair ina sheanaois nó ina seanaois nó faoi chonradh a bheidh ceadaithe de thuras na huaire faoi alt 785 (dá ngairtear ‘préimh cháilitheach’ sa Chaibidil seo),”,
|
[EN]
| |
(II) i mír (a) d'fho-alt (2)—
|
[EN]
| |
(A) trí “Faoi réir fho-ailt (2A) agus (3) agus alt 786,” a chur in ionad “Faoi réir fho-alt (3)”,
|
[EN]
| |
(B) i bhfomhír (iii)(II), trí “75 bliana” a chur in ionad “70 bliain”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(III) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2):
|
[EN]
| |
“(b) D'ainneoin mhír (a)—
|
[EN]
| |
(i) féadfaidh an conradh a fhoráil go n-íocfar leis an bpearsa aonair, an tráth a bheidh an bhlianacht iníoctha den chéad uair nó, i gcás an phearsa aonair do roghnú de réir fho-alt (2A), tráth an aistrithe dá dtagraítear san fho-alt sin, cnapshuim mar iomalartú ar chuid den bhlianacht i gcás go roghnaíonn an phearsa aonair, an tráth a thiocfaidh an bhlianacht chun bheith iníoctha leis nó léi den chéad uair nó roimhe sin nó roimh dháta an aistrithe sin, go n-íocfar an chnapshuim leis nó léi, agus
|
[EN]
| |
(ii) ní mó an méid is iníoctha faoi fhomhír (i) ná 25 faoin gcéad de luach na blianachta is iníoctha nó luach na blianachta ab iníoctha murach gur roghnaigh an phearsa aonair de réir fho-alt (2A).
|
[EN]
| |
(c) Déanfar an tagairt i mír (b)(i) d'iomalartú cuid den bhlianacht a fhorléiriú, i gcás gur roghnaigh an phearsa aonair de réir fho-alt (2A), mar thagairt d'iomalartú na blianachta ab iníoctha, murach an roghnú sin, dá roghnódh an phearsa aonair go n-íocfaí an bhlianacht le héifeacht ó dháta an aistrithe dá dtagraítear san fho-alt sin.”,
|
[EN]
| |
(IV) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
|
[EN]
| |
“(2A) Ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim conradh mura dealraitheach dóibh go ndéanann an conradh foráil maidir leis an bpearsa aonair, atá i dteideal blianachta faoin gconradh, d'fheidhmiú rogha, ar an dáta nó roimh an dáta ar a dtiocfadh an bhlianacht sin chun bheith iníoctha thairis sin, go n-aistreodh an duine lena ndéantar an conradh, ar an dáta sin nó dá éis—
|
[EN]
| |
(a) chuig an bpearsa aonair, nó
|
[EN]
| |
(b) chuig ciste scoir ceadaithe,
|
[EN]
| |
méid is coibhéis leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—
|
[EN]
| |
A — B
|
[EN]
| |
i gcás—
|
[EN]
| |
gurb é A an méid is comhionann le luach chearta fabhraithe na pearsan aonair faoin gconradh ar leith ó aon chnapshuim arna híoc de réir mhír (b) d'fho-alt (2), agus
|
[EN]
| |
gurb é B méid nó luach na sócmhainní a mbeidh de cheangal ar an duine lena ndéantar an conradh, de réir alt 784C, iad a aistriú chuig ciste scoir íosta ceadaithe atá á shealbhú in ainm na pearsan aonair nó iad a úsáid chun blianacht a cheannach is iníoctha leis an bpearsa aonair le héifeacht ó dháta an rogha sin a fheidhmiú.
|
[EN]
| |
(2B) I gcás go roghnóidh pearsa aonair de réir mhír (a) d'fho-alt (2A), measfar, maidir leis an méid a íoctar leis an bpearsa aonair de bhua na míre sin seachas an méid is iníoctha de bhua mhír (b) d'fho-alt (2), gur ioncam é de chuid na pearsan aonair is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an íocaíocht.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(V) i bhfo-alt (3), trí mhír (d) a scriosadh,
|
[EN]
| |
(iii) trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 784:
|
| |
“Ciste scoir ceadaithe.
|
784A.—(1) (a) San alt seo—
ciallaíonn ‘ciste scoir ceadaithe’ ciste atá á bhainistiú ag bainisteoir ciste cháilithigh agus a chomhlíonann coinníollacha alt 784B;
ciallaíonn ‘bainisteoir ciste cháilithigh’—
(a) duine is sealbhóir ar cheadúnas arna dheonú faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971,
(b) cumann foirgníochta de réir bhrí alt 256,
(c) banc taisce iontaobhais de réir bhrí an Achta um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989,
(d) Banc ACC cpt,
(e) Banc ICC cpt,
(f) Banc Infheistíochta ICC Teoranta,
(g) Banc Taisce an Phoist,
(h) comhar creidmheasa de réir bhrí an Achta um Chomhar Creidmheasa, 1997,
(i) gnóthas comhinfheistíochta de réir bhrí alt 172A,
(j) duine a sheolann go dleathach sa Stát gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine,
(k) aon duine—
(i) is ballghnólacht údaraithe de Stocmhargadh na hÉireann, de réir bhrí an Achta um Stocmhalartáin, 1995, nó is ballghnólacht (a sheolann trádáil sa Stát trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht) de stocmhalartán aon Bhallstáit eile de na Comhphobail Eorpacha, agus
(ii) a chuir fógra chuig na Coimisinéirí Ioncaim faoina ainm agus a sheoladh agus faoi é a bheith ar intinn aige gníomhú mar bhainisteoir ciste cháilithigh,
nó
(l) cibé duine eile a cheadóidh an tAire Airgeadais le hordú chun críocha an ailt seo;
tá le “uimhir thagartha cánach”, i ndáil le pearsa aonair, an bhrí a shanntar dó le halt 885 i ndáil le duine sonraithe de réir bhrí an ailt sin.
(b) Chun críocha na Caibidle seo, déanfar tagairtí do chiste scoir ceadaithe a fhorléiriú mar thagairt do shócmhainní i gciste scoir ceadaithe a ndéanann bainisteoir ciste cháilithigh iad a bhainistiú do phearsa aonair agus atá ar úinéireacht thairbhiúil ag an bpearsa aonair.
(2) Faoi réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, beidh úinéir tairbhiúil sócmhainní i gciste scoir ceadaithe inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim nó cánach gnóchan caipitiúil, de réir mar a bheidh, i leith aon ioncaim, brabús nó gnóchan a éiríonn i leith na sócmhainní sin nó i leith aon ghnóchan inmhuirearaithe ar dhiúscairt na sócmhainní sin.
(3) (a) Coimeádfaidh bainisteoir ciste cháilithigh taifead (dá ngairtear ‘an cuntas ioncaim agus gnóchan’ san alt seo agus in alt 784B) de chomhiomlán—
(i) an ioncaim, na mbrabús agus na ngnóchan go léir a éiríonn i leith ciste scoir cheadaithe, agus
(ii) na ngnóchan agus na gcaillteanas go léir ar dhiúscairt infheistíochtaí a rinne bainisteoir an chiste cháilithigh i ndáil leis an gciste scoir ceadaithe,
arna laghdú de chomhiomlán na ndáiltí go léir a rinneadh i leith an chiste scoir cheadaithe.
(b) Le linn iarmhar na sócmhainní a bheidh aistrithe chuig ciste scoir ceadaithe (dá ngairtear ‘an t-iarmhar’ san alt seo agus in alt 784B) ag an duine a sheolann go dleathach sa Stát gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine a bheith á ríomh tráth ar bith—
(i) déileálfar le dáiltí a rinneadh an tráth sin nó roimhe mar dháiltí a rinneadh go príomha as an gcuntas ioncaim agus gnóchan,
(ii) sa mhéid gur mó na dáiltí a rinneadh as an gciste ná comhiomlán an iarmhéid ar an gcuntas ioncaim agus gnóchan, déileálfar leo mar dháiltí a rinneadh as an iarmhar,
agus, i gcás go ndéantar sócmhainní i gciste scoir ceadaithe a aistriú chuig ciste scoir ceadaithe eile, déanfar an t-iarmhar i ndáil leis na sócmhainní sin a ríomh amhail is dá mbeadh na sócmhainní á sealbhú gach uile thráth sa chiste scoir ceadaithe ar aistríodh na sócmhainní sin chuige i dtosach.
(c) Déanfar aon tagairt san alt seo do dháileadh i ndáil le ciste scoir ceadaithe a fhorléiriú mar ní a fholaíonn aon íocaíocht nó aistriú sócmhainní amach as an gciste nó aon sannadh sócmhainní amach as an gciste lena n-áirítear íocaíocht, aistriú nó sannadh chuig an bpearsa aonair ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na sócmhainní, seachas íocaíocht, aistriú nó sannadh chuig ciste scoir ceadaithe eile arb é nó arb í an phearsa aonair ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na sócmhainní sa chiste scoir ceadaithe céadluaite úinéir tairbhiúil na sócmhainní ann, cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar an íocaíocht, an t-aistriú nó an sannadh leis an bpearsa aonair sin, chuig an bpearsa aonair sin nó don phearsa aonair sin.
(4) Laistigh de 3 mhí tar éis dheireadh bliana measúnachta, déanfaidh bainisteoir ciste cháilithigh ráiteas don bhliain mheasúnachta sin a sholáthar do gach pearsa aonair, ar bainistíodh ciste scoir ceadaithe thar a cheann nó thar a ceann aon tráth le linn na bliana sin—
(a) maidir leis an ioncam, na brabúis nó na gnóchain agus maidir leis na gnóchain inmhuirearaithe agus na caillteanais inlamhála, de réir mar is cuí, i leith na sócmhainní a sealbhaíodh sa chiste scoir ceadaithe aon tráth le linn na bliana sin,
(b) maidir leis an gcáin, más ann, a asbhaineadh ón ioncam, ó na brabúis nó ó na gnóchain sin,
(c) maidir leis an gcuntas ioncaim agus gnóchan i ndáil leis an gciste, agus
(d) maidir leis an iarmhar lena n-áirítear, go háirithe, aon dáiltí a rinneadh as an iarmhar sa bhliain mheasúnachta.
(5) Déileálfar le méid nó luach aon dáilte as iarmhar ciste scoir cheadaithe, seachas dáileadh lena mbaineann fo-alt (7)(a), mar ioncam de chuid na pearsan aonair ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun sócmhainní an chiste agus beidh sé inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an dáileadh sin.
(6) Faoi réir fho-alt (7), i gcás ina ndéantar an dáileadh dá dtagraítear i bhfo-alt (5) tar éis bhás na pearsan aonair ag a raibh, roimh bhás dó nó di, teideal tairbhiúil chun sócmhainní an chiste scoir cheadaithe—
(a) déileálfar le méid nó luach an dáilte sin mar ioncam de chuid na pearsan aonair sin don bhliain mheasúnachta ina n-éagfaidh an phearsa aonair sin, agus
(b) dlífidh bainisteoir an chiste cháilithigh cáin ioncaim de réir an ard-ráta a íoc leis an Ard-Bhailitheoir ar luach an dáilte sin; féadfaidh bainisteoir an chiste cháilithigh méid a asbhaint ar cuntas na cánach sin agus déanfaidh an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun iarmhar an chiste scoir cheadaithe, lena n-áirítear ionadaithe pearsanta na pearsan aonair éagtha, an asbhaint sin a lamháil; ach i gcás nach mbeidh aon chistí den sórt sin nó dóthain cistí ar fáil as a bhféadfaidh bainisteoir an chiste cháilithigh an cháin a cheanglaítear a asbhaint a shásamh, is fiach é méid na cánach sin a bheidh dlite do bhainisteoir an chiste cháilithigh ó eastát na pearsan aonair éagtha.
(7) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo a mhéid a dhéanfar an dáileadh, ar tar éis bhás na pearsan aonair ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na sócmhainní sa chiste scoir ceadaithe a dhéantar é—
(i) chuig ciste eile den sórt sin (dá ngairtear ‘an dara ciste a luaitear’ ina dhiaidh seo san fho-alt seo) arb é nó arb í céile na pearsan aonair sin úinéir tairbhiúil na sócmhainní ann, nó
(ii) chuig aon leanbh, nó chun sochair eisiach aon linbh, de chuid na pearsan aonair nach mbeidh 21 bhliain d'aois slánaithe aige nó aici ar dháta báis na pearsan aonair.
(b) I gcás ina n-éagfaidh úinéir tairbhiúil na sócmhainní sa dara ciste a luaitear, beidh feidhm ag fo-alt (6) maidir le haon dáiltí as iarmhar an chiste scoir cheadaithe sin tar éis bhás an chéile sin amhail is dá mba thagairt do ráta 25 faoin gcéad an tagairt don ard-ráta.
(c) Más rud é, de réir mhír (b), go gceanglaítear ar bhainisteoir an chiste cháilithigh cuntas a thabhairt i gcáin de réir ráta 25 faoin gcéad, ní dhéileálfar leis an méid a mhuirearófar amhlaidh i leith cánach, d'ainneoin aon fhorálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim, mar ioncam chun aon chríocha eile de chuid na nAchtanna sin.
|
|
| |
Coinníollacha a bhaineann le ciste scoir ceadaithe.
|
784B.—(1) Is iad coinníollacha an ailt seo—
(a) go mbeidh ciste scoir ceadaithe á shealbhú ag bainisteoir ciste cháilithigh in ainm na pearsan aonair ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na sócmhainní sa chiste,
(b) nach mbeidh i sócmhainní a bheidh á sealbhú i gciste scoir ceadaithe ach ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas—
(i) sócmhainní a aistrítear chuig an gciste de bhua rogha arna feidhmiú ag an bpearsa aonair de réir alt 784(2A),
(ii) sócmhainní a bhí á sealbhú roimhe sin i gciste scoir ceadaithe eile a bhí á shealbhú in ainm na pearsan aonair nó in ainm chéile éagtha na pearsan aonair, agus
(iii) sócmhainní a dhíorthaítear ó shócmhainní den sórt dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii),
(c) go ndéanfaidh an phearsa aonair dá dtagraítear i mír (a), tráth oscailte ciste scoir cheadaithe, dearbhú den chineál a luaitear i mír (d) do bhainisteoir an chiste cháilithigh, agus
(d) gurb éard a bheidh sa dearbhú dá dtagraítear i mír (c) dearbhú, i scríbhinn, do bhainisteoir an chiste cháilithigh—
(i) arna dhéanamh ag an bpearsa aonair ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na sócmhainní sa chiste scoir ceadaithe,
(ii) arna dhéanamh i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim,
(iii) ina mbeidh ainm iomlán, seoladh agus uimhir thagartha cánach na pearsan aonair dá dtagraítear i bhfomhír (i),
(iv) ina ndearbhófar nach bhfuil sna sócmhainní atá ar áireamh sa chiste ach sócmhainní dá dtagraítear i mír (b) a raibh teideal tairbhiúil ag an bpearsa aonair chucu, agus
(v) ina mbeidh cibé faisnéis eile a theastóidh go réasúnach ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha an Achta seo.
(2) Ní ghlacfaidh bainisteoir ciste cháilithigh aon sócmhainní isteach i gciste scoir ceadaithe mura bhfaighidh bainisteoir an chiste deimhniú lena mbaineann fo-alt (3) i ndáil leis na sócmhainní sin ó dhuine a sheolann go dleathach sa Stát gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine nó ó bhainisteoir ciste cháilithigh eile.
(3) Maidir le deimhniú lena mbaineann an fo-alt seo, is deimhniú é ina sonrófar—
(a) gurb é atá sna sócmhainní, ar i ndáil leo atá an deimhniú ag tagairt, sócmhainní a bhfuil teideal tairbhiúil ag an bpearsa aonair a ainmnítear ar an deimhniú chucu agus atá á n-aistriú chuig an gciste scoir ceadaithe nó a aistríodh roimhe sin chuig ciste scoir ceadaithe de réir fho-alt (2A) d'alt 784,
(b) nach bhfuil na sócmhainní a dtugtar an deimhniú i ndáil leo ina gcuid de chiste scoir íosta ceadaithe de réir bhrí alt 784C, agus
(c) méid an iarmhéid ar an gcuntas ioncaim agus gnóchan, agus an t-iarmhar i ndáil leis an gciste scoir ceadaithe, a bhfuil a shócmhainní á n-aistriú nó á sannadh chuig bainisteoir an chiste cháilithigh.
(4) Beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 263 maidir le dearbhú a dhéanfar de réir fho-alt (1)(c), nó le deimhniú a bhfuil feidhm ag fo-alt (3) maidir leis, amhail mar atá feidhm aige i ndáil le dearbhuithe de chineál a luaitear san alt sin.
(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le hordú, ceanglais a shonrú maidir le hoibriú cistí scoir ceadaithe.
|
|
| |
Ciste scoir íosta ceadaithe.
|
784C.—(1) San alt seo ciallaíonn ‘ciste scoir íosta ceadaithe’ ciste atá á bhainistiú ag bainisteoir ciste cháilithigh (de réir bhrí alt 784A) agus a chomhlíonann coinníollacha alt 784D.
(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), i gcás go ndéanfaidh pearsa aonair, nach bhfuil 75 bliana d'aois slánaithe aige nó aici, rogha a fheidhmiú de réir fho-alt (2A) d'alt 784, is é a bheidh sa mhéid dá ngairtear B san fhoirmle san fho-alt sin, arb é an méid é a dhéanfaidh an duine lena ndéanfar an conradh blianachta—
(a) a aistriú chuig ciste scoir íosta ceadaithe i leith na pearsan aonair sin, nó
(b) a úsáid chun blianacht is iníoctha leis an bpearsa aonair a cheannach, an ceann is lú díobh seo a leanas—
(i) an méid dá ngairtear A san fhoirmle sin, nó
(ii) £50,000.
(3) I gcás go mbeidh an phearsa aonair tar éis rogha a fheidhmiú cheana féin de réir fho-alt (2A) d'alt 784, is é an méid dá ngairtear B san fhoirmle i bhfo-alt (2A) cibé méid a fhágfaidh gurb é comhiomlán an mhéid a cheanglaítear i leith na roghanna sin go léir, de réir fho-alt (2A), a aistriú chuig ciste scoir íosta ceadaithe, nó a úsáid chun blianacht is iníoctha leis an bpearsa aonair a cheannach, an ceann is lú díobh seo a leanas—
(a) comhiomlán an mhéid dá ngairtear A san fhoirmle sin i ndáil le gach conradh, nó
(b) £50,000.
(4) (a) Más rud é, ar an dáta a fheidhmeofar rogha faoi fho-alt (2A) d'alt 784, go mbeidh an phearsa aonair a fheidhmeoidh an rogha i dteideal ioncaim shonraithe £10,000 san iomlán in aghaidh na bliana, is é nialas an méid dá ngairtear B san fhoirmle san alt sin 784(2A).
(b) Chun críocha an fho-ailt seo, ciallaíonn ‘ioncam sonraithe’ pinsean nó blianacht is iníoctha ar feadh shaol na pearsan aonair, lena n-áirítear pinsean is iníoctha faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993, agus aon phinsean lena mbaineann forálacha alt 200.
(5) Faoi réir fho-alt (6), ní dhéanfaidh bainisteoir an chiste cháilithigh aon íocaíocht nó aistriú sócmhainní as an gciste scoir íosta ceadaithe seachas—
(a) aistriú sócmhainní uile an chiste chuig bainisteoir ciste cháilithigh eile lena sealbhú mar chiste scoir íosta ceadaithe, nó
(b) ioncam, brabúis nó gnóchain, nó gnóchain ar dhiúscairt infheistíochtaí a fuair bainisteoir an chiste cháilithigh i leith sócmhainní a bhí á sealbhú sa chiste ceadaithe a íoc leis an bpearsa aonair nó a aistriú chuig an bpearsa aonair ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na sócmhainní sa chiste.
(6) I gcás ina slánóidh an phearsa aonair dá dtagraítear i bhfo-alt (2) 75 bliana d'aois nó ina n-éagfaidh sé nó sí, tiocfaidh an ciste scoir íosta ceadaithe, air sin, chun bheith ina chiste scoir ceadaithe agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha alt 784A, fo-ailt (1) agus (5) d'alt 784B agus alt 784E.
(7) Is é maoin na pearsan aonair ar thar a cheann nó thar a ceann a shealbhaítear an ciste aon sócmhainní a shealbhaítear mar chuid de chiste scoir íosta ceadaithe agus, faoi réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, beidh an phearsa aonair sin inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim nó cánach gnóchan caipitiúil, de réir mar a bheidh, maidir le haon ioncam, brabúis nó gnóchain a éireoidh i leith na sócmhainní sin nó i leith aon ghnóchain inmhuirearaithe ar dhiúscairt na sócmhainní sin.
(8) Laistigh de 3 mhí tar éis dheireadh na bliana measúnachta, déanfaidh bainisteoir ciste cháilithigh ráiteas don bhliain mheasúnachta sin a sholáthar do gach pearsa aonair don bhliain mheasúnachta sin ar bainistíodh ciste scoir íosta ceadaithe thar a cheann nó thar a ceann aon tráth le linn na bliana sin—
(a) maidir leis an ioncam, na brabúis nó na gnóchain agus maidir leis na gnóchain inmhuirearaithe agus na caillteanais inlamhála, de réir mar is cuí, i leith na sócmhainní a sealbhaíodh sa chiste scoir íosta ceadaithe aon tráth le linn na bliana sin, agus
(b) maidir leis an gcáin, más ann, a asbhaineadh ón ioncam, ó na brabúis nó ó na gnóchain sin.
(9) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (8) d'alt 784E maidir le ciste scoir íosta ceadaithe amhail is dá mba thagairtí do chiste scoir íosta ceadaithe tagairtí do chiste scoir ceadaithe.
|
|
| |
Coinníollacha a bhaineann le ciste scoir íosta ceadaithe.
|
784D.—(1) Is iad coinníollacha an ailt seo—
(a) go mbeidh ciste scoir íosta ceadaithe á shealbhú in ainm na pearsan aonair ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na sócmhainní sa chiste,
(b) gur ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheidh i sócmhainní a bheidh á sealbhú i gciste scoir íosta ceadaithe—
(i) sócmhainní a aistrítear chuig an gciste de bhua rogha arna feidhmiú ag an bpearsa aonair de réir alt 784(2A),
(ii) sócmhainní a bhí á sealbhú roimhe sin i gciste scoir íosta ceadaithe eile a bhí á shealbhú in ainm na pearsan aonair, agus
(iii) sócmhainní a dhíorthaítear ó shócmhainní den sórt dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii),
(c) go ndéanfaidh an phearsa aonair dá dtagraítear i mír (a) dearbhú den chineál a luaitear i mír (d) do bhainisteoir an chiste cháilithigh,
(d) gurb éard a bheidh sa dearbhú dá dtagraítear i mír (c) dearbhú, i scríbhinn, do bhainisteoir an chiste cháilithigh—
(i) arna dhéanamh ag an bpearsa aonair ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na sócmhainní sa chiste scoir íosta ceadaithe,
(ii) arna dhéanamh i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim,
(iii) ina mbeidh ainm iomlán, seoladh agus uimhir thagartha cánach na pearsan aonair dá dtagraítear i bhfomhír (i),
(iv) ina ndearbhófar nach bhfuil i sócmhainní atá ar áireamh sa chiste ach sócmhainní dá dtagraítear i mír (b) a raibh teideal tairbhiúil ag an bpearsa aonair chucu de réir alt 784(2A), agus
(v) ina mbeidh cibé faisnéis eile a theastóidh go réasúnach ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha an Achta seo.
(2) Ní ghlacfaidh bainisteoir ciste cháilithigh aon sócmhainní isteach i gciste scoir íosta ceadaithe mura bhfaighidh bainisteoir an chiste deimhniú lena mbaineann fo-alt (3) i ndáil leis na sócmhainní sin ó dhuine a sheolann go dleathach sa Stát gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine nó ó bhainisteoir ciste cháilithigh eile.
(3) Maidir le deimhniú lena mbaineann an fo-alt seo, is deimhniú é ina sonrófar—
(a) gurb é atá sna sócmhainní, ar i ndáil leo a thugtar an deimhniú, sócmhainní ciste scoir íosta cheadaithe a bhfuil teideal tairbhiúil ag an bpearsa aonair a ainmnítear ar an deimhniú chucu agus atá á n-aistriú chuig an gciste scoir íosta ceadaithe nó a aistríodh roimhe sin chuig ciste den sórt sin de réir fho-alt (2A) d'alt 784,
(b) i gcás sócmhainní a aistríonn bainisteoir ciste cháilithigh eile, méid nó luach na sócmhainní a aistríodh chuig an gciste scoir íosta ceadaithe chun críocha fho-alt (3) d'alt 784C.
(4) Beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 263 maidir le dearbhú a dhéanfar de réir fho-alt (1)(c), nó le deimhniú a bhfuil feidhm ag fo-alt (3) maidir leis, amhail mar atá feidhm aige i ndáil le dearbhuithe de chineál a luaitear san alt sin.
(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais ceanglais a shonrú maidir le hoibriú cistí scoir íosta ceadaithe.
|
|
| |
Tuairisceáin, agus íoc cánach, ag bainisteoirí cistí cáilitheacha.
|
784E.—(1) Déanfaidh bainisteoir ciste cháilithigh, laistigh de 14 lá ó dheireadh na míosa ina ndéantar dáileadh as iarmhar ciste scoir cheadaithe, tuairisceán a thabhairt don Ard-Bhailitheoir ina mbeidh sonraí maidir leis na nithe seo a leanas—
(a) ainm agus seoladh an duine ar ina ainm nó ina hainm a bheidh nó a bhí an ciste scoir ceadaithe á shealbhú,
(b) uimhir thagartha cánach an duine sin,
(c) ainm agus seoladh an duine a ndearnadh an dáileadh chuige nó chuici,
(d) méid an dáilte, agus
(e) an cháin a gceanglaítear ar bhainisteoir an chiste cháilithigh cuntas a thabhairt inti i ndáil leis an dáileadh sin (dá ngairtear ‘an cháin chuí’ ina dhiaidh seo san alt seo).
(2) Maidir leis an gcáin chuí i ndáil le dáileadh a cheanglaítear a áireamh i dtuairisceán, beidh sí dlite an tráth faoina mbeidh an tuairisceán le tabhairt agus íocfaidh bainisteoir an chiste cháilithigh leis an Ard-Bhailitheoir í, agus beidh an cháin chuí a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag bainisteoir an chiste cháilithigh gan measúnacht a bheith déanta; ach féadfar cáin chuí a bheidh tagtha chun bheith dlite amhlaidh a mheasúnú ar bhainisteoir an chiste cháilithigh (bíodh sí nó ná bíodh sí íoctha nuair a dhéanfar an mheasúnacht) mura mbeidh an cháin sin, nó aon chuid di, íoctha ar an dáta dlite nó roimhe.
(3) I gcás gur dealraitheach don chigire go bhfuil aon mhéid cánach cuí i ndáil le dáileadh ba chóir a áireamh, ach nár áiríodh, i dtuairisceán nó má bhíonn an cigire míshásta faoi aon tuairisceán, féadfaidh an cigire measúnacht a dhéanamh ar bhainisteoir an chiste cháilithigh go feadh a bhreithiúnais nó a breithiúnais, agus aon mhéid cánach cuí i ndáil le dáileadh a bheidh dlite faoi mheasúnacht a rinneadh de bhua an fho-ailt seo, déileálfar leis chun críocha úis ar cháin neamhíoctha mar cháin ab iníoctha an tráth arbh iníoctha í dá mba gur tugadh tuairisceán ceart.
(4) I gcás ina mbeidh aon ítim curtha isteach go mícheart i dtuairisceán mar dháileadh, féadfaidh an cigire cibé measúnachtaí, coigeartuithe nó fritháirimh a dhéanamh is dóigh leis nó léi is gá chun a áirithiú gur mar a chéile, a mhéid is féidir é, do na dliteanais chánach, lena n-áirítear ús ar cháin neamhíoctha, a bheidh dá thoradh sin ar bhainisteoir an chiste cháilithigh nó ar aon duine eile, agus na dliteanais a bheadh orthu mura mbeadh an ítim curtha isteach amhlaidh.
(5) (a) Beidh aon cháin chuí a mheasúnófar ar bhainisteoir ciste cháilithigh faoin gCaibidil seo dlite laistigh de mhí tar éis an fógra measúnachta a eisiúint (mura mbeidh an cháin sin dlite níos luaithe ná sin faoi fho-alt (1)) faoi réir aon achomhairc i gcoinne na measúnachta, ach ní dhéanfaidh aon achomharc den sórt sin difear don dáta a mbeidh aon mhéid dlite faoi fho-alt (1).
(b) Tar éis achomharc i gcoinne measúnachta faoin alt seo a chinneadh, aisíocfar aon cháin chuí a ró-íocadh.
(6) (a) Na forálacha de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann—
(i) le measúnachtaí i leith cánach ioncaim,
(ii) le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí den sórt sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil), agus
(iii) le cáin ioncaim a bhailiú agus a ghnóthú,
beidh feidhm acu, a mhéid is infheidhme iad, maidir le cáin chuí a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú.
(b) Aon mhéid cánach cuí is iníoctha de réir na Caibidle seo gan measúnacht a bheith déanta béarfaidh sé ús de réir ráta 1 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó cuid de mhí ón dáta a dtiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é.
(c) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (4) d'alt 1080 i ndáil le hús is iníoctha faoi mhír (b) mar atá feidhm acu i ndáil le hús is iníoctha faoi alt 1080.
(d) Le linn alt 1080 a bheith á chur chun feidhme maidir le haon cháin chuí a mhuirearófar le haon mheasúnacht a dhéanfar de réir an ailt seo, beidh feidhm ag an alt sin amhail is dá scriosfaí fo-alt (1)(b) den alt sin.
(7) Is i bhfoirm a bheidh forordaithe no údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh gach tuairisceán agus beidh dearbhú ann á rá gur tuairisceán ceart iomlán an tuairisceán.
(8) (a) Déanfaidh bainisteoir ciste cháilithigh, ar nó roimh an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe, de réir bhrí alt 950, tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh ar an gcigire cuí, de réir bhrí an ailt sin, i ndáil le gach ciste scoir ceadaithe a bhí á shealbhú ag sealbhóir an chiste sin aon tráth i rith na bliana measúnachta.
(b) Is éard a bheidh sa tuairisceán faoi mhír (a), i ndáil le gach ciste scoir ceadaithe—
(i) ainm, seoladh agus uimhir thagartha cánach na pearsan aonair ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na sócmhainní sa chiste,
(ii) sonraí maidir le haon ioncam, brabúis agus gnóchain, agus maidir le haon ghnóchain inmhuirearaithe a dhíorthaítear ó shócmhainní a bhí á sealbhú sa chiste agus le haon cháin a asbhaineadh ó ioncam, ó bhrabúis nó ó ghnóchain a fuarthas,
(iii) sonraí maidir le haon dáiltí a rinneadh as na sócmhainní a bhí a sealbhú sa chiste scoir ceadaithe, agus
(iv) cibé sonraí breise a theastóidh le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha an ailt seo.”,
|
|
[EN]
| |
(iv) in alt 785, trí “75 bhliain d'aois” a chur in ionad “70 bliain d'aois (nó aon aois is mó ná sin a bheidh ceadaithe faoi alt 784(3)(d))” i mír (b) d'fho-alt (1) agus mír (b) d'fho-alt (2),
|
[EN]
| |
(v) in alt 786, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
|
[EN]
| |
“(1) Ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim conradh blianachta faoi alt 784 mura bhforálann an conradh go bhféadfaidh an phearsa aonair a dhéanann é a cheangal go ndéanfar suim in ionannas luach a chearta nó a cearta fabhraithe faoin gconradh—
|
[EN]
| |
(a) a íoc, ag an duine lena ndéantar é, le cibé duine eile a shonróidh an phearsa aonair, agus
|
[EN]
| |
(b) a chur chun feidhme ag an duine eile sin mar íocaíocht as an bpréimh nó as an gcomaoin eile faoi chonradh blianachta arna dhéanamh idir an phearsa aonair agus an duine eile sin agus arna cheadú ag na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt sin,
|
[EN]
| |
má tá an conradh céadluaite le ceadú thairis sin ag na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt sin.”,
|
[EN]
| |
(vi) in alt 787—
|
[EN]
| |
(I) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
|
[EN]
| |
“(2A) D'ainneoin fho-alt (2), chun críocha faoisimh faoin alt seo ní bheidh glantuilleamh iomchuí pearsan aonair níos mó ná £200,000 nó cibé méid eile a shonrófar i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais.
|
[EN]
| |
(2B) Más rud é go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (2A), déanfar dréacht de na rialacháin a leagan faoi bhráid Dháil Éireann agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag Dáil Éireann.”,
|
[EN]
| |
(II) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):
|
[EN]
| |
“(8) Faoi réir an ailt seo, ní mó an méid a fhéadfar a asbhaint nó a fhritháireamh in aon bhliain mheasúnachta (cibé acu i leith aon phréimhe cáilithí amháin nó níos mó agus cibé acu a áirítear nó nach n-áirítear préimheanna i leith conartha a ceadaíodh faoi alt 785) ná—
|
[EN]
| |
(a) i gcás pearsan aonair a bhí, aon tráth le linn na bliana measúnachta, 30 bliain d'aois nó os a chionn ach nach raibh 40 bliain d'aois slánaithe aige nó aici, 20 faoin gcéad,
|
[EN]
| |
(b) i gcás pearsan aonair a bhí, aon tráth le linn na bliana measúnachta, 40 bliain d'aois nó os a chionn ach nach raibh 50 bliain d'aois slánaithe aige nó aici, 25 faoin gcéad,
|
[EN]
| |
(c) i gcás pearsan aonair a bhí, aon tráth le linn na bliana measúnachta, 50 bliain d'aois nó os a chionn nó ar phearsa aonair shonraithe é nó í don bhliain mheasúnachta, 30 faoin gcéad, agus
|
[EN]
| |
(d) in aon chás eile, 15 faoin gcéad,
|
[EN]
| |
de ghlantuilleamh iomchuí na pearsan aonair don bhliain sin, agus áireofar, a mhéid is féidir é, sa mhéid a bheidh le hasbhaint, préimheanna cáilitheacha i leith conarthaí a ceadaíodh faoi alt 785.
|
[EN]
| |
(8A) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn ‘pearsa aonair shonraithe’, i ndáil le bliain mheasúnachta, pearsa aonair ar díorthaíodh a thuilleamh nó a tuilleamh iomchuí don bhliain mheasúnachta go hiomlán nó go príomha ó shlí bheatha nó ó ghairm a shonraítear i Sceideal 23A.
|
[EN]
| |
(8B) Féadfaidh an tAire Airgeadais le rialacháin, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa, an bhrí atá le pearsa aonair shonraithe a leathnú nó a shrianadh trí shlí bheatha nó gairm amháin nó níos mó a chur leis an liosta de shlite beatha agus gairmeacha a shonraítear i Sceideal 23A, nó a scriosadh as an liosta sin, de réir mar a bheidh.
|
[EN]
| |
(8C) I gcás ina mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (8B), déanfar dréacht de na rialacháin a leagan faoi bhráid Dháil Éireann agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag Dáil Éireann.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(c) tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 23:
|
| |
“Alt 787.
|
SCEIDEAL 23A
Slite Beatha Agus Gairmeacha Sonraithe
Lúthchleasaí
Imreoir Badmantain
Dornálaí
Rothaí
Peileadóir
Galfaire
Marcach
Tiománaí Rásaíochta Mótair
Imreoir Rugbaí
Imreoir Scuaise
Snámhóir
Imreoir Leadóige”.
|
|
[EN]
| |
(2) (a) Beidh feidhm ag mír (a) d'fho-alt (1) maidir le haon scéim sochar scoir (de réir bhrí alt 771 den Phríomh-Acht) a cheadófar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis.
|
[EN]
| |
(b) Beidh feidhm ag mír (b), seachas fomhír (vi), d'fho-alt (1) maidir le haon chonradh blianachta a bheidh ceadaithe, de thuras na huaire, ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 784 den Phríomh-Acht agus a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis.
|
[EN]
| |
(c) Beidh feidhm ag fomhír (vi) de mhír (b), agus ag mír (c) d'fho-alt (1) maidir leis an mbliain mheasúnachta 1999-2000 agus le blianta dá éis sin.
|
[EN]
| |
(d) D'ainneoin aon fhoráil de Chuid 30 den Phríomh-Acht, ní scoirfidh scéim sochar scoir nó conradh blianachta a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999, de bheith ina scéim cheadaithe nó ina chonradh ceadaithe, de réir mar a bheidh, toisc go n-athraítear rialacha na scéime nó téarmaí an chonartha ar an dáta sin nó dá éis chun go bhféadfaidh pearsa aonair lena mbaineann an scéim nó an conradh rogha a fheidhmiú faoi fho-alt (3A) d'alt 772 nó faoi fho-alt (2A) d'alt 784 den Phríomh-Acht, de réir mar is cuí, ar rogha í a bheadh an phearsa aonair sin in ann a fheidhmiú de réir théarmaí na bhfo-alt sin maidir le scéim nó conradh a cheadófar ar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis, agus maidir le scéim nó conradh den sórt sin, beidh feidhm ag forálacha an ailt seo amhail is dá mba scéim í nó amhail is dá mba chonradh é a ceadaíodh ar an dáta sin nó dá éis.
|
[EN]
| |
(e) D'ainneoin fho-alt (3A) d'alt 772 agus fho-alt (2A) d'alt 784 den Phríomh-Acht, más rud é gur tháinig pinsean nó blianacht chun bheith iníoctha den chéad uair ar an 2ú lá de Nollaig, 1998, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999, beidh feidhm ag mír (d) amhail is dá mba thagairt do rogha a fheidhmiú laistigh de shé mhí ón dáta ar tháinig an pinsean nó an bhlianacht chun bheith iníoctha na tagairtí sna fo-ailt sin do rogha a fheidhmiú ar an dáta no roimh an dáta ar a dtiocfadh pinsean nó blianacht chun bheith iníoctha thairis sin.
|
[EN]
|
Blianachtaí saoil ceannaithe.
|
20.
—(1) Leasaítear leis seo alt 788(2) den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i mír (d), trí “nó” a scriosadh i ndiaidh “alt 787,”,
|
[EN]
| |
(b) i mír (e), trí “ar chaipiteal), nó” a chur in ionad “ar chaipiteal).”, agus
|
[EN]
| |
(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):
|
[EN]
| |
“(f) maidir le haon bhlianacht arbh é a bhí in iomlán na comaoine nó i gcuid den chomaoin i leith an bhlianacht a dheonú sócmhainní, ar shócmhainní iad i gciste scoir ceadaithe, de réir bhrí alt 784A, nó i gciste scoir íosta ceadaithe, de réir bhrí alt 784C, an tráth a úsáideadh na sócmhainní sin chun an bhlianacht a cheannach.”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 823 (asbhaint i leith ioncaim arna thuilleamh lasmuigh den Stát) den Phríomh-Acht.
|
21.
—(1) Leasaítear leis seo alt 823 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an méid sonraithe”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘an méid sonraithe’ i ndáil le hoifig nó le fostaíocht méid a chinnfear de réir na foirmle—
|
| |
|
[EN]
| |
i gcás—
|
[EN]
| |
gurb é D an líon laethanta cáilitheacha i ndáil leis an oifig nó leis an bhfostaíocht sa bhliain mheasúnachta lena mbaineann, agus
|
[EN]
| |
gurb é E an t-ioncam, na brabúis nó na gnóchain go léir ó aon oifig, fostaíocht nó pinsean cibé acu is inmhuirearaithe faoi Sceideal D nó E (lena n-áirítear ioncam ó oifigí nó ó fhostaíochtaí ar sa Stát a chomhlíontar a ndualgais) de chuid pearsan aonair sa bhliain sin tar éis aon ranníoc nó préimh cháilitheach a asbhaint a bhfuil foráil ann le haghaidh asbhainte ina leith faoi alt 774(7) nó 787 ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—
|
[EN]
| |
(a) aon chaiteachas lena mbaineann alt 118,
|
[EN]
| |
(b) aon mhéid a ndéileáiltear leis mar dhíolaíochtaí de chuid fostaíochta faoi alt 121(2)(b)(ii) de bhua carr a chur ar fáil de bhíthin na fostaíochta,
|
[EN]
| |
(c) aon suim a ndéileáiltear léi, chun críocha alt 112, mar pheircis de chuid oifige nó fostaíochta de bhua alt 122,
|
[EN]
| |
(d) aon íocaíocht lena mbaineann alt 123,
|
[EN]
| |
(e) aon suim a mheastar a bheith ina brabúis nó ina gnóchain a thig nó a fhabhraíonn ó oifig nó ó fhostaíocht de bhua alt 127(2), nó
|
[EN]
| |
(f) aon ghnóchan lena mbaineann alt 128.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(b) i bhfo-alt (3), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “an méid sonraithe”:
|
[EN]
| |
“i ndáil leis an oifig sin nó leis an bhfostaíocht sin nó méid an ioncaim, na mbrabús nó na ngnóchan cibé acu is lú”.
|
[EN]
| |
(2) Beidh feidhm ag an alt seo—
|
[EN]
| |
(a) maidir leis an mbliain mheasúnachta 1999-2000 agus le blianta measúnachta dá éis, agus
|
[EN]
| |
(b) maidir leis an mbliain mheasúnachta 1998-1999 a mhéid a fhabhraíonn an t-ioncam, na brabúis nó na gnóchain, a bheidh le háireamh le linn an méid sonraithe a bheith á ríomh, chuig pearsa aonair ar an 10ú lá de Mhárta, 1999, nó dá éis.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 869 (fógraí agus foirmeacha a sheachadadh agus a sheirbheáil agus fianaise orthu) den Phríomh-Acht.
|
22.
—Leasaítear leis seo alt 869 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
|
[EN]
| |
“(3) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon fhógra a thug nó a sheirbheáil na Coimisinéirí Ioncaim nó cigire nó oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim faoi na hAchtanna Cánach nó faoi na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil a thabhairt in aon imeachtaí trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh—
|
[EN]
| |
(a) gur cóip den fhógra é, nó
|
[EN]
| |
(b) má tá na sonraí a shonraítear san fhógra i dtaifead leictreonach, fótagrafach nó i dtaifead eile atá á choimeád ag na Coimisinéirí Ioncaim, go n-atáirgeann sé na sonraí sin sa mhéid go mbaineann siad leis an bhfógra sin,
|
[EN]
| |
agus ní gá poist oifigiúla na ndaoine nó post oifigiúil an duine a n-airbheartófar gurb iad nó gurb é nó í a thug nó a sheirbheáil an fógra nó, i gcás go mbeidh sé sínithe, na sínithe nó an síniú, a chruthú, ná a chruthú go raibh údarás ag na daoine nó ag an duine a shínigh agus a thug nó a sheirbheáil é chun é sin a dhéanamh.”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 961 (nótaí éilimh agus admhálacha a eisiúint) den Phríomh-Acht.
|
23.
—Leasaítear leis seo alt 961 den Phríomh-Acht, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1999, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
|
[EN]
| |
“(2) Ar cháin ioncaim a bheith íoctha, tabharfaidh an tArd-Bhailitheoir admháil i leith na híocaíochta sin don duine lena mbaineann; is éard a bheidh san admháil sin cibé ceann díobh seo a leanas is cuí leis an Ard-Bhailitheoir, eadhon—
|
[EN]
| |
(a) admháil ar leithligh ar an bhfoirm fhorordaithe i leith gach íocaíochta den sórt sin, nó
|
[EN]
| |
(b) admháil ar an bhfoirm fhorordaithe i leith na n-íocaíochtaí sin go léir a rinneadh laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san admháil.”.
|
[EN]
|
Leasú ar Chaibidil 4 (cáin ioncaim ar dhíolaíochtaí áirithe a bhailiú agus a ghnóthú (an córas IMAT)) de Chuid 42 den Phríomh-Acht.
|
24.
—Leasaítear leis seo Caibidil 4 de Chuid 42 den Phríomh-Acht, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1999, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 990:
|
| |
“Meastacháin a ghiniúint trí phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile.
|
990A.—Chun críocha na Caibidle seo—
(a) i gcás go gcuirfidh an cigire, aon oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bheidh ainmnithe acu chun críocha alt 989 nó 990 (dá ngairtear ‘an t-oifigeach ainmnithe’ san alt seo), nó aon oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ag gníomhú dó nó di i bhfios don chigire nó don oifigeach ainmnithe, faoi deara, chun críocha alt 989 nó 990, fógra ar a mbeidh ainm an chigire nó an oifigigh ainmnithe a eisiúint, de láimh nó trí aon phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile, agus a sheirbheáil, measfar, maidir leis an meastachán lena mbaineann an fógra sin—
(i) más rud é gur eisíodh an fógra sin chun críocha alt 989, gurb é nó gurb í an t-oifigeach ainmnithe a rinne é, agus
(ii) más rud é gur eisíodh an fógra sin chun críocha alt 990, gurb é nó gurb í an cigire nó an t-oifigeach ainmnithe, de réir mar a bheidh, a rinne é, chomh fada lena thuairim nó lena tuairim,
agus
(b) beidh feidhm ag forálacha alt 928, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le meastacháin arna ndéanamh de réir fhorálacha alt 990 amhail mar atá feidhm acu i ndáil le measúnachtaí cánach ioncaim.”.
|
|
[EN]
|
Leasú ar alt 987 (pionóis i leith sárú rialachán) den Phríomh-Acht.
|
25.
—Leasaítear leis seo alt 987 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—
|
[EN]
| |
“(1) Más rud é, maidir le haon duine, nach gcomhlíonann sé nó sí aon fhoráil i rialacháin faoin gCaibidil seo a cheanglaíonn ar an duine sin aon tuairisceán, ráiteas, fógra nó deimhniú, seachas an tuairisceán deireadh bliana a cheanglaítear faoi Rialachán 35 de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960), a chur isteach, nó cáin ioncaim a sheoladh chun an Ard-Bhailitheora nó má mhainníonn sé nó sí aon asbhaint nó aisíoc a dhéanamh de réir aon rialacháin arna dhéanamh de bhun alt 986(1)(g), dlífear pionós £1,200 a chur ar an duine sin.”,
|
[EN]
| |
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):
|
[EN]
| |
“(1A) I gcás go mainneoidh aon duine tuairisceán deireadh bliana a chur chuig an Ard-Bhailitheoir de réir Rialachán 35 de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960), dlífear pionós £500 a chur ar an duine sin i leith gach míosa nó cuid de mhí nach mbeidh an tuairisceán curtha isteach lena linn, faoi réir pionóis uasta £2,000.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(c) i bhfo-alt (2) trí “i bhfo-alt (1) nó (1A)” a chur in ionad “i bhfo-alt (1)”.
|
[EN]
|
Faoiseamh i leith táillí a íocadh le coláistí a mhaoinítear go poiblí san Aontas Eorpach le haghaidh oideachais tríú leibhéal lánaimseartha.
|
26.
—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i gCaibidil 1 de Chuid 15, trí “Alt 474A” a chur isteach i ndiaidh “Alt 474” i gCuid 2 den Tábla a ghabhann le halt 458,
|
[EN]
| |
(b) i gCaibidil 2 de Chuid 15, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 474:
|
| |
“Faoiseamh i leith táillí a íocadh le coláistí a mhaoinítear go poiblí san Aontas Eorpach le haghaidh oideachais tríú leibhéal lánaimseartha.
|
474A.—(1) San alt seo—
ciallaíonn ‘bliain acadúil’, i ndáil le cúrsa ceadaithe, bliain staidéir dar tús dáta nach luaithe ná an 1ú lá de Lúnasa i mbliain mheasúnachta;
ciallaíonn ‘céatadán iomchuí’, i ndáil le bliain mheasúnachta, céatadán is comhionann leis an ráta caighdeánach cánach don bhliain sin;
ciallaíonn ‘cleithiúnaí’, i ndáil le pearsa aonair, céile nó leanbh de chuid na pearsan aonair nó duine arb é nó í, nó arbh é nó í, an phearsa aonair an caomhnóir dlíthiúil ina leith;
ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Oideachais agus Eolaíochta;
ciallaíonn ‘coláiste cáilitheach’ aon ollscoil nó foras ardoideachais dá samhail i mBallstát den Aontas Eorpach (seachas an Stát) atá á chothabháil nó ag fáil cabhrach trí dheontais athfhillteacha as cistí poiblí de chuid an Bhallstáit sin nó de chuid aon Bhallstáit eile den Aontas Eorpach (lena n-áirítear an Stát);
ciallaíonn ‘cúrsa cáilitheach’ cúrsa staidéir lánaimseartha fochéime i gcoláiste cáilitheach a mhaireann 2 bhliain acadúla ar a laghad, seachas cúrsa staidéir sa leigheas, san fhiaclóireacht, sa leigheas tréidliachta nó in oiliúint múinteora;
ciallaíonn ‘táillí cáilitheacha’, i ndáil le cúrsa cáilitheach agus le bliain acadúil, an oiread sin de mhéid na dtáillí is inmhuirearaithe i leith teagaisc a chuirfear ar fáil i ndáil leis an gcúrsa sin sa bhliain sin is comhionann le méid na dtáillí a gcinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, gurb iad na táillí cáilitheacha iad chun críocha an ailt seo i ndáil leis an aicme cúrsa cháilithigh a bheidh sonraithe sa chinneadh agus a mbaineann an cúrsa áirithe lena mbaineann léi.
(2) Faoi réir an ailt seo, i gcás go gcruthóidh pearsa aonair do bhliain mheasúnachta go ndearna sé nó sí, thar a cheann féin nó thar a ceann féin, nó thar ceann a chleithiúnaí nó a cleithiúnaí, íocaíocht i leith táillí cáilitheacha i leith cúrsa cháilithigh don bhliain acadúil i ndáil leis an gcúrsa sin a thosaíonn sa bhliain mheasúnachta sin, déanfar an cháin ioncaim a mhuirearófar ar an bpearsa aonair don bhliain mheasúnachta sin, seachas de réir alt 16(2), a laghdú de mhéid arb é an ceann is lú é díobh seo a leanas é, eadhon—
(a) an méid is comhionann leis an gcéatadán cuí de chomhiomlán na n-íocaíochtaí go léir den sórt sin a chruthaítear a rinneadh amhlaidh, agus
(b) an méid a laghdaíonn an cháin ioncaim sin go nialas.
(3) Chun críocha an ailt seo measfar, maidir le híocaíocht i leith táillí cáilitheacha, nach ndearnadh í sa mhéid go bhfuair nó go bhfaighidh an phearsa aonair, nó, de réir mar a bheidh, a chleithiúnaí nó a cleithiúnaí, aon suim i leith nó faoi threoir na dtáillí sin, go díreach nó go neamhdhíreach, ó fhoinse ar bith ar mhodh deontais, scoláireachta nó ar shlí eile.
(4) Maidir le haon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo arna dhéanamh ag pearsa aonair, beidh ráiteas i scríbhinn ag gabháil leis ón gcoláiste cáilitheach lena mbaineann agus sonrófar gach ceann de na nithe seo a leanas ann, eadhon—
(a) gur coláiste cáilitheach chun críocha an ailt seo an coláiste,
(b) sonraí an chúrsa a bhfuil an phearsa aonair nó a chleithiúnaí nó a cleithiúnaí ag gabháil dó,
(c) an fad a mhaireann an cúrsa, agus
(d) méid na dtáillí a íocadh i leith an chúrsa.
(5) Más rud é, chun críocha an ailt seo, go mbeidh aon cheist ann i dtaobh—
(a) coláiste a bheith ina choláiste cáilitheach, nó
(b) cúrsa staidéir a bheith ina chúrsa cáilitheach,
féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle leis an Aire.”,
|
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(c) i gCaibidil 1 de Chuid 44, trí “474A,” a chur isteach i ndiaidh “474,” in alt 1024(2)(a)(ix).
|
| |
Caibidil 3
Cáin Iarchoimeádta Díbhinne
|
[EN]
|
Cáin iarchoimeádta díbhinne.
|
27.
—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i gCuid 6, tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 8:
|
| |
|
“Caibidil 8A
Cáin iarchoimeádta díbhinne
|
Léiriú.
|
172A.—(1) (a) Sa Chaibidil seo agus i Sceideal 2A—
tá le ‘admháil taiscí Mheiriceánach’ an bhrí chéanna atá leis in alt 207 den Acht Airgeadais, 1992;
ciallaíonn ‘iniúchóir’, i ndáil le cuideachta, an duine nó na daoine a bheidh ceaptha mar iniúchóir na cuideachta chun críocha Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, nó faoi dhlí na críche ina bhfuil an chuideachta corpraithe agus ar dlí é atá ar comhréir leis na hAchtanna sin;
tá le ‘gníomhaire iarchoimeádta údaraithe’, i ndáil le dáileadh iomchuí, an bhrí a shanntar dó le halt 172G;
ciallaíonn ‘gnóthas comhinfheistíochta’—
(i) gnóthas comhinfheistíochta de réir bhrí alt 734, nó
(ii) gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta de réir bhrí alt 738,
nach ciste eischósta de réir bhrí alt 743;
ciallaíonn ‘cáin iarchoimeádta díbhinne’, i ndáil le dáileadh iomchuí, suim in ionannas cánach ioncaim ar mhéid an dáilte iomchuí ag an ráta caighdeánach a bheidh i bhfeidhm an tráth a dhéanfar an dáileadh iomchuí;
tá le ‘duine eisiata’, i ndáil le dáileadh iomchuí, an bhrí a shanntar dó le halt 172C(2);
ciallaíonn ‘idirghabhálaí’ duine a sheolann trádáil arb éard í nó ar cuid di—
(i) dáiltí iomchuí a fháil ó chuideachta nó ó chuideachtaí a chónaíonn sa Stát, nó
(ii) méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí sin a fháil ó idirghabhálaí nó idirghabhálaithe eile,
thar ceann daoine eile;
ciallaíonn ‘duine neamhdhliteanach’, i ndáil le dáileadh iomchuí, an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun an dáilte iomchuí, agus ar duine eisiata nó duine neamhchónaitheach cáilitheach é nó í;
ciallaíonn ‘scéim pinsean’ scéim cheadaithe dhíolmhaithe de réir bhrí alt 774 nó conradh blianachta scoir nó scéim iontaobhais lena mbaineann alt 784 nó 785;
ciallaíonn ‘iontaobhas scair-úinéireachta cáilitheach d'fhostaithe’ iontaobhas scair-úinéireachta d'fhostaithe a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim mar iontaobhas scair-úinéireachta cáilitheach d'fhostaithe de réir Sceideal 12 agus nár tarraingíodh siar an ceadú sin;
tá le ‘idirghabhálaí cáilitheach’, i ndáil le dáileadh iomchuí, an bhrí a shanntar dó le halt 172E;
tá le ‘duine neamhchónaitheach cáilitheach’, i ndáil le dáileadh iomchuí, an bhrí a shanntar dó le halt 172D(3);
ciallaíonn ‘dáileadh iomchuí’—
(i) dáileadh de réir bhrí mhír 1 de Sceideal F in alt 20(1), seachas dáileadh den sórt sin arna dhéanamh chuig Aire den Rialtas ina cháil nó ina cáil mar Aire den sórt sin, agus
(ii) aon mhéid atá inmheasúnaithe agus inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D de bhua alt 816;
ciallaíonn ‘duine iomchuí’ i ndáil le dáileadh iomchuí—
(i) i gcás go ndéanfaidh cuideachta an dáileadh iomchuí go díreach chuig an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun an dáilte, an chuideachta a dhéanfaidh an dáileadh iomchuí, agus
(ii) i gcás nach ndéanfaidh an chuideachta an dáileadh iomchuí go díreach chuig an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun an dáilte iomchuí ach go ndéanfar an dáileadh chuig an duine sin trí idirghabhálaí cáilitheach amháin nó níos mó, an t-idirghabhálaí cáilitheach óna bhfuil an dáileadh iomchuí, nó méid nó sócmhainn eile in ionannas an dáilte iomchuí, infhaighte ag an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun an dáilte;
ciallaíonn ‘críoch iomchuí’—
(i) Ballstát de na Comhphobail Eorpacha, seachas an Stát, nó
(ii) críoch, nach Ballstát den sórt sin í, a bhfuil comhshocraíochtaí a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 826 déanta lena rialtas;
ciallaíonn ‘duine sonraithe’, i ndáil le dáileadh iomchuí, an duine chuig a ndéantar an dáileadh iomchuí, cibé acu atá nó nach bhfuil teideal tairbhiúil chun an dáilte iomchuí ag an duine sin;
ciallaíonn ‘cáin’, i ndáil le críoch iomchuí, aon cháin a fhorchuirtear sa chríoch sin agus atá ar comhréir le cáin ioncaim nó cáin chorparáide sa Stát;
tá le ‘uimhir thagartha cánach’ an bhrí chéanna atá leis in alt 885.
(b) Sa Chaibidil seo agus i Sceideal 2A, aon tagairtí do dháileadh iomchuí a dhéanamh ag cuideachta, nó do dháileadh iomchuí a dhéanfaidh cuideachta, nó do dháileadh iomchuí a fháil ó chuideachta, faoi seach, ní fholaíonn siad tagairtí do dháileadh iomchuí a dhéanamh ag gnóthas comhinfheistíochta, nó do dháileadh iomchuí a dhéanfaidh gnóthas comhinfheistíochta, nó do dháileadh iomchuí a fháil ó ghnóthas comhinfheistíochta.
(2) Chun críocha na Caibidle seo, is é méid dáilte iomchuí—
(a) i gcás inarb éard é an dáileadh iomchuí íocaíocht in airgead, méid is comhionann le méid na híocaíochta,
(b) i gcás inarb éard é an dáileadh iomchuí méid a ndéileáiltear leis faoi alt 816 mar dháileadh arna dhéanamh ag cuideachta, méid is comhionann leis an méid a ndéileáiltear leis amhlaidh,
(c) i gcás inarb éard é an dáileadh iomchuí méid atá inmheasúnaithe agus inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D de bhua alt 816, méid is comhionann leis an méid atá inmheasúnaithe agus inmhuirearaithe amhlaidh, agus
(d) i gcás inarb éard é an dáileadh iomchuí dáileadh neamh-airgid, nach dáileadh iomchuí é a bhfuil feidhm ag mír (b) nó (c) maidir leis, méid is comhionann le méid atá comhionann le luach an dáilte,
agus déanfar aon tagairt sa Chaibidil seo do mhéid dáilte iomchuí a fhorléiriú mar thagairt don mhéid arbh é méid an dáilte iomchuí é dá mba rud é nach ndéanfaí aon cháin iarchoimeádta díbhinne a asbhaint as an dáileadh iomchuí.
(3) Beidh éifeacht le Sceideal 2A chun an Chaibidil seo a fhorlíonadh.
|
|
| |
Cáin iarchoimeádta díbhinne ar dháiltí iomchuí.
|
172B.—(1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an gCaibidil seo, más rud é, ar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis, go ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh iomchuí chuig duine sonraithe—
(a) déanfaidh an chuideachta cáin iarchoimeádta díbhinne i ndáil leis an dáileadh iomchuí a asbhaint as méid an dáilte iomchuí,
(b) déanfaidh an duine sonraithe an asbhaint sin a lamháil ar iarmhar an dáilte iomchuí a fháil, agus
(c) beidh an chuideachta saortha agus urscaoilte i leith cibé méid airgid arb ionannas dó an asbhaint amhail is dá mbeadh an méid sin airgid íoctha iarbhír leis an duine sonraithe.
(2) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an gCaibidil seo, más rud é, tráth ar bith ar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis, go ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh iomchuí chuig duine sonraithe agus gurb éard é an dáileadh iomchuí méid dá dtagraítear i mír (b) nó (c) d'alt 172A(2) (ar méid é is comhionann leis an méid a gheobhadh an duine sonraithe dá mba rud é go bhfuair an duine sin an dáileadh iomchuí in airgead seachas i bhfoirm scairchaipitil breise de chuid na cuideachta), ní bheidh feidhm ag fo-alt (1), ach—
(a) déanfaidh an chuideachta méid an scairchaipitil breise a bheidh le heisiúint chuig an duine sonraithe a laghdú de cibé méid a áiritheoidh nach mó, an tráth sin, luach an scairchaipitil breise a eiseofar chuig an duine sonraithe ná méid is comhionann leis an méid a gheobhadh an duine, tar éis cáin iarchoimeádta díbhinne a asbhaint, dá mba rud é go bhfuair an duine an dáileadh iomchuí in airgead seachas i bhfoirm scairchaipitil breise de chuid na cuideachta,
(b) déanfaidh an duine sonraithe an laghdú sin a lamháil ar iarmhar an scairchaipitil breise a fháil,
(c) beidh an chuideachta saortha agus urscaoilte i leith cibé méid airgid arb ionannas dó an laghdú ar luach an scairchaipitil breise amhail is dá mbeadh an méid sin airgid íoctha iarbhír leis an duine sonraithe,
(d) dlífidh an chuideachta méid (a ndéileálfar leis chun críocha na Caibidle seo amhail is dá mba asbhaint cánach iarchoimeádta díbhinne i ndáil leis an dáileadh iomchuí é) is comhionann leis an gcáin iarchoimeádta díbhinne a cheanglófaí, murach an fo-alt seo, a asbhaint as an dáileadh iomchuí, a íoc leis an Ard-Bhailitheoir, agus
(e) dlífidh an chuideachta an méid sin a íoc ar an modh céanna ar gach slí amhail is dá mba é an cháin iarchoimeádta díbhinne é a cheanglófaí, murach an fo-alt seo, a asbhaint as an dáileadh iomchuí.
(3) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an gCaibidil seo, más rud é, ar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis, go ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh iomchuí chuig duine sonraithe agus gurb éard é an dáileadh iomchuí dáileadh neamh-airgid, nach dáileadh iomchuí é a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir leis, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1), ach—
(a) dlífidh an chuideachta méid (a ndéileálfar leis chun críocha na Caibidle seo amhail is dá mba asbhaint cánach iarchoimeádta díbhinne i ndáil leis an dáileadh iomchuí é) is comhionann leis an gcáin iarchoimeádta díbhinne a cheanglófaí, murach an fo-alt seo, a asbhaint as méid an dáilte iomchuí, a íoc leis an Ard-Bhailitheoir,
(b) dlífidh an chuideachta an méid sin a íoc ar an modh céanna ar gach slí amhail is dá mba é an cháin iarchoimeádta díbhinne é a cheanglófaí, murach an fo-alt seo, a asbhaint as an dáileadh iomchuí, agus
(c) beidh an chuideachta i dteideal suim is comhionann leis an méid sin a ghnóthú ón duine sonraithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(4) Déileálfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát le gach dáileadh iomchuí a dhéanfaidh sí chuig duine sonraithe ar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis, mar dháileadh a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis, ach i gcás go mbeidh an chuideachta tar éis í féin a shásamh, maidir le dáileadh iomchuí a dhéanfaidh sí chuig duine sonraithe, nach dáileadh é, de bhua na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chaibidil seo, a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis, beidh an chuideachta i dteideal, faoi réir na bhforálacha sin, déileáil amhlaidh le dáiltí iomchuí a dhéanfaidh sí chuig an duine sonraithe go dtí cibé tráth a mbeidh faisnéis ina seilbh ar féidir glacadh léi le réasún mar fhaisnéis a chuireann in iúl gur dáileadh iomchuí a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis dáileadh iomchuí a dhéanfaidh sí chuig an duine sonraithe, nó go bhféadfaidh sé gur dáileadh den sórt sin é.
(5) Ní dhéanfaidh asbhaint cánach iarchoimeádta díbhinne i ndáil le dáiltí iomchuí de réir an ailt seo difear d'fhorálacha na nAchtanna Cánach a bhaineann le brabúis nó gnóchain a ríomh agus, dá réir sin déanfar méid na ndáiltí iomchuí den sórt sin a chur i gcuntas, faoi réir alt 129, le linn brabúis nó gnóchain daoine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí sin a bheith á ríomh chun críocha cánach.
(6) Faoi réir alt 831(6), ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás ina ndéanfaidh fochuideachta (de réir bhrí alt 831), ar cuideachta í a chónaíonn sa Stát, dáileadh iomchuí chuig a máthairchuideachta (de réir bhrí an ailt sin) nach gcónaíonn sa Stát.
|
|
| |
Díolúine do dhaoine áirithe ó cháin iarchoimeádta díbhinne.
|
172C.—(1) Ní bheidh feidhm ag alt 172B i gcás ina ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh iomchuí chuig duine eisiata.
(2) Chun críocha na Caibidle seo, is duine eisiata duine i ndáil le dáileadh iomchuí má tá teideal tairbhiúil ag an duine sin chun an dáilte iomchuí agus—
(a) gur cuideachta é nó í a chónaíonn sa Stát agus a rinne dearbhú don duine iomchuí i ndáil leis an dáileadh iomchuí de réir mhír 3 de Sceideal 2A,
(b) gur scéim pinsean é nó í a rinne dearbhú don duine iomchuí i ndáil leis an dáileadh iomchuí de réir mhír 4 de Sceideal 2A,
(c) gur iontaobhas scair-úinéireachta cáilitheach d'fhostaithe é nó í a rinne dearbhú don duine iomchuí i ndáil leis an dáileadh iomchuí de réir mhír 5 de Sceideal 2A,
(d) gur gnóthas comhinfheistíochta é nó í a rinne dearbhú don duine iomchuí i ndáil leis an dáileadh iomchuí de réir mhír 6 de Sceideal 2A, nó
(e) gur duine é nó í—
(i) atá i dteideal díolúine ó cháin ioncaim faoi Sceideal F i leith an dáilte iomchuí de bhua alt 207(1)(b), agus
(ii) a rinne dearbhú don duine iomchuí i ndáil leis an dáileadh iomchuí de réir mhír 7 de Sceideal 2A.
|
|
| |
Díolúine do dhaoine neamhchónaitheacha áirithe ó cháin iarchoimeádta díbhinne.
|
172D.—(1) D'ainneoin aon fhoráil eile den Chaibidil seo, ní bheidh feidhm ag alt 172B más rud é, le linn na tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1999, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 2000, go ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh iomchuí chuig duine sonraithe—
(a) ar duine é no í a bhfuil a sheoladh nó a seoladh ar scairchlár na cuideachta suite i gcríoch iomchuí,
(b) ar cuideachta é nó í nach gcónaíonn sa Stát agus a bhfuil feidhm ag fomhír (i) nó (ii) d'fho-alt (3)(b) maidir léi agus a thug deimhniú dá dtagraítear i mír 9(f) de Sceideal 2A don chuideachta atá ag déanamh an dáilte iomchuí sula ndearnadh an dáileadh iomchuí, nó
(c) ar idirghabhálaí (dá ngairtear ‘an t-idirghabhálaí céadluaite’ sa mhír seo) é nó í a chónaíonn sa Stát agus a chuireann in iúl don chuideachta atá ag déanamh an dáilte iomchuí, sula ndéantar an dáileadh iomchuí, go bhfaighidh an t-idirghabhálaí céadluaite an dáileadh iomchuí chun sochair—
(i) do dhuine a bhfuil a sheoladh nó a seoladh i dtaifid an idirghabhálaí chéadluaite suite i gcríoch iomchuí,
(ii) do chuideachta nach gcónaíonn sa Stát agus a bhfuil feidhm ag fomhír (i) nó (ii) d'fho-alt (3)(b) maidir léi agus a thug deimhniú dá dtagraítear i mír 9(f) de Sceideal 2A don idirghabhálaí céadluaite sula ndearnadh an dáileadh iomchuí, nó
(iii) d'idirghabhálaí eile (dá ngairtear ‘an dara hidirghabhálaí a luaitear’ sa mhír seo) a chuir in iúl don idirghabhálaí céadluaite go bhfaighidh an dara hidirghabhálaí a luaitear an dáileadh iomchuí, nó méid nó sócmhainn eile in ionannas an dáilte iomchuí, a thabharfaidh an t-idirghabhálaí céadluaite don dara hidirghabhálaí a luaitear, chun sochair—
(I) do dhuine a bhfuil a sheoladh nó a seoladh i dtaifid an dara hidirghabhálaí a luaitear suite i gcríoch iomchuí, nó
(II) do chuideachta nach gcónaíonn sa Stát agus a bhfuil feidhm ag fomhír (i) nó (ii) d'fho-alt (3)(b) maidir léi agus a thug deimhniú dá dtagraítear i mír 9(f) de Sceideal 2A don dara hidirghabhálaí a luaitear sula ndearnadh an dáileadh iomchuí.
(2) Ní bheidh feidhm ag alt 172B más rud é, ar an 6ú lá d'Aibreán, 2000, nó dá éis, go ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh iomchuí chuig duine neamhchónaitheach cáilitheach.
(3) Chun críocha na Caibidle seo, is duine neamhchónaitheach cáilitheach i ndáil le dáileadh iomchuí duine má tá teideal tairbhiúil ag an duine chun an dáilte iomchuí agus—
(a) gur duine é nó í nach cuideachta agus—
(i) nach bhfuil cónaí ná gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát,
(ii) a bhfuil, de bhua dlí críche iomchuí, cónaí air nó uirthi, chun críocha cánach, sa chríoch iomchuí, agus
(iii) a rinne dearbhú don duine iomchuí i ndáil leis an dáileadh iomchuí de réir mhír 8 de Sceideal 2A agus, i ndáil leis an dearbhú sin, go bhfuil an deimhniú dá dtagraítear i bhfomhír (f) den mhír sin ina dheimhniú reatha (de réir bhrí mhír 2 den Sceideal sin) tráth déanta an dáilte iomchuí,
nó
(b) gur cuideachta é nó í nach gcónaíonn sa Stát agus—
(i) atá faoi rialú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine nó daoine a chónaíonn chun críocha cánach, de bhua dlí críche iomchuí, i gcríoch iomchuí den sórt sin agus nach bhfuil faoi rialú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine nó ag daoine nach gcónaíonn amhlaidh, nó
(ii) go ndéantar príomhaicme scaireanna—
(I) na cuideachta, nó
(II) cuideachta eile, ar fochuideachta 75 faoin gcéad di an chuideachta,
a thrádáil go substaintiúil agus go rialta ar stocmhalartán aitheanta amháin nó níos mó i gcríoch nó i gcríocha iomchuí nó ar cibé stocmhalartán eile a cheadóidh an tAire Airgeadais chun críocha na Caibidle seo,
agus a rinne dearbhú don duine iomchuí i ndáil leis an dáileadh iomchuí de réir mhír 9 de Sceideal 2A agus, i ndáil leis an dearbhú sin, go bhfuil na deimhnithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (f) agus (g) den mhír sin ina ndeimhnithe reatha (de réir bhrí mhír 2 den Sceideal sin) tráth déanta an dáilte iomchuí.
(4) Chun críocha fho-alt (3)(b)(i), déanfar ‘rialú’ a fhorléiriú de réir fho-ailt (2) go (6) d'alt 432 amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (6) den alt sin—
(a) a mhéid a bhaineann leis an gcéad lua de ‘rialú’ i bhfo-alt (3)(b)(i), ‘daoine a bhfuil, de bhua dlí críche iomchuí (de réir na brí a shanntar le halt 172A), cónaí orthu, chun críocha cánach, i gcríoch iomchuí den sórt sin (de réir na brí sin)’ a chur in ionad ‘5 rannpháirtí nó níos lú’, agus
(b) a mhéid a bhaineann leis dara lua de ‘rialú’ i bhfo-alt (3)(b)(i), ‘daoine nach bhfuil cónaí orthu, chun críocha cánach, i gcríoch iomchuí (de réir na brí sin)’ a chur in ionad ‘5 rannpháirtí nó níos lú’.
(5) Chun críocha fho-alt (3)(b)(ii)(II), beidh feidhm ag ailt 412 go 418 amhail mar a bheadh feidhm ag na hailt sin chun críocha Chaibidil 5 de Chuid 12 dá ndéanfaí fomhír (iii) d'alt 411(1)(c) a scriosadh.
|
|
| |
Idirghabhálaithe cáilitheacha.
|
172E.—(1) Faoi réir alt 172F(6), ní bheidh feidhm ag alt 172B i gcás go ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh iomchuí trí idirghabhálaí cáilitheach amháin nó níos mó chun sochair do dhuine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun an dáilte iomchuí agus ar duine neamhdhliteanach é nó í i ndáil leis an dáileadh iomchuí.
(2) Chun críocha na Caibidle seo, is idirghabhálaí cáilitheach duine i ndáil le dáiltí iomchuí a dhéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát chuig an duine, agus i ndáil le méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí sin a íocfaidh idirghabhálaí cáilitheach eile leis an duine nó a thabharfaidh sé don duine, más rud é, maidir leis an duine, gur idirghabhálaí é nó í—
(a) a bhfuil cónaí air sa Stát nó a bhfuil, de bhua dlí críche iomchuí, cónaí air, chun críocha cánach, sa chríoch iomchuí,
(b) a bhfuil comhaontú idirghabhálaí cháilithigh déanta aige leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus
(c) a ndearna na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, é a údarú chun bheith ina idirghabhálaí cáilitheach i ndáil le dáiltí iomchuí a dhéanfaidh cuideachtaí a chónaíonn sa Stát chuig an duine, agus i ndáil le méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí sin a íocfaidh idirghabhálaí cáilitheach eile leis an duine nó a thabharfaidh sé don duine, chun sochair do dhaoine eile ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí, ar údarú é nach mbeidh cúlghairthe faoi fho-alt (6).
(3) Is éard a bheidh i gcomhaontú idirghabhálaí cháilithigh comhaontú a dhéanfar idir na Coimisinéirí Ioncaim agus idirghabhálaí agus a ngeallfaidh an t-idirghabhálaí, faoina théarmaí—
(a) glacadh le haon dearbhuithe a dhéanfar nó le haon fógraí a thabharfar don idirghabhálaí de réir na Caibidle seo agus na dearbhuithe agus na fógraí sin a choimeád ar feadh tréimhse nach lú ná 6 bliana,
(b) na dearbhuithe agus na fógraí sin go léir a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag na Coimisinéirí Ioncaim nuair a iarrfaidh na Coimisinéirí air, trí fhógra i scríbhinn, déanamh amhlaidh,
(c) más rud é go mbeidh forais réasúnacha ag an idirghabhálaí chun a chreidiúint, maidir le haon dearbhú den sórt sin a rinne aon duine nó le haon fhógra den sórt sin a thug aon duine, nach raibh, nó go bhféadfadh sé nach raibh, an dearbhú nó an fógra sin ceart cruinn an tráth a rinneadh an dearbhú nó a tugadh an fógra, de réir mar a bheidh, é sin a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim,
(d) más rud é go mbeidh forais réasúnacha ag an idirghabhálaí tráth ar bith chun a chreidiúint, maidir le haon dearbhú den sórt sin a rinne aon duine, nach mbeadh, nó go bhféadfadh sé nach mbeadh, an dearbhú sin ceart cruinn dá ndéanfaí an tráth sin é, é sin a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim,
(e) forálacha alt 172F a oibriú ar mhodh cruinn éifeachtach agus an tuairisceán dá dtagraítear i bhfo-alt (7) den alt sin a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse ama a shonraítear chuige sin i bhfo-alt (8) den alt sin,
(f) tuarascáil bhliantúil ar chomhlíonadh an chomhaontaithe ag an idirghabhálaí a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim, ar tuarascáil í a bheidh sínithe—
(i) más cuideachta é an t-idirghabhálaí, ag iniúchóir na cuideachta, nó
(ii) mura cuideachta é an t-idirghabhálaí, ag duine a bheadh cáilithe, dá mba chuideachta é an t-idirghabhálaí, chun a cheaptha nó chun a ceaptha mar iniúchóir ar an gcuideachta,
(g) má cheanglaíonn na Coimisinéirí Ioncaim air é, banna nó ráthaíocht a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim is leor chun na Coimisinéirí a shlánú in aghaidh aon chaillteanais a éireoidh de bhua chalaois nó fhaillí an idirghabhálaí i ndáil le hoibriú an chomhaontaithe agus fhorálacha na Caibidle seo ag an idirghabhálaí,
(h) sa chás gur banc taiscí é an t-idirghabhálaí a shealbhaíonn scaireanna ar iontaobhas do shealbhóirí admhálacha taiscí Meiriceánacha, nó thar a gceann—
(i) má údaraíonn na Coimisinéirí Ioncaim dó déanamh amhlaidh, forálacha fho-alt (3)(d) d'alt 172F a oibriú, agus
(ii) aon choinníollacha i ndáil leis an oibriú sin a bheidh sonraithe sa chomhaontú a chomhlíonadh,
agus
(i) a cheadú do na Coimisinéirí Ioncaim comhlíonadh an chomhaontaithe agus fhorálacha na Caibidle seo ag an idirghabhálaí a fhíorú ar aon mhodh eile is dóigh leis na Coimisinéirí is gá.
(4) Ní údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim d'idirghabhálaí a bheith ina idirghabhálaí cáilitheach mura rud é—
(a) gur cuideachta a shealbhaíonn ceadúnas arna dheonú faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971, nó duine a shealbhaíonn ceadúnas nó údarú eile dá shamhail faoi dhlí aon chríche iomchuí atá ar comhréir leis an alt sin, é an t-idirghabhálaí,
(b) gur duine atá ar lánúinéireacht ag cuideachta nó duine dá dtagraítear i mír (a) é an t-idirghabhálaí,
(c) gur ballghnólacht de Stocmhalartán na hÉireann Teoranta nó de stocmhalartán aitheanta i gcríoch iomchuí é an t-idirghabhálaí, nó
(d) gur duine é an t-idirghabhálaí atá, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, oiriúnach chun bheith ina idirghabhálaí cáilitheach chun críocha na Caibidle seo.
(5) Coimeádfaidh na Coimisinéirí Ioncaim liosta d'idirghabhálaithe a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí chun bheith ina n-idirghabhálaithe cáilitheacha chun críocha na Caibidle seo agus nach ndearnadh a n-údaruithe a chúlghairm faoi fho-alt (6), agus, d'ainneoin aon oibleagáidí maidir le rúndacht nó aon sriain eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le haon reacht nó faoi aon reacht nó ar shlí eile, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ainm agus seoladh aon idirghabhálaí cháilithigh den sórt sin a chur ar fáil d'aon duine.
(6) Más rud é, tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim a údarú d'idirghabhálaí a bheith ina idirghabhálaí cáilitheach chun críocha na Caibidle seo, gur deimhin leis na Coimisinéirí—
(a) gur mhainnigh an t-idirghabhálaí an comhaontú dá dtagraítear i bhfo-alt (3) nó forálacha na Caibidle seo a chomhlíonadh, nó
(b) go bhfuil an t-idirghabhálaí míoiriúnach ar shlí eile chun bheith ina idirghabhálaí cáilitheach,
féadfaidh siad, trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an idirghabhálaí leis an bpost cláraithe, an t-údarú a chúlghairm le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra.
(7) Déanfar fógra maidir le cúlghairm faoi fho-alt (6) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir.
|
|
| |
Oibleagáidí idirghabhálaí cháilithigh i ndáil le dáiltí iomchuí.
|
172F.—(1) Aon idirghabhálaí cáilitheach a gheobhaidh—
(a) aon dáiltí iomchuí a dhéanfaidh aon chuideachta a chónaíonn sa Stát, nó
(b) méideanna nó sócmhainní eile (dá ngairtear ‘íocaíochtaí’ san alt seo) in ionannas na ndáiltí sin ó idirghabhálaí cáilitheach eile,
thar ceann daoine eile, cruthóidh sé agus coimeádfaidh sé, i ndáil leis na dáiltí agus leis na híocaíochtaí sin, 2 earnáil shoiléire ar leithligh, ar a dtabharfar an ‘Ciste Díolmhaithe’ agus an ‘Ciste Dliteanach’ faoi seach, agus cuirfidh an t-idirghabhálaí cáilitheach in iúl don chuideachta sin nó don idirghabhálaí cáilitheach eile sin, de réir mar a bheidh, trí fhógra i scríbhinn, an chun sochair do dhuine atá ar áireamh sa Chiste Díolmhaithe nó do dhuine atá ar áireamh sa Chiste Dliteanach a gheobhaidh sé na dáiltí iomchuí a dhéanfaidh an chuideachta sin chuige, nó, de réir mar a bheidh, na híocaíochtaí in ionannas na ndáiltí sin a dhéanfaidh an t-idirghabhálaí cáilitheach eile sin leis.
(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (5), ní chuirfidh idirghabhálaí cáilitheach san áireamh ina Chiste Díolmhaithe i ndáil le dáiltí agus le híocaíochtaí den sórt sin ach amháin na daoine sin ar thar a gceann a gheobhaidh sé dáiltí nó íocaíochtaí den sórt sin agus—
(a) ar daoine iad ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin agus ar daoine neamhdhliteanacha iad i ndáil leis na dáiltí sin, agus
(b) ar aon idirghabhálaí cáilitheach breise é dá dtabharfaidh an t-idirghabhálaí cáilitheach na dáiltí nó na híocaíochtaí sin (nó méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin) agus a bhfaighidh an t-idirghabhálaí cáilitheach breise sin iad chun sochair do dhaoine atá ar áireamh i gCiste Díolmhaithe an idirghabhálaí cháilithigh breise sin.
(3) (a) Ní chuirfidh idirghabhálaí cáilitheach duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a) san áireamh ina Chiste Díolmhaithe mura rud é go bhfuair sé ón duine sin—
(i) dearbhú arna dhéanamh ag an duine sin de réir alt 172C(2), nó
(ii) dearbhú arna dhéanamh ag an duine sin de réir alt 172D(3)—
(I) a bhfuil an deimhniú dá dtagraítear i mír 8(f) de Sceideal 2A ina dheimhniú reatha (de réir bhrí mhír 2 den Sceideal sin) i ndáil leis, nó
(II) a bhfuil na deimhnithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (f) agus (g) de mhír 9 den Sceideal sin ina ndeimhnithe reatha (de réir bhrí mhír 2 den Sceideal sin) i ndáil leis, de réir mar a bheidh, tráth déanta na ndáiltí iomchuí.
(b) Ní chuirfidh idirghabhálaí cáilitheach idirghabhálaí cáilitheach breise dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) san áireamh ina Chiste Díolmhaithe mura rud é go bhfuair an t-idirghabhálaí cáilitheach ón idirghabhálaí cáilitheach breise sin fógra i scríbhinn arna thabhairt don idirghabhálaí cáilitheach ag an idirghabhálaí cáilitheach breise sin de réir fho-alt (1) á rá, maidir leis na dáiltí iomchuí a dhéanfaidh an chuideachta a chónaíonn sa Stát, nó, de réir mar a bheidh, na híocaíochtaí in ionannas na ndáiltí sin, agus a dtabharfaidh an t-idirghabhálaí cáilitheach iad don idirghabhálaí cáilitheach breise sin, go bhfaighidh an t-idirghabhálaí cáilitheach breise sin iad chun sochair do dhuine atá san áireamh i gCiste Díolmhaithe an idirghabhálaí cháilithigh breise sin.
(c) D'ainneoin mhíreanna (a) agus (b), déanfaidh idirghabhálaí cáilitheach, ar banc taiscí é a shealbhaíonn scaireanna ar iontaobhas do shealbhóirí admhálacha taiscí Meiriceánacha nó thar a gceann, forálacha mhír (d) a oibriú, má dhéantar foráil chuige sin sa chomhaontú idirghabhálaí cháilithigh agus sin faoi réir aon choinníollacha a bheidh sonraithe sa chomhaontú sin.
(d) I gcás go bhfuil feidhm ag an mír seo i ndáil le hidirghabhálaí cáilitheach, cuirfidh an t-idirghabhálaí cáilitheach na daoine seo a leanas san áireamh ina Chiste Díolmhaithe—
(i) aon duine ar thar a cheann nó thar a ceann a gheobhaidh sé aon dáiltí iomchuí a dhéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát, nó ar thar a cheann nó thar a ceann a gheobhaidh sé íocaíochtaí in ionannas na ndáiltí sin ó idirghabhálaí cáilitheach eile, agus ar duine é nó í ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin, ar sealbhóir é nó í ar admháil taiscí Mheiriceánach agus a bhfuil a sheoladh nó a seoladh ar chlár admhálacha taiscí an idirghabhálaí cháilithigh suite i Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus
(ii) aon idirghabhálaí sonraithe dá dtabharfaidh an t-idirghabhálaí cáilitheach na dáiltí nó na híocaíochtaí sin (nó méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin) agus a bhfaighidh an t-idirghabhálaí sonraithe sin iad chun sochair—
(I) do dhaoine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin, ar sealbhóirí iad ar admhálacha taiscí Meiriceánacha, a bhfuil a seoladh ar chlár admhálacha taiscí an idirghabhálaí shonraithe sin suite i Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus atá le cur san áireamh, de réir mhír (e)(iii)(I), i gCiste Díolmhaithe an idirghabhálaí shonraithe sin, nó
(II) d'aon idirghabhálaí sonraithe breise dá dtabharfaidh an t-idirghabhálaí sonraithe céadluaite na dáiltí nó na híocaíochtaí sin (nó méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin) agus a bhfaighidh an t-idirghabhálaí sonraithe breise sin iad chun sochair do dhaoine atá le cur san áireamh, de réir chlásail (I) agus (II) de mhír (e)(iii), i gCiste Díolmhaithe an idirghabhálaí shonraithe breise sin.
(e) Chun críocha mhír (d), déileálfar le hidirghabhálaí mar idirghabhálaí sonraithe más rud é, maidir leis an idirghabhálaí—
(i) nach idirghabhálaí cáilitheach é ach gur duine é dá dtagraítear i mír (a), (b), (c) nó (d) d'alt 172E(4) agus atá ag oibriú mar idirghabhálaí i mbunaíocht atá suite i Stáit Aontaithe Mheiriceá,
(ii) go gcruthaíonn sé agus go gcoimeádann sé, i ndáil leis na dáiltí nó na híocaíochtaí sin (nó le méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin) a gheobhaidh sé thar ceann daoine eile ó idirghabhálaí cáilitheach nó ó idirghabhálaí sonraithe eile, Ciste Díolmhaithe agus Ciste Dliteanach, de réir fho-ailt (1) agus (5), ach faoi réir fhomhíreanna (iii) agus (iv), amhail is dá mba idirghabhálaí cáilitheach é,
(iii) nach gcuireann sé san áireamh ina Chiste Díolmhaithe i ndáil leis na dáiltí nó na híocaíochtaí sin (nó le méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin), ach amháin—
(I) na daoine sin ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin, ar daoine iad is sealbhóirí ar admhálacha taiscí Meiriceánacha agus a bhfuil a seoladh ar a chlár admhálacha taiscí suite i Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus
(II) aon idirghabhálaí sonraithe breise dá dtabharfaidh an t-idirghabhálaí na dáiltí nó na híocaíochtaí sin (nó méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin) agus a bhfaighidh an t-idirghabhálaí sonraithe breise sin iad chun sochair do dhaoine atá, de réir na fomhíre seo, le cur san áireamh i gCiste Díolmhaithe an idirghabhálaí sonraithe breise sin,
(iv) go gcuireann sé san áireamh ina Chiste Dliteanach i ndáil leis na dáiltí nó na híocaíochtaí sin (nó le méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin), na daoine eile sin go léir (ar daoine iad is sealbhóirí ar admhálacha taiscí Meiriceánacha) ar thar a gceann a gheobhaidh sé na dáiltí nó na híocaíochtaí sin (nó méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin) ó idirghabhálaí cáilitheach nó ó idirghabhálaí sonraithe breise, seachas na daoine sin atá san áireamh ina Chiste Díolmhaithe,
(v) go gcuireann sé in iúl, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt de réir fho-alt (1), don idirghabhálaí cáilitheach nó, de réir mar a bheidh, don idirghabhálaí sonraithe breise óna bhfaighidh sé, thar ceann daoine eile, na dáiltí nó na híocaíochtaí sin (nó méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin), an chun sochair do dhaoine atá san áireamh ina Chiste Díolmhaithe nó chun sochair do dhaoine atá san áireamh ina Chiste Dliteanach a gheobhaidh sé na dáiltí nó na híocaíochtaí sin (nó méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin) amhlaidh,
(vi) go ndéanann sé, an tráth a thugann sé na dáiltí nó na híocaíochtaí sin (nó méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin) do dhaoine eile, ainm agus seoladh gach duine den sórt sin a chur in iúl, trí fhógra i scríbhinn nó i bhformáid leictreonach, don idirghabhálaí cáilitheach nó, de réir mar a bheidh, don idirghabhálaí sonraithe breise, agus
(vii) go gcomhaontaíonn sé, maidir leis an bhfaisnéis a thabharfar de réir fhomhír (vi) don idirghabhálaí cáilitheach nó, de réir mar a bheidh, don idirghabhálaí sonraithe breise, go ndéanfaidh an t-idirghabhálaí cáilitheach í a chur ar ais chuig na Coimisinéirí Ioncaim de réir fho-alt (7)(f).
(f) Más rud é, de bhua na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, go ndéanfar aon duine, ar duine é nó í nach duine neamhdhliteanach a bheadh ann nó inti ar leith ón mír seo i ndáil leis na dáiltí nó na híocaíochtaí (nó le méideanna nó sócmhainní eile atá in ionannas na ndáiltí nó na n-íocaíochtaí sin) a gheobhaidh idirghabhálaí cáilitheach nó idirghabhálaí sonraithe thar ceann an duine sin, a chur san áireamh i gCiste Díolmhaithe an idirghabhálaí cháilithigh nó, de réir mar a bheidh, an idirghabhálaí shonraithe, déileálfar leis an duine sin, d'ainneoin aon fhoráil eile den Chaibidil seo, mar dhuine neamhdhliteanach i ndáil leis na dáiltí sin.
(4) Faoi réir fho-alt (5), cuirfidh idirghabhálaí cáilitheach san áireamh ina Chiste Dliteanach i ndáil le dáiltí iomchuí a dhéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát chuige, agus le híocaíochtaí in ionannas na ndáiltí sin a dhéanfaidh idirghabhálaí cáilitheach eile leis, na daoine go léir ar thar a gceann a gheobhaidh an t-idirghabhálaí cáilitheach na dáiltí nó na híocaíochtaí sin, seachas na daoine sin atá san áireamh ina Chiste Díolmhaithe i ndáil leis na dáiltí nó na híocaíochtaí sin.
(5) Déanfaidh idirghabhálaí cáilitheach a Chiste Díolmhaithe agus a Chiste Dliteanach i ndáil le dáiltí iomchuí a dhéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát chuige, agus le híocaíochtaí in ionannas na ndáiltí sin a dhéanfaidh idirghabhálaí cáilitheach eile leis, a uasdátú a mhinice is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar forálacha alt 172E(1) agus fo-ailt (2) go (4) den alt seo, agus cuirfidh sé gach uasdátú den sórt sin in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don chuideachta nó, de réir mar a bheidh, don idirghabhálaí cáilitheach eile sin.
(6) I gcás go ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh iomchuí, tráth ar bith, chuig idirghabhálaí cáilitheach agus, ar leith ón bhfo-alt seo, go ndéileálfaí leis an dáileadh iomchuí mar dháileadh iomchuí arna dhéanamh chuig an idirghabhálaí cáilitheach chun sochair do dhuine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun an dáilte iomchuí agus ar duine neamhdhliteanach é nó í i ndáil leis an dáileadh sin, déileálfar leis an dáileadh amhail is dá mba rud é nach ndearnadh é chuig an idirghabhálaí cáilitheach chun sochair do dhuine den sórt sin mura rud é, an tráth sin nó roimhe, gur chuir an t-idirghabhálaí cáilitheach in iúl don chuideachta de réir fho-alt (1) nó (5), de réir mar a bheidh, go bhfaighidh an t-idirghabhálaí cáilitheach an dáileadh iomchuí chun sochair do dhuine atá san áireamh i gCiste Díolmhaithe an idirghabhálaí cháilithigh i ndáil le dáiltí iomchuí a dhéanfaidh an chuideachta chuig an idirghabhálaí cáilitheach, agus dá réir sin, d'éagmais fógra den sórt sin, beidh feidhm ag alt 172B i ndáil leis an dáileadh iomchuí.
(7) Déanfaidh idirghabhálaí cáilitheach, maidir le gach bliain mheasúnachta (arb í an bhliain mheasúnachta 1999-2000 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í) tuairisceán a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim ina dtaispeánfar—
(a) ainm agus seoladh an idirghabhálaí cháilithigh,
(b) ainm agus seoladh—
(i) gach cuideachta a chónaíonn sa Stát agus óna bhfuair an t-idirghabhálaí cáilitheach, thar ceann duine eile, dáileadh iomchuí arna dhéanamh ag an gcuideachta sin sa bhliain mheasúnachta dá dtagraíonn an tuairisceán, agus
(ii) gach duine eile óna bhfuair an t-idirghabhálaí cáilitheach, thar ceann duine eile, méid nó sócmhainn eile in ionannas dáilte iomchuí arna dhéanamh ag cuideachta a chónaíonn sa Stát sa bhliain mheasúnachta dá dtagraíonn an tuairisceán,
(c) méid gach dáilte iomchuí den sórt sin,
(d) ainm agus seoladh gach duine dár thug an t-idirghabhálaí cáilitheach dáileadh iomchuí den sórt sin, nó méid nó sócmhainn eile in ionannas dáilte iomchuí den sórt sin,
(e) ainm agus seoladh gach duine dá dtagraítear i mír (d) a bhfuair an t-idirghabhálaí cáilitheach dearbhú faoi alt 172C(2) nó 172D(3) ina leith, agus
(f) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (3)(d) i ndáil leis an idirghabhálaí cáilitheach, an fhaisnéis a thug idirghabhálaithe sonraithe don idirghabhálaí cáilitheach de réir fho-alt (3)(e)(vi).
(8) Faoi réir fho-alt (9), déanfaidh idirghabhálaí cáilitheach gach tuairisceán faoi fho-alt (7) a thabhairt, tráth nach déanaí ná an 21ú lá de Bhealtaine tar éis na bliana measúnachta dá dtagraíonn an tuairisceán, i bhformáid leictreonach a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh dearbhú arna dhéanamh ag an idirghabhálaí cáilitheach, ar fhoirm a bheidh forordaithe nó údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim, ag gabháil leis á rá go bhfuil an tuairisceán cruinn agus iomlán.
(9) I gcás gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil na saoráidí ag idirghabhálaí cáilitheach chun tuairisceán faoi fho-alt (7) a thabhairt san fhormáid dá dtagraítear i bhfo-alt (8), tabharfar an tuairisceán i scríbhinn i bhfoirm a bheidh forordaithe nó údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh dearbhú arna dhéanamh ag an idirghabhálaí cáilitheach, ar fhoirm a bheidh forordaithe nó údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim, ag gabháil leis á rá go bhfuil an tuairisceán cruinn agus iomlán.
|
|
| |
Gníomhaire iarchoimeádta údaraithe.
|
172G.—(1) Faoi réir alt 172H, ní bheidh feidhm ag alt 172B i gcás go ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh iomchuí chuig gníomhaire iarchoimeádta údaraithe chun sochair do dhuine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun an dáilte iomchuí, nach é nó í an gníomhaire iarchoimeádta údaraithe é nó í.
(2) Chun críocha na Caibidle seo, is gníomhaire iarchoimeádta údaraithe duine i ndáil le dáiltí iomchuí a dhéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát chuig an duine más rud é, maidir leis an duine, gur idirghabhálaí é nó í—
(a) (i) a bhfuil cónaí air sa Stát, nó
(ii) mura bhfuil cónaí air sa Stát, a bhfuil, de bhua dlí críche iomchuí, cónaí air, chun críocha cánach, sa chríoch iomchuí agus a sheolann, trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht sa Stát, trádáil arb éard í nó ar cuid di dáiltí iomchuí a fháil thar ceann daoine eile ó chuideachta nó ó chuideachtaí a chónaíonn sa Stát,
(b) a bhfuil comhaontú gníomhaire iarchoimeádta údaraithe déanta aige leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus
(c) a ndearna na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, é a údarú chun bheith ina ghníomhaire iarchoimeádta údaraithe i ndáil le dáiltí iomchuí a dhéanfaidh cuideachtaí a chónaíonn sa Stát chuig an duine chun sochair do dhaoine eile ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí, ar údarú é nach mbeidh cúlghairthe faoi fho-alt (6).
(3) Is éard a bheidh i gcomhaontú gníomhaire iarchoimeádta údaraithe comhaontú a dhéanfar idir na Coimisinéirí Ioncaim agus idirghabhálaí agus a ngeallfaidh an t-idirghabhálaí, faoina théarmaí—
(a) glacadh le haon dearbhuithe a dhéanfar agus le haon fhógraí a thabharfar don idirghabhálaí de réir na Caibidle seo agus na dearbhuithe agus na fógraí sin a choimeád ar feadh tréimhse nach lú ná 6 bliana,
(b) na dearbhuithe agus na fógraí sin go léir a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag na Coimisinéirí Ioncaim nuair a iarrfaidh na Coimisinéirí air, trí fhógra i scríbhinn, déanamh amhlaidh,
(c) más rud é go mbeidh forais réasúnacha ag an idirghabhálaí chun a chreidiúint, maidir le haon dearbhú den sórt sin a rinne aon duine nó le haon fhógra den sórt sin a thug aon duine, nach raibh, nó go bhféadfadh sé nach raibh, an dearbhú nó an fógra sin ceart cruinn an tráth a rinneadh an dearbhú nó a tugadh an fógra, de réir mar a bheidh, é sin a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim, (d) más rud é go mbeidh forais réasúnacha ag an idirghabhálaí tráth ar bith chun a chreidiúint, maidir le haon dearbhú den sórt sin a rinne aon duine, nach mbeadh, nó go bhféadfadh sé nach mbeadh, an dearbhú sin ceart cruinn dá ndéanfaí é an tráth sin, é sin a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim,
(e) forálacha alt 172H a oibriú ar mhodh cruinn éifeachtach,
(f) an tuairisceán dá dtagraítear in alt 172K(1) a chur ar fáil don Ard-Bhailitheoir, agus aon cháin iarchoimeádta díbhinne a cheanglaítear a bheith san áireamh sa tuairisceán sin a íoc leis an Ard-Bhailitheoir, laistigh den tréimhse ama a shonraítear chuige sin san alt sin,
(g) tuarascáil bhliantúil ar chomhlíonadh an chomhaontaithe ag an idirghabhálaí a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim, ar tuarascáil í a bheidh sínithe—
(i) más cuideachta é an t-idirghabhálaí, ag iniúchóir na cuideachta, nó
(ii) mura cuideachta é an t-idirghabhálaí, ag duine a bheadh cáilithe, dá mba chuideachta é an t-idirghabhálaí, chun a cheaptha nó chun a ceaptha mar iniúchóir ar an gcuideachta,
agus
(h) a cheadú do na Coimisinéirí Ioncaim comhlíonadh an chomhaontaithe agus fhorálacha na Caibidle seo ag an idirghabhálaí a fhíorú ar aon mhodh eile is dóigh leis na Coimisinéirí is gá.
(4) Ní údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim d'idirghabhálaí a bheith ina ghníomhaire iarchoimeádta údaraithe mura rud é—
(a) gur cuideachta a shealbhaíonn ceadúnas arna dheonú faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971, nó duine a shealbhaíonn ceadúnas nó údarú eile dá shamhail faoi dhlí aon chríche iomchuí atá ar comhréir leis an alt sin, é an t-idirghabhálaí,
(b) gur duine atá ar lánúinéireacht ag cuideachta nó duine dá dtagraítear i mír (a) é an t-idirghabhálaí,
(c) gur ball de Stocmhalartán na hÉireann Teoranta nó de stocmhalartán aitheanta i gcríoch iomchuí é an t-idirghabhálaí, nó
(d) gur duine é an t-idirghabhálaí atá, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, oiriúnach chun bheith ina ghníomhaire iarchoimeádta údaraithe chun críocha na Caibidle seo.
(5) Coimeádfaidh na Coimisinéirí Ioncaim liosta d'idirghabhálaithe a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí chun bheith ina ngníomhairí iarchoimeádta údaraithe chun críocha na Caibidle seo agus nach ndearnadh a n-údaruithe a chúlghairm faoi fho-alt (6), agus, d'ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht nó aon sriain eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le haon reacht nó faoi aon reacht nó ar shlí eile, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ainm agus seoladh aon ghníomhaire iarchoimeádta údaraithe den sórt sin a chur ar fáil d'aon duine.
(6) Más rud é, tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim a údarú d'idirghabhálaí a bheith ina ghníomhaire iarchoimeádta údaraithe chun críocha na Caibidle seo, gur deimhin leis na Coimisinéirí—
(a) gur mhainnigh an t-idirghabhálaí an comhaontú dá dtagraítear i bhfo-alt (3) nó forálacha na Caibidle seo a chomhlíonadh, nó
(b) go bhfuil an t-idirghabhálaí míoiriúnach ar shlí eile chun bheith ina ghníomhaire iarchoimeádta údaraithe,
féadfaidh siad, trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an idirghabhálaí leis an bpost cláraithe, an t-údarú a chúlghairm le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra.
(7) Déanfar fógra maidir le cúlghairm faoi fho-alt (6) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir.
|
|
| |
Oibleagáidí gníomhaire iarchoimeádta údaraithe i ndáil le dáiltí iomchuí.
|
172H.—(1) Aon ghníomhaire iarchoimeádta údaraithe a gheobhaidh, thar ceann daoine eile, aon dáiltí iomchuí a dhéanfaidh aon chuideachta a chónaíonn sa Stát chuige, cuirfidh sé in iúl don chuideachta sin, trí fhógra i scríbhinn, gur gníomhaire iarchoimeádta údaraithe é i ndáil leis na dáiltí sin.
(2) I gcás go bhfaighidh gníomhaire iarchoimeádta údaraithe dáileadh iomchuí, thar ceann duine eile, ó chuideachta a chónaíonn sa Stát agus go dtabharfaidh sé an dáileadh sin, nó méid nó sócmhainn eile in ionannas an dáilte sin, don duine eile sin, beidh feidhm ag an gCaibidil seo, fara aon mhodhnuithe is gá—
(a) amhail is dá mba é an gníomhaire iarchoimeádta údaraithe an chuideachta a rinne an dáileadh, agus
(b) amhail is dá mb'éard a bhí i dtabhairt an dáilte iomchuí, nó méid nó sócmhainne eile in ionannas an dáilte sin, ag an ngníomhaire iarchoimeádta údaraithe don duine eile sin ná déanamh an dáilte iomchuí ag an ngníomhaire iarchoimeádta údaraithe chuig an duine eile sin tráth déanta an dáilte iomchuí chuig an ngníomhaire iarchoimeádta údaraithe ag an gcuideachta,
agus dá réir sin, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an gCaibidil seo, beidh feidhm ag alt 172B i ndáil leis an dáileadh iomchuí sin agus beidh d'oibleagáid ar an ngníomhaire iarchoimeádta údaraithe an cháin iarchoimeádta díbhinne (más ann) a bheidh dlite i ndáil leis an dáileadh iomchuí a íoc agus cuntas a thabhairt inti.
(3) I gcás go ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh iomchuí, tráth ar bith, chuig duine agus, ar leith ón bhfo-alt seo, go ndéileálfaí leis an dáileadh iomchuí mar dháileadh iomchuí arna dhéanamh chuig gníomhaire iarchoimeádta údaraithe chun sochair do dhuine eile, déileálfar leis an dáileadh amhail is dá mba rud é nach ndearnadh é chuig an ngníomhaire iarchoimeádta údaraithe chun sochair don duine eile sin mura rud é, an tráth sin nó roimhe, gur chuir an gníomhaire iarchoimeádta údaraithe in iúl don chuideachta de réir fho-alt (1) gur gníomhaire iarchoimeádta údaraithe é i ndáil leis an dáileadh iomchuí, agus dá réir sin, d'éagmais fógra den sórt sin, beidh feidhm ag alt 172B i ndáil leis an dáileadh iomchuí.
|
|
| |
Ráiteas a thabharfar d'fhaighteoirí dáiltí iomchuí.
|
172I.—(1) Maidir le gach duine (dá ngairtear ‘an t-íocóir’ san alt seo) a dhéanfaidh, nó le gach duine (ar gníomhaire iarchoimeádta údaraithe é nó í) a ndéileálfar leis nó léi mar dhuine a dhéanann, dáileadh iomchuí, déanfaidh sé nó sí, tráth déanta an dáilte iomchuí nó, i gcás gníomhaire iarchoimeádta údaraithe, an tráth a thabharfaidh an gníomhaire iarchoimeádta údaraithe an dáileadh iomchuí, nó méid nó sócmhainn eile in ionannas an dáilte iomchuí sin, do dhuine eile, ráiteas i scríbhinn a thabhairt d'fhaighteoir an dáilte iomchuí nó, de réir mar a bheidh, don duine eile sin, ar ráiteas é ina dtaispeánfar—
(a) ainm agus seoladh an íocóra agus, murab é nó í an t-íocóir an chuideachta a dhéanann an dáileadh iomchuí, ainm agus seoladh na cuideachta sin,
(b) ainm agus seoladh an duine chuig a ndéantar an dáileadh iomchuí,
(c) an dáta a dhéantar an dáileadh iomchuí,
(d) méid an dáilte iomchuí, agus
(e) méid na cánach iarchoimeádta díbhinne (más ann) a asbhaineadh i ndáil leis an dáileadh iomchuí.
(2) Déanfar ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear san fho-alt sin a áireamh i ráiteas i scríbhinn arna dhéanamh i ndáil leis an dáileadh de réir alt 152(1).
(3) I gcás go mainneoidh duine aon cheann d'fhorálacha fho-alt (1) a chomhlíonadh, beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 152 amhail mar atá feidhm aige i gcás go mainníonn cuideachta aon cheann d'fhorálacha fho-alt (1) den alt sin a chomhlíonadh.
|
|
| |
Creidmheas i leith cánach iarchoimeádta díbhinne a iompraíodh nó aisíoc an chéanna.
|
172J.—(1) Más rud é, i ndáil le haon bhliain mheasúnachta, go bhfuil duine faoi réim mhuirear cánach ioncaim agus gur iompair sé nó sí cáin iarchoimeádta díbhinne i ndáil le dáileadh iomchuí a bhfuil teideal tairbhiúil ag an duine chuige agus go bhfuil an cháin sin inchurtha i leith na bliana measúnachta sin, féadfaidh an duine a éileamh go ndéanfar an cháin iarchoimeádta díbhinne sin a fhritháireamh in aghaidh cánach ioncaim is inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta sin agus, i gcás gur mó an cháin iarchoimeádta díbhinne sin ná an cháin ioncaim sin, go ndéanfar an bhreis a aisíoc leis an duine.
(2) Más rud é, i ndáil le haon bhliain mheasúnachta, nach bhfuil duine faoi réim mhuirear cánach ioncaim agus gur iompair sé nó sí cáin iarchoimeádta díbhinne i ndáil le dáileadh iomchuí a bhfuil teideal tairbhiúil ag an duine chuige agus go bhfuil an cháin sin inchurtha i leith na bliana measúnachta sin, féadfaidh an duine a éileamh go ndéanfar méid na cánach iarchoimeádta díbhinne sin a aisíoc leis an duine.
(3) Más rud é gur iompair duine cáin iarchoimeádta díbhinne i ndáil le dáileadh iomchuí a bhfuil teideal tairbhiúil ag an duine chuige, agus—
(a) gur duine neamhdhliteanach é nó í an duine i ndáil leis an dáileadh iomchuí, nó
(b) gur dhuine neamhdhliteanach é nó í an duine i ndáil leis an dáileadh iomchuí murar ghá an ceanglas go ndéanfadh an duine an dearbhú cuí dá dtagraítear i Sceideal 2A,
féadfaidh an duine a éileamh go ndéanfar méid na cánach iarchoimeádta díbhinne sin a aisíoc leis an duine.
(4) Aon duine a dhéanfaidh éileamh faoin alt seo, tabharfaidh sé nó sí, i leith gach méid cánach iarchoimeádta díbhinne lena mbaineann an t-éileamh, an ráiteas i scríbhinn a bheidh tugtha don duine de réir alt 172I(1) ag an duine a rinne, nó ag an duine (ar gníomhaire iarchoimeádta údaraithe é nó í) ar déileáladh leis no léi amhail is go ndearna sé nó sí, an dáileadh iomchuí ar i ndáil leis a asbhaineadh an cháin iarchoimeádta díbhinne.
(5) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fritháireamh cánach iarchoimeádta díbhinne in aghaidh cánach ioncaim is inmhuirearaithe ar dhuine do bhliain mheasúnachta a údarú, nó aisíoc cánach iarchoimeádta díbhinne a dhéanamh le duine, mura bhfaighidh na Coimisinéirí cibé fianaise a mheasfaidh siad is gá go bhfuil an duine i dteideal an fhritháirimh nó an aisíoca sin.
|
|
| |
Tuairisceáin, íoc agus bailiú cánach iarchoimeádta díbhinne.
|
172K.—(1) Aon duine (dá ngairtear ‘an duine cuntasach’ san alt seo), ar cuideachta a chónaíonn sa Stát é nó í a dhéanfaidh, nó ar gníomhaire iarchoimeádta údaraithe é nó í a ndéileálfar leis nó léi faoi alt 172H mar dhuine a dhéanann, aon dáiltí iomchuí chuig daoine sonraithe in aon mhí, déanfaidh sé nó sí, laistigh de 14 lá ó dheireadh na míosa sin, tuairisceán a thabhairt don Ard-Bhailitheoir ina mbeidh sonraí maidir leis na nithe seo a leanas—
(a) ainm agus uimhir thagartha cánach na cuideachta a rinne na dáiltí iomchuí iarbhír,
(b) murab ionann é agus ainm na cuideachta a rinne na dáiltí iomchuí iarbhír, ainm an duine chuntasaigh, ar gníomhaire iarchoimeádta údaraithe é nó í, i ndáil leis na dáiltí sin,
(c) ainm agus seoladh gach duine a ndearna an duine cuntasach nó, de réir mar a bheidh, ar déileáladh leis nó léi amhail is dá mba rud é go ndearna an duine cuntasach, dáileadh iomchuí chuige nó chuici sa mhí dá dtagraíonn an tuairisceán,
(d) an dáta a ndearnadh an dáileadh iomchuí chuig an duine sin,
(e) méid an dáilte iomchuí a rinneadh chuig an duine sin,
(f) méid na cánach iarchoimeádta díbhinne (más ann) i ndáil leis an dáileadh iomchuí a d'asbhain an duine cuntasach nó, de réir mar a bheidh, an méid (más ann) a bheidh le híoc ag an duine cuntasach leis an Ard-Bhailitheoir i ndáil leis an dáileadh sin amhail is dá mba asbhaint cánach iarchoimeádta díbhinne é, agus
(g) comhiomlán na méideanna dá dtagraítear i mír (f) i ndáil leis na dáiltí iomchuí go léir a rinne an duine cuntasach, nó ar déileáladh leo faoi alt 172H amhail is dá mba rud é go ndearna an duine cuntasach iad, chuig daoine sonraithe sa mhí dá dtagraíonn an tuairisceán.
(2) Aon cháin iarchoimeádta díbhinne a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán faoi fho-alt (1), beidh sí dlite an tráth faoina mbeidh an tuairisceán le tabhairt agus íocfaidh an duine cuntasach leis an Ard-Bhailitheoir í, agus beidh an cháin iarchoimeádta díbhinne a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag an duine cuntasach gan measúnacht a bheith déanta, ach féadfar cáin iarchoimeádta díbhinne a bheidh tagtha chun bheith dlite amhlaidh a mheasúnú ar an duine cuntasach (bíodh nó ná bíodh sí íoctha an tráth a dhéanfar an mheasúnacht) mura mbeidh an cháin sin, nó aon chuid di, íoctha ar an dáta dlite nó roimhe.
(3) Más dealraitheach don chigire go bhfuil aon mhéid cánach iarchoimeádta díbhinne i ndáil le dáileadh iomchuí ba chóir a áireamh, agus nár áiríodh, i dtuairisceán faoi fho-alt (2), nó i gcás go mbeidh an cigire míshásta faoi aon tuairisceán den sórt sin, féadfaidh an cigire measúnacht a dhéanamh ar an duine cuntasach i ndáil leis an dáileadh iomchuí go feadh bhreithiúnas an chigire, agus aon mhéid cánach iarchoimeádta díbhinne i ndáil le dáileadh iomchuí a bheidh dlite faoi mheasúnacht a rinneadh de bhua an fho-ailt seo déileálfar leis, chun críocha úis ar cháin neamhíoctha, mar cháin ab iníoctha an tráth arbh iníoctha í dá mba rud é gur tugadh tuairisceán cruinn faoi fho-alt (1).
(4) I gcás ina mbeidh aon ítim curtha isteach go míchruinn i dtuairisceán faoi fho-alt (1) mar dháileadh iomchuí a gceanglaítear cáin iarchoimeádta díbhinne a asbhaint i ndáil leis, féadfaidh an cigire cibé measúnachtaí, coigeartuithe nó fritháirimh a dhéanamh is dóigh leis nó léi is gá chun a áirithiú gur mar a chéile, a mhéid is féidir é, do na dliteanais cánach, lena n-áirítear ús ar cháin neamhíoctha, a bheidh dá thoradh sin ar an duine cuntasach i ndáil leis an dáileadh iomchuí nó ar aon duine eile, agus na dliteanais a bheadh orthu mura mbeadh an ítim curtha isteach amhlaidh.
(5) Aon cháin iarchoimeádta díbhinne a mheasúnófar ar dhuine cuntasach faoin gCaibidil seo beidh sí dlite laistigh de mhí tar éis an fógra measúnachta a eisiúint (mura mbeidh an cháin sin dlite níos luaithe faoi fho-alt (2)) faoi réir aon achomhairc i gcoinne na measúnachta, ach ní dhéanfaidh aon achomharc den sórt sin difear don dáta ar a mbeidh aon mhéid dlite faoi fho-alt (2).
(6) (a) Na forálacha de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann—
(i) le measúnachtaí cánach ioncaim,
(ii) le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí den sórt sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil), agus
(iii) le cáin ioncaim a bhailiú agus a ghnóthú,
beidh feidhm acu, a mhéid is infheidhme iad, maidir le cáin iarchoimeádta díbhinne a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú.
(b) Aon mhéid cánach iarchoimeádta díbhinne is iníoctha de réir na Caibidle seo gan measúnacht a bheith déanta, béarfaidh sé ús de réir ráta 1 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó cuid de mhí ón dáta a dtiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é.
(c) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (4) d'alt 1080 i ndáil le hús is iníoctha faoi mhír (b) mar atá feidhm acu i ndáil le hús is iníoctha faoi alt 1080.
(d) Le linn alt 1080 a bheith á chur chun feidhme maidir le haon cháin iarchoimeádta díbhinne a mhuirearófar le haon mheasúnacht a dhéanfar de réir na Caibidle seo, beidh feidhm ag an alt sin amhail is dá scriosfaí fo-alt (1)(b) den alt sin.
(7) Faoi réir fho-alt (8), déanfaidh duine cuntasach gach tuairisceán faoi fho-alt (1) a thabhairt i bhformáid leictreonach a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh dearbhú arna dhéanamh ag an duine cuntasach, ar fhoirm a bheidh forordaithe nó údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim, ag gabháil leis á rá go bhfuil an tuairisceán cruinn agus iomlán.
(8) I gcás gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil na saoráidí ag duine cuntasach chun tuairisceán faoi fho-alt (1) a thabhairt san fhormáid dá dtagraítear i bhfo-alt (7), tabharfar an tuairisceán i scríbhinn i bhfoirm a bheidh forordaithe nó údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh dearbhú arna dhéanamh ag an duine cuntasach, ar fhoirm a bheidh forordaithe nó údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim, ag gabháil leis á rá go bhfuil an tuairisceán cruinn agus iomlán.
|
|
| |
Dáiltí arna ndéanamh faoi chomhshocraíochtaí stoc stápláilte a thuairisciú.
|
172L.—(1) Chun críocha an ailt seo, aon dáileadh a dhéanfaidh cuideachta nach gcónaíonn sa Stát (dá ngairtear ‘an chuideachta neamhchónaitheach’ san alt seo) chuig duine, déileálfar leis mar dháileadh arna dhéanamh faoi chomhshocraíocht stoc stápláilte más rud é—
(a) go ndearna an duine, faoi aon chomhaontú, comhshocraíocht nó comhthuiscint, cibé acu a rinneadh é nó í nó a gabhadh ann nó inti ar nó roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis, ceart a fheidhmiú, cibé acu go díreach nó trí ainmnitheach nó trí dhuine eile a bheidh ag gníomhú thar ceann an duine, chun dáiltí a fháil ón gcuideachta neamhchónaitheach in ionad dáiltí iomchuí a fháil ó chuideachta a chónaíonn sa Stát (dá ngairtear ‘an chuideachta chónaitheach’ san alt seo), agus
(b) nach ndearnadh an ceart sin a chúlghairm.
(2) Más rud é, ar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis, go ndéanfaidh an chuideachta neamhchónaitheach dáiltí chuig daoine faoi chomhshocraíocht stoc stápláilte, déanfaidh an chuideachta chónaitheach, laistigh de 14 lá ó dheireadh gach míosa ina ndearnadh na dáiltí sin, tuairisceán a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim ina mbeidh sonraí maidir leis na nithe seo a leanas—
(a) ainm agus uimhir thagartha cánach na cuideachta cónaithí,
(b) ainm agus seoladh na cuideachta neamhchónaithí a rinne na dáiltí sin,
(c) ainm agus seoladh gach duine chuig a ndearnadh dáileadh den sórt sin le linn na míosa dá dtagraíonn an tuairisceán,
(d) an dáta ar a ndearnadh an dáileadh sin chuig an duine sin, agus
(e) méid an dáilte sin a rinneadh chuig an duine sin.
(3) Faoi réir fho-alt (4), déanfaidh cuideachta gach tuairisceán faoi fho-alt (2) a thabhairt i bhformáid leictreonach a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh dearbhú arna dhéanamh ag an gcuideachta, ar fhoirm a bheidh forordaithe nó údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim, ag gabháil leis á rá go bhfuil an tuairisceán cruinn agus iomlán.
(4) I gcás gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil na saoráidí ag cuideachta chun tuairisceán faoi fho-alt (2) a thabhairt san fhormáid dá dtagraítear i bhfoalt (3), tabharfar an tuairisceán i scríbhinn i bhfoirm a bheidh forordaithe nó údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh dearbhú arna dhéanamh ag an gcuideachta, ar fhoirm a bheidh forordaithe nó údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim, ag gabháil leis á rá go bhfuil an tuairisceán cruinn agus iomlán.
|
|
| |
Cumhachtaí agus feidhmeanna na gCoimisinéirí Ioncaim a tharmligean.
|
172M.—Féadfaidh an Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhall a údaraíonn an Chaibidil seo nó Sceideal 2A do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a chomhall.”,
|
|
[EN]
| |
(b) in alt 1078(2), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):
|
[EN]
| |
“(dd) (i) go mainneoidh sé nó sí aon asbhaint cánach iarchoimeádta díbhinne (de réir bhrí Chaibidil 8A de Chuid 6) a dhéanamh a cheanglaítear ar an duine a dhéanamh faoi alt 172B(1),
|
[EN]
| |
(ii) go mainneoidh sé nó sí, tar éis an asbhaint sin a dhéanamh, an tsuim a asbhaineadh a íoc leis an Ard-Bhailitheoir laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe chuige sin in alt 172K(2),
|
[EN]
| |
(iii) go mainneoidh sé nó sí aon laghdú a dhéanamh a cheanglaítear ar an duine a dhéanamh faoi alt 172B(2),
|
[EN]
| |
(iv) go mainneoidh sé nó sí, tar éis an laghdú sin a dhéanamh, an méid dá dtagraítear in alt 172B(2)(d), ar méid é a ndéileáiltear leis faoin alt sin amhail is dá mba asbhaint cánach iarchoimeádta díbhinne (de réir bhrí Chaibidil 8A de Chuid 6) é, a íoc leis an Ard-Bhailitheoir laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe chuige sin in alt 172K(2), nó
|
[EN]
| |
(v) go mainneoidh sé nó sí méid dá dtagraítear in alt 172B(3)(a) a íoc leis an Ard-Bhailitheoir laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe chuige sin in alt 172K(2), ar méid é a cheanglaítear ar an duine a íoc leis an Ard-Bhailitheoir agus a ndéileáiltear leis faoin alt sin amhail is dá mba asbhaint cánach iarchoimeádta díbhinne (de réir bhrí Chaibidil 8A de Chuid 6) é,”,
|
[EN]
| |
(c) tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 2:
|
| |
“Alt 172A.
|
SCEIDEAL 2A
CÁIN IARCHOIMEÁDTA DÍBHINNE
Léiriú
|
|
[EN]
| |
1. Sa Sceideal seo—
|
[EN]
| |
ciallaíonn ‘duine cuí’, i ndáil le scéim pinsean—
|
[EN]
| |
(a) i gcás scéime ceadaithe díolmhaithe (de réir bhrí alt 774), riarthóir (de réir bhrí alt 770) na scéime,
|
[EN]
| |
(b) i gcás conartha blianachta scoir a bhfuil feidhm ag alt 784 nó 785 maidir leis, an duine a sheolann go dleathach sa Stát gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine agus ar leis nó léi a dhéantar an conradh, agus
|
[EN]
| |
(c) i gcás scéime iontaobhais a bhfuil feidhm ag alt 784 nó 785 maidir léi, iontaobhaithe na scéime iontaobhais;
|
[EN]
| |
ciallaíonn ‘tairbhí’, i ndáil le hiontaobhas, aon duine (dá ngairtear ‘an duine céadluaite’ sa mhíniú seo) ag a bhfuil teideal tairbhiúil, go díreach nó go neamhdhíreach, faoin iontaobhas, nó a bhféadfaidh coinne a bheith aige nó aici le réasún go dtiocfaidh sé nó sí, trí fheidhmiú aon chumhachta nó cumhachtaí a thugtar d'aon duine nó daoine, chun teideal tairbhiúil a bheith aige nó aici amhlaidh chun ioncaim nó caipitil nó go gcuirfí aon ioncam nó caipiteal chun tairbhe don duine céadluaite nó go bhfaigheadh sé nó sí aon tairbhe eile;
|
| |
folaíonn ‘socraitheoir’, i ndáil le hiontaobhas, aon duine a chuir sócmhainní nó ioncam ar fáil, nó a gheall sócmhainní nó ioncam a chur ar fáil, go díreach nó go neamhdhíreach, chun críocha an iontaobhais;
|
| |
ciallaíonn ‘iontaobhas’ aon iontaobhas, diúscairt, socraíocht, cúnant, comhaontú nó comhshocraíocht a bhunaigh nó a rinne socraitheoir amháin nó níos mó, lena ndéantar—
|
| |
(a) sócmhainní, a bhféadfaidh sé go n-athróidh nó nach n-athróidh siad ó am go ham i gcúrsa bhainistiú an iontaobhais, nó
|
| |
(b) ioncam, a bhféadfaidh sé go n-athróidh nó nach n-athróidh a fhoinsí agus a chineál amhlaidh ó am go ham freisin,
|
| |
agus atá ar úinéireacht thairbhiúil ag an socraitheoir nó ag na socraitheoirí, a dhílsiú do dhuine nó do dhaoine (dá ngairtear ‘an t-iontaobhaí’ nó ‘na hiontaobhaithe’ sa Sceideal seo) chun go ndéanfar iad nó é—
|
| |
(i) a shealbhú nó a bhainistiú, nó iad araon,
|
| |
(ii) a íoc, nó
|
| |
(iii) a úsáid,
|
| |
chun tairbhe d'aon tairbhí nó tairbhithe, ach ní fholaíonn sé ciste pinsean, carthanas nó gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe a bhunaítear nó a rialáiltear faoi dhlí aon chríche iomchuí.
|
| |
Ré deimhnithe áirithe
|
| |
2. Déileálfar le deimhniú dá dtagraítear i mír 8(f) nó i bhfomhír (f) nó (g) de mhír 9 mar dheimhniú reatha ar feadh na tréimhse ó dháta eisiúna an deimhnithe go dtí an 31ú lá de Nollaig sa chúigiú bliain tar éis na bliana inar eisíodh an deimhniú.
|
| |
Dearbhú a bheidh le déanamh ag cuideachta a chónaíonn sa Stát
|
| |
3. Is éard a bheidh sa dearbhú dá dtagraítear in alt 172C(2)(a) dearbhú i scríbhinn don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, ar dearbhú é—
|
| |
(a) a bheidh déanta ag an duine (dá ngairtear ‘an dearbhóir’ sa mhír seo) ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí ar ina leith a dhéantar an dearbhú,
|
| |
(b) a bheidh sínithe ag an dearbhóir,
|
| |
(c) a bheidh déanta i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim,
|
| |
(d) ina ndearbhófar gur cuideachta a chónaíonn sa Stát, an tráth a dhéantar an dearbhú, an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí,
|
| |
(e) ina mbeidh ainm agus uimhir thagartha cánach na cuideachta,
|
| |
(f) ina mbeidh gealltanas ón dearbhóir go ndéanfaidh an dearbhóir, má scoireann an duine a luaitear i bhfomhír (d) de bheith ina dhuine nó ina duine eisiata, é sin a chur in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, agus
|
| |
(g) ina mbeidh cibé faisnéis eile a theastóidh le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidil 8A de Chuid 6.
|
| |
Dearbhú a bheidh le déanamh ag scéim pinsean
|
| |
4. Is éard a bheidh sa dearbhú dá dtagraítear in alt 172C(2)(b) dearbhú i scríbhinn don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, ar dearbhú é—
|
| |
(a) a bheidh déanta ag an duine (dá ngairtear ‘an dearbhóir’ sa mhír seo) ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí ar ina leith a dhéantar an dearbhú,
|
| |
(b) a bheidh sínithe ag an dearbhóir,
|
| |
(c) a bheidh déanta i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim,
|
| |
(d) ina ndearbhófar gur scéim pinsean, an tráth a dhéantar an dearbhú, an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí,
|
| |
(e) ina mbeidh ainm agus uimhir thagartha cánach na scéime pinsean,
|
| |
(f) ina mbeidh deimhniú ón duine cuí i ndáil leis an scéim pinsean á rá, de réir mar is fearr is eol don duine sin agus mar a chreideann sé, go bhfuil an dearbhú a rinneadh de réir fhomhír (d) agus an fhaisnéis a tugadh de réir fhomhír (e) ceart agus cruinn,
|
| |
(g) ina mbeidh gealltanas ón dearbhóir go ndéanfaidh an dearbhóir, má scoireann an duine a luaitear i bhfomhír (d) de bheith ina dhuine nó ina duine eisiata, é sin a chur in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, agus
|
| |
(h) ina mbeidh cibé faisnéis eile a theastóidh le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidil 8A de Chuid 6.
|
| |
Dearbhú a bheidh le déanamh ag iontaobhas scairúinéireachta cáilitheach d'fhostaithe
|
| |
5. Is éard a bheidh sa dearbhú dá dtagraítear in alt 172C(2)(c) dearbhú i scríbhinn don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, ar dearbhú é—
|
| |
(a) a bheidh déanta ag an duine (dá ngairtear ‘an dearbhóir’ sa mhír seo) ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí ar ina leith a dhéantar an dearbhú,
|
| |
(b) a bheidh sínithe ag an dearbhóir,
|
| |
(c) a bheidh déanta i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim,
|
| |
(d) ina ndearbhófar gur iontaobhas scairúinéireachta cáilitheach d'fhostaithe, an tráth a dhéantar an dearbhú, an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí,
|
| |
(e) ina mbeidh ainm agus seoladh an duine sin,
|
| |
(f) ina mbeidh ráiteas á rá, maidir leis na dáiltí iomchuí ar ina leith a dhéantar an dearbhú, go mbeidh siad, an tráth a dhéantar an dearbhú, ina gcuid d'ioncam an iontaobhais scair-úinéireachta cháilithigh d'fhostaithe agus go ndéanfar iad a úsáid de réir fhorálacha mhír 13 de Sceideal 12,
|
| |
(g) ina mbeidh gealltanas ón dearbhóir go ndéanfaidh an dearbhóir, má scoireann an duine a luaitear i bhfomhír (d) de bheith ina dhuine nó ina duine eisiata, é sin a chur in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, agus
|
| |
(h) ina mbeidh cibé faisnéis eile a theastóidh le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidil 8A de Chuid 6.
|
| |
Dearbhú a bheidh le déanamh ag gnóthas comhinfheistíochta
|
| |
6. Is éard a bheidh sa dearbhú dá dtagraítear in alt 172C(2)(d) dearbhú i scríbhinn don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, ar dearbhú é—
|
| |
(a) a bheidh déanta ag an duine (dá ngairtear ‘an dearbhóir’ sa mhír seo) ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí ar ina leith a dhéantar an dearbhú,
|
| |
(b) a bheidh sínithe ag an dearbhóir,
|
| |
(c) a bheidh déanta i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim,
|
| |
(d) ina ndearbhófar gur gnóthas comhinfheistíochta, an tráth a dhéantar an dearbhú, an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí,
|
| |
(e) ina mbeidh ainm agus uimhir thagartha cánach an ghnóthais comhinfheistíochta,
|
| |
(f) ina mbeidh gealltanas ón dearbhóir go ndéanfaidh an dearbhóir, má scoireann an duine a luaitear i bhfomhír (d) de bheith ina dhuine nó ina duine eisiata, é sin a chur in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, agus
|
| |
(g) ina mbeidh cibé faisnéis eile a theastóidh le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidil 8A de Chuid 6.
|
| |
Dearbhú a bheidh le déanamh ag carthanas
|
| |
7. Is éard a bheidh sa dearbhú dá dtagraítear in alt 172C(2)(e)(ii) dearbhú i scríbhinn don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, ar dearbhú é—
|
| |
(a) a bheidh déanta ag an duine (dá ngairtear ‘an dearbhóir’ sa mhír seo) ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí ar ina leith a dhéantar an dearbhú,
|
| |
(b) a bheidh sínithe ag an dearbhóir,
|
| |
(c) a bheidh déanta i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim,
|
| |
(d) ina ndearbhófar gur duine dá dtagraítear in alt 172C(2)(e)(i), an tráth a dhéantar an dearbhú, an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí,
|
| |
(e) ina mbeidh ainm agus seoladh an duine sin,
|
| |
(f) ina mbeidh ráiteas á rá, maidir leis na dáiltí iomchuí ar ina leith a dhéantar an dearbhú, nach n-úsáidfear iad, an tráth a dhéantar an dearbhú, ach chun críocha carthanúla amháin agus—
|
| |
(i) go mbeidh siad ina gcuid d'ioncam comhlachta daoine nó iontaobhais a ndéileálann na Coimisinéirí Ioncaim leis mar chomhlacht nó mar iontaobhas arna bhunú chun críocha carthanúla amháin, nó
|
| |
(ii) go bhfuil siad, de réir rialacha nó rialachán arna mbunú le reacht, le cairt, le foraithne, le gníomhas iontaobhais nó le huacht, inúsáidte chun críocha carthanúla amháin agus go ndéileálann na Coimisinéirí Ioncaim amhlaidh leo,
|
| |
(g) ina mbeidh gealltanas ón dearbhóir go ndéanfaidh an dearbhóir, má scoireann an duine a luaitear i bhfomhír (d) de bheith ina dhuine nó ina duine eisiata, é sin a chur in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, agus
|
| |
(h) ina mbeidh cibé faisnéis eile a theastóidh le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidil 8A de Chuid 6.
|
| |
Dearbhú a bheidh le déanamh ag duine neamhchónaitheach cáilitheach, nach cuideachta é nó í
|
| |
8. Is éard a bheidh sa dearbhú dá dtagraítear in alt 172D(3)(a)(iii) dearbhú i scríbhinn don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, ar dearbhú é—
|
| |
(a) a bheidh déanta ag an duine (dá ngairtear ‘an dearbhóir’ sa mhír seo) ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí ar ina leith a dhéantar an dearbhú,
|
| |
(b) a bheidh sínithe ag an dearbhóir,
|
| |
(c) a bheidh déanta i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim,
|
| |
(d) ina ndearbhófar gur duine neamhchónaitheach cáilitheach, an tráth a dhéantar an dearbhú, an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí,
|
| |
(e) ina mbeidh ainm agus seoladh an duine sin,
|
| |
(f) a mbeidh deimhniú ag gabháil leis ar deimhniú é arna thabhairt ag údarás cánach na críche iomchuí ina bhfuil, de bhua dhlí na críche sin, cónaí ar an duine chun críocha cánach, á dheimhniú go bhfuil cónaí amhlaidh ar an duine sa chríoch sin,
|
| |
(g) i gcás go bhfaighidh iontaobhas na dáiltí iomchuí (nó méideanna nó sócmhainní eile in ionannas na ndáiltí sin), a mbeidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis—
|
| |
(i) deimhniú arna shíniú ag iontaobhaí nó iontaobhaithe an iontaobhais ina dtaispeánfar—
|
| |
(I) ainm agus seoladh an tsocraitheora nó na socraitheoirí i ndáil leis an iontaobhas, agus
|
| |
(II) ainm agus seoladh an tairbhí nó na dtairbhithe i ndáil leis an iontaobhas,
|
| |
agus
|
| |
(ii) deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur tugadh an deimhniú dá dtagraítear i gclásal (i) do na Coimisinéirí Ioncaim agus gur deimhin leo go bhfuil an deimhniú sin ceart agus cruinn,
|
| |
(h) ina mbeidh gealltanas ón dearbhóir go ndéanfaidh an dearbhóir, má scoireann an duine a luaitear i bhfomhír (d) de bheith ina dhuine nó ina duine neamhchónaitheach cáilitheach, é sin a chur in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, agus
|
| |
(i) ina mbeidh cibé faisnéis eile a theastóidh le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidil 8A de Chuid 6.
|
| |
Dearbhú a bheidh le déanamh ag duine neamhchónaitheach cáilitheach, ar cuideachta é nó í
|
| |
9. Is éard a bheidh sa dearbhú dá dtagraítear in alt 172D(3)(b) dearbhú i scríbhinn don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, ar dearbhú é—
|
| |
(a) a bheidh déanta ag an duine (dá ngairtear ‘an dearbhóir’ sa mhír seo) ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí ar ina leith a dhéantar an dearbhú,
|
| |
(b) a bheidh sínithe ag an dearbhóir,
|
| |
(c) a bheidh déanta i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim,
|
| |
(d) ina ndearbhófar gur cuideachta ar duine neamhchónaitheach cáilitheach í, an tráth a dhéantar an dearbhú, an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na ndáiltí iomchuí,
|
| |
(e) ina mbeidh—
|
| |
(i) ainm agus seoladh na cuideachta sin, agus
|
| |
(ii) ainm na críche ina gcónaíonn an chuideachta chun críocha cánach,
|
| |
(f) a mbeidh deimhniú, arna shíniú ag iniúchóir na cuideachta, ag gabháil leis á dheimhniú gur cuideachta nach gcónaíonn sa Stát an chuideachta agus—
|
| |
(i) go bhfuil sí faoi rialú (de réir bhrí alt 172D(4)(a)), go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine nó daoine a chónaíonn chun críocha cánach, de bhua dlí críche iomchuí, i gcríoch iomchuí den sórt sin agus nach bhfuil faoi rialú (de réir bhrí alt 172D(4)(b)), go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine nó daoine nach gcónaíonn amhlaidh, nó
|
| |
(ii) go ndéantar príomhaicme scaireanna—
|
| |
(I) na cuideachta, nó
|
| |
(II) cuideachta eile ar fochuideachta 75 faoin gcéad di (de réir bhrí alt 172D(5)) an chuideachta,
|
| |
a thrádáil go substaintiúil agus go rialta ar stocmhalartán aitheanta i gcríoch nó i gcríocha iomchuí nó ar cibé stocmhalartán eile a cheadóidh an tAire Airgeadais chun críocha Chaibidil 8A de Chuid 6,
|
| |
(g) a mbeidh deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim ag gabháil leis á dheimhniú gur tugadh an deimhniú dá dtagraítear i bhfomhír (f) do na Coimisinéirí Ioncaim agus gur deimhin leo go bhfuil an deimhniú sin ceart agus cruinn,
|
| |
(h) ina mbeidh gealltanas ón dearbhóir go ndéanfaidh an dearbhóir, má scoireann an duine a luaitear i bhfomhír (d) de bheith ina dhuine nó ina duine neamhchónaitheach cáilitheach, é sin a chur in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don duine iomchuí i ndáil leis na dáiltí iomchuí, agus
|
| |
(i) ina mbeidh cibé faisnéis eile a theastóidh le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidil 8A de Chuid 6.”,
|
| |
agus
|
| |
(d) i Sceideal 29, i gcolún 2, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “alt 128(11)”:
|
| |
“alt 172K(1)
|
| |
alt 172L(2)”.
|
[EN]
|
Dáiltí chuig neamhchónaitheoirí áirithe.
|
28.
—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 153:
|
[EN]
| |
“153.—(1) San alt seo—
|
[EN]
| |
ciallaíonn ‘duine neamhchónaitheach’, i ndáil le dáileadh, an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun an dáilte, agus—
|
[EN]
| |
(a) ar duine, seachas cuideachta, é nó í—
|
[EN]
| |
(i) nach bhfuil cónaí ná gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, agus
|
[EN]
| |
(ii) a bhfuil, de bhua dlí críche iomchuí, cónaí air nó uirthi, chun críocha cánach, sa chríoch iomchuí,
|
[EN]
| |
nó
|
[EN]
| |
(b) ar cuideachta é nó í nach gcónaíonn sa Stát agus—
|
[EN]
| |
(i) atá faoi rialú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine nó daoine a chónaíonn chun críocha cánach, de bhua dlí críche iomchuí, sa chríoch iomchuí sin agus nach bhfuil faoi rialú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine nó daoine nach gcónaíonn amhlaidh, nó
|
[EN]
| |
(ii) a ndéantar príomhaicme scaireanna—
|
[EN]
| |
(I) na cuideachta, nó
|
[EN]
| |
(II) cuideachta eile ar fochuideachta 75 faoin gcéad di an chuideachta,
|
[EN]
| |
a thrádáil go substaintiúil agus go rialta ar stocmhalartán aitheanta amháin nó níos mó i gcríoch nó i gcríocha iomchuí nó ar cibé stocmhalartán eile a cheadóidh an tAire Airgeadais chun críocha an ailt seo;
|
[EN]
| |
ciallaíonn ‘críoch iomchuí’—
|
[EN]
| |
(a) ballstát de na Comhphobail Eorpacha, seachas an Stát, nó
|
[EN]
| |
(b) críoch, nach Ballstát den sórt sin í, a bhfuil comhshocraíochtaí a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 826 déanta lena rialtas;
|
[EN]
| |
ciallaíonn ‘cáin’, i ndáil le críoch iomchuí, aon cháin a fhorchuirtear sa chríoch sin agus atá ar comhréir le cáin ioncaim nó cáin chorparáide sa Stát.
|
[EN]
| |
(2) Chun críocha mhír (b)(i) den mhíniú ar ‘duine neamhchónaitheach’ i bhfo-alt (1), déanfar ‘rialú’ a fhorléiriú de réir fho-ailt (2) go (6) d'alt 432 amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (6) den alt sin—
|
[EN]
| |
(a) a mhéid a bhaineann leis an gcéad lua de ‘rialú’ sa mhír sin, ‘daoine a bhfuil, de bhua dlí críche iomchuí (de réir na brí a shanntar le halt 153), cónaí orthu, chun críocha cánach, i gcríoch iomchuí den sórt sin (de réir na brí sin)’ a chur in ionad ‘5 rannpháirtí nó níos lú’, agus
|
[EN]
| |
(b) a mhéid a bhaineann leis an dara lua de ‘rialú’ sa mhír sin, ‘daoine nach bhfuil cónaí orthu, chun críocha cánach, i gcríoch iomchuí (de réir na brí sin)’ a chur in ionad ‘5 rannpháirtí nó níos lú’.
|
[EN]
| |
(3) Chun críocha mhír (b)(ii)(II) den mhíniú ar ‘duine neamhchónaitheach’ i bhfo-alt (1), beidh feidhm ag ailt 412 go 418 amhail mar a bheadh feidhm ag na hailt sin chun críocha Chaibidil 5 de Chuid 12 dá scriosfaí fomhír (iii) d'alt 411(1)(c).
|
[EN]
| |
(4) Más rud é, d'aon bhliain mheasúnachta, go mbeidh méid i leith dáileadh a rinne cuideachta a chónaíonn sa Stát ar áireamh in ioncam duine ar duine neamhchónaitheach é nó í don bhliain mheasúnachta sin—
|
[EN]
| |
(a) ní bheidh cáin ioncaim inmhuirearaithe i leith an dáilte sin, agus
|
[EN]
| |
(b) déileálfar, chun críocha ailt 237 agus 238, le méid nó luach an dáilte mar mhéid nó luach nach dtugtar faoi réim mhuirear cánach ioncaim.
|
[EN]
| |
(5) Más rud é, de bhua alt 831(5), nach bhfuil feidhm ag Caibidil 8A de Chuid 6 (seachas alt 172K) maidir le dáileadh arna dhéanamh chuig máthairchuideachta (de réir bhrí alt 831) nach gcónaíonn sa Stát ag a fochuideachta (de réir bhrí an ailt sin) ar cuideachta í a chónaíonn sa Stát—
|
[EN]
| |
(a) ní bheidh cáin ioncaim inmhuirearaithe i leith an dáilte sin, agus
|
[EN]
| |
(b) déileálfar, chun críocha ailt 237 agus 238, le méid nó luach an dáilte mar mhéid nó luach nach dtugtar faoi réim mhuirear cánach ioncaim.”.
|
[EN]
| |
(2) Leasaítear leis seo alt 712(1) den Phríomh-Acht trí “alt 129 agus fo-ailt (4) agus (5) d'alt 153” a chur in ionad “ailt 129 agus 153(1)”.
|
[EN]
| |
(3) Aisghairtear leis seo alt 1033 (a bhaineann le teideal chun creidmheasa cánach i leith dáiltí) den Phríomh-Acht.
|
[EN]
| |
(4) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le dáiltí a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 831(Treoir Uimh. 90/435/CEE ón gComhairle, a bhaineann leis an gcomhchóras cánachais is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí de chuid Ballstát éagsúil, a chur i ngníomh) den Phríomh-Acht.
|
29.
—Leasaítear leis seo alt 831 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i bhfo-alt (1)(a), trí na mínithe seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “máthairchuideachta”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘máthairchuideachta’ cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta chéadluaite’ sa mhíniú seo)—
|
[EN]
| |
(i) ar cuideachta í a chónaíonn sa Stát agus a bhfuil 25 faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal cuideachta eile nach gcónaíonn amhlaidh ar úinéireacht aici, nó
|
[EN]
| |
(ii) ar cuideachta í nach gcónaíonn sa Stát agus a bhfuil 25 faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal cuideachta eile a chónaíonn sa Stát ar úinéireacht aici,
|
[EN]
| |
ach i gcás foráil a bheith i gcomhaontú déthaobhach á rá—
|
[EN]
| |
(I) nach mbeidh cuideachta ina máthairchuideachta ach amháin le linn aon tréimhse neamhbhearnaithe 2 bhliain ar a laghad a mbeidh, ar a feadh, 25 faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal na cuideachta eile ar úinéireacht ag an gcuideachta chéadluaite, nó
|
[EN]
| |
(II) (A) maidir leis an gceanglas (arb é an ceanglas é chun críocha an mhínithe seo) go mbeadh 25 faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal cuideachta eile ar úinéireacht ag cuideachta, go ndéileálfar leis mar cheanglas go mbeadh 25 faoin gcéad ar a laghad de na cearta vótála sa chuideachta eile á sealbhú ag an gcuideachta chéadluaite, nó
|
[EN]
| |
(B) go ndéileálfar amhlaidh leis an gceanglas sin agus nach mbeidh cuideachta ina máthairchuideachta ach amháin le linn aon tréimhse neamhbhearnaithe 2 bhliain ar a laghad a mbeidh, ar a feadh, 25 faoin gcéad ar a laghad de na cearta vótála sa chuideachta eile á sealbhú ag an gcuideachta chéadluaite,
|
[EN]
| |
ansin, ina feidhm maidir le cuideachta a bhfuil feidhm ag an bhforáil sa chomhaontú déthaobhach maidir léi, beidh feidhm ag an míniú seo faoi réir na forála sin agus forléireofar dá réir sin é;
|
[EN]
| |
ciallaíonn ‘cáin’, i ndáil le críoch iomchuí, aon cháin a fhorchuirtear sa chríoch sin agus atá ar comhréir le cáin ioncaim nó cáin chorparáide sa Stát.”,
|
[EN]
| |
(b) i bhfo-alt (2)—
|
[EN]
| |
(i) trí “a chónaíonn sa Stát” a chur isteach i ndiaidh “máthairchuideachta”, agus
|
[EN]
| |
(ii) trí “ar cuideachta í nach gcónaíonn sa Stát” a chur isteach i ndiaidh “fochuideachta”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (4):
|
[EN]
| |
“(5) Ní bheidh feidhm ag Caibidil 8A de Chuid 6, seachas alt 172K, maidir le dáileadh arna dhéanamh chuig máthairchuideachta nach gcónaíonn sa Stát ag a fochuideachta ar cuideachta í a chónaíonn sa Stát.
|
[EN]
| |
(6) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (5) i ndáil le dáileadh arna dhéanamh chuig máthairchuideachta más rud é go bhfuil móramh na gceart vótála sa mháthairchuideachta faoi rialú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag daoine seachas daoine a bhfuil, de bhua dhlí aon chríche iomchuí, cónaí orthu, chun críocha cánach, i gcríoch iomchuí den sórt sin (de réir na brí a shanntar le halt 172A), mura suitear go bhfuil an mháthairchuideachta ar marthain ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nach cuid í d'aon chomhshocraíocht nó scéim arb é an príomhchuspóir, nó ar ceann de na príomhchuspóirí, atá léi dliteanas cánach ioncaim (lena n-áirítear cáin iarchoimeádta díbhinne faoi Chaibidil 8A de Chuid 6), cánach corparáide nó cánach gnóchan caipitiúil a sheachaint.”.
|
| |
Caibidil 4
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
|
[EN]
|
Forléiriú ar thagairtí do mhionnaí, etc.
|
30.
—Leasaítear leis seo Cuid 48 den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 1096:
|
| |
“Forléiriú ar thagairtí do mhionnaí, etc.
|
1096A.—(1) Gan dochar d'aon fhoráil shainráite chuige sin a dhéantar in áit eile sna hAchtanna sin, aon tagairtí sna hAchtanna Cánach agus sna hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil do mhionn, forléireofar iad, i gcás daoine a gceadaítear dóibh de thuras na huaire, le dlí, dearbhasc a dhéanamh in ionad mionn a thabhairt, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhearbhasc, agus forléireofar dá réir sin aon tagairtí sna hAchtanna sin do dhuine a chur faoi mhionn, do mhionn a thabhairt nó do mhionn a ghlacadh.
(2) I bhfo-alt (1), folaíonn ‘dlí’ an Oaths Act, 1888, agus, gan dochar dá bhfeidhm de bhua aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach nó de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, beidh feidhm ag an Oaths Act, 1888, agus ag gach achtachán eile a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus lena n-údaraítear mionn a thabhairt nó dearbhasc a dhéanamh in aon slí áirithe, maidir le mionn a cheanglaítear a thabhairt nó dearbhasc a cheanglaítear a dhéanamh leis na hAchtanna Cánach nó na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.”.
|
|
[EN]
|
Leasú ar alt 97 (rialacha ríomha agus asbhaintí inlamháilte) den Phríomh-Acht.
|
31.
—(1) Leasaítear leis seo alt 97 den Phríomh-Acht trí “31ú lá de Mhárta, 1999” a chur in ionad “31ú lá de Nollaig, 1998” i mír (a) d'fho-alt (2B) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1998) agus i mír (b) d'fho-alt (2C) (mar a cuireadh isteach amhlaidh), agus tá na míreanna sin (a) agus (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
|
[EN]
| |
(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i bhfeidhm agus beidh éifeacht leis amhail ar an agus ón 20ú lá de Bhealtaine, 1998.
|
[EN]
| |
AN TÁBLA
|
| |
(a) ar nó roimh an 31ú lá de Mhárta, 1999, ar cheannach áitribh cónaithe de bhun conartha a fianaíodh i scríbhinn roimh an 23ú lá d'Aibreán, 1998, chun an t-áitreabh sin a cheannach,
(b) In aon chás ina bhfuil feidhm ag mír (a), ní bheidh feidhm ag fo-alt (2B)(a) ach amháin i gcás go gcaithfear an t-airgead ar nó roimh an 31ú lá de Mhárta, 1999, agus, maidir leis an duine is inmhuirearaithe—
(i) go bhfuil, roimh an 23ú lá d'Aibreán, 1998—
(I) eastát nó leas i dtalamh aige nó aici, nó
(II) conradh a fianaíodh i scríbhinn déanta aige nó aici chun eastát nó leas i dtalamh a fháil,
agus
(ii) i leith aon fhoirgnimh nó cuid d'aon fhoirgneamh atá le húsáid nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais agus atá le foirgniú ar an talamh sin—
(I) go bhfuil conradh a fianaíodh i scríbhinn roimh an 23ú lá d'Aibreán, 1998, déanta aige nó aici chun an foirgneamh sin nó an chuid sin den fhoirgneamh sin a fhoirgniú, nó
(II) mura bhfuil conradh den sórt sin ann, go gcruthaíonn sé nó sí do na Coimisinéirí Ioncaim gur leagadh an bhunsraith don fhoirgneamh sin nó don chuid sin den fhoirgneamh sin ina hiomláine roimh an 23ú lá d'Aibreán, 1998.
|
|
[EN]
|
Leasú ar alt 110 (sócmhainní a urrúsú) den Phríomh-Acht.
|
32.
—Leasaítear leis seo Cuid 4 den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 110:
|
| |
“Sócmhainní a urrúsú.
|
110.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “tréimhse thosaigh”, i ndáil le haon tionscnóir amháin nó le haon iasachtóir bunaidh amháin, an tréimhse 3 mhí dar tosach an lá a fuarthas, den chéad uair, aon sócmhainní cáilitheacha ón tionscnóir nó ón iasachtóir bunaidh sin, de réir mar a bheidh;
ciallaíonn ‘iasachtóir bunaidh’ aon rialtas, údarás poiblí nó áitiúil, cuideachta nó comhlacht corpraithe eile;
ciallaíonn ‘tionscnóir’ iasachtóir bunaidh nach gcónaíonn sa Stát;
tá le ‘cuideachta cháilithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 446;
ciallaíonn ‘sócmhainn cháilitheach’ i ndáil le cuideachta—
(a) i gcás gur cuideachta cháilithe an chuideachta, sócmhainn tionscnóra a fuair an chuideachta cháilithe go díreach nó go neamhdhíreach ón tionscnóir, seachas sócmhainn a chruthaigh, a fuair nó a shealbhaigh brainse nó gníomhaireacht, nó a cruthaíodh, a fuarthas nó a sealbhaíodh i dtaca le brainse nó gníomhaireacht, trína seolann an tionscnóir trádáil sa Stát, agus
(b) in aon chás eile, sócmhainn iasachtóra bunaidh a fuair an chuideachta go díreach nó go neamhdhíreach ón iasachtóir bunaidh,
más rud é, maidir leis an tsócmhainn—
(i) i gcás go bhfuil feidhm ag mír (a), gurb éard í aon iasacht, léas, infhaighteach trádála nó tomhaltais nó aon fhiach nó infhaighteach eile, urraithe nó neamhurraithe, nó leas in aon cheann acu sin, nó ceart conarthach chun aon cheann acu sin,
(ii) agus i gcás cuideachta a bhfuil feidhm ag mír (b) maidir léi, gurb éard í aon sócmhainn airgeadais (de réir bhrí alt 496) nó leas in aon sócmhainn den sórt sin;
ciallaíonn ‘cuideachta cháilitheach’ cuideachta—
(a) a chónaíonn sa Stát,
(b) a sheolann, sa Stát, gnó bainistithe sócmhainní cáilitheacha,
(c) nach seolann, ar leith ó ghníomhaíochtaí atá coimhdeach leis an ngnó sin, aon ghníomhaíochtaí eile sa Stát, agus
(d) nach lú ná £10,000,000, i gcaitheamh na tréimhse tosaigh, margadhluach na sócmhainní cáilitheacha uile i ndáil léi a fuarthas ó aon tionscnóir amháin nó ó aon iasachtóir bunaidh amháin, de réir mar a bheidh,
ach ní bheidh cuideachta ina cuideachta cháilitheach má dhéanann sí aon idirbheart ar shlí seachas ar mhodh margán arna dhéanamh ar neamhthuilleamaí.
(2) Chun críocha na nAchtanna Cánach i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcúrsa gnó a sheolann—
(a) cuideachta cháilitheach ar cuideachta cháilithe í—
(i) measfar, maidir leis na gníomhaíochtaí sin, gur gníomhaíochtaí iad a dhéantar i gcúrsa trádála a bhfuil cáin inmhuirearaithe faoi Chás I de Sceideal D ar na brabúis nó ar na gnóchain uaithi,
(ii) asbhainfear mar chaiteachas de chuid na trádála, sa mhéid—
(I) nach inasbhainte thairis sin é, nó
(II) nach inghnóthaithe é ón tionscnóir, nó faoi aon árachas nó conradh slánaíochta nó ar bhealach ar bith eile,
méid aon fhéich a gcruthaítear chun sástacht an chigire gur drochfhiach é agus méid aon fhéich amhrasaigh a mhéid a mheastar gur drochfhiach é, agus
(iii) más rud é tráth ar bith, maidir le méid nó cuid de mhéid a bheidh asbhainte mar chaiteachas faoi fhomhír (ii), go ngnóthófar é nó nach measfar a thuilleadh gur drochfhiach é, déileálfar leis an méid a bheidh asbhainte amhlaidh, sa mhéid go ngnóthófar é nó nach measfar a thuilleadh gur drochfhiach é, mar ioncam trádála de chuid na trádála an tráth sin, agus
(b) aon chuideachta cháilitheach eile—
(i) déileálfar le brabúis a éiríonn ó ghníomhaíochtaí den sórt sin, d'ainneoin aon fhorálacha eile de na hAchtanna Cánach, mar bhrabúis bhliantúla nó mar ghnóchain bhliantúla a thagann faoi réim Sceideal D agus beidh cáin chorparáide inmhuirearaithe orthu faoi Chás III den Sceideal sin, agus chun na críche sin déanfar iad a ríomh de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Cás I den Sceideal sin,
(ii) asbhainfear, le linn méid na mbrabús a bheidh le muirearú i leith cánach a bheith á ríomh, sa mhéid—
(I) nach inasbhainte thairis sin é, nó
(II) nach inghnóthaithe é ón iasachtóir bunaidh, nó faoi aon árachas nó conradh slánaíochta nó ar bhealach ar bith eile,
méid aon fhéich a gcruthaítear chun sástacht an chigire gur drochfhiach é agus méid aon fhéich amhrasaigh a mhéid a mheastar gur drochfhiach é; ach ní dhéanfar méid an fhéich a asbhaint faoin mír seo mura mbeadh sé inasbhainte mar chaiteachas de chuid thrádáil an iasachtóra bunaidh, i gcás gur cuideachta nó comhlacht corpraithe eile an t-iasachtóir bunaidh, dá mbeadh sé cruthaithe nó measta gur drochfhiach an fiach sin sula bhfuair an chuideachta cháilitheach é, agus
(iii) más rud é tráth ar bith, maidir le méid nó cuid de mhéid a bheidh asbhainte mar chaiteachas faoi fhomhír (ii), go ngnóthófar é nó nach measfar a thuilleadh gur drochfhiach é, déileálfar leis an méid a bheidh asbhainte, sa mhéid go ngnóthófar é nó nach measfar a thuilleadh gur drochfhiach é, mar ioncam de chuid na cuideachta cáilithí an tráth sin.”.
|
|
[EN]
|
Leasú ar alt 118 (sochair chomhchineáil: foráil mhuirearúcháin ghinearálta) den Phríomh-Acht.
|
33.
—Leasaítear leis seo alt 118 den Phríomh-Acht, maidir leis an mbliain mheasúnachta 1999-2000 agus le blianta measúnachta dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):
|
[EN]
| |
“(5A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le caiteachas a thabhóidh an comhlacht corpraithe ag soláthar pas bus nó traenach míosúil nó bliantúil do stiúrthóir nó d'fhostaí nó i dtaca leis an soláthar sin, ar pas é arna eisiúint ag Córas Iompair Éireann nó ag aon cheann dá fhochuideachtaí, nó thar ceann an chéanna, nó ag sealbhóir ar cheadúnas paisinéara arna dheonú faoi alt 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932, nó thar ceann an chéanna, nó ag duine a sholáthraíonn seirbhís iompair paisinéirí faoi chomhshocraíocht a rinneadh le Córas Iompair Éireann de réir alt 13(1) den Acht Iompair, 1950, nó thar ceann an chéanna.”.
|
[EN]
|
Saoráidí cúraim leanaí áirithe a dhíolmhú ó shochar comhchineáil.
|
34.
—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht, i gCaibidil 3 de Chuid 5, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 120:
|
[EN]
| |
“120A.—(1) San alt seo—
|
[EN]
| |
ciallaíonn “seirbhís cúraim leanaí” aon chineál seirbhíse cúraim leanaí nó gníomhaíochta maoirsithe chun cúram a thabhairt do leanaí, bíodh nó ná bíodh sí á soláthar ar bhonn rialta;
|
[EN]
| |
ciallaíonn “áitreabh cáilitheach” áitreabh—
|
[EN]
| |
(a) a chuirtear ar fáil go heisiach ag an bhfostóir,
|
[EN]
| |
(b) a chuirtear ar fáil ag an bhfostóir i gcomhar le daoine eile agus go bhfuil an fostóir freagrach go hiomlán nó go páirteach as soláthar na seirbhíse cúraim leanaí a mhaoiniú agus a bhainistiú, nó
|
[EN]
| |
(c) a chuirtear ar fáil ag aon duine nó daoine eile agus go bhfuil an fostóir freagrach go hiomlán nó go páirteach as soláthar na seirbhíse cúraim leanaí a mhaoiniú agus a bhainistiú,
|
[EN]
| |
agus ar féidir a shuíomh ina leith gur comhlíonadh ceanglais Airteagal 9, 10 nó 11, de réir mar is cuí, de na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile), 1996 (I.R. Uimh. 398 de 1996).
|
[EN]
| |
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 118 maidir le haon chaiteachas arna thabhú ag comhlacht corpraithe ag soláthar seirbhíse cúraim leanaí in áitreabh cáilitheach do leanbh de chuid stiúrthóra nó de chuid fostaí nó i dtaca leis an soláthar sin.”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 472A (faoiseamh don lucht dífhostaithe fadtéarma) den Phríomh-Acht.
|
35.
—Leasaítear leis seo alt 472A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998) den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i mír (a) d'fho-alt (1)—
|
[EN]
| |
(i) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “stiúrthóir”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘Acht 1993’ an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993;
|
[EN]
| |
tá le ‘tréimhse leanúnach dífhostaíochta’ an bhrí a shanntar in alt 120(3) d'Acht 1993;”,
|
[EN]
| |
(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “pearsa aonair cháilitheach”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘pearsa aonair cháilitheach’ pearsa aonair a thosaíonn ar fhostaíocht cháilitheach agus—
|
[EN]
| |
(i) (I) díreach roimh thosach na fostaíochta cáilithí sin, a bhí dífhostaithe ar feadh na tréimhse 12 mhí díreach roimh thosach na fostaíochta agus a bhí, i leith na tréimhse dífhostaíochta sin—
|
[EN]
| |
(A) ag fáil sochar dífhostaíochta faoi Chaibidil 9 de Chuid II d'Acht 1993, i leith tréimhse leanúnaí dífhostaíochta nach lú ná 312 lá, nó
|
[EN]
| |
(B) ag fáil cúnamh dífhostaíochta faoi Chaibidil 2 de Chuid III d'Acht 1993, i leith tréimhse leanúnaí dífhostaíochta nach lú ná 312 lá, nó
|
[EN]
| |
(C) ag fáil íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora faoi Chaibidil 9 de Chuid III d'Acht 1993, i leith tréimhse leanúnaí dífhostaíochta nach lú ná 312 lá, nó
|
[EN]
| |
(II) atá in aon earnáil ar leithligh eile daoine a bheidh ceadaithe chun críocha an ailt seo ag an Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh le toiliú an Aire Airgeadais,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(ii) nár phearsa aonair cháilitheach chun críocha an ailt seo é nó í roimhe sin;”,
|
[EN]
| |
(b) i mír (b) d'fho-alt (1)—
|
[EN]
| |
(i) i bhfomhír (ii), trí “roimh thosach na tréimhse sin, agus” a chur in ionad “roimh thosach na tréimhse sin.”, agus
|
[EN]
| |
(ii) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):
|
[EN]
| |
“(iii) ní dhéileálfar le gach Domhnach in aon tréimhse laethanta as a chéile mar lá dífhostaíochta agus tabharfar neamhaird ar an gcéanna le linn aon tréimhse den sórt sin a bheith á ríomh.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(c) i mír (b) d'fho-alt (5), trí “i bhfo-alt (1)(b)(i)” a chur in ionad “i bhfo-alt (2)”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 485 (faoiseamh i leith bronntanas d'fhorais tríú leibhéal) den Phríomh-Acht.
|
36.
—(1) Leasaítear leis seo alt 485 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “foras ceadaithe”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘foras ceadaithe’—
|
[EN]
| |
(a) foras ard-oideachais de réir bhrí alt 1 d'Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971, nó aon chomhlacht arna bhunú sa Stát d'aon toisc chun cistí a chruinniú d'fhoras den sórt sin, nó
|
[EN]
| |
(b) foras sa Stát a fhaigheann maoiniú poiblí agus a chuireann cúrsaí ar fáil a bhfuil feidhm ag scéim arna ceadú ag an Aire faoi na hAchtanna um Udaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 go 1992, maidir leo nó aon chomhlacht arna bhunú sa Stát d'aon toisc chun cistí a chruinniú d'fhoras den sórt sin;”.
|
[EN]
| |
(2) Beidh feidhm ag an alt seo agus beidh éifeacht leis amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1999.
|
[EN]
|
Faoiseamh i leith bronntanas don Chiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht).
|
37.
—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht, i gCaibidil 2 de Chuid 15, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 485A:
|
| |
“Faoiseamh i leith bronntanas don Chiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht).
|
485B.—(1) San alt seo—
ciallaíonn ‘Aire’ an tAire Oideachais agus Eolaíochta;
ciallaíonn ‘bronntanas iomchuí’ bronntanas airgid—
(a) a thabharfar, an 6ú lá d'Aibreán, 1998, nó dá éis, do COETI,
(b) a chuireann nó a chuirfidh COETI chun feidhme d'aon toisc chun na gcríoch dár bunaíodh an ciste, agus
(c) nach bhfuil, ar leith ón alt seo, inasbhainte le linn na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil nó ó ghairm a bheith á ríomh chun críocha cánach, nó nach ioncam é a bhfuil feidhm ag alt 792 maidir leis nó nach bronntanas airgid é a bhfuil feidhm ag alt 484 maidir leis;
ciallaíonn ‘COETI’ an Ciste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht) a bunaíodh faoin Acht um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht), 1997 (arna leasú leis an Acht um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht) (Leasú), 1998).
(2) Más rud é go gcruthófar chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil bronntanas iomchuí tugtha ag duine agus go n-éileoidh an duine faoiseamh ó cháin faoi threoir an bhronntanais sin, beidh feidhm ag fo-alt (5) nó, de réir mar a bheidh, ag fo-alt (6).
(3) Más rud é go dtugann duine inmhuirearaithe, de réir bhrí Chuid 41, bronntanas iomchuí, déanfar éileamh faoin alt seo i dteannta an tuairisceáin a cheanglaítear ar an duine sin a sheachadadh faoi alt 951 don tréimhse inmhuirearaithe ina dtugtar an bronntanas.
(4) Le linn glanmhéid an bhronntanais iomchuí a bheith á chinneadh chun críocha fho-alt (5) nó fho-alt (6), déanfar méid nó luach aon chomaoine a fuair an duine lena mbaineann de thoradh bronntanas a thabhairt, cibé acu a fuarthas í go díreach nó go neamhdhíreach ó COETI nó ar shlí eile, a asbhaint as an mbronntanas.
(5) Chun críocha cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta ina dtugann duine bronntanas iomchuí a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis, déanfar glanmhéid an bhronntanais a asbhaint as aon ioncam, nó a fhritháireamh in aghaidh aon ioncaim, de chuid an duine, is ioncam ar a bhfuil cáin ioncaim inmhuirearaithe don bhliain sin agus, i gcás inar gá sin, urscaoilfear nó aisíocfar cáin dá réir sin agus déanfar ioncam iomlán an duine nó, i gcás ina measúnaítear céile an duine i leith cánach ioncaim de réir alt 1017, déanfar ioncam iomlán an chéile, a ríomh dá réir sin.
(6) I gcás go dtugann cuideachta bronntanas iomchuí, déanfar glanmhéid an bhronntanais a mheas, chun críocha cánach corparáide, mar chaillteanas arna thabhú ag an gcuideachta i dtrádáil ar leithligh sa tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta ar lena linn a thugtar an bronntanas.
(7) Ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo do dhuine d'aon bhliain mheasúnachta nó d'aon tréimhse chuntasaíochta, de réir mar a bheidh, más lú ná £1,000 glanmhéid an bhronntanais (nó comhiomlán ghlanmhéid na mbronntanas) a bheidh tugtha ag an duine sin sa bhliain sin nó sa tréimhse chuntasaíochta sin, de réir mar a bheidh.
(8) Déanfaidh COETI, nuair a cheanglaítear air le fógra ón Aire déanamh amhlaidh, tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh ar an Aire laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, ar tuairisceán é ina mbeidh sonraí faoi mhéid comhiomlán na mbronntanas iomchuí a fuair sé sa tréimhse a shonrófar san fhógra agus faoi dhiúscairt na mbronntanas sin.
(9) Chun críocha éilimh ar fhaoiseamh faoin alt seo, déanfaidh COETI, ar bhronntanas iomchuí a ghlacadh, admháil a thabhairt don duine a bheidh ag tabhairt an bhronntanais, ar admháil í—
(a) ina mbeidh ráiteas—
(i) gur admháil í chun críocha an ailt seo, agus
(ii) gur bronntanas iomchuí chun críocha an ailt seo an bronntanas ar ina leith a thugtar an admháil,
agus
(b) ina dtaispeánfar—
(i) ainm agus seoladh an duine a bheidh ag tabhairt an bhronntanais iomchuí,
(ii) méid an bhronntanais iomchuí i bhfigiúirí agus i bhfocail araon,
(iii) dáta an bhronntanais iomchuí,
(iv) an dáta ar ar eisíodh an admháil.”.
|
|
[EN]
|
Leasú ar alt 225 (deontais fostaíochta) den Phríomh-Acht.
|
38.
—(1) Leasaítear leis seo alt 225(1) den Phríomh-Acht trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b):
|
[EN]
| |
“(a) faoi alt 3 nó 4 (arna leasú leis an Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1983) den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970,
|
[EN]
| |
(b) faoi alt 25 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1986, nó
|
[EN]
| |
(c) faoi alt 12 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1993.”.
|
[EN]
| |
(2) Measfar go raibh feidhm ag an alt seo maidir le deontas arna thabhairt an 6ú lá d'Aibreán, 1996, nó dá éis.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 246 (íocaíochtaí úis ag cuideachtaí agus le neamhchónaitheoirí) den Phríomh-Acht.
|
39.
—Leasaítear leis seo alt 246 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i bhfo-alt (1)—
|
[EN]
| |
(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “cuideachta”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘gnóthas comhinfheistíochta’—
|
[EN]
| |
(a) scéim iontaobhais aonad atá, nó a mheastar a bheith, ina scéim iontaobhais aonad údaraithe (de réir bhrí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1990) agus nach mbeidh a húdarú faoin Acht sin cúlghairthe,
|
[EN]
| |
(b) aon ghnóthas eile is gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe de réir bhrí na Rialachán iomchuí (de réir bhrí alt 734) agus ar gnóthas é a shealbhaíonn údarú nach mbeidh cúlghairthe agus a eisíodh de bhun na Rialachán iomchuí,
|
[EN]
| |
(c) comhpháirtíocht theoranta—
|
[EN]
| |
(i) a bhfuil sé mar phríomhghnó aici, mar a luaitear sa chomhaontú comhpháirtíochta lena mbunaítear an chomhpháirtíocht theoranta, a cuid cistí a infheistiú i maoin, agus
|
[EN]
| |
(ii) ar údaraigh Banc Ceannais na hÉireann í chun an gnó sin a sheoladh, faoi aon achtachán lena bhforáiltear d'údarú den sórt sin, agus nach mbeidh a húdarú faoin achtachán sin cúlghairthe,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(d) aon chuideachta infheistíochta údaraithe (de réir bhrí Chuid XIII d'Acht na gCuideachtaí, 1990)—
|
[EN]
| |
(i) nach bhfuil a húdarú faoin gCuid sin den Acht sin cúlghairthe, agus
|
[EN]
| |
(ii) (I) atá ainmnithe san údarú sin mar chuideachta infheistíochta a fhéadfaidh caipiteal a chruinniú trí dhíol a cuid scaireanna leis an bpobal a chur chun cinn agus nach bhfuil scortha de bheith ainmnithe amhlaidh, nó
|
[EN]
| |
(II) i gcás inar comhinfheisteoir gach sealbhóir aonad;
|
[EN]
| |
tá le ‘comhinfheisteoir’ an bhrí chéanna atá leis in alt 734(1);”,
|
[EN]
| |
(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “cuideachta”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘duine iomchuí”—
|
[EN]
| |
(a) cuideachta, nó
|
[EN]
| |
(b) gnóthas comhinfheistíochta;”,
|
[EN]
| |
(iii) sa mhíniú ar “urrús iomchuí”—
|
[EN]
| |
(I) trí “i gcúrsa oibríochtaí trádála iomchuí, de réir bhrí alt 445 nó 446, a sheoladh” a chur in ionad “an 31ú lá de Nollaig, 2005, nó roimhe”, agus
|
[EN]
| |
(II) trí “ar ar eisíodh an t-urrús;” a chur in ionad “ar ar eisíodh an t-urrús.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(iv) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “urrús iomchuí”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘críoch iomchuí’—
|
[EN]
| |
(a) Ballstát de na Comhphobail Eorpacha, seachas an Stát, nó
|
[EN]
| |
(b) críoch, nach Ballstát den sórt sin í, a bhfuil comhshocraíochtaí a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 826 déanta lena rialtas.”,
|
[EN]
| |
(b) i bhfo-alt (3)—
|
[EN]
| |
(i) i mír (f), trí “alt 700,” a chur in ionad “alt 700, nó”,
|
[EN]
| |
(ii) i mír (g), trí “faoi alt 437, nó” a chur in ionad “faoi alt 437.”, agus
|
[EN]
| |
(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g):
|
[EN]
| |
“(h) maidir le hús, seachas ús dá dtagraítear i míreanna (a) go (g), arna íoc ag duine iomchuí i ngnáthchúrsa trádála nó gnó a sheolann an duine sin le cuideachta a chónaíonn i gcríoch iomchuí ach amháin i gcás go n-íoctar an t-ús sin leis an gcuideachta sin i dtaca le trádáil nó gnó a sheolann an chuideachta sin sa Stát trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(c) i bhfo-alt (4), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b):
|
[EN]
| |
“(a) amhail is dá ndéanfaí, in alt 445, an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) den alt sin:
|
[EN]
| |
‘(2) Faoi réir fho-ailt (7) agus (8), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála iomchuí chun críocha an ailt seo, le héifeacht ó dháta a shonrófar sa deimhniú, cibé oibríochtaí trádála de chuid cuideachta cáilithe a bheidh sonraithe sa deimhniú.’,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(b) amhail is dá ndéanfaí, in alt 446, an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) den alt sin:
|
[EN]
| |
‘(2) Faoi réir fho-ailt (7) agus (9), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála iomchuí chun críocha an ailt seo, le héifeacht ó dháta a shonrófar sa deimhniú, cibé oibríochtaí trádála de chuid cuideachta a bheidh sonraithe sa deimhniú.’.”.
|
[EN]
|
Tuairisceáin ar ús arna íoc le neamhchónaitheoirí.
|
40.
—Leasaítear leis seo Cuid 38 den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur leis, i ndiaidh alt 891—
|
| |
“Tuairisceáin ar ús arna íoc le neamhchónaitheoirí.
|
891A.—(1) San alt seo—
tá le ‘cigire cuí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 950(1);
tá le ‘tréimhse inmhuirearaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 321(2);
ciallaíonn ‘ús iomchuí’ ús nach bhfuil feidhm ag fo-alt (2) d'alt 246 maidir leis de bhua mhír (h) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1999) d'fho-alt (3) den alt sin, agus dá bhua sin amháin;
tá le ‘duine iomchuí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 246;
tá le ‘dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 894(1).
(2) (a) Faoi réir mhír (c), déanfaidh gach duine iomchuí a íocfaidh ús iomchuí i dtréimhse inmhuirearaithe tuairisceán maidir leis an ús iomchuí go léir a bheidh íoctha amhlaidh ag an duine iomchuí sa tréimhse inmhuirearaithe a ullmhú agus a sheachadadh ar an gcigire iomchuí ar an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe nó roimhe, agus luafar ann, i gcás gach duine lenar íocadh an t-ús iomchuí sin—
(i) ainm agus seoladh an duine,
(ii) an méid úis iomchuí a íocadh leis an duine sa tréimhse inmhuirearaithe, agus
(iii) an chríoch ina bhfuil cónaí ar an duine chun críocha cánach.
(b) Ní bheidh feidhm ag alt 891, i leith ús iomchuí a íoc, maidir le haon duine iomchuí a bhfuil feidhm ag mír (a) maidir leis nó léi.
(c) Beidh feidhm ag ailt 1052 agus 1054 maidir le mainneachtain ag duine iomchuí tuairisceán a cheanglaítear le mír (a) a sheachadadh, agus maidir le gach uile mhainneachtain den sórt sin, amhail mar atá feidhm acu maidir le mainneachtain tuairisceán dá dtagraítear in alt 1052 a sheachadadh.”.
|
|
[EN]
|
Leasú ar Sceideal 29 (forálacha dá dtagraítear in ailt 1052, 1053 agus 1054) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
|
41.
—Leasaítear leis seo Sceideal 29 a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i gcolún 1, trí “alt 986 agus Rialacháin faoin alt sin” a chur isteach i ndiaidh “alt 951(1) agus (2)”, agus
|
[EN]
| |
(b) i gcolún 2, trí “alt 891A” a chur isteach i ndiaidh “alt 891”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 2 (tosach feidhme) den Acht um Athnuachan Uirbeach, 1998.
|
42.
—Leasaítear leis seo alt 2 den Acht um Athnuachan Uirbeach, 1998, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):
|
[EN]
| |
“(5) Tiocfaidh fo-alt (1) d'alt 20 i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh le haghaidh forálacha éagsúla den fho-alt sin nó chun críoch éagsúil agus, go háirithe, féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh le haghaidh theacht i ngníomh an fho-ailt sin i leith forálacha éagsúla den mhíniú ar ‘tréimhse shonraithe’ a cuireadh isteach in alt 322 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 330 (léiriú (Caibidil 2)) den Phríomh-Acht.
|
43.
—Leasaítear leis seo alt 330 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach—
|
[EN]
| |
(a) chun críocha aon fhoráil den Chaibidil seo seachas alt 334, 335 nó 336, an 6ú lá d'Aibreán, 1991, nó
|
[EN]
| |
(b) chun críocha ailt 334 go 336, an 30ú lá d'Eanáir, 1991,
|
[EN]
| |
agus dar críoch—
|
[EN]
| |
(i) an 5ú lá d'Aibreán, 1999, nó
|
[EN]
| |
(ii) an 31ú lá de Nollaig, 1999, más rud é, i ndáil le foirgniú tí ar áitreabh cáilitheach é de réir bhrí alt 334, 335, 336 nó 337, i ndáil le teach a athchóiriú ina theach den sórt sin, i ndáil le hathfheistiú tí den sórt sin nó, de réir mar a bheidh, i ndáil lena fhoirgniú nó lena athfheistiú, go dtabharfaidh bardas chontaebhuirg Bhaile Átha Cliath deimhniú i scríbhinn, an 31ú lá d'Iúil, 1999, nó roimhe, don duine ag a bhfuil an teach á fhoirgniú, á athchóiriú nó á athfheistiú, de réir mar a bheidh, á rá gur deimhin leis go ndearnadh méid nach lú ná 50 faoin gcéad de chostas iomlán an tí agus a láithreáin a thabhú an 5ú lá d'Aibreán, 1999, nó roimhe;”.
|
[EN]
|
Leasú ar Chaibidil 3 (limistéir ainmnithe, sráideanna ainmnithe, limistéir fiontraíochta agus carrchlóis ilstóir i limistéir uirbeacha áirithe) de Chuid 10 den Phríomh-Acht.
|
44.
—Leasaítear leis seo Caibidil 3 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) in alt 339(2), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):
|
[EN]
| |
“(d) Más rud é, i ndáil le foirgniú foirgnimh nó déanmhais a chomhlíonann ceanglais fhomhíreanna (i), (ii) agus (iii) de mhír (c), ar áitreabh cáilitheach é de réir bhrí alt 346, 347, 348 nó 349, i ndáil le foirgneamh nó déanmhas a athchóiriú ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas den sórt sin, i ndáil le hathfheistiú foirgnimh nó déanmhais den sórt sin, nó, de réir mar a bheidh, i ndáil lena fhoirgniú nó lena athfheistiú, más rud é—
|
[EN]
| |
(i) nach mbeidh an caiteachas a bhí le tabhú ar an teach tabhaithe go hiomlán faoin 31ú lá de Nollaig, 1998, agus
|
[EN]
| |
(ii) go dtabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí deimhniú i scríbhinn, an 28ú lá d'Fheabhra, 1999, nó roimhe, don duine ag a bhfuil an teach á fhoirgniú, á athchóiriú nó á athfheistiú, de réir mar a bheidh, á rá gur deimhin leis go ndearnadh méid nach lú ná 50 faoin gcéad de chostas iomlán an tí agus a láithreáin a thabhú an 31ú lá de Nollaig, 1998, nó roimhe,
|
[EN]
| |
ansin, déanfar an tagairt i mír (a) den mhíniú ar ‘tréimhse cháilitheach’ i bhfo-alt (1) don tréimhse dar críoch an 31ú lá d'Iúil, 1997, a fhorléiriú mar thagairt don tréimhse dar críoch an 30ú lá d'Aibreán, 1999.”,
|
[EN]
| |
(b) in alt 340(1)(b), trí “, nó, de réir mar a bheidh, tar éis an lae ar dá réir a fhorléireofar an tagairt don 31ú lá d'Iúil, 1997, de bhua alt 339(2)” a chur isteach i ndiaidh “an 31ú lá d'Iúil, 1977”,
|
[EN]
| |
(c) in alt 343—
|
[EN]
| |
(i) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cuideachta cháilitheach”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘cuideachta cháilitheach’ cuideachta—
|
[EN]
| |
(a) (i) atá ceadaithe le haghaidh cúnaimh airgeadais faoi scéim arna riaradh ag Forfás, Fiontraíocht Éireann, an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire) nó Údarás na Gaeltachta, nó
|
[EN]
| |
(ii) atá ag gabháil d'oibríocht trádála cháilitheach de réir bhrí mhír (c) den mhíniú ar ‘oibríochtaí trádála cáilitheacha’,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(b) a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha ag an Aire di, ar deimhniú é nach mbeidh tarraingthe siar de réir fho-alt (5) nó (6);”,
|
[EN]
| |
(ii) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):
|
[EN]
| |
“(a) ar mholadh ó Fhorfás (i gcomhar le Fiontraíocht Éireann, leis an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire) nó le hÚdarás na Gaeltachta, de réir mar is cuí, nó leis an Aire Fiontar Poiblí i gcás cuideachta dá dtagraíonn mír (a)(ii) den mhíniú ar ‘cuideachta cháilitheach’), de réir treoirlínte a bheidh leagtha síos ag an Aire, agus”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(iii) i bhfo-alt (8)(a), tríd an méid seo a leanas a chur, le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá d'Eanáir, 1998, in ionad fhomhír (iv):
|
[EN]
| |
“(iv) an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) den alt sin:
|
[EN]
| |
“(4) Is é a bheidh i liúntas foirgníochta tionscail, i gcás foirgnimh cháilithigh (de réir bhrí alt 343(1)), méid is comhionann le—
|
[EN]
| |
(a) 25 faoin gcéad, nó
|
[EN]
| |
(b) i gcás foirgnimh den sórt sin a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar a thuairiscítear in ordú dá dtagraítear in alt 340(2)(i), 50 faoin gcéad,
|
[EN]
| |
den chaiteachas caipitiúil a luaitear i bhfo-alt (2).’,”,
|
[EN]
| |
(d) in alt 344—
|
[EN]
| |
(i) i bhfo-alt (1) sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—
|
[EN]
| |
(I) i mír (b), trí “chun críocha an mhínithe seo, nó” a chur in ionad “chun críocha an mhínithe seo;”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(II) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):
|
[EN]
| |
“(c) an 31ú lá de Nollaig, 2000, más rud é, i ndáil le foirgniú nó athfheistiú an charrchlóis ilstóir cháilithigh lena mbaineann (nach carrchlós ilstóir cáilitheach é a bhfuil aon chuid dá láithreán laistigh de cheachtar de chontaebhuirgí Chorcaí nó Bhaile Átha Cliath), go dtabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí deimhniú i scríbhinn, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1999, nó roimhe, don duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an charrchlóis ilstóir cháilithigh á rá gur deimhin leis go ndearnadh méid nach lú ná 15 faoin gcéad de chostas iomlán an charrchlóis ilstóir cháilithigh agus a láithreáin a thabhú an 30ú lá de Mheitheamh, 1999, nó roimhe;”,
|
[EN]
| |
(ii) i bhfo-alt (2)(a), trí “fho-ailt (3) go (6A)” a chur in ionad “fho-ailt (3) go (6)”, agus
|
[EN]
| |
(iii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):
|
[EN]
| |
“(6A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) ná ní bheidh éifeacht leis maidir le caiteachas caipitiúil dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) agus a thabhaítear tar éis an 31ú lá d'Iúil, 1998, ach amháin i gcás go ndeonófar léas cáilitheach, de réir bhrí alt 345, i leith an charrchlóis ilstóir cháilithigh a dtabhaítear an caiteachas sin ina leith.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(e) in alt 345—
|
[EN]
| |
(i) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “léas cáilitheach”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, faoi réir fho-ailt (1A) agus (8), léas i leith áitribh cháilithigh arna dheonú sa tréimhse cháilitheach, nó laistigh den tréimhse bliana ón lá díreach tar éis dheireadh na tréimhse cáilithí, ar théarmaí tráchtála bona fide ag léasóir do léasaí nach bhfuil bainteach leis an léasóir, ná le haon duine eile atá i dteideal cíosa i leith an áitribh cháilithigh, cibé acu faoin léas sin nó faoi aon léas eile ach, d'ainneoin an méid sin roimhe seo, maidir le léas a bheadh thairis sin ina léas cáilitheach, ní léas den sórt sin a bheidh ann má dheonaítear é i leith foirgnimh nó déanmhais de réir bhrí mhír (a)(iii) den mhíniú ar ‘áitreabh cáilitheach’ a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar—
|
[EN]
| |
(a) a thuairiscítear in ordú dá dtagraítear in alt 340(1)(a), má dheonaítear an léas ar an 31ú lá d'Iúil, 1999, nó dá éis, nó
|
[EN]
| |
(b) a thuairiscítear i Sceideal 7, má dheonaítear an léas ar an 31ú lá de Nollaig, 1999, nó dá éis, nó
|
[EN]
| |
(c) a thuairiscítear in ordú dá dtagraítear in alt 340(2)(i), is cuma cén dáta a dheonaítear an léas;”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):
|
[EN]
| |
“(1A) D'ainneoin aon fhoráil eile den Chaibidil seo, lena n-áirítear an t-alt seo, ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ chun críocha an ailt seo, i gcás foirgnimh nó déanmhais de réir bhrí mhír (a)(v) den mhíniú ar ‘áitreabh cáilitheach’ i bhfo-alt (1), an tréimhse dar tosach an 1ú lá de Lúnasa, 1994, agus dar críoch—
|
[EN]
| |
(a) an 31ú lá d'Iúil, 1997, nó
|
[EN]
| |
(b) an 30ú lá de Mheitheamh, 1998, más rud é, i ndáil le foirgniú nó athfheistiú an charrchlóis ilstóir cháilithigh lena mbaineann, gur dheimhnigh an t-údarás áitiúil iomchuí de réir cheanglais mhír (b) den mhíniú ar ‘tréimhse cháilitheach’ in alt 344(1).”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 351 (léiriú (Caibidil 4)) den Phríomh-Acht.
|
45.
—Leasaítear leis seo alt 351 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Iúil, 1995, agus dar críoch—
|
[EN]
| |
(a) an 30ú lá de Mheitheamh, 1998, nó
|
[EN]
| |
(b) an 31ú lá de Nollaig, 1999, más rud é, i ndáil le foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais lena mbaineann, i ndáil le foirgneamh nó déanmhas a athchóiriú ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas den sórt sin, i ndáil le hathfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais den sórt sin, nó, de réir mar a bheidh, i ndáil lena fhoirgniú nó lena athfheistiú, ar foirgneamh nó déanmhas é—
|
[EN]
| |
(i) a bhfuil feidhm ag alt 352 maidir leis, nó
|
[EN]
| |
(ii) is áitreabh cáilitheach de réir bhrí alt 353, 354, 356, 357 nó 358,
|
[EN]
| |
go dtabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí deimhniú i scríbhinn, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1999, nó roimhe, don duine ag a bhfuil an foirgneamh nó an déanmhas á fhoirgniú, á athchóiriú nó á athfheistiú, de réir mar a bheidh, á rá gur deimhin leis go ndearnadh méid nach lú ná 50 faoin gcéad de chostas iomlán an fhoirgnimh nó an déanmhais agus a láithreáin a thabhú an 30ú lá de Mheitheamh, 1999, nó roimhe agus, le linn bheith ag breithniú an cóir deimhniú den sórt sin a thabhairt, ní thabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí aird ach amháin ar threoirlínte i ndáil le deimhnithe den sórt sin a thabhairt, arna n-eisiúint ag an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil chun críocha an mhínithe seo;”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 360 (léiriú (Caibidil 5)) den Phríomh-Acht.
|
46.
—Leasaítear leis seo alt 360 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 1ú lá de Lúnasa, 1996, agus dar críoch—
|
[EN]
| |
(a) an 31ú lá d'Iúil, 1999, nó
|
[EN]
| |
(b) an 31ú lá de Nollaig, 1999, más rud é, i ndáil le foirgniú tí ar áitreabh cáilitheach é de réir bhrí alt 361, 362, 363 nó 364, i ndáil le teach a athchóiriú ina theach den sórt sin, i ndáil le hathfheistiú tí den sórt sin nó, de réir mar a bheidh, i ndáil lena fhoirgniú nó lena athfheistiú, go dtabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí deimhniú i scríbhinn, an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1999, nó roimhe, don duine ag a bhfuil an teach á fhoirgniú, á athchóiriú nó á athfheistiú, de réir mar a bheidh, á rá gur deimhin leis go ndearnadh méid níos lú ná 50 faoin gcéad de chostas iomlán an tí agus a láithreáin a thabhú an 31ú lá d'Iúil, 1999, nó roimhe;”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(b) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘an t-údarás áitiúil iomchuí’, i ndáil le foirgniú tí den chineál dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar ‘tréimhse cháilitheach’, i ndáil le teach a athchóiriú ina theach den sórt sin, i ndáil le hathfheistiú tí den sórt sin, nó, de réir mar a bheidh, i ndáil lena fhoirgniú nó lena athfheistiú, comhairle contae nó bardas contaebhuirge nó buirge eile nó, más cuí, comhairle an cheantair uirbigh, ar ina limistéar feidhme atá an teach suite;”.
|
[EN]
|
Leasú ar Chaibidil 8 (limistéir thuaithe cháilitheacha) de Chuid 10 den Phríomh-Acht.
|
47.
—(1) Leasaítear leis seo Caibidil 8 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) in alt 372L—
|
[EN]
| |
(i) sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1998), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):
|
[EN]
| |
“(b) chun críocha ailt 372P, 372Q, 372R agus (a mhéid a bhaineann sé leis na hailt sin) alt 372S, an tréimhse dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 1998, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 2001, agus
|
[EN]
| |
(c) chun críocha alt 372RA agus (a mhéid a bhaineann sé leis an alt sin) alt 372S, an tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1999, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 2001;”, agus
|
[EN]
| |
(ii) sa mhíniú ar “athfheistiú”, trí “ailt 372R agus 372RA” a chur in ionad “alt 372R”,
|
[EN]
| |
(b) in alt 372M(1), trí “i mír (a) nó (b) d'alt 268(1)” a chur in ionad “in alt 268(1)(a)”,
|
[EN]
| |
(c) in alt 372P(1)—
|
[EN]
| |
(i) sa mhíniú ar “léas cáilitheach”, trí “3 mhí” a chur in ionad “12 mhí”, agus
|
[EN]
| |
(ii) sa mhíniú ar “áitreabh cáilitheach”, trí “140 méadar cearnach” a chur in ionad “125 mhéadar chearnacha”,
|
[EN]
| |
(d) in alt 372Q(1)—
|
[EN]
| |
(i) sa mhíniú ar “léas cáilitheach”, trí “3 mhí” a chur in ionad “12 mhí”, agus
|
[EN]
| |
(ii) sa mhíniú ar “áitreabh cáilitheach”, trí “150 méadar cearnach” a chur in ionad “125 mhéadar chearnacha”,
|
[EN]
| |
(e) in alt 372R(1)—
|
[EN]
| |
(i) sa mhíniú ar “léas cáilitheach”, trí “3 mhí” a chur in ionad “12 mhí”, agus
|
[EN]
| |
(ii) sa mhíniú ar “áitreabh cáilitheach”, trí “150 méadar cearnach” a chur in ionad “125 mhéadar chearnacha”,
|
[EN]
| |
(f) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 372R:
|
| |
“Cóiríocht chónaithe: liúntas d'úinéir-áititheoirí maidir le caiteachas áirithe ar fhoirgniú nó ar athfheistiú.
|
372RA.—(1) San alt seo—
ciallaíonn ‘caiteachas cáilitheach’, i ndáil le pearsa aonair, méid is comhionann le méid an chaiteachais a thabhaigh an phearsa aonair ar fhoirgniú nó, de réir mar a bheidh, ar athfheistiú áitribh cháilithigh ar teaghais úinéir-áitithe cháilitheach é i ndáil leis an bpearsa aonair tar éis aon suim—
(a) i leith nó faoi threoir an chaiteachais sin,
(b) i leith nó faoi threoir an áitribh cháilithigh, nó
(c) i leith nó faoi threoir na hoibre foirgníochta nó, de réir mar a bheidh, na hoibre athfheistithe ar tabhaíodh an caiteachas sin ina leith,
a bheidh faighte ag an bpearsa aonair nó a bheidh sé nó sí i dteideal a fháil, go díreach nó go neamhdhíreach, ón Stát, ó aon bhord arna bhunú le reacht nó ó aon údarás poiblí nó áitiúil, a asbhaint ón méid sin caiteachais;
ciallaíonn ‘teaghais úinéir-áitithe cháilitheach’, i ndáil le pearsa aonair, áitreabh cáilitheach a úsáideann an phearsa aonair den chéad uair, tar éis an caiteachas cáilitheach a bheith tabhaithe, mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe dó féin nó di féin;
ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, i ndáil le caiteachas cáilitheach a thabhú, faoi réir fho-ailt (4) agus (5) d'alt 372S, teach—
(a) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar tuaithe cáilitheach,
(b) a úsáidtear d'aon toisc mar theaghais,
(c) a bhfuil, mura teach nua é (chun críocha alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979) atá curtha ar fáil lena dhíol, deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith agus nach lú an méid atá sonraithe ann i leith chostas foirgnithe nó, de réir mar a bheidh, chostas athfheistithe an tí ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an bhfoirgniú nó ar an athfheistiú sin, de réir mar a bheidh, agus
(d) nach lú a achar urláir iomlán ná 38 méadar chearnacha agus nach mó é ná—
(i) sa chás gur tabhaíodh an caiteachas cáilitheach ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh, 210 méadar cearnach, nó
(ii) sa chás gur tabhaíodh an caiteachas cáilitheach ar athfheistiú an áitribh cháilithigh, 210 méadar cearnach;
tá le ‘athfheistiú’ an bhrí chéanna atá leis in alt 372R.
(2) (a) Más rud é go gcruthóidh pearsa aonair, tar éis éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas cáilitheach i mbliain mheasúnachta, beidh an phearsa aonair i dteideal, don bhliain mheasúnachta sin agus d'aon bhliain de na 9 mbliana measúnachta dá éis sin inarb é an t-áitreabh cáilitheach ar ina leith a thabhaigh an phearsa aonair an caiteachas cáilitheach aon-áit nó príomh-áit chónaithe na pearsan aonair, go ndéanfar asbhaint as a ioncam nó a hioncam iomlán ar asbhaint í de mhéid is comhionann—
(i) sa chás gur tabhaíodh an caiteachas cáilitheach ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh, le 5 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais sin, nó
(ii) sa chás gur tabhaíodh an caiteachas cáilitheach ar athfheistiú an áitribh cháilithigh, le 10 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais sin.
(b) Ní thabharfar asbhaint faoin alt seo i leith caiteachais cháilithigh ach amháin a mhéid atá an caiteachas sin le háireamh faoi alt 372S(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach.
(3) I gcás ina dtabhóidh 2 dhuine nó níos mó caiteachas cáilitheach i ndáil le háitreabh cáilitheach, measfar gur thabhaigh gach duine de na daoine sin an caiteachas sna comhréireanna inar iompair siad an caiteachas iarbhír agus cionroinnfear an caiteachas dá réir sin.
(4) Beidh feidhm ag alt 372S chun an t-alt seo a fhorlíonadh.”,
|
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(g) (i) in alt 372S(1)—
|
[EN]
| |
(I) trí “In ailt 372P go 372RA” a chur in ionad “In ailt 372P go 372R”, agus
|
[EN]
| |
(II) sa mhíniú ar “deimhniú um chostas réasúnach”, trí “372Q, 372R nó 372RA” a chur in ionad “372Q nó 372R”,
|
[EN]
| |
(ii) in alt 372S(4)(a), trí “nó, a mhéid a bhaineann sé le caiteachas seachas caiteachas ar athfheistiú, alt 372RA” a chur isteach i ndiaidh “alt 372P”,
|
[EN]
| |
(iii) in alt 372S(4)(b), trí “nó, a mhéid a bhaineann sé le caiteachas ar athfheistiú, alt 372RA” a chur isteach i ndiaidh “alt 372Q nó 372R”,
|
[EN]
| |
(iv) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):
|
[EN]
| |
“(5) Ní áitreabh cáilitheach teach—
|
[EN]
| |
(a) chun críocha alt 372P, 372Q, 372R nó 372RA, mura gceadaítear do dhaoine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil chun críocha na n-alt sin an teach a iniúchadh gach tráth réasúnach ar a n-údaruithe a thabhairt ar aird má iarrann duine dá ndéantar difear orthu déanamh amhlaidh, agus
|
[EN]
| |
(b) chun críocha ailt 372P, 372Q nó 372R, mura n-úsáidtear an teach, ar feadh thréimhse aon léasa cháilithigh a bhaineann leis an áitreabh sin, mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe an léasaí i ndáil leis an léas cáilitheach sin.”,
|
[EN]
| |
(v) in alt 372S(6)—
|
[EN]
| |
(I) trí “ailt 372P go 372RA” a chur in ionad “ailt 372P go 372R”, agus
|
[EN]
| |
(II) trí “d'athfheistiú nó, de réir mar a bheidh, d'fhoirgniú nó athfheistiú” a chur in ionad “nó d'athfheistiú”,
|
[EN]
| |
(vi) in alt 372S(7)(a)—
|
[EN]
| |
(I) trí “, 372 R(2) nó 372RA(2)” a chur in ionad “nó 372R(2)”, agus
|
[EN]
| |
(II) trí “ar athfheistiú nó, de réir mar a bheidh, ar fhoirgniú nó athfheistiú” a chur in ionad “nó ar athfheistiú” sa dá áit a bhfuil sé,
|
[EN]
| |
(vii) in alt 372S(7)(b), trí “ar athfheistiú nó, de réir mar a bheidh, ar fhoirgniú nó athfheistiú” a chur in ionad “ar athfheistiú” agus trí “d'athfheistiú nó, de réir mar a bheidh, d'fhoirgniú nó athfheistiú” a chur in ionad “d'athfheistiú”,
|
[EN]
| |
(viii) in alt 372S(8), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):
|
[EN]
| |
“(c) Chun críocha alt 372RA seachas na críocha a luaitear i bhfo-alt (7)(a), déanfar caiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú nó athfheistiú áitribh cháilithigh a mheas mar chaiteachas a tabhaíodh ar an dáta is luaithe, tar éis an caiteachas a thabhú iarbhír, ar a bhfuil an t-áitreabh in úsáid mar theaghais.”, agus
|
[EN]
| |
(ix) in alt 372S(11), trí “, 372R nó 372RA” a chur in ionad “nó 372R”.
|
[EN]
| |
(2) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) in alt 458 trí “Alt 372I
|
[EN]
| |
Alt 372RA”
|
[EN]
| |
a chur isteach i ndiaidh “Alt 371” i gCuid 1 den Tábla a ghabhann leis an alt sin,
|
| |
agus
|
| |
(b) trí “364, 371, 372I agus 372RA” a chur in ionad “364 agus 371” in alt 1024(2)(a)(i).
|
[EN]
|
Liúntais chaipitiúla le haghaidh tithe téarnaimh príobháideacha.
|
48.
—Leasaítear leis seo Cuid 9 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1998) den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) in alt 268—
|
[EN]
| |
(i) i bhfo-alt (1)—
|
[EN]
| |
(I) i mír (g), trí “alt 4 den Acht sin,” a chur in ionad “alt 4 den Acht sin, nó” agus
|
[EN]
| |
(II) i mír (h), trí “lena mbaineann mír (f), nó” a chur in ionad “lena mbaineann mír (f),” agus
|
[EN]
| |
(III) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):
|
[EN]
| |
“(i) chun críocha trádála arb é atá inti oibriú nó bainistiú tí téarnaimh chun cúram liachta agus altranais a sholáthar do dhaoine atá ag téarnamh ó chóireáil in ospidéal, ar ospidéal é a sholáthraíonn cóireáil d'othair a bhfuil géarthinneas orthu agus a dtabharfaidh an bord sláinte, ar ina limistéar feidhme atá an teach téarnaimh suite, deimhniú i scríbhinn i leith an tí téarnaimh sin don duine atá ag oibriú nó ag bainistiú an tí téarnaimh á rá gur deimhin leis go gcomhlíonann an teach téarnaimh na ceanglais agus na caighdeáin atá leagtha amach sna treoirlínte i ndáil le hoibriú agus bainistiú tithe téarnaimh, arna n-eisiúint ag an Aire Sláinte agus Leanaí le toiliú an Aire Airgeadais,”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(ii) i bhfo-alt (9)—
|
[EN]
| |
(I) i mír (d), trí “agus” a scriosadh,
|
[EN]
| |
(II) i mír (e), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):
|
[EN]
| |
“(ii) ag aon duine eile ar dháta rite an Achta Airgeadais, 1998, nó dá éis,
|
[EN]
| |
agus”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(III) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):
|
[EN]
| |
“(f) faoi threoir mhír (i), maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú an 2ú lá de Nollaig, 1998, nó dá éis.”,
|
[EN]
| |
(b) in alt 272—
|
[EN]
| |
(i) i bhfo-alt (3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (f):
|
[EN]
| |
“(f) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (g) nó (i) d'alt 268(1), le 15 faoin gcéad den chaiteachas dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c), agus”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(ii) i bhfo-alt (4), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (f):
|
[EN]
| |
“(f) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (g) nó (i) d'alt 268(1), 7 mbliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, agus”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(c) in alt 274(1)(b), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):
|
[EN]
| |
“(ii) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (c), (e), (g) nó (i) d'alt 268(1), níos mó ná 10 mbliana tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair,”.
|
[EN]
|
Liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh a úsáidtear chun críocha áirithe cúraim leanaí.
|
49.
—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) in alt 409A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998), trí “nó 843A” a chur isteach i ndiaidh “alt 843” i mír (b) den mhíniú ar “foirgneamh sonraithe” i bhfo-alt (1), agus
|
[EN]
| |
(b) i gCuid 36, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 843:
|
| |
“Liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh a úsáidtear chun críocha áirithe cúraim leanaí.
|
843A.—(1) San alt seo—
tá le ‘leanbh réamhscoile’ agus le ‘seirbhís réamhscoile’ na bríonna, faoi seach, a shanntar dóibh le halt 49 den Acht um Chúram Leanaí, 1991;
ciallaíonn ‘caiteachas cáilitheach’ caiteachas caipitiúil arna thabhú an 2ú lá de Nollaig, 1998, nó dá éis, ar fhoirgniú, ar athchóiriú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh;
ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’ foirgneamh nó déanmhas—
(a) nach foirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268, ar leith ón alt seo, agus
(b) atá in úsáid chun—
(i) seirbhís réamhscoile, nó
(ii) seirbhís réamhscoile agus seirbhís cúraim lae nó seirbhís eile chun freastal ar leanaí seachas leanaí réamhscoile,
a sholáthar, agus ar féidir a shuíomh ina leith (a mhéid atá sé á úsáid chun seirbhís réamhscoile a sholáthar) gur comhlíonadh ceanglais Airteagal 9, 10(1) nó 11, de réir mar is cuí, de na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile), 1996 (I.R. Uimh. 398 de 1996),
ach ní fholaíonn sé aon chuid d'fhoirgneamh nó de dhéanmhas atá in úsáid mar theach cónaithe nó mar chuid de theach cónaithe.
(2) Faoi réir fho-ailt (3) go (5), na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais tionscail, beidh feidhm acu, d'ainneoin aon ní dá mhalairt sna forálacha sin, i ndáil le caiteachas cáilitheach ar áitreabh cáilitheach—
(a) amhail is dá mba é a bheadh in áitreabh cáilitheach, gach uile thráth ar áitreabh cáilitheach é, foirgneamh nó déanmhas a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chuid 9 mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 268(1)(a), agus
(b) i gcás nach trádáil aon ghníomhaíocht a sheoltar san áitreabh cáilitheach, amhail is dá mba thrádáil í.
(3) I ndáil le caiteachas cáilitheach ar áitreabh cáilitheach, beidh feidhm ag alt 272—
(a) amhail is dá mba thagairt do 15 faoin gcéad an tagairt i bhfo-alt (3)(a)(ii) den alt sin do 4 faoin gcéad, agus
(b) amhail is dá mba thagairt do 7 mbliana an tagairt i bhfo-alt (4)(a)(ii) den alt sin do 25 bliana.
(4) D'ainneoin alt 274(1), ní dhéanfar aon liúntas cothromaíochta a thabhairt ná aon mhuirear cothromaíochta a ghearradh i ndáil le háitreabh cáilitheach mar gheall ar aon teagmhas dá dtagraítear san alt sin agus a tharlaíonn—
(a) níos mó ná 10 mbliana tar éis an t-áitreabh cáilitheach a úsáid den chéad uair, nó
(b) i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 276, níos mó ná 10 mbliana tar éis an caiteachas cáilitheach ar athfheistiú an áitribh cháilithigh a thabhú.”.
|
|
[EN]
|
Faoiseamh i leith cóiríochta mac léinn áirithe a chur ar fáil.
|
50.
—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 11:
|
[EN]
| |
“CUID 11A
|
[EN]
| |
Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide: Asbhaint i leith Caiteachais ar Fhoirgniú, Athchóiriú agus Athfheistiú Cóiríochta Cónaithe Áirithe do Mhic Léinn Áirithe
|
| |
Míniú (Cuid 11A).
|
380A.—Sa Chuid seo—
tá le ‘léas’, ‘léasaí’, ‘léasóir’, ‘préimh’ agus ‘cíos’ na bríonna céanna faoi seach atá leo i gCaibidil 8 de Chuid 4;
ciallaíonn ‘margadhluach’, i ndáil le foirgneamh, le déanmhas nó le teach, an praghas a gheofaí
ar fheo simplí neamhualaithe an fhoirgnimh, an déanmhais nó an tí dá ndíolfaí ar an margadh oscailte é ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh le réasún a tharraingeodh an praghas ab fhearr ar an bhfoirgneamh, ar an déanmhas nó ar an teach don díoltóir, lúide an chuid den phraghas sin ab inchurtha síos d'fháil na talún, nó d'fháil ceart sa talamh nó thar an talamh, ar a bhfoirgnítear an foirgneamh, an déanmhas nó an teach;
ciallaíonn ‘limistéar cáilitheach’ limistéar nó limistéir a shonraítear mar limistéar cáilitheach sna treoirlínte iomchuí;
ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1999, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 2003;
ciallaíonn ‘na treoirlínte iomchuí’ treoirlínte arna n-eisiúint chun críocha na Coda seo ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil agus le toiliú an Aire Airgeadais agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh forálacha a bheith sna treoirlínte sin i ndáil le gach ceann nó le haon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas—
(i) dearadh agus foirgniú tithe, athchóiriú ina dtithe nó athfheistiú tithe,
(ii) achar urláir iomlán agus toisí seomraí laistigh de thithe, arna dtomhas ar cibé modh a chinnfidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil,
(iii) soláthar saoráidí agus taitneamhachtaí coimhdeacha i ndáil le tithe,
(iv) deimhnithe um chostas réasúnach a thabhairt,
(v) limistéir cháilitheacha a ainmniú,
(vi) na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le léasanna cáilitheacha, agus
(vii) na forais oideachais agus na mic léinn a fhreastalaíonn ar na forais sin agus a gcuirfear an chóiríocht ar fáil dóibh.
|
|
| |
Cóiríocht chónaithe chíosa; asbhaint i leith caiteachais áirithe ar fhoirgniú.
|
380B.—(1) San alt seo—
ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, i ndáil le teach, faoi réir alt 380E(2), léas ar an teach arb éard í an chomaoin maidir lena dheonú—
(a) íocaíochtaí tréimhsiúla, agus iad sin amháin, ar cíos iad uile nó a n-áireofar iad uile mar chíos chun críocha Chaibidil 8 de Chuid 4, nó
(b) íocaíochtaí den chineál a luaitear i mír (a), mar aon le híocaíocht ar mhodh préimhe nach mó ná 10 faoin gcéad de chostas iomchuí an tí;
ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-ailt (3), (4)(a), (5) agus (6) d'alt 380E, teach—
(a) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach,
(b) a úsáidtear d'aon toisc mar theaghais,
(c) a gcomhlíonann a achar urláir iomlán ceanglais na dtreoirlínte iomchuí,
(d) a bhfuil, mura teach nua é (chun críocha alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979) atá curtha ar fáil lena dhíol, deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid atá sonraithe ann i leith chostas foirgnithe an tí ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an bhfoirgniú sin, agus
(e) a ndéantar, gan é a bheith úsáidte, é a ligean den chéad uair ina iomláine faoi léas cáilitheach agus ina dhiaidh sin go leanann sé de bheith ligthe faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha neamhúsáide sealadaí idir deireadh léasa cháilithigh amháin agus tosach léasa eile den sórt sin);
ciallaíonn ‘costas iomchuí’, i ndáil le teach, faoi réir fho-alt (4), méid is comhionann le comhiomlán na méideanna seo a leanas—
(a) an caiteachas a tabhaíodh chun aon talamh ar a bhfuil an teach foirgnithe, nó chun cearta sa talamh sin nó thairis, a fháil, agus
(b) an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an tí;
ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse 10 mbliana dar tosach dáta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach.
(2) Faoi réir fho-alt (3), más rud é go gcruthaíonn duine, tar éis dó nó di éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas ar fhoirgniú áitribh cháilithigh—
(a) beidh an duine sin, le linn méid barrachais nó easnaimh i leith an chíosa ón áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh chun críocha alt 97(1), i dteideal asbhainte den mhéid sin (más ann) den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 380E(8) nó faoin alt seo mar chaiteachas a bheidh tabhaithe ag an duine sin sa tréimhse cháilitheach, agus
(b) beidh feidhm ag Caibidil 8 de Chuid 4 amhail is dá mba asbhaint arna húdarú le halt 97(2) an asbhaint sin.
(3) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon phréimh nó suim eile is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi léas cáilitheach nó ar shlí eile faoi na téarmaí ar faoina réir a dheonaítear an léas, leis an léasóir nó chun sochair don léasóir nó le haon duine, nó chun sochair d'aon duine, atá bainteach leis an léasóir.
(b) Más rud é nach cíos nó nach n-áirítear mar chíos chun críocha alt 97 aon phréimh nó suim eile lena mbaineann an fo-alt seo nó aon chuid den phréimh sin nó den tsuim eile sin, measfar, chun críocha fho-alt (2), an caiteachas a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh lena mbaineann an léas cáilitheach a bheith laghdaithe den mhéid is lú acu seo a leanas—
(i) méid na préimhe sin nó na suime eile sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den phréimh sin nó den tsuim eile sin, agus
(ii) an méid a mbeidh idir é agus an méid atá luaite i bhfomhír (i) an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh, a bheidh le háireamh faoi alt 380E(8) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus iomlán an chaiteachais a tabhaíodh ar an bhfoirgniú sin.
(4) Más cuid d'fhoirgneamh áitreabh cáilitheach nó más ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é, nó más cuid é d'fhoirgneamh ar ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é féin, déanfar cibé cionroinnt is gá—
(a) ar an gcaiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó na bhfoirgneamh sin, agus
(b) ar an méid arbh é an costas iomchuí é i ndáil leis an bhfoirgneamh nó leis na foirgnimh sin, dá mba áitreabh cáilitheach aonair an foirgneamh nó na foirgnimh, de réir mar a bheidh,
chun an caiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh agus an costas iomchuí i ndáil leis an áitreabh cáilitheach a chinneadh.
(5) Más rud é gur áitreabh cáilitheach teach agus go dtarlóidh ceachtar den dá theagmhas seo a leanas aon tráth le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an áitreabh—
(a) go scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach, nó
(b) go n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuig aon duine eile ach nach scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach,
ansin, maidir leis an duine a fuair asbhaint nó a bhí i dteideal asbhaint a fháil faoi fho-alt (2), roimh an teagmhas tarlú, i leith caiteachais a tabhaíodh ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh, measfar go bhfuair sé nó sí, an lá roimh an lá a tharla an teagmhas, méid mar chíos ón áitreabh cáilitheach atá ar cóimhéid le méid na hasbhainte.
(6) (a) Más rud é go dtarlóidh an teagmhas a luaitear i bhfo-alt (5)(b) sa tréimhse iomchuí i ndáil le teach is áitreabh cáilitheach, déanfar an duine a n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuige nó chuici a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, méid caiteachais ar fhoirgniú an tí atá ar cóimhéid leis an méid a áiríodh, faoi alt 380E(8) nó faoin alt seo (ar leith ó fho-alt (3)(b)), a bheith tabhaithe ag an léasóir sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú an tí, ach, i gcás duine a cheannóidh teach den sórt sin, ní mó ná an praghas iomchuí a d'íoc an duine sin ar an gceannach an méid a áireofar amhlaidh mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo agus fho-alt (7), is é an praghas iomchuí a d'íoc duine ar cheannach tí an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach sin an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an tí, a bheidh le háireamh faoi alt 380E(8) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus an costas iomchuí i ndáil leis an teach sin.
(7) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás caiteachas a bheith tabhaithe ar fhoirgniú tí agus, sula n-úsáidtear an teach, go ndíoltar é, déanfar an duine a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas ar fhoirgniú an tí is comhionann leis an méid is lú acu seo a leanas—
(i) an méid den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 380E(8) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus
(ii) an praghas iomchuí a d'íoc an duine sin ar an gceannach,
ach más rud é go ndíoltar an teach níos mó ná aon uair amháin sula n-úsáidtear é, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin i ndáil leis an gceann deireanach de na díolacháin sin.
(b) I gcás caiteachas a bheith tabhaithe ar fhoirgniú tí ag duine a sheolann trádáil nó cuid de thrádáil arb éard í, maidir leis an trádáil go léir nó le haon chuid di, foirgnimh a fhoirgniú d'fhonn iad a dhíol agus, sula n-úsáidtear an teach, go ndíoltar é i gcúrsa na trádála sin nó, de réir mar a bheidh, i gcúrsa an chuid sin den trádáil sin—
(i) déanfar an duine (dá ngairtear ‘an ceannaitheoir’ sa mhír seo) a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas ar fhoirgniú an tí is comhionann leis an bpraghas iomchuí a d'íoc an ceannaitheoir ar an gceannach (dá ngairtear ‘an chéad cheannach’ sa mhír seo), agus
(ii) i ndáil le haon díolachán nó díolacháin dá éis sin den teach sula n-úsáidtear an teach, beidh feidhm ag mír (a) amhail is dá mba thagairt don phraghas iomchuí a íocadh ar an gcéad cheannach an tagairt do mhéid an chaiteachais a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach.
(8) Beidh feidhm ag alt 380E chun an t-alt seo a fhorlíonadh.
|
|
| |
Cóiríocht chónaithe chíosa: asbhaint i leith caiteachais áirithe ar athchóiriú.
|
380C.—(1) San alt seo—
ciallaíonn ‘caiteachas athchóirithe’, faoi réir fho-alt (2), caiteachas a tabhaíodh—
(a) chun foirgneamh a athchóiriú ina theach, ar foirgneamh é—
(i) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach, agus
(ii) nach raibh in úsáid roimhe sin mar theaghais,
agus
(b) chun foirgneamh a athchóiriú ina 2 theach nó níos mó, ar foirgneamh é—
(i) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach, agus
(ii) nach raibh in úsáid mar theaghais, nó a bhí in úsáid mar theaghais aonair, roimh an athchóiriú,
agus forléireofar tagairtí san alt seo agus in alt 380E do ‘athchóiriú’, ‘athchóiriú ina theach’ agus ‘caiteachas a tabhaíodh ar athchóiriú’ dá réir sin;
ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, i ndáil le teach, faoi réir alt 380E(2), léas ar an teach arb éard í an chomaoin maidir lena dheonú—
(a) íocaíochtaí tréimhsiúla, agus iad sin amháin, ar cíos iad uile nó a n-áireofar iad uile mar chíos chun críocha Chaibidil 8 de Chuid 4, nó
(b) íocaíochtaí den chineál a luaitear i mír (a), mar aon le híocaíocht ar mhodh préimhe nach mó ná 10 faoin gcéad de mhargadhluach an tí an tráth a chríochnaítear an t-athchóiriú agus, i gcás tí is cuid d'fhoirgneamh agus nach indíolta ar leithligh ón bhfoirgneamh ar cuid de é, measfar chun críocha na míre seo gurb é margadhluach an tí an tráth a chríochnaítear an t-athchóiriú méid a mbeidh idir é agus margadhluach an fhoirgnimh an tráth sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an tí agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh;
ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-ailt (3), (4)(b), (5) agus (6) d'alt 380E, teach—
(a) a úsáidtear d'aon toisc mar theaghais,
(b) a gcomhlíonann a achar urláir iomlán ceanglais na dtreoirlínte iomchuí,
(c) a bhfuil deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid atá sonraithe ann i leith chostas an athchóirithe i ndáil leis an teach ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an athchóiriú sin, agus
(d) a ndéantar, gan é a bheith úsáidte tar éis an caiteachas a thabhú ar an athchóiriú, é a ligean den chéad uair ina iomláine faoi léas cáilitheach agus ina dhiaidh sin go leanann sé de bheith ligthe faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha neamhúsáide sealadaí idir an tráth a mbeidh deireadh le léas cáilitheach amháin agus tosach léasa eile den sórt sin);
ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse 10 mbliana dar tosach dáta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach.
(2) Chun críocha an ailt seo, measfar go bhfolaíonn caiteachas a tabhaíodh ar athchóiriú foirgnimh caiteachas a tabhaíodh i gcúrsa an athchóirithe ar cheachtar díobh seo a leanas nó orthu araon—
(a) aon oibreacha foirgníochta, athfhoirgníochta, deisiúcháin nó athnuachana a dhéanamh, agus
(b) saoráidí uisce, séarachais nó téacháin a chur ar fáil nó a fheabhsú,
i ndáil leis an bhfoirgneamh nó le haon fhotheach a chomhghabhann leis an bhfoirgneamh nó a theachtar leis de ghnáth, ach ní mheasfar go bhfolaíonn sé—
(i) aon chaiteachas a bhfuil aon duine i dteideal asbhainte, faoisimh nó liúntais ina leith faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, nó
(ii) aon chaiteachas is inchurtha síos d'aon chuid (dá ngairtear ‘aonad neamhchónaithe’ san alt seo) den fhoirgneamh nach teach í ar an athchóiriú a chríochnú.
(3) Chun críocha fho-alt (2)(ii), más rud é go bhfuil caiteachas inchurtha síos d'fhoirgneamh i gcoitinne agus ní go díreach d'aon teach nó d'aon aonad neamhchónaithe ar leith atá ar áireamh san fhoirgneamh ar an athchóiriú a chríochnú, measfar gur méid is inchurtha síos d'aonad neamhchónaithe cibé méid den chaiteachas sin a mbeidh idir é agus iomlán an chaiteachais sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an aonaid neamhchónaithigh agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh.
(4) Faoi réir fho-alt (5), más rud é go gcruthaíonn duine, tar éis dó nó di éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas athchóirithe i ndáil le teach ar áitreabh cáilitheach é—
(a) beidh an duine sin, le linn méid barrachais nó easnaimh i leith an chíosa ón áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh chun críocha alt 97(1), i dteideal asbhainte den mhéid sin (más ann) den chaiteachas a bheidh le háireamh faoi alt 380E(8) nó faoin alt seo mar chaiteachas a bheidh tabhaithe ag an duine sin sa tréimhse cháilitheach, agus
(b) beidh feidhm ag Caibidil 8 de Chuid 4 amhail is dá mba asbhaint arna húdarú le halt 97(2) an asbhaint sin.
(5) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon phréimh nó suim eile is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi léas cáilitheach nó ar shlí eile faoi na téarmaí ar faoina réir a dheonaítear an léas, leis an léasóir nó chun sochair don léasóir nó le haon duine, nó chun sochair d'aon duine, atá bainteach leis an léasóir.
(b) Más rud é nach cíos nó nach n-áirítear mar chíos chun críocha alt 97 aon phréimh nó suim eile lena mbaineann an fo-alt seo nó aon chuid den phréimh sin nó den tsuim eile sin, measfar, chun críocha fho-alt (4), an caiteachas athchóirithe a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach i ndáil leis an áitreabh cáilitheach lena mbaineann an léas cáilitheach a bheith laghdaithe den mhéid is lú acu seo a leanas—
(i) méid na préimhe sin nó na suime eile sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den phréimh sin nó den tsuim eile sin, agus
(ii) an méid a mbeidh idir é agus an méid atá luaite i bhfomhír (i) an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais athchóirithe a tabhaíodh iarbhír i ndáil leis an áitreabh cáilitheach (a bheidh le háireamh faoi alt 380E(8) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach) agus iomlán an chaiteachais athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach.
(6) Más cuid d'fhoirgneamh áitreabh cáilitheach nó más ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é, nó más cuid é d'fhoirgneamh ar ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é féin, déanfar cibé cionroinnt is gá ar an gcaiteachas a tabhaíodh ar athchóiriú an fhoirgnimh nó na bhfoirgneamh sin chun an caiteachas athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach a chinneadh.
(7) Más rud é gur áitreabh cáilitheach teach agus go dtarlóidh ceachtar den dá theagmhas seo a leanas aon tráth le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an áitreabh—
(a) go scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach, nó
(b) go n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuig aon duine eile ach nach scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach,
ansin, maidir leis an duine a fuair asbhaint nó a bhí i dteideal asbhaint a fháil faoi fho-alt (4), roimh an teagmhas tarlú, i leith caiteachais athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach, measfar go bhfuair sé nó sí, an lá roimh an lá a tharla an teagmhas, méid mar chíos ón áitreabh cáilitheach atá ar cóimhéid le méid na hasbhainte.
(8) Más rud é go dtarlóidh an teagmhas a luaitear i bhfo-alt (7)(b) sa tréimhse iomchuí i ndáil le teach is áitreabh cáilitheach, déanfar an duine a n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuige nó chuici a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, méid caiteachais athchóirithe i ndáil leis an teach atá ar cóimhéid leis an méid den chaiteachas athchóirithe a áiríodh, faoi alt 380E(8) nó faoin alt seo (ar leith ó fho-alt (5)(b)), a bheith tabhaithe ag an léasóir sa tréimhse cháilitheach i ndáil leis an teach, ach, i gcás duine a cheannóidh teach den sórt sin, ní mó an méid a áireofar amhlaidh mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin ná—
(a) an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach, nó
(b) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an teach le háireamh faoi alt 380E(8) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an teach.
(9) I gcás caiteachas athchóirithe a bheith tabhaithe i ndáil le teach agus, sula n-úsáidtear an teach tar éis an caiteachas sin a thabhú, go ndíoltar é, déanfar an duine a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas athchóirithe i ndáil leis an teach is comhionann leis an méid is lú acu seo a leanas—
(a) an méid den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 380E(8) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus
(b) (i) an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach, nó
(ii) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an teach le háireamh faoi alt 380E(8) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais athchóirithe a tabhaíodh i ndáil leis an teach,
ach más rud é go ndíoltar an teach níos mó ná aon uair amháin sula n-úsáidtear é tar éis an caiteachas athchóirithe a thabhú i ndáil leis an teach, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin i ndáil leis an gceann deireanach de na díolacháin sin.
(10) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás athchóiriú mura mbeidh cead pleanála maidir leis an athchóiriú tugtha faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1998.
(11) Beidh feidhm ag alt 380E chun an t-alt seo a fhorlíonadh.
|
|
| |
Cóiríocht chónaithe chíosa: asbhaint i leith caiteachais áirithe ar athfheistiú.
|
380D.—(1) San alt seo—
ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, i ndáil le teach, faoi réir alt 380E(2), léas ar an teach arb éard í an chomaoin maidir lena dheonú—
(a) íocaíochtaí tréimhsiúla, agus iad sin amháin, ar cíos iad uile nó a n-áireofar iad uile mar chíos chun críocha Chaibidil 8 de Chuid 4, nó (b) íocaíochtaí den chineál a luaitear i mír (a), mar aon le híocaíocht ar mhodh préimhe—
(i) is iníoctha ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí nó ar dháta dá éis nó, más iníoctha roimh an dáta sin í, is iníoctha amhlaidh mar gheall ar an athfheistiú a dhéanamh nó thairis sin i dtaca lena dhéanamh, agus
(ii) nach mó ná 10 faoin gcéad de mhargadhluach an tí ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí agus, i gcás tí is cuid d'fhoirgneamh agus nach indíolta ar leithligh ón bhfoirgneamh ar cuid de é, measfar chun críocha na fomhíre seo gurb é margadhluach an tí ar an dáta sin méid a mbeidh idir é agus margadhluach an fhoirgnimh ar an dáta sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an tí agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh;
ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-ailt (3), (4)(b), (5) agus (6) d'alt 380E, teach—
(a) a úsáidtear d'aon toisc mar theaghais,
(b) a gcomhlíonann a achar urláir iomlán ceanglais na dtreoirlínte iomchuí,
(c) a bhfuil deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid atá sonraithe ann i leith chostas an athfheistithe i ndáil leis an teach ná an caiteachas iomchuí a tabhaíodh iarbhír ar an athfheistiú sin, agus
(d) atá, ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí, ligthe (nó, mura bhfuil sé ligthe ar an dáta sin, a ndéantar é a ligean den chéad uair, gan é a bheith úsáidte i ndiaidh an dáta sin) ina iomláine faoi léas cáilitheach agus ina dhiaidh sin go leanann sé de bheith ligthe faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha neamhúsáide sealadaí idir an tráth a mbeidh deireadh le léas cáilitheach amháin agus tosach léasa eile den sórt sin);
ciallaíonn ‘athfheistiú’, i ndáil le foirgneamh, ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon—
(a) aon oibreacha foirgníochta, athfhoirgníochta, deisiúcháin nó athnuachana a dhéanamh, agus
(b) saoráidí uisce, séarachais nó téacháin a sholáthar nó a fheabhsú,
i gcás ina ndeimhneoidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, in aon deimhniú um chostas réasúnach arna thabhairt ag an Aire sin i ndáil le haon teach atá san fhoirgneamh, gur ghá na hoibreacha sin a dhéanamh nó na saoráidí sin a chur ar fáil d'fhonn a chinntiú go mbeadh aon teach san fhoirgneamh oiriúnach le bheith ina theaghais agus cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an líon tithe san fhoirgneamh, nó cruth nó méid aon tí den sórt sin, a athrú i gcúrsa an athfheistithe sin;
ciallaíonn ‘caiteachas iomchuí’ caiteachas a tabhaíodh ar athfheistiú foirgnimh shonraithe, seachas caiteachas is inchurtha síos d'aon chuid (dá ngairtear ‘aonad neamhchónaithe’ san alt seo) den fhoirgneamh nach teach í ar an athfheistiú a chríochnú, agus chun críocha an mhínithe seo, más rud é go bhfuil caiteachas inchurtha síos don fhoirgneamh sonraithe i gcoitinne (agus ní go díreach d'aon teach nó aonad neamhchónaithe ar leith atá ar áireamh san fhoirgneamh, ar an athfheistiú a chríochnú), is é méid an chaiteachais sin a mheasfar is inchurtha síos d'aonad neamhchónaithe méid a mbeidh idir é agus iomlán an chaiteachais sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an aonaid neamhchónaithe agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh;
ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse 10 mbliana dar tosach dáta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí nó, mura raibh an t-áitreabh ligthe faoi léas cáilitheach ar an dáta sin, an tréimhse 10 mbliana dar tosach dáta an chéadligin den sórt sin tar éis an dáta críochnaithe sin;
ciallaíonn ‘foirgneamh sonraithe’ foirgneamh—
(a) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach,
(b) a bhfuil, roimh an athfheistiú lena mbaineann an caiteachas iomchuí, 2 theach nó níos mó ann, agus
(c) a bhfuil, ar an athfheistiú sin a chríochnú, 2 theach nó níos mó ann (cibé acu i dteannta aon aonaid neamhchónaithe nó nach ea).
(2) Faoi réir fho-alt (3), más rud é go gcruthaíonn duine, tar éis dó nó di éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas iomchuí i ndáil le teach ar áitreabh cáilitheach é—
(a) beidh an duine sin, le linn méid barrachais nó easnaimh i leith an chíosa ón áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh chun críocha alt 97(1), i dteideal asbhainte den mhéid sin (más ann) den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 380E(8) nó faoin alt seo mar chaiteachas a bheidh tabhaithe ag an duine sin sa tréimhse cháilitheach, agus
(b) beidh feidhm ag Caibidil 8 de Chuid 4 amhail is dá mba asbhaint arna húdarú le halt 97(2) an asbhaint sin.
(3) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon phréimh nó suim eile—
(i) is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi léas cáilitheach nó ar shlí eile faoi na téarmaí ar faoina réir a dheonaítear an léas, leis an léasóir nó chun sochair don léasóir nó le haon duine, nó chun sochair d'aon duine, atá bainteach leis an léasóir, agus
(ii) is iníoctha ar dháta críochnaithe an athfheistithe lena mbaineann an caiteachas iomchuí nó ar dháta dá éis nó, más iníoctha roimh an dáta sin í, is iníoctha amhlaidh mar gheall ar an athfheistiú a dhéanamh nó thairis sin i dtaca lena dhéanamh.
(b) Más rud é nach cíos nó nach n-áirítear mar chíos chun críocha alt 97 aon phréimh nó suim eile lena mbaineann an fo-alt seo nó aon chuid den phréimh sin nó den tsuim eile sin, measfar, chun críocha fho-alt (2), an caiteachas iomchuí a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach i ndáil leis an áitreabh cáilitheach lena mbaineann an léas cáilitheach a bheith laghdaithe den mhéid is lú acu seo a leanas—
(i) méid na préimhe sin nó na suime eile sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den phréimh sin nó den tsuim eile sin, agus
(ii) an méid a mbeidh idir é agus an méid atá luaite i bhfomhír (i) an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais iomchuí a tabhaíodh iarbhír i ndáil leis an áitreabh cáilitheach (a bheidh le háireamh faoi alt 380E(8) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach) agus iomlán an chaiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach.
(4) Más cuid d'fhoirgneamh áitreabh cáilitheach nó más ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é, nó más cuid é d'fhoirgneamh ar ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é féin, déanfar cibé cionroinnt is gá ar an gcaiteachas iomchuí a tabhaíodh ar an bhfoirgneamh nó ar na foirgnimh sin chun an caiteachas iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach a chinneadh.
(5) Más rud é gur áitreabh cáilitheach teach agus go dtarlóidh ceachtar den dá theagmhas seo a leanas aon tráth le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an áitreabh—
(a) go scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach, nó
(b) go n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuig aon duine eile ach nach scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach,
ansin, maidir leis an duine a fuair asbhaint nó a bhí i dteideal asbhaint a fháil faoi fho-alt (2), roimh an teagmhas tarlú, i leith caiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an áitreabh cáilitheach, measfar go bhfuair sé nó sí, an lá roimh an lá a tharla an teagmhas, méid mar chíos ón áitreabh cáilitheach atá ar cóimhéid le méid na hasbhainte.
(6) Más rud é go dtarlóidh an teagmhas a luaitear i bhfo-alt (5)(b) sa tréimhse iomchuí i ndáil le teach is áitreabh cáilitheach, déanfar an duine a n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuige nó chuici a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, méid caiteachais iomchuí i ndáil leis an teach atá ar cóimhéid leis an méid den chaiteachas iomchuí a áiríodh, faoi alt 380E(8) nó faoin alt seo (ar leith ó fho-alt (3)(b)), a bheith tabhaithe ag an léasóir sa tréimhse cháilitheach i ndáil leis an teach, ach, i gcás duine a cheannóidh teach den sórt sin, ní mó an méid a áireofar amhlaidh mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin ná—
(a) an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach, nó
(b) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an teach le háireamh faoi alt 380E(8) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an teach.
(7) I gcás caiteachas iomchuí a bheith tabhaithe i ndáil le teach agus, sula n-úsáidtear an teach tar éis an caiteachas sin a thabhú, go ndíoltar é, déanfar an duine a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas iomchuí i ndáil leis an teach is comhionann leis an méid is lú acu seo a leanas—
(a) an méid den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 380E(8) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus
(b) (i) an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach, nó
(ii) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an teach le háireamh faoi alt 380E(8) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais iomchuí a tabhaíodh i ndáil leis an teach,
ach más rud é go ndíoltar an teach níos mó ná aon uair amháin sula n-úsáidtear é tar éis an caiteachas iomchuí a thabhú i ndáil leis an teach, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin i ndáil leis an gceann deireanach de na díolacháin sin.
(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás athfheistiú ar bith mura mbeidh cead pleanála, a mhéid is gá sin, maidir leis an obair a rinneadh i gcúrsa an athfheistithe tugtha faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1998.
(9) Ní áireofar i gcaiteachas a mbeidh duine i dteideal faoisimh faoin alt seo ina leith aon chaiteachas a bhfuil aon duine i dteideal asbhainte, faoisimh nó liúntais ina leith faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.
(10) Beidh feidhm ag alt 380E chun an t-alt seo a fhorlíonadh.
|
|
| |
Forálacha d'fhorlíonadh ailt 380B go 380D.
|
380E.—(1) In ailt 380B go 380D—
ciallaíonn ‘deimhniú um chostas réasúnach’ deimhniú arna thabhairt, ag féachaint do na treoirlínte iomchuí, ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, chun críocha alt 380B, 380C nó 380D, de réir mar a bheidh, á rá go bhfeictear don Aire sin, tráth an deimhniú a thabhairt agus ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Aire sin an tráth sin, gur méid réasúnach an méid a shonraítear sa deimhniú i ndáil le costas foirgnithe an tí, costas an athchóirithe ina theach nó costas athfheistithe an tí lena mbaineann an deimhniú, agus beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, maidir le deimhniú um chostas réasúnach amhail is dá mba dheimhniú um luach réasúnach de réir bhrí an ailt sin é;
folaíonn ‘teach’ aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais agus aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann nó a theachtar de ghnáth leis an bhfoirgneamh sin nó leis an gcuid sin d'fhoirgneamh;
ciallaíonn ‘achar urláir iomlán’ achar urláir iomlán tí arna thomhas ar an modh dá dtagraítear in alt 4(2)(b) d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979.
(2) Ní léas cáilitheach léas chun críocha alt 380B, 380C nó 380D—
(a) má tá aon fhoráil i dtéarmaí an léasa á chumasú don léasaí nó d'aon duine eile, go díreach nó go neamhdhíreach, aon leas sa teach lena mbaineann an léas a fháil tráth ar bith ar chomaoin is lú ná an chomaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go dtabharfaí í an tráth sin chun an leas a fháil dá seolfaí na caibidlí don fháil sin ar neamhthuilleamaí ar an margadh oscailte, agus
(b) mura gcomhlíonann sé ceanglais na dtreoirlínte iomchuí.
(3) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 380B, 380C nó 380D—
(a) má bhíonn sé á áitiú mar theaghais ag aon duine atá bainteach leis an duine atá i dteideal, i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú an tí, ar an athchóiriú ina theach nó, de réir mar a bheidh, ar athfheistiú an tí, asbhaint a fháil faoi alt 380B(2), 380C(4) nó 380D(2), de réir mar a bheidh, agus
(b) mura bhfuil téarmaí an léasa cháilithigh i ndáil leis an teach de chineál a bhféadfaí a bheith ag súil go mbeidís sa léas dá mba rud é gur ar neamhthuilleamaí a dhéanfaí na caibidlí le haghaidh an léasa.
(4) (a) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 380B mura gcomhlíonann sé cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil ó am go ham chun críocha alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, i ndáil le caighdeáin foirgnithe tithe agus soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile i dtithe.
(b) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 380C nó 380D mura gcomhlíonann sé cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil ó am go ham chun críocha alt 5 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, i ndáil le caighdeáin d'fheabhsúchán tithe agus soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile i dtithe.
(5) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 380B, 380C nó 380D mura gceadaítear do dhaoine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil chun críocha na n-alt sin an teach a iniúchadh gach tráth réasúnach ar a n-údaruithe a thabhairt ar aird má iarrann duine dá ndéantar difear orthu déanamh amhlaidh.
(6) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 380B, 380C nó 380D mura n-úsáidtear é, ar feadh na tréimhse iomchuí (de réir bhrí alt 380B, 380C nó 380D, de réir mar a bheidh) lena ligean le mic léinn agus lena n-áitiú acu, de réir na dtreoirlínte iomchuí.
(7) Chun críocha ailt 380B go 380D, déanfar tagairtí sna hailt sin d'fhoirgniú aon áitribh, d'athchóiriú in aon áitreabh nó d'athfheistiú aon áitribh a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'fhorbairt na talún ar a bhfuil an t-áitreabh suite nó a úsáidtear i dtaca le gairdíní, fearainn, rochtain nó taitneamhachtaí a sholáthar i ndáil leis an áitreabh agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, mar thagairtí a fholaíonn go háirithe na nithe seo a leanas—
(a) aon fhoirgneamh ar an talamh a scartáil nó a dhíchóimeáil,
(b) glanadh láithreáin, uachtar talún a aistriú, tochailt, tollánú agus tolladh, leagan bunsraitheanna, tógáil scafaill, aisiriú láithreáin, tírdhreachú agus soláthar ród agus oibreacha rochtana eile,
(c) ballaí, soláthar cumhachta, siltean, sláintíocht agus soláthar uisce, agus
(d) foirgniú aon fhothithe nó aon fhoirgneamh nó déanmhas eile lena n-úsáid ag áititheoirí an áitribh nó lena n-úsáid i dtaca le taitneamhachtaí a sholáthar do na háititheoirí.
(8) (a) Chun cinneadh a dhéanamh, i ndáil le haon éileamh faoi alt 380B(2), 380C(4) nó 380D(2), de réir mar a bheidh, cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, le linn na tréimhse cáilithí, caiteachas a thabhaítear ar fhoirgniú áitribh cháilithigh, ar athchóiriú ina áitreabh cáilitheach nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh, ní dhéileálfar ach le cibé méid den chaiteachas sin is inchurtha síos go cuí d'obair a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse cáilithí ar fhoirgniú an áitribh, ar an athchóiriú ina áitreabh nó ar athfheistiú an áitribh mar chaiteachas a tabhaíodh le linn na tréimhse sin.
(b) Más rud é, de bhua fho-alt (7), go bhfuil caiteachas ar fhorbairt aon talún san áireamh i gcaiteachas ar fhoirgniú áitribh cháilithigh, ar athchóiriú ina áitreabh cáilitheach nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh, beidh feidhm ag mír (a) fara aon mhodhnuithe is gá amhail is dá mba thagairtí d'fhorbairt na talún sin na tagairtí sa mhír sin d'fhoirgniú an áitribh cháilithigh, don athchóiriú ina áitreabh cáilitheach nó d'athfheistiú an áitribh cháilithigh.
(9) (a) Chun críocha ailt 380B agus 380C seachas na críocha a luaitear i bhfo-alt (8)(a), déanfar caiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú áitribh cháilithigh nó, de réir mar a bheidh, ar athchóiriú ina áitreabh cáilitheach, a mheas mar chaiteachas a tabhaíodh ar dháta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach.
(b) Chun críocha alt 380D seachas na críocha a luaitear i bhfo-alt (8)(a), déanfar caiteachas iomchuí a tabhaíodh i ndáil le hathfheistiú áitribh cháilithigh a mheas mar chaiteachas a tabhaíodh ar dháta thosach na tréimhse iomchuí, i ndáil leis an áitreabh, arna chinneadh maidir leis an athfheistiú lena mbaineann an caiteachas iomchuí.
(10) Chun críocha ailt 380B go 380D, ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a bheidh sé íoctha nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát, ag aon bhord arna bhunú le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil.
(11) Beidh feidhm ag alt 555 amhail is dá mba liúntas caipitiúil asbhaint faoi alt 380B(2), 380C(4) nó 380D(2), de réir mar a bheidh, agus amhail is dá mba mhuirear cothromaíochta aon chíos a mheastar a bheith faighte ag duine faoi alt 380B(5), 380C(7) nó 380D(5), de réir mar a bheidh.
(12) Féadfar achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc maidir le haon cheist a éireoidh faoin alt seo nó faoi alt 380B, 380C nó 380D (seachas ceist ar féidir achomharc a dhéanamh maidir léi faoi alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979) sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnachta cánach ioncaim nó cánach corparáide, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc.
|
|
| |
Foráil in aghaidh faoisimh dhúbailte.
|
380F.—Más rud é go dtugtar faoiseamh de bhua aon fhorála den Chuid seo i ndáil le caiteachas a tabhaíodh ar aon áitreabh, ní thabharfar faoiseamh i leith an chaiteachais sin faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.”.
|
|
[EN]
|
Leasú ar alt 843 (liúntais chaipitiúla i leith foirgneamh a úsáidtear chun críocha oideachais tríú leibhéal) den Phríomh-Acht.
|
51.
—Leasaítear leis seo alt 843 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i bhfo-alt (7), trí “31ú lá de Nollaig, 2002” a chur in ionad “1ú lá d'Iúil, 2000”, agus
|
[EN]
| |
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):
|
[EN]
| |
“(8) D'ainneoin—
|
[EN]
| |
(a) na gcumhachtaí a thugtar don Aire Oideachais agus Eolaíochta agus don Aire Airgeadais, agus na ndualgas a fhorchuirtear orthu, caiteachas caipitiúil áirithe a cheadú nó toiliú lena cheadú, faoi seach, de bhua an mhínithe ar ‘caiteachas cáilitheach’ i bhfo-alt (1), agus
|
[EN]
| |
(b) na gcumhachtaí a thugtar don Aire Airgeadais agus na ndualgas a fhorchuirtear air nó uirthi—
|
[EN]
| |
(i) comhlíonadh cheanglais fho-alt (4) a dheimhniú, nó
|
[EN]
| |
(ii) gan deimhniú faoin bhfo-alt sin a thabhairt tráth ar bith is déanaí ná lá áirithe de bhua fho-alt (7),
|
[EN]
| |
féadfaidh an tAire Oideachais agus Eolaíochta agus an tAire Airgeadais comhaontú, i gcoitinne nó maidir le caiteachas caipitiúil a thabhófar ar aon chineál áirithe áitribh cháilithigh, agus faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leo a fhorchur, an t-údarás chun na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) a fheidhmiú, agus chun na dualgais dá dtagraítear sna míreanna sin a chomhall, a tharmligean chuig an Údarás agus féadfaidh siad iad a tharmligean amhlaidh i scríbhinn agus i gcás go ndéanfaidh na hAirí sin den Rialtas an t-údarás sin a tharmligean amhlaidh—
|
[EN]
| |
(I) beidh feidhm ag an míniú ar ‘caiteachas cáilitheach’ i bhfo-alt (1) amhail is dá mba thagairt do ‘a ndéanfaidh an tÚdarás é a cheadú chun na críche sin’ an tagairt sa mhíniú sin do ‘a ndéanfaidh an tAire Oideachais agus Eolaíochta le toiliú an Aire Airgeadais, tar éis comhairle an Údaráis a fháil, é a cheadú chun na críche sin’, agus
|
[EN]
| |
(II) beidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (7) amhail is dá mba thagairtí do ‘An tÚdarás’ na tagairtí sna fo-ailt sin do ‘an tAire Airgeadais’.”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 403 (srian ar úsáid liúntas caipitiúil i leith sócmhainní léasaithe áirithe) den Phríomh-Acht.
|
52.
—(1) Leasaítear leis seo alt 403 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (9) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1998)—
|
[EN]
| |
(a) i bhfomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (a), trí “léasaí nó léasóir” a chur in ionad “léasaí”, gach áit a bhfuil sé, agus
|
[EN]
| |
(b) i mír (b), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):
|
[EN]
| |
“(ii) i gcás gur soláthraíodh amhlaidh é an lá sin nó dá éis, nach mbeidh sé á úsáid ag an léasaí ach amháin chun críocha trádála sonraithe arna seoladh sa Stát ag an léasaí agus, ach amháin i gcás go soláthraíonn an léasóir an t-innealra nó an gléasra lena léasú i gcúrsa trádála sonraithe arna seoladh ag an léasóir, nach mbeidh sé á úsáid chun críocha aon trádála eile, nó aon ghnó nó gníomhaíochta eile seachas trádáil an léasóra.”.
|
[EN]
| |
(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 4ú lá de Mhárta, 1998.
|
[EN]
|
Liúntais chaipitiúla, agus asbhaint, i leith feithiclí.
|
53.
—Leasaítear leis seo Cuid 11 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i bhfo-alt (2) d'alt 373—
|
[EN]
| |
(i) i mír (j), trí “feithicle inneallghluaiste;” a chur in ionad “feithicle inneallghluaiste.”, agus
|
[EN]
| |
(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (j):
|
[EN]
| |
“(k) £16,000, i gcás inar tabhaíodh an caiteachas an 2ú lá de Nollaig, 1998, nó dá éis, ag soláthar nó ag fruiliú feithicle, nárbh fheithicil úsáidte nó athláimhe í ar an dáta sin nó dá éis agus a cláraíodh i gcéaduair sa Stát faoi alt 131 den Acht Airgeadais, 1992, gan í a bheith cláraithe roimhe sin in aon stát eile a dhéanann socrú cuí do chlárú feithicle inneallghluaiste.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(b) i bhfo-alt (1) d'alt 376, sa mhíniú ar “méid iomchuí”—
|
[EN]
| |
(i) i mír (b), trí “£15,000,” a chur in ionad “£15,000, agus”, agus
|
[EN]
| |
(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):
|
[EN]
| |
“(c) i ndáil le caiteachas cáilitheach arna thabhú an 3ú lá de Nollaig, 1997, nó dá éis agus roimh an 2ú lá de Nollaig, 1998, £15,500, agus
|
[EN]
| |
(d) i ndáil le caiteachas cáilitheach arna thabhú an 2ú lá de Nollaig, 1998, nó dá éis, £16,000;”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 666 (asbhaint i leith méadú ar stocluachanna) den Phríomh-Acht.
|
54.
—Leasaítear leis seo alt 666 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (4)—
|
[EN]
| |
(a) trí “2001” a chur in ionad “1999” i mír (a), agus
|
[EN]
| |
(b) trí “2000-01” a chur in ionad “1998-99” i mír (b),
|
[EN]
| |
agus tá na míreanna sin (a) agus (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
|
[EN]
| |
AN TÁBLA
|
| |
(a) Ní lamhálfar asbhaint faoin alt seo le linn ioncam trádála cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 2001, nó dá éis, a bheith á ríomh.
|
(b) Maidir le haon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil na feirmeoireachta d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid duine nach cuideachta é nó í a bheith á ríomh, ní bheidh feidhm aici chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta is déanaí ná an bhliain 2000-01.
|
|
[EN]
|
Leasú ar alt 667 (forálacha speisialta i leith feirmeoirí cáilitheacha) den Phríomh-Acht.
|
55.
—Leasaítear leis seo alt 667 den Phríomh-Acht, i mír (b) d'fho-alt (2), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998):
|
[EN]
| |
“(ii) an 6ú lá d'Aibreán, 1995, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 2001, don bhliain mheasúnachta ina dtagann an phearsa aonair chun bheith ina fheirmeoir cáilitheach nó ina feirmeoir cáilitheach agus do gach bliain de na 3 bliana measúnachta díreach ina dhiaidh sin.”.
|
[EN]
|
Leasú ar Chaibidil 1 (ginearálta) de Chuid 20 (gnóchain inmhuirearaithe cuideachtaí) den Phríomh-Acht.
|
56.
—(1) Leasaítear leis seo Cuid 20 den Phríomh-Acht, i gCaibidil 1—
|
[EN]
| |
(a) in alt 616(1)—
|
[EN]
| |
(i) trí “den Chaibidil seo” a chur in ionad “den Chuid seo”, agus
|
[EN]
| |
(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) go (c):
|
[EN]
| |
“(a) faoi réir alt 621(1), aon tagairt do chuideachta nó do chuideachtaí ní bheidh feidhm aici ach amháin le cuideachta nó cuideachtaí, mar a theorannaítear le fo-alt (2), ar cuideachta í, nó de réir mar a bheidh, ar cuideachtaí iad—
|
[EN]
| |
(i) i gcás gur san alt seo atá an tagairt, a bhfuil, de bhua dlí Ballstáit de na Comhphobail Eorpacha, cónaí uirthi nó orthu, chun críocha cánach, i mBallstát den sórt sin, agus chun na críche sin ciallaíonn ‘cáin’, i ndáil le Ballstát de na Comhphobail Eorpacha seachas an Stát, aon cháin a fhorchuirtear sa Bhallstát agus atá ar comhréir le cáin chorparáide sa Stát, agus
|
[EN]
| |
(ii) i gcás gur sna hailt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo atá an tagairt, a bhfuil cónaí uirthi nó orthu sa Stát,
|
[EN]
| |
agus déanfar tagairtí do chomhalta nó do chomhaltaí de ghrúpa cuideachtaí a fhorléiriú dá réir sin;
|
[EN]
| |
(b) is fochuideachta éifeachtach 75 faoin gcéad do chuideachta eile (dá ngairtear “an mháthairchuideachta” sa mhír seo) í cuideachta tráth ar bith más rud é, an tráth sin—
|
[EN]
| |
(i) gur fochuideachta 75 faoin gcéad (de réir bhrí alt 9) don mháthairchuideachta í an chuideachta,
|
[EN]
| |
(ii) go bhfuil teideal tairbhiúil ag an máthairchuideachta chuig méid nach lú ná 75 faoin gcéad d'aon bhrabúis atá ar fáil lena ndáileadh chuig sealbhóirí cothromais de chuid na cuideachta, agus
|
[EN]
| |
(iii) go mbeadh teideal tairbhiúil ag an máthairchuideachta chuig méid nach lú ná 75 faoin gcéad de shócmhainní na cuideachta a bheadh ar fáil lena ndáileadh chuig a cuid sealbhóirí cothromais i gcás foirceannadh, agus beidh feidhm ag ailt 413 go 419 chun críocha na míre seo mar atá feidhm acu chun críocha Chaibidil 5 de Chuid 12;
|
[EN]
| |
(bb) beidh príomhchuideachta agus gach fochuideachta éifeachtach 75 faoin gcéad dá cuid ina ngrúpa, agus i gcás gur comhalta de ghrúpa í príomhchuideachta de bhrí gur fochuideachta éifeachtach 75 faoin gcéad í féin, cuimseoidh an grúpa sin a fochuideachtaí éifeachtacha 75 faoin gcéad go léir;
|
[EN]
| |
(c) ciallaíonn ‘príomhchuideachta’ cuideachta ar fochuideachta éifeachtach 75 faoin gcéad di cuideachta eile;”,
|
[EN]
| |
(b) in alt 616—
|
[EN]
| |
(i) trí “fochuideachta éifeachtach 75 faoin gcéad” a chur in ionad “fochuideachta 75 faoin gcéad” (sa dá áit ina bhfuil sé) i bhfo-alt (3), agus
|
[EN]
| |
(ii) trí “aon fhochuideachta éifeachtach 75 faoin gcéad” a chur in ionad “aon fhochuideachta 75 faoin gcéad” i bhfo-alt (4),
|
[EN]
| |
(c) in alt 621(4), trí “aon fhochuideachta éifeachtach 75 faoin gcéad” a chur in ionad “aon fhochuideachta 75 faoin gcéad”,
|
[EN]
| |
(d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 623:
|
| |
“Forálacha idirthréimhseacha i leith alt 623.
|
623A.—(1) San alt seo ciallaíonn ‘an míniú nua’ alt 616 arna leasú le halt 56 den Acht Airgeadais, 1999, agus ciallaíonn ‘an seanmhíniú’ an t-alt sin mar a bhí éifeacht leis an 10ú lá d'Fheabhra, 1999.
(2) Más rud é—
(a) ar an 11ú lá d'Fheabhra, 1999, go scoirfidh cuideachta, chun críocha alt 616 agus na bhforálacha den Chuid seo i ndiaidh an ailt sin, de bheith ina comhalta de ghrúpa de bhíthin amháin go gcuirtear an míniú nua in ionad an tseanmhínithe, agus
(b) mar gheall ar scor de bheith ina comhalta den sórt sin, go ndéanfaí, ar leith ón alt seo, an chuideachta a áireamh, de bhua alt 623(4), mar chuideachta a dhíolann sócmhainn tráth ar bith,
ní áireofar an chuideachta mar chuideachta a dhíolann an tsócmhainn an tráth sin mura rud é go dtagann na coinníollacha i bhfo-alt (3) chun bheith comhlíonta, á chur i gcás chun na críche sin go bhfuil feidhm ag an seanmhíniú.
(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—
(a) go scoireann an chuideachta, chun críocha alt 623, tráth ar bith (dá ngairtear an ‘tráth iomchuí’ san fho-alt seo) de bheith ina comhalta den ghrúpa dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a),
(b) go bhfuil an tsócmhainn, nó maoin a ndearnadh, ar í a fháil, gnóchan inmhuirearaithe i ndáil leis an tsócmhainn a iarchur ar athsholáthar sócmhainní gnó, ar úinéireacht, an tráth iomchuí, ar shlí seachas mar stoc trádála, ag an gcuideachta (nó ag cuideachta chomhlachaithe a scoireann freisin de bheith ina comhalta den ghrúpa sin an tráth sin), agus
(c) gur laistigh den tréimhse 10 mbliana dar críoch an tráth iomchuí a bhí tráth fála na sócmhainne dá dtagraítear in alt 623(2).”,
|
|
[EN]
| |
(e) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 625:
|
| |
“Forálacha idirthréimhseacha i leith alt 625.
|
625A.—(1) San alt seo—
tá le ‘an fhochuideachta’ agus ‘an chuideachta inmhuirearaithe’ na bríonna céanna, faoi seach, a shanntar dóibh le 625(1);
ciallaíonn ‘an míniú nua’ alt 616 arna leasú le halt 56 den Acht Airgeadais, 1999, agus ciallaíonn ‘an seanmhíniú’ an t-alt sin mar a bhí éifeacht leis an 10ú lá d'Fheabhra, 1999.
(2) Más rud é—
(a) ar an 11ú lá d'Fheabhra, 1999, go scoireann an fhochuideachta, chun críocha alt 616 agus na bhforálacha den Chuid seo i ndiaidh an ailt sin, de bheith ina comhalta de ghrúpa de bhíthin amháin go gcuirtear an míniú nua in ionad an tseanmhínithe, agus
(b) mar gheall ar scor de bheith ina comhalta den sórt sin, go ndéanfaí, ar leith ón alt seo, an chuideachta inmhuirearaithe a áireamh, de bhua alt 625(2), mar chuideachta a dhíolann scaireanna san fhochuideachta tráth ar bith,
ní áireofar an chuideachta inmhuirearaithe mar chuideachta a dhíolann na scaireanna an tráth sin mura rud é go dtagann na coinníollacha i bhfo-alt (3) chun bheith comhlíonta, á chur i gcás chun na críche sin go bhfuil feidhm ag an seanmhíniú.
(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—
(a) go scoireann an fhochuideachta, chun críocha alt 625, tráth ar bith (dá ngairtear ‘an tráth iomchuí’ san fho-alt seo) de bheith ina comhalta den ghrúpa dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a), agus
(b) gur laistigh den tréimhse 10 mbliana dar críoch an tráth iomchuí a bhí tráth na hócáide is luaithe dá dtagraítear in alt 625(1)(a).”,
|
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(f) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 626:
|
| |
“Srian ar fhritháireamh caillteanas réamhiontrála.
|
626A.—Chun críocha Chuid 20, beidh feidhm ag Sceideal 18A (lena ndéantar foráil i ndáil le caillteanais a fhabhraíonn chuig cuideachta roimh an tráth a dtagann sí chun bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí agus i ndáil le caillteanais a fhabhraíonn ar shócmhainní atá á sealbhú ag aon chuideachta tráth den sórt sin).”.
|
|
[EN]
| |
(2) Beidh feidhm ag an alt seo—
|
[EN]
| |
(a) maidir le mír (a) d'fho-alt (1), a mhéid a bhaineann sé le halt 616(1)(a) den Phríomh-Acht, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Iúil, 1998, nó dá éis, agus
|
[EN]
| |
(b) in aon chás eile, amhail ar an agus ón 11ú lá d'Fheabhra, 1999.
|
[EN]
|
Srian ar fhritháireamh caillteanas réamhiontrála.
|
57.
—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an Sceideal nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 18:
|
| |
“Alt 626A.
|
SCEIDEAL 18A
Srian ar Fhritháireamh Caillteanas Réamhiontrála
Feidhm agus forléiriú an Sceidil
1. (1) Beidh feidhm ag an Sceideal seo i gcás cuideachta atá nó a bhí ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí (dá ngairtear ‘an grúpa iomchuí’ sa Sceideal seo) i ndáil le haon chaillteanais réamhiontrála de chuid na cuideachta.
(2) Sa Sceideal seo ciallaíonn ‘caillteanas réamhiontrála’, i ndáil le cuideachta—
(a) caillteanas inlamhála a d'fhabhraigh chuig an gcuideachta aon tráth sular tháinig sí chun bheith ina comhalta den ghrúpa iomchuí a mhéid nach ndearnadh an caillteanas a lamháil mar asbhaint as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhabhraigh chuig an gcuideachta roimh an tráth sin, nó
(b) an cion réamhiontrála de chaillteanas inlamhála a d'fhabhraigh chuig an gcuideachta ar dhiúscairt sócmhainne réamhiontrála,
agus chun críocha an Sceidil seo déanfar an cion réamhiontrála de chaillteanas inlamhála a ríomh de réir mhír 2.
(3) Sa Sceideal seo ciallaíonn ‘sócmhainn réamhiontrála’, i ndáil le diúscairt, faoi réir fhomhír (4), sócmhainn a bhí á sealbhú ag cuideachta an tráth díreach sular tháinig an chuideachta chun bheith ina comhalta den ghrúpa iomchuí.
(4) Ní bheidh sócmhainn ina sócmhainn réamhiontrála i ndáil le diúscairt i gcás—
(a) nach í an chuideachta a raibh an tsócmhainn ina seilbh aici an tráth a tháinig an chuideachta chun bheith ina comhalta den ghrúpa iomchuí an chuideachta a dhéanann an diúscairt, agus
(b) ón tráth sin i leith go ndearnadh an tsócmhainn a dhiúscairt ar shlí seachas trí dhiúscairt a bhfuil feidhm ag alt 617 maidir léi,
ach, gan dochar d'fhomhír (8), más rud é go scoirfeadh sócmhainn, ar dhiúscairt nach bhfuil feidhm ag alt 617 maidir léi, de bheith ina sócmhainn réamhiontrála de bhua na fomhíre seo agus go gcoimeádann an chuideachta a dhéanann an diúscairt aon leas sa tsócmhainn atá i gceist nó thairsti, beidh an leas sin ina shócmhainn réamhiontrála chun críocha an Sceidil seo.
(5) Na tagairtí sa Sceideal seo, i ndáil le sócmhainn réamhiontrála, don tráth iomchuí, is tagairtí iad don tráth a tháinig an chuideachta ar faoina treoir atá an tsócmhainn ina sócmhainn réamhiontrála chun bheith ina comhalta den ghrúpa iomchuí agus chun críocha an Sceidil seo—
(a) i gcás gur tháinig cuideachta chun bheith ina comhalta den ghrúpa iomchuí ar níos mó ná ócáid amháin, beidh sócmhainn ina sócmhainn réamhiontrála faoi threoir na cuideachta dá mbeadh an tsócmhainn ina sócmhainn réamhiontrála faoi threoir na cuideachta maidir le haon ócáid amháin de na hócáidí sin, agus
(b) na tagairtí sna forálacha ina dhiaidh seo den Sceideal seo don tráth a tháinig cuideachta chun bheith ina comhalta den ghrúpa iomchuí, i ndáil le sócmhainní a bhí á sealbhú ar níos mó ná ócáid amháin den sórt a luaitear i gclásal (a), is tagairtí iad don ócáid is déanaí de na hócáidí sin.
(6) Más rud é—
(a) gur tháinig an phríomhchuideachta de ghrúpa cuideachtaí (dá ngairtear ‘an chéad ghrúpa’ sa mhír seo) tráth ar bith chun bheith ina comhalta de ghrúpa eile (dá ngairtear ‘an dara grúpa’ sa mhír seo) ionas go ndéileáiltear leis an dá ghrúpa amhail is dá mba ionann iad de bhua fho-alt (3) d'alt 616, agus
(b) gurb é an dara grúpa, mar aon leis an gcéad ghrúpa de bhun an fho-ailt sin (3), an grúpa iomchuí,
ansin, ach amháin i gcás go bhfuil feidhm ag fomhír (7), déileálfar le comhaltaí an chéad ghrúpa chun críocha an Sceidil seo mar chomhaltaí a tháinig chun bheith ina gcomhaltaí den ghrúpa iomchuí an tráth sin, agus ní, de bhua an fho-ailt sin (3), ag na tráthanna a tháinig siad chun bheith ina gcomhaltaí den chéad ghrúpa.
(7) Tá feidhm ag an bhfomhír seo más rud é—
(a) gurb ionann na daoine a raibh, díreach roimh an tráth a tháinig an phríomhchuideachta den chéad ghrúpa chun bheith ina comhalta den dara grúpa, na scaireanna a cuimsíodh i scairchaipiteal eisithe phríomhchuideachta an chéad ghrúpa ar úinéireacht acu, agus na daoine a raibh, díreach tar éis an trátha sin, na scaireanna a cuimsíodh i scairchaipiteal eisithe phríomhchuideachta an ghrúpa iomchuí ar úinéireacht acu, agus
(b) maidir leis an gcuideachta arb í príomhchuideachta an ghrúpa iomchuí í díreach tar éis an trátha sin—
(i) nárbh í príomhchuideachta aon ghrúpa í díreach roimh an tráth sin, agus
(ii) díreach tar éis an trátha sin, go raibh sócmhainní aici arbh éard iad go hiomlán, nó beagnach go hiomlán, scaireanna a cuimsíodh i scairchaipiteal eisithe phríomhchuideachta an chéad ghrúpa.
(8) Chun críocha an Sceidil seo—
(a) déileálfar le sócmhainn (dá ngairtear ‘an chéad sócmhainn’ san fhomhír seo) a fuair cuideachta nó a bhí á sealbhú aici tráth ar bith agus le sócmhainn (dá ngairtear ‘an dara sócmhainn’ san fhomhír seo) a bhí á sealbhú ag an gcuideachta (nó ag aon chuideachta atá nó a bhí ina comhalta den ghrúpa céanna cuideachtaí leis an gcuideachta) tráth níos déanaí, ionann is dá mba iad an tsócmhainn chéanna iad i gcás luach an dara sócmhainn a bheith díorthaithe go hiomlán nó go páirteach ón gcéad sócmhainn, agus
(b) más rud é—
(i) go ndéileáiltear le sócmhainn (cibé acu de bhua chlásal (a) nó ar shlí eile) mar an gcéanna le sócmhainn a bhí á sealbhú ag cuideachta tráth níos déanaí, agus
(ii) go mbeadh an chéad sócmhainn ina sócmhainn réamhiontrála i ndáil leis an gcuideachta,
déileálfar leis an dara sócmhainn mar shócmhainn réamhiontrála i ndáil leis an gcuideachta freisin,
agus beidh feidhm ag clásal (a) go háirithe i gcás gur ruíleas an dara sócmhainn agus gur léasacht an chéad sócmhainn a bhfaigheann a léasaí an fhrithdhílse.
(9) Le linn a bheith á chinneadh, chun críocha an Sceidil seo, an caillteanas a d'fhabhraigh sular tháinig cuideachta chun bheith ina comhalta den ghrúpa iomchuí aon chaillteanas inlamhála a fhabhraíonn chuig an gcuideachta ar dhiúscairt faoi alt 719 nó 738(4)(a), tabharfar neamhaird ar fhorálacha alt 720 nó 738(4)(b), de réir mar a bheidh.
Caillteanas réamhiontrála a ríomh faoi threoir margadhluacha
2. (1) I gcás go bhfabhraíonn caillteanas inlamhála ar dhiúscairt a bheith déanta ag cuideachta ar aon sócmhainn réamhiontrála, is éard a bheidh sa chion réamhiontrála den chaillteanas sin cibé ceann is lú de na méideanna a luaitear i bhfomhír (2).
(2) Is iad na méideanna dá dtagraítear i bhfomhír (1)—
(a) an méid den chaillteanas inlamhála a bheadh fabhraithe dá mba rud é go ndearnadh an tsócmhainn a dhiúscairt an tráth iomchuí ar a margadhluach an tráth sin, agus
(b) an méid den chaillteanas inlamhála a fhabhraíonn ar an diúscairt a luaitear i bhfomhír (1).
Gnóchain a bhfuil caillteanais réamhiontrála le bheith inasbhainte astu
3. (1) D'ainneoin alt 78(2), maidir le caillteanas réamhiontrála a d'fhabhraigh chuig cuideachta ar dhiúscairt sular tháinig an chuideachta chun bheith ina comhalta den ghrúpa iomchuí, ní bheidh sé inasbhainte ach amháin as gnóchan inmhuirearaithe a fhabhraíonn chuig an gcuideachta más rud é gur gnóchan é a fhabhraíonn—
(a) ar dhiúscairt a rinne an chuideachta roimh an dáta (dá ngairtear ‘an dáta iontrála’ sa mhír seo) ar tháinig an chuideachta chun bheith ina comhalta den ghrúpa iomchuí agus a rinneadh sa tréimhse chuntasaíochta chéanna ina bhfuil an dáta iontrála,
(b) ar dhiúscairt sócmhainne a bhí á sealbhú ag an gcuideachta díreach roimh an dáta iontrála, nó
(c) ar dhiúscairt sócmhainne—
(i) a fuair an chuideachta ar an dáta iontrála nó dá éis ó dhuine nach raibh, tráth na fála, ina chomhalta nó ina comhalta den ghrúpa iomchuí, agus
(ii) nach ndearnadh í a úsáid nó a shealbhú, ó fuarthas ón duine í, chun críoch ar bith seachas críocha trádála a bhí á seoladh ag an gcuideachta an tráth díreach roimh an dáta iontrála agus ar lean an chuideachta de bheith á seoladh go dtí an diúscairt.
(2) D'ainneoin alt 78(2), maidir leis an gcion réamhiontrála de chaillteanas inlamhála a fhabhraíonn chuig cuideachta ar shócmhainn réamhiontrála a dhiúscairt, ní bheidh sé inasbhainte ach amháin as gnóchan inmhuirearaithe a fhabhraíonn chuig an gcuideachta más rud é—
(a) gur gnóchan é a fhabhraíonn ar dhiúscairt a rinne an chuideachta roimh an dáta iontrála agus a rinneadh sa tréimhse chuntasaíochta chéanna ina bhfuil an dáta iontrála agus gurb í an chuideachta an ceann (dá ngairtear ‘an chuideachta thosaigh’ san fhomhír seo) ar faoina treoir atá an tsócmhainn, ar ar a diúscairt a fhabhraíonn an caillteanas, ina sócmhainn réamhiontrála,
(b) go raibh an tsócmhainn réamhiontrála agus an tsócmhainn ar ar a diúscairt a fhabhraíonn an gnóchan araon á sealbhú ag an gcuideachta chéanna tráth díreach sular tháinig an chuideachta chun bheith ina comhalta den ghrúpa iomchuí, nó
(c) gur gnóchan é a fhabhraíonn ar dhiúscairt sócmhainne—
(i) a fuair an chuideachta thosaigh (cibé acu sular tháinig an chuideachta thosaigh chun bheith ina comhalta den ghrúpa iomchuí nó dá éis sin) ó dhuine nach raibh, tráth na fála, ina chomhalta nó ina comhalta den ghrúpa sin, agus
(ii) nach ndearnadh í a úsáid nó a shealbhú, ó fuarthas ón duine í, chun críoch ar bith seachas críocha trádála a bhí á seoladh, díreach roimh an dáta iontrála, ag an gcuideachta thosaigh agus ar lean an chuideachta thosaigh de bheith á seoladh go dtí an diúscairt.
(3) I gcás ina dtagann 2 chuideachta nó níos mó chun bheith ina gcomhaltaí den ghrúpa iomchuí an tráth céanna agus go raibh na cuideachtaí sin go léir ina gcomhaltaí den ghrúpa céanna cuideachtaí díreach sular tháinig na cuideachtaí sin chun bheith ina gcomhaltaí den ghrúpa iomchuí, ansin—
(a) déileálfar, chun críocha fhomhír (1)(b), le sócmhainn mar shócmhainn a bhí, díreach sular tháinig an chuideachta chun bheith ina comhalta den ghrúpa iomchuí, á sealbhú ag an gcuideachta ar fhabhraigh an caillteanas réamhiontrála atá i gceist chuici más ceann de na cuideachtaí sin í an chuideachta agus má bhí an tsócmhainn á sealbhú amhlaidh iarbhír ag ceann eile de na cuideachtaí sin, (b) déileálfar, chun críocha fhomhír (2)(b), le dhá shócmhainn nó níos mó mar shócmhainní a bhí á sealbhú ag an gcuideachta chéanna díreach sular tháinig an chuideachta chun bheith ina comhalta den ghrúpa iomchuí in aon chás ina ndéileálfaí amhlaidh leo dá mba rud é go ndéileálfaí leis na cuideachtaí sin go léir mar chuideachta aonair, agus
(c) déileálfar, chun críocha fhomhíreanna (1)(c) agus (2)(c), le fáil sócmhainne mar fháil ag an gcuideachta ar fhabhraigh an caillteanas réamhiontrála atá i gceist chuici más rud é gur ceann de na cuideachtaí sin í an chuideachta agus go bhfuair ceann eile de na cuideachtaí sin an tsócmhainn iarbhír (cibé acu sular tháinig na cuideachtaí sin chun bheith ina gcomhaltaí den ghrúpa iomchuí nó dá éis sin).
Athrú ar chineál cuideachta
4. (1) Más rud é—
(a) laistigh d'aon tréimhse 3 bliana, go dtiocfaidh cuideachta chun bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí agus go mbeidh (níos luaithe nó níos déanaí sa tréimhse sin, nó an tráth céanna) mórathrú ar chineál nó ar stiúradh trádála a sheolann an chuideachta, nó
(b) aon tráth tar éis do scála na ngníomhaíochtaí i dtrádáil a sheolann cuideachta a bheith éirithe beag nó neamhbhríoch, agus roimh aon mhórbhorradh a theacht ar an trádáil, go dtiocfaidh an chuideachta chun bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí,
tabharfar neamhaird, chun críocha fhomhíreanna (1)(c) agus (2)(c) de mhír 3, ar an trádáil a seoladh roimh an athrú a luaitear i gclásal (a), nó, de réir mar a bheidh, ar an trádáil a luaitear i gclásal (b), i ndáil le haon tráth sular tháinig an chuideachta chun bheith ina comhalta den ghrúpa atá i gceist.
(2) I bhfomhír (1) folaíonn an tagairt do mhórathrú ar chineál nó ar stiúradh trádála tagairt—
(a) do mhórathrú ar an saghas maoine a ndéileáiltear inti, nó ar na seirbhísí nó na saoráidí a sholáthraítear, sa trádáil, nó
(b) do mhórathrú ar chustaiméirí, ar mhargaí nó ar easraisí na trádála,
agus beidh feidhm ag an mír seo fiú más athrú é a lean próiseas céimseach a thosaigh lasmuigh den tréimhse 3 bliana a luaitear i bhfomhír (1)(a).
(3) I gcás oibriú na míre seo a bheith ag brath ar imthosca nó ar theagmhais tráth tar éis don chuideachta teacht chun bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí (ach tráth nach mó ná 3 bliana dá éis sin) ní bheidh measúnacht chun éifeacht a thabhairt don mhír seo as am má dhéantar í laistigh de 6 bliana ón tráth sin nó ón tráth is déanaí den sórt sin.
Cuideachtaí ag athrú grúpaí ar aistrithe áirithe scaireanna etc.
5. Chun críocha an Sceidil seo, más rud é—
(a) go dtagann cuideachta atá ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí chun bheith tráth ar bith ina comhalta de ghrúpa eile cuideachtaí de thoradh ar dhiúscairt scaireanna sa chuideachta nó in aon chuideachta eile nó de thoradh diúscairt urrús eile de chuid na cuideachta nó de chuid aon chuideachta eile, agus
(b) gur diúscairt í an diúscairt sin nach bhfabhródh gnóchan ná caillteanas uirthi, de bhua aon fhoráil de na hAchtanna Cánach nó de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,
beidh feidhm ag an Sceideal seo i ndáil leis na caillteanais a d'fhabhraigh chuig an gcuideachta roimh an tráth sin agus leis na sócmhainní a bhí á sealbhú ag an gcuideachta an tráth sin amhail is dá mbeadh aon tráth a raibh an chuideachta ina comhalta den chéad ghrúpa san áireamh sa tréimhse a ndéileáiltear leis an gcuideachta mar chuideachta a bhí ina comhalta den dara grúpa lena linn.”.
(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta a thiocfaidh chun bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí an 1ú lá de Mhárta, 1999, nó dá éis.
|
|
[EN]
|
Leasú ar alt 746 (gnóchain ioncaim eischósta a fhabhraíonn chuig daoine a bhfuil cónaí nó sainchónaí orthu thar lear) den Phríomh-Acht.
|
58.
—(1) Leasaítear leis seo alt 746 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
|
[EN]
| |
“(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh feidhm ag ailt 579 agus 579A, i ndáil lena bhfeidhm maidir le gnóchain ioncaim eischósta, amhail is dá ndéanfaí—
|
[EN]
| |
(a) tagairt do ghnóchan ioncaim eischósta a chur in ionad aon tagairtí do ghnóchan inmhuirearaithe,
|
[EN]
| |
(b) ‘na nAchtanna Cánach’ a chur in ionad ‘na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil’ i bhfo-alt (2) d'alt 579 agus i bhfo-alt (4) d'alt 579A,
|
[EN]
| |
(c) i bhfo-alt (2) d'alt 579 agus i bhfo-alt (3) d'alt 579A ‘i leith cánach ioncaim de bhua alt 745’ a chur in ionad ‘i leith cánach gnóchan caipitiúil faoi alt 31’, agus
|
[EN]
| |
(d) i bhfo-alt (5) d'alt 579 agus i bhfo-alt (9) d'alt 579A—
|
[EN]
| |
(i) ‘aon chánach ioncaim nó cánach corparáide is iníoctha’ a chur in ionad ‘aon chánach gnóchan caipitiúil is iníoctha’, agus
|
[EN]
| |
(ii) ‘chun críocha cánach ioncaim, cánach corparáide’ a chur in ionad ‘chun críocha cánach ioncaim’.”,
|
[EN]
| |
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
|
[EN]
| |
“(2A) Más rud é, in aon bhliain mheasúnachta—
|
[EN]
| |
(a) go mbeidh gnóchan inmhuirearaithe le cur i leith tairbhí, faoi alt 579A(4), mar atá feidhm aige ar leith ó fho-alt (1), agus
|
[EN]
| |
(b) go mbeidh gnóchan ioncaim eischósta le cur i leith an tairbhí chomh maith, faoi alt 579A(4), arna chur chun feidhme le fo-alt (1),
|
[EN]
| |
beidh feidhm ag alt 579A amhail is dá gceanglófaí leis gnóchain ioncaim eischósta a chur i leith duine roimh ghnóchain inmhuirearaithe.”,
|
[EN]
| |
(c) i bhfo-alt (3), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c):
|
[EN]
| |
“(b) tagairt do cháin ioncaim nó cáin chorparáide a chur in ionad na tagartha i bhfo-alt (9) den alt sin do cháin ghnóchan caipitiúil, agus
|
[EN]
| |
(c) míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (7), agus fo-alt (11), den alt sin a scriosadh.”,
|
[EN]
| |
(d) i bhfo-alt (4), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):
|
[EN]
| |
“(b) ‘cánach ioncaim nó cánach corparáide ina leith faoi ailt 579 go 579F nó alt 590, arna chur chun feidhme le halt 746’ a chur in ionad ‘cánach gnóchan caipitiúil ina leith faoi ailt 579 go 579F nó alt 590’,”
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(e) i bhfo-ailt (5) agus (6), trí “ailt 806, 807 agus 807A” a chur in ionad “ailt 806 agus 807”, gach áit a bhfuil sé.
|
| |
(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 11ú lá d'Fheabhra, 1999.
|
[EN]
|
Leasú ar Chaibidil 1 (ceannach agus díol urrús) de Chuid 28 den Phríomh-Acht.
|
59.
—(1) Leasaítear leis seo Cuid 28 den Phríomh-Acht, i gCaibidil 1, trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 751:
|
| |
“Scaireanna a theachtar mar stoc trádála a mhalartú.
|
751A.—(1) San alt seo—
tá le ‘sealbhán nua’, i ndáil le scaireanna bunaidh, agus le ‘scaireanna bunaidh’, faoi seach, na bríonna céanna atá leo in alt 584(1).
(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) i gcás ina dtarlaíonn idirbheart, a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis, i ndáil le haon scaireanna bunaidh—
(a) a bhfuil teideal tairbhiúil chucu ag duine a sheolann gnó arb éard é go hiomlán nó go páirteach déileáil in urrúis, agus
(b) ar de shórt iad gur chuid de bhrabúis thrádála an ghnó sin brabús ar a ndíol.
(3) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon idirbheart, ar diúscairt scaireanna bunaidh é, a mbeadh de thoradh air, murar scaireanna den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) iad na scaireanna bunaidh, nach ndéileálfaí leis an diúscairt mar dhiúscairt de bhua ailt 584 go 587; ach níl feidhm aige maidir le haon idirbheart a bhfuil feidhm ag alt 751B i ndáil leis.
(4) Faoi réir fho-alt (5), le linn aon ríomh a dhéanamh de réir na bhforálacha de na hAchtanna Cánach is infheidhme maidir le brabúis thrádála is inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D—
(a) déileálfar leis an idirbheart a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis mar idirbheart nach bhfuil aon diúscairt ar na scaireanna bunaidh i gceist ann, agus
(b) déileálfar leis an sealbhán nua mar an tsócmhainn chéanna leis na scaireanna bunaidh.
(5) Más rud é, faoi idirbheart a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis, go bhfaigheann an duine lena mbaineann aon chomaoin, nó go dtagann sé nó sí chun bheith i dteideal aon chomaoin a fháil, i dteannta an tsealbháin nua, beidh éifeacht le fo-alt (4) amhail is dá mba éard iad na tagairtí do na scaireanna bunaidh tagairtí don chomhréir díobh atá idir margadhluach an tsealbháin nua tráth an idirbhirt agus comhiomlán an luacha sin agus mhargadhluach na comaoine sin an tráth sin (nó, más airgead atá inti, mhéid na comaoine sin).
(6) Beidh éifeacht le fo-ailt (4) agus (5), fairis na modhnuithe is gá, i ndáil le haon ríomh arna dhéanamh chun críocha alt 707(4) i gcás ina ndéileáiltear leis na scaireanna bunaidh a bhí á sealbhú ag an gcuideachta lena mbaineann agus leis an sealbhán nua mar an tsócmhainn chéanna de bhua aon cheann d'ailt 584 go 587.
|
|
| |
Bannaí de chuid Rialtas na hÉireann a mhalartú.
|
751B.—(1) San alt seo—
tá le ‘tréimhse inmhuirearaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 321(2);
ciallaíonn ‘an malartú’ i ndáil le hinfheisteoir, malartú sean-urrús ar urrúis nua faoin gClár Malartaithe i mbannaí de chuid Rialtas na hÉireann arna ainmniú ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta;
ciallaíonn ‘infheisteoir’ aon duine a dhéanfaidh, mar úinéir tairbhiúil urrús, iad a mhalartú ar urrúis nua faoin malartú;
ciallaíonn ‘lá íocaíochta deireanach’ i ndáil le sean-urrúis, an lá deireanach, roimh an lá ar a dtarlaíonn an malartú, ar a bhfuil ús iníoctha i leith na sean-urrús; agus i gcás inar féidir ús den sórt sin a íoc ar líon laethanta, déileálfar leis an ús sin mar ús atá iníoctha ar an gcéad lá de na laethanta sin; ach más rud é nárbh ann d'aon lá ar a raibh ús i leith sean-urrús iníoctha roimh an lá ar a dtarlaíonn an malartú, ciallaíonn an lá íocaíochta deireanach lá eisiúna na sean-urrús;
ciallaíonn ‘sean-urrúis’ na hurrúis chéadluaite sa mhíniú ar ‘infheisteoir’;
ciallaíonn ‘urrúis nua’ na hurrúis a eisítear chuig infheisteoir mar mhalairt ar shean-urrúis faoin malartú;
ciallaíonn ‘urrúis’ urrúis a bhfuil feidhm ag alt 36 maidir leo.
(2) (a) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (5) maidir le hinfheisteoir ar duine é nó í a sheolann trádáil nó gnó arb éard í nó é go hiomlán nó go páirteach déileáil in urrúis a bhfuil aon bhrabúis nó gnóchain ina leith inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D.
(b) Beidh feidhm ag fo-alt (6) maidir le haon infheisteoir seachas infheisteoir dá dtagraítear i mír (a).
(3) Déanfar méid cánach (dá ngairtear ‘an cháin iarchurtha’ san alt seo) a ríomh, don tréimhse inmhuirearaithe ina dtarlaíonn an malartú ag infheisteoir lena mbaineann an fo-alt seo, i gcás go ndéanfar an cháin iarchurtha a fhionnadh de réir na foirmle—
(a) i gcás ina bhfuil an t-infheisteoir inmhuirearaithe i leith cánach sa tréimhse inmhuirearaithe maidir le hús a fuarthas sa tréimhse inmhuirearaithe—
A — B — C, agus
(b) in aon chás eile—
A — B
i gcás—
gurb é A méid na cánach a bheadh, ar leith ón alt seo, le híoc faoi dheoidh ag an infheisteoir don tréimhse inmhuirearaithe sin;
gurb é B méid na cánach a bheadh, ar leith ón alt seo, le híoc faoi dheoidh ag an infheisteoir don tréimhse inmhuirearaithe sin más rud é nach gcuirfí an malartú i gcuntas le linn an cháin sin a bheith á ríomh, ach, i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (b), folaíonn sé an cháin ar ús a d'fhabhraigh maidir le sean-urrúis ó thosach na tréimhse inmhuirearaithe sin, nó ón lá ar a bhfuair an t-infheisteoir na sean-urrúis, cibé acu is déanaí, go dtí an lá a tharla an malartú; agus
gurb é C an méid atá in ionannas na cánach ar ús fabhraithe don tréimhse inmhuirearaithe sin maidir le sean-urrúis agus atá san áireamh in A.
(4) Chun críocha fho-alt (3) is é an t-ús fabhraithe maidir le sean-urrúis an t-ús a d'fhabhraigh ar urrúis den sórt sin—
(a) ón lá íocaíochta deireanach maidir leis na sean-urrúis, nó
(b) ón lá ar a bhfuair infheisteoir na sean-urrúis,
cibé acu is déanaí.
(5) I gcás ina roghnóidh infheisteoir lena mbaineann an t-alt seo amhlaidh, déanfar méid na cánach a bheidh, ar leith ón bhfo-alt seo, le híoc faoi dheoidh don tréimhse inmhuirearaithe ina dtarlaíonn an malartú, a laghdú de mhéid na cánach iarchurtha agus measfar, maidir le méid na cánach iarchurtha, gur méid cánach é a bheidh le híoc faoi dheoidh don tréimhse inmhuirearaithe (dá ngairtear ‘an tréimhse inmhuirearaithe is déanaí’ san fho-alt seo) ina ndéantar na hurrúis nua a dhiúscairt i dteannta aon chánach a bheidh, ar leith ón bhfo-alt seo, le híoc faoi dheoidh don tréimhse inmhuirearaithe is déanaí agus beidh feidhm ag forálacha Chuid 41 dá réir sin.
(6) (a) Faoi réir mhír (b), maidir le méid na cánach gnóchan caipitiúil a bheadh inmhuirearaithe, ar leith ón bhfo-alt seo, ar ghnóchain inmhuirearaithe a fhabhraíonn chuig infheisteoir lena mbaineann an fo-alt seo, ar dhiúscairt sean-urrús, tar éis na gnóchain inmhuirearaithe sin a laghdú d'aon chaillteanais inlamhála faoi alt 31, measfar, má roghnaíonn an t-infheisteoir amhlaidh, gur méid cánach gnóchan caipitiúil é is inmhuirearaithe ar ghnóchain inmhuirearaithe a mheastar a fhabhraíonn chuig an infheisteoir sa tréimhse inmhuirearaithe (dá ngairtear ‘an tréimhse inmhuirearaithe is déanaí’ san fho-alt seo) ina ndéantar na hurrúis nua a dhiúscairt (agus ní in aon tréimhse inmhuirearaithe eile) i dteannta aon chánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar ghnóchain inmhuirearaithe a fhabhraíonn chuig an infheisteoir sa tréimhse inmhuirearaithe is déanaí agus beidh feidhm ag forálacha Chuid 41 dá réir sin.
(b) Beidh feidhm ag alt 815 maidir le diúscairt na sean-urrús a bhfuil feidhm ag mír (a) maidir léi amhail is dá ndéanfaí—
(i) i bhfo-alt (3)(b) den alt sin, ‘mura rud é gurb é atá sa trádáil, go hiomlán nó go páirteach, gnó saoil nach ndéantar na brabúis uaidh a mheasúnú i leith cánach corparáide faoi Chás I de Sceideal D don tréimhse chuntasaíochta sin’ a chur isteach i ndiaidh ‘don tréimhse chuntasaíochta sin’, agus
(ii) fo-alt (3)(c) den alt sin a scriosadh.
(7) Déanfar an roghnú dá dtagraítear i bhfo-ailt (5) agus (6) laistigh de thréimhse dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe ina dtarlaíonn diúscairt na sean-urrús.”.
|
|
[EN]
| |
(2) Beidh feidhm ag an alt seo—
|
[EN]
| |
(a) maidir le halt 751A a cuireadh isteach sa Phríomh-Acht le fo-alt (1), amhail ar an agus ón 11ú lá d'Fheabhra, 1999,
|
[EN]
| |
(b) maidir le halt 751B a cuireadh isteach sa Phríomh-Acht le fo-alt (1), maidir le malartú sean-urrús ar urrúis nua (de réir bhrí an ailt sin 751B) sa tréimhse dar tosach an 11ú lá d'Fheabhra, 1999, agus dar críoch roimh an 1ú lá d'Eanáir, 2000.
|
[EN]
|
Leasú ar Chuid 33 (frithsheachaint) den Phríomh-Acht.
|
60.
—(1) Leasaítear leis seo Cuid 33 den Phríomh-Acht, i gCaibidil 1—
|
[EN]
| |
(a) in alt 806—
|
[EN]
| |
(i) i bhfo-alt (1), trí “San alt seo agus in alt 807A—” a chur in ionad “San alt seo—”,
|
[EN]
| |
(ii) i bhfo-alt (2), trí “Chun críocha an ailt seo agus alt 807A—” a chur in ionad “Chun críocha an ailt seo—”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(iii) i bhfo-alt (5), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):
|
[EN]
| |
“(c) Chun críocha mhír (b), áireofar mar shuim chaipitiúil a fhaigheann pearsa aonair nó atá pearsa aonair i dteideal a fháil aon suim a fhaigheann tríú duine nó atá sé nó sí i dteideal a fháil ar ordú na pearsan aonair nó de bhua an phearsa aonair do shannadh cheart na pearsan aonair í a fháil.”,
|
[EN]
| |
(b) in alt 807, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):
|
[EN]
| |
“(5) Ní bheidh pearsa aonair, a bhfuil sainchónaí air nó uirthi lasmuigh den Stát, inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim maidir le haon ioncam a mheastar a bheith ag an bpearsa aonair de bhua alt 806 más rud é nach mbeadh an phearsa aonair, mar gheall ar shainchónaí a bheith air nó uirthi amhlaidh, inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim maidir leis an ioncam sin dá mba rud é gurbh é ioncam na pearsan aonair é iarbhír.”,
|
[EN]
| |
(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 807:
|
| |
“Dliteanas neamhaistreoirí.
|
807A.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo más rud é—
(a) de bhua nó de dhroim sócmhainní a aistriú, leis féin nó i dteannta oibríochtaí gaolmhara, go dtiocfaidh ioncam chun bheith iníoctha le duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air nó uirthi lasmuigh den Stát, agus
(b) go bhfaighidh pearsa aonair a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, agus nach bhfuil faoi dhliteanas cánach faoi alt 806 faoi threoir an aistrithe, sochar arna sholáthar as sócmhainní atá ar fáil chun na críche de bhua nó de dhroim an aistrithe nó aon oibríochtaí gaolmhara.
(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, déanfar méid nó luach aon sochair den sórt a luaitear i bhfo-alt (1), mura bhfuil sé inmhuirearaithe thairis sin i leith cánach ioncaim i lámha an fhaighteora—
(a) a mhéid atá sé laistigh de mhéid ioncam iomchuí na mblianta measúnachta suas go dtí an bhliain mheasúnachta ina bhfaightear an sochar, lena n-áirítear an bhliain sin, a áireamh, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, mar ioncam na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta sin,
(b) a mhéid nach n-áirítear é de bhua an fho-ailt seo mar ioncam na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta sin agus a mhéid atá sé laistigh de mhéid ioncam iomchuí na chéad bhliana measúnachta eile dá éis sin, a áireamh, chun na gcríoch sin, mar ioncam na pearsan aonair don chéad bhliain mheasúnachta eile dá éis sin,
agus mar sin de do bhlianta measúnachta ina dhiaidh sin, ag glacadh leis an tagairt i mír (b) don bhliain mheasúnachta a luaitear i mír (a) mar thagairt don bhliain mheasúnachta sin agus d'aon bhliain mheasúnachta eile roimh an mbliain mheasúnachta ina dhiaidh sin atá i gceist.
(3) Faoi réir fho-alt (8), is é ioncam iomchuí bliana measúnachta, i ndáil le pearsa aonair, aon ioncam a eascraíonn sa bhliain mheasúnachta sin chuig duine ar a bhfuil cónaí nó sainchónaí lasmuigh den Stát agus ar féidir, de bhua nó de dhroim an aistrithe nó na n-oibríochtaí gaolmhara dá dtagraítear i bhfo-alt (1), é a úsáid go díreach nó go neamhdhíreach chun sochar a sholáthar don phearsa aonair nó d'fhonn go bhféadfar sochar a sholáthar don phearsa aonair.
(4) Is faoi Chás IV de Sceideal D a mhuirearófar cáin ioncaim is inmhuirearaithe de bhua an ailt seo.
(5) Ní bheidh pearsa aonair, a bhfuil sainchónaí air nó uirthi lasmuigh den Stát, inmhuirearaithe i leith cánach faoin alt seo, i ndáil le haon sochar nach bhfuarthas sa Stát, faoi threoir ioncaim iomchuí ar de shórt é nach mbeadh an phearsa aonair, dá mba rud é go bhfuair an phearsa aonair é, inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim i ndáil leis mar gheall ar shainchónaí a bheith ar an bpearsa aonair amhlaidh, agus beidh feidhm ag alt 72 chun críocha an fho-ailt seo mar a bheadh feidhm aige chun críocha alt 71 (3) dá mba rud é gurbh é a bhí sa sochar ioncam a eascraíonn as urrúis agus sealúchais in aon áit lasmuigh den Stát.
(6) Más rud é—
(a) maidir leis an sochar go léir, nó le cuid den sochar, a fuair pearsa aonair i mbliain mheasúnachta, gur íocaíocht chaipitiúil é nó í de réir bhrí alt 579A nó 579F(2) (de bhua nach bhfuil sé nó sí laistigh den mhéid ioncaim iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a)), agus
(b) go ndéantar, mar gheall ar an íocaíocht sin, gnóchain inmhuirearaithe a áireamh faoi alt 579A nó 579F(2) mar ghnóchain a fhabhraíonn chuig an bpearsa aonair sa bhliain mheasúnachta sin nó i mbliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, beidh feidhm ag fo-alt (2)(b) i ndáil le haon bhliain mheasúnachta (dá ngairtear ‘bliain mhuirir’ san fho-alt seo) tar éis bliana measúnachta ina ndearnadh gnóchain inmhuirearaithe a áireamh amhlaidh mar ghnóchain a fhabhraíonn chuig an bpearsa aonair, amhail is dá mbeifí tar éis cuid de mhéid nó de luach an tsochair a fhreagraíonn do mhéid na ngnóchan sin a áireamh faoin bhfo-alt sin mar ioncam de chuid na pearsan aonair do bhliain mheasúnachta roimh an mbliain mhuirir.
(7) Beidh feidhm ag fo-ailt (8) agus (9) d'alt 806 chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha fho-ailt (4) agus (5) den alt sin.
(8) Beidh feidhm ag an alt seo is cuma cathain a tharla an t-aistriú nó na hoibríochtaí gaolmhara dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ach ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le hioncam iomchuí a eascraíonn ar an 11ú lá d'Fheabhra, 1999, nó dá éis.”,
|
|
[EN]
| |
(d) in alt 808, trí “807, 807A agus 809” a chur in ionad “807 agus 809” gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (2) agus (3)(b), agus
|
[EN]
| |
(e) in ailt 809 agus 810, trí “ailt 806 agus 807A” a chur in ionad “alt 806” gach áit a bhfuil sé.
|
[EN]
| |
(2) (a) Beidh feidhm ag fomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (a) agus ag míreanna (c), (d) agus (e) d'fho-alt (1) amhail ar an agus ón 11ú lá d'Fheabhra, 1999.
|
[EN]
| |
(b) Beidh feidhm ag fomhír (iii) de mhír (a) d'fho-alt (1) maidir le haon suim a fhaigheann tríú duine dá dtagraítear san fhomhír sin nó a dtagann sé nó sí chun bheith i dteideal í a fháil an 11ú lá d'Fheabhra, 1999, nó dá éis.
|
[EN]
| |
(c) Measfar go raibh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (1) amhail ar an agus ón 12ú lá d'Fheabhra, 1998.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 481 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Phríomh-Acht.
|
61.
—Leasaítear leis seo alt 481 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i bhfo-alt (1) sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—
|
[EN]
| |
(i) trí “5ú lá d'Aibreán, 2000” a chur in ionad “22ú lá d'Eanáir, 1999” i mír (a), agus
|
[EN]
| |
(ii) trí “5ú lá d'Aibreán, 2000” a chur in ionad “5ú lá d'Aibreán, 1999” i mír (b),
|
[EN]
| |
(b) i bhfo-alt (4)—
|
[EN]
| |
(i) i mír (a), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “Faoi réir mhír (b), más rud é in aon tréimhse 12 mhí (dá ngairtear ‘tréimhse 12 mhí’ i mír (b)) a chríochnaíonn ar chothrom an 22ú lá d'Eanáir, 1996, gur mó méid, nó méid comhiomlán, na n-infheistíochtaí iomchuí a rinne,”, eadhon:
|
[EN]
| |
“Faoi réir mhír (b), más rud é sa tréimhse—
|
[EN]
| |
(I) ar tréimhse 12 mhí í (dá ngairtear ‘tréimhse 12 mhí’ i mír (b)) a chríochnaíonn ar chothrom an 22ú lá d'Eanáir, 1996, nó
|
[EN]
| |
(II) a thosaíonn ar an 23ú lá d'Eanáir, 1999, agus a chríochnaíonn ar an 5ú lá d'Aibreán, 2000 (dá ngairtear an ‘tréimhse shonraithe’ i mír (b)),
|
[EN]
| |
gur mó méid, nó méid comhiomlán, na n-infheistíochtaí iomchuí a rinne,”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(ii) i mír (b)(ii), trí “, nó sa tréimhse shonraithe,” a chur isteach i ndiaidh “aon tréimhse 12 mhí”,
|
[EN]
| |
(c) i bhfo-alt (8), trí “1999-2000” a chur in ionad “1998-99”, agus
|
[EN]
| |
(d) i bhfo-alt (9), trí “1999-2000” a chur in ionad “1998-99”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 723 (polasaithe infheistíochta speisialta) den Phríomh-Acht.
|
62.
—(1) Leasaítear leis seo alt 723 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i bhfo-alt (1), i ndiaidh an mhínithe ar “scaireanna cáilitheacha”, tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’—
|
[EN]
| |
(a) an tréimhse dar tosach an dáta a bhfuair cuideachta árachais an chéad íocaíocht i leith polasaí infheistíochta speisialta agus dar críoch cothrom cúig bliana an dáta sin, agus
|
[EN]
| |
(b) gach tréimhse cúig bliana ina dhiaidh sin;”,
|
[EN]
| |
(b) i bhfo-alt (3)(c), trí “ar an dáta a gcríochnaíonn gach tréimhse iomchuí” a chur in ionad “tráth ar bith ar chothrom cúig bliana, nó tar éis chothrom cúig bliana, an dáta a bhfuair sí an chéad íocaíocht i leith an pholasaí”, agus
|
[EN]
| |
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):
|
[EN]
| |
“(6) Is éard a bheidh sa cháin chorparáide is inmhuirearaithe ar aon bhrabúis ar a mbeidh cáin chorparáide le híoc faoi dheoidh agus is inchurtha i leith ciste infheistíochta speisialta cuideachta árachais an méid den cháin sin, chun críocha na nAchtanna Cánach seachas alt 707(4), sula ndéantar é a laghdú d'aon chreidmheas, faoiseamh nó asbhaint eile faoi na hAchtanna Cánach ar leith ón alt seo, ar 20 faoin gcéad de na brabúis sin é; ach le linn brabúis a bheith á ríomh chun críocha an fho-ailt seo, beidh feidhm ag alt 78(2) amhail is dá mba éard é an ráta faoin gcéad de cháin ghnóchan caipitiúil a shonraítear in alt 28(3) an ráta faoin gcéad de cháin chorparáide a shonraítear in alt 21(1).”.
|
[EN]
| |
(2) (a) Measfar go raibh feidhm ag míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) amhail ar an agus ón 1ú lá d'Fheabhra, 1993.
|
[EN]
| |
(b) Beidh feidhm ag mír (c) d'fho-alt (1) maidir le tréimhsí cuntasaíochta a thosaíonn nó a mheastar a thosaíonn ar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis.
|
[EN]
| |
(c) Chun críocha mhír (b), más rud é go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1999, agus go gcríochnaíonn sí an lá sin nó dá éis, déanfar í a roinnt ina 2 chuid, ceann amháin ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an 5ú lá d'Aibreán, 1999, agus an ceann eile ag tosú an 6ú lá d'Aibreán, 1999, agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 737 (scéimeanna infheistíochta speisialta) den Phríomh-Acht.
|
63.
—(1) Leasaítear leis seo alt 737 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i bhfo-alt (1)(a), tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “margadhluach”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’—
|
[EN]
| |
(a) an tréimhse dar tosach an dáta a ndearna pearsa aonair an chéad íocaíocht, nó a ndearnadh an chéad íocaíocht thar ceann pearsan aonair, i leith aonad infheistíochta speisialta a bhí ar úinéireacht, i gcomhpháirt nó ar shlí eile, ag an bpearsa aonair sin agus dar críoch cothrom cúig bliana an dáta sin, agus
|
[EN]
| |
(b) gach tréimhse cúig bliana ina dhiaidh sin;”,
|
[EN]
| |
(b) i bhfo-alt (3)(a) i bhfomhír (iii), trí “ar an dáta a gcríochnaíonn gach tréimhse iomchuí” a chur in ionad “tráth ar bith ar chothrom cúig bliana, nó tar éis chothrom cúig bliana, an dáta a ndearna an phearsa aonair sin an chéad íocaíocht, nó a ndearnadh an chéad íocaíocht thar ceann na pearsan aonair sin, i leith na naonad sin”, agus
|
[EN]
| |
(c) i bhfo-alt (6), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):
|
[EN]
| |
“(c) Is éard a bheidh in aon cháin ioncaim nó cáin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe de réir mhír (b) an méid den cháin sin, sula ndéantar é a laghdú d'aon chreidmheas, faoiseamh nó asbhaint eile faoi na hAchtanna Cánach nó faoi na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil ar leith ón alt seo, ar 20 faoin gcéad é d'ioncam a eascraíonn nó de ghnóchain inmhuirearaithe a fhabhraíonn, de réir mar a bheidh, chuig an scéim.”.
|
[EN]
| |
(2) (a) Measfar go raibh feidhm ag míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) amhail ar an agus ón 1ú lá d'Fheabhra, 1993.
|
[EN]
| |
(b) Beidh feidhm ag mír (c) d'fho-alt (1) amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1999.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 738 (gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta) den Phríomh-Acht.
|
64.
—(1) Leasaítear leis seo alt 738(2) den Phríomh-Acht, i mír (d), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):
|
[EN]
| |
“(i) is éard a bheidh sa cháin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar na gnóchain inmhuirearaithe a fhabhraíonn, i mbliain mheasúnachta, chuig an ngnóthas an méid den cháin sin, sula ndéantar é a laghdú d'aon chreidmheas, faoiseamh nó asbhaint eile faoi aon fhoráil, seachas faoin alt seo, de na hAchtanna Cánach nó de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, arb é ráta caighdeánach na ngnóchan inmhuirearaithe a fhabhraíonn chuig an ngnóthas é don bhliain mheasúnachta, agus”.
|
[EN]
| |
(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhabhraíonn sa bhliain mheasúnachta 1998-99 agus i mblianta measúnachta dá éis sin.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 838 (cuntais infheistíochta punainne speisialta) den Phríomh-Acht.
|
65.
—(1) Leasaítear leis seo alt 838 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i bhfo-alt (1)(a)—
|
[EN]
| |
(i) sa mhíniú ar “infheistíocht iomchuí”—
|
[EN]
| |
(I) trí “láníoctha” a chur isteach i ndiaidh “scaireanna cáilitheacha”, i ndiaidh “scaireanna cáilitheacha sonraithe” agus i ndiaidh “urrúis”, gach áit a bhfuil siad i bhfomhíreanna (i) agus (ii), agus
|
[EN]
| |
(II) trí “ar mhargadhluach” a chur isteach i ndiaidh “arna fáil ag bróicéir ainmnithe”, agus
|
[EN]
| |
(ii) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “infheistíocht iomchuí”:
|
[EN]
| |
“ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’—
|
[EN]
| |
(a) an tréimhse dar tosach an dáta a ndearna pearsa aonair an chéad taisce shonraithe i leith infheistíochta iomchuí agus dar críoch cothrom cúig bliana an dáta sin, agus
|
[EN]
| |
(b) gach tréimhse cúig bliana ina dhiaidh sin;”,
|
[EN]
| |
(b) i bhfo-alt (2)(c), trí “ar an dáta a gcríochnaíonn gach tréimhse iomchuí” a chur in ionad “tráth ar bith ar chothrom cúig bliana, nó tar éis chothrom cúig bliana, an dáta a ndearna pearsa aonair an chéad taisce shonraithe i leith na hinfheistíochta iomchuí sin”,
|
[EN]
| |
(c) i bhfo-alt (3), trí “, agus go háirithe, maidir leis an ráta cánach cuí a shonraítear in alt 256(1) i ndáil le hús iomchuí is iníoctha i leith taisce iomchuí nó taiscí iomchuí atá á sealbhú i gcuntas coigiltis speisialta, beidh feidhm aige maidir le cuntais infheistíochta punainne speisialta” a chur in ionad “; ach beidh feidhm amhlaidh ag an gCaibidil sin amhail is dá mba 10 faoin gcéad an ráta cánach cuí, i ndáil le hús iomchuí is iníoctha i leith taisce iomchuí nó taiscí iomchuí atá á sealbhú i gcuntas coigiltis speisialta”, agus
|
[EN]
| |
(d) i bhfo-alt (4)(c), trí “1028(5)” a chur in ionad “1028(4)”.
|
[EN]
| |
(2) Maidir leis an alt seo—
|
[EN]
| |
(a) measfar go raibh feidhm aige, maidir le mír (a)(ii) agus mír (b) d'fho-alt (1), amhail ar an agus ón 1ú lá d'Fheabhra, 1993,
|
[EN]
| |
(b) measfar go raibh feidhm aige, maidir le míreanna (a)(i), agus (d) d'fho-alt (1), amhail ar an agus ón 1ú lá de Nollaig, 1998, agus
|
[EN]
| |
(c) beidh feidhm aige, maidir le mír (c) d'fho-alt (1), amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1999.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 839 (teorainneacha ar infheistíochtaí speisialta) den Phríomh-Acht.
|
66.
—Leasaítear leis seo alt 839 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
|
[EN]
| |
“(3) Fad nach mbeidh leas tairbhiúil in infheistíocht d'aicme a luaitear i bhfo-alt (1) ag pearsa aonair, cibé acu atá sé nó sí pósta nó nach bhfuil, seachas—
|
[EN]
| |
(a) leas tairbhiúil, cibé acu is comhleas é nó nach ea, in infheistíocht amháin, nó
|
[EN]
| |
(b) comhleas tairbhiúil in 2 infheistíocht d'aicme (nach gá gurb í an aicme chéanna í) a luaitear i bhfo-alt (1),
|
[EN]
| |
ansin, beidh feidhm ag ailt 264, 723, 737 agus 838 maidir leis an infheistíocht amháin sin nó leis an 2 infheistíocht sin, de réir mar a bheidh, amhail is dá mba thagairt do £75,000 gach tagairt sna hailt sin do £50,000.”.
|
[EN]
|
Leasú ar alt 832 (forálacha i ndáil leis an gCoinbhinsiún chun cánachas dúbailte ar ioncam agus ar ghnóchain chaipitiúla a sheachaint go cómhalartach sa Stát agus sa Ríocht Aontaithe) den Phríomh-Acht.
|
67.
—(1) Leasaítear leis seo alt 832 den Phríomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i bhfo-alt (1)—
|
[EN]
| |
(i) sa mhíniú ar “an Coinbhinsiún”, trí “(I.R. Uimh. 319 de 1976).” a chur in ionad “(I.R. Uimh. 319 de 1976);”, agus
|
[EN]
| |
(ii) tríd an míniú ar “díbhinn” a scriosadh, agus
|
[EN]
| |
(b) trí fho-alt (2) a scriosadh.
|
[EN]
| |
(2) Maidir leis an alt seo—
|
[EN]
| |
(a) beidh feidhm aige amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1999, maidir le cáin ioncaim, agus (b) measfar feidhm a bheith aige amhail ar an agus ón 1ú lá d'Eanáir, 1999, maidir le cáin chorparáide.
|
| |
Caibidil 5
Scéimeanna Scair-Rogha Coigilteas-Choibhneasa agus Scair-Scéimeanna d'Fhostaithe
|
[EN]
|
Scéimeanna scair-rogha coigilteas-choibhneasa.
|
68.
—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i gCuid 17, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 2:
|
[EN]
| |
“Caibidil 3
|
| |
Scéimeanna scair-rogha coigilteas-choibhneasa ceadaithe.
|
519A.—(1) (a) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo i gcás ina bhfaigheann pearsa aonair ceart chun scaireanna i gcomhlacht corpraithe a fháil—
(i) mar gheall ar oifig nó fostaíocht na pearsan aonair mar stiúrthóir nó fostaí de chuid an chomhlachta chorpraithe sin nó aon chomhlachta chorpraithe eile, agus
(ii) go bhfaigheann an phearsa aonair sin an ceart sin de réir fhorálacha scéime scair-rogha coigilteas-choibhneasa arna ceadú faoi Sceideal 12A ar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis agus nár tarraingíodh siar ceadú ina leith.
(b) Forléireofar an t-alt seo i dteannta Sceideal 12A.
(2) Ní bheidh cáin inmhuirearaithe faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach maidir leis an gceart dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fháil.
(3) Faoi réir fho-alt (4) má fheidhmíonn an phearsa aonair an ceart de réir fhorálacha na scéime aon tráth a bhfuil sí ceadaithe, ní bheidh cáin inmhuirearaithe faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach maidir le haon ghnóchan a réadófar trí fheidhmiú an chirt.
(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) maidir le ceart a gheobhaidh duine faoi scéim agus a fheidhmeofar laistigh de 3 bliana ón tráth a fuarthas é de bhua forála atá ar áireamh i scéim de bhun mhír 22 de Sceideal 12A.
(5) San alt seo tá le “scéim scair-rogha choigilteas-choibhneasa” an bhrí a shanntar dó le Sceideal 12A.
|
|
| |
Costais bhunaithe scéimeanna scair-rogha coigilteas-choibhneasa.
|
519B.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le suim arna caitheamh ag cuideachta ar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis ag bunú scéime scair-rogha coigilteas-choibhneasa arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir fhorálacha Sceideal 12A, ar scéim í nach bhfaigheann aon fhostaí ná stiúrthóir cearta fúithi sula dtugtar an ceadú sin.
(2) Cuirfear suim lena mbaineann an t-alt seo san áireamh—
(a) sna suimeanna a bheidh le hasbhaint le linn na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil arna seoladh ag an gcuideachta a bheith á ríomh chun críocha Sceideal D, nó
(b) más cuideachta infheistíochta de réir bhrí alt 83 nó cuideachta a bhfuil feidhm ag an alt sin ina cás de bhua alt 707 í an chuideachta, sna suimeanna a bheidh le hasbhaint faoi alt 83(2) mar chaiteachais bhainistíochta le linn brabúis na cuideachta chun críocha cánach corparáide a bheith á ríomh.
(3) Más rud é—
(a) go bhfuil feidhm ag fo-alt (2), agus
(b) go dtugtar an ceadú i ndiaidh dheireadh na tréimhse 9 mí dar tosach an lá i ndiaidh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina gcaitear an tsuim,
ansin, chun críche fho-alt (2), déileálfar leis an tsuim mar shuim arna caitheamh sa tréimhse chuntasaíochta ina dtugtar an ceadú agus ní sa tréimhse chuntasaíochta a luaitear i mír (b).
|
|
| |
Ús, etc. faoi scéimeanna coigiltis conarthacha deimhnithe.
|
519C.—(1) San alt seo—
ciallaíonn ‘foras coigiltis cáilitheach’ aon duine de na daoine seo a leanas—
(a) duine is sealbhóir ar cheadúnas arna dheonú faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971, nó duine a shealbhaíonn ceadúnas nó údarú eile dá shamhail faoi dhlí aon Bhallstáit eile de na Comhphobail Eorpacha a fhreagraíonn do cheadúnas arna dheonú faoin alt sin,
(b) cumann foirgníochta de réir bhrí alt 256,
(c) banc taisce iontaobhais de réir bhrí an Achta um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989,
(d) Banc ACC cpt,
(e) Banc ICC cpt,
(f) Banc Infheistíochta ICC Teoranta,
(g) Banc Taisce an Phoist,
(h) comhar creidmheasa de réir bhrí an Achta um Chomhar Creidmheasa, 1997, nó
(i) cibé duine eile a fhorordóidh an tAire Airgeadais le hordú.
(2) Maidir le haon bhónas foirceannaidh nó ús arna íoc ag foras coigiltis cáilitheach le pearsa aonair faoi scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe, beidh sé díolmhaithe ó cháin ioncaim agus ní áireofar é le linn ioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.
(3) Maidir le haon bhónas foirceannaidh nó ús arna íoc ag foras coigiltis cáilitheach faoi scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe, ní bheidh sé, i gcás gur glacadóir taisce iomchuí de réir bhrí alt 256 an foras coigiltis cáilitheach, ina ús iomchuí chun críocha an ailt sin agus dá réir sin ní bheidh sé faoi réir asbhainte cánach cuí faoi alt 257.
(4) San alt seo ciallaíonn ‘scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe’ scéim—
(a) lena ndéantar foráil maidir le pearsana aonair do dhéanamh ranníocaí tréimhsiúla ar feadh tréimhse sonraithe le foras coigiltis cáilitheach, más rud é, murach fo-alt (3), go mbeadh an taisce a bhfuil na ranníocaí in ionannas di ina taisce iomchuí de réir bhrí alt 256 dá mba ghlacadóir taisce iomchuí de réir bhrí an ailt sin an foras coigiltis cáilitheach,
(b) ina bhfuil na pearsana aonair dá dtagraítear i mír (a)—
(i) cáilithe chun bheith rannpháirteach i scéim scair-rogha choigilteas-choibhneasa, is é sin le rá, cearta a fháil agus a fheidhmiú fúithi, agus
(ii) a bhfuil a ranníocaí faoin scéim le húsáid de réir mhír 17 de Sceideal 12A,
agus
(c) atá deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim mar scéim atá cáilithe le haghaidh díolúine faoin alt seo faoi threoir ceanglas arna sonrú ag an Aire Airgeadais de réir Sceideal 12B.
(5) Beidh éifeacht le Sceideal 12B a ghabhann leis an Acht seo, ar Sceideal é ina bhfuil forálacha a dhéanann forlíonadh ar an alt seo.
(6) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le haon bhónas foirceannaidh nó ús arna íoc ag foras coigiltis cáilitheach ar an 6ú lá d'Aibreán, 1999, nó dá éis, faoi scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe.”,
|
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 12:
|
| |
|
| |
Scéimeanna Scair-Rogha Coigilteas-Choibhneasa Ceadaithe
|
| |
Léiriú
|
| |
1. (1) Chun críocha an Sceidil seo—
|
| |
ciallaíonn ‘ceadaithe’ i ndáil le scéim, ceadaithe faoi mhír2;
|
| |
tá le ‘cuideachta chomhlachaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 432, ach amháin, chun críocha mhír 24, go mbeidh éifeacht le fo-alt (1) den alt sin ach na focail ‘nó aon tráth laistigh de bhliain roimhe sin’ a fhágáil ar lár;
|
| |
tá le ‘dáta bónais’ an bhrí a shanntar dó le mír 18;
|
| |
tá le ‘rialú’ an bhrí chéanna atá leis in alt 432;
|
| |
tá le ‘stiúrthóir lánaimseartha’ an bhrí chéanna atá leis in alt 250;
|
| |
ciallaíonn ‘deontóir’, i ndáil le scéim, an chuideachta a bhunaigh an scéim;
|
| |
tá le ‘grúpscéim’ agus, i ndáil le scéim den sórt sin, tá le ‘cuideachta rannpháirteach’ na bríonna a thugtar le fomhíreanna (3) agus (4), faoi seach, de mhír 2;
|
| |
forléireofar ‘margadhluach’ de réir alt 548;
|
| |
ciallaíonn ‘scéim scair-rogha choigilteas-choibhneasa’ scéim a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir an Sceidil seo agus nár tarraingíodh siar an ceadú sin;
|
| |
tá le ‘scaireanna scéime’ an bhrí a shanntar dó le mír 10;
|
| |
folaíonn ‘scaireanna’ stoc.
|
| |
(2) Beidh feidhm ag alt 10 chun críocha an Sceidil seo.
|
| |
(3) Chun críocha an Sceidil seo, is comhalta de chomheagras, a bhfuil cuideachta eile ar úinéireacht aige, cuideachta más ceann í de 5 chuideachta ar a mhéad a bhfuil 75 faoin gcéad ar a laghad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta eile ar úinéireacht thairbhiúil acu eatarthu agus a bhfuil 5 faoin gcéad ar a laghad den chaipiteal sin ar úinéireacht thairbhiúil ag gach cuideachta díobh.
|
| |
(4) Chun críocha an Sceidil seo, déanfar an cheist i dtaobh cuideachta amháin a bheith faoi rialú cuideachta eile a chinneadh de réir alt 432.
|
| |
Scéimeanna a cheadú
|
| |
2. (1) Ar iarratas ó chomhlacht corpraithe (dá ngairtear ‘an deontóir’ sa Sceideal seo) a mbeidh scéim scair-rogha choigilteas-choibhneasa bunaithe aige, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim an scéim más deimhin leo go gcomhlíonann sí ceanglais an Sceidil seo.
|
| |
(2) Is i scríbhinn a dhéanfar aon iarratas faoi fhomhír (1) agus beidh cibé sonraí ann, agus beidh cibé fianaise mar thaca leis, a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim.
|
| |
(3) I gcás rialú a bheith ag an deontóir ar chuideachta nó ar chuideachtaí eile, féadfar a rá sa scéim go mbaineann sí le gach ceann nó le haon cheann de na cuideachtaí a bhfuil rialú aige orthu, agus gairfear ‘grúpscéim’ sa Sceideal seo de scéim a ndeirtear inti go mbaineann sí amhlaidh.
|
| |
(4) Ciallaíonn ‘cuideachta rannpháirteach’, i ndáil le grúpscéim, an deontóir nó aon chuideachta eile a ndeirtear sa scéim go mbaineann sí leis nó léi de thuras na huaire.
|
| |
3. (1) Ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim scéim faoin Sceideal seo más dealraitheach dóibh go bhfuil gnéithe inti nach bhfuil riachtanach chun sochair, ar mhodh cearta chun scaireanna a fháil, a sholáthar d'fhostaithe agus do stiúrthóirí, ná nach bhfuil baint réasúnach acu leis an soláthar sin.
|
| |
(2) Ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim deimhin a dhéanamh de—
|
| |
(a) nach bhfuil aon ghnéithe den scéim, seachas aon ghnéithe atá ar áireamh chun ceanglais an Sceidil seo a chomhlíonadh, a bhfuil nó a mbeadh d'éifeacht leo fostaithe d'aon tuairisc a chomhallann na coinníollacha i mír 9(1) a chur ó bheith rannpháirteach iarbhír sa scéim, agus
|
| |
(b) i gcás gur comhalta de ghrúpa cuideachtaí é an deontóir, nach bhfuil agus nach mbeadh d'éifeacht leis an scéim sochair a thabhairt go hiomlán nó go príomha do stiúrthóirí cuideachtaí sa ghrúpa nó do na fostaithe sin de chuid cuideachtaí sa ghrúpa a fhaigheann na leibhéil is airde luacha saothair.
|
| |
(3) Chun críocha fhomhír (2), ciallaíonn ‘grúpa cuideachtaí’ cuideachta maille le haon chuideachtaí eile a bhfuil rialú aici orthu.
|
| |
4. (1) Más rud é, tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim scéim a cheadú, go scoirfear d'aon cheanglas de chuid an Sceidil seo a chomhlíonadh nó go mainneoidh an deontóir faisnéis a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi mhír 6 a chur ar fáil, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an ceadú a tharraingt siar le héifeacht ón tráth sin nó ó cibé tráth is déanaí ná sin a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim ach más rud é, maidir le cearta a fuarthas faoi scéim scair-rogha choigilteas-choibhneasa sula ndearnadh ceadú a tharraingt siar ón scéim faoin mír seo, go ndéanfar iad a fheidhmiú tar éis an ceadú a bheith tarraingthe siar, beidh feidhm ag alt 519A(3) maidir leis an bhfeidhmiú amhail is dá mbeadh an scéim fós ceadaithe.
|
| |
(2) Má dhéantar athrú ar an scéim tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim an scéim a cheadú, ní bheidh éifeacht leis an gceadú tar éis dháta an athraithe mura mbeidh an t-athrú ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
|
| |
5. Más éagóir leis an deontóir—
|
| |
(a) mainneachtain na gCoimisinéirí Ioncaim an scéim a cheadú nó athrú ar an scéim a cheadú,
|
| |
(b) ceadú a bheith tarraingthe siar, nó
|
| |
(c) mainneachtain na gCoimisinéirí Ioncaim breith a thabhairt gur comhlíonadh coinníoll ar faoina réir a tugadh an ceadú,
|
| |
féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ón dáta a gcuirfear breith na gCoimisinéirí Ioncaim in iúl dó, a cheangal go gcinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc an ní, agus déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an ní a éisteacht agus a chinneadh amhail mar a dhéantar i gcás achomhairc chucu i gcoinne measúnachta agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí).
|
| |
Faisnéis
|
| |
6. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine cibé faisnéis a mheasann na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun go gcomhlíonfaidh siad a bhfeidhmeanna faoin Sceideal seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná 30 lá) a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar faisnéis í atá ag an duine, nó atá ar fáil go réasúnta ag an duine, chuig a bhfuil an fógra dírithe, lena n-áirítear go háirithe faisnéis—
|
| |
(a) lena chumasú do na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh a dhéanamh—
|
| |
(i) i dtaobh ar chóir scéim a cheadú nó ceadú atá tugtha cheana féin a tharraingt siar, nó
|
| |
(ii) i dtaobh dliteanas cánach, lena n-áirítear dliteanas cánach gnóchan caipitiúil, aon duine a bhí rannpháirteach i scéim, agus
|
| |
(b) i ndáil le riaradh scéime agus le haon athrú ar théarmaí scéime.
|
| |
7. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid, lena n-áirítear cigire, a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhall a údaraíonn an Sceideal seo dóibh a dhéanamh nó a chomhall.
|
| |
Cáilitheacht
|
| |
8. (1) Ní dhéanfar foráil sa scéim chun go mbeidh aon duine cáilithe chun bheith rannpháirteach inti, is é sin le rá, chun cearta fúithi a fháil agus a fheidhmiú, tráth ar bith más rud é, an tráth sin, go mbeidh, nó go raibh laistigh den 12 mhí roimhe sin, leas ábhartha ag an duine sin i ndlúthchuideachta—
|
| |
(i) ar cuideachta í a bhféadfar a scaireanna a fháil de bhun cearta, a fuarthas faoin scéim, a fheidhmiú, nó
|
| |
(ii) ar cuideachta í a bhfuil rialú aici ar chuideachta den sórt sin nó is comhalta de chomheagras a bhfuil cuideachta den sórt sin ar úinéireacht aige.
|
| |
(2) Beidh feidhm ag fomhír (1) i ndáil le cuideachta ar dlúthchuideachta a bheadh inti murach alt 430(1)(a) nó 431.
|
| |
(3) (a) Sa mhír seo, tá le ‘dlúthchuideachta’ an bhrí a shanntar dó le halt 430.
|
| |
(b) Chun críche na míre seo—
|
| |
(i) beidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 433—
|
| |
(I) i gcás inar grúpscéim an scéim atá i gceist, ach tagairt do na cuideachtaí rannpháirteacha go léir a chur in ionad na chéad tagartha don chuideachta i mír (c)(ii) den fho-alt sin, agus
|
| |
(II) ach tagairt do 15 faoin gcéad a chur in ionad na tagartha sa mhír sin do 5 faoin gcéad, agus
|
| |
(ii) beidh feidhm ag alt 437(2), ach tagairt do 15 faoin gcéad a chur in ionad na tagartha san alt sin do 5 faoin gcéad, d'fhonn a chinneadh an bhfuil nó an raibh leas ábhartha ag duine i gcuideachta.
|
| |
9. (1) Faoi réir mhír 8, gach duine—
|
| |
(a) is fostaí nó is stiúrthóir lánaimseartha de chuid an deontóra nó, i gcás grúpscéime, de chuid cuideachta rannpháirtí,
|
| |
(b) arbh fhostaí nó stiúrthóir den sórt sin é nó í gach tráth le linn tréimhse cáilithí nach faide ná trí bliana, agus
|
| |
(c) atá inmhuirearaithe i leith cánach maidir le hoifig nó fostaíocht an duine sin faoi Sceideal E,
|
| |
beidh sé nó sí cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim, is é sin le rá, chun cearta a fháil agus a fheidhmiú fúithi, ar théarmaí comhchosúla.
|
| |
(2) Chun críocha fhomhír (1), más rud é go n-athraíonn na cearta atá le fáil ag na daoine atá rannpháirteach i scéim de réir leibhéil a luacha saothair, fad a seirbhíse nó tosca eile dá samhail, ní mheasfar go gciallaíonn sé sin nach bhfuil siad cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim ar théarmaí comhchosúla.
|
| |
(3) Ach amháin mar a fhoráiltear le mír 20 nó de bhun forála den sórt dá dtagraítear i mír 22(1)(e) nó (f), ní bheidh duine cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim tráth ar bith mura rud é, an tráth sin, gur stiúrthóir nó fostaí de chuid an deontóra nó, i gcás grúpscéime, de chuid cuideachta rannpháirtí, é nó í.
|
| |
Coinníollacha maidir leis na scaireanna
|
| |
10. Déanfar foráil sa scéim chun go bhfaighidh stiúrthóirí agus fostaithe cearta chun scaireanna (dá ngairtear ‘scaireanna scéime’ sa Sceideal seo), a chomhlíonann ceanglais mhíreanna 11 go 15, a fháil.
|
| |
11. Beidh scaireanna scéime ina gcuid de ghnáthscairchaipiteal—
|
| |
(a) an deontóra,
|
| |
(b) cuideachta a bhfuil rialú aici ar an deontóir, nó
|
| |
(c) cuideachta ar cuideachta í nó a bhfuil rialú aici ar chuideachta—
|
| |
(i) is comhalta de chomheagras a bhfuil an deontóir, nó cuideachta a bhfuil rialú aici ar an deontóir, ar úinéireacht aige, agus
|
| |
(ii) a bhfuil 15 faoin gcéad ar a laghad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta atá ar úinéireacht amhlaidh ar úinéireacht thairbhiúil aici.
|
| |
12. Is é a bheidh i scaireanna scéime—
|
| |
(a) scaireanna d'aicme a luaitear ar stocmhalartán aitheanta,
|
| |
(b) scaireanna i gcuideachta nach bhfuil faoi rialú cuideachta eile, nó
|
| |
(c) scaireanna i gcuideachta atá faoi rialú cuideachta (seachas cuideachta atá, nó a bheadh dá mbeadh cónaí uirthi sa Stát, ina dlúthchuideachta de réir bhrí alt 430) a luaitear a scaireanna ar stocmhalartán aitheanta.
|
| |
13. (1) Maidir le scaireanna scéime—
|
| |
(a) beidh siad láníoctha,
|
| |
(b) ní bheidh siad infhuascailte, agus
|
| |
(c) ní bheidh siad faoi réir aon srianta seachas srianta a ghabhann leis na scaireanna uile den aicme chéanna nó srian a údaraítear le fomhír (2).
|
| |
(2) Faoi réir fhomhír (3), féadfaidh na scaireanna a bheith faoi réir sriain a fhorchuirtear le hairteagail chomhlachais na cuideachta—
|
| |
(a) á cheangal go ndéanfar na scaireanna go léir a bheidh á sealbhú ag stiúrthóirí nó fostaithe de chuid na cuideachta nó de chuid aon chuideachta eile a bhfuil rialú aici uirthi a dhiúscairt ar scor dóibh de bheith á sealbhú amhlaidh, agus
|
| |
(b) á cheangal go ndéanfar na scaireanna go léir a bheidh faighte, de bhun cearta nó leasanna a fuair stiúrthóirí nó fostaithe den sórt sin, ag daoine nach bhfuil, nó atá scortha de bheith, ina stiúrthóirí nó ina bhfostaithe den sórt sin, a dhiúscairt an tráth a gheofar iad.
|
| |
(3) Ní údaraítear srian le fomhír (2) mura rud é—
|
| |
(a) gur ar mhodh díola ar chomaoin in airgead agus ar théarmaí a shonraítear sna hairteagail chomhlachais a dhéanfar aon diúscairt a cheanglaítear leis an srian, agus
|
| |
(b) go mbeidh forálacha ginearálta sna hairteagail freisin ar féidir dá mbua a cheangal ar aon duine a dhéanfaidh scaireanna den aicme chéanna a dhiúscairt (cibé acu atá nó nach bhfuil siad á sealbhú nó faighte mar a luaitear i bhfomhír (2)) iad a dhíol ar théarmaí atá ar aon dul leo sin a luaitear i mír (a).
|
| |
14. (1) Le linn a bheith ag cinneadh, chun críocha mhír 13(1)(c), an bhfuil scaireanna scéime, atá faighte nó le fáil ag aon duine, faoi réir aon srianta, measfar gur srian a ghabhann leis na scaireanna aon chonradh, comhaontú, socrú nó coinníoll faoina sriantar saoirse an duine sin chun diúscairt a dhéanamh ar na scaireanna nó ar aon leas iontu nó ar na fáltais óna ndíol nó chun aon cheart a thugann siad a fheidhmiú, nó faoina gcuirfeadh diúscairt nó feidhmiú den sórt sin an duine sin nó duine a bhfuil baint aige nó aici leis an duine sin faoi aon mhíbhuntáiste.
|
| |
(2) Níl feidhm ag fomhír (1) maidir le cibé méid d'aon chonradh, comhaontú, socrú nó coinníoll ina bhfuil forálacha atá cosúil, ó thaobh cuspóra agus éifeachta, le haon fhorálacha den Chód Eiseamlárach atá leagtha amach i Rialacha Liostúcháin Stocmhargadh na hÉireann.
|
| |
15. Ach amháin i gcás gurb é atá i scaireanna scéime scaireanna i gcuideachta ar scaireanna d'aon aicme amháin a gnáth-scairchaipiteal, ní mór formhór na scaireanna eisithe den aicme chéanna a bheith á sealbhú ag daoine seachas—
|
| |
(a) daoine a fuair a gcuid scaireanna—
|
| |
(i) de bhun cirt nó deise a tugadh dóibh mar stiúrthóir nó mar fhostaí de chuid an deontóra, nó de chuid aon chuideachta eile, agus
|
| |
(ii) ní de bhun tairisceana don phobal,
|
| |
(b) iontaobhaithe a bhfuil scaireanna á sealbhú acu thar ceann daoine a fuair a gcuid leasanna tairbhiúla sna scaireanna de réir mar a luaitear i bhfomhír (a), agus
|
| |
(c) i gcás go dtagann na scaireanna faoi réim mhír 12(c) agus nach dtagann siad faoi réim mhír 12(a), cuideachtaí a bhfuil rialú acu ar an gcuideachta arb iad a scaireanna atá i gceist, nó cuideachtaí ar cuideachta chomhlachaithe dá gcuid an chuideachta sin de réir bhrí alt 432.
|
| |
Forálacha maidir le malartú
|
| |
16. (1) Féadfar foráil a dhéanamh sa scéim, i gcás aon chuideachta (‘an chuideachta fála’)—
|
| |
(a) d'fháil rialú ar chuideachta, ar scaireanna scéime iad a scaireanna, de thoradh ar thairiscint ghinearálta a dhéanamh—
|
| |
(i) chun iomlán ghnáth-scairchaipiteal eisithe na cuideachta a fháil, ar tairiscint í a dhéantar ar choinníoll de shórt a fhágann, má chomhlíontar é, go mbeidh rialú ar an gcuideachta ag an duine a dhéanann an tairiscint, nó
|
| |
(ii) chun na scaireanna uile sa chuideachta, ar den aicme chéanna iad leis na scaireanna scéime, a fháil,
|
| |
(b) d'fháil rialú ar chuideachta, ar scaireanna scéime iad a scaireanna, de bhun comhréitigh nó comhshocraíochta a bheidh ceadaithe ag an gcúirt faoi alt 201 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, nó
|
| |
(c) do theacht chun bheith faoi cheangal nó i dteideal scaireanna a fháil i gcuideachta, faoi alt 204 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, ar scaireanna scéime iad a scaireanna,
|
| |
go bhféadfaidh aon rannpháirtí sa scéim, tráth ar bith laistigh den tréimhse chuí, trí chomhaontú leis an gcuideachta fála, a chearta nó a cearta faoin scéim (dá ngairtear ‘na seanchearta’ sa mhír seo) a scaoileadh i gcomaoin cearta (dá ngairtear ‘na cearta nua’ sa mhír seo) a dheonú dó nó di, ar cearta iad atá comhionann leis na seanchearta ach a bhaineann le scaireanna i gcuideachta éagsúil (cibé acu an chuideachta fála í féin nó cuideachta éigin eile a thagann faoi réim fhomhír (b) nó (c) de mhír 11).
|
| |
(2) I bhfomhír (1) ciallaíonn ‘an tréimhse chuí’—
|
| |
(a) i gcás a thagann faoi réim chlásal (a) den fhomhír sin, an tréimhse sé mhí dar tosach an tráth a gheobhaidh an duine a dhéanann an tairiscint rialú ar an gcuideachta agus a chomhlíonfar aon choinníoll ar faoina réir a dhéantar an tairiscint,
|
| |
(b) i gcás a thagann faoi réim chlásal (b) den fhomhír sin, an tréimhse sé mhí dar tosach an tráth a cheadóidh an chúirt an comhréiteach nó an chomhshocraíocht, agus
|
| |
(c) i gcás a thagann faoi réim chlásal (c) den fhomhír sin, an tréimhse a bhfanfaidh an chuideachta fála de bheith faoi cheangal nó i dteideal, de réir mar a luaitear sa chlásal sin, lena linn.
|
| |
(3) Ní mheasfar, chun críocha na míre seo, na cearta nua a bheith comhionann leis na seanchearta mura rud é—
|
| |
(a) go gcomhlíonann na scaireanna lena mbaineann siad na coinníollacha a shonraítear, i ndáil le scaireanna scéime, i míreanna 11 go 15,
|
| |
(b) go mbeidh na cearta nua infheidhmithe ar an modh céanna leis na seanchearta agus faoi réir fhorálacha na scéime amhail mar a bhí éifeacht léi díreach sular scaoileadh na seanchearta,
|
| |
(c) go mbeidh, díreach roimh an scaoileadh, margadhluach iomlán na scaireanna a bhí faoi réir seanchearta an rannpháirtí ar cóimhéid, díreach tar éis an deonaithe, le margadhluach iomlán na scaireanna a ndeonaítear na cearta nua don rannpháirtí maidir leo, agus
|
| |
(d) go mbeidh an méid iomlán is iníoctha ag an rannpháirtí chun scaireanna a fháil de bhun na gceart nua ar cóimhéid leis an méid iomlán a bheadh iníoctha chun scaireanna a fháil de bhun na seancheart.
|
| |
(4) I gcás ina ndeonófar aon chearta nua de bhun forála atá ar áireamh i scéim de bhua na míre seo, measfar—
|
| |
(a) chun críocha alt 519A agus an Sceidil seo, agus
|
| |
(b) chun críocha fheidhm (de bhua coinníll a chomhlíonann fomhír (3)(b)) fhorálacha na scéime ina dhiaidh sin,
|
| |
gur deonaíodh iad an tráth a deonaíodh na seanchearta comhréire.
|
| |
Cearta a fheidhmiú
|
| |
17. Déanfar foráil sa scéim chun go n-íocfar as na scaireanna scéime le hairgead nach mó ná méid na n-aisíocaíochtaí a rinneadh agus aon ús a íocadh leo faoi scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe de réir bhrí fho-alt (4) d'alt 519C.
|
| |
18. Faoi réir mhíreanna 19 go 22, ní foláir gur cearta nach bhféadfar a fheidhmiú roimh an dáta bónais, is é sin le rá, an dáta a bhfuil aisíocaíochtaí faoin scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe dlite, na cearta a gheofar faoin scéim, agus chun críocha na míre seo agus mhír 17—
|
| |
(a) féadfar a mheas go bhfuil bónas san áireamh in aisíocaíochtaí faoi scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe, nó nach bhfuil bónas san áireamh iontu,
|
| |
(b) is é an tráth a mbeidh aisíocaíochtaí dlite, i gcás go measfar go bhfuil an bónas uasta san áireamh in aisíocaíochtaí, an dáta is luaithe ar a bhfuil an bónas uasta iníoctha agus, in aon chás eile, an dáta is luaithe ar a bhfuil bónas iníoctha faoin scéim, agus
|
| |
(c) maidir leis an gceist i dtaobh cad a mheasfar a bheith san áireamh amhlaidh, ní foláir go gceanglófar í a chinneadh an tráth a gheofar cearta faoi scéim.
|
| |
19. Déanfar foráil sa scéim nach foláir, má fhaigheann duine a fuair cearta faoin scéim bás roimh an dáta bónais, na cearta a fheidhmiú, má fheidhmítear in aon chor iad, laistigh de 12 mhí tar éis dháta báis an duine sin agus má fhaigheann an duine sin bás laistigh de 6 mhí tar éis an dáta bónais, go bhféadfar na cearta a fheidhmiú laistigh de 12 mhí tar éis an dáta bónais.
|
| |
20. Déanfar foráil sa scéim, i gcás duine a fuair cearta fúithi do scor de bheith i seilbh na hoifige nó na fostaíochta ar dá bua atá an duine sin cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim—
|
| |
(a) de bhíthin díobhála nó míchumais nó mar gheall ar é nó í a bheith dífhostaithe de bhíthin iomarcaíochta (de réir bhrí na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1991), nó
|
| |
(b) de bhíthin aois inphinsin (de réir bhrí alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993) a bhaint amach,
|
| |
ansin, go ndéanfar na cearta a fheidhmiú, má fheidhmítear in aon chor iad, laistigh de 6 mhí ón duine sin do scor amhlaidh agus, má scoireann an duine sin amhlaidh ar aon chúis eile laistigh de 3 bliana ón tráth a fuarthas na cearta, nach bhféadfar iad a fheidhmiú in aon chor ach amháin de bhun foráil den scéim den sórt a luaitear i mír 22(1)(e); i ndáil leis an gcás ina scoireann an duine sin amhlaidh, ar aon chúis eile, tráth is déanaí ná 3 bliana tar éis dó nó di na cearta a fháil, déanfar foráil sa scéim nach bhféadfar na cearta a fheidhmiú nó nach foláir iad a fheidhmiú, má fheidhmítear in aon chor iad, laistigh de 6 mhí ón tráth a scoireann an duine sin amhlaidh.
|
| |
21. Déanfar foráil sa scéim, i gcás duine a fuair cearta fúithi do leanúint de bheith i seilbh na hoifige nó na fostaíochta ar dá bua atá an duine sin cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim tar éis an dáta a mbaineann an duine sin aois inphinsin amach, go bhféadfaidh an duine sin na cearta a fheidhmiú laistigh de 6 mhí ón dáta sin.
|
| |
22. (1) Féadfar foráil a dhéanamh sa scéim—
|
| |
(a) má fhaigheann aon duine rialú ar chuideachta, ar scaireanna scéime iad a scaireanna, de thoradh ar thairiscint ghinearálta a dhéanamh ar tairiscint í a thagann faoi réim chlásal (a)(i) nó (a)(ii) de mhír 16(1), go bhféadfar cearta a bheidh faighte faoin scéim chun scaireanna a fháil sa chuideachta a fheidhmiú laistigh de 6 mhí ón tráth a fuair an duine a dhéanann an tairiscint rialú ar an gcuideachta agus a chomhlíontar aon choinníoll ar faoina réir a dhéantar an tairiscint,
|
| |
(b) más rud é, faoi alt 201 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, (comhréiteach idir cuideachta agus a comhaltaí nó a creidiúnaithe) go gceadóidh an chúirt comhréiteach nó comhshocraíocht a bheidh beartaithe chun críocha scéime nó i dtaca le scéim chun athchóiriú a dhéanamh ar chuideachta ar scaireanna scéime iad a scaireanna nó chun í a chónascadh le haon chuideachta nó cuideachtaí eile, go bhféadfar cearta a bheidh faighte faoin scéim scairrogha chun scaireanna a fháil sa chuideachta a fheidhmiú laistigh de 6 mhí ón tráth a cheadóidh an chúirt an comhréiteach nó an chomhshocraíocht,
|
| |
(c) má thagann aon duine chun bheith faoi cheangal nó i dteideal, faoi alt 204 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, (cumhacht chun scaireanna a fháil ó scairshealbhóirí nár aontaigh le scéimeanna nó conradh lenar aontaigh tromlach), scaireanna a fháil i gcuideachta ar scaireanna scéime iad scaireanna inti, go bhféadfar cearta a bheidh faighte faoin scéim chun scaireanna a fháil sa chuideachta a fheidhmiú tráth ar bith a bheidh an duine sin fós faoi cheangal nó i dteideal amhlaidh,
|
| |
(d) má dhéanann cuideachta, ar scaireanna scéime iad a scaireanna, rún le haghaidh foirceannadh toilteanach a rith, go bhféadfar cearta a bheidh faighte faoi scéim chun scaireanna a fháil sa chuideachta a fheidhmiú laistigh de 6 mhí ón tráth a ritear an rún,
|
| |
(e) má scoireann duine de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta ar dá bua atá an duine sin cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim de bhíthin amháin—
|
| |
(i) gur oifig nó fostaíocht í i gcuideachta a scoireann an deontóir de rialú a bheith aige nó aici uirthi, nó
|
| |
(ii) go mbaineann an oifig nó an fhostaíocht sin le gnó nó le cuid de ghnó a aistrítear chuig duine nach cuideachta chomhlachaithe de chuid an deontóra ná cuideachta a bhfuil rialú ag an deontóir uirthi é nó í,
|
| |
go bhféadfar cearta faoin scéim atá á sealbhú ag an duine sin a fheidhmiú laistigh de 6 mhí ón tráth a scoireann an duine sin amhlaidh, agus
|
| |
(f) más rud é, ar an dáta bónais, go mbeidh duine a fuair cearta faoin scéim i seilbh oifige nó fostaíochta i gcuideachta nach cuideachta rannpháirteach í ach—
|
| |
(i) ar cuideachta chomhlachaithe de chuid an deontóra í, nó
|
| |
(ii) ar cuideachta í a bhfuil rialú ag an deontóir uirthi,
|
| |
go bhféadfar na cearta sin a fheidhmiú laistigh de 6 mhí ón dáta sin.
|
| |
(2) Chun críocha na míre seo measfar go bhfuair duine rialú ar chuideachta má fuair an duine sin agus daoine eile ag gníomhú dóibh in éineacht leis an duine sin rialú le chéile uirthi.
|
| |
23. Ach amháin mar a fhoráiltear i mír 19, aon chearta a bheidh faighte ag duine faoin scéim—
|
| |
(a) ní bheidh siad inaistrithe ag an duine sin, ná
|
| |
(b) ní bheidh siad infheidhmithe tráth is déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta bónais.
|
| |
24. Ní dhéileálfar le haon duine chun críocha mhír 20 nó 22(1)(e) mar dhuine a scoireann de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta ar dá bua atá an duine sin cáilithe chun bheith rannpháirteach sa scéim go dtí go scoireann an duine sin de bheith i seilbh oifige nó fostaíochta sa deontóir nó in aon chuideachta chomhlachaithe nó cuideachta a bhfuil rialú ag an deontóir uirthi.
|
| |
Scaireanna a fháil
|
| |
25. (1) Déanfar foráil sa scéim gurb é a bheidh i ranníocaí duine faoin scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe cibé méid a áiritheoidh, chomh gar agus is féidir, go n-aisíocfar méid a bheidh comhionann leis an méid ar ar féidir scaireanna a fháil de bhun ceart a bheidh faighte faoin scéim, agus chun na críche sin déanfar méid na haisíocaíochta faoin scéim choigiltis chonarthach dheimhnithe a chinneadh mar a luaitear i mír 18.
|
| |
(2) Maidir leis an scéim—
|
| |
(a) ní cheadóidh sí méid comhiomlán ranníocaí duine faoi scéimeanna coigiltis conarthacha deimhnithe atá ceangailte le scéimeanna scair-rogha coigilteas-choibhneasa arna gceadú faoin Sceideal seo a bheith níos mó ná £250 in aghaidh na míosa, ná
|
| |
(b) ní fhorchuirfidh sí íosmhéid ar mhéid ranníocaí duine ar mó é ná £10 in aghaidh na míosa.
|
| |
(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le hordú, fomhír (2) a leasú trí cibé méid a bheidh sonraithe san ordú a chur in ionad aon mhéid a bheidh sonraithe de thuras na huaire san fhomhír sin.
|
| |
Praghas Scaireanna
|
| |
26. Maidir leis an bpraghas ar a bhféadfar scaireanna scéime a fháil trí fheidhmiú cirt a fuarthas faoin scéim—
|
| |
(a) luafar é tráth fála an chirt, agus
|
| |
(b) ní lú go follasach é ná 75 faoin gcéad de mhargadhluach scaireanna den aicme chéanna an tráth sin nó, má chomhaontaíonn na Coimisinéirí Ioncaim agus an deontóir i scríbhinn, cibé tráth nó tráthanna is luaithe ná sin a fhorálfar sa chomhaontú,
|
| |
ach féadfar foráil a dhéanamh sa scéim chun go ndéanfar cibé athrú ar an bpraghas is gá a dhéanamh chun aon athrú ar an scairchaipiteal, ar cuid de na scaireanna scéime, a chur i gcuntas.
|
| |
Roghanna etc.
|
| |
27. (1) Chun críocha alt 437(2), arna chur chun feidhme le mír 8(3)(b)(ii) den Sceideal seo, measfar maidir le ceart chun scaireanna a fháil (cibé slí a éireoidh sé) gur ceart é chun iad a rialú.
|
| |
(2) Aon tagairt i bhfomhír (3) do na scaireanna a chuirtear i leith pearsan aonair is tagairt í do na scaireanna a bheidh, de réir alt 437(2) arna chur chun feidhme le mír 8(3)(b)(ii) den Sceideal seo, le cur i gcuntas i gcás na pearsan aonair sin chun a chinneadh an mó a líon ná céatadán áirithe de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta.
|
| |
(3) In aon chás—
|
| |
(a) inarb éard iad na scaireanna a chuirtear i leith pearsan aonair, nó inar cuid díobh, scaireanna a bhfuil ceart ag an bpearsa aonair sin nó ag aon duine eile chun iad a fháil, agus
|
| |
(b) inarb amhlaidh do na himthosca go mbeadh na scaireanna a gheofaí, dá ndéanfaí an ceart sin a fheidhmiú, ina scaireanna nár eisíodh roimhe sin agus a bhfuil an chuideachta faoi cheangal conarthach iad a eisiúint i gcás go bhfeidhmítear an ceart;
|
| |
ansin, le linn cinneadh a dhéanamh, tráth ar bith sula bhfeidhmítear an ceart sin, i dtaobh an mó an líon scaireanna a chuirtear i leith na pearsan aonair ná céatadán áirithe de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta, measfar an gnáth-scairchaipiteal sin a bheith méadaithe de líon na scaireanna neamheisithe dá dtagraítear i gclásal (b).
|
| |
Alt 519C.
|
SCEIDEAL 12B
Scéimeanna Coigiltis Conarthacha Deimhnithe
|
|
| |
1. Beidh éifeacht leis an Sceideal seo chun críocha alt 519C.
|
| |
Sonruithe ón Aire Airgeadais
|
| |
2. (1) Is iad na ceanglais is féidir a shonrú faoi alt 519C(4)(c) cibé ceanglais is cuí leis an Aire Airgeadais.
|
| |
(2) Féadfaidh baint a bheith ag na ceanglais, go háirithe—
|
| |
(a) le tuairiscí na bpearsan aonair ar féidir leo conarthaí a dhéanamh faoi scéim;
|
| |
(b) leis na ranníocaí a bheidh le híoc ag pearsana aonair;
|
| |
(c) leis na suimeanna a bheidh le híoc nó le haisíoc le pearsana aonair.
|
| |
3. (1) I gcás ina ndearnadh sonrú faoi alt 519C(4)(c), féadfaidh an tAire Airgeadais an sonrú a tharraingt siar agus an dáta a dtiocfaidh an tarraingt siar in éifeacht a leagan síos mar choinníoll agus measfar aon deimhniú a rinne na Coimisinéirí Ioncaim faoi threoir an tsonraithe sin a bheith tarraingthe siar ar an dáta céanna.
|
| |
(2) Ní dhéanfaidh aon tarraingt siar faoin mír seo difear—
|
| |
(a) d'oibriú scéime coigiltis conarthaí deimhnithe roimh an dáta a leagtar síos mar choinníoll, nó
|
| |
(b) d'aon chonradh faoi scéim den sórt sin a rinneadh roimh an dáta sin.
|
| |
(3) Ní bheidh éifeacht le haon tarraingt siar faoin mír seo mura ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim—
|
| |
(a) fógra a chur leis an bpost chuig gach foras coigiltis cáilitheach á chur in iúl dó go ndearnadh an sonrú agus an deimhniú araon a tharraingt siar, agus
|
| |
(b) go ndéanann siad amhlaidh 28 lá ar a laghad roimh an dáta a leagtar síos mar choinníoll.
|
| |
4. (1) I gcás ina ndearnadh sonrú faoi alt 519C(4)(c), féadfaidh an tAire Airgeadais an sonrú a athrú agus an dáta a dtiocfaidh an t-athrú in éifeacht a leagan síos mar choinníoll agus measfar aon deimhniú a rinne na Coimisinéirí Ioncaim faoi threoir an tsonraithe agus a bhí ann roimh an athrú a bheith tarraingthe siar ar an dáta a tháinig an t-athrú in éifeacht.
|
| |
(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim tráth ar bith scéim a dheimhniú mar scéim a chomhlíonann na ceanglais a bheidh ann tar éis an athraithe.
|
| |
(3) Ní dhéanfaidh aon athrú agus tarraingt siar faoin mír seo difear—
|
| |
(a) d'oibriú scéime coigiltis conarthaí deimhnithe roimh an dáta a leagtar síos mar choinníoll, nó
|
| |
(b) d'aon chonradh faoi scéim den sórt sin a rinneadh roimh an dáta sin.
|
| |
(4) Ní bheidh éifeacht le haon athrú agus tarraingt siar faoin mír seo mura ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim—
|
| |
(a) fógra a chur leis an bpost chuig gach foras coigiltis cáilitheach á chur in iúl dó go ndearnadh an sonrú a athrú agus an deimhniú a tharraingt siar, agus
|
| |
(b) go ndéanann siad amhlaidh 28 lá ar a laghad roimh an dáta a leagtar síos mar choinníoll.
|
| |
Faisnéis
|
| |
5. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine cibé faisnéis a mheasann na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun go gcomhlíonfaidh siad a bhfeidhmeanna faoin Sceideal seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná 30 lá) a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar faisnéis í atá ag an duine, nó atá ar fáil go réasúnta ag an duine, chuig a bhfuil an fógra dírithe, lena n-áirítear go háirithe faisnéis—
|
| |
(a) lena chumasú do na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh a dhéanamh—
|
| |
(i) i dtaobh ar chóir scéim a dheimhniú nó deimhniú atá tugtha cheana féin a tharraingt siar; nó
|
| |
(ii) i dtaobh dliteanas cánach, lena n-áirítear dliteanas cánach gnóchan caipitiúil, aon duine a bhí rannpháirteach i scéim, agus
|
| |
(b) i ndáil le riaradh scéime agus le haon athrú ar théarmaí scéime.
|
| |
6. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid, lena n-áirítear cigire, a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhall a údaraíonn an Sceideal seo dóibh a dhéanamh nó a chomhall.”.
|
[EN]
|
Scair-scéimeanna d'fhostaithe.
|
69.
—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
|
[EN]
| |
(a) i gCaibidil 1 de Chuid 17—
|
[EN]
| |
(i) in alt 510, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):
|
[EN]
| |
“(5A) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo más rud é—
|
[EN]
| |
(i) go ndéanfaidh iontaobhaithe scéime brabús-roinnte ceadaithe leithreasú ar scaireanna, lena mbaineann alt 510(3), chuig rannpháirtí,
|
[EN]
| |
(ii) go ndearna iontaobhaithe iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe lena mbaineann alt 519 na scaireanna lena mbaineann a aistriú chuig iontaobhaithe na scéime ceadaithe lena mbaineann, agus
|
[EN]
| |
(iii) go ndearnadh na scaireanna a aistriú ar dháta ba dhéanaí ná an dáta ar arbh fhéidir na scaireanna a aistriú den chéad uair de réir théarmaí ghníomhas an iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe nó aon doiciméid eile ach nach ndearnadh, cibé ar bith cén chúis a bhí leis, iad a aistriú ar an dáta ba luaithe sin.
|
[EN]
| |
(b) I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo, measfar, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, go ndearnadh an leithreasú chuig an rannpháirtí lena mbaineann ar an lá tar éis an lae ar arbh fhéidir le hiontaobhaithe an iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe lena mbaineann na scaireanna sin a aistriú den chéad uair, de réir théarmaí an ghníomhais iontaobhais faoinar bunaíodh an t-iontaobhas sin nó aon doiciméid eile.”,
|
[EN]
| |
(ii) in alt 511A trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
|
[EN]
| |
“(3) Faoi réir fho-alt (5), beidh feidhm ag fo-alt (4) más rud é—
|
[EN]
| |
(a) go ndéanfaidh iontaobhaithe scéime ceadaithe leithreasú ar scaireanna lena mbaineann alt 510(3) chuig rannpháirtí, agus
|
[EN]
| |
(b) go ndearna iontaobhaithe iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe lena mbaineann alt 519 na scaireanna lena mbaineann a aistriú chuig na hiontaobhaithe sin.
|
[EN]
| |
(4) Chun críocha na Caibidle seo mar atá feidhm aici maidir leis na scaireanna dá dtagraítear i bhfo-alt (3), i gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo—
|
[EN]
| |
(a) críochnóidh an tréimhse choinneála—
|
[EN]
| |
(i) más rud é go raibh na scaireanna lena mbaineann, díreach roimh an aistriú dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b), á sealbhú san iontaobhas scair-úinéireachta d'fhostaithe ar feadh tréimhse (dá ngairtear ‘an chéad tréimhse’ i bhfo-alt (5)) is lú ná 2 bhliain, an lá tar éis an lae a bheidh deireadh le tréimhse, ar tréimhse í is comhionann ó thaobh faid leis an difríocht idir 2 bhliain agus fad na tréimhse a raibh na scaireanna á sealbhú amhlaidh lena linn, ó leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí, nó
|
[EN]
| |
(ii) más rud é go raibh na scaireanna lena mbaineann, roimh an aistriú dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b), á sealbhú san iontaobhas scair-úinéireachta d'fhostaithe ar feadh tréimhse (dá ngairtear ‘an dara tréimhse’ i bhfo-alt (5)) 2 bhliain nó níos mó, an lá tar éis an lae a leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(b) más rud é go raibh na scaireanna lena mbaineann, díreach roimh an aistriú dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b), á sealbhú san iontaobhas scair-úinéireachta d'fhostaithe ar feadh tréimhse (dá ngairtear ‘an tríú tréimhse’ i bhfo-alt (5)) is lú ná 3 bliana, is é an dáta scaoilte an lá tar éis an lae a bheidh deireadh le tréimhse, ar tréimhse í is comhionann ó thaobh faid leis an difríocht idir 3 bliana agus fad na tréimhse a raibh na scaireanna á sealbhú amhlaidh lena linn, ó leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí.
|
[EN]
| |
(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) mura rud é gur thairbhí (de réir bhrí mhír 11 de Sceideal 12) faoin iontaobhas scair-úinéireachta d'fhostaithe an rannpháirtí lena mbaineann gach uile thráth—
|
[EN]
| |
(a) le linn na chéad tréimhse nó an dara tréimhse, de réir mar is cuí, agus
|
[EN]
| |
(b) le linn an tríú tréimhse.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(iii) in alt 515, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):
|
[EN]
| |
“(1) Faoi réir fho-alt (2B), i gcás inar mó ná—
|
[EN]
| |
(a) £10,000, nó
|
[EN]
| |
(b) £30,000 más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha i bhfo-alt (2A),
|
[EN]
| |
iomlán mhargadhluachanna tosaigh na scaireanna go léir a bheidh leithreasaithe chuig pearsa aonair in aon bhliain mheasúnachta áirithe (cibé acu faoi scéim cheadaithe amháin nó faoi 2 scéim nó níos mó den sórt sin), beidh feidhm ag fo-ailt (4) go (7) maidir le haon scaireanna breise, is é sin le rá, aon scair ba chúis leis an teorainn is infheidhme a shárú agus aon scair a leithreasaíodh tar éis an teorainn is infheidhme a shárú.
|
[EN]
| |
(2) Chun críocha fho-alt (1), i gcás ina ndéantar líon scaireanna a leithreasú chuig pearsa aonair an tráth céanna faoi 2 scéim cheadaithe nó níos mó, áireofar an chomhréir chéanna de na scaireanna a leithreasófar an tráth sin faoi gach scéim mar chomhréir a bheidh leithreasaithe sula mbeidh an teorainn £10,000 nó an teorainn £30,000, de réir mar a bheidh, sáraithe.
|
[EN]
| |
(2A) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1)—
|
[EN]
| |
(a) go ndearna iontaobhaithe iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe lena mbaineann alt 519 na scaireanna a leithreasaíodh chuig an bpearsa aonair sin a aistriú chuig iontaobhaithe na scéime ceadaithe lena mbaineann,
|
[EN]
| |
(b) gach tráth áirithe le linn na 5 bliana dar tosach dáta bunaithe an iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe go raibh 50 faoin gcéad, nó cibé céatadán is lú ná sin a fhorordóidh an tAire Airgeadais le hordú, de na hurrúis a bhí á gcoimeád ag na hiontaobhaithe an tráth sin curtha i ngeall acu mar urrús i leith iasachtaí,
|
[EN]
| |
(c) tráth an aistrithe dá dtagraítear i mír (a) go raibh tréimhse 10 mbliana ar a laghad caite, ar tréimhse í dar tosach an dáta a bunaíodh an t-iontaobhas scair-úinéireachta d'fhostaithe agus dar críoch an tráth a tháinig na scaireanna go léir a bhí curtha i ngeall mar urrús i leith iasachtaí ag iontaobhaithe an iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe tagtha chun bheith as geall (dá ngairtear an ‘tréimhse ualaithe’ ina dhiaidh seo san alt seo), agus
|
[EN]
| |
(d) maidir leis na scaireanna a chuir iontaobhaithe an iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe i ngeall, tráth ar bith ó bunaíodh an t-iontaobhas, mar urrús i leith iasachtaí, nach ndearnadh aon cheann acu a aistriú roimhe sin chuig iontaobhaithe na scéime ceadaithe toisc gur lean siad de bheith i ngeall amhlaidh le linn na tréimhse ualaithe.
|
[EN]
| |
(2B) Ní fhéadfar an teorainn £30,000 i mír (b) d'fho-alt (1) a chur chun feidhme ach amháin sa chéad bhliain mheasúnachta ar lena linn a chuaigh an tréimhse ualaithe in éag agus ní fhéadfar í a chur chun feidhme ansin ach amháin i leith scaireanna arna leithreasú tar éis an tréimhse sin a bheith éagtha amhlaidh.”,
|
[EN]
| |
(b) i gCaibidil 2 de Chuid 17—
|
[EN]
| |
(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 519 i ndiaidh fho-alt (7):
|
[EN]
| |
“(7A) I gcás go ndéanfaidh iontaobhaithe iontaobhais lena mbaineann an t-alt seo urrúis a dhíol ar an margadh oscailte, ní gnóchan inmhuirearaithe aon ghnóchan a fhabhróidh chuig na hiontaobhaithe sin, má úsáidtear, agus a mhéid a úsáidtear, na fáltais ón díol sin chun airgead a fuair na hiontaobhaithe sin ar iasacht a aisíoc nó chun ús ar iasachtaí den sórt sin a íoc.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c) d'fho-alt (9):
|
[EN]
| |
“(b) i ndáil le hioncam arb éard é díbhinní i leith urrús arna sealbhú ag an iontaobhas sin,
|
[EN]
| |
(c) i ndáil le haistriú urrús chuig scéim bhrabúsroinnte arna ceadú faoi Chuid 2 de Sceideal 11, nó
|
[EN]
| |
(d) i ndáil le gnóchan a fhabhróidh chuig iontaobhaithe an iontaobhais sin ó scaireanna a dhíol ar an margadh oscailte.”,
|
[EN]
| |
(c) i Sceideal 11—
|
[EN]
| |
(i) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach in ionad fhomhír (4) i mír 3:
|
[EN]
| |
“(4) Déanfar foráil sa scéim nach mó ná £10,000, nó i gcás go bhfuil feidhm ag mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 515, nach mó ná £30,000, iomlán mhargadhluachanna tosaigh na scaireanna a leithreasófar i mbliain mheasúnachta chuig aon rannpháirtí áirithe amháin.”,
|
[EN]
| |
(ii) i mír 4, trí “3 bliana” a chur in ionad “5 bliana” i bhfomhír (1)(b),
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 12:
|
[EN]
| |
“12A. D'ainneoin mhír 12, beidh pearsa aonair cáilithe chun go leithreasófar scaireanna chuige nó chuici faoin scéim tráth ar bith más rud é—
|
[EN]
| |
(a) go ndearna iontaobhaithe iontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe lena mbaineann alt 519 na scaireanna a aistriú chuig iontaobhaithe na scéime, agus
|
[EN]
| |
(b) gur tairbhí (de réir bhrí mhír 11 de Sceideal 12) den iontaobhas scair-úinéireachta sin d'fhostaithe an phearsa aonair an tráth sin, nó gur thairbhí den sórt sin é nó í laistigh den 30 lá roimhe sin.”,
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(d) i Sceideal 12—
|
[EN]
| |
(i) i mír 11—
|
[EN]
| |
(I) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998):
|
[EN]
| |
“(2B) Faoi réir fhomhír (2C), féadfar foráil a dhéanamh sa ghníomhas iontaobhais gur tairbhí duine aon tráth áirithe (dá ngairtear ‘an tráth iomchuí’ san fhomhír seo) más rud é—
|
[EN]
| |
(a) gach tráth áirithe i dtréimhse cháilitheach gurbh fhostaí nó stiúrthóir de chuid cuideachta a bhí faoi réim ghrúpa na cuideachta bunaithí an tráth áirithe sin an duine,
|
[EN]
| |
(b) gurbh fhostaí nó stiúrthóir den sórt sin an duine—
|
[EN]
| |
(i) ar an dáta a bunaíodh an t-iontaobhas nó tráth éigin laistigh de 9 mí roimh an dáta sin, nó
|
[EN]
| |
(ii) tráth ar bith le linn na tréimhse 5 bliana dar tosach an dáta sin,
|
[EN]
| |
(c) gur scoir an duine de bheith ina fhostaí nó ina fostaí, nó ina stiúrthóir, de chuid na cuideachta nó gur scoir an chuideachta de bheith faoi réim an ghrúpa sin,
|
[EN]
| |
(d) gach tráth áirithe le linn na tréimhse 5 bliana dá dtagraítear i gclásal (b), go raibh 50 faoin gcéad, nó cibé céatadán is lú ná sin a fhorordóidh an tAire Airgeadais le hordú, de na hurrúis a bhí á gcoimeád ag na hiontaobhaithe an tráth sin curtha i ngeall acu mar urrús i leith iasachtaí, agus
|
[EN]
| |
(e) an tráth iomchuí, go bhfuil tréimhse nach mó ná 15 bliana caite ó bunaíodh an t-iontaobhas.
|
[EN]
| |
(2C) Ní bheidh riail a chomhlíonann fomhír (2B) sa ghníomhas iontaobhais mura rud é go mbeidh sé sainráite sa riail go mbaineann sí le gach duine atá faoina réim.”,
|
[EN]
| |
(II) trí “fomhíreanna (2A), (2B) agus (3)” a chur in ionad “fomhíreanna (2A) agus (3)” i bhfomhír (4)(a),
|
[EN]
| |
(III) trí “3 bliana” a chur in ionad “5 bliana” i bhfomhír (5)(a),
|
[EN]
| |
(IV) trí “fhomhíreanna (2B) agus (3)” a chur in ionad “fhomhír (3)” agus trí “i bhfomhíreanna (2B)(c) agus (3)(b)” a chur in ionad “i bhfomhír (3)(b)” i bhfomhír (6),
|
[EN]
| |
(V) trí “fomhír (2A), (2B), (3) nó (4)” a chur in ionad “fomhír (2A), (3) nó (4)” i bhfomhír (7),
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(VI) trí “fomhír (2), (2A), (2B), (3) nó (4)” a chur in ionad “fomhír (2), (2A), (3) nó (4)” i bhfomhír (8),
|
[EN]
| |
agus
|
[EN]
| |
(ii) i mír 18, trí “nó, má tá an comhaontú faoi réir coinníoll sonraithe amháin nó níos mó a bheith comhlíonta, ar an gcoinníoll sin nó na coinníollacha sin a bheith comhlíonta” a chur isteach i ndiaidh “nuair a dhéantar an comhaontú” i bhfomhír (3)(a).
|
[EN]
| |
(2) (a) Beidh feidhm ag míreanna (a)(i), (a)(ii) agus (c)(iii) d'fho-alt (1) maidir le leithreasú scaireanna arna dhéanamh ag iontaobhaithe scéime ceadaithe (de réir bhrí alt 510(1) den Phríomh-Acht) ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.
|
[EN]
| |
(b) Beidh feidhm ag míreanna (b) agus (d) d'fho-alt (1) maidir le hiontaobhais scair-úinéireachta d'fhostaithe arna gceadú faoi mhír 2 de Sceideal 12 a ghabhann leis an bPríomh-Acht ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.
|
[EN]
| |
(c) Beidh feidhm ag mír (c)(ii) d'fho-alt (1) maidir le scéimeanna brabús-roinnte arna gceadú faoi Chuid 2 de Sceideal 11 a ghabhann leis an bPríomh-Acht ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.
|
| |
Caibidil 6
Cáin loncaim agus Cáin Chorparáide: Faoisimh ó Cháin chun Saoráidí Loctha agus Marcaíochta a Sholáthar agus i leith Forbairtí Gaolmhara Áirithe
|
[EN]
|
Leasú ar Chuid 10 (cáin ioncaim agus cáin chorparáide: faoisimh i leith athnuachan agus feabhsú limistéar uirbeach áirithe, limistéar saoire áirithe agus oileán áirithe) den Phríomh-Acht.
|
70.
—(1) Leasaítear leis seo Cuid 10 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 8 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998):
|
[EN]
| |
“Caibidil 9
|
[EN]
| |
Saoráidí loctha agus marcaíochta agus forbairtí gaolmhara áirithe
|
| |
Léiriú (Caibidil 9).
|
372U.—(1) Sa Chaibidil seo—
ciallaíonn ‘treoirlínte’, faoi réir fho-alt (2), treoirlínte—
(a) i ndáil le suíomh, forbairt agus oibriú saoráidí loctha agus marcaíochta,
(b) i ndáil le forbairt gníomhaíochtaí tráchtála a bheidh suite ag saoráidí cáilitheacha loctha agus marcaíochta, agus
(c) i ndáil le forbairt cóiríochta cónaithe áirithe a bheidh suite ag saoráidí cáilitheacha áirithe loctha agus marcaíochta,
arna n-eisiúint ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontar Poiblí agus le toiliú an Aire Airgeadais;
ciallaíonn ‘saoráid loctha agus marcaíochta’—
(a) foirgneamh nó déanmhas dá bhfónann seirbhís bus nó traenach, agus atá in úsáid chun spás loctha d'fheithiclí inneallghluaiste a sholáthar do dhaoine den phobal i gcoitinne, a bhfuil ar intinn acu leanúint d'aistear ar bhus nó ar thraein agus gan tosaíocht a bheith ag aon aicme áirithe daoine agus ar mhuirear cuí a íoc, agus
(b) aon limistéar atá faoin bhfoirgneamh nó faoin déanmhas dá dtagraíonn mír (a) agus ar a bhfuil nó ar a mbeidh áitreabh cáilitheach (de réir bhrí alt 372W, 372X nó 372Y) suite, nó aon limistéar atá os a chionn nó tadhlach go díreach leis;
ciallaíonn ‘saoráid cháilitheach loctha agus marcaíochta’ saoráid loctha agus marcaíochta a ndéanfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí, i gcomhairle le cibé gníomhaireachtaí eile a bheidh sonraithe sna treoirlínte, deimhniú i scríbhinn a thabhairt ina leith don duine a bheidh ag foirgniú nó ag athfheistiú saoráide den sórt sin á rá gur deimhin leis go gcomhlíonann an tsaoráid na critéir agus na ceanglais atá leagtha síos sna treoirlínte;
ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Iúil, 1999, agus dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 2002;
ciallaíonn ‘an t-údarás áitiúil iomchuí’, i ndáil le foirgniú nó athfheistiú saoráide loctha agus marcaíochta nó áitribh cháilithigh de réir bhrí alt 372W nó le foirgniú áitribh cháilithigh de réir na mbríonna faoi seach a shanntar in ailt 372X agus 372Y—
(a) i leith chontaebhuirgí Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, na Gaillimhe, Luimnigh agus Phort Láirge, bardas na buirge lena mbaineann,
(b) i leith chontaetha riaracháin an Chláir, Chorcaí, Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fhine Gall, na Gaillimhe, Chill Dara, Chill Chainnigh, Luimnigh, na Mí, Bhaile Átha Cliath Theas, Phort Láirge agus Chill Mhantáin, comhairle an chontae lena mbaineann,
(c) comhairle cheantair uirbigh atá suite i gcontae riaracháin Chill Dara, na Mí nó Chill Mhantáin,
ar ina limistéar feidhme atá an tsaoráid loctha agus marcaíochta suite.
(2) Chun críocha na Caibidle seo, agus gan dochar do ghinearáltacht bhrí na dtreoirlínte dá dtagraítear i bhfo-alt (1), féadfaidh forálacha i ndáil le gach ceann nó le haon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh sna treoirlínte:
(a) na critéir chun oiriúnacht láithreáin mar shuíomh le haghaidh saoráide loctha agus marcaíochta a chinneadh,
(b) na coinníollacha a mbeidh feidhm acu i ndáil le soláthar seirbhísí iompair chuig saoráid loctha agus marcaíochta agus uaithi, lena n-áirítear foráil le haghaidh comhaontaithe fhoirmiúil idir soláthraí seirbhíse iompair agus oibritheoir saoráide loctha agus marcaíochta i gcás na feidhmeanna sin a bheith á gcomhall ag daoine éagsúla,
(c) uaireanta oibrithe saoráide loctha agus marcaíochta agus leibhéal agus struchtúr na muirear a bheidh le híoc ag daoine den phobal i leith locadh agus úsáid seirbhísí iompair chuig saoráid loctha agus marcaíochta nó uaithi,
(d) an líon íosta áiteanna loctha feithiclí a bheidh le soláthar i saoráid loctha agus marcaíochta,
(e) an cion d'áiteanna loctha, más ann, i saoráid loctha agus marcaíochta a fhéadfar, faoi réir aon choinníollacha is gá, a leithroinnt chun críocha a bhaineann le haon fhorbairt tráchtála nó chónaithe ag saoráid loctha agus marcaíochta,
(f) na ceanglais a mbeidh feidhm acu i ndáil le forbairt agus oibriú gníomhaíochtaí tráchtála, más ann, ag saoráid loctha agus marcaíochta, lena n-áirítear ceanglais is gá chun a chinntiú nach mbeidh éifeacht dhochrach ag na gníomhaíochtaí sin ar fhorbairt agus ar oibriú na saoráide loctha agus marcaíochta, agus
(g) na ceanglais a mbeidh feidhm acu i ndáil le soláthar cóiríochta cónaithe, más ann, ag saoráid loctha agus marcaíochta, lena n-áirítear ceanglais is gá chun a chinntiú nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an gcóiríocht sin ar fhorbairt agus oibriú na saoráide loctha agus marcaíochta.
|
|
| |
Liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú saoráidí áirithe loctha agus marcaíochta.
|
372V.—(1)(a) Faoi réir fho-ailt (2) go (4), beidh feidhm, d'ainneoin aon ní dá mhalairt sna forálacha sin, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais tionscail amhail is dá mba é a bheadh i saoráid cháilitheach loctha agus marcaíochta, gach uile thráth ar saoráid cháilitheach loctha agus marcaíochta í, foirgneamh nó déanmhas a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 mar gheall ar í a úsáid chun críche a shonraítear in alt 268 (1) (a).
(b) Ní thabharfar liúntas de bhua an fho-ailt seo i leith aon chaiteachais chaipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú saoráide cáilithí loctha agus marcaíochta ach amháin a mhéid a thabhaítear an caiteachas sin sa tréimhse cháilitheach.
(2) Más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú saoráide cáilithí loctha agus marcaíochta, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ach amháin i gcás nach lú méid iomlán an chaiteachais chaipitiúil a thabhaítear amhlaidh ná méid is comhionann le 10 faoin gcéad de mhargadhluach na saoráide cáilithí loctha agus marcaíochta díreach sula dtabhaítear an caiteachas sin.
(3) Chun críocha ailt 271 agus 273 a chur chun feidhme, le fo-alt (1), i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú saoráide cáilithí loctha agus marcaíochta—
(a) beidh feidhm ag alt 271—
(i) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (1) den alt sin, an míniú ar ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ a scriosadh,
(ii) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)(a)(i) den alt sin, ‘a bhfuil feidhm ag fo-alt (3) maidir leis’ a scriosadh,
(iii) amhail is dá ndéanfaí fo-alt (3) den alt sin a scriosadh,
(iv) amhail is dá ndéanfaí an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) den alt sin:
‘(4) Méid is comhionann le 50 faoin gcéad den chaiteachas caipitiúil a luaitear i bhfo-alt (2) a bheidh i liúntas foirgníochta tionscail.’,
agus
(v) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (5) den alt sin, ‘a bhfuil feidhm ag fo-alt (3)(c) maidir leis’ a scriosadh,
agus
(b) beidh feidhm ag alt 273—
(i) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (1) den alt sin, an míniú ar ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ a scriosadh, agus (ii) amhail is dá ndéanfaí fo-ailt (2)(b) agus (3) go (7) den alt sin a scriosadh.
(4) D'ainneoin alt 274(1), ní ghearrfar aon mhuirear cothromaíochta i ndáil le saoráid cháilitheach loctha agus marcaíochta mar gheall ar aon cheann de na teagmhais a shonraítear san alt sin a tharlaíonn—
(a) níos mó ná 13 bliana tar éis an tsaoráid cháilitheach loctha agus marcaíochta a úsáid den chéad uair, nó
(b) i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 276, níos mó ná 13 bliana tar éis an caiteachas caipitiúil ar athfheistiú na saoráide loctha agus marcaíochta a thabhú.
(5) Chun cinneadh a dhéanamh agus chuige sin amháin, i ndáil le héileamh ar liúntas de bhua fho-alt (1), cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas caipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú saoráide cáilithí loctha agus marcaíochta, ní dhéileálfar (d'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an tráth a dhéileáiltear nó a dhéileálfar le haon chaiteachas caipitiúil mar chaiteachas a tabhaíodh) ach le cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin is inchurtha síos go cuí d'obair ar fhoirgniú nó ar athfheistiú na saoráide cáilithí loctha agus marcaíochta a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse cáilithí mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.
(6) Más rud é go dtugtar liúntas faoin alt seo i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú saoráide cáilithí loctha agus marcaíochta, ní thabharfar aon liúntas i leith an chaiteachais sin de bhua aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach.
|
|
| |
Liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú áitreabh tráchtála áirithe.
|
372W.—(1) San alt seo, ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’ foirgneamh nó déanmhas a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de láithreán saoráide cáilithí loctha agus marcaíochta agus—
(a) a ndéanfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí deimhniú i scríbhinn a thabhairt ina leith don duine a bheidh ag foirgniú nó ag athfheistiú an áitribh á rá gur deimhin leis go gcomhlíonann an t-áitreabh agus an ghníomhaíocht a dhéanfar san áitreabh na ceanglais atá leagtha síos sna treoirlínte i ndáil le forbairt gníomhaíochta tráchtála ag saoráid cháilitheach loctha agus marcaíochta, agus
(b) ar leith ón alt seo, nach foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir bhrí alt 268(1), agus
(c) (i) atá in úsáid chun críocha trádála nó gairme, nó
(ii) bíodh nó ná bíodh sé á úsáid amhlaidh, atá ligthe ar théarmaí tráchtála bona fide ar cibé comaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go n-íocfaí í i leith ligean an fhoirgnimh nó an déanmhais arna chaibidil ar bhonn neamhthuilleamaíoch,
ach ní fholaíonn sé aon chuid d'fhoirgneamh nó de dhéanmhas atá in úsáid mar theach cónaithe nó mar chuid de theach cónaithe.
(2) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) agus fho-ailt (3) go (5), beidh feidhm, d'ainneoin aon ní dá mhalairt sna forálacha sin, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais tionscail—
(i) amhail is dá mba é a bheadh in áitreabh cáilitheach, gach uile thráth ar áitreabh cáilitheach é, foirgneamh nó déanmhas a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 268(1)(a), agus
(ii) i gcás nach trádáil aon ghníomhaíocht atá á seoladh san áitreabh cáilitheach, amhail is dá mba thrádáil í.
(b) Ní thabharfar liúntas de bhua an fho-ailt seo i leith aon chaiteachais chaipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh ach amháin a mhéid a thabhaítear an caiteachas sin sa tréimhse cháilitheach.
(c) (i) Ní thabharfar liúntas de bhua an fho-ailt seo i leith aon chaiteachais chaipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh ag saoráid loctha agus marcaíochta ach amháin a mhéid nach mó an caiteachas sin, nuair a dhéantar é a chomhiomlánú—
(I) le caiteachas caipitiúil eile, más ann, a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh eile agus a dtabharfaí liúntas ina leith, nó a dtabharfaí liúntas ina leith murach an mhír seo, agus
(II) le caiteachas eile, más ann, a bhfuil foráil ann chun asbhaint a dhéanamh ina leith de bhua alt 372X nó 372Y,
agus a thabhaítear ag an tsaoráid loctha agus marcaíochta sin, ná leath an chaiteachais chaipitiúil iomláin a thabhaítear ag an tsaoráid loctha agus marcaíochta sin agus a bhfuil liúntas le tabhairt nó asbhaint le déanamh ina leith, nó a mbeadh liúntas le tabhairt nó asbhaint le déanamh ina leith de bhua aon fhorála den Chaibidil seo murach an mhír seo nó alt 372X(4) nó 372Y(2)(c).
(ii) Aon duine a thabhaigh caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh ag saoráid loctha agus marcaíochta agus a éilíonn gur chomhlíon sé nó sí ceanglais fhomhír (i) i ndáil leis an gcaiteachas sin, measfar nár chomhlíon sé nó sí na ceanglais amhlaidh mura mbeidh deimhniú i scríbhinn arna eisiúint ag an údarás áitiúil iomchuí agus á rá gur deimhin leis gur comhlíonadh na ceanglais sin faighte ag an duine ón údarás sin.
(3) Más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú áitribh cháilithigh, ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) ach amháin i gcás nach lú méid iomlán an chaiteachais chaipitiúil a thabhaítear amhlaidh ná méid is comhionann le 10 faoin gcéad de mhargadhluach an áitribh cháilithigh díreach sular tabhaíodh an caiteachas sin.
(4) Chun ailt 271 agus 273 a chur chun feidhme, le fo-alt (2), i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh—
(a) beidh feidhm ag alt 271—
(i) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (1) den alt sin, an míniú ar ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ a scriosadh,
(ii) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)(a)(i) den alt sin, ‘a bhfuil feidhm ag fo-alt (3) maidir leis’ a scriosadh,
(iii) amhail is dá ndéanfaí fo-alt (3) den alt sin a scriosadh,
(iv) amhail is dá ndéanfaí an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) den alt sin:
‘(4) Méid is comhionann le 50 faoin gcéad den chaiteachas caipitiúil a luaitear i bhfo-alt (2) a bheidh i liúntas foirgníochta tionscail.’,
agus
(v) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (5) den alt sin, ‘a bhfuil feidhm ag fo-alt (3)(c) maidir leis’ a scriosadh,
agus
(b) beidh feidhm ag alt 273—
(i) amhail is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (1) den alt sin, an míniú ar ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ a scriosadh, agus
(ii) amhail is dá ndéanfaí fo-ailt (2)(b) agus (3) go (7) den alt sin a scriosadh.
(5) D'ainneoin alt 274(1), ní ghearrfar aon mhuirear cothromaíochta i ndáil le háitreabh cáilitheach mar gheall ar aon cheann de na teagmhais a shonraítear san alt sin a tharlaíonn—
(a) níos mó ná 13 bliana tar éis an t-áitreabh cáilitheach a úsáid den chéad uair, nó
(b) i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 276, níos mó ná 13 bliana tar éis an caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an áitribh cháilithigh a thabhú.
(6) Chun cinneadh a dhéanamh agus chuige sin amháin, i ndáil le héileamh ar liúntas de bhua fho-alt (2), cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas caipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh, ní dhéileálfar (d'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an tráth a dhéileáiltear nó a dhéileálfar le haon chaiteachas caipitiúil mar chaiteachas a tabhaíodh) ach le cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin is inchurtha síos go cuí d'obair a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse cáilithí ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an áitribh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.
(7) Más rud é go dtugtar liúntas faoin alt seo i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh, ní thabharfar aon liúntas i leith an chaiteachais sin de bhua aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach.
|
|
| |
Cóiríocht chónaithe chíosa: asbhaint i leith caiteachais áirithe ar fhoirgniú.
|
372X.—(1) San alt seo—
ciallaíonn ‘léas cáilitheach’, i ndáil le teach, faoi réir alt 372Z(2), léas ar an teach arb éard í an chomaoin maidir lena dheonú—
(a) íocaíochtaí tréimhsiúla, agus iad sin amháin, ar cíos iad uile nó a n-áireofar iad uile mar chíos chun críocha Chaibidil 8 de Chuid 4, nó
(b) íocaíochtaí den chineál a luaitear i mír (a), mar aon le híocaíocht ar mhodh préimhe nach mó ná 10 faoin gcéad de chostas iomchuí an tí;
ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 372Z, teach—
(a) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de láithreán saoráide cáilithí loctha agus marcaíochta,
(b) a ndéanfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí deimhniú i scríbhinn a thabhairt ina leith don duine a bheidh ag foirgniú an tí á rá gur deimhin leis go gcomhlíonann an teach nó, i gcás gur ceann de líon tithe i bhforbairt aonair an teach, an fhorbairt ar cuid di é, na ceanglais atá leagtha síos sna treoirlínte i ndáil le forbairt cóiríochta cónaithe áirithe ag saoráid loctha agus marcaíochta,
(c) a úsáidtear d'aon toisc mar theaghais,
(d) nach lú ná 38 méadar chearnacha agus nach mó ná 125 mhéadar chearnacha a achar urláir iomlán,
(e) a bhfuil, mura teach nua é (chun críocha alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979) atá curtha ar fáil lena dhíol, deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid atá sonraithe ann i leith chostas foirgnithe an tí ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an bhfoirgniú sin, agus
(f) a ndéantar, gan é a bheith úsáidte, é a ligean den chéad uair ina iomláine faoi léas cáilitheach agus ina dhiaidh sin go leanann sé de bheith ligthe faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha neamhúsáide sealadaí idir deireadh léasa cháilithigh amháin agus tosach léasa eile den sórt sin);
ciallaíonn ‘costas iomchuí’, i ndáil le teach, faoi réir fho-alt (5), méid is comhionann le comhiomlán na méideanna seo a leanas—
(a) an caiteachas a tabhaíodh chun aon talamh ar a bhfuil an teach foirgnithe, nó chun cearta sa talamh sin nó thairis, a fháil, agus
(b) an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an tí;
ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse 10 mbliana dar tosach dáta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach.
(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), más rud é go gcruthaíonn duine, tar éis dó nó di éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas ar fhoirgniú áitribh cháilithigh—
(a) beidh an duine sin, le linn méid barrachais nó easnaimh i leith an chíosa ón áitreabh cáilitheach a bheith á ríomh chun críocha alt 97(1), i dteideal asbhainte den mhéid sin (más ann) den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 372Z(7) nó faoin alt seo mar chaiteachas a bheidh tabhaithe ag an duine sin sa tréimhse cháilitheach, agus
(b) beidh feidhm ag Caibidil 8 de Chuid 4 amhail is dá mba asbhaint arna húdarú le halt 97(2) an asbhaint sin.
(3) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le haon phréimh nó suim eile is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi léas cáilitheach nó ar shlí eile faoi na téarmaí ar faoina réir a dheonaítear an léas, leis an léasóir nó chun sochair don léasóir nó le haon duine, nó chun sochair d'aon duine, atá bainteach leis an léasóir.
(b) Más rud é nach cíos nó nach n-áirítear mar chíos chun críocha alt 97 aon phréimh nó suim eile lena mbaineann an fo-alt seo nó aon chuid den phréimh sin nó den tsuim eile sin, measfar, chun críocha fho-alt (2), an caiteachas a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh lena mbaineann an léas cáilitheach a bheith laghdaithe den mhéid is lú acu seo a leanas—
(i) méid na préimhe sin nó na suime eile sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den phréimh sin nó den tsuim eile sin, agus
(ii) an méid a mbeidh idir é agus an méid atá luaite i bhfomhír (i) an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh (a bheidh le háireamh faoi alt 372Z(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach) agus iomlán an chaiteachais a tabhaíodh ar an bhfoirgniú sin.
(4) (a) Ní bheidh duine i dteideal asbhainte de bhua fho-alt (2) i leith caiteachais chaipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú áitribh cháilithigh ag saoráid loctha agus marcaíochta ach amháin a mhéid nach mó an caiteachas sin, nuair a dhéantar é a chomhiomlánú—
(i) le caiteachas caipitiúil eile, más ann, a thabhaítear ar fhoirgniú áitribh cháilithigh eile agus a ndéanfaí asbhaint ina leith nó a ndéanfaí asbhaint ina leith murach an fo-alt seo, agus
(ii) le caiteachas eile, más ann, a bhfuil foráil ann le haghaidh asbhainte ina leith faoi alt 372Y,
agus a thabhaítear ag an tsaoráid loctha agus marcaíochta sin, ná an ceathrú cuid den chaiteachas caipitiúil iomlán a thabhaítear ag an tsaoráid loctha agus marcaíochta sin agus a bhfuil liúntas le tabhairt nó asbhaint le déanamh ina leith, nó a mbeadh liúntas le tabhairt nó asbhaint le déanamh ina leith de bhua aon fhorála den Chaibidil seo murach an fo-alt seo nó alt 372(W)(2)(c) nó 372(Y)(2)(c).
(b) Aon duine a thabhaigh caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú áitribh cháilithigh ag saoráid loctha agus marcaíochta agus a éilíonn gur chomhlíon sé nó sí ceanglais mhír (a) i ndáil leis an gcaiteachas sin, measfar nár chomhlíon sé nó sí na ceanglais amhlaidh mura mbeidh deimhniú i scríbhinn arna eisiúint ag an údarás áitiúil iomchuí agus á rá gur deimhin leis gur comhlíonadh na ceanglais sin faighte ag an duine on údarás sin.
(5) Más cuid d'fhoirgneamh áitreabh cáilitheach nó más ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é, nó más cuid é d'fhoirgneamh ar ceann de líon foirgneamh i bhforbairt aonair é féin, déanfar cibé cionroinnt is gá—
(a) ar an gcaiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó na bhfoirgneamh sin, agus
(b) ar an méid arbh é an costas iomchuí é i ndáil leis an bhfoirgneamh nó leis na foirgnimh sin dá mba áitreabh cáilitheach aonair an foirgneamh nó na foirgnimh, de réir mar a bheidh,
chun an caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú an áitribh cháilithigh agus an costas iomchuí i ndáil leis an áitreabh cáilitheach a chinneadh.
(6) Más rud é gur áitreabh cáilitheach teach agus go dtarlóidh ceachtar den dá theagmhas seo a leanas aon tráth le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an áitreabh—
(a) go scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach, nó
(b) go n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuig aon duine eile ach nach scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach,
ansin, maidir leis an duine a fuair asbhaint nó a bhí i dteideal asbhaint a fháil faoi fho-alt (2), roimh an teagmhas tarlú, i leith caiteachais a tabhaíodh ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh, measfar go bhfuair sé nó sí, an lá roimh an lá a tharla an teagmhas, méid mar chíos ón áitreabh cáilitheach atá ar cóimhéid le méid na hasbhainte.
(7) (a) Más rud é go dtarlóidh an teagmhas a luaitear i bhfo-alt (6)(b) sa tréimhse iomchuí i ndáil le teach is áitreabh cáilitheach, déanfar an duine a n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach chuige nó chuici a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, méid caiteachais ar fhoirgniú an tí atá ar cóimhéid leis an méid a áiríodh, faoi alt 372Z(7) nó faoin alt seo (ar leith ó fho-alt (3)(b)), a bheith tabhaithe ag an léasóir sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú an tí; ach, i gcás duine a cheannóidh teach den sórt sin, ní mó ná an praghas iomchuí a d'íoc an duine sin ar an gceannach an méid a áireofar amhlaidh mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo agus fho-alt (8), is é an praghas iomchuí a d'íoc duine ar cheannach tí an méid a mbeidh idir é agus an glanphraghas a d'íoc an duine sin ar an gceannach sin an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú an tí, a bheidh le háireamh faoi alt 372Z(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus an costas iomchuí i ndáil leis an teach sin.
(8) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás caiteachas a bheith tabhaithe ar fhoirgniú tí agus, sula n-úsáidtear an teach, go ndíoltar é, déanfar an duine a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas ar fhoirgniú an tí is comhionann leis an méid is lú acu seo a leanas—
(i) an méid den chaiteachas sin a bheidh le háireamh faoi alt 372Z(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, agus
(ii) an praghas iomchuí a d'íoc an duine sin ar an gceannach,
ach más rud é go ndíoltar an teach níos mó ná aon uair amháin sula n-úsáidtear é, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo ach amháin i ndáil leis an gceann deireanach de na díolacháin sin.
(b) I gcás caiteachas a bheith tabhaithe ar fhoirgniú tí ag duine a sheolann trádáil nó cuid de thrádáil arb éard í, maidir leis an trádáil go léir nó le haon chuid di, foirgnimh a fhoirgniú d'fhonn iad a dhíol agus, sula n-úsáidtear an teach, go ndíoltar é i gcúrsa na trádála sin nó, de réir mar a bheidh, i gcúrsa an chuid sin den trádáil sin—
(i) déanfar an duine (dá ngairtear ‘an ceannaitheoir’ sa mhír seo) a cheannaíonn an teach a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a thabhaigh, sa tréimhse cháilitheach, caiteachas ar fhoirgniú an tí is comhionann leis an bpraghas iomchuí a d'íoc an ceannaitheoir ar an gceannach (dá ngairtear ‘an chéad cheannach’ sa mhír seo), agus
(ii) i ndáil le haon díolachán nó díolacháin dá éis sin den teach sula n-úsáidtear an teach, beidh feidhm ag mír (a) amhail is dá mba thagairt don phraghas iomchuí a íocadh ar an gcéad cheannach an tagairt do mhéid an chaiteachais a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach.
(9) Beidh feidhm ag alt 372Z chun an t-alt seo a fhorlíonadh.
|
|
| |
Cóiríocht chónaithe: liúntas d'úinéiríáititheoirí maidir le caiteachas áirithe ar fhoirgniú.
|
372Y.—(1) San alt seo—
ciallaíonn ‘caiteachas cáilitheach’, i ndáil le pearsa aonair, méid is comhionann le méid an chaiteachais a thabhaigh an phearsa aonair ar fhoirgniú áitribh cháilithigh ar teaghais úinéiráitithe cháilitheach é i ndáil leis an bpearsa aonair tar éis aon suim—
(a) i leith nó faoi threoir an chaiteachais sin,
(b) i leith nó faoi threoir an áitribh cháilithigh, nó
(c) i leith nó faoi threoir na hoibre foirgníochta ar tabhaíodh an caiteachas sin ina leith,
a bheidh faighte ag an bpearsa aonair nó a bheidh sé nó sí i dteideal a fháil, go díreach nó go neamhdhíreach, ón Stát, ó aon bhord arna bhunú le reacht nó ó aon údarás poiblí nó áitiúil, a asbhaint ón méid sin caiteachais;
ciallaíonn ‘teaghais úinéir-áitithe cháilitheach’, i ndáil le pearsa aonair, áitreabh cáilitheach a úsáideann an phearsa aonair den chéad uair, tar éis an caiteachas cáilitheach a bheith tabhaithe, mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe dó féin nó di féin;
ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, i ndáil le caiteachas cáilitheach a thabhú, faoi réir fho-ailt (4) agus (5) d'alt 372Z, teach—
(a) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de láithreán saoráide cáilithí loctha agus marcaíochta,
(b) a ndéanfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí deimhniú i scríbhinn a thabhairt ina leith don duine a bheidh ag foirgniú an tí á rá gur deimhin leis go gcomhlíonann an teach nó, i gcás gur ceann de líon tithe i bhforbairt aonair an teach, an fhorbairt ar cuid di é, na ceanglais atá leagtha síos sna treoirlínte i ndáil le forbairt cóiríochta cónaithe áirithe ag saoráid loctha agus marcaíochta,
(c) a úsáidtear d'aon toisc mar theaghais,
(d) a bhfuil, mura teach nua é (chun críocha alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979) atá curtha ar fáil lena dhíol, deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid atá sonraithe ann i leith chostas foirgnithe an tí ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an bhfoirgniú sin, agus
(e) nach lú ná 38 méadar chearnacha agus nach mó ná 125 mhéadar chearnacha a achar urláir iomlán.
(2) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), más rud é go gcruthóidh pearsa aonair, tar éis éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé nó sí caiteachas cáilitheach i mbliain mheasúnachta, beidh an phearsa aonair i dteideal, don bhliain mheasúnachta sin agus d'aon bhliain de na 9 mbliana measúnachta dá éis sin inarb é an t-áitreabh cáilitheach ar ina leith a thabhaigh an phearsa aonair an caiteachas cáilitheach aon-áit nó príomh-áit chónaithe na pearsan aonair, go ndéanfar asbhaint as a ioncam nó a hioncam iomlán ar asbhaint í de mhéid is comhionann le 5 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais sin.
(b) Ní thabharfar asbhaint faoin alt seo i leith caiteachais cháilithigh ach amháin a mhéid atá an caiteachas sin le háireamh faoi alt 372Z(7) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach.
(c) (i) Ní bheidh duine i dteideal asbhainte de bhua an fho-ailt seo i leith caiteachais cháilithigh a thabhaítear ag saoráid loctha agus marcaíochta ach amháin a mhéid nach mó an caiteachas sin, nuair a dhéantar é a chomhiomlánú—
(I) le caiteachas cáilitheach eile, más ann, a ndéanfaí asbhaint ina leith, nó a ndéanfaí asbhaint ina leith murach an mhír seo, agus
(II) le caiteachas eile, más ann, a bhfuil foráil ann le haghaidh asbhainte ina leith faoi alt 372X,
agus a thabhaítear ag an tsaoráid loctha agus marcaíochta sin, ná an ceathrú cuid den chaiteachas caipitiúil iomlán a thabhaítear ag an tsaoráid loctha agus marcaíochta sin agus a bhfuil liúntas le tabhairt nó asbhaint le déanamh ina leith, nó a mbeadh liúntas le tabhairt nó asbhaint le déanamh ina leith de bhua aon fhorála den Chaibidil seo murach an mhír seo nó alt 372W(2)(c) nó 372X(4).
(ii) Aon duine a thabhaigh caiteachas cáilitheach ag saoráid loctha agus marcaíochta agus a éilíonn gur chomhlíon sé nó sí ceanglais fhomhír (i) i ndáil leis an gcaiteachas sin, measfar nár chomhlíon sé nó sí na ceanglais amhlaidh mura mbeidh deimhniú i scríbhinn arna eisiúint ag an údarás áitiúil iomchuí agus á rá gur deimhin leis gur comhlíonadh na ceanglais sin faighte ag an duine ón údarás sin.
(3) I gcás ina dtabhóidh 2 dhuine nó níos mó caiteachas cáilitheach i ndáil le háitreabh cáilitheach, ansin measfar gur thabhaigh gach duine de na daoine sin an caiteachas sna comhréireanna inar iompair siad an caiteachas iarbhír agus cionroinnfear an caiteachas dá réir sin.
(4) Beidh feidhm ag alt 372Z chun an t-alt seo a fhorlíonadh.
|
|
| |
Forálacha d'fhorlíonadh ailt 372X agus 372Y.
|
372Z.—(1) In ailt 372X agus 372Y—
ciallaíonn ‘deimhniú um chostas réasúnach’ deimhniú arna thabhairt ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, chun críocha alt 372X nó 372Y, de réir mar a bheidh, á rá go bhfeictear don Aire sin, tráth an deimhniú a thabhairt agus ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Aire sin an tráth sin, gur méid réasúnach an méid a shonraítear sa deimhniú i ndáil le costas foirgnithe an tí lena mbaineann an deimhniú, agus beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, maidir le deimhniú um chostas réasúnach amhail is dá mba dheimhniú um luach réasúnach de réir bhrí an ailt sin é; folaíonn ‘teach’ aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais agus aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann nó a theachtar de ghnáth leis an bhfoirgneamh sin nó leis an gcuid sin d'fhoirgneamh;
ciallaíonn ‘achar urláir iomlán’ achar urláir iomlán tí arna thomhas ar an modh dá dtagraítear in alt 4(2)(b) d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979.
(2) Ní léas cáilitheach léas chun críocha alt 372X má tá aon fhoráil i dtéarmaí an léasa á chumasú don léasaí nó d'aon duine eile, go díreach nó go neamhdhíreach, aon leas sa teach lena mbaineann an léas a fháil tráth ar bith ar chomaoin is lú ná an chomaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go dtabharfaí í an tráth sin chun an leas a fháil dá seolfaí na caibidlí don fháil sin ar neamhthuilleamaí ar an margadh oscailte.
(3) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 372X—
(a) má bhíonn sé á áitiú mar theaghais ag aon duine atá bainteach leis an duine atá i dteideal, i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh ar fhoirgniú an tí, asbhaint a fháil faoi alt 372X(2), agus
(b) mura bhfuil téarmaí an léasa cháilithigh i ndáil leis an teach de chineál a bhféadfaí a bheith ag súil leis go mbeidís sa léas dá mba rud é gur ar neamhthuilleamaí a dhéanfaí na caibidlí le haghaidh an léasa.
(4) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 372X nó 372Y mura gcomhlíonann sé cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil ó am go ham chun críocha alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, i ndáil le caighdeáin foirgnithe tithe agus soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile i dtithe.
(5) Ní áitreabh cáilitheach teach chun críocha alt 372X nó 372Y mura gceadaítear do dhaoine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil chun críocha na n-alt sin an teach a iniúchadh gach tráth réasúnach ar a n-údaruithe a thabhairt ar aird má iarrann duine dá ndéantar difear orthu déanamh amhlaidh.
(6) Chun críocha ailt 372X agus 372Y, déanfar tagairtí sna hailt sin d'fhoirgniú aon áitribh a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'fhorbairt na talún ar a bhfuil an t-áitreabh suite nó a úsáidtear i dtaca le gairdíní, fearainn, rochtain nó taitneamhachtaí a sholáthar i ndáil leis an áitreabh agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, mar thagairtí a fholaíonn go háirithe na nithe seo a leanas—
(a) aon fhoirgneamh ar an talamh a scartáil nó a dhíchóimeáil,
| |