10 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 10 de 1999


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1999

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Léiriú.

2.

Lua agus tosach feidhme.

3.

Caiteachais.

CUID II

Leasuithe chun Socrú a Dhéanamh i d Taobh Ciona Nua a Bhaineann le Drugaí

4.

Leasú ar Acht 1977.

5.

Leasú ar fhorálacha pionóis Acht 1977.

6.

Leasú ar fhorálacha cosanta Acht 1977.

7.

Leasú ar Acht 1994.

CUID III

Leasuithe chun Deireadh a Chur le Réamhscrúduithe

8.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1967.

9.

Cuid 1A a chur isteach in Acht 1967.

10.

Forálacha eile d'Acht 1967 a leasú nó a aisghairm.

11.

Leasú ar an Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939.

12.

Leasú ar Acht 1962.

13.

Leasú ar Acht 1973.

14.

Leasú ar an Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976.

15.

Leasú ar Acht 1981.

16.

Leasú ar Acht 1984.

17.

Leasú ar Acht 1990.

18.

Leasú ar ailt 5, 7 agus 13 d'Acht 1992.

19.

Leasú ar alt 15 d'Acht 1992.

20.

Leasú ar alt 16 d'Acht 1992.

21.

Leasú ar Acht 1997.

22.

Achtacháin eile a aisghairm.

23.

Foráil idirthréimhseach.

24.

Leasú ar alt 3 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998.

CUID IV

Leasuithe a Bhaineann le hOrduithe Coigistíochta

25.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1994.

26.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1994.

27.

Leasú ar alt 10 d'Acht 1994.

28.

Leasú ar alt 11 d'Acht 1994.

CUID V

Pléadálacha Ciontach agus Fianaise Deimhnithe

29.

Pléadálacha ciontach.

30.

Fianaise deimhnithe a bhaineann le coimeád foilseán.

CUID VI

Eiseachadadh agus nithe eile

31.

Cionta faoi dhlí Thuaisceart Éireann.

32.

Cionta faoi dhlí na hAlban.

33.

Leasú ar na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994.

34.

Leasú ar Acht 1984.

35.

Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996.

36.

Leasú ar alt 15 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998.

37.

Leasú ar alt 18 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998.

38.

Deireadh a chur leis an riail “bliain agus lá”.

39.

Finnéithe a bhfuil eagla orthu nó atá faoi réir a n-imeaglaithe.

40.

Finnéithe athlonnaithe.

41.

Imeaglú etc. finnéithe, giúróirí agus daoine eile.

42.

Gabháil agus coinneáil príosúnach i dtaca le himscrúdú cionta eile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986

1986, Uimh. 26

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924

1924, Uimh. 10

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961

1961, Uimh. 39

An tAcht um Fhianaise Choiriúil, 1992

1992, Uimh. 12

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1951

1951, Uimh. 2

An tAcht um Dhlínse Choiriúil, 1960

1960, Uimh. 27

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1984

1984, Uimh. 22

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1993

1993, Uimh. 6

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1994

1994, Uimh. 15

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996

1996, Uimh. 29

An Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta), 1990

1990, Uimh. 34

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962

1962, Uimh. 12

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997

1997, Uimh. 4

An tAcht um an Dlí Coiriúil, 1997

1997, Uimh. 14

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976

1976, Uimh. 14

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean), 1981

1981, Uimh. 10

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990

1990, Uimh. 32

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil (Leasú), 1973

1973, Uimh. 16

Explosive Substances Act, 1883

46 & 47 Vic., c.3

An tAcht um Eiseachadadh, 1965

1965, Uimh. 17

An tAcht um Eiseachadadh (Leasú), 1994

1994, Uimh. 6

An tAcht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977

1977, Uimh. 12

An tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939

1939, Uimh. 13

An tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998

1998, Uimh. 39

Acht na bPríosún, 1970

1970, Uimh. 11

/images/harp.jpg


Uimhir 10 de 1999


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1999

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHRUTHÚ CIONA NUA DRUGAÍ, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE hIMEACHTAÍ IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE PIONÓIS A CHUR I bhFEIDHM IN AGHAIDH GÁINNEÁLAITHE DRUGAÍ, DO BHUNÚ RIALACHA A BHAINEANN LE PIANBHREITH A CHUR AR DHAOINE A bhFUIL PLÉADÁLACHA CIONTACH TAIFEADTA ACU, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FIANAISE TRÍ DHEIMHNIÚ I nDÁIL LE FOILSEÁIN, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE DEIMHNIÚCHÁN A DHÉANAMH, CHUN CRÍOCH EISEACHADTA, AR CHIONTA ÁIRITHE FAOI DHLÍ THUAISCEART ÉIREANN AGUS NA hALBAN AGUS AN DLÍ LENA MÍNÍTEAR NA BREITHIÚNA A bhFUIL DLÍNSE ACU ÁBHAIR EISEACHADTA A ÉISTEACHT, DO CHUR DEIREADH LEIS AN RIAIL “BLIAIN AGUS LÁ”, DO LEASÚ ALT 4 DEN ACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1984 , DO LEASÚ AN ACHTA UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT (LEASÚ), 1998 , DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FIANAISE A THABHAIRT TRÍ NASC TEILIFÍSE BEO AG FINNÉITHE A bhFUIL EAGLA ORTHU NÓ ATÁ FAOI RÉIR A nIMEAGLAITHE, MAIDIR LEIS AN ÁIT INA bhFUIL FINNÉITHE ATÁ FAOI CHLÁR GARDA SÍOCHÁNA UM CHOSAINT FINNÉITHE, AGUS CÉANNACHT NA bhFINNÉITHE SIN, A CHOIMEÁD FAOI RÚN, MAIDIR LE CION IMEAGLAITHE FINNÉITHE, GIÚRÓIRÍ AGUS DAOINE EILE AGUS MAIDIR LE GABHÁIL AGUS COINNEÁIL PRÍOSÚNACH I dTACA LE hIMSCRÚDÚ CIONTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA EILE. [26 Bealtaine, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962 ;

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 ;

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil (Leasú), 1973 ;

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977 ;

ciallaíonn “Acht 1981” an tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean), 1981 ;

ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1984 ;

ciallaíonn “Acht 1990” an tAcht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta), 1990;

ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht um Fhianaise Choiriúil, 1992;

ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1994;

ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile is tagairt í don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

Lua agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo, seachas Cuid VI, i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar, le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire, chuige sin, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Caiteachais.

3. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II

Leasuithe chun Socrú a Dhéanamh i dTaobh Ciona Nua a Bhaineann le Drugaí

Leasú ar Acht 1977.

4. —Leasaítear leis seo Acht 1977 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 15:

“Cion a bhaineann le sealbhú drugaí ar £10,000 nó. níos mó a luach

15A.—(1) Beidh duine ciontach i gcion faoin Acht seo más rud é—

(a) go mbeidh druga rialaithe amháin nó níos mó ina sheilbh ag an duine, cibé acu go dleathach é nó nach ea, chun an druga nó na drugaí a dhíol le duine eile nó a sholáthar dó ar dhóigh eile, de shárú ar rialacháin faoi alt 5 den Acht seo, agus

(b) gur £10,000 nó níos mo margadhluach an druga rialaithe nó comhiomlán mhargadhluachanna na ndrugaí rialaithe, de réir mar a bheidh, aon tráth ar lena linn atá an druga nó na drugaí i seilbh an duine.

(2) Faoi réir alt 29(3) den Acht seo (arna leasú le halt 6 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1999 ), in aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, más rud é—

(a) go gcruthaítear go raibh druga rialaithe ina sheilbh ag duine, agus

(b) gur deimhin leis an gcúirt, ag féachaint don chainníocht den druga rialaithe a bhí ina sheilbh ag an duine sin nó do cibé nithe eile is iomchuí leis an gcúirt, go luíonn sé le réasún a mheas nach raibh sé beartaithe ag an duine an druga rialaithe a bheith le húsáid láithreach aige go pearsanta,

toimhdeofar, go dtí gur deimhin leis an gcúirt a mhalairt, go raibh an druga rialaithe ina sheilbh ag an duine sin lena dhíol le duine eile nó lena sholáthar dó ar dhóigh eile, de shárú ar rialacháin faoi alt 5 den Acht seo.

(3) Más deimhin leis an gcúirt go bhfuil eolas ag comhalta den Gharda Síochána nó ag oifigeach custam agus máil faoi dhíol nó soláthar neamhdhleathach drugaí rialaithe, beidh an comhalta sin nó an t-oifigeach sin, de réir mar a bheidh, i dteideal, in aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) margadhluach an druga rialaithe lena mbaineann, nó

(b) comhiomlán mhargadhluachanna na ndrugaí rialaithe lena mbaineann.

(4) Ní fhéadfar aon imeachtaí a thionscnamh faoin alt seo ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó le toiliú uaidh.

(5) San alt seo—

ciallaíonn ‘margadhluach’, i ndáil le druga rialaithe, an praghas a d'fhéadfaí a bheith ag súil a gheofaí ar an druga sin ar an margadh le haghaidh díol nó soláthar neamhdhleathach drugaí rialaithe;

tá le ‘oifigeach custam agus máil’ an bhrí chéanna atá leis in alt 6 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996 .”.

Leasú ar fhorálacha pionóis Acht 1977.

5. —Leasaítear leis seo alt 27 d'Acht 1977 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 15A, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht saoil nó cibé tréimhse is giorra ná sin a chinnfidh an chúirt, faoi réir fho-ailt (3B) agus (3C) den alt seo, a chur air, agus

(b) de rogha na cúirte, fíneáil a mbeidh inti cibé méid is cuí leis an gcúirt a chur air.

(3B) I gcás ina gciontófar duine (seachas leanbh nó duine óg) i gcion faoi alt 15A, sonróidh an chúirt, le linn di pianbhreith a fhorchur, gur tréimhse nach lú ná 10 mbliana príosúnachta an tréimhse íosta príosúnachta a bheidh le cur isteach ag an duine sin.

(3C) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3B) den alt seo i gcás inar deimhin leis an gcúirt go bhfuil imthosca eisceachtúla sonracha ann a bhaineann leis an gcion, nó leis an duine a chiontaítear sa chion, ar imthosca iad a d'fhágfadh gur phianbhreith mhíchóir sna himthosca go léir pianbhreith nach lú ná príosúnacht 10 mbliana agus chun na críche sin féadfaidh an chúirt aird a thabhairt ar aon nithe is cuí léi, lena n-áirítear—

(a) ar phléadáil an duine sin ciontach sa chion agus, má rinne,

(i) an chéim inar chuir sé in iúl gur bheartaigh sé pléadáil ciontach, agus

(ii) na himthosca inar chuir sé é sin in iúl,

agus

(b) ar chabhraigh an duine sin go hábhartha in imscrúdú an chiona.

(3D) Maidir leis an gcumhacht a thugtar le halt 23 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 , chun pionós a iomalartú nó a loghadh, ní dhéanfar í a fheidhmiú, i gcás duine a mbeidh pianbhreith a forchuireadh air faoi fho-alt (3A) den alt seo á cur isteach aige, roimh dhul in éag don tréimhse íosta a bheidh sonraithe ag an gcúirt faoi fho-alt (3B) den alt seo lúide aon laghdú a dhéanfar ar an tréimhse sin faoi fho-alt (3E) den alt seo.

(3E) Na rialacha nó an cleachtas faoinar féidir le príosúnaigh i gcoitinne loghadh pianbhreithe a thuilleamh trí dhúthracht agus dea-iompar, beidh feidhm acu maidir le duine a mbeidh pianbhreith a forchuireadh faoi fho-alt (3A) den alt seo á cur isteach aige agus déanfar an tréimhse íosta a bheidh sonraithe ag an gcúirt faoi fho-alt (3B) den alt seo a laghdú de mhéid aon loghadh a bheidh tuillte amhlaidh ag an duine sin.

(3F) I gcás duine a mbeidh pianbhreith a forchuireadh faoi fho-alt (3A) den alt seo á cur isteach aige, ní dhéanfar aon chumhachtaí a thugtar le rialacha arna ndéanamh faoi alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 , chun duine a mbeidh pianbhreith príosúnachta á cur isteach aige a scaoileadh saor go sealadach, a fheidhmiú i gcaitheamh na tréimhse ar lena linn a thoirmisctear le fo-alt (3D) den alt seo a phionós a iomalartú nó a loghadh ach amháin ar chúis thromaí de chineál daonchairdiúil, agus ní mhairfidh aon scaoileadh saor a dheonófar amhlaidh ach cibé fad teoranta a bheidh cóir ag féachaint don chúis sin.

(3G) Le linn pianbhreith a fhorchur ar dhuine a chiontófar i gcion faoi alt 15A den Acht seo, féadfaidh cúirt—

(a) a fhiafraí an raibh an duine, tráth déanta an chiona, ina andúileach i ndruga rialaithe amháin nó níos mó, agus

(b) más deimhin léi go raibh an duine ina andúileach amhlaidh an tráth sin agus gur ghné shubstainteach as ar tháinig déanamh an chiona an andúil, an phianbhreith a liostú lena hathbhreithniú i ndiaidh dul in éag do leath ar a laghad den tréimhse a bheidh sonraithe ag an gcúirt faoi fho-alt (3B) den alt seo.

(3H) Le linn pianbhreith a liostófar faoi fho-alt (3G) (b) den alt seo a athbhreithniú, féadfaidh an chúirt—

(a) an chuid den phianbhreith nach mbeidh curtha isteach a fhionraí ar aon choinníollacha is oiriúnach léi, agus

(b) le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfeidhmeoidh sí a cumhachtaí faoin bhfo-alt seo, aird a thabhairt ar aon nithe is cuí léi.

(3I) Ní bheidh feidhm ag mír (a) d'alt 13(2) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoi alt 15A den Acht seo, ach measfar, chun críocha mhír (b) d'alt 13(2) den Acht sin, go bhfuil an cion sin ina chion lena mbainfidh alt 13 den Acht sin.

(3J) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (3F) den alt seo d'alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 , a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn an t-alt sin arna chur chun feidhme le halt 4 d'Acht na bPríosún, 1970 .”.

Leasú ar fhorálacha cosanta Acht 1977.

6. —Leasaítear leis seo alt 29 d'Acht 1977 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 15 nó 15A den Acht seo, féadfaidh cosantóir an toimhde a rinneadh de réir fho-alt (2) den alt infheidhme a fhrisnéis trína shuíomh go raibh, tráth an chiona líomhnaithe, an druga nó na drugaí rialaithe lena mbaineann na himeachtaí ina sheilbh go dleathach aige de bhua na rialachán faoi alt 4 den Acht seo.”.

Leasú ar Acht 1994.

7. —Leasaítear leis seo alt 3(1) d'Acht 1994 sa mhíniú ar “cion gáinneála ar dhrugaí” tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) cion faoi alt 15A den Acht sin;”.

CUID III

Leasuithe chun Deireadh a Chur le Réamhscrúduithe

Leasú ar alt 4 d'Acht 1967.

8. —Leasaítear leis seo Acht 1967 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:

Léiriú.

4.—(1) San Acht seo ciallaíonn ‘an t-ionchúisitheoir’, maidir le cion—

(a) i gCuid IA agus in alt 13, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, agus

(b) i gCodanna II agus III, seachas alt 13—

(i) an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí,

(ii) duine ag ionchúiseamh an chiona ar agra an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, nó

(iii) duine atá údaraithe le dlí an cion a ionchúiseamh.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), déanfar tagairtí don ionchúisitheoir i gCodanna IA, II agus III a fhorléiriú, maidir le cionta nach bhféadtar imeachtaí a thionscnamh nó a choimeád ar marthain ina leith ach ag an Ard-Aighne, nó thar ceann an Ard-Aighne nó le toiliú an Ard-Aighne, mar thagairtí don Ard-Aighne.”.

Cuid 1A a chur isteach in Acht 1967.

9. —Leasaítear leis seo Acht 1967 tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt (4):

“CUID IA

Imeachtaí a Bhaineann le Cionta Indíotáilte

An cúisí le cur ar aghaidh chun trialach.

4A.—(1) I gcás ina mbeidh duine cúisithe os comhair na Cúirte Dúiche agus é faoi chúiseamh i gcion indíotáilte, cuirfidh an Chúirt an cúisí ar aghaidh chun trialach chuig an gcúirt a bhfuil sé le dul faoi thriail os a comhair (cúirt na trialach) mura rud é—

(a) go mbeidh an cás á thriail go hachomair,

(b) go mbeifear ag déileáil leis an gcás faoi alt 13, nó

(c) go mbeidh an cúisí neamhinniúil ar phléadáil.

(2) Ní chuirfear an cúisí ar aghaidh chun trialach faoi fho-alt (1) gan toiliú an ionchúisitheora.

(3) I gcás ina ndiúltóidh an t-ionchúisitheoir toiliú a thabhairt a cheanglaítear faoi fho-alt (2) maidir le cion indíotáilte, déanfaidh an Chúirt Dúiche na himeachtaí in aghaidh an chúisí a scriosadh amach i ndáil leis an gcion sin.

(4) Ní dhéanfaidh scriosadh amach imeachtaí faoi fho-alt (3) dochar do thionscnamh imeachtaí in aghaidh an chúisí ag an ionchúisitheoir.

(5) Ní chuirfear an cúisí ar aghaidh chun trialach faoi fho-alt (1) go dtí go ndéanfar na doiciméid a luaitear in alt 4B(1) a sheirbheáil ar an gcúisí.

Doiciméid a sheirbheáil ar an gcúisí, etc.

4B.—(1) I gcás ina dtoileoidh an t-ionchúisitheoir go ndéanfar an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach, cuirfidh an t-ionchúisitheoir faoi deara, laistigh de 42 lá i ndiaidh don chúisí láithriú den chéad uair sa Chúirt Dúiche agus é faoi chúiseamh sa chion indíotáilte nó laistigh d'aon fhadú ar an tréimhse sin arna dheonú faoi fho-alt (3), go seirbheálfar na doiciméid seo a leanas ar an gcúisí nó ar a aturnae, más ann:

(a) ráiteas ar na cúisimh i gcoinne an chúisí;

(b) cóip d'aon fhaisnéis mhionnaithe i scríbhinn ar ar tionscnaíodh na himeachtaí;

(c) liosta de na finnéithe a bheartaíonn an t-ionchúisitheoir a ghlaoch ag an triail;

(d) ráiteas ar an bhfianaise a bhfuiltear ag súil ina leith go dtabharfaidh gach finné díobh í;

(e) cóip d'aon doiciméad ina bhfuil faisnéis a bheartaítear a thabhairt i bhfianaise de bhua Chuid II den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992;

(f) más cuí, cóip de dheimhniú faoi alt 6(1) den Acht sin;

(g) liosta de na foilseáin (más ann).

(2) A luaithe a sheirbheálfar na doiciméid a luaitear i bhfo-alt (1), tabharfaidh an t-ionchúisitheoir cóipeanna díobh don Chúirt Dúiche.

(3) Tar éis don ionchúisitheoir iarratas a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt Dúiche an tréimhse a fhadú ar laistigh di atá na doiciméid a luaitear i bhfo-alt (1) le seirbheáil, más deimhin léi—

(a) go bhfuil cúis mhaith ann chun sin a dhéanamh, agus

(b) go mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas sin a dhéanamh.

(4) Féadfar iarratas a dhéanamh agus féadfar fadú a dheonú faoi fho-alt (3) roimh dheireadh, nó i ndiaidh dheireadh, na dtréimhsí seo a leanas—

(a) an tréimhse 42 lá a luaitear i bhfo-alt (1), nó

(b) aon fhadú ar an tréimhse sin a dheonófar faoi fho-alt (3).

(5) I gcás ina ndiúltóidh sí fadú a dheonú, déanfaidh an Chúirt Dúiche na himeachtaí in aghaidh an chúisí a scriosadh amach i ndáil leis an gcion.

(6) Ní dhéanfaidh scriosadh amach imeachtaí faoi fho-alt (5) dochar do thionscnamh aon imeachtaí in aghaidh an chúisí ag an ionchúisitheoir.

Doiciméid bhreise.

4C.—(1) Aon tráth tar éis na doiciméid a luaitear in alt 4B(1) a sheirbheáil, cuirfidh an t-ionchúisitheoir faoi deara go seirbheálfar na doiciméid seo a leanas ar an gcúisí nó ar a aturnae, más ann:

(a) liosta d'aon fhinnéithe breise a bheartaíonn an t-ionchúisitheoir a ghlaoch ag an triail;

(b) ráiteas ar an bhfianaise a bhfuiltear ag súil ina leith go dtabharfaidh gach finné a bhfuil a ainm ar liosta na bhfinnéithe breise í;

(c) ráiteas ar aon fhianaise bhreise a bhfuiltear ag súil ina leith go dtabharfaidh aon fhinné a bhfuil a ainm ar an liosta a bheidh seirbheáilte cheana faoi alt 4B(1)(c) í;

(d) aon fhógra á rá go mbeartaítear faisnéis atá i ndoiciméad a thabhairt i bhfianaise faoi alt 7(1) (b) den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992, mar aon le cóip den doiciméad;

(e) más cuí, cóip de dheimhniú faoi alt 6(1) den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992;

(f) cóip d'aon teistíocht a thógfar faoi alt 4F;

(g) liosta d'aon fhoilseáin bhreise.

(2) A luaithe a sheirbheálfar aon doiciméid de réir an ailt seo, tabharfaidh an t-ionchúisitheoir cóipeanna díobh do Chúirt na trialach.

Foilseáin a scrúdú.

4D.—Beidh sé de cheart ag an gcúisí iniúchadh a dhéanamh ar na foilseáin go léir a bheidh luaite i liosta na bhfoilseán a sheirbheálfar ar an gcúisí nó ar a aturnae faoi alt 4B nó 4C.

Iarratas ón gcúisí chun an cúiseamh a dhíbhe.

4E.—(1) Aon tráth tar éis an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach, féadfaidh an cúisí a iarraidh ar chúirt na trialach ceann amháin nó níos mó de na cúisimh in aghaidh an chúisí a dhíbhe.

(2) Tabharfar fógra maidir le hiarratas faoi fho-alt (1) don ionchúisitheoir 14 lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh an t-iarratas le héisteacht.

(3) Féadfaidh cúirt na trialach, ar mhaithe leis an gceartas, a chinneadh go bhféadfar fógra níos lú ná 14 lá a thabhairt don ionchúisitheoir maidir le hiarratas faoi fho-alt (1).

(4) Más dealraitheach do chúirt na trialach nach bhfuil leorchás ann chun an cúisí a chur ar a thriail mar gheall ar aon chúiseamh lena mbaineann an t-iarratas, déanfaidh an chúirt an cúiseamh a dhíbhe.

(5) (a) Ní fhéadfar fianaise béil a thabhairt ar iarratas faoi fho-alt (1) ach amháin más dealraitheach do chúirt na trialach go bhfuil gá le fianaise den sórt sin ar mhaithe leis an gceartas.

(b) I mír (a) folaíonn ‘fianaise béil’—

(i) aon fhianaise a thabharfar trí nasc teilifíse beo de bhun Chuid III den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992, nó alt 39 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1999 ,

(ii) fístaifeadadh d'aon fhianaise a thabharfar trí nasc teilifíse beo de bhun na Coda sin nó an ailt sin in imeachtaí faoi alt 4F.

(6) Más deimhin le cúirt na trialach go bhfuil sé ar mhaithe leis an gceartas aon doiciméad a gceanglaítear faoin gCuid seo é a sheirbheáil ar an gcúisí nó ar a aturnae a sheirbheáil ag an éisteacht ar iarratas faoin alt seo—

(a) seirbheálfaidh an t-ionchúisitheoir an doiciméad ar an gcúisí nó ar a aturnae, más ann, ag an éisteacht, agus

(b) féadfaidh an chúirt, más cuí léi déanamh amhlaidh, an éisteacht a chur ar atráth chun na críche sin.

(7) I gcás ina ndéanfaidh cúirt na trialach cúiseamh a dhíbhe faoi fho-alt (4), féadfaidh an t-ionchúisitheoir, laistigh de 21 lá tar éis dháta na díbhe, achomharc a dhéanamh in aghaidh na díbhe chun na Cúirte Achomhairc Choiriúil.

(8) Ar achomharc faoi fho-alt (7), féadfaidh an Chúirt Achomhairc Choiriúil—

(a) breith chúirt na trialach a dhaingniú, nó

(b) breith chúirt na trialach a neamhniú agus sa chás sin féadfar leanúint ar aghaidh le triail an chúisí amhail is nach ndearnadh an cúiseamh a dhíbhe riamh.

An Chúirt Dúiche do thógáil fianaise.

4F.—(1) Aon tráth tar éis an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach, féadfaidh an t-ionchúisitheoir nó an cúisí ordú a iarraidh ar chúirt na trialach á cheangal ar dhuine láithriú os comhair breithimh den Chúirt Dúiche ionas go bhféadfar fianaise an duine sin a thógáil—

(a) i modh teistíochta faoi mhionn, nó

(b) i gcás ina mbeidh fianaise an duine le tabhairt trí nasc teilifíse beo de bhun Chuid III den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992, nó alt 39 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1999 , trí nasc den sórt sin,

cibé acu atá nó nach bhfuil ainm an duine ar liosta na bhfinnéithe a sheirbheálfar ar an gcúisí faoi alt 4B nó 4C.

(2) Más deimhin léi go mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh, féadfaidh cúirt na trialach a ordú do dhuine is ábhar d'iarratas faoi fho-alt (1) freastal os comhair breithimh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche—

(a) ina ndearnadh an cion, nó

(b) inar gabhadh an cúisí nó ina bhfuil cónaí air,

ionas go bhféadfaidh an breitheamh fianaise an duine sin a thógáil dá réir sin.

(3) Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le fianaise a thógáil faoin alt seo—

(a) nuair a bheidh an fhianaise á tógáil, beidh an cúisí agus breitheamh den Chúirt Dúiche araon i láthair;

(b) sula dtógfar í, cuirfidh an breitheamh in iúl don chúisí na himthosca ina bhféadfar í a ghlacadh i bhfianaise i dtriail an chúisí;

(c) féadfar an finné a chroscheistiú agus a athcheistiú;

(d) i gcás ina dtógfar an fhianaise i modh teistíochta faoi mhionn, déanfar an teistíocht agus aon chroscheistiú agus athcheistiú ar an teisteoir a thaifeadadh agus a léamh don teisteoir agus síneoidh an teisteoir agus an breitheamh an taifead sin.

(4) Beidh ag breitheamh den Chúirt Dúiche na cumhachtaí céanna—

(a) chun iallach a chur ar fhinné ionchais déanamh de réir an ailt seo nó de réir ordaithe faoin alt seo, agus

(b) chun a áirithiú go bhfreastalóidh an cúisí,

atá ag an gCúirt Dúiche maidir le finnéithe in imeachtaí coiriúla.

Inghlacthacht teistíochta nó fístaifeadta.

4G.—(1) Féadfaidh cúirt na trialach teistíocht a thógfar faoi alt 4F a bhreithniú ar iarratas faoi alt 4E(1).

(2) Féadfar teistíocht den sórt sin a ghlacadh i bhfianaise i dtriail an chúisí má chruthaítear—

(a) maidir leis an bhfinné—

(i) go bhfuil sé marbh,

(ii) nach bhfuil sé in ann freastal chun fianaise a thabhairt ag an triail,

(iii) go bhfuil cosc air freastal amhlaidh, nó

(iv) nach dtugann sé fianaise ag an triail de dheasca eagla nó imeaglú,

(b) go raibh an cúisí i láthair le linn an fhianaise a bheith á tógáil, agus

(c) gur tugadh caoi chun an finné a chroscheistiú agus a athcheistiú;

mura rud é go bhfuil an chúirt den tuairim nach mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh.

(3) Faoi réir alt 16 (fístaifeadadh d'fhianaise a thabharfaidh finné faoi 17 a bheith inghlactha i dtriail) den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992, maidir le fístaifeadadh fianaise a thabharfar trí nasc teilifíse beo in imeachtaí faoi alt 4F, má bhí an cúisí i láthair nuair a tógadh an fhianaise agus má tugadh caoi chun an finné a chroscheistiú agus a athcheistiú, beidh sé inghlactha i dtriail an chiona a mbeidh an cúisí á chúiseamh ina leith mar fhianaise ar aon fhíoras a luafar sa chéanna ar fíoras é a mbeadh fianaise dhíreach ó bhéal ón bhfinné air inghlactha, mura rud é go mbeidh an chúirt den tuairim nár chóir an fístaifeadadh a ghlacadh amhlaidh ar mhaithe leis an gceartas.

Cúnamh Dlíthiúil.

4H.—(1) Déanfar an fhoráil i dtaobh cúnaimh dhlíthiúil a dhéantar le halt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962 , a chur i mbaint leis an gcúisí i ndáil le gach imeacht a sheolfar faoin gCuid seo os comhair na Cúirte Dúiche.

(2) Déanfar an fhoráil i dtaobh cúnaimh dhlíthiúil a dhéantar le halt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962 , a chur i mbaint leis an gcúisí i ndáil le gach imeacht a sheolfar faoin gCuid seo os comhair chúirt na trialach, na Cúirte Achomhairc Choiriúil nó na cúirte ionadúla dá dtagraítear in alt 4Q.

Cumhacht chun an pobal a eisiamh.

4I.—(1) Faoi réir an ailt seo agus aon achtacháin eile, is i gcúirt oscailte a sheolfar imeacht faoin gCuid seo.

(2) I gcás inar deimhin le cúirt a mbeidh imeacht á sheoladh aici faoin gCuid seo, mar gheall ar nádúr nó imthosca an cháis, nó ar dhóigh eile ar mhaithe leis an gceartas, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfaidh sí—

(a) an pobal nó aon chuid áirithe den phobal, nó

(b) aon duine nó daoine áirithe,

ach amháin ionadaithe bona fide an Phreasa, a eisiamh as an gcúirt le linn an imeachta.

(3) Ní rachaidh fo-alt (2) chun dochair do cheart tuismitheora, gaoil nó carad de chuid an chúisí nó de chuid páirtí dhíobhálaithe fanacht sa chúirt in aon chás lena mbaineann alt 20(4) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 , nó alt 6 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean), 1981 (arna ionadú le halt 11 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990 ).

Gan imeachtaí a fhoilsiú nó a chraoladh.

4J.—(1) Ní fhoilseoidh nó ní chraolfaidh aon duine, ná ní chuirfidh faoi deara go bhfoilseofar nó go gcraolfar, aon fhaisnéis maidir le himeacht faoin gCuid seo seachas—

(a) ráiteas—

(i) á rá gur duine ainmnithe a thionscain an t-imeacht i ndáil le cúiseamh sonraithe in aghaidh duine ainmnithe, agus

(ii) ar aon bhreith a dhéantar de thoradh an imeachta,

agus

(b) i gcás iarratais faoi alt 4E chun cúiseamh in aghaidh an chúisí a dhíbhe, aon fhaisnéis a gceadóidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an iarratais í a fhoilsiú nó a chraoladh ar an gcúisí á iarraidh sin.

(2) Más rud é, ar iarratas ón ionchúisitheoir, gur dealraitheach do bhreitheamh den Chúirt Dúiche gur sháraigh duine fo-alt (1), féadfaidh an breitheamh é sin a dheimhniú don Ard-Chúirt.

(3) Ar dheimhniú faoi fho-alt (2) a fháil, féadfaidh an Ard-Chúirt—

(a) fiosrú a dhéanamh faoin ní lena mbaineann an deimhniú, agus

(b) tar éis aon fhinnéithe a éisteacht agus tar éis breithniú a dhéanamh ar aon ráiteas a thairgfear mar chosaint don duine a líomhnófar ina leith go bhfuil sárú déanta aige nó aici ar fho-alt (1), an duine sin a phionósú, nó bearta a dhéanamh lena phionósú, ionann is dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh na Cúirte.

(4) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear—

(a) d'oibriú aon achtacháin eile lena bhforchuirtear srianta breise ar a mhéid is féidir faisnéis a bhaineann le himeachtaí cúirte a fhoilsiú nó a chraoladh, nó

(b) d'aon chumhacht a thugtar do chúirt le hachtachán den sórt sin ordú a dhéanamh lena n-údarófar faisnéis den sórt sin a fhoilsiú nó a chraoladh.

(5) San alt seo—

ciallaíonn ‘craoladh’ tarchur, leaschraoladh nó leathadh a dhéanamh, trí raidió-theileagrafaíocht, ar chumarsáidí, fuaimeanna, síneacha, amharcíomhánna nó comharthaí atá beartaithe lena nglacadh go díreach ag an bpobal i gcoitinne, cibé acu a ghlactar nó nach nglactar na cumarsáidí, na fuaimeanna, na síneacha, na hamharc-íomhánna nó na comharthaí sin iarbhír;

ciallaíonn ‘foilsiú’ foilsiú don phobal nó do chuid den phobal.

Ordú finné.

4K.—(1) Féadfaidh cúirt na trialach, i ndáil le triail an chúisí, ordú a dhéanamh á cheangal ar dhuine ar seirbheáladh a ráiteas fianaise ar an gcúisí nó ar tógadh a theistíocht—

(a) freastal os comhair chúirt na trialach agus fianaise a thabhairt i dtriail an chúisí, agus

(b) aon doiciméad nó rud a shonrófar san ordú a thabhairt ar aird don chúirt sin.

(2) Aon duine nach ndéanfaidh, gan leithscéal cóir, de réir ordaithe finné, beidh sé ciontach i ndíspeagadh chúirt na trialach.

(3) Más rud é, ar iarratas ón ionchúisitheoir nó ón gcúisí, gur deimhin le cúirt na trialach, ó fhianaise faoi mhionn, nach dócha d'aon duine déanamh de réir ordaithe finné—

(a) féadfaidh an chúirt ceangal cúirtbhanna a chur ar an duine láithriú ag an triail,

(b) má dhiúltaíonn an duine a bheith faoi cheangal amhlaidh, féadfaidh an chúirt, le barántas, é a chimiú faoi choimeád go dtí an triail nó go dtí go rachaidh sé i gcúirtbhanna, agus

(c) beidh ag an gcúirt na cumhachtaí céanna chun iallach a chur ar an duine freastal os comhair chúirt na trialach chun críocha an fho-ailt seo atá ag an gcúirt sin maidir le finnéithe in imeachtaí coiriúla.

(4) San alt seo, ciallaíonn ‘ordú finné’ ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1).

Toghairm fhinné.

4L.—(1) Ar iarratas ón ionchúisitheoir nó ón gcúisí, féadfar toghairm a eisiúint as cúirt na trialach á cheangal ar an duine chun a ndíreofar an toghairm—

(a) freastal os comhair chúirt na trialach agus fianaise a thabhairt i dtriail an chúisí, agus

(b) aon doiciméad nó rud a shonrófar sa toghairm a thabhairt ar aird don chúirt sin,

mura rud é gur deimhin leis an gcúirt nach féidir leis an duine a bheartaítear a thoghairm aon fhianaise ábhartha a thabhairt nó, de réir mar a bheidh, aon doiciméad nó rud a thabhairt ar aird ar dócha dó a bheith ina fhianaise ábhartha.

(2) Aon duine nach ndéanfaidh, gan leithscéal cóir, de réir toghairme fhinné, beidh sé ciontach i ndíspeagadh na cúirte as ar eisíodh an toghairm.

(3) Ní rachaidh an t-alt seo ar dochar d'aon chumhachtaí eile chun iallach a chur ar fhinnéithe freastal ag an triail.

(4) San alt seo, ciallaíonn ‘toghairm fhinné’ toghairm a eiseofar faoi fho-alt (1).

Cúisimh a leasú.

4M.—I gcás ina mbeifear tar éis an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach de réir na Coda seo, féadfar, in ionad nó i dteannta na scór ar ar cúisíodh an cion ar ina leith a cuireadh ar aghaidh é, aon scóir a chur sa díotáil i gcoinne an chúisí ar scóir iad—

(a) a bheidh bunaithe ar aon cheann de na doiciméid a sheirbheálfar ar an gcúisí faoi alt 4B nó 4C, agus

(b) is féidir a uamadh sa díotáil chéanna.

Cúisimh neamhghaolmhara a uamadh.

4N.—I gcás ina mbeifear tar éis an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach de réir na Coda seo, féadfar, le toiliú an chúisí agus d'ainneoin aon achtacháin eile, scóir a chur sa díotáil i gcoinne an chúisí ar scóir iad—

(a) lena gcúisítear cion a ndlitear é a thriail laistigh den Stát, seachas an cion ar cuireadh an cúisí ar aghaidh ina leith, agus

(b) nach bhfuil bunaithe ar na doiciméid a sheirbheálfar ar an gcúisí faoi alt 4B nó 4C,

agus forléireofar alt 25 (3) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , dá réir sin.

Locht sa chúiseamh a cheartú.

4O.—I gcás ina mbeifear tar éis an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach de réir na Coda seo, féadfaidh cúirt na trialach aon locht i gcúiseamh in aghaidh an chúisí a cheartú mura rud é go measfaidh sí go dtarlódh éagóir de thoradh an cheartaithe.

Imeachtaí a aistriú ón gCúirt Chuarda chuig an bPríomh-Chúirt Choiriúil.

4P.—Más rud é, tar éis an cúisí a bheith curtha ar aghaidh chun trialach de réir na Coda seo chuig an gCúirt Chuarda i leith ciona indíotáilte (an cion bunaidh), go gcuirfear an cúisí ar aghaidh chun trialach chuig an bPríomh-Chúirt Choiriúil i leith ciona indíotáilte eile a bhaineann leis na himthosca ba bhun leis an gcion bunaidh, nó a d'éirigh astu, féadfaidh an Chúirt Chuarda, mura rud é go measfaidh sí nach mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh, triail an chiona bunaidh a aistriú chuig an bPríomh-Chúirt Choiriúil.

Dlínse na Cúirte Cuarda chun cúisí a athchur chuig cuaird ionadúil agus chun iarratais a éisteacht.

4Q.—(1) D'ainneoin aon achtacháin eile, i gcás ina mbeifear tar éis an cúisí a chur ar aghaidh chun trialach de réir na Coda seo chuig an gCúirt Chuarda, féadfaidh an chúirt sin an cúisí a athchur i gcoimeád chun láithriú ag suí den Chúirt Chuarda (‘cúirt ionadúil') i gcuaird na Cúirte Cuarda ina bhfuil an príosún nó an t-ionad coinneála ina mbeidh an cúisí le coinneáil i gcoimeád suite.

(2) Má dhéantar an cúisí a athchur faoin alt seo chuig suí de chuid cúirte ionadúla—

(a) féadfaidh an chúirt ionadúil, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, an cúisí a athchur tuilleadh, faoi choimeád nó faoi bhannaí, chuig an gcúirt sin nó chuig cúirt ionadúil eile,

(b) déanfar tagairt in alt 4B(3) nó (5), 4E nó 4P do chúirt na trialach a léamh mar thagairt don chúirt ionadúil a n-athchuirtear an cúisí chuici, agus

(c) beidh ag an gcúirt ionadúil an chumhacht chéanna chun aon locht sa chúiseamh in aghaidh an chúisí a cheartú atá ag cúirt na trialach faoi alt 4O.

(3) Déanfaidh cúirt ionadúil, chun críocha thriail an chiona, an cúisí a athchur chuig suí den Chúirt Chuarda i gcuaird na Cúirte Cuarda—

(a) ina ndearnadh an cion, nó

(b) inar gabhadh an cúisí nó ina gcónaíonn sé.”.

Forálacha eile d'Acht 1967 a leasú nó a aisghairm.

10. —(1) Leasaítear leis seo Cuid II d'Acht 1967 tríd an teideal seo a leanas a chur in ionad an teidil a ghabhann leis an gCuid sin:

“Pléadáil Ciontach agus Nithe Eile”.

(2) Aisghairtear leis seo ailt 5 go 12 d'Acht 1967.

(3) Leasaítear leis seo alt 13 d'Acht 1967 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Má fhaigheann an Chúirt Dúiche amach aon tráth gur mian le duine atá faoi chúiseamh i gcion lena mbaineann an t-alt seo pléadáil ciontach agus más deimhin leis an gcúirt go dtuigeann sé brí an chiona agus na fíorais a líomhnaítear—

(a) féadfaidh an Chúirt, le toiliú an ionchúisitheora, an cion a thriail go hachomair, agus sa chás sin beidh an cúisí inchurtha faoi na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (3), nó

(b) má shíníonn an cúisí pléadáil ciontach, féadfaidh an Chúirt, faoi réir fho-alt (2A), é a chur ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe leis an bpléadáil sin chuig an gcúirt sin a gcuirfí ar aghaidh chuici chun trialach é, mura mbeadh an phléadáil sin.

(2A) Ní chuirfear an cúisí ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe faoin alt seo gan toiliú an ionchúisitheora.”.

(4) Leasaítear leis seo alt 13(4) d'Acht 1967 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Sa chás sin—

(i) taifeadfaidh an chúirt pléadáil neamhchiontach a mbeidh an éifeacht chéanna léi, go huile agus go hiomlán, a bheadh léi dá gcuirfí an cúisí ar aghaidh chun trialach chuig an gcúirt sin sa chúiseamh sin de réir Chuid 1A,

(ii) cuirfidh an t-ionchúisitheoir faoi deara go ndéanfar aon doiciméid a cheanglaítear a sheirbheáil ar an gcúisí faoi alt 4B nó 4C, agus nár seirbheáladh cheana, a sheirbheáil ar an gcúisí, agus

(iii) tosóidh an tréimhse dá dtagraítear in alt 4B(1) ar rith ón dáta ar a dtaifeadfar an phléadáil neamhchiontach.”.

(5) Aisghairtear leis seo ailt 14 go 18 d'Acht 1967.

Leasú ar an Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 .

11. —Leasaítear ailt 45(2) agus 46(2) den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , trí “a chuirfidh an breitheamh sin” a chur in ionad “a ghlacfaidh an breitheamh san faisnéisí i dtaobh na cúise sin agus a chuirfe sé”.

Leasú ar Acht 1962.

12. —(1) Aisghairtear leis seo alt 2A d'Acht 1962 (a cuireadh isteach le halt 15(4) d'Acht 1992).

(2) Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1962—

(a) i bhfo-ailt (1) agus (2), trí “ar aghaidh” a chur roimh “chun a thrialach”, aon áit a bhfuil an leagan deiridh sin, agus

(b) i bhfo-alt (2)(c), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) go gcúiseofar an duine i ndúnmharú, nó”.

(3) Leasaítear leis seo alt 9(2) d'Acht 1962 (arna leasú le halt 15 d'Acht 1992) trí “deimhniú um chúnamh dlíthiúil (réamhscrúdú),” a scriosadh.

Leasú ar Acht 1973.

13. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1973 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 2:

“Locht sa chúiseamh a cheartú i ndiaidh an cúisí a chur ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe.

2.—Más rud é faoi alt 13(2) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , go gcuirfear duine cúisithe ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe ar aon chúiseamh le pléadáil ciontach—

(a) féadfaidh an chúirt ar chuici a mbeidh an cúisí curtha ar aghaidh aon locht sa chúiseamh a cheartú, agus

(b) áireofar an phléadáil ciontach mar phléadáil ciontach sa chúiseamh arna cheartú amhlaidh,

mura rud é go dtarlódh éagóir, dar leis an gcúirt, de thoradh an cheartaithe sin.”.

(2) Leasaítear alt 3(2) d'Acht 1973 trí “ionann is dá mba gur cuireadh ar aghaidh chun a thrialach é” a chur in ionad “ionann is dá mba gur cuireadh chun a thrialach é”.

Leasú ar an Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 .

14. —Leasaítear leis seo an tAcht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 18:

“Srian le halt 4F den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 .

18.—Ní thabharfaidh alt 4F den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , teideal do bhreitheamh den Chúirt Dúiche a cheangal go bhfreastalóidh duine os comhair na Cúirte sin chun fianaise an duine a thógáil i modh teistíochta faoi mhionn más dealraitheach don bhreitheamh—

(a) gur lasmuigh den Stát atá an duine, agus

(b) nach bhfuil sé indéanta le réasún a áirithiú go bhfreastalóidh sé os comhair na Cúirte.”.

Leasú ar Acht 1981.

15. —Leasaítear leis seo Acht 1981 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:

“Imeachtaí faoi Chuid 1A den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 .

4.—(1) In imeacht faoi Chuid 1A den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , a bhaineann leis an méid seo a leanas—

(a) cúiseamh i gcion ionsaithe ghnéasaigh a dhíbhe, nó

(b) fianaise duine a thógáil i modh teistíochta i gcás ciona ionsaithe ghnéasaigh,

ansin, ach amháin le cead ón mbreitheamh a bheidh ag seoladh an imeachta, ní thabharfar fianaise ar aird nó ní chuirfear ceist nach bhféadfaí, dá mba thriail den sórt a luaitear in alt 3(1) an t-imeacht, a thabhairt ar aird nó a chur gan chead de bhun an ailt sin.

(2) Tar éis iarratas ar chead a fháil déanfaidh an breitheamh—

(a) cead a dhiúltú mura rud é gur deimhin leis, maidir le cead i leith na fianaise nó na ceiste, gur dóigh go dtabharfaí é i dtriail den sórt sin, nó

(b) cead a thabhairt más deimhin leis amhlaidh.

(3) Bainfidh alt 3(3) le hiarratas faoi fho-alt (2) den alt seo.”.

Leasú ar Acht 1984.

16. —(1) Leasaítear leis seo ailt 18(1) agus 19(1) d'Acht 1984 trí “le linn don chúirt a bheith á chinneadh an ndéanfar cúiseamh a dhíbhe faoi Chuid 1A den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 ” a chur in ionad “le linn don chúirt a bheith á chinneadh an gcuirfear an cúisí ar aghaidh chun trialach”.

(2) Leasaítear leis seo ailt 18(2) agus 19(2) d'Acht 1984 trí “, i ndáil le héisteacht iarratais faoi Chuid 1A den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , ar chúiseamh a dhíbhe,” a chur in ionad “, i ndáil le réamhscrúdú ar chúiseamh,”.

(3) Leasaítear leis seo alt 20 d'Acht 1984—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Déanfar fógra faoi fho-alt (1) nó faoi mhír (c) nó (d) d'fho-alt (2) a thabhairt i scríbhinn d'aturnae an ionchúisitheora.”,

(b) i bhfo-alt (8), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) den mhíniú ar “tréimhse fhorordaithe”:

“(a) an tréimhse ceithre lá dhéag i ndiaidh an dáta ar a ndéantar, de réir alt 4B(1) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , na doiciméid dá dtagraítear san alt sin a sheirbheáil ar an gcúisí, nó”,

(c) i bhfo-alt (8), trí mhír (b) den mhíniú ar “tréimhse fhorordaithe” a scriosadh, agus

(d) i bhfo-alt (8), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c) den mhíniú ar “tréimhse fhorordaithe”:

“(c) i gcás ina ndéanfaidh an cúisí, tar éis é a chur ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe, a phléadáil a athrú chuig pléadáil neamhchiontach, an tréimhse ceithre lá dhéag i ndiaidh na doiciméid dá dtagraítear in alt 4B(1) den Acht sin a sheirbheáil ar an gcúisí, de réir alt 13 (4) (b) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , nó”.

(4) Leasaítear leis seo alt 21(1) d'Acht 1984 trí”, seachas éisteacht iarratais faoi Chuid 1A den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , ar chúiseamh a dhíbhe,” a chur in ionad “, seachas an réamhscrúdú ar chion indíotáilte,”.

Leasú ar Acht 1990.

17. —(1) Leasaítear leis seo alt 3(1)(a) d'Acht 1990 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) an ceart cúiseamh i gcoinne an duine sin a dhíbhe faoi Chuid 1A den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , nó”.

(2) Leasaítear leis seo alt 3(2) d'Acht 1990 trí “, i ndáil le héisteacht iarratais faoi Chuid 1A den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , ar chúiseamh a dhíbhe,” a chur in ionad “, i ndáil le réamhscrúdú ar chúiseamh,”.

Leasú ar ailt 5, 7 agus 13 d'Acht 1992.

18. —(1) Leasaítear leis seo alt 5(4)(a)(ii) d'Acht 1992 trí “alt 4F” a chur in ionad “alt 14”.

(2) Leasaítear leis seo alt 7 (1) (a) d'Acht 1992 trí “de bhun alt 4B(1) nó 4C (1) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 ,” a chur in ionad “de bhun alt 6(1) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 ,”.

(3) Leasaítear leis seo alt 13(1) d'Acht 1992 trí “(lena n-áirítear imeachtaí faoi alt 4E nó 4F den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 )” a chur isteach i ndiaidh “imeachtaí”.

Leasú ar alt 15 d'Acht 1992.

19. —Leasaítear leis seo Acht 1992 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 15:

“Nós imeachta i ndáil le cionta áirithe.

15.—(1) Más rud é—

(a) faoi Chuid 1A den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , go dtoileoidh an t-ionchúisitheoir le duine cúisithe, atá cúisithe i gcion lena mbaineann an Chuid seo, a chur ar aghaidh chun trialach,

(b) go bhfuil an duine, ar ina leith a líomhnaítear go ndearnadh an cion, faoi bhun 17 mbliana d'aois ar an dáta a dtabharfar toiliú leis an gcúisí a chur ar aghaidh chun trialach, agus

(c) go mbeartaítear fístaifeadadh de ráiteas arna dhéanamh ag an duine dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo le linn agallaimh arna lua in alt 16(1)(b) a thabhairt i bhfianaise de bhun an ailt sin,

déanfaidh an t-ionchúisitheoir, i dteannta a chur faoi deara na doiciméid a luaitear in alt 4B(1) den Acht sin a sheirbheáil ar an gcúisí—

(i) a chur in iúl don chúisí go bhfuil sé beartaithe fianaise a thabhairt amhlaidh, agus

(ii) deis a thabhairt don chúisí an fístaifeadadh den agallamh a fheiceáil.

(2) Más rud é go mbeidh an duine ar ina leith a líomhnaítear go ndearnadh an cion ar fáil lena chroscheistiú nuair a bheidh iarratas faoi alt 4E den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , á éisteacht, féadfaidh an breitheamh a bheidh ag éisteacht an iarratais aon ráiteas arna dhéanamh ag an duine sin ar fhístaifeadadh a luaitear in alt 16(1)(b) den Acht seo i ndáil leis an gcion sin a bhreithniú.

(3) Má thoilíonn an cúisí, féadfar le cead ón mbreitheamh a mbeidh iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo á éisteacht aige, leagan faoi eagarthóireacht den fhístaifeadadh d'agallamh a luaitear in alt 16(1)(b) a thaispeáint nuair a bheidh an t-iarratas á éisteacht, agus, sa chás sin, beidh feidhm ag fo-alt (2) agus ag alt 16(1)(b) i ndáil leis an leagan sin mar atá feidhm aige i ndáil leis an bhfístaifeadadh bunaidh.”.

Leasú ar alt 16 d'Acht 1992.

20. —Leasaítear leis seo alt 16(1) d'Acht 1992—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) beidh fístaifeadadh d'aon fhianaise i ndáil le cion lena mbaineann an Chuid seo, a thabharfaidh duine faoi bhun 17 mbliana d'aois trí nasc teilifíse beo in imeachtaí faoi Chuid 1A den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , agus”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an choinníll:

“Ar choinníoll, i gcás fístaifeadadh a luaitear i mír (b), go mbeidh an duine ar fístaifeadadh a ráiteas ar fáil ag an triail lena chroscheistiú.”.

Leasú ar Acht 1997.

21. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1997 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Déanfaidh cúirt ionadúil, chun críocha trialach duine, an duine a athchur chun suí den chúirt i nDúiche na Cúirte Dúiche—

(a) ina ndearnadh an cion lena mbaineann an triail, nó

(b) ina gcónaíonn an duine nó inar gabhadh é.”.

Achtacháin eile a aisghairm.

22. —Aisghairtear leis seo na hachtacháin seo a leanas:

(a) alt 79(3)(a) den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (arna ionadú le hAcht 1997);

(b) alt 8(1) d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986 ;

(c) alt 11 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993.

Foráil idirthréimhseach.

23. —Más rud é, roimh thosach feidhme na Coda seo, go mbeidh aon bhearta déanta faoi Chuid II d'Acht 1967 i ndáil le duine cúisithe a ionchúiseamh, leanfaidh na forálacha infheidhme de na hachtacháin a leasaítear nó a aisghairtear leis an gCuid seo d'fheidhm a bheith acu maidir le gach ní a bhaineann le hionchúiseamh an chúisí nó a éiríonn as sin, amhail is nár leasaíodh nó nár aisghaireadh na hachtacháin sin amhlaidh.

Leasú ar alt 3 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998 .

24. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5)    “(5) Déanfar fógra faoi fho-alt (1) nó faoi mhír (c) nó (d) d'fho-alt (2) a thabhairt i scríbhinn d'aturnae an ionchúisimh.”,

(b) i bhfo-alt (7), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) an tréimhse ceithre lá dhéag tar éis an dáta a ndéanfar na doiciméid a luaitear in alt 4B(1) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , a sheirbheáil ar an gcúisí de réir an ailt sin, nó”,

(c) i bhfo-alt (7), trí mhír (b) a scriosadh, agus

(d) i bhfo-alt (7), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) i gcás ina ndéanfaidh an cúisí, ar é nó í a bheith curtha ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe, a phléadáil nó a pléadáil a athrú go pléadáil neamhchiontach, an tréimhse ceithre lá dhéag tar éis an dáta a ndéanfar na doiciméid a luaitear in alt 4B(1) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , a sheirbheáil ar an gcúisí de réir alt 13(4) (b) den Acht sin, nó”.

CUID IV

Leasuithe a Bhaineann le hOrduithe Coigistíochta

Leasú ar alt 4 d'Acht 1994.

25. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1994 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (3):

“(1) I gcás ina gcuirfidh cúirt pianbhreith ar dhuine, nó ina ndéileálfaidh cúirt le duine ar shlí eile, i leith cion amháin nó níos mó maidir le gáinneáil ar dhrugaí ar ciontaíodh ar díotáil é ina leith, déanfaidh an chúirt a chinneadh, faoi réir fho-ailt (2) agus (3), ar thairbhigh an duine as gáinneáil ar dhrugaí.

(2) Féadfaidh cúirt breith a thabhairt nach ndéanfaidh sí cinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo más rud é, tar éis cibé réamhfhiosrúcháin, más ann, a dhéanfaidh sí, gur deimhin léi, ag féachaint don mhéid seo a leanas—

(a) acmhainn láithreach an duine chiontaithe, agus

(b) na himthosca eile go léir den chás, lena n-áirítear na nithe a bheidh le cur i gcuntas faoi alt 12(3) den Acht seo,

nár leor an méid, más ann, a d'fhéadfaí a ghnóthú faoi aon ordú coigistíochta a d'fhéadfaí a dhéanamh le gur cheart dul ar aghaidh le breithniú a dhéanamh i dtaobh ordú den sórt sin a dhéanamh.

(3) Ní bheidh feidhm ag an dualgas atá ar chúirt cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo má tá an duine ciontaithe tar éis bás a fháil nó tar éis éalú agus, dá réir sin, beidh feidhm ag forálacha alt 13 den Acht seo i gcás den sórt sin.”.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1994.

26. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1994—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Beidh feidhm ag an alt seo—

(a) i gcás ina gcinnfidh cúirt faoi alt 4 den Acht seo nár thairbhigh cosantóir as gáinneáil ar dhrugaí, nó

(b) i gcás ina dtabharfaidh cúirt breith faoi alt 4(2) den Acht seo nach ndéanfaidh sí cinneadh ar thairbhigh duine ciontaithe as gáinneáil ar dhrugaí.”,

(b) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

(a) nár bhreithnigh an chúirt le linn an cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a dhéanamh, nó le linn breith a thabhairt gan an cinneadh sin a dhéanamh, ach”,

(c) i bhfo-alt (3)(a), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) cinneadh a dhéanamh nó cinneadh nua a dhéanamh, de réir mar a bheidh, i dtaobh ar thairbhigh an cosantóir as gáinneáil ar dhrugaí; agus”, agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Le linn iarratas faoin alt seo a bhreithniú, ní fhéadfaidh an chúirt aon íocaíocht nó luaíocht eile a chur i gcuntas a bheidh faighte ag an gcosantóir tráth an chinnidh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, nó dá éis, nó tráth na breithe gan an cinneadh sin a dhéanamh, nó dá éis, ach amháin sa chás go suífidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go bhfuair an cosantóir í i dtaca le gáinneáil ar dhrugaí arna seoladh ag an gcosantóir nó ag duine eile ar an dáta sin nó roimhe.”.

Leasú ar alt 10 d'Acht 1994.

27. —Leasaítear leis seo alt 10(1)(a) d'Acht 1994 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad gach ní roimh fho-alt (i):

“(a) go mbeidh cúirt ag gabháil do chinneadh faoi alt 4 den Acht seo i dtaobh ar thairbhigh duine ciontaithe as gáinneáil ar dhrugaí nó maidir le haon mhéid a bheidh le gnóthú de bhua an ailt sin, nó go mbeifear tar éis iarratas a dhéanamh chun na cúirte faoi alt 7, 8 nó 9 den Acht seo, agus go dtairgfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, nó go dtairgfear thar a cheann, ráiteas don chúirt i leith aon nithe is iomchuí maidir leis an méid seo a leanas—”.

Leasú ar alt 11 d'Acht 1994.

28. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1994 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Beidh feidhm ag an alt seo—

(a) i gcás ina mbeidh cúirt ag gabháil do chinneadh faoi alt 4 den Acht seo i dtaobh ar thairbhigh duine ciontaithe as gáinneáil ar dhrugaí nó maidir le haon mhéid a bheidh le gnóthú de bhua an ailt sin, nó

(b) i gcás ina mbeidh iarratas déanta chuig cúirt faoi alt 7, 8 nó 9 den Acht seo.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1994 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach:

“(7) Aon chúisí—

(a) a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, ordú faoin alt seo a chomhlíonadh, nó

(b) a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe an ailt seo, faisnéis a thabhairt arb eol don chúisí ina leith, nó a mbeidh cúis aige lena chreidiúint, go bhfuil sí bréagach nó míthreorach,

beidh sé ciontach i gcion.

(8) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó fíneáil nach mó ná £1,500 nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó fíneáil, nó iad araon, a chur air.

(9) Aon fhaisnéis a shonrófar in ordú faoin alt seo agus a thabharfar don chúirt i gcomhlíonadh an ordaithe sin ní bheidh sí inghlactha i bhfianaise in aon imeachtaí mar gheall ar chion, seachas cion faoin alt seo.”.

CUID V

Pléadálacha Ciontach agus Fianaise Deimhnithe

Pléadálacha ciontach.

29. —(1) Le linn a chinneadh cén phianbhreith a ghearrfar ar dhuine a phléadáil ciontach i gcion, seachas cion a bhfuil an phianbhreith socraithe le dlí ina leith, cuirfidh cúirt i gcuntas, más cuí léi déanamh amhlaidh—

(a) an chéim sna himeachtaí mar gheall ar an gcion inar chuir an duine in iúl gur bheartaigh sé nó sí pléadáil ciontach, agus

(b) na himthosca inar cuireadh é sin in iúl.

(2) Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo nach mbacfaidh fo-alt (1) ar chúirt an phianbhreith uasta a fhorordófar le dlí a chur ar dhuine i leith ciona más rud é, d'ainneoin na pléadála ciontach, gur deimhin leis an gcúirt go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a bhaineann leis an gcion agus a dhlíonn an phianbhreith uasta.

(3) San alt seo, ciallaíonn “socraithe le dlí”, i ndáil le pianbhreith i leith ciona, pianbhreith a cheanglaítear le dlí ar chúirt a fhorchur ar dhuine atá láninniúil agus atá ciontach i gcion.

Fianaise deimhnithe a bhaineann le coimeád foilseán.

30. —(1) In aon imeachtaí coiriúla, aon deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag comhalta den Gharda Síochána agus ina luafar go raibh foilseán i gcoimeád an chomhalta in áit shonraithe nó ar feadh tréimhse sonraithe nó chun críche sonraithe, beidh sé inghlactha i bhfianaise ar na nithe a bheidh luaite sa deimhniú.

(2) In aon imeachtaí coiriúla, féadfaidh an chúirt—

(a) má mheasann sí gur gá é ar mhaithe leis an gceartas, a ordú go dtabharfar fianaise béil ar na nithe a bheidh luaite i ndeimhniú faoin alt seo, agus

(b) na himeachtaí a chur ar atráth go dtí dáta is déanaí chun an fhianaise béil a ghlacadh.

(3) Déanfaidh comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná sáirsint deimhniú faoin alt seo a thairiscint i bhfianaise.

(4) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foirm deimhnithe faoin alt seo a fhorordú.

CUID VI

Eiseachadadh agus Nithe Eile

Cionta faoi dhlí Thuaisceart Éireann.

31. —(1) Chun críocha Chuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965 , aon chion is inphionósaithe faoi dhlí Thuaisceart Éireann le príosúnacht ar feadh tréimhse uasta 6 mhí ar a laghad, agus is intriailte go hachomair nó ar díotáil de rogha an ionchúisitheora, déileálfar leis mar a leanas:

(a) mar chion indíotáilte nach cion achomair freisin, má dheimhníonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí do Thuaisceart Éireann go bhfuil an cion inphionósaithe agus intriailte amhlaidh agus nach n-ionchúiseofar, nó de réir mar a bheidh, nár ionchúisíodh go hachomair é;

(b) mar chion achomair, má dheimhníonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí do Thuaisceart Éireann go bhfuil an cion inphionósaithe agus intriailte amhlaidh agus go n-ionchúiseofar, nó de réir mar a bheidh, gur ionchúisíodh go hachomair é.

(2) Aon deimhniú a dhealraíonn a bheith tugtha ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí do Thuaisceart Éireann agus lena ndeimhneofar maidir leis na nithe a luaitear i mír (a)(b) d'fho-alt (1), féadfar, gan tuilleadh fianaise—

(a) é a ghlacadh ag Coimisinéir an Gharda Síochána, agus

(b) glacadh leis in aon imeachtaí, mura léir don chúirt cúis mhaith lena mhalairt,

mar fhianaise ar na nithe a bheidh deimhnithe amhlaidh.

(3) San alt seo folaíonn “Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí” duine a bheidh, de thuras na huaire, ag feidhmiú fheidhmeanna na hoifige sin.

(4) Déanfar an t-alt seo agus Cuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965 , a fhorléiriú mar aon ní amháin.

Cionta faoi dhlí na hAlban.

32. —(1) Chun críocha Chuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965

(a) aon chion is inphionósaithe faoi dhlí na hAlban le príosúnacht ar feadh tréimhse uasta 6 mhí ar a laghad, déileálfar leis mar chion indíotáilte nach cion achomair freisin má dheimhníonn Prócadóir Fioscach gur cion indíotáilte é is inphionósaithe amhlaidh agus nach n-ionchúiseofar, nó de réir mar a bheidh, nár ionchúisíodh go hachomair é, agus

(b) aon chion is inphionósaithe faoi dhlí na hAlban le príosúnacht ar feadh tréimhse uasta 6 mhí ar a laghad, déileálfar leis mar chion achomair, má dheimhníonn Prócadóir Fioscach go ndéanfar, nó de réir mar a bheidh, go ndearnadh an cion a ionchúiseamh go hachomair, agus go bhfuil sé inphionósaithe amhlaidh.

(2) Aon deimhniú a dhealraíonn a bheith tugtha ag Prócadóir Fioscach agus lena ndéanfar deimhniú maidir leis na nithe a luaitear i mír (a)(b) d'fho-alt (1), féadfar, gan tuilleadh fianaise—

(a) é a ghlacadh ag Coimisinéir an Gharda Síochána, agus

(b) glacadh leis in aon imeachtaí, mura léir don chúirt cúis mhaith lena mhalairt,

mar fhianaise ar na nithe a bheidh deimhnithe amhlaidh.

(3) San alt seo folaíonn “Prócadóir Fioscach” Depute.

(4) Déanfar an t-alt seo agus Cuid III den Acht um Eiseachadadh, 1965 , a fhorléiriú mar aon ní amháin.

(5) Aisghairtear leis seo alt 37 d'Acht 1967.

Leasú ar na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994.

33. —(1) Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Eiseachadadh, 1965 , sa mhíniú ar “breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath” (a cuireadh isteach leis an Acht um Eiseachadadh (Leasú), 1994) trí “arna ainmniú chun críocha an Achta seo ag Uachtarán na Cúirte Dúiche” a scriosadh.

(2) Leasaítear leis seo alt 4 den Acht um Eiseachadadh (Leasú), 1994, trí fho-alt (2) a scriosadh.

Leasú ar Acht 1984.

34. —(1) Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1984—

(a) trí “faoi réir fho-alt (5A)” a chur in ionad “faoi réir fho-alt (6)” i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach le hAcht 1997), agus

(b) trí fho-alt (6) (a cuireadh isteach le hAcht 1997) a athuimhriú mar fho-alt (5A).

Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996 .

35. —Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996 , tríd an míniú ar “breitheamh den Chúirt Dúiche” a scriosadh.

Leasú ar alt 15 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998 .

36. —Leasaítear leis seo alt 15 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Leasaítear leis seo alt 3 den Explosive Substances Act, 1883, a cuireadh isteach le halt 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 , trí ‘shall be liable to a fine or imprisonment’ a chur in ionad ‘shall be liable to imprisonment’.”.

Leasú ar alt 18 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998 .

37. —Leasaítear leis seo alt 18 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfar, le rún arna rith ag gach Teach den Oireachtas sula dtéann an t-alt in éag, alt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a choimeád i ngníomh ó am go ham ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná dhá mhí dhéag, a bheidh sonraithe sna rúin.”.

Deireadh a chur leis an riail “bliain agus lá”.

38. —(1) San alt seo, ciallaíonn “an riail ‘bliain agus lá”’ an riail dlí go dtoimhdeofar go cinntitheach nárbh é ba chúis le bás duine gníomh nó neamhghníomh más rud é go bhfuil níos mó ná bliain agus lá caite idir an gníomh nó an neamhghníomh agus an bás.

(2) Cuirtear deireadh leis seo leis an riail “bliain agus lá” chun gach críche, lena n-áirítear—

(a) chun críocha cionta lena ngabhann bás duine, agus

(b) chun a chinneadh an ndearna duine féinmharú.

(3) Ní dhéanann fo-alt (2) difear d'fheidhm leanúnach a bheith ag an riail “bliain agus lá” maidir le haon chás inar tharla an gníomh nó an neamhghníomh, nó an ceann deireanach de na gníomhartha nó de na neamhghníomhartha, ba chúis leis an mbás roimh an lá a rithfear an tAcht seo.

Finnéithe a bhfuil eagla orthu nó atá faoi réir a n-imeaglaithe.

39. —(1) Faoi réir fho-alt (2), in aon imeachtaí ar díotáil mar gheall ar chion (lena n-áirítear imeachtaí faoi Chuid 1A d'Acht 1967) féadfaidh duine seachas an cúisí, le cead na cúirte, fianaise a thabhairt trí nasc teilifíse beo.

(2) Ní dheonóidh cúirt cead faoi fho-alt (1) mura deimhin léi gur dóigh an duine a bheith faoi eagla nó a bheith faoi réir imeaglaithe le linn dó nó di fianaise a thabhairt ar shlí eile.

(3) Déanfar fianaise a thabharfar faoi fho-alt (1) a fhístaifeadadh.

(4) In aon imeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) in aon dúiche chúirte cuarda nó dúiche chúirte dúiche, i gcás inar deimhin leis an gcúirt gur ceart cead a dheonú fianaise a thabhairt trí nasc teilifíse beo de bhun fho-alt (1) ach nach bhfuil na saoráidí riachtanacha chun déanamh amhlaidh ar fáil sa chuaird nó sa dúiche sin, féadfaidh an chúirt, le hordú, na himeachtaí a aistriú chuig dúiche chúirte cuarda nó dúiche chúirte dúiche ina bhfuil na saoráidí sin ar fáil agus, nuair a dhéantar ordú den sórt sin, féadfar dlínse na cúirte a mbeidh na himeachtaí aistrithe chuici a fheidhmiú—

(a) i gcás na Cúirte Cuarda, ag an mbreitheamh den chuaird lena mbaineann, agus

(b) i gcás na Cúirte Dúiche, ag an mbreitheamh den chúirt sin a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche lena mbaineann.

(5) Más rud é go dtabharfaidh duine (“an finné”) fianaise trí nasc teilifíse beo de bhun fho-alt (1)

(a) i gcás ina dtabharfar fianaise go raibh aithne ag an bhfinné ar an gcúisí roimh an dáta a líomhnaítear go ndearnadh an cion atá i gceist, ní cheanglófar ar an bhfinné an cúisí a aithint, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt ar mhaithe leis an gceartas, agus

(b) in aon chás eile, beidh fianaise ó dhuine, seachas an finné, gur aithin an finné an cúisí mar an ciontóir ag paráid aithinte nó ar mhodh eile inghlactha mar fhianaise gur aithníodh an cúisí amhlaidh.

(6) Maidir leis an alt seo is alt gan dochar é d'aon achtachán eile lena ndéantar socrú maidir le fianaise a thabhairt trí nasc teilifíse beo.

Finnéithe athlonnaithe.

40. —(1) Aon duine a dhéanfaidh fiosrúcháin nó a dhéanfaidh aon bhearta eile in aon chor, cibé acu sa Stát nó lasmuigh de, gan údarás dleathach—

(a) chun a fháil amach cén áit a bhfuil duine arb eol dó nó di ina leith, nó a gceapann sé nó sí ina leith le réasún, gur finné athlonnaithe é nó í, nó

(b) chun aon ainm nua nó aon sonraí eile a fháil amach a bhaineann le haon chéannacht nua a bheidh curtha ar fáil d'fhinné den sórt sin,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine a dhéanfaidh, cibé acu laistigh den Stát nó lasmuigh de, gan údarás dleathach, aon fhaisnéis a nochtadh d'aon duine eile (lena n-áirítear faisnéis a gheofar go dleathach de bhun fho-alt (1)) ar faisnéis í—

(a) maidir leis an áit a bhfuil duine arb eol dó nó di ina leith, nó a gceapann sé nó sí ina leith le réasún, gur finné athlonnaithe é nó í, nó

(b) maidir le haon ainm nua nó aon sonraí eile a bhaineann le haon chéannacht nua a bheidh curtha ar fáil do dhuine den sórt sin,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) San alt seo ciallaíonn “finné athlonnaithe” aon duine a bheartaíonn fianaise a thabhairt, nó a bhfuil fianaise tugtha aige nó aici, in imeachtaí mar gheall ar chion, agus a bhfuil a chónaí nó a cónaí athraithe aige nó aici dá dheasca sin, faoi aon chlár arna oibriú ag an nGarda Síochána chun finnéithe a chosaint, chuig aon áit, cibé acu sa Stát nó lasmuigh de.

(4) San alt seo, ciallaíonn “údarás dleathach”—

(a) údarás cúirte in aon imeachtaí a bhfuil baint acu leis an bhfinné athlonnaithe, nó

(b) údarás comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ardcheannfort.

(5) Ní thabharfaidh cúirt údarás de bhun fho-alt (1)(2) ach amháin más deimhin léi—

(a) go mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh, agus

(b) nach bhfuil bealach eile chun dul ar aghaidh ar fáil nach ndéanfadh dochar do pháirteachas leanúnach an fhinné athlonnaithe sa chlár réamhráite, lena n-áirítear, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, tarchur aon doiciméad is gá a sheirbheáil ar an bhfinné chuig Coimisinéir an Gharda Síochána chun seirbheáil den sórt sin a chur i gcrích.

(6) Maidir le haon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, agus

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Imeaglú etc. finnéithe, giúróirí agus daoine eile.

41. —(1) Gan dochar d'aon fhoráil arna déanamh le haon achtachán eile nó le haon riail dlí, beidh aon duine—

(a) a dhéanfaidh díobháil do dhuine eile is duine atá ag cabhrú in imscrúdú ciona ag an nGarda Síochána nó is finné nó finné ionchasach nó giúróir nó giúróir ionchasach in imeachtaí mar gheall ar chion, nó is duine dá theaghlach nó dá teaghlach nó a bhagróidh air nó uirthi, nó a chaithfidh go bagrach leis nó léi nó a imeaglóidh é nó í nó a chuirfidh é nó í faoi eagla in aon slí eile,

(b) le hintinn, ar an dóigh sin, a chur faoi deara go ndéanfar an t-imscrúdú nó cúrsa an cheartais a bhac nó a shaobhadh nó go gcuirfear isteach ar an gcéanna,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) San alt seo, ciallaíonn “giúróir ionchasach” duine a mbeidh toghairm faighte aige nó aici, an tráth a líomhnófar go ndearnadh cion faoin alt seo, chun fónamh mar ghiúróir ach nach mbeidh rollaithe mar ghiúróir chun fónamh ar ghiúiré áirithe.

(3) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, beidh cruthúnas a shásóidh an chúirt nó an giúiré, de réir mar a bheidh, go ndearna an cúisí gníomh dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) ina fhianaise go ndearnadh an gníomh leis an intinn a cheanglaítear le fo-alt (1)(b).

(4) I bhfo-alt (1), folaíonn an tagairt do dhuine de theaghlach duine tagairt—

(a) do chéile an duine,

(b) do thuismitheoir, do sheanathair, do sheanmháthair, do leastuismitheoir, do leanbh (lena n-áirítear leasleanbh nó leanbh uchtaithe), d'ua, do bhanua, do dheartháir, do dheirfiúr, do dheartháir leasghaolmhar, do dheirfiúr leasghaolmhar, d'uncail, d'aintín, do nia nó do neacht de chuid an duine nó a chéile nó a céile, nó

(c) aon duine atá ag comhchónaí nó ag cónaí leis nó léi.

(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, agus

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Gabháil agus coinneáil príosúnach i dtaca le himscrúdú cionta eile.

42. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cion” cion inghabhála arna mhíniú in alt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1997;

ciallaíonn “príosún” ionad coimeádta a riarann an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “príosúnach” duine atá i bpríosún ar scór pianbhreithe príosúnachta, ar cimiú ag fanacht lena thriail nó lena triail, ar athchur nó ar shlí eile.

(2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána príosúnach a ghabháil ar údarás ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche ar deimhin leis nó léi ar fhaisnéis arna soláthar faoi mhionn ag comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort go bhfuil na coinníollacha seo a leanas comhlíonta—

(a) tá forais réasúnacha ann chun drochamhras a bheith ann go ndearna an príosúnach cion seachas cion a bhfuil sé nó sí príosúnaithe ina leith;

(b) is gá an príosúnach a ghabháil chun imscrúdú cuí a dhéanamh maidir leis an gcion a bhfuil drochamhras ann ina leith gurb é nó gurb í a rinne é;

(c) i gcás inar gabhadh an príosúnach roimhe sin mar gheall ar an gcion céanna, cibé acu roimh é nó í a phríosúnú nó faoin alt seo, tá tuilleadh faisnéise iomchuí tagtha ar iúl an Gharda Síochána.

(3) Aon duine a ghabhfar faoin alt seo—

(a) tógfar láithreach é nó í go dtí Stáisiún de chuid an Gharda Síochána agus féadfar, faoi réir fho-alt (5), é nó í a choinneáil ansin ar feadh cibé tréimhse a údaraítear faoi alt 4 d'Acht 1984, agus

(b) déileálfar leis nó léi, faoi réir an ailt seo, amhail is gur coinníodh é nó í faoin alt sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag ailt 4(4), (5), (5A) agus 10 d'Acht 1984 maidir le duine a ghabhfar agus a choinneofar faoin alt seo.

(5) Más rud é, aon tráth le linn duine a choinneáil faoin alt seo nach bhfuil forais réasúnacha ann a thuilleadh—

(a) chun drochamhras a bheith ann go ndearna an duine an cion ar gabhadh é nó í ina leith faoin alt seo, nó

(b) chun a chreidiúint gur gá é nó í a choinneáil chun an cion sin a imscrúdú go cuí,

déanfar an choinneáil a fhoirceannadh láithreach.

(6) Ar an gcoinneáil a fhoirceannadh de réir fho-alt (5) nó de dhroim an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(a) do dhul in éag, déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil stáisiún an Gharda Síochána ina bhfuil an duine á choinneáil nó á coinneáil é nó í a aistriú, nó a chur faoi deara é nó í a aistriú, láithreach ar ais i gcoimeád ghobharnóir an phríosúin ina raibh an duine príosúnaithe tráth na gabhála.

(7) Ní dhéanfaidh an t-alt seo dochar d'aon chumhacht a thugtar le dlí ar leith ón alt seo i ndáil le gabháil, coinneáil nó aistriú príosúnach.