20 2000

/images/harp.jpg


Uimhir 20 de 2000


ACHT NA nARM TINE (DEIMHNITHE AIRM TINE DO NEAMHCHÓNAITHEOIRÍ), 2000

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Deimhnithe airm tine.

3.

Toirmeasc ar fhaisnéis bhréagach agus ar dheimhnithe airm tine a athrú.

4.

Leasú ar Acht 1976.

5.

Rialacháin.

6.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

7.

Aisghairm agus foráil idirthréimhseach.

8.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na nArm Teine, 1925

1925, Uimh. 17

Acht na nArm Tine, 1964

1964, Uimh. 1

Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1998

Acht na nArm Tine (Promhadh), 1968

1968, Uimh. 20

An tAcht um Fhiadhúlra, 1976

1976, Uimh. 39

/images/harp.jpg


Uimhir 20 de 2000


ACHT NA nARM TINE (DEIMHNITHE AIRM TINE DO NEAMHCHÓNAITHEOIRÍ), 2000

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN LEASÚ A DHÉANAMH AR NA FORÁLACHA LENA RIALAÍTEAR NA TEORAINNEACHA AGUS NA SRIANTA AR DHEONÚ DEIMHNITHE AIRM TINE FAOI ALT 3 D'ACHT NA nARM TEINE, 1925 , I LEITH DAOINE NACH bhFUIL GNÁTHCHÓNAÍ ORTHU SA STÁT AGUS AR DHEONÚ AGUS ATHNUACHAN CEADÚNAS FIAIGH FAOI ALT 29 DEN ACHT UM FHIADHÚLRA, 1976 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [5 Iúil, 2000]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht um Fhiadhúlra, 1976 ;

ciallaíonn “deimhniú airm tine” deimhniú airm tine arna dheonú faoi alt 2 ;

ciallaíonn “fiach” éin fhiáine chosanta nó ainmhithe fiáine cosanta, de réir bhrí Acht 1976 i ngach cás, a lámhach le harm tine;

forléireofar “duine eisiúna” de réir alt 2 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nArm Teine, 1925 ;

ciallaíonn “críocha spóirt” críocha lámhaigh targaidí nó lámhaigh crécholúr nó lámhaigh i gcomórtas nó i ndálas.

(2) San Acht seo—

(a) déanfar tagairt d'aon achtachán, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin nó faoi aon achtachán dá éis sin, lena n-áirítear an tAcht seo,

(b) aon tagairt d'alt, is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Deimhnithe airm tine.

2. —(1) Ar iarratas chuige sin de réir fho-alt (2) chun an Aire nó chun an Cheannfoirt chuí ó dhuine nach bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát agus atá 16 bliana d'aois nó os a chionn, déanfaidh an tAire nó an Ceannfort, de réir mar is cuí, faoi réir fhorálacha an ailt seo, deimhniú airm tine a dheonú don duine á údarú don duine—

(a) an t-arm tine áirithe a thuairiscítear sa deimhniú a bheith ina sheilbh nó ina seilbh, a úsáid agus a iompar chun na críche a shonraítear sa deimhniú,

(b) cibé cainníocht armlóin don arm tine sin a shonrófar sa deimhniú sin a cheannach agus a úsáid san arm tine sin le linn ré an deimhnithe, agus

(c) an méid sin armlóin a shonrófar sa deimhniú a bheith ina sheilbh nó ina seilbh, agus ar iompar aige nó aici, aon tráth áirithe.

(2) Maidir le hiarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) i gcás nach mbeartaítear an t-arm tine lena mbaineann sé a úsáid ach amháin chun críocha fiaigh nó spóirt nó chun speicis a lámhach nach bhfuil a lámhach toirmiscthe le dlí—

(i) má dhéantar an t-iarratas tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo, is chun an Aire a dhéanfar é, agus

(ii) má dhéantar é tráth is déanaí ná 2 bhliain tar éis an tosach feidhme sin, nó i gcás ina mbeidh ordú déanta ag an Aire faoi fho-alt (3), is chun an Cheannfoirt chuí a dhéanfar é,

agus

(b) in aon chás eile, is chun an Aire a dhéanfar é.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, tar éis dul i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána, fad na tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír (i) d'fho-alt (2)(a) a laghdú a mhéid is cuí leis nó léi.

(4) Beidh iarratas lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (2) ar dheimhniú airm tine faoin alt seo i cibé foirm a fhorordófar, nó i bhfoirm a mbeidh an éifeacht chéanna léi, agus beidh an táille (más ann) a cheanglaítear de thuras na huaire le dlí ag gabháil leis an iarratas.

(5) Duine a dhéanfaidh iarratas chun an Aire nó chun Ceannfoirt den Gharda Síochána (dá ngairtear “an duine eisiúna” ina dhiaidh seo san Acht seo) ar dheimhniú airm tine faoin alt seo, tabharfaidh sé nó sí don duine sin an fhaisnéis a iarrfar san fhoirm iarratais mar aon le cibé faisnéis bhreise a iarrfaidh an duine eisiúna chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo agus, má mhainníonn an duine an fo-alt seo a chomhlíonadh, féadfaidh an duine eisiúna diúltú an deimhniú airm tine a dheonú don duine.

(6) Leanfaidh deimhniú airm tine a dheonófar do dhuine faoin alt seo i bhfeidhm go dtí an 31ú lá d'Iúil díreach tar éis é a dheonú, ach féadfar a shonrú i ndeimhniú airm tine a dheonófar roimh an 31ú lá d'Iúil in aon bhliain go dtosóidh sé an 1ú lá de Lúnasa díreach ina dhiaidh sin agus, sa chás sin, beidh sé i bhfeidhm ar an agus ón 1ú lá sin de Lúnasa go dtí an 31ú lá d'Iúil díreach ina dhiaidh sin nó go dtí cibé dáta is luaithe ná sin a bheidh sonraithe sa deimhniú.

(7) Sula ndeonóidh an duine eisiúna deimhniú airm tine do dhuine faoin alt seo, beidh sé nó sí den tuairim gur iarratas bona fide an t-iarratas agus nach bhfuil aon chúis mhaith ann chun diúltú an deimhniú a dheonú.

(8) Féadfaidh an duine eisiúna, chun a shuíomh nach bhfuil aon chúis mhaith ann chun diúltú deimhniú airm tine a dheonú, déileáil le haon cheann de na nithe seo a leanas mar fhianaise prima facie ar oiriúnacht maidir le deonú a dhéanamh amhlaidh—

(a) i gcás duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát den Chomhphobal Eorpach seachas an Stát, aon Phas Airm Tine Eorpach arna eisiúint go cuí chuig an duine sin lena mbaineann míreanna (4) agus (5) de Rialachán 7 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Airm agus Armlón a Fháil agus a Shealbhú), 1993 (I.R. Uimh. 362 de 1993), nó

(b) in aon chás eile, aon chead, ceadúnas, údarú nó doiciméad eile arna eisiúint go cuí ag údarás nó comhlacht cuí lasmuigh den Stát a mheasfaidh an duine eisiúna a bheith inghlactha.

(9) Féadfaidh an duine eisiúna cibé fiosrúcháin is cuí leis nó léi a dhéanamh maidir le hoiriúnacht aon iarratasóra ar dheimhniú airm tine faoin alt seo.

(10) Féadfaidh an duine eisiúna cibé coinníollacha, más ann, a mheasfaidh sé nó sí is gá, a chur ag gabháil le deimhniú airm tine arna dheonú do dhuine faoin alt seo.

(11) Ní dheonóidh an duine eisiúna deimhniú airm tine do dhuine i leith airm tine a bheartaítear a úsáid chun mamaigh fhiáine dhíolmhaithe de réir bhrí Acht 1976 (seachas giorriacha) a fhiach mura deimhin leis an duine eisiúna go bhfuil an duine ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar cheadúnas reatha faoi alt 29(1) d'Acht 1976.

(12) Ní dheonóidh an tAire deimhniú airm tine do dhuine i leith airm tine a bheartaítear a úsáid chun éin fhiáine chosanta de réir bhrí Acht 1976 nó giorriacha a fhiach mura deimhin leis an Aire go bhfuil an duine ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar cheadúnas reatha faoi alt 29(5)(b) d'Acht 1976.

(13) Féadfaidh an duine eisiúna aon tráth deimhniú airm tine arna dheonú do dhuine faoin alt seo a chúlghairm más dóigh leis nó léi maidir le sealbhóir an deimhnithe sin—

(a) gur duine é nó í nach féidir a cheadú dó nó di arm tine a bheith ina sheilbh nó ina seilbh gan sábháilteacht an phobail nó an tsíocháin a chur i mbaol,

(b) go bhfuil sé nó sí ag úsáid an airm tine sin, nó gur úsáid sé nó sí an t-arm tine sin, chun críoch nach bhfuil údaraithe leis an deimhniú, nó

(c) gur duine é nó í a sháraigh coinníoll a ghabhann leis an deimhniú airm tine a deonaíodh dó nó di.

(14) Más rud é go gcúlghairfear deimhniú airm tine faoin alt seo, déanfaidh an duine eisiúna, a luaithe is féidir, fógra i scríbhinn a thabhairt do shealbhóir an deimhnithe maidir leis an gcúlghairm agus ordófar san fhógra do shealbhóir an deimhnithe an t-arm tine a thuairiscítear sa deimhniú agus an t-armlón (más ann) a sheachadadh láithreach ar Cheannfort an Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil cónaí air nó uirthi tráth an fhógra a fháil agus beidh feidhm ag forálacha alt 6 den Phríomh-Acht maidir le diúscairt airm tine agus armlóin arna seachadadh faoin alt seo mar atá feidhm acu maidir le diúscairt airm tine agus armlóin arna seachadadh faoin alt sin fara aon mhodhnuithe is gá.

(15) Folóidh tagairtí do dheimhniú airm tine in ailt 2, 10, 16, 22 agus 23 den Phríomh-Acht tagairtí do dheimhniú airm tine arna dheonú faoin Acht seo.

(16) Folóidh tagairtí do dheimhniú airm tine in ailt 11, 12, 21 agus 24 d'Acht na nArm Tine, 1964 , tagairtí do dheimhniú airm tine arna dheonú faoin Acht seo.

(17) San alt seo, ciallaíonn “an Ceannfort cuí”, i ndáil le deimhniú airm tine, Ceannfort an Gharda Síochána don cheantar ina n-úsáidfidh an duine an t-arm tine den chéad uair.

Toirmeasc ar fhaisnéis bhréagach agus ar dheimhnithe airm tine a athrú.

3. —(1) Ní thabharfaidh duine faisnéis bhréagach go feasach don duine eisiúna i ndáil le hiarratas ar dheimhniú airm tine.

(2) Ní dhéanfaidh duine doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú airm tine é a bhrionnú, nó doiciméad den sórt sin a úsáid nó é a bheith ina sheilbh nó ina seilbh go feasach.

(3) Ní dhéanfaidh duine deimhniú airm tine a athrú nó a úsáid, nó deimhniú athraithe a úsáid, le hintinn mheabhlaireachta.

(4) Beidh aon duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Leasú ar Acht 1976.

4. —Leasaítear leis seo Acht 1976 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 29:

“Ceadúnais chun fiach le hairm tine.

29.—(1) Faoi réir alt 75 (1) den Acht seo, féadfaidh an tAire, ar iarratas chuige sin chun an Aire, más cuí leis nó léi, agus ar an táille fhorordaithe (más ann) a bheith íoctha, ceadúnas (a oibreoidh mar a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo) a dheonú do dhuine a thabharfaidh, tráth an iarratais a dhéanamh, dearbhú i bhfoirm arna ceadú chun críocha an ailt seo ag an Aire, chun mamaigh fhiáine dhíolmhaithe (seachas giorriacha) a fhiach agus a mharú le hairm tine, faoi réir na srianta atá in alt 33 den Acht seo agus cibé coinníollacha (más ann) a chuirfidh an tAire ag gabháil leis an gceadúnas.

(2) Nuair a bheidh iarratas ar cheadúnas faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (5)(b) den alt seo nó ar athnuachan faoi fho-alt (6) den alt seo á chinneadh ag an Aire, tabharfaidh sé nó sí aird ar riachtanais chaomhnaithe an speicis d'éin fhiáine chosanta nó de mhamaigh fhiáine dhíolmhaithe a bheidh i gceist.

(3) (a) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo, agus faoi réir an fho-ailt seo, beidh an Aire den tuairim, sula ndéanfaidh sé nó sí ceadúnas a dheonú faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (5)(b) nó ceadúnas a athnuachan faoi fho-alt (6), gur iarratas bona fide an t-iarratas agus nach bhfuil aon chúis mhaith ann chun diúltú an ceadúnas a dheonú nó a athnuachan.

(b) Féadfaidh an tAire, chun a shuíomh nach bhfuil aon chúis mhaith ann chun deonú nó athnuachan ceadúnais faoin alt seo a dhiúltú do dhuine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi lasmuigh den Stát, déileáil le haon cheann de na nithe seo a leanas mar fhianaise prima facie ar oiriúnacht maidir le deonú nó athnuachan a dhéanamh amhlaidh:

(i) i gcás duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát den Chomhphobal Eorpach seachas an Stát, aon Phas Airm Tine Eorpach arna eisiúint go cuí chuig an duine sin lena mbaineann míreanna (4) agus (5) de Rialachán 7 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Airm agus Armlón a Fháil agus a Shealbhú), 1993 (I.R. Uimh. 362 de 1993), nó

(ii) in aon chás eile, aon chead, ceadúnas, údarú nó doiciméad eile arna eisiúint go cuí ag údarás nó comhlacht cuí lasmuigh den Stát a mheasfaidh an tAire a bheith inghlactha.

(c) Féadfaidh an tAire cibé fiosrúcháin is cuí leis nó léi a dhéanamh maidir le hoiriúnacht aon iarratasóra ar cheadúnas faoin alt seo.

(4) Fanfaidh ceadúnas arna dheonú nó arna athnuachan ag an Aire faoin alt seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse dar tosach lá an cheadúnais a dheonú nó a athnuachan agus dar críoch an 31 ú lá d'Iúil díreach ina dhiaidh sin, agus faoi réir a théarmaí oibreoidh an ceadúnas chun a údarú do shealbhóir an cheadúnais, fad a bheidh an ceadúnas i bhfeidhm, fauna ar bith lena mbaineann an ceadúnas a fhiach agus a mharú le hairm tine, de bhun agus de réir cibé orduithe (más ann), arna ndéanamh faoi alt 24 nó 25 den Acht seo, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(5) (a) I gcás ina n-iarrfaidh duine ar Cheannfort den Gharda Síochána deimhniú airm tine a dheonú dó nó di faoi alt 3 d'Acht na nArm Teine, 1925 , nó deimhniú airm tine a dheonú dó nó di faoi alt 2 d'Acht na nArm Tine (Deimhnithe Airm Tine do Neamhchónaitheoirí), 2000 , nó deimhniú airm tine arna dheonú faoin alt sin 3 a athnuachan faoi alt 9 d'Acht na nArm Tine, 1964 , agus go ndéanfaidh sé nó sí dearbhú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, measfar, má bhíonn sé formhuinithe mar a thuairiscítear i bhfo-alt (8) den alt seo, an deimhniú a bheith, chun críocha ailt 22 (4) agus 23 (5) den Acht seo, ina cheadúnas arna dheonú ag an Aire faoin alt seo agus, faoi réir alt 75 (1) agus na srianta atá in alt 33 den Acht seo, oibreoidh an deimhniú sin, fad a bheidh sé i bhfeidhm, chun údarás a thabhairt don duine dár deonaíodh é le go bhféadfaidh sé nó sí, leis an arm tine lena mbaineann an deimhniú—

(i) aon éan fiáin cosanta a fhiach agus a mharú de bhun aon ordú faoi alt 24 den Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire,

(ii) aon ghiorria a fhiach agus a mharú de bhun agus de réir aon ordú faoi alt 25 den Acht seo a bheidh i bhfeidhm amhlaidh.

(b) D'ainneoin fhorálacha mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige nó chuici, faoi réir alt 75(1) den Acht seo, i rith na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a)(i) d'alt 2 d'Acht na nArm Tine (Deimhnithe Airm Tine do Neamhchónaitheoirí), 2000 , nó i rith na tréimhse sin arna hathrú faoin alt sin, más cuí leis an Aire, ceadúnas (a oibreoidh mar a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo) a dheonú do dhuine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi lasmuigh den Stát, ar duine é nó í a thabharfaidh, tráth an iarratais a dhéanamh, dearbhú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, chun éin fhiáine chosanta nó giorriacha lena mbaineann ordú faoi alt 24 nó alt 25 den Acht seo de thuras na huaire a fhiach agus a mharú le hairm tine, faoi réir na srianta atá in alt 33 den Acht seo, agus cibé coinníollacha (más ann) a chuirfidh an tAire ag gabháil leis an gceadúnas.

(c) Rachaidh mír (b) den fho-alt seo in éag ag deireadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a)(i) d'alt 2 d'Acht na nArm Tine (Deimhnithe Airm Tine do Neamhchónaitheoirí), 2000 , nó ag deireadh na tréimhse sin arna hathrú faoin alt sin.

(6) Aon cheadúnas a dheonóidh an tAire faoin alt seo (seachas ceadúnas a mheasfar de bhun fho-alt (5)(a) den alt seo a bheith arna dheonú amhlaidh), féadfaidh an tAire, más cuí leis an Aire, é a athnuachan ar iarratas ó shealbhóir an cheadúnais agus tabharfaidh an sealbhóir sin, tráth an iarratais a dhéanamh, dearbhú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(7) Aon duine arb éagóir leis nó léi diúltú ón Aire ceadúnas a dheonú faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (5)(b) den alt seo nó ceadúnas a athnuachan faoi fho-alt (6) den alt seo, féadfaidh sé nó sí achomharc a dhéanamh chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche i gcoinne an diúltaithe, agus nuair a bheidh an t-achomharc á chinneadh aige nó aici féadfaidh an Breitheamh—

(a) an diúltú a dhaingniú, nó

(b) géilleadh don achomharc, a bhreith nó a breith a chur in iúl don Aire agus a threorú don Aire ceadúnas faoin alt seo a dheonú a luaithe is féidir don iarratasóir nó é a athnuachan, cibé acu is iomchuí.

(8) I gcás ina ndeonófar deimhniú airm tine do dhuine a thuairiscítear i bhfo-alt (5)(a) den alt seo, formhuineofar an méid seo a leanas ar an deimhniú:

‘Údaraíonn an deimhniú seo, fad a bheidh sé i bhfeidhm, go bhféadfaidh an duine dá ndeonaítear é, leis an arm tine lena mbaineann sé—

(a) aon éan fiáin cosanta de réir bhrí an Achta um Fhiadhúlra, 1976 , a fhiach agus a mharú de bhun aon ordú faoi alt 24 den Acht sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire,

(b) aon ghiorria a fhiach agus a mharú de bhun agus de réir aon ordú faoi alt 25 den Acht a dúradh a bheidh i bhfeidhm amhlaidh.’.

(9) Má dhéanann aon choinbhinsiún, prótacal nó comhaontú eile idir an Stát agus aon tír nó críoch eile foráil chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt do cheadúnais arna ndeonú, nó a mheastar a bheith arna ndeonú, faoin alt seo agus do cheadúnais, ceadanna, ceaduithe nó údaruithe eile arna ndeonú nó arna n-eisiúint sa tír nó sa chríoch sin, féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhearbhú agus a fhoráil go measfar go mbeidh, agus go mbeidh, an éifeacht dhlíthiúil chéanna le haon cheadúnas, cead, ceadú nó údarú eile a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire atá le ceadúnas faoin alt seo.

(10) (a) Déanfaidh an sealbhóir ar cheadúnas a dheonófar nó a athnuafar faoin alt seo, nó ar dheimhniú airm tine a bheidh formhuinithe mar a thuairiscítear i bhfo-alt (8) den alt seo, má cheanglaíonn an tAire air nó uirthi é, trí fhógra i scríbhinn arna chur chuig an sealbhóir nó trí fhógra arna fhoilsiú chun críocha an fho-ailt seo i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát, an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt don Aire, eadhon, ráiteas faoi líon agus speiceas na n-éan fiáin cosanta agus faoi líon agus speiceas na n-ainmhithe fiáine cosanta a lámhaigh agus a ghabh an sealbhóir i cibé tréimhse a shonróidh an tAire san fhógra agus, de réir mar a shonrófar amhlaidh, in aon áit sa Stát nó in aon áit i gcuid den Stát a shonrófar amhlaidh.

(b) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a cheangal ar an sealbhóir ar cheadúnas a dheonófar nó a athnuafar faoin alt seo nó ar an sealbhóir ar dheimhniú airm tine a bheidh formhuinithe mar a thuairiscítear i bhfo-alt (8) den alt seo aon ainmhí nó éan a ghabhfar nó a mharófar faoi cheadúnas nó faoi dheimhniú den sórt sin a chlibeáil nó a mharcáil ar shlí eile ar mhodh agus ag tráth a shonrófar.

(11) Duine ar bith nach ndéanfaidh de réir ceanglas de chuid an Aire faoi fho-alt (10) den alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(12) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear d'aon ní in Achtanna na nArm Tine, 1925 go 2000.”.

Rialacháin.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, foráil a dhéanamh le haghaidh aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha, a dhealraíonn don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán, a bheith i rialacháin faoin Acht seo.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

6. —Déanfar gach ordú nó rialachán faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Aisghairm agus foráil idirthréimhseach.

7. —(1) Aisghairtear leis seo iad seo a leanas:

(a) alt 3(2) den Phríomh-Acht, agus

(b) alt 10 d'Acht na nArm Tine, 1964 .

(2) D'ainneoin aisghairm alt 3(2) den Phríomh-Acht, leanfaidh deimhniú airm tine arna dheonú faoin alt sin i bhfeidhm amhail is gur deonaíodh é faoin Acht seo go dtí an lá a luaitear ina leith go rachaidh sé in éag.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

8. —(1) Féadfar Acht na nArm Tine (Deimhnithe Airm Tine do Neamhchónaitheoirí), 2000 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na nArm Tine, 1925 go 2000, a ghairm d'Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1998 (seachas Acht na nArm Tine (Promhadh), 1968 ) agus den Acht seo (seachas alt 4 ), le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 14ú lá d'Iúil, 2000.