30 2000

/images/harp.jpg


Uimhir 30 de 2000


AN tACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2000


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

 

1.

Gearrtheideal.

2.

Léiriú.

3.

Forbairt.

4.

Forbairt dhíolmhaithe.

5.

Dearbhú agus tarchur ar fhorbairt agus ar fhorbairt dhíolmhaithe.

6.

Cumhachtaí scrúdaithe, imscrúdaithe agus suirbhéireachta.

7.

Clár pleanála.

8.

Oibleagáid chun faisnéis a thabhairt d'údarás áitiúil.

CUID II

Pleananna agus Treoirlínte

Caibidil I

Pleananna Forbartha.

9.

Oibleagáid plean forbartha a dhéanamh.

10.

An t-ábhar a bheidh i bpleananna forbartha.

11.

Dréachtphlean forbartha a ullmhú.

12.

Plean forbartha a dhéanamh.

13.

Athrú ar phlean forbartha.

14.

Cearta slí poiblí i bpleananna forbartha.

15.

Dualgas ginearálta údaráis pleanála cuspóirí plean forbartha a áirithiú.

16.

Cóipeanna de phleananna forbartha.

17.

Fianaise ar phleananna forbartha.

Caibidil II

Pleananna Limistéir Áitiúil.

18.

Pleananna limistéir áitiúil.

19.

Feidhm pleananna limistéir áitiúil agus an t-ábhar a bheidh iontu.

20.

Comhchomhairliúchán agus glacadh le pleananna limistéir áitiúil.

Caibidil III

Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha.

21.

Cumhacht chun treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh.

22.

Comhoibriú údarás pleanála le húdarás réigiúnach.

23.

An t-ábhar a bheidh i dtreoirlínte pleanála réigiúnacha agus a gcuspóirí.

24.

Comhchomhairliúchán maidir le treoirlínte pleanála réigiúnacha.

25.

Nós imeachta chun treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh.

26.

Athbhreithniú ar threoirlínte pleanála réigiúnacha.

27.

Treoirlínte pleanála réigiúnacha agus pleananna forbartha.

Caibidil IV

Treoirlínte agus Treoracha.

28.

Treoirlínte ón Aire.

29.

Treoracha beartais ón Aire.

30.

Teorannú ar chumhacht an Aire.

31.

Ordacháin ón Aire maidir le pleananna forbartha.

CUID III

Forbairt a Rialú.

32.

Oibleagáid ghinearálta cead a fháil.

33.

Rialacháin maidir le hiarratais ar chead.

34.

Cead forbartha.

35.

Cead pleanála a dhiúltú mar gheall ar mhainneachtainí comhlíonadh a dhéanamh san am atá thart.

36.

Cead sracléaráide.

37.

Achomharc chun an Bhoird.

38.

Doiciméid a bhaineann le hiarratais phleanála a bheith ar fáil.

39.

Forálacha forlíontacha maidir le cead a dheonú.

40.

Teorainn le ré cheada.

41.

Cumhacht chun an tréimhse chuí a athrú.

42.

Cumhacht chun an tréimhse chuí a fhadú.

43.

Rialacháin maidir le hailt 40, 41 agus 42.

44.

Cead a chúlghairm nó a mhodhnú.

45.

Talamh a fháil le haghaidh spásanna oscailte.

46.

Ceanglas déanmhas a dhíchur nó a athrú nó scor dá úsáid.

47.

Comhaontuithe lena rialáiltear forbairt nó úsáid talún.

48.

Ranníocaí forbartha.

49.

Scéimeanna ranníocaí forbartha forlíontacha.

50.

Athbhreithniú bhreithiúnach ar achomhairc, tarchuir agus nithe eile.

CUID IV

Oidhreacht Ailtireachta

Caibidil I

Déanmhais Chosanta.

51.

Taifead ar dhéanmhais chosanta.

52.

Treoirlínte ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

53.

Moltaí d'údaráis phleanála i dtaobh déanmhas sonrach.

54.

Ábhar a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta agus a scriosadh as an gcéanna.

55.

Nós imeachta chun ábhar a chur leis an taifead nó a scriosadh as.

56.

Clárú faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964.

57.

Oibreacha a dhéanann difear do shainghné déanmhas cosanta nó déanmhas cosanta beartaithe.

58.

Dualgas ar úinéirí agus áititheoirí déanmhais a chosaint ar chur i mbaol.

59.

Fógra chun a cheangal oibreacha a dhéanamh i ndáil le déanmhais chosanta a chur i mbaol.

60.

Fógra chun a cheangal sainghné déanmhas cosanta agus áiteanna eile a aisiriú.

61.

Achomhairc i gcoinne fógraí.

62.

Dáta éifeachtach fógraí.

63.

Cion a bhaineann le déanmhais chosanta a chur i mbaol.

64.

Cumhachtaí úinéirí i ndáil le fógraí i dtaobh déanmhais a chur i mbaol nó a aisiriú.

65.

Iarratas chuig an gCúirt Dúiche ar an toiliú is gá.

66.

Dlínse na Cúirte Dúiche.

67.

Iarratas chun na cúirte ar ranníoc i leith costais a ghabhann le hoibreacha a dhéanamh ar dhéanmhais atá i mbaol.

68.

Déanamh oibreacha áirithe le bheith ina fhorbairt dhíolmhaithe.

69.

Cumhacht údaráis pleanála oibreacha a dhéanamh ar dhéanmhais chosanta agus ar áiteanna eile.

70.

Údarás pleanála do ghnóthú caiteachas as oibreacha a dhéanamh ar dhéanmhais atá i mbaol.

71.

Cumhacht chun déanmhas cosanta a fháil.

72.

Fógra go bhfuil ar intinn déanmhas cosanta a fháil go héigeantach.

73.

Agóid i gcoinne déanmhas cosanta a fháil go héigeantach.

74.

Ordú dílseacháin le haghaidh déanmhas cosanta.

75.

Foirm agus éifeacht ordaithe dílseacháin.

76.

Teideal faighte a chlárú agus ordú dílseacháin a leasú.

77.

Cúiteamh i leith leasa i ndéanmhas cosanta.

78.

Déanmhas cosanta a bheidh faighte ag údarás pleanála a úsáid.

79.

Oibleagáidí údarás sláintíochta i leith déanmhas cosanta.

80.

Deontais d'údaráis phleanála i leith feidhmeanna faoin gCuid seo.

Caibidil II

Limistéir Chaomhantais Ailtireachta agus Limistéir Rialaithe Pleanála Speisialta

81.

Limistéir chaomhantais ailtireachta.

82.

Forbairt i limistéir chaomhantais ailtireachta.

83.

Cumhacht chun déanmhas nó talamh eile a fháil i limistéar caomhantais ailtireachta.

84.

Limistéar rialaithe pleanála speisialta.

85.

Scéim rialaithe pleanála speisialta.

86.

Scéim a athrú agus a athbhreithniú.

87.

Forbairt i limistéar rialaithe pleanála speisialta.

88.

Fógra a sheirbheáil i ndáil le déanmhais nó talamh eile i limistéar rialaithe pleanála speisialta.

89.

An fógra faoi alt 88 a chur i ngníomh.

90.

Féadfaidh cúirt a ordú fógra faoi alt 88 a chomhlíonadh.

91.

Is cion é mainneachtain fógra faoi alt 88 a chomhlíonadh.

92.

Ní gá cead a fháil chun aon fhorbairt a cheanglófar faoin gCaibidil seo a dhéanamh.

CUID V

Soláthar Tithíochta.

93.

Léiriú.

94.

Straitéisí tithíochta.

95.

Straitéisí tithíochta agus pleananna forbartha.

96.

Tithíocht shóisialta agus tithíocht incheannaithe a sholáthar.

97.

Forbairt nach mbeidh feidhm ag alt 96 maidir léi.

98.

Tithíocht incheannaithe a leithroinnt.

99.

Rialuithe maidir le hathdhíol tithe áirithe.

100.

Rialacháin faoin gCuid seo.

101.

Feidhmeanna údarás tithíochta agus údarás pleanála.

CUID VI

An Bord Pleanála

Caibidil I

Bunú agus Comhdhéanamh.

102.

An Bord Pleanála do leanúint ar marthain.

103.

An Bord le bheith ina chomhlacht corpraithe. etc.

104.

Cathaoirleach agus 7 gcomhalta eile a bheidh ar an mBord.

105.

Cathaoirleach a cheapadh.

106.

Gnáthchomhaltaí a cheapadh.

107.

Leaschathaoirleach a cheapadh.

108.

Córam don Bhord, folúntais, etc.

Caibidil II

Eagraíocht, Foireann, etc.

109.

Comhlíonadh ag an mBord.

110.

An cathaoirleach do chinntiú go ndéanfar gnó an Bhoird a chur i gcrích go héifeachtúil, etc.

111.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

112.

Rannáin den Bhord.

113.

Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird.

114.

Toirmeasc ar chumarsáidí áirithe i ndáil le hachomhairc, etc.

115.

Comhaltaí agus fostaithe an Bhoird agus daoine eile a shlánú.

116.

Deontais don Bhord.

117.

Cuntais agus iniúchtaí an Bhoird.

118.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis don Aire.

119.

Aoisliúntas chomhaltaí an Bhoird.

120.

Fostaithe an Bhoird.

121.

Aoisliúntas fhostaithe an Bhoird.

122.

An tAire do sholáthar seirbhísí don Bhord.

123.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas, etc.

124.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí don Bhord.

Caibidil III

Nósanna Imeachta Achomhairc, etc.

125.

Achomhairc agus tarchuir is cúram don Bhord.

126.

Dualgas agus cuspóir an Bhoird i ndáil le hachomhairc agus tarchuir.

127.

Forálacha maidir le hachomhairc agus tarchuir a dhéanamh.

128.

Údaráis phleanála do chur doiciméad, etc. faoi bhráid an Bhoird.

129.

Aighneachtaí nó tuairimí ó pháirtithe eile.

130.

Aighneachtaí nó tuairimí ó dhaoine seachas páirtithe.

131.

Cumhacht an Bhoird aighneachtaí nó tuairimí a iarraidh.

132.

Cumhacht an Bhoird a cheangal doiciméid, etc. a chur faoina bhráid.

133.

Cumhacht an Bhoird i gcás ina seirbheálfar fógra faoi alt 131132.

134.

Éisteachtaí ó bhéal ar achomhairc nó ar tharchuir.

135.

Forálacha forlíontacha a bhaineann le héisteachtaí ó bhéal.

136.

Cruinnithe a chomóradh maidir le tarchuir.

137.

Nithe seachas nithe a bheidh dúisithe ag páirtithe.

138.

Féadfaidh an Bord achomhairc nó tarchuir a dhíbhe más achomhairc nó tarchuir chráiteacha, etc., iad.

139.

Achomhairc i gcoinne coinníollacha.

140.

Achomhairc, iarratais agus tarchuir a tharraingt siar.

141.

Am le haghaidh cinntí agus achomharc, etc.

142.

Rialacháin i ndáil le hachomhairc agus tarchuir.

143.

Beidh aird ag an mBord ar bheartais agus cuspóirí áirithe.

144.

Táillí is iníoctha leis an mBord.

145.

Caiteachais achomhairc nó tarchuir.

146.

Tuarascálacha agus doiciméid de chuid an Bhoird.

CUID VII

Nochtadh Leasanna, etc..

147.

Comhaltaí, etc. do dhearbhú leasanna áirithe.

148.

Ceanglais a dhéanann difear do chomhaltaí, etc. a bhfuil leasanna tairbhiúla áirithe acu.

149.

Forálacha forlíontacha a bhaineann le hailt 147 agus 148.

150.

Cóid chleachtais.

CUID VIII

Forfheidhmiú.

151.

Cion.

152.

Litir rabhaidh.

153.

Cinneadh maidir le forfheidhmiú.

154.

Fógra forfheidhmiúcháin.

155.

Fógra forfheidhmiúcháin a eisiúint i gcásanna práinne.

156.

Pionóis i leith cionta.

157.

Cionta a ionchúiseamh.

158.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

159.

Fíneálacha a íoc le húdaráis phleanála.

160.

Urghairí i ndáil le forbairt neamhúdaraithe.

161.

Costais ionchúiseamh agus iarratas ar urghairí.

162.

Fianaise ar chead.

163.

Ní bheidh gá le cead le haghaidh aon oibreacha a cheanglaítear faoin gCuid seo.

164.

Socruithe idirthréimhseacha maidir le cionta.

CUID IX

Criosanna Forbartha Straitéisí.

165.

Léiriú.

166.

Láithreáin a ainmniú le haghaidh criosanna forbartha straitéisí.

167.

Láithreán a fháil le haghaidh creasa forbartha straitéisí.

168.

Scéim pleanála le haghaidh criosanna forbartha straitéisí.

169.

Scéim pleanála a dhéanamh.

170.

Iarratas ar fhorbairt i gcrios forbartha straitéisí.

171.

Scéim pleanála a chúlghairm.

CUID X

Measúnacht Tionchair Timpeallachta.

172.

Ceanglas maidir le ráiteas tionchair timpeallachta.

173.

Cead le haghaidh forbartha ar gá measúnacht tionchair timpeallachta ina leith.

174.

Tionchair thimpeallachta trasteorann.

175.

Measúnacht tionchair timpeallachta ar fhorbairt áirithe arna déanamh ag údaráis áitiúla nó thar a gceann.

176.

Aicmí forordaithe forbartha ar gá measúnacht ina leith.

177.

Faisnéis fhorordaithe maidir le ráitis tionchair timpeallachta.

CUID XI

Forbairt ag Údaráis Áitiúla agus Údaráis Stáit, etc.

178.

Srianta ar fhorbairt ag údaráis áitiúla áirithe.

179.

Forbairt ag an údarás áitiúil féin.

180.

An t-údarás pleanála do ghlacadh eastát faoina chúram.

181.

Forbairt ag údaráis Stáit.

182.

Cáblaí, sreanga agus píblínte.

CUID XII

Cúiteamh

Caibidil I

Cúiteamh i gcoitinne.

183.

Éilimh ar chúiteamh: teorainneacha ama.

184.

Breith a thabhairt ar éileamh ar chúiteamh.

185.

Rialacháin i ndáil le cúiteamh.

186.

Toirmeasc ar chúiteamh dúbailte.

187.

Cúiteamh a ghnóthú ó údarás pleanála.

188.

Cúiteamh a chlárú.

189.

Údarás pleanála do ghnóthú cúitimh ar fhorbairt ina dhiaidh sin.

Caibidil II

Cúiteamh i ndáil le cinntí faoi Chuid III.

190.

Ceart chun cúitimh.

191.

Cúiteamh a shrianadh.

192.

Fógra ag cur cosc le cúiteamh.

193.

Foráil speisialta le haghaidh déanmhas a ghlacann go substaintiúil ionad déanmhas a scartáladh nó a díothaíodh le tine.

194.

Srian le cúiteamh a shannadh faoi alt 190.

195.

Cúiteamh i gcás cead a chúlghairm nó a mhodhnú.

Caibidil III

Cúiteamh i ndáil le hailt 46, 85, 88, 182, 207 agus 252.

196.

Cúiteamh maidir le déanmhas a dhíchur nó a athrú.

197.

Cúiteamh maidir le scor d'úsáid.

198.

Éileamh ar chúiteamh a bhaineann le limistéar rialaithe pleanála speisialta.

199.

Cúiteamh maidir le cáblaí, sreanga agus píblínte.

200.

Cúiteamh maidir le cearta slí poiblí a bhunú.

201.

Cúiteamh maidir le dul isteach ar thalamh.

CUID XIII

Taitneamhachtaí.

202.

Limistéar taitneamhachta speisialta.

203.

Ordú faoi alt 202 a dhaingniú.

204.

Limistéir chaomhantais tírdhreacha.

205.

Orduithe slánchoimeádta crann.

206.

Cearta slí poiblí a bhunú de bhun comhaontaithe.

207.

Cumhachtaí éigeantacha chun cearta slí poiblí a bhunú.

208.

Forálacha forlíontacha maidir le cearta slí poiblí.

209.

Déanmhais fógráin agus fógráin a dheisiú agus a dhéanamh slachtmhar.

CUID XIV

Talamh a Fháil, etc..

210.

Talamh a leithreasú chun críocha údaráis áitiúil.

211.

Údarás áitiúil do dhiúscairt talún.

212.

Forbairt ag údarás pleanála, etc.

213.

Údaráis áitiúla d'fháil talún.

214.

Feidhmeanna an Aire i ndáil le fáil éigeantach talún a aistriú chuig an mBord.

215.

Feidhmeanna áirithe de chuid an Aire faoi Achtanna na mBóithre, 1993 agus 1998, a aistriú chuig an mBord.

216.

Ordú ceannaigh éigeantaigh a dhaingniú más rud é nach mbeidh aon agóidí ann.

217.

Teorainneacha ama áirithe maidir le ceannach éigeantach talún, etc.

218.

Éisteachtaí ó bhéal i ndáil le fáil éigeantach talún.

219.

Cumhacht chun a ordú go n-íocfar costais áirithe i ndáil le héisteacht ó bhéal.

220.

Nósanna imeachta áirithe le rith go comhuaineach.

221.

Cuspóir an Bhoird i ndáil le feidhmeanna aistrithe.

222.

Leasú ar alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960.

223.

Tagairtí d'fheidhmeanna aistrithe i rialacháin, etc.

CUID XV

Forbairt ar an Imeall Trá.

224.

Míniú.

225.

Oibleagáid cead a fháil maidir le forbairt ar imeall trá.

226.

Forbairt de chuid údaráis áitiúil ar imeall trá.

227.

Talamh a fháil etc. ar imeall trá.

228.

Dul isteach ar imeall trá chun críocha áirithe.

CUID XVI

Ócáidí agus Aontaí Súgraidh.

229.

Léiriú.

230.

Oibleagáid ceadúnas a fháil chun ócáid a sheoladh.

231.

Ceadúnas a dheonú.

232.

Cóid chleachtais i ndáil le hócáidí.

233.

Fógra a sheirbheáil i ndáil le hócáidí.

234.

Oibleagáidí ginearálta maidir le sábháilteacht ag ócáidí.

235.

Cumhachtaí iniúchta i dtaca le hócáidí.

236.

Imeachtaí sibhialta a theorannú.

237.

Forálacha iarmhartacha maidir le cionta.

238.

Údarás áitiúil do sheoladh ócáide.

239.

Aontaí súgraidh a rialú.

240.

Ócáidí agus aontaí súgraidh a eisiamh ó rialú pleanála.

241.

Rialacháin maidir le hócáid.

CUID XVII

Forálacha Airgeadais.

242.

Caiteachais riaracháin an Aire.

243.

Muirearú caiteachas údaráis pleanála ar comhairle contae é.

244.

Comhchaiteachais údarás pleanála a chionroinnt.

245.

Cumhacht chun fritháirimh.

246.

Táillí is iníoctha le húdaráis phleanála.

CUID XVIII

Ilghnéitheach.

247.

Comhchomhairliúcháin i ndáil le forbairt bheartaithe.

248.

Faisnéis atá le soláthar i bhfoirm leictreonach.

249.

Ceanglais bhreise maidir le fógra a thabhairt don phobal.

250.

Fógraí a sheirbheáil, etc.

251.

Tréimhse chuí agus teorainneacha ama eile thar laethanta saoire a ríomh.

252.

Cumhacht duine údaraithe chun dul isteach ar thalamh.

253.

Cumhachtaí chun dul isteach i ndáil le forfheidhmiú.

254.

Fearais agus cáblaí, etc., ar bhóithre poiblí a cheadúnú.

255.

Comhlíonadh feidhmeanna ag údaráis phleanála.

256.

Leasú ar an Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992.

257.

Leasú ar an Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996.

258.

Teorannú ar cheangal le séaraigh de chuid údaráis sláintíochta.

259.

Teorannú le halt 53 den Waterworks Clauses Act, 1847.

260.

Cosaint do shéadchomharthaí náisiúnta.

261.

Cairéil a rialú.

262.

Rialacháin i gcoitinne.

CUID XIX

Tosach Feidhme, Aisghairm agus Buanú.

263.

Léiriú.

264.

Aisghairm.

265.

Leanúnachas achtachán aisghairthe.

266.

Forálacha idirthréimhseacha maidir le pleananna forbartha.

267.

Forálacha idirthréimhseacha i dtaca le fáil éigeantach talún.

268.

Forálacha idirthréimhseacha ilghnéitheacha.

269.

Rialacháin chun deireadh a chur le deacrachtaí.

270.

Tosach feidhme.

CUID XX

Leasuithe ar Acht na mBóithre, 1993

271.

Leasú ar alt 57 d'Acht na mBóithre, 1993.

272.

Scéim arna hullmhú faoi alt 57 d'Acht na mBóithre, 1993, le glacadh ag údarás bóithre.

273.

Leasú ar alt 60 d'Acht na mBóithre, 1993.

274.

Leasú ar alt 61 d'Acht na mBóithre, 1993.

275.

Leasú ar alt 63 d'Acht na mBóithre, 1993.

276.

Leasú ar alt 65 d'Acht na mBóithre, 1993.

277.

Leasú breise ar Chuid V d'Acht na mBóithre, 1993.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Na críocha ar féidir cuspóirí a thaispeáint ina leith i bPlean Forbartha

Cuid I

Suíomh agus Pátrún Forbartha

Cuid II

Limistéir agus Déanmhais a Rialú

Cuid III

Saoráidí Pobail

Cuid IV

An Comhshaol agus Taitneamhachtaí

Cuid V

Bonneagar agus Iompar

AN DARA SCEIDEAL

Rialacha maidir le Breith a Thabhairt ar Mhéid Cúitimh

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Forbairt nach mbeidh Cúiteamh Iníoctha i gcás Cead a Dhiúltú ina Leith

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Cúiseanna le Cead a Dhiúltú nach mbeidh Cúiteamh Iníoctha ina leith

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Coinníollacha is féidir a Fhorchur, gan Cúiteamh a Íoc, ar Dheonú Ceada chun Talamh a Fhorbairt

AN SÉÚ SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919

9 & 10 Geo. c. 5

An tAcht um Thruailliú Aeir, 1987

1987, Uimh. 6

An tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976

1976, Uimh. 8

An tAcht Corr-Thrádála, 1995

1995, Uimh. 19

An tAcht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955

1955, Uimh. 12

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 46

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí, 1990

1990, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999

 

Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1994

 

An tAcht um Láithreáin Thréigthe, 1990

1990, Uimh. 14

An tAcht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, 1997

1997, Uimh. 7

An tAcht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992

1992, Uimh. 7

An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995

1995, Uimh. 22

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht Imeall Trágha, 1933

1933, Uimh. 12

Na hAchtanna Imeall Trá, 1933 go 1998

 

An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997

1997, Uimh. 13

An tAcht Cuanta, 1946

1946, Uimh. 9

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

An tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973

1973, Uimh. 25

Acht na d'Tithe, 1966

1966, Uimh. 21

Acht na dTithe, 1988

1988, Uimh. 28

Achtanna na dTithe, 1966 go 1998

 

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992

1992, Uimh. 18

Housing of the Working Classes Act, 1890

53 & 54 Vict. c. 70

Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998

1998, Uimh. 33

An tAcht um Míntíriú Talún, 1949

1949, Uimh. 25

Na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1994

 

Land Clauses Consolidation Act, 1845

8 Vict. c. 18

Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926

1926, Uimh. 39

An tAcht Rialtais Áitiúla, 1925

1925, Uimh. 5

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946

1946, Uimh. 24

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1955

1955, Uimh. 9

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1991

1991, Uimh. 11

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1994

1994, Uimh. 8

Local Government (Ireland) Act, 1898

61 & 62 Vict. c. 37

An tAcht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960

1960, Uimh. 40

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976

1976, Uimh. 20

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1982

1982, Uimh. 21

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1983

1983, Uimh. 28

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1990

1990, Uimh. 11

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1992

1992, Uimh. 14

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1993

1993, Uimh. 12

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1998

1998, Uimh. 9

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1999

1999, Uimh. 17

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1999

 

An tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962

1962, Uimh. 26

An tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964

1964, Uimh. 29

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1995

 

An tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977

1977, Uimh. 1

An tAcht um Mianaigh agus Cairéil, 1965

1965, Uimh. 7

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956

1956, Uimh. 21

Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1994

 

Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1987

1987, Uimh. 17

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

14 & 15 Vict. c. 93

An tAcht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960

1960, Uimh. 45

Public Health (Ireland) Act, 1878

41 & 42 Vict. c. 52

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

Acht na mBóithre, 1993

1993, Uimh. 14

Achtanna na mBóithre, 1993 agus 1998

 

Acht na mBóithre (Leasú), 1998

1998, Uimh. 23

An tAcht Maoine Stáit, 1954

1954, Uimh. 25

An tAcht um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934

1934, Uimh. 22

An tAcht um Athnuachan Uirbeach, 1998

1998, Uimh. 27

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

1930, Uimh. 29

An tAcht um Bainistiú Dramhaíola, 1996

1996, Uimh. 10

An tAcht Soláthairtí Uisce, 1942

1942, Uimh. 1

Waterworks Clauses Act, 1847

10 & 11 Vict. c. 17

An tAcht um Fhiadhúlra, 1976

1976, Uimh. 39

/images/harp.jpg


Uimhir 30 de 2000


AN tACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2000


ACHT D'ATHMHEAS AGUS DO CHOMHDHLÚTHÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE PLEANÁIL AGUS FORBAIRT TRÍ NA hACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963 GO 1999, A AISGHAIRM AGUS A ATHACHTÚ, MAILLE LE LEASUITHE; DO DHÉANAMH SOCRÚ, AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL, MAIDIR LE PLEANÁIL CHUÍ AGUS FORBAIRT INCHOTHAITHE LENA nÁIRÍTEAR TITHÍOCHT A SHOLÁTHAR; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hÓCÁIDÍ A CHEADÚNÚ AGUS AONTAÍ SÚGRAIDH A RIALÚ; DO LEASÚ AN ACHTA FÁN nGNÍOMHAIREACHT UM CHAOMHNÚ COMHSHAOIL, 1992, ACHT NA mBÓITHRE, 1993, AN ACHTA UM BAINISTIÚ DRAMHAÍOLA, 1996, AGUS ACHTACHÁN ÁIRITHE EILE; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN.

[28 Lúnasa, 2000]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1)  San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

forléireofar “talamh a fháil” de réir alt 213(2) agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “Acht 1919” an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919;

ciallaíonn “Acht 1934” an tAcht um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934;

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963;

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976;

ciallaíonn “Acht 1982” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1982;

ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1983;

ciallaíonn “Acht 1990” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1990;

ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1992;

ciallaíonn “Acht 1993” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1993;

ciallaíonn “Acht 1998” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1998;

ciallaíonn “Acht 1999” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1999;

ciallaíonn “fógrán” aon fhocal, litir, múnla, balún, déanmhas inteannta, eitleog, póstaer, fógra, feiste nó samhlachas a úsáidtear chun críche fógraíochta, craolta nó treoraithe;

ciallaíonn “déanmhas fógráin” aon déanmhas, is clárlach, scafall, fráma, cleith, cuaille, feiste nó comhartha (soilsithe nó gan soilsiú) agus a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun fógráin a thaispeáint nó aon ghabhálas le foirgneamh nó déanmhas a úsáidtear chun críocha fógraíochta;

folaíonn “talmhaíocht” gairneoireacht, fás torthaí, fás síolta, feirmeoireacht déiríochta, beostoc (lena n-áirítear aon ainmhí a choimeádtar chun bia, olann, craicne nó fionnadh a tháirgeadh, nó chun é a úsáid ag saothrú talún) a phórú agus a choimeád, capaill a thraenáil agus stoc folaíochta a thógáil, talamh a úsáid mar thalamh féaraigh, mar thalamh móinéir, mar thalamh saileánaigh, mar gharraithe margaidh nó mar phlandlanna agus forléireofar “talmhaíochta” dá réir sin;

folaíonn “athrú”—

(a)  pláistéireacht nó péinteáil nó díchur plástair nó stucó, nó

(b)  athsholáthar dorais, fuinneoige nó dín,

a dhéanann athrú ábhartha ar dhreach imeachtrach an déanmhais ionas go mbíonn an dreach sin ar neamhréir le sainghné an déanmhais nó le sainghné déanmhas ina chomharsanacht;

ciallaíonn “achomharc” achomharc chun an Bhoird;

forléireofar “limistéar caomhantais ailtireachta” de réir alt 81(1);

forléireofar “limistéar rialaithe pleanála speisialta” de réir alt 85(8);

folaíonn “fearann comhghafach” i ndáil le déanmhas, talamh atá lasmuigh de chúirtealáiste an déanmhais;

ciallaíonn “Treoir um Éin” Treoir Uimh. 79/409/CEE an 2 Aibreán 1979 ón gComhairle(1) maidir le héin fhiáine a chaomhnú;

ciallaíonn “Bord” an Bord Pleanála;

ciallaíonn “cathaoirleach” cathaoirleach an Bhoird;

ciallaíonn “Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn “cuideachta”, ach amháin in alt 149 (5), cuideachta de réir bhrí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, nó cuideachta atá corpraithe lasmuigh den Stát;

ciallaíonn “Treoir ón gComhairle” Treoir Uimh. 85/337/CEE an 27 Meitheamh 1985 ón gComhairle(2) maidir le héifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú; arna leasú le Treoir Uimh. 97/11/CE an 3 Márta 1997 ón gComhairle(3) agus le haon treoir lena leasaítear na treoracha sin nó a chuirtear ina n-ionad;

tá le “substaint chontúirteach” an bhrí a shanntar dó leis an Treoir um Mórthionóiscí;

ciallaíonn “leaschathaoirleach” leaschathaoirleach an Bhoird;

tá le “forbairt” an bhrí a shanntar dó le halt 3, agus forléireofar “forbair” dá réir sin;

ciallaíonn “plean forbartha” plean forbartha faoi alt 9(1);

ciallaíonn “i mbaol” faoi lé díobhála, meathlúcháin nó damáiste, cibé acu láithreach nó thar thréimhse ama, trí fhaillí nó ar shlí dhíreach nó neamhdhíreach;

ciallaíonn “fógra forfheidhmiúcháin” fógra forfheidhmiúcháin faoi alt 154;

ciallaíonn “ráiteas tionchair timpeallachta” ráiteas i dtaobh na néifeachtaí, más ann, a bheadh ag forbairt bheartaithe, dá ndéanfaí í, ar an gcomhshaol;

ciallaíonn “láithreán Eorpach”—

(a)  láithreán—

(i)  arna chur in iúl chun críocha Rialachán 4 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnáthóga Nádúrtha), 1997 (I.R. Uimh. 94 de 1997), faoi réir aon leasuithe arna ndéanamh air de bhua Rialachán 5 de na rialacháin sin, nó

(ii)  arna tharchur chuig an gCoimisiún de réir Rialachán 5(4) de na rialacháin sin, nó

(iii)  arna chur de bhua Rialachán 6 de na rialacháin sin leis an liosta a tarchuireadh chuig an gCoimisiún de réir Rialachán 5(4) de na Rialacháin sin,

ach sin go dtí go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh i leith an láithreáin faoi Airteagal 21 den Treoir um Ghnáthóga chun críocha an tríú mír d'Airteagal 4(2) den Treoir sin, agus go dtí sin amháin,

(b)  láithreán arna ghlacadh ag an gCoimisiún mar láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail leis chun críocha Airteagal 4(2) den Treoir um Ghnáthóga de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 21 den Treoir sin,

(c)  limistéar caomhantais speisialta de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnáthóga Nádúrtha), 1997,

(d)  limistéar arna aicmiú de bhun mhír (1) nó (2) d'Airteagal 4 den Treoir um Éin;

tá le “forbairt dhíolmhaithe” an bhrí a shonraítear in alt 4;

folaíonn “taispeáin” i ndáil le fógrán, greamaigh, inscríobh, clóbhuail, péinteáil, soilsigh agus línigh ar shlí eile;

tá le “bunachas láithreach” an bhrí atá leis sa Treoir um Mórthionóiscí;

folaíonn “fál” clárlach nó déanmhas dá shamhail ach ní fholaíonn sé aon chlaí, balla nó déanmhas eile dá shamhail atá déanta go hiomlán nó go príomha de chré nó de chloch;

ciallaíonn “limistéar feidhme”, i ndáil le húdarás pleanála—

(a)  i gcás comhairle chontae, a contae riaracháin, gan aon bhuirg nó ceantar uirbeach a áireamh,

(b)  i gcás aon údaráis pleanála eile, a limistéar riaracháin;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “Gaeltacht” an Ghaeltacht de réir bhrí an Achta Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956;

ciallaíonn “teach ináitrithe” teach—

(a)  a úsáidtear mar theaghais,

(b)  nach bhfuil in úsáid ach a bhí, nuair a úsáideadh go deireanach é, gan aird a thabhairt ar aon úsáid neamhúdaraithe, á úsáid mar theaghais agus nach bhfuil tréigthe, nó

(c)  a cuireadh ar fáil lena úsáid mar theaghais ach nár áitíodh;

ciallaíonn “Treoir um Ghnáthóga” Treoir Uimh. 92/43/CEE an 21 Bealtaine 1992 ón gComhairle(1) maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú;

ciallaíonn “teach” foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh atá nó a bhí á áitiú mar theaghais nó a cuireadh ar fáil lena úsáid mar theaghais ach nár áitíodh, agus más cuí, folaíonn sé foirgneamh a dearadh lena úsáid mar 2 theaghais nó níos mó nó mar árasán, mar theaghaisín nó mar theaghais eile laistigh d'fhoirgneamh den sórt sin;

ciallaíonn “ceadúnas um rialú comhtháite ar thruailliú” ceadúnas faoi Chuid IV den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992;

folaíonn “talamh” aon déanmhas agus aon talamh atá faoi uisce (cibé acu is uisce intíre nó uisce cósta é);

ciallaíonn “plean limistéir áitiúil” plean limistéir áitiúil faoi alt 18;

ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941;

tá le “mórthionóisc” an bhrí a shanntar dó leis an Treoir um Mórthionóiscí;

ciallaíonn “Treoir um Mórthionóiscí” Treoir Uimh. 96/82/CE an 9 Nollaig 1996 ón gComhairle(2) maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí ina bhfuil substaintí contúirteacha i gceist;

ciallaíonn “bainisteoir”—

(a)  maidir le bardas contaebhuirge, an bainisteoir chun críche na nAchtanna a bhaineann le bainistiú na contaebhuirge, agus

(b)  maidir le comhairle chontae, le bardas buirge nó le comhairle cheantair uirbigh, an bainisteoir chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1994;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil;

tá le “bunachas nua” an bhrí atá leis sa Treoir um Mórthionóiscí;

ciallaíonn “áititheoir”, i ndáil le déanmhas cosanta nó déanmhas cosanta beartaithe—

(a)  aon duine atá sa déanmhas nó atá i dteideal an déanmhas a úsáid nó a theachtadh láithreach,

(b)  aon duine atá i dteideal an déanmhas a áitiú, agus

(c)  aon duine eile a bhfuil, de thuras na huaire, an déanmhas faoina rialú;

ciallaíonn “gnáthchomhalta” comhalta den Bhord seachas an cathaoirleach;

ciallaíonn “úinéir”, i ndáil le talamh, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, a bhfuil teideal aige nó aici, ina cheart nó ina ceart féin nó mar iontaobhaí nó mar ghníomhaire d'aon duine eile, cíos forlán na talún a ghlacadh nó, i gcás nach ar cíos forlán atá an talamh ligthe, a mbeadh an teideal sin aige nó aici dá mbeadh an talamh ligthe amhlaidh;

ciallaíonn “páirtí in achomharc nó i dtarchur” an t-údarás pleanála agus aon duine de na daoine seo a leanas, de réir mar is cuí—

(a)  an t-achomharcóir,

(b)  an t-iarratasóir ar aon chead a mbeidh achomharc i ndáil leis déanta ag duine eile (seachas duine atá ag gníomhú thar ceann an achomharcóra),

(c)  i gcás tarchuir faoi alt 5, an duine a bheidh ag déanamh an tarchuir, agus aon duine eile dá dtabharfar fógra faoi fho-alt (2) den alt sin,

(d)  i gcás tarchuir faoi alt 34 (5), an t-iarratasóir ar an gcead a deonaíodh,

(e)  i gcás tarchuir faoi alt 37(5), an duine a rinne an t-iarratas ar chead, ar iarratas é a chuir an t-údarás pleanála ar ais,

(f)  aon duine a ndéanfaidh údarás pleanála fógra nó ordú, nó cóip den chéanna, a sheirbheáil air nó uirthi nó a eisiúint chuige nó chuici, faoi ailt 44, 45, 46, 88 agus 207,

(g)  i gcás tarchuir faoi alt 96(5), páirtí ionchasach i gcomhaontú faoi alt 96(2),

(h)  i gcás achomhairc faoi alt 169, an ghníomhaireacht forbartha,

(i)  i gcás tarchuir faoi alt 193, an duine a rinne an t-iarratas ar chead chun an déanmhas nua a thógáil,

(j)  an t-iarratasóir ar cheadúnas faoi alt 254 a mbeidh achomharc i ndáil leis déanta ag duine eile (seachas duine atá ag gníomhú thar ceann an achomharcóra),

agus forléireofar “páirtí” dá réir sin;

ciallaíonn “rialacháin cheada” rialacháin faoi alt 33, 172(2)174;

ciallaíonn “iarratas pleanála” iarratas chuig údarás pleanála de réir rialachán ceada ar chead chun talamh a fhorbairt is gá faoi na rialacháin sin;

ciallaíonn “údarás pleanála”—

(a)  i gcás contae, gan aon bhuirg nó ceantar uirbeach ann a áireamh, comhairle an chontae,

(b)  i gcás contaebhuirge nó buirge eile, bardas na buirge, agus

(c)  i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair uirbigh,

agus forléireofar tagairtí do limistéar an údaráis pleanála dá réir sin agus folóidh siad limistéar feidhme an údaráis;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire agus forléireofar “forordaigh” dá réir sin;

ciallaíonn “déanmhas cosanta beartaithe” déanmhas a ndéantar fógra a eisiúint ina leith faoi alt 12 (3) nó faoi alt 55 á rá go mbeartaítear an déanmhas, nó cuid shonraithe de, a chur le taifead ar dhéanmhais chosanta, agus folaíonn sé, i gcás ina gcuirtear an méid sin in iúl san fhógra sin, aon airí sonraithe atá laistigh d'fhearann comhghafach an déanmhais agus nach bhfolófaí thairis sin sa mhíniú seo;

ciallaíonn “déanmhas cosanta”—

(a)  déanmhas, nó

(b)  cuid shonraithe de dhéanmhas,

atá ar áireamh i dtaifead ar dhéanmhais chosanta, agus folaíonn sé, i gcás ina gcuirtear an méid sin in iúl sa taifead sin, aon airí sonraithe atá laistigh d'fhearann comhghafach an déanmhais agus nach bhfolófaí thairis sin sa mhíniú seo;

folaíonn “cosaint”, i ndáil le déanmhas nó le cuid de dhéanmhas, caomhnú, slánchoimeád agus feabhsú atá ar comhréir le cothabháil shainghné agus spéisiúlacht an déanmhais nó na coda;

ciallaíonn “áit phoiblí” aon sráid, bóthar, trá mhara nó áit eile ar a bhfuil rochtain ag an bpobal cibé acu de cheart nó le cead é agus cibé faoi acu réir muirir nó saor ó mhuirear é;

tá le “bóthar poiblí” an bhrí chéanna atá leis in Acht na mBóithre, 1993;

ciallaíonn “taifead ar dhéanmhais chosanta” an taifead a áirítear faoi alt 51 i bplean forbartha;

ciallaíonn “tarchur” tarchur chuig an mBord faoi alt 5, 34(5), 37(5), 96(5)193(2);

ciallaíonn “údarás réigiúnach” comhlacht arna bhunú de réir alt 43 den Acht Rialtais Áitiúil, 1991;

ciallaíonn “treoirlínte pleanála réigiúnacha” treoirlínte pleanála réigiúnacha arna ndéanamh faoi Chaibidil III de Chuid II;

ciallaíonn “clár” an clár a choimeádfar faoi alt 7;

ciallaíonn “údarás clárúcháin” údarás clárúcháin de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil, 1964;

ciallaíonn “feidhm fhorchoimeádta”—

(a)  maidir le comhairle chontae nó le comhlacht toghaí chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1994, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna sin, agus

(b)  maidir le bardas contaebhuirge, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistiú na contaebhuirge;

tá le “priacal” an bhrí a shanntar dó leis an Treoir um Mórthionóiscí;

tá le “bóthar” an bhrí chéanna atá leis in Acht na mBóithre, 1993;

tá le “trá mhara” an bhrí chéanna atá le “tráigh mhara” san Acht Imeall Trágha, 1933;

folaíonn “scaireanna” stoc agus forléireofar “scairchaipiteal” dá réir sin;

ciallaíonn “ordú um limistéar taitneamhachta speisialta” ordú arna dhaingniú faoi alt 203;

ciallaíonn “údarás Stáit”—

(a)  Aire den Rialtas, nó

(b)  na Coimisinéirí;

ciallaíonn “gnóthaire reachtúil” duine atá, de thuras na huaire, údaraithe le haon achtachán nó faoi nó le haon ionstraim faoi achtachán nó fúithi—

(a)  chun iarnród, canáil, uiscebhealach intíre, duga, cuan nó aerfort a fhoirgniú nó a oibriú,

(b)  chun seirbhísí gáis, leictreachais nó teileachumarsáide a sholáthar nó oibreacha a dhéanamh chun iad a sholáthar, nó

(c)  chun seirbhísí a sholáthar a bhaineann le haon ghnóthas poiblí nó chun oibreacha a dhéanamh chun críocha gníomhaíochtaí aon ghnóthais phoiblí a sheoladh;

ciallaíonn “déanmhas” aon fhoirgneamh, déanmhas, tochailt, nó ní eile atá foirgnithe nó déanta ar aon talamh nó ann nó faoi, nó aon chuid de dhéanmhas arna mhíniú amhlaidh, agus—

(a)  i gcás ina gceadaíonn an comhthéacs é, folaíonn sé an talamh a bhfuil an déanmhas suite air nó ann nó faoi, agus

(b)  i ndáil le déanmhas cosanta nó le déanmhas cosanta beartaithe, folaíonn sé—

(i)  an taobh istigh den déanmhas,

(ii)  an talamh atá laistigh de chúirtealáiste an déanmhais,

(iii)  aon déanmhais eile atá laistigh den chúirtealáiste sin agus an taobh istigh díobh, agus

(iv)  na daingneáin agus na hairíonna go léir is cuid den taobh istigh nó den taobh amuigh d'aon déanmhas nó déanmhais dá dtagraítear i bhfomhír (i)(iii);

ciallaíonn “fo-stratam talún” aon fho-ithir nó aon ní faoi dhromchla talún atá ag teastáil—

(a)  chun críocha tolláin nó tollánú nó aon ní a bhaineann leis sin, nó

(b)  chun aon chríche a bhaineann le scéim de réir bhrí Acht na mBóithre, 1993;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Trasteorann” Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta i gComhthéacs Trasteorann, arna dhéanamh in Espoo (An Fhionlainn) an 25 Feabhra, 1991;

ciallaíonn “duine den lucht siúil” duine den lucht siúil de réir bhrí alt 2 d'Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998;

ciallaíonn “forbairt neamhúdaraithe”, i ndáil le talamh, aon oibreacha neamhúdaraithe a dhéanamh (lena n-áirítear aon déanmhas neamhúdaraithe a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh) nó aon úsáid neamhúdaraithe a dhéanamh;

ciallaíonn “déanmhas neamhúdaraithe” déanmhas seachas—

(a)  déanmhas a bhí ann an 1 Deireadh Fómhair 1964, nó

(b)  déanmhas a raibh a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh ina ábhar nó ina hábhar do chead forbartha arna dheonú faoi Chuid IV d'Acht 1963 nó a mheastar gurbh amhlaidh dó nó di faoi alt 93 den Acht sin nó faoi alt 34 den Acht seo, ar cead é nár cúlghaireadh, nó atá ann de dhroim forbairt dhíolmhaithe (de réir bhrí alt 4 d'Acht 1963 nó alt 4 den Acht seo) a dhéanamh;

ciallaíonn “úsáid neamhúdaraithe”, i ndáil le talamh, úsáid a tosaíodh an 1 Deireadh Fómhair 1964, nó dá éis, ar úsáid í is athrú ábhartha in úsáid aon déanmhais nó talún eile agus ar forbairt í seachas—

(a)  forbairt dhíolmhaithe (de réir bhrí alt 4 d'Acht 1963 nó alt 4 den Acht seo), nó

(b)  forbairt is ábhar do chead arna dheonú faoi Chuid IV d'Acht 1963 nó faoi alt 34 den Acht seo ar cead é nár cúlghaireadh, agus a dhéanfar i gcomhlíonadh an cheada sin nó aon choinníll a mbeidh an cead sin faoina réir;

ciallaíonn “oibreacha neamhúdaraithe” aon oibreacha ar thalamh nó ann nó thairis nó faoi a tosaíodh an 1 Deireadh Fómhair 1964 nó dá éis, ar forbairt iad seachas—

(a)  forbairt dhíolmhaithe (de réir bhrí alt 4 d'Acht 1963 nó alt 4 den Acht seo), nó

(b)  forbairt is ábhar do chead arna dheonú faoi Chuid IV d'Acht 1963 nó faoi alt 34 den Acht seo, ar cead é nár cúlghaireadh, agus a dhéanfar i gcomhlíonadh an cheada sin nó aon choinníll a mbeidh an cead sin faoina réir;

ní fholaíonn “úsáid”, i ndáil le talamh, an talamh a úsáid trí aon oibreacha a dhéanamh air;

ciallaíonn “litir rabhaidh” fógra i scríbhinn faoi alt 152(1);

ciallaíonn “ceadúnas dramhaíola” ceadúnas dramhaíola faoi Chuid V den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996;

folaíonn “oibreacha” aon ghníomh nó oibríocht foirgníochta, tochailte, scartála, méadaithe, athraithe, deisithe nó athnuachana agus, i ndáil le déanmhas cosanta nó déanmhas cosanta beartaithe, folaíonn sé aon ghníomh nó oibríocht lena ngabhann plástar, péint, ballapháipéar, tíleanna nó ábhar eile a chur le dromchlaí an taobh istigh nó an taobh amuigh de dhéanmhas nó a bhaint den chéanna.

(2)  San Acht seo—

(a)  aon tagairt d'alt, do Sceideal, do Chaibidil nó do Chuid is tagairt í d'alt, do Sceideal, do Chaibidil nó do Chuid den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe, agus

(b)  aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(3)  San Acht seo, aon tagairt d'fhorbairt a dhéanamh thar ceann údaráis Stáit forléireofar í, i gcás inarb Aire den Rialtas an t-údarás sin, mar thagairt a fholaíonn tagairt do na Coimisinéirí do dhéanamh forbartha thar ceann an Aire.

(4)  Aon tagairt san Acht seo do shárú forála, folaíonn sí, más cuí, tagairt do dhiúltú nó do mhainneachtain an fhoráil sin a chomhlíonadh.

(5)  Aon tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna, folaíonn sí tagairt d'fheidhmiú cumhachtaí agus do chomhlíonadh dualgas.

(6)  Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile forléireofar í, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(7)  Is feidhm fhorchoimeádta é aon ní a dhéanamh a cheanglaítear faoin Acht seo a dhéanamh le rún.

Forbairt.

3. —(1)  San Acht seo, ciallaíonn “forbairt”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, aon oibreacha a dhéanamh ar thalamh, nó ann, nó thairis nó faoi nó aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úsáid aon déanmhas nó talún eile.

(2)  Chun críocha fho-alt (1) agus gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt sin—

(a)  i gcás ina dtagann aon déanmhas nó talamh eile nó aon chrann nó rud eile ar thalamh chun bheith á úsáid chun fógráin a thaispeáint, nó

(b)  i gcás ina dtagann talamh chun bheith á úsáid chun aon chríche díobh seo a leanas—

(i)  aon veaineanna, pubaill nó rudaí eile, cibé acu atá siad sochorraithe nó nach bhfuil agus cibé acu atá siad infhillte nó nach bhfuil, a shuíomh nó a choimeád chun críche carbhánachta nó campála nó chun earraí a dhíol,

(ii)  carbháin nó pubaill a stóráil, nó

(iii)  feithiclí, cibé acu atá nó nach bhfuil siad inúsáidte chun na críche dá ndearnadh iad nó dár úsáideadh iad go deireanach, sean-mhiotal, dramhaíl mhianadóireachta nó tionscail, dramhaíl foirgneoirí, truflais nó smionagar a chur ann,

measfar athrú ábhartha a bheith tagtha ar úsáid na talún.

(3)  Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo gurb ionann, chun críocha an ailt seo, úsáid aon tí mar dhá theaghais nó níos mó, is teach a úsáideadh roimhe sin mar theaghais amháin, agus athrú ábhartha ar úsáid an déanmhais agus gach cuid de a úsáidtear amhlaidh.

Forbairt dhíolmhaithe.

4. —(1)  Is forbairtí díolmhaithe chun críocha an Achta seo na forbairtí seo a leanas—

(a)  forbairt arb éard í úsáid aon talún chun críche talmhaíochta agus forbairt arb éard í úsáid a bhaint chun na críche sin as aon fhoirgneamh a áitítear i dteannta aon talún a úsáidtear amhlaidh;

(b)  forbairt ag comhairle chontae ina limistéar feidhme, gan aon bhuirg nó ceantar uirbeach a áireamh;

(c)  forbairt ag bardas contaebhuirge nó buirge eile sa bhuirg sin;

(d)  forbairt ag comhairle cheantair uirbigh sa cheantar sin;

(e)  forbairt arb éard í aon oibreacha a dhéanamh ag bardas contaebhuirge nó buirge eile nó ag comhairle chontae nó cheantair uirbigh, ar oibreacha iad is gá chun bóthar nua a dhéanamh nó chun bóthar a chothabháil nó a fheabhsú;

(f)  forbairt arna déanamh thar ceann údaráis áitiúil is údarás pleanála, nó i gcomhpháirt nó i gcomhpháirtíocht le húdarás den sórt sin, de bhun conartha arna dhéanamh ag an údarás áitiúil lena mbaineann, cibé acu ina cháil mar údarás pleanála nó in aon cháil eile;

(g)  forbairt arb éard í aon oibreacha a dhéanamh ag aon údarás áitiúil nó gnóthaire reachtúil chun aon séaraigh, príomhphíopaí, píopaí, cáblaí, sreanga lasnairde nó gaireas eile a iniúchadh, a dheisiú, a athnuachan, a athrú nó a dhíchur, lena n-áirítear aon sráid nó talamh eile a thochailt chun na críche sin;

(h)  forbairt arb éard í oibreacha a dhéanamh chun aon déanmhas a chothabháil, a fheabhsú nó a athrú ar shlí eile, ar oibreacha iad nach ndéanann difear ach don taobh istigh den déanmhas nó nach ndéanann difear ábhartha do dhreach imeachtrach an déanmhais ionas go mbíonn an dreach ar neamhréir le sainghné an déanmhais nó le sainghné déanmhas ina chomharsanacht;

(i)  forbairt arb éard í crainn, foraoisí agus talamh coille a thanú, a leagan agus a athphlandú, bóithre neamhphoiblí a fhónann d'fhoraoisí agus do talamh coille a dhéanamh, a chothabháil agus a fheabhsú agus oibreacha a ghabhann leis an bhforbairt sin, gan speicis bhuaircíneacha a chur in ionad foraoise airde leathanduillí a áireamh;

(j)  forbairt arb éard í úsáid aon déanmhais nó talún eile laistigh de chúirtealáiste tí chun aon chríche a bhaineann le teachtadh an tí mar theach;

(k)  forbairt arb éard í úsáid talún chun críocha limistéir chorrthrádála (de réir bhrí an Achta Corr-Thrádála, 1995);

(l)  forbairt arb éard í aon cheann de na hoibreacha dá dtagraítear san Acht um Míntíriú Talún, 1949, a dhéanamh, nach oibreacha iad a áirítear ar fhálú nó iamh talún a bhí ar oscailt don phobal nó á úsáid ag an bpobal laistigh de na deich mbliana roimh an dáta a tosaíodh ar na hoibreacha.

(2)  (a)  Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil go mbeidh aon aicme forbartha ina forbairt dhíolmhaithe chun críocha an Achta seo i gcás inar dóigh leis nó léi—

(i)  mar gheall ar mhéid nó ar chineál forbartha a bhaineann leis an aicme sin nó mar gheall ar éifeacht theoranta forbartha a bhaineann leis an aicme sin ar a timpeallacht, nár shárú é ar phrionsabail na pleanála cuí agus na forbartha inchothaithe an fhorbairt sin a dhéanamh, nó

(ii)  go bhfuil an fhorbairt údaraithe, nó go gceanglaítear í a údarú, le haon achtachán nó faoi aon achtachán (cibé acu is i bhfoirm ceadúnas, toiliú, ceadú nó aon sórt eile údaraithe a dheonú a bheidh an t-údarú) i gcás ina gceanglaítear leis an achtachán lena mbaineann go mbeidh comhairliúchán (cibé tuairisc atá air) ann le comhaltaí den phobal i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe sula ndeonófar an t-údarú (cibé tuairisc atá air).

(b)  Féadfaidh rialacháin faoi mhír (a) a bheith faoi réir coinníollacha agus féadfaidh siad feidhm ghinearálta a bheith acu nó feidhm a bheith acu maidir le cibé limistéar nó áit a bheidh sonraithe sna rialacháin.

(c)  Féadfar, le rialacháin faoin bhfo-alt seo, foráil a dhéanamh, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), i gcás déanmhas nó talún eile a úsáidtear chun críche is d'aicme shonraithe ar bith, maidir lena n-úsáid nó lena húsáid chun aon chríche eile ar forbairt dhíolmhaithe í chun críocha an Achta seo.

(3)  Déanfar tagairt san Acht seo d'fhorbairt dhíolmhaithe a fhorléiriú mar thagairt d'fhorbairt arb éard í—

(a)  aon cheann de na forbairtí a shonraítear i bhfo-alt (1), nó

(b)  forbairt ar forbairt dhíolmhaithe chun críocha an Achta seo í ag féachaint d'aon rialacháin faoi fho-alt (2).

(4)  Féadfaidh an tAire, i dtaca leis an Treoir ón gComhairle, forbairt nó aicmí forbartha a fhorordú, is forbairt nó aicmí forbartha nach mbeidh, d'ainneoin fho-alt (1)(a), ina forbairt nó ina bhforbairt dhíolmhaithe.

(5)  Sula ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo rachaidh sé nó sí i gcomhairle le haon údarás Stáit eile i gcás inar dóigh leis nó léi nó leis an údarás Stáit eile sin go mbaineann aon rialachán den sórt sin le feidhmeanna an údaráis Stáit sin.

Dearbhú agus tarchur ar fhorbairt agus ar fhorbairt dhíolmhaithe.

5. —(1)  Má éiríonn aon cheist i dtaobh cad is forbairt ann nó cad nach forbairt ann, nó cad is forbairt dhíolmhaithe ann nó cad nach forbairt dhíolmhaithe ann, de réir bhrí an Achta seo, in aon chás áirithe, féadfaidh aon duine, ar an táille fhorordaithe a íoc, dearbhú maidir leis an gceist sin a iarraidh i scríbhinn ón údarás pleanála iomchuí, agus soláthróidh an duine sin don údarás pleanála aon fhaisnéis is gá chun a chumasú don údarás a chinneadh a dhéanamh maidir leis an ní.

(2)  (a)  Faoi réir mhír (b), déanfaidh údarás pleanála an dearbhú maidir leis an gceist a d'éirigh agus leis na príomhchúiseanna agus na príomhchúinsí ar a mbeidh a chinneadh bunaithe a eisiúint chuig an duine a rinne an iarraidh faoi fho-alt (1) agus, más cuí, chuig úinéir agus áititheoir na talún a bheidh i gceist, laistigh de 4 sheachtain ón dáta a bhfaighfear an iarraidh.

(b)  Féadfaidh údarás pleanála a cheangal ar aon duine a rinne iarraidh faoi fho-alt (1) faisnéis bhreise maidir leis an iarraidh a chur isteach d'fhonn a chumasú don údarás an dearbhú maidir leis an gceist a eisiúint agus, i gcás ina bhfaighfear faisnéis bhreise faoin mír seo, eiseoidh an t-údarás pleanála an dearbhú laistigh de 3 sheachtain ón dáta a bhfaighfear an fhaisnéis bhreise.

(c)  Féadfaidh údarás pleanála freisin a iarraidh ar dhaoine, i dteannta na ndaoine sin dá dtagraítear i mír (b), faisnéis a chur isteach d'fhonn a chumasú don údarás an dearbhú maidir leis an gceist a eisiúint.

(3)  (a)  I gcás ina n-eiseofar dearbhú faoin alt seo, féadfaidh aon duine ar eisíodh dearbhú chuige nó chuici faoi fho-alt (2)(a), ar cibé táille a bheidh forordaithe a íoc leis an mBord, dearbhú a tharchur lena athbhreithniú ag an mBord laistigh de 4 sheachtain ón dáta a n-eiseofar an dearbhú.

(b)  Gan dochar d'fho-alt (2), sa chás nach n-eiseoidh an t-údarás pleanála aon dearbhú, féadfaidh aon duine a rinne iarraidh faoi fho-alt (1), ar cibé táille a bheidh forordaithe a íoc, an cheist a tharchur chuig an mBord lena cinneadh laistigh de 4 sheachtain ón dáta a raibh dearbhú le heisiúint faoi fho-alt (2).

(4)  D'ainneoin fho-alt (1), féadfaidh údarás pleanála, ar cibé táille a bheidh forordaithe a íoc leis an mBord, aon cheist i dtaobh cad is forbairt ann nó cad nach forbairt ann, nó cad is forbairt dhíolmhaithe ann nó cad nach forbairt dhíolmhaithe ann, in aon chás áirithe, a tharchur lena cinneadh ag an mBord.

(5)  Déanfar mionsonraí aon dearbhaithe arna eisiúint ag údarás pleanála nó sonraí cinnidh ag an mBord ar tharchur faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár.

(6)  (a)  Coimeádfaidh an Bord taifead ar aon chinneadh arna dhéanamh aige ar tharchur faoin alt seo agus ar na príomhchúiseanna agus na príomhchúinsí ar a mbeidh a chinneadh bunaithe agus cuirfidh sé ar fáil é lena cheannach agus lena iniúchadh.

(b)  Féadfaidh an Bord táille shonraithe a mhuirearú, nach mó ná an costas a ghabhann leis an gcóip a dhéanamh, as cóip den taifead dá dtagraítear i mír (a) a cheannach.

(c)  Déanfaidh an Bord, ó am go ham, agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, cóip den taifead dá dtagraítear i mír (a) a chur chuig gach údarás pleanála.

(d)  Ar iarraidh ó chomhalta d'údarás pleanála, tabharfaidh bainisteoir an údaráis pleanála lena mbaineann, cóip den taifead sin don chomhalta sin.

(7)  Sula ndéanfaidh údarás pleanála dearbhú faoin alt seo, déanfaidh sé an taifead a cuireadh chuige de réir fho-alt (6)(c) a bhreithniú.

Cumhachtaí scrúdaithe, imscrúdaithe agus suirbhéireachta.

6. —Beidh ag údarás pleanála agus ag an mBord araon na cumhachtaí sin go léir maidir le scrúdú, imscrúdú agus suirbhéireacht is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil leis an Acht seo nó le haon Acht eile.

Clár pleanála.

7. —(1)  Coimeádfaidh údarás pleanála clár chun críocha an Achta seo i leith na talún go léir laistigh dá limistéar feidhme, agus déanfaidh sé ann na taifid agus na ceartuithe sin go léir a bheidh cuí de réir fho-alt (2), agus de réir fhorálacha eile an Achta seo agus na rialachán arna ndéanamh faoin Acht seo.

(2)  Taifeadfaidh údarás pleanála na nithe seo a leanas sa chlár—

(a)  sonraí aon iarratais arna dhéanamh chuige faoin Acht seo ar chead forbartha, ar chead chun forbairt a choinneáil nó ar chead sracléaráide forbartha (lena n-áirítear ainm agus seoladh an iarratasóra, an dáta a fuarthas an tiarratas agus sonraí gearra i dtaobh na forbartha nó na coinneála is ábhar don iarratas),

(b)  i gcás ina ndearnadh ráiteas tionchair timpeallachta a chur isteach i leith an iarratais, léiriú ar an méid sin,

(c)  más rud é, maidir le forbairt lena mbaineann iarratas, gurb éard í gníomhaíocht, nó gur chun críocha gníomhaíochta í, a gceanglaítear ceadúnas um rialú comhtháite ar thruailliú nó ceadúnas um bainistiú dramhaíola a bheith ann maidir léi, nó a gceanglaítear ceadúnas faoin Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977, a bheith ann maidir léi i leith scardadh ón bhforbairt, ráiteas i dtaobh an cheanglais sin,

(d)  i gcás ina ndéanfadh an fhorbairt lena mbaineann an tiarratas difear ábhartha do dhéanmhas cosanta nó ina bhfuil sí suite i limistéar a ndearbhaítear gur limistéar taitneamhachta speisialta é faoi alt 202, léiriú ar an méid sin,

(e)  cinneadh iomlán an údaráis pleanála i leith aon iarratais den sórt sin, lena n-áirítear aon choinníollacha a forchuireadh, agus dáta an chinnidh,

(f)  cinneadh iomlán an Bhoird, ar achomharc, i leith aon iarratais den sórt sin, lena n-áirítear aon choinníollacha a forchuireadh, agus dáta an chinnidh,

(g)  i gcás inar comhlíonadh ceanglais alt 34(6) maidir leis an sárú ábhartha ar an bplean forbartha, ráiteas i dtaobh an méid sin,

(h)  sonraí aon dearbhaithe arna dhéanamh ag údarás pleanála faoi alt 5 nó aon chinnidh arna dhéanamh ag an mBord ar tharchur faoin alt sin,

(i)  sonraí aon iarratais arna dhéanamh faoi alt 42 chun tréimhse chuí ceada a fhadú,

(j)  sonraí aon chinnidh chun cead a chúlghairm nó a mhodhnú de réir alt 44,

(k)  sonraí faoi alt 45 i dtaobh aon ordaithe, aon chinnidh ar achomharc nó aon fhógra fála i leith talamh le haghaidh spáis oscailte a fháil go héigeantach,

(l)  sonraí aon fhógra faoi alt 46 lena gceanglaítear aon déanmhas a dhíchur nó a athrú, nó lena gceanglaítear scor d'aon úsáid nó coinníollacha a fhorchur ar leanúint den úsáid, lena n-áirítear ráiteas gur tarraingíodh siar an fógra, más cuí,

(m)  sonraí aon chomhaontaithe arna dhéanamh faoi alt 47, chun forbairt nó úsáid na talún a shrianadh nó a rialáil,

(n)  sonraí aon dearbhaithe arna eisiúint ag an údarás pleanála faoi alt 57, lena n-áirítear mionsonraí aon athbhreithnithe ar an dearbhú,

(o)  sonraí aon dearbhaithe arna eisiúint ag an údarás pleanála faoi alt 87, lena n-áirítear mionsonraí aon athbhreithnithe ar an dearbhú,

(p)  sonraí aon fhógra faoi alt 88 i leith talún i limistéar rialaithe pleanála speisialta, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh an fógra sin tarraingthe siar, ráiteas gur tarraingíodh siar é,

(q)  sonraí aon deimhnithe arna deonú faoi alt 97,

(r)  sonraí aon litreach rabhaidh arna heisiúint faoi alt 152, lena n-áirítear dáta eisithe na litreach agus ráiteas gur tarraingíodh siar í, más cuí,

(s)  an cinneadh iomlán arna dhéanamh faoi alt 153 i dtaobh ar chóir go n-eiseofaí fógra forfheidhmiúcháin, lena n-áirítear dáta an chinnidh,

(t)  sonraí aon fhógra forfheidhmiúcháin arna eisiúint faoi alt 154, lena n-áirítear dáta an fhógra agus ráiteas gur tarraingíodh siar é nó go ndearnadh dá réir, más cuí,

(u)  sonraí aon ráitis arna ullmhú faoi alt 188 maidir le héileamh ar chúiteamh faoin Acht seo,

(v)  sonraí aon ordaithe faoi alt 205 lena gceanglaítear aon chrann nó crainn a shlánchoimeád, lena n-áirítear ráiteas maidir le haon leasú nó cúlghairm ar an ordú,

(w)  sonraí aon chomhaontaithe faoi alt 206 chun ceart slí poiblí thar talamh a chruthú,

(x)  sonraí aon chirt slí phoiblí arna chruthú le hordú faoi alt 207,

(y)  sonraí aon fhaisnéise a bhaineann le hoibriú cairéil arna soláthar de réir alt 261, agus

(z)  aon nithe eile a fhorordóidh an tAire.

(3)  Déanfaidh an t-údarás pleanála na taifid agus na ceartuithe a luaithe is féidir tar éis aon iarratas a fháil, aon chinneadh nó comhaontú a dhéanamh nó aon litir, fógra nó ráiteas a eisiúint, de réir mar is cuí.

(4)  Beidh sa chlár léarscáil chun a chumasú do dhuine teacht ar aon taifead sa chlár.

(5)  Féadfaidh an t-údarás pleanála an fhaisnéis a choimeád ar an gclár, lena n-áirítear an léarscáil a bheidh ann faoi fho-alt (4), i bhfoirm ina bhféadfar í a úsáid chun cóip inléite nó atáirgeadh a dhéanamh d'aon taifead sa chlár.

(6)  (a)  Coimeádfar an clár in oifigí an údaráis pleanála agus beidh sé ar fáil lena iniúchadh le linn uaireanta oifige.

(b)  Féadfaidh an tAire ceanglais bhreise a fhorordú i ndáil leis an gclár a bheith ar fáil lena iniúchadh ag comhaltaí den phobal.

(7)  Gach doiciméad a airbheartóidh gur cóip é de thaifead i gclár arna chothabháil ag údarás pleanála faoin alt seo agus a airbheartóidh a bheith deimhnithe mar chóip dhílis den taifead ag oifigeach don údarás pleanála, glacfar i bhfianaise é, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartóidh gurb é nó í a dheimhnigh é amhlaidh nó gur oifigeach den sórt sin é nó í, in aon imeachtaí dlí agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cóip dhílis é den taifead agus gur fianaise é ar théarmaí an taifid.

(8)  Féadfar fianaise a thabhairt ar thaifead i gclár faoin alt seo trí chóip de a bheidh deimhnithe de bhun an ailt seo a thabhairt ar aird agus ní gá an clár féin a thabhairt ar aird.

(9)  I gcás ina ndéanfar iarratas chuig údarás pleanála ar chóip faoin alt seo, eiseofar an chóip chuig an iarratasóir ar é nó í d'íoc na táille sonraithe leis an údarás pleanála i leith gach taifid.

Oibleagáid chun faisnéis a thabhairt d'údarás áitiúil.

8. —(1)  Féadfaidh údarás áitiúil, chun aon críche a éireoidh i ndáil lena fheidhmeanna faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile, trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar áititheoir aon déanmhais nó talún eile nó ar aon duine a ghlacann, dó féin nó di féin nó do dhuine eile, cíos ó aon déanmhas nó talamh eile, sonraí an eastáit, an leasa nó an chirt ar dá bhua a áitíonn sé nó sí an déanmhas nó an talamh eile nó a ghlacann sé nó sí an cíos, de réir mar a bheidh, agus ainm agus seoladh (chomh fada agus is eol dó nó di iad) gach duine arb eol dó nó di aon eastát nó leas a bheith aige nó aici sa déanmhas nó sa talamh eile nó aon cheart a bheith aige nó aici thar an déanmhas nó an talamh eile nó ina leith, a chur in iúl i scríbhinn don údarás laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná 2 sheachtain tar éis é nó í a chur faoi cheangal amhlaidh.

(2)  Gach duine ar a gceanglófar faoin alt seo aon ní nó rud a chur in iúl i scríbhinn d'údarás áitiúil agus a mhainneoidh an ní nó an rud a chur in iúl amhlaidh laistigh den tréimhse a bheidh ceaptha faoin alt seo nó a dhéanfaidh, le linn aon ní nó rud den sórt sin a chur in iúl amhlaidh, aon ráiteas i scríbhinn is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

CUID II

Pleananna agus Treoirlínte

Caibidil I

Pleananna Forbartha

Oibleagáid plean forbartha a dhéanamh.

9. —(1)  Déanfaidh gach údarás pleanála plean forbartha gach 6 bliana.

(2)  Faoi réir fho-alt (3), bainfidh plean forbartha le limistéar feidhme iomlán an údaráis.

(3)  (a)  Féadfaidh údarás pleanála ar bardas contaebhuirge, bardas buirge nó comhairle cheantair uirbigh é, le comhaontú údaráis pleanála amháin nó níos mó ar comhairlí contae tadhlacha iad, nó ní foláir dó ar ordachán ón Aire, plean forbartha aonair a dhéanamh don limistéar agus do mhaighean na contaebhuirge, na buirge nó an cheantair uirbigh, de réir mar a bheidh.

(b)  I gcás ina mbeartaítear plean forbartha a dhéanamh faoi mhír (a), déanfaidh na húdaráis phleanála lena mbaineann cibé socruithe a mheasfaidh siad is cuí chun an plean a ullmhú lena n-áirítear ceanglais na Caibidle seo a chomhlíonadh mar chomhfheidhm de chuid na n-údarás lena mbaineann (agus forléireofar an Chaibidil seo dá réir sin) ach amháin, i gcás ina ndéanfar cinntí a fhorchoimeád do chomhaltaí na n-údarás pleanála lena mbaineann, nach foláir do chomhaltaí gach údaráis ar leith lena mbaineann na cinntí a dhéanamh faoi réir aon chomhaontaithe a dhéanfaidh na húdaráis sin chun difríochtaí idir aon chinntí forchoimeádta den sórt sin a réiteach.

(4)  Le linn plean forbartha a dhéanamh de réir na Caibidle seo, beidh aird ag údarás pleanála ar phleananna forbartha údarás pleanála tadhlach agus déanfaidh sé na cuspóirí sa phlean forbartha a chomhordú leis na cuspóirí i bpleananna na n-údarás sin ach amháin i gcás ina measfaidh an t-údarás pleanála nach bhfuil sé cuí nó indéanta déanamh amhlaidh.

(5)  Le linn plean forbartha a dhéanamh de réir na Caibidle seo, cuirfidh údarás pleanála i gcuntas aon éifeachtaí suntasacha is dócha a bheadh ag an bplean, dá gcuirfí i ngníomh é, ar limistéar aon údaráis pleanála tadhlaigh, ag féachaint go háirithe d'aon tuairimí nó aighneachtaí arna dtabhairt nó arna ndéanamh ag an údarás tadhlach.

(6)  Beidh plean forbartha, a mhéid is indéanta, ar comhréir le cibé pleananna, beartais nó straitéisí náisiúnta a chinnfidh an tAire baint a bheith acu le pleanáil chuí agus le forbairt inchothaithe.

(7)  (a)  Féadfaidh an tAire a cheangal ar 2 údarás pleanála nó níos mó na pleananna forbartha dá limistéir a chomhordú i gcoitinne nó i leith nithe sonraithe agus ar mhodh a shonróidh an tAire.

(b)  Is é nó is í an tAire a chinnfidh aon díospóid idir na húdaráis phleanála a bheidh i gceist ar díospóid í a éireoidh as an gceanglas faoi mhír (a).

An t-ábhar a bheidh i bpleananna forbartha.

10. —(1)  I bplean forbartha, leagfar amach straitéis fhoriomlán do phleanáil chuí agus d'fhorbairt inchothaithe limistéar an phlean forbartha agus is é a bheidh ann ráiteas i scríbhinn agus plean nó pleananna lena léireofar na cuspóirí forbartha don limistéar a bheidh i gceist.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), folóidh plean forbartha cuspóirí maidir leis na nithe seo a leanas—

(a)  criosú talún d'fhonn limistéir áirithe a úsáid d'aon toisc nó go príomha chun críoch áirithe (cibé acu críocha cónaithe, tráchtála, tionscail, talmhaíochta, áineasa, mar spás oscailte nó ar shlí eile, nó meascán de na húsáidí sin), más rud é gur gá, agus a mhéid is gá, i dtuairim an údaráis pleanála, na húsáidí a lua ar mhaithe le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir;

(b)  bonneagar a sholáthar nó soláthar bonneagair a éascú, lena n-áirítear saoráidí iompair, fuinnimh agus cumarsáide, soláthairtí uisce, saoráidí aisghabhála agus diúscartha dramhaíola (ach aird a bheith tugtha ar an bplean bainistíochta dramhaíola don limistéar arna dhéanamh de réir an Achta um Bainistiú Dramhaíola, 1996), seirbhísí dramhuisce, agus saoráidí coimhdeacha;

(c)  caomhnú agus cosaint an chomhshaoil lena n-áirítear, go háirithe, an oidhreacht seandálaíochta agus nádúrtha agus caomhnú agus cosaint láithreán Eorpach agus aon láithreán eile a fhorordófar chun críocha na míre seo;

(d)  comhtháthú phleanáil agus fhorbairt inchothaithe an limistéir le riachtanais shóisialta, pobail agus cultúrtha an limistéir agus a dhaonra;

(e)  slánchoimeád shainghné an tírdhreacha más rud é gur gá agus a mhéid is gá é, i dtuairim an údaráis pleanála, ar mhaithe le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir, lena n-áirítear slánchoimeád radharc agus amharc agus taitneamhachtaí áiteanna agus gnéithe áilleachta nádúrtha nó spéisiúlachta ó thaobh an nádúir de;

(f)  cosaint déanmhas, nó codanna de dhéanmhais, is díol spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla;

(g)  slánchoimeád shainghné limistéar caomhantais ailtireachta;

(h)  forbairt agus athnuachan limistéar a bhfuil athghiniúint de dhíth orthu;

(i)  cóiríocht a sholáthar don lucht siúil, agus úsáid limistéar áirithe chun na críche sin;

(j)  slánchoimeád, feabhsú agus leathnú taitneamhachtaí agus taitneamhachtaí áineasa;

(k)  rialú na nithe seo a leanas, ag féachaint d'fhorálacha na Treorach um Mórthionóiscí agus d'aon rialacháin, faoi aon achtachán, lena dtugtar éifeacht don Treoir sin, eadhon—

(i)  bunachais nua a shuíomh,

(ii)  bunachais atá ann cheana féin a mhodhnú, agus

(ii)  forbairt i gcomharsanacht bunachas den sórt sin,

d'fhonn priacal mórthionóisce a laghdú nó d'fhonn iarmhairtí mórthionóisce a theorannú;

(l)  seirbhísí don phobal a sholáthar nó soláthar seirbhísí den sórt sin a éascú, lena n-áirítear, go háirithe, scoileanna, creiseanna agus saoráidí oideachais agus cúraim leanaí eile, agus

(m)  oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail, i gcás ina mbeidh limistéar Gaeltachta i limistéar an phlean forbartha.

(3)  Gan dochar d'fho-alt (2), féadfar cuspóirí chun aon cheann de na críocha dá dtagraítear sa Chéad Sceideal a lua i bplean forbartha.

(4)  Féadfaidh an tAire cuspóirí breise a fhorordú chun críocha fho-alt (2) nó chun críocha an Chéad Sceidil.

(5)  (a)  Beidh faisnéis i bplean forbartha maidir leis na héifeachtaí suntasacha is dócha a bheadh ag an bplean, dá gcuirfí i ngníomh é, ar an gcomhshaol.

(b)  Féadfaidh an tAire, le rialacháin, forálacha breise a dhéanamh i ndáil leis an modh ina bhféadfar mír (a) a chomhlíonadh.

(6)  Más rud é go mbeartaíonn údarás pleanála aon chuspóir forbartha a chur san áireamh i bplean forbartha ar cuspóir é a mbeadh an fhreagracht as é a chur in éifeacht ar údarás áitiúil eile, ní chuirfidh an t-údarás pleanála an cuspóir sin san áireamh sa phlean ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil eile.

(7)  Féadfar a lua i bplean forbartha go mbeidh forbairt shonraithe i limistéar áirithe faoi réir plean limistéir áitiúil a dhéanamh.

(8)  Maidir le haon talamh a ndéantar criosú air i bplean forbartha áirithe (lena áirítear plean forbartha a bheidh athraithe), ní bheidh aon toimhde sa dlí, go leanfaidh sé de bheith arna chriosú amhlaidh in aon phlean forbartha ina dhiaidh sin.

Dréachtphlean forbartha a ullmhú.

11. —(1)  Tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis plean forbartha a dhéanamh, tabharfaidh údarás pleanála fógra á rá go bhfuil ar intinn aige a phlean forbartha láithreach a athbhreithniú agus plean forbartha nua a ullmhú dá limistéar.

(2)  Tabharfar fógra faoi fho-alt (1) don Aire, d'aon údaráis fhorordaithe, d'aon údaráis phleanála thadhlacha, don Bhord, d'aon údarás réigiúnach iomchuí agus d'aon choimisinéirí baile agus do bhoird fhorbartha cathrach agus contae laistigh de limistéar feidhme an údaráis agus foilseofar é i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar lena mbaineann an plean forbartha agus—

(a)  dearbhófar ann go bhfuil ar intinn ag an údarás pleanála an plean forbartha láithreach a athbhreithniú agus plean forbartha nua a ullmhú,

(b)  luafar ann go bhféadfar aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an athbhreithniú ar an bplean láithreach agus le hullmhú an phlean forbartha nua a dhéanamh i scríbhinn chuig an údarás pleanála nó a thabhairt dó laistigh de thréimhse shonraithe (is tréimhse nach lú ná 8 seachtain),

(c)  luafar ann an tráth ar lena linn a fhéadfar, agus an áit nó na háiteanna ina bhféadfar, aon pháipéir chúlra nó dréachttograí (más ann) maidir leis an athbhreithniú ar an bplean láithreach agus maidir le hullmhú an phlean forbartha nua a iniúchadh.

(3)  (a)  A luaithe is féidir tar éis fógra a thabhairt faoin alt seo á rá go bhfuil ar intinn aige plean forbartha a athbhreithniú agus plean forbartha nua a ullmhú, glacfaidh údarás pleanála cibé bearta breise a mheasfaidh sé is gá chun dul i gcomhairle leis an bpobal i gcoitinne agus le comhlachtaí leasmhara eile.

(b)  Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), tionólfaidh údarás pleanála cruinnithe poiblí agus lorgóidh sé aighneachtaí i scríbhinn maidir le gach gné nó le haon ghné den phlean forbartha beartaithe agus féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar aighneachtaí ó bhéal chuig an údarás pleanála maidir leis an bplean.

(c)  I dteannta mhíreanna (a) agus (b), glacfaidh údarás pleanála cibé bearta a mheasfaidh sé is gá chun dul i gcomhairle le soláthraithe fuinnimh, teileachumarsáide, iompair agus aon bhonneagair iomchuí eile agus le soláthraithe oideachais, sláinte, póilíneachta agus seirbhísí eile d'fhonn aon phleananna fadtéarma a fháil amach i dtaca le soláthar bonneagair agus seirbhísí i limistéar an údaráis pleanála agus tabharfaidh na soláthraithe an fhaisnéis is gá don údarás pleanála.

(4)  (a)  Tráth nach déanaí ná 16 sheachtain tar éis fógra a thabhairt faoi fho-alt (1), ullmhóidh bainisteoir údaráis pleanála tuarascáil maidir le haon aighneachtaí nó tuairimí a bheidh faighte faoi fho-alt (2)(3) agus maidir leis na nithe a éireoidh as aon chomhchomhairliúcháin faoi fho-alt (3).

(b)  I dtuarascáil faoi mhír (a)—

(i)  liostófar na daoine nó na comhlachtaí a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí faoin alt seo mar aon le haon daoine nó comhlachtaí a ndeachaigh an t-údarás i gcomhairle leo,

(ii)  tabharfar achoimre ar na saincheisteanna a dúisíodh sna haighneachtaí agus le linn na gcomhchomhairliúchán, más cuí,

(iii)  tabharfar tuairim an bhainisteora maidir leis na saincheisteanna a dúisíodh, agus aird á tabhairt ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir, ar oibleagáidí reachtúla aon údaráis áitiúil sa limistéar agus ar aon bheartais nó cuspóirí iomchuí, de thuras na huaire, de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtais, agus

(iv)  leagfar amach moltaí an bhainisteora maidir leis na beartais a bheidh le háireamh sa dréachtphlean forbartha.

(c)  Cuirfear tuarascáil faoi mhír (a) faoi bhráid chomhaltaí an údaráis pleanála, nó faoi bhráid coiste den údarás pleanála, de réir mar a chinnfidh comhaltaí an údaráis, lena breithniú acu.

(d)  Tar éis tuarascáil faoi mhír (c) a bhreithniú, féadfaidh comhaltaí an údaráis pleanála nó an choiste, de réir mar a bheidh, ordacháin a eisiúint don bhainisteoir maidir le hullmhú an dréachtphlean forbartha, agus ní mór aird a thabhairt in aon ordacháin den sórt sin ar oibleagáidí reachtúla aon údaráis áitiúil sa limistéar agus ar aon bheartais nó cuspóirí iomchuí, de thuras na huaire, de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas, agus comhlíonfaidh an bainisteoir aon ordacháin den sórt sin.

(e)  Eiseofar ordacháin faoi mhír (d) tráth nach déanaí ná 10 seachtain tar éis tuarascáil a chur isteach de réir mhír (c).

(f)  Le linn ordacháin a eisiúint faoi mhír (d), ní dhéanfaidh na comhaltaí breithniú ach ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir lena mbaineann an plean forbartha.

(5)  (a)  Déanfaidh an bainisteoir, tráth nach déanaí ná 12 sheachtain tar éis aon ordacháin a fháil faoi fho-alt (4)(d), dréachtphlean forbartha a ullmhú agus a chur faoi bhráid chomhaltaí an údaráis pleanála lena bhreithniú acu.

(b)  Déanfaidh comhaltaí údaráis pleanála, a luaithe is féidir, an dréachtphlean forbartha a bheidh curtha faoina mbráid ag an mbainisteoir de réir mhír (a) a bhreithniú.

(c)  I gcás ina mbeidh breithniú déanta ar an dréachtphlean forbartha de réir mhír (b), measfar gurb é an dréachtphlean forbartha é, mura rud é, laistigh de 8 seachtain ón dréachtphlean forbartha a chur isteach faoi mhír (a), go ndéanfaidh an t-údarás pleanála, le rún, an dréachtphlean forbartha sin a leasú.

Plean forbartha a dhéanamh.

12. —(1)  Más rud é go ndearnadh dréachtphlean forbartha a ullmhú de réir alt 11, déanfaidh an t-údarás pleanála laistigh de 2 sheachtain ón tréimhse dá dtagraítear in alt 11(5)(c)

(a)  fógra faoin dréachtphlean forbartha agus cóip de a chur chuig an Aire, chuig an mBord, chuig na húdaráis fhorordaithe, chuig aon choimisinéirí baile sa limistéar agus chuig aon bhoird fhorbartha cathrach nó contae sa limistéar, chuig aon choimisinéirí baile agus aon bhoird forbartha cathrach agus contae laistigh den limistéar, agus

(b)  fógra maidir le hullmhú an dréachta a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear ina limistéar.

(2)  Luafar i bhfógra faoi fho-alt (1)—

(a)  go bhféadfar cóip den dréacht a iniúchadh in áit nó in áiteanna a luafar agus ag tráthanna a luafar le linn tréimhse a luafar, is tréimhse nach lú ná 10 seachtain (agus coimeádfar an chóip ar fáil lena hiniúchadh dá réir sin), agus

(b)  go ndéanfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an dréacht, arna ndéanamh chuig an údarás pleanála nó arna dtabhairt dó laistigh den tréimhse a luafar, a chur san áireamh sula ndéanfar an plean.

(3)  (a)  Más rud é go n-áireofar sa dréacht aon fhoráil a bhaineann le haon ábhar a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as, déanfaidh an t-údarás pleanála fógra maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis nó a scriosadh as, lena n-áirítear na sonraí, a sheirbheáil ar gach duine is úinéir nó áititheoir an déanmhais chosanta bheartaithe nó an déanmhais chosanta, de réir mar a bheidh.

(b)  Luafar i bhfógra faoi mhír (a)

(i)  go bhféadfar cóip den ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as a iniúchadh in áit nó in áiteanna a luafar agus ag tráthanna a luafar le linn tréimhse a luafar, is tréimhse nach lú ná 10 seachtain (agus coimeádfar an chóip lena hiniúchadh dá réir sin),

(ii)  go ndéanfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as, arna ndéanamh chuig an údarás pleanála nó arna dtabhairt dó laistigh den tréimhse a luafar, a chur san áireamh sula ndéanfar aon ábhar a chur leis an taifead nó a scriosadh as,

(iii)  maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as, cibé acu a mhol nó nár mhol an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an méid sin a dhéanamh, agus

(iv)  más rud é, maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as, gur mhol an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an méid sin a dhéanamh, go ndéanfaidh an t-údarás pleanála cóip d'aon aighneacht a dhéanfar nó tuairim a thabharfar faoi fhomhír (ii) a chur ar aghaidh chuig an Aire sin chun a thuairimí nó a tuairimí a fháil (agus cuirfear aon tuairimí den sórt sin san áireamh dá réir sin).

(4)  (a)  Tráth nach déanaí ná 22 sheachtain tar éis fógra a thabhairt faoi fho-alt (1), agus más cuí, faoi fho-alt (3), ullmhóidh bainisteoir údaráis pleanála tuarascáil maidir le haon aighneachtaí nó tuairimí a bheidh faighte faoi fho-alt (2)(3) agus cuirfidh sé nó sí an tuarascáil faoi bhráid chomhaltaí an údaráis lena bhreithniú acu.

(b)  I dtuarascáil faoi mhír (a)

(i)  liostófar na daoine nó na comhlachtaí a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí faoin alt seo,

(ii)  tabharfar achoimre ar na saincheisteanna a bheidh dúisithe ag na daoine nó na comhlachtaí sna haighneachtaí nó sna tuairimí, agus

(iii)  tabharfar freagra an bhainisteora ar na saincheisteanna a dúisíodh, agus aird á tabhairt ar aon ordacháin de chuid chomhaltaí an údaráis nó an choiste faoi alt 11(4), ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir, ar oibleagáidí reachtúla aon údaráis áitiúil sa limistéar agus ar aon bheartais nó cuspóirí iomchuí de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire den Rialtas, agus más cuí, ar aon tuairimí a bheidh tugtha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán faoi fho-alt (3)(b)(iv).

(5)  (a)  Déanfaidh comhaltaí údaráis pleanála an dréachtphlean agus tuarascáil an bhainisteora faoi fho-alt (4) a bhreithniú.

(b)  Críochnófar an breithniú ar dhréachtphlean agus ar thuarascáil an bhainisteora faoi mhír (a) laistigh de 12 sheachtain ó thuarascáil an bhainisteora a chur faoi bhráid chomhaltaí an údaráis.

(6)  Más rud é, tar éis an dréachtphlean forbartha agus tuarascáil an bhainisteora a bhreithniú, gur dealraitheach do chomhaltaí an údaráis gur cóir glacadh leis an dréachtphlean nó é a leasú, faoi réir fho-alt (7), féadfaidh siad, le rún, glacadh leis an dréacht nó é a leasú agus an dréachtphlean a dhéanamh dá réir sin.

(7)  (a)  I gcás ina mbeadh an leasú beartaithe, dá ndéanfaí é, ina athrú ábhartha ar an dréacht lena mbaineann, déanfaidh an t-údarás pleanála, tráth nach déanaí ná 3 sheachtain tar éis rún a rith faoi fho-alt (6), fógra faoin leasú beartaithe a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear sa limistéar.

(b)  Luafar i bhfógra faoi mhír (a)—

(i)  go bhféadfar cóip den leasú beartaithe ar an dréachtphlean forbartha a iniúchadh in áit a luafar agus ag tráthanna a luafar le linn tréimhse a luafar, is tréimhse nach lú ná 4 sheachtain (agus coimeádfar an chóip ar fáil lena hiniúchadh dá réir sin), agus

(ii)  go ndéanfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an leasú beartaithe ar an dréacht, arna ndéanamh chuig an údarás pleanála laistigh den tréimhse a luafar, a chur san áireamh sula ndéanfar aon leasú.

(8)  (a)  Tráth nach déanaí ná 8 seachtain tar éis fógra a thabhairt faoi fho-alt (7), ullmhóidh bainisteoir údaráis pleanála tuarascáil maidir le haon aighneachtaí nó tuairimí a bheidh faighte faoin bhfo-alt sin agus cuirfidh sé an tuarascáil faoi bhráid chomhaltaí an údaráis lena breithniú acu.

(b)  I dtuarascáil faoi mhír (a)—

(i)  liostófar na daoine nó na comhlachtaí a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí faoin alt seo,

(ii)  tabharfar achoimre ar na saincheisteanna a bheidh dúisithe ag na daoine nó ag na comhlachtaí sna haighneachtaí,

(iii)  tabharfar freagra an bhainisteora ar na saincheisteanna a dúisíodh, agus aird á tabhairt ar aon ordacháin de chuid chomhaltaí an údaráis nó an choiste faoi alt 11(4), ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir, ar oibleagáidí reachtúla aon údaráis áitiúil sa limistéar agus ar aon bheartais nó cuspóirí iomchuí, de thuras na huaire, de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire den Rialtas.

(9)  (a)  Déanfaidh comhaltaí údaráis pleanála an leasú agus tuarascáil an bhainisteora faoi fho-alt (8) a bhreithniú.

(b)  Críochnófar an breithniú ar an leasú agus ar thuarascáil an bhainisteora faoi mhír (a) tráth nach déanaí ná 6 sheachtain tar éis tuarascáil an bhainisteora a chur faoi bhráid chomhaltaí an údaráis.

(10) (a)  Déanfaidh comhaltaí an údaráis, le rún, tar éis an leasú agus tuarascáil an bhainisteora a bhreithniú, an plean a dhéanamh fairis an leasú beartaithe nó dá éagmais, ach amháin i gcás ina gcinnfidh siad glacadh leis an leasú, go bhféadfaidh siad déanamh amhlaidh faoi réir aon mhodhnuithe ar an leasú a mheasfaidh siad is cuí.

(b)  Ní bheidh feidhm ag ceanglais fho-ailt (7) go (9) i ndáil le modhnuithe arna ndéanamh de réir mhír (a).

(11)  Le linn an dréachtphlean forbartha a dhéanamh faoi fho-ailt (6)(10), ní dhéanfaidh na comhaltaí breithniú ach ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir lena mbaineann an plean forbartha, ar oibleagáidí reachtúla aon údaráis áitiúil sa limistéar agus ar aon bheartais nó cuspóirí iomchuí, de thuras na huaire, de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire den Rialtas.

(12)  (a)  I gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála plean forbartha, foilseoidh sé fógra i dtaobh an phlean a dhéanamh i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear ina limistéar.

(b)  Luafar i bhfógra faoin bhfo-alt seo go bhfuil cóip den phlean ar fáil lena hiniúchadh in áit nó in áiteanna a luafar (agus coimeádfar an chóip ar fáil lena hiniúchadh dá réir sin).

(c)  I dteannta cheanglais mhíreanna (a) agus (b), cuirfidh údarás pleanála cóip den phlean forbartha chuig an Aire, chuig na húdaráis fhorordaithe, chuig aon údaráis phleanála thadhlacha, chuig an mBord, chuig aon choimisinéirí baile agus chuig boird fhorbartha cathrach agus contae laistigh dá limistéar.

(13)  A luaithe is féidir tar éis ábhar a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as faoin alt seo, déanfaidh údarás pleanála fógra maidir leis an ábhar a cuireadh leis nó a scriosadh as, lena n-áirítear na sonraí, a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais lena mbaineann.

(14)  I gcás ina mainneoidh údarás pleanála plean forbartha a dhéanamh laistigh de 2 bhliain ó fhógra a thabhairt faoi alt 11(1), d'ainneoin aon fhorála eile den Chuid seo, déanfaidh an bainisteoir an plean faoi réir an choinníll go ndéanfar an oiread sin den phlean a bheidh comhaontaithe ag comhaltaí an údaráis pleanála a áireamh mar chuid den phlean mar a bheidh déanta ag an mbainisteoir.

(15)  Le linn an dréachtphlean forbartha, nó leasuithe air, a bhreithniú, féadfaidh údarás pleanála a iarraidh ar cibé daoine a mheasfaidh sé is cuí aighneachtaí ó bhéal a dhéanamh maidir leis an bplean sin nó leis an leasú sin.

(16)  Ní cheisteoidh duine bailíocht an phlean forbartha de bhíthin amháin nach ndearnadh na nósanna imeachta mar atá leagtha amach faoi fho-ailt (3) go (5) d'alt 11 agus faoi fho-ailt (1), (4), (5), (6), (8) agus (9) den alt seo a chríochnú laistigh den tréimhse ama a cheanglaítear faoin bhfo-alt iomchuí.

(17)  Beidh éifeacht le plean forbartha arna dhéanamh faoin alt seo 4 sheachtain ón lá a dhéanfar é.

Athrú ar phlean forbartha.

13. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála tráth ar bith, ar chúiseanna a luafar, a chinneadh athrú a dhéanamh ar phlean forbartha a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(2)  Más rud é go mbeartaíonn údarás pleanála athrú a dhéanamh i bplean forbartha—

(a)  cuirfidh sé fógra maidir leis an athrú beartaithe ar an bplean forbartha, agus cóipeanna de, chuig an Aire, chuig an mBord agus, más cuí, chuig aon údarás pleanála tadhlach, chuig na húdaráis fhorordaithe, chuig aon choimisinéirí baile agus chuig boird fhorbartha cathrach agus contae laistigh de limistéar an phlean forbartha,

(b)  déanfaidh sé fógra maidir leis an athrú beartaithe ar an bplean forbartha a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar sin.

(3)  Luafar i bhfógra faoi fho-alt (2)—

(a)  an chúis nó na cúiseanna atá leis an athrú beartaithe,

(b)  go bhféadfar cóip den athrú beartaithe a iniúchadh in áit nó in áiteanna a luafar agus ag tráthanna a luafar le linn tréimhse a luafar, is tréimhse nach lú ná 4 sheachtain (agus coimeádfar an chóip den dréacht-athrú ar fáil lena hiniúchadh dá réir sin), agus

(c)  go ndéanfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an athrú beartaithe, arna ndéanamh chuig an údarás pleanála nó arna dtabhairt dó laistigh den tréimhse sin a dúradh, a chur san áireamh sula ndéanfar an t-athrú.

(4)  (a)  Tráth nach déanaí ná 8 seachtain tar éis fógra a thabhairt faoi fho-alt (2)(b), ullmhóidh bainisteoir údaráis pleanála tuarascáil maidir le haon aighneachtaí nó tuairimí a bheidh faighte faoin bhfo-alt sin agus cuirfidh sé an tuarascáil faoi bhráid chomhaltaí an údaráis lena breithniú acu.

(b)  I dtuarascáil faoi mhír (a)—

(i)  liostófar na daoine nó na comhlachtaí a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí faoin alt seo,

(ii)  tabharfar achoimre ar na saincheisteanna a bheidh dúisithe ag na daoine nó ag na comhlachtaí sna haighneachtaí,

(iii)  tabharfar freagra an bhainisteora ar na saincheisteanna a dúisíodh, agus aird á tabhairt ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir, ar oibleagáidí reachtúla aon údaráis áitiúil sa limistéar agus ar aon bheartais nó cuspóirí iomchuí, de thuras na huaire, de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire den Rialtas.

(5)  (a)  Déanfaidh comhaltaí údaráis pleanála an t-athrú beartaithe agus tuarascáil an bhainisteora faoi fho-alt (4) a bhreithniú.

(b)  Críochnófar an breithniú ar an athrú agus ar thuarascáil an bhainisteora faoi mhír (a) tráth nach déanaí ná 6 sheachtain tar éis tuarascáil an bhainisteora a chur faoi bhráid chomhaltaí an údaráis.

(6)  (a)  Féadfaidh comhaltaí údaráis pleanála le rún, de réir mar is cuí leo, tar éis an t-athrú beartaithe agus tuarascáil an bhainisteora a bhreithniú, an t-athrú a dhéanamh, fara modhnuithe nó dá n-éagmais, nó féadfaidh siad diúltú é a dhéanamh.

(b)  Ní bheidh feidhm ag ceanglais fho-ailt (2) go (5) i ndáil le modhnuithe arna ndéanamh de réir mhír (a).

(7)  Le linn athrú a dhéanamh faoin alt seo, ní dhéanfaidh comhaltaí an údaráis breithniú ach ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir lena mbaineann an plean forbartha, ar oibleagáidí reachtúla aon údaráis áitiúil sa limistéar agus ar aon bheartais nó cuspóirí iomchuí, de thuras na huaire, de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire den Rialtas.

(8)  (a)  I gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála athrú i bplean forbartha, foilseoidh sé fógra i dtaobh an t-athrú a dhéanamh i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear ina limistéar.

(b)  Luafar i bhfógra faoin bhfo-alt seo go bhfuil cóip den phlean forbartha, mar a athraíodh é, ar fáil lena hiniúchadh in áit nó in áiteanna a luafar (agus coimeádfar an chóip ar fáil lena hiniúchadh dá réir sin).

(c)  I dteannta cheanglais mhíreanna (a) agus (b), cuirfidh údarás pleanála cóip den athrú chuig an Aire, chuig an mBord agus, más cuí, chuig na húdaráis fhorordaithe, chuig aon údaráis phleanála thadhlacha, chuig aon choimisinéirí baile agus chuig boird fhorbartha cathrach agus contae laistigh dá limistéar.

(9)  Le linn athrú ar phlean forbartha a bhreithniú de réir an ailt seo, féadfaidh údarás pleanála a iarraidh ar cibé daoine a mheasfaidh sé is cuí aighneachtaí ó bhéal a dhéanamh maidir leis an athrú.

(10)  Ní cheisteoidh duine bailíocht athraithe i bplean forbartha de bhíthin amháin nach ndearnadh na nósanna imeachta mar atá leagtha amach san alt seo a chríochnú laistigh den tréimhse ama a cheanglaítear.

(11)  Beidh éifeacht le hathrú arna dhéanamh ar phlean forbartha ón lá a dhéanfar an t-athrú.

Cearta slí poiblí i bpleananna forbartha.

14. —(1)  Más rud é go mbeartaíonn údarás pleanála foráil a áireamh, den chéad uair, i bplean forbartha, ar foráil í a bhaineann le ceart slí poiblí sonrach a chaomhnú, déanfaidh sé fógra (lena n-áireofar sonraí na forála agus léarscáil ina léireofar an ceart slí) á rá go bhfuil ar intinn aige déanamh amhlaidh a sheirbheáil ar aon úinéir agus áititheoir ar an talamh a bhfuil an ceart slí thairis.

(2)  Luafar i bhfógra faoi fho-alt (1)

(a)  go mbeartaíonn an t-údarás pleanála foráil a áireamh sa phlean forbartha, ar foráil í a bhaineann leis an gceart slí poiblí a chaomhnú,

(b)  go bhféadfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an togra a dhéanamh chuig an údarás pleanála nó a thabhairt dó laistigh de thréimhse a luafar is tréimhse nach lú ná 6 sheachtain agus go ndéanfaidh an t-údarás pleanála na haighneachtaí nó na tuairimí a chur san áireamh, agus

(c)  más rud é, tar éis aon aighneachtaí nó tuairimí a bheidh faighte faoi mhír (b) a bhreithniú, go measfaidh an t-údarás pleanála gur cóir an fhoráil a ghlacadh, nó í a ghlacadh faoi réir modhnuithe, go mbeidh cead achomhairc chun na Cúirte Cuarda ann i ndáil leis an bhforáil sin.

(3)  Féadfaidh comhaltaí údaráis pleanála le rún, de réir mar is cuí leo, tar éis an togra agus aon aighneachtaí nó tuairimí a rinneadh nó a tugadh ina leith a bhreithniú, a mholadh go n-áireofar an fhoráil sa phlean forbartha, fara modhnuithe nó dá n-éagmais, nó féadfaidh siad a mholadh nach n-áireofar í, agus cuirfear an moladh in iúl dá réir sin d'aon duine ar a mbeidh fógra seirbheáilte faoi fho-alt (1) agus déanfar cóip den fhógra sin a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear sa limistéar.

(4)  Aon duine a mbeidh moladh an údaráis pleanála curtha in iúl dó nó di faoi fho-alt (3), féadfaidh sé nó sí, roimh dheireadh an 21 lá díreach tar éis an moladh a chur in iúl dó nó di, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne an fhoráil bheartaithe a áireamh sa phlean forbartha agus déanfaidh an Chúirt, más deimhin léi nach bhfuil aon cheart slí poiblí ann, a dhearbhú amhlaidh agus ní áireofar an fhoráil dá réir sin.

(5)  (a)  Ní dhéanfaidh tionscnamh achomhairc faoi fho-alt (4) dochar do phlean forbartha a dhéanamh faoi alt 12 ach amháin maidir leis an bhforáil bheartaithe a bheidh os comhair na Cúirte a áireamh.

(b)  Más rud é go mbeidh plean forbartha déanta faoi alt 12 agus go gcinnfidh an Chúirt, tar éis achomharc a bhreithniú faoi fho-alt (4), go bhfuil ceart slí poiblí ann, measfar gur cuid den phlean forbartha an fhoráil bheartaithe faoin alt seo.

(6)  Más rud é go mbeidh aon fhoráil a bhaineann le ceart slí poiblí a chaomhnú in aon phlean forbartha láithreach, féadfar an fhoráil a áireamh in aon phlean forbartha ina dhiaidh sin gan é a bheith riachtanach an t-alt seo a chomhlíonadh.

(7)  (a)  Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do cheart slí poiblí nach bhfuil ar áireamh sa phlean forbartha ach atá ann nó atá bailí.

(b)  Maidir le ceart slí poiblí a áireamh i bplean forbartha, beidh sé ina fhianaise ar cheart den sórt sin a bheith ann mura suífear a mhalairt.

Dualgas ginearálta údaráis pleanála cuspóirí plean forbartha a áirithiú.

15. —(1)  Beidh de dhualgas ar údarás pleanála cibé bearta a ghlacadh a thagann faoi réim a chumhachtaí agus is gá chun cuspóirí an phlean forbartha a áirithiú.

(2)  Déanfaidh bainisteoir údaráis pleanála, 2 bhliain ar a mhéad tar éis plean forbartha a dhéanamh, tuarascáil a thabhairt do chomhaltaí an údaráis maidir leis an dul chun cinn a bheidh bainte amach ó thaobh na cuspóirí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a áirithiú.

Cóipeanna de phleananna forbartha.

16. —(1)  Déanfaidh údarás pleanála cóipeanna de phlean forbartha agus d'athruithe ar phlean forbartha agus sleachta as an gcéanna a chur ar fáil lena n-iniúchadh agus lena gceannach ag daoine den phobal.

(2)  Déanfaidh údarás pleanála cóipeanna de thuarascáil ó bhainisteoir údaráis pleanála arna hullmhú faoi ailt 11(4), 12(4) agus (8) agus 13(4) agus sleachta as an gcéanna a chur ar fáil lena n-iniúchadh agus lena gceannach ag daoine den phobal.

(3)  Déanfar cóipeanna den phlean forbartha agus d'athruithe ar phlean forbartha agus de thuarascálacha ón mbainisteoir dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus sleachta as an gcéanna a chur ar fáil lena gceannach ar tháille shonraithe a íoc, is táille nach mó ná an costas réasúnach a ghabhann le cóip a dhéanamh.

Fianaise ar phleananna forbartha.

17. —(1)  Aon doiciméad a airbheartóidh gur cóip é de chuid de phlean forbartha nó de phlean forbartha iomlán agus a bheidh deimhnithe ag oifigeach d'údarás pleanála mar chóip chruinn, beidh sé ina fianaise ar an bplean nó ar an gcuid, mura suífear a mhalairt, agus ní gá síniú an oifigigh a chruthú ná a chruthú gurbh oifigeach den sórt sin é nó í iarbhír.

(2)  Féadfar fianaise ar phlean forbartha iomlán nó ar chuid de phlean forbartha a thabhairt trí chóip de, a bheidh deimhnithe de réir an fho-ailt seo, a thabhairt ar aird agus ní gá an plean féin a thabhairt ar aird.

Caibidil II

Pleananna Limistéir Áitiúil

Pleananna limistéir áitiúil.

18. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála tráth ar bith, agus d'aon limistéar áirithe laistigh dá limistéar feidhme, plean limistéir áitiúil a ullmhú i leith an limistéir sin.

(2)  Féadfaidh dhá údarás pleanála nó níos mó comhoibriú lena chéile chun plean limistéir áitiúil a ullmhú i leith aon limistéir a bheidh i gcomhlimistéar feidhme na n-údarás lena mbaineann.

(3)  (a)  Le linn iarratas ar chead faoi alt 34 a bhreithniú, beidh aird ag údarás pleanála, nó ag an mBord ar achomharc, ar fhorálacha aon phlean limistéir áitiúil a bheidh ullmhaithe don limistéar lena mbaineann an t-iarratas, agus féadfaidh an t-údarás nó an Bord aon dréachtphlean áitiúil iomchuí a bheidh ullmhaithe ach nach mbeidh déanta fós de réir alt 20 a bhreithniú.

(b)  Le linn iarratas ar chead a bhreithniú, beidh aird freisin ag údarás pleanála, nó ag an mBord ar achomharc, ar aon phlean limistéir comhtháite (de réir bhrí an Achta um Athnuachan Uirbeach, 1998) don limistéar lena mbaineann an t-iarratas.

(4)  (a)  Cuirfear in iúl i bplean limistéir áitiúil arna ullmhú faoin alt seo an tréimhse dá bhfanfaidh an plean i bhfeidhm.

(b)  Féadfaidh plean limistéir áitiúil fanacht i bhfeidhm de réir mhír (a) d'ainneoin athrú ar phlean forbartha nó d'ainneoin plean forbartha nua a dhéanamh, ar athrú nó plean é a dhéanann difear don limistéar lena mbaineann an plean limistéir áitiúil ach amháin, i gcás ina mbeidh aon fhoráil de phlean limistéir áitiúil ar neamhréir le forálacha an phlean forbartha mar a athraíodh é nó leis an bplean forbartha nua, go scoirfidh an fhoráil den phlean limistéir áitiúil d'éifeacht a bheith léi.

(5)  Féadfaidh údarás pleanála tráth ar bith plean limistéir áitiúil a leasú nó a chúlghairm.

(6)  Féadfaidh údarás pleanála socrú a dhéanamh le haon duine a bheidh cáilithe go cuí nó le haon ghrúpa pobail áitiúil chun plean limistéir áitiúil a ullmhú nó chun aon ghné den ullmhú sin a chur i gcrích.

Feidhm pleananna limistéir áitiúil agus an t-ábhar a bheidh iontu.

19. —(1)  (a)  Féadfar plean limistéir áitiúil a ullmhú maidir le haon limistéar, lena n-áirítear limistéar Gaeltachta, nó le bruachbhaile láithreach limistéir uirbigh, a mheasfaidh an t-údarás pleanála a bheith oiriúnach agus, go háirithe, do na limistéir sin a bhfuil athnuachan eacnamaíoch, fhisiceach nó shóisialach de dhíth orthu agus do limistéar is dócha a bheidh faoi réir forbartha mórscála laistigh de shaolré an phlean.

(b)  Déanfar plean limistéir áitiúil maidir le limistéar—

(i)  a ainmnítear mar bhaile sa daonáireamh is déanaí, seachas baile a ainmnítear mar bhruachbhaile nó mar mhaighean sa daonáireamh sin,

(ii)  a bhfuil daonra is mó ná 2,000 aige, agus

(iii)  atá suite laistigh de limistéar feidhme údaráis pleanála ar comhairle contae é.

(c)  Comhlíonfar alt 20(3)(a)

(i)  i gcás an chéad phlean limistéir áitiúil, tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis plean forbartha a dhéanamh faoin gCuid seo, agus

(ii)  d'ainneoin alt 18(5), gach 6 bliana ar a laghad tar éis an plean limistéir áitiúil roimhe sin a dhéanamh.

(2)  Beidh plean limistéir áitiúil ar comhréir le cuspóirí an phlean forbartha agus is é a bheidh ann ráiteas i scríbhinn agus plean nó pleananna lena léirítear na cuspóirí le cibé mionchruinneas a chinnfidh an t-údarás pleanála le haghaidh phleanáil chuí agus fhorbairt inchothaithe an limistéir lena mbaineann sé, lena n-áirítear mionsonraí maidir le saoráidí agus taitneamhachtaí pobail agus maidir le caighdeáin chun forbairtí agus déanmhais a dhearadh.

(3)  Féadfaidh an tAire a fhoráil i rialacháin go n-ullmhófar pleananna limistéir áitiúil i leith aicmí áirithe limistéar nó in imthosca áirithe agus comhlíonfaidh údarás pleanála aon rialacháin den sórt sin.

(4)  (a)  Beidh faisnéis i bplean limistéir áitiúil maidir leis na héifeachtaí suntasacha is dócha a bheadh ag an bplean, dá gcuirfí i ngníomh é, ar an gcomhshaol.

(b)  Féadfaidh an tAire, le rialacháin, forálacha breise a dhéanamh i ndáil leis an modh a bhféadfar mír (a) a chomhlíonadh

Comhchomhairliúchán agus glacadh le pleananna limistéir áitiúil.

20. —(1)  Glacfaidh údarás pleanála cibé bearta a mheasfaidh sé is gá chun dul i gcomhairle leis an bpobal sula ndéanfar plean limistéir áitiúil a ullmhú, a leasú nó a chúlghairm, lena n-áirítear comhchomhairliúcháin le haon chónaitheoirí áitiúla, gníomhaireachtaí earnála poiblí, gníomhaireachtaí neamhrialtasacha, grúpaí pobail áitiúla agus leasanna tráchtála agus gnó laistigh den limistéar.

(2)  Rachaidh údarás pleanála i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta sula ndéanfar plean limistéir áitiúil a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm faoi fho-alt (3) do limistéar a bhfuil limistéar Gaeltachta ar áireamh ann.

(3)  (a)  Déanfaidh an t-údarás pleanála, a luaithe is féidir tar éis aon nithe a éireoidh as comhchomhairliúcháin faoi fho-ailt (1)(2) a bhreithniú, ach roimh plean limistéir áitiúil a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm—

(i)  fógra i dtaobh an togra chun plean limistéir áitiúil a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm a chur chuig an mBord agus chuig na húdaráis fhorordaithe (agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sé cóip den phlean beartaithe nó den phlean arna leasú a chur faoi iamh),

(ii)  fógra maidir leis an togra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear ina limistéar.

(b)  Luafar i bhfógra faoi mhír (a)

(i)  go mbeartaíonn an t-údarás pleanála plean limistéir áitiúil a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm,

(ii)  go bhféadfar cóip den togra chun an plean limistéir áitiúil a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm, agus (i gcás inarb iomchuí) an plean limistéir áitiúil beartaithe nó an plean beartaithe arna leasú, a iniúchadh i cibé áit nó áiteanna a shonrófar san fhógra le linn cibé tréimhse a luafar amhlaidh (ar tréimhse í nach lú ná 6 sheachtain),

(iii)  go ndéanfar aighneachtaí nó tuairimí i leith an togra arna ndéanamh chuig an údarás pleanála nó arna dtabhairt dó laistigh den tréimhse sin a chur san áireamh le linn cinneadh a dhéanamh maidir leis an togra.

(c)    (i) Tráth nach déanaí ná 12 sheachtain tar éis fógra a thabhairt faoi mhír (b), ullmhóidh bainisteoir údaráis pleanála tuarascáil maidir le haon aighneachtaí nó tuairimí a bheidh faighte de bhun fógra faoin mír sin agus cuirfidh sé nó sí an tuarascáil faoi bhráid chomhaltaí an údaráis pleanála lena breithniú acu.

(ii)  I dtuarascáil faoi fhomhír (i)

(I)  liostófar na daoine a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí faoin alt seo,

(II)  tabharfar achoimre ar na saincheisteanna a bheidh dúisithe ag na daoine sna haighneachtaí nó sna tuairimí,

(III)  beidh tuairim an bhainisteora i ndáil leis na saincheisteanna a bheidh dúisithe, mar aon lena chuid moltaí nó a cuid moltaí i ndáil leis an bplean limistéir áitiúil beartaithe, leis an leasú ar phlean limistéir áitiúil nó le cúlghairm plean limistéir áitiúil, de réir mar a bheidh, agus aird a tabhairt ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir, ar oibleagáidí reachtúla aon údaráis áitiúil sa limistéar agus ar aon bheartais nó cuspóirí iomchuí, de thuras na huaire, de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire den Rialtas.

(d)    (i) Déanfaidh comhaltaí údaráis pleanála an togra chun plean limistéir áitiúil a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm agus tuarascáil an bhainisteora faoi mhír (c) a bhreithniú.

(ii)  Tar éis tuarascáil an bhainisteora a bhreithniú faoi fhomhír (i), measfar an plean limistéir áitiúil a bheith déanta, leasaithe nó cúlghairthe, mar is cuí, de réir mholtaí an bhainisteora mar a bheidh leagtha amach ina thuarascáil nó ina tuarascáil, 6 sheachtain tar éis an tuarascáil a chur ar fáil do chomhaltaí uile an údaráis, mura ndéanfaidh an t-údarás pleanála, le rún, an togra a athrú nó a mhodhnú ar shlí seachas mar a bheidh molta i dtuarascáil an bhainisteora nó, i gcás inar cuí, mura gcinnfidh an t-údarás gan an plean a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm, de réir mar a bheidh.

(4)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh nó treoirlínte a eisiúint i ndáil le hullmhú pleananna limistéir áitiúil.

(5)  Cuirfidh údarás pleanála cóip d'aon phlean limistéir áitiúil arna dhéanamh faoin gCaibidil seo chuig aon chomhlachtaí a ndeachthas i gcomhairle leo faoi fho-alt (1), (2)(3), chuig an mBord, agus, i gcás inar cuí, chuig aon chomhlacht forordaithe.

Caibidil III

Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha

Cumhacht chun treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh.

21. —(1)  Féadfaidh údarás réigiúnach, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis phleanála laistigh dá réigiún, nó déanfaidh sé, ar ordachán ón Aire, treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh.

(2)  Féadfar treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh do réigiún iomlán nó do chuid amháin nó níos mó de réigiún.

(3)  (a)  Féadfaidh an tAire a ordú d'údarás réigiúnach amháin nó níos mó treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh i leith chomhlimistéar na n-údarás réigiúnach lena mbaineann nó i leith aon chuid nó codanna ar leith den limistéar atá laistigh de limistéar na n-údarás réigiúnach sin.

(b)  I gcás ina mbeartaítear treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh, déanfaidh na húdaráis réigiúnacha lena mbaineann cibé socruithe is cuí leo chun na treoirlínte a ullmhú, lena n-áirítear feidhmeanna na Caibidle seo a chomhall mar chomhfheidhm de chuid na n-údarás lena mbaineann, agus forléireofar an Chaibidil seo dá réir sin.

(4)  D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, maidir leis na treoirlínte pleanála straitéisí do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a ullmhaíodh do Bhardas Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Chill Dara, Comhairle Contae na Mí, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Comhairle Contae Chill Mhantáin agus don Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, i gcomhar le hÚdarás Réigiúnach Bhaile Átha Cliath agus le hÚdarás Réigiúnach an Mheán-Oirthir agus a foilsíodh an 25 Márta, 1999, beidh éifeacht leo amhail is dá mba faoin gCuid seo a rinneadh iad.

(5)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh agus maidir le nithe gaolmhara.

Comhoibriú údarás pleanála le húdarás réigiúnach.

22. —(1)  I gcás ina mbeidh ar intinn ag údarás réigiúnach treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh de réir alt 24, nó treoirlínte láithreacha a athbhreithniú faoi alt 26, rachaidh sé i gcomhairle, a luaithe is féidir, leis na húdaráis phleanála go léir laistigh den réigiún (nó den chuid de, de réir mar a bheidh) d'fhonn na socruithe is gá a dhéanamh chun na treoirlínte a dhéanamh.

(2)  (a)  Cabhróidh agus comhoibreoidh údarás pleanála le húdarás réigiúnach le linn na socruithe a dhéanamh chun treoirlínte pleanála réigiúnacha a ullmhú agus le linn ullmhú na dtreoirlínte a chur i gcrích.

(b)  Áireofar ar an gcabhair a sholáthrófar faoi mhír (a) cúnamh airgeadais a sholáthar, seirbhísí foirne agus cóiríocht a sholáthar, i gcás inar gá sin, agus comhaontóidh na húdaráis réigiúnacha agus na húdaráis phleanála ar nithe den sórt sin bunaithe ar an gcion de dhaonra an limistéir dá n-ullmhófar na treoirlínte pleanála réigiúnacha a chónaíonn i limistéir feidhme na n-údarás pleanála lena mbaineann.

(c)  Cheal comhaontú faoi mhír (b), féadfaidh údarás réigiúnach a iarraidh ar na húdaráis phleanála iomchuí cabhair a sholáthar faoin alt seo, agus beidh an iarraidh bunaithe ar an gcion de dhaonra an limistéir dá n-ullmhófar na treoirlínte pleanála réigiúnacha a chónaíonn i limistéir feidhme na n-údarás pleanála lena mbaineann, agus ní dhiúltóidh údarás pleanála d'iarraidh réasúnach ar chabhair.

An t-ábhar a bheidh i dtreoirlínte pleanála réigiúnacha agus a gcuspóirí.

23. —(1) (a)  Is é an cuspóir a bheidh le treoirlínte pleanála réigiúnacha ná creatlach pleanála straitéisí fadtéarma a sholáthar d'fhorbairt an réigiúin dá n-ullmhófar na treoirlínte.

(b)  Déanfar breithniú sa chreatlach phleanála dá dtagraítear i mír (a) ar an bhforbairt a dhéanfar ar an réigiún dá n-ullmhófar na treoirlínte go ceann tréimhse nach lú ná 12 bhliain agus nach faide ná 20 bliain.

(2)  Díreofar sna treoirlínte, de réir phrionsabail na pleanála cuí agus na forbartha inchothaithe, ar na nithe seo a leanas, maidir le hiomlán an réigiúin lena mbaineann na treoirlínte—

(a)  treochtaí réamh-mheasta daonra agus straitéisí lonnaíochta agus tithíochta;

(b)  treochtaí eacnamaíocha agus fostaíochta;

(c)  suíomh forbartha tionscail agus tráchtála;

(d)  iompar, lena n-áirítear iompar poiblí;

(e)  soláthar uisce agus saoráidí dramhuisce;

(f)  diúscairt dramhaíola;

(g)  gréasáin fuinnimh agus chumarsáide;

(h)  saoráidí oideachais, cúraim sláinte, mionreaca agus saoráidí pobail eile a sholáthar;

(i)  an comhshaol agus a thaitneamhachtaí, lena n-áirítear an oidhreacht seandálaíochta, ailtireachta agus nádúrtha, a chaomhnú agus a chosaint;

(j)  cibé nithe eile a fhorordófar.

(3)  (a)  Beidh sna treoirlínte pleanála réigiúnacha faisnéis maidir leis na héifeachtaí suntasacha is dócha a bheadh ag na treoirlínte, dá gcuirfí i ngníomh iad, ar an gcomhshaol.

(b)  Féadfaidh an tAire, le rialachán, forálacha breise a dhéanamh i ndáil leis an modh ina bhféadfar mír (a) a chomhlíonadh.

(4)  (a)  Le linn treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh, tabharfaidh an t-údarás réigiúnach aird ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an réigiúin ar fad lena mbaineann na treoirlínte, ar oibleagáidí reachtúla aon údaráis áitiúil sa réigiún agus ar aon bheartais nó cuspóirí iomchuí, de thuras na huaire, de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire den Rialtas, lena n-áirítear aon phleananna, beartais nó straitéisí náisiúnta a shonróidh an tAire mar nithe is iomchuí maidir le cinneadh beartas pleanála straitéisí.

(b)  Le linn treoirlínte pleanála réigiúnacha a fhearfaidh ar an nGaeltacht a dhéanamh, beidh aird ag an údarás áitiúil ar an ngá atá ann oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint.

(5)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (2) agus (3), féadfaidh an tAire treoirlínte a eisiúint maidir leis an ábhar a bheidh i dtreoirlínte pleanála réigiúnacha agus beidh aird ag údaráis réigiúnacha ar na treoirlínte sin.

Comhchomhairliúchán maidir le treoirlínte pleanála réigiúnacha.

24. —(1)  A luaithe is féidir tar éis aon socruithe is gá faoi alt 21 a chomhaontú, tabharfaidh údarás réigiúnach fógra á rá go bhfuil ar intinn aige na treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh.

(2)  Tabharfar fógra faoi fho-alt (1) don Aire, don Bhord, do na húdaráis fhorordaithe agus d'aon choimisinéirí baile sa limistéar agus foilseofar é i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa réigiún dá n-ullmhófar na treoirlínte pleanála réigiúnacha agus—

(a)  luafar ann go bhfuil ar intinn ag an údarás réigiúnach treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh,

(b)  léireofar ann na nithe a bheidh le breithniú sna treoirlínte, ag féachaint d'alt 23,

(c)  léireofar ann go bhféadfar aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn chuig an údarás réigiúnach laistigh de thréimhse shonraithe (nach lú ná 8 seachtain) maidir leis na treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh.

(3)  Breithneoidh údarás réigiúnach aon aighneachtaí a gheofar faoi fho-alt (2) sula ndéanfaidh sé na dréacht-treoirlínte pleanála réigiúnacha a ullmhú.

(4)  Nuair a ullmhóidh údarás réigiúnach an dréacht de na treoirlínte pleanála réigiúnacha, déanfaidh sé, a luaithe is féidir—

(a)  fógra i dtaobh na ndréacht-treoirlínte agus cóipeanna díobh a sheoladh chuig an Aire, chuig an mBord, chuig na húdaráis fhorordaithe agus chuig aon choimisinéirí baile ina limistéar, agus

(b)  fógra i dtaobh ullmhú an dréachta a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear ina limistéar.

(5)  Luafar i bhfógra faoi fho-alt (4)

(a)  go bhféadfar cóip de na dréacht-treoirlínte a iniúchadh in áit nó in áiteanna a luafar agus ag tráthanna a luafar le linn tréimhse a luafar, is tréimhse nach lú ná 10 seachtain (agus coimeádfar an chóip ar fáil lena hiniúchadh dá réir sin), agus

(b)  go ndéanfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an dréacht, arna ndéanamh chuig an údarás réigiúnach nó arna dtabhairt dó laistigh den tréimhse a luafar, a chur san áireamh sula nglacfar na treoirlínte.

(6)  Tar éis aighneachtaí nó tuairimí faoi fho-alt (5) a bhreithniú, agus faoi réir alt 25, déanfaidh an t-údarás réigiúnach na treoirlínte pleanála réigiúnacha faoi réir aon mhodhnaithe a mheasfar a bheith riachtanach.

(7)  (a)  I gcás ina ndéanfaidh údarás réigiúnach treoirlínte pleanála réigiúnacha, foilseoidh sé fógra i dtaobh na treoirlínte a dhéanamh i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear i limistéar feidhme gach údaráis pleanála sa réigiún dá n-ullmhófar na treoirlínte.

(b)  Luafar i bhfógra faoin bhfo-alt seo go mbeidh cóip de na treoirlínte ar fáil lena hiniúchadh in áit nó in áiteanna a luafar (agus coimeádfar an chóip ar fáil lena hiniúchadh dá réir sin).

Nós imeachta chun treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh.

25. —(1)  Mar chuid den chomhchomhairle idir údarás réigiúnach agus na húdaráis phleanála iomchuí faoi alt 22, comhaontóidh na húdaráis lena mbaineann ar nós imeachta chun na treoirlínte pleanála réigiúnacha a ullmhú agus a dhéanamh faoi alt 24.

(2)  Áireofar ar na nithe a bheidh le breithniú faoi fho-alt (1) coistí a bhunú chun ullmhú na dtreoirlínte a mhaoirsiú agus a bhreithniú.

(3)  Comhaontóidh na húdaráis lena mbaineann ar chomhaltas na gcoistí faoi fho-alt (2) agus comhaontóidh siad freisin ar rólanna na gcoistí sin i dtaca leis na dréacht-treoirlínte a ullmhú, le haighneachtaí nó tuairimí a bhreithniú faoi alt 24, agus le tuarascálacha maidir leis na treoirlínte a tharraingt suas.

(4)  Is faoi chomhaltaí an údaráis réigiúnaigh lena mbaineann a bheidh sé treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh faoi alt 24(6), tar éis aon tuarascáil nó tuarascálacha ó na coistí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a bhreithniú.

(5)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, nó treoirlínte a eisiúint, maidir leis na nósanna imeachta a bheidh le glacadh faoin alt seo, lena n-áirítear líon, feidhmeanna agus comhaltas aon choistí a bhunófar de réir fho-alt (2).

Athbhreithniú ar threoirlínte pleanála réigiúnacha.

26. —(1)  I gcás ina mbeidh treoirlínte pleanála réigiúnacha déanta ag údarás réigiúnach, athbhreithneoidh sé na treoirlínte sin tráth nach déanaí ná 6 bliana tar éis na treoirlínte sin a dhéanamh agus uair amháin ar a laghad le linn gach tréimhse 6 bliana dá éis sin agus, le linn dó athbhreithniú a dhéanamh amhlaidh, féadfaidh sé na treoirlínte a chúlghairm nó treoirlínte pleanála réigiúnacha nua a dhéanamh.

(2)  Sula gcúlghairfidh údarás réigiúnach treoirlínte dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (seachas chun treoirlínte pleanála réigiúnacha nua a dhéanamh), rachaidh sé i gcomhairle leis na húdaráis phleanála laistigh dá réigiún.

(3)  I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás réigiúnach treoirlínte nua, leanfaidh sé na nósanna imeachta a leagtar síos in ailt 22, 24 agus 25.

(4)  I gcás ina ndéanfar treoirlínte nua faoi fho-alt (1), glacfaidh siad ionad aon treoirlínte pleanála réigiúnacha roimhe sin don limistéar iomchuí.

Treoirlínte pleanála réigiúnacha agus pleananna forbartha.

27. —(1)  Beidh aird ag údarás pleanála ar aon treoirlínte pleanála réigiúnacha a bheidh i bhfeidhm maidir lena limistéar le linn dó plean forbartha a dhéanamh agus a ghlacadh.

(2)  Féadfaidh an tAire, le hordú, a chinneadh go gcomhlíonfaidh údaráis phleanála aon treoirlínte pleanála réigiúnacha a bheidh i bhfeidhm maidir lena limistéar, nó le haon chuid de, le linn dó plean forbartha a ullmhú agus a dhéanamh, nó féadfaidh sé nó sí a cheangal, de réir alt 31, go gcomhlíonfaidh plean forbartha láithreach aon treoirlínte pleanála réigiúnacha a bheidh i bhfeidhm maidir leis an limistéar.

(3)  Féadfaidh ordú faoi fho-alt (2) baint a bheith aige le treoirlínte pleanála réigiúnacha i gcoitinne, nó le treoirlínte sonraithe amháin nó níos mó, nó féadfaidh sé baint a bheith aige le heilimintí sonracha de na treoirlínte sin.

(4)  Tar éis treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh dá limistéar, athbhreithneoidh údaráis phleanála an plean forbartha láithreach agus déanfaidh siad breithniú i dtaobh an gá aon athrú a dhéanamh ar an bplean forbartha chun cuspóirí na dtreoirlínte pleanála réigiúnacha a bhaint amach.

(5)  Chun críocha an ailt seo, féadfaidh údarás pleanála aird a bheith aige, ach ní bheidh oibleagáid air aird a bheith aige, ar aon treoirlínte pleanála réigiúnacha tar éis 6 bliana ón tráth a rinneadh na treoirlínte sin.

Caibidil IV

Treoirlínte agus Treoracha

Treoirlínte ón Aire.

28. —(1)  Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, treoirlínte a eisiúint chuig údaráis phleanála maidir le haon cheann dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo agus beidh aird ag údaráis phleanála ar na treoirlínte sin i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna.

(2)  Más infheidhme, beidh aird ag an mBord ar aon treoirlínte a eiseofar chuig údaráis phleanála faoi fho-alt (1) i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(3)  Aon treoirlínte pleanála a bheidh déanta ag an Aire agus aon treoracha ginearálta beartais a bheidh eisithe faoi alt 7 d'Acht 1982 roimh thosach feidhme na Coda seo agus a bheidh i bhfeidhm fós díreach roimh an tosach feidhme sin, measfar gur treoirlínte faoin alt seo iad.

(4)  Féadfaidh an tAire treoirlínte a eiseofar faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(5)  Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar cóip d'aon treoirlínte a eiseofar faoin alt seo agus d'aon leasú nó cúlghairm ar na treoirlínte sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(6)  Cuirfidh údarás pleanála aon treoirlínte a eiseofar chuige faoin alt seo ar fáil lena n-iniúchadh ag daoine den phobal.

(7)  Foilseoidh an tAire, nó cuirfidh an tAire faoi deara go bhfoilseofar, i cibé modh is cuí leis nó léi, treoirlínte a eiseofar faoin alt seo.

Treoracha beartais ón Aire.

29. —(1)  Féadfaidh an tAire, ó am go ham, treoracha beartais a eisiúint chuig údaráis phleanála maidir le haon cheann dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo agus comhlíonfaidh údaráis phleanála aon treoracha den sórt sin i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna.

(2)  Más infheidhme, comhlíonfaidh an Bord freisin aon treoracha beartais a eiseofar chuig údaráis phleanála faoi fho-alt (1) i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(3)  Féadfaidh an tAire treoir beartais a eiseofar faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(4)  I gcás ina mbeartaíonn an tAire treoir beartais a eisiúint, a leasú nó a chúlghairm faoin alt seo, déanfar dréacht den treoir, den leasú nó den chúlghairm a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais, agus ní dhéanfar an treoir beartais, a eisiúint, a leasú nó a chúlghairm, de réir mar a bheidh, go dtí go mbeidh rún ag ceadú an treoir beartais a eisiúint, a leasú nó a chúlghairm rite ag gach Teach.

(5)  Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar cóip d'aon treoir beartais a eiseofar faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(6)  Cuirfidh údarás pleanála aon treoir beartais a eiseofar chuige faoin alt seo ar fáil lena hiniúchadh ag daoine den phobal.

(7)  Foilseoidh an tAire, nó cuirfidh an tAire faoi deara go bhfoilseofar, i cibé modh is cuí leis nó léi, treoracha beartais a eiseofar faoin alt seo.

Teorannú ar chumhacht an Aire.

30. —D'ainneoin alt 2829, ní dhéanfaidh an tAire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le haon chás ar leith lena bhfuil nó lena mbeidh údarás pleanála nó an Bord bainteach.

Ordacháin ón Aire maidir le pleananna forbartha.

31. —(1)  Más rud é go measfaidh an tAire nach ndéantar, i gcás aon dréachtphlean forbartha, straitéis fhoriomlán a leagan amach maidir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe limistéir údaráis pleanála, nó nach gcomhlíonann sé an tAcht seo ar shlí shuntasach eile, féadfaidh an tAire, ar chúiseanna a shonrófar, a ordú don údarás cibé bearta sonraithe a cheanglóidh sé nó sí a ghlacadh chun a chinntiú go mbeidh an plean forbartha, nuair a dhéanfar é, de réir an Achta seo agus, d'ainneoin cheanglais Chaibidil I, comhlíonfaidh an t-údarás aon ordachán den sórt sin.

(2)  Más rud é go measfaidh an tAire nach ndéantar, i gcás aon phlean forbartha, straitéis fhoriomlán a leagan amach maidir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe limistéar an údaráis, nó nach gcomhlíonann sé an tAcht seo ar shlí shuntasach eile, féadfaidh an tAire, ar chúiseanna a shonrófar, a ordú don údarás cibé bearta sonraithe a cheanglóidh sé nó sí a ghlacadh chun an plean forbartha a athbhreithniú nó a athrú chun a chinntiú go gcomhlíonfar an tAcht seo, agus comhlíonfaidh an t-údarás aon ordachán den sórt sin.

(3)  I gcás ina n-ordóidh an tAire d'údarás pleanála bearta sonraithe a ghlacadh faoi fho-alt (2), féadfaidh sé nó sí aon cheann de na forálacha sin de Chaibidil I a shonrú mar fhorálacha a mbeidh feidhm acu maidir leis na bearta sonraithe sin agus tabharfar neamhaird ar aon fhorálacha eile den Chaibidil sin.

(4)  Le linn dóibh aon chumhacht a thugtar dóibh leis an Acht seo a fheidhmiú, ní dhéanfaidh bainisteoir ná comhaltaí tofa aon údaráis pleanála an chumhacht a fheidhmiú ar shlí a bheidh contrártha d'aon ordachán a thabharfaidh an tAire faoi fho-alt (1)(2).

(5)  Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar cóip d'aon ordachán a eiseofar faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(6)  Cuirfidh údarás pleanála aon ordachán a eiseofar chuige faoin alt seo ar fáil lena iniúchadh ag daoine den phobal.

CUID III

Forbairt a Rialú

Oibleagáid ghinearálta cead a fháil.

32. —(1)  Faoi réir fhorálacha eile an Achta seo, beidh gá le cead faoin gCuid seo—

(a)  i leith haon fhorbartha talún, nach forbairt dhíolmhaithe, agus

(b)  i gcás forbartha atá neamhúdaraithe, chun an fhorbairt neamhúdaraithe sin a choinneáil.

(2)  Ní dhéanfaidh aon duine aon fhorbairt a mbeidh gá le cead ina leith faoi fho-alt (1), ach amháin faoi réim agus de réir ceada arna dheonú faoin gCuid seo.

Rialacháin maidir le hiarratais ar chead.

33. —(1)  Déanfaidh an tAire, le rialacháin, foráil maidir le cibé nithe ó thaobh nós imeachta agus riaracháin de a fheicfear don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach i leith iarratas ar chead chun talamh a fhorbairt.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh—

(a)  á cheangal faisnéis a chur isteach i leith iarratas ar chead chun talamh a fhorbairt;

(b)  á cheangal ar aon iarratasóirí aon fhógraí sonraithe a fhoilsiú maidir lena n-iarratais;

(c)  á chumasú do dhaoine aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt ar an táille fhorordaithe a íoc agus laistigh de thréimhse fhorordaithe;

(d)  á cheangal ar údaráis phleanála admháil i scríbhinn a thabhairt ar aighneachtaí nó tuairimí a gheofar;

(e)  á cheangal ar aon iarratasóirí aon fhaisnéis shonraithe maidir lena n-iarratais a thabhairt d'aon daoine sonraithe;

(f)  á cheangal ar údaráis phleanála—

(i)  (I)  cibé forbairt bheartaithe nó aicmí forbartha beartaithe a fhorordófar a chur in iúl d'údaráis fhorordaithe, nó

(II)  dul i gcomhairle leo maidir leis an gcéanna,

agus

(ii)  cibé doiciméid, sonraí, pleananna nó faisnéis eile maidir leis an gcéanna a fhorordófar a thabhairt dóibh;

(g)  á cheangal ar aon iarratasóirí aon fhaisnéis bhreise a chur isteach maidir lena n-iarratais (lena n-áirítear aon fhaisnéis maidir le haon eastát nó leas i dtalamh nó ceart thar thalamh) nó faisnéis a chur isteach maidir le haon éifeacht ar an gcomhshaol a d'fhéadfadh a bheith ag an bhforbairt;

(h)  á chumasú d'údaráis phleanála a iarraidh ar iarratasóir pleananna athbhreithnithe nó líníochtaí eile lena ndéantar modhnú, nó sonraí eile lena ndéantar socrú chun modhnú a dhéanamh, ar an bhforbairt lena mbaineann an t-iarratas a chur faoin mbráid agus, i gcás ina gcuirfear na pleananna, na líníochtaí nó na sonraí faoi bhráid údaráis pleanála mar fhreagra ar iarraidh den sórt sin, á chumasú don údarás, le linn dó an t-iarratas a chinneadh, cead a dheonú le haghaidh na forbartha iomchuí arna modhnú le gach ceann nó le haon cheann de na pleananna, de na líníochtaí nó de na sonraí sin;

(i)  á cheangal aon fhianaise a thabhairt ar aird chun aon sonraí faisnéise a bheidh tugtha ag aon iarratasóirí a fhíorú;

(j)  á cheangal ar údaráis phleanála aon fhaisnéis shonraithe maidir le hiarratais agus leis an modh inar déileáladh leo a thabhairt don Aire agus d'aon daoine sonraithe eile;

(k)  á cheangal ar údaráis phleanála a gcinntí maidir le hiarratais ar chead a fhoilsiú nó fógra a thabhairt ina dtaobh, lena n-áirítear fógra a thabhairt ina dtaobh do chomhlachtaí forordaithe agus do dhaoine a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí maidir leis na hiarratais sin;

(l)  á cheangal ar iarratasóir faisnéis shonraithe a chur faoi bhráid an údaráis pleanála maidir le forbairt, nó le haon aicme forbartha, arna déanamh ag duine lena mbaineann alt 35(7) de bhun ceada a deonaíodh don iarratasóir nó d'aon duine eile faoin gCuid seo nó faoi Chuid IV d'Acht 1963.

(3)  (a)  Féadfar le rialacháin faoin alt seo, d'fhonn a áirithiú go mbainfear amach cuspóir a áirítear i bplean forbartha de bhun alt 10(2) (m), a cheangal ar aon iarratasóir ar chead cibé faisnéis a shonróidh an t-údarás pleanála maidir le forbairt (lena n-áirítear forbairt d'aicme ar leith) a bheidh beartaithe ag an iarratasóir a dhéanamh i limistéar Gaeltachta a sholáthar dó.

(b)  Féadfaidh ceanglas, a bhfuil feidhm ag mír (a) maidir leis, baint a bheith aige le forbairt is d'aicme ar leith.

(c)  Sula ndéanfaidh an tAire rialacháin ina mbeidh ceanglas a bhfuil feidhm ag mír (a) maidir leis, rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

(4)  Féadfar le rialacháin faoin alt seo forálacha breise nó forálacha ar leithligh a dhéanamh maidir le hiarratais ar chead sracléaráide de réir bhrí alt 36.

Cead forbartha.

34. —(1)  Más rud é—

(a)  go ndéanfar iarratas chuig údarás pleanála, de réir rialachán ceada, ar chead chun talamh a fhorbairt, agus

(b)  go gcomhlíonfar ceanglais uile na rialachán,

féadfaidh an t-údarás a chinneadh an cead a dheonú faoi réir coinníollacha nó gan choinníollacha, nó an cead a dhiúltú.

(2)  (a)  Le linn dó a chinneadh a dhéanamh i ndáil le hiarratas faoin alt seo, ní dhéanfaidh an t-údarás pleanála breithniú ach ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir, agus aird á tabhairt—

(i)  ar fhorálacha an phlean forbartha,

(ii)  ar fhorálacha aon ordaithe um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar,

(iii)  ar aon láithreán Eorpach nó limistéar eile a bheidh forordaithe chun críocha alt 10(2)(c),

(iv)  más iomchuí, ar bheartas an Rialtais, an Aire nó aon Aire eile den Rialtas,

(v)  ar na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (4), agus

(vi)  ar aon fhoráil nó ceanglas iomchuí eile den Acht seo, agus ar aon rialacháin arna ndéanamh faoi.

(b)  Le linn dó a chinneadh a bhreithniú de réir mhír (a), rachaidh údarás pleanála i gcomhairle le haon údarás pleanála eile i gcás ina measfaidh sé go bhféadfadh éifeacht shuntasach a bheith ag cinneadh ar leith dá chuid ar limistéar an údaráis sin, agus beidh aird ag an údarás ar thuairimí an údaráis eile sin agus, gan dochar don mhéid sin roimhe seo, beidh aird aige ar an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag cinneadh ar leith dá chuid ar aon limistéar lasmuigh dá limistéar (lena n-áirítear limistéir lasmuigh den Stát).

(c)  Faoi réir alt 98 (arna leasú le halt 256 den Acht seo) den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992, agus alt 54 (arna leasú le halt 257 den Acht seo) den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996, i gcás ina mbaineann iarratas faoin alt seo le forbairt arb éard í gníomhaíocht, nó ar chun críocha gníomhaíochta í, a bhfuil gá le ceadúnas um rialú comhtháite ar thruailliú nó le ceadúnas dramhaíola ina leith, cuirfidh údarás pleanála san áireamh gur feidhm de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil é rialú a dhéanamh ar astaíochtaí a éireoidh as an ngníomhaíocht.

(3)  Le linn dó iarratas ar chead faoin alt seo a bhreithniú, beidh aird ag údarás pleanála—

(a)  i dteannta an iarratais féin, ar aon fhaisnéis a bhaineann leis an iarratas arna tabhairt ag an iarratasóir dó de réir na rialachán ceada,

(b)  ar aon aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an bhforbairt bheartaithe a bheidh déanta chuige nó tugtha dó, de réir na rialachán ceada, ag daoine nó comhlachtaí seachas an t-iarratasóir.

(4)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh gach coinníoll nó aon choinníoll acu seo a leanas a bheith ar áireamh sna coinníollacha faoin bhfo-alt sin—

(a)  coinníollacha chun rialáil a dhéanamh ar fhorbairt nó úsáid aon talún atá tadhlach leis an talamh atá le forbairt, atá ag teagmháil leis, nó atá in aice leis, agus atá faoi rialú an iarratasóra, a mhéid a fheicfear don údarás pleanála gur fóirsteanach sin chun críocha na forbartha a údaraítear leis an gcead, nó i dtaca leis an bhforbairt sin;

(b)  coinníollacha chun a cheangal go ndéanfar oibreacha (lena n-áirítear saoráidí a chur ar fáil) is dóigh leis an údarás pleanála is gá chun críocha na forbartha a údaraítear leis an gcead;

(c)  coinníollacha chun a cheangal go nglacfar bearta le go laghdófaí nó go gcoiscfí—

(i)  astaíocht aon torainn nó tonnchreatha ó aon déanmhas nó láithreán a bheidh ar áireamh san fhorbairt a údaraítear leis an gcead, is astaíocht a d'fhéadfadh cúis réasúnach bearráin a thabhairt do dhaoine in aon áitreabh i gcomharsanacht na forbartha nó do dhaoine a bheidh, go dleathach, ag úsáid aon áit phoiblí sa chomharsanacht sin, nó

(ii)  intíocht aon torainn nó tonnchreatha a d'fhéadfadh cúis réasúnach bearráin a thabhairt d'aon duine a bheidh, go dleathach, ag áitiú aon déanmhais nó láithreáin den sórt sin;

(d)  coinníollacha chun a cheangal go gcuirfear spásanna oscailte ar fáil;

(e)  coinníollacha chun a cheangal go ndéanfar crainn, toir nó plandaí eile a phlandú, a chothabháil agus a athsholáthar, nó go ndéanfaí déanmhais nó talamh eile a thírdhreachú;

(f)  coinníollacha chun a cheangal go gcríochnófar go sásúil laistigh de thréimhse shonraithe, nach lú ná 2 bhliain ón tráth a thosófar aon oibreacha, an fhorbairt bheartaithe (lena n-áirítear aon bhóithre, spásanna oscailte, carrchlóis, séaraigh, príomhphíopaí uisce nó draenacha nó saoráidí poiblí eile), i gcás ina mbeidh foirgniú 2 theach nó níos mó i gceist san fhorbairt;

(g)  coinníollacha chun a cheangal go dtabharfar urrús leordhóthanacha go gcríochnófar go sásúil an fhorbairt bheartaithe;

(h)  coinníollacha chun an t-ord ina ndéanfar agus an t-uainiú ar dá réir a dhéanfar agus an tráth a ndéanfar oibreacha a chinneadh;

(i)  coinníollacha chun an fhorbairt bheartaithe a chothabháil nó a bhainistiú (lena n-áirítear cuideachta a bhunú nó duine nó comhlacht daoine a cheapadh chun an chothabháil nó an bainistiú sin a dhéanamh);

(j)  coinníollacha chun bóithre, spásanna oscailte, carrchlóis, séaraigh, príomhphíopaí uisce nó draenacha agus saoráidí poiblí eile a chothabháil, go dtí go nglacfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann faoina chúram iad, nó, i gcás ina mbeidh comhaontú ann leis an údarás áitiúil maidir leis an gcothabháil sin, coinníollacha le haghaidh cothabhála de réir an chomhaontaithe;

(k)  coinníollacha chun a cheangal go soláthrófar cibé saoráidí chun ábhair inathchúrsála a bhailiú nó a stóráil chun críocha na forbartha beartaithe;

(l)  coinníollacha chun a cheangal go ndéanfar dramhaíl foirgníochta agus scartála a aisghabháil nó a dhiúscairt ar cibé modh agus a mhéid a shonróidh an t-údarás pleanála;

(m)  coinníollacha chun a cheangal go soláthrófar bóithre, lena n-áirítear bearta maolaithe tráchta, spásanna oscailte, carrchlóis, séaraigh, príomhphíopaí uisce nó draenacha, saoráidí chun ábhair inathchúrsála a bhailiú nó a stóráil agus saoráidí poiblí eile, de bhreis ar riachtanais láithreacha na forbartha beartaithe, faoi réir an t-údarás áitiúil d'íoc as costas na n-oibreacha breise agus iad dá nglacadh faoina chúram, nó do dhéanamh comhaontú thairis sin leis an iarratasóir maidir leis na saoráidí poiblí sin a sholáthar;

(n)  coinníollacha chun a cheangal go ndíchuirfear aon déanmhais a údaraítear leis an gcead, nó go scoirfear den talamh a úsáid ar aon slí a údaraítear amhlaidh, ag deireadh tréimhse sonraithe, agus go ndéanfar aon oibreacha is gá chun talamh a athbhunú ag deireadh na tréimhse sin;

(o)  coinníollacha i ndáil le hainmniú agus uimhriú cuí na forbartha beartaithe agus i ndáil le comharthaíocht chuí a sholáthar don fhorbairt bheartaithe;

(p)  coinníollacha chun a cheangal go ndéanfar na nithe seo a leanas, in aon chás ina ndéanfadh an fhorbairt a údaraítear leis an gcead aon déanmhas cosanta nó aon eilimint de dhéanmhas cosanta a chuireann leis an spéisiúlacht ar leith atá ann ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, a dhíchur nó a athrú—

(i)  an déanmhas sin nó an eilimint sin a shlánchoimeád le taifead scríofa agus le hamharcthaifead (arb éard iad líníochtaí tomhaiste ailtireachta nó grianghraif dhaite agus/nó áiseanna closamhairc de réir mar a mheastar a bheith cuí) sula dtarlóidh an fhorbairt a údaraítear leis an gcead, agus

(ii)  más cuí, aon eilimint a tarrtháil ó thaobh ailtireachta de nó aon eilimint a athbhunú ar mhodh a shonróidh an t-údarás;

(q)  coinníollacha chun na huaireanta agus na laethanta a bhféadfaidh áitreabh gnó oibriú lena linn a rialáil.

(5)  Féadfar a fhoráil leis na coinníollacha faoi fho-alt (1) gur féidir poncanna sonraí a bhaineann le deonú ceada a chomhaontú idir an t-údarás pleanála agus an duine dá ndeonaítear an cead agus, cheal comhaontú, go mbeidh an ní le tarchur chuig an mBord le breith a thabhairt air.

(6)  (a)  I gcás ina ndéanfadh an fhorbairt lena mbaineann sárú ábhartha ar an bplean forbartha, féadfaidh údarás pleanála, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, a chinneadh cead a dheonú faoin alt seo, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas sula ndéanfar an cinneadh, eadhon—

(i)  déanfar fógra san fhoirm fhorordaithe, á rá go bhfuil ar intinn ag an údarás pleanála a bhreithniú an ndéanfaidh siad cinneadh an cead a dheonú, a fhoilsiú i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a scaiptear ina limistéar agus luafar go sonrach san fhógra cén cuspóir den phlean forbartha a ndéanfaí sárú ábhartha air tríd an gcead sin a dheonú,

(ii)  tabharfar cóipeanna den fhógra don iarratasóir agus d'aon duine a rinne aighneacht nó a thug tuairim i scríbhinn i ndáil leis an bhforbairt lena mbaineann an t-iarratas,

(iii)  breithneoidh an t-údarás pleanála go cuí aon aighneacht nó tuairim a bhaineann le cinneadh a dhéanamh cead a dheonú agus a gheobhaidh an t-údarás pleanála tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis an fógra a fhoilsiú den chéad uair, agus

(iv)  rithfidh an t-údarás rún á cheangal go ndéanfar cinneadh cead a dheonú.

(b)  Beidh sé riachtanach, chun rún dá dtagraítear i mír (a) a rith, nach lú líon na gcomhaltaí den údarás pleanála a vótálfaidh i bhfabhar an rúin ná trí cheathrú de líon iomlán na gcomhaltaí den údarás pleanála, nó, i gcás nach slánuimhir an uimhir a gheofar amhlaidh, is leor an chéad slánuimhir eile faoi bhun na huimhreach a gheofar amhlaidh, agus is ceanglas i dteannta, agus ní ceanglas in ionad, aon cheanglais eile a mbeidh feidhm aige i ndáil le rún den sórt sin ceanglas na míre seo.

(c)  Más rud é—

(i)  go dtabharfar fógra de bhun alt 4 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955, á rá go bhfuil ar intinn rún a mholadh a cheanglódh, dá rithfí é, ar an mbainisteoir a chinneadh cead a dheonú faoin alt seo, agus

(ii)  gurb é tuairim an bhainisteora, maidir leis an bhforbairt lena mbaineann, go ndéanfadh sí sárú ábhartha ar an bplean forbartha,

déanfaidh sé nó sí, le hordú, laistigh de sheachtain ón tráth a gheobhaidh sé nó sí an fógra, dearbhú ina luafar a thuairim nó a tuairim (agus tabharfaidh sé nó sí cóip de do gach duine de shínitheoirí an fhógra) agus, air sin, beidh feidhm ag forálacha fhomhíreanna (i), (ii) agus (iii) de mhír (a) agus beidh éifeacht leo agus oibreoidh siad le nach mbeidh éifeacht feasta leis an bhfógra.

(d)  Má dhéantar rún dá dtagraítear i bhfomhír (iv) de mhír (a) a rith go cuí, cinnfidh an bainisteoir an cead iomchuí a dheonú.

(7)  D'ainneoin alt 4 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955—

(a)  maidir leis an bhfógra a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt sin, beidh sé sínithe, i gcás rúin faoin alt sin a bhaineann le cinneadh ó údarás pleanála faoin alt seo nó alt 42

(i)  más rud é go mbeidh an talamh lena mbaineann suite in aon toghlimistéar áitiúil amháin, ag trí cheathrú ar a laghad de líon iomlán na gcomhaltaí a bheidh arna dtoghadh chuig an údarás don limistéar sin, nó, i gcás nach slánuimhir an uimhir a gheofar amhlaidh, is leor an chéad slánuimhir eile faoi bhun na huimhreach a gheofar amhlaidh, agus

(ii)  más rud é go mbeidh an talamh lena mbaineann suite i níos mó ná aon toghlimistéar áitiúil amháin, ag trí cheathrú ar a laghad, maidir le gach limistéar den sórt sin, de líon iomlán na gcomhaltaí den údarás a bheidh arna dtoghadh don limistéar sin, nó, i gcás nach slánuimhir an uimhir a gheofar amhlaidh, is leor an chéad slánuimhir eile faoi bhun na huimhreach a gheofar amhlaidh,

agus

(b)  beidh sé riachtanach, chun rún a bhaineann le cinneadh dá dtagraítear i mír (a) a rith faoin alt sin, nach lú líon na gcomhaltaí a vótálfaidh i bhfabhar an rúin ná trí cheathrú de líon iomlán na gcomhaltaí den údarás, nó, i gcás nach slánuimhir an uimhir a gheofar amhlaidh, is leor an chéad slánuimhir eile faoi bhun na huimhreach a gheofar amhlaidh.

(8)  (a)  Faoi réir mhíreanna (b), (c), (d) agus (e), más rud é—

(i)  go ndéanfar iarratas ar chead faoin alt seo chuig údarás pleanála de réir na rialachán ceada, agus

(ii)  go gcomhlíonfar aon cheanglais de chuid na rialachán sin a bhaineann leis an iarratas,

déanfaidh údarás pleanála a chinneadh ar an iarratas laistigh den tréimhse 8 seachtain dar tosach an dáta a gheobhaidh an t-údarás pleanála an t-iarratas.

(b)  I gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála, laistigh de 8 seachtain tar éis iarratas pleanála a fháil, fógra a sheirbheáil de réir na rialachán ceada á cheangal ar an iarratasóir faisnéis bhreise a thabhairt don údarás nó fianaise a thabhairt ar aird i leith an iarratais, déanfaidh an t-údarás a chinneadh ar an iarratas laistigh de 4 sheachtain ón tráth a gcomhlíonfar an fógra, ar choinníoll nach lú ná 8 seachtain an tréimhse iomlán.

(c)  Más rud é, i gcás iarratais a mbeidh ráiteas tionchair timpeallachta ag gabháil leis, go seirbheálfaidh údarás pleanála fógra dá dtagraítear i mír (b), déanfaidh an t-údarás a chinneadh laistigh de 8 seachtain ón tráth a gcomhlíonfar an fógra.

(d)  I gcás ina bhfoilseofar fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (6) i ndáil leis an iarratas, déanfaidh an t-údarás a chinneadh laistigh den tréimhse 8 seachtain dar tosach an lá a fhoilseofar an fógra den chéad uair.

(e)  Más rud é, i gcás iarratais ar chead forbartha—

(i)  ar forbairt í is dócha a mhéadódh priacal mórthionóisce, nó

(ii)  ar forbairt í de chineál is dócha, dá dtarlódh mórthionóisc, agus ag féachaint do na himthosca go léir, a bheadh ina cúis le móriarmhairtí a bheith ann,

go rachaidh údarás pleanála i gcomhairle, de réir na rialachán ceada, le húdarás forordaithe chun comhairle theicniúil a fháil maidir leis an bpriacal sin nó leis na hiarmhairtí sin, déanfaidh an t-údarás cinneadh i ndáil leis an iarratas laistigh de 4 sheachtain dar tosach an lá a gheofar an chomhairle theicniúil.

(f)  I gcás ina mainneoidh údarás pleanála cinneadh a dhéanamh laistigh den tréimhse a shonraítear i mír (a), (b), (c), (d)(e), measfar cinneadh ag an údarás pleanála an cead a dheonú a bheith tugtha an lá deireanach den tréimhse sin.

(9)  Más rud é go ndéanfaidh an t-iarratasóir ar chead faoin alt seo, laistigh den tréimhse 8 seachtain dar tosach an lá a gheobhaidh an t-údarás pleanála an t-iarratas, a thoiliú nó a toiliú a thabhairt i scríbhinn don údarás pleanála leis an tréimhse chun cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (8) a fhadú, déanfar an tréimhse chun an cinneadh a dhéanamh a fhadú ar feadh na tréimhse a dtoileoidh an t-iarratasóir léi.

(10)  (a)  Luafar i gcinneadh arna thabhairt faoin alt seo nó faoi alt 37 agus san fhógra i dtaobh an chinnidh, na príomhchúiseanna agus na príomhchúinsí ar a bhfuil an cinneadh bunaithe, agus, i gcás ina bhforchuirfear coinníollacha i ndáil le deonú aon cheada, luafar sa chinneadh na príomhchúiseanna a bhaineann le haon choinníollacha den sórt sin a fhorchur, ar choinníoll, i gcás inar coinníoll a thuairiscítear i bhfo-alt (4) aon choinníoll a fhorchuirfear, gur leor mar chomhlíonadh ar cheanglais an fho-ailt seo tagairt don mhír d'fho-alt (4) ina dtuairiscítear an coinníoll.

(b)  I gcás ina mbeidh cinneadh ag údarás pleanála faoin alt seo nó cinneadh ag an mBord faoi alt 37 cead a dheonú nó a dhiúltú éagsúil, i ndáil le cead a dheonú nó a dhiúltú, leis an moladh—

(i)  sna tuarascálacha ar iarratas pleanála chuig an mbainisteoir (nó chuig cibé duine eile a mbeidh an chumhacht chun an cinneadh a dhéanamh tarmligthe dó nó di) i gcás údaráis pleanála, nó

(ii)  i dtuarascáil ó dhuine a bheidh sannta chun tuarascáil a thabhairt maidir le hachomharc thar ceann an Bhoird,

cuirfidh ráiteas faoi mhír (a) in iúl na príomhchúiseanna nach bhfuiltear ag glacadh leis an moladh sa tuarascáil nó sna tuarascálacha cead a dheonú nó a dhiúltú.

(11)  (a)  Más rud é go gcinnfidh an t-údarás pleanála faoin alt seo cead a dheonú—

(i)  i gcás nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an chinnidh, déanfaidh sé an deonú a luaithe is féidir tar éis dheireadh na tréimhse chun achomharc a dhéanamh,

(ii)  i gcás ina ndéanfar achomharc nó achomhairc i gcoinne an chinnidh, ní dhéanfaidh sé an deonú mura rud é, maidir leis an achomharc, nó, de réir mar is cuí, maidir le gach ceann de na hachomhairc—

(I)  go dtarraingeofar siar é, nó

(II)  go ndéanfaidh an Bord é a dhíbhe de bhun alt 113138, nó

(III)  go dtabharfaidh an Bord ordachán i ndáil leis don údarás de bhun alt 139, agus, i gcás ina ndéanfar achomharc nó gach achomharc den sórt sin, de réir mar is cuí, a tharraingt siar nó a dhíbhe, déanfaidh sé an deonú a luaithe is féidir tar éis an t-achomharc nó na hachomhairc sin a tharraingt siar nó a dhíbhe agus, i gcás ordacháin den sórt sin, déanfaidh sé an deonú, de réir an ordacháin, a luaithe is féidir tar éis don Bhord an t-ordachán a thabhairt.

(b)  I gcás ina gcinnfidh an Bord, ar achomharc faoi alt 37, cead a dheonú, déanfaidh sé an deonú a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.

(12)  Féadfar iarratas chun talamh a fhorbairt de réir na rialachán ceada a dhéanamh chun forbairt neamhúdaraithe a choinneáil agus beidh feidhm ag an alt seo maidir le hiarratas den sórt sin, faoi réir aon mhodhnuithe is gá.

(13)  Ní bheidh duine i dteideal aon fhorbairt a dhéanamh de bhíthin ceada faoin alt seo agus dá bhíthin sin amháin.

Cead pleanála a dhiúltú mar gheall ar mhainneachtainí comhlíonadh a dhéanamh san am atá thart.

35. —(1)  Más rud é, ag féachaint—

(a)  d'aon fhaisnéis arna tabhairt de bhun rialachán arna ndéanamh faoi alt 33(2) (l), nó

(b)  d'aon fhaisnéis a bheidh ar fáil don údarás pleanála maidir le forbairt arna déanamh ag duine lena mbaineann an t-alt seo, de bhun ceada (dá ngairtear “cead roimhe sin” san fho-alt seo agus i bhfo-alt (2)) arna dheonú don iarratasóir nó d'aon duine eile faoin gCuid seo nó faoi Chuid IV d'Acht 1963,

gur deimhin leis an údarás pleanála nach gcomhlíonann duine nó cuideachta lena mbaineann an t-alt seo an cead roimhe sin, nó coinníoll a bhfuil an cead roimhe sin faoina réir, féadfaidh an t-údarás teacht ar an tuairim—

(i)  go bhfuil priacal réadach substaintiúil ann nach ndéanfaí an fhorbairt a bhfuil cead á lorg ina leith a thabhairt chun críche de réir an cheada sin, dá ndeonófaí é, nó de réir coinníll a mbeadh an cead sin, dá ndeonófaí é, faoina réir, agus

(ii)  nár cheart cead pleanála a dheonú don iarratasóir lena mbaineann i leith na forbartha sin.

(2)  Le linn teacht ar a thuairim faoi fho-alt (1), ní dhéanfaidh an t-údarás pleanála breithniú ach ar na mainneachtainí sin aon chead roimhe sin, nó aon choinníoll a mbeidh an cead sin faoina réir, a chomhlíonadh, ar mainneachtainí iad de chineál substaintiúil.

(3)  Ní bheidh tuairim faoin bhfo-alt seo ina chinneadh maidir le hiarratas ar chead chun críocha na Coda seo.

(4)  I gcás ina mbeidh an t-údarás pleanála tar éis teacht ar thuairim faoi fho-alt (1), déanfaidh an t-údarás pleanála iarratas, trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an duine lena mbaineann an tuairim lena mbaineann, chun na hArd-Chúirte ar údarú chun cead a dhiúltú, agus féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(a)  údarú a dheonú don údarás chun cead a dhiúltú ar an gcúis sin, nó

(b)  diúltú údarú a dheonú don údarás cead a dhiúltú, agus cuirfidh an Ard-Chúirt an t-iarratas ar ais chuig an údarás lena chinneadh, nó

(c)  cibé treoracha eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don údarás.

(5)  (a)  Ní bheidh feidhm ag fo-alt (8)(a) in alt 34 i gcás ina ndéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte faoi fho-alt (4) laistigh den tréimhse 8 seachtain ón dáta a dhéanfar iarratas ar chead faoin alt seo.

(b)  I gcás ina ndéanfar, faoi fho-alt (4)(b), ní a chur ar ais chuig an údarás pleanála, déanfar cinneadh maidir leis an gcead laistigh den tréimhse 8 seachtain ó dháta an chinnidh ag an Ard-Chúirte, agus forléireofar fo-alt (8)(b) in alt 34, agus beidh éifeacht leis, de réir an fho-ailt seo.

(6)  I gcás ina ndeonóidh an Chúirt údarú d'údarás faoi fho-alt (4)(a) chun cead a dhiúltú, ní bheidh aon ábhar achomhairc ann chun an Bhoird i gcoinne an diúltaithe sin.

(7)  San alt seo, ciallaíonn “duine lena mbaineann an t-alt seo”—

(a)  an t-iarratasóir ar an gcead lena mbaineann,

(b)  comhpháirtíocht ar comhalta nó ar chomhalta di an t-iarratasóir agus a rinne, le linn don iarratasóir sin a bheith ina chomhalta nó ina comhalta, forbairt dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b),

(c)  sa chás gur cuideachta an t-iarratasóir ar chead—

(i)  go bhfuil an chuideachta lena mbaineann gaolmhar le cuideachta (de réir bhrí alt 140(5) d'Acht na gCuideachtaí, 1990) a rinne forbairt dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), nó

(ii)  go bhfuil an chuideachta lena mbaineann faoin rialú céanna le cuideachta a rinne forbairt dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), i gcás ina bhfuil an bhrí chéanna le “rialú” atá leis in alt 26(3) d'Acht na gCuideachtaí, 1990,

(d)  cuideachta a rinne forbairt dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), ar cuideachta í atá á rialú ag an iarratasóir—

(i)  i gcás ina bhfuil an bhrí chéanna le “rialú” atá leis in alt 26(3) d'Acht na gCuideachtaí, 1990, nó

(ii)  mar chúlstiúrthóir de réir bhrí alt 27(1) d'Acht na gCuideachtaí, 1990.

Cead sracléaráide.

36. —(1)  Féadfar iarratas faoi alt 34 a dhéanamh chuig údarás pleanála de réir na rialachán ceada ar cead sracléaráide chun talamh a fhorbairt.

(2)  I gcás ina ndeonófar cead sracléaráide faoi alt 34, ní oibreoidh an cead sin chun a údarú go ndéanfar aon fhorbairt lena mbaineann an cead sracléaráide go dtí go ndeonófar cead dá éis sin faoin alt sin.

(3)  (a)  I gcás ina mbeidh cead sracléaráide deonaithe ag údarás pleanála, ní foláir aon iarratas ar chead dá éis sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná 3 bliana dar tosach an dáta a deonaíodh an cead sracléaráide, nó cibé tréimhse is faide ná sin, nach mó ná 5 bliana, a shonróidh an t-údarás pleanála.

(b)  Scoirfidh an cead sracléaráide d'éifeacht a bheith leis ag deireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír (a) mura rud é go ndéanfar an t-iarratas ar chead dá éis sin laistigh den tréimhse sin.

(c)  Ní bheidh feidhm ag ailt 40, 41 agus 42 maidir le deonú ceada sracléaráide.

(4)  I gcás ina ndéanfar iarratas ar chead chuig údarás pleanála de dhroim cead sracléaráide a dheonú, ní dhiúltóidh an t-údarás pleanála cead a dheonú ar bhonn aon ní a cinneadh le linn an cead sracléaráide a dheonú, ar choinníoll gur deimhin leis an údarás go bhfuil an fhorbairt bheartaithe de réir théarmaí an cheada sracléaráide.

(5)  Ní fhéadfar aon achomharc a dhéanamh chun an Bhoird faoi alt 37 i gcoinne cinnidh ag údarás pleanála cead a dheonú de dhroim cead sracléaráide a dheonú i leith aon ghné den fhorbairt bheartaithe a cinneadh le linn an cead sracléaráide a dheonú.

(6)  San alt seo, ciallaíonn “cead sracléaráide” cead arna dheonú i bprionsabal faoi alt 34 chun talamh a fhorbairt faoi réir iarratas mionchruinn ar chead faoin alt sin a dhéanamh dá éis sin.

Achomharc chun an Bhoird.

37. —(1) (a)  Féadfaidh iarratasóir ar chead agus aon duine a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí i scríbhinn i ndáil leis an iarratas pleanála de réir na rialachán ceada chuig an údarás pleanála, tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse cuí agus ar an táille chuí a íoc, achomharc a dhéanamh chun an Bhoird i gcoinne cinnidh ag údarás pleanála faoi alt 34.

(b)  Faoi réir mhíreanna (c) agus (d), i gcás ina dtionscnófar achomharc i gcoinne cinnidh ag údarás pleanála agus nach dtarraingeofar siar é, tabharfaidh an Bord breith ar an iarratas amhail is dá mba chuig an mBord a rinneadh é ar an gcéad ásc agus oibreoidh cinneadh an Bhoird chun cinneadh an údaráis pleanála a neamhniú amhail ón tráth a tugadh é; agus beidh feidhm ag fo-ailt (1), (2), (3) agus (4) d'alt 34, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, i ndáil leis an mBord do thabhairt breith ar iarratas ar achomharc faoin bhfo-alt seo amhail mar atá feidhm acu i ndáil le húdarás pleanála do chinneadh iarratais faoin alt sin.

(c)  Forléireofar mír (b), agus beidh éifeacht léi, faoi réir ailt 133, 138 agus 139.

(d)  I mír (a) agus i bhfo-alt (6), ciallaíonn “an tréimhse chuí” an tréimhse ceithre sheachtain dar tosach lá an chinnidh ag an údarás pleanála.

(2)  (a)  Faoi réir mhír (b), féadfaidh an Bord, le linn breith a thabhairt ar achomharc faoin alt seo, a chinneadh cead a dheonú fiú má dhéanann an fhorbairt bheartaithe sárú ábhartha ar an bplean forbartha a bhaineann le limistéar an údaráis pleanála ar lena chinneadh a bhaineann an t-achomharc.

(b)  I gcás inar chinn údarás pleanála cead a dhiúltú ar na forais go ndéanann forbairt bheartaithe sárú ábhartha ar an bplean forbartha, ní fhéadfaidh an Bord cead a dheonú de réir mhír (a) ach amháin i gcás ina measfaidh sé—

(i)  go ngabhann tábhacht straitéiseach nó náisiúnta leis an bhforbairt bheartaithe,

(ii)  go bhfuil cuspóirí codarsnacha sa phlean forbartha nó nach bhfuil na cuspóirí sonraithe go soiléir, a mhéid a bhaineann leis an bhforbairt bheartaithe, nó

(iii)  gur cóir cead le haghaidh na forbartha beartaithe a dheonú ag féachaint do threoirlínte pleanála réigiúnacha don limistéar, do threoirlínte faoi alt 28, do threoracha beartais faoi alt 29, d'oibleagáidí reachtúla aon údaráis áitiúil sa limistéar, agus d'aon bheartas iomchuí de chuid an Rialtais, an Aire nó aon Aire den Rialtas, nó

(iv)  gur cóir cead le haghaidh na forbartha beartaithe a dheonú ag féachaint don ghréasán forbartha, agus do cheadanna a deonaíodh, sa limistéar ón tráth a rinneadh an plean forbartha.

(c)  I gcás ina ndeonóidh an Bord cead de réir mhír (b), déanfaidh an Bord, i dteannta cheanglais alt 34(10), na príomhchúiseanna agus na príomhchúinsí a bhaineann le sárú ábhartha a dhéanamh ar an bplean forbartha a chur in iúl ina chinneadh.

(3)  Faoi réir alt 141(2), déanfar forálacha fho-alt (1), lena n-údaraítear achomhairc a dhéanamh sula mbeidh an tréimhse chuí de réir bhrí an fho-ailt sin caite, a fhorléiriú mar fhorálacha a fholaíonn foráil go mbeidh achomharc a gheobhaidh an Bord tar éis an tréimhse chuí a bheith caite neamhbhailí toisc nach ndearnadh in am é.

(4)  (a)  D'ainneoin fho-alt (1), i gcás ina mbeidh, de réir na rialachán ceada, aon chomhlacht forordaithe i dteideal go dtabharfaí fógra dó i dtaobh aon iarratais pleanála, beidh an comhlacht sin i dteideal achomharc a dhéanamh chun an Bhoird sula mbeidh an tréimhse chuí de réir bhrí an fho-ailt sin caite i gcás nár cuireadh fógra chuig an gcomhlacht de réir na rialachán.

(b)  Féadfaidh an Bord aon achomharc arna dhéanamh faoi mhír (a) a dhíbhe i gcás ina measfaidh sé nach raibh an comhlacht lena mbaineann i dteideal go gcuirfí fógra i dtaobh an iarratais pleanála chuige de réir na rialachán ceada.

(5)  (a)  Ní dhéanfar aon iarratas ar chead le haghaidh na forbartha céanna nó le haghaidh forbartha den tuairisc chéanna le hiarratas ar chead forbartha is ábhar d'achomharc chun an Bhoird faoin alt seo—

(i)  sula ndéanfaidh an Bord a chinneadh ar an achomharc,

(ii)  sula dtarraingeofar siar an t-achomharc, nó

(iii)  sula ndéanfaidh an Bord an t-achomharc a dhíbhe de bhun alt 133138.

(b)  I gcás ina ndéanfar iarratas ar chead dá dtagraítear i mír (a) chuig údarás pleanála, tabharfaidh an t-údarás pleanála fógra don iarratasóir nach féidir leis an údarás pleanála an t-iarratas a bhreithniú agus cuirfidh sé ar ais an t-iarratas, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh isteach i dteannta an iarratais de réir na rialachán ceada, agus aon táille a bheidh íoctha.

(c)  Féadfar, maidir le haon iarratas, díospóid i dtaobh an iarratas ar chead le haghaidh na forbartha céanna nó le haghaidh forbartha den tuairisc chéanna le hiarratas ar chead is ábhar d'achomharc chuig an mBord é a tharchur chuig an mBord le breith a thabhairt uirthi.

(6)  (a)  D'ainneoin fho-alt (1)(a), aon duine a bhfuil leas aige nó aici i dtalamh atá tadhlach le talamh ar deonaíodh cead ina leith, féadfaidh sé nó sí, laistigh den tréimhse chuí agus ar an táille chuí a íoc, iarratas a dhéanamh chuig an mBord ar chead chun achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh ag an údarás pleanála faoi alt 34.

(b)  Luafar in iarratas faoi mhír (a) ainm agus seoladh an duine a mbeidh a t-iarratas á dhéanamh aige nó aici, na forais ar a mbeidh an t-iarratas déanta, agus tuairisc ar leas an duine sa talamh.

(c)  Déanfaidh an Bord, laistigh de sheachtain amháin ón tráth a gheofar iarratas faoi mhír (a), a cheangal, le fógra i scríbhinn, ar an údarás pleanála lena mbaineann cóipeanna de na hábhair dá dtagraítear i bhfomhír (i) d'alt 128(a), den tuarascáil dá dtagraítear i bhfomhír (ii) den alt sin, agus den chinneadh agus den fhógra dá dtagraítear i bhfomhír (iii) den alt sin a chur faoi bhráid an Bhoird agus comhlíonfaidh an t-údarás pleanála an ceanglas sin laistigh de sheachtain amháin ón dáta a gheofar an fógra.

(d)  Déanfaidh an Bord, nó aon chomhalta nó fostaí de chuid an Bhoird a bheidh údaraithe go cuí ag an mBord chuige sin, i gcás ina suífidh iarratasóir faoin alt seo—

(i)  go mbeidh difríocht ábhartha idir an fhorbairt ar deonaíodh cead ina leith agus an fhorbairt atá leagtha amach san iarratas ar chead mar gheall ar choinníollacha arna bhforchur ag an údarás pleanála a mbeidh an deonú faoina réir, agus

(ii)  go ndéanfaidh forchur na gcoinníollacha sin difear ábhartha do theachtadh na talún ag an iarratasóir nó go ndéanfaidh sé luach na talún a laghdú,

laistigh de 4 sheachtain ón tráth a gheofar an t-iarratas, cead a dheonú don iarratasóir chun achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh an údaráis pleanála faoi fho-alt (1).

(e)  Déanfaidh an Bord fógra i scríbhinn i dtaobh cinnidh chun iarratas faoin bhfo-alt seo a dheonú nó a dhiúltú a thabhairt don iarratasóir agus don údarás pleanála laistigh de 3 lá ón tráth a dhéanfar é.

(f)  Déanfaidh aon duine dá ndeonófar cead achomhairc faoin bhfo-alt seo an t-achomharc a thionscnamh laistigh de 2 sheachtain ón tráth a gheofar an fógra faoi mhír (e).

(g)  D'ainneoin alt 34(11)(a)(i), i gcás ina ndéanfar iarratas faoin bhfo-alt seo, ní dhéanfaidh údarás pleanála deonú ceada mura ndiúltófar don iarratas.

(h)  I gcás ina ndeonófar cead achomhairc faoin bhfo-alt seo, beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 126 faoi réir an mhodhnaithe go bhforléireofar an tagairt ann do 18 seachtain mar thagairt do 14 sheachtain.

(i)  I gcás ina ndeonófar cead achomhairc faoin alt seo, measfar go ndearna aon údarás pleanála a chomhlíon mír (c) ceanglais alt 128 a chomhlíonadh maidir leis an achomharc.

Doiciméid a bhaineann le hiarratais phleanála a bheith ar fáil.

38. —(1)  I gcás ina dtabharfaidh údarás pleanála a chinneadh maidir le hiarratas pleanála, cuirfear na doiciméid seo a leanas ar fáil, laistigh de 3 lá oibre, lena n-iniúchadh agus lena gceannach ag daoine den phobal le linn uaireanta oifige in oifigí an údaráis:

(a)  cóip den iarratas pleanála agus cóip d'aon sonraí, fianaise, ráiteas tionchair timpeallachta, staidéar scríofa eile nó faisnéis bhreise a fuair an t-údarás ón iarratasóir de réir rialachán faoin Acht seo;

(b)  cóip d'aon aighneachtaí nó tuairimí i ndáil leis an iarratas pleanála a bheidh faighte ag an údarás;

(c)  cóip d'aon tuarascáil arna hullmhú ag an údarás nó don údarás i ndáil leis an iarratas pleanála;

(d)  cóip de chinneadh an údaráis maidir leis an iarratas pleanála agus cóip den fhógra i dtaobh an chinnidh a tugadh don iarratasóir; agus

(e)  cóip d'aon doiciméid a bhaineann le ranníoc nó ní eile dá dtagraítear in alt 34(5).

(2)  Gan dochar don Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, ná do na Rialacháin um Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 1998 (I.R. Uimh. 125 de 1998), ná d'aon rialacháin lena leasaítear na rialacháin sin, beidh na doiciméid dá dtagraítear faoi fho-alt (1) ar fáil lena n-iniúchadh go ceann tréimhse nach lú ná 7 mbliana tar éis don údarás an cinneadh a dhéanamh.

(3)  Déanfar aon doiciméad dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) agus a fuair údarás pleanála a chur ar fáil lena iniúchadh agus lena cheannach ag daoine den phobal ag uaireanta oifige an údaráis ón tráth is luaithe is féidir tar éis an doiciméad a fháil go dtí go ndéanfar cinneadh ar an iarratas.

(4)  Beidh cóipeanna de dhoiciméid faoin alt seo ar fáil lena gceannach ar tháille shonraithe a íoc, is táille nach mó ná an costas réasúnach a ghabhann le cóip den sórt sin a dhéanamh.

(5)  Ag deireadh na tréimhse le haghaidh doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a bheith ar fáil, coinneoidh údarás pleanála cóip bhunaidh amháin ar a laghad de gach ceann de na doiciméid sin i gcartlann áitiúil de réir alt 65 den Acht Rialtais Áitiúil, 1994.

(6)  Féadfaidh an tAire ceanglais bhreise a fhorordú i ndáil le doiciméid a bhaineann le hiarratais phleanála a bheith ar fáil lena n-iniúchadh ag daoine den phobal.

(7)  Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon iarratas a dhéanfar chuig údarás pleanála tar éis thosach feidhme an ailt seo.

Forálacha forlíontacha maidir le cead a dheonú.

39. —(1)  I gcás ina ndeonófar cead faoin gCuid seo chun talamh a fhorbairt nó chun forbairt a choinneáil, ansin, ach amháin a mhéid a fhorálfar dá mhalairt leis an gcead, rachaidh deonú an cheada chun tairbhe don talamh agus do gach aon duine ag a bhfuil leas sa talamh de thuras na huaire.

(2)  I gcás ina ndeonófar cead faoin gCuid seo le haghaidh déanmhais, féadfar, i ndeonú an cheada, na críocha a shonrú a bhféadfar nó nach bhféadfar an déanmhas a úsáid chucu, agus i gcás ina ndéanfar úsáid mar theaghais a shonrú sa deonú mar chríoch a bhféadfar an déanmhas a úsáid chuici, féadfar freisin an cead a dheonú faoi réir coinníll á shonrú gurb í an t-aon an úsáid amháin a dhéanfar de mar theaghais ná í a úsáid ag daoine d'aicme nó de thuairisc ar leith agus go gcuirfear foráil sa chéill sin i gcomhaontú faoi alt 47.

(3)  (a)  I gcás nach ndéanfar cead faoin gCuid seo chun talamh a fhorbairt a dheonú ach amháin ar feadh tréimhse teoranta, ní fhorléireofar aon ní sa Chuid seo mar ní lena gceanglaítear cead a fháil faoin gcéanna chun atosú, ar an tréimhse sin a bheith caite, ar an talamh a úsáid chun na críche a n-úsáidtí chuici de ghnáth é sular deonaíodh an cead.

(b)  Le linn breith a thabhairt chun críocha an fho-ailt seo i dtaobh na gcríoch a n-úsáidtí talamh chucu de ghnáth sular deonaíodh cead, ní thabharfar aon aird ar aon úsáid a baineadh as an talamh ar úsáid í a tosaíodh contrártha don Chuid seo.

(4)  D'ainneoin aon ní sa Chuid seo, i gcás talún a bhíodh, an 1 Deireadh Fómhair, 1964, á úsáid de ghnáth chun críche amháin agus a bhíodh á úsáid freisin ar ócáidí, cibé acu go tráthrialta é nó nach ea, chun aon chríche eile, ní bheidh gá le cead faoin gCuid seo chun an talamh a úsáid chun na críche eile sin ar ócáidí dá samhail tar éis 1 Deireadh Fómhair, 1964.

Teorainn le ré cheada.

40. —(1)  Faoi réir fho-alt (2), aon chead a deonaíodh faoin gCuid seo, scoirfidh sé, ar an tréimhse chuí a bheith caite (ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh dá bhun sula raibh an tréimhse sin caite), d'éifeacht a bheith leis—

(a)  i gcás nach mbeidh an fhorbairt lena mbaineann an cead tosaithe le linn na tréimhse sin, maidir leis an bhforbairt go léir, agus

(b)  i gcás ina mbeidh an fhorbairt tosaithe le linn na tréimhse sin, maidir leis an méid sin den fhorbairt nach mbeidh críochnaithe laistigh den tréimhse sin.

(2)  (a)  Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)

(i)  maidir le haon chead chun aon déanmhas a choinneáil ar thalamh,

(ii)  maidir le haon chead arna dheonú ar feadh tréimhse teoranta amháin nó faoi réir coinníll de chineál a thuairiscítear in alt 34(4)(n),

(iii)  i gcás tí, siopa, oifige nó foirgnimh eile a bheidh críochnaithe é féin nó í féin, i ndáil le soláthar aon déanmhais nó oibreacha a bheidh ar áireamh sa chead iomchuí agus a bheidh riachtanach nó coimhdeach nó teagmhasach i ndáil le húsáid an fhoirgnimh de réir an cheada sin, nó

(iv)  i gcás forbartha a chuimseoidh líon foirgneamh nach mbeidh ach cuid acu críochnaithe, i ndáil le soláthar bóithre, seirbhísí agus spásanna oscailte a bheidh ar áireamh sa chead iomchuí agus a bheidh riachtanach nó coimhdeach nó teagmhasach i ndáil leis na foirgnimh chríochnaithe.

(b)  Ní dhéanfaidh fo-alt (1) difear—

(i)  do leanúint de thalamh a úsáid ar aon slí, de réir ceada,

(ii)  i gcás ina mbeidh forbairt críochnaithe (an oiread a thuairiscítear i mír (a) nó ar shlí eile), don oibleagáid a bheidh ar aon duine aon choinníoll a chomhlíonadh a ghabhann leis an gcead iomchuí lena gceanglófar rud éigin a dhéanamh nó gan é a dhéanamh.

(3)  San alt seo agus in alt 42, ciallaíonn “an tréimhse chuí”—

(a)  i gcás ina ndéanfar, i ndáil leis an gcead, tréimhse a shonrú de bhun alt 41, an tréimhse sin, agus

(b)  in aon chás eile, an tréimhse cúig bliana dar tosach dáta deonaithe an cheada.

Cumhacht chun an tréimhse chuí a athrú.

41. —Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar dóibh leis an gCuid seo chun cead a dheonú talamh a fhorbairt ar feadh tréimhse teoranta amháin, féadfaidh údarás pleanála nó an Bord, de réir mar is cuí, le linn cinneadh a dhéanamh cead a dheonú faoi ailt 34 agus 37, ag féachaint do chineál agus do mhéid na forbartha iomchuí agus d'aon chúinse ábhartha eile, an tréimhse a shonrú, ar tréimhse í is faide ná 5 bliana, a mbeidh éifeacht leis an gcead lena linn agus i gcás ina bhfeidhmeoidh an t-údarás pleanála an chumhacht a thugtar dó leis an alt seo, nó ina ndiúltóidh sé í a fheidhmiú, measfar gur cuid de chinneadh iomchuí an údaráis nó an Bhoird faoi ailt 34 agus 37 an feidhmiú nó an diúltú.

Cumhacht chun an tréimhse chuí a fhadú.

42. —(1)  Ar iarratas chuige, déanfaidh údarás pleanála, maidir le cead áirithe, an tréimhse chuí a fhadú ar feadh cibé tréimhse breise a mheasfaidh an t-údarás is gá chun go bhféadfar an fhorbairt lena mbaineann an cead a chríochnú, má chomhlíontar gach ceann de na ceanglais seo a leanas—

(a)  go mbeidh an t-iarratas de réir cibé rialacháin faoin Acht seo a mbeidh feidhm acu maidir leis;

(b)  go gcomhlíonfar aon cheanglais de chuid na rialachán sin, nó aon cheanglais arna ndéanamh fúthu, maidir leis an iarratas;

(c)  gur deimhin leis an údarás i ndáil leis an gcead—

(i)  gur thosaigh an fhorbairt lena mbaineann an cead roimh dheireadh na tréimhse cuí a bheifear ag iarraidh a fhadú,

(ii)  go ndearnadh mór-oibreacha de bhun an cheada le linn na tréimhse sin, agus

(iii)  go gcríochnófar an fhorbairt laistigh d'achar réasúnach ama;

(d)  go ndéanfar an t-iarratas roimh dheireadh na tréimhse cuí.

(2)  Más rud é—

(a)  go ndéanfar iarratas go cuí faoin alt seo chuig údarás pleanála,

(b)  go gcomhlíonfar aon cheanglais de chuid rialachán faoi alt 43, nó aon cheanglais arna ndéanamh fúthu, maidir leis an iarratas, agus

(c)  nach dtabharfaidh an t-údarás pleanála fógra don iarratasóir i dtaobh a chinnidh maidir leis an iarratas laistigh den tréimhse 8 seachtain dar tosach—

(i)  i gcás ina ndéanfar na ceanglais go léir dá dtagraítear i mír (b) a chomhlíonadh ar an lá, nó roimh an lá, a gheobhaidh an t-údarás pleanála an t-iarratas, an lá sin, agus

(ii)  in aon chás eile, an lá a bheidh na ceanglais sin go léir comhlíonta,

faoi réir alt 246(3), measfar, maidir le cinneadh ag an údarás pleanála an tréimhse, arb í an tréimhse chuí í maidir leis an gcead iomchuí, a fhadú, nó a fhadú tuilleadh, de réir mar is cuí, ar feadh cibé tréimhse breise a bheidh sonraithe san iarratas, go mbeidh sé tugtha ag an údarás pleanála an lá deireanach den tréimhse 8 seachtain.

(3)  (a)  I gcás ina dtabharfar cinneadh faoi fho-alt (1) tréimhse chuí a fhadú nó ina measfar, de bhun fho-alt (2), cinneadh den sórt sin a bheith tugtha, ní dhéanfaidh an t-údarás pleanála an tréimhse chuí a fhadú tuilleadh, mura mbeidh gach ceann de na ceanglais seo a leanas comhlíonta—

(i)  go mbeidh iarratas chuige sin déanta chuige de réir na rialachán faoi alt 43;

(ii)  go mbeidh aon cheanglais de chuid na rialachán, nó aon cheanglais arna ndéanamh fúthu, comhlíonta maidir leis an iarratas;

(iii)  gur deimhin leis an údarás nár críochnaíodh an fhorbairt iomchuí de bharr imthosca nach raibh neart ag an duine a bhí ag déanamh na forbartha orthu.

(b)  Ní dhéanfar tréimhse chuí a fhadú tuilleadh faoin bhfo-alt seo ach amháin ar feadh cibé tréimhse is dóigh leis an údarás pleanála is gá chun a chumasú an fhorbairt iomchuí a chríochnú.

(4)  Déanfar sonraí maidir le haon iarratas arna dhéanamh chuig údarás pleanála faoin alt seo agus maidir le cinneadh an údaráis pleanála i leith an iarratais a thaifeadadh ar an taifead iomchuí sa chlár.

(5)  I gcás ina dtabharfar cinneadh faoin alt seo tréimhse a fhadú nó a fhadú tuilleadh nó ina measfar, de bhun fho-alt (2), cinneadh den sórt sin a bheith tugtha, déanfar, i ndáil leis an gcead lena mbaineann an cinneadh, alt 40 a fhorléiriú, agus beidh éifeacht leis, faoi réir agus de réir théarmaí an chinnidh.

Rialacháin maidir le hailt 40, 41 agus 42.

43. —(1)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforálfar d'aon ní a bhaineann le nós imeachta i ndáil le hiarratais faoi alt 42 agus lena ndéanfar cibé foráil theagmhasach, iarmhartach nó fhorlíontach is dealraitheach dó nó di is gá nó is cuí chun lánéifeacht a thabhairt d'aon cheann d'fhorálacha alt 40, 4142.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le rialacháin faoin alt seo—

(a)  an tráth ag a bhféadfar iarratais faoi alt 42 a dhéanamh, an modh ina ndéanfar na hiarratais sin agus na sonraí a bheidh iontu, a shonrú,

(b)  a cheangal ar iarratasóirí aon fhaisnéis shonraithe maidir lena n-iarratais (lena n-áirítear aon fhaisnéis maidir le haon eastát nó leas i dtalamh nó ceart thar talamh) a thabhairt don údarás pleanála,

(c)  a cheangal ar iarratasóirí aon fhaisnéis eile is iomchuí maidir lena n-iarratais (lena n-áirítear aon fhaisnéis maidir le haon eastát, leas nó ceart den sórt sin) a thabhairt d'údarás pleanála,

(d)  a cheangal go dtabharfar ar aird aon fhianaise chun aon sonraí nó faisnéis a bheidh tugtha ag aon iarratasóir a fhíorú, agus

(e)  a cheangal ar údaráis phleanála fógra a thabhairt (ar mhodh forordaithe) i dtaobh cinntí ar iarratais.

Cead a chúlghairm nó a mhodhnú.

44. —(1)  Má mheasann an t-údarás pleanála gur fóirsteanach aon chead chun talamh a fhorbairt, ar cead é a bheidh deonaithe faoin gCuid seo, a chúlghairm nó a mhodhnú, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil, de réir fho-alt (3), ar an iarratasóir agus ar aon duine eile a ndéanfaidh an chúlghairm nó an modhnú difear ábhartha dó nó di, i dtuairim an údaráis pleanála.

(2)  Ní dhéanfaidh údarás pleanála cead faoin alt seo a chúlghairm ná a mhodhnú ach amháin i gcás nach bhfuil an fhorbairt lena mbaineann an cead de réir fhorálacha an phlean forbartha a thuilleadh.

(3)  Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a)  déanfar tagairt ann don chead lena mbaineann,

(b)  sonrófar ann na forálacha den phlean forbartha nach bhfuil an cead dá réir a thuilleadh, agus

(c)  iarrfar ann ar an duine nó na daoine ar ar seirbheáladh an fógra aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh chuig an údarás pleanála, nó tuairimí i scríbhinn a thabhairt dó, laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra (is tréimhse nach lú ná 4 sheachtain ón tráth a seirbheáladh an fógra) maidir leis an gcúlghairm nó an modhnú atá beartaithe.

(4)  Féadfaidh údarás pleanála a chinneadh cead a chúlghairm nó a mhodhnú agus, le linn dó a chinneadh a dhéanamh, beidh aird aige ar aon aighneachtaí a rinneadh nó tuairimí a tugadh faoi fho-alt (3)(c).

(5)  I gcás ina gcinnfidh údarás pleanála cead a chúlghairm nó a mhodhnú faoi fho-alt (4), sonróidh sé sa chinneadh na forálacha den phlean forbartha nach bhfuil an cead dá réir a thuilleadh, agus na príomhchúiseanna agus na príomhchúinsí ar a bhfuil an cinneadh bunaithe.

(6)  Féadfaidh aon duine ar a seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1), tráth ar bith laistigh de 4 sheachtain tar éis dháta an chinnidh, achomharc a dhéanamh chun an Bhoird i gcoinne an chinnidh.

(7)  I gcás ina dtionscnófar achomharc faoin alt seo i gcoinne cinnidh, féadfaidh an Bord an cinneadh a dhaingniú, fara modhnuithe nó dá n-éagmais, nó an cinneadh a neamhniú, agus sonróidh sé na príomhchúiseanna agus na príomhchúinsí a bhaineann lena chinneadh.

(8)  Maidir leis an gcumhacht a thugtar leis an alt seo chun cúlghairm nó modhnú a dhéanamh ar chead chun talamh a fhorbairt, féadfar í a fheidhmiú—

(a)  i gcás ina mbaineann an cead le hoibreacha a dhéanamh, tráth ar bith sula mbeidh na hoibreacha sin tosaithe nó, i gcás oibreacha a bheidh tosaithe agus ar oibreacha iad a dhéanfaidh, de dhroim athrú a dhéanamh ar an bplean forbartha, sárú ar an bplean, tráth ar bith sula mbeidh na hoibreacha sin críochnaithe,

(b)  i gcás ina mbaineann an cead le hathrú ar úsáid aon talún, tráth ar bith sula dtarlóidh an t-athrú,

ach ní dhéanfaidh an chúlghairm nó an modhnú ar an gcead chun oibreacha a dhéanamh difear don mhéid sin de na hoibreacha a bheidh déanta roimhe sin.

(9)  Féadfaidh údarás pleanála, tráth ar bith, ar chúiseanna sonraithe, fógra arna sheirbheáil faoin alt seo a tharraingt siar le fógra i scríbhinn.

(10)  Déanfar sonraí maidir le cinneadh arna dhéanamh faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár.

(11)  Is feidhm fhorchoimeádta é cead a chúlghairm nó a mhodhnú faoin alt seo.

Talamh a fháil le haghaidh spásanna oscailte.

45. —(1)  Más rud é—

(a)  go mbeidh forbairt á déanamh nó déanta de bhun ceada faoi alt 34,

(b)  (i)  go raibh coinníoll, lenar ceanglaíodh talamh a sholáthar nó a chothabháil mar spás oscailte, ar spás oscailte é lena mbaineann an t-alt seo, ag gabháil leis an gcead, nó

(ii)  gur léir nó gurbh intuigthe san iarratas ar an gcead go soláthrófaí nó go gcothabhálfaí talamh mar spás oscailte den sórt sin,

(c)  go mbeidh iarratas scríofa seirbheáilte ag an údarás pleanála ar úinéir na talún á iarraidh go ndéanfaidh sé nó sí, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san iarratas (is tréimhse nach lú ná 8 seachtain dar tosach dáta an iarratais), an talamh a sholáthar, a chothromú, a phlandú nó a oiriúnú nó a chothabháil thairis sin ar mhodh a bheidh sonraithe amhlaidh, ar modh é a dhéanfaidh, dar leis, oiriúnach é don chríoch a raibh an spás oscailte le soláthar chuici, agus

(d)  go mainneoidh an t-úinéir an t-iarratas a chomhlíonadh nó a áirithiú go gcomhlíonfaí é laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh,

féadfaidh an t-údarás pleanála, más cuí leis, fógra (“fógra fála”) a fhoilsiú i nuachtán a scaiptear sa cheantar á rá go bhfuil ar intinn aige an talamh a fháil le hordú faoin alt seo agus sonrófar san fhógra fála tréimhse (is tréimhse nach lú ná 4 sheachtain dar tosach an dáta a fhoilseofar an fógra) ar féidir achomharc a dhéanamh faoin alt seo laistigh di.

(2)  I gcás ina bhfoilseoidh údarás pleanála fógra fála, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta an fhoilsithe, cóip den fhógra a sheirbheáil ar úinéir na talún lena mbaineann an fógra.

(3)  Féadfaidh aon duine a bhfuil leas aige nó aici sa talamh lena mbaineann fógra fála, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, achomharc a dhéanamh chun an Bhoird.

(4)  I gcás ina dtionscnófar achomharc faoin alt seo, féadfaidh an Bord—

(a)  an fógra fála lena mbaineann an t-achomharc a neamhniú, nó

(b)  an fógra fála a dhaingniú, fara modhnú nó dá éagmais, i leith na talún iomchuí go léir nó i leith cibé cuid den talamh iomchuí a mheasfaidh an Bord a bheith réasúnach.

(5)  Má fhoilsíonn údarás pleanála fógra fála agus—

(a)  go mbeidh an tréimhse chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an fhógra caite agus nach mbeidh aon achomharc déanta, nó

(b)  go mbeidh achomharc déanta i gcoinne an fhógra agus go mbeidh an t-achomharc tarraingthe siar nó go mbeidh an fógra daingnithe cibé acu gan choinníoll nó faoi réir modhnuithe,

féadfaidh an t-údarás pleanála ordú a dhéanamh san fhoirm fhorordaithe, ar ordú é a bheidh sainráite agus a oibreoidh chun an talamh lena mbaineann an fógra fála, nó, i gcás inar cuí sin, an fógra fála arna dhaingniú, a dhílsiú don údarás pleanála ar dháta sonraithe ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir a raibh an talamh á shealbhú ag an úinéir ar a fheadh díreach roimh dháta an ordaithe, mar aon leis na cearta agus na dliteanais go léir a theacht nó a thabhaigh an t-úinéir i dtaca leis an gcéanna díreach roimh an dáta sin, mar aon le hoibleagáid an iarraidh a rinneadh faoi fho-alt (1)(c) a chomhlíonadh.

(6)  I gcás ina mbeidh údarás pleanála tar éis talamh a fháil le hordú faoin alt seo is talamh atá, leis féin nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh, íocaíochta in ionad cíosa, nó suime bliantúla eile (nach é atá inti go heisiach cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe nó leis na Coimisinéirí, tiocfaidh an t-údarás chun bheith agus beidh sé faoi dhliteanas, amhail ón dáta a dhílseofar an talamh dó leis an ordú dílseacháin, go n-íocfaidh siad leis an Aire sin nó leis na Coimisinéirí, de réir mar a bheidh, an tsuim bhliantúil nó cibé cuid di a chionroinnfidh an tAire sin nó na Coimisinéirí, ar an talamh amhail is dá mbeadh an talamh aistrithe chuig an údarás ag úinéir na talún sin ar an dáta sin.

(7)  Nuair a dhéanfaidh údarás pleanála ordú faoin alt seo i ndáil le haon talamh, cuirfidh sé an t-ordú chuig an údarás clárúcháin faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964, agus air sin cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara an t-údarás pleanála a chlárú mar úinéir na talún de réir an ordaithe.

(8)  I gcás ina ndéanfar éileamh ar chúiteamh i leith talún lena mbaineann ordú faoin alt seo, déanfar, cheal comhaontú, breith a thabhairt ar an éileamh trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ar an modh céanna, ar gach cuma, amhail is dá n-éireodh an t-éileamh sin i ndáil le fáil éigeantach talún, ach sin faoi réir an choinníll go mbeidh dlínse ag an eadránaí dámhachtain nialais a dhéanamh agus faoi réir na bhforálacha seo a leanas:

(a)  déanfaidh an t-eadránaí dámhachtain nialais, mura suífidh an t-úinéir, nó mura suífear thar a cheann nó thar a ceann, nach ndearnadh cóimhéid luach na talún lena mbaineann an cead iomchuí faoi alt 34, arbh é an luach sin é an tráth a ndearnadh an t-iarratas ar an gcead, de thoradh na forbartha, a ghnóthú agus nach mbeidh sé, mar thoradh breise den sórt sin, inghnóthaithe san am atá le teacht tríd an talamh a dhiúscairt ar talamh é lena mbaineann an cead agus nach talamh é lena mbaineann an t-ordú, agus

(b)  ní thabharfar aird, sa mheasúnacht ar luach na talún lena mbaineann an t-ordú, ar luach na talún le haghaidh úsáide seachas mar spás oscailte agus déanfar asbhaint i leith costais cibé oibreacha a dhéanamh is gá chun an iarraidh a rinneadh de bhun fho-alt (1)(c) a chomhlíonadh.

(9)  Taifeadfaidh údarás pleanála na nithe seo a leanas sa chlár—

(a)  sonraí maidir le haon fhógra fála a bheidh foilsithe aige,

(b)  dáta agus éifeacht aon chinnidh ar achomharc i ndáil le haon fhógra den sórt sin, agus

(c)  sonraí maidir le haon ordú a bheidh déanta faoin alt seo,

agus déanfar gach taifead laistigh den tréimhse 7 lá dar tosach lá an fhoilsithe, an lá a gheofar fógra i dtaobh an chinnidh nó an lá a dhéanfar an t-ordú, de réir mar is cuí.

(10)  Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon sórt spáis oscailte (cibé acu a thabharfar spás oscailte nó tuairisc eile air san iarratas iomchuí ar chead nó i gcoinníoll a ghabhfaidh leis an gcead iomchuí), is talamh nach dtuairisceofar san iarratas nó sa choinníoll mar spás oscailte príobháideach nó i dtéarmaí lena gcuirtear in iúl nach bhfuil ar intinn go mbeidh cead ag daoine den phobal é a thaithí gan srian.

Ceanglas déanmhas a dhíchur nó a athrú nó scor dá úsáid.

46. —(1)  Má chinneann údarás pleanála gur ceart, in imthosca eisceachtúla—

(a)  aon déanmhas a scartáil, a dhíchur, a athrú nó a aischur,

(b)  scor d'aon úsáid, nó

(c)  aon choinníollacha a fhorchur maidir le leanúint d'úsáid, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais nó na talún lena mbaineann agus ar aon duine eile a ndéanfaidh an fógra difear dó nó di, i dtuairim an údaráis pleanála.

(2)  Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon fhorbairt neamhúdaraithe mura rud é go seirbheálfar an fógra faoin alt seo tar éis seacht mbliana ón tráth a tosaíodh an fhorbairt neamhúdaraithe.

(3)  Déanfar le fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a)  suíomh an déanmhais nóa/DSDSna talún lena mbaineann a shonrú,

(b)  na bearta a shonrú a cheanglófar a ghlacadh laistigh de thréimhse shonraithe, lena n-áirítear, i gcás inar cuí sin—

(i)  aon déanmhas a scartáil, a dhíchur, a athrú nó a aischur, nó

(ii)  scor d'aon úsáid nó leanúint d'aon úsáid faoi réir coinníollacha,

agus

(c)  a iarraidh ar aon duine ar a seirbheálfar an fógra aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh chuig an údarás pleanála nó tuairimí i scríbhinn a thabhairt dó i leith na nithe dá dtagraítear san fhógra laistigh de thréimhse shonraithe (is tréimhse nach lú ná 4 sheachtain ón dáta a sheirbheálfar an fógra).

(4)  Féadfaidh údarás pleanála, ag féachaint d'aon aighneachtaí a dhéanfar nó tuairimí a thabharfar de réir fho-alt (3)(c), a chinneadh an fógra a dhaingniú, fara modhnuithe nó dá n-éagmais, nó gan an fógra a dhaingniú.

(5)  Breithneoidh údarás pleanála, le linn dó cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ndaingneoidh sé fógra de bhun an ailt seo—

(a)  pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir,

(b)  forálacha an phlean forbartha,

(c)  forálacha aon ordaithe um limistéar taitneamhachta speisialta, aon láithreán Eorpach nó limistéar eile arna ainmniú chun críocha alt 10(2)(c) a bhaineann leis an limistéar, agus

(d)  aon fhoráil iomchuí eile den Acht seo agus aon rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo.

(6)  I gcás ina ndaingneoidh údarás pleanála fógra faoi fho-alt (4), féadfaidh aon duine ar a seirbheálfar an fógra, laistigh de 8 seachtain ón dáta a sheirbheálfar an fógra, achomharc a dhéanamh chun an Bhoird i gcoinne an fhógra.

(7)  I gcás ina dtionscnófar achomharc faoin alt seo i gcoinne fógra, féadfaidh an Bord an fógra a dhaingniú fara modhnuithe nó dá n-éagmais nó an fógra a neamhniú, agus beidh feidhm ag forálacha fho-alt (5), faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an mBord do chinneadh achomhairc faoin bhfo-alt seo, amhail mar atá feidhm acu maidir leis an údarás pleanála do dhéanamh cinnidh.

(8)  Beidh éifeacht le fógra faoin alt seo (seachas fógra a neamhneofar)—

(a)  i gcás nach ndéanfar aon achomharc ina choinne, ar an tréimhse chun achomharc a dhéanamh a bheith caite, nó

(b)  i gcás ina ndéanfar achomharc nó achomhairc ina choinne agus nach dtarraingeofar siar é nó iad, nuair a bheidh an t-achomharc nó na hachomhairc tarraingthe siar nó cinnte.

(9)  Más rud é nach mbeidh, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe i bhfógra faoin alt seo, nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, aon scartáil, díchur, athrú nó aischur a ceanglaíodh leis an bhfógra déanta, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach sa déanmhas agus cibé scartáil, díchur, athrú nó aischur a bheidh sonraithe san fhógra a dhéanamh.

(10)  I gcás ina gcomhlíonfar fógra faoin alt seo, íocfaidh an t-údarás pleanála leis an duine a chomhlíonfaidh an fógra na caiteachais a thabhóidh an duine le réasún le linn an scartáil, an díchur, an t-athrú nó an t-aischur a bheidh sonraithe san fhógra a dhéanamh, lúide luach aon ábhar intarrthála.

(11)  I gcás ina mainneoidh aon duine ar a seirbheálfar fógra faoin alt seo ceanglais an fhógra a chomhlíonadh, nó ina gcuirfidh sé nó sí faoi deara nó ina gceadóidh sé nó sí go mainneofar na ceanglais a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(12)  Déanfar sonraí fógra a sheirbheálfar nó a dhaingneofar faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár.

(13)  (a)  Féadfaidh údarás pleanála, ar chúiseanna sonraithe, le fógra i scríbhinn, fógra a bheidh seirbheáilte faoin alt seo a tharraingt siar.

(b)  I gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála fógra a tharraingt siar de bhun an fho-ailt seo, taifeadfaidh an t-údarás sa chlár gur tarraingíodh siar an fógra.

Comhaontuithe lena rialáiltear forbairt nó úsáid talún.

47. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála comhaontú a dhéanamh le haon duine ag a bhfuil leas i dtalamh ina limistéar, chun forbairt nó úsáid na talún a shrianadh nó a rialáil, go buan nó le linn cibé tréimhse a shonrófar leis an gcomhaontú, agus féadfaidh cibé forálacha teagmhasach agus forálacha iarmhartacha (lena n-áirítear forálacha a bhaineann le hairgeadas) is dealraitheach don údarás pleanála a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha an chomhaontaithe a bheith sa chomhaontú.

(2)  Féadfaidh údarás pleanála, le linn dó comhaontú faoin alt seo a dhéanamh, uamadh le haon chomhlacht ar údarás forordaithe é chun críocha alt 11.

(3)  Féadfaidh an t-údarás pleanála, nó aon chomhlacht a bheidh uamtha leis, comhaontú a dhéanfar faoin alt seo le haon duine ag a bhfuil leas i dtalamh a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine a dhíorthaíonn teideal faoin duine sin i leith na talún sin amhail is dá mbeadh talamh tadhlach leis ina sheilbh ag an údarás pleanála nó ag an gcomhlacht, de réir mar is cuí, agus amhail is dá ndéarfaí sa chomhaontú gur comhaontú chun tairbhe don talamh sin é.

(4)  Ní fhorléireofar aon ní san alt seo, ná in aon chomhaontú faoi, mar ní a shrianann an tAire, an Bord nó an t-údarás pleanála ó aon chumhachtaí is infheidhmithe aige nó aici faoin Acht seo a fheidhmiú i ndáil le talamh is ábhar d'aon chomhaontú den sórt sin, fad is nach bhfeidhmeofar na cumhachtaí sin ar shlí a dhéanfadh sárú ábhartha ar fhorálacha an phlean forbartha, nó ar shlí a cheanglódh aon chumhachtaí den sórt sin a fheidhmiú ar shlí a dhéanfadh sárú ábhartha ar na forálacha sin.

(5)  Déanfar sonraí comhaontaithe a dhéanfar faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár.

Ranníocaí forbartha.

48. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála, le linn dó cead a dheonú faoi alt 34, coinníollacha a chur san áireamh chun a cheangal go n-íocfar ranníoc i leith bonneagair phoiblí agus saoráidí poiblí a théann chun tairbhe d'fhorbairt i limistéar an údaráis pleanála agus a sholáthraítear, nó a bhfuil ar intinn go soláthrófar iad, ag údarás áitiúil nó thar a cheann (ar neamhaird le foinsí eile maoiniúcháin don bhonneagar agus do na saoráidí).

(2)  (a)  Faoi réir mhír (c), leagfar amach an bonn ar a ndéanfar ranníoc faoi fho-alt (1) a chinneadh i scéim ranníocaí forbartha arna déanamh faoin alt seo, agus féadfaidh údarás pleanála scéim amháin nó níos mó a dhéanamh i leith codanna éagsúla dá limistéar feidhme.

(b)  Féadfar foráil a dhéanamh le scéim maidir le ranníocaí éagsúla a íoc i leith aicmí nó tuairiscí éagsúla forbartha.

(c)  Féadfaidh údarás pleanála, i dteannta téarmaí scéime, a cheangal go n-íocfar ranníoc speisialta i leith forbartha áirithe i gcás ina ndéanfaidh aon údarás áitiúil costais eisceachtúla sonracha, nach mbeidh cumhdaithe le scéim, a thabhú i leith bonneagair phoiblí agus saoráidí poiblí a théann chun tairbhe don fhorbairt bheartaithe.

(3)  (a)  Sonrófar i scéim an bonn ar a ndéanfar ranníocaí a chinneadh, arb iad na ranníocaí iad a bheidh le híoc i leith bonneagair phoiblí agus saoráidí poiblí, de réir théarmaí na scéime.

(b)  Le linn an bonn ar a ndéanfar na ranníocaí a chinneadh de réir mhír (a) a lua, cuirfear in iúl sa scéim an ranníoc a bheidh le híoc i leith aicmí éagsúla bonneagair phoiblí agus saoráidí poiblí a sholáthraítear, nó atá le soláthar, ag aon údarás áitiúil agus beidh aird ag an údarás pleanála ar an gcostas measta iarbhír a ghabhfaidh leis na haicmí bonneagair phoiblí agus saoráidí poiblí a sholáthar, ach amháin nach bhféadfar aon tairbhe a fhabhróidh i leith forbartha a bheidh ann cheana féin a áireamh in aon chinneadh den sórt sin.

(c)  Féadfar a cheadú le scéim go n-íocfar ranníoc laghdaithe, nó nach n-íocfar ranníoc ar bith, in imthosca áirithe, de réir fhorálacha na scéime.

(4)  I gcás ina mbeartaíonn údarás pleanála scéim a dhéanamh faoin alt seo, déanfaidh sé fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar lena mbaineann an scéim, ar fógra é—

(a)  ina luafar gur ullmhaíodh dréacht-scéim,

(b)  ina dtabharfar mionsonraí na ranníocaí beartaithe faoin dréacht-scéim,

(c)  ina gcuirfear in iúl cé na tráthanna a bhféadfar, cén tréimhse (nach lú ná 6 sheachtain) ina bhféadfar, agus cén áit ina bhféadfar, cóip den dréacht-scéim a iniúchadh, agus

(d)  ina luafar go bhféadfar aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn chuig an údarás pleanála nó tuairimí a thabhairt i scríbhinn dó, i ndáil leis an dréacht-scéim, roimh dheireadh na tréimhse le haghaidh iniúchadh.

(5)  (a)  I dteannta cheanglais fho-alt (4), cuirfidh údarás pleanála cóip den dréacht-scéim chuig an Aire.

(b)  Féadfaidh an tAire moltaí a dhéanamh chuig an údarás pleanála maidir le téarmaí na dréacht-scéime, laistigh de 6 sheachtain ón tráth a chuirfear an scéim chuige nó chuici.

(6)  (a)  Tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis dheireadh na tréimhse le haghaidh aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt faoi fho-alt (4), ullmhóidh bainisteoir údaráis pleanála tuarascáil maidir le haon aighneachtaí nó tuairimí a bheidh faighte faoin bhfo-alt sin agus cuirfidh sé nó sí an tuarascáil faoi bhráid chomhaltaí an údaráis lena breithniú acu.

(b)  I dtuarascáil faoi mhír (a)

(i)  liostófar na daoine nó na comhlachtaí a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí faoin alt seo,

(ii)  tabharfar achoimre ar na saincheisteanna a bheidh dúisithe ag na daoine nó na comhlachtaí sna haighneachtaí nó sna tuairimí, agus

(iii)  tabharfar freagra an bhainisteora ar na saincheisteanna a bheidh dúisithe, agus aird á tabhairt ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir.

(7)  Breithneoidh comhaltaí an údaráis pleanála an dréacht-scéim agus tuarascáil an bhainisteora faoi fho-alt (6), agus beidh aird acu ar aon mholtaí a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (5).

(8)  (a)  Tar éis tuarascáil an bhainisteora a bhreithniú, agus tar éis aird a thabhairt ar aon mholtaí arna ndéanamh ag an Aire, déanfaidh an t-údarás pleanála an scéim, mura rud é go gcinnfidh sé, le rún, an scéim a athrú nó a mhodhnú, ar shlí eile seachas mar a mholfar i dtuarascáil an bhainisteora, nó mura gcinnfidh sé thairis sin gan an scéim a dhéanamh.

(b)  Ní mór rún faoi mhír (a) a rith tráth nach déanaí ná 6 sheachtain tar éis tuarascáil an bhainisteora a fháil.

(9)  (a)  I gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála scéim de réir fho-alt (8), foilseoidh an t-údarás fógra i dtaobh an scéim a dhéanamh nó a cheadú, de réir mar a bheidh, i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear ina limistéar.

(b)  I bhfógra faoi mhír (a)

(i)  tabharfar dáta chinneadh an údaráis pleanála maidir leis an dréacht-scéim,

(ii)  luafar cén cineál cinnidh a bhí ann, agus

(iii)  beidh cibé faisnéis eile a fhorordófar.

(10)  (a)  Faoi réir mhír (b), ní bheidh aon ábhar achomhairc ann chun an Bhoird i ndáil le coinníoll lena gceanglófar ranníoc a íoc de réir scéime a dhéanfar faoin alt seo.

(b)  Féadfar achomharc a thionscnamh chun an Bhoird i gcás ina measfaidh iarratasóir ar chead faoi alt 34 nach ndearnadh téarmaí na scéime a chur chun feidhme go cuí maidir le haon choinníoll arna leagan síos ag an údarás pleanála.

(c)  D'ainneoin alt 34(11), i gcás ina dtionscnófar achomharc de réir mhír (b), agus nach ndéanfaidh aon duine eile aon achomharc eile a thionscnamh i gcoinne chinneadh an údaráis pleanála faoi alt 37, déanfaidh an t-údarás an deonú ceada a luaithe is féidir tar éis dheireadh na tréimhse chun achomharc a dhéanamh, ar choinníoll go ndéanfaidh an duine a dhéanfaidh an t-achomharc de réir mhír (b) urrús a thabhairt don údarás pleanála go n-íocfar méid iomlán an ranníoca mar a shonraítear sa choinníoll.

(11)  I gcás ina dtionscnófar achomharc chun an Bhoird i leith diúltú cead a dheonú faoin gCuid seo, agus i gcás ina gcinnfidh an Bord cead a dheonú, déanfaidh sé, más cuí, forálacha na scéime ranníocaí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i limistéar na forbartha beartaithe a chur chun feidhme mar choinníoll leis an gcead.

(12)  I gcás ina gceanglófar ranníoc speisialta a íoc de réir fho-alt (2)(c), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(a)  sonrófar sa choinníoll na hoibreacha áirithe a bheidh déanta ag aon údarás áitiúil lena mbaineann an coinníoll nó a bheidh beartaithe aige a dhéanamh,

(b)  más rud é, maidir leis na hoibreacha lena mbaineann—

(i)  nach mbeidh siad tosaithe laistigh de 5 bliana ón dáta ar íocadh an ranníoc leis an údarás,

(ii)  go mbeidh siad tosaithe ach nach mbeidh siad críochnaithe laistigh de 7 mbliana ón dáta ar íocadh an ranníoc leis an údarás, nó

(iii)  i gcás ina gcinnfidh an t-údarás áitiúil gan leanúint ar aghaidh leis na hoibreacha beartaithe nó le cuid den chéanna,

déanfar, faoi réir mhír (c), an ranníoc a aisíoc leis an iarratasóir mar aon le haon ús a bheidh fabhraithe thar an tréimhse a raibh sé i seilbh an údaráis áitiúil,

(c)  más rud é, faoi fhomhír (ii)(iii) de mhír (b), go mbeidh caiteachas tabhaithe ag aon údarás áitiúil laistigh den tréimhse a cheanglaítear i leith cion de na hoibreacha a beartaíodh a dhéanamh, beidh aon aisíoc i gcomhréir leis na hoibreacha beartaithe sin nach mbeidh déanta.

(13)  (a)  D'ainneoin ailt 37 agus 139, i gcás nach mbainfidh achomharc a gheobhaidh an Bord tar éis thosach feidhme an ailt seo ach amháin le coinníoll a bhfuil baint aige le ranníoc speisialta, agus nach ndéanfaidh aon duine eile aon achomharc a thionscnamh faoi alt 37 i gcoinne chinneadh an údaráis pleanála faoin alt sin, ní thabharfaidh an Bord breith ar an iarratas iomchuí amhail is dá mba chuig an mBord a rinneadh é ar an gcéad ásc, ach tabharfaidh sé breith ar na nithe a bheidh faoi achomharc agus orthu sin amháin.

(b)  D'ainneoin alt 34(11), i gcás ina bhfaighidh an Bord achomharc dá dtagraítear i mír (a), agus nach ndéanfaidh aon duine eile aon achomharc a thionscnamh faoi alt 37, déanfaidh an t-údarás an deonú ceada a luaithe is féidir tar éis dheireadh na tréimhse le haghaidh achomharc a dhéanamh, ar choinníoll go ndéanfaidh an duine a dhéanfaidh an t-achomharc urrús a thabhairt don údarás pleanála, go dtí go ndéanfaidh an Bord a chinneadh, go n-íocfar méid iomlán an ranníoca mar a shonraítear sa choinníoll dá dtagraítear i mír (a).

(14)  (a)  Tabharfar cuntas ar airgead a fhabhróidh chuig údarás áitiúil faoin alt seo i gcuntas ar leithligh, agus ní chuirfear chun feidhme é ach amháin mar chaipiteal le haghaidh bonneagair phoiblí agus saoráidí poiblí.

(b)  I dtuarascáil ó údarás áitiúil faoi alt 50 den Acht Rialtais Áitiúil, 1991, beidh mionsonraí maidir leis an airgead a bheidh íoctha leis nó ag dul dó faoin alt seo agus cuirfear in iúl ann an tslí inar chaith aon údarás áitiúil airgead den sórt sin a bheidh íoctha leis.

(15)  (a)  Féadfaidh údarás pleanála íoc comhleanúnach ranníocaí faoin alt seo a éascú, agus féadfaidh sé a cheangal go dtabharfar urrús chun íoc na ranníocaí a chinntiú.

(b)  I gcás nach n-íocfar ranníoc de réir théarmaí an choinníll a bheidh leagtha síos ag an údarás pleanála, íocfar aon mhéideanna neamhíoctha a bheidh dlite don údarás pleanála, mar aon le haon ús a bheidh fabhraithe thar an tréimhse le linn don duine ar a mbeidh ceangal an ranníoc a íoc é a choimeád siar.

(c)  Féadfaidh údarás pleanála aon ranníoc nó ús a bheidh dlite don údarás pleanála faoin alt seo a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

(16)  (a)  Déanfaidh údarás pleanála scéim nó scéimeanna faoin alt seo laistigh de 2 bhliain ó thosach feidhme an ailt seo.

(b)  D'ainneoin aisghairm aon achtacháin leis an Acht seo, leanfaidh forálacha alt 26 d'Acht 1963, i ndáil lena cheangal go ndéanfar ranníocaí i leith caiteachais ag údaráis áitiúla ar oibreacha a éascaíonn forbairt, d'fheidhm a bheith acu go dtí go ndéanfar scéim faoin alt seo, ach ní bheidh feidhm acu tar éis dhá bhliain ó thosach feidhme an ailt seo.

(17)  San alt seo—

ciallaíonn “bonneagar poiblí agus saoráidí poiblí”—

(a)  talamh a fháil,

(b)  spásanna oscailte, saoráidí agus taitneamhachtaí áineasa agus pobail agus oibreacha tírdhreachaithe a sholáthar,

(c)  bóithre, carrchlóis, ionaid charrloctha, séaraigh, saoráidí cóireála dramhuisce agus uisce, draenacha agus príomhphíopaí uisce, a sholáthar,

(d)  buschonairí agus lánaí bus, saoráidí idirmhalartaithe busanna (lena n-áirítear carrchlóis do na saoráidí sin), bonneagar chun iompar poiblí a éascú, saoráidí rothaíochta agus coisithe, agus bearta maolaithe tráchta, a sholáthar,

(e)  bóithre, carrchlóis, ionaid charrloctha, séaraigh, saoráidí cóireála dramhuisce agus uisce, draenacha nó príomhphíopaí uisce a athchóiriú, a uasghrádú, a mhéadú nó a athsholáthar, agus

(f)  aon nithe atá coimhdeach i ndáil le míreanna (a) go (e);

ciallaíonn “scéim” scéim ranníocaí forbartha arna déanamh faoin alt seo;

ciallaíonn “ranníoc speisialta” ranníoc speisialta dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c).

Scéimeanna ranníocaí forbartha forlíontacha.

49. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála, le linn dó cead a dheonú faoi alt 34, coinníollacha a áireamh ann lena gceanglófar ranníoc a íoc i leith aon seirbhíse nó tionscadail bonneagair phoiblí—

(a)  a shonrófar i scéim arna déanamh ag an údarás pleanála (dá ngairtear “scéim ranníocaí forbartha fhorlíontach” ina dhiaidh seo san alt seo),

(b)  a sholáthróidh nó a dhéanfaidh, de réir mar is cuí, údarás pleanála nó, de bhun comhaontú arna dhéanamh ag údarás áitiúil, aon duine eile, agus

(c)  a rachaidh chun tairbhe don fhorbairt lena mbaineann an cead, ar í nó é a bheith déanta.

(2)  (a)  Déanfar méid, agus modh íoctha, ranníoca faoi fho-alt (1) a chinneadh de réir scéime ranníocaí forbartha forlíontaí.

(b)  Sonrófar i scéim ranníocaí forbartha fhorlíontach—

(i)  an limistéar nó na limistéir laistigh de limistéar feidhme an údaráis pleanála, agus

(ii)  an tionscadal nó an tseirbhís bonneagair phoiblí,

lena mbaineann sí, agus féadfar níos mó ná scéim amháin den sórt sin a dhéanamh i leith limistéir áirithe.

(c)  Féadfar le scéim ranníocaí forbartha fhorlíontach foráil a dhéanamh maidir le ranníocaí éagsúla a íoc i leith aicmí nó tuairiscí éagsúla forbartha.

(3)  Beidh feidhm ag fo-ailt (3), (4), (5), (6), (7), (8), (9), (10), (11) agus (15) d'alt 48 maidir le scéim—

(a)  faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar tagairtí sna fo-ailt sin do scéim a fhorléiriú mar thagairtí do scéim ranníocaí forbartha fhorlíontach.

(b)  faoi réir aon mhodhnuithe eile is gá, agus

(c)  faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(4)  (a)  Féadfaidh údarás pleanála comhaontú a dhéanamh le haon duine i ndáil le tionscadal nó seirbhís bonneagair phoiblí a dhéanamh, nó a sholáthar, de réir mar is cuí.

(b)  Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfar le comhaontú foráil a dhéanamh—

(i)  maidir leis an modh ina mbeidh an tseirbhís nó an tionscadal le soláthar nó le déanamh, de réir mar a bheidh, lena n-áirítear foráil maidir le foirgniú nó cothabháil aon bhonneagair nó maidir le hoibriú aon seirbhíse nó saoráide,

(ii)  maidir le socruithe i dtaca le maoiniú an tionscadail nó na seirbhíse agus leis an modh inar féidir ranníocaí a íocfar le húdarás pleanála, nó a bheidh ag dul dó, de bhun coinníll faoi fho-alt (1) a chur chun feidhme i leith an tionscadail nó na seirbhíse sin,

(iii)  maidir le cibé comhaontuithe breise a mbeidh gá leo a dhéanamh le haon duine eile i dtaca le maoiniú agus soláthar na seirbhíse sin nó le déanamh an tionscadail sin,

(iv)  maidir le teacht i bhfeidhm agus ré an chomhaontaithe agus le faireachán a dhéanamh air (lena n-áirítear díospóidí a réiteach).

(5)  Ní cheanglóidh údarás pleanála, de bhun coinníll faoi fho-alt (1), go n-íocfar ranníoc i leith tionscadail nó seirbhíse bonneagair phoiblí i gcás ina mbeidh ranníoc déanta ag an duine lena mbaineann faoi alt 48 i leith bonneagair phoiblí agus saoráidí poiblí a raibh an tionscadal nó an tseirbhís bonneagair phoiblí sin ina chuid nó ina cuid de nó díobh.

(6)  Féadfaidh údarás pleanála, tráth ar bith, le rún, scéim ranníocaí forbartha fhorlíontach a leasú chun an modh ina gcinnfear ranníoc de bhun coinníll faoi fho-alt (1) a mhodhnú, i gcás inar lú an costas a ghabhann leis an tionscadal nó an tseirbhís bonneagair phoiblí a dhéanamh nó a sholáthar, de réir mar a bheidh, ná an costas a measadh an tráth a chinn an t-údarás pleanála méid an ranníoca den chéad uair.

(7)  San alt seo, ciallaíonn “tionscadal nó seirbhís bonneagair phoiblí”—

(a)  bonneagar áirithe iarnróid, iarnróid éadroim nó iompair phoiblí eile, lena n-áirítear carrchlóis agus forbairt choimhdeach eile, a sholáthar,

(b)  bóithre nua áirithe a sholáthar,

(c)  séaraigh, saoráidí dramhaíola, saoráidí uisce agus saoráidí cóireála uisce, draenacha nó príomhphíopaí uisce nua áirithe agus bonneagar coimhdeach a sholáthar.

Athbhreithniú bhreithiúnach ar achomhairc, tarchuir agus nithe eile.

50. —(1)  I gcás ina n-éireoidh ceist dlí ar aon achomharc nó tarchur, féadfaidh an Bord an cheist a tharchur chun na hArd-Chúirte lena cinneadh.

(2)  Ní dhéanfaidh duine—

(a)  bailíocht cinnidh ag údarás pleanála—

(i)  ar iarratas ar chead faoin gCuid seo, nó

(ii)  faoi alt 179,

(b)  bailíocht cinnidh ag an mBord—

(i)  ar aon achomharc nó tarchur,

(ii)  faoi alt 175, nó

(iii)  faoi Chuid XIV,

a cheistiú ar shlí seachas ar mhodh iarratais ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986) (“an tOrdú”).

(3)  Féadfaidh an Bord nó aon pháirtí in achomharc nó i dtarchur, tráth ar bith tar éis iarratas a thionscnamh ar chead chun athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh ag údarás pleanála a iarraidh, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun na himeachtaí a bhac go dtí go ndéanfaidh an Bord cinneadh i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur lena mbaineann, agus féadfaidh an Chúirt, i gcás ina measfaidh sí go bhfuil an ní laistigh de dhlínse an Bhoird, ordú a dhéanamh ar cibé téarmaí is cuí léi.

(4)  (a)  (i)  Faoi réir fhomhír (iii), aon iarratas ar chead chun athbhreithniú breithiúnach a iarraidh faoin Ordú i leith cinnidh dá dtagraítear i mír (a)(i)(b)(i) d'fho-alt (2), déanfar é laistigh den tréimhse 8 seachtain dar tosach dáta chinneadh an údaráis pleanála nó an Bhoird, de réir mar a bheidh.

(ii)  Faoi réir fhomhír (iii), aon iarratas ar chead chun athbhreithniú breithiúnach a iarraidh faoin Ordú i leith cinnidh dá dtagraítear i mír (a)(ii)(b)(ii)(iii) d'fho-alt (2), déanfar é laistigh den tréimhse 8 seachtain dar tosach an dáta a foilsíodh fógra i dtaobh an chinnidh den chéad uair.

(iii)  Ní fhadóidh an Ard-Chúirt an tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír (i)(ii) mura rud é go measfaidh sí go bhfuil cúis mhaith dhóthanach ann chun déanamh amhlaidh.

(b)  Aon iarratas ar chead chun athbhreithniú breithiúnach a iarraidh, déanfar é trí fhoriarratas, iar bhfógra (a bheidh bunaithe ar an modh a shonraítear san Ordú i leith foriarratais ex parte ar chead)—

(i)  má bhaineann an t-iarratas le cinneadh dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (2), chun an údaráis pleanála lena mbaineann agus, maidir le cinneadh ar iarratas ar chead faoin gCuid seo, chun an iarratasóra ar an gcead i gcás nach é nó í an t-iarratasóir ar chead chun athbhreithniú breithiúnach a iarraidh,

(ii)  má bhaineann an t-iarratas le cinneadh dá dtagraítear i bhfomhír (i) d'fho-alt (2)(b), chun an Bhoird agus gach páirtí nó gach páirtí eile, de réir mar a bheidh, san achomharc nó sa tarchur,

(iii)  má thagraíonn an t-iarratas do chinneadh dá dtagraítear i bhfomhír (ii)(iii) d'fho-alt (2)(b), chun an Bhoird agus chun an údaráis pleanála nó an údaráis áitiúil lena mbaineann, agus

(iv)  chun aon duine eile a shonrófar chun na críche sin le hordú ón Ard-Chúirt,

agus ní dheonófar cead chun athbhreithniú breithiúnach a iarraidh mura rud é gur deimhin leis an Ard-Chúirt go bhfuil forais shubstaintiúla ann lena mhaíomh go bhfuil an cinneadh neamhbhailí nó gur ceart é a neamhniú, agus go bhfuil leas substaintiúil ag an iarratasóir sa ní is ábhar don iarratas.

(c)  Gan dochar do ghinearáltacht mhír (b), ní dheonófar cead d'iarratasóir chun athbhreithniú breithiúnach a iarraidh mura suífidh an t-iarratasóir chun sástacht na hArd-Chúirte—

(i)  maidir leis an iarratasóir—

(I)  i gcás cinnidh ag údarás pleanála ar iarratas ar chead faoin gCuid seo, gurbh iarratasóir ar chead é nó í nó gur comhlacht forordaithe nó duine eile é nó í a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe,

(II)  i gcás cinnidh ag údarás pleanála faoi alt 179, gur comhlacht forordaithe nó duine eile é nó í a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe,

(III)  i gcás cinnidh ag an mBord ar aon achomharc nó tarchur, gur pháirtí san achomharc nó sa tarchur é nó í nó gur comhlacht forordaithe nó duine eile é nó í a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur sin,

(IV)  i gcás cinnidh ag an mBord faoi alt 175, gurb é an t-údarás pleanála é a rinne iarratas ar cheadú, nó gur údarás forordaithe nó duine eile é nó í a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí faoi fho-alt (4)(5) den alt sin, nó

(V)  i gcás cinnidh ag an mBord faoi Chuid XIV, gur údarás áitiúil é a bhfuil beartaithe aige talamh a fháil nó scéim nó forbairt bhóthair bheartaithe a dhéanamh nó gur duine é nó í a rinne agóidí nó aighneachtaí, nó a thug tuairimí, i ndáil leis an togra sin,

(ii)  i gcás duine (seachas duine lena mbaineann clásal (I), (II), (III), (IV)(V)), go raibh cúiseanna maithe dóthanacha ann nach ndearna sé nó sí agóidí nó aighneachtaí, nó nár thug sé nó sí tuairimí, de réir mar a bheidh.

(d)  Ní bheidh leas substaintiúil chun críocha mhír (b) teoranta do leas i dtalamh nó leas airgeadais eile.

(e)  Ní cheanglófar ar Bhallstát de na Comhphobail Eorpacha ná ar stát is páirtí sa Choinbhinsiún Trasteorann, le linn dó iarratas a dhéanamh ar chead chun athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh dá dtagraítear i mír (c) a iarraidh, forálacha an ailt sin a chomhlíonadh.

(f)    (i) Is breith chríochnaitheach breith na hArd-Chúirte maidir le hiarratas ar chead chun athbhreithniú breithiúnach a iarraidh, nó maidir le hiarratas ar athbhreithniú breithiúnach, agus ní fhéadfar aon achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinne chinneadh na hArd-Chúirte i gceachtar cás, ach amháin le cead ón Ard-Chúirt, agus ní dheonófar an cead sin ach amháin i gcás ina ndeimhneoidh an Ard-Chúirt go bhfuil ponc dlí a ngabhann tábhacht phoiblí eisceachtúil leis i gceist ina cinneadh agus gurb inmhianaithe, ar mhaithe le leas an phobail, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí.

(ii)  Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le breith ag an Ard-Chúirt a mhéid a bhaineann sí le ceist i dtaobh bhailíocht aon dlí, ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta.

(g)  I gcás nach ndéanfar iarratas ar athbhreithniú breithiúnach faoin alt seo i leith cuid de chinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus i leith na coda sin amháin, féadfaidh an Ard-Chúirt, más cuí léi, a dhearbhú go bhfuil an chuid lena mbaineann nó aon fhoráil di neamhbhailí nó féadfaidh sí an chuid sin nó aon fhoráil di a neamhniú, gan a dhearbhú go bhfuil an chuid eile den chinneadh nó den chuid de chinneadh neamhbhailí nó gan an chuid eile sin nó den chuid sin de chinneadh a neamhniú, agus má dhéanann an Chúirt amhlaidh, féadfaidh sí aon leasuithe iarmhartacha is cuí léi a dhéanamh ar an gcuid eile den chinneadh nó den chuid de chinneadh.

(h)  Déanfar tagairtí i bhfo-alt (2) agus san fho-alt seo don Ordú a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Ordú arna leasú nó arna athachtú (fara modhnú nó dá éagmais) le rialacha cúirte.

(5)  (a)  I gcás ina ndéanfar iarratas ar chead chun athbhreithniú breithiúnach a iarraidh, nó ina ndéanfar iarratas ar athbhreithniú breithiúnach—

(i)  maidir le cinneadh ag údarás pleanála faoi alt 34 is d'aicme a mbeidh ordachán tugtha ag an Aire i ndáil léi faoi alt 126(5),

(ii)  maidir le cinneadh ag an mBord ar achomharc i gcoinne cinnidh is d'aicme a mbeidh ordachán tugtha ag an Aire i ndáil léi faoi alt 126(5),

(iii)  maidir le cinneadh ag údarás pleanála dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a)(ii), nó

(iv)  maidir le cinneadh ag an mBord dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b)(ii)(iii),

gníomhóidh an Ard-Chúirt, le linn di breith a thabhairt ar an iarratas, chomh dlúsúil agus is féidir ar comhréir le riaradh an cheartais.

(b)  Gníomhóidh an Chúirt Uachtarach chomh dlúsúil agus is féidir ar comhréir le riaradh an cheartais le linn di breith a thabhairt ar aon achomharc arna dhéanamh i leith breithe ag an Ard-Chúirt ar iarratas dá dtagraítear i mír (a).

(c)  Féadfar le rialacha cúirte foráil a dhéanamh maidir le hiarratas dá dtagraítear i mír (a) a éisteacht go dlúsúil.

CUID IV

Oidhreacht Ailtireachta

Caibidil I

Déanmhais Chosanta

Taifead ar dhéanmhais chosanta.

51. —(1)  Chun déanmhais, nó codanna de dhéanmhais, is cuid den oidhreacht ailtireachta agus is díol spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, a chosaint, beidh taifead ar dhéanmhais chosanta ar áireamh i ngach plean forbartha, agus áireofar sa taifead sin gach déanmhas arb é tuairim an údaráis pleanála ina leith gur díol spéise den sórt sin é laistigh dá limistéar feidhme.

(2)  Tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, forordóidh an tAire an fhoirm ina mbeidh taifead ar dhéanmhais chosanta.

(3)  Faoi réir aon ábhar a chur leis an taifead nó a scriosadh as, cibé acu faoin gCuid seo nó i gcúrsa athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean forbartha faoi Chuid II, leanfaidh taifead ar dhéanmhais chosanta de bheith ina chuid den phlean sin nó d'aon athrú ar an bplean nó d'aon phlean ionaid.

Treoirlínte ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

52. —(1)  Déanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, treoirlínte a eisiúint chuig údaráis phleanála i dtaobh cuspóirí forbartha—

(a)  chun déanmhais nó codanna de dhéanmhais, is díol spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, a chosaint, agus

(b)  chun sainghné limistéar caomhantais ailtireachta a shlánchoimeád,

agus áireofar in aon treoirlínte den sórt sin na critéir a bheidh le cur i bhfeidhm nuair a bheidh déanmhais chosanta bheartaithe á roghnú lena n-áireamh sa taifead ar dhéanmhais chosanta.

(2)  Féadfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, tar éis dul i gcomhairle le húdaráis aon aicmí creidimh a measfaidh sé nó sí gur gá dul i gcomhairle leo, treoirlínte a eisiúint chuig údaráis phleanála i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a)  dearbhuithe a eisiúint faoi alt 57 i leith déanmhas cosanta a úsáidtear go rialta mar áiteanna adhartha phoiblí, agus

(b)  na húdaráis phleanála do bhreithniú iarratas ar fhorbairt a fhearann ar an taobh istigh de dhéanmhais chosanta den sórt sin.

(3)  Le linn cuspóirí forbartha a bhreithniú, beidh aird ag an údarás pleanála ar aon treoirlínte a eiseofar faoin alt seo.

(4)  San alt seo ciallaíonn “cuspóir forbartha” cuspóir a bheartaíonn údarás pleanála a chur san áireamh ina phlean forbartha faoi alt 10.

Moltaí d'údaráis phleanála i dtaobh déanmhas sonrach.

53. —(1)  Féadfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán moltaí a chur faoi bhráid údaráis pleanála i scríbhinn i dtaobh aon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas a chur san áireamh ina thaifead ar déanmhais chosanta—

(a)  déanmhais áirithe;

(b)  codanna sonracha de dhéanmhais áirithe;

(c)  airíonna sonracha atá laistigh d'fhearainn chomhghafacha déanmhas áirithe.

(2)  Beidh aird ag údarás pleanála ar aon mholtaí a chuirfear faoina bhráid faoin alt seo.

(3)  Aon údarás pleanála a chinnfidh, tar éis moladh a chuirtear faoina bhráid faoin alt seo a bhreithniú, gan an moladh a chomhlíonadh, déanfaidh sé an chúis atá lena chinneadh a chur in iúl i scríbhinn don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

Ábhar a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta agus a scriosadh as an gcéanna.

54. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála déanmhas, cuid shonraithe de dhéanmhas nó airí sonraithe de chuid fearainn chomhghafaigh déanmhais a chur lena thaifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as an gcéanna, más rud é—

(a)  go measfaidh an t-údarás—

(i)  i gcás ábhar a chur leis an taifead, gur gá nó gurb inmhianaithe an t-ábhar a chur leis chun déanmhas, nó cuid de dhéanmhas, is díol spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, a chosaint, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh moladh déanta faoi alt 53, nó

(ii)  i gcás ábhar a scriosadh as an taifead, nach gá an déanmhas nó an chuid a chosaint a thuilleadh,

agus

(b)  go ndéanfar an t-ábhar a chur leis nó a scriosadh as nuair a bheidh plean forbartha á dhéanamh faoi Chuid II nó de réir alt 55.

(2)  Is feidhm fhorchoimeádta í ábhar a chur le taifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as an gcéanna.

Nós imeachta chun ábhar a chur leis an taifead nó a scriosadh as.

55. —(1)  Aon údarás pleanála a bheartaíonn, aon tráth seachas i gcúrsa a phlean forbartha a dhéanamh faoi Chuid II, ábhar a chur lena thaifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as an gcéanna, déanfaidh sé—

(a)  fógra maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as, lena n-áirítear na sonraí, a sheirbheáil ar gach duine is úinéir nó áititheoir an déanmhais chosanta bheartaithe nó an déanmhais chosanta, de réir mar a bheidh,

(b)  sonraí maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as a chur chuig an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus chuig aon chomhlachtaí forordaithe eile, agus

(c)  a chur faoi deara go bhfoilseofar fógra i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear ina limistéar feidhme maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as.

(2)  Luafar na nithe seo a leanas i bhfógra faoi mhír (a)(c) d'fho-alt (1)

(a)  go bhféadfar sonraí maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as a iniúchadh in áit shonraithe, le linn tréimhse sonraithe nach lú ná 6 sheachtain;

(b)  go bhféadfaidh aon duine, le linn na tréimhse sin, aighneachtaí nó tuairimí scríofa a dhéanamh chuig an údarás pleanála nó a thabhairt dó maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as, agus go gcuirfear aon aighneachtaí nó tuairimí den sórt sin san áireamh sula ndéanfar an t-ábhar lena mbaineann a chur leis nó a scriosadh as;

(c)  maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as, cibé acu a mhol nó nár mhol an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an méid sin a dhéanamh;

(d)  más rud é, maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as, gur mhol an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an méid sin a dhéanamh, go ndéanfaidh an t-údarás pleanála cóip d'aon aighneacht a dhéanfar nó tuairim a thabharfar faoi mhír (b) a chur ar aghaidh chuig an Aire sin chun a thuairimí nó a tuairimí a fháil.

(3)  Sula ndéanfaidh an t-údarás pleanála an t-ábhar a chur leis an taifead nó a scriosadh as—

(a)  déanfaidh sé aon aighneachtaí nó tuairimí scríofa a bheidh faighte faoi fho-alt (2)(b) a bhreithniú, agus

(b)  beidh aird aige ar aon tuairimí a bheidh faighte ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, i dtaobh na n-aighneachtaí nó na dtuairimí sin, laistigh de 4 sheachtain tar éis don Aire sin cóip de na haighneachtaí nó de na tuairimí a fháil.

(4)  Laistigh de 12 sheachtain tar éis dheireadh na tréimhse a cheadaítear faoi fho-alt (2)(a) le haghaidh iniúchadh, cinnfidh an t-údarás pleanála, maidir leis an ábhar a bheartaítear a chur leis an taifead nó a scriosadh as, cibé acu ar chóir nó nár chóir an méid sin a dhéanamh.

(5)  Laistigh de 2 sheachtain tar éis dó ábhar a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as, déanfaidh údarás pleanála fógra maidir leis an ábhar a chur leis nó a scriosadh as, lena n-áirítear na sonraí, a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais lena mbaineann.

Clárú faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964.

56. —I gcás ina ndéanfar déanmhas, cuid shonraithe de dhéanmhas nó airí sonraithe atá laistigh d'fhearann comhghafach déanmhais a áireamh sa taifead ar dhéanmhais chosanta, féadfar an t-áireamh sin a chlárú faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964, sa chlár cuí a bheidh á chothabháil faoin Acht sin mar ualach a luíonn ar thalamh cláraithe (de réir bhrí an Achta sin).

Oibreacha a dhéanann difear do shainghné déanmhas cosanta nó déanmhas cosanta beartaithe.

57. —(1)  D'ainneoin alt 4 (1)(h), ní bheidh déanamh oibreacha i leith déanmhais chosanta, nó i leith déanmhais chosanta bheartaithe, ina fhorbairt dhíolmhaithe ach amháin i gcás nach ndéanfadh na hoibreacha sin difear ábhartha—

(a)  do shainghné an déanmhais, nó

(b)  do shainghné aon eiliminte den déanmhas a chuireann leis an spéisiúlacht ar leith atá ann ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla.

(2)  Féadfaidh úinéir nó áititheoir déanmhais chosanta iarraidh i scríbhinn a dhéanamh chuig an údarás pleanála ar ina limistéar feidhme atá an déanmhas sin suite, á iarraidh air dearbhú a eisiúint maidir leis an gcineál oibreacha a dhéanfadh nó nach ndéanfadh, i dtuairim an údaráis pleanála, difear ábhartha do shainghné an déanmhais nó aon eiliminte, dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), den déanmhas sin.

(3)  Laistigh de 12 sheachtain tar éis iarraidh faoi fho-alt (2) a fháil, nó laistigh de cibé tréimhse eile a fhorordófar, eiseoidh údarás pleanála dearbhú faoin alt seo chuig an duine a rinne an iarraidh.

(4)  Sula n-eiseoidh sé dearbhú faoin alt seo, beidh aird ag údarás pleanála—

(a)  ar aon treoirlínte arna n-eisiúint faoi alt 52, agus

(b)  ar aon mholtaí a cuireadh faoi bhráid an údaráis faoi alt 53.

(5)  Má bhaineann an dearbhú le déanmhas cosanta a úsáidtear go rialta mar áit adhartha phoiblí—

(a)  déanfaidh an t-údarás pleanála, i dteannta aird a thabhairt ar na treoirlínte agus ar na moltaí dá dtagraítear i bhfo-alt (4), riachtanais liotúirgeacha a urramú, agus

(b)  chun na riachtanais sin a fhionnadh—

(i)  comhlíonfaidh an t-údarás pleanála aon treoirlínte i dtaobh comhchomhairliúcháin a eiseoidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, nó

(ii)  mura n-eiseofar aon treoirlínte den sórt sin, rachaidh an t-údarás pleanála i gcomhairle le cibé duine nó comhlacht is cuí leis.

(6)  Le linn dó iarratas ar chead chun talamh a fhorbairt faoi alt 34 a bhreithniú, ar iarratas é—

(a)  a bhaineann leis an taobh istigh de dhéanmhas cosanta, agus

(b)  a úsáidtear go rialta mar áit adhartha phoiblí,

déanfaidh an t-údarás pleanála, agus an Bord ar achomharc, i dteannta aon cheanglas eile de chuid an Achta, riachtanais liotúirgeacha a urramú.

(7)  Féadfaidh údarás pleanála, aon tráth, an dearbhú a eisíodh faoin alt seo a athbhreithniú ach ní dhéanfaidh an t-athbhreithniú difear d'aon oibreacha a rinneadh ar iontaoibh an dearbhaithe roimh an athbhreithniú.

(8)  Cuirfidh údarás pleanála faoi deara—

(a)  mionsonraí aon dearbhaithe a bheidh eisithe ag an údarás sin faoin alt seo a thaifeadadh ar an gclár a bheidh á choimeád ag an údarás faoi alt 7, agus

(b)  cóip den dearbhú a chur ar fáil lena hiniúchadh ag daoine den phobal le linn uaireanta oifige, ag oifig an údaráis, tar éis an dearbhú a eisiúint.

(9)  Ní dhéanfaidh dearbhú faoin alt seo dochar d'fheidhm alt 5 maidir le haon cheist a éireoidh i dtaobh cad is forbairt dhíolmhaithe ann nó cad nach forbairt dhíolmhaithe ann, i gcás áirithe.

(10)  (a)  Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo—

(i)  go mbeidh aird ag an údarás pleanála, nó ag an mBord ar achomharc, le linn aon iarratas ar chead i ndáil le déanmhas cosanta a bhreithniú, ar stádas cosanta an déanmhais, nó

(ii)  go gcuirfidh an t-údarás pleanála, nó an Bord ar achomharc, san áireamh, le linn dó aon iarratas ar chead i ndáil le déanmhas cosanta beartaithe a bhreithniú, go bhfuil sé beartaithe an déanmhas a chur le taifead ar dhéanmhais chosanta.

(b)  Ní dheonóidh údarás pleanála, ná ní dheonóidh an Bord ar achomharc, cead chun déanmhas cosanta nó déanmhas cosanta beartaithe a scartáil, ach amháin in imthosca eisceachtúla.

Dualgas ar úinéirí agus áititheoirí déanmhais a chosaint ar chur i mbaol.

58. —(1)  Déanfaidh gach úinéir agus gach áititheoir, a mhéid a bheidh ar comhréir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí a éiríonn as a leasanna faoi seach i ndéanmhas cosanta nó i ndéanmhas cosanta beartaithe, a chinntiú nach ndéanfar an déanmhas, nó aon eilimint de a chuireann leis an spéisiúlacht ar leith atá ann ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, a chur i mbaol.

(2)  Is ag an tráth a thugtar fógra don úinéir nó don áititheoir, faoi alt 55 nó faoi Chuid II, i dtaobh é a bheith beartaithe déanmhas cosanta beartaithe a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta a éiríonn an dualgas a fhorchuirtear le fo-alt (1) i ndáil leis an déanmhas.

(3)  Ní mheasfar gur sárú ar an dualgas a fhorchuirtear ar gach úinéir agus ar gach áititheoir faoin alt seo ceachtar de na nithe seo a leanas—

(a)  forbairt ar deonaíodh cead faoi alt 34 ina leith;

(b)  forbairt nach bhfuil inti ach oibreacha de chineál ar dhearbhaigh údarás pleanála ina leith, i ndearbhú arna eisiúint faoi alt 57(3) chuig an úinéir nó chuig an áititheoir sin, nach ndéanfadh sé difear ábhartha do shainghné an déanmhais chosanta nó aon eiliminte, dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, den déanmhas sin.

(4)  Aon duine a dhéanfaidh, gan údarás dleathach, damáiste do dhéanmhas cosanta nó do dhéanmhas cosanta beartaithe, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5)  Gan dochar d'aon chosaint eile a d'fhéadfadh a bheith ar fáil, is cosaint mhaith in aon imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (4) a chruthú gur tharla an damáiste don déanmhas de dheasca oibreacha—

(a)  a raibh gá leo go práinneach chun slánchoimeád an déanmhais nó aon chuid de a áirithiú,

(b)  a gabhadh de láimh de mheon macánta d'aon toisc chun an déanmhas a choimirciú go sealadach, agus

(c)  nár dhóigh dóibh an déanmhas nó aon eilimint de dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a athrú go buan.

Fógra chun a cheangal oibreacha a dhéanamh i ndáil le déanmhais chosanta a chur i mbaol.

59. —(1)  Más rud é, i dtuairim an údaráis pleanála, gur gá é chun nach dtiocfaidh déanmhas cosanta atá suite laistigh dá limistéar feidhme chun bheith i mbaol nó chun nach leanfaidh sé de bheith i mbaol, seirbheálfaidh an t-údarás fógra ar gach duine is úinéir nó áititheoir an déanmhais chosanta, ar fógra é—

(a)  ina sonrófar na hoibreacha a mheasann an t-údarás pleanála is gá chun nach dtiocfaidh an déanmhas cosanta chun bheith i mbaol nó chun nach leanfaidh sé de bheith i mbaol, agus

(b)  ina gceanglófar ar an duine ar a mbeidh an fógra á sheirbheáil na hoibreacha sin a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná 8 seachtain ón dáta a dtiocfaidh an fógra in éifeacht faoi alt 62.

(2)  Tar éis dó fógra faoi fho-alt (1) a sheirbheáil ar dhuine, féadfaidh údarás pleanála—

(a)  dá rogha féin, cabhrú leis an duine na hoibreacha a dhéanamh a cheanglaítear a dhéanamh faoin bhfógra, agus

(b)  an chabhair sin a chur ar fáil in aon fhoirm is cuí leis, lena náirítear comhairle, cúnamh airgid, ábhair, trealamh agus seirbhísí fhoireann an údaráis.

(3)  Féadfaidh aon duine ar ar seirbheáladh fógra faoi fho-alt (1), laistigh de 4 sheachtain ó dháta seirbheála an fhógra, uiríll scríofa a chur faoi bhráid an údaráis pleanála i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a)  téarmaí an fhógra,

(b)  cabhair a chur ar fáil faoi fho-alt (2), agus

(c)  aon chúinsí ábhartha eile.

(4)  Tar éis dó aon uiríll a rinneadh faoi fho-alt (3) a bhreithniú, féadfaidh an t-údarás pleanála an fógra a dhaingniú, a leasú nó a chúlghairm, agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don duine a rinne na huiríll.

(5)  Déanfar sonraí i dtaobh fógra a sheirbheálfar faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár.

Fógra chun a cheangal sainghné déanmhas cosanta agus áiteanna eile a aisiriú.

60. —(1)  San alt seo, folaíonn “oibreacha”, i ndáil le déanmhas nó le haon eilimint de dhéanmhas, aon chuid shonraithe den déanmhas nó den eilimint a dhíchur, a athrú nó a aischur agus aon déanmhas fógráin a dhíchur nó a athrú.

(2)  Féadfaidh údarás pleanála fógra a chomhlíonann fo-alt (3) a sheirbheáil ar gach duine is úinéir nó áititheoir déanmhais atá suite laistigh dá limistéar feidhme, más rud é—

(a)  gur déanmhas cosanta an déanmhas agus gurb é tuairim an údaráis pleanála ina leith gur chóir sainghné an déanmhais nó aon cheann dá eilimintí a aisiriú, nó

(b)  go bhfuil an déanmhas i limistéar caomhantais ailtireachta agus, i dtuairim an údaráis pleanála, gur gá, chun sainghné an limistéir a shlánchoimeád, an déanmhas a aisiriú.

(3)  I bhfógra faoi fho-alt (2)

(a)  sonrófar na hoibreacha a cheanglaítear a dhéanamh chun an déanmhas nó an eilimint dá dtagraítear san fhógra a aisiriú,

(b)  luafar go bhféadfaidh an duine ar a seirbheálfar an fógra, laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná 8 seachtain ó dháta seirbheála an fhógra, uiríll scríofa i dtaobh an fhógra a chur faoi bhráid an údaráis pleanála,

(c)  iarrfar ar an duine sin dul i mbun pléití leis an údarás pleanála, laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná 8 seachtain ó dháta seirbheála an fhógra, i dtaobh an fhógra agus go háirithe—

(i)  i dtaobh an t-údarás pleanála do sholáthar comhairle, ábhar, trealaimh, seirbhísí fhoireann an údaráis nó cabhrach eile chun na hoibreacha a shonraítear san fhógra a dhéanamh, agus

(ii)  i dtaobh na tréimhse ar lena linn a dhéanfar na hoibreacha,

(d)  sonrófar an tréimhse ar lena linn, mura gcomhaontófar a mhalairt sna pléití faoi mhír (c), a dhéanfar na hoibreacha, ar tréimhse í nach lú ná 8 seachtain ó dheireadh na tréimhse a bheidh ceadaithe chun dul i mbun pléití, agus

(e)  luafar go n-íocfaidh an t-údarás pleanála aon chaiteachais a thabhóidh an duine sin le réasún le linn dó nó di na hoibreacha a dhéanamh de réir an fhógra, seachas oibreacha a bhaineann le déanmhas neamhúdaraithe a foirgníodh, a tógadh nó a rinneadh 7 mbliana ar a mhéad roimh sheirbheáil an fhógra.

(4)  Le linn dó cinneadh a dhéanamh i dtaobh an seirbheálfaidh sé fógra faoin alt seo, beidh aird ag údarás pleanála ar aon treoirlínte arna n-eisiúint faoi alt 52 agus ar aon mholtaí arna ndéanamh faoi alt 53.

(5)  Má ghlactar leis an gcuireadh faoi fho-alt (3)(c) chun dul i mbun pléití, urasóidh an t-údarás pleanála seoladh na bpléití sin.

(6)  Tar éis dó aon uiríll a rinneadh faoi fho-alt (3)(b) agus aon phléití a seoladh faoi fho-alt (5) a bhreithniú, féadfaidh an t-údarás pleanála an fógra a dhaingniú, a leasú nó a chúlghairm, agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don duine a rinne na huiríll.

(7)  Déanfar sonraí i dtaobh fógra a sheirbheálfar faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár.

Achomhairc i gcoinne fógraí.

61. —(1)  Laistigh de 2 sheachtain tar éis daingniú nó leasú fógra a bheith curtha in iúl dó nó di faoi alt 59 (4)60 (6), féadfaidh aon duine a rinne uiríll i ndáil leis an bhfógra achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcoinne an fhógra ar aon fhoras nó forais díobh seo a leanas:

(a)  nach é nó nach í an duine úinéir nó áititheoir an déanmhais ar ar seirbheáladh an fógra ina leith;

(b)  go mbeadh, i gcás fógra faoi alt 59(1), caiteachas míréasúnach ag baint le comhlíonadh cheanglais an fhógra, agus gur luaigh an duine, in uiríll a cuireadh faoi bhráid an údaráis pleanála faoi alt 59(3), nárbh acmhainn dó nó di íoc;

(c)  go bhfuil an duine tar éis gach beart réasúnach a dhéanamh cheana féin—

(i)  i gcás fógra faoi alt 59(1), chun nach dtiocfaidh an déanmhas chun bheith i mbaol nó chun nach leanfaidh sé de bheith i mbaol,

(ii)  i gcás fógra faoi alt 60)(2) i ndáil le déanmhas cosanta, chun sainghné an déanmhais nó na heiliminte a aisiriú, nó

(iii)  i gcás fógra faoi alt 60(2) i ndáil le déanmhas is cuid d'áit, de limistéar, de ghrúpa déanmhas nó de bhailedhreach dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin, chun cabhrú le haisiriú shainghné na háite, an limistéir, an ghrúpa déanmhas nó an bhailedhreacha sin, de réir mar a bheidh;

(d)  go bhfuil an tréimhse chun an fógra a chomhlíonadh gearr thar réasún.

(2)  Tabharfar fógra i taobh achomhairc faoi fho-alt (1) don údarás pleanála, agus beidh an t-údarás sin i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc a éisteacht.

(3)  Ar an achomharc a éisteacht, féadfaidh an Chúirt Dúiche, de réir mar is cuí léi—

(a)  an fógra a dhaingniú gan choinníoll,

(b)  an fógra a dhaingniú faoi réir cibé modhnuithe nó breisithe is réasúnach leis an gCúirt, nó

(c)  an fógra a neamhniú.

(4)  I gcás ina ndaingneofar an fógra faoi fho-alt (3)(b) faoi réir modhnuithe nó breisithe, beidh éifeacht leis an bhfógra faoi réir na modhnuithe nó na mbreisithe sin.

Dáta éifeachtach fógraí.

62. —Ní bheidh éifeacht le fógra faoi alt 59(1)60(2) go dtí go mbeidh 4 sheachtain caite ó dháta seirbheála an fhógra, faoi réir na n-eisceachtaí seo a leanas—

(a)  má rinneadh aon uiríll faoi alt 5960 i ndáil leis an bhfógra, agus mura ndéantar aon achomharc laistigh den tréimhse a cheadaítear faoi alt 61(1), tá éifeacht leis an bhfógra ar an tréimhse achomhairc a bheith caite;

(b)  má dhéantar achomharc faoi alt 61(1) agus má dhaingnítear an fógra, tá éifeacht leis an bhfógra ar an dáta ar a bhfógrófar cinneadh na Cúirte Dúiche nó ar an dáta a luafar go dtiocfaidh an t-ordú sin in éifeacht, cibé acu is déanaí;

(c)  má dhéantar iarratas chun na Cúirte Dúiche faoi alt 65(1) agus má dhéantar ordú faoi alt 65(2)(a), tá éifeacht leis an bhfógra ar an dáta ar a bhfógrófar cinneadh na Cúirte nó ar an dáta a luafar go dtiocfaidh an t-ordú sin in éifeacht, cibé acu is déanaí.

Cion a bhaineann le déanmhais chosanta a chur i mbaol.

63. —Aon duine a mhainneoidh fógra a sheirbheálfar air nó uirthi faoi alt 59(1) a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Cumhachtaí úinéirí i ndáil le fógraí i dtaobh déanmhais a chur i mbaol nó a aisiriú.

64. —Féadfaidh aon duine is úinéir na talún nó an déanmhais ar seirbheáladh fógra faoi alt 59(1)60(2) ina leith, agus féadfaidh seirbhísigh nó gníomhairí an duine sin, dul isteach ar an talamh sin nó ar an déanmhas sin agus na hoibreacha a cheanglaítear a dhéanamh faoin bhfógra a dhéanamh.

Iarratas chuig an gCúirt Dúiche ar an toiliú is gá.

65. —(1)  Féadfaidh duine ar a seirbheálfar fógra faoi alt 59(1)60(2) iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar ordú faoi fho-alt (2) den alt seo más rud é—

(a)  nach bhfuil an duine sin in ann, gan toiliú duine eile, na hoibreacha a cheanglaítear a dhéanamh faoin bhfógra a dhéanamh, agus

(b)  go ndéanann an duine eile toiliú a choimeád siar maidir le déanamh na n-oibreacha sin.

(2)  Más rud é, ar iarratas faoi fho-alt (1) a éisteacht, gurb é breith na Cúirte Dúiche go bhfuil toiliú an duine eile coimeádta siar go míréasúnach—

(a)  féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, a mheas gur tugadh an toiliú sin, agus

(b)  sa chás sin, beidh an duine a bheidh ag déanamh iarratais i dteideal na hoibreacha a dhéanamh a cheanglaítear a dhéanamh faoin bhfógra.

Dlínse na Cúirte Dúiche.

66. —Maidir leis an dlínse a thugtar don Chúirt Dúiche—

(a)  le halt 61 i ndáil le hachomharc i gcoinne fógra, nó

(b)  le halt 65 i ndáil le hiarratas ar ordú lena meastar gur tugadh toiliú,

is breitheamh den Chúirt sin, ag a bhfuil dlínse sa dúiche ina bhfuil an déanmhas is ábhar don achomharc nó don iarratas, a fheidhmeoidh í.

Iarratas chun na cúirte ar ranníoc i leith costais a ghabhann le hoibreacha a dhéanamh ar dhéanmhais atá i mbaol.

67. —(1)  Aon duine ar ar seirbheáladh fógra faoi alt 59(1) agus a rinne na hoibreacha a cheanglaítear a dhéanamh faoin bhfógra, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chun cúirte dlínse inniúla ar ordú á ordú go n-iompródh duine éigin eile, ag a bhfuil leas sa déanmhas lena mbaineann, costas iomlán na n-oibreacha sin nó cibé cuid de a shonrófar san ordú.

(2)  Ar iarratas faoi fho-alt (1) a éisteacht, déanfaidh an chúirt cibé ordú is dóigh léi is cóir, ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

Déanamh oibreacha áirithe le bheith ina fhorbairt dhíolmhaithe.

68. —Maidir le déanamh aon oibreacha a shonrófar i bhfógra faoi alt 59(1)60(2), is forbairt dhíolmhaithe a bheidh ann.

Cumhacht údaráis pleanála oibreacha a dhéanamh ar dhéanmhais chosanta agus ar áiteanna eile.

69. —I gcás ina mainneoidh duine ar ar sheirbheáil údarás pleanála fógra faoi alt 59(1)60(2) an fógra a chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás pleanála cibé bearta a ghlacadh a mheasfaidh sé is réasúnach agus is gá chun éifeacht a thabhairt do théarmaí an fhógra lena n-áirítear—

(a)  daoine údaraithe do dhul isteach ar thalamh de réir alt 252, agus

(b)  na hoibreacha a bheidh sonraithe san fhógra a dhéanamh, nó déanamh na n-oibreacha sin a shocrú.

Údarás pleanála do ghnóthú caiteachas as oibreacha a dhéanamh ar dhéanmhais atá i mbaol.

70. —Féadfaidh údarás pleanála a sheirbheálfaidh fógra faoi alt 59(1) i leith déanmhais chosanta—

(a)  aon chaiteachais a bheidh tabhaithe go réasúnach ag an údarás faoi alt 69, lena n-áirítear aon chabhair a bheidh curtha ar fáil faoi alt 59(2), a ghnóthú (cibé acu mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla nó ar shlí eile) ón úinéir nó áititheoir, agus

(b)  na caiteachais sin a urrú—

(i)  tríd an déanmhas cosanta a mhuirearú faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964, nó

(ii)  trí ionstraim lena ndéanfar aon leas sa déanmhas cosanta a dhílsiú don údarás faoi réir ceart fuascailte a bheith ag an úinéir nó ag an áititheoir.

Cumhacht chun déanmhas cosanta a fháil.

71. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála aon déanmhas cosanta atá suite laistigh dá limistéar feidhme a fháil, trí chomhaontú nó go héigeantach, más rud é—

(a)  go bhfeictear don údarás pleanála gur gá é sin a dhéanamh chun an déanmhas a chosaint, agus

(b)  i gcás fála éigeantaí, nach bhfuil an déanmhas á áitiú go dleathach mar theach cónaithe ag aon duine seachas duine atá fostaithe mar airíoch.

(2)  San alt seo agus in ailt 72 go 77, forléireofar tagairt do dhéanmhas cosanta mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon talamh—

(a)  is cuid d'fhearann comhghafach an déanmhais sin, agus

(b)  arb é tuairim an údaráis pleanála ina leith gur gá é chun cosaint an déanmhais sin a áirithiú,

bíodh nó ná bíodh an talamh laistigh de chúirtealáiste an déanmhais nó sonraithe mar airí sa taifead ar dhéanmhais chosanta.

Fógra go bhfuil ar intinn déanmhas cosanta a fháil go héigeantach.

72. —(1)  Déanfaidh údarás pleanála a bhfuil ar intinn aige aon déanmhas cosanta a fháil go héigeantach faoin gCuid seo—

(a)  fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear ina limistéar feidhme—

(i)  ina luafar go bhfuil ar intinn aige an déanmhas cosanta a fháil go héigeantach faoin gCuid seo,

(ii)  ina dtabharfar tuairisc an déanmhais lena mbaineann an fógra,

(iii)  ina n-ainmneofar an áit ina bhfuil léarscáil, ar a dtaispeántar suíomh an déanmhais chosanta, á taisceadh agus na tráthanna ar lena linn a fhéadfar í a iniúchadh, agus

(iv)  ina sonrófar an tréimhse (nach lú ná 4 sheachtain) ar lena linn a fhéadfar agóidí i gcoinne fháil an déanmhais a chur faoi bhráid an údaráis pleanála agus an modh ar a bhféadfar agóidí den sórt sin a dhéanamh,

agus

(b)  fógra a chomhlíonann mír (a) a sheirbheáil ar gach úinéir, léasaí agus áititheoir de chuid an déanmhais (seachas tionóntaí ar feadh míosa nó tréimhse is lú ná mí).

(2)  San alt seo, ciallaíonn “úinéir”, i ndáil le déanmhas cosanta—

(a)  duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, atá de thuras na huaire i dteideal feo simplí an déanmhais chosanta a dhiúscairt (cibé acu i seilbh nó i bhfrithdhílse), agus

(b)  duine a shealbhaíonn cíosanna nó brabúis an déanmhais chosanta nó atá i dteideal an chéanna, faoi léas nó faoi chomhaontú ar faide ná 5 bliana an téarma de atá gan chaitheamh.

Agóid i gcoinne déanmhas cosanta a fháil go héigeantach.

73. —(1)  Aon duine ar ar seirbheáladh fógra faoi alt 72(1)(b) i dtaobh é a bheith beartaithe déanmhas cosanta a fháil go héigeantach, féadfaidh sé nó sí, laistigh den tréimhse ama agus ar an modh a shonraítear san fhógra, agóid i gcoinne na fála éigeantaí beartaithe dá dtagraítear san fhógra a chur faoi bhráid an údaráis pleanála lena mbaineann.

(2)  Féadfaidh duine a chuir agóid faoi bhráid an údaráis pleanála faoi fho-alt (1) an agóid sin a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chuig an údarás pleanála lena mbaineann.

(3)  I gcás nach ndéanfar agóid a cuireadh faoi bhráid údaráis pleanála faoi fho-alt (1) a tharraingt siar, ní dhéanfaidh an t-údarás pleanála an déanmhas cosanta a fháil go héigeantach gan toiliú an Bhoird.

(4)  Maidir le hiarratas ar thoiliú an Bhoird chun déanmhas cosanta a fháil go héigeantach, déanfar é laistigh de 4 sheachtain tar éis don tréimhse ama a bheith caite a cheadaítear faoi fho-alt (1) chun agóid i gcoinne na fála sin a chur faoi bhráid údaráis pleanála agus beidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis—

(a)  an léarscáil iomchuí,

(b)  cóip den agóid a cuireadh faoi bhráid an údaráis pleanála faoi fho-alt (1),

(c)  tráchtaí (más ann) an údaráis pleanála i dtaobh na hagóide, agus

(d)  cibé doiciméid agus sonraí eile a fhorordófar.

(5)  Ar thráchtaí (más ann) an údaráis pleanála i dtaobh na hagóide a fháil, déanfaidh an Bord, trí fhógra a sheirbheálfar ar an duine a rinne an agóid, cóip de na tráchtaí a chur chuig an duine sin agus féadfaidh an duine sin, laistigh de 3 sheachtain ó dháta seirbheála an fhógra, tuairimí a thabhairt don Bhord i ndáil leis na tráchtaí.

(6)  Ar iarratas faoi fho-alt (4), féadfaidh an Bord, de réir mar is cuí leis, toiliú a dheonú nó diúltú toiliú a dheonú chun déanmhas cosanta iomlán nó cuid de dhéanmhas cosanta dá dtagraítear i bhfógra arna fhoilsiú faoi alt 72 a fháil go héigeantach.

Ordú dílseacháin le haghaidh déanmhas cosanta.

74. —(1)  Tar éis dó alt 73 a chomhlíonadh, féadfaidh údarás pleanála, le hordú dílseacháin, déanmhas cosanta a fháil más rud é—

(a)  nach gcuirtear aon agóid faoi bhráid an údaráis pleanála faoi alt 73,

(b)  go ndéantar aon agóid a bheidh curtha faoina bhráid faoi alt 73 a tharraingt siar ina dhiaidh sin, nó

(c)  go dtoilíonn an Bord le fáil éigeantach an déanmhais ag an údarás pleanála.

(2)  I gcás ina dtiocfaidh údarás pleanála ar an eolas, roimh ordú dílseacháin a dhéanamh i leith déanmhais chosanta, go bhfuil an déanmhas (cibé acu go haonarach nó i dteannta talún eile)—

(a)  faoi réir aon bhlianachta nó íocaíochta eile leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe nó leis na Coimisinéirí, nó

(b)  faoi réir aon mhuirir is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhás aon duine,

cuirfidh an t-údarás pleanála in iúl láithreach don Aire Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe, do na Coimisinéirí nó do na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mar a bheidh, go bhfuil ar intinn aige an t-ordú dílseacháin a dhéanamh.

(3)  Laistigh de 2 sheachtain tar éis ordú dílseacháin a dhéanamh, déanfaidh údarás pleanála—

(a)  fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear laistigh dá limistéar feidhme—

(i)  ina luafar go ndearnadh an t-ordú,

(ii)  ina dtabharfar tuairisc an déanmhais chosanta lena mbaineann sé, agus

(iii)  ina n-ainmneofar áit ina bhféadfar cóip den ordú, agus an léarscáil a ghabhann leis, a fheiceáil le linn uaireanta oifige in oifigí an údaráis,

agus

(b)  fógra ina luafar go ndearnadh an t-ordú, agus cén éifeacht atá leis an ordú, a sheirbheáil ar gach duine a bhfeictear don údarás go bhfuil leas aige nó aici sa déanmhas cosanta lena mbaineann an t-ordú.

Foirm agus éifeacht ordaithe dílseacháin.

75. —(1)  Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh ordú dílseacháin lena bhfaighidh údarás pleanála déanmhas cosanta faoin gCuid seo, agus beidh i gceangal leis léarscáil ar a dtaispeánfar suíomh an déanmhais chosanta.

(2)  Beidh ordú dílseacháin sainráite, agus oibreoidh sé, chun an déanmhas cosanta lena mbaineann sé a dhílsiú don údarás pleanála i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, teideal agus leas de gach uile chineál ar dháta sonraithe (dá ngairtear an dáta dílseacháin san alt seo) nach luaithe ná 3 sheachtain tar éis an t-ordú a dhéanamh.

(3)  D'ainneoin fho-alt (2), i gcás ina mbeidh údarás pleanála tar éis déanmhas cosanta a fháil le hordú dílseacháin, is déanmhas atá, go haonarach nó i dteannta talún eile, faoi réir suime bliantúla is iníoctha leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe nó na Coimisinéirí, tiocfaidh an t-údarás pleanála chun bheith agus beidh sé faoi dhliteanas, amhail ón dáta dílseacháin, chun—

(a)  an tsuim bhliantúil sin, nó

(b)  cibé cuid di a chionroinnfidh an tAire nó na Coimisinéirí, de réir mar a bheidh,

a íoc leis an Aire sin nó leis na Coimisinéirí, de réir mar a bheidh, amhail is dá mbeadh an déanmhas cosanta aistrithe ag an úinéir chuig an údarás ar an dáta sin.

(4)  Chun críocha fho-alt (3), ciallaíonn “suim bhliantúil” blianacht cheannaigh, íocaíocht in ionad cíosa, nó aon suim bhliantúil eile nach bhfuil inti ach cíos faoi chonradh tionóntachta.

Teideal faighte a chlárú agus ordú dílseacháin a leasú.

76. —(1)  Ar ordú dílseacháin a dhéanamh i ndáil le déanmhas cosanta, cuirfidh údarás pleanála an t-ordú chuig an údarás clárúcháin agus cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara láithreach, ar an ordú a fháil, an t-údarás pleanála a chlárú mar úinéir na talún de réir an ordaithe.

(2)  Ar iarratas a fháil ó aon duine, féadfaidh údarás pleanála ordú dílseacháin a bheidh déanta ag an údarás a leasú, más rud é—

(a)  gur deimhin leis an údarás go bhfuil earráid san ordú dílseacháin, cibé acu is é an t-údarás faoi deara é nó nach é, agus

(b)  go bhféadfar an earráid a cheartú gan éagóir a dhéanamh ar aon duine.

(3)  I gcás ina ndéanfar cóip d'ordú faoi fho-alt (2), lena leasaítear ordú dílseacháin, a thaisceadh leis an údarás clárúcháin, ceartóidh an t-údarás sin a chlár i cibé modh is gá chun go mbeidh an clár de réir an ordaithe leasaithigh.

Cúiteamh i leith leasa i ndéanmhas cosanta.

77. —(1)  Aon duine ag a bhfuil, díreach sula ndéanfar ordú dílseacháin, aon eastát nó leas sa déanmhas cosanta a gheofar leis an ordú, nó aon cheart ina leith, féadfaidh sé nó sí, laistigh de bhliain amháin (nó cibé tréimhse eile a cheadóidh an Ard-Chúirt, ar iarratas chuige sin chuici) tar éis an t-ordú a dhéanamh, iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála ar chúiteamh i leith an eastáit, an leasa nó an chirt.

(2)  Ar iarratas faoi fho-alt (1), déanfaidh an t-údarás pleanála, faoi réir fho-alt (4), méid atá comhionann le luach (más ann) an eastáit, an leasa nó an chirt a íoc leis an iarratasóir mar chúiteamh.

(3)  Déanfar an cúiteamh a bheidh le híoc ag an údarás pleanála faoin alt seo i ndáil le haon eastát, leas nó ceart i leith an déanmhais chosanta, a chinneadh, cheal comhaontaithe, trí eadráin faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(4)  Más rud é, tar éis d'údarás pleanála ordú dílseacháin a dhéanamh i ndáil le déanmhas cosanta, go mbeidh aon suim (lena n-áirítear suim i leith costas) dlite fós don údarás ó aon duine faoi ordú ó chúirt i leith méid dlite a íoc (cibé acu faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile, nó cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sí dlite fós tar éis na caiteachais a asbhaint a thabhaigh an t-údarás go réasúnach faoin Acht seo i ndáil leis an déanmhas), laghdófar de mhéid na suime sin méid aon chúitimh is iníoctha leis an duine sin faoin alt seo.

(5)  Beidh feidhm ag ailt 69 go 79 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna leasú nó arna oiriúnú leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, nó faoin Sceideal sin, nó le haon Acht eile nó faoi, i ndáil le cúiteamh a bheidh le híoc ag údarás pleanála faoin alt seo amhail is dá mba phraghas nó cúiteamh faoin Acht sin arna leasú amhlaidh an cúiteamh sin.

(6)  I gcás ina n-íocfaidh an t-údarás pleanála airgead isteach i gcúirt faoi alt 69 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna chur chun feidhme leis an alt seo, ní bheidh aon chostais iníoctha ag an údarás sin le haon duine maidir le haon imeachtaí chun an tairgead sin a infheistiú, chun ioncam ar an airgead sin a íoc nó chun caipiteal an airgid sin a íoc.

Déanmhas cosanta a bheidh faighte ag údarás pleanála a úsáid.

78. —Féadfaidh údarás pleanála—

(a)  déanmhas cosanta a gheobhaidh sé faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile a úsáid chun aon chríche a bhaineann lena fheidhmeanna, nó

(b)  an déanmhas cosanta sin ina iomláine, nó aon chuid de, a dhíol, a ligean, a aistriú nó a mhalartú,

agus, le linn dó déanamh amhlaidh, beidh aird aige ar stádas cosanta an déanmhais.

Oibleagáidí údarás sláintíochta i leith déanmhas cosanta.

79. —(1)  Sula n-eiseoidh sé fógra faoi alt 3(1) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964, i leith déanmhais chosanta nó i leith déanmhais chosanta bheartaithe, breithneoidh údarás sláintíochta—

(a)  stádas cosanta an déanmhais, agus

(b)  ar cheart, in ionad fógra faoi alt 3(1) den Acht sin, fógra a eisiúint faoi alt 59(1) nó faoi alt 11 den Acht um Láithreáin Thréigthe, 1990.

(2)  A luaithe is indéanta tar éis dó fógra a sheirbheáil nó beartú fógra a sheirbheáil de réir alt 3(1) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964, i leith déanmhais chosanta nó i leith déanmhais chosanta bheartaithe, cuirfidh údarás sláintíochta sonraí an fhógra in iúl don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, más rud é gur mhol sé nó sí go ndéanfaí an déanmhas a chosaint.

(3)  Aon údarás sláintíochta a dhéanfaidh oibreacha ar dhéanmhas cosanta, nó ar dhéanmhas cosanta beartaithe, faoi alt 3(2) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964, déanfaidh sé, a mhéid is féidir, an déanmhas sin (nó eilimintí den déanmhas sin a fhéadfaidh a bheith ina ndíol spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla), a shlánchoimeád, sa mhéid nach dóigh do shlánchoimeád an déanmhais sin baol a chur ar dhuine ná ar mhaoin ar bith.

(4)  Nuair a bheidh oibreacha á ndéanamh aige de réir alt 3(2) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964, ar dhéanmhas cosanta nó ar dhéanmhas cosanta beartaithe, cuirfidh d'údarás sláintíochta, a luaithe is indéanta, na hoibreacha in iúl don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, más rud é gur mhol sé nó sí go ndéanfaí an déanmhas a chosaint.

Deontais d'údaráis phleanála i leith feidhmeanna faoin gCuid seo.

80. —Le toiliú an Aire Airgeadais, féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais a thabhairt d'údaráis phleanála i leith aon cheann nó gach ceann dá bhfeidhmeanna faoin gCuid seo, lena n-áirítear deontais chun go nglanfar an caiteachas iomlán nó cuid den chaiteachas a bheidh tabhaithe acu—

(a)  ag cabhrú le daoine ar a seirbheáiltear fógra faoi alt 59(1)60(2) le linn dóibh oibreacha a dhéanamh de réir an fhógra, agus

(b)  ag cabhrú le haon duine eile le linn dó nó di oibreacha a dhéanamh ar dhéanmhais chosanta de réir cibé coinníollacha a shonróidh údarás pleanála chun cabhair den sórt sin a fháil.

Caibidil II

Limistéir Chaomhantais Ailtireachta agus Limistéir Rialaithe Pleanála Speisialta

Limistéir chaomhantais ailtireachta.

81. —(1)  Áireofar cuspóir i bplean forbartha chun sainghné áite, limistéir, grúpa déanmhas nó bailedhreacha a shlánchoimeád, agus línte agus airde foirgneamh á gcur i gcuntas—

(a)  ar díol spéise ar leith é nó í, nó atá luachmhar, ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó teicniúla, nó

(b)  a chuireann leis an meas atá ar dhéanmhais chosanta,

más é tuairim an údaráis pleanála gur gá é a chur isteach chun sainghné na háite, an limistéir, an ghrúpa déanmhas nó an bhailedhreacha lena mbaineann a shlánchoimeád, agus “limistéar caomhantais ailtireachta” a thabharfar ar aon áit, limistéar, grúpa déanmhas nó bailedhreach den sórt sin agus sin a ghairtear de san Acht seo.

(2)  I gcás ina n-áireofar cuspóir dá dtagraítear i bhfo-alt (1) i bplean forbartha, áireofar an cuspóir sin freisin in aon phlean forbartha a chuirfear in ionad an phlean forbartha chéadluaite, faoi réir aon athraithe air sin faoi alt 13.

Forbairt i limistéir chaomhantais ailtireachta.

82. —(1)  D'ainneoin alt 4(1)(h), ní forbairt dhíolmhaithe é oibreacha a dhéanamh ar an taobh amuigh de dhéanmhas atá lonnaithe i limistéar caomhantais ailtireachta, ach amháin mura ndéanfadh na hoibreacha sin difear ábhartha do shainghné an limistéir.

(2)  Le linn dó iarratas ar chead forbartha i ndáil le talamh atá suite i limistéar caomhantais ailtireachta a bhreithniú, déanfaidh údarás pleanála, nó déanfaidh an Bord ar achomharc, an éifeacht ábhartha (más ann) is dóigh a bheadh ag an bhforbairt bheartaithe ar shainghné an limistéir caomhantais ailtireachta a chur san áireamh.

Cumhacht chun déanmhas nó talamh eile a fháil i limistéar caomhantais ailtireachta.

83. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála aon talamh atá suite laistigh de limistéar caomhantais ailtireachta a fháil, trí chomhaontú nó go héigeantach, más é tuairim an údaráis pleanála—

(a)  gur gá déanamh amhlaidh chun sainghné an limistéir caomhantais ailtireachta a shlánchoimeád, agus

(b)  (i)  go mbaineann, nó gur dóigh go mbainfidh, bail na talún, nó an úsáid atá á baint as an talamh nó as aon déanmhas atá ar an talamh, de shainghné nó de dhreach an limistéir caomhantais ailtireachta go feadh méid ábhartha, nó

(ii)  gur gá an talamh a fháil chun an limistéar caomhantais ailtireachta a fhorbairt nó a athnuachan nó chun taitneamhachtaí a sholáthar sa limistéar.

(2)  Ní dhéanfaidh údarás pleanála aon talamh atá á áitiú go dleathach mar theach cónaithe ag aon duine seachas duine atá fostaithe ann mar airíoch a fháil go héigeantach faoi fho-alt (1).

(3)  Beidh feidhm ag ailt 71(2) go 78 den Acht seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le fálacha faoi fho-alt (1) agus déanfar tagairtí sna forálacha sin do dhéanmhas cosanta a fhorléiriú, chun críocha an ailt seo, mar thagairtí do dhéanmhas nó do thalamh eile atá suite laistigh de limistéar caomhantais ailtireachta.

Limistéar rialaithe pleanála speisialta.

84. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála, más dóigh leis go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le limistéar caomhantais ailtireachta ina iomláine, nó le cuid de, do shaol cathartha nó do shainghné ailtireachta, staire, cultúrtha nó sóisialta cathrach nó baile ina bhfuil sé suite, nó maidir leis an gcéanna, scéim a ullmhú ina leagfar amach cuspóirí forbartha maidir le caomhnú agus feabhsú an limistéir sin, nó cuid den limistéar sin, agus ina ndéanfar socrú i dtaobh nithe a bhaineann leis an méid sin.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh cuspóirí (agus forálacha chun na cuspóirí sin a chur ar aghaidh nó a bhaint amach) a bheith i scéim a ullmhófar faoin bhfo-alt sin, ar cuspóirí iad maidir leis na nithe seo a leanas—

(a)  ardchaighdeán taitneamhachta cathartha agus deartha chathartha a chur chun cinn;

(b)  an comhshaol, lena n-áirítear an oidhreacht ailtireachta, seandálaíochta agus nádúrtha, a shlánchoimeád agus a chosaint;

(c)  an sráid-dreach, an leagan amach agus an gréasán foirgníochta, lena n-áirítear comhordú agus uasghrádú éadanas siopaí, a athnuachan, a shlánchoimeád, a chaomhnú, a aisiriú, a fhorbairt nó a athfhorbairt;

(d)  leagan amach limistéar, dlús, línte foirgneamh agus airde déanmhas a rialú agus déileáil le spásanna timpeall ar dhéanmhais agus idir déanmhais;

(e)  dearadh agus dathanna déanmhas, agus na hábhair a bheidh iontu, a rialú, go háirithe cineál nó cáilíocht ábhar tógála a úsáidfear i ndéanmhais;

(f)  cothabháil, deisiú nó glanadh déanmhas a chur chun cinn;

(g)  meascadh cuí úsáidí déanmhas nó talún eile a chur chun cinn;

(h)  aon úsáidí nua nó úsáidí láithreacha déanmhas nó talún eile a rialú;

(i)  forbairt nó athfhorbairt láithreán tréigthe nó láithreán folamh a chur chun cinn; nó

(j)  tógáil déanmhas fógráin agus taispeáint fógrán a rialáil, a shrianadh nó a rialú.

(3)  Maidir le scéim a ullmhófar faoi fho-alt (1), beidh sí i scríbhinn agus beidh sí ar comhréir le cuspóirí an phlean forbartha iomchuí agus le cuspóirí aon phlean limistéir áitiúil nó aon phlean limistéir comhtháite (de réir bhrí an Achta um Athnuachan Uirbeach, 1998) a bheidh i bhfeidhm i ndáil leis an limistéar lena mbaineann an scéim.

(4)  (a)  Cuirfear in iúl, i scéim a ullmhófar faoi fho-alt (1), an tréimhse a mbeidh an scéim le fanacht i bhfeidhm ar a feadh.

(b)  Féadfar a chur in iúl i scéim an t-ord ina mbeartaítear cuspóirí na scéime, nó forálacha chun na cuspóirí sin a chur ar aghaidh nó a bhaint amach, a chur i ngníomh.

(5)  Beidh faisnéis i scéim, lena n-áirítear faisnéis de cibé aicme nó aicmí a fhorordóidh an tAire, maidir leis na héifeachtaí suntasacha is dócha a bheadh ag an scéim, dá gcuirfí i ngníomh í, ar an gcomhshaol.

(6)  San alt seo, agus in ailt 85 agus 86

ciallaíonn “cathair” contaebhuirg;

ciallaíonn “baile” buirg (seachas contaebhuirg), ceantar uirbeach nó baile ag a bhfuil coimisinéirí baile agus ar mó ná 2,000 a dhaonra.

Scéim rialaithe pleanála speisialta.

85. —(1)  Déanfar, ar rún a bheith rite ag an údarás pleanála lena mbaineann, fo-ailt (2), (3), (4), (5) agus (6) a chomhlíonadh i ndáil leis an scéim a shonrófar sa rún.

(2)  Déanfaidh an t-údarás pleanála, a luaithe is féidir tar éis rún a rith faoi fho-alt (1)

(a)  fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire, don Bhord agus do cibé daoine eile a fhorordófar, maidir le hullmhú na scéime,

(b)  cóipeanna den scéim a chur chuig gach duine de na daoine dá dtagraítear i mír (a), agus

(c)  fógra maidir le hullmhú na scéime a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa chathair nó sa bhaile lena mbaineann.

(3)  I bhfógra faoi fho-alt (2)

(a)  cuirfear in iúl cén áit nó cé na háiteanna ina bhféadfar, agus cén tréimhse (nach lú ná 8 seachtain) ar lena linn a fhéadfar agus cé na tráthanna ag a bhféadfar cóip den scéim a iniúchadh (agus coimeádfar cóip den scéim ar fáil lena hiniúchadh dá réir sin), agus

(b)  lorgófar aighneachtaí nó tuairimí i ndáil leis an scéim laistigh de cibé tréimhse (nach lú ná 8 seachtain) a shonrófar san fhógra.

(4)  (a)  I gcás ina mbeidh, i scéim a ullmhófar faoi fho-alt (1), cuspóir nó foráil a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i)  comhordú, uasghrádú nó athrú éadanas siopaí sonraithe,

(ii)  leagan amach limistéar sonraithe, dlúis, línte foirgneamh agus airde déanmhas sonraithe a rialú agus déileáil le spásanna timpeall ar dhéanmhais shonraithe agus idir déanmhais shonraithe,

(iii)  dearadh agus dathanna déanmhas sonraithe, agus na hábhair a bheidh iontu, a rialú,

(iv)  cothabháil, deisiú nó glanadh déanmhas sonraithe a chur chun cinn,

(v)  úsáid nó úsáidí aon déanmhais shonraithe nó talún eile sa limistéar a rialú,

(vi)  scor d'úsáid láithreach aon déanmhais shonraithe nó talún eile,

(vii)  forbairt nó athfhorbairt láithreán tréigthe sonraithe nó láithreán folamh sonraithe, nó

(viii)  déanmhais fógráin shonraithe nó taispeáint fógrán sonraithe a rialú,

déanfaidh an t-údarás pleanála, a luaithe is féidir tar éis rún a dhéanamh faoi fho-alt (1), fógra i scríbhinn a thabhairt do gach duine is úinéir nó áititheoir talún a ndéanann an cuspóir nó an fhoráil difear di, ar fógra é maidir leis an gcuspóir nó leis an bhforáil lena mbaineann.

(b)  I bhfógra faoi mhír (a), déanfar tagairt don talamh lena mbaineann agus—

(i)  sonrófar na bearta a cheanglaítear a ghlacadh i leith an déanmhais nó na talún eile chun a chinntiú go gcomhlíonfar an cuspóir nó na cuspóirí beartaithe,

(ii)  cuirfear in iúl cén áit nó cé na háiteanna ina bhféadfar, agus cén tréimhse (nach lú ná 8 seachtain) ar lena linn a fhéadfar agus na tráthanna ag a bhféadfar cóip den scéim a iniúchadh (agus coimeádfar an chóip ar fáil lena hiniúchadh dá réir sin), agus

(iii)  lorgófar aighneachtaí nó tuairimí i ndáil leis an gcuspóir beartaithe nó leis an bhforáil bheartaithe laistigh de cibé tréimhse (nach lú ná 8 seachtain) a shonrófar san fhógra.

(5)  (a)  Tráth nach déanaí ná 12 sheachtain tar éis fógra faoi fho-alt (2) agus, más cuí, fógra faoi fho-alt (4), a thabhairt, cibé acu is déanaí a tharlóidh, ullmhóidh bainisteoir údaráis pleanála tuarascáil maidir le haon aighneachtaí nó tuairimí a gheofar i ndáil le scéim a ullmhófar faoi fho-alt (1) agus cuirfidh sé an tuarascáil faoi bhráid chomhaltaí an údaráis lena breithniú acu.

(b)  I dtuarascáil faoi mhír (a)

(i)  liostófar na daoine a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí i ndáil leis an scéim,

(ii)  tabharfar achoimre ar na nithe a bheidh dúisithe sna haighneachtaí nó sna tuairimí sin, agus

(iii)  beidh freagra an bhainisteora ar na haighneachtaí nó na tuairimí.

(6)  Le linn dó nó di freagairt d'aighneachtaí a rinneadh nó do thuairimí a tugadh i ndáil le scéim a ullmhófar faoi fho-alt (1), beidh aird ag bainisteoir údaráis pleanála ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir, ar oibleagáidí reachtúla aon údaráis áitiúil sa limistéar agus ar aon bheartais nó cuspóirí iomchuí de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire den Rialtas.

(7)  Féadfaidh údarás pleanála le rún, tar éis dó scéim a ullmhófar faoi fho-alt (1) agus tuarascáil an bhainisteora faoi fho-alt (5) a bhreithniú, an scéim a cheadú fara modhnuithe nó dá n-éagmais, nó diúltú í a cheadú amhlaidh, agus “scéim cheadaithe” a thabharfar ar scéim a cheadófar amhlaidh agus sin a ghairtear di sa Chuid seo.

(8)  Maidir le limistéar caomhantais ailtireachta, nó leis an gcuid sin de limistéar caomhantais ailtireachta lena mbaineann scéim a cheadóidh údarás pleanála faoi fho-alt (7), “limistéar rialaithe pleanála speisialta” a thabharfar air nó uirthi agus sin a ghairtear de nó di san Acht seo.

(9)  (a)  I gcás ina gceadóidh údarás pleanála scéim faoi fho-alt (7), foilseoidh sé fógra maidir leis an gceadú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa chathair nó sa bhaile lena mbaineann.

(b)  Cuirfear in iúl, i bhfógra faoi mhír (a), cén áit nó cé na háiteanna ina bhféadfar, agus cé na tráthanna ar lena linn a fhéadfar, scéim cheadaithe a iniúchadh (agus coimeádfar cóip di ar fáil lena hiniúchadh dá réir sin).

(c)  Cuirfidh údarás pleanála cóip den scéim chuig an Aire, chuig an mBord agus chuig cibé daoine eile a fhorordófar.

Scéim a athrú agus a athbhreithniú.

86. —(1)  Déanfaidh údarás pleanála, ó am go ham de réir mar is gá sna himthosca agus in aon chás tráth nach déanaí ná 6 bliana—

(a)  tar éis scéim a cheadú faoi alt 85(7), nó

(b)  tar éis an athbhreithnithe is déanaí a rinneadh ar scéim,

scéim cheadaithe a athbhreithniú agus féadfaidh sé, le rún, an scéim a leasú nó a chúlghairm.

(2)  I gcás ina mbeartaíonn údarás pleanála scéim cheadaithe a leasú faoin alt seo, beidh feidhm ag alt 85, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le haon leasú den sórt sin.

(3)  Tabharfar fógra maidir le cúlghairm scéime ceadaithe faoin alt seo i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa chathair nó sa bhaile lena mbaineann.

(4)  Ní dochar leasú nó cúlghairm scéime ceadaithe do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Forbairt i limistéar rialaithe pleanála speisialta.

87. —(1)  D'ainneoin alt 4 agus aon rialachán arna ndéanamh faoi, ní forbairt dhíolmhaithe aon fhorbairt laistigh de limistéar rialaithe pleanála speisialta má sháraíonn sí scéim cheadaithe a bhaineann leis an limistéar sin.

(2)  Le linn dó iarratas ar chead i ndáil le talamh atá suite i limistéar rialaithe pleanála speisialta a bhreithniú, beidh aird ag an údarás pleanála, nó ag an mBord ar achomharc, i dteannta na nithe atá leagtha amach in alt 34, ar fhorálacha scéime ceadaithe.

(3)  Féadfaidh úinéir nó áititheoir talún atá suite i limistéar rialaithe pleanála speisialta iarraidh i scríbhinn a dhéanamh chuig an údarás pleanála, ar laistigh dá limistéar feidhme atá an limistéar rialaithe pleanála speisialta suite, ar dhearbhú maidir leis na nithe seo a leanas—

(a)  na forbairtí sin nó na haicmí forbartha sin is dóigh leis nó léi a bheadh nó nach mbeadh, de réir mar a bheidh, contrártha don scéim cheadaithe lena mbaineann,

(b)  na cuspóirí nó na forálacha den scéim cheadaithe a bhaineann leis an talamh, nó

(c)  na bearta a cheanglaítear a ghabháil de láimh i leith na talún chun a chinntiú go gcomhlíonfar na cuspóirí sin nó na forálacha sin.

(4)  Laistigh de 12 sheachtain tar éis don údarás pleanála iarraidh faoi fho-alt (3) a fháil, nó laistigh de cibé tréimhse eile a fhorordófar le rialacháin an Aire, eiseoidh údarás pleanála dearbhú faoin alt seo don duine a rinne an iarraidh.

(5)  Féadfaidh údarás pleanála aon tráth dearbhú faoin alt seo a chealú nó a athrú.

(6)  Ní dhéanfaidh cealú nó athrú dearbhaithe faoi fho-alt (5) difear d'aon fhorbairt a bheidh tosaithe roimh an gcealú nó roimh an athrú ar iontaoibh an dearbhaithe lena mbaineann agus a mbeidh sé curtha in iúl ag an údarás pleanála, de réir mhír (a) d'fho-alt (3), nach mbeadh sí contrártha do scéim cheadaithe.

(7)  Ní dochar dearbhú faoin alt seo d'fheidhm alt 5.

(8)  Cuirfidh údarás pleanála faoi deara—

(a)  go ndéanfar sonraí aon dearbhaithe a eiseoidh an t-údarás sin faoin alt seo a thaifeadadh ar an gclár a bheidh á choimeád ag an údarás faoi alt 7, agus

(b)  go ndéanfar cóip den dearbhú a chur ar fáil lena hiniúchadh ag daoine den phobal le linn uaireanta oifige, i bpríomhoifig an údaráis, tar éis an dearbhú a eisiúint.

Fógra a sheirbheáil i ndáil le déanmhais nó talamh eile i limistéar rialaithe pleanála speisialta.

88. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála fógra a chomhlíonfaidh fo-alt (2) a sheirbheáil ar gach duine is úinéir nó áititheoir talún lena mbaineann cuspóir nó foráil de scéim cheadaithe.

(2)  I bhfógra faoi fho-alt (1)

(a)  déanfar tagairt don déanmhas nó don talamh lena mbaineann,

(b)  sonrófar an dáta a dtiocfaidh an fógra i bhfeidhm,

(c)  sonrófar na bearta a cheanglaítear a ghabháil de láimh ar theacht i bhfeidhm don fhógra, lena n-áirítear, de réir mar is cuí, bearta—

(i)  chun aon déanmhas a aisiriú, a scartáil, a dhíchur, a athrú, a aischur, a chothabháil, a dheisiú nó a ghlanadh, nó

(ii)  chun scor d'aon úsáid nó chun leanúint d'aon úsáid faoi réir coinníollacha,

(d)  iarrfar ar an duine ar a seirbheálfar an fógra, laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra (nach lú ná 8 seachtain ó dháta seirbheála an fhógra), uiríll i scríbhinn a dhéanamh chuig an údarás pleanála maidir leis an bhfógra,

(e)  iarrfar ar an duine dul i mbun pléití leis an údarás pleanála, laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra (nach lú ná 8 seachtain ó dháta seirbheála an fhógra) maidir leis na nithe dá dtagraítear san fhógra agus go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas—

(i)  an tréimhse ar lena linn a ghlacfar na bearta a shonrófar san fhógra, agus

(ii)  an t-údarás pleanála do sholáthar comhairle, ábhar, trealaimh, seirbhísí fhoireann an údaráis nó cabhrach eile is gá chun na hoibreacha a shonrófar san fhógra a dhéanamh, agus

(f)  sonrófar an tréimhse ar lena linn, mura gcomhaontófar a mhalairt sna pléití a rachfar ina mbun de bhun iarrata san fhógra de réir mhír (e), a ghlacfar na bearta a shonrófar san fhógra, ar tréimhse í nach lú ná 8 seachtain ón dáta a dtiocfaidh an fógra i bhfeidhm,

(g)  luafar go n-íocfaidh an t-údarás pleanála aon chaiteachais a thabhóidh an duine sin le réasún le linn dó nó di na bearta a shonrófar san fhógra a ghlacadh, seachas caiteachais a bhaineann le forbairt neamhúdaraithe a rinneadh 7 mbliana ar a mhéad roimh sheirbheáil an fhógra, agus

(h)  luafar go ndéanfaidh an t-údarás pleanála suim a íoc, mar chúiteamh, le haon duine a shuífidh gur tharla, de thoradh an fógra a chomhlíonadh—

(i)  gur laghdaíodh luach leasa a bhí aige nó aici sa talamh nó i gcuid den talamh, ar leas é a bhí ar marthain tráth an fhógra, nó

(ii)  gur bhain damáiste dó nó di, ó tharla go raibh leas aige nó aici sa talamh an tráth sin, mar gheall ar theachtadh an déanmhais nó na talún eile aige nó aici a dhíshocrú,

ar suim í atá comhionann le méid an laghdaithe sin ar an luach nó ar suim í i leith an damáiste a bhain dó nó di.

(3)  Má ghlactar leis an iarraidh i bhfógra de réir fho-alt (2)(d) dul i mbun pléití, glacfaidh an t-údarás pleanála na bearta sin go léir is gá chun go mbeidh na pléití lena mbaineann ann.

(4)  Tar éis dó aon uiríll a rinneadh agus aon phléití a seoladh de bhun iarrataí i bhfógra faoi fho-alt (2) a bhreithniú, féadfaidh an t-údarás pleanála an fógra a dhaingniú, a leasú nó a chúlghairm agus cuirfidh sé sin in iúl i scríbhinn don duine ar a mbeidh an fógra dírithe.

(5)  Féadfaidh aon duine ar a seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1), laistigh de 8 seachtain ón dáta a gcuirfear daingniú nó leasú an fhógra faoi fho-alt (4) in iúl dó nó di, achomharc a thionscnamh chun an Bhoird i gcoinne an fhógra.

(6)  I gcás ina dtionscnófar achomharc faoi fho-alt (5) i gcoinne fógra, féadfaidh an Bord, tar éis dó aird a thabhairt—

(a)  ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir,

(b)  ar fhorálacha an phlean forbartha don limistéar,

(c)  ar aon phlean limistéir áitiúil nó aon phlean limistéir comhtháite (de réir bhrí an Achta um Athnuachan Uirbeach, 1998) a bheidh i bhfeidhm maidir leis an limistéar lena mbaineann an scéim, agus

(d)  ar fhorálacha na scéime ceadaithe lena mbaineann, an fógra a dhaingniú fara modhnuithe nó dá n-éagmais, nó é a neamhniú.

(7)  Féadfar fógra a sheirbheálfaidh údarás pleanála faoi fho-alt (1) a tharraingt siar, ar chúiseanna sonraithe, le fógra i scríbhinn.

(8)  Ní thiocfaidh fógra faoin alt seo (seachas fógra a bheidh tarraingthe siar) i bhfeidhm—

(a)  go dtí go mbeidh aon tréimhse, ar lena linn a fhéadfar achomharc i gcoinne an fhógra a thionscnamh, caite, nó

(b)  i gcás ina ndéanfar achomharc i gcoinne an fhógra, nuair a bheidh an t-achomharc tarraingthe siar nó cinnte,

de réir mar is cuí.

An fógra faoi alt 88 a chur i ngníomh.

89. —Más rud é nach mbeifear, laistigh de 8 seachtain ón dáta a dtiocfaidh an fógra i bhfeidhm nó cibé tréimhse is faide ná sin ar a gcomhaontóidh an t-údarás pleanála agus an duine ar a mbeidh an fógra dírithe, tar éis an t-aisiriú, an scartáil, an díchur, an t-athrú, an t-aischur, an chothabháil, an deisiú nó an glanadh a cheanglaítear leis an bhfógra a dhéanamh, féadfaidh an t-údarás pleanála, faoi réir alt 252, dul isteach sa déanmhas nó ar an talamh agus an t-aisiriú, an scartáil, an t-athrú, an t-aischur, an chothabháil, an deisiú nó an glanadh sin a shonrófar san fhógra a dhéanamh.

Féadfaidh cúirt a ordú fógra faoi alt 88 a chomhlíonadh.

90. —(1)  I gcás ina mainneoidh duine ar a seirbheálfar fógra faoi alt 88 ceanglas de chuid an fhógra a chomhlíonadh, nó ina gcuirfidh sé nó sí faoi deara nó ina gceadóidh sé nó sí do dhuine mainneachtain ceanglas den sórt sin a chomhlíonadh, féadfaidh an Ard-Chúirt nó an Chúirt Chuarda, ar iarratas ón údarás pleanála, a ordú d'aon duine an fógra a chomhlíonadh nó aon ní a dhéanamh a mheasfaidh an Chúirt is gá nó is fóirsteanach chun a chinntiú go gcomhlíonfar téarmaí an fhógra sin, nó staonadh óna dhéanamh nó ó leanúint dá dhéanamh.

(2)  Féadfar, in ordú faoi fho-alt (1), gan dochar don fho-alt sin, a cheangal ar cibé duine a shonrófar san ordú aon oibreacha a dhéanamh, lena n-áirítear aisiriú, scartáil, díchur, athrú, aischur, cothabháil, deisiú nó glanadh aon déanmhais nó aon ghné eile, nó scor d'aon úsáid nó leanúint d'aon úsáid faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar san ordú.

(3)  (a)  Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas chuig an Ard-Chúirt nó chuig an gCúirt Chuarda ar ordú faoi fho-alt (1) agus féadfaidh an Chúirt, nuair a bheidh an ní á bhreithniú aici, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach, más ann, is cuí léi a dhéanamh.

(b)  Féadfar cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) is cuí leis an gCúirt, maidir le costais a íoc, a chur san ordú lena dtabharfar breith ar iarratas faoin alt seo.

(4)  Beidh feidhm ag Rialacha Cúirte arna ndéanamh i leith alt 27 d'Acht 1976 (a cuireadh isteach le halt 19 d'Acht 1992) maidir le haon mhodhnuithe is gá ar iarratas faoin alt seo.

(5)  (a)  Maidir le hiarratas faoi fho-alt (1) chuig an gCúirt Chuarda, is chuig an mbreitheamh den Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil an talamh is ábhar don iarratas a dhéanfar é.

(b)  Beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda iarratas faoin alt seo a éisteacht agus breith a thabhairt air i gcás nach mó ná £200 luacháil inrátaithe na talún is ábhar don iarratas.

(c)  I gcás gur mó ná £200 luacháil inrátaithe aon talún is ábhar don iarratas faoin alt seo, déanfaidh an Chúirt Chuarda, má dhéanann aon duine a bhfuil leas aige nó aici sna himeachtaí iarratas chuige sin chuici, na himeachtaí a aistriú chuig an Ard-Chúirt, ach is bailí d'aon ordú nó gníomh arna dhéanamh i gcúrsa na n-imeachtaí sin roimh an aistriú mura ndéanfar é a urscaoileadh nó a athrú le hordú ón Ard-Chúirt.

Is cion é mainneachtain fógra faoi alt 88 a chomhlíonadh.

91. —I gcás ina mainneoidh duine ar a seirbheálfar fógra faoi alt 88 ceanglas de chuid an fhógra a chomhlíonadh, nó ina gcuirfidh sé nó sí faoi deara nó ina gceadóidh sé nó sí do dhuine mainneachtain ceanglas den sórt sin a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Ní gá cead a fháil chun aon fhorbairt a cheanglófar faoin gCaibidil seo a dhéanamh.

92. —Gan dochar do Chuid III, ní gá cead a fháil maidir le forbairt a cheanglófar a dhéanamh le fógra faoi alt 88 nó le hordú faoi alt 90.

CUID V

Soláthar Tithíochta

Léiriú.

93. —(1)  Sa Chuid seo—

ciallaíonn “riachtanais chóiríochta” méid na cóiríochta a theastóidh ó dhuine cáilithe, arna chinneadh de réir na rialachán a dhéanfaidh an tAire faoi alt 100(1)(a);

ciallaíonn “tithíocht incheannaithe” tithe nó talamh a chuirfear ar fáil, de réir alt 96(9)(10), do dhaoine cáilithe;

ciallaíonn “duine cáilithe”, faoi réir fho-alt (3) agus na rialachán, más ann, a dhéanfaidh an tAire faoi alt 100(1)(b), duine a bheidh i ngá cóiríochta agus nach mbeadh a ioncam nó a hioncam leordhóthanach faoi chomhair na n-íocaíochtaí ar mhorgáiste chun teach a cheannach d'fhonn freastal ar a riachtanais chóiríochta toisc gur mhó na híocaíochtaí arna ríomh thar tréimhse bliana ná 35 faoin gcéad d'ioncam bliantúil an duine sin tar éis cánach ioncaim agus árachais shóisialaigh pá-choibhneasa;

ciallaíonn “straitéis tithíochta” straitéis a áireofar i bplean forbartha de réir alt 94(1);

ciallaíonn “margadhluach”, i ndáil le teach, an praghas a gheofaí ar fheo simplí neamhualaithe an tí dá ndíolfaí ar an margadh oscailte é;

ciallaíonn “morgáiste” iasacht chun teach a cheannach a bheidh urraithe le morgáiste nach mó a méid ná 90 faoin gcéad de phraghas an tí.

(2)  Chun críocha na Coda seo, folaíonn riachtanais chóiríochta duine cháilithe riachtanais chóiríochta aon duine eile a mbeifí ag súil leis le réasún go mbeadh cónaí air nó uirthi leis an duine cáilithe.

(3)  Le linn dó cáilíocht duine a chinneadh chun críocha na Coda seo, cuirfidh an t-údarás pleanála na nithe seo a leanas san áireamh—

(a)  leath an ioncaim bhliantúil, tar éis cánach ioncaim agus árachais shóisialaigh pá-choibhneasa, atá ag aon duine eile a mbeifí ag súil leis le réasún go mbeadh cónaí air nó uirthi leis an duine cáilithe agus go ndéanfadh sé nó sí ranníoc i leith na n-íocaíochtaí morgáiste, agus

(b)  aon dálaí airgeadais eile de chuid an duine cháilithe agus de chuid aon duine eile a mbeifí ag súil leis le réasún go mbeadh cónaí air nó uirthi leis an duine cáilithe agus go ndéanfadh sé nó sí ranníoc i leith na n-íocaíochtaí morgáiste.

(4)  Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo, i leith aon iarratais pleanála nó aon achomhairc, gur cúinse atá ábhartha maidir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir comhlíonadh na straitéise tithíochta agus aon chuspóra ghaolmhair.

Straitéisí tithíochta.

94. —(1) (a)  Cuirfidh gach údarás pleanála san áireamh, in aon phlean forbartha a dhéanfaidh sé de réir alt 12, straitéis chun a chinntiú go ndéanfar socrú le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe limistéar an phlean forbartha le haghaidh tithíochta do dhaonra láithreach agus todhchaí an limistéir sa mhodh a leagfar amach sa straitéis.

(b)  (i)  Faoi réir fhomhír (ii), áireofar, in aon phlean forbartha a dhéanfaidh údarás pleanála tar éis thosach feidhme an ailt seo, straitéis tithíochta i leith limistéar an phlean forbartha.

(ii)  Más rud é, roimh thosach feidhme an ailt seo go mbeidh fógra tugtha ag údarás pleanála faoi alt 21A(2) (a cuireadh isteach le hAcht 1976) d'Acht 1963 maidir le leasú beartaithe ar dhréachtphlean forbartha, féadfaidh sé dul ar aghaidh de réir alt 266 gan fomhír (i) a chomhlíonadh, ach i gcás ina ndéanfar plean forbartha amhlaidh, glacfaidh an t-údarás pleanála cibé bearta is gá chun a chinntiú go ndéanfar, a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de thréimhse 9 mí ó thosach feidhme an ailt seo, straitéis tithíochta a ullmhú i leith limistéar an phlean forbartha agus go dtionscnófar na nósanna imeachta faoi alt 13 chun an plean forbartha a athrú d'fhonn an straitéis a chur isteach sa phlean agus chun cibé athruithe eile a dhéanamh is gá ag éirí as cur isteach na straitéise sa phlean de bhun na Coda seo.

(c)  Glacfaidh údarás pleanála cibé bearta is gá chun a chinntiú go ndéanfar, a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de thréimhse 9 mí ó thosach feidhme an ailt seo, straitéis tithíochta a ullmhú i leith limistéar an phlean forbartha agus go dtionscnófar na nósanna imeachta faoi alt 13 chun an plean forbartha a athrú d'fhonn an straitéis a chur isteach sa phlean agus chun cibé athruithe eile a dhéanamh is gá ag éirí as cur isteach na straitéise sa phlean de bhun na Coda seo.

(d)  Bainfidh straitéis tithíochta le tréimhse an phlean forbartha nó, i gcás straitéise a ullmhófar faoi mhír (b)(ii) nó faoi mhír (c), leis an tréimhse a bheidh fágtha den phlean fhorbartha láithreach.

(e)  Féadfaidh 2 údarás pleanála nó níos mó nó, de bhun ordacháin ón Aire, déanfaidh siad, straitéis tithíochta faoin alt seo a ullmhú i gcomhpháirt i leith chomhlimistéar a bpleananna forbartha agus áireofar an chomhstraitéis sin in aon phlean forbartha a bhaineann leis an limistéar iomlán nó le haon chuid den limistéar atá clúdaithe leis an straitéis agus beidh feidhm ag forálacha na Coda seo dá réir sin.

(2)  Le linn dó straitéis tithíochta a ullmhú, beidh aird ag údarás pleanála ar an measúnacht nó ar na measúnachtaí tithíochta is déanaí a rinneadh faoi alt 9 d'Acht na dTithe, 1988, agus a bhaineann le limistéar an phlean forbartha.

(3)  Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh i straitéis tithíochta—

(a)  an gá atá le tithíocht lena mbaineann fo-alt (4)(a) faoi láthair, agus an gá is dócha a bheidh léi sa todhchaí,

(b)  an gá atá ann a chinntiú go mbeidh tithíocht ar fáil do dhaoine a bhfuil leibhéil éagsúla ioncaim acu,

(c)  an gá atá ann a chinntiú go ndéanfar meascán de chineálacha tithe agus de mhéideanna tithe a fhorbairt chun go mbeidh siad in oiriúint go réasúnach do riachtanais na n-earnálacha éagsúla líonta tí, de réir mar a chinnfidh an t-údarás pleanála, agus lena n-áirítear riachtanais speisialta daoine scothaosta agus daoine atá faoi mhíchumas, agus

(d)  an gá atá ann gníomhú i gcoinne leithlisiú míchuí i dtithíocht idir daoine ó chúlraí sóisialta éagsúla.

(4)  (a)  Áireofar meastachán i straitéis tithíochta—

(i)  ar an méid tithíochta do dhaoine dá dtagraítear in alt 9(2) d'Acht na dTithe, 1988, agus

(ii)  ar an méid tithíochta incheannaithe,

atá riachtanach i limistéar an phlean forbartha le linn thréimhse an phlean forbartha agus féadfar na riachtanais éagsúla le haghaidh limistéar éagsúil laistigh de limistéar an phlean forbartha a lua sa mheastachán.

(b)  Chun measúnacht faoi mhír (a)(ii) a dhéanamh, féadfaidh údarás pleanála daoine cáilithe a bhfuil teach ar úinéireacht acu nó a raibh teach ar úinéireacht acu roimhe sin a eisiamh.

(c)  Faoi réir mhír (d), forálfar i straitéis tithíochta go ndéanfar mar bheartas ginearálta céatadán sonraithe, nach mó ná 20 faoin gcéad, den talamh arna criosú le haghaidh úsáide cónaithe, nó le haghaidh meascáin d'úsáidí cónaithe agus d'úsáidí eile, a chur in áirithe faoin gCuid seo chun tithíocht a sholáthar chun críocha fhomhír (i)fhomhír (ii) de mhír (a) nó chun críocha an dá fhomhír sin.

(d)  Ní oibreoidh mír (c) chun a chosc ar aon duine (lena n-áirítear údarás áitiúil) níos mó ná 20 faoin gcéad de thalamh arna criosú le haghaidh úsáide cónaithe, nó le haghaidh meascáin d'úsáidí cónaithe agus d'úsáidí eile, a úsáid chun tithíocht lena mbaineann mír (a) a sholáthar.

(5)  (a)  Le linn dó meastachán a dhéanamh faoi fho-alt (4)(a)(ii), beidh aird ag an údarás pleanála ar na nithe seo a leanas:

(i)  an soláthar tithe, agus an t-éileamh ar thithe, i gcoitinne nó an soláthar tithe, agus an t-éileamh ar thithe, d'aicme nó d'aicmí áirithe, i limistéar iomlán an phlean forbartha nó i gcuid de;

(ii)  praghsanna tithe i gcoitinne, nó praghsanna tithe d'aicme nó d'aicmí áirithe, i limistéar iomlán an phlean forbartha nó i gcuid de;

(iii)  ioncam daoine i gcoitinne, nó ioncam aicme nó aicmí áirithe daoine, a mbeidh tithe ag teastáil uathu i limistéar an phlean forbartha;

(iv)  rátaí úis ar mhorgáistí chun teach a cheannach;

(v)  an ghaolmhaireacht idir praghas tithíochta faoi fhomhír (ii), ioncaim faoi fhomhír (iii) agus rátaí úis faoi fhomhír (iv) chun incheannaitheacht tithe i limistéar an phlean forbartha a shuíomh;

(vi)  cibé nithe eile is cuí leis an údarás pleanála nó a fhorordófar chun críocha an fho-ailt seo.

(b)  Ní dhéanfaidh rialacháin a dhéanfar chun críocha an fho-ailt seo difear d'aon straitéis tithíochta nó do chuspóirí aon phlean forbartha a dhéanfar sula dtiocfaidh na rialacháin sin i bhfeidhm.

Straitéisí tithíochta agus pleananna forbartha.

95. —(1)  (a)  In éineacht le straitéis tithíochta a áireamh ina phlean forbartha, cinnteoidh údarás pleanála go ndéanfar talamh leordhóthanach oiriúnach a chriosú le haghaidh úsáide cónaithe, nó le haghaidh meascáin d'úsáidí cónaithe agus d'úsáidí eile, faoi chomhair cheanglais na straitéise tithíochta agus chun a chinntiú nach mbeidh ganntanas talún den sórt sin ann aon tráth le linn thréimhse an phlean forbartha.

(b)  Déanfaidh údarás pleanála cuspóirí a áireamh sa phlean forbartha d'fhonn a áirithiú go gcuirfear an straitéis tithíochta i ngníomh, go háirithe, aon ní de na nithe dá dtagraítear in alt 94(3), lena n-áirítear cuspóirí á cheangal go ndéanfar céatadán sonraithe de thalamh arna chriosú d'aon toisc le haghaidh úsáide cónaithe, nó le haghaidh meascáin d'úsáidí cónaithe agus d'úsáidí eile, a chur ar fáil chun tithíocht dá dtagraítear in alt 94(4)(a) a sholáthar.

(c)  Féadfar cuspóirí sonracha amhail dá dtagraítear i mír (b) a chur in iúl i leith gach limistéir ar leith arna chriosú le haghaidh úsáide cónaithe, nó le haghaidh meascáin d'úsáidí cónaithe agus d'úsáidí eile, agus, i gcás inar gá é de bharr imthosca áitiúla a bhaineann leis an méid tithíochta atá riachtanach, arna mheas sa straitéis tithíochta faoi alt 94(4)(a), féadfar cuspóirí sonracha éagsúla a chur in iúl i leith limistéar éagsúil, faoi réir an choinníll nach rachfar thar an gcéatadán sonraithe dá dtagraítear in alt 94(4)(c).

(d)  D'fhonn feidhmiú in éadan leithlisiú míchuí i dtithíocht idir daoine ó chúlraí sóisialta éagsúla, féadfaidh an t-údarás pleanála a chur in iúl, i leith aon limistéir áirithe dá dtagraítear i mír (c), nach bhfuil tithíocht dá dtagraítear in alt 94(4)(a) riachtanach i leith an limistéir sin, nó go bhféadfaidh go mbeidh, ina ionad sin, céatadán níos lú ná an céatadán a shonrófar sa straitéis tithíochta riachtanach.

(2)  Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) aon talamh a fhorbairt go heisiach le haghaidh tithíochta dá dtagraítear in alt 94(a)(i)(ii).

(3)  (a)  Áireofar i dtuarascáil an bhainisteora faoi alt 15(2) athbhreithniú ar an dul chun cinn a rinneadh ó thaobh an straitéis tithíochta a chur i ngníomh agus, i gcás ina gcuirfear in iúl sa tuarascáil go mbeidh riachtanais tithíochta nua nó athbhreithnithe aitheanta, féadfaidh an bainisteoir a mholadh go ndéanfar an straitéis tithíochta a choigeartú agus an plean forbartha a athrú dá réir sin.

(b)  Déanfaidh bainisteoir údaráis pleanála, más dóigh leis nó léi go bhfuil athrú tagtha ar an margadh tithíochta, nó ar na rialacháin a rinne an tAire faoi alt 100, a dhéanann difear suntasach don straitéis tithíochta, tuarascáil a thabhairt ar an ábhar do chomhaltaí an údaráis agus, más dóigh leis nó léi gur gá é, féadfaidh an bainisteoir a mholadh go ndéanfar an straitéis tithíochta a choigeartú agus an plean forbartha a athrú dá réir sin.

Tithíocht shóisialta agus tithíocht incheannaithe a sholáthar.

96. —(1)  Faoi réir fho-alt (14) agus alt 97, i gcás ina gceanglófar le cuspóir de chuid plean forbartha go ndéanfar céatadán sonraithe d'aon talamh arna chriosú le haghaidh úsáide cónaithe, nó le haghaidh meascáin d'úsáidí cónaithe agus d'úsáidí eile, a chur ar fáil le haghaidh tithíochta dá dtagraítear in alt 94(4)(a), beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le hiarratas ar chead chun tithe a fhorbairt, nó i gcás ina mbaineann iarratas le meascán d'fhorbairtí, maidir leis an gcuid sin den iarratas a bhaineann le tithe a fhorbairt, i dteannta fhorálacha alt 34.

(2)  Féadfaidh údarás pleanála, nó féadfaidh an Bord ar achomharc, a cheangal, mar choinníoll le cead a dheonú, go ndéanfaidh an t-iarratasóir, nó aon duine eile ag a bhfuil leas sa talamh lena mbaineann an t-iarratas, comhaontú leis an údarás pleanála maidir le talamh lena mbaineann cuspóir sonrach de réir alt 95(1)(b) a fhorbairt le haghaidh tithíochta.

(3)  (a)  Féadfar a fhoráil i gcomhaontú faoin alt seo—

(i)  go ndéanfar úinéireacht na talún, a cheanglaítear leis an gcomhaontú a chur in áirithe chun tithíocht dá dtagraítear in alt 94(4)(a) a sholáthar, a aistriú chuig an údarás pleanála,

(ii)  in ionad an aistrithe talún dá dtagraítear i bhfomhír (i), go ndéanfar tithe de cibé líon agus de cibé tuairisc a shonrófar sa chomhaontú a thógáil agus iad a aistriú, ar iad a chríochnú, chuig an údarás pleanála nó chuig daoine a ainmneoidh an t-údarás de réir na Coda seo, ar phraghas a chinnfear ar bhonn na nithe seo a leanas—

(I)  costas láithreáin na dtithe arna ríomh amhail is dá mba ionann é agus costas na talún a aistreofar chuig an údarás faoi fhomhír (i), agus

(II)  na costais tógála agus na costais forbartha chomhghabhálacha ar a gcomhaontóidh an t-údarás agus an forbróir, lena n-áirítear brabús ar na costais,

(iii)  in ionad an aistrithe talún dá dtagraítear i bhfomhír (i), go ndéanfar cibé líon láithreán, a bheidh seirbhísithe go hiomlán nó go páirteach agus a shonrófar sa chomhaontú, a aistriú chuig an údarás pleanála, nó chuig daoine a ainmneoidh an t-údarás de réir na Coda seo, ar phraghas a chinnfear ar bhonn na nithe seo a leanas—

(I)  costas láithreáin na láithreán arna ríomh amhail is dá mba ionann é agus costas na talún a aistreofar chuig an údarás faoi fhomhír (i), agus

(II)  na costais forbartha chomhghabhálacha ar a gcomhaontóidh an t-údarás agus an forbróir, lena n-áirítear brabús ar na costais.

(b)  I gcás ina ndéanfar foráil i gcomhaontú maidir le haistriú talún, tithe nó láithreán de réir mhír (a), déanfar na tithe nó na láithreáin nó an talamh, cibé acu i gcuid amháin nó níos mó, a shainaithint sa chomhaontú.

(c)  A mhéid is eol dó é tráth an chomhaontaithe, cuirfidh an t-údarás pleanála in iúl don iarratasóir cad atá ar intinn aige i ndáil le tithíocht a sholáthar, lena n-áirítear tuairisc ar na tithe atá beartaithe, ar an talamh nó ar na láithreáin a bheidh le haistriú de réir mhír (a)(i)(iii).

(d)  Ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní lena gceanglófar ar an iarratasóir nó ar dhuine eile comhaontú a dhéanamh chun tithe nó láithreáin a aistriú de réir fhomhíreanna (ii)(iii) de mhír (a), in ionad talamh a aistriú de réir fhomhír (i) den mhír sin.

(e)  Chun críocha comhaontaithe faoi mhír (a), beidh aird ag an údarás pleanála ar na nithe seo a leanas—

(i)  pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir lena mbaineann an t-iarratas,

(ii)  an straitéis tithíochta agus cuspóirí sonracha an phlean forbartha a bhaineann le cur i ngníomh na straitéise,

(iii)  an gá atá ann comhtháthú foriomlán na forbartha lena mbaineann an t-iarratas a chinntiú, agus

(iv)  tuairimí an iarratasóra i ndáil le tionchar an chomhaontaithe ar an bhforbairt.

(f)  Ní bheidh feidhm ag treoirlínte Rialtais um sholáthar poiblí maidir le comhaontú a dhéanfar faoi mhír (a)(ii)(iii), ach amháin i gcás comhaontú atá faoi réir cheanglais Threoir Uimh. 93/37/CEE ón gComhairle(1) ar chomhordú nósanna imeachta i ndáil le dámhachtain Conarthaí Oibreacha Poiblí agus aon treorach lena leasaítear an treoir sin nó a chuirtear ina hionad.

(4)  Sonróidh iarratasóir ar chead, le linn dó nó di iarratas lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh, an modh ina mbeartódh sé nó sí coinníoll lena mbaineann fo-alt (2) a chomhlíonadh, dá gcuirfeadh an t-údarás pleanála coinníoll den sórt sin ag gabháil le haon chead a dheonófaí ar scór an iarratais sin, agus, i gcás ina ndeonóidh an t-údarás pleanála cead don iarratasóir faoi réir aon choinníll den sórt sin, beidh aird aige ar aon tograí a shonrófar amhlaidh.

(5)  I gcás díospóide i ndáil le haon ní is ábhar do chomhaontú faoin alt seo, seachas—

(a)  díospóid i ndáil le comhaontú faoi fho-alt (3)(a)(ii)(iii),

(b)  díospóid maidir le méid an chúitimh is iníoctha faoi fho-alt (6), nó

(c)  díospóid maidir leis an tsuim is iníoctha le húdarás pleanála faoi fho-alt (12),

féadfaidh an t-údarás pleanála nó aon pháirtí ionchasach eile sa chomhaontú an ní a tharchur chuig an mBord le breith a thabhairt air.

(6)  I gcás ina n-aistreofar úinéireacht talún chuig údarás pleanála de bhun fho-alt (3)(a)(i), déanfaidh an t-údarás pleanála, mar chúiteamh, suim a íoc le húinéir na talún ar suim í—

(a)  (i)  i gcás talún—

(I)  a cheannaigh an t-iarratasóir roimh 25 Lúnasa 1999, nó

(II)  a cheannaigh an t-iarratasóir de bhun comhaontaithe is infheidhmithe le dlí agus a rinneadh roimh an dáta sin nó i bhfeidhmiú rogha i scríbhinn chun an talamh a cheannach a deonaíodh nó a fuarthas roimh an dáta sin,

atá comhionann leis an bpraghas a íocadh ar an talamh, nó leis an bpraghas a comhaontaíodh a íoc ar an talamh de bhun an chomhaontaithe nó na rogha, mar aon le cibé suim i leith úis ar an gcéanna (lena n-áirítear, in imthosca ina bhfuil morgáiste ar an talamh, ús arna íoc i leith an mhorgáiste) a chinnfidh an t-eadránaí maoine,

(ii)  i gcás talún a bhfuair an t-iarratasóir úinéireacht air ar mhodh bronntanais nó oidhreachta a glacadh (de réir bhrí an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976) roimh 25 Lúnasa 1999, suim atá comhionann le margadhluach na talún ar an dáta luachála (de réir bhrí an Achta sin) arna mheas de réir alt 15 den Acht sin,

(iii)  i gcás talún—

(I)  a ceannaíodh roimh 25 Lúnasa 1999, nó

(II)  a ceannaíodh de bhun comhaontaithe is infheidhmithe le dlí chun an talamh a cheannach, ar comhaontú é a rinneadh roimh an dáta sin, nó i bhfeidhmiú rogha, i scríbhinn, chun an talamh a cheannach a deonaíodh nó a fuarthas roimh an dáta sin,

(i gcás gur morgáistí atá i seilbh na talún an t-iarratasóir ar chead) atá comhionann leis an bpraghas a íocadh ar an talamh, nó leis an bpraghas a comhaontaíodh a íoc ar an talamh de bhun an chomhaontaithe nó na rogha, mar aon le cibé suim i leith úis ar an gcéanna arna ríomh ón dáta sin (lena n-áirítear aon ús arna fhabhrú agus nár íocadh i leith an mhorgáiste) a chinnfidh an t-eadránaí maoine,

(b)  atá comhionann le luach na talún arna ríomh faoi threoir a úsáide láithrí ar dháta aistrithe úinéireacht na talún chuig an údarás pleanála lena mbaineann, ar an mbonn go mbeadh sé, ar an dáta sin, agus go leanfadh sé de bheith dá éis sin, neamhdhleathach aon fhorbairt a dhéanamh i ndáil leis an talamh sin seachas forbairt dhíolmhaithe,

cibé acu is mó.

(7)  (a)  Faoi réir mhír (b), aon eadránaí maoine a cheapfar faoi alt 2 den Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960, déanfaidh sé nó sí (de réir an Acquisition of land (Assessment of Compensation) Act, 1919), cheal comhaontaithe, na nithe seo a leanas a shocrú i gcás inar cuí sin:

(i)  líon agus praghas na dtithe a bheidh le haistriú faoi fho-alt (3)(a)(ii);

(ii)  líon agus praghas na láithreán a bheidh le haistriú faoi fho-alt (3)(a)(iii);

(iii)  an cúiteamh is iníoctha faoi fho-alt (6) ag údarás pleanála le húinéir talún;

(iv)  an tsuim is iníoctha le húdarás pleanála faoi fho-alt (12); agus

(v)  an liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 99(3)(d)(i).

(b)  Chun críocha mhír (a), ní bheidh feidhm ag alt 2(2) den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus déanfar luach na talún a ríomh ar an toimhde go raibh sé, an tráth sin, agus go leanfadh sé de bheith, neamhdhleathach aon fhorbairt a dhéanamh i ndáil leis an talamh seachas forbairt dhíolmhaithe.

(c)  Beidh feidhm ag alt 187 maidir le cúiteamh is iníoctha faoi fho-alt (6).

(8)  I gcás ina mbeidh sé de choinníoll le deonú ceada go ndéanfar comhaontú de réir fho-alt (2) agus, mar gheall ar dhíospóid i leith aon ní a bhaineann le téarmaí comhaontaithe den sórt sin, nach ndéanfar an comhaontú roimh dheireadh 8 seachtain ó dháta deonaithe an cheada, féadfaidh an t-iarratasóir nó aon duine eile ag a bhfuil leas sa talamh lena mbaineann an t-iarratas—

(a)  aon díospóid lena mbaineann fo-alt (5) a tharchur chuig an mBord, nó

(b)  aon ní de na nithe seo a leanas a tharchur chuig an eadránaí maoine—

(i)  aon díospóid lena mbaineann fo-alt (3)(a)(ii)(iii),

(ii)  aon díospóid maidir le méid an chúitimh is iníoctha faoi fho-alt (6), nó

(iii)  aon díospóid maidir leis an tsuim is iníoctha le húdarás pleanála faoi fho-alt (12),

agus déanfaidh an Bord, nó an t-eadránaí maoine, de réir mar is cuí, breith a thabhairt ar an ní a luaithe is indéanta.

(9)  (a)  I gcás ina n-aistreofar úinéireacht talún nó úinéireacht láithreán chuig údarás pleanála de réir fho-alt (3)(a)(i)(iii), féadfaidh an t-údarás—

(i)  tithe a sholáthar ar an talamh nó ar na láithreáin, nó socrú a dhéanamh chun an céanna a sholáthar, do dhaoine dá dtagraítear in alt 94(4)(a),

(ii)  talamh nó láithreáin a chur ar fáil do na daoine sin le go ndéanfaidh siad tithe a fhorbairt lena n-áitiú acu féin, nó

(iii)  talamh nó láithreáin a chur ar fáil do chomhlacht arna cheadú chun críocha alt 6 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992, chun tithe a sholáthar ar an talamh do dhaoine dá dtagraítear in alt 94(4)(a).

(b)  Go dtí go soláthrófar tithe nó láithreáin de réir mhír (a)(i), nó go dtí go gcuirfear talamh nó láithreáin ar fáil de réir mhír (a)(ii)(iii), déanfaidh an t-údarás pleanála an talamh nó na láithreáin a chothabháil ar mhodh nach mbainfidh, agus nach dóigh go mbainfidh, go feadh méid ábhartha, de thaitneamhacht, de shainghné nó de dhreach talún nó tithe i gcomharsanacht na talún nó na láithreán.

(10)  (a)  I gcás ina n-aistreofar teach chuig údarás pleanála nó chuig a ainmnithigh faoi fho-alt (3)(a)(ii), úsáidfear é chun tithíocht a sholáthar do dhaoine lena mbaineann alt 94(4)(a).

(b)  Féadfaidh duine dá dtagraítear in alt 94(4)(a) nó comhlacht arna cheadú chun críocha alt 6 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992, chun tithíocht a sholáthar do dhaoine dá dtagraítear in alt 94(4)(a), a bheith ina ainmnitheach nó ina hainmnitheach de chuid údaráis pleanála.

(11)  D'ainneoin aon fhorála den achtachán seo nó d'aon achtachán eile, má thagann údarás pleanála chun bheith deimhin de nach bhfuil talamh, láithreán nó teach a aistríodh chuige faoi fho-alt (3) ag teastáil a thuilleadh chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (9)(10), féadfaidh sé an talamh, an láithreán nó an teach a úsáid chun críche eile atá bainteach lena fheidhmeanna nó é a dhíol ar an bpraghas is fearr is féidir a fháil le réasún agus, i gceachtar cás, déanfaidh sé méid atá comhionann le margadhluach na talún, an láithreáin nó an tí, nó fáltais an díola, de réir mar a bheidh, a íoc isteach sa chuntas ar leithligh dá dtagraítear i bhfo-alt (13).

(12)  (a)  I gcás ina measfaidh an t-údarás pleanála, nó ina measfaidh an Bord ar achomharc, mar gheall ar mhéid, ar chruth nó ar ghné eile an láithreáin, nach bhfuil comhaontú faoi fho-alt (3) praiticiúil, féadfaidh an t-údarás pleanála, nó féadfaidh an Bord ar achomharc, a cheangal, mar choinníoll le deonú ceada de réir alt 34, go n-íocfar leis an údarás pleanála méid ar comhluach le haistriú talún chuig an údarás faoi mhír (a) d'fho-alt (3).

(b)  Forálfar leis an gcoinníoll a shonraítear i mír (a) go gcomhaontófar an tsuim idir an t-údarás pleanála agus an duine dá ndeonófar an cead agus, cheal comhaontaithe, go socróidh an t-eadránaí maoine an tsuim de réir fho-alt (7).

(13)  Tabharfar cuntas in aon mhéid dá dtagraítear i bhfo-alt (11) agus in aon mhéid a íocfar le húdarás pleanála de réir fho-alt (12) i gcuntas ar leithligh, agus ní chuirfear chun feidhme é ach amháin mar chaipiteal le haghaidh a fheidhmeanna faoin gCuid seo nó ag údarás tithíochta le haghaidh a fheidhmeanna i ndáil le tithíocht a sholáthar faoi Achtanna na dTithe, 1966 go 1998.

(14)  Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hiarratais ar chead—

(a)  le haghaidh forbartha arb é atá inti soláthar tithe ag comhlacht atá arna cheadú chun críocha alt 6 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992, chun tithíocht a sholáthar do dhaoine dá dtagraítear in alt 9(2) d'Acht na dTithe, 1988, i gcás nach gcuirfear na tithe sin ar fáil ach amháin lena ligean.

(b)  chun foirgneamh atá ann cheana féin a athchóiriú nó chun foirgneamh a athfhoirgniú d'fhonn teaghais amháin nó níos mó a chruthú, ar choinníoll go gcoimeádfar 50 faoin gcéad nó níos mó den chreatlach sheachtrach atá ar an bhfoirgneamh cheana féin, nó

(c)  chun oibreacha a dhéanamh ar theach atá ann cheana féin.

(15)  Maidir le cead a deonaíodh faoi Chuid IV d'Acht 1963 nó faoi Chuid III den Acht seo de bhun iarratais arna dhéanamh tar éis 25 Lúnasa 1999 agus lena mbainfeadh an Chuid seo dá mbeadh an t-iarratas ar chead déanta tar éis straitéis tithíochta a áireamh sa phlean forbartha faoi alt 94(1), scoirfidh sé d'éifeacht a bheith leis an 31 Nollaig 2002, nó ag deireadh na tréimhse 2 bhliain ó dháta deonaithe an cheada, cibé acu is déanaí—

(a)  i gcás nach mbeidh an fhorbairt lena mbaineann an cead tosaithe faoin dáta sin nó faoi dheireadh na tréimhse sin, maidir leis an bhforbairt go léir, agus

(b)  i gcás go mbeidh an fhorbairt lena mbaineann an cead tosaithe faoin dáta sin nó faoi dheireadh na tréimhse sin, maidir le haon chuid den fhorbairt arb é atá inti foirgnimh nach mbeidh a mballaí seachtracha críochnaithe, ach sin gan dochar don oibleagáid atá ar an duine a dhéanfaidh an fhorbairt ceanglais eile an cheada a chomhlíonadh i ndáil leis an oiread sin den fhorbairt nach ndéanann an t-alt seo difear dó.

(16)  San alt seo, ciallaíonn “úinéir”—

(a)  duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, atá de thuras na huaire i dteideal feo simplí na talún a dhiúscairt (cibé acu i seilbh nó i bhfrithdhílse), agus

(b)  duine a shealbhaíonn cíosanna nó brabúis na talún nó atá i dteideal an chéanna, faoi léas nó faoi chomhaontú ar faide ná 5 bliana an téarma de atá gan chaitheamh.

Forbairt nach mbeidh feidhm ag alt 96 maidir léi.

97. —(1)  San alt seo—

folaíonn “iarratasóir” duine a ndéanann duine iarratas ar dheimhniú thar a cheann nó thar a ceann;

ciallaíonn “an chúirt” seachas i bhfo-ailt (19) agus (21), an Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil an fhorbairt go léir nó cuid di, lena mbaineann an t-iarratas faoi fho-alt (3).

(2)  Chun críocha an ailt seo—

(a)  measfar 2 dhuine nó níos mó a bheith ag gníomhú de chomhbheart, más rud é, de bhun comhaontaithe, comhshocraíochta nó comhthuisceana, go ndéanfaidh duine amháin acu iarratas faoi fho-alt (3) nó go gcuirfidh sé nó sí sé nó sí faoi deara iarratas den sórt sin a dhéanamh, agus

(b)  measfar, in aon chás áirithe, nach bhfolóidh talamh atá i ngarchomharsanacht talún eile talamh is faide ná 400 méadar ón dara talamh a luaitear san fho-alt seo.

(3)  Féadfaidh duine, sula ndéanfaidh sé nó sí iarratas ar chead i ndáil le forbairt—

(a)  arb é atá inti 4 theach nó níos lú a sholáthar, nó

(b)  le haghaidh tithíochta ar thalamh ar 0.2 heicteár nó níos lú a achar,

iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála lena mbaineann ar dheimhniú á rá nach mbeidh feidhm ag alt 96 maidir le deonú ceada i leith na forbartha lena mbaineann (dá ngairtear “deimhniú” san alt seo), agus dá réir sin, i gcás ina ndeonóidh an t-údarás pleanála deimhniú, ní bheidh feidhm ag alt 96 maidir le deonú ceada i leith na forbartha lena mbaineann.

(4)  Faoi réir—

(a)  fho-ailt (6) agus (12), agus

(b)  an t-iarratasóir ar dheimhniú do chomhlíonadh fho-alt (8), féadfaidh údarás pleanála a mbeidh iarratas déanta chuige faoin alt seo agus de réir an ailt seo deimhniú a dheonú don iarratasóir.

(5)  Beidh dearbhú reachtúil arna dhéanamh ag an iarratasóir ag gabháil le hiarratas ar dheimhniú, ar dearbhú é—

(a)  ina dtabharfar, i leith na tréimhse 5 bliana roimh an iarratas, cibé sonraí i dtaobh úinéireacht dhlíthiúil agus thairbhiúil na talún, ar a mbeartaítear an fhorbairt lena mbaineann an t-iarratas a dhéanamh, a bheidh ar eolas nó ar fáil ag an iarratasóir,

(b)  ina sainaithneofar aon daoine lena mbeidh an t-iarratasóir ag gníomhú de chomhbheart,

(c)  ina dtabharfar sonraí—

(i)  i dtaobh aon leasa atá ag an iarratasóir, nó a bhí aige nó aici aon tráth le linn na tréimhse sin, in aon talamh i ngarchomharsanacht na talún ar a mbeartaítear an fhorbairt sin a dhéanamh, agus

(ii)  i dtaobh aon leasa atá ag aon duine lena bhfuil an t-iarratasóir ag gníomhú de chomhbheart, nó a bhí aige nó aici aon tráth le linn na tréimhse sin, in aon talamh sa gharchomharsanacht sin, agus a bhfuil fios ina thaobh ag an iarratasóir,

(d)  ina luafar nach eol don iarratasóir aon fhíorais nó imthosca ar forais a bheadh iontu faoi fho-alt (12) ar a ndiúltódh an t-údarás pleanála deimhniú a dheonú,

(e)  ina dtabharfar cibé faisnéis eile a fhorordófar.

(6)  (a)  Féadfaidh údarás pleanála a cheangal ar iarratasóir ar dheimhniú cibé faisnéis nó doiciméid bhreise a thabhairt dó is gá le réasún chun a chumasú dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin alt seo.

(b)  I gcás ina ndiúltóidh iarratasóir ceanglas faoi mhír (a) a chomhlíonadh, nó ina mainneoidh sé nó sí, laistigh de thréimhse 8 seachtain ó dháta déanta an cheanglais, é a chomhlíonadh amhlaidh, diúltóidh an t-údarás pleanála lena mbaineann deimhniú a dheonú don iarratasóir.

(7)  Féadfaidh údarás pleanála, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin alt seo, cibé fiosrúcháin bhreise is cuí leis a dhéanamh.

(8)  Beidh de dhualgas ar an iarratasóir ar dheimhniú, gach uile thráth, cibé faisnéis a thabhairt don údarás pleanála lena mbaineann a theastóidh le réasún uaidh chun a chumasú dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin alt seo.

(9)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le hiarratas a dhéanamh faoin alt seo.

(10)  I gcás ina mainneoidh údarás pleanála, laistigh den tréimhse 4 sheachtain—

(a)  ón dáta a ndéanfar iarratas chuige faoin alt seo, nó

(b)  (i gcás ceanglais faoi fho-alt (6)) ón dáta a bhfaighidh sé aon fhaisnéis nó doiciméid lena mbaineann an ceanglas,

deimhniú a dheonú, nó diúltú deimhniú a dheonú, measfar ag deireadh na tréimhse sin gur dheonaigh an t-údarás pleanála deimhniú don iarratasóir lena mbaineann.

(11)  Déanfar sonraí i dtaobh deimhnithe a dheonófar faoin alt seo a thaifeadadh ar an gclár.

(12)  Ní dheonóidh údarás pleanála deimhniú i ndáil le forbairt más rud é, maidir leis an iarratasóir ar an deimhniú sin, nó maidir le haon duine lena bhfuil an t-iarratasóir ag gníomhú de chomhbheart—

(a)  go ndearnadh, tráth nach luaithe ná 5 bliana roimh dháta an iarratais, deimhniú i ndáil le forbairt a dheonú dó nó di, agus go bhfuil an deimhniú i bhfeidhm fós tráth an iarratais, nó

(b)  go ndearna sé nó sí forbairt dá dtagraítear i bhfo-alt (3), nó gur deonaíodh cead dó nó di forbairt den sórt sin a dhéanamh, tráth nach luaithe ná—

(i)  5 bliana roimh dháta an iarratais, agus

(ii)  bliain tar éis don alt seo teacht i ngníomh,

i ndáil leis an talamh ar a mbeartaítear an fhorbairt chéadluaite a dhéanamh, nó le talamh i ngarchomharsanacht na talún sin, mura rud é—

(I)  nár mhó ná 4 theach comhiomlán aon fhorbartha lena mbaineann mír (a)(b), agus na forbartha céadluaite, dá ndéanfaí iad, nó

(II)  (in imthosca inar mó an comhiomlán sin ná 4 theach) nach mó ná 0.2 heicteár comhiomlán na talún ar a mbeidh aon fhorbairt lena mbaineann mír (a)(b), agus na talún ar a mbeartaítear an fhorbairt chéadluaite a dhéanamh.

(13)  I gcás ina ndiúltóidh údarás pleanála deimhniú a dheonú, déanfaidh sé na cúiseanna ar ar dhiúltaigh sé an deimhniú a dheonú amhlaidh a chur in iúl, le fógra i scríbhinn, don iarratasóir.

(14)  (a)  I gcás ina ndiúltóidh údarás pleanála a mbeidh iarratas déanta chuige faoi fho-alt (3) deimhniú a dheonú don iarratasóir, féadfaidh sé nó sí, tráth nach déanaí ná 3 sheachtain ón dáta a bhfaighidh an t-iarratasóir fógra faoi dhiúltú an údaráis pleanála an deimhniú a dheonú, nó cibé dáta is déanaí ná sin a cheadóidh an chúirt, achomharc a dhéanamh chun na cúirte ar ordú á ordú don údarás pleanála deimhniú i ndáil leis an bhforbairt a dheonú don iarratasóir.

(b)  Féadfaidh an chúirt tráth a bheidh achomharc á éisteacht faoi mhír (a)

(i)  an t-achomharc a dhíbhe agus daingniú a dhéanamh ar dhiúltú an údaráis pleanála an deimhniú a dheonú, nó

(ii)  an t-achomharc a cheadú agus a ordú don údarás pleanála deimhniú i ndáil leis an bhforbairt lena mbaineann a dheonú don iarratasóir.

(15)  Comhlíonfaidh údarás pleanála ordachán ón gcúirt faoin alt seo.

(16)  (a)  Faoi réir mhír (b), déanfaidh údarás pleanála deimhniú a chúlghairm, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige ag úinéir na talún lenar bhain an deimhniú, nó ag aon duine eile a bheidh ag gníomhú le cead an úinéara sin.

(b)  Ní dhéanfaidh údarás pleanála deimhniú a chúlghairm faoin bhfo-alt seo i gcás ina mbeidh cead deonaithe i leith na forbartha lena mbaineann an deimhniú.

(17)  Aon duine a dhéanfaidh, go feasach nó go meargánta—

(a)  dearbhú reachtúil faoi fho-alt (5), nó

(b)  i gcomhlíonadh airbheartaithe ceanglais faoi fho-alt (6), faisnéis nó doiciméid a thabhairt d'údarás pleanála,

atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó a chreideann nach fíor aon dearbhú reachtúil den sórt sin a dhéanfaidh sé nó sí nó aon fhaisnéis nó doiciméid a thabharfaidh sé nó sí i gcomhlíonadh airbheartaithe an cheanglais sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(i)  ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(ii)  ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £500,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(18)  Aon duine—

(a)  a bhrionnóidh deimhniú a airbheartaíonn a bheith deonaithe faoin alt seo (dá ngairtear “deimhniú brionnaithe” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) nó a rithfidh deimhniú den sórt sin, agus a fhios aige nó aici é a bheith brionnaithe,

(b)  a athróidh, le hintinn calaoise nó meabhlaireachta, deimhniú (dá ngairtear “deimhniú athraithe” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) nó a rithfidh deimhniú den sórt sin, agus a fhios aige nó aici é a bheith athraithe amhlaidh, nó

(c)  a mbeidh, gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach eile, deimhniú brionnaithe nó deimhniú athraithe ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear—

(i)  ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(ii)  ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £500,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(19)  I gcás ina gciontófar duine ar díotáil i gcion faoi fho-alt (17)(18), féadfaidh an chúirt, i dteannta aon fhíneála nó téarma príosúnachta a fhorchuirfidh an chúirt faoin bhfo-alt sin, a ordú go n-íocfaidh an duine isteach sa chúirt méid atá comhionann, i dtuairim na cúirte, le méid aon ghnóchain a fhabhraíonn chuig an duine sin de bhíthin deimhniú a dheonú ar scór an dearbhaithe reachtúil, na faisnéise nó na ndoiciméad, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an cion, agus beidh an tsuim sin, nuair a íocfar de réir an ordaithe sin í, arna forghéilleadh.

(20)  Déanfar na suimeanna go léir a bheidh arna bhforghéilleadh faoi fho-alt (19) a íoc leis an údarás pleanála a dheonaigh an deimhniú lena mbaineann agus tabharfar cuntas iontu sa chuntas dá dtagraítear in alt 96(13) agus ní chuirfear chun feidhme iad ach amháin chun na gcríoch a shonraítear san alt sin.

(21)  I gcás ina gciontófar duine i gcion faoi fho-alt (17), féadfaidh an chúirt deimhniú a deonaíodh ar scór dearbhaithe reachtúil, faisnéise nó doiciméad lena mbaineann an cion a chúlghairm, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag an údarás pleanála a dheonaigh an deimhniú.

(22)  Ní bheidh duine i dteideal, de bhíthin amháin gur deonaíodh deimhniú dó nó di, go ndeonófaí cead dó nó di i leith na forbartha lena mbaineann an deimhniú.

Tithíocht incheannaithe a leithroinnt.

98. —(1)  Ní fhéadfar tithíocht incheannaithe a dhíol nó a ligean ar léas ach amháin le daoine cáilithe a cháileoidh de réir scéime a bhunóidh údarás pleanála faoi fho-alt (2).

(2)  Chun críocha fho-alt (1), déanfaidh gach údarás pleanála scéim a bhunú lena gcinnfear an t-ord tosaíochta a bheidh le tabhairt do dhaoine cáilithe.

(3)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), beidh aird ag an údarás pleanála, le linn dó scéim dá dtagraítear san fho-alt sin a bhunú, ar na nithe seo a leanas:

(a)  riachtanais chóiríochta daoine cáilithe, go háirithe daoine cáilithe nach mbeidh teach ceannaithe nó tógtha acu roimhe sin lena n-áitiú acu féin nó chun aon chríche eile;

(b)  dálaí tithíochta reatha daoine cáilithe;

(c)  ioncaim nó dálaí airgeadais eile daoine cáilithe (agus féadfar tosaíocht a thabhairt do dhaoine cáilithe arb ísle a leibhéal ioncaim ná leibhéal ioncaim daoine cáilithe eile);

(d)  an tréimhse ar ar a feadh a bhí cónaí ar dhaoine cáilithe i limistéar an phlean forbartha;

(e)  cibé acu a shealbhaíonn nó nach sealbhaíonn daoine cáilithe tithe nó tailte i limistéar an phlean forbartha nó in áit eile;

(f)  fad tithíochta incheannaithe ó áiteanna fostaíochta daoine cáilithe;

(g)  cibé nithe eile a mheasfaidh an t-údarás pleanála is iomchuí nó a fhorordófar chun críocha an ailt seo.

(4)  Maidir le húdarás pleanála—

(a)  déanfaidh sé, le linn dó plean forbartha a dhéanamh nó a athbhreithniú faoi Chuid II, agus

(b)  féadfaidh sé, aon tráth eile,

scéim a dhéanfar faoin alt seo a athbhreithniú agus, de réir mar is cuí leis, leasuithe a dhéanamh ar an scéim nó scéim nua a dhéanamh.

(5)  Is feidhmeanna forchoimeádta iad scéim a dhéanamh faoin alt seo agus leasú a dhéanamh ar aon scéim den sórt sin.

(6)  Chun críocha leithroinnte faoin alt seo, féadfaidh údarás pleanála, ó am go ham, cibé líon nó cion sonraithe de thithe incheannaithe a chur i leataobh do cibé daoine cáilithe nó do cibé aicmí daoine cáilithe is cuí leis.

(7)  San alt seo agus in alt 99, ciallaíonn “léas” léas úinéireachta roinnte de réir bhrí alt 2 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992.

Rialuithe maidir le hathdhíol tithe áirithe.

99. —(1)  I gcás ina soláthrófar tithe nó ina gcuirfear láithreáin ar fáil de réir alt 96(9)(10), beidh díol nó léas na dtithe nó na láithreán sin faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonróidh an t-údarás pleanála.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar foráil a dhéanamh, i dtéarmaí agus i gcoinníollacha faoi na fo-ailt sin, maidir leis na nithe seo a leanas—

(a)  fógra a thabhairt don údarás pleanála i dtaobh aon teach nó talamh a athdhíol, agus

(b)  an bonn ar a bhféadfar aon teach nó talamh a dhíolfar nó a ligfear ar léas faoin gCuid seo a áitiú.

(3)  (a)  Ceanglófar i dtéarmaí agus i g coinníollacha faoin alt seo, faoi réir mhíreanna (b) agus (c), i gcás ina ndéanfar aon teach nó talamh a dhíolfar le haon duine de réir fho-alt (1) a athdhíol den chéad uair roimh dheireadh 20 bliain ó dháta an cheannaigh, go ndéanfaidh an duine a bheidh ag díol an tí nó na talún méid atá comhionann le céatadán de na fáltais a íoc leis an údarás pleanála as fáltais an díola, ar céatadán é a ríomhfar de réir na foirmle seo a leanas—

 

Y × 100

Z

i gcás—

arb é Y an difríocht idir margadhluach an tí nó na talún tráth an díola leis an duine agus an praghas a íocadh iarbhír, agus

arb é Z margadhluach an tí tráth an díola leis an duine.

(b)  Déanfar an méid is iníoctha faoi mhír (a) a laghdú 10 faoin gcéad i leith gach bliana iomláine tar éis an 10ú bliain ar lena linn a bhí an duine ar díoladh an teach nó an talamh leis nó léi ag áitiú an tí nó na talún mar ghnáth-áit chónaithe.

(c)  I gcás ina ndéanfadh an méid is iníoctha faoi mhír (a) fáltais an díola (gan táillí agus costais aturnae agus gníomhaire eastáit a áireamh) a laghdú faoi bhun an phraghais a íocadh iarbhír, déanfar an méid is iníoctha a laghdú a mhéid is gá chun an toradh sin a sheachaint.

(d)    (i) Nuair a bheidh an méid is iníoctha faoi mhír (a) á ríomh, déanfar aon fheabhsúcháin ábhartha a rinne an duine ar díoladh an teach nó an talamh leis nó léi a chur i gcuntas go cuí.

(ii)  Chun críche na míre seo, ciallaíonn “feabhsúcháin ábhartha” feabhsúcháin a rinneadh ar an teach (chun é a leathnú, a mhéadú, a dheisiú nó a athchóiriú), ach ní fholaíonn sé maisiú, nó aon fheabhsúcháin a rinneadh ar an talamh lena n-áirítear foirgniú tí.

(4)  Déanfar aon airgead a fhabhróidh chuig údarás pleanála as aon teach nó talamh a athdhíol, faoi réir téarmaí agus coinníollacha de réir fho-alt (1), a íoc isteach sa chuntas ar leithligh dá dtagraítear in alt 96(13) agus beidh sé faoi réir cheanglais eile an fho-ailt sin.

Rialacháin faoin gCuid seo.

100. —(1)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a)  ina sonrófar na critéir chun méid na cóiríochta a theastóidh ó dhaoine cáilithe, lena n-áirítear ceanglais íosmhéide agus uasmhéide, a chinneadh, ag féachaint d'aon treoirlínte a shonróidh an tAire i leith soláthair tithíochta faoi Achtanna na dTithe, 1966 go 1998,

(b)  ina rialófar cinneadh ioncaim chun críocha alt 93,

(c)  ina sonrófar nithe chun críocha alt 94(5)98(3), agus

(d)  ina leagfar amach ceanglais a bhaineann le téarmaí agus coinníollacha dá dtagraítear in alt 99(1).

(2)  Féadfaidh rialacháin a dhéanfar faoi fho-alt (1) feidhm a bheith acu i gcoitinne nó faoi threoir aicme shonraithe nó aicmí sonraithe daoine cáilithe nó faoi threoir aon ní eile a mheasfaidh an tAire is cuí.

Feidhmeanna údarás tithíochta agus údarás pleanála.

101. —(1)  I gcás nach é an t-údarás tithíochta do limistéar na feidhme údarás pleanála a chomhlíonfaidh aon fheidhm faoin gCuid seo, rachaidh an t-údarás pleanála i gcomhairle leis an údarás tithíochta don limistéar maidir le comhlíonadh na feidhme sin.

(2)  San alt seo, aon tagairt do “údarás tithíochta”, ciallaíonn sí údarás tithíochta mar a mhínítear é de bhun alt 23(2) d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992.

CUID VI

An Bord Pleanála

Caibidil I

Bunú agus Comhdhéanamh

An Bord Pleanála do leanúint ar marthain.

102. —(1)  Leanfaidh an Bord Pleanála de bheith ar marthain d'ainneoin aisghairm aon achtacháin a dhéantar leis an Acht seo.

(2)  Comhlíonfaidh an Bord na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo.

(3)  Maidir leis an gcathaoirleach, an leaschathaoirleach agus aon chomhalta eile den Bhord a bheidh in oifig díreach sula dtiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm faoi achtacháin a aisghairtear leis an Acht seo, leanfaidh sé nó sí de bheith in oifig mar chathaoirleach, mar leaschathaoirleach agus mar chomhalta eile, faoi seach, ar feadh téarma dar críoch an lá a rachadh a cheapachán nó a ceapachán in éag faoin achtachán aisghairthe.

An Bord le bheith ina chomhlacht corpraithe. etc.

103. —(1)  Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

(2)  Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú an chathaoirligh nó le síniú comhalta éigin eile nó fostaí de chuid an Bhoird nó le síniú duine a mbaineann an Bord leas as a sheirbhísí nó as a seirbhísí de bhua alt 122, agus a bheidh údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin.

(3)  Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird, agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (2)) an Bhoird glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.

Cathaoirleach agus 7 gcomhalta eile a bheidh ar an mBord.

104. —(1)  Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, is é a bheidh ar an mBord cathaoirleach agus 7 ngnáthchomhalta eile.

(2)  Féadfaidh an tAire, le hordú, líon na ngnáthchomhaltaí a mhéadú i gcás ina mbeidh sé nó sí den tuairim go bhfuil líon na n-achomharc, na dtarchur nó na nithe eile is cúram don Bhord ar leibhéal de shórt gur gá comhalta nó comhaltaí breise den Bhord a cheapadh chun a chumasú don Bhord a dhualgas agus a chuspóir faoi alt 126 a chomhlíonadh.

(3)  I gcás ina mbeartaítear ordú a dhéanamh faoi fho-alt (2), leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4)  (a)  D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo nó fho-alt (3) d'alt 106, i gcás ina mbeidh an tAire den tuairim gur cóir gnáthchomhalta breise amháin nó níos mó a cheapadh ar bhonn práinne de bharr líon na n-achomharc, na dtarchur nó na nithe eile is cúram don Bhord, féadfaidh an tAire, go dtí go ndéanfar agus go gceadófar ordú faoi fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, duine amháin nó níos mó a cheapadh ar bhonn sealadach as measc oifigigh an Aire ar státseirbhísigh bhunaithe iad chun críocha Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956, nó as measc fhostaithe an Bhoird.

(b)  Ní cheapfar duine chun bheith ina ghnáthchomhalta nó ina gnáthchomhalta faoin bhfo-alt seo ar feadh téarma is faide ná 9 mí.

(5)  Beidh éifeacht le hordú a dhéanfar faoi fho-alt (2) ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná 5 bliana, a shonrófar san ordú.

Cathaoirleach a cheapadh.

105. —(1)  An Rialtas a cheapfaidh an cathaoirleach.

(2)  Beidh coiste ann (“an coiste”) ar a mbeidh—

(a)  Uachtarán na hArd-Chúirte,

(b)  Cathaoirleach Ard-Chomhairle na gComhairlí Contae,

(c)  Ard-Rúnaí na Roinne Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil,

(d)  Cathaoirleach Chomhairle an Taisce,

(e)  Uachtarán na Cónaidhme Tionscail Foirgníochta,

(f)  Uachtarán Chomhairle Feidhmiúcháin Chomhar Ceardchumann na hÉireann, agus

(g)  Cathaoirleach Chomhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn.

(3)  Más rud é—

(a)  go gcuirfidh aon duine de na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) in iúl aon uair nach mian leis nó léi, nó nach bhfuil sé nó sí in ann, gníomhú ar feadh aon tréimhse mar chomhalta den choiste, nó

(b)  nach bhfuil aon duine de na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) in ann, mar gheall ar easláinte nó ar chúis éigin eile, gníomhú amhlaidh ar feadh aon tréimhse,

féadfaidh an tAire, nuair a bheidh iarraidh á dhéanamh aige nó aici faoi fho-alt (7), duine eile a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den choiste ina ionad nó ina hionad agus fanfaidh an duine sin ina chomhalta nó ina comhalta den choiste go dtí cibé tráth a ndéanfaidh an coiste an roghnú de bhun na hiarrata.

(4)  I gcás ina ndéanfaidh an tAire iarraidh faoi fho-alt (7) agus go mbeidh, tráth na hiarrata, folúntas in aon cheann de na hoifigí dá dtagraítear i bhfo-alt (2), féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den choiste agus fanfaidh an duine sin ina chomhalta nó ina comhalta den choiste go dtí cibé tráth a ndéanfaidh an coiste an roghnú de bhun na hiarrata.

(5)  Más rud é, de bhun fho-alt (3)(4), go gceapfaidh an tAire duine chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den choiste, cuirfidh sé nó sí faoi deara, a luaithe is féidir, fógra faoin gceapachán a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(6)  (a)  Féadfaidh an tAire, le hordú, fo-alt (2) a leasú.

(b)  Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo (lena n-áirítear ordú faoin mír seo) a leasú nó a chúlghairm.

(c)  I gcás ina mbeartaítear ordú faoin bhfo-alt seo a dhéanamh, cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(d)  I gcás ordú faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm, déanfar fo-alt (2) a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis faoi réir théarmaí an ordaithe.

(7)  (a)  Déanfaidh an coiste, cibé uair a iarrfaidh an tAire é, 3 iarrthóir a roghnú, nó, i gcás inarb é tuairim an choiste nach bhfuil líon leordhóthanach d'iarrthóirí oiriúnacha ar fáil, cibé líon iarrthóirí is lú ná sin a chinnfidh an coiste a roghnú, lena gceapadh mar chathaoirleach agus déanfaidh sé ainmneacha na n-iarrthóirí, nó, de réir mar is cuí, ainm an iarrthóra, a bheidh roghnaithe aige agus na cúiseanna ar measadh na daoine nó an duine sin a bheith oiriúnach, i dtuairim an choiste, don cheapachán sin, a chur in iúl don Aire.

(b)  Le linn don choiste iarrthóirí a roghnú, beidh aird aige ar an eolas agus ar an taithí speisialta, agus ar na cáilíochtaí eile nó na tréithe pearsanta, a mheasann an coiste is cuí chun a chumasú do dhuine feidhmeanna an chathaoirligh a chomhlíonadh go héifeachtach.

(8)  Ach amháin i gcás athcheapacháin faoi fho-alt (12), ní cheapfaidh an Rialtas duine chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach murar roghnaigh an coiste an duine faoi fho-alt (7) i ndáil leis an gceapachán sin, ach—

(a)  mura féidir leis an gcoiste aon iarrthóir oiriúnach a roghnú de bhun iarrata áirithe faoi fho-alt (7), nó

(b)  má chinneann an Rialtas gan aon duine de na hiarrthóirí a roghnaigh an coiste de bhun iarrata áirithe a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach,

ansin—

(i)  ceapfaidh an Rialtas duine chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach, is duine arbh iarrthóir é nó í a roghnaigh an coiste de bhun iarrata roimhe sin (más ann) i ndáil leis an gceapachán sin, nó

(ii)  cuirfidh na tAire iarraidh eile chuig an gcoiste agus ceapfaidh an Rialtas duine chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach, ar duine é nó í a roghnaigh an coiste de bhun na hiarrata sin nó de bhun iarrata roimhe sin.

(9)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a)  maidir le foilsiú an fhógra á rá go bhfuair an coiste iarraidh faoi fho-alt (7),

(b)  maidir le hiarratais ar roghnú ag an gcoiste, agus

(c)  maidir le haon ní eile is fóirsteanach leis an Aire chun críocha an ailt seo.

(10)  Aon duine a bheidh, de thuras na huaire—

(a)  i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin,

(b)  ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c)  ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil,

beidh sé nó sí dícháilithe chun a cheaptha nó chun a ceaptha mar chathaoirleach.

(11)  Ceapfar an cathaoirleach i gcáil lánaimseartha agus ní shealbhóidh sé nó sí, tráth ar bith i gcaitheamh a théarma nó a téarma oifige, aon oifige nó fostaíocht eile a mbeidh díolaíochtaí iníoctha ina leith.

(12)  Faoi réir fhorálacha eile an ailt seo, sealbhóidh an cathaoirleach oifig ar feadh téarma 7 mbliana agus féadfaidh an Rialtas é nó í a athcheapadh i gcomhair an dara téarma oifige nó i gcomhair téarma oifige iardain, ar choinníoll nach n-athcheapfar duine faoin bhfo-alt seo mura rud é, tráth a athcheaptha nó a hathcheaptha, gurb eisean nó ise, nó gurbh eisean nó ise, an cathaoirleach a bheidh ag dul as oifig.

(13)  (a)  Féadfaidh an cathaoirleach éirí as a oifig nó as a hoifig mar chathaoirleach trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht ar an agus ón dáta a bhfaighidh an tAire an litir.

(b)  Fágfaidh an cathaoirleach oifig an chathaoirligh ar 65 bliana d'aois a shlánú.

(c)  Scoirfidh duine de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach más rud é—

(i)  go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh nó lena toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa,

(ii)  go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh, nó

(iii)  go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil.

(d)  Scoirfidh duine de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach más rud é—

(i)  go mbreithneofar ina fhéimheach é nó ina féimheach í,

(ii)  go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(iii)  go gciontófar é nó í in aon chion indíotáilte i ndáil le cuideachta,

(iv)  go gciontófar é nó í i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, cibé acu i ndáil le cuideachta nó nach ea,

(v)  go ngearrfaidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air nó uirthi,

(vi)  go ndéanfar ordú ina thaobh nó ina taobh faoi alt 160 d'Acht na gCuideachtaí, 1990, nó

(vii)  go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chónaí nó ina cónaí sa Stát.

(14)  (a)  Íocfaidh an Bord leis an gcathaoirleach an tuarastal céanna a íoctar le breitheamh den Ard-Chúirt.

(b)  Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh an cathaoirleach i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena náirítear téarmaí a bhaineann le liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(15)  Féadfaidh an Rialtas an cathaoirleach a chur as oifig ar é nó í a bheith éirithe éagumasach, mar gheall ar easláinte, lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach nó má rinne sé é féin nó má rinne sí í féin a mhí-iompar mar a bheidh sonraithe, nó más dóigh leis an Rialtas gur gá é nó í a chur as oifig le go gcomhlíonfadh an Bord feidhmeanna an Bhoird go héifeachtach, agus i gcás ina gcuirfear an cathaoirleach as oifig faoin bhfo-alt seo, cuirfidh an Rialtas faoi deara ráiteas i scríbhinn maidir leis na cúiseanna a bhí lena chur nó lena cur as oifig a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Gnáthchomhaltaí a cheapadh.

106. —(1)  Déanfaidh an tAire 7 ngnáthchomhalta den Bhord a cheapadh mar a leanas:

(a)  ceapfar comhalta amháin as measc daoine a roghnóidh eagraíochtaí forordaithe atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach do dhaoine a mbaineann a ngairm nó a slí bheatha le pleanáil fhisiceach, le hinnealtóireacht agus le hailtireacht;

(b)  ceapfar comhalta amháin as measc daoine a roghnóidh eagraíochtaí forordaithe atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach do dhaoine ar cúram dóibh an comhshaol agus taitneamhachtaí a chosaint agus a shlánchoimeád;

(c)  ceapfar comhalta amháin as measc daoine a roghnóidh eagraíochtaí forordaithe ar cúram dóibh, i dtuairim an Aire, forbairt eacnamaíochta, forbairt a spreagadh agus a dhéanamh, bonneagar a sholáthar nó talamh a fhorbairt nó atá bainteach thairis sin leis an tionscal foirgníochta;

(d)  ceapfar comhalta amháin as measc daoine a roghnóidh eagraíochtaí forordaithe atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach do leasanna rialtais áitiúil;

(e)  ceapfar comhalta amháin as measc daoine a ainmneoidh cibé ceardchumainn, comhlachtaí atá ionadaitheach d'fheirmeoirí agus comhlachtaí a bhfuil, i dtuairim an Aire, spéis ar leith acu i nithe a bhaineann le forbairt tuaithe agus pobail áitiúil nó saineolas acu ar an gcéanna, a fhorordófar;

(f)  ceapfar comhalta amháin as measc daoine a ainmneoidh cibé comhlachtaí saorálacha, comhlachtaí a bhfuil cuspóirí carthanúla acu agus comhlachtaí a bhfuil, i dtuairim an Aire, spéis ar leith acu i nithe a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge, cur chun cinn na n-ealaíon agus an chultúir nó atá ionadaitheach do dhaoine atá faoi mhíchumas, nó a bhfuil saineolas acu ar an gcéanna, a fhorordófar;

(g)  ceapfar comhalta amháin as measc oifigigh an Aire ar státseirbhísigh bhunaithe iad chun críocha Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956.

(2)  Forordóidh an tAire 2 eagraíocht ar a laghad chun críocha gach ceann de mhíreanna (a) go (f) d'fho-alt (1).

(3)  Más rud é go gcinnfidh an tAire comhalta amháin nó níos mó a cheapadh chun an Bhoird de bhun ordaithe faoi alt 104(2)

(a)  i gcás ina ndéanfar líon comhaltaí breise nach mó ná 5 a cheapadh, ní dhéanfar níos mó ná duine amháin a cheapadh as measc daoine a roghnóidh eagraíochtaí a bheidh forordaithe chun críocha míre áirithe d'fho-alt (1);

(b)  i gcás ina ndéanfar líon comhaltaí breise is mó ná 5 ach nach mó ná 10 a cheapadh, ní dhéanfar níos mó ná 2 a cheapadh as measc daoine a roghnóidh eagraíochtaí a bheidh forordaithe chun críocha míre áirithe d'fho-alt (1).

(4)  Déanfaidh eagraíocht a bheidh forordaithe chun críocha mhír (a), (b), (c), (d), (e)(f) d'fho-alt (3), aon uair a iarrfaidh an tAire é, cibé líon iarrthóirí (nach lú ná beirt) a shonróidh an tAire a ainmniú lena gceapadh mar ghnáthchomhalta agus cuirfidh sí ainm na n-iarrthóirí a ainmneofar agus na cúiseanna a bhfuil siad, i dtuairim na heagraíochta, oiriúnach lena gceapadh in iúl don Aire.

(5)  Ach amháin i gcás ceapacháin de bhun fho-alt (1)(g) nó i gcás athcheapacháin faoi fho-alt (12) agus faoi réir fho-alt (6) agus alt 108(4), ní cheapfaidh an tAire duine chun bheith ina ghnáthchomhalta nó ina gnáthchomhalta murar ainmníodh an duine de bhun iarrata faoi fho-alt (4) i ndáil leis an gceapachán sin.

(6)  Más rud é—

(a)  de bhun iarrata áirithe faoi fho-alt (4), go ndiúltóidh nó go mainneoidh eagraíocht aon iarrthóir a ainmniú, nó

(b)  go gcinnfidh an tAire gan aon iarrthóir a ainmneoidh na heagraíochtaí de bhun iarrata áirithe faoin bhfo-alt sin a cheapadh mar ghnáthchomhalta,

ansin—

(i)  ceapfaidh an tAire mar ghnáthchomhalta duine a bhí ar líon na ndaoine a d'ainmnigh eagraíocht den sórt sin de bhun iarrata roimhe sin (más ann) faoin bhfo-alt sin i ndáil leis an gceapachán sin,

(ii)  déanfaidh an tAire iarraidh eile agus ceapfaidh sé nó sí mar ghnáthchomhalta duine a bhí ar líon na ndaoine a ainmníodh de bhun na hiarrata sin nó de bhun iarrata eile arna déanamh i ndáil leis an gceapachán sin, nó

(iii)  ceapfaidh an tAire mar ghnáthchomhalta duine a roghnaigh coiste arna bhunú faoi fho-alt (7).

(7)  (a)  Beidh coiste ann (“an coiste”) ar a mbeidh—

(i)  an cathaoirleach,

(ii)  Rúnaí Cúnta na Roinne Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil atá freagrach as pleanáil agus forbairt inchothaithe, agus

(iii)  Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta.

(b)  Déanfaidh an coiste, aon uair a iarrfaidh an tAire é—

(i)  le fógra i nuachtán náisiúnta amháin nó níos mó, iarratais ar cheapachán mar ghnáthchomhalta a iarraidh ó dhaoine cuí-cháilithe,

(ii)  3 iarrthóir a roghnú, nó i gcás inarb é tuairim an choiste nach bhfuil líon leordhóthanach d'iarrthóirí oiriúnacha ar fáil, cibé líon iarrthóirí is lú ná sin a chinnfidh an coiste a roghnú, lena gceapadh mar ghnáthchomhalta, agus aird aige ar an eolas agus ar an taithí, agus ar na cáilíochtaí eile nó na tréithe pearsanta, a mheasann an coiste is cuí chun a chumasú do dhuine feidhmeanna gnáthchomhalta a chomhlíonadh go héifeachtach, agus

(iii)  ainmneacha na n-iarrthóirí, nó, de réir mar is cuí, ainm an iarrthóra, a bheidh roghnaithe aige agus na cúiseanna ar measadh na daoine nó an duine sin a bheith oiriúnach, i dtuairim an choiste, don cheapachán, a chur in iúl don Aire.

(8)  I gcás ina ndéanfar iarraidh de bhun fho-alt (4) agus go mainneoidh nó go ndiúltóidh an eagraíocht ar a ndearnadh an iarraidh an líon iarrthóirí a bheidh sonraithe san iarraidh a ainmniú, ní choiscfear, dá bhíthin sin, duine a ainmniú mar ghnáthchomhalta is duine a bhí ainmnithe i ndáil leis an gceapachán sin ag an eagraíocht nó ag aon eagraíocht eile.

(9)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a)  maidir leis an tréimhse ina mbeidh faisnéis le cur in iúl don Aire de réir fho-alt (4), agus

(b)  maidir le haon ní eile is fóirsteanach leis an Aire chun críocha an ailt seo.

(10)  Aon duine a bheidh de thuras na huaire—

(a)  i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin,

(b)  ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c)  ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil,

beidh sé nó sí dícháilithe chun a cheaptha nó chun a ceaptha mar ghnáthchomhalta.

(11)  Ceapfar gach duine de na gnáthchomhaltaí i gcáil lánaimseartha agus ní shealbhóidh sé nó sí, tráth ar bith i gcaitheamh a théarma nó a téarma oifige, aon oifig nó fostaíocht eile a mbeidh díolaíochtaí iníoctha ina leith.

(12)  Faoi réir fhorálacha alt 108(4)(b), sealbhóidh gnáthchomhalta oifig ar feadh cibé téarma (nach faide ná 5 bliana) a shonróidh an tAire tráth a cheaptha nó a ceaptha chun oifige agus féadfaidh an tAire é nó í a athcheapadh i gcomhair an dara téarma oifige nó i gcomhair téarma oifige iardain, ar choinníoll nach n-athcheapfar duine faoin bhfo-alt seo mura rud é, tráth a athcheaptha nó a hathcheaptha, go bhfuil sé nó sí, nó go raibh sé nó sí, ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord a bheidh ag dul as oifig..

(13)  (a)  Féadfaidh gnáthchomhalta éirí as a chomhaltas nó as a comhaltas trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht ar an agus ón dáta a bhfaighidh an tAire an litir.

(b)  Fágfaidh duine a oifig nó a hoifig mar ghnáthchomhalta ar 65 bliana d'aois a shlánú.

(c)  Scoirfidh duine de bheith ina ghnáthchomhalta nó ina gnáthchomhalta más rud é—

(i)  go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh nó lena toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa,

(ii)  go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh, nó

(iii)  go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil.

(d)  Scoirfidh duine de bheith ina ghnáthchomhalta nó ina gnáthchomhalta den Bhord más rud é—

(i)  go mbreithneofar ina fhéimheach é nó ina féimheach í,

(ii)  go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(iii)  go gciontófar é nó í in aon chion indíotáilte i ndáil le cuideachta,

(iv)  go gciontófar é nó í i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, cibé acu i ndáil le cuideachta nó nach ea,

(v)  go ngearrfaidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air nó uirthi,

(vi)  go ndéanfar ordú ina thaobh nó ina taobh faoi alt 160 d'Acht na gCuideachtaí, 1990, nó

(vii)  go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chónaí nó ina cónaí sa Stát.

(14)  (a)  Íocfaidh an Bord le gach gnáthchomhalta cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachais a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(b)  Faoi réir fhorálacha eile an ailt seo, beidh gnáthchomhalta i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(15)  Féadfaidh an Rialtas gnáthchomhalta a chur as oifig ar é nó í a bheith éirithe éagumasach, mar gheall ar easláinte, lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach, nó má rinne sé é féin nó í féin a mhí-iompar mar a bheidh sonraithe, nó más dóigh leis an Aire gur gá é nó í a chur as oifig le go gcomhlíonfadh an Bord feidhmeanna an Bhoird go héifeachtach, agus i gcás ina gcuirfear gnáthchomhalta as oifig faoin bhfo-alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara ráiteas i scríbhinn maidir leis na cúiseanna a bhí lena chur nó lena cur as oifig a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Leaschathaoirleach a cheapadh.

107. —(1)  Ceapfaidh an tAire duine as measc na ngnáthchomhaltaí chun bheith ina leaschathaoirleach agus is go ceann cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa cheapachán a dhéanfar an ceapachán sin.

(2)  Más rud é, tráth ar bith, go scoirfidh an leaschathaoirleach aon am de bheith ina ghnáthchomhalta nó ina gnáthchomhalta den Bhord, scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina leaschathaoirleach.

(3)  Íocfaidh an Bord leis an leaschathaoirleach, i dteannta a luacha saothair mar ghnáthchomhalta, cibé luach saothair breise (más ann) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(4)  Féadfaidh an leaschathaoirleach éirí as a oifig nó as a hoifig mar leaschathaoirleach trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht ar an agus ón dáta a bhfaighidh an tAire an litir.

Córam don Bhord. folúntais, etc.

108. —(1)  3 is córam do chruinniú den Bhord.

(2)  Faoi réir fho-alt (1), féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais in oifig an chathaoirligh nó an leaschathaoirligh nó i líon na ngnáthchomhaltaí.

(3)  I gcás ina mbeidh folúntas in oifig an chathaoirligh nó an leaschathaoirligh nó i líon na ngnáthchomhaltaí, nó ina mbeidh folúntas le bheith in oifig den sórt sin, glacfaidh an tAire bearta a luaithe is féidir chun an folúntas a líonadh.

(4)  (a)  Más rud é, mar gheall ar an gcathaoirleach nó gnáthchomhalta a bheith breoite, nó ar aon chúis eile, nach mbeidh líon leordhóthanach comhaltaí den Bhord ar fáil chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach, féadfaidh an tAire, mar bheart idirlinne, duine amháin nó níos mó a cheapadh mar ghnáthchomhalta as measc na n-oifigeach dá dtagraítear in alt 106(1)(g) nó as measc fhostaithe an Bhoird.

(b)  Ní dhéanfar duine a cheapadh chun bheith ina ghnáthchomhalta nó ina gnáthchomhalta faoin bhfo-alt seo go ceann téarma is faide ná bliain.

Caibidil II

Eagraíocht, Foireann, etc.

Comhlíonadh ag an mBord.

109. —(1)  Tabharfaidh an Bord don Aire cibé faisnéis i ndáil le comhlíonadh fheidhmeanna an Bhoird a iarrfaidh sé nó sí ó am go ham.

(2)  (a)  Déanfaidh an Bord, ag cibé agaí aimsire is cuí leis nó de réir mar a ordóidh an tAire, athbhreithnithe ar a eagraíocht agus ar na córais agus ar na nósanna imeachta a chleachtann sé i ndáil le hachomhairc agus tarchuir.

(b)  Má thugann an tAire ordachán faoin alt seo, tabharfaidh an Bord tuarascáil don Aire i dtaobh thorthaí an athbhreithnithe a rinneadh de bhun an ordaithe agus comhlíonfaidh sé aon treoir a thabharfaidh an tAire, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an mBord maidir leis na torthaí sin, i ndáil leis na nithe go léir nó aon ní díobh ab ábhar don athbhreithniú.

(3)  Féadfaidh an Bord aighneachtaí a dhéanamh chun an Aire maidir le haon ní a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird.

(4)  Féadfaidh an tAire dul i gcomhairle leis an mBord maidir le haon ní a bhaineann le comhlíonadh na nithe seo a leanas—

(a)  feidhmeanna an Bhoird, nó

(b)  na feidhmeanna a shanntar don Aire leis an Acht seo nó faoin Acht seo nó le haon achtachán eile nó le haon ordú, rialachán nó ionstraim eile faoin gcéanna.

An cathaoirleach do chinntiú go ndéanfar gnó an Bhoird a chur i gcrích go héifeachtúil, etc.

110. —(1)  Beidh sé d'fheidhm ag an gcathaoirleach, nó i gcás nach mbeidh sé nó sí ar fáil nó ina mbeidh oifig an chathaoirligh folamh, ag an leaschathaoirleach—

(a)  a chinntiú go ndéanfar gnó an Bhoird a chur i gcrích go héifeachtúil, agus

(b)  a shocrú go ndéanfar gnó an Bhoird a dháileadh ar a chomhaltaí.

(2)  Más é tuairim an chathaoirligh go ndearna gnáthchomhalta é féin nó í féin a iompar ar shlí a tharraingeodh míchlú ar an mBord nó gur dhochar an t-iompar sin do chomhlíonadh éifeachtach fheidhmeanna uile an Bhoird nó aon fheidhme nó feidhmeanna díobh, féadfaidh sé nó sí dá lánrogha féin—

(a)  a cheangal ar an gcomhalta den Bhord freastal le haghaidh agallaimh agus an comhalta a chur faoi agallamh go príobháideach ann agus an tuairim sin a chur i bhfios dó nó di, nó

(b)  má mheasann sé nó sí gur cuí sin a dhéanamh, an t-ábhar a imscrúdú ar dhóigh eile,

agus má mheasann sé nó sí gur cuí sin a dhéanamh, toradh an agallaimh nó an imscrúdaithe a thuairisciú don Aire.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

111. —(1)  Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2)  Beidh vóta ag an gcathaoirleach agus ag gach gnáthchomhalta ag cruinniú den Bhord.

(3)  Ag cruinniú den Bhord—

(a)  is é nó is í an cathaoirleach, má bhíonn sé nó sí i láthair, a bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú,

(b)  mura mbeidh an cathaoirleach i láthair, is é nó is í an leaschathaoirleach, má bhíonn sé nó sí i láthair, a bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, agus

(c)  mura mbeidh an cathaoirleach ná an leaschathaoirleach i láthair, roghnóidh na gnáthchomhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon féin chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(4)  Gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Bhord i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna, cinnfear í le tromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an vóta réitigh ag an duine a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(5)  (a)  Faoi réir an Achta seo, agus aon rialachán arna ndéanamh faoi, agus faoi réir aon achtacháin nó ordaithe eile, nó aon rialacháin nó ionstraime eile faoi sin freisin, a rialaíonn nó a dhéanann difear ar shlí eile do nós imeachta an Bhoird, déanfaidh an Bord a nós imeachta agus a ghnó féin a rialáil.

(b)  Féadfaidh an tAire a cheangal ar an mBord é nó í a choimeád ar an eolas i dtaobh na socruithe a dhéanfar faoin bhfo-alt seo chun nós imeachta agus gnó an Bhoird a rialáil.

(6)  (a)  Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), féadfaidh an Bord aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhalta nó ag aon chomhalta den Bhord nó trí aon duine eile nó ag aon duine eile a bheidh údaraithe go cuí ag an mBord chuige sin.

(b)  Forléireofar mír (a) mar mhír a chuireann ar chumas comhalta den Bhord breith chríochnaitheach a thabhairt ar phoncanna sonraí i ndáil le cinneadh ar chás áirithe más rud é gur breithníodh an cás lena mbaineann an túdarú faoin mír sin ag cruinniú den Bhord sular tugadh an t-údarú agus beidh an bhreith sin de réir théarmaí an údaraithe sin.

(c)  Ní fhorléireofar mír (a) mar mhír a chuireann ar chumas an Bhoird údarás a thabhairt do dhuine nach comhalta den Bhord breith chríochnaitheach a thabhairt ar aon chás áirithe is cúram don Bhord.

(7)  Socróidh an Bord go gcoimeádfar taifead scríofa ar a chuid cinntí go léir, lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine sin a bhí i láthair ag cruinniú den Bhord agus líon na ndaoine sin a vótálann ar son nó i gcoinne na gcinntí sin.

Rannáin den Bhord.

112. —(1)  Aon uair a bheidh an tAire nó an cathaoirleach den tuairim gur fóirsteanach, ar mhaithe le dlús a chur le gnó an Bhoird, go ngníomhóidh an Bord trí rannáin, féadfaidh sé nó sí ordachán a thabhairt dá réir sin, agus go dtí go gcúlghairfear an t-ordachán sin—

(a)  sannfaidh an cathaoirleach do gach rannán an gnó a bheidh le déanamh aige, agus

(b)  chun críche an ghnó a shannfar dó amhlaidh, beidh feidhmeanna uile an Bhoird ag gach rannán.

(2)  3 chomhalta ar a laghad den Bhord a bheidh i rannán den Bhord.

(3)  Féadfaidh an cathaoirleach, nó má bhíonn sé nó sí as láthair, féadfaidh duine a bheidh ag gníomhú mar chathaoirleach ag cruinniú de rannán den Bhord, aon tráth roimh chinneadh a dhéanamh, breithniú aon achomhairc nó tarchuir a aistriú ón rannán go dtí cruinniú de na comhaltaí uile den Bhord a mbeidh fáil orthu, i gcás ina measfaidh an cathaoirleach go bhfuil castacht nó tábhacht ar leith ag baint leis an achomharc nó leis an tarchur.

Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird.

113. —(1)  Ní nochtfaidh aon duine, gan toiliú an Bhoird (a fhéadfar a thabhairt don duine, faoi réir coinníollacha nó dá néagmais, maidir le haon fhaisnéis, maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d'aicme nó de thuairisc áirithe) aon fhaisnéis—

(a)  a bheidh faighte aige nó aici le linn dó nó di fónamh mar chomhalta nó mar fhostaí de chuid an Bhoird nó mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir don Bhord nó mar dhuine a mbaineann an Bord leas as a sheirbhísí nó a seirbhísí de bhua alt 120(2)122, nó

(b)  a bheidh faighte amhlaidh maidir le gnó an Bhoird nó maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna.

(2)  Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3)  Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1)

(a)  nochtadh faisnéise i dtuarascáil a thabharfar don Bhord nó i dtuarascáil a thabharfaidh an Bord, nó a thabharfar thar ceann an Bhoird, don Aire,

(b)  nochtadh faisnéise ag aon duine i gcúrsa agus de réir fheidhmeanna a oifige nó a hoifige,

(c)  nochtadh faisnéise de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997, nó

(d)  nochtadh faisnéise de réir na Rialachán um Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 1998, agus de réir aon rialachán ag leasú na rialachán sin nó a chuirtear ina n-ionad.

Toirmeasc ar chumarsáidí áirithe i ndáil le hachomhairc, etc.

114. —(1)  Aon duine a dhéanfaidh cumarsáid leis an gcathaoirleach, le gnáthchomhalta, le fostaí de chuid an Bhoird, nó le sainchomhairleoir nó le comhairleoir don Bhord nó le duine a mbaineann an Bord leas as a sheirbhísí nó as a seirbhísí de bhua alt 120 (2)122, d'fhonn tionchar míchuí a imirt ar bhreithniú achomhairc nó tarchuir nó ar chinneadh ag an mBord i dtaobh aon ní, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2)  Má bhíonn an cathaoirleach nó gnáthchomhalta nó fostaí de chuid an Bhoird nó sainchomhairleoir nó comhairleoir don Bhord nó duine a mbaineann an Bord leas as a sheirbhísí nó as a seirbhísí de bhua alt 120 (2)122, den tuairim go sáraíonn cumarsáid fo-alt (1), beidh de dhualgas air nó uirthi gan bacadh a thuilleadh leis an gcumarsáid agus nochtfaidh sé nó sí an chumarsáid don Bhord.

Comhaltaí agus fostaithe an Bhoird agus daoine eile a shlánú.

115. —I gcás inar deimhin leis an mBord go ndearna comhalta den Bhord, fostaí de chuid an Bhoird nó duine a soláthraítear a sheirbhísí nó a seirbhísí don Bhord faoi ailt 120(2), 122124(1), a dhualgais nó a dualgais i ndáil le feidhmeanna an Bhoird a chomhall ar mhodh bona fide, déanfaidh sé an comhalta, an fostaí nó an duine a shlánú in aghaidh gach caingne nó éilimh, cibé slí a n-éireoidh, i leith chomhall a dhualgas nó a dualgas aige nó aici.

Deontais don Bhord.

116. —Féadfar, faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis an Aire, deontas nó deontais ina mbeidh cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an mBord i ndáil le clár caiteachais an Bhoird don bhliain sin, a íoc leis an mBord i ngach bliain airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Cuntais agus iniúchtaí an Bhoird.

117. —(1)  Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an Bord nó a chaithfidh sé.

(2)  Déanfaidh an Bord cuntais a choimeádfar faoin alt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire agus, nuair a bheidh siad iniúchta, déanfar iad, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis don Aire.

118. —Tabharfaidh an Bord, tráth nach déanaí ná an 30ú lá de Mheitheamh gach bliain, tuarascáil don Aire ar imeachtaí an Bhoird i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Aoisliúntas chomhaltaí an Bhoird.

119. —(1)  Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú don chathaoirleach agus do ghnáthchomhaltaí, nó ina leith, ar scor dóibh de bheith i seilbh oifige.

(2)  Féadfar a fhoráil le scéim faoin alt seo nach mbeidh foirceannadh cheapachán an chathaoirligh nó gnáthchomhalta le linn théarma oifige an duine sin ina bhac ar phinsean, aisce nó liúntas eile a dhámhachtain dó nó di faoin scéim.

(3)  Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim arna déanamh aige nó aici faoin alt seo a leasú.

(4)  Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éilimh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh mhéid an chéanna, cuirfear an díospóid faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean nó sise chuig an Aire Airgeadais í, agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire Airgeadais.

(5)  Cuirfidh an Bord scéim faoin alt seo i gcrích de réir a téarmaí.

(6)  Ní dheonóidh an Bord aon phinsean, aisce nó liúntas eile d'aon duine nó i leith aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar an duine sin do scor de bheith i seilbh oifige ach amháin de réir scéime faoin alt seo.

(7)  Gach scéim a dhéanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Fostaithe an Bhoird.

120. —(1)  Ceapfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine chun bheith ina bhfostaithe de chuid an Bhoird is dóigh leis an mBord, faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais maidir leis an líon agus leis an gcineál fostaithe den sórt sin is cuí ó am go ham, agus aird aige ar an ngá atá ann a chinntiú go mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge ag líon leordhóthanach den fhoireann le go mbeifear in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla araon.

(2)  Féadfaidh an Bord duine a fhostú i gcáil pháirtaimseartha agus íocfar luach saothair leis nó léi ar mhodh táillí ina mbeidh cibé méideanna a chinnfidh an Bord ó am go ham le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(3)  Sealbhóidh fostaí de chuid an Bhoird a fhostaíocht nó a fostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham faoi réir cheadú an Aire.

(4)  Íocfaidh an Bord lena fhostaithe, as airgead a bheidh faoina réir aige, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord ó am go ham faoi réir cheadú an Aire le toiliú an Aire Airgeadais.

Aoisliúntas fhostaithe an Bhoird.

121. —(1)  Déanfaidh an Bord scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú, ar scor nó ar éag dóibh, do cibé fostaithe lánaimseartha de chuid an Bhoird is cuí leis, nó i leith an chéanna, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú nó lena ceadú a fháil.

(2)  Féadfaidh an Bord, aon tráth, scéim lena leasaítear scéim faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(3)  I gcás ina gcuirfear scéim faoi bhráid an Aire de bhun an ailt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, an scéim a cheadú gan mhodhnú nó fara cibé modhnú (trí ábhar a chur léi, trí ábhar a bhaint aisti nó trína hathrú) is dóigh leis an Aire, leis an toiliú sin, is cuí.

(4)  Déanfaidh an Bord aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5)  Socróidh scéim a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais eile iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(6)  Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh mhéid an chéanna, cuirfear an díospóid faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean nó sise chuig an Aire Airgeadais í, agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire Airgeadais.

(7)  Gach scéim a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

An tAire do sholáthar seirbhísí don Bhord.

122. —(1)  D'fhonn a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire seirbhísí (lena n-áirítear seirbhísí foirne) a sholáthar don Bhord ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear íocaíocht as na seirbhísí sin) a chomhaontófar agus féadfaidh an Bord leas a bhaint as na seirbhísí sin.

(2)  Féadfaidh an Bord seirbhísí (lena n-áirítear seirbhísí foirne) a sholáthar don Aire ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear íocaíocht as na seirbhísí sin) a chomhaontófar agus féadfaidh an tAire leas a bhaint as na seirbhísí sin.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas, etc.

123. —(1)  I gcás ina ndéanfar duine is fostaí de chuid an Bhoird a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh nó lena toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, nó ina measfar de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh, nó ina dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil, beidh sé nó sí ar iasacht ó fhostaíocht ag an mBord agus ní íocfaidh an Bord leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón mBord, aon luach saothair ná liúntais—

(a)  i gcás ina n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé nó sí leis an ainmniúchán agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Teach sin,

(b)  i gcás ina n-ainmneofar é nó í lena thoghadh nó lena toghadh chun ceachtar Tí acu sin nó chun Parlaimint na hEorpa, nó ina measfar é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa, i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar é nó í nó a cheapfar é nó í agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Teach sin nó den Pharlaimint sin nó a chinnfidh toghchán air nó uirthi nó a tharraingeoidh sé nó sí siar ó bheith ina iarrthóir nó ina hiarrthóir, de réir mar is cuí, nó

(c)  i gcás ina dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil, i leith na tréimhse dar tosach an tráth a thiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den údarás áitiúil agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den údarás sin.

(2)  Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina fhostaí nó ina fostaí de chuid an Bhoird.

(3)  Aon duine a bheidh de thuras na huaire ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil beidh sé nó sí, fad a shealbhóidh sé nó sí oifig mar chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina fhostaí nó ina fostaí de chuid an Bhoird.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí don Bhord.

124. —(1)  Féadfaidh an Bord ó am go ham cibé sainchomhairleoirí nó cibé comhairleoirí a fhostú a mheasfaidh sé is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus íocfaidh an Bord, as airgead a bheidh faoina réir aige, aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fhostófar de bhun an ailt seo.

(2)  Áireoidh an Bord, i ngach tuarascáil a thabharfar faoi alt 118, ráiteas ina mbeidh ainmneacha na ndaoine (má b’ann) a fostaíodh de bhun an ailt seo le linn na bliana lena mbaineann an tuarascáil.

Caibidil III

Nósanna Imeachta Achomhairc, etc.

Achomhairc agus tarchuir is cúram don Bhord.

125. —Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hachomhairc agus tarchuir chun an Bhoird ach amháin nach mbeidh feidhm aige maidir le hachomhairc faoi alt 182(4)(b).

Dualgas agus cuspóir an Bhoird i ndáil le hachomhairc agus tarchuir.

126. —(1)  Beidh de dhualgas ar an mBord a chinntiú go ndéanfar achomhairc agus tarchuir a chur de láimh ar mhodh a bheidh chomh dlúsúil agus is féidir agus, chun na críche sin, na bearta sin go léir a bheidh ar fáil dó a ghlacadh chun a chinntiú nach mbeidh, a mhéid is indéanta, aon mhoill inseachanta ann ag aon chéim i dtaca le breith a thabhairt ar achomhairc agus ar tharchuir.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) agus faoi réir fho-ailt (3), (4) agus (5), beidh sé mar chuspóir ag an mBord a chinntiú go dtabharfar breith ar gach achomharc nó tarchur—

(a)  laistigh de thréimhse 18 seachtain dar tosach an dáta a bhfaighidh an Bord an t-achomharc nó an tarchur, nó

(b)  laistigh de cibé tréimhse eile a fhorordóidh an tAire de réir fho-alt (4), i gcoitinne nó i leith aicme nó aicmí áirithe achomharc nó tarchur.

(3)  (a)  I gcás inar dealraitheach don Bhord nárbh fhéidir nó nár chuí, mar gheall ar imthosca áirithe achomhairc nó tarchuir nó mar gheall ar líon na n-achomharc agus na dtarchur a bheidh curtha faoi bhráid an Bhoird, breith a thabhairt ar an achomharc nó ar an tarchur laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír (a)(b) d'fho-alt (2), de réir mar a bheidh, déanfaidh an Bord, le fógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar na páirtithe san achomharc nó sa tarchur roimh éag don tréimhse sin, na cúiseanna nárbh fhéidir nó nár chuí breith a thabhairt ar an achomharc nó ar an tarchur laistigh den tréimhse sin a chur in iúl do na páirtithe sin agus sonróidh sé an dáta a mbeartaíonn an Bord gur roimhe a thabharfar breith ar an achomharc nó ar an tarchur, agus seirbheálfaidh sé fógra den sórt sin freisin ar gach duine a rinne aighneachtaí chuig an mBord nó a thug tuairimí dó i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur.

(b)  I gcás inar seirbheáladh fógra faoi mhír (a), glacfaidh an Bord na bearta sin go léir a bheidh ar fáil dó chun a chinntiú go dtabharfar breith ar an achomharc nó ar an tarchur roimh an dáta a bheidh sonraithe san fhógra.

(4)  Féadfaidh an tAire le rialacháin an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a) a athrú, i gcoitinne nó i leith aicme nó aicmí áirithe achomharc nó tarchur i gcás inar dealraitheach dó nó di gur gá, de bhua imthosca eisceachtúla, déanamh amhlaidh agus, fad a bheidh na rialacháin sin i bhfeidhm, forléireofar an t-alt seo agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(5)  I gcás ina measfaidh an tAire gur gá nó gur fóirsteanach breith a thabhairt—

(a)  ar achomhairc i gcoinne cinntí (d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe) de chuid údarás pleanála faoi alt 34, nó

(b)  ar tharchuir d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe,

i ndáil le forbairt d'aicme nó d'aicmí lena bhfuil tábhacht speisialta straitéiseach, eacnamaíoch nó shóisialach don Stát ar mhodh a bheidh chomh dlúsúil agus is féidir ar comhréir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe, féadfaidh an tAire ordachán a thabhairt don Bhord tosaíocht a thabhairt don aicme nó do na haicmí achomharc nó tarchur lena mbaineann, agus comhlíonfaidh an Bord an tordachán sin.

(6)  Áireoidh an Bord, i ngach tuarascáil a thabharfar faoi alt 118, ráiteas maidir le líon na n-achomharc agus na dtarchur a mbeidh breith tugtha aige orthu laistigh de thréimhse dá dtagraítear i mír (a)(b) d'fho-alt (2) agus cibé faisnéis eile a ordóidh an tAire maidir leis an am a thóg sé breith a thabhairt ar achomhairc agus ar tharchuir.

Forálacha maidir le hachomhairc agus tarchuir a dhéanamh.

127. —(1)  Maidir le hachomharc nó tarchur—

(a)  is i scríbhinn a dhéanfar é,

(b)  luafar ann ainm agus seoladh an achomharcóra nó an duine a dhéanfaidh an tarchur agus an duine, más ann, a bheidh ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann,

(c)  luafar ann ábhar an achomhairc nó an tarchuir,

(d)  luafar go hiomlán ann na forais achomhairc nó tarchuir agus na cúiseanna, na cúinsí agus na hargóintí ar a bhfuil siad bunaithe,

(e)  i gcás achomhairc faoi alt 37 ó dhuine a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí de réir na rialachán ceada, beidh admháil ón údarás pleanála, á rá go bhfuair sé na haighneachtaí nó na tuairimí, ag gabháil leis,

(f)  beidh cibé táille (más ann) a bheidh iníoctha i leith an achomhairc sin nó an tarchuir sin de réir alt 144 ag gabháil leis, agus

(g)  déanfar é laistigh den tréimhse a shonrófar chun an t-achomharc nó an tarchur a dhéanamh.

(2)  (a)  Aon achomharc nó tarchur nach gcomhlíonfaidh ceanglais fho-alt (1), beidh sé neamhbhailí.

(b)  Beidh feidhm ag ceanglas fho-alt (1)(d) cibé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh an t-achomharcóir nó an duine a dhéanfaidh an tarchur, nó a bheartóidh nó nach mbeartóidh sé nó sí, a iarraidh de réir alt 134 go ndéanfar an t-achomharc nó an tarchur a éisteacht ó bhéal.

(3)  Gan dochar d'alt 131134, ní bheidh achomharcóir nó duine a dhéanfaidh an tarchur i dteideal mionléiriú i scríbhinn a dhéanamh ar na forais achomhairc nó tarchuir a luafar san achomharc nó sa tarchur, ná aighneachtaí breise i scríbhinn a dhéanamh i ndáil leis na forais sin, ná forais bhreise achomhairc nó tarchuir a chur isteach agus ní bhreithneoidh an Bord aon mhionléiriú, aighneachtaí nó forais bhreise den sórt sin a gheobhaidh sé.

(4)  (a)  Maidir le hachomharc nó tarchur, beidh cibé doiciméid, sonraí nó faisnéis eile i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur ag gabháil leis a mheasfaidh an t-achomharcóir nó an duine a dhéanfaidh an tarchur is gá nó is cuí.

(b)  Gan dochar d'alt 132, ní bhreithneoidh an Bord aon doiciméid, sonraí nó faisnéis eile a chuirfidh achomharcóir nó duine a dhéanfaidh an tarchur faoina bhráid, seachas na doiciméid, na sonraí nó an fhaisnéis eile a bhí ag gabháil leis an achomharc nó leis an tarchur.

(5)  Déanfar achomharc nó tarchur—

(a)  tríd an achomharc nó an tarchur a chur leis an bpost réamhíoctha chuig an mBord,

(b)  tríd an achomharc nó an tarchur a fhágáil le fostaí de chuid an Bhoird in oifigí an Bhoird le linn uaireanta oifige (de réir mar a chinnfidh an Bord), nó

(c)  ar cibé modh eile a bheidh forordaithe.

Údaráis phleanála do chur doiciméad, etc. faoi bhráid an Bhoird.

128. —I gcás ina ndéanfar achomharc nó tarchur chun an Bhoird déanfaidh an t-údarás pleanála lena mbaineann, laistigh de thréimhse 2 sheachtain dar tosach an lá a chuirfidh an Bord cóip den achomharc nó den tarchur chucu, na nithe seo a leanas a chur faoi bhráid an Bhoird—

(a)  i gcás achomhairc faoi alt 37

(i)  cóip den iarratas pleanála lena mbaineann agus cóip d'aon líníochtaí, léarscáileanna, sonraí, fianaise, ráiteas tionchair timpeallachta, staidéar eile i scríbhinn nó faisnéis bhreise a bheidh faighte acu ón iarratasóir de réir rialachán faoin Acht seo,

(ii)  cóip d'aon tuarascáil a d'ullmhaigh an t-údarás pleanála, nó a ullmhaíodh don údarás pleanála, i ndáil leis an iarratas pleanála, agus

(iii)  cóip de chinneadh an údaráis pleanála i leith an iarratais pleanála agus cóip den fhógra i dtaobh an chinnidh a tugadh don iarratasóir;

(b)  i gcás aon achomhairc nó tarchuir eile, aon fhaisnéis nó doiciméid a bheidh ina seilbh agus is iomchuí maidir leis an ní sin.

Aighneachtaí nó tuairimí ó pháirtithe eile.

129. —(1)  Déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis achomharc nó tarchur a fháil, cóip den chéanna a thabhairt do gach páirtí eile.

(2)  (a)  Féadfaidh gach páirtí eile aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh chuig an mBord nó tuairimí i scríbhinn a thabhairt dó i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur laistigh de thréimhse 4 sheachtain dar tosach an lá a chuirfidh an Bord cóip den achomharc nó den tarchur chuig an bpáirtí sin.

(b)  Ní bhreithneoidh an Bord aon aighneachtaí nó tuairimí a gheobhaidh an Bord tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír (a).

(3)  I gcás nach mbeidh aon aighneachtaí ná tuairimí faighte ó pháirtí laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2), féadfaidh an Bord, gan a thuilleadh fógra a thabhairt don pháirtí sin, breith a thabhairt ar an achomharc nó ar an tarchur.

(4)  Gan dochar d'alt 131134, ní bheidh páirtí i dteideal mionléiriú i scríbhinn a dhéanamh ar aon aighneachtaí a rinneadh ná ar aon tuairimí a tugadh de réir fho-alt (2) ná aon aighneachtaí breise i scríbhinn a dhéanamh ná tuairimí breise i scríbhinn a thabhairt i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur agus ní bhreithneoidh an Bord aon mhionléiriú, aighneachtaí nó tuairimí den sórt sin a gheobhaidh sé.

Aighneachtaí nó tuairimí ó dhaoine seachas páirtithe.

130. —(1) (a)  Féadfaidh aon duine, seachas páirtí, aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh chuig an mBord nó tuairimí i scríbhinn a thabhairt dó i ndáil le hachomharc nó le tarchur, seachas tarchur faoi alt 96(5).

(b)  Gan dochar d'fho-alt (4), féadfar aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (3) agus ní bhreithneoidh an Bord aon aighneachtaí nó tuairimí a gheobhaidh an Bord tar éis dheireadh na tréimhse sin.

(c)  Maidir le haighneacht nó tuairim—

(i)  is i scríbhinn a dhéanfar nó a thabharfar í,

(ii)  luafar inti ainm agus seoladh an duine a dhéanfaidh an aighneacht nó a thabharfaidh an tuairim mar aon le hainm agus seoladh aon duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann,

(iii)  luafar inti ábhar na haighneachta nó na tuairime,

(iv)  luafar go hiomlán inti na cúiseanna, na cúinsí agus na hargóintí ar a bhfuil an aighneacht nó an tuairim bunaithe, agus

(v)  beidh cibé táille (más ann) a bheidh iníoctha de réir alt 144 ag gabháil léi.

(2)  Aon aighneacht nó tuairim nach gcomhlíonfaidh fo-alt (1), beidh sí neamhbhailí.

(3)  Is í an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b)

(a)  i gcás ina ndéanfar, de réir rialachán faoi alt 171(5), fógra a fhoilsiú i dtaobh ráiteas tionchair timpeallachta a fháil, an tréimhse 4 sheachtain dar tosach an lá a fhoilseofar aon fhógra a cheanglaítear faoi na rialacháin sin,

(b)  i gcás ina gceanglóidh an Bord fógra a thabhairt faoi alt 142(4), an tréimhse 4 sheachtain dar tosach an lá a fhoilseofar an fógra a cheanglaítear a thabhairt,

(c)  in aon achomharc eile faoin Acht seo, an tréimhse 4 sheachtain dar tosach an lá a gheobhaidh an Bord an t-achomharc nó, i gcás ina mbeidh breis agus achomharc amháin ann i gcoinne chinneadh an údaráis pleanála, an lá is déanaí a gheobhaidh an Bord achomharc, nó

(d)  i gcás tarchuir, an tréimhse 4 sheachtain dar tosach an lá a gheobhaidh an Bord an tarchur.

(4)  Gan dochar d'alt 131134, ní bheidh duine a dhéanfaidh aighneachtaí chuig an mBord nó a thabharfaidh tuairimí dó de réir an ailt seo i dteideal mionléiriú i scríbhinn a dhéanamh ar na haighneachtaí ná ar na tuairimí ná aighneachtaí breise i scríbhinn a dhéanamh ná tuairimí breise i scríbhinn a thabhairt i ndáil leis an achomharc nó le haon ní eile agus ní bhreithneoidh an Bord aon mhionléiriú, aighneachtaí nó tuairimí den sórt sin a gheobhaidh sé.

(5)  Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-ailt (1)(b) agus (4) maidir le haighneachtaí a dhéanfaidh nó tuairimí a thabharfaidh Ballstát de na Comhphobail Eorpacha (de réir bhrí Acht na gComhphobal Eorpach, 1972) nó stát eile is páirtí sa Choinbhinsiún Trasteorann, ag éirí as comhchomhairliúchán de réir na Treorach ón gComhairle nó de réir an Choinbhinsiúin Trasteorann, de réir mar a bheidh, i ndáil leis na héifeachtaí a bheadh ag an bhforbairt, lena mbaineann an t-achomharc faoi alt 37, ar an gcomhshaol.

Cumhacht an Bhoird aighneachtaí nó tuairimí a iarraidh.

131. —Más é tuairim an Bhoird, in imthosca áirithe achomhairc nó tarchuir, gur cuí, ar mhaithe leis an gceartas, a iarraidh—

(a)  ar aon pháirtí san achomharc nó sa tarchur,

(b)  ar aon duine a rinne aighneachtaí chuig an mBord nó a thug tuairimí dó i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur, nó

(c)  ar aon duine nó comhlacht eile,

aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt i ndáil le haon ní a bheidh tagtha chun cinn i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur, féadfaidh an Bord, dá rogha féin, d'ainneoin alt 127(3), 129(3), 130(4)137(4) (b), fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar aon duine den sórt sin—

(i)  á iarraidh ar an duine sin, laistigh de thréimhse a shonrófar san fhógra (nach lú ná 2 sheachtain ná nach mó ná 4 sheachtain dar tosach dáta seirbheála an fhógra) aighneachtaí nó tuairimí a chur faoi bhráid an Bhoird maidir leis an ní a bheidh i gceist, agus

(ii)  á lua gurb amhlaidh, mura bhfaighfear aighneachtaí nó tuairimí roimh dheireadh na tréimhse a shonrófar san fhógra, go ndéanfaidh an Bord, tar éis dheireadh na tréimhse sin agus gan a thuilleadh fógra a thabhairt don duine, de bhun alt 133, breith a thabhairt ar an achomharc nó ar an tarchur.

Cumhacht an Bhoird a cheangal doiciméid, etc. a chur faoina bhráid.

132. —(1)  Más é tuairim an Bhoird go bhféadfaidh go mbeidh gá le haon doiciméad, sonraí nó faisnéis eile chun a chumasú dó breith a thabhairt ar achomharc nó ar tharchur, féadfaidh an Bord, dá lánrogha féin, fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar aon pháirtí, nó ar aon duine a rinne aighneachtaí chuig an mBord nó a thug tuairimí dó i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur, mar is cuí, ar fógra é—

(a)  ina gceanglófar ar an duine sin, laistigh de thréimhse a shonrófar san fhógra (is tréimhse nach lú ná 2 sheachtain dar tosach dáta seirbheála an fhógra) an doiciméad sin, na sonraí sin nó an fhaisnéis eile sin, mar a shonrófar san fhógra, a chur faoi bhráid an Bhoird, agus

(b)  ina luafar gurb amhlaidh, mura gcomhlíonfar ceanglais an fhógra, go ndéanfaidh an Bord, de bhun alt 133, tar éis dheireadh na tréimhse a shonrófar amhlaidh agus gan a thuilleadh fógra a thabhairt don duine, an t-achomharc nó an tarchur a dhíbhe nó breith a thabhairt air ar shlí eile.

(2)  Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear d'aon chumhacht eile a thugtar don Bhord faoin Acht seo chun a cheangal faisnéis nó doiciméid eile nó bhreise a chur isteach.

Cumhacht an Bhoird i gcás ina seirbheálfar fógra faoi alt 131132.

133. —I gcás inar seirbheáladh fógra faoi alt 131132, féadfaidh an Bord, aon tráth tar éis dheireadh na tréimhse a shonrófar san fhógra, tar éis dó aon aighneachtaí nó tuairimí nó aon doiciméad, sonraí nó faisnéis eile a bheidh curtha isteach ag an duine ar seirbheáladh an fógra air nó uirthi a bhreithniú, agus gan a thuilleadh fógra a thabhairt don duine sin, breith a thabhairt ar an achomharc nó ar an tarchur nó, i gcás fógra arna sheirbheáil faoi alt 132, é a dhíbhe.

Éisteachtaí ó bhéal ar achomhairc nó ar tharchuir.

134. —(1)  Féadfaidh an Bord, dá lánrogha féin, achomharc, nó tarchur faoi alt 5, a éisteacht ó bhéal.

(2)  (a)  Féadfaidh páirtí in achomharc nó i dtarchur faoi alt 5 a iarraidh go ndéanfar an t-achomharc nó an tarchur a éisteacht ó bhéal.

(b)  (i)  Is i scríbhinn chuig an mBord a dhéanfar iarraidh go ndéanfar achomharc nó tarchur a éisteacht ó bhéal agus beidh cibé táille (más ann) a bheidh iníoctha i leith na hiarrata de réir alt 144 ag gabháil léi.

(ii)  Ní bhreithneoidh an Bord iarraidh go ndéanfar achomharc nó tarchur a éisteacht ó bhéal mura mbeidh cibé táille (más ann) a bheidh iníoctha i leith na hiarrata ag gabháil léi.

(c)  (i)  Déanfaidh achomharcóir éisteacht ó bhéal ar achomharc faoi alt 37 a iarraidh laistigh den tréimhse chuí dá dtagraítear san alt sin agus ní bhreithneoidh an Bord aon iarraidh a gheobhaidh an Bord tar éis dheireadh na tréimhse sin.

(ii)  Más rud é, maidir le foráil den Acht seo, seachas ailt 37 agus 254(6), lena n-údaraítear achomharc a dhéanamh chun an Bhoird, nach gcumasaíonn sí achomharc a dhéanamh ach amháin laistigh de thréimhse shonraithe nó roimh dheireadh tréimhse sonraithe nó roimh lá sonraithe, ní fhéadfaidh achomharcóir a iarraidh go ndéanfar achomharc a éisteacht ó bhéal ach amháin laistigh den tréimhse shonraithe nó roimh dheireadh na tréimhse sonraithe nó roimh an lá sonraithe agus ní bhreithneoidh an Bord aon iarraidh ar éisteacht ó bhéal nach mbeidh faighte amhlaidh ag an mBord.

(iii)  Maidir le hiarraidh ó dhuine a dhéanfaidh tarchur nó ó achomharcóir faoi alt 254(6) go ndéanfar an tarchur nó an t-achomharc, de réir mar a bheidh, a éisteacht ó bhéal, beidh an iarraidh sin ag gabháil leis an tarchur nó leis an achomharc, agus ní bhreithneoidh an Bord aon iarraidh ar éisteacht ó bhéal a gheobhaidh an Bord seachas iarraidh a bheidh ag gabháil leis an tarchur nó leis an achomharc.

(d)  Maidir le hiarraidh ó pháirtí in achomharc nó i dtarchur, seachas an t-achomharcóir, go ndéanfar achomharc nó tarchur a éisteacht ó bhéal, déanfar í laistigh den tréimhse dá dtagraítear in alt 129(2)(a) ar laistigh di a fhéadfaidh an páirtí aighneachtaí a dhéanamh chuig an mBord nó tuairimí a thabhairt dó i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur, agus ní bhreithneoidh an Bord aon iarraidh den sórt sin a gheobhaidh an Bord tar éis dheireadh na tréimhse sin.

(3)  I gcás ina n-iarrfar ar an mBord éisteacht ó bhéal maidir le hachomharc nó tarchur a thionól agus go gcinnfidh sé breith a thabhairt ar an achomharc nó ar an tarchur gan éisteacht ó bhéal, déanfaidh an Bord fógra maidir lena chinneadh a sheirbheáil ar an duine a d'iarr an éisteacht agus ar gach páirtí eile san achomharc nó sa tarchur agus ar gach duine a rinne aighneachtaí chuig an mBord nó a thug tuairimí dó i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur.

(4)  (a)  Féadfar iarraidh ar éisteacht ó bhéal a tharraingt siar tráth ar bith.

(b)  Más rud é, tar éis iarraidh ar éisteacht ó bhéal a tharraingt siar faoi mhír (a), go mbeidh breith le tabhairt ar an achomharc nó ar an tarchur gan éisteacht ó bhéal, tabharfaidh an Bord fógra do gach páirtí eile san achomharc nó sa tarchur agus do gach duine a rinne aighneachtaí chuig an mBord nó a thug tuairimí dó i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur.

Forálacha forlíontacha a bhaineann le héisteachtaí ó bhéal.

135. —(1)  Féadfaidh an Bord nó fostaí de chuid an Bhoird a bheidh údaraithe go cuí ag an mBord duine a shannadh chun éisteacht ó bhéal maidir le hachomharc nó tarchur a sheoladh thar ceann an Bhoird.

(2)  Beidh rogha ag an duine a bheidh ag seoladh éisteachta ó bhéal maidir le haon achomharc nó tarchur i dtaca leis an gcaoi a seolfar an éisteacht agus go háirithe—

(a)  seolfaidh sé nó sí an éisteacht gan aon fhoirmiúlacht mhíchuí,

(b)  cinnfidh sé nó sí an t-ord ina láithreoidh daoine ag an éisteacht,

(c)  ceadóidh sé nó sí d'aon duine láithriú i bpearsa nó duine eile a bheith aige nó aici chun feidhmiú thar a cheann nó thar a ceann,

(d)  tabharfaidh sé nó sí éisteacht do dhuine seachas duine a rinne aighneachtaí chuig an mBord nó a thug tuairimí dó i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur i gcás ina measfar gur cuí, ar mhaithe leis an gceartas, cead a thabhairt don duine éisteacht a fháil.

(3)  Féadfaidh aon duine a mbeidh éisteacht ó bhéal á sheoladh aige nó aici maidir le haon achomharc nó tarchur a cheangal ar aon oifigeach d'údarás pleanála aon fhaisnéis i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur a thabhairt dó nó di, ar faisnéis í a theastóidh uaidh nó uaithi le réasún chun críocha an achomhairc nó an tarchuir, agus beidh de dhualgas ar an oifigeach an ceanglas a chomhlíonadh.

(4)  Féadfaidh aon duine a mbeidh éisteacht ó bhéal á sheoladh aige nó aici maidir le haon achomharc nó tarchur fianaise a ghlacadh faoi mhionn nó faoi dhearbhasc agus chun na críche sin féadfaidh sé nó sí daoine a chur faoi mhionn nó faoi dhearbhasc, agus beidh aon duine a thabharfaidh fianaise ag aon éisteacht den sórt sin i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh aige nó aici dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.

(5)  (a)  Faoi réir mhír (b), féadfaidh an Bord, i ndáil le héisteacht ó bhéal maidir le haon achomharc nó tarchur, trí fhógra i scríbhinn chuige sin a thabhairt d'aon duine, a cheangal ar an duine sin ceachtar de na nithe seo a leanas nó iad araon a dhéanamh:

(i)  freastal ag cibé tráth agus i cibé áit a shonrófar san fhógra chun fianaise a thabhairt i ndáil le haon ní a bheidh i gceist ag an éisteacht;

(ii)  aon leabhair, gníomhais, conarthaí, cuntais, dearbháin, léarscáileanna, pleananna, doiciméid nó faisnéis eile a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh, faoina choimeád nó faoina coimeád nó faoina rialú aige nó aici agus a bhaineann le haon ní den sórt sin a thabhairt ar aird.

(b)  I gcás ina dtabharfar fógra do dhuine faoi mhír (a):

(i)  déanfaidh an Bord cibé caiteachais réasúnacha cothaithe agus taistil a chinnfidh an Bord, de réir na rátaí is infheidhme de thuras na huaire maidir le hoifigigh shinsearacha údaráis pleanála, a íoc le haon duine nó a thairiscint d'aon duine a gceanglaítear air nó uirthi freastal a dhéanamh;

(ii)  maidir le haon duine a d'fhreastail, i gcomhlíonadh fógra, in aon áit, déanfaidh an Bord, ach amháin a mhéid a bheidh caiteachais réasúnacha riachtanacha an fhreastail íoctha leis nó léi cheana féin, na caiteachais sin a íoc leis nó léi, agus beidh na caiteachais sin, mura n-íocfar amhlaidh iad, inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(6)  Gach duine a mbeidh fógra faoi fho-alt (5) tugtha dó nó di agus a dhiúltóidh, nó a mhainneoidh go toiliúil, freastal de réir an fhógra nó a dhéanfaidh go toiliúil aon doiciméad nó faisnéis eile lena mbaineann an fógra a athrú, a choinneáil siar, a cheilt nó a dhíothú nó, tar éis dó nó di freastal amhlaidh, a dhiúltóidh fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh, nó a mhainneoidh go toiliúil, aon doiciméad nó faisnéis eile lena mbaineann an fógra a thabhairt ar aird, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(7)  I gcás aon duine—

(a)  a thabharfaidh, go toiliúil, fianaise atá ábhartha maidir leis an éisteacht ó bhéal agus is eol dó nó di a bheith bréagach nó nach gcreideann sé nó sí a bheith fíor,

(b)  a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, treampán nó cosc a chur ar an duine a bheidh ag seoladh na héisteachta ó bhéal agus é nó í ag comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna,

(c)  a dhiúltóidh mionn a ghlacadh nó dearbhasc a dhéanamh nuair a cheanglóidh duine a bheidh ag tionól na héisteachta ó bhéal go dleathach air nó uirthi déanamh amhlaidh,

(d)  a dhiúltóidh aon cheist a fhreagairt a bhféadfaidh an duine a bheidh ag seoladh na héisteachta ó bhéal a cheangal le dlí freagra a thabhairt uirthi, nó

(e)  a dhéanfaidh aon rud eile, nó a mhainneoidh aon rud eile a dhéanamh, a bheadh, dá mba í an Ard-Chúirt a rinne an fiosrúchán, ina dhíspeagadh ar an gcúirt sin,

beidh an duine ciontach i gcion.

(8)  (a)  Féadfar éisteacht ó bhéal a sheoladh trí mheán na Gaeilge nó trí mheán an Bhéarla.

(b)  I gcás ina mbaineann éisteacht ó bhéal le forbairt laistigh den Ghaeltacht, seolfar an éisteacht trí mheán na Gaeilge, mura gcomhaontóidh na páirtithe san achomharc nó sa tarchur lena mbaineann an éisteacht gur cóir an éisteacht a sheoladh i mBéarla.

(c)  I gcás ina mbaineann éisteacht ó bhéal le forbairt lasmuigh den Ghaeltacht, seolfar an éisteacht trí mheán an Bhéarla, mura gcomhaontóidh na páirtithe san achomharc nó sa tarchur lena mbaineann an éisteacht gur cóir an éisteacht a sheoladh i nGaeilge.

Cruinnithe a chomóradh maidir le tarchuir.

136. —(1)  I gcás inar dealraitheach don Bhord go bhfuil sé fóirsteanach nó caoithiúil d'fhonn breith a thabhairt maidir le tarchur faoi alt 34(5), 96(5)193(2), féadfaidh an Bord dá lánrogha féin cruinniú de na páirtithe a chomóradh.

(2)  Coimeádfaidh an Bord taifead i scríbhinn ar chruinniú a chomórfar de réir an ailt seo agus cuirfear agus coimeádfar cóip den taifead leis na doiciméid lena mbaineann an tarchur áirithe agus, i gcás ina bhfuil baint ag an tarchur le hachomharc, leis na doiciméid lena mbaineann an t-achomharc áirithe.

Nithe seachas nithe a bheidh dúisithe ag páirtithe.

137. —(1)  Féadfaidh an Bord, le linn dó breith a thabhairt ar achomharc nó ar tharchur, nithe a chur i gcuntas seachas iad sin a bheidh dúisithe ag na páirtithe nó ag aon duine a rinne aighneachtaí chuig an mBord nó a thug tuairimí dó i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur más nithe iad a bhféadfaidh an Bord aird a bheith aige orthu de bhua an Achta seo.

(2)  Tabharfaidh an Bord fógra i scríbhinn do gach ceann de na páirtithe agus do gach duine de na daoine a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur i dtaobh na nithe a bheartaíonn sé a chur i gcuntas faoi fho-alt (1) agus cuirfidh sé in iúl san fhógra sin—

(a)  i gcás ina mbeartaíonn an Bord éisteacht ó bhéal a thionól maidir leis an achomharc nó leis an tarchur, nó i gcás ina mbeifear tar éis éisteacht ó bhéal maidir leis an achomharc nó leis an tarchur a chríochnú agus go measfaidh an Bord é a bheith fóirsteanach an éisteacht a athoscailt, go bhféadfar aighneachtaí i ndáil leis na nithe a dhéanamh chuig an duine a bheidh ag seoladh na héisteachta, nó

(b)  i gcás nach mbeartaíonn an Bord éisteacht ó bhéal a thionól maidir leis an achomharc nó leis an tarchur, nó i gcás ina mbeifear tar éis éisteacht ó bhéal maidir leis an achomharc nó leis an tarchur a críochnú agus nach measfaidh an Bord é a bheith fóirsteanach an éisteacht a athoscailt, go bhféadfar aighneachtaí i ndáil leis na nithe a dhéanamh chuig an mBord, nó tuairimí i ndáil leis na nithe a thabhairt dó, i scríbhinn, laistigh de thréimhse a shonrófar san fhógra (ar tréimhse í nach lú ná 2 sheachtain nó nach mó ná 4 sheachtain dar tosach dáta seirbheála an fhógra).

(3)  I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag an mBord, de réir fho-alt (2)(a), ceadófar do na páirtithe agus d'aon duine eile a dtabharfar fógra dó nó di, má bhíonn siad i láthair ag an éisteacht ó bhéal, aighneachtaí a dhéanamh chuig an mBord i ndáil leis na nithe ab ábhar don fhógra nó is iomchuí, i dtuairim an duine a bheidh ag seoladh na héisteachta, maidir leis an achomharc nó leis an tarchur.

(4)  (a)  Ní bhreithneoidh an Bord aighneachtaí nó tuairimí a gheobhaidh an Bord tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b).

(b)  Faoi réir alt 131, i gcás ina ndéanfaidh páirtí nó duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) aighneachtaí chuig an mBord nó ina dtabharfaidh sé nó sí tuairimí dó de réir fho-alt (2)(b), ní bheidh an páirtí sin nó an duine sin i dteideal mionléiriú i scríbhinn a dhéanamh ar na haighneachtaí sin nó ar na tuairimí sin ná aighneachtaí breise i scríbhinn a dhéanamh ná tuairimí breise i scríbhinn a thabhairt i ndáil leis na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus ní bhreithneoidh an Bord aon mhionléiriú, aighneachtaí nó tuairimí den sórt sin a gheobhaidh sé.

Féadfaidh an Bord achomhairc nó tarchuir a dhíbhe más achomhairc nó tarchuir chráiteacha, etc., iad.

138. —(1)  Beidh lánrogha ag an mBord achomharc nó tarchur a dhíbhe—

(a)  más rud é, tar éis forais an achomhairc nó an tarchuir a bhreithniú, gurb é tuairim an Bhoird maidir leis an achomharc nó leis an tarchur—

(i)  go bhfuil sé cráiteach nó suaibhreosach nó nach bhfuil substaint ná bunús leis, nó

(ii)  nach bhfuil sé á dhéanamh ach amháin le hintinn moill a chur ar an bhforbairt nó go bhfuil sé á dhéanamh le hintinn a áirithiú go n-íocfaidh aon duine airgead, bronntanais, comaoin nó aslach eile,

(b)  i gcás inar deimhin leis an mBord nach cóir dó, sna himthosca áirithe, an t-achomharc nó an tarchur a bhreithniú tuilleadh ag féachaint do na nithe seo a leanas—

(i)  an cineál achomhairc atá ann (lena n-áirítear aon cheist a eascraíonn, i dtuairim an Bhoird, as an achomharc nó as an tarchur), nó

(ii)  aon chead roimhe sin a mheasfaidh sé is iomchuí.

(2)  Luafar i gcinneadh a dhéanfar faoin alt seo na príomhchúiseanna agus na príomhchúinsí ar a bhfuil an cinneadh bunaithe.

(3)  Féadfaidh an Bord, dá lánrogha féin, éisteacht ó bhéal a thionól faoi alt 134 chun breith a thabhairt i dtaobh an bhfuil achomharc nó tarchur á dhéanamh agus ní dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a)(ii) ar intinn.

Achomhairc i gcoinne coinníollacha.

139. —(1)  Más rud é—

(a)  go ndéanfar achomharc i gcoinne cinnidh ag údarás pleanála cead a dheonú,

(b)  nach mbaineann an t-achomharc ach le coinníoll nó le coinníollacha a bhforáiltear leis an gcinneadh go mbeidh an cead faoina réir, agus

(c)  gur deimhin leis an mBord, ag féachaint do chineál an choinníll nó na gcoinníollacha, nach ndlífí den Bhord breith a thabhairt ar an iarratas iomchuí amhail is dá mba chuige féin a rinneadh é sa chéad ásc,

ansin, faoi réir an Bord do chomhlíonadh fho-alt (2), féadfaidh an Bord, dá lánrogha féin, cibé ordacháin is cuí leis a thabhairt don údarás pleanála iomchuí maidir leis an údarás sin do chur isteach, do leasú nó do bhaint amach an choinníll nó na gcoinníollacha lena mbaineann an t-achomharc nó do chur isteach, do leasú nó do bhaint amach coinníollacha eile.

(2)  I bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le fo-alt (1), cé is moite de bhreithniú a dhéanamh ar an gcoinníoll nó ar na coinníollacha lena mbaineann an t-achomharc iomchuí, ní bhreithneoidh an Bord ach—

(a)  na nithe atá leagtha amach in alt 34(2)(a), agus

(b)  téarmaí aon cheada roimhe sin a mheasfaidh an Bord a bheith iomchuí.

Achomhairc, iarratais agus tarchuir a tharraingt siar.

140. —(1) (a)  Aon duine a mbeidh achomharc, iarratas pleanála lena mbaineann achomharc nó tarchur déanta aige nó aici, féadfaidh sé nó sí an t-achomharc, an t-iarratas pleanála nó an tarchur a tharraingt siar, i scríbhinn, aon tráth sula dtabharfaidh an Bord breith ar an achomharc nó ar an tarchur sin.

(b)  A luaithe is féidir tar éis tarraingt siar a fháil, cuirfidh an Bord an tarraingt siar in iúl do gach páirtí eile nó do gach duine eile a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí maidir leis an achomharc nó leis an tarchur.

(2)  (a)  Gan dochar d'fho-alt (1), i gcás inarb é tuairim an Bhoird go ndearnadh achomharc, nó iarratas pleanála lena mbaineann achomharc, nó tarchur, a thréigean, féadfaidh an Bord fógra a sheirbheáil ar an duine a rinne an t-achomharc, an t-iarratas nó an tarchur, de réir mar is cuí, á rá gurb é sin a thuairim agus á cheangal ar an duine sin, laistigh de thréimhse a shonrófar san fhógra (is tréimhse nach lú ná dhá sheachtain nó nach mó ná ceithre sheachtain dar tosach dáta seirbheála an fhógra) aighneacht i scríbhinn a dhéanamh chuig an mBord i dtaobh cén fáth nach cóir a mheas gur tarraingíodh siar an t-achomharc, an t-iarratas nó an tarchur.

(b)  I gcás inar seirbheáladh fógra faoi mhír (a), féadfaidh an Bord, aon tráth tar éis dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, agus tar éis an aighneacht (más ann) a bheidh déanta chuig an mBord de bhun an fhógra a bhreithniú, a dhearbhú go measfar gur tarraingíodh siar an t-achomharc, an t-iarratas nó an tarchur, de réir mar is cuí.

(3)  Más rud é, de bhun an ailt seo, go ndéanfaidh duine iarratas pleanála lena mbaineann achomharc a tharraingt siar, nó go ndearbhóidh an Bord go measfar gur tarraingíodh iarratas siar, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis an iarratas:

(a)  measfar gur tarraingíodh siar aon achomharc i ndáil leis an iarratas agus dá réir sin ní thabharfaidh an Bord breith air, agus

(b)  d'ainneoin aon chinneadh roimhe sin faoi alt 34 ag údarás pleanála maidir leis an iarratas, ní dheonóidh an t-údarás aon chead faoin alt sin ar scór an iarratais.

Am le haghaidh cinntí agus achomharc, etc.

141. —(1)  I gcás ina gceanglaítear, le ceanglas den Acht seo nó faoin Acht seo, go dtabharfaidh údarás pleanála nó an Bord cinneadh laistigh de thréimhse shonraithe agus gur lá saoire poiblí (de réir bhrí an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973) nó aon lá eile ar a mbeidh oifigí an údaráis pleanála nó an Bhoird dúnta an lá deiridh den tréimhse sin, beidh an cinneadh bailí más rud é go dtabharfar é ar an gcéad lá eile ina dhiaidh sin a mbeidh oifigí an údaráis pleanála nó an Bhoird, de réir mar a bheidh, ar oscailt.

(2)  I gcás gur Satharn, Domhnach, lá saoire poiblí (de réir bhrí an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973) nó aon lá eile ar a mbeidh oifigí an Bhoird dúnta an lá deiridh den tréimhse a bheidh sonraithe chun achomharc nó tarchur a dhéanamh, beidh achomharc nó tarchur bailí (d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo) mar achomharc nó tarchur a rinneadh in am más rud é go bhfaighidh an Bord é ar an gcéad lá eile ina dhiaidh sin a mbeidh oifigí an Bhoird ar oscailt.

(3)  I gcás ina gceanglaítear, le ceanglas den Acht seo nó faoin Acht seo, go ndéanfar aighneachtaí nó iarraidh chuig an mBord, go dtabharfar tuairimí dó nó go gcuirfear doiciméid, sonraí nó faisnéis eile faoina bhráid laistigh de thréimhse shonraithe agus gur lá saoire poiblí (de réir bhrí an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973) nó aon lá eile a mbeidh oifigí an Bhoird dúnta an lá deiridh den tréimhse sin, measfar go bhfuarthas na haighneachtaí, na tuairimí nó an iarraidh ar dhoiciméid, ar shonraí nó ar fhaisnéis eile (de réir mar a bheidh) roimh dheireadh na tréimhse sin más rud é go bhfaighidh an Bord iad ar an gcéad lá eile ina dhiaidh sin a mbeidh oifigí an Bhoird ar oscailt.

Rialacháin i ndáil le hachomhairc agus tarchuir.

142. —(1)  Féadfaidh an tAire le rialacháin—

(a)  foráil a dhéanamh maidir le cibé nithe breise, teagmhasacha, iarmhartacha nó forlíontacha, i dtaca le nós imeachta i leith achomharc, is dealraitheach don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach, agus

(b)  cibé foráil a dhéanamh i dtaca le nós imeachta i leith tarchur is dealraitheach don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le rialacháin faoin alt seo a chumasú don Bhord, i gcás ina mbeidh breith á tabhairt aige maidir le hachomharc faoi alt 37, a iarraidh ar iarratasóir, agus a chumasú d'iarratasóir a mbeidh iarrtha amhlaidh air nó uirthi, pleananna athbhreithnithe nó líníochtaí eile lena modhnaítear an fhorbairt lena mbaineann an t-achomharc, nó sonraí eile lena ndéantar socrú chun an fhorbairt sin a mhodhnú, a chur faoi bhráid an Bhoird.

(3)  I gcás ina gcuirfear pleananna, líníochtaí nó sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) faoi bhráid an Bhoird de réir rialachán faoin alt seo, féadfaidh an Bord, le linn dó breith a thabhairt ar an achomharc, cead a dheonú i leith na forbartha iomchuí arna modhnú le gach ceann nó le haon cheann de na pleananna, de na líníochtaí nó de na sonraí.

(4)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an Bord a cheangal ar aon pháirtí in achomharc nó i dtarchur cibé fógra poiblí a shonróidh an Bord a thabhairt ina thaobh agus féadfaidh sé a cheangal, go háirithe, fógra a thabhairt ag an láithreán nó trína fhoilsiú i nuachtán a scaiptear sa cheantar ina bhfuil an talamh nó an déanmhas lena mbaineann an t-achomharc nó an tarchur.

Beidh aird ag an mBord ar bheartais agus cuspóirí áirithe.

143. —(1)  Beidh aird ag an mBord, le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh, ar na beartais agus ar na cuspóirí, de thuras na huaire, de chuid an Rialtais, údaráis Stáit, an Aire, údarás pleanála agus aon chomhlachta eile is údarás poiblí a bhfuil baint, nó a bhféadfadh baint a bheith, ag a fheidhmeanna le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe cathracha, bailte nó limistéar eile, uirbeach nó tuaithe.

(2)  San alt seo ciallaíonn “údarás poiblí” aon chomhlacht arna bhunú le reacht nó faoi reacht a mbeidh sé dearbhaithe de thuras na huaire, le rialachán arna dhéanamh ag an Aire, gur údarás poiblí é chun críocha an ailt seo.

Táillí is iníoctha leis an mBord.

144. —(1)  Faoi réir cheadú an Aire, féadfaidh an Bord táillí a chinneadh i ndáil le hachomhairc, le tarchuir, le hiarratas a dhéanamh faoi alt 37(5), le haighneachtaí a dhéanamh chuig an mBord nó le tuairimí a thabhairt dó faoi alt 130, agus le hiarrataí ar éisteachtaí ó bhéal faoi alt 134, agus féadfaidh sé foráil a dhéanamh maidir le táillí éagsúla a íoc i ndáil le hachomhairc agus tarchuir d'aicmí nó de thuairiscí éagsúla, maidir le díolúine a thabhairt ó tháillí a íoc in imthosca sonraithe, agus maidir le táillí a tharscaoileadh, a mhaitheamh nó a aisíoc go hiomlán nó go páirteach in imthosca sonraithe.

(2)  Déanfaidh an Bord na táillí a chinnfear faoi fho-alt (1) a athbhreithniú ó am go ham, ach gach trí bliana ar a laghad, ag féachaint d'aon athrú sa treoirphraghas do thomhaltóirí ó chinneadh na dtáillí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, agus féadfaidh sé na táillí a leasú chun torthaí an athbhreithnithe sin a léiriú, gan ceadú an Aire faoi fho-alt (1) a bheith riachtanach.

(3)  Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “athrú sa treoirphraghas do thomhaltóirí” an difríocht idir an Treoir-Uimhir Praghasanna do Thomhaltóirí — Gach Ítim is deireanaí a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh roimh dháta an chinnidh faoin alt seo agus an uimhir sin is déanaí a foilsíodh roimh dháta an athbhreithnithe faoi fho-alt (2), arna shloinneadh mar chéatadán den uimhir is déanaí a luaitear.

(4)  I gcás ina gcinnfidh nó ina leasóidh an Bord táillí de réir an ailt seo, tabharfaidh sé fógra maidir leis na táillí i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear sa Stát, tráth nach lú ná 8 seachtain sula dtiocfaidh na táillí in éifeacht.

(5)  Leanfaidh táillí, arna gcinneadh de réir rialachán faoi alt 10(1)(b) d'Acht 1982, de bheith iníoctha leis an mBord de réir na rialachán sin go dtí go gcinnfidh an Bord táillí de réir an ailt seo.

(6)  Sonróidh an Bord táillí chun cóipeanna a dhéanamh faoi alt 5(6)(a), is táillí nach mó ná an costas a ghabhann leis na cóipeanna a dhéanamh.

Caiteachais achomhairc nó tarchuir.

145. —(1)  Más rud é go ndéanfar achomharc nó tarchur chuig an mBord—

(a)  féadfaidh an Bord, más cuí leis é agus is cuma cad é toradh an achomhairc nó an tarchuir, a ordú don údarás pleanála—

(i)  cibé suim a shonróidh an Bord, dá lánrogha féin, a íoc leis an achomharcóir nó leis an duine a dhéanfaidh an tarchur mar chúiteamh sa chaiteachas a bhain dó nó di i ndáil leis an achomharc nó an tarchur, agus

(ii)  cibé suim a shonróidh an Bord, dá lánrogha féin, a íoc leis an mBord mar chúiteamh don Bhord faoi chomhair an chaiteachais a thabhaigh an Bord i ndáil leis an achomharc nó an tarchur,

agus

(b)  i gcás ina ndaingneofar nó ina n-athrófar cinneadh an údaráis pleanála i ndáil le hachomharc nó le tarchur, mura ndéanfaidh an Bord, le linn dó breith a thabhairt ar an achomhairc nó ar an tarchur, géilleadh do bhrí na bhforas achomhairc nó tarchuir, nó más dóigh leis an mBord go ndearnadh an t-achomharc nó an tarchur le hintinn moill a chur ar an bhforbairt nó go bhfaighidh tríú páirtí gnóchan airgeadaíochta, féadfaidh an Bord, más cuí leis, a ordú don achomharcóir nó don duine a dhéanfaidh an tarchur—

(i)  cibé suim a shonróidh an Bord, dá lánrogha féin, a íoc leis an údarás pleanála mar chúiteamh don údarás pleanála sa chaiteachas a bhain dó i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur,

(ii)  cibé suim a shonróidh an Bord, dá lánrogha féin, a íoc le haon cheann de na páirtithe eile san achomharc nó sa tarchur, mar chúiteamh don pháirtí sa chaiteachas a bhain dó nó di i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur, agus

(iii)  cibé suim a shonróidh an Bord, dá lánrogha féin, a íoc leis an mBord mar chúiteamh don Bhord faoi chomhair an chaiteachais a thabhaigh an Bord i ndáil leis an achomharc nó leis an tarchur.

(2)  Beidh aon suim a ordófar faoin alt seo a íoc inghnóthaithe, mura n-íocfar í, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Tuarascálacha agus doiciméid de chuid an Bhoird.

146. —(1)  Féadfaidh an Bord nó fostaí de chuid an Bhoird a bheidh údaraithe go cuí ag an mBord, i dtaca le comhlíonadh aon cheann d'fheidhmeanna an Bhoird faoin Acht seo, duine a shannadh chun tuarascáil a thabhairt thar ceann an Bhoird maidir le haon ní.

(2)  Tabharfaidh duine a shannfar de réir fho-alt (1) tuarascáil i scríbhinn, a mbeidh moladh inti, maidir leis an ní don Bhord,, agus breithneoidh an Bord an tuarascáil agus an moladh sula dtabharfaidh sé breith maidir leis an ní.

(3)  (a)  Déanfar na doiciméid a bhaineann le haon achomharc nó tarchur nó le cinneadh ag an mBord faoi alt 175 nó faoi Chuid XIV a chur ar fáil ag oifigí an Bhoird lena niniúchadh ag daoine den phobal agus féadfar iad a chur ar fáil ag cibé áiteanna eile a chinnfidh an Bord laistigh de 3 lá oibre i ndiaidh an chinnidh iomchuí.

(b)  Déanfar cóipeanna de na doiciméid, agus de shleachta as na doiciméid sin, a chur ar fáil ag oifigí an Bhoird, nó ag cibé áiteanna eile a chinnfidh an Bord, ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a ghabhann leis an gcóip a dhéanamh.

(4)  Déanfar na doiciméid lena mbaineann fo-alt (3) a chur ar fáil ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad dar tosach an tríú lá oibre tar éis chinneadh an Bhoird i ndáil leis an ní.

CUID VII

Nochtadh Leasanna, etc.

Comhaltaí, etc. do dhearbhú leasanna áirithe.

147. —(1)  Beidh de dhualgas ar dhuine lena mbaineann an t-alt seo dearbhú san fhoirm fhorordaithe, a bheidh sínithe aige nó aici agus ina mbeidh sonraí faoi gach leas dá chuid nó dá cuid is leas lena mbaineann an t-alt seo, a thabhairt don chomhlacht iomchuí agus fad is duine é nó í lena mbaineann an t-alt seo beidh de dhualgas air nó uirthi, nuair a bheidh athrú ann maidir le leas a mbeidh sonraí faoi sa dearbhú nó i gcás ina bhfaighidh sé nó sí aon leas eile lena mbaineann an t-alt seo, dearbhú nua a thabhairt don chomhlacht iomchuí,

(2)  Tabharfar dearbhú faoin alt seo uair sa bhliain ar a laghad.

(3)  (a)  Baineann an t-alt seo leis na daoine seo a leanas:

(i)  comhalta den Bhord;

(ii)  comhalta d'údarás pleanála;

(iii)  fostaí de chuid an Bhoird nó aon duine eile—

(I)  a mbaineann an Bord leas as a sheirbhísí nó as a seirbhísí, agus

(II)  is d'aicme, de thuairisc nó de ghrád a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo;

(iv)  oifigeach d'údarás pleanála is sealbhóir ar oifig is d'aicme, de thuairisc nó de ghrád a bheidh forordaithe amhlaidh.

(b)  Baineann an t-alt seo leis na leasanna seo a leanas:

(i)  aon eastát nó leas atá ag duine lena mbaineann an t-alt seo in aon talamh, ach gan aon leas i dtalamh arb é atá ann aon teach príobháideach de réir bhrí mhír 1(4) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, a áireamh;

(ii)  aon ghnó arb é atá ann déileáil i dtalamh nó forbairt talún, ar gnó é a bhfuil duine den sórt sin ag gabháil dó nó fostaithe leis agus aon ghnó den sórt sin a sheolann cuideachta nó comhlacht eile ar comhalta di nó de duine den sórt sin nó aon ainmnitheach dá chuid nó dá cuid;

(iii)  aon ghairm, gnó nó slí beatha a bhfuil an duine sin ag gabháil dó nó di, thar a cheann nó thar a ceann féin nó ar shlí eile, agus a bhaineann le déileáil i dtalamh nó le forbairt talún.

(4)  Aon duine lena mbaineann an t-alt seo agus a bhfuil leas aige nó aici lena mbaineann an t-alt seo measfar go gcomhlíonann sé nó sí ceanglais fho-alt (1) má thugann sé nó sí don chomhlacht iomchuí dearbhú dá dtagraítear san fho-alt sin:

(a)  laistigh den tréimhse ocht lá is fiche dar tosach an lá a thiocfaidh sé nó sí chun bheith ina dhuine nó ina duine den sórt sin,

(b)  i gcás ina mbeidh athrú ann maidir le leas a mbeidh sonraí faoi i ndearbhú a bheidh tugtha cheana féin ag an duine nó i gcás ina bhfaighidh an duine aon leas eile lena mbaineann an t-alt seo, an lá a tharlóidh an t-athrú nó a gheofar an leas eile den sórt sin.

(5)  Chun críocha an ailt seo, measfar eastát nó leas i dtalamh a bheith ag duine lena mbaineann an t-alt seo más comhalta de chuideachta nó de chomhlacht eile ag a bhfuil eastát nó leas sa talamh é nó í nó aon ainmnitheach dá chuid nó dá cuid.

(6)  Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar leas lena mbaineann an t-alt seo a bheith ag duine más leas é atá chomh cianda nó chomh neamhthábhachtach nach féidir a mheas le réasún gur dóigh dó tionchar a imirt ar dhuine le linn do nó di breithniú nó plé a dhéanamh ar aon cheist, nó vótáil a dhéanamh ar aon cheist, i ndáil le haon ní a éireoidh nó a thiocfaidh os comhair an Bhoird nó an údaráis, de réir mar is cuí, nó le linn dó nó di aon fheidhm i ndáil le haon ní den sórt sin a chomhlíonadh.

(7)  I gcás ina bhfuil leas lena mbaineann an t-alt seo ag duine lena mbaineann an t-alt seo de bhíthin amháin go bhfuil scaireanna i gcuideachta nó i gcomhlacht eile ar úinéireacht thairbhiúil aige nó aici, nó ag a ainmnitheach nó a hainmnitheach, agus nach mó luach iomlán na scaireanna sin ná cibé acu seo a leanas is lú—

(a)  £10,000, nó

(b)  an céadú cuid de luach ainmniúil iomlán scairchaipiteal eisithe na cuideachta nó an chomhlachta nó, i gcás an caipiteal sin a bheith eisithe ina scaireanna de bhreis agus aon aicme amháin, scairchaipiteal eisithe na haicme nó na n-aicmí scaireanna ina bhfuil leas aige nó aici,

ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil leis an leas sin.

(8)  Chun críocha an ailt seo, coimeádfaidh an Bord agus gach údarás pleanála clár (“an clár leasanna”) agus taifeadfaidh sé ann na sonraí a bheidh i ndearbhuithe a thabharfar don Bhord nó don údarás, de réir mar a bheidh, de bhun an ailt seo.

(9)  Coimeádfar an clár leasanna in oifigí an Bhoird nó an údaráis pleanála, de réir mar a bheidh, agus beidh sé ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal le linn uaireanta oifige.

(10)  I gcás ina scoirfidh duine de bheith ina dhuine nó ina duine lena mbaineann an t-alt seo, déanfaidh an comhlacht iomchuí aon sonraí a bheidh taifeadta sa chlár leasanna de thoradh dearbhaithe a thug an duine don chomhlacht sin de bhun an ailt seo a bhaint den chlár leasanna a luaithe is féidir tar éis dheireadh na tréimhse cúig bliana dar tosach an lá a scoirfidh an duine de bheith ina dhuine nó ina duine den sórt sin.

(11)  Faoi réir fho-alt (12), aon duine a mhainneoidh fo-alt (1) agus (2) a chomhlíonadh nó a dhéanfaidh, nuair a airbheartóidh sé nó sí ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, sonraí a thabhairt a bheidh bréagach nó is eol dó nó di a bheith míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(12)  In aon imeachtaí i leith ciona faoin alt seo is cosaint é don chosantóir a chruthú gur chreid sé nó sí, de mheon macánta agus ar fhorais réasúnacha, an tráth iomchuí—

(a)  go raibh na sonraí iomchuí fíor,

(b)  nach raibh aon ní ann a raibh sé nó sí faoi cheangal an uair sin dearbhú a dhéanamh maidir leis faoi fho-alt (1), nó

(c)  nár ní a raibh sé nó sí faoi cheangal amhlaidh dearbhú den sórt sin a dhéanamh ina leith an ní a líomhnaítear an cion a bheith déanta i ndáil leis.

(13)  (a)  Chun críocha an ailt seo agus ailt 148 agus 149

(i)  measfar, maidir le bainisteoir, gur oifigeach é nó í do gach údarás pleanála dar bainisteoir é nó í,

(ii)  measfar, maidir le bainisteoir contae cúnta do chontae, gur oifigeach é nó í do gach údarás pleanála sa chontae, agus

(iii)  measfar, maidir le hoifigeach d'údarás pleanála a bheidh, de bhua socraithe nó comhaontaithe a rinneadh faoi aon achtachán, ag comhlíonadh feidhmeanna faoi údarás pleanála eile, gur oifigeach don údarás eile é nó í freisin.

(b)  San alt seo ciallaíonn “comhlacht iomchuí”—

(i)  i gcás inar comhalta den Bhord nó fostaí de chuid an Bhoird, nó duine eile a mbaineann an Bord leas as a sheirbhísí nó as a seirbhísí, duine lena mbaineann an t-alt seo, an Bord, agus

(ii)  i gcás inar comhalta d'údarás pleanála nó oifigeach d'údarás pleanála duine den sórt sin, an t-údarás.

Ceanglais a dhéanann difear do chomhaltaí, etc. a bhfuil leasanna tairbhiúla áirithe acu.

148. —(1)  I gcás ina mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile ag comhalta den Bhord in aon achomharc, ranníoc, ceist, breith nó díospóid a bheidh le cinneadh ag an mBord nó a mbeidh breith le tabhairt ag an mBord ina leith faoi aon achtachán, nó ina mbeidh leas is leas ábhartha i ndáil leis an gcéanna aige nó aici, comhlíonfaidh sé nó sí na ceanglais seo a leanas:

(a)  nochtfaidh sé nó sí don Bhord an cineál leasa atá aige nó aici;

(b)  ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt i bplé nó i mbreithniú an ní;

(c)  ní vótálfaidh sé nó sí ná ní ghníomhóidh sé nó sí ar shlí eile mar chomhalta den Bhord i ndáil leis an ní;

(d)  ní imreoidh sé nó sí tionchar, ná ní fhéachfaidh sé nó sí le tionchar a imirt, ar chinneadh de chuid an Bhoird maidir leis an ní.

(2)  Más rud é, ag cruinniú d'údarás pleanála nó d'aon choiste de chuid údaráis pleanála, go dtairgfear, nó go n-éireoidh ar shlí eile, rún, tairiscint, ceist nó ní eile de bhun an Achta seo, nó maidir leis an údarás do chomhlíonadh feidhme faoin Acht seo nó i ndáil leis an údarás d'fháil nó do dhiúscairt talún faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile, nó chun críocha an Achta seo nó aon achtacháin eile, déanfaidh aon chomhalta den údarás nó den choiste a bheidh i láthair ag an gcruinniú, má bhíonn leas airgid nó leas tairbhiúil eile aige nó aici sa ní nó ma bhíonn leas is leas ábhartha maidir leis an ní aige nó aici—

(a)  an cineál leasa atá aige nó aici a nochtadh ag an gcruinniú sula dtosófar ag plé nó ag breithniú an ní, agus

(b)  an cruinniú a fhágáil fad a bheidh an ní á phlé nó á bhreithniú,

agus, dá réir sin, ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt i bplé ná i mbreithniú an ní agus ní vótálfaidh sé nó sí i ndáil leis.

(3)  Aon chomhalta d'údarás pleanála nó d'aon choiste de chuid údaráis pleanála a mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile aige nó aici i ní a éireoidh de bhun an Achta seo, nó maidir leis an údarás do chomhlíonadh feidhme faoin Acht seo nó i ndáil leis an údarás d'fháil nó do dhiúscairt talún faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile, nó chun críocha an Achta seo nó aon achtacháin eile, nó a mbeidh leas is leas ábhartha i ndáil leis an ní sin aige nó aici, ní imreoidh sé nó sí tionchar, ná ní fhéachfaidh sé nó sí le tionchar a imirt, ar chinneadh de chuid an Bhoird maidir leis an ní.

(4)  I gcás ina mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile ag bainisteoir údaráis pleanála in aon ní a éireoidh nó a thiocfaidh os comhair an údaráis de bhun an Achta seo, nó maidir leis an údarás do chomhlíonadh feidhme faoin Acht seo nó i ndáil leis an údarás d'fháil nó do dhiúscairt talún faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile, nó chun críocha an Achta seo nó aon achtacháin eile, nó ina mbeidh leas is leas ábhartha i ndáil leis an ní sin aige nó aici, déanfaidh sé nó sí an cineál leasa atá aige nó aici a nochtadh, a luaithe is féidir, do chomhaltaí an údaráis pleanála.

(5)  (a)  I gcás ina mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile in aon achomharc, ranníoc, ceist nó díospóid a bheidh le cinneadh ag an mBord nó a mbeidh breith le tabhairt ag an mBord ina leith, nó ina mbeidh leas is leas ábhartha i ndáil leis an gcéanna, ag fostaí de chuid an Bhoird, ag sainchomhairleoir nó comhairleoir a bheidh fostaithe ag an mBord, nó ag aon duine eile a mbaineann an Bord leas as a sheirbhísí nó as a seirbhísí, comhlíonfaidh sé nó sí na ceanglais seo a leanas:

(i)  ní imreoidh sé nó sí tionchar, ná ní fhéachfaidh sé nó sí le tionchar a imirt, ar chinneadh de chuid an Bhoird maidir leis an ní;

(ii)  má bhíonn baint aige nó aici, mar fhostaí, mar shainchomhairleoir, mar chomhairleoir nó mar dhuine eile den sórt sin, leis an ní, nochtfaidh sé nó sí don Bhord an cineál leasa atá aige nó aici agus comhlíonfaidh sé nó sí aon ordacháin a thabharfaidh an Bord dó nó di i ndáil leis an ní.

(b)  I gcás ina mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile ag oifigeach d'údarás pleanála, nach é nó í an bainisteoir é nó í, in aon ní a éireoidh nó a thiocfaidh os comhair an údaráis de bhun an Achta seo, nó maidir leis an údarás do chomhlíonadh feidhme faoin Acht seo, nó i ndáil leis an údarás d'fháil nó do dhiúscairt talún faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile, nó chun críocha an Achta seo nó aon achtacháin eile, nó ina mbeidh leas is leas ábhartha i ndáil leis an ní sin aige nó aici, comhlíonfaidh sé nó sí na ceanglais seo a leanas:

(i)  ní imreoidh sé nó sí tionchar, ná ní fhéachfaidh sé nó sí le tionchar a imirt, ar chinneadh de chuid an údaráis maidir leis an ní; agus

(ii)  má bhíonn baint aige nó aici, mar oifigeach den sórt sin, leis an ní, nochtfaidh sé nó sí do bhainisteoir an údaráis an cineál leasa atá aige nó aici agus comhlíonfaidh sé nó sí aon ordacháin a thabharfaidh an bainisteoir dó nó di i ndáil leis an ní.

(6)  Chun críocha an ailt seo ach gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) go (5), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine—

(a)  más comhalta é nó í, nó a chéile nó a céile, nó aon ainmnitheach dá chuid nó dá cuid nó de chuid a chéile nó a céile, de chuideachta nó d'aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil i rún, i dtairiscint, i gceist nó i ní eile dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) go (5) nó ag a bhfuil leas is leas ábhartha i ndáil leis an gcéanna,

(b)  má tá sé nó sí, nó a chéile nó a céile, i gcomhpháirtíocht le duine, nó ar fostú ag duine, ag a bhfuil leas tairbhiúil i rún, i dtairiscint, i gceist nó i ní den sórt sin nó ag a bhfuil leas is leas ábhartha i ndáil leis an gcéanna,

(c)  más páirtí é nó í, nó a chéile nó a céile, in aon socrú nó comhaontú (is infheidhmithe nó nach infheidhmithe) i ndáil le talamh lena mbaineann rún, tairiscint, ceist nó ní eile den sórt sin, nó

(d)  má tá leas tairbhiúil ag a chéile nó ag a céile i rún, i dtairiscint, i gceist nó i ní eile den sórt sin nó má tá leas is leas ábhartha i ndáil leis an gcéanna ag a chéile nó ag a céile.

(7)  Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar leas tairbhiúil in aon rún, tairiscint, ceist nó ní eile, nó leas is leas ábhartha i ndáil leis an gcéanna, de bhíthin amháin go bhfuil leas aige nó aici nó ag aon chuideachta nó ag aon chomhlacht nó duine eile dá dtagraítear i bhfo-alt (6) ar leas é atá chomh cianda nó chomh neamhthábhachtach nach féidir a mheas le réasún gur dóigh dó tionchar a imirt ar dhuine le linn do nó di breithniú nó plé a dhéanamh ar aon cheist, nó vótáil a dhéanamh ar aon cheist, i ndáil leis an ní nó le linn dó nó di aon fheidhm i ndáil leis an ní sin a chomhlíonadh.

(8)  I gcás ina bhfuil leas tairbhiúil dá dtagraítear i bhfo-alt (1), (2), (3), (4)(5) ag duine de bhíthin amháin go bhfuil scaireanna i gcuideachta nó i gcomhlacht eile ar úinéireacht thairbhiúil aige nó aici, nó ag a chéile nó ag a céile, agus nach mó luach iomlán na scaireanna sin ná cibé acu seo a leanas is lú—

(a)  £10,000, nó

(b)  an céadú cuid de luach ainmniúil iomlán scairchaipiteal eisithe na cuideachta nó an chomhlachta nó, i gcás an caipiteal sin a bheith eisithe ina scaireanna de bhreis agus aon aicme amháin, scairchaipiteal eisithe na haicme scaireanna ina bhfuil leas aige nó aici,

ní bheidh éifeacht le haon fho-alt acu sin i ndáil leis an leas tairbhiúil sin.

(9)  I gcás ina ndéanfar nochtadh faoi fho-alt (2) ag cruinniú dá dtagraítear san fho-alt sin, déanfar sonraí maidir leis an nochtadh agus maidir le haon duine d'fhágáil an chruinnithe ina dhiaidh sin de bhun an fho-ailt sin a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.

(10)  Faoi réir fho-alt (11), aon duine a sháróidh ceanglas de chuid an ailt seo, nó a mhainneoidh ceanglas de chuid an ailt seo a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(11)  In aon imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, is cosaint é don chosantóir a chruthú nach raibh a fhios aige nó aici, agus nach raibh aon chúis aige nó aici lena chreidiúint, tráth an chiona líomhnaithe, go raibh ní a raibh leas tairbhiúil aige nó aici ann nó i ndáil leis éirithe nó tagtha os comhair an Bhoird nó an údaráis pleanála iomchuí nó an choiste iomchuí, de réir mar is cuí, nó á bhreithniú ag an mBord, ag an údarás nó ag an gcoiste sin, nó gur leas lenar bhain ceanglas de chuid an ailt seo an leas tairbhiúil lena mbaineann an cion líomhnaithe.

Forálacha forlíontacha a bhaineann le hailt 147 agus 148.

149. —(1)  Ní dhéanfar imeachtaí i leith ciona faoi alt 147148 a thionscnamh ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó le toiliú uaidh nó uaithi.

(2)  I gcás ina gciontófar duine i gcion faoi alt 147148

(a)  beidh an duine dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord,

(b)  i gcás inar comhalta den Bhord an duine, scoirfidh sé nó sí dá réir sin, ar é nó í a chiontú, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord,

(c)  i gcás inar comhalta d'údarás pleanála nó comhalta d'aon choiste de chuid údaráis pleanála an duine, scoirfidh sé nó sí, ar é nó í a chiontú, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den údarás nó den choiste, de réir mar is cuí,

(d)  i gcás inar comhalta d'údarás pleanála agus comhalta d'aon choiste nó coistí den sórt sin an duine, scoirfidh sé nó sí, ar é nó í a chiontú, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den údarás agus, freisin, de gach coiste den sórt sin, agus

(e)  i gcás ina scoirfidh an duine, de bhua an fho-ailt seo, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás pleanála nó d'aon choiste den sórt sin, beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den údarás nó den choiste ar feadh na tréimhse arb í, murach gur scoir sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den údarás nó den choiste faoin alt seo, an tréimhse a bheadh fágtha dá théarma nó dá téarma í.

(3)  Tiocfaidh dícháilíocht faoin alt seo in éifeacht ar éag don ghnáth-am le haghaidh achomhairc i gcoinne an chiontaithe lena mbaineann nó, i gcás ina ndéanfar achomharc laistigh den am sin, ar an achomharc sin a bheith curtha de láimh go críochnaitheach.

(4)  I gcás ina sáróidh duine ceanglas de chuid alt 147, 148150, nó ina mainneoidh sé nó sí ceanglas den sórt sin a chomhlíonadh, nó ina ngníomhóidh sé nó sí mar chomhalta den Bhord, d'údarás pleanála nó de choiste de chuid údaráis pleanála le linn dó nó di a bheith dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de bhua an ailt seo, ní chuirfidh an sárú, an mhainneachtain nó an gníomhú sin aige nó aici, de réir mar a bheidh, ó bhail aon ghníomh nó imeacht de chuid an Bhoird, an údaráis nó an choiste.

(5)  I gcás ina measfar, faoi alt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, aon chomhlacht is cuideachta de réir bhrí an ailt sin a bheith ina fhochuideachta do chuideachta eile nó a bheith ina chuideachta shealbhaíochta de chuid cuideachta eile den sórt sin, measfar, chun críocha ailt 147 agus 148, duine is comhalta den chuideachta chéadluaite sin a bheith, freisin, ina chomhalta nó ina comhalta den chuideachta eile.

Cóid chleachtais.

150. —(1) (a)  Glacfaidh gach údarás pleanála, le rún, agus glacfaidh an Bord, cód cleachtais chun déileáil le coinbhleachtaí leasa agus chun muinín an phobail in ionracas sheoladh a ghnó a chur chun cinn agus ní foláir do na daoine sin dá dtagraítear i bhfo-alt (3) é a leanúint.

(b)  Glacfar cód cleachtais faoin alt seo laistigh de bhliain amháin ó thosach feidhme an ailt seo.

(2)  Is é a bheidh i gcód cleachtais ráiteas i scríbhinn ina leagfar amach beartas an údaráis pleanála nó an Bhoird maidir leis na nithe seo a leanas, ar a laghad:

(a)  nochtadh leasanna agus gaolmhaireachtaí i gcás na leasanna agus na gaolmhaireachtaí a bheith iomchuí maidir le hobair an údaráis nó an Bhoird, de réir mar is cuí;

(b)  comhaltas d'eagraíochtaí, de chomhlachais agus de chomhlachtaí eile, gairmiúil nó eile;

(c)  comhaltas de chuideachtaí, de chomhpháirtíochtaí nó de chomhlachtaí eile nó leasanna airgeadais eile iontu;

(d)  obair a ghlacadh ar láimh, nach obair thar ceann an údaráis nó an Bhoird, de réir mar a bheidh, le linn agus i ndiaidh aon tréimhse fostaíochta leis an údarás nó leis an mBord, cibé acu mar shainchomhairleoir, mar chomhairleoir nó ar shlí eile;

(e)  glacadh le bronntanais, le hurraíocht, le comaoineacha nó le fabhair;

(f)  faisnéis a nochtadh maidir le nithe a bhaineann le hobair an údaráis nó an Bhoird, de réir mar is cuí;

(g)  nós imeachta cuí a leanúint i ndáil le feidhmeanna an údaráis agus an Bhoird, lena n-áirítear na nósanna imeachta do na nithe seo a leanas—

(i)   (I)  pleananna forbartha a athbhreithniú, a dhéanamh agus a athrú,

(II)  pleananna limistéir áitiúil a athbhreithniú, a dhéanamh agus a leasú,

(III)  iarratais agus achomhairc phleanála a phróiseáil, agus

(IV)  cead a dheonú a sháródh an plean forbartha go hábhartha, lena n-áirítear úsáid rún dá dtagraítear in alt 34(6)(c),

agus

(ii)  comhaltaí agus fostaithe den údarás nó den Bhord do nochtadh aon uiríoll a dhéanfar chuig na comhaltaí nó na fostaithe sin, cibé acu i scríbhinn nó ar shlí eile, i ndáil leis na nithe sin.

(3)  Beidh feidhm ag an alt seo maidir leis na daoine seo a leanas—

(a)  comhalta den Bhord,

(b)  comhalta d'údarás pleanála,

(c)  fostaí de chuid an Bhoird nó aon duine eile—

(i)  a mbaineann an Bord leas as a sheirbhísí nó as a seirbhísí, agus

(ii)  is d'aicme, de thuairisc nó de ghrád a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo,

agus

(d)  oifigeach d'údarás pleanála is sealbhóir ar oifig is d'aicme, de thuairisc nó de ghrád a bheidh forordaithe amhlaidh.

(4)  (a)  Ceapfar daoine atá liostaithe ag fo-alt (3)(a) faoi réir coinníll go gcomhlíonfaidh siad an cód cleachtais.

(b)  Rachaidh daoine atá liostaithe ag fo-alt (3)(b) i mbun oifige, agus sealbhóidh siad oifig, faoi réir coinníll go gcomhlíonfaidh siad an cód cleachtais.

(c)  Ceapfar daoine atá liostaithe ag fo-alt (3)(c) agus (d) faoi réir coinníll go gcomhlíonfaidh siad an cód cleachtais.

(5)  Féadfaidh údarás pleanála nó an Bord, tráth ar bith, cód cleachtais arna ghlacadh faoin alt seo a athbhreithniú agus féadfaidh sé—

(a)  an cód cleachtais a leasú, nó

(b)  cód cleachtais nua a ghlacadh.

CUID VIII

Forfheidhmiú

Cion.

151. —Aon duine a mbeidh forbairt neamhúdaraithe déanta nó á déanamh aige nó aici, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Litir rabhaidh.

152. —(1)  Más rud é—

(a)  go ndéanfaidh aon duine uiríoll i scríbhinn chuig údarás pleanála á rá go bhféadfaidh sé go ndearnadh forbairt neamhúdaraithe, go bhfuil sí á déanamh nó go bhféadfaidh sé go ndéanfar í, agus gur dealraitheach don údarás pleanála nach uiríoll cráiteach nó suaibhreosach é nó nach uiríoll gan substaint ná bunús an t-uiríoll, nó

(b)  gur dealraitheach thairis sin don údarás go bhféadfaidh sé go ndearnadh forbairt neamhúdaraithe, go bhfuil sí á déanamh nó go bhféadfaidh sé go ndéanfar í,

déanfaidh an t-údarás litir rabhaidh a eisiúint chuig an úinéir, chuig an áititheoir nó chuig aon duine eile a mbeidh an fhorbairt á déanamh aige nó aici, agus féadfaidh sé cóip a thabhairt, an tráth sin nó dá éis sin, d'aon duine eile ar dóigh leis an údarás go bhféadfadh baint a bheith aige nó aici leis na nithe lena mbaineann an litir.

(2)  D'ainneoin fho-alt (1), más rud é gur forbairt fhánach nó mionfhorbairt atá i gceist, féadfaidh an t-údarás pleanála a chinneadh gan litir rabhaidh a eisiúint.

(3)  Déanfaidh údarás pleanála an litir rabhaidh faoi fho-alt (1) a eisiúint a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 6 sheachtain tar éis an t-uiríoll faoi fho-alt (1) a fháil.

(4)  Déanfar tagairt i litir rabhaidh don talamh lena mbaineann agus—

(a)  luafar inti gur tháinig sé ar aird an údaráis go bhféadfaidh sé go ndearnadh forbairt neamhúdaraithe, go bhfuil sí á déanamh nó go bhféadfaidh sé go ndéanfar í,

(b)  luafar inti go bhféadfaidh aon duine ar ar seirbheáladh an litir aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh chuig an údarás pleanála, nó tuairimí i scríbhinn a thabhairt dó, maidir leis an gcion airbheartaithe tráth nach déanaí ná ceithre sheachtain ón dáta ar seirbheáladh an litir rabhaidh,

(c)  luafar inti gur féidir fógra forfheidhmiúcháin a eisiúint nuair is dóigh le húdarás pleanála go ndearnadh forbairt neamhúdaraithe, go bhfuil sí á déanamh nó go bhféadfaidh sé go ndéanfar í,

(d)  luafar inti go bhféadfaidh oifigigh de chuid an údaráis pleanála dul isteach gach tráth réasúnach ar an talamh chun críocha iniúchta,

(e)  míneofar inti na pionóis a d'fhéadfadh a bheith i gceist, más rud é go mbeidh cion déanta, agus

(f)  míneofar inti gur féidir aon chostais a thabhóidh an t-údarás pleanála le réasún i ndáil le himeachtaí forfheidhmiúcháin a ghnóthú ó dhuine ar a seirbheálfar fógra forfheidhmiúcháin nó i gcás ina dtionscnófar caingean chúirte.

Cinneadh maidir le forfheidhmiú.

153. —(1)  A luaithe is féidir tar éis litir rabhaidh faoi alt 152 a eisiúint, déanfaidh an t-údarás pleanála cibé imscrúdú a mheasfaidh sé is gá chun a chumasú dó cinneadh a dhéanamh i dtaobh an eiseoidh sé fógra forfheidhmiúcháin.

(2)  (a)  Beidh de dhualgas ar an údarás pleanála a chinntiú go nglacfar cinntí i dtaobh an eiseoidh sé fógra forfheidhmiúcháin ar mhodh a bheidh chomh dlúsúil agus is féidir..

(b)  Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), beidh de chuspóir ag an údarás pleanála a chinntiú go ndéanfar an cinneadh i dtaobh an eiseoidh sé fógra forfheidhmiúcháin a ghlacadh laistigh de 12 sheachtain ón tráth a eiseofar litir rabhaidh.

(3)  Breithneoidh údarás pleanála, le linn dó cinneadh a dhéanamh i dtaobh an eiseoidh sé fógra forfheidhmiúcháin, aon uiríll a dhéanfar chuige faoi alt 152(1)(a) nó aon aighneachtaí a dhéanfar chuige nó tuairimí a thabharfar dó faoi alt 152(4)(b) agus aon chúinsí ábhartha eile.

(4)  Déanfaidh an t-údarás pleanála an cinneadh a bheidh déanta ag an údarás faoi fho-alt (1), lena n-áirítear na cúiseanna a bhí leis, a thaifeadadh sa chlár.

(5)  Má mhainnítear litir rabhaidh a eisiúint faoi alt 152, ní dochar an mhainneachtain sin d'eisiúint fógra forfheidhmiúcháin nó d'aon imeachtaí eile a fhéadfaidh an t-údarás pleanála a thionscnamh.

Fógra forfheidhmiúcháin.

154. —(1) (a)  I gcás ina ndéanfar cinneadh faoi alt 153 forfheidhmiú a dhéanamh nó i gcás inar gá gníomh práinneach faoi alt 155, déanfaidh an t-údarás pleanála, a luaithe is féidir, fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil faoin alt seo.

(b)  I gcás ina ndéanfar fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil faoin alt seo, cuirfidh an t-údarás pleanála in iúl d'aon duine a rinne uiríll faoi alt 152(1) (a) agus d'aon duine eile, ar dóigh leis an údarás pleanála go bhféadfadh baint a bheith aige nó aici leis an ní lena mbaineann an fógra áirithe agus nach duine é nó í ar ar seirbheáladh an fógra forfheidhmiúcháin, gur seirbheáladh an fógra forfheidhmiúcháin.

(2)  I gcás ina gcinnfidh an t-údarás pleanála gan fógra forfheidhmiúcháin a eisiúint, déanfaidh sé an cinneadh sin a chur in iúl i scríbhinn, laistigh de 2 sheachtain ón tráth a ndéanfar an cinneadh sin, d'aon duine dar tugadh cóip den litir rabhaidh faoi alt 152 agus d'aon duine eile a rinne uiríoll faoin alt sin.

(3)  (a)  Déanfar fógra forfheidhmiúcháin faoi fho-alt (1) a sheirbheáil ar an duine a bheidh ag déanamh na forbartha agus, i gcás inar dóigh leis an údarás pleanála gur gá sin, ar úinéir nó áititheoir na talún nó ar aon duine eile ar dóigh leis an údarás pleanála go bhféadfadh baint a bheith aige nó aici leis na nithe lena mbaineann an fógra.

(b)  Más rud é, tar éis an fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil, go dtiocfaidh an t-údarás pleanála ar an eolas, maidir le haon duine eile, go bhféadfaidh go bhfuil forbairt á déanamh aige nó aici nó gur úinéir nó áititheoir ar an talamh é nó í nó go bhféadfadh an fógra difear a dhéanamh dó nó di, féadfar an fógra a sheirbheáil ar an duine sin agus déanfar an tréimhse a shonraítear chun an fógra a chomhlíonadh a fhadú de réir mar is gá go dtí 6 mhí ar a mhéad, agus déanfar an méid sin a chur in iúl i scríbhinn don duine eile nó do na daoine eile ar ar seirbheáladh an fógra roimhe sin faoi mhír (a).

(4)  Beidh éifeacht le fógra forfheidhmiúcháin ar an dáta a seirbheálfar é.

(5)  Déanfar tagairt i bhfógra forfheidhmiúcháin don talamh lena mbaineann agus—

(a)  (i)  maidir le forbairt nach mbeidh aon chead deonaithe ina leith, ceanglófar leis go scoirfear den fhorbairt sin nó nach dtosófar ar an bhforbairt sin, de réir mar is cuí, nó

(ii)  maidir le forbairt a mbeidh cead deonaithe ina leith faoi Chuid III, ceanglófar leis go leanfar den fhorbairt i gcomhréir leis an gcead, nó i gcomhréir le haon choinníoll a bhfuil an cead faoina réir,

(b)  ceanglófar leis go nglacfar, laistigh de thréimhse shonraithe, cibé bearta a bheidh sonraithe san fhógra, lena n-áirítear, más cuí, aon déanmhas a dhíchur, a scartáil nó a athrú agus scor d'aon úsáid agus, a mhéid is indéanta é, an bhail a bhí ar an talamh roimh thosach na forbartha a chur arís air,

(c)  tabharfar rabhadh ann don duine nó do na daoine ar a seirbheálfar an fógra forfheidhmiúcháin go bhféadfaidh an t-údarás pleanála, i gcás nach mbeidh na bearta, a shonrófar san fhógra a ghlacadh, glactha laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe faoi mhír (b) nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe (nach mó ná 6 mhí) a bheidh ceadaithe ag an údarás pleanála, dul isteach ar an talamh agus na bearta sin a ghlacadh, lena n-áirítear aon déanmhas a dhíchur, a scartáil nó a athrú, agus go bhféadfaidh sé aon chaiteachais a thabhóidh sé le réasún chuige sin a ghnóthú,

(d)  ceanglófar leis go n-aisíocfaidh an duine nó na daoine ar a seirbheálfar an fógra leis an údarás pleanála na costais agus na caiteachais a thabhóidh an t-údarás le réasún i ndáil leis an imscrúdú, leis an mbrath agus leis an bhfógra forfheidhmiúcháin lena mbaineann, agus aon litir rabhaidh faoi alt 152, a eisiúint, lena n-áirítear costais a thabhófar i leith luach saothair agus caiteachais eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí, agus féadfaidh an t-údarás pleanála na costais agus na caiteachais sin a thabhóidh sé chuige sin a ghnóthú, agus

(e)  tabharfar rabhadh ann don duine nó do na daoine ar a seirbheálfar an fógra forfheidhmiúcháin go bhféadfaidh sé go mbeidh an duine nó na daoine ciontach i gcion i gcás nach mbeidh na bearta, a shonrófar san fhógra a ghlacadh, glactha laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe, nach mó ná 6 mhí, a bheidh ceadaithe ag an údarás pleanála.

(6)  I gcás nach mbeidh na bearta, a bheidh sonraithe san fhógra a ghlacadh, glactha laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe faoi fho-alt (5)(b) nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe, nach mó ná 6 mhí, a bheidh ceadaithe ag an údarás pleanála, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an talamh agus na bearta sin a ghlacadh, lena n-áirítear aon déanmhas a scartáil agus aon talamh a aisiriú, agus féadfaidh sé aon chaiteachais a thabhóidh sé le réasún chuige sin a ghnóthú.

(7)  Féadfar aon chaiteachais a thabhóidh údarás pleanála le réasún faoi mhíreanna (c) agus (d) d'fho-alt (5) agus faoi fho-alt (6) a ghnóthú—

(a)  mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine nó ó na daoine ar ar seirbheáladh an fógra, nó

(b)  a urrú—

(i)  tríd an talamh a mhuirearú faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964, nó

(ii)  i gcás inarb é nó í an duine ar ar seirbheáladh an fógra forfheidhmiúcháin úinéir na talún, le hionstraim ag dílsiú úinéireacht na talún don údarás faoi réir cirt fuascailte ag an úinéir laistigh de chúig bliana.

(8)  Aon duine ar a seirbheálfar fógra forfheidhmiúcháin faoi fho-alt (1) agus a mhainneoidh ceanglais an fhógra (seachas fógra a bheidh tarraingthe siar faoi fho-alt (11) (a) nó a mbeidh scortha d'éifeacht a bheith leis) a chomhlíonadh laistigh den tréimhse shonraithe nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe, nach faide ná 6 mhí, a bheidh ceadaithe ag an údarás pleanála, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(9)  Aon duine a dhéanfaidh go feasach cabhair nó cead a thabhairt do dhuine eile chun mainneachtain fógra forfheidhmiúcháin a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(10)  Déanfar sonraí fógra forfheidhmiúcháin a thaifeadadh sa chlár.

(11)  (a)  Féadfaidh údarás pleanála, ar chúiseanna sonraithe, trí fhógra i scríbhinn chuig aon duine ar a seirbheálfar an fógra, agus, más cuí, chuig aon duine a rinne uiríoll faoi alt 152(1) (a), fógra forfheidhmiúcháin arna sheirbheáil faoin alt seo a tharraingt siar.

(b)  I gcás ina dtarraingeoidh údarás pleanála fógra forfheidhmiúcháin siar de bhun an fho-ailt seo nó i gcás ina bhfionnfaidh údarás pleanála gur comhlíonadh fógra forfheidhmiúcháin, taifeadfaidh an t-údarás sa chlár gur tarraingíodh siar an fógra forfheidhmiúcháin agus an chúis a bhí leis an tarraingt siar, nó gur comhlíonadh é, de réir mar is cuí.

(12)  Scoirfidh fógra forfheidhmiúcháin d'éifeacht a bheith leis 10 mbliana tar éis dháta seirbheála an fhógra faoi fho-alt (1) nó, má sheirbheáiltear fógra faoi fho-alt (3)(b), 10 mbliana tar éis dháta seirbheála an fhógra faoin bhfo-alt sin.

(13)  Ní cheisteoidh duine bailíocht fógra forfheidhmiúcháin de bhíthin amháin nár cuireadh in iúl don duine nó d'aon duine eile, seachas an duine ar ar seirbheáladh an fógra forfheidhmiúcháin, gur seirbheáladh an fógra forfheidhmiúcháin.

(14)  I dtuarascáil ó údarás áitiúil faoi alt 50 den Acht Rialtais Áitiúil, 1991, beidh mionsonraí maidir leis an líon fógraí forfheidhmiúcháin arna n-eisiúint faoin alt seo, leis an líon fógraí rabhaidh arna n-eisiúint faoi alt 153, leis an líon ionchúiseamh arna dtionscnamh faoi alt 157, agus leis an líon urghairí arna lorg faoi alt 160, ag an údarás sin.

Fógra forfheidhmiúcháin a eisiúint i gcásanna práinne.

155. —(1)  Más rud é, i dtuairim an údaráis pleanála, mar gheall ar chineál forbartha neamhúdaraithe agus ar aon chúinsí ábhartha eile, gur gá gníomh práinneach a dhéanamh maidir leis an bhforbairt neamhúdaraithe, féadfaidh sé, d'ainneoin ailt 152 agus 153, fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil faoi alt 154.

(2)  I gcás ina n-eiseofar fógra forfheidhmiúcháin de réir fho-alt (1), cuirfear é sin in iúl i scríbhinn, laistigh de dhá sheachtain tar éis dháta seirbheála an fhógra, d'aon duine a rinne uiríoll faoi alt 152(1) (a).

Pionóis i leith cionta.

156. —(1)  Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi ailt 58(4), 63, 151, 154, 205, 230(3), 239 agus 247, dlífear—

(a)  ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b)  ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2)  I gcás ina gciontófar duine i gcion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus go leanfaidh sé nó sí den chion tar éis a chiontaithe nó a ciontaithe, beidh sé nó sí ciontach i gcion breise gach lá a leanfar den sárú agus, i leith gach ciona den sórt sin, dlífear—

(a)  ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den chion, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon a chur air nó uirthi, ar choinníoll, má chiontaítear duine sna himeachtaí céanna in 2 chion breise den sórt sin nó níos mó, nach faide ná 2 bhliain an téarma príosúnachta comhiomlán a dhlífear a chur air nó uirthi, nó

(b)  ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £400 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den chion, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon a chur air nó uirthi, ar choinníoll, má chiontaítear duine sna himeachtaí céanna in 2 chion breise den sórt sin nó níos mó, nach faide ná 6 mhí an téarma príosúnachta comhiomlán a dhlífear a chur air nó uirthi.

(3)  I gcás ina gciontófar duine i gcion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bhfuil i gceist ann déanmhas neamhúdaraithe a fhoirgniú, is é a bheidh san fhíneáil íosta—

(a)  ar é nó í a chiontú ar díotáil, an costas measta a ghabh leis an déanmhas a fhoirgniú nó £10,000, cibé acu is lú, nó

(b)  ar é nó í a chiontú go hachomair, an costas measta a ghabh leis an déanmhas a fhoirgniú nó £500, cibé acu is lú,

ach amháin i gcás inar féidir leis an duine a chiontófar a shuíomh chun sástacht na cúirte nach bhfuil an acmhainn airgeadais is gá aige nó aici chun an fhíneáil íosta a íoc.

(4)  Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo seachas cion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (nó cion breise faoi fho-alt (2)) dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5)  Má leantar tar éis an chiontaithe den sárú a gciontaítear duine ina leith faoi alt 46(11), 208(2) (b)252(9), beidh an duine sin ciontach i gcion breise gach lá a leanfar den sárú agus, i leith gach ciona den sórt sin, dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £400 a chur air nó uirthi.

(6)  In ionchúiseamh i leith ciona faoi ailt 151 agus 154, ní gá don ionchúiseamh a shuíomh, agus toimhdeofar go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gurbh fhorbairt agus nárbh fhorbairt dhíolmhaithe ab ábhar don ionchúiseamh.

(7)  I gcás inar seirbheáladh fógra forfheidhmiúcháin faoi alt 154, is cosaint é ar ionchúiseamh faoi alt 151154 má chruthaíonn an cosantóir gur ghlac sé nó sí gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfaí an fógra forfheidhmiúcháin.

(8)  Ar chiontú i gcion faoi alt 154, féadfaidh an chúirt, i dteannta na pionóis a shonraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) a ghearradh, a ordú don duine a ciontaíodh na bearta a ghlacadh a shonraítear san fhógra forfheidhmiúcháin a ghlacadh.

Cionta a ionchúiseamh.

157. —(1)  Faoi réir alt 149, féadfaidh údarás pleanála imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an cion i limistéar feidhme an údaráis.

(2)  D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, agus faoi réir fho-alt (3) den alt seo, féadfar imeachtaí achoimre a thosú—

(a)  aon tráth laistigh de 6 mhí ón dáta a ndearnadh an cion, nó

(b)  aon tráth laistigh de 6 mhí ón dáta a dtiocfaidh fianaise ar iúl an duine a thionscnóidh na himeachtaí, ar fianaise í is leor, i dtuairim an duine sin, chun imeachtaí a fhírinniú,

cibé acu is déanaí.

(3)  Chun críocha an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag an duine, nó thar ceann an duine, a thionscnóidh na himeachtaí i dtaobh an dáta nó na ndátaí ar tháinig fianaise a thuairiscítear i bhfo-alt (2) (b) ar a iúl nó ar a hiúl ina fhianaise ar an dáta nó ar na dátaí agus, maidir le doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú é faoin alt seo agus a bheith sínithe amhlaidh, measfar, in aon imeachtaí dlíthiúla, gur síníodh amhlaidh é agus glacfar mar fhianaise é gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gurb é nó gurb í a shínigh an deimhniú, mura suífear a mhalairt.

(4)  (a)  Ní eiseofar aon litir rabhaidh nó fógra forfheidhmiúcháin agus ní thionscnófar aon imeachtaí i leith ciona faoin gCuid seo—

(i)  maidir le forbairt nach mbeidh aon chead deonaithe ina leith, tar éis seacht mbliana ón dáta a tosaíodh ar an bhforbairt;

(ii)  maidir le forbairt a mbeidh cead deonaithe ina leith faoi Chuid III, tar éis seacht mbliana dar tosach, maidir leis an gcead lena n-údaraítear an fhorbairt, ar dhul in éag don tréimhse chuí, de réir bhrí alt 40, nó, de réir mar a bheidh, don tréimhse arna fadú faoi alt 42.

(b)  D'ainneoin mhír (a), féadfar imeachtaí a thionscnamh aon tráth i leith aon choinníll a bhaineann le talamh a úsáid agus a bhfuil an cead faoina réir.

(c)  Toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur tionscnaíodh imeachtaí laistigh den tréimhse chuí.

(5)  Ní thionscnófar imeachtaí i leith cionta eile faoin Acht seo tráth is déanaí ná 7 mbliana ón dáta a líomhnaíodh go ndearnadh an cion lena mbaineann.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

158. —(1)  I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe nó duine a bheidh ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gur éascaíodh a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin ciontach i gcion freisin agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(2)  I gcás gnóthaí comhlachta chorpraithe a bheith á mbainistiú ag a chomhaltaí, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtainí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna bainistíochta amhail is dá mba stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe é nó í.

Fíneálacha a íoc le húdaráis phleanála.

159. —I gcás ina ngearrfaidh cúirt fíneáil nó ina ndaingneoidh nó ina n-athróidh sí fíneáil arna gearradh ag cúirt eile i leith ciona faoin Acht seo, forálfaidh sí le hordú go n-íocfar méid na fíneála leis an údarás pleanála, agus féadfaidh an t-údarás an íocaíocht a fhorfheidhmiú amhail is dá mbeadh sí dlite dó ar scór foraithne nó ordaithe arna déanamh nó arna dhéanamh ag an gcúirt in imeachtaí sibhialta.

Urghairí i ndáil le forbairt neamhúdaraithe.

160. —(1)  I gcás ina mbeidh forbairt neamhúdaraithe déanta nó á déanamh nó inar dóigh go ndéanfar í, nó ina bhfuiltear tar éis leanúint di nó ag leanúint di nó inar dóigh go leanfar di, féadfaidh an Ard-Chúirt nó an Chúirt Chuarda, ar iarratas ó údarás pleanála nó ó aon duine eile, cibé acu atá nó nach bhfuil leas sa talamh ag an duine, a cheangal ar aon duine, le hordú, aon ní a dhéanamh nó gan é a dhéanamh, nó scor d'aon ní a dhéanamh, de réir mar a bheidh, is ní is dóigh leis an gCúirt is gá, agus a shonróidh sí san ordú, chun na nithe seo a leanas a chinntiú, de réir mar is cuí:

(a)  nach ndéanfar an fhorbairt neamhúdaraithe, nó nach leanfar di;

(b)  a mhéid is indéanta, go gcuirfear an bhail ar aon talamh arís a bhí air roimh thosach aon fhorbartha neamhúdaraithe;

(c)  go ndéanfar aon fhorbairt i gcomhréir leis an gcead a bhaineann leis an bhforbairt sin, nó le haon choinníoll a bhfuil an cead faoina réir.

(2)  Le linn ordú faoi fho-alt (1) a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, más cuí, a ordú go ndéanfar aon oibreacha, lena n-áirítear aon déanmhas nó gné eile a aisiriú, a athfhoirgniú, a dhíchur, a scartáil nó a athrú.

(3)  (a)  Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas chuig an Ard-Chúirt nó chuig an gCúirt Chuarda ar ordú faoin alt seo agus féadfaidh an Chúirt, le linn di an ní a bhreithniú, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más ann) is cuí léi a dhéanamh.

(b)  Faoi réir alt 161, féadfar cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) maidir le costais a íoc, is cuí leis an gCúirt, a bheith san ordú lena dtabharfar breith ar iarratas faoin alt seo.

(4)  (a)  Féadfar foráil a dhéanamh le rialacha cúirte maidir le hordú faoin alt seo a dhéanamh i gcoinne duine nach fios cé hé nó cé hí.

(b)  Beidh feidhm maidir leis an alt seo ag aon rialacha Cúirte iomchuí arna ndéanamh i leith alt 27 (a cuireadh isteach le halt 19 d'Acht 1992) d'Acht 1976, agus forléireofar iad sa chéill sin.

(5)  (a)  Maidir le hiarratas faoin alt seo chuig an gCúirt Chuarda, déanfar é chuig an mbreitheamh den Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil an talamh is ábhar don iarratas.

(b)  Beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda iarratas faoin alt seo a éisteacht agus breith a thabhairt air i gcás nach mó ná £200 luacháil inrátaithe na talún is ábhar don iarratas.

(c)  Féadfaidh an Chúirt Chuarda, chun críocha mhír (b), breith a thabhairt, i ndáil le talamh nár tugadh luacháil inrátaithe ina leith nó is ábhar do luacháil inrátaithe i dteannta talún eile, gur mhó, nó nár mhó, ná £200 a luacháil inrátaithe.

(d)  Más mó ná £200 luacháil inrátaithe aon talún is ábhar d'iarratas faoin alt seo, déanfaidh an Chúirt Chuarda, má dhéanann aon duine ag a bhfuil leas sna himeachtaí iarratas chuici chuige sin, na himeachtaí a aistriú chuig an Ard-Chúirt, ach is bailí d'aon ordú nó gníomh a rinneadh i gcúrsa na n-imeachtaí sin roimh an aistriú mura ndéanfaidh an Ard-Chúirt é a urscaoileadh nó a athrú le hordú.

(6)  (a)  Ní dhéanfar iarratas chuig an Ard-Chúirt nó chuig an gCúirt Chuarda ar ordú faoin alt seo—

(i)  maidir le forbairt nach mbeidh aon chead deonaithe ina leith, tar éis tréimhse seacht mbliana a bheith caite ón dáta a tosaíodh ar an bhforbairt, nó

(ii)  maidir le forbairt a mbeidh cead deonaithe ina leith faoi Chuid III, tar éis tréimhse seacht mbliana a bheith caite, ar tréimhse í dar tosach, maidir leis an gcead lena n-údaraítear an fhorbairt, ar dhul in éag don tréimhse chuí (de réir bhrí alt 40) nó, de réir mar a bheidh, don tréimhse chuí arna fadú faoi alt 42.

(b)  D'ainneoin mhír (a), féadfar iarratas ar ordú faoin alt seo a dhéanamh aon tráth i leith aon choinníll a bhfuil an fhorbairt faoina réir agus a bhaineann le húsáid leanúnach na talún.

(7)  I gcás inar lorgaíodh ordú faoin alt seo, féadfar aon ghníomh forfheidhmiúcháin eile faoin gCuid seo a thosú nó féadfar leanúint de.

Costais ionchúiseamh agus iarratas ar urghairí.

161. —(1)  Déanfaidh an chúirt, mura deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, a ordú don duine costais agus caiteachais na caingne, arna dtomhas ag an gcúirt, a íoc—

(a)  i gcás ina gciontaítear duine i gcion faoin gCuid seo, leis an údarás pleanála, nó

(b)  i gcás ina mbeidh ordú déanta i leith an duine faoi alt 160, leis an údarás pleanála nó le haon duine eile, de réir mar is cuí.

(2)  I gcás ina mbeidh costais nó caiteachais le híoc leis an údarás, áireofar iontu aon chostais nó caiteachais den sórt sin a bheidh tabhaithe le réasún ag an údarás i ndáil leis an gcion a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh nó i ndáil leis an ordú, de réir mar is cuí, lena n-áirítear costais arna dtabhú i leith luach saothair agus caiteachais eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

Fianaise ar chead.

162. —(1)  In aon imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo, is faoin gcosantóir a bheidh sé a chruthú go bhfuil aon chead arna dheonú faoi Chuid III ar marthain.

(2)  D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, ní cosaint é ar ionchúiseamh faoin gCuid seo má chruthaíonn an cosantóir go ndearna sé nó sí iarratas ar chead nó gur deonaíodh cead dó nó di faoi alt 34(12)

(a)  ón tráth a tionscnaíodh imeachtaí faoin gCuid seo,

(b)  ón dáta a cuireadh litir rabhaidh amach faoi alt 152, nó

(c)  ón dáta a seirbheáladh fógra forfheidhmiúcháin i gcás práinne de réir alt 155.

(3)  Ní dhéanfar aon ghníomh forfheidhmiúcháin faoin gCuid seo (lena n-áirítear iarratas faoi alt 160) a bhac nó a tharraingt siar mar gheall ar iarratas ar chead a choinneáil faoi alt 34(12) nó mar gheall ar dheonú an cheada sin.

Ní bheidh gá le cead le haghaidh aon oibreacha a cheanglaítear faoin gCuid seo.

163. —D'ainneoin Chuid III, ní bheidh gá le cead i leith forbartha a cheanglófar le fógra faoi alt 154 nó le hordú faoi alt 160 (gan forbairt a bhfuil cead ann iarbhír lena haghaidh faoi Chuid III a áireamh).

Socruithe idirthréimhseacha maidir le cionta.

164. —D'ainneoin aon aisghairm ar aon achtachán (“achtachán aisghairthe”) a dhéantar leis an Acht seo, i gcás ina mbeidh imeachtaí tionscanta i leith aon chiona faoin achtachán aisghairthe, nó ina mbeidh fógra forfheidhmiúcháin nó fógra rabhaidh (de réir bhrí na bhforálacha iomchuí) eisithe faoi aon fhoráil den achtachán aisghairthe, nó ina mbeidh iarratas déanta chuig Cúirt faoi alt 27 d'Acht 1976, leanfaidh an fhoráil iomchuí, a raibh feidhm aici roimh an aisghairm, d'fheidhm a bheith aici amhlaidh go dtí go mbeidh na himeachtaí críochnaithe, go mbeidh na fógraí comhlíonta nó tarraingthe siar nó go mbeidh breith tugtha ar an iarratas, de réir mar a bheidh.

CUID IX

Criosanna Forbartha Straitéisí

Léiriú.

165. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “gníomhaireacht forbartha” an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire), Fiontraíocht Éireann, Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, Údarás na Gaeltachta, an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, údarás áitiúil nó cibé duine eile a fhorordóidh an tAire chun críocha na Coda seo;

ciallaíonn “crios forbartha straitéisí” láithreán nó láithreáin lena mbaineann scéim pleanála arna déanamh faoi alt 169.

Láithreáin a ainmniú le haghaidh criosanna forbartha straitéisí.

166. —(1)  Más rud é, i dtuairim an Rialtais, go ngabhann tábhacht eacnamaíoch nó shóisialach don Stát le forbairt shonraithe, féadfaidh an Rialtas le hordú, nuair a mholann an tAire amhlaidh, láithreán amháin nó níos mó a ainmniú chun crios forbartha straitéisí a bhunú, de réir fhorálacha na Coda seo, d'fhonn forbairt den sórt sin a éascú.

(2)  Sula molfaidh an tAire don Rialtas láithreán nó láithreáin a ainmniú faoi fho-alt (1), rachaidh sé nó sí i gcomhairle le haon ghníomhaireacht forbartha iomchuí nó údarás pleanála iomchuí maidir leis an ainmniú molta.

(3)  Déanfar le hordú faoi fho-alt (1)

(a)  an ghníomhaireacht forbartha nó na gníomhaireachtaí forbartha a shonrú chun críocha alt 168,

(b)  an cineál nó na cineálacha forbartha a fhéadfar a bhunú sa chrios forbartha straitéisí a shonrú, agus

(c)  na cúiseanna a lua atá leis an bhforbairt a shonrú agus leis an láithreán nó na láithreáin a ainmniú.

(4)  Déanfaidh an tAire cóip d'aon ordú a dhéanfar faoin alt seo a chur chuig aon ghníomhaireacht forbartha iomchuí, údarás pleanála iomchuí agus údarás réigiúnach iomchuí agus chuig an mBord.

(5)  Measfar go n-áirítear i bhforbairt a bheidh sonraithe in ordú faoi fho-alt (3) forbairt atá coimhdeach nó riachtanach i ndáil le críocha na forbartha a bheidh sonraithe amhlaidh, agus féadfar aon saoráidí agus seirbhísí bonneagair agus pobail is gá a áireamh ann.

(6)  Féadfaidh an Rialtas ordú arna dhéanamh faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Láithreán a fháil le haghaidh creasa forbartha straitéisí.

167. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála aon chumhachtaí chun talamh a fháil atá ar fáil dó faoi aon achtachán, lena n-áirítear aon chumhachtaí i ndáil le talamh a fháil go héigeantach, a úsáid chun láithreán dá dtagraítear i bhfo-alt 166(1) a sholáthar, nó chun soláthar an chéanna a áirithiú nó a éascú.

(2)  I gcás ina mbeidh leas ag duine, seachas an ghníomhaireacht forbartha iomchuí, i dtalamh, nó in aon chuid de thalamh, ar a bhfuil láithreán nó láithreáin dá dtagraítear in ordú faoi alt 166, féadfaidh an ghníomhaireacht forbartha iomchuí comhaontú a dhéanamh leis an duine sin chun forbairt na talún a éascú.

(3)  Féadfaidh an ghníomhaireacht forbartha iomchuí comhaontú a dhéanfar faoi fho-alt (2) le haon duine ag a bhfuil leas i dtalamh a fhorfheidhmiú i gcoinne daoine a dhíorthaíonn teideal faoin duine sin i leith na talún sin.

Scéim pleanála le haghaidh criosanna forbartha straitéisí.

168. —(1)  I gcás ina n-ainmneofar láithreán faoi alt 166, féadfaidh an ghníomhaireacht forbartha iomchuí nó, i gcás ina mbeidh comhaontú dá dtagraítear in alt 167 déanta, an ghníomhaireacht forbartha iomchuí agus aon duine is páirtí sa chomhaontú, a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis ordú faoi alt 166 a dhéanamh, dréacht-scéim pleanála a ullmhú i leith an láithreáin ar fad nó aon chuid de agus í a chur faoi bhráid an údaráis pleanála iomchuí.

(2)  Is é a bheidh i ndréacht-scéim pleanála faoin alt seo ráiteas scríofa agus plean ina léireofar an modh ina mbeartaítear an láithreán a fhorbairt agus go háirithe—

(a)  an cineál nó na cineálacha forbartha a bhféadfar cead a thabhairt iad a chur ar bun ar an láithreán (faoi réir ordú an Rialtais faoi alt 166),

(b)  méid aon fhorbartha beartaithe den sórt sin,

(c)  tograí i ndáil le dearadh foriomlán na forbartha beartaithe, lena n-áirítear airde uasta, bailchríocha seachtracha déanmhas agus an chosúlacht agus an dearadh i gcoitinne,

(d)  tograí i ndáil le hiompar, lena n-áirítear iompar poiblí, leagan amach na mbóithre, spásanna loctha a sholáthar agus bainistiú tráchta,

(e)  tograí i ndáil le seirbhísí a sholáthar ar an láithreán, lena n-áirítear saoráidí dramhaíola agus séarachais agus seirbhísí uisce, leictreachais agus teileachumarsáide, píblínte ola agus gáis, lena n-áirítear saoráidí stórála le haghaidh ola nó gáis, a sholáthar,

(f)  tograí i ndáil le haon droch-iarsmaí ar an gcomhshaol, lena n-áirítear an comhshaol nádúrtha agus foirgnithe, agus ar thaitneamhachtaí an limistéir, a íoslaghdú, agus

(g)  i gcás ina mbeidh foráil sa scéim d'fhorbairt chónaithe, tograí i ndáil le taitneamhachtaí, saoráidí agus seirbhísí don phobal, lena n-áirítear scoileanna, creiseanna agus seirbhísí eile oideachais agus cúraim leanaí, a sholáthar.

(3)  Beidh faisnéis i ndréacht-scéim pleanála freisin maidir le haon tionchair shuntasacha is dócha a bheadh ag an scéim pleanála, dá gcuirfí i ngníomh é, ar an gcomhshaol agus, chuige sin, beidh an fhaisnéis a fhorordaítear faoi alt 177 inti, a mhéid a bheidh faisnéis den sórt sin iomchuí maidir leis na mionsonraí a bheidh sa scéim.

(4)  (a)  Beidh dréacht-scéim pleanála le haghaidh forbartha cónaithe ar comhréir leis an straitéis tithíochta arna hullmhú ag an údarás pleanála de réir Chuid V.

(b)  I gcás ina mbeidh talamh i gcrios forbartha straitéisí le húsáid le haghaidh forbartha cónaithe, déanfar cuspóir chun a áirithiú go gcuirfear an straitéis tithíochta i ngníomh a áireamh sa dréacht-scéim pleanála amhail is dá mba chuspóir sonraithe é faoi alt 95(1)(b).

(5)  I gcás ina mbeidh limistéar a ainmneofar faoi alt 166 suite laistigh de limistéar feidhme dhá údarás pleanála nó níos mó, déanfaidh—

(a)  na húdaráis phleanála lena mbaineann i gcomhar, nó

(b)  ceann de na húdaráis, ar choinníoll go bhfaighfear toiliú an údaráis nó na n-údarás eile, de réir mar is cuí, sula ndéanfar an scéim faoi alt 169,

na feidhmeanna a thugtar d'údarás pleanála faoin gCuid seo a fheidhmiú, agus forléireofar na focail “údarás pleanála” dá réir sin.

Scéim pleanála a dhéanamh.

169. —(1)  I gcás dréacht-scéim pleanála a bheith ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an údaráis pleanála de réir alt 168, déanfaidh an t-údarás pleanála, a luaithe is féidir—

(a)  fógra i dtaobh na dréacht-scéime agus cóipeanna di a chur chuig an Aire, chuig an mBord agus chuig na húdaráis fhorordaithe,

(b)  fógra i dtaobh ullmhú na dréacht-scéime a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear ina limistéar.

(2)  Luafar i bhfógra faoi fho-alt (1)

(a)  go bhféadfar cóip den dréacht a iniúchadh in áit nó in áiteanna a luafar agus tráthanna a luafar le linn tréimhse a luafar, is tréimhse nach lú ná 6 sheachtain (agus coimeádfar an chóip ar fáil lena hiniúchadh dá réir sin), agus

(b)  go ndéanfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an dréacht-scéim, arna ndéanamh chuig an údarás pleanála nó arna dtabhairt dó laistigh den tréimhse a luafar, a chur san áireamh le linn cinneadh a dhéanamh maidir leis an scéim.

(3)  (a)  Tráth nach faide ná 12 sheachtain tar éis fógra faoi fho-alt (2) a thabhairt, déanfaidh bainisteoir údaráis pleanála tuarascáil maidir le haon aighneachtaí nó tuairimí a gheofar faoin bhfo-alt sin a ullmhú agus cuirfidh sé nó sí an tuarascáil faoi bhráid chomhaltaí an údaráis lena breithniú acu.

(b)  I dtuarascáil faoi mhír (a)

(i)  liostófar na daoine nó na comhlachtaí a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí faoin alt seo,

(ii)  tabharfar achoimre ar na saincheisteanna a bheidh dúisithe ag na daoine nó na comhlachtaí sna haighneachtaí nó sna tuairimí,

(iii)  tabharfar freagra an bhainisteora ar na saincheisteanna a dúisíodh, agus aird á tabhairt ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir, ar oibleagáidí reachtúla aon údaráis áitiúil sa limistéar agus ar aon bheartais nó cuspóirí iomchuí, de thuras na huaire, de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire den Rialtas.

(4)  (a)  Breithneoidh comhaltaí údaráis pleanála an dréacht-scéim pleanála agus tuarascáil an bhainisteora arna hullmhú agus arna cur faoina mbráid de réir fho-alt (3).

(b)  Measfar an dréacht-scéim pleanála a bheith déanta 6 sheachtain tar éis an dréacht-scéim pleanála sin agus an tuarascáil sin a chur faoi bhráid chomhaltaí an údaráis pleanála de réir fho-alt (3), mura gcinnfidh an t-údarás pleanála, le rún—

(i)  an dréacht-scéim pleanála a dhéanamh, faoi réir athruithe agus modhnuithe, nó

(ii)  gan an dréacht-scéim pleanála a dhéanamh.

(c)  Más rud é, maidir le dréacht-scéim pleanála—

(i)  go measfar, de réir mhír (b), í a bheith déanta, nó

(ii)  go ndéanfar í de réir mhír (b)(i),

beidh éifeacht léi 4 sheachtain ón dáta a dhéanfar í mura dtionscnófar achomharc chun an Bhoird faoi fho-alt (6).

(5)  (a)  Tar éis chinneadh an údaráis pleanála faoi fho-alt (4), déanfaidh an t-údarás, a luaithe is féidir, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 6 lá oibre tar éis an cinneadh a dhéanamh—

(i)  fógra i dtaobh chinneadh an údaráis pleanála a thabhairt don Aire, don Bhord, do na húdaráis fhorordaithe agus d'aon duine a rinne aighneachtaí i scríbhinn nó a thug tuairimí i scríbhinn maidir leis an dréacht-scéim, agus

(ii)  fógra i dtaobh an chinnidh a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear ina limistéar.

(b)  I bhfógra faoi mhír (a)

(i)  tabharfar dáta chinneadh an údaráis pleanála maidir leis an dréacht-scéim pleanála,

(ii)  luafar cén cineál cinnidh a bhí ann,

(iii)  luafar go bhfuil cóip den scéim pleanála ar fáil lena hiniúchadh in áit nó in áiteanna a luafar (agus coimeádfar an chóip ar fáil lena hiniúchadh dá réir sin),

(iv)  luafar go bhféadfaidh aon duine a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí maidir leis an dréacht-scéim achomharc a dhéanamh chun an Bhoird i gcoinne chinneadh an údaráis pleanála laistigh de 4 sheachtain ó dháta chinneadh an údaráis pleanála, agus

(v)  beidh cibé faisnéis eile a fhorordófar.

(6)  Féadfaidh an ghníomhaireacht forbartha nó aon duine a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí maidir leis an dréacht-scéim pleanála achomharc a dhéanamh, ar chúiseanna sonraithe, chuig an mBord i gcoinne chinneadh an údaráis pleanála laistigh de 4 sheachtain ó dháta chinneadh an údaráis pleanála.

(7)  (a)  Féadfaidh an Bord, tar éis dó achomharc arna dhéanamh faoin alt seo a bhreithniú, déanamh na scéime pleanála, fara modhnuithe nó dá n-éagmais, a cheadú nó féadfaidh sé diúltú é a cheadú.

(b)  I gcás ina gceadóidh an Bord déanamh scéime pleanála de réir mhír (a), déanfaidh an t-údarás pleanála, a luaithe is indéanta, fógra i dtaobh cheadú na scéime a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear ina limistéar, agus luafaidh sé go bhfuil cóip den scéim pleanála ar fáil lena hiniúchadh in áit nó in áiteanna a luafar (agus coimeádfar cóip ar fáil lena hiniúchadh dá réir sin).

(8)  Le linn dó dréacht-scéim pleanála faoin alt seo a bhreithniú, breithneoidh údarás pleanála nó an Bord, de réir mar a bheidh, pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir agus breithneoidh sé forálacha an phlean forbartha, forálacha na straitéise tithíochta, forálacha aon ordaithe um limistéar taitneamhachta speisialta nó caomhnú agus slánchoimeád aon Láithreáin Eorpaigh agus, i gcás inar cuí sin—

(a)  an éifeacht a bheadh ag an scéim ar aon talamh atá comhthadhlach leis an talamh lena mbaineann,

(b)  an éifeacht a bheadh ag an scéim ar aon áit atá lasmuigh de limistéar an údaráis pleanála, agus

(c)  aon chúinse eile a bhaineann le forbairt lasmuigh de limistéar an údaráis pleanála, lena n-áirítear aon limistéar lasmuigh den Stát.

(9)  Measfar scéim pleanála a dhéanfar faoin alt seo a bheith ina cuid d'aon phlean forbartha a bheidh i bhfeidhm i limistéar na scéime go dtí go gcúlghairfear an scéim, agus cuirfear í in ionad aon fhorálacha dá mhalairt de chuid an phlean forbartha.

Iarratas ar fhorbairt i gcrios forbartha straitéisí.

170. —(1)  I gcás ina ndéanfar iarratas chuig údarás pleanála faoi alt 34 ar fhorbairt i gcrios forbartha straitéisí, beidh feidhm ag an alt sin agus ag aon rialacháin cheada, faoi réir fhorálacha eile an ailt seo.

(2)  Deonóidh údarás pleanála cead i leith iarratais ar fhorbairt i gcrios forbartha straitéisí i gcás inar deimhin leis maidir leis an bhforbairt, i gcás ina ndéanfaí í de réir an iarratais nó faoi réir aon choinníollacha a chuirfidh an t-údarás pleanála ag gabháil le cead, go mbeadh sí ar comhréir le haon scéim pleanála a bheidh i bhfeidhm don talamh atá i gceist, agus ní dheonófar aon chead le haghaidh aon fhorbartha nach mbeadh ar comhréir le scéim pleanála den sórt sin.

(3)  D'ainneoin alt 37, ní bheidh aon ábhar achomhairc ann chuig an mBord i gcoinne cinnidh ag údarás pleanála ar iarratas ar chead i leith forbartha i gcrios forbartha straitéisí.

(4)  I gcás ina gcinnfidh an t-údarás pleanála cead a dheonú le haghaidh forbartha i gcrios forbartha straitéisí, measfar gur deonaíodh an cead ar dháta an chinnidh.

Scéim pleanála a chúlghairm.

171. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála, le rún, le toiliú na gníomhaireachta forbartha iomchuí, scéim pleanála arna déanamh faoin gCuid seo a leasú nó a chúlghairm.

(2)  I gcás ina mbeartaíonn údarás pleanála scéim pleanála a leasú faoin alt seo, comhlíonfaidh sé an nós imeachta atá leagtha síos in alt 169 agus forléireofar an t-alt sin dá réir sin.

(3)  Déanfar fógra i dtaobh scéim pleanála a chúlghairm faoin alt seo a thabhairt i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear i limistéar an údaráis pleanála.

(4)  Ní dochar leasú nó cúlghairm scéime pleanála faoin alt seo do bhailíocht aon cheada pleanála a bheidh deonaithe nó d'aon ní a bheidh déanta de réir théarmaí na scéime sular leasaíodh nó sular cúlghaireadh í ach amháin de réir théarmaí an Achta seo.

(5)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (4), beidh feidhm ag ailt 40 agus 42 maidir le haon chead a dheonófar faoin gCuid seo.

CUID X

Measúnacht Tionchair Timpeallachta

Ceanglas maidir le ráiteas tionchair timpeallachta.

172. —(1)  I gcás ina ndéanfar iarratas pleanála i leith forbartha nó aicme forbartha dá dtagraítear i rialacháin faoi alt 176, déanfar, i dteannta ceanglais na rialachán ceada a bheith comhlíonta i dtaca leis an iarratas, ráiteas tionchair timpeallachta a chur ag gabháil leis.

(2)  I dteannta na nithe atá leagtha amach in alt 33(2), féadfaidh an tAire rialacháin cheada a dhéanamh i ndáil le hiarratais phleanála nach foláir ráitis tionchair timpeallachta a bheith ag gabháil leo a chur isteach.

(3)  (a)  Ar iarraidh ó iarratasóir nó ó dhuine a mbeidh ar intinn aige nó aici iarratas a dhéanamh ar chead, féadfaidh an Bord, tar éis deis a thabhairt don údarás pleanála lena mbaineann tuairimí a thabhairt maidir leis an iarraidh, agus i gcás inar deimhin leis an mBord gur cóir é a dhéanamh de bharr imthosca eisceachtúla, díolúine a dheonú, i leith forbartha beartaithe, ó cheanglas de chuid rialachán, nó faoi rialacháin, faoin alt seo ráiteas tionchair timpeallachta a ullmhú, ach amháin nach bhféadfar aon díolúine a dheonú i leith forbartha beartaithe más rud é go bhfuil Ballstát eile de na Comhphobail Eorpacha nó stát eile is páirtí sa Choinbhinsiún Trasteorann, tar éis faisnéis a bheith tugtha dó maidir leis an bhforbairt bheartaithe agus na héifeachtaí is dócha a bheadh aici ar an timpeallacht sa Stát sin, tar éis a chur in iúl go bhfuil ar intinn aige tuairimí a thabhairt maidir leis na héifeachtaí sin.

(b)  Déanfaidh an Bord, le linn dó díolúine faoi mhír (a) a dheonú, breithniú ar na nithe seo a leanas—

(i)  an cóir na héifeachtaí, más ann, a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol a mheasúnú ar mhodh éigin eile, agus

(ii)  an cóir an fhaisnéis a éireoidh as an measúnacht a chur ar fáil do dhaoine den phobal,

agus féadfaidh an Bord cibé ceanglais maidir leis na nithe seo a mheasfaidh sé is gá nó is cuí a chur chun feidhme i ndáil leis an iarratas ar chead.

(c)  Déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir, cinneadh an Bhoird ar aon iarraidh arna déanamh faoi mhír (a), agus aon cheanglais arna gcur chun feidhme faoi mhír (b), a chur in iúl don údarás pleanála lena mbaineann.

(d)  Déanfar, a luaithe is féidir, fógra i dtaobh aon díolúine a bheidh deonaithe faoi mhír (a), i dtaobh na gcúiseanna a bhí leis an díolúine a dheonú, agus i dtaobh aon cheanglais arna gcur chun feidhme faoi mhír (b)

(i)  a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát,

(ii)  a thabhairt, mar aon le cóip den fhaisnéis, más ann, a bheidh curtha ar fáil do dhaoine den phobal de réir mhír (b), do Choimisiún na gComhphobal Eorpach.

(4)  (a)  Aon duine a dhéanfaidh iarraidh chuig an mBord ar dhíolúine faoi fho-alt (3), cuirfidh sé nó sí in iúl don údarás pleanála lena mbaineann, a luaithe is féidir, go ndearnadh an iarraidh agus cén dáta a rinneadh í.

(b)  D'ainneoin fho-alt (8) d'alt 34, maidir leis an tréimhse chun cinneadh a dhéanamh dá dtagraítear san fho-alt sin, ní áireofar inti, i gcás ina ndéanfar iarraidh chuig an mBord faoi fho-alt (3) den alt seo, an tréimhse dar tosach an lá a dhéanfar an iarraidh agus dar críoch an lá a gheobhaidh an t-údarás pleanála lena mbaineann fógra i dtaobh chinneadh an Bhoird ar an iarraidh.

(5)  I dteannta na nithe dá bhforáiltear faoi Chuid VI, Caibidil III, féadfaidh an tAire ceanglais bhreise a fhorordú maidir le hachomhairc nach foláir ráitis tionchair timpeallachta a bheith ag gabháil leo a chur faoi bhráid an Bhoird.

Cead le haghaidh forbartha ar gá measúnacht tionchair timpeallachta ina leith.

173. —(1)  I dteannta cheanglais alt 34(3), i gcás iarratais a ndearnadh ráiteas tionchair timpeallachta a chur faoi bhráid an údaráis pleanála ina leith de réir alt 172, beidh aird ag an údarás pleanála, agus ag an mBord ar achomharc, ar an ráiteas, ar aon fhaisnéis fhorlíontach a thabharfar i ndáil leis an ráiteas agus ar aon aighneachtaí nó tuairimí a thabharfar maidir le héifeachtaí na forbartha beartaithe ar an gcomhshaol.

(2)  (a)  Má iarrann iarratasóir nó duine a bhfuil ar intinn aige nó aici iarratas a dhéanamh ar chead amhlaidh, tabharfaidh an t-údarás pleanála lena mbaineann tuairim scríofa maidir leis an bhfaisnéis a bheidh i ráiteas tionchair timpeallachta, faoi réir aon chomhchomhairliúchán forordaithe a bheidh le déanamh ag an údarás pleanála i ndáil le tuairim den sórt sin, sula gcuirfidh an duine sin isteach an t-iarratas go ndeonófar cead pleanála.

(b)  Ní dochar tuairim scríofa a thabhairt de réir mhír (a) d'fheidhmiú a chumhachtaí faoin Acht seo, nó faoi aon rialacháin a dhéanfar faoi, ag an údarás pleanála lena mbaineann chun a cheangal ar an duine a rinne an iarraidh faisnéis bhreise a chur isteach maidir leis an iarratas lena mbaineann.

(c)  Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh maidir le nithe breise, teagmhasacha, iarmhartacha nó forlíontacha ó thaobh nós imeachta i dtaca le tuairim scríofa a sholáthar faoi mhír (a).

(3)  (a)  I gcás ina gceanglaítear ar dhuine, leis an Acht seo nó faoi, ráiteas tionchair timpeallachta a chur faoi bhráid an Bhoird, féadfaidh sé nó sí, sula gcuirfidh sé nó sí an ráiteas isteach, a iarraidh ar an mBord a thuairim a sholáthar dó nó di i dtaobh na faisnéise ba chóir a bheith sa ráiteas sin, agus déanfaidh an Bord, ar iarraidh den sórt sin a fháil, an tuairim sin a sholáthar i scríbhinn.

(b)  Ní dochar tuairim scríofa a thabhairt de réir mhír (a) d'fheidhmiú a chumhachtaí de bhun an Achta seo, nó de bhun aon rialachán faoin Acht seo, ag an mBord chun a cheangal ar an iarratasóir faisnéis shonraithe a sholáthar i ndáil le haon achomharc lena mbaineann an ráiteas tionchair timpeallachta.

(c)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le déanamh iarrata nó soláthar tuairime lena mbaineann an fo-alt seo.

Tionchair thimpeallachta trasteorann.

174. —(1)  (a)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i leith iarratas ar fhorbairt ar gá ráiteas tionchair timpeallachta a chur isteach ina leith, i gcás inarb eol don údarás pleanála, nó don Bhord ar achomharc, gur dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha ag an bhforbairt ar an gcomhshaol i mBallstát eile de na Comhphobail Eorpacha nó i stát is páirtí sa Choinbhinsiún Trasteorann nó i gcás ina measann an Stát eile lena mbaineann gur dóigh go mbeadh éifeachtaí den sórt sin ag an bhforbairt.

(b)  Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin bhfo-alt seo le haghaidh na nithe seo a leanas:

(i)  fógra a thabhairt don Aire maidir leis an iarratas;

(ii)  faisnéis a chur faoi bhráid an Aire maidir leis an iarratas;

(iii)  fógra a thabhairt don Stát eile lena mbaineann agus faisnéis a chur ar fáil don Stát sin;

(iv)  tuairimí a thabhairt agus aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an iarratas ón Stát eile lena mbaineann, agus comhchomhairliúchán a dhéanamh leis an Stát sin;

(v)  teorainneacha ama chun cinntí a dhéanamh faoin Acht seo a fhadú.

(2)  I dteannta cheanglais ailt 173(1) agus 34(3), beidh aird ag an údarás pleanála nó ag an mBord, de réir mar a bheidh, i gcás inar cuí sin, ar thuairimí aon Bhallstáit de na Comhphobail Eorpacha nó páirtí eile sa Choinbhinsiún Trasteorann i ndáil le héifeachtaí na forbartha beartaithe ar an gcomhshaol.

(3)  D'ainneoin aon fhorálacha eile den Acht seo, féadfaidh údarás pleanála nó an Bord, de réir mar a bheidh, tar éis dó aon aighneachtaí nó tuairimí a gheofar a bhreithniú nó tar éis aon chomhchomhairliúchán a dhéanfaidh údarás pleanála nó an Bord, coinníollacha a fhorchur ar dheonú ceada chun éifeachtaí trasteorann a d'fhéadfadh a bheith ag aon fhorbairt bheartaithe a laghdú nó chun deireadh a chur leo.

(4)  I gcás ina n-iarrfaidh údarás pleanála nó údarás Stáit go ndéanfaí é sin, nó in aon chás eile más rud é go gcinnfidh an tAire ar shlí eile é a dhéanamh, féadfaidh an tAire a iarraidh ar Bhallstát eile de na Comhphobail Eorpacha nó ar pháirtí eile sa Choinbhinsiún Trasteorann faisnéis a chur ar aghaidh i leith aon fhorbartha a bheidh faoi réir na Treorach ón gComhairle nó an Choinbhinsiúin Trasteorann agus ar dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha aici ar an gcomhshaol in Éirinn.

(5)  (a)  Féadfaidh an tAire nó údarás Stáit nó údarás pleanála, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a chinneadh aighneachtaí nó tuairimí a chur ar aghaidh chuig an stát eile lena mbaineann, nó comhchomhairliúcháin a dhéanamh leis, i leith na forbartha dá dtagraítear i bhfo-alt (4) maidir leis na héifeachtaí trasteorann a d'fhéadfadh a bheith ag an bhforbairt sin agus leis na bearta a shamhlaítear chun na héifeachtaí sin a laghdú nó chun deireadh a chur leo.

(b)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le fógra poiblí a sholáthar i dtaobh aon ráitis tionchair timpeallachta nó aon fhaisnéise eile a gheobhaidh an Aire, an t-údarás Stáit nó an t-údarás pleanála faoi fho-alt (4), agus maidir le haighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis.

(6)  Féadfaidh an tAire comhaontú a dhéanamh le haon Bhallstát eile de na Comhphobail Eorpacha nó aon pháirtí eile sa Choinbhinsiún Trasteorann maidir leis na nósanna imeachta mionsonraithe a bheidh le leanúint i leith comhchomhairliúchán i dtaobh forbairtí beartaithe ar dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha trasteorann acu.

Measúnacht tionchair timpeallachta ar fhorbairt áirithe arna déanamh ag údaráis áitiúla nó thar a gceann.

175. —(1)  Más rud é, maidir le forbairt a bhaineann le haicme forbartha a bheidh sainaitheanta chun críocha alt 176

(a)  go mbeartaíonn údarás áitiúil, ar údarás pleanála é, í a dhéanamh cibé acu ina cháil mar údarás pleanála nó in aon cháil eile, nó

(b)  go mbeartaíonn duine éigin eile í a dhéanamh thar ceann údaráis áitiúil den sórt sin, nó i gcomhar nó i gcomhpháirtíocht le húdarás áitiúil den sórt sin, de bhun conartha arna dhéanamh ag an údarás áitiúil sin cibé acu ina cháil mar údarás pleanála nó in aon cháil eile,

laistigh de limistéar feidhme an údaráis áitiúil lena mbaineann (dá ngairtear “forbairt bheartaithe” ina dhiaidh seo san alt seo), ullmhóidh an t-údarás áitiúil, nó cuirfidh sé faoi deara go nullmhófar, ráiteas tionchair timpeallachta ina leith.

(2)  Ní dhéanfar forbairt bheartaithe a mbeidh ráiteas tionchair timpeallachta ullmhaithe ina leith de réir fho-alt (1) ach amháin i gcás ina mbeidh sí ceadaithe ag an mBord, fara modhnuithe nó dá n-éagmais.

(3)  I gcás ina mbeidh ráiteas tionchair timpeallachta ullmhaithe de bhun fho-alt (1), déanfaidh an t-údarás áitiúil iarratas chuig an mBord chun ceadú a fháil.

(4)  Sula ndéanfaidh údarás áitiúil iarratas ar cheadú faoi fho-alt (3), déanfaidh sé—

(a)  fógra a fhoilsiú, i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar ina mbeartaítear an fhorbairt a dhéanamh, ina gcuirfear in iúl cineál agus suíomh na forbartha beartaithe agus—

(i)  ina luafar—

(I)  go bhfuil beartaithe aige ceadú an Bhoird a lorg le haghaidh na forbartha beartaithe,

(II)  gur ullmhaíodh ráiteas tionchair timpeallachta i leith na forbartha beartaithe,

(ii)  ina sonrófar cé na tráthanna ar féidir agus cé na háiteanna inar féidir, agus cén tréimhse (nach lú ná 6 sheachtain) inar féidir, cóip den ráiteas tionchair timpeallachta a iniúchadh saor in aisce nó a cheannach, agus

(iii)  ina n-iarrfar go ndéanfaí aighneachtaí chuig an mBord agus go dtabharfaí tuairimí don Bhord le linn na tréimhse sin—

(I)  i ndáil le himpleachtaí na forbartha beartaithe do phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe sa limistéar lena mbaineann, agus

(II)  i ndáil leis na héifeachtaí is dóigh a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol,

dá ndéanfaí í,

agus

(b)  cóip den iarratas agus den ráiteas tionchair timpeallachta a chur chuig na húdaráis fhorordaithe mar aon le fógra ina luafar go bhféadfar, le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír (a)(ii), aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBord nó tuairimí a thabhairt i scríbhinn dó—

(i)  i ndáil leis na héifeachtaí is dóigh a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol, agus

(ii)  i ndáil le himpleachtaí na forbartha beartaithe do phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe sa limistéar lena mbaineann,

dá ndéanfaí í.

(5)  (a)  Féadfaidh an Bord, i gcás ina measfaidh sé gur gá déanamh amhlaidh, a cheangal ar údarás áitiúil a rinne iarratas ar cheadú le haghaidh forbartha beartaithe cibé faisnéis bhreise a shonróidh an Bord a thabhairt don Bhord i ndáil le héifeachtaí na forbartha beartaithe ar an gcomhshaol.

(b)  Déanfaidh an Bord, i gcás ina measfaidh sé, maidir leis an bhfaisnéis bhreise a bheidh faighte de bhun mhír (a), go bhfuil sonraí breise suntasacha inti—

(i)  maidir leis na héifeachtaí is dóigh a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol, agus

(ii)  maidir leis na hiarmhairtí is dóigh a bheidh ag an bhforbairt sin do phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe sa limistéar ina mbeartaítear an fhorbairt thuasluaite a shuíomh,

a cheangal ar an údarás áitiúil—

(I)  fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar ina mbeadh an fhorbairt bheartaithe suite ina luafar go bhfuil faisnéis bhreise i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe tugtha don Bhord, ina gcuirfear in iúl cé na tráthanna ar féidir, cén tréimhse (nach lú ná 3 sheachtain) inar féidir agus cén áit, nó cé na háiteanna, inar féidir cóip den fhaisnéis bhreise a iniúchadh saor in aisce nó a cheannach, agus go bhféadfar aighneachtaí nó tuairimí i ndáil leis an bhfaisnéis bhreise a chur faoi bhráid an Bhoird roimh dheireadh na tréimhse a bheidh curtha in iúl, agus

(II)  fógra i dtaobh an fhaisnéis bhreise a thabhairt don Bhord, agus cóip den fhaisnéis a bheidh tugtha, a chur chuig aon údarás forordaithe ar tugadh fógra dó de bhun fho-alt (4)(b), agus a chur in iúl don údarás go bhféadfar aighneachtaí nó tuairimí i ndáil leis an bhfaisnéis bhreise a chur faoi bhráid an Bhoird roimh dheireadh tréimhse (nach lú ná 3 sheachtain) dar tosach an lá a chuirfidh an t-údarás áitiúil an fógra chuig an údarás forordaithe.

(6)  Sula ndéanfaidh an Bord cinneadh i leith forbartha beartaithe faoin alt seo, breithneoidh sé—

(a)  an ráiteas tionchair timpeallachta a cuireadh isteach de bhun fho-alt (1), aon aighneachtaí a rinneadh nó aon tuairimí a tugadh de réir fho-alt (4) agus aon fhaisnéis eile a tugadh de réir fho-alt (5)

(i)  maidir leis na héifeachtaí is dóigh a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol, agus

(ii)  maidir leis na hiarmhairtí is dóigh a bheidh ag an bhforbairt sin maidir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe sa limistéar ina mbeartaítear an fhorbairt thuasluaite a shuíomh,

(b)  tuairimí aon Bhallstáit eile de na Comhphobail Eorpacha nó stáit is páirtí sa Choinbhinsiún Trasteorann ar cuireadh cóip den ráiteas tionchair timpeallachta chuige, agus

(c)  an tuarascáil agus aon mholtaí ón duine a sheolfaidh éisteacht dá dtagraítear i bhfo-alt (7) más rud é go néistfear fianaise ag éisteacht den sórt sin a bhaineann—

(i)  leis na héifeachtaí is dóigh a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol, agus

(ii)  leis na hiarmhairtí is dóigh a bheidh ag an bhforbairt sin maidir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe sa limistéar ina mbeartaítear an fhorbairt thuasluaite a shuíomh.

(7)  Beidh an duine a sheolfaidh éisteacht ó bhéal i ndáil le ceannach éigeantach talún a bhaineann go hiomlán nó go páirteach le forbairt bheartaithe faoin alt seo, ar forbairt í a ndearna údarás pleanála iarratas ar cheadú ina leith, i dteideal fianaise a éisteacht—

(a)  maidir leis na héifeachtaí is dóigh a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol, agus

(b)  maidir leis na hiarmhairtí is dóigh a bheidh ag an bhforbairt sin do phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe sa limistéar ina mbeartaítear an fhorbairt thuasluaite a shuíomh.

(8)  (a)  Féadfaidh an Bord, i gcás inar deimhin leis gur cóir é a dhéanamh de bharr imthosca eisceachtúla, díolúine a dheonú, i leith forbartha beartaithe, ó cheanglas faoi fho-alt (1) ráiteas tionchair timpeallachta a ullmhú, ach amháin nach bhféadfar aon díolúine a dheonú i leith forbartha beartaithe más rud é go bhfuil Ballstát eile de na Comhphobail Eorpacha nó Stát is páirtí sa Choinbhinsiún Trasteorann tar éis a chur in iúl gur mian leis tuairimí a thabhairt maidir le héifeachtaí na forbartha beartaithe ar an gcomhshaol sa Stát sin.

(b)  Déanfaidh an Bord, le linn dó díolúine faoi mhír (a) a dheonú, breithniú ar na nithe seo a leanas—

(i)  an cóir na héifeachtaí, más ann, a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol a mheasúnú ar mhodh éigin eile, agus

(ii)  an cóir an fhaisnéis a éireoidh as measúnacht den sórt sin a chur ar fáil do dhaoine den phobal,

agus féadfaidh sé cibé ceanglais maidir leis na nithe a mheasfaidh sé is gá nó is cuí a chur chun feidhme i ndáil leis an iarratas ar cheadú.

(c)  Déanfar, a luaithe is féidir, fógra i dtaobh aon díolúine a bheidh deonaithe faoi mhír (a), i dtaobh na gcúiseanna a bhí leis an díolúine a dheonú, agus i dtaobh aon cheanglais arna gcur chun feidhme faoi mhír (b)

(i)  a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin eile ar a laghad a fhoilsítear sa Stát, agus

(ii)  a thabhairt, mar aon le cóip den fhaisnéis, más ann, a bheidh curtha ar fáil do dhaoine den phobal de réir mhír (b), do Choimisiún na gComhphobal Eorpach.

(9)  Maidir le forbairt bheartaithe faoin alt seo, féadfaidh an Bord—

(a)  í a cheadú,

(b)  í a cheadú, faoi réir coinníollacha, nó

(c)  diúltú í a cheadú.

(10)  (a)  I gcás ina mbaineann iarratas faoin alt seo le forbairt bheartaithe arb éard í gníomhaíocht, nó ar chun críocha gníomhaíochta í, a bhfuil gá le ceadúnas um rialú comhtháite ar thruailliú nó le ceadúnas dramhaíola ina leith, ní dhéanfaidh an Bord, i gcás ina gcinnfidh sé an fhorbairt bheartaithe a cheadú, an ceadú sin a chur faoi réir coinníollacha ar coinníollacha iad—

(i)  chun astaíochtaí ó oibriú na gníomhaíochta a rialú, lena n-áirítear na hastaíochtaí sin a chosc, a theorannú, a mhaolú nó a laghdú nó chun deireadh a chur leo, nó

(ii)  chun astaíochtaí a bhaineann le scor d'oibriú na gníomhaíochta, nó a leanfaidh as an scor sin, a rialú.

(b)  I gcás ina mbaineann iarratas faoin alt seo le forbairt bheartaithe arb éard í ghníomhaíocht, nó ar chun críocha gníomhaíochta í, a bhfuil gá le ceadúnas um rialú comhtháite ar thruailliú nó le ceadúnas dramhaíola ina leith, féadfaidh an Bord, maidir le haon fhorbairt bheartaithe arb éard í an ghníomhaíocht nó ar chun críocha na gníomhaíochta í, a chinneadh an fhorbairt bheartaithe a dhiúltú, i gcás ina measfaidh an Bord nach féidir, d'ainneoin cheadúnú na gníomhaíochta, glacadh leis an bhforbairt ar fhorais timpeallachta, ag féachaint do phleanáil chuí agus d'fhorbairt inchothaithe an limistéir ina bhfuil nó ina mbeidh an fhorbairt.

(c)  (i)  Sula ndéanfaidh an Bord cinneadh i leith forbartha beartaithe arb éard í gníomhaíocht nó ar chun críocha gníomhaíochta í, féadfaidh sé a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil tuairimí a thabhairt laistigh de cibé tréimhse (ar tréimhse í nach lú, in aon chás, ná 3 sheachtain ó dháta na hiarrata) a shonróidh an Bord i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe.

(ii)  Le linn dó a chinneadh a dhéanamh, beidh aird ag an mBord ar na tuairimí, más ann, a bheidh faighte ón nGníomhaireacht laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe faoi fhomhír (i).

(d)  Féadfaidh an Bord, aon tráth tar éis dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe ag an mBord faoi mhír (c) (i) chun tuairimí a thabhairt, a chinneadh ar an iarratas a dhéanamh.

(e)  Má thugann an Ghníomhaireacht tuairimí faoin alt seo, ní dochar é sin d'aon fheidhm eile de chuid na Gníomhaireachta faoin Acht seo.

(11)  (a)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun foráil a dhéanamh maidir le cibé nithe a bhaineann le nós imeachta agus riarachán is dealraitheach don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach i leith iarratas ar cheadú faoin alt seo.

(b)  Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfar, le rialacháin faoin bhfo-alt seo, foráil a dhéanamh—

(i)  chun a chumasú d'údarás áitiúil a iarraidh ar an mBord tuairim scríofa a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a bheidh i ráiteas tionchair timpeallachta,

(ii)  maidir le nithe a bhaineann le nós imeachta i dtaca leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil do thabhairt tuairimí faoin alt seo agus le nithe a bhaineann leis an méid sin,

(iii)  maidir le fógra a thabhairt do Bhallstát eile de na Comhphobail Eorpacha nó do pháirtithe eile sa Choinbhinsiún Trasteorann i ndáil le forbairt bheartaithe, maidir le tuairimí agus aighneachtaí a fháil ón Stát nó ón bpáirtí agus maidir le comhchomhairliúcháin a dhéanamh leo, agus

(iv)  chun a cheangal ar an mBord faisnéis a thabhairt i leith a chinnidh maidir leis an bhforbairt bheartaithe a lorgaítear ceadú ina leith.

(12)  Le linn don Bhord breithniú a dhéanamh faoi fho-alt (6) ar fhaisnéis a bheidh tugtha i dtaca leis na harmhairtí is dóigh a bheidh ag forbairt bheartaithe do phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe sa limistéar ina mbeartaítear an fhorbairt sin a shuíomh, beidh aird aige—

(a)  ar fhorálacha an phlean forbartha don limistéar,

(b)  ar fhorálacha aon ordaithe um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar,

(c)  más láithreán Eorpach nó limistéar a bheidh forordaithe chun críocha alt 10(2)(c) an limistéar nó cuid den limistéar, ar an méid sin,

(d)  i gcás inar iomchuí sin, ar bheartais an Rialtais, an Aire nó aon Aire eile den Rialtas, agus

(e)  ar fhorálacha an Achta seo agus rialachán faoin Acht seo, i gcás inar iomchuí sin.

(13)  Beidh duine a sháróidh coinníoll a fhorchuirfidh an Bord faoin alt seo ciontach i gcion.

(14)  Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le forbairt bheartaithe bóithre de réir bhrí Acht na mBóithre, 1993, ag údarás bóithre nó thar a cheann.

Aicmí forordaithe forbartha ar gá measúnacht ina leith.

176. —(1)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, i dtaca leis an Treoir ón gComhairle nó thairis sin—

(a)  ina ndéanfar forbairt a bhféadfadh éifeachtaí suntasacha a bheith aici ar an gcomhshaol a shainaithint, agus

(b)  ina sonrófar an modh ina gcinnfear an dóchúlacht go mbeadh éifeachtaí suntasacha ag an bhforbairt sin ar an gcomhshaol.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar, le rialacháin faoin bhfo-alt sin, foráil a dhéanamh maidir le gach ní nó le haon ní amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)  tairseacha nó critéir a bhunú d'fhonn a chinneadh cé na haicmí forbartha ar dóigh dóibh éifeachtaí suntasacha a bheith acu ar an gcomhshaol;

(b)  tairseacha nó critéir éagsúla den sórt sin a bhunú i leith aicmí éagsúla limistéar;

(c)  na forbairtí ar dóigh dóibh éifeachtaí suntasacha a bheith acu ar an gcomhshaol a chinneadh, ar bhonn cáis ar chás, i dteannta tairseacha nó critéir a úsáid;

(d)  i gcás nach mbunófar tairseacha nó critéir, na forbairtí ar dóigh dóibh éifeachtaí suntasacha a bheith acu ar an gcomhshaol a chinneadh ar bhonn cáis ar chás;

(e)  critéir roghnóireachta a shainaithint—

(i)  i ndáil le tairseacha nó critéir a bhunú d'fhonn a chinneadh cé na haicmí forbartha ar dóigh dóibh éifeachtaí suntasacha a bheith acu ar an gcomhshaol, nó

(ii)  i ndáil leis na forbairtí ar dóigh dóibh éifeachtaí suntasacha a bheith acu ar an gcomhshaol a chinneadh ar bhonn cáis ar chás.

(3)  Maidir le haon tagairt in achtachán d'fhorbairt d'aicme a shonraítear faoi Airteagal 24 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Tionchair Timpeallachta), 1989 (I.R. Uimh. 349 de 1989), measfar gur tagairt í d'aicme forbartha arna forordú faoin alt seo.

Faisnéis fhorordaithe maidir le ráitis tionchair timpeallachta.

177. —(1)  Féadfaidh an tAire an fhaisnéis a bheidh i ráiteas tionchair timpeallachta a fhorordú.

(2)  Maidir le haon tagairt in achtachán don fhaisnéis a bheidh i ráiteas tionchair timpeallachta a shonraítear faoi Airteagal 25 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Tionchair Timpeallachta), 1989, measfar gur tagairt í d'fhaisnéis arna forordú faoin alt seo.

CUID XI

Forbairt ag Údaráis Áitiúla agus Údaráis Stáit, etc.

Srianta ar fhorbairt ag údaráis áitiúla áirithe.

178. —(1)  Ní dhéanfaidh comhairle chontae aon fhorbairt ina limistéar feidhme, gan aon bhuirg ná ceantar uirbeach a áireamh, ar forbairt í a dhéanann sárú ábhartha ar an bplean forbartha.

(2)  Ní dhéanfaidh bardas contaebhuirge nó buirge eile aon fhorbairt sa bhuirg ar forbairt í a dhéanann sárú ábhartha ar an bplean forbartha.

(3)  Ní dhéanfaidh comhairle ceantair uirbigh aon fhorbairt sa cheantar ar forbairt í a dhéanann sárú ábhartha ar an bplean forbartha.

Forbairt ag an údarás áitiúil féin.

179. —(1) (a)  Féadfaidh an tAire forbairt nó aicme forbartha a fhorordú chun críocha an ailt seo i gcás ina mbeidh sé nó sí den tuairim gur cóir, mar gheall ar mhéid nó cineál dóchúil forbartha nó aicme forbartha den sórt sin nó mar gheall ar an éifeacht is dóigh a bheidh ag forbairt nó aicme forbartha den sórt sin ar an timpeallacht, go ndéanfaí, i ndáil le haon fhorbairt den sórt sin nó forbairt a bhaineann le haicme forbartha den sórt sin, forálacha an ailt seo agus rialacháin faoin alt seo a chomhlíonadh.

(b)  I gcás ina mbeartaíonn údarás áitiúil, ar údarás pleanála é, forbairt, nó forbairt a bhaineann le haicme forbartha a bheidh forordaithe faoi mhír (a) (dá ngairtear “forbairt bheartaithe” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a dhéanamh, comhlíonfaidh sé, i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe, an t-alt seo agus aon rialacháin faoin alt seo.

(c)  Féadfaidh an tAire cásanna nó aicmí sonraithe forbartha ag údaráis áitiúla a fhorordú chun críocha an ailt seo i gcás ina mbeidh sé nó sí den tuairim gur gá sin mar gheall ar a méid, ar a cineál nó ar a héifeacht ar a timpeallacht.

(d)  Beidh feidhm ag an alt seo freisin maidir le forbairt bheartaithe a dhéanfar laistigh de limistéar feidhme údaráis áitiúil ar údarás pleanála é, thar ceann an údaráis áitiúil, nó i gcomhpháirtíocht leis an údarás áitiúil, de bhun conartha leis an údarás áitiúil.

(2)  Déanfaidh an tAire rialacháin lena ndéanfar foráil maidir le haon ní nó gach ní de na nithe seo a leanas:

(a)  údarás áitiúil d'fhoilsiú aon fhógra sonraithe maidir le forbairt bheartaithe;

(b)  a cheangal ar údaráis áitiúla—

(i)  (I)  fógra a thabhairt d'údaráis fhorordaithe i dtaobh cibé forbairt bheartaithe nó aicmí forbartha beartaithe a bheidh forordaithe, nó

(II)  dul i gcomhairle leo ina leith,

agus

(ii)  cibé doiciméid, sonraí, pleananna nó faisnéis eile ina leith, a bheidh forordaithe, a thabhairt dóibh;

(c)  aon doiciméid, sonraí, pleananna nó faisnéis eile a bheidh sonraithe, maidir le forbairt bheartaithe, a chur ar fáil lena n-iniúchadh nó lena hiniúchadh ag daoine den phobal;

(d)  aighneachtaí a dhéanamh chuig údarás áitiúil nó tuairimí a thabhairt dó maidir le forbairt bheartaithe.

(3)  (a)  Déanfaidh bainisteoir údaráis áitiúil, tar éis dheireadh na tréimhse inar féidir aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt i leith na forbartha beartaithe, de réir rialachán faoi fho-alt (2), tuarascáil i scríbhinn i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe a ullmhú agus an tuarascáil a chur faoi bhráid chomhaltaí an údaráis.

(b)  I dtuarascáil a ullmhófar de réir mhír (a)

(i)  tabharfar tuairisc ar chineál agus ar mhéid na forbartha beartaithe agus ar na príomhghnéithe di, agus áireofar inti plean cuí den fhorbairt agus léarscáil chuí den limistéar iomchuí,

(ii)  déanfar meastóireacht ar cibé acu a bheadh nó nach mbeadh an fhorbairt bheartaithe ar comhréir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir lena mbaineann an fhorbairt, ag féachaint d'fhorálacha an phlean forbartha agus ag tabhairt na gcúiseanna agus na gcúinsí a bhí leis an meastóireacht,

(iii)  liostófar na daoine nó na comhlachtaí a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe de réir na rialachán faoi fho-alt (2),

(iv)  tabharfar achoimre ar na saincheisteanna, maidir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir ina mbeadh an fhorbairt bheartaithe, a dúisíodh in aon aighneachtaí nó tuairimí den sórt sin, agus tabharfar freagra an bhainisteora orthu, agus

(v)  déanfar moladh i dtaobh cibé acu is cóir nó nach cóir dul ar aghaidh leis an bhforbairt bheartaithe de réir mar a bhí beartaithe, nó leis an bhforbairt bheartaithe arna hathrú nó arna modhnú de réir mar a bheidh molta sa tuarascáil, nó nach cóir dul ar aghaidh léi, de réir mar a bheidh.

(4)  (a)  Déanfaidh comhaltaí údaráis áitiúil, a luaithe is féidir, an fhorbairt bheartaithe agus tuarascáil an bhainisteora faoi fho-alt (3) a bhreithniú.

(b)  Tar éis tuarascáil an bhainisteora faoi mhír (a) a bhreithniú, féadfar an fhorbairt bheartaithe a dhéanamh de réir mar a bheidh molta i dtuarascáil an bhainisteora, mura rud é go gcinnfidh an t-údarás áitiúil, le rún, an fhorbairt a athrú nó a mhodhnú, ar shlí seachas mar a bheidh molta i dtuarascáil an bhainisteora, nó go gcinnfidh sé gan dul ar aghaidh leis an bhforbairt.

(c)  Ní foláir rún faoi mhír (b) a rith tráth nach déanaí ná 6 sheachtain tar éis tuarascáil an bhainisteora a fháil.

(5)  Ní bheidh feidhm ag ailt 2, 3 agus 4 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955, maidir le forbairt faoin alt seo.

(6)  Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le forbairt bheartaithe—

(a)  arb éard í oibreacha cothabhála nó deisiúcháin, seachas oibreacha a dhéanfadh difear ábhartha do shainghné déanmhais chosanta nó déanmhais chosanta bheartaithe,

(b)  is gá chun déileáil go práinneach le haon chor a mheasfaidh an bainisteoir gur éigeandáil é a dhlíonn gníomh láithreach,

(c)  arb éard í oibreacha a gceanglaítear ar údarás áitiúil le reacht nó faoi reacht nó le hordú ó chúirt iad a ghabháil de láimh, nó

(d)  is forbairt a bhfuil ráiteas tionchair timpeallachta riachtanach ina leith faoi alt 175 nó faoi aon achtachán eile.

An t-údarás pleanála do ghlacadh eastát faoina chúram.

180. —(1)  I gcás ina mbeidh ar áireamh i bhforbairt a mbeidh cead deonaithe ina leith faoi alt 34 nó faoi Chuid IV d'Acht 1963, 2 theach nó níos mó a fhoirgniú agus bóithre nua, spásanna oscailte, carrchlóis, séaracha, príomhphíopaí uisce nó draenacha a sholáthar, agus go mbeidh an fhorbairt críochnaithe chun sástacht an údaráis pleanála de réir an cheada agus de réir aon choinníollacha a bhfuil an cead faoina réir, déanfaidh an t-údarás, a luaithe is féidir, i gcás ina n-iarrfaidh an duine a mbeidh an fhorbairt á déanamh aige nó aici, nó, faoi réir fho-alt (3), tromlach na dtoghthóirí cáilithe arb iad úinéirí nó áititheoirí na dtithe a bheidh i gceist iad, amhlaidh, na nósanna imeachta faoi alt 11 d'Acht na mBóithre, 1993, a thionscnamh.

(2)  (a)  D'ainneoin fho-alt (1), i gcás nach mbeidh an fhorbairt críochnaithe chun sástacht an údaráis pleanála agus nach mbeidh imeachtaí forfheidhmiúcháin tosaithe ag an údarás pleanála laistigh de sheacht mbliana dar tosach, maidir leis an gcead lena n-údaraítear an fhorbairt, ar dhul in éag don tréimhse chuí, de réir bhrí alt 40 nó don tréimhse arna fadú faoi alt 42, de réir mar a bheidh, déanfaidh an t-údarás, i gcás ina n-iarrfaidh tromlach na dtoghthóirí cáilithe ar leo na tithe nó a áitíonn na tithe a bheidh i gceist amhlaidh, alt 11 d'Acht na mBóithre, 1993, a chomhlíonadh, ach amháin go dtabharfar neamhaird ar fho-alt (1)(b)(ii) den alt sin.

(b)  Le linn dó mír (a) a chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás aon urrús a thabharfar faoi alt 34(4)(g) a chur chun feidhme chun an fhorbairt a bheidh i gceist a chríochnú go sásúil.

(3)  (a)  Féadfaidh an t-údarás pleanála pobalbhreith a ghlacadh chun mianta na dtoghthóirí cáilithe a fhionnadh.

(b)  Féadfaidh an tAire aon rialacháin, lena bhforordaítear an nós imeachta a bheidh le leanúint ag an údarás pleanála chun mianta na dtoghthóirí cáilithe a fhionnadh, a dhéanamh nó a chur chun feidhme.

(4)  I gcás ina ndéanfar ordú faoi alt 11(1) d'Acht na mBóithre, 1993, i gcomhlíonadh an ailt seo, i dteannta fhorálacha an ailt sin, glacfaidh an t-údarás pleanála faoina chúram aon spásanna oscailte, carrchlóis, séaracha, príomhphíopaí uisce nó draenacha laistigh d'fhearann comhghafach na forbartha.

(5)  I gcás ina ngníomhóidh údarás pleanála i gcomhlíonadh an ailt seo, measfar go bhfolaíonn tagairtí d'údarás bóithre in alt 11 d'Acht na mBóithre, 1993, tagairtí d'údarás pleanála.

(6)  San alt seo, ciallaíonn “toghthóirí cáilithe” gach duine a bheidh, i ndáil le limistéar na dtithe cónaithe a bheidh i gceist, cláraithe mar thoghthóir rialtais áitiúil i gclár na dtoghthóirí rialtais áitiúil a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

Forbairt ag údaráis Stáit.

181. —(1) (a)  Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil nach mbeidh feidhm ag forálacha an Achta seo, seachas an t-alt seo, maidir le haon aicme shonraithe nó aicmí sonraithe forbartha ag údarás Stáit nó thar ceann údaráis Stáit, i gcás ina mbeidh, i dtuairim an Aire, baint ag an bhforbairt le sábháilteacht an phobail nó le hord poiblí, le riaradh an cheartais nó le slándáil nó cosaint náisiúnta nó gur chun críocha an chéanna í agus, fad a bheidh na rialacháin i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir leis an aicme shonraithe nó leis na haicmí sonraithe forbartha.

(b)  Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh maidir le haon ní nó le gach ní de na nithe seo a leanas i ndáil le haon aicme nó aicmí forbartha a bhfuil feidhm ag rialacháin faoi mhír (a) maidir leo:

(i)  údarás Stáit d'fhoilsiú aon fhógra sonraithe maidir le forbairt a bheartaíonn sé a dhéanamh nó a chur á déanamh thar a cheann;

(ii)  údarás Stáit do thabhairt aon fhógra, doiciméad, sonraí, pleananna nó faisnéis eile a bheidh sonraithe, maidir leis an bhforbairt bheartaithe, don údarás pleanála don limistéar ina bhfuil forbairt bheartaithe le déanamh, nó d'aon duine sonraithe eile;

(iii)  aon doiciméid, sonraí, pleananna nó faisnéis eile a bheidh sonraithe, maidir leis an bhforbairt bheartaithe, a chur ar fáil lena n-iniúchadh nó lena hiniúchadh ag daoine den phobal;

(iv)  ráiteas tionchair timpeallachta a ullmhú maidir leis an bhforbairt bheartaithe, an fhaisnéis a bheidh i ráiteas den sórt sin agus ráiteas den sórt sin a chur ar fáil lena iniúchadh nó lena cheannach ag daoine den phobal;

(v)  aighneachtaí a dhéanamh chuig údarás Stáit nó tuairimí a thabhairt dó maidir leis an bhforbairt bheartaithe;

(vi)  aon díospóid nó easaontú maidir leis an bhforbairt bheartaithe idir údarás Stáit agus an t-údarás pleanála don limistéar ina bhfuil an fhorbairt bheartaithe le déanamh a tharchur chuig duine a bheidh sonraithe;

(vii)  a cheangal ar údarás Stáit, le linn dó cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an ndéanfar forbairt bheartaithe, aird a thabhairt ar aon nithe nó cúinsí sonraithe.

(2)  (a)  I gcás ina mbeartaítear forbairt a dhéanamh ag Aire den Rialtas nó ag na Coimisinéirí nó thar ceann an chéanna, féadfaidh an tAire den Rialtas lena mbaineann nó, i gcás forbartha a bheartaítear a dhéanamh ag na Coimisinéirí nó thar a gceann, féadfaidh an tAire Airgeadais, más deimhin leis nó léi gur gá an fhorbairt a dhéanamh mar gheall ar thionóisc nó éigeandáil, a fhoráil, le hordú, nach mbeidh feidhm ag an Acht seo nó, de réir mar is cuí, ag aon cheanglas nó ceanglais de chuid rialachán faoi fho-alt (1) (b) a bheidh sonraithe san ordú, maidir leis an bhforbairt agus fad a bheidh ordú den sórt sin i bhfeidhm, ag an Acht seo, nó ag an gceanglas nó ag na ceanglais sin, de réir mar a bheidh, maidir leis an bhforbairt.

(b)  Féadfaidh Aire den Rialtas, le hordú, ordú arna dhéanamh aige nó aici faoi mhír (a) a chúlghairm.

(c)  Cuirfidh Aire den Rialtas faoi deara ordú arna dhéanamh aige nó aici faoin bhfo-alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus fógra, á rá go ndearnadh an t-ordú, a fhoilsiú i nuachtán a scaiptear i limistéar na forbartha lena mbaineann.

Cáblaí, sreanga agus píblínte.

182. —(1)  Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú úinéir agus áititheoir aon talún nach cuid de bhóthar poiblí, cáblaí, sreanga nó píblínte (lena n-áirítear píopaí uisce, séaracha nó draenacha) agus aon ghaireas coimhdeach a shuíomh, a fhoirgniú nó a chur síos, de réir mar is cuí, ar an talamh, faoi nó thairis, agus féadfaidh sé ó am go ham aon cháblaí, sreanga nó píblínte den sórt sin a iniúchadh, a dheisiú, a athrú, a athnuachan nó a dhíchur.

(2)  Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú úinéir agus áititheoir aon déanmhais, aon bhrac nó daingneán eile, is gá chun aon chábla, sreang nó píblíne a shuífear, a thógfar nó a fhoirgneofar faoin alt seo a iompar nó a choinneáil ina áit nó ina háit, a dhaingniú den déanmhas.

(3)  Féadfaidh údarás áitiúil fógraí a chur suas agus a chothabháil ina dtaispeánfar an áit ina bhfuil cáblaí, sreanga nó píblínte a suíodh, a tógadh nó a foirgníodh faoin alt seo agus féadfaidh sé, le toiliú úinéir agus áititheoir aon déanmhais, fógra den sórt sin a ghreamú den déanmhas.

(4)  Beidh éifeacht le fo-ailt (1) go (3) faoi réir an choinníll—

(a)  nach ndéanfar toiliú chun críche aon fho-ailt acu a choimeád siar go míréasúnach,

(b)  más dóigh leis an údarás áitiúil gur coimeádadh toiliú den sórt sin siar go míréasúnach, go bhféadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Bhoird, agus

(c)  más é breith an Bhoird gur coimeádadh toiliú den sórt sin siar go míréasúnach, go measfar gur tugadh an toiliú.

(5)  Féadfaidh an t-údarás áitiúil a cheadú go n-úsáidfear aon cháblaí, sreanga nó píblínte a suíodh, a tógadh nó a foirgníodh faoin alt seo agus aon ghaireas a ghabhann leis na cáblaí, leis na sreanga nó leis na píblínte sin, faoi réir cibé coinníollacha agus cibé muirear is cuí leis.

CUID XII

Cúiteamh

Caibidil I

Cúiteamh i gcoitinne

Éilimh ar chúiteamh: teorainneacha ama.

183. —(1)  Faoi réir fho-alt (2), ní mór iarratas ar chúiteamh faoin gCuid seo a dhéanamh tráth nach déanaí ná 6 mhí—

(a)  i gcás éilimh faoi alt 190, tar éis dháta an chinnidh ón mBord,

(b)  i gcás éilimh faoi alt 195, tar éis dháta an chinnidh ón údarás pleanála nó ón mBord, de réir mar a bheidh,

(c)  i gcás éilimh faoi alt 196, tar éis an déanmhas a dhíchur nó a athrú,

(d)  i gcás éilimh faoi alt 197, tar éis an scoir nó an chomhlíonta,

(e)  i gcás éilimh dá dtagraítear in alt 198, tar éis an dáta a cheadófar scéim faoi alt 85, nó tar éis an dáta a chomhlíonfar fógra faoi alt 88, de réir mar a bheidh,

(f)  i gcás éilimh faoi alt 199, tar éis an dáta a tharla gníomh an údaráis pleanála,

(g)  i gcás éilimh faoi alt 200, tar éis an dáta a thosóidh an tordú, lena mbunaítear an ceart slí poiblí, d'éifeacht a bheith leis, agus

(h)  i gcás éilimh faoi alt 201, tar éis an dáta a bhainfidh an damáiste don duine.

(2)  Féadfaidh an Ard-Chúirt, i gcás ina measfaidh sí gur gá sin ar mhaithe leis an gceartas, an tréimhse ar féidir éileamh ar chúiteamh faoin gCuid seo a dhéanamh laistigh di a fhadú, ar iarratas chuige sin a dhéanamh chuici.

Breith a thabhairt ar éileamh ar chúiteamh.

184. —Tabharfar breith ar éileamh ar chúiteamh faoin gCuid seo, cheal comhaontú, trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ach sin faoi réir na nithe seo a leanas—

(a)  an Dara Sceideal, i leith laghdú ar luach leasa i dtalamh,

(b)  an coinníoll go mbeidh dlínse ag an eadránaí dámhachtain nialais a dhéanamh, agus

(c)  feidhm an Dara Sceideal i gcás éilimh ar chúiteamh faoi Chaibidil III den Chuid seo i leith laghdú ar luach leasa, amhail is dá mba é a bhí i dtagairt do “an cinneadh iomchuí faoi Chuid III” nó “an chinnidh iomchuí faoi Chuid III” nó do “an chinnidh”, tagairt, i ndáil le gach ceann de na hailt sa Chaibidil sin a leagtar amach i gColún A den Tábla a ghabhann leis an alt seo, don ní a leagtar amach i gColún B den Tábla sin os coinne na tagartha i gColún A don alt sin.

AN TÁBLA

A

B

Alt

 

196

déanmhas a dhíchur nó a athrú de dhroim fógra faoi alt 46.

197

scor, nó coinníollacha a chomhlíonadh maidir le leanúint, de thalamh a úsáid de dhroim fógra faoi alt 46.

198

scéim a cheadú faoi alt 85 nó fógra a chomhlíonadh faoi alt 88.

199

an gníomh ag an údarás pleanála faoi alt 182.

200

an t-údarás pleanála do dhéanamh ordaithe faoi alt 207.

Rialacháin i ndáil le cúiteamh.

185. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)  an fhoirm ina ndéanfar éilimh ar chúiteamh;

(b)  éilitheoir do sholáthar fianaise i dtaca lena éileamh nó lena héileamh, mar aon le faisnéis maidir leis an leas atá aige nó aici sa talamh lena mbaineann an t-éileamh;

(c)  ráiteas ó éilitheoir i dtaobh ainmneacha agus sheoltaí na ndaoine eile go léir (sa mhéid go mbeidh siad ar eolas aige nó aici) a bhfuil leas acu sa talamh lena mbaineann an t-éileamh agus, mura dtarraingeofar siar an t-éileamh, an t-údarás pleanála nó an t-éilitheoir do thabhairt fógra do gach duine eile (más ann) a ndealraítear don údarás pleanála nó don éilitheoir leas a bheith aige nó aici sa talamh.

Toirmeasc ar chúiteamh dúbailte.

186. —I gcás ina mbeadh duine, murach an t-alt seo, i dteideal cúitimh faoin gCuid seo i leith aon ní nó ruda agus i dteideal cúitimh freisin faoi aon achtachán eile i leith an ní nó an ruda chéanna, ní bheidh sé nó sí i dteideal cúitimh i leith an ní nó an ruda faoin gCuid seo agus faoin achtachán eile araon, agus ní bheidh sé nó sí i dteideal aon mhéid cúitimh faoin gCuid seo, i leith an ní nó an ruda, is mó ná méid an chúitimh a mbeadh teideal aige nó aici chuige faoin achtachán eile i leith an ní nó an ruda.

Cúiteamh a ghnóthú ó údarás pleanála.

187. —(1)  An cúiteamh go léir is iníoctha ag an údarás pleanála faoin gCuid seo, beidh sé, nuair a bheifear tar éis a mhéid a chinneadh trí chomhaontú nó trí eadráin de réir na Coda seo, inghnóthaithe ón údarás sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2)  Na costais agus na caiteachais go léir a thabhóidh páirtithe in eadráin chun méid aon chúitimh a chinneadh, beidh siad, sa mhéid go mbeidh na costais agus na caiteachais iníoctha ag an údarás pleanála, inghnóthaithe ón údarás sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3)  Beidh feidhm ag ailt 69 go 79 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna leasú nó arna oiriúnú leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, nó le haon Acht eile, nó faoin gcéanna, i ndáil le cúiteamh is inghnóthaithe, de bhua an ailt seo, mar fhiach conartha shimplí, amhail is dá mba phraghas nó cúiteamh faoin Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna leasú nó arna oiriúnú amhlaidh, an cúiteamh.

(4)  I gcás ina n-íocfaidh an t-údarás pleanála airgead isteach i gcúirt faoi alt 69 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna chur chun feidhme leis an alt seo, ní bheidh aon chostais iníoctha ag an údarás sin le haon duine i leith aon imeachtaí chun an t-airgead sin a infheistiú, chun ioncam uaidh a íoc nó chun caipiteal an airgid sin a íoc.

Cúiteamh a chlárú.

188. —(1)  Más rud é, ar éileamh ar chúiteamh faoi Chaibidil II den Chuid seo, go mbeidh cúiteamh de mhéid is mó ná £500 tagtha chun bheith iníoctha, ullmhóidh agus coinneoidh an t-údarás pleanála ráiteas ina ndéarfar sin, ina sonrófar gur diúltaíodh cead nó gur deonaíodh cead faoi réir coinníollacha, nó gur cúlghaireadh cead nó gur modhnaíodh cead, an talamh lena mbaineann an t-éileamh ar chúiteamh, agus méid an chúitimh.

(2)  (a)  Déanfaidh údarás pleanála sonraí i dtaobh ráitis a d'ullmhaigh sé faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár.

(b)  Déanfar gach taifead faoi mhír (a) laistigh den tréimhse 2 sheachtain dar tosach an lá a ullmhaítear an ráiteas.

Údarás pleanála do ghnóthú cúitimh ar fhorbairt ina dhiaidh sin.

189. —(1)  Ní dhéanfaidh aon duine aon fhorbairt, a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, ar thalamh a mbeidh ráiteas (“ráiteas cúitimh”) arna chlárú ina leith (cibé acu faoi alt 72 d'Acht 1963, faoi alt 9 d'Acht 1990 nó faoi alt 188 den Acht seo) go dtí go mbeidh an méid sin, is inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a shonrófar sa ráiteas cúitimh, íoctha nó urraithe chun sástacht an údaráis pleanála.

(2)  Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon fhorbairt (seachas forbairt dhíolmhaithe) de chineál a shonraítear in alt 192(2), ach amháin—

(a)  nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le haon fhorbairt de bhua ceada chun talamh a fhorbairt faoi Chuid III dá dtagraítear in alt 192(5) i gcás inar deonaíodh an cead faoi réir coinníollacha seachas coinníollacha d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal, agus

(b)  i gcás inar tháinig an cúiteamh a bheidh sonraithe sa ráiteas chun bheith iníoctha i leith coinníollacha a fhorchur ar dheonú ceada chun talamh a fhorbairt, nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir leis an bhforbairt ar deonaíodh an cead sin ina leith.

(3)  Faoi réir fho-alt (4), is é an méid is inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh sonraithe i ráiteas cúitimh—

(a)  más ionann an talamh ar a mbeifear chun an fhorbairt a dhéanamh (an “limistéar forbraíochta”) agus iomlán na talún a bheidh i dtrácht sa ráiteas cúitimh, nó má tá iomlán na talún sin (mar aon le talamh eile) ar áireamh ann, an méid cúitimh a bheidh sonraithe sa ráiteas sin, nó

(b)  más cuid den talamh a bheidh i dtrácht sa ráiteas cúitimh an limistéar forbraíochta, nó má tá cuid den talamh sin mar aon le talamh eile nach bhfuil i dtrácht sa ráiteas sin ar áireamh ann, an oiread den mhéid cúitimh a bheidh sonraithe sa ráiteas sin is inchurtha i leith talún a bheidh i dtrácht sa ráiteas sin agus a bheidh laistigh den limistéar forbraíochta.

(4)  Déanfar an cúiteamh a chur i leith talún faoi fho-alt (3)(b) de réir an méid seo a leanas—

(a)  déanfaidh an t-údarás pleanála (más dóigh leis gurb indéanta é sin a dhéanamh) méid an chúitimh a chionroinnt idir na codanna éagsúla den talamh, de réir mar is dóigh leis difear a bheith déanta do na codanna sin ar shlite éagsúla trí chead a dhiúltú nó trí chead a dheonú faoi réir coinníollacha;

(b)  mura ndéantar aon chionroinnt, áireofar méid an chúitimh a bheith dáilte go rátúil de réir achair thar an talamh lena mbaineann an ráiteas;

(c)  má dhéantar cionroinnt, áireofar an cúiteamh a bheith dáilte de réir na cionroinnte sin amhail idir na codanna éagsúla den talamh ar faoina dtreoir a dhéantar an chionroinnt, agus áireofar an oiread den chúiteamh agus a chuirtear, de réir na cionroinnte, i leith chuid den talamh a bheith dáilte go rátúil, de réir achair, thar an gcuid sin den talamh;

(d)  má chuireann duine ar bith cionroinnt faoin bhfo-alt seo i ndíospóid, cuirfear an díospóid faoi bhráid eadránaí maoine arna ainmniú nó arna hainmniú faoin Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960, agus cinnfidh sé nó sí í.

(5)  Más rud é, i dtaca le forbairt aon talún, go dtiocfaidh méid chun bheith inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh sonraithe i ráiteas cúitimh, ansin, ní bheidh méid ar bith inghnóthaithe, a mhéid is inchurtha i leith na talún sin é, i dtaca le haon fhorbairt a dhéanfar air ina dhiaidh sin.

(6)  Aon mhéid a bheidh inghnóthaithe faoin alt seo i leith aon chúitimh, beidh sé iníoctha leis an údarás pleanála, agus—

(a)  beidh sé iníoctha amhlaidh in aon íocaíocht chaipitil amháin nó ina shraith de thráthchodanna caipitil agus úis le chéile (agus an t-ús á chinneadh de réir an ráta chéanna le fiach breithiúnais) nó ina shraith d'íocaíochtaí bliantúla nó tréimhsiúla eile, ina mbeidh cibé méideanna, agus a bheidh iníoctha cibé tráthanna, a ordóidh an t-údarás pleanála, tar éis dó aon uiríll a bheidh déanta ag an duine a bheidh ag déanamh na forbartha, a chur san áireamh, agus

(b)  ach amháin i gcás inarb iníoctha an méid in aon íocaíocht chaipitil amháin, urróidh an duine sin é ar cibé modh (cibé acu trí mhorgáiste, trí chúnant nó ar shlí eile) a ordóidh an t-údarás pleanála.

(7)  Má dhéanann aon duine aon fhorbairt a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi a thionscnamh de shárú ar fho-alt (1), féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil air nó uirthi, ina sonrófar an méid ar dóigh leis gurb é an méid é is inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh i gceist, agus á cheangal air nó uirthi an méid sin a íoc leis an údarás pleanála laistigh de cibé tréimhse, nach lú ná 12 sheachtain tar éis an fógra a sheirbheáil, a shonrófar san fhógra, agus, mura n-íocfar an méid leis an údarás pleanála laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Caibidil II

Cúiteamh i ndáil le cinntí faoi Chuid III

Ceart chun cúitimh.

190. —Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear go bhfuil, de dheasca cinnidh ar achomharc faoi Chuid III inar diúltaíodh cead chun talamh a fhorbairt nó inar deonaíodh cead chun talamh a fhorbairt faoi réir coinníollacha, laghdú tagtha ar luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh lena mbaineann an cinneadh an tráth a rinneadh an cinneadh, beidh an duine sin, faoi réir fhorálacha eile na Caibidle seo, i dteideal go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh—

(a)  cibé méid, in ionannas don laghdú ar an luach, ar a gcomhaontófar,

(b)  cheal comhaontú, méid an laghdaithe sin ar an luach, arna chinneadh de réir an Dara Sceideal, agus

(c)  i gcás áititheoir na talún, an damáiste (más ann) dá thrádáil nó dá trádáil, dá ghnó nó dá gnó nó dá ghairm nó dá gairm a sheoltar ar an talamh.

Cúiteamh a shrianadh.

191. —(1)  Ní bheidh cúiteamh faoi alt 190 iníoctha i leith cead a dhiúltú le haghaidh aon fhorbartha—

(a)  is d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Tríú Sceideal, nó

(b)  más é is cúis, nó más ceann de na cúiseanna, a bhí leis an diúltú cúis atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal.

(2)  Ní bheidh cúiteamh faoi alt 190 iníoctha i leith cead a dhiúltú le haghaidh aon fhorbartha a bheidh bunaithe ar aon athrú ar chriosú aon talún de bharr plean forbartha nua a dhéanamh faoi alt 12.

(3)  Ní bheidh cúiteamh faoi alt 190 iníoctha i leith fhorchur aon choinníll, is d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal, ar chead a dheonú chun talamh a fhorbairt.

(4)  Ní bheidh cúiteamh faoi alt 190 iníoctha i leith cead a dhiúltú, nó i leith forchuir coinníollacha ar chead a dheonú, chun aon déanmhais neamhúdaraithe a choinneáil ar thalamh.

Fógra ag cur cosc le cúiteamh.

192. —(1)  I gcás ina ndéanfar éileamh ar chúiteamh faoi alt 190, féadfaidh an t-údarás pleanála lena mbaineann, tráth nach déanaí ná 12 sheachtain tar éis an t-éileamh a fháil, agus ag féachaint d'imthosca uile an cháis, fógra i cibé foirm a bheidh forordaithe a sheirbheáil ar an duine a rinne an t-éileamh nó a ndearnadh an t-éileamh thar a cheann nó thar a ceann, á rá gurb é a thuairim, d'ainneoin gur diúltaíodh cead chun talamh a fhorbairt nó gur deonaíodh cead chun talamh a fhorbairt faoi réir coinníollacha, gur féidir forbairt eile a dhéanamh ar an talamh atá i gceist agus gur chóir go ndeonófaí cead faoi Chuid III le haghaidh na forbartha sin.

(2)  Chun críche fho-alt (1), ciallaíonn “forbairt eile” forbairt de chineál cónaithe, tráchtála nó tionscail, arb é a bheidh inti, go hiomlán nó go formhór, tithe, siopaí nó áitribh oifige, óstáin, garáistí agus stáisiúin pheitril, amharclanna nó déanmhais le haghaidh siamsaíochta, nó foirgnimh thionscail (lena n-áirítear stórais), nó aon mheascán den chéanna, a fhoirgniú.

(3)  Leanfaidh fógra faoi fho-alt (1) de bheith i bhfeidhm go ceann tréimhse 5 bliana dar tosach dáta seirbheála an fhógra mura rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin—

(a)  go ndéanfaidh an t-údarás pleanála an fógra a tharraingt siar, nó

(b)  go ndeonófar cead faoi Chuid III chun an talamh lena mbaineann an fógra a fhorbairt ar mhodh a bheidh ar comhréir leis an bhforbairt eile a bheidh sonraithe san fhógra, ar cead é nach mbeidh faoi réir aon choinníollacha nó a bheidh faoi réir coinníollacha d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal, nó

(c)  go gcuirfear an fógra ar neamhní de bhua fho-alt (5).

(4)  Ní bheidh cúiteamh iníoctha ar éileamh arna dhéanamh faoi alt 190 más rud é—

(a)  go mbeidh fógra faoi fho-alt (1) i bhfeidhm i ndáil leis an éileamh sin,

(b)  go raibh fógra faoi fho-alt (1) i bhfeidhm i ndáil leis an éileamh sin ach go bhfuil sé scortha de bheith i bhfeidhm toisc an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a bheith caite agus nach ndearnadh, laistigh den tréimhse sin, iarratas ar chead faoi Chuid III chun an talamh lena mbaineann an fógra a fhorbairt ar mhodh a bheadh ar comhréir leis an bhforbairt eile a bheidh sonraithe san fhógra, nó

(c)  go raibh fógra faoi fho-alt (1) i bhfeidhm i ndáil leis an éileamh ach go bhfuil sé scortha de bheith i bhfeidhm de bhua fho-alt (3)(b).

(5)  Cuirfear fógra faoi fho-alt (1) ar neamhní más rud é, ar iarratas ar chead faoi Chuid III chun an talamh lena mbaineann an fógra a fhorbairt ar mhodh a bheidh ar comhréir leis an bhforbairt eile a bheidh sonraithe san fhógra, go ndiúltófar an cead nó go ndeonófar é faoi réir coinníollacha seachas coinníollacha d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal.

(6)  Ní bheidh aon ábhar éilimh ann ar chúiteamh faoi alt 190 i ndáil le cinneadh faoi Chuid III dá dtagraítear i bhfo-alt (5).

Foráil speisialta le haghaidh déanmhas a ghlacann go substaintiúil ionad déanmhas a scartáladh nó a díothaíodh le tine.

193. —(1)  Ní choiscfidh aon ní in alt 191 cúiteamh a íoc—

(a)  i gcás inar diúltaíodh cead chun déanmhas nua a thógáil a ghlacfadh go substaintiúil ionad déanmhais (seachas déanmhas neamhúdaraithe) a scartáladh nó a díothaíodh le tine nó ar shlí eile seachas le gníomh neamhdhleathach de chuid an úinéara, nó de chuid an áititheora le comhaontú an úinéara, laistigh den 2 bhliain díreach roimh dháta an iarratais ar chead, nó inar forchuireadh coinníoll nach bhféadfar dá dheasca an déanmhas nua a úsáid chun na críche ar chuici a úsáideadh go deireanach an déanmhas a scartáladh nó a díothaíodh, nó

(b)  i gcás inar forchuireadh coinníoll a bhfuil, dá bharr, an déanmhas nua dá dtagraítear i mír (a) nó aghaidh an déanmhais sin, nó aghaidh déanmhais láithrigh (seachas déanmhas neamhúdaraithe) a tógadh anuas chun é nó í a atógáil nó a athrú, curtha siar nó curtha chun tosaigh.

(2)  Maidir le déanmhas nua, déanfar gach díospóid agus ceist i dtaobh cé acu a ghlacfadh nó a ghlacann sé go substaintiúil, de réir bhrí fho-alt (1), ionad déanmhais a scartáladh nó a díothaíodh, a tharchur chuig an mBord le breith a thabhairt uirthi.

Srian le cúiteamh a shannadh faoi alt 190.

194. —Ní bheidh duine i dteideal iomlán aon chúitimh ionchasaigh faoi alt 190, nó aon chuid den chéanna, a shannadh d'aon duine eile, agus ní bailí d'aon sannadh nó gealltanas airbheartaithe, cibé acu sainráite nó intuigthe, chun aon airgead i leith aon chúitimh den sórt sin a íoc le haon duine eile.

Cúiteamh i gcás cead a chúlghairm nó a mhodhnú.

195. —(1)  I gcás ina ndearnadh cead chun talamh a fhorbairt a chúlghairm nó a mhodhnú le cinneadh faoi alt 44

(a)  más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear go bhfuil aon duine ag a bhfuil leas sa talamh tar éis caiteachas a thabhú, nó go bhfuil conradh déanta aige nó aici chun caiteachas a thabhú, i leith oibreacha atá curtha ó chrích ag an gcúlghairm nó ag an modhnú, íocfaidh an t-údarás pleanála cúiteamh leis an duine sin i leith an chaiteachais nó an chonartha sin,

(b)  beidh feidhm ag forálacha na Coda seo i ndáil leis an gcinneadh i gcás inar cúlghaireadh an cead leis nó inar modhnaíodh an cead leis é trí choinníollacha a fhorchur—

(i)  i gcás inar cúlghaireadh an cead leis, mar atá feidhm acu i ndáil le diúltú ceada chun talamh a fhorbairt, agus

(ii)  i gcás inar modhnaíodh an cead leis trí choinníollacha a fhorchur, mar atá feidhm acu i ndáil le deonú ceada chun talamh a fhorbairt faoi réir coinníollacha.

(2)  Chun críocha an ailt seo, aon chaiteachas a thabhófar le réasún ag ullmhú pleananna chun críocha aon oibreacha nó ar nithe eile dá shamhail sin ag ullmhú chucu sin, measfar é a bheith ar áireamh sa chaiteachas a tabhaíodh ag déanamh na n-oibreacha sin ach ní íocfar cúiteamh ar bith de bhua an ailt seo i leith aon oibreacha a rinneadh sular deonaíodh an cead a bheidh cúlghairthe nó modhnaithe, ná i leith aon chaillteanais nó damáiste eile a éiríonn as aon ní a rinneadh nó a fágadh gan déanamh sular deonaíodh an cead sin.

Caibidil III

Cúiteamh i ndáil le hailt 46, 85, 88, 182, 207 agus 252

Cúiteamh maidir le déanmhas a dhíchur nó a athrú.

196. —Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear go bhfuil, de dheasca aon déanmhas a dhíchur nó a athrú de dhroim fógra faoi alt 46, laghdú tagtha ar luach aon leasa a bhí ag aon duine sa déanmhas an tráth a daingníodh an fógra, nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige nó aici sa déanmhas an tráth sin trí theachtadh an déanmhais aige nó aici a dhíshocrú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha eile na Coda seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis nó léi, mar chúiteamh, méid an laghdaithe ar luach nó méid an damáiste.

Cúiteamh maidir le scor d'úsáid.

197. —(1)  Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear go bhfuil, de dheasca scor d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh, nó de dheasca comhlíonadh coinníollacha maidir le leanúint d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh, de dhroim fógra faoi alt 46, laghdú tagtha ar luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh an tráth a daingníodh an fógra, nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige nó aici sa talamh an tráth sin trí theachtadh na talún aige nó aici a dhíshocrú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir na bhforálacha eile sa Chuid seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis nó léi, mar chúiteamh, méid an laghdaithe ar luach nó méid an damáiste.

(2)  D'ainneoin fho-alt (1), ní íocfar aon chúiteamh faoin alt seo i ndáil le laghdú ar luach nó le damáiste a leanann as coinníollacha a fhorchur, faoi alt 46, ar leanúint de thalamh a úsáid, más coinníollacha iad a forchuireadh chun uiscethruailliú tromaí nó baol truaillithe den sórt sin a sheachaint nó a laghdú.

(3)  Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás inar úsáid chun fógraíocht a thaispeáint úsáid na talún, mura raibh an talamh, tráth an scoir nó an chomhlíonta, á úsáid chun fógraíocht a thaispeáint ar feadh tréimhse is lú ná 5 bliana, cibé acu ba úsáid chomhleanúnach nó úsáid eatramhach an úsáid agus cibé acu a bhí nó nach raibh, le linn an talamh a bheith á úsáid amhlaidh, fógraíocht á taispeáint san áit chéanna ar an talamh.

Éileamh ar chúiteamh a bhaineann le limistéar rialaithe pleanála speisialta.

198. —Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig údarás pleanála, go suífear—

(a)  gur bhfuil laghdú tagtha ar luach aon leasa a bhí ag aon duine i dtalamh i limistéar rialaithe pleanála speisialta, nó

(b)  gur bhfuil, de dheasca fógra faoi alt 88 a chomhlíonadh, laghdú tagtha ar luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh tráth an fhógra, nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige nó aici sa talamh an tráth sin trí theachtadh an déanmhais nó na talún eile aige nó aici a dhíshocrú,

íocfaidh an t-údarás pleanála leis an duine sin, mar chúiteamh, suim atá comhionann le méid an laghdaithe ar luach nó suim i leith an damáiste a bhain dó nó di.

Cúiteamh maidir le cáblaí, sreanga agus píblínte.

199. —Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás áitiúil, go suífear go bhfuil, de dheasca an ghnímh a rinne an t-údarás de bhun alt 182, arb éard é aon chábla, sreang nó píblíne a shuíomh, a athnuachan nó a dhíchur, aon bhrac nó daingneán a dhaingniú nó aon fhógra a ghreamú, laghdú tagtha ar luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh nó sa déanmhas an tráth a rinne an t-údarás pleanála an gníomh, nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige nó aici sa talamh nó sa déanmhas an tráth sin trí theachtadh na talún nó an déanmhais aige nó aici a dhíshocrú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha eile na Coda seo, go n-íocfaidh an t-údarás áitiúil leis nó léi, mar chúiteamh, méid an laghdaithe ar luach nó méid an damáiste.

Cúiteamh maidir le cearta slí poiblí a bhunú.

200. —Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear go bhfuil laghdú tagtha ar luach aon leasa a bhí ag aon duine i dtalamh, ar talamh é ar bunaíodh ceart slí poiblí thairis le hordú faoi alt 207 a rinne an t-údarás sin, nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige nó aici sa talamh trí theachtadh na talún aige nó aici a dhíshocrú, de dhroim an ceart slí poiblí a bhunú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha eile na Coda seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis nó léi, mar chúiteamh, méid an laghdaithe ar luach nó méid an damáiste.

Cúiteamh maidir le dul isteach ar thalamh.

201. —Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur bhain damáiste d'aon duine de dheasca aon ní a rinneadh faoi alt 252253, beidh an duine i dteideal, faoi réir fhorálacha eile na Coda seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála méid an damáiste leis nó léi mar chúiteamh.

CUID XIII

Taitneamhachtaí

Limistéar taitneamhachta speisialta.

202. —(1)  Más rud é, i dtuairim an údaráis pleanála, gur cóir a dhearbhú faoin alt seo—

(a)  mar gheall ar shár-áilleacht nádúrtha limistéir, nó

(b)  mar gheall ar luachmhaireacht speisialta limistéir ó thaobh áineasa de,

agus ag féachaint d'aon tairbhe ó thaobh an dúlra a chaomhnú, gur limistéar taitneamhachta speisialta an limistéar, féadfaidh sé, le rún, ordú a dhéanamh chun déanamh amhlaidh agus féadfar cuspóir an údaráis pleanála i ndáil le sainghné nó gnéithe speisialta an limistéir a shlánchoimeád nó i ndáil le cur léi nó leo, lena n-áirítear cuspóirí chun forbairt sa limistéar a chosc nó a theorannú, a lua san ordú.

(2)  I gcás inar dealraitheach don Aire gur cóir a dhearbhú faoin alt seo gur limistéar taitneamhachta speisialta limistéar—

(a)  mar gheall ar a shár-áilleacht nádúrtha, nó

(b)  mar gheall ar a luachmhaireacht speisialta ó thaobh áineasa de,

agus ag féachaint d'aon tairbhe ó thaobh an dúlra a chaomhnú, féadfaidh sé nó sí, más dóigh leis nó léi gur gá é, a ordú d'údarás pleanála ordú a dhéanamh faoin alt seo i ndáil le limistéar a bheidh sonraithe san ordachán agus féadfaidh sé nó sí, más cuí leis nó léi, a cheangal go ndéanfaidh an t-údarás pleanála cuspóirí a bheidh sonraithe san ordachán a áireamh san ordú i leith nithe agus i slí a bheidh sonraithe amhlaidh, agus i gcás ina dtabharfaidh an tAire ordachán faoin bhfo-alt seo comhlíonfaidh an t-údarás pleanála áirithe an t-ordachán.

(3)  Ní dhéanfar ordú arna dhéanamh de bhun ordacháin faoi fho-alt (2) a chúlghairm ná a leasú ach amháin le toiliú an Aire.

(4)  Tiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh ar é a dhaingniú, fara modhnú nó dá éagmais, faoi alt 203.

(5)  I gcás limistéir feidhme dhá údarás phleanála a bheith tadhlach lena chéile, féadfaidh ceachtar údarás, le toiliú an údaráis eile, ordú a dhéanamh faoin alt seo i leith limistéir atá, nó a bhfuil cuid de, i limistéar feidhme an údaráis eile.

(6)  Féadfar aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a athrú le hordú ina dhiaidh sin faoin alt seo.

(7)  Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh údarás pleanála, ó am go ham, ordú arna dhéanamh aige faoin alt seo (ach amháin ordú nach ndéanann ach ordú roimhe sin a chúlghairm) a athbhreithniú d'fhonn a chinneadh arb inmholta an t-ordú a chúlghairm nó a leasú.

Ordú faoi alt 202 a dhaingniú.

203. —(1)  A luaithe is féidir tar éis dó ordú faoi alt 202 a dhéanamh, foilseoidh údarás pleanála fógra i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar lena mbaineann an t-ordú, ar fógra é—

(a)  ina luafar go ndearnadh an t-ordú, agus ina dtabharfar tuairisc an limistéir lena mbaineann sé,

(b)  ina n-ainmneofar áit inar féidir cóip den ordú agus d'aon léarscáil dá dtagraítear ann a fheiceáil le linn uaireanta oifige,

(c)  ina sonrófar an tréimhse (nach lú ná 4 sheachtain) ar laistigh di a fhéadfar, agus an modh ina bhféadfar, agóidí i gcoinne an ordaithe a dhéanamh chuig an údarás pleanála, agus

(d)  ina sonrófar gur gá go ndaingneodh an Bord an t-ordú agus, i gcás ina ndéanfar go cuí aon agóidí i gcoinne an ordaithe agus nach dtarraingeofar siar iad, go seolfar éisteacht ó bhéal agus go mbreithneofar na hagóidí sula ndaingneofar an t-ordú.

(2)  A luaithe is féidir tar éis dheireadh na tréimhse chun agóidí a dhéanamh, féadfaidh an t-údarás pleanála an t-ordú a rinneadh faoi alt 202 a chur faoi bhráid an Bhoird lena dhaingniú, agus, nuair a chuirfidh sé ordú faoi bhráid an Bhoird amhlaidh, cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird freisin aon agóidí i gcoinne an ordaithe a rinneadh go cuí agus nár tarraingíodh siar.

(3)  (a)  Mura ndéanfar go cuí aon agóid i gcoinne an ordaithe, nó má tharraingítear siar na hagóidí uile a rinneadh amhlaidh, féadfaidh an Bord an t-ordú a rinneadh faoi alt 202 a dhaingniú, fara modhnuithe nó dá n-éagmais, nó diúltú é a dhaingniú.

(b)  I gcás nach dtarraingeofar aon agóidí i gcoinne an ordaithe siar, seolfaidh an Bord éisteacht ó bhéal agus breithneoidh sé na hagóidí, agus féadfaidh sé ansin an tordú, fara modhnuithe nó dá n-éagmais, a dhaingniú nó diúltú é a dhaingniú.

(4)  Aon tagairt san Acht seo, nó in aon achtachán eile, d'ordú um limistéar taitneamhachta speisialta, forléireofar í mar thagairt d'ordú arna dhaingniú faoin alt seo.

Limistéir chaomhantais tírdhreacha.

204. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála, le hordú, chun an tírdhreach a shlánchoimeád, aon limistéar nó áit atá laistigh de limistéar feidhme an údaráis a ainmniú mar limistéar caomhantais tírdhreacha.

(2)  (a)  D'ainneoin aon díolúine a dheonófar faoi alt 4 nó faoi aon rialacháin arna ndéanamh faoin alt sin, féadfaidh an tAire forbairt a fhorordú chun críche an ailt seo, nach forbairt dhíolmhaithe í.

(b)  Féadfaidh forbairt a fhorordófar faoi mhír (a) a bheith faoi réir aon choinníollacha nó srianta a fhorordóidh an tAire.

(3)  In ordú a dhéanfaidh údarás pleanála faoin alt seo, féadfar a shonrú, i ndáil leis an limistéar caomhantais tírdhreacha ar fad nó le haon chuid de, go measfar, maidir le haon fhorbairt a fhorordóidh an tAire faoi fho-alt (2), nach forbairt dhíolmhaithe í sa limistéar sin.

(4)  I gcás ina mbeartaíonn údarás pleanála ordú a dhéanamh faoin alt seo, cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar fógra maidir leis an ordú beartaithe a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear i limistéar an limistéir chaomhantais tírdhreacha bheartaithe.

(5)  Luafar i bhfógra faoi fho-alt (4)-

(a)  go mbeartaíonn an t-údarás pleanála ordú a dhéanamh lena n-ainmneofar limistéar caomhantais tírdhreacha, agus cuirfear in iúl ann cén áit nó cé na háiteanna ina bhféadfar agus cé na tráthanna ag a bhféadfar léarscáil ina léireofar an limistéar a iniúchadh, agus tabharfar mionsonraí ann maidir le suíomh an limistéir agus sonraí aon fhorbartha fhorordaithe a bheartaíonn sé a shonrú san ordú, agus

(b)  go bhféadfar aighneachtaí maidir leis an ordú beartaithe a dhéanamh chuig an údarás pleanála nó tuairimí maidir leis a thabhairt dó laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná 6 sheachtain, agus go gcuirfidh an t-údarás pleanála na haighneachtaí nó na tuairimí san áireamh.

(6)  Féadfaidh comhaltaí údaráis pleanála, le rún, tar éis dóibh an t-ordú beartaithe agus aon aighneachtaí a rinneadh nó aon tuairimí a tugadh ina leith a bhreithniú, an t-ordú a dhéanamh, fara modhnuithe nó dá n-éagmais, nó diúltú an t-ordú a dhéanamh, de réir mar is cuí leo.

(7)  I gcás inar mian le húdarás pleanála ordú arna dhéanamh faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm, tabharfaidh an t-údarás pleanála fógra á rá go bhfuil ar intinn aige an t-ordú a leasú nó a chúlghairm, de réir mar a bheidh.

(8)  Déanfar fógra faoi fho-alt (7) (ina mbeidh sonraí maidir leis an leasú beartaithe nó leis an gcúlghairm bheartaithe ar an ordú) a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar caomhantais tírdhreacha.

(9)  Luafar i bhfógra faoi fho-alt (7)

(a)  go mbeartaíonn an t-údarás pleanála an t-ordú a leasú nó a chúlghairm, agus

(b)  go bhféadfar aighneachtaí maidir leis an leasú beartaithe nó leis an gcúlghairm bheartaithe ar an ordú a dhéanamh chuig an údarás pleanála nó go bhféadfar tuairimí maidir leis an gcéanna a thabhairt dó laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná 6 sheachtain, agus go gcuirfidh an t-údarás pleanála na haighneachtaí nó na tuairimí san áireamh.

(10)  Féadfaidh an t-údarás pleanála, le rún, tar éis dó an leasú beartaithe nó an chúlghairm bheartaithe ar an ordú agus aon aighneachtaí a rinneadh nó tuairimí a tugadh ina leith a bhreithniú, an t-ordú a chúlghairm nó an t-ordú a leasú, fara modhnuithe nó dá n-éagmais, nó diúltú an t-ordú a dhéanamh, de réir mar a bheidh, de réir mar is cuí leis.

(11)  Sula ndéanfaidh an t-údarás pleanála ordú faoin alt seo, rachaidh sé i gcomhairle le haon údarás Stáit i gcás ina measfaidh sé go mbaineann aon ordú le feidhmeanna an údaráis Stáit sin.

(12)  (a)  Tabharfaidh údarás pleanála fógra maidir le haon ordú a dhéanfar faoin alt seo i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear ina limistéar feidhme, agus tabharfar mionsonraí san fhógra maidir le haon fhorbairt bheartaithe a bheidh sonraithe san ordú.

(b)  Tabharfar fógra faoin bhfo-alt seo freisin don Bhord agus d'aon chomhlacht forordaithe eile a mbeidh, i dtuairim an Bhoird, leas aige i bhfógra den sórt sin.

(13)  I gcás ina mbeartaíonn 2 údarás pleanála nó níos mó aon limistéar nó áit, atá suite laistigh de chomhlimistéar feidhme na núdarás pleanála lena mbaineann, a chomhainmniú mar limistéar caomhantais tírdhreacha, déanfaidh na húdaráis phleanála lena mbaineann na feidhmeanna a thugtar d'údarás pleanála faoin alt seo a chomhlíonadh i gcomhar, agus forléireofar aon tagairt do “údarás pleanála” dá réir sin.

(14)  Déanfar sonraí maidir le hordú faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár.

Orduithe slánchoimeádta crann.

205. —(1)  I gcás inar dealraitheach don údarás pleanála gur fóirsteanach, ar mhaithe le taitneamhacht nó leis an gcomhshaol, foráil a dhéanamh chun aon chrann, crainn, garrán crann nó tailte coille a shlánchoimeád, féadfaidh sé, chun na críche sin agus ar chúiseanna a luafar, ordú a dhéanamh maidir le haon chrann, crainn, garrán crann nó tailte coille den sórt sin a shonrófar san ordú.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le hordú faoin alt seo—

(a)  a thoirmeasc (faoi réir aon choinníollacha nó díolúintí dá ndéanfar foráil san ordú) crainn a leagan, a bharrscoitheadh, a ghéagscoitheadh nó a dhíothú go toiliúil, agus

(b)  a cheangal ar úinéir agus áititheoir na talún dá ndéanann an t-ordú difear comhaontú a dhéanamh leis an údarás pleanála chun a chinntiú go ndéanfar bainistiú cuí ar aon chrainn, garrán crann nó tailte coille (lena n-áirítear crainn a athphlandú), faoi réir an t-údarás pleanála do thabhairt cúnaimh, lena n-áirítear cúnamh airgeadais, faoi chomhair bainistíochta den sórt sin de réir mar a chomhaontófar.

(3)  (a)  I gcás ina mbeartaíonn údarás pleanála ordú a dhéanamh faoin alt seo—

(i)  déanfaidh sé fógra (ina mbeidh sonraí maidir leis an ordú beartaithe) á rá go bhfuil ar intinn aige déanamh amhlaidh a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir na talún dá ndéanann an t-ordú difear, agus

(ii)  cuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar fógra maidir leis an ordú beartaithe i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear ina limistéar feidhme.

(b)  Beidh léarscáil ag gabháil le fógra faoi mhír (a)(i), ar léarscáil í ina dtaispeánfar an crann, na crainn, an garrán crann nó na tailte coille a bheidh le slánchoimeád.

(4)  Luafar i bhfógra faoi fho-alt (3)

(a)  go mbeartaíonn an t-údarás pleanála ordú a dhéanamh lena slánchoimeádfar an crann, na crainn, an garrán crann nó na tailte coille,

(b)  go bhféadfar aighneachtaí maidir leis an ordú beartaithe a dhéanamh chuig an údarás pleanála nó go bhféadfar tuairimí maidir leis a thabhairt dó laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná 6 sheachtain, agus go gcuirfidh an t-údarás pleanála na haighneachtaí nó na tuairimí san áireamh, agus

(c)  go mbeidh aon duine a sháróidh ordú nó, go dtí go ndéanfaidh údarás pleanála cinneadh, a sháróidh ordú beartaithe, faoin alt seo, ciontach i gcion.

(5)  Féadfaidh an t-údarás pleanála, le rún, tar éis dó an togra agus aon aighneachtaí a rinneadh nó aon tuairimí a tugadh ina leith a bhreithniú, an t-ordú a dhéanamh, fara modhnuithe nó dá n-éagmais, nó diúltú an t-ordú a dhéanamh, de réir mar is cuí leis, agus cuirfear an méid sin in iúl dá réir sin d'aon duine a mbeidh fógra seirbheáilte air nó uirthi faoi fho-alt (3).

(6)  I gcás ina mbeartaíonn údarás pleanála ordú arna dhéanamh faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm, tabharfaidh an t-údarás pleanála fógra á rá go bhfuil ar intinn aige an t-ordú a leasú nó a chúlghairm, de réir mar a bheidh.

(7)  (a)  Déanfar fógra faoi fho-alt (6) (ina mbeidh sonraí maidir leis an ordú beartaithe)—

(i)  a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir na talún dá ndéanann an t-ordú difear, agus ar aon duine eile ar ar seirbheáladh ordú faoi fho-alt (3), agus

(ii)  a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear i limistéar feidhme an údaráis pleanála.

(b)  Beidh léarscáil ag gabháil le fógra faoi fho-alt (6), ar léarscáil í ina dtaispeánfar an crann, na crainn, an garrán crann nó na tailte coille dá ndéanfaidh leasú nó cúlghairm an ordaithe difear.

(8)  Luafar i bhfógra faoi fho-alt (6)

(a)  go mbeartaíonn an t-údarás pleanála an t-ordú a leasú nó a chúlghairm, agus

(b)  go bhféadfar aighneachtaí maidir leis an togra a dhéanamh chuig an údarás pleanála nó go bhféadfar tuairimí maidir leis a thabhairt dó laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná 6 sheachtain, agus go gcuirfidh an t-údarás pleanála na haighneachtaí nó na tuairimí san áireamh.

(9)  Féadfaidh an t-údarás pleanála, le rún, de réir mar is cuí leis, tar éis dó an togra agus aon aighneachtaí a rinneadh nó tuairimí a tugadh ina leith a bhreithniú, an t-ordú a chúlghairm nó a leasú, fara modhnuithe nó dá n-éagmais, nó diúltú an t-ordú a dhéanamh, de réir mar a bheidh, agus cuirfear an méid sin in iúl d'aon duine a mbeidh fógra seirbheáilte air nó uirthi faoi fho-alt (7).

(10)  Aon duine a sháróidh ordú nó, go dtí go ndéanfaidh údarás pleanála cinneadh, a sháróidh ordú beartaithe, faoin alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(11)  Gan dochar d'aon díolúine eile dá ndéanfar foráil le hordú faoin alt seo, ní bheidh feidhm ag aon ordú den sórt sin maidir le crainn atá ag fáil bháis nó atá marbh nó atá contúirteach a leagan, a bharrscoitheadh nó a ghéagscoitheadh, nó le haon chrainn a leagan, a bharrscoitheadh nó a ghéagscoitheadh i gcomhlíonadh aon oibleagáide a fhorchuirtear le haon achtachán nó faoi nó a mhéid is gá chun núis nó guais a chosc nó a laghdú.

(12)  Déanfar sonraí maidir le hordú faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár.

Cearta slí poiblí a bhunú de bhun comhaontaithe.

206. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála comhaontú a dhéanamh le haon duine ag a mbeidh an chumhacht is gá chuige sin, chun ceart slí poiblí thar talamh a bhunú tríd an duine sin á thoirbhirt.

(2)  Beidh comhaontú faoin alt seo ar cibé téarmaí, maidir le híocaíocht nó eile, a shonrófar sa chomhaontú agus, má chomhaontaítear air sin, féadfar a fhoráil ann go mbeidh srianta nó coinníollacha ag baint leis an gceart slí poiblí.

(3)  I gcás ina mbeifear tar éis comhaontú a dhéanamh faoin alt seo, beidh de dhualgas ar an údarás pleanála gach beart riachtanach a dhéanamh chun a áirithiú go mbunófar an ceart slí poiblí de réir an chomhaontaithe.

(4)  Déanfar sonraí maidir le comhaontú a dhéanfar faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár.

Cumhachtaí éigeantacha chun cearta slí poiblí a bhunú.

207. —(1)  Más dealraitheach don údarás pleanála go bhfuil gá le ceart slí poiblí thar aon talamh, féadfaidh an t-údarás pleanála, le rún, ordú a dhéanamh chun ceart slí poiblí thar an talamh a bhunú.

(2)  (a)  I gcás ina mbeartaíonn údarás pleanála ordú a dhéanamh faoin alt seo—

(i)  déanfaidh sé fógra (ina mbeidh sonraí maidir leis an ordú beartaithe) á rá go bhfuil ar intinn aige déanamh amhlaidh a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir na talún a mbeartaítear an ceart slí poiblí a bhunú thairis agus ar aon duine eile a ndéanfaidh, ina thuairim, bunú an chirt slí phoiblí difear dó nó di, agus

(ii)  cuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar fógra maidir leis an ordú beartaithe i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear ina limistéar feidhme.

(b)  Beidh léarscáil ag gabháil le fógra faoi mhír (a)(i), ar léarscáil i ina dtaispeánfar an ceart slí poiblí a bheidh le bunú.

(3)  Luafar i bhfógra faoi fho-alt (2)

(a)  go mbeartaíonn an t-údarás pleanála ordú a dhéanamh chun an ceart slí poiblí a bhunú, agus

(b)  go bhféadfar aighneachtaí maidir leis an ordú beartaithe a dhéanamh chuig an údarás pleanála nó go bhféadfar tuairimí maidir leis a thabhairt dó laistigh de thréimhse shonraithe nach lú ná 6 sheachtain, agus go gcuirfidh an t-údarás pleanála na haighneachtaí nó na tuairimí san áireamh.

(4)  Féadfaidh an t-údarás pleanála, le rún, de réir mar is cuí leis, tar éis dó an togra agus aon aighneachtaí a rinneadh nó tuairimí a tugadh ina leith a bhreithniú, an t-ordú a dhéanamh, fara modhnuithe nó dá n-éagmais, nó diúltú an t-ordú a dhéanamh, agus cuirfear an méid sin in iúl d'aon duine a mbeidh fógra seirbheáilte air nó uirthi faoi fho-alt (2).

(5)  Féadfaidh aon duine ar cuireadh déanamh ordaithe in iúl dó nó di faoi fho-alt (4) achomharc a dhéanamh chun an Bhoird i gcoinne an ordaithe laistigh de 4 sheachtain ón tráth a gcuirfear é sin in iúl dó nó di faoin bhfo-alt sin.

(6)  I gcás ina dtionscnófar achomharc faoin alt seo i gcoinne ordaithe, féadfaidh an Bord an t-ordú a dhaingniú, fara modhnuithe nó dá n-éagmais, nó an t-ordú a neamhniú.

(7)  Beidh éifeacht le hordú faoin alt seo (seachas ordú a neamhneofar)—

(a)  i gcás nach ndéanfar aon achomharc ina choinne nó go dtarraingeofar siar gach achomharc ina choinne roimh dheireadh na tréimhse chun achomharc a dhéanamh, ar dhul in éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh, nó

(b)  i gcás ina ndéanfar achomharc nó achomhairc ina choinne agus nach dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc le linn na tréimhse chun achomharc a dhéanamh, nuair a bheidh gach achomharc nár tarraingíodh siar amhlaidh tarraingthe siar nó nuair a bheidh breith tugtha air.

(8)  Déanfar sonraí maidir le ceart slí a bhunófar faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár.

(9)  Aon cheart slí poiblí arna bhunú faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, measfar gur faoin alt seo a rinneadh é.

Forálacha forlíontacha maidir le cearta slí poiblí.

208. —(1)  I gcás ina mbunófar ceart slí poiblí de bhun an Achta seo, nó i gcás ina mbainfidh foráil i bplean forbartha a bheidh i bhfeidhm ar thosach feidhme an ailt seo le ceart slí poiblí a shlánchoimeád, cothabhálfaidh an t-údarás pleanála an tslí.

(2)  (a)  I gcás ina gceanglaítear leis an alt seo ar an údarás pleanála ceart slí a chothabháil, ní dhéanfaidh aon duine an tslí a dhamáistiú ná a bhac, ná treampán a chur ar fheidhmiú an chirt slí nó cur isteach ar an bhfeidhmiú sin

(b)  Aon duine a sháróidh an fo-alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3)  Más rud é, i gcás cirt slí a gceanglaítear leis an alt seo ar an údarás pleanála í a chothabháil, go ndéanfaidh aon duine an tslí a dhamáistiú nó a bhac, féadfaidh an t-údarás pleanála a chothabhálann an ceart slí an damáiste a shlánú nó an bhacainn a dhíchur, agus déanfaidh an duine sin an caiteachas a thabhóidh an t-údarás pleanála leis an slánú nó leis an díchur a íoc leis an údarás pleanála agus, mura n-íocfar amhlaidh é, beidh an caiteachas sin inghnóthaithe uaidh nó uaithi mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Déanmhais fógráin agus fógráin a dheisiú agus a dhéanamh slachtmhar.

209. —(1)  I gcás inar dealraitheach don údarás pleanála, ag féachaint do shábháilteacht an phobail nó don taitneamhacht phoiblí, gur cóir déanmhas fógráin nó fógrán ina limistéar a dheisiú nó a dhéanamh slachtmhar, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil ar an duine a bhfuil an déanmhas nó an fógrán faoina rialú á cheangal ar an duine sin an déanmhas fógráin nó an fógrán a dheisiú nó a dhéanamh slachtmhar laistigh de thréimhse shonraithe.

(2)  I gcás inar dealraitheach d'údarás pleanála go bhfuil aon déanmhas fógráin nó fógrán tréigthe, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil ar an duine a bhfuil an déanmhas nó an fógrán faoina rialú á cheangal ar an duine sin an déanmhas fógráin nó an fógrán a dhíchur laistigh de thréimhse shonraithe.

(3)  Más rud é, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra faoin alt seo, nach ndeiseofar an déanmhas fógráin nó an fógrán nó nach ndéanfar slachtmhar é, nó nach ndíchuirfear é, de réir mar a bheidh, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an talamh ar a bhfuil an déanmhas nó ar a bhfuil an fógrán ar taispeáint agus an déanmhas nó an fógrán a dheisiú, a dhéanamh slachtmhar nó a dhíchur agus féadfaidh sé aon chaiteachas a thabhóidh an t-údarás le réasún chuige sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine a bhfuil an déanmhas nó an fógrán faoina rialú.

CUID XIV

Talamh a Fháil, etc.

Talamh a leithreasú chun críocha údaráis áitiúil.

210. —(1)  Más rud é—

(a)  go bhfuil talamh dílsithe d'údarás áitiúil chun críocha a fheidhmeanna faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile, agus

(b)  gur deimhin leis an údarás áitiúil gur cóir an talamh a chur ar fáil chun críocha aon cheann de na feidhmeanna sin,

féadfaidh an t-údarás áitiúil an talamh a leithreasú chun na gcríoch sin.

(2)  I gcás ina bhfuil talamh dílsithe d'údarás áitiúil trí fháil éigeantach faoi aon achtachán, ní dhéanfar aon éileamh ar chúiteamh ná ar chúiteamh breise agus ní dhéanfar agóid i gcoinne na fála mar gheall ar aon leithreasú talún de réir fho-alt (1).

Údarás áitiúil do dhiúscairt talún.

211. —(1)  Féadfar aon talamh a gheobhaidh údarás áitiúil chun críocha an Achta seo nó aon Achta eile nó a leithreasóidh sé faoin gcéanna, nó a gheobhaidh sé ar shlí eile, a dhíol, a léasú, nó a mhalartú, faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leis is gá i gcás nach mbeidh an talamh ag teastáil uaidh níos mó le haghaidh aon cheann dá fheidhmeanna, nó chun a áirithiú—

(a)  go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as an talamh sin nó as talamh eile, agus as aon déanmhais nó oibreacha a foirgníodh, a cuireadh suas nó a rinneadh, nó atá le foirgniú, le cur suas nó le déanamh, ar an talamh sin nó ann nó faoi nó ar thalamh eile nó ann nó faoi, nó

(b)  go bhfoirgneofar, go gcuirfear suas nó go ndéanfar aon déanmhais nó oibreacha is dóigh leis is gá ar mhaithe le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe a limistéir feidhme.

(2)  Faoi réir fho-alt (3), beidh sé riachtanach toiliú an Aire a fháil le haon díol, léasú nó malartú faoi fho-alt (1) i gcás nach é an praghas nó an cíos, nó an rud a gheobhaidh an t-údarás áitiúil mar mhalairt, an praghas, an cíos nó an rud is fearr a d'fhéadfaí, le réasún, a fháil, ach in aon chás eile, ní bheidh an toiliú sin riachtanach, d'ainneoin fhorálacha aon achtacháin eile.

(3)  Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh maidir le talamh a dhiúscairt faoi fho-alt (1) gan toiliú an Aire mar a cheanglaítear le fo-alt (2) i cibé imthosca a shonrófar sna rialacháin agus faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar amhlaidh (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le fógra poiblí a thabhairt) a chomhlíonadh.

(4)  Aon airgead caipitil a éireoidh ó thalamh a dhiúscairt faoi fho-alt (1), cuirfear chun feidhme é chun críche caipitiúla ar críoch í chun ar féidir airgead caipitil a chur chun feidhme go cuí.

(5)  (a)  Más rud é, maidir le haon talamh a gheobhaidh údarás áitiúil chun críocha an Achta seo nó aon Achta eile nó a leithreasóidh sé faoin gcéanna, nó a gheobhaidh sé ar shlí eile, go measfaidh an t-údarás nach mbeidh úsáid na talún ag teastáil uaidh le haghaidh aon cheann dá fheidhmeanna go ceann tréimhse áirithe, féadfaidh an t-údarás léas ar an talamh a dheonú ar feadh na tréimhse sin nó ar feadh aon tréimhse is lú ná sin, agus déarfar sa léas sin gur léas é arna dheonú chun críocha an fho-ailt seo.

(b)  Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1994, i ndáil le léas arna dheonú faoi mhír (a) chun críocha an fho-ailt seo.

Forbairt ag údarás pleanála, etc.

212. —(1)  Féadfaidh údarás pleanála talamh a fhorbairt nó forbairt talún a áirithiú nó a urasú agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh sé aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a dhéanamh—

(a)  feabhsú cholbha aon bhóthair phoiblí a áirithiú, a urasú agus a rialú trí leathnú, oscailt, méadú nó feabhsú ar shlí eile;

(b)  maidir le haon talamh atá i gcomharsanacht aon bhóthair nó saoráide iompair phoiblí a bheartaítear a fheabhsú nó a fhoirgniú, an talamh sin a fhorbairt;

(c)  bóithre, bonneagar a urasóidh iompar poiblí, agus cibé seirbhísí agus oibreacha a bheidh ag teastáil le haghaidh forbartha, a sholáthar i limistéir;

(d)  limistéir chuíchrutha agus chuímhéide le haghaidh forbartha a sholáthar, a áirithiú nó soláthar an chéanna a urasú;

(e)  forbairt agus athnuachan limistéar a bhfuil athghiniúint fhisiceach, shóisialach nó eacnamaíoch de dhíth orthu a áirithiú, a urasú nó a chur i gcrích, agus spásanna oscailte agus taitneamhachtaí poiblí eile a sholáthar;

(f)  a áirithiú go ndéanfar aon radharc nó amharc, aon déanmhas cosanta nó déanmhas eile, aon limistéar caomhantais ailtireachta nó gné fhisiceach nádúrtha, aon chrainn nó tailte coille, nó aon láithreán is díol spéise ó thaobh na seandálaíochta, na geolaíochta, na staire, na heolaíochta nó na héiceolaíochta de, a shlánchoimeád.

(2)  Féadfaidh údarás pleanála na nithe seo a leanas a sholáthar nó socrú a dhéanamh chun iad a sholáthar—

(a)  láithreáin chun tionscail, gnóthaí (lena n-áirítear óstáin, mótarliosanna agus tithe aíochta), tithe, oifigí, siopaí, scoileanna, eaglaisí, saoráidí fóillíochta agus saoráidí pobail eile, agus cibé foirgnimh, áitribh, tithe, páirceanna agus déanmhais dá dtagraítear i mír (b), a bhunú nó a athshuíomh,

(b)  foirgnimh mhonarchan, áitribh oifige, áitribh siopa, tithe, páirceanna siamsa agus déanmhais le haghaidh siamsaíochta, páirceanna carbhán, foirgnimh chun cóiríocht, béilí agus bia agus deoch a sholáthar, foirgnimh chun seirbhísí trádála agus gairmiúla a sholáthar agus déanmhais fógráin,

(c)  saoráidí taistil, lena n-áirítear saoráidí iompair phoiblí agus aeriompair, agus

(d)  aon seirbhísí is dóigh leis a bheith coimhdeach le haon ní dá dtagraítear i míreanna (a), (b)(c),

agus féadfaidh sé aon láithreán, foirgneamh, áitreabh, teach, páirc, déanmhas nó seirbhís den sórt sin a chothabháil agus a bhainistiú agus féadfaidh sé aon mhuirir a ghearradh is dóigh leis a bheith réasúnach i ndáil le soláthar, le cothabháil nó le bainistiú an chéanna.

(3)  Féadfaidh údarás pleanála, i dtaca le haon cheann dá fheidhmeanna faoin Acht seo, socruithe a dhéanamh agus a chur i gcrích nó comhaontuithe a dhéanamh le haon duine nó comhlacht chun talamh a fhorbairt nó a bhainistiú, agus féadfaidh sé comhlacht a chorprú chun na gcríoch sin.

(4)  Féadfaidh údarás pleanála aon cheann de na cumhachtaí atá ar fáil dó faoi aon achtachán, lena n-áirítear aon chumhachtaí i ndáil le talamh a fháil go héigeantach, a úsáid i ndáil lena fheidhmeanna faoin alt seo agus go háirithe chun tiomsú láithreán a urasú d'fhonn talamh a fhorbairt go rianúil.

Údaráis áitiúla d'fháil talún.

213. —(1)  Déanfar an chumhacht chun talamh a fháil, ar cumhacht í a thugtar d'údarás áitiúil faoi aon achtachán, a fhorléiriú de réir an ailt seo.

(2)  (a)  Féadfaidh údarás áitiúil, chun aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh (cibé acu a thugtar iad leis an Acht seo nó faoi, nó le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile arna rith roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin), lena n-áirítear éifeacht a thabhairt dá phlean forbartha nó dá straitéis tithíochta faoi alt 94, nó cur i ngníomh an chéanna a urasú, gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i)  talamh a fháil, go buan nó go sealadach, trí chomhaontú nó go héigeantach,

(ii)  aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó aon cheart eile thar aon talamh nó uisce nó thar aon fho-stratam talún, nó ina leith, a fháil, go buan nó go sealadach, trí chomhaontú nó go héigeantach,

(iii)  aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó aon cheart eile thar aon talamh nó uisce nó thar aon fho-stratam talún, nó ina leith, a shrianadh nó cur isteach air nó uirthi ar shlí eile, go buan nó go sealadach, trí chomhaontú nó go héigeantach,

agus gairfear “fáil talún” san Acht seo de chomhlíonadh gach ceann nó aon cheann nó de na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i), (ii) agus (iii).

(b)  Folóidh tagairt i mír (a) d'fháil trí chomhaontú fáil trí cheannach, trí léasú, trí mhalartú nó ar shlí eile.

(c)  Féadfar na feidhmeanna a thugtar d'údarás áitiúil le mír (a) a chomhlíonadh—

(i)  i ndáil le talamh, nó

(ii)  i ndáil le haon éasúint, cead slí, ceart uisce nó aon cheart eile lena mbaineann an mhír sin,

cibé acu atá sé suite nó infheidhme, de réir mar a bheidh, laistigh nó lasmuigh de limistéar feidhme an údaráis áitiúil lena mbaineann.

(3)  (a)  Féadfar an fháil a dhéanamh trí chomhaontú nó go héigeantach maidir le talamh nach bhfuil ag teastáil láithreach chun críche áirithe i gcás ina mbeidh, i dtuairim an údaráis áitiúil, an talamh ag teastáil ón údarás chun na críche sin sa todhchaí.

(b)  Féadfar an fháil a dhéanamh trí chomhaontú maidir le haon talamh a bheidh, i dtuairim an údaráis áitiúil, ag teastáil uaidh sa todhchaí chun críocha aon cheann dá fheidhmeanna d'ainneoin nach mbeidh breith tugtha ag an údarás i leith na slí ina n-úsáidfidh sé an talamh nó i leith na críche dá n-úsáidfidh sé an talamh.

(c)  Beidh feidhm ag míreanna (a) agus (b) agus beidh éifeacht leo i ndáil le haon chumhacht chun talamh a fháil a thugtar d'údarás áitiúil de bhua an Achta seo nó de bhua aon achtacháin eile cibé acu a achtaíodh é roimh an Acht seo nó dá éis.

(4)  Féadfar a údarú d'údarás áitiúil, le hordú ceannaigh éigeantaigh, talamh a fháil le haghaidh aon cheann de na críocha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus déanfar alt 10 (arna leasú le halt 86 d'Acht na dTithe, 1966) den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960, a fhorléiriú ionas go mbeidh feidhm aige dá réir sin agus forléireofar an tagairt do “críocha” in alt 10(1)(a) den Acht sin mar thagairt a fholaíonn críocha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

Feidhmeanna an Aire i ndáil le fáil éigeantach talún a aistriú chuig an mBord.

214. —(1)  Déantar na feidhmeanna a thugtar don Aire i ndáil le húdarás áitiúil d'fháil talún go héigeantach faoi na hachtacháin seo a leanas a aistriú leis seo chuig an mBord, agus a dhílsiú don Bhord, agus aon tagairt in aon fhoráil iomchuí de na hAchtanna sin don Aire, nó a fhorléireofar mar thagairt don Aire, measfar gur tagairt don Bhord í ach amháin gur leis an Aire a fhanfaidh aon chumhachtaí faoi na hachtacháin sin chun rialacháin a dhéanamh nó chun aon ní a fhorordú:

Public Health (Ireland) Act, 1878;

Local Government (Ireland) Act, 1898;

An tAcht Rialtais Áitiúla, 1925;

An tAcht Soláthairtí Uisce, 1942;

An tAcht Rialtais Áitiúil (Uimh.2), 1960;

An tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964;

Acht na dTithe, 1966;

An tAcht um Láithreáin Thréigthe, 1990;

Achtanna na mBóithre, 1993 agus 1998;

An tAcht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, 1997.

(2)  Chun go bhfaighidh údarás áitiúil talamh go héigeantach, beidh feidhm ag na forléirithe seo a leanas:

(a)  déanfar na tagairtí a fhorléirítear mar thagairtí don Aire in alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord agus forléireofar aon tagairtí comhghaolmhara dá réir sin;

(b)  déanfar na tagairtí don Aire in alt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925, agus sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord agus forléireofar aon tagairtí comhghaolmhara dá réir sin;

(c)  déanfar na tagairtí don Aire in ailt 4, 8, 9 agus 10 den Acht Soláthairtí Uisce, 1942, agus sa Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord agus forléireofar aon tagairtí comhghaolmhara dá réir sin;

(d)  déanfar na tagairtí don Aire, nó don Aire cuí, in alt 10 (arna leasú le halt 86 d'Acht na dTithe, 1966) den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960, a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord agus forléireofar aon tagairtí comhghaolmhara dá réir sin;

(e)  déanfar na tagairtí don Aire in ailt 7, 8, 9 agus 16 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964, a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord agus forléireofar aon tagairtí comhghaolmhara dá réir sin;

(f)      (i)  déanfar na tagairtí don Aire, nó don Aire cuí, in ailt 76, 77, 78, 80 agus 85 d'Acht na dTithe, 1966, agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord agus forléireofar aon tagairtí comhghaolmhara dá réir sin;

(ii)  déanfar alt 85 d'Acht na dTithe, 1966, a fhorléiriú amhail is dá ndéanfaí fo-ailt (2) agus (3) a scriosadh;

(g)  déanfar na tagairtí don Aire in ailt 16 agus 17 den Acht um Láithreáin Thréigthe, 1990, a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord agus forléireofar aon tagairtí comhghaolmhara dá réir sin;

(h)  déanfar na tagairtí don Aire in alt 27(1) den Acht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, 1997, a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord agus forléireofar aon tagairtí comhghaolmhara dá réir sin.

(3)  Maidir le haistriú fheidhmeanna an Aire chuig an mBord i ndáil le ceannach éigeantach talún de réir fho-alt (1), áireofar ann aistriú na gcumhachtaí coimhdeacha go léir is gá i ndáil le fostrataim, éasúintí, cearta thar talamh (lena n-áirítear cearta slí poiblí), cearta rochtana ar thalamh, ceadanna pleanála a chúlghairm nó a mhodhnú nó cibé feidhmeanna eile is gá chun a chinntiú go bhféadfaidh an Bord a fheidhmeanna i ndáil leis na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chomhlíonadh.

(4)  San alt seo agus in alt 216, folaíonn “údarás áitiúil” Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath.

Feidhmeanna áirithe de chuid an Aire faoi Achtanna na mBóithre, 1993 agus 1998, a aistriú chuig an mBord.

215. —(1)  Déantar leis seo feidhmeanna an Aire i ndáil le scéim nó le forbairt bhóthair bheartaithe faoi ailt 49, 50 agus 51 d'Acht na mBóithre, 1993, a aistriú chuig an mBord agus a dhílsiú don Bhord agus déanfar tagairtí iomchuí san Acht sin don Aire a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord agus forléireofar aon tagairtí comhghaolmhara dá réir sin, ach amháin gur leis an Aire a fhanfaidh aon chumhachtaí faoi na hailt sin chun rialacháin a dhéanamh nó chun aon ní a fhorordú.

(2)  Measfar gur tagairtí don Bhord na tagairtí don Aire in alt 19(7) agus i míreanna (a), (c), (e) agus (f) d'alt 20(1) d'Acht na mBóithre, 1993.

Ordú ceannaigh éigeantaigh a dhaingniú más rud é nach mbeidh aon agóidí ann.

216. —(1)  I gcás ina ndéanfar ordú ceannaigh éigeantaigh i leith údarás áitiúil d'fháil talún de réir aon cheann de na hachtacháin dá dtagraítear in alt 214(1) agus—

(a)  nach bhfaighidh an Bord nó an t-údarás áitiúil, de réir mar a bheidh, aon agóidí laistigh den tréimhse dá bhforáiltear chun agóidí a dhéanamh,

(b)  go ndéanfar aon agóid a gheofar a tharraingt siar dá éis sin aon tráth sula ndéanfaidh an Bord a chinneadh, nó

(c)  gur dóigh leis an mBord go mbaineann aon agóid a gheofar go heisiach le nithe a bhféadfadh eadránaí maoine déileáil leo,

déanfaidh an Bord, i gcás inar cuí é, é sin a chur in iúl don údarás áitiúil agus déanfaidh an t-údarás áitiúil, a luaithe is féidir, an t-ordú a dhaingniú fara modhnú nó dá éagmais, nóa/DSDSféadfaidh sé diúltú an t-ordú a dhaingniú.

(2)  Ní dhéanfaidh fo-alt (1) dochar d'aon cheanglas ceadú a fháil le haghaidh scéime de réir alt 49 d'Acht na mBóithre, 1993, nó le haghaidh forbartha bóthair beartaithe de réir alt 51 d'Acht na mBóithre, 1993, nó le haghaidh forbartha beartaithe faoi alt 175 den Acht seo.

(3)  Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le ceannach éigeantach faoin Acht um Láithreáin Thréigthe, 1990.

Teorainneacha ama áirithe maidir le ceannach éigeantach talún, etc.

217. —(1)  I gcás ina ndéanfar agóid chuig údarás sláintíochta de réir alt 6 den Acht Soláthairtí Uisce, 1942, agus nach dtarraingeofar siar í, déanfaidh an t-údarás sláintíochta, laistigh de 6 sheachtain ón agóid a fháil, iarratas chuig an mBord ar ordú sealadach de réir alt 8 den Acht sin.

(2)  I gcás ina ndéanfar agóid chuig údarás sláintíochta de réir alt 8 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964, agus nach dtarraingeofar siar í, déanfaidh an t-údarás sláintíochta, laistigh de 6 sheachtain ón agóid a fháil, iarratas chuig an mBord ar a thoiliú leis an talamh a fháil go héigeantach de réir an ailt sin.

(3)  Faoi réir alt 216, i gcás ina gcomhlíonfaidh údarás áitiúil na forálacha maidir le fógra a thabhairt i ndáil le hordú ceannaigh éigeantaigh faoi mhír 4 den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe, 1966, déanfaidh sé, laistigh de 6 sheachtain ó chomhlíonadh na bhforálacha sin, an t-ordú ceannaigh éigeantaigh a chur faoi bhráid an Bhoird lena dhaingniú.

(4)  I gcás ina gcomhlíonfaidh údarás bóithre na forálacha maidir le fógra a thabhairt i ndáil le scéim de réir alt 48 d'Acht na mBóithre, 1993, déanfaidh sé, laistigh de 6 sheachtain ó chomhlíonadh na bhforálacha sin, an scéim a chur faoi bhráid an Bhoird lena ceadú.

(5)  Aon fhógra á rá go ndearnadh ordú daingniúcháin, ar fógra é a bheidh le foilsiú nó le seirbheáil, de réir mar a bheidh, de réir alt 78(1) d'Acht na dTithe, 1966, déanfar é a fhoilsiú nó a sheirbheáil laistigh de 12 sheachtain ón ordú daingniúcháin a dhéanamh.

(6)  D'ainneoin alt 123 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, i gcás ina ndaingneoidh údarás áitiúil nó an Bord ordú ceannaigh éigeantaigh nó ordú sealadach agus ina dtiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm agus ina gcinnfidh an t-údarás áitiúil talamh lena mbaineann an t-ordú a fháil, déanfaidh an t-údarás áitiúil aon fhógra a cheanglaítear a sheirbheáil faoi aon achtachán chun gnóthaíocht a dhéanamh chun leasanna leithleacha sa talamh a cheannach (lena náirítear fógra faoi alt 79 d'Acht na dTithe, 1966) a sheirbheáil laistigh de 18 mí ón tráth a thiocfaidh an t-ordú i ngníomh.

(7)  (a)  Maidir le cinneadh de chuid an Bhoird arna dhéanamh i gcomhlíonadh feidhme a aistrítear chuige faoi alt 214215, tiocfaidh sé i ngníomh 3 sheachtain tar éis an dáta a dhéanfar fógra faoin gcinneadh a fhoilsiú den chéad uair.

(b)  Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (8) agus (9) d'alt 52 d'Acht na mBóithre, 1993 (arna gcur isteach le halt 5 d'Acht na mBóithre (Leasú), 1998) agus fo-ailt (2) go (4) d'alt 78 d'Acht na dTithe, 1966, i ndáil le cinntí de chuid an Bhoird faoin gCuid seo.

Éisteachtaí ó bhéal i ndáil le fáil éigeantach talún.

218. —(1)  Más rud é, mar thoradh ar aistriú feidhmeanna faoi ailt 214 agus 215, go gceanglófaí ar an mBord thairis sin fiosrúchán áitiúil nó fiosrúchán áitiúil poiblí a dhéanamh i dtaca le haon cheann dá fheidhmeanna aistrithe, déanfaidh sé, ina ionad sin, éisteacht ó bhéal a thionól.

(2)  Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo maidir leis na forálacha de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1941, 1946, 1955 agus 1991, a bhaineann le fiosrúcháin áitiúla phoiblí, nach mbeidh feidhm acu i ndáil le héisteachtaí ó bhéal a thionólfaidh an Bord de réir fho-alt (1).

(3)  Chun críocha na Coda seo, measfar gur tagairtí d'éisteachtaí ó bhéal faoin alt seo na tagairtí d'fhiosrúcháin áitiúla nó d'fhiosrúcháin áitiúla phoiblí sna forálacha seo a leanas:

(a)  alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960;

(b)  alt 78 d'Acht na dTithe, 1966,m agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin;

(c)  Cuid IV d'Acht na mBóithre, 1993.

(4)  Beidh feidhm ag ailt 135, 143 agus 146 agus beidh éifeacht leo i ndáil leis na feidhmeanna a aistrítear chuig an mBord faoi ailt 214 agus 215 agus forléireofar na hailt sin dá réir sin.

Cumhacht chun a ordú go n-íocfar costais áirithe i ndáil le héisteacht ó bhéal.

219. —(1)  I gcás ina dtionólfar éisteacht ó bhéal faoi alt 218, féadfaidh an Bord, dá lánrogha féin, a ordú don údarás áitiúil lena mbaineann san éisteacht cibé suim a mheasfaidh an Bord a bheith réasúnach a íoc—

(a)  leis an mBord faoi chomhair na gcostas a thabhóidh an Bord ag tionól na héisteachta,

(b)  le haon duine a láithreoidh ag an éisteacht mar ranníoc faoi chomhair na gcostas, seachas na costais dá dtagraítear in alt 135, a thabhóidh an duine sin,

agus íocfaidh an t-údarás áitiúil an tsuim.

(2)  Déanfar tagairt do chostais i bhfo-alt (1) a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi mar thagairt do cibé costais a measfaidh an Bord, dá lánrogha féin, gur costais réasúnacha iad.

(3)  I gcás ina mainneoidh údarás áitiúil suim a íoc de réir mar a ordófar de réir fho-alt (1), féadfaidh an Bord nó aon duine eile lena mbaineann (de réir mar is cuí) an tsuim a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Nósanna imeachta áirithe le rith go comhuaineach.

220. —(1)  Maidir leis an duine a thionólfaidh éisteacht ó bhéal i ndáil le fáil éigeantach talún, ar éisteacht í a bhaineann go hiomlán nó go páirteach le forbairt bheartaithe ag údarás áitiúil a gceanglaítear ina leith comhlíonadh a dhéanamh ar alt 175 nó aon fhoráil reachtúil eile d'fhonn nósanna imeachta chun éifeacht a thabhairt don Treoir ón gComhairle a chomhlíonadh, beidh sé nó sí i dteideal fianaise a éisteacht i ndáil leis na héifeachtaí is dócha a bheadh ag forbairt den sórt sin ar an gcomhshaol.

(2)  I gcás ina ndéanfar iarratas chuig an mBord ar cheadú le haghaidh forbartha beartaithe a gceanglaítear alt 175 a chomhlíonadh ina leith agus ina mbeidh ordú ceannaigh éigeantaigh nó ordú sealadach curtha faoi bhráid an Bhoird lena dhaingniú agus ina mbaineann an fhorbairt bheartaithe go hiomlán nó go páirteach leis an bhforbairt bheartaithe chéanna, déanfaidh an Bord, i gcás ina mbeidh agóidí faighte i ndáil leis an ordú ceannaigh éigeantaigh, cinneadh maidir le daingniú an ordaithe ceannaigh éigeantaigh san am céanna.

Cuspóir an Bhoird i ndáil le feidhmeanna aistrithe.

221. —(1)  Beidh de dhualgas ar an mBord a chinntiú go ndéanfar aon nithe a chuirfear faoina bhráid de réir na bhfeidhmeanna a aistrítear chuige faoi ailt 214 agus 215 a chur de láimh ar mhodh a bheidh chomh dlúsúil agus is féidir agus, chun na críche sin, na bearta sin go léir a bheidh ar fáil dó a ghlacadh chun a chinntiú nach mbeidh, a mhéid is féidir, aon mhoill inseachanta ann ag aon chéim i dtaca le breith a thabhairt ar na nithe sin.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) agus faoi réir fho-ailt (3), (4), (5) agus (6), beidh de chuspóir ag an mBord a chinntiú—

(a)  go dtabharfar breith ar an ní laistigh de thréimhse 18 seachtain dar tosach an lá deireanach chun agóidí nó aighneachtaí a dhéanamh, nó tuairimí a thabhairt, de réir mar a bheidh, de réir an achtacháin iomchuí dá dtagraítear in alt 214215, nó

(b)  go dtabharfar breith ar an ní laistigh de cibé tréimhse eile a fhorordóidh an tAire i ndáil le mír (a), i gcoitinne nó i leith aicme nó aicmí áirithe ní.

(3)  (a)  I gcás inar dealraitheach don Bhord nárbh féidir ná nár chuí, mar gheall ar imthosca áirithe an ní is cúram don Bhord, breith a thabhairt ar an ní laistigh den tréimhse a fhorordaítear faoi fho-alt (2), déanfaidh an Bord, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar aon údarás áitiúil lena mbaineann agus ar aon duine eile a mbeidh agóidí, uiríll nó aighneachtaí déanta acu nó tuairimí tugtha acu i ndáil leis an ní roimh dheireadh na tréimhse sin, na cúiseanna nárbh féidir nó nár chuí breith a thabhairt ar an ní laistigh den tréimhse sin a chur in iúl don údarás agus do na daoine sin agus sonróidh sé an dáta a mbeartaíonn an Bord gur roimhe a thabharfar breith ar an ní.

(b)  I gcás inar seirbheáladh fógra faoi mhír (a), glacfaidh an Bord na bearta sin go léir a bheidh ar fáil dó chun a chinntiú go dtabharfar breith ar an ní roimh an dáta a bheidh sonraithe san fhógra.

(4)  Féadfaidh an tAire le rialacháin an tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (2) a athrú, i gcoitinne nó i leith aicme nó aicmí áirithe nithe is cúram don Bhord, de réir na bhfeidhmeanna aistrithe faoin gCuid seo, i gcás inar dealraitheach dó nó di gur gá, de bhua imthosca eisceachtúla, déanamh amhlaidh agus, fad a bheidh na rialacháin i bhfeidhm, forléireofar an t-alt seo agus beidh éifeacht leis dá réir.

(5)  I gcás ina measfaidh an tAire gur gá nó gur fóirsteanach go ndéanfaí feidhmeanna áirithe de chuid an Bhoird (ar feidhmeanna iad a aistrítear faoi alt 214215) is inchomhlíonta i ndáil le nithe d'aicme nó aicmí—

(a)  lena bhfuil tábhacht speisialta straitéiseach, eacnamaíoch nó sóisialach don Stát, agus

(b)  a chuirfear faoi bhráid an Bhoird chun go gcomhlíonfaidh sé na feidhmeanna sin,

a chomhlíonadh ar mhodh a bheidh chomh dlúsúil agus is féidir ar comhréir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe, féadfaidh sé nó sí ordachán a thabhairt don Bhord go ndéanfar, i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna lena mbaineann, tosaíocht a thabhairt do nithe den aicme nó de na haicmí lena mbaineann, agus comhlíonfaidh an Bord an t-ordachán sin.

(6)  Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil leis na feidhmeanna faoin Public Health (Ireland) Act, 1898, faoin Acht Rialtais Áitiúla, 1925, nó faoin Acht Soláthairtí Uisce, 1942, a aistrítear chuig an mBord faoi alt 214.

(7)  Chun a dhualgas a chomhlíonadh faoin alt seo, féadfaidh an cathaoirleach, nó déanfaidh sé nó sí nuair a ordóidh an tAire dó nó di é, na feidhmeanna a aistrítear chuig an mBord faoi ailt 214 agus 215 a shannadh do rannán áirithe den Bhord de réir alt 112.

(8)  Áireoidh an Bord, i ngach tuarascáil a thabharfar faoi alt 118, ráiteas maidir le líon na nithe a mbeidh breith tugtha ag an mBord orthu laistigh de thréimhse dá dtagraítear i mír (a)(b) d'fho-alt (2) agus cibé faisnéis eile a ordóidh an tAire maidir leis an am a thóg sé breith a thabhairt ar na nithe sin.

Leasú ar alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960.

222. —Leasaítear leis seo alt 10 (arna chur isteach le halt 86 d'Acht na dTithe, 1966) den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960—

(a)  trí fho-alt (2) a scriosadh, agus

(b)  i bhfo-alt (4), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d)  Más rud é—

(i)  go ndéanfar ordú de bhua an ailt seo, agus

(ii)  go bhfuil ceart slí poiblí thar an talamh lena mbaineann an t-ordú, nó thar aon chuid den talamh sin, nó thar talamh atá tadhlach leis an talamh sin nó le haon chuid den talamh sin nó a bhaineann leis an gcéanna,

féadfaidh an t-ordú a údarú don údarás áitiúil, trí ordú a dhéanfaidh siad tar éis dóibh an talamh sin nó an chuid sin a fháil, an ceart slí a mhúchadh.”.

Tagairtí d'fheidhmeanna aistrithe i rialacháin, etc.

223. —(1)  Aon tagairt in aon rialacháin, foirmeacha forordaithe nó ionstraimí eile arna ndéanamh faoi na hachtacháin dá dtagraítear in alt 214215 don Aire, agus a bhaineann leis na feidhmeanna a aistrítear faoi na hailt sin, measfar gur tagairtí iad don Bhord.

(2)  Aon tagairt in aon rialacháin, foirmeacha forordaithe nó ionstraimí eile arna ndéanamh faoi na hachtacháin dá dtagraítear in alt 214215 d'fhiosrúcháin áitiúla nó d'fhiosrúcháin áitiúla phoiblí, agus a bhaineann le feidhmeanna a aistrítear chuig an mBord faoi na hailt sin, measfar gur tagairtí iad d'éisteachtaí ó bhéal ag an mBord.

CUID XV

Forbairt ar an Imeall Trá

Míniú.

224. —Sa Chuid seo—

folaíonn “forbairt” forbairt arb é atá inti míntíriú ar aon talamh ar an imeall trá;

tá le “imeall trá” an bhrí a shanntar do “imeall trágha” leis an Acht Imeall Trágha, 1933, ach folaíonn sé talamh atá idir snáth lánmhara gnáth-thaoidí nó meán-taoidí agus talamh atá laistigh de limistéar feidhme an údaráis pleanála lena mbaineann agus atá tadhlach leis an talamh chéadluaite.

Oibleagáid cead a fháil maidir le forbairt ar imeall trá.

225. —(1)  Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh gá le cead faoi Chuid III i leith forbartha ar an imeall trá nach forbairt dhíolmhaithe í, in imthosca ina mbeadh an fhorbairt sin, dá ndéanfaí í, tadhlach—

(a)  le limistéar feidhme údaráis pleanála, nó

(b)  le haon talamh mhíntírithe atá tadhlach le limistéar feidhme den sórt sin,

agus dá réir sin measfar, chun críocha iarratas a dhéanamh ar chead i leith forbartha den sórt sin, an chuid sin den imeall trá ar a mbeartaítear an fhorbairt a dhéanamh a bheith laistigh de limistéar feidhme an údaráis pleanála sin.

(2)  Maidir leis an gcuid sin den imeall trá ar ar tosaíodh nó ar ar críochnaíodh forbairt de bhun ceada a deonaíodh faoi Chuid III measfar, chun críocha an Achta seo nó aon achtacháin eile, cibé acu a ritheadh é roimh nó i ndiaidh an tAcht seo a rith, go bhfuil sé laistigh de limistéar feidhme an údaráis pleanála a dheonaigh an cead sin.

(3)  Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a)  forbairt lena mbaineann alt 226, nó

(b)  forbairt arb é atá inti cáblaí, sreanga nó píblínte faoi uisce nó gaireas dá samhail a úsáidtear—

(i)  chun leictreachas nó comharthaí teileachumarsáide a tharchur, nó

(ii)  chun gás, peitriliam, ola nó uisce a iompar,

nó forbairt nach bhfuil nasctha le talamh atá laistigh de limistéar feidhme údaráis pleanála ach amháin le cábla, sreang, píblíne nó gaireas den sórt sin.

(4)  Maidir leis an alt seo, is alt é i dteannta, agus ní alt é in ionad, na nAchtanna Imeall Trágha, 1933 go 1998.

Forbairt de chuid údaráis áitiúil ar imeall trá.

226. —(1)  Más rud é—

(a)  go mbeartaíonn údarás áitiúil ar údarás pleanála é forbairt a dhéanamh go hiomlán nó go páirteach ar an imeall trá, cibé acu ina cháil mar údarás pleanála nó in aon cháil eile, nó

(b)  go mbeartaíonn duine éigin eile forbairt a dhéanamh go hiomlán nó go páirteach ar an imeall trá thar ceann údaráis áitiúil, nó i gcomhar nó i gcomhpháirtíocht le húdarás áitiúil, ar údarás pleanála é, de bhun comhaontaithe arna dhéanamh ag an údarás áitiúil sin cibé acu ina cháil mar údarás pleanála nó in aon cháil eile,

(dá ngairtear “forbairt bheartaithe” anseo ina dhiaidh seo san alt seo), déanfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann iarratas chuig an mBord ar cheadú le haghaidh na forbartha beartaithe.

(2)  Féadfaidh an Bord forbairt bheartaithe a cheadú, í a cheadú faoi réir coinníollacha, nó diúltú í a cheadú.

(3)  Beidh feidhm ag alt 175 maidir le forbairt bheartaithe a bhaineann le haicme forbartha a bheith sainaitheanta chun críocha alt 176 faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(a)  nach gceanglófar ar an údarás áitiúil lena mbaineann iarratas a dhéanamh ar cheadú faoi fho-alt (3) den alt 175 sin i leith na forbartha beartaithe,

(b)  go ndéanfar an tagairt i bhfo-alt (4) do cheadú faoi fho-alt (3) a fhorléiriú mar thagairt do cheadú faoi fho-alt (1) den alt seo,

(c)  aon mhodhnuithe a leanann as mír (a), agus

(d)  aon mhodhnuithe eile is gá.

(4)  Beidh feidhm ag fo-ailt (4), (5), (6), (7), (9), (10), (11)(a), (11)(b)(ii), (11)(b)(iii), (12), (13) agus (14) d'alt 175 maidir le forbairt bheartaithe seachas ceann dá dtagraítear i bhfo-alt (3), faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(a)  go ndéanfar an tagairt i bhfo-alt (4) den alt 175 sin do cheadú faoi fho-alt (3) a fhorléiriú mar thagairt do cheadú faoi fho-alt (1) den alt seo,

(b)  an modhnú—

(i)  go ndéanfar tagairtí i bhfo-ailt (4) agus (5) den alt 175 sin do ráiteas tionchair timpeallachta a fhorléiriú mar thagairtí do cibé doiciméid, sonraí, pleananna nó faisnéis eile a bhaineann leis an bhforbairt bheartaithe agus a fhorordófar,

(ii)  go dtabharfar neamhaird ar thagairtí d'éifeachtaí is dóigh a bheidh aici ar an gcomhshaol, agus

(iii)  go ndéanfar an tagairt i bhfo-alt (11)(a) den alt 175 sin d'iarratais ar cheadú faoin alt seo a fhorléiriú mar thagairtí d'iarratais ar cheadú faoi fho-alt (1) den alt seo, agus

(c)  aon mhodhnuithe eile is gá.

(5)  Ní bheidh feidhm ag ailt 32 agus 179 maidir le forbairt bheartaithe.

(6)  Beidh feidhm ag an alt seo maidir le forbairt bheartaithe—

(a)  a bheadh, dá ndéanfaí í go hiomlán laistigh de limistéar feidhme údaráis áitiúil ar údarás pleanála é, faoi réir fhorálacha alt 175, nó

(b)  atá forordaithe chun críocha an ailt seo.

Talamh a fháil etc. ar imeall trá.

227. —(1)  Maidir le cumhachtaí údaráis áitiúil chun talamh a fháil go héigeantach faoi na hachtacháin a shonraítear in alt 214(1), beidh réim acu, i gcás inar údarás pleanála an t-údarás áitiúil lena mbaineann agus chun na gcríoch a shonraítear sna hachtacháin sin, maidir leis an gcuid sin den imeall trá atá tadhlach le limistéar feidhme an údaráis áitiúil lena mbaineann.

(2)  Beidh réim ag feidhmeanna údaráis bóithre faoi ailt 49, 50 agus 51 d'Acht na mBóithre, 1993, maidir leis an imeall trá atá tadhlach le limistéar feidhme an údaráis bóithre lena mbaineann.

(3)  Beidh na feidhmeanna a aistrítear chuig an mBord faoi alt 214 inchomhlíonta ag an mBord i ndáil le haon talamh lena mbaineann fo-alt (1) a fháil go héigeantach.

(4)  Beidh na feidhmeanna a áitiúil chuig an mBord faoi alt 215 inchomhlíonta i ndáil le haon scéim arna ceadú faoi alt 49 d'Acht na mBóithre, 1993, agus a bhaineann leis an imeall trá.

(5)  Más rud é, maidir le húdarás áitiúil—

(a)  go ndéanfaidh sé iarratas ar cheadú faoi alt 226,

(b)  i ndáil le talamh ar an imeall trá, go gcuirfidh sé aon ní (cibé caoi a dtuairiscítear é faoin achtachán lena mbaineann) faoi bhráid an Bhoird ar ní é ar faoin mBord a bheidh sé feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil leis faoi achtachán a shonraítear in alt 214, nó

(c)  go gcuirfidh sé scéim faoi bhráid an Aire faoi alt 49 d'Acht na mBóithre, 1993,

cuirfidh sé cóipeanna de gach léarscáil, doiciméad (lena n-áirítear aon ráiteas tionchair timpeallachta) agus ábhair eile a sheolfar chuig an mBord i ndáil leis an iarratas nó leis an scéim lena mbaineann chuig Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha.

(6)  Déanfaidh an Bord, sula gcomhlíonfaidh sé aon fheidhm a thugtar dó le halt 226 nó (maidir le talamh ar an imeall trá) faoi achtachán a shonraítear in alt 214(1) nó dá dtagraítear i bhfo-alt (5), le fógra i scríbhinn, tuairimí a iarraidh i ndáil leis an iarratas nó leis an scéim lena mbaineann ó Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra ar tréimhse í nach lú ná 8 seachtain ón dáta a bhfaighfear an fógra.

(7)  Beidh aird ag an mBord, i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (6), ar aon tuairimí a thabharfar de bhun fógra faoin bhfo-alt sin.

(8)  Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna Imeall Trá, 1933 go 1998, i ndáil le haon iarratas chuig an mBord faoi alt 226, nó le nithe lena mbaineann fo-alt (5)(b) nó le scéim arna cur faoi bhráid an Aire faoi alt 49 d'Acht na mBóithre, 1993.

(9)  Féadfaidh an Bord, d'ainneoin aon achtacháin eile, cibé coinníollacha is cuí leis agus a bhaineann le cosaint na muirthimpeallachta a chur ag gabháil—

(a)  le daingniú aon ordaithe ceannaigh éigeantaigh, nó

(b)  le ceadú aon scéime faoi alt 49 d'Acht na mBóithre, 1993,

a bhaineann leis an imeall trá, agus comhlíonfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann aon choinníollacha den sórt sin.

(10)  Ní oibreoidh aon ní san Acht Maoine Stáit, 1954, chun a chosc ar údarás áitiúil talamh ar an imeall trá a fháil go héigeantach.

(11)  Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon iarratas chuig Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha ar léas faoi alt 2 den Acht Imeall Trágha, 1933, nó ar cheadúnas faoi alt 3 den Acht sin, arna dhéanamh roimh theacht i ngníomh don alt seo.

Dul isteach ar imeall trá chun críocha áirithe.

228. —(1)  I gcás ina mbeartaíonn údarás áitiúil dul isteach ar an imeall trá chun imscrúduithe láithreáin a dhéanamh, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 4 sheachtain roimh na himscrúduithe sin a dhéanamh—

(a)  fógra a fhoilsiú, i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear i limistéar na n-imscrúduithe láithreáin beartaithe, agus

(b)  fógra a sheirbheáil ar Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus ar na comhlachtaí forordaithe,

á rá go bhfuil beartaithe aige déanamh amhlaidh, agus i gcás ina mbeadh tochailt, tolladh nó tástálacha eile, a d'fhéadfadh cur isteach ar an muirthimpeallacht, i gceist sna himscrúduithe láithreáin, cuirfidh sé mionsonraí na n-imscrúduithe beartaithe in iúl don Aire sin agus do na comhlachtaí sin.

(2)  Féadfaidh Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha moltaí a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil lena mbaineann i ndáil le himscrúduithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus beidh aird ag an údarás áitiúil ar aon mholtaí den sórt sin nuair a bheidh na himscrúduithe sin á ndéanamh aige.

(3)  I gcás ina mbeadh an t-alt seo comhlíonta, ní bheidh feidhm ag alt 252 i ndáil le dul isteach ar an imeall trá chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (1).

(4)  Is ionann an t-alt seo a chomhlíonadh, i ndáil le dul isteach ar an imeall trá chun na gcríoch sin, agus aon achtachán eile a chomhlíonadh ar achtachán é lena gceanglaítear ar údarás áitiúil fógra a thabhairt maidir le dul isteach ar thalamh.

CUID XVI

Ócáidí agus Aontaí Súgraidh

Léiriú.

229. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “ócáid”—

(a)  taibhiú poiblí atá ar siúl go hiomlán nó go formhór amuigh faoin aer nó i ndéanmhas nach bhfuil díon air nó a bhfuil díon páirteach, sealadach nó inardaithe air, i bpuball nó i ndéanmhas sealadach dá shamhail agus ab éard atá ann ceol, rince, taispeántais siamsaíochta poiblí nó aon ghníomhaíocht dá samhail, agus

(b)  aon ócáid eile a fhorordóidh an tAire faoi alt 241;

tá le “aonach súgraidh” an bhrí a shanntar dó le halt 239;

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas arna dheonú ag údarás áitiúil faoi alt 231;

ciallaíonn “údarás áitiúil”—

(a)  i gcás contae, comhairle an chontae, agus

(b)  i gcás contaebhuirge, bardas na buirge.

Oibleagáid ceadúnas a fháil chun ócáid a sheoladh.

230. —(1)  Faoi réir fho-alt (4), beidh gá le ceadúnas maidir le hócáid nó aicme ócáide a fhorordófar chun críche an ailt seo a sheoladh.

(2)  Le linn don Aire ócáidí nó aicmí ócáidí a fhorordú faoi fho-alt (1), beidh aird aige nó aici ar mhéid, suíomh, cineál nó tréithe eile na hócáide nó na haicme ócáide.

(3)  Aon duine—

(a)  a eagróidh, a chuirfidh chun cinn nó a sheolfaidh ócáid lena mbaineann an t-alt seo, nó a mbeidh baint ábhartha aige nó aici leis an gcéanna, nó

(b)  a bheidh i gceannas ar thalamh ar a seolfar ócáid lena mbaineann an t-alt seo,

seachas faoi réim agus de réir ceadúnais, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(4)  Ní bheidh gá le ceadúnas le haghaidh seoladh ócáide a fhorordófar de réir fho-alt (1) ag údarás áitiúil.

Ceadúnas a dheonú.

231. —(1)  Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh maidir le nithe a bhaineann le nós imeachta agus riarachán i ndáil le hiarratais ar cheadúnais le haghaidh ócáidí, agus i ndáil leis na ceadúnais sin a dheonú.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin alt seo—

(a)  á cheangal go bhfoilseofar fógra á rá go bhfuil ar intinn iarratas a dhéanamh ar cheadúnas,

(b)  á cheangal go dtabharfar fógra do dhaoine forordaithe nó do chomhlachtaí forordaithe,

(c)  maidir leis an bhfoirm ina mbeidh iarratas ar cheadúnas agus leis an ábhar a bheidh ann,

(d)  maidir leis na pleananna, leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis a bheidh le cur isteach i dteannta iarratais ar cheadúnas,

(e)  maidir leis na daoine agus leis na comhlachtaí nach mór dul i gcomhairle leo i ndáil le ceadúnas,

(f)  á chumasú do dhaoine aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt laistigh de thréimhse ama fhorordaithe,

(g)  á cheangal ar an iarratasóir aon fhaisnéis bhreise a chur isteach maidir lena iarratas nó lena hiarratas, agus

(h)  maidir leis an tréimhse ama ar lena linn nach mór cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar cheadúnas.

(3)  (a)  I gcás ina ndéanfar iarratas ar cheadúnas de réir rialachán faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh an ceadúnas a dheonú, an ceadúnas a dheonú faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis nó an ceadúnas a dhiúltú.

(b)  Le linn dó iarratas ar cheadúnas faoin alt seo a bhreithniú, beidh aird ag an údarás áitiúil ar na nithe seo a leanas—

(i)  aon fhaisnéis a bhaineann leis an iarratas agus a bheidh tugtha ag an iarratasóir dó de réir fho-alt (2)(d)(g),

(ii)  aon chomhchomhairliúcháin faoi fho-alt (2)(e),

(iii)  aon aighneachtaí a rinneadh chuige nó aon tuairimí a tugadh dó de réir fho-alt (2)(f),

(iv)  cibé acu a seoladh ócáidí ar an talamh lena mbaineann cheana,

(v)  na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (4), agus

(vi)  aon treoirlínte nó cóid chleachtais arna n-eisiúint ag an Aire nó ag aon Aire eile den Rialtas.

(4)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3)(a), féadfaidh baint a bheith ag coinníollacha a ndeonófar ceadúnas faoina réir le gach ceann nó le haon cheann díobh seo a leanas—

(a)  comhlíonadh aon treoirlínte nó cód cleachtais arna n-eisiúint ag an Aire nó ag aon Aire eile den Rialtas, nó aon fhorálacha de chuid na dtreoirlínte nó na gcód cleachtais sin;

(b)  sábháilteacht daoine a áirithiú san áit i dtaca leis an ócáid;

(c)  saoráidí leordhóthanacha a sholáthar do shláinte agus leas daoine san áit i dtaca leis an ócáid, lena n-áirítear saoráidí sláintíochta a sholáthar;

(d)  an comhshaol ina seolfar an ócáid a chosaint, lena n-áirítear bruscar a rialú;

(e)  ord poiblí a choimeád;

(f)  cur isteach ar an gcomharsanacht ina seolfar an ócáid a sheachaint nó a íoslaghdú;

(g)  soláthar modhanna iompair leordhóthanacha chuig an áit agus ón áit ina seolfar an ócáid a chinntiú;

(h)  an líon ócáidí a cheadófar ag ionad laistigh de thréimhse shonraithe nach faide ná bliain;

(i)  ranníoc airgeadais de mhéid sonraithe nó de mhéid arna ríomh ar bhonn sonraithe a íoc leis an údarás faoi chomhair an chostais mheasta a bheidh ar an údarás áitiúil as bearta a ghlacfaidh an t- údarás i dtaca leis an ócáid;

(j)  ranníoc airgeadais de mhéid sonraithe nó de mhéid arna ríomh ar bhonn sonraithe a íoc le duine nó le comhlacht a rachfar i gcomhairle leis nó léi de réir fho-alt (2)(e) faoi chomhair an chostais mheasta a bheidh ar an duine sin nó ar an gcomhlacht sin as bearta a ghlacfaidh an duine nó an comhlacht i dtaca leis an ócáid;

(k)  árachas dliteanais phoiblí a chothabháil;

(l)  fógraí a chur ar taispeáint le haghaidh daoine a bheidh ag freastal ar an ócáid maidir lena n-oibleagáidí agus lena niompar ag an ócáid.

(5)  Maidir le coinníollacha faoi fho-alt (4)(i)(j) lena gceanglaítear ranníoc airgeadais a íoc, féadfaidh nach mbeidh baint acu ach le hócáid a sheolfar go hiomlán nó go formhór ar bhrabach.

(6)  Ní bheidh duine i dteideal ócáid a sheoladh de bhíthin ceadúnais faoin alt seo agus dá bhíthin sin amháin.

Cóid chleachtais i ndáil le hócáidí.

232. —(1)  Féadfaidh an tAire nó aon Aire den Rialtas cóid chleachtais a tharraingt suas agus a eisiúint chun treoir phraiticiúil a thabhairt i leith cheanglais aon cheann d'fhorálacha iomchuí na Coda seo nó de na forálacha iomchuí faoin gCuid seo.

(2)  Sula n-eiseoidh an tAire nó aon Aire den Rialtais, de réir mar is cuí, cód cleachtais, rachaidh sé nó sí i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas nó le haon duine nó comhlacht eile is dealraitheach don Aire sin a bheith cuí.

(3)  Féadfaidh an tAire nó aon Aire den Rialtas, de réir mar is cuí, aon chód cleachtais a leasú nó a chúlghairm, tar éis dul i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas nó le haon duine nó comhlacht eile is dealraitheach don Aire sin a bheith cuí.

Fógra a sheirbheáil i ndáil le hócáidí.

233. —(1)  I gcás ina mbeidh cúis ag údarás áitiúil lena chreidiúint go bhfuil ócáid a gceanglaítear ceadúnas faoi alt 230 ina leith ag tarlú nó gur dóigh di tarlú—

(a)  gan ceadúnas den sórt sin, nó

(b)  de shárú ar théarmaí ceadúnais den sórt sin,

féadfaidh an t-údarás fógra a sheirbheáil faoin alt seo.

(2)  Féadfar a cheangal le fógra, de réir mar is cuí—

(a)  go scoirfear láithreach d'aon ócáid nó nach leanfar d'aon ullmhúcháin nó go n-athrófar aon ullmhúcháin a bheidh á ndéanamh i ndáil le hócáid,

(b)  go ndíchuirfear aon fhoirgnimh nó déanmhais shealadacha, aon ghléasra, innealra nó aon rud dá samhail ó thalamh a gcreidfidh an t-údarás go bhfuil sé ar intinn iad nó é a úsáid mar shuíomh ócáide, agus

(c)  go ndéanfar an bhail a bhí ar an talamh roimhe sin a chur arís air.

(3)  Aon duine a mhainneoidh coinníollacha an fhógra a sheirbheálfar faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Oibleagáidí ginearálta maidir le sábháilteacht ag ócáidí.

234. —(1)  Glacfaidh aon duine dá ndeonófar ceadúnas faoi alt 231 cibé cúram is réasúnach sna himthosca go léir, ag féachaint don chúram a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go ndéanfadh duine a bheidh ag freastal ar an ócáid a ghlacadh ar mhaithe lena shábháilteacht féin nó lena sábháilteacht féin agus i gcás ina mbeidh an duine ag an ócáid i gcuideachta duine eile, do mhéid na maoirseachta agus an rialaithe a bhféadfaí a bheith ag súil leis go bhfeidhmeodh an duine deireanach ar ghníomhaíochtaí an chéad duine chun a chinntiú nach mbainfidh díobháil nó damáiste do dhaoine a bheidh ar an talamh i dtaca leis an ócáid mar gheall ar aon bhaol a éiríonn as an ócáid cheadúnaithe nó as gníomhaíochtaí gaolmhara.

(2)  Beidh de dhualgas ar gach duine, agus é nó í ar thalamh i dtaca le hócáid lena mbaineann an t-alt seo, é féin nó í féin a iompar i slí a chinnteoidh, a mhéid is féidir sin le réasún, nach gcuirfear aon duine ar an talamh i mbaol de dhroim aon ghnímh nó aon neamhghnímh dá chuid nó dá cuid.

Cumhachtaí iniúchta i dtaca le hócáidí.

235. —(1)  Beidh duine údaraithe (faoi réir a údarás nó a húdarás i scríbhinn a thabhairt ar aird má iarrtar sin air nó uirthi) nó comhalta den Gharda Síochána i dteideal dul isteach, gach tráth réasúnach, ar aon talamh nó in aon déanmhas agus í nó é a iniúchadh chun aon chríche a bhaineann leis an gCuid seo.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), beidh duine údaraithe nó comhalta den Gharda Síochána, le linn do nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh, i dteideal—

(a)  a cheangal ar an duine a bheidh i gceannas ar an talamh nó ar an déanmhas lena mbaineann—

(i)  aon ní a mheasfaidh an duine údaraithe nó an comhalta den Gharda Síochána a bheith iomchuí a chur in iúl dó nó di, nó

(ii)  cibé pleananna, doiciméid nó faisnéis eile a sholáthar is gá chun a shuíomh go bhfuil ceanglais na Coda seo agus aon rialachán arna ndéanamh faoin gCuid seo, nó aon cheadúnas nó aon choinníollacha a mbeidh an ceadúnas faoina réir, á gcomhlíonadh,

(b)  cibé daoine agus trealamh a mheasfaidh sé nó sí is gá a thabhairt isteach leis nó léi ar thalamh agus cibé tástálacha a dhéanamh nó cibé nithe eile a dhéanamh a mheasfaidh sé nó sí is gá chun na gcríoch dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(3)  Aon duine—

(a)  a dhiúltóidh cead a thabhairt do dhuine údaraithe nó do chomhalta den Gharda Síochána dul isteach ar aon talamh agus é nó í ag feidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo,

(b)  a chuirfidh bac nó treampán ar dhuine údaraithe nó ar chomhalta den Gharda Síochána agus é nó í ag feidhmiú a chumhachta nó a cumhachta faoin alt seo, nó

(c)  a thabharfaidh go toiliúil nó go meargánta, do dhuine údaraithe nó do chomhalta den Gharda Síochána, faisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(4)  San alt seo, ciallaíonn “duine údaraithe” duine a bheidh údaraithe chun críocha an Achta seo ag údarás áitiúil.

Imeachtaí sibhialta a theorannú.

236. —(1)  Ní bheidh aon ábhar caingne ná imeachta eile ann, ná ní bheidh an céanna insaothraithe, i gcoinne an Aire nó i gcoinne údaráis áitiúil nó i gcoinne aon oifigigh nó fostaí de chuid údaráis áitiúil nó i gcoinne aon duine a bheidh ar fostú ag údarás áitiúil nó i gcoinne comhalta den Gharda Síochána chun damáistí a ghnóthú i leith aon díobhála do dhaoine, damáiste do mhaoin nó caillteanais eile a líomhnaítear gurb é ba chúis nó ba chionchúis léi mainneachtain aon fheidhm a thugtar don údarás áitiúil nó a fhorchuirtear air leis an gCuid seo nó fúithi a fheidhmiú.

(2)  Ní bheidh duine i dteideal aon imeachtaí sibhialta a thionscnamh de bhun na Coda seo de bhíthin amháin gur sáraíodh aon fhoráil den Chuid seo, nó aon rialacháin arna ndéanamh fúithi.

Forálacha iarmhartacha maidir le cionta.

237. —(1)  Féadfaidh an t-údarás áitiúil a mbeidh ceadúnas deonaithe aige faoi alt 231 é a chúlghairm i gcás ina ndéanfar an duine dá ndeonófar an ceadúnas a chiontú i gcion faoin gCuid seo.

(2)  Féadfaidh an t-údarás áitiúil ar ina limistéar a rinneadh cion faoin gCuid seo imeachtaí i leith an chiona a thionscnamh.

Údarás áitiúil do sheoladh ócáide.

238. —(1)  Aon ócáid a fhorordófar de réir alt 230(1) agus a bheartaíonn údarás áitiúil a sheoladh (dá ngairtear “ócáid bheartaithe” san alt seo), seolfar í de réir an ailt seo agus de réir aon rialachán arna ndéanamh faoi fho-alt (2).

(2)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir leis na nithe seo a leanas—

(a)  an t-údarás áitiúil d'fhoilsiú aon fhógra shonraithe maidir leis an ócáid bheartaithe,

(b)  an t-údarás áitiúil do thabhairt fógra d'aon duine nó daoine sonraithe nó an t-údarás áitiúil do dhul i gcomhairle leis an gcéanna,

(c)  aon doiciméid, sonraí, pleananna nó faisnéis eile a bheidh sonraithe maidir leis an ócáid bheartaithe a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag daoine den phobal,

(d)  aighneachtaí a dhéanamh chuig an údarás áitiúil, nó tuairimí a thabhairt dó, laistigh de thréimhse ama fhorordaithe maidir leis an ócáid bheartaithe.

(3)  (a)  Déanfaidh bainisteoir údaráis áitiúil, tar éis dheireadh na tréimhse a fhorordófar faoi fho-alt (2)(d) chun aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt, tuarascáil scríofa i ndáil leis an ócáid bheartaithe a ullmhú agus cuirfidh sé nó sí an tuarascáil faoi bhráid chomhaltaí an údaráis áitiúil.

(b)  I dtuarascáil a ullmhófar de réir mhír (a)

(i)  sonrófar an ócáid bheartaithe,

(ii)  sonrófar na nithe dá dtagraítear in alt 231(4) a mbeidh seoladh na hócáide beartaithe faoina réir,

(iii)  liostófar na daoine nó na comhlachtaí a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí maidir leis an ócáid bheartaithe de réir na rialachán arna ndéanamh faoi fho-alt (2),

(iv)  tabharfar achoimre ar na saincheisteanna a bheidh dúisithe in aon aighneachtaí nó tuairimí den sórt sin agus luafar freagra an bhainisteora orthu, agus

(v)  molfar cibé acu is coir nó nach cóir an ócáid bheartaithe a sheoladh.

(c)  Déanfaidh comhaltaí an údaráis áitiúil, a luaithe is féidir, an ócáid bheartaithe agus tuarascáil an bhainisteora faoi mhír (a) a bhreithniú.

(d)  Tar éis tuarascáil an bhainisteora a bhreithniú faoi mhír (c), féadfar an ócáid bheartaithe a sheoladh de réir mar a bheidh molta i dtuarascáil an bhainisteora, mura gcinnfidh an t-údarás áitiúil, le rún, an ócáid a athrú nó a mhodhnú, ar shlí seachas mar a bheidh molta i dtuarascáil an bhainisteora, nó mura gcinnfidh sé gan dul ar aghaidh leis an ócáid.

(e)  Ní foláir rún faoi mhír (d) a rith tráth nach déanaí ná 6 sheachtain tar éis tuarascáil an bhainisteora a fháil.

Aontaí súgraidh a rialú.

239. —(1)  San alt seo—

folaíonn “trealamh faiche aonaigh” aon mharcaíocht faiche aonaigh nó aon trealamh dá shamhail atá deartha lena bheith ar gluaiseacht chun críocha siamsaíochta agus daoine den phobal uirthi nó laistigh di, aon trealamh atá deartha lena úsáid ag daoine den phobal chun críocha siamsaíochta cibé acu mar shleamhnán nó chun preabadh air, agus aon luascáin, tuairtcharranna agus trealamh eile atá deartha lena bheith ar gluaiseacht go hiomlán nó go páirteach faoi rialú duine den phobal, nó lena chur ar gluaiseacht ag duine den phobal, nó aon trealamh a fhorordófar, ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn “aonach súgraidh” siamsaíocht ina mbaintear úsáid as trealamh faiche aonaigh.

(2)  Glacfaidh eagraí aonaigh súgraidh agus úinéir trealaimh faiche aonaigh a úsáidfear ag aonach súgraidh cibé cúram is réasúnach sna himthosca go léir, ag féachaint don chúram a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go ndéanfadh duine a bheidh ag freastal ar an aonach súgraidh a ghlacadh ar mhaithe lena shábháilteacht nó lena sábháilteacht féin agus, i gcás ina mbeidh an duine ag an ócáid i gcuideachta duine eile, do mhéid na maoirseachta agus an rialaithe a bhféadfaí a bheith ag súil leis go bhfeidhmeodh an duine deireanach ar ghníomhaíochtaí an chéad duine, chun a chinntiú nach mbainfidh díobháil nó damáiste do dhaoine a bheidh ar an talamh i dtaca leis an aonach súgraidh mar gheall ar aon bhaol a éiríonn as an aonach súgraidh nó as gníomhaíochtaí comhghaolmhara.

(3)  Beidh de dhualgas ar gach duine, agus é nó í ar thalamh i dtaca le haonach súgraidh lena mbaineann an t-alt seo, é féin nó í féin a iompar i slí a chinnteoidh, a mhéid is féidir sin le réasún, nach gcuirfear aon duine ar an talamh i mbaol de dhroim aon ghnímh nó aon neamhghnímh dá chuid nó dá cuid.

(4)  (a)  Ní chuirfidh eagraí aonaigh súgraidh ná úinéir trealaimh faiche aonaigh aon trealamh faiche aonaigh ar fáil lena úsáid ag an bpobal mura mbeidh deimhniú bailí sábháilteachta ag an trealamh sin de réir rialachán arna ndéanamh faoi fho-alt (5).

(b)  Aon eagraí aonaigh súgraidh nó úinéir trealaimh faiche aonaigh a chuirfidh aon trealamh faiche aonaigh ar fáil lena úsáid ag an bpobal ar shlí seachas de réir mhír (a), beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5)  Déanfaidh an tAire, le rialacháin, foráil maidir le cibé nithe a bhaineann le nós imeachta, riarachán agus rialú is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach i ndáil le hiarratais ar dheimhnithe sábháilteachta don trealamh faiche aonaigh agus i ndáil le deonú na ndeimhnithe sin.

(6)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (5), féadfar le rialacháin faoin bhfo-alt sin foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(a)  an aicme nó na haicmí daoine atá i dteideal deimhnithe sábháilteachta a dheonú,

(b)  na nithe a bheidh le cur i gcuntas le linn breith a thabhairt ar iarratais ar dheimhnithe sábháilteachta,

(c)  táille fhorordaithe a íoc ar iarratas ar dheimhniú sábháilteachta,

(d)  tréimhse bhailíochta deimhnithe sábháilteachta, agus

(e)  aon aicme trealaimh faiche aonaigh a bheidh díolmhaithe ó fhorálacha an ailt seo.

(7)  (a)  Aon duine a bheartaíonn aonach súgraidh a sheoladh nó a eagrú, seachas in áit ina mbeidh oibriú trealamh aonaigh súgraidh údaraithe le cead faoi Chuid III den Acht seo nó faoi Chuid IV d'Acht 1963, nó nach úsáid neamhúdaraithe é ar shlí eile, tabharfaidh sé nó sí fógra 2 sheachtain (nó cibé tréimhse eile fógra a fhorordófar) i scríbhinn don údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme a bheidh an t-aonach súgraidh le seoladh.

(b)  Beidh ag gabháil leis an bhfógra dá dtagraítear i mír (a) deimhniú bailí sábháilteachta don trealamh faiche aonaigh a úsáidfear ag an aonach súgraidh agus tabharfar mionsonraí ann maidir le hainmneacha eagraí an aonaigh súgraidh, úinéir nó úinéirí an trealaimh faiche aonaigh a úsáidfear ag an aonach súgraidh agus an suíomh agus na dátaí ar a seolfar an t-aonach súgraidh.

(8)  (a)  I gcás ina mbeidh cúis ag údarás áitiúil chun a chreidiúint go bhfuil aonach súgraidh á sheoladh, nó gur dóigh go seolfar aonach súgraidh, nach gcomhlíonann fo-alt (4)(7), féadfaidh an t-údarás fógra a sheirbheáil ar aon duine a gcreideann sé go bhfuil an t-aonach súgraidh á sheoladh nó á eagrú aige nó aici nó go bhfuil baint ábhartha ar shlí eile aige nó aici le heagrú an aonaigh súgraidh.

(b)  Féadfar a cheangal le fógra faoi mhír (a), de réir mar is cuí—

(i)  go scoirfear láithreach d'aon ghníomhaíocht nó d'aon ullmhúcháin a bheidh á ndéanamh i ndáil leis an aonach súgraidh laistigh de thréimhse shonraithe,

(ii)  go scoirfear láithreach d'úsáid aon trealaimh faiche aonaigh nach bhfuil deimhniú bailí sábháilteachta ann dó,

(iii)  go ndíchuirfear, laistigh de thréimhse shonraithe, aon trealamh faiche aonaigh, foirgnimh nó déanmhais shealadacha, gléasra, innealra nó trealamh dá samhail a gcreidfidh an t-údarás go bhfuil ar intinn iad nó é a úsáid i ndáil leis an aonach súgraidh, agus

(iv)  go ndéanfar an bhail a bhí ar an talamh roimhe sin a chur arís air laistigh de thréimhse shonraithe.

(c)  Aon duine ar a seirbheálfar fógra faoi mhír (a) agus a mhainneoidh ceanglais an fhógra a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(d)  I gcás ina mainneoidh duine fógra a sheirbheálfar ar an duine faoin alt seo a chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann, trína fhostaithe nó trína ghníomhairí—

(i)  éifeacht a thabhairt do théarmaí an fhógra, agus

(ii)  i gcás inar gá chun na críche sin, dul isteach ar an talamh lena mbaineann,

agus féadfaidh sé an caiteachas a thabhóidh sé nó sí le réasún á dhéanamh sin a ghnóthú ón duine mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(e)  Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar an údarás áitiúil i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoi mhír (d), beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Ócáidí agus aontaí súgraidh a eisiamh ó rialú pleanála.

240. —(1)  Faoi réir fho-alt (2), ní dhéanfar seoladh ócáide lena mbaineann an Chuid seo agus oibreacha a bhaineann go díreach nó d'aon toisc le seoladh ócáide den sórt sin a fhorléiriú mar “forbairt” de réir bhrí an Achta seo.

(2)  (a)  D'ainneoin alt 230239, ní dhéanfaidh forálacha na Coda seo difear do bhailíocht aon cheada pleanála arna dheonú faoi Chuid IV d'Acht 1963 chun ócáid nó ócáidí a sheoladh nó le haghaidh aonaigh súgraidh.

(b)  I gcás inar deonaíodh cead pleanála dá dtagraítear i mír (a) chun ócáid nó ócáidí a sheoladh i leith talún, beidh gá le ceadúnas faoin gCuid seo chun aon ócáid bhreise a sheoladh ar an talamh lena mbaineann.

Rialacháin maidir le hócáid.

241. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforálfar gur ócáid chun críocha na Coda seo aon ghníomhaíocht nó aicme gníomhaíochta a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi agus atá ar siúl go hiomlán nó go formhór amuigh faoin aer nó i ndéanmhas nach bhfuil díon air nó a bhfuil díon páirteach, sealadach nó inardaithe air, i bpuball nó i ndéanmhas sealadach dá shamhail.

CUID XVII

Forálacha Airgeadais

Caiteachais riaracháin an Aire.

242. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Muirearú caiteachas údaráis pleanála ar comhairle contae é.

243. —Déanfar caiteachais faoin Acht seo de chuid údaráis pleanála, ar comhairle contae é, a mhuirearú ar an gcontae (gan gach buirg agus ceantar uirbeach ann a áireamh).

Comhchaiteachais údarás pleanála a chionroinnt.

244. —(1)  Féadfaidh dhá údarás phleanála nó níos mó, le rún, comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích chun an costas a bhaineann le comhlíonadh a bhfeidhmeanna uile nó aon cheann dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo a roinnt agus, i gcás go mbeidh comhaontú déanta faoin bhfo-alt seo, féadfaidh na húdaráis phleanála lena mbaineann, le rún, é a fhoirceannadh tráth ar bith má chomhaontaíonn siad amhlaidh.

(2)  I gcás ina mbeartaíonn údarás pleanála feidhm faoin Acht seo a chomhlíonadh ina limistéar feidhme ar iarraidh ó údarás pleanála eile nó go hiomlán nó go páirteach ar mhaithe le limistéar údaráis pleanála eile (ar údarás pleanála é a bhfuil a limistéar tadhlach le limistéar an údaráis pleanála chéadluaite), íocfaidh an t-údarás pleanála eile costas na feidhme a chomhlíonadh a mhéid ar a gcomhaontófar idir na húdaráis nó, cheal comhaontú, a mhéid a chinnfidh an tAire.

Cumhacht chun fritháirimh.

245. —I gcás ina mbeidh suim dlite faoin Acht seo d'aon duine ó údarás pleanála agus, san am céanna, go mbeidh suim eile faoin Acht seo dlite ón duine sin don údarás sin, féadfar an chéad suim a fhritháireamh i gcoinne an dara suim go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is cuí.

Táillí is iníoctha le húdaráis phleanála.

246. —(1)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir leis na nithe seo a leanas—

(a)  táillí forordaithe a íoc le húdaráis phleanála i ndáil le hiarratais ar na nithe seo a leanas—

(i)  cead faoi Chuid III, nó

(ii)  fadú nó fadú breise faoi alt 42,

(b)  táillí forordaithe a íoc le húdaráis phleanála i ndáil le haighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt maidir le hiarratais ar chead dá dtagraítear i mír (a),

(c)  táillí forordaithe a íoc le húdaráis phleanála i ndáil le hiarrataí ar dhearbhuithe faoi alt 5,

(d)  táillí forordaithe a íoc le húdaráis phleanála i ndáil le hiarratais ar dheonú ceadúnas faoi alt 231 nó ar dheimhnithe sábháilteachta faoi alt 239, agus

(e)  táillí forordaithe a íoc le húdaráis phleanála i ndáil le hiarratais ar dheonú ceadúnas faoi alt 254,

agus féadfar foráil a bheith sna rialacháin i dtaobh táillí éagsúla a íoc i ndáil le cásanna d'aicmí nó de thuairiscí éagsúla, i dtaobh díolúine a thabhairt ó tháillí a íoc in imthosca sonraithe, i dtaobh táillí a tharscaoileadh, a mhaitheamh nó a aisíoc (go hiomlán nó go páirteach) in imthosca sonraithe agus i dtaobh an mhodha ina ndéanfar táillí a dhiúscairt.

(2)  Féadfaidh an tAire a fhorordú, maidir leis an táille is iníoctha leis an údarás ar iarratas ar chead faoi alt 34(12), gur de mhéid í a bhainfidh le costas measta na forbartha, nó an chuid neamhúdaraithe den chéanna, de réir mar a bheidh.

(3)  (a)  Más rud é, faoi rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha le húdarás pleanála nó le húdarás áitiúil ag iarratasóir i leith iarratais faoi mhír (a), (d)(e) d'fho-alt (1) nó ag duine a dhéanfaidh iarraidh ar dhearbhú faoi mhír (c) d'fho-alt (1), ní chinnfear an tiarratas, ná ní eiseofar an dearbhú, mura mbeidh an táille faighte ag an údarás.

(b)  D'ainneoin aon ní in alt 34(8)42(2), maidir le hiarratas faoi mhír (a) d'fho-alt (1), ní mheasfar, de bhun aon cheann de na hailt sin, cinneadh ag údarás pleanála a bheith tugtha lá is túisce ná lá atá 8 seachtain tar éis an lae a bheidh an táille faighte ag an údarás, agus déanfar alt 34(8) agus 42(2) a fhorléiriú faoi réir agus de réir fhorálacha na míre seo.

(4)  Más rud é, faoi rialacháin faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha le húdarás pleanála nó le húdarás áitiúil agus nach é an duine ag a bhfuil an táille iníoctha an t-iarratasóir ar chead, ar cheadú nó ar cheadúnas, ní bhreithneoidh an t-údarás pleanála nó an t-údarás áitiúil aighneachtaí a bheidh déanta nó tuairimí a bheidh tugtha maidir leis an iarratas, leis an achomharc nó leis an tarchur iomchuí ag an duine nó thar ceann an duine ag a bhfuil an táille iníoctha, mura mbeidh an táille faighte ag an údarás.

(5)  Sonróidh údarás pleanála táillí chun cóipeanna a dhéanamh faoi alt 7, 16(1) agus 38(4), ar táille í nach mó ná an costas réasúnach a ghabhann leis na cóipeanna sin a dhéanamh.

CUID XVIII

Ilghnéitheach

Comhchomhairliúcháin i ndáil le forbairt bheartaithe.

247. —(1)  Aon duine a bhfuil leas aige nó aici i dtalamh agus a bhfuil ar intinn aige nó aici iarratas pleanála a dhéanamh, féadfaidh sé nó sí, le comhaontú an údaráis pleanála lena mbaineann (is comhaontú nach gcoimeádfar siar go míréasúnach), comhchomhairliúcháin a dhéanamh leis an údarás pleanála chun aon fhorbairt bheartaithe i ndáil leis an talamh a phlé agus féadfaidh an t-údarás pleanála comhairle a thabhairt don duine sin maidir leis an iarratas beartaithe.

(2)  In aon chomhchomhairliúcháin faoi fho-alt (1), tabharfaidh an t-údarás pleanála eolas don duine lena mbaineann i dtaobh na nósanna imeachta a ghabhann le hiarratas pleanála a bhreithniú, lena n-áirítear aon cheanglais de chuid na rialachán ceada, agus cuirfidh sé in iúl, a mhéid is féidir, na cuspóirí iomchuí den phlean forbartha a d'fhéadfadh fearadh ar chinneadh an údaráis pleanála.

(3)  Ní dochar comhchomhairliúcháin a dhéanamh do chomhlíonadh aon fheidhmeanna eile dá chuid ag údarás pleanála faoin Acht seo nó faoi aon rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo agus ní féidir brath air sa phróiseas foirmiúil pleanála nó in imeachtaí dlíthiúla.

(4)  (a)  Chun ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, féadfaidh údarás pleanála a shonrú go bhféadfar comhchomhairliúcháin a sheoladh tráthanna áirithe agus in ionaid áirithe agus ní bheidh d'oibleagáid ar an údarás comhchomhairliúcháin a dhéanamh ar shlí seachas mar a shonróidh sé.

(b)  I gcás ina gcinnfidh údarás pleanála comhchomhairliúcháin a sheoladh de réir mhír (a), déanfaidh sé, uair amháin ar a laghad gach bliain, fógra i dtaobh na dtráthanna a sheolfar, agus na n-ionad ina seolfar, comhchomhairliúcháin a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear i limistéar an údaráis.

(5)  Coimeádfaidh an t-údarás pleanála taifead i scríbhinn ar aon chomhchomhairliúcháin faoin alt seo a bhaineann le forbairt bheartaithe, lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine a bhí páirteach sna comhchomhairliúcháin, agus déanfar cóip den taifead sin a thaisceadh agus a choinneáil leis na doiciméid lena mbaineann aon iarratas pleanála i leith na forbartha beartaithe.

(6)  Beidh comhalta nó oifigeach d'údarás pleanála ciontach i gcion má ghlacann, nó má iarrann, sé nó sí aon fhabhar, sochar nó íocaíocht, díreach nó neamhdhíreach (thar a cheann nó thar a ceann féin nó thar ceann aon duine nó comhlachta eile), i dtaca le haon chomhchomhairliúchán a dhéanfar nó le haon chomhairle a thabharfar faoin alt seo.

Faisnéis atá le soláthar i bhfoirm leictreonach.

248. —(1)  Faoi réir fho-alt (2), aon doiciméad nó faisnéis eile a gceanglaítear nó a gceadaítear faoin Acht seo nó faoi aon rialacháin arna ndéanamh faoi Acht seo go ndéanfadh an tAire, an t-údarás pleanála, an Bord nó aon duine eile é nó í a thabhairt i scríbhinn, féadfar é nó í a thabhairt i bhfoirm leictreonach.

(2)  Ní fhéadfar doiciméad nó faisnéis dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt i bhfoirm leictreonach ach amháin—

(a)  más rud é, an tráth a tugadh é nó í, go raibh sé réasúnach a bheith ag súil go mbeadh sé nó sí sorochtana ag an údarás pleanála, ag an mBord nó ag aon duine eile a raibh sé nó sí dírithe chuige nó chuici, chun tagairt dó nó di nó lena úsáid nó lena húsáid dá éis sin,

(b)  i gcás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear an doiciméad nó an fhaisnéis sin a thabhairt d'údarás pleanála nó don Bhord agus ina dtoilíonn an t-údarás pleanála nó an Bord leis an bhfaisnéis a thabhairt san fhoirm sin, ach ina gceanglaíonn sé—

(i)  go dtabharfar an fhaisnéis de réir teicneolaíochta faisnéise agus ceanglas nós imeachta áirithe, nó

(ii)  go ndéanfar gníomh áirithe chun a fhíorú go bhfuarthas an fhaisnéis,

má comhlíonadh ceanglais an údaráis pleanála nó an Bhoird agus má rinneadh na ceanglais sin a phoibliú agus má tá siad oibiachtúil, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus

(c)  i gcás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear an doiciméad sin nó an fhaisnéis sin a thabhairt do dhuine nach údarás pleanála é nó í ná nach é nó í an Bord é nó í, má thoilíonn an duine a gceanglaítear nó a gceadaítear an doiciméad nó an fhaisnéis eile a thabhairt dó nó di leis an bhfaisnéis a thabhairt san fhoirm sin.

(3)  Aon doiciméad nó faisnéis a cheanglaítear ar an údarás pleanála nó ar an mBord, nó a cheadaítear don údarás pleanála nó don Bhord, a choimeád nó a thabhairt ar aird, cibé acu ar feadh tréimhse áirithe nó ar shlí eile, agus cibé acu ina fhoirm nó ina foirm bhunaidh nó ar shlí eile, féadfar é nó í a choimeád nó a thabhairt ar aird amhlaidh, de réir mar a bheidh, i bhfoirm leictreonach.

(4)  Ní dochar fo-ailt (1), (2) agus (3) d'aon dlí eile lena gceanglaítear nó lena gceadaítear doiciméid nó faisnéis eile a thabhairt, a choimeád nó a thabhairt ar aird, de réir mar a bheidh, de réir ceanglas sonraithe nós imeachta nó de réir teicneolaíochta faisnéise áirithe.

(5)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir le húsáid teicneolaíochta faisnéise áirithe nó le ceanglais eile nós imeachta, nó lena gceanglaítear an céanna, i ndáil le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe doiciméad nó faisnéise eile a thabhairt, a choimeád nó a thabhairt ar aird i bhfoirm leictreonach.

(6)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (5), féadfaidh feidhm a bheith ag na rialacháin maidir le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe doiciméad nó faisnéise eile, nó ar feadh tréimhse áirithe.

(7)  Tá feidhm ag an alt seo maidir le ceanglas nó le cead chun doiciméid nó faisnéis eile a thabhairt cibé acu a úsáidfear an focal “tabhairt”, “déanamh”, “cur ar fáil”, “cur faoi bhráid”, “tabhairt ar aird” nó focal nó abairt dá shamhail.

(8)  (a)  Ní dochar an t-alt seo do na ceanglais faoi alt 250 i ndáil le fógra nó cóip d'ordú a sheirbheáil nó a thabhairt mura mbeidh sé forordaithe i rialacháin a dhéanfar faoi mhír (b).

(b)  Féadfaidh an tAire, le rialachán, feidhm an ailt seo a leathnú chuig fógra nó cóip d'ordú a sheirbheáil nó a thabhairt faoi alt 250, i gcás inar dóigh leis an Aire nár dhochar do leas an phobail é déanamh amhlaidh agus beidh feidhm, dá réir sin, ag an alt arna leathnú amhlaidh.

(9)  San alt seo—

folaíonn “doiciméid nó faisnéis eile” na nithe seo a leanas, ach ní bheidh sé teoranta dóibh—

(a)  plean forbartha nó aon dréacht de nó athrú air,

(b)  iarratas ar chead nó aon doiciméad eile a shonraítear in alt 38(1),

(c)  aon léarscáil, plean nó líníocht eile, agus

(d)  aighneachtaí nó tuairimí scríofa;

ciallaíonn “foirm leictreonach” faisnéis a ghintear, a chuirtear i bhfios, a phróiseáiltear, a sheoltar, a fhaightear, a thaifeadtar, a stóráiltear nó a thaispeántar ar mhodh leictreonach agus ar féidir í a úsáid chun cóip nó atáirgeadh inléite a dhéanamh den fhaisnéis sin a chuirtear i bhfios, ach ní fholaíonn sé faisnéis a chuirtear i bhfios i bhfoirm urlabhra, agus folaíonn modh leictreonach den sórt sin teicneolaíocht leictreach, dhigiteach, mhaighnéadach, optúil, leictreamaighnéadach, bhithmhéadrach, fhótónach agus aon fhoirm teicneolaíochta gaolmhaire eile.

Ceanglais bhreise maidir le fógra a thabhairt don phobal.

249. —(1)  I gcás ina gceanglaítear le haon fhoráil den Acht seo fógra a thabhairt i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear i limistéar údaráis pleanála, féadfaidh an t-údarás pleanála, i dteannta cheanglais na forála áirithe agus a mhéid is cuí leo, an fógra a thabhairt nó aird an phobail a tharraingt ar an bhfógra trí fhoirmeacha eile meán lena n-áirítear na meáin chraolacháin agus úsáid a bhaint as foirmeacha leictreonacha chun faisnéis a sholáthar.

(2)  I gcás ina gceanglaítear le haon fhoráil den Acht seo fógra a thabhairt d'aon duine a rinne uiríll nó aighneachtaí chuig údarás pleanála nó a thug tuairimí dó, féadfaidh an t-údarás pleanála an ceanglas sin a ligean thar ceal más rud é—

(a)  go mbeidh líon mór uiríoll nó aighneachtaí déanta chuig an údarás pleanála, nó líon mór tuairimí tugtha dó, mar chuid d'fheachtas eagraithe, nó

(b)  nach féidir go héasca ainm agus seoladh iomlán na ndaoine sin a rinne na huiríll nó na haighneachtaí nó a thug na tuairimí a fhionnadh go cinnte,

ar choinníoll go n-úsáidfidh an t-údarás modh éigin eile chun fógra a thabhairt don phobal, ar modh é ar deimhin leis an údarás gur féidir leis aird an phobail a tharraingt go leormhaith ar an bhfógra sin lena n-áirítear, i gcás feachtais eagraithe dá dtagraítear i mír (a), fógra a thabhairt d'aon duine a rinne, i dtuairim an údaráis pleanála, an feachtas a eagrú.

Fógraí a sheirbheáil, etc.

250. —(1)  I gcás ina gceanglaítear nó ina n-údaraítear leis an Acht seo nó le haon ordú nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo fógra nó cóip d'ordú a sheirbheáil ar dhuine nó a thabhairt do dhuine, déanfar é nó í a dhíriú chuige nó chuici agus a sheirbheáil air nó uirthi nó a thabhairt dó nó di ar cheann de na slite seo a leanas—

(a)  más faoina ainm nó faoina hainm a bheidh sé nó sí dírithe chuig an duine, trína sheachadadh nó trína seachadadh air nó uirthi;

(b)  trína fhágáil nó trína fágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;

(c)  trína chur nó trína cur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige nó chuici ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, nó i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;

(d)  más rud é nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi a fhionnadh trí fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear nó go n-údaraítear amhlaidh an fógra nó an chóip a thabhairt nó a sheirbheáil i leith aon talún nó áitribh, trína sheachadadh nó trína seachadadh ar dhuine éigin atá os cionn 16 bliana d'aois agus a chónaíonn nó atá ar fostú ar an talamh nó san áitreabh, nó trína ghreamú nó trína greamú in áit fheiceálach ar an talamh nó ar an áitreabh, nó gar dó;

(e)  i dteannta na modhanna seirbheála a ndéantar foráil ina leith i míreanna (a), (b), (c) agus (d), trína sheachadadh nó trína seachadadh (i gcás fógra forfheidhmiúcháin) ar dhuine éigin atá os cionn 16 bliana d'aois agus atá ar fostú, nó atá fruilithe ar shlí eile, i dtaca leis an bhforbairt lena mbaineann an fógra a dhéanamh, nó trína ghreamú nó trína greamú in áit fheiceálach ar an talamh nó ar an áitreabh lena mbaineann.

(2)  I gcás ina gceanglaítear leis an Acht seo nó le haon ordú nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo fógra nó cóip d'ordú a sheirbheáil ar úinéir nó ar áititheoir aon talún nó áitribh, nó a thabhairt dó nó di, agus nach féidir ainm an úinéara nó an áititheora a fhionnadh trí fhiosrú réasúnach, féadfar é nó í a dhíriú chuig “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir”, de réir mar is gá sa chás, gan é nó í a ainmniú.

(3)  Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta arna clárú faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999, ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a phríomháit ghnó.

(4)  I gcás ina ndéanfar fógra nó cóip d'ordú a sheirbheáil ar dhuine nó a thabhairt do dhuine trína ghreamú nó trína greamú faoi fho-alt (1)(d), déanfar, laistigh de dhá sheachtain dá éis sin, cóip den fhógra nó den ordú a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear sa limistéar deireanach arb eol cónaí a bheith ar an duine ann.

(5)  Aon duine a dhéanfaidh, tráth ar bith le linn na tréimhse 12 sheachtain tar éis fógra a ghreamú faoi fho-alt (1)(d), an fógra a dhíchur, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(6)  Aon duine a dhéanfaidh, gan údarás dleathach, fógra a cheanglaítear a thógáil ar láithreán forbartha faoi na rialacháin cheada nó ag an mBord faoi alt 142(4) a dhíchur, a dhamáistiú nó a aghlot, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(7)  I gcás inar deimhin leis an Aire nó leis an mBord go bhfuil forais réasúnacha ann chun seirbheáil nó tabhairt fógra nó cóipe d'ordú faoin Acht seo nó faoi aon ordú nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo a ligean thar ceal agus nach ndéanfaidh sé díobháil nó éagóir seirbheáil nó tabhairt an fhógra nó na cóipe a ligean thar ceal, féadfaidh an tAire nó an Bord seirbheáil nó tabhairt an fhógra nó na cóipe a ligean thar ceal agus beidh éifeacht le gach ligean thar ceal den sórt sin de réir a bhrí.

(8)  Féadfar ligean thar ceal faoi fho-alt (7) a thabhairt roimh an tráth nó tar éis an trátha a gceanglófaí, murach an ligean thar ceal, an fógra nó an chóip a sheirbheáil nó a thabhairt agus sula ndéanfar aon ghníomh, nó tar éis aon ghníomh a dhéanamh, ar réamhchoinníoll a ghabhfadh leis, murach an ligean thar ceal, an fógra nó an chóip.

(9)  San alt seo, folaíonn “fógra” litir rabhaidh.

Tréimhse chuí agus teorainneacha ama eile thar laethanta saoire a ríomh.

251. —(1)  I gcás ina ndéanfar aon tréimhse chuí nó aon teorainn ama eile dá dtagraítear san Acht seo nó in aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo a ríomh, tabharfar neamhaird ar an tréimhse idir an 24ú lá de Nollaig agus an chéad lá d'Eanáir, agus an dá lá sin san áireamh.

(2)  Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon tréimhse ama a shonraítear i gCuid II den Acht seo.

Cumhacht duine údaraithe chun dul isteach ar thalamh.

252. —(1)  Féadfaidh duine údaraithe, faoi réir fhorálacha eile an ailt seo, dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach idir 9 a.m. agus 6 p.m., nó le linn uaireanta gnó i leith áitribh a bhíonn ar oscailt de ghnáth lasmuigh de na huaireanta sin, chun aon chríche a bhaineann leis an Acht seo.

(2)  Féadfaidh duine údaraithe a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo gach rud a dhéanamh is gá le réasún chun na críche ar chuici a rachfar isteach agus, go háirithe, féadfaidh sé nó sí suirbhéireacht a dhéanamh, iniúchtaí a sheoladh, pleananna a dhéanamh, grianghraif a thógáil, leibhéil a ghlacadh, tochailt a dhéanamh, agus scrúdú a dhéanamh ar dhoimhneacht agus ar chineál na fo-ithreach.

(3)  Sula rachaidh duine údaraithe isteach ar aon talamh faoin alt seo, gheobhaidh an t-údarás cuí toiliú an áititheora (i gcás talún áitithe) nó (i gcás talún neamháitithe) toiliú an úinéara nó tabharfaidh sé don úinéir nó don áititheoir, de réir mar a bheidh, fógra 14 lá ar a laghad i scríbhinn á rá go bhfuil ar intinn dul isteach air.

(4)  Maidir le duine a mbeidh fógra tugtha dó nó di faoin alt seo ag an údarás cuí á rá go bhfuil ar intinn dul isteach ar thalamh, féadfaidh sé nó sí, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis an fógra a thabhairt, iarratas a dhéanamh, iar bhfógra don údarás, chuig an mbreitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa dúiche cúirte dúiche ina bhfuil an talamh nó cuid den talamh, ar ordú chun an dul isteach a thoirmeasc, agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an breitheamh an dul isteach a thoirmeasc ar fad nó coinníollacha a shonrú a bheidh le comhlíonadh ag an duine a rachaidh isteach ar an talamh.

(5)  I gcás ina gcuirfidh breitheamh den Chúirt Dúiche toirmeasc faoin alt seo ar dhul isteach beartaithe ar thalamh, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach faoin alt seo ar an talamh, agus i gcás ina sonróidh breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag daoine a bheidh ag dul isteach ar thalamh, ní foláir do gach duine a rachaidh isteach faoin alt seo ar an talamh na coinníollacha a shonrófar amhlaidh a chomhlíonadh.

(6)  (a)  Más rud é (i gcás talún áitithe) go ndiúltóidh an t-áititheoir nó (i gcás talún neamháitithe) go ndiúltóidh an t-úinéir cead a thabhairt cumhacht a thugtar leis an alt seo do dhuine údaraithe a fheidhmiú, féadfaidh an t-údarás cuí iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche chun an dul isteach a cheadú.

(b)  Déanfar iarratas faoin bhfo-alt seo, iar bhfógra don duine a dhiúltaigh cead a thabhairt an chumhacht chun dul isteach a fheidhmiú, chuig an mbreitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa dúiche cúirte dúiche ina bhfuil an talamh nó cuid den talamh.

(7)  Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (3), (4) agus (5) maidir le dul isteach chun críocha Chuid III agus, i gcás ina mbeidh aon dul isteach den sórt sin beartaithe, má dhiúltaíonn an t-áititheoir (i gcás talún áitithe) nó an t-úinéir (i gcás talún neamháitithe) cead a thabhairt dul isteach—

(a)  ní rachfar isteach mura mbeidh sé sin údaraithe le hordú ón mbreitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa dúiche cúirte dúiche ina bhfuil an talamh nó cuid den talamh agus, i gcás talún áitithe, go dtí go mbeidh fógra 24 uaire an chloig ar a laghad á rá go bhfuil ar intinn dul isteach, agus i dtaobh an chuspóra atá leis an dul isteach sin, tugtha don áititheoir,

(b)  déanfar iarratas ar ordú den sórt sin iar bhfógra (i gcás talún áitithe) don áititheoir nó (i gcás talún neamháitithe) don úinéir.

(8)  Féadfaidh duine údaraithe, i bhfeidhmiú aon chumhachta a thugtar dó nó di leis an Acht seo, i gcás ina mbeidh coinne aige nó aici go gcuirfear aon bhac air nó uirthi i bhfeidhmiú aon chumhachta eile a thugtar dó nó di leis an Acht seo nó faoi, a iarraidh ar chomhalta den Gharda Síochána cabhrú leis nó léi cumhacht den sórt sin a fheidhmiú agus déanfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána a n-iarrfaidh duine údaraithe air nó uirthi amhlaidh an tiarratas a chomhlíonadh.

(9)  Gach duine a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, duine údaraithe a bhac le linn na cumhachtaí a thugtar dó nó di leis an alt seo a fheidhmiú go dleathach, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(10)  Tabharfar deimhniú a cheaptha nó a ceaptha do gach duine údaraithe agus nuair a bheidh aon chumhacht a thugtar dó nó di leis an Acht seo nó faoi á feidhmiú aige nó aici, déanfaidh an duine údaraithe, má iarrann aon duine dá ndéantar difear é, an deimhniú a thabhairt ar aird don duine sin.

(11)  San alt seo agus in alt 253

ciallaíonn “údarás cuí”—

(a)  i gcás inar údarás áitiúil a cheap an duine údaraithe — an t-údarás sin,

(b)  i gcás inarbh é nó í an tAire a cheap an duine údaraithe — an tAire, agus

(c)  i gcás inarbh é an Bord a cheap an duine údaraithe — an Bord;

ciallaíonn “duine údaraithe” comhalta den Bhord nó duine a bheidh ceaptha ag údarás áitiúil, ag an Aire nó ag an mBord chun bheith ina dhuine údaraithe nó ina duine údaraithe chun críocha an ailt seo agus alt 253.

Cumhachtaí chun dul isteach i ndáil le forfheidhmiú.

253. —(1)  D'ainneoin alt 252, féadfaidh duine údaraithe, chun aon chríche a bhaineann le Cuid VIII, gach tráth réasúnach, nó tráth ar bith má tá forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil forbairt neamhúdaraithe déanta nó á déanamh nó gur dóigh go ndéanfar í, dul isteach in aon áitreabh agus cibé daoine (lena n-áirítear comhaltaí den Gharda Síochána) nó trealamh is dóigh leis nó léi is gá chun na críche a thabhairt isteach san áitreabh sin.

(2)  Faoi réir fho-alt (4), ní rachaidh duine údaraithe, seachas le toiliú an áititheora, isteach i dteach príobháideach faoi fho-alt (1), mura mbeidh fógra 24 uaire an chloig ar a laghad á rá go bhfuil ar intinn aige nó aici dul isteach ann tugtha aige nó aici i scríbhinn d'áititheoir an tí.

(3)  Aon uair a rachaidh duine údaraithe isteach in aon áitreabh de bhun fho-alt (1), féadfaidh an duine údaraithe na cumhachtaí atá leagtha amach in alt 252(2) a fheidhmiú agus, de réir mar is cuí, i dteannta an mhéid sin—

(a)  cibé faisnéis a éileamh ar áititheoir de chuid an áitribh nó ar aon duine atá fostaithe san áitreabh nó ar aon duine eile atá san áitreabh, nó

(b)  a cheangal go dtabharfar ar aird cibé taifid agus doiciméid agus iad a iniúchadh, agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu, nó iad a thabhairt chun siúil, má mheastar gur gá é chun iniúchadh nó scrúdú a dhéanamh ar aon taifid nó doiciméid den sórt sin,

a mheasfaidh an duine údaraithe, ag féachaint do na himthosca go léir, is gá chun aon chumhacht a thugtar dó nó di leis an Acht seo nó faoi a fheidhmiú.

(4)  (a)  Más rud é, i bhfeidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoi fho-alt (1), go gcoiscfear ar dhuine údaraithe dul isteach in aon áitreabh nó go mbeidh cúis aige nó aici chun a chreidiúint go bhféadfadh fianaise a bhaineann le cion amhrasta faoin Acht seo a bheith in aon áitreabh agus go bhféadfaí an fhianaise a aistriú ón áitreabh sin nó a dhíothú nó go bhféadfaí aon déanmhas áirithe a dhamáistiú nó a dhíothú, féadfaidh an duine údaraithe nó an duine a cheap é nó í iarratas a dhéanamh chuig breitheamh den Chúirt Dúiche ar bharántas faoin bhfo-alt seo á údarú don duine údaraithe dul isteach san áitreabh.

(b)  Más rud é, ar iarratas a bheith déanta chuige nó chuici faoin bhfo-alt seo, gur deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, ar fhaisnéis faoi mhionn ón iarratasóir, go ndearnadh an duine údaraithe lena mbaineann a chosc ar dhul isteach in áitreabh nó go bhfuil forais réasúnacha ag an duine údaraithe chun na nithe eile dá dtagraítear i mír (a) a chreidiúint, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint faoina láimh á údarú don duine sin, agus cibé líon comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh sonraithe sa bharántas in éineacht leis nó léi, más dóigh leis an mbreitheamh gur cuí foráil a dhéanamh amhlaidh, dul isteach, le forneart más gá, san áitreabh lena mbaineann aon tráth laistigh de 4 sheachtain ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar amhlaidh air nó uirthi é, agus na cumhachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a fheidhmiú.

Fearais agus cáblaí, etc., ar bhóithre poiblí a cheadúnú.

254. —(1)  Faoi réir fho-alt (2), ní dhéanfaidh duine aon cheann díobh seo a leanas a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil—

(a)  inneall díola,

(b)  léarscáil de bhaile nó de thírdhreach chun treonna nó áiteanna a thaispeáint,

(c)  clárlach, fál nó scafall,

(d)  déanmhas fógráin,

(e)  cábla, sreang nó píblíne,

(f)  both nó uaithne gutháin, nó

(g)  aon fhearas, gaireas nó déanmhas eile a fhorordófar mar ní ar gá ceadúnas a fháil ina leith faoin alt seo,

ar bhóthar poiblí nó faoi nó thairis nó ar a fheadh, ach amháin de réir ceadúnais arna dheonú ag údarás pleanála faoin alt seo.

(2)  Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a)  fearas, gaireas nó déanmhas a bheidh údaraithe de réir ceada pleanála arna dheonú faoi Chuid III;

(b)  clárlach, fál nó scafall sealadach a bheidh tógtha de réir coinníll a ghabhann le cead pleanála arna dheonú faoi Chuid III;

(c)  cábla, sreang nó píblíne a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil faoi bhóthar poiblí ag gnóthaire reachtúil.

(3)  Aon duine a dhéanfaidh iarratas ar cheadúnas faoin alt seo, tabharfaidh sé nó sí don údarás pleanála cibé pleananna agus faisnéis eile maidir le suíomh, dearadh agus acmhainn an fhearais, an ghairis nó an déanmhais a éileoidh an t-údarás.

(4)  Féadfaidh an t-údarás pleanála ceadúnas a dheonú faoin alt seo ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé coinníollacha a shonróidh an t-údarás, lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le suíomh agus dearadh agus i gcás inarb é tuairim an údaráis pleanála, de dheasca méadú nó athrú sa trácht ar an mbóthar nó de dheasca an bóthar a leathnú nó aon fheabhsú ar an mbóthar nó i ndáil leis, gur bacainn an fearas, an gaireas nó an déanmhas nó go bhfuil sé éirithe contúirteach, féadfaidh an t-údarás, trí fhógra i scríbhinn, an ceadúnas a tharraingt siar agus a cheangal ar an gceadúnaí an fearas, an gaireas nó an déanmhas a dhíchur ar a chostas nó ar a costas féin.

(5)  Le linn dó breithniú a dhéanamh ar iarratas ar cheadúnas faoin alt seo, beidh aird ag an údarás pleanála, nó ag an mBord ar achomharc, ar na nithe seo a leanas—

(a)  pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir,

(b)  aon fhorálacha iomchuí den phlean forbartha, nó de phlean limistéir áitiúil,

(c)  líon agus suíomh na bhfearas, na ngaireas nó na ndéanmhas láithreach ar an mbóthar poiblí nó faoi nó thairis nó ar a fheadh, agus

(d)  caoithiúlacht agus sábháilteacht úsáidirí bóthair lena n-áirítear coisithe.

(6)  (a)  Féadfaidh aon duine achomharc a dhéanamh chun an Bhoird i ndáil le ceadúnas faoin alt seo a dheonú, a dhiúltú, a tharraingt siar nó a leanúint i bhfeidhm, nó leis na coinníollacha a shonróidh an t-údarás pleanála maidir le ceadúnas den sórt sin.

(b)  I gcás ina ngéillfear d'achomharc faoin alt seo, tabharfaidh an Bord cibé ordacháin is cuí maidir le ceadúnas faoin alt seo a tharraingt siar, a dheonú nó a athrú, agus comhlíonfaidh an t-údarás pleanála na hordacháin sin.

(7)  Is forbairt dhíolmhaithe chun críocha an Achta seo forbairt a dhéanfar de réir ceadúnais faoin alt seo.

(8)  Ní bheidh duine i dteideal, de bhíthin ceadúnais faoin alt seo agus dá bhíthin sin amháin, aon fhearas, gaireas nó déanmhas a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil ar bhóthar poiblí nó faoi nó thairis nó ar a fheadh.

(9)  Faoi réir fho-alt (10), aon duine a dhéanfaidh—

(a)  fearas, gaireas nó déanmhas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil ar bhóthar poiblí nó faoi nó thairis nó ar a fheadh gan ceadúnas faoin alt seo a bheith aige nó aici chun déanamh amhlaidh,

(b)  fearas, gaireas nó déanmhas den sórt sin a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil ar bhóthar poiblí nó faoi nó thairis nó ar a fheadh ar shlí seachas de réir ceadúnais faoin alt seo, nó

(c)  aon choinníoll ar faoina réir a tugadh ceadúnas faoin alt seo dó nó di a shárú,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(10)  (a)  Féadfaidh údarás pleanála, de bhua an fho-ailt seo, aon fhearas, gaireas nó déanmhas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil é féin ar bhóthar poiblí nó faoi nó thairis nó ar a fheadh, agus ní gá don údarás pleanála ceadúnas faoin alt seo a bheith aige.

(b)  Ní dhéanfar aon ní san fho-alt seo a fhorléiriú mar ní a thugann cumhacht d'údarás pleanála bac a chur le húsáid réasúnach bóthair phoiblí ag an bpobal nó ag aon duine atá i dteideal é a úsáid nó mar ní a thugann cumhacht d'údarás pleanála núis a chruthú d'úinéir nó d'áititheoir áitribh atá in aice leis an mbóthar poiblí.

(11)  I gcás nach é an t-údarás pleanála an t-údarás bóithre chun críocha bóithre náisiúnta nó réigiúnacha ina limistéar, ní dheonóidh sé ceadúnas faoin alt seo i leith aon fhearais, gairis nó déanmhais ar bhóthar náisiúnta nó réigiúnach nó faoi nó thairis nó ar a fheadh, ná aon fhearas, gaireas nó déanmhas a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil ar bhóthar náisiúnta nó réigiúnach nó faoi nó thairis nó ar a fheadh, ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an údarás arb é an t-údarás bóithre é chun na gcríoch sin.

Comhlíonadh feidhmeanna ag údaráis phleanála.

255. —(1)  Soláthróidh údarás pleanála don Aire cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna a iarrfaidh sé nó sí ó am go ham.

(2)  (a)  Déanfaidh údarás pleanála, ag cibé eatraimh is oiriúnach leis nó a ordóidh an tAire, athbhreithnithe a sheoladh ar a eagrú agus ar na córais agus na nósanna imeachta a úsáideann sé i ndáil lena fheidhmeanna faoin Acht seo.

(b)  I gcás ina dtabharfaidh an tAire ordachán faoin bhfo-alt seo, tabharfaidh an t-údarás pleanála tuarascáil don Aire maidir le torthaí an athbhreithnithe arna sheoladh de bhun an ordacháin agus comhlíonfaidh sé aon treoir a thabharfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás pleanála maidir leis na torthaí sin, i ndáil le gach ní nó le haon ní de na nithe ab ábhar don athbhreithniú.

(3)  Féadfaidh an tAire duine nó comhlacht, nach é nó í an t-údarás pleanála lena mbaineann é nó í, a cheapadh chun athbhreithniú a dhéanamh de réir fho-alt (2).

(4)  Gan dochar do chumhachtaí an Aire faoin Acht Rialtais Áitiúil, 1941, i gcás ina mbeidh an tAire tagtha ar an tuairim, ó fhaisnéis a bheidh ar fáil dó nó di—

(a)  go bhféadfadh sé nach bhfuil údarás pleanála ag comhlíonadh a fheidhmeanna de réir cheanglais an Achta seo nó ceanglas faoin Acht seo,

(b)  nach bhfuil údarás pleanála ag comhlíonadh treoirlínte arna n-eisiúint faoi alt 28, treorach arna heisiúint faoi alt 29, nó ordacháin arna eisiúint faoi alt 31,

(c)  go bhféadfadh go bhfuil aon fheidhm dá fheidhmeanna á seoladh ag údarás pleanála ar bhealach míchuí, nó

(d)  go bhfuil díbharainneachtaí nó mí-éifeachtúlachtaí tromchúiseacha i seoladh a fheidhmeanna ag údarás pleanála,

féadfaidh sé nó sí, i gcás inar dóigh leis nó léi gur gá nó gur cuí é, coimisinéir a cheapadh, ar chúiseanna sonraithe, chun feidhmeanna uile, nó aon fheidhm amháin nó níos mó d'fheidhmeanna, an údaráis pleanála faoin Acht seo a chomhlíonadh agus chun bheith freagrach go hiomlán as an gcéanna agus, le linn don Aire déanamh amhlaidh, féadfaidh sé nó sí idirdhealú a dhéanamh idir feidhmeanna forchoimeádta agus feidhmeanna eile.

(5)  Le linn dó nó di breithniú a dhéanamh i dtaobh an gá nó an fóirsteanach coimisinéir a cheapadh faoin alt seo, féadfaidh an tAire aird a bheith aige nó aici ar aon chailleadh muiníne ag an bpobal as comhlíonadh a fheidhmeanna ag an údarás agus ar an ngá atá ann an mhuinín sin a thabhairt ar ais.

(6)  Déanfar coimisinéir a cheapfar faoin alt seo a cheapadh de réir cibé téarmaí agus coinníollacha agus ar feadh cibé tréimhse a shonróidh an tAire.

(7)  Féadfaidh údarás pleanála, ar fhorais a luafar agus a bheith bunaithe ar fhorálacha fho-alt (4), le rún, a iarraidh ar an Aire coimisinéir a cheapadh chun gach feidhm nó aon fheidhm d'fheidhmeanna an údaráis faoin Acht seo a chomhlíonadh agus beidh aird ag an Aire ar aon iarraidh den sórt sin.

(8)  Beidh sé de dhualgas ar gach comhalta agus ar gach oifigeach d'údarás pleanála comhoibriú le haon choimisinéir a cheapfar faoin alt seo.

Leasú ar an Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992.

256. —Leasaítear leis seo an tAcht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992, in alt 98—

(a)  trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

“(1)  D'ainneoin alt 34 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, nó aon fhorála eile den Acht sin, i gcás inar deonaíodh ceadúnas nó ceadúnas athleasaithe faoin gCuid seo, nó ina bhfuil nó ina mbeidh gá leis an gcéanna i ndáil le gníomhaíocht, ní dhéanfaidh údarás pleanála ná an Bord Pleanála, i gcás ina gcinnfidh sé cead a dheonú faoi alt 34 den Acht sin i leith aon fhorbartha arb éard í an ghníomhaíocht nó ar chun críocha na gníomhaíochta í, an cead a chur faoi réir coinníollacha ar coinníollacha iad—

(a)  chun astaíochtaí ó oibriú na gníomhaíochta a rialú, lena n-áirítear na hastaíochtaí sin a chosc, a theorannú, a mhaolú nó a laghdú nó deireadh a chur leo, nó

(b)  chun astaíochtaí a bhaineann le scor d'oibriú na gníomhaíochta, nó a leanfaidh as an scor sin, a rialú.

(1A)  I gcás inar deonaíodh ceadúnas nó ceadúnas athleasaithe faoin gCuid seo, nó ina bhfuil nó ina mbeidh gá leis an gcéanna i ndáil le gníomhaíocht, féadfaidh údarás pleanála nó an Bord Pleanála, i leith aon fhorbartha arb éard í an ghníomhaíocht nó ar chun críocha na gníomhaíochta í, a chinneadh deonú ceada faoi alt 34 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, a dhiúltú i gcás ina measfaidh an t-údarás nó an Bord Pleanála nach féidir, d'ainneoin cheadúnú na gníomhaíochta faoin gCuid seo, glacadh leis an bhforbairt ar fhorais timpeallachta, ag féachaint do phleanáil chuí agus d'fhorbairt inchothaithe an limistéir ina bhfuil nó ina mbeidh an fhorbairt.

(1B)  (a)  Sula ndéanfaidh sé cinneadh i leith forbartha arb éard í gníomhaíocht nó ar chun críocha gníomhaíochta í, féadfaidh údarás pleanála nó an Bord Pleanála a iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairimí a thabhairt laistigh de cibé tréimhse (ar tréimhse í nach giorra in aon chás ná 3 sheachtain ó dháta na hiarrata) a shonróidh an t-údarás nó an Bord i ndáil leis an bhforbairt, lena n-áirítear tuairimí i ndáil le haon ráiteas tionchair timpeallachta a bheidh curtha isteach.

(b)  Le linn dó a chinneadh a dhéanamh, beidh aird ag an údarás nó ag an mBord Pleanála, de réir mar a bheidh, ar na tuairimí, más ann, a bheidh faighte ón nGníomhaireacht laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe faoi mhír (a).

(1C)  Féadfaidh an t-údarás pleanála nó an Bord Pleanála, aon tráth tar éis dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe ag an údarás nó ag an mBord Pleanála faoi fho-alt (1B)(a) chun tuairimí a thabhairt, a chinneadh a dhéanamh ar an iarratas nó ar an achomharc.

(1D)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar cibé foráil theagmhasach, iarmhartach nó fhorlíontach is dóigh leis nó léi is gá nó is cuí chun lánéifeacht a thabhairt d'aon cheann d'fhorálacha an ailt seo.

(1E)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1D), féadfar foráil a dhéanamh, le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, maidir le nithe a bhaineann le nós imeachta i ndáil leis an iarraidh ar thuairimí ón nGníomhaireacht nó i ndáil leis an nGníomhaireacht do thabhairt tuairimí faoin alt seo agus maidir le nithe gaolmhara.

(1F)  Má thugann an Ghníomhaireacht tuairimí faoin alt seo, ní dochar é sin d'aon fheidhm eile de chuid na Gníomhaireachta faoin Acht seo.”,

agus

(b)  i bhfo-alt (3)(a), trí “alt 34 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000” a chur in ionad “Chuid IV d'Acht 1963”.

Leasú ar an Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996.

257. —Leasaítear leis seo an tAcht um Bainistiú Dramhaíola, 1996, in alt 54—

(a)  trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3)  D'ainneoin alt 34 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, nó aon fhorála eile den Acht sin, i gcás inar deonaíodh ceadúnas dramhaíola nó ina bhfuil nó ina mbeidh gá leis an gcéanna i ndáil le gníomhaíocht, ní dhéanfaidh údarás pleanála ná an Bord Pleanála, i gcás ina gcinnfidh sé cead a dheonú faoi alt 34 den Acht sin i leith aon fhorbartha arb éard í an ghníomhaíocht nó ar chun críocha na gníomhaíochta í, an cead a chur faoi réir coinníollacha ar coinníollacha iad—

(a)  chun astaíochtaí ó oibriú na gníomhaíochta a rialú, lena n-áirítear na hastaíochtaí sin a chosc, a theorannú, a mhaolú nó a laghdú nó deireadh a chur leo, nó

(b)  chun astaíochtaí a bhaineann le scor d'oibriú na gníomhaíochta, nó a leanfaidh as an scor sin, a rialú.

(3A)  I gcás inar deonaíodh ceadúnas dramhaíola faoin gCuid seo nó ina bhfuil nó ina mbeidh gá leis an gcéanna i ndáil le gníomhaíocht, féadfaidh údarás pleanála nó an Bord Pleanála, i leith aon fhorbartha arb éard í an ghníomhaíocht nó ar chun críocha na gníomhaíochta í, a chinneadh deonú ceada faoi alt 34 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, a dhiúltú i gcás ina measfaidh an t-údarás nó an Bord Pleanála nach féidir, d'ainneoin cheadúnú na gníomhaíochta faoin gCuid seo, glacadh leis an bhforbairt ar fhorais timpeallachta, ag féachaint do phleanáil chuí agus d'fhorbairt inchothaithe an limistéir ina bhfuil nó ina mbeidh an fhorbairt.

(3B)  (a)  Sula ndéanfaidh sé cinneadh i leith forbartha arb éard í gníomhaíocht nó ar chun críocha gníomhaíochta í, féadfaidh údarás pleanála nó an Bord Pleanála a iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairimí a thabhairt laistigh de cibé tréimhse (ar tréimhse í nach giorra in aon chás ná 3 sheachtain ó dháta na hiarrata) a shonróidh an t-údarás nó an Bord i ndáil leis an bhforbairt, lena n-áirítear tuairimí i ndáil le haon ráiteas tionchair timpeallachta a bheidh curtha isteach.

(b)  Le linn dó a chinneadh a dhéanamh, beidh aird ag an údarás nó ag an mBord Pleanála, de réir mar a bheidh, ar na tuairimí, más ann, a bheidh faighte ón nGníomhaireacht laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe faoi mhír (a).

(3C)  Féadfaidh an t-údarás pleanála nó an Bord Pleanála, aon tráth tar éis dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe ag an údarás nó ag an mBord Pleanála faoi fho-alt (3B)(a) chun tuairimí a thabhairt, a chinneadh a dhéanamh ar an iarratas nó ar an achomharc.

(3D)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar cibé foráil theagmhasach, iarmhartach nó fhorlíontach is dóigh leis nó léi is gá nó is cuí chun lánéifeacht a thabhairt d'aon cheann d'fhorálacha an ailt seo.

(3E)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3D), féadfar foráil a dhéanamh, le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, maidir le nithe a bhaineann le nós imeachta i ndáil leis an iarraidh ar thuairimí ón nGníomhaireacht nó i ndáil leis an nGníomhaireacht do thabhairt tuairimí faoin alt seo agus maidir le nithe gaolmhara.

(3F)  Má thugann an Ghníomhaireacht tuairimí faoin alt seo, ní dochar é sin d'aon fheidhm eile de chuid na Gníomhaireachta faoin Acht seo.”,

(b)  i bhfo-alt (4), trí “alt 34 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000” a chur in ionad “Chuid IV d'Acht 1963” gach áit a bhfuil sé, agus

(c)  i bhfo-alt (5), trí “an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus ní dhéanfaidh coinníoll a ghabhann le cead faoi alt 34 den Acht sin” a chur in ionad “na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1993, agus ní dhéanfaidh coinníoll a ghabhann le cead arna dheonú faoi Chuid IV d'Acht 1963”.

Teorannú ar cheangal le séaraigh de chuid údaráis sláintíochta.

258. —(1)  Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon déanmhas a fhoirgneofar, a thógfar nó a dhéanfar an 10ú lá de Mheitheamh, 1990, nó dá éis, nó nach bhfuil i gceangal le séarach de chuid údaráis sláintíochta.

(2)  Ní bheidh feidhm ag alt 27 den Public Health (Ireland) Act, 1878, i ndáil le déanmhas lena mbaineann an t-alt seo.

(3)  D'ainneoin alt 23 den Public Health (Ireland) Act, 1878, nó aon achtacháin eile, ní bheidh úinéir nó áititheoir déanmhais lena mbaineann an t-alt seo i dteideal a chuid draenacha nó a cuid draenacha a cheangal le haon séarach de chuid an údaráis sláintíochta ar ina limistéar feidhme atá an déanmhas, ach amháin le toiliú an údaráis sláintíochta agus féadfaidh an t-údarás sláintíochta an toiliú sin a thabhairt faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leis a bheith réasúnach.

(4)  Aon duine a cheanglóidh draein, nó a chuirfidh faoi deara draein a cheangal, le séarach de chuid údaráis sláintíochta de shárú ar fho-alt (3), beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5)  Féadfaidh an t-údarás sláintíochta aon cheangal idir draein agus séarach, a rinneadh de shárú ar fho-alt (3), a dhúnadh agus féadfaidh sé aon chaiteachais a thabhóidh an t-údarás faoin bhfo-alt seo a ghnóthú ón duine a rinne an ceangal nó a chuir faoi deara an ceangal a dhéanamh agus, mura n-íocfar na caiteachais leis an údarás, beidh siad inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(6)  I gcás ina nglacfaidh fógra faoi alt 8(1) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962, éifeacht i ndáil le haon áitreabh, ní gá, faoi fho-alt (3) den alt seo, toiliú ón údarás sláintíochta a sheirbheáil an fógra a fháil chun an déanmhas a cheangal le séarach cuí an údaráis sláintíochta.

(7)  Mura gcuirfear a mhalairt in iúl, measfar, maidir le deonú ceada faoi Chuid III, i ndáil le déanmhas lena mbaineann an t-alt seo, go bhfolaíonn sé toiliú ón údarás sláintíochta faoi fho-alt (3) leis an déanmhas sin a cheangal le séarach cuí an údaráis sláintíochta.

(8)  Le linn dó breithniú a dhéanamh i dtaobh an cóir toiliú a thabhairt faoi fho-alt (3), beidh údarás sláintíochta i dteideal aird a bheith aige ar na sriantachtaí a thuairiscítear ag mír 1 den Cheathrú Sceideal sa mhéid go mbaineann siad sin le soláthar saoráidí séarachais acu.

(9)  San alt seo, tá le “draein”, “údarás sláintíochta” agus “séarach” na bríonna a shanntar dóibh sna hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1995.

Teorannú le halt 53 den Waterworks Clauses Act, 1847.

259. —(1)  Ní bheidh feidhm ag alt 53 den Waterworks Clauses Act, 1847, ná ag aon achtachán eile lena dtugtar ceart chun soláthair uisce chun críocha tí, i ndáil le teach ar déanmhas neamhúdaraithe é nó ar úsáid neamhúdaraithe an úsáid a bhaintear as.

(2)  Ní chuirfidh aon ní san alt seo srian le hoibriú alt 8(2) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962.

Cosaint do shéadchomharthaí náisiúnta.

260. —Ní shrianfaidh ná ní dhochróidh aon ní san Acht seo feidhmeanna, ná ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'fheidhmeanna, an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1994, i ndáil le séadchomharthaí náisiúnta mar a mhínítear leis na hAchtanna sin nó i ndáil le haon séadchomharthaí áirithe.

Cairéil a rialú.

261. —(1)  Déanfaidh úinéir nó oibritheoir cairéil lena mbaineann an t-alt seo, tráth nach déanaí ná bliain ón dáta a thiocfaidh an t-alt seo i ngníomh, faisnéis maidir le hoibriú an chairéil ag tosach feidhme an ailt seo a thabhairt don údarás pleanála ar ina limistéar feidhme atá an cairéal, agus, ar an bhfaisnéis sin a fháil, déanfaidh an t-údarás pleanála, de réir alt 7, í a thaifeadadh sa chlár.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), sonrófar na nithe seo a leanas i bhfaisnéis a thabharfar faoin bhfo-alt seo—

(a)  achar an chairéil, lena n-áirítear an t-achar asbhainte arna léiriú ar léarscáil,

(b)  an t-ábhar atá á asbhaint agus á phróiseáil (má tá),

(c)  an dáta a thosaigh oibríochtaí cairéalachta ar an talamh (má tá sé ar eolas),

(d)  na huaireanta an chloig sa lá a mbíonn an cairéal á oibriú lena linn,

(e)  an trácht a ghintear ó oibriú an chairéil lena n-áirítear cineál na bhfeithiclí a théann isteach sa chairéal agus a fhágann é agus a mhinice a théann siad isteach ann agus a fhágann siad é,

(f)  na leibhéil torainn agus deannaigh a ghintear ó na hoibríochtaí sa chairéal,

(g)  aon athruithe ábhartha sna sonraí dá dtagraítear i míreanna (a) go (f) le linn na tréimhse dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo agus an dáta a chuirtear an fhaisnéis ar fáil,

(h)  cibé acu—

(i)  a deonaíodh cead pleanála i leith an chairéil faoi Chuid IV d'Acht 1963 agus, má deonaíodh, na coinníollacha, más ann, a bhfuil an cead faoina réir, nó

(ii)  a tosaíodh ar an gcairéal a oibriú roimh 1 Deireadh Fómhair, 1964,

agus

(i)  cibé nithe eile i ndáil le hoibríochtaí an chairéil a fhorordófar.

(3)  Féadfaidh údarás pleanála a cheangal ar dhuine a chuir faisnéis isteach de réir an ailt seo cibé faisnéis bhreise a shonróidh sé, i ndáil le hoibriú an chairéil lena mbaineann, a chur isteach laistigh de cibé tréimhse a shonróidh sé, agus, ar an bhfaisnéis bhreise sin a fháil, déanfaidh an t-údarás pleanála an fhaisnéis a thaifeadadh sa chlár.

(4)  (a)  Déanfaidh údarás pleanála, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dháta cláraithe cairéil de réir an ailt seo, fógra i dtaobh an chláraithe a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar ina bhfuil an cairéal.

(b)  Luafar i bhfógra faoi mhír (a)

(i)  gur cláraíodh an cairéal de réir an ailt seo,

(ii)  i gcás inar deonaíodh cead pleanála i leith an chairéil, gur deonaíodh amhlaidh é agus cibé acu atá breithniú á dhéanamh ag an údarás pleanála i dtaobh coinníollacha a ghabhann leis an gcead pleanála a athlua, a mhodhnú nó cur leis na coinníollacha sin de réir fho-alt (6)(a)(ii), nó

(iii)  i gcás nár deonaíodh cead pleanála i leith an chairéil, nár deonaíodh amhlaidh é agus cibé acu atá breithniú á dhéanamh ag an údarás pleanála—

(I)  i dtaobh coinníollacha a fhorchur ar oibriú an chairéil de réir fho-alt (6)(a)(i), nó

(II)  i dtaobh ceanglais á cheangal iarratas pleanála a dhéanamh agus ráiteas tionchair timpeallachta a ullmhú i leith an chairéil de réir fho-alt (7),

(iv)  an áit nó na háiteanna inar féidir agus na tráthanna ag ar féidir an clár a iniúchadh,

(v)  go bhféadfar aighneachtaí nó tuairimí maidir le hoibriú an chairéil a dhéanamh chuig an údarás pleanála nó a thabhairt dó laistigh de 4 sheachtain ó dháta foilsithe an fhógra.

(c)  Féadfaidh fógra faoin bhfo-alt seo baint a bheith aige le cairéal amháin nó níos mó a bheidh cláraithe de réir an ailt seo.

(5)  (a)  I gcás ina mbeartaíonn údarás pleanála—

(i)  coinníollacha ar oibriú an chairéil a fhorchur, a athlua, a mhodhnú nó cur leis na coinníollacha sin faoin alt seo, nó

(ii)  a cheangal, faoi fho-alt (7), iarratas pleanála a dhéanamh agus ráiteas tionchair timpeallachta a chur isteach i leith an chairéil de réir an ailt seo,

déanfaidh sé, a luaithe is féidir tar éis dheireadh na tréimhse chun tuairimí a thabhairt nó aighneachtaí a dhéanamh de bhun fógra faoi fho-alt (4)(b), fógra maidir lena thograí a sheirbheáil ar úinéir nó ar oibritheoir an chairéil.

(b)  Luafar i bhfógra dá dtagraítear i mír (a)

(i)  na cúiseanna atá leis na tograí, agus

(ii)  go bhféadfaidh úinéir nó oibritheoir an chairéil aighneachtaí maidir leis na tograí a dhéanamh chuig an údarás pleanála, nó tuairimí maidir leo a thabhairt dó, laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra, is tréimhse nach lú ná 6 sheachtain ó dháta seirbheála an fhógra.

(c)  Déanfaidh údarás pleanála aighneachtaí a bheidh déanta nó tuairimí a bheidh tugtha de bhun fógra faoi mhír (b) a chur san áireamh le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoi fho-alt (6)(7).

(6)  (a)  Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dháta cláraithe cairéil faoin alt seo, féadfaidh údarás pleanála, ar mhaithe le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe, agus ag féachaint don phlean forbartha agus d'aighneachtaí a bheidh déanta agus do thuairimí a bheidh tugtha (más ann) de bhun fógra faoi fho-alt (4)(5)

(i)  i ndáil le cairéal ar tosaíodh ar é a oibriú roimh 1 Deireadh Fómhair, 1964, coinníollacha a fhorchur ar oibriú an chairéil sin, nó

(ii)  i ndáil le cairéal ar deonaíodh cead pleanála ina leith faoi Chuid IV d'Acht 1963, coinníollacha a forchuireadh ar oibriú an chairéil sin a athlua, a mhodhnú nó cur leis na coinníollacha sin,

agus déanfar, a luaithe is féidir dá éis sin, fógra i scríbhinn ina gcuirfear an méid sin in iúl a thabhairt d'úinéir agus d'oibritheoir an chairéil lena mbaineann.

(b)  Más rud é, i ndáil le deonú ceada pleanála, go ndearnadh coinníollacha a athlua, a mhodhnú nó gur cuireadh leis na coinníollacha sin de réir mhír (a), measfar, chun críocha an Achta seo, gur deonaíodh an cead pleanála faoi alt 34 agus beidh éifeacht le haon choinníoll arna athlua, arna mhodhnú nó arna chur leis na coinníollacha sin amhail is dá mba rud é gur faoi alt 34 a forchuireadh iad.

(c)  D'ainneoin mhír (a), i gcás inar deonaíodh ceadúnas um rialú comhtháite ar thruailliú i ndáil le cairéal, ní dhéanfaidh údarás pleanála, nó an Bord ar achomharc, coinníollacha a athlua nó a mhodhnú nó ní chuirfidh sé leo nó ní dhéanfaidh sé iad a fhorchur faoin bhfo-alt seo ar coinníollacha iad—

(i)  i ndáil le hastaíochtaí ón gcairéal a rialú (lena n-áirítear na hastaíochtaí sin a chosc, a theorannú, a mhaolú nó a laghdú nó deireadh a chur leo), nó

(ii)  i ndáil le hastaíochtaí a bhaineann le scor d'oibriú an chairéil, nó a leanfaidh as an scor sin, a rialú.

(7)  (a)  Más rud é, maidir le hoibriú leanúnach cairéil—

(i)  (I)  ar mó ná 5 heicteár a achar asbhainte, nó

(II)  a bheidh suite i láithreán Eorpach nó in aon limistéar eile a bheidh forordaithe chun críche alt 10(2)(c), nó ar thalamh a bhfuil feidhm ag ordú faoi alt 15, 16 nó 17 den Acht um Fhiadhúlra, 1976, maidir leis,

agus

(ii)  ar tosaíodh ar é a oibriú roimh 1 Deireadh Fómhair, 1964,

gur dhóigh dó éifeachtaí suntasacha a bheith aige ar an gcomhshaol (ag féachaint d'aon chritéir roghnóireachta a fhorordóidh an tAire faoi alt 176(2)(e)), ní fhorchuirfidh údarás pleanála coinníollacha ar oibriú cairéil faoi fho-alt (6), ach déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná bliain tar éis dháta cláraithe an chairéil, a cheangal trí fhógra i scríbhinn ar úinéir nó ar oibritheoir an chairéil iarratas a dhéanamh ar chead pleanála agus ráiteas tionchair timpeallachta a chur faoi bhráid an údaráis pleanála tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dháta seirbheála an fhógra, nó cibé tréimhse eile a chomhaontófar leis an údarás pleanála.

(b)  Ní bheidh feidhm ag alt 172(1) maidir le forbairt lena mbaineann iarratas a dhéanfar de bhun ceanglais faoi mhír (a).

(c)  Déanfaidh údarás pleanála nó an Bord ar achomharc, le linn dó breithniú a dhéanamh ar iarratas ar chead pleanála a dhéanfar de bhun ceanglais faoi mhír (a), aird a thabhairt ar úsáid láithreach na talún mar chairéal.

(8)  (a)  Más rud é, i ndáil le cairéal ar deonaíodh cead ina leith faoi Chuid IV d'Acht 1963, go gcuirfidh údarás pleanála le coinníollacha nó go ndéanfaidh sé coinníollacha a mhodhnú faoin alt seo ar coinníollacha iad atá níos sriantaí ná coinníollacha láithreacha arna bhforchur i ndáil leis an gcead sin, féadfaidh úinéir nó oibritheoir an chairéil cúiteamh a éileamh faoi alt 197, agus déanfar tagairtí san alt sin do chomhlíonadh coinníollacha maidir le leanúint d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh de dhroim fógra faoi alt 46 a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chomhlíonadh na gcoinníollacha a cuireadh amhlaidh le coinníollacha nó do chomhlíonadh coinníollacha arna modhnú amhlaidh, ach amháin nach bhféadfar aon éileamh den sórt sin a dhéanamh i leith aon choinníll a bhaineann le ní a shonraítear i mír (a), (b)(c) d'alt 34(4), nó i leith coinníll a bhaineann le hastaíochtaí ón gcairéal a chosc, a theorannú nó a rialú, nó le talamh ar a bhfuil an cairéal a athbhunú.

(b)  Más rud é, i ndáil le cairéal lena mbaineann fo-alt (7), go ndiúltóidh údarás pleanála, nó an Bord ar achomharc, cead forbartha faoi alt 34 nó go ndeonóidh sé cead faoin alt sin faoi réir coinníollacha ar oibriú an chairéil, beidh úinéir nó oibritheoir an chairéil i dteideal cúiteamh a éileamh faoi alt 197, agus chun na críche sin déanfar an tagairt i bhfo-alt (1) den alt sin d'fhógra faoi alt 46 a fhorléiriú mar thagairt do chinneadh faoi alt 34 agus déanfar an tagairt in alt 197(2) d'alt 46 a fhorléiriú mar thagairt d'alt 34, ach amháin nach bhféadfar aon éileamh den sórt sin a dhéanamh i leith aon choinníll a bhaineann le ní a shonraítear i mír (a), (b)(c) d'alt 34(4), nó i leith coinníll a bhaineann le hastaíochtaí ón gcairéal a chosc, a theorannú nó a rialú, nó le talamh ar a bhfuil an cairéal a athbhunú.

(9)  (a)  Féadfaidh duine a thabharfaidh faisnéis d'údarás pleanála de réir fho-alt (1) nó i gcomhlíonadh ceanglais faoi fho-alt (3) achomharc i gcoinne cinnidh ón údarás pleanála coinníollacha a fhorchur, a athlua nó a mhodhnú, nó cur leo, de réir fho-alt (6), a dhéanamh chuig an mBord laistigh de 4 sheachtain ón dáta a gheofar an fógra ón údarás maidir leis na coinníollacha sin.

(b)  Féadfaidh an Bord, nuair a thabharfar breith ar achomharc faoi mhír (a), cinneadh an údaráis pleanála a dhaingniú fara modhnuithe nó dá n-éagmais nó an cinneadh sin a neamhniú.

(10)  (a)  Is forbairt neamhúdaraithe cairéal a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis agus a mainneoidh an t-úinéir nó an toibritheoir ina leith faisnéis a thabhairt i ndáil le hoibríochtaí an chairéil de réir fho-alt (1) nó de réir ceanglais faoi fho-alt (3).

(b)  Is forbairt neamhúdaraithe aon chairéal a bhfuil feidhm ag fógra faoi fho-alt (7) ina leith, mura gcuirfear iarratas pleanála i leith an chairéil faoi bhráid an údaráis pleanála laistigh den tréimhse dá dtagraítear san fho-alt sin.

(11)  Beidh feidhm ag an alt seo—

(a)  maidir le cairéal ar deonaíodh cead pleanála ina leith faoi Chuid IV d'Acht 1963 breis agus 5 bliana roimh theacht i ngníomh don alt seo, agus

(b)  maidir le haon chairéal eile a bheidh á oibriú ar theacht i ngníomh don alt seo nó dá éis, ar cairéal é nár deonaíodh cead pleanála ina leith faoin gCuid sin.

(12)  Féadfaidh an tAire treoirlínte a eisiúint d'údaráis phleanála maidir le comhlíonadh a bhfeidhmeanna faoin alt seo agus beidh aird ag údarás pleanála ar aon treoirlínte den sórt sin.

(13)  San alt seo—

ciallaíonn “astaíocht”—

(a)  truailleán, de réir bhrí an Achta um Thruailliú Aeir, 1987, a astú isteach san atmaisféar,

(b)  ábhar truailliúcháin, eisilteach séarachta nó eisilteach trádála de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977, a scardadh in uiscí nó i séaraigh de réir bhrí an Achta sin,

(c)  dramhaíl a dhiúscairt, nó

(d)  torann;

ciallaíonn “oibritheoir” duine atá, gach tráth ábhartha i gceannas ar sheoladh gníomhaíochtaí cairéalachta ag cairéal nó a seoltar gníomhaíochtaí den sórt sin faoina rialú;

tá le “cairéal” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965.

Rialacháin i gcoitinne.

262. —(1)  Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó atá le forordú, nó i ndáil le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní is ábhar do rialacháin.

(2)  Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha, is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach, a bheith i rialacháin faoin Acht seo.

(3)  Sula ndéanfaidh an tAire aon rialacháin faoin Acht seo, rachaidh sé nó sí i gcomhairle le haon údarás Stáit iomchuí i gcás ina mbaineann na rialacháin le feidhmeanna an údaráis Stáit sin.

(4)  I gcás ina mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi alt 4(2), 19(3), 25(5), 100(1)(b), (c)(d), 126(4), 176, 179(1), 181(1), 221(4), 230(1)246, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin mura mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(5)  Déanfar gach rialachán arna dhéanamh faoin Acht seo (seachas rialachán dá dtagraítear i bhfo-alt (4)) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

CUID XIX

Tosach Feidhme, Aisghairm agus Buanú

Léiriú.

263. —Sa Chuid seo, ciallaíonn “achtacháin aisghairthe” na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Séú Sceideal.

Aisghairm.

264. —Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Séú Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Leanúnachas achtachán aisghairthe.

265. —(1)  (a)  Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do bhailíocht aon ní a rinneadh faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1999, nó faoi aon rialacháin a rinneadh faoi na hAchtanna sin.

(b)  Aon ordú, rialachán nó treoir beartais a rinneadh, nó aon ní eile a rinneadh, faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1999, agus a d'fhéadfaí a dhéanamh faoi fhoráil chomhréire den Acht seo, ní chuirfidh aon aisghairm a dhéantar leis an Acht seo ó bhail é nó í ach, má bhí sé nó sí i bhfeidhm díreach sula ndearnadh an aisghairm sin, beidh éifeacht leis nó léi amhail is dá mba faoi fhoráil chomhréire den Acht seo a rinneadh é nó í, mura bhforáiltear a mhalairt.

(2)  Ní dhéanfar difear do leanúnachas oibriú an dlí a bhaineann leis na nithe dá bhforáiltear sna hachtacháin aisghairthe mar gheall ar an Acht seo a chur in ionad na n-achtachán sin, agus—

(a)  déanfar an oiread sin d'aon achtachán nó doiciméad (lena n-áirítear achtacháin atá san Acht seo) a thagraíonn, go sainráite nó go hintuigthe, d'aon fhoráil den Acht seo, nó do nithe a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi réim nó chun críocha aon fhorála den Acht seo, a fhorléiriú, má cheadaíonn agus a mhéid a cheadaíonn an cineál ábhair atá san achtachán nó sa doiciméad é, mar ní a fholaíonn, i ndáil leis na tráthanna, na blianta nó na tréimhsí, na himthosca nó na críocha a bhfuil nó a raibh éifeacht leis an bhforáil chomhréire sna hachtacháin aisghairthe i ndáil leo, tagairt don fhoráil chomhréire sin, nó, de réir mar a bheidh, do nithe a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi réim nó chun críocha na forála comhréire sin,

(b)  déanfar an oiread sin d'aon achtachán nó doiciméad (lena n-áirítear achtacháin aisghairthe agus achtacháin agus doiciméid a rithfear nó a dhéanfar tar éis thosach feidhme an Achta seo) a thagraíonn, go sainráite nó go hintuigthe, d'aon fhoráil de na hachtacháin aisghairthe, nó do nithe a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi réim nó chun críocha aon fhorála de na hachtacháin aisghairthe, a fhorléiriú, má cheadaíonn agus a mhéid a cheadaíonn an cineál ábhair atá san achtachán nó sa doiciméad é, mar ní a fholaíonn, i ndáil leis na tráthanna, na blianta nó na tréimhsí, na himthosca nó na críocha a bhfuil éifeacht le foráil chomhréire an Achta seo i ndáil leo, tagairt don fhoráil chomhréire sin, nó, de réir mar a bheidh, do nithe a rinneadh nó a mheastar a rinneadh nó a bheidh le déanamh faoi réim nó chun críocha na forála comhréire sin.

(3)  D'ainneoin aisghairm alt 69 d'Acht 1963 le hAcht 1990, beidh feidhm ag alt 2 den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú le halt 69(1) d'Acht 1963, maidir le gach cás, seachas cás faoin Acht seo nó faoi Acht 1990, ina mbeidh aon chúiteamh a mheasúnófar iníoctha ag údarás pleanála nó ag aon údarás áitiúil eile.

(4)  I gcás aon iarratais chuig údarás pleanála, nó aon achomhairc nó aon ní eile is cúram don Bhord agus a bheidh faighte ag an údarás pleanála nó ag an mBord, de réir mar a bheidh, roimh aisghairm na bhforálacha iomchuí nó cúlghairm aon rialachán gaolmhar, leanfaidh na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1999, agus rialacháin arna ndéanamh fúthu, d'fheidhm a bheith acu maidir leis an iarratas, leis an achomharc nó leis an ní eile d'ainneoin aisghairm aon achtacháin nó chúlghairm aon rialacháin.

Forálacha idirthréimhseacha maidir le pleananna forbartha.

266. —(1)  (a)  D'ainneoin aisghairm aon achtacháin leis an Acht seo, leanfaidh pleananna forbartha a rinneadh faoi Chuid III d'Acht 1963 de bheith i bhfeidhm agus measfar gur faoin Acht seo agus de réir an Achta seo a rinneadh iad.

(b)  D'ainneoin aisghairm aon achtacháin leis an Acht seo, i gcás ina mbeidh fógra i dtaobh ullmhú dréacht-phlean forbartha tugtha ag údarás pleanála faoi alt 21 d'Acht 1963, leanfaidh Cuid III d'Acht 1963 d'fheidhm a bheith aici maidir leis an dréacht-phlean sin go dtí go ndéanfar an plean sin.

(2)  (a)  Más rud é, ar thosach feidhme Chuid II, go mbeidh plean forbartha i bhfeidhm tráth is faide ná 4 bliana, tionscnóidh an t-údarás pleanála, tráth nach déanaí ná bliain tar éis an tosach feidhme sin, na nósanna imeachta chun fógra a thabhairt faoi alt 11.

(b)  Ach amháin mar a fhoráiltear i mír (a) agus i bhfo-alt (1)(b), beidh feidhm maidir le gach plean forbartha láithreach ag forálacha Chuid II i ndáil le pleananna forbartha a athbhreithniú agus le pleananna nua a ullmhú.

(c)  Chun críocha mhíreanna (a) agus (b), an tagairt don phlean forbartha is tagairt í don phlean forbartha a bheidh i bhfeidhm do limistéar feidhme an údaráis pleanála agus ar plean forbartha é a chlúdaíonn an limistéar feidhme sin go léir nó an chuid is mó den limistéar feidhme sin, agus measfar—

(i)  maidir le plean forbartha do bhaile mór sceidealta, de réir bhrí alt 2 d'Acht 1963, nó

(ii)  maidir le plean forbartha nach gclúdaíonn ach cuid de limistéar feidhme an údaráis (nach í an chuid is mó í),

nach plean forbartha é chun críocha na míreanna sin.

(3)  Aon tagairt in aon achtachán nó ionstraim do phlean forbartha, measfar gur tagairt í do phlean forbartha mar a mhínítear san Acht seo é.

Forálacha idirthréimhseacha i dtaca le fáil éigeantach talún.

267. —(1)  Más rud é, sula n-aistrítear feidhmeanna chuig an mBord de réir ailt 214 agus 215, go raibh aon ní le cinneadh ag an Aire faoi na hachtacháin dá dtagraítear sna hailt sin, déanfaidh an Bord, in ionad an Aire, an ní a chinneadh de réir na n-alt sin.

(2)  Ní bheidh feidhm ag ailt 217, 218, 219, 220, 221 agus 222 maidir le nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus a bheidh le cinneadh ag an mBord de réir an fho-ailt sin.

Forálacha idirthréimhseacha ilghnéitheacha.

268. —(1)  D'ainneoin aisghairm aon achtacháin leis an Acht seo—

(a)  leanfaidh fo-ailt (2) go (5) d'alt 38 d'Acht 1999 d'fheidhm a bheith acu maidir le húdarás pleanála go dtí go mbeidh na cinntí a cheanglaítear a dhéanamh leis na fo-ailt sin déanta ag an údarás pleanála agus seirbheáilte aige ar na húinéirí agus ar na háititheoirí cuí,

(b)  maidir le scéim chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú, faoi Acht a aisghairtear leis an Acht seo, i leith chathaoirleach agus ghnáthchomhaltaí an Bhoird nó i leith fostaithe lánaimseartha de chuid an Bhoird, leanfaidh sí de bheith i bhfeidhm agus measfar gur scéim í faoi alt 119121, de réir mar is cuí,

(c)  maidir le hordú um limistéar taitneamhachta speisialta nó le hordú slánchoimeádta crann a daingníodh nó a rinneadh faoi Acht a aisghairtear leis an Acht seo agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, measfar é a bheith daingnithe nó déanta faoi alt 203205, de réir mar is cuí,

(d)  leanfaidh mír 12 den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1990 d'fheidhm a bheith aici ar feadh tréimhse 3 bliana ó thosach feidhme an ailt seo, agus

(e)  leanfaidh alt 55A (arna chur isteach le hAcht na mBóithre (Leasú), 1998) d'Acht na mBóithre, 1993 (arna chur isteach le halt 6 d'Acht na mBóithre (Leasú), 1998) d'fheidhm a bheith aige i ndáil le hordú ón Aire faoi alt 49(3) nó 51(6) den Acht sin.

(2)  Aon chóid chleachtais a bhaineann le hócáidí a sheoladh agus a bheidh eisithe ag an Aire nó ag aon Aire eile den Rialtas roimh theacht i bhfeidhm don Acht seo, measfar gur cóid chleachtais iad faoi alt 232.

(3)  (a)  D'ainneoin alt 191, beidh cúiteamh iníoctha faoi alt 190 más rud é gur diúltaíodh cead faoi Chuid III ar na forais a shonraítear i mír 5 den Cheathrú Sceideal, agus más rud é—

(i)  go raibh sa phlean forbartha, roimh theacht i ngníomh d'alt 10, cuspóir maidir le criosú na talún lenar bhain an t-iarratas lena mbaineann d'fhonn é a úsáid d'aon toisc nó go príomha chun na críche ar chuici a rinneadh an t-iarratas, agus

(ii)  go ndearnadh an t-iarratas ar chead tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis don alt seo teacht i ngníomh.

(b)  Ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir le cead a dhiúltú más rud é—

(i)  gur forbairt d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Tríú Sceideal í an fhorbairt, nó

(ii)  go ndearnadh an diúltú ar fhorais a shonraítear sa Cheathrú Sceideal (seachas i mír (a)).

Rialacháin chun deireadh a chur le deacrachtaí.

269. —Má éiríonn aon deacracht, le linn na tréimhse 3 bliana ó thosach feidhme an Achta seo, i ndáil le haon fhoráil den Acht seo a thabhairt i ngníomh nó i ndáil le hoibriú aon fhorála, féadfaidh an tAire le rialacháin aon ní a dhéanamh is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun deireadh a chur leis an deacracht, chun an fhoráil sin a thabhairt i ngníomh, nó chun a hoibriú a áirithiú nó a éascú.

Tosach feidhme.

270. —(1)  Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

(2)  Féadfar le hordú faoi fho-alt (1), maidir leis na haisghairmeacha a dhéantar le halt 264 ar na hachtacháin a luaitear sa Séú Sceideal, laethanta éagsúla a shocrú chun achtacháin éagsúla a aisghairm nó chun aon achtachán a aisghairm chun críoch éagsúil.

CUID XX

Leasuithe ar Acht na mBóithre, 1993

Leasú ar alt 57 d'Acht na mBóithre, 1993.

271. —Leasaítear leis seo alt 57 d'Acht na mBóithre, 1993—

(a)  tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1)  Féadfaidh údarás bóithre scéim a ullmhú chun córas dolaí a bhunú i leith bóthar poiblí a úsáid.”,

(b)  i bhfo-alt (2), trí “Le linn scéim a ullmhú faoi fho-alt (1)” a chur in ionad “Le linn dola-scéim a dhéanamh”,

(c)  i bhfo-alt (3), trí “Maidir le scéim arna hullmhú faoi fho-alt (1)” a chur in ionad “Maidir le dola-scéim”,

(d)  i bhfo-alt (4), trí “scéim faoi fho-alt (1)” a chur in ionad “dola-scéim”,

(e)  tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5)  Féadfaidh údarás bóithre scéim a ullmhú lena leasaítear dola-scéim arna glacadh aige faoi alt 58.”,

(f)  i bhfo-alt (6), trí “scéime arna hullmhú faoi fho-alt (1)” a chur in ionad “dola-scéime”, agus

(g)  tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7)  (a)  Déanfaidh an tÚdarás, sula ndéanfaidh sé scéim i ndáil le bóthar náisiúnta agus arna hullmhú faoi fho-alt (1) a ghlacadh faoi alt 58, cóip den scéim a chur chuig an údarás bóithre cuí faoi alt 13 agus fógra a sheirbheáil ar an údarás bóithre á rá—

(i)  go bhfuil scéim faoi fho-alt (1) ullmhaithe, agus

(ii)  go bhféadfar uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an Údarás i ndáil leis an scéim roimh cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra (ar dáta é nach luaithe ná 6 sheachtain ó dháta seirbheála an fhógra).

(b)  Breithneoidh an tÚdarás aon uiríll a dhéanfar chuige de bhun fógra faoi mhír (a).

(c)  Is feidhm fhorchoimeádta é údarás bóithre do dhéanamh uiríoll faoin bhfo-alt seo agus ní dochar do cheart an údaráis sin agóidí a dhéanamh chuig an Údarás faoi alt 58 an t-údarás bóithre do dhéanamh uiríoll faoin bhfo-alt seo.”.

Scéim arna hullmhú faoi alt 57 d'Acht na mBóithre, 1993, le glacadh ag údarás bóithre.

272. —Leasaítear leis seo Acht na mBóithre, 1993, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 58:

“58.—(1)  Foilseoidh údarás bóithre fógra i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar ina bhfuil an dola-bhóthar beartaithe suite nó ina bhfuil sé le bheith suite—

(a)  á rá go bhfuil dréacht-dola-scéim ullmhaithe,

(b)  á chur in iúl cé na tráthanna ar féidir, cén tréimhse (ar tréimhse í nach lú ná aon mhí amháin ón gcéad uair a fhoilsítear an fógra) ar lena linn is féidir, agus cén áit inar féidir, cóip den scéim a bheidh ullmhaithe faoi alt 57, aon léarscáil dá dtagraítear sa scéim sin agus an ráiteas míniúcháin a bhaineann leis an scéim a iniúchadh, agus

(c)  á rá go bhféadfar agóidí i gcoinne na dréacht-dolascéime a dhéanamh i scríbhinn chuig an údarás bóithre roimh cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra (ar dáta é nach luaithe ná 2 sheachtain ó dheireadh na tréimhse le haghaidh iniúchadh dá dtagraítear i mír (b)).

(2)  (a)  Faoi réir mhír (b), féadfaidh údarás bóithre scéim a bheidh ullmhaithe aige faoi fho-alt (1) a ghlacadh, fara modhnuithe nó dá n-éagmais agus, faoi réir fho-alt (3), gairtear “dola-scéim” anseo ina dhiaidh seo san Acht seo de scéim arna glacadh amhlaidh.

(b)  Má dhéantar agóid chuig an údarás bóithre i gcoinne dréacht-dola-scéime agus mura dtarraingeofar siar an agóid, cuirfidh an t-údarás bóithre faoi deara, sula gcinnfidh sé cibé acu a ghlacfaidh sé nó nach nglacfaidh sé an dréacht-dola-scéim, go ndéanfaidh duine a cheapfaidh an t-údarás bóithre éisteacht ó bhéal a sheoladh maidir leis na nithe lena mbaineann an agóid, agus breithneoidh an t-údarás bóithre aon mholadh a dhéanfaidh an duine a cheapfar amhlaidh.

(3)  (a)  Tiocfaidh dola-scéim a bheidh glactha ag an údarás bóithre faoin alt seo i bhfeidhm fairis na modhnuithe, más ann, arna ndéanamh ag an údarás bóithre uirthi, cibé lá a chinnfidh an t-údarás bóithre.

(b)  Déanfaidh an t-údarás bóithre fógra i dtaobh an lae a bheidh dola-scéim le teacht i bhfeidhm a fhoilsiú aon mhí amháin ar a laghad roimh an lá sin i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar ina bhfuil nó ina mbeidh an dola-bhóthar lena mbaineann an scéim suite.”.

Leasú ar alt 60 d'Acht na mBóithre, 1993.

273. —Leasaítear leis seo alt 60 d'Acht na mBóithre, 1993, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an ailt sin—

“60.—(1)  Féadfaidh údarás bóithre, le hordú, dola-scéim a bheidh glactha aige faoi alt 58 a chúlghairm.

(2)  I gcás ina mbeartaíonn údarás bóithre ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1), déanfaidh sé, sula ndéanfaidh sé an t-ordú amhlaidh, fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar ina bhfuil an dola-bhóthar—

(a)  á rá go bhfuil sé beartaithe aige an scéim a chúlghairm,

(b)  á chur in iúl cé na tráthanna ar féidir, cén tréimhse (ar tréimhse í nach lú ná aon mhí amháin ón gcéad uair a fhoilsítear an fógra) ar lena linn is féidir, agus cén áit inar féidir, cóip den togra a iniúchadh,

(c)  á rá go bhféadfar agóidí nó uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an údarás bóithre i ndáil leis an togra roimh cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra (ar dáta é nach luaithe ná 2 sheachtain ó dheireadh na tréimhse le haghaidh an togra a iniúchadh).

(3)  Sula ndéanfaidh sé ordú faoi fho-alt (1), breithneoidh an t-údarás bóithre aon agóidí nó uiríll a bheidh déanta chuige de réir fógra faoi fho-alt (2).

(4)  Féadfaidh údarás bóithre dá rogha féin a chur faoi deara go déanfaidh duine a cheapfaidh an t-údarás bóithre éisteacht ó bhéal a sheoladh maidir le haon ní lena mbaineann agóidí nó uiríll a bheidh déanta de réir fógra faoi fho-alt (2) agus nach mbeidh tarraingthe siar, agus i gcás ina gcuirfidh údarás bóithre faoi deara go seolfar éisteacht ó bhéal amhlaidh, déanfaidh sé, sula gcúlghairfidh sé an dola-scéim faoi fho-alt (3), tuarascáil an duine sin agus aon mholadh a bheidh déanta ag an duine sin a bhreithniú.

(5)  Déanfaidh an t-údarás bóithre fógra maidir le haon ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar ina bhfuil an dola-bhóthar.

(6)  Is feidhm fhorchoimeádta é ordú a dhéanamh faoin alt seo i ndáil le bóthar réigiúnach nó bóthar áitiúil.”.

Leasú ar alt 61 d'Acht na mBóithre, 1993.

274. —Leasaítear leis seo alt 61 d'Acht na mBóithre, 1993—

(a)  trí fho-alt (5) a scriosadh,

(b)  tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6)  Sula ndéanfaidh sé fodhlíthe, foilseoidh údarás bóithre fógra i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar ina bhfuil an dola-bhóthar lena mbaineann na fodhlíthe suite nó ina bhfuil sé le bheith suite—

(a)  á chur in iúl go bhfuil sé beartaithe na fodhlíthe sin a dhéanamh agus ina luafar cuspóir na bhfodhlíthe,

(b)  á chur in iúl cé na tráthanna ar féidir, cén tréimhse (ar tréimhse í nach lú ná aon mhí amháin ón gcéad uair a fhoilsítear an fógra) ar lena linn is féidir, agus cén áit inar féidir, cóip de na dréacht-fhodhlíthe a iniúchadh,

(c)  á rá go bhféadfar agóidí nó uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an údarás bóithre i ndáil leis na dréacht-fhodhlíthe roimh cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra (ar dáta é nach luaithe ná 2 sheachtain ó dheireadh na tréimhse le haghaidh na dréacht-fhodhlíthe a iniúchadh), agus

(d)  á rá go bhféadfar cóip de na dréacht-fhodhlíthe a cheannach ar cibé táille a bheidh sonraithe san fhógra a íoc, ar táille í nach mó ná an costas réasúnach a thabhaítear le linn an chóip sin a dhéanamh.”,

(c)  tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7)  Sula ndéanfaidh sé fodhlíthe, breithneoidh an t-údarás bóithre aon agóidí nó uiríll a bheidh déanta chuige de réir fógra faoi fho-alt (6) agus nach mbeidh tarraingthe siar.”,

(d)  tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

(8)  Tiocfaidh fodhlíthe a dhéanfaidh údarás bóithre faoin alt seo in éifeacht cibé dáta a bheidh sonraithe sna fodhlíthe sin.”,

agus

(e)  i bhfo-alt (9), trí “tar éis iad a dhéanamh” a chur in ionad “tar éis iad a cheadú”.

Leasú ar alt 63 d'Acht na mBóithre, 1993.

275. —Leasaítear leis seo alt 63 d'Acht na mBóithre, 1993—

(a)  i bhfo-alt (1), trí “I gcás ina nglacfaidh údarás bóithre dola-scéim, féadfaidh an t-údarás bóithre” a chur in ionad “I gcás ina gceadóidh an tAire dola-scéim, féadfaidh údarás bóithre, le toiliú an Aire,”, agus

(b)  i bhfo-alt (3), trí “, le toiliú an Aire,” a scriosadh.

Leasú ar alt 65 d'Acht na mBóithre, 1993.

276. —Leasaítear leis seo Acht na mBóithre, 1993, in alt 65 trí “alt 58” a chur in ionad “alt 57”.

Leasú breise ar Chuid V d'Acht na mBóithre, 1993.

277. —Leasaítear leis seo Cuid V d'Acht na mBóithre, 1993, trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 66—

“Treoracha beartais ón Aire maidir le dolaí a mhuirearú ar bhóithre.

66A.—(1)  Féadfaidh an tAire, ó am go ham, treoracha beartais a eisiúint chuig údaráis bhóithre maidir le haon fheidhm dá gcuid faoi Chuid V a fheidhmiú nó maidir le haon ní atá comhghaolmhar leis sin agus comhlíonfaidh údaráis bhóithre aon treoracha den sórt sin.

(2)  Féadfaidh an tAire treoir bheartais a eiseofar faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(3)  Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar cóip d'aon treoir bheartais a eiseofar faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(4)  Déanfaidh údarás bóithre aon treoir bheartais a eiseofar chuige faoin alt seo a chur ar fáil lena hiniúchadh ag daoine den phobal.

(5)  Ní eiseoidh an tAire treoir a bhaineann le scéim áirithe maidir le dolaí a mhuirearú.

Scéimeanna, fodhlíthe agus comhaontuithe láithreacha a bhuanú.

66B.—D'ainneoin na Coda seo, maidir le gach comhaontú agus gach dola-scéim nó fodhlí a dhéanfaidh údarás bóithre agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé nó sí de bheith i bhfeidhm amhail is dá mba rud é go ndearnadh é nó í faoin gCuid seo arna leasú leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.

Forálacha idirthréimhseacha maidir le dola-scéimeanna.

66C.—Más rud é, roimh thosach feidhme Chuid XX den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, go mbeidh aon dola-scéim, aon togra chun dola-scéim a chúlghairm nó aon fhodhlí curtha faoi bhráid an Aire faoi Chuid V agus nach mbeidh breith tugtha ag an Aire ar an ní, beidh an bhreith i ndáil leis an ní le tabhairt fós ag an Aire agus ní bheidh feidhm ag Cuid V arna leasú le Cuid XX den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, maidir leis an ní.”.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Na críocha ar féidir cuspóirí a thaispeáint ina leith i bPlean Forbartha

Alt 10.

Cuid I

Suíomh agus Pátrún Forbartha

1.  Aon talamh áirithe, nó an talamh go léir in aon limistéar áirithe, a chur in áirithe nó a leithroinnt le haghaidh forbartha d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe, nó forbairt ar aon talamh sonraithe a thoirmeasc nó a shrianadh go buan nó go sealadach.

2.  Straitéisí maidir le lonnaíocht agus iompar inchothaithe a chur chun cinn i limistéir uirbeacha agus i limistéir thuaithe.

3.  Cáilíocht agus sainghné limistéar uirbeach nó limistéar tuaithe a shlánchoimeád.

4.  Forbairt mhiondíola a rialáil, a shrianadh nó a rialú.

5.  Forbairt turasóireachta a rialáil, a chur chun cinn nó a rialú.

6.  Forbairt i limistéir ina bhfuil priacal tuile (cibé acu intíre nó cósta), creimthe agus guaiseacha nádúrtha eile a rialáil, a shrianadh nó a rialú.

7.  Forbairt limistéar cósta agus forbairt i gcomharsanacht uiscebhealaí intíre a rialáil, a shrianadh agus a rialú.

8.  Forbairt ar an imeall trá, nó ar aon chuid den imeall trá, a rialáil, a shrianadh agus a rialú.

9.  Éifeacht a thabhairt do Pheirspictíocht Spásfhorbartha na hEorpa i dtreo fhorbairt chothrom inchothaithe chríoch an Aontais Eorpaigh, arna glacadh ag an gcruinniú d'Airí atá freagrach as Pleanáil Réigiúnach/Spásúil an Aontais Eorpaigh in Potsdam, an 10 agus an 11 Bealtaine, 1999.

10.  Forbairt a rialáil, a shrianadh nó a rialú d'fhonn priacal baoil thromchúisigh do shláinte an duine nó don chomhshaol a laghdú.

11.  Saothrú acmhainní nádúrtha a rialáil, a chur chun cinn nó a rialú.

Cuid II

Limistéir agus Déanmhais a Rialú

1.  Leagan amach limistéar agus déanmhas, lena n-áirítear dlús, spásáil, grúpáil agus treoshuíomh déanmhas i gcoibhneas le bóithre, spásanna oscailte agus déanmhais eile, a rialáil agus a rialú.

2.  Dearadh agus dath déanmhas agus grúpaí déanmhas, agus na hábhair as a ndéanfar iad, lena n-áirítear sráideanna agus bailedhreacha, agus déanmhais agus grúpaí déanmhas i limistéir thuaithe, a rialáil agus a rialú.

3.  Dearadh a chur chun cinn i ndéanmhais chun críocha úsáide solúbtha inchothaithe, lena n-áirítear fuinneamh agus acmhainní a chaomhnú.

4.  Teorainn a chur leis an líon déanmhas, nó leis an líon déanmhas d'aicme shonraithe, a fhéadfar a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh ar aon limistéar nó ann nó faoi.

5.  Na nithe seo a leanas go léir nó aon cheann acu a rialáil agus a rialú, i gcoitinne nó i limistéir áirithe:

(a)  méid, airde, achar urláir agus sainghné déanmhas;

(b)  línte tógála, cumhdach agus an spás timpeall tithe agus déanmhas eile;

(c)  réim na n-ionad loctha a mbeidh gá leo i ndéanmhais d'aicme nó de mhéid áirithe nó orthu nó fúthu nó seirbhísí nó saoráidí chun feithiclí a locadh, a luchtú, a dhíluchtú nó a bhreoslú;

(d)  na rudaí a fhéadfar a ghreamú de dhéanmhais;

(e)  na críocha chun a bhféadfar, agus an modh ar a bhféadfar, déanmhais a úsáid nó a áitiú, lena n-áirítear, i gcás tí, é a ligean ina aonaid ar leithligh.

6.  Na nithe seo a leanas a rialáil agus a rialú de réir phrionsabail na pleanála cuí agus na forbartha inchothaithe:

(a)  eagar nó leagan amach talún agus déanmhas, nó déanmhas d'aon aicme shonraithe, lena n-áirítear spás oscailte a chur in áirithe a bheidh leordhóthanach i gcoibhneas le líon, aicme agus sainghné na ndéanmhas a bheidh i dtrácht in aon togra ar leith i dtaobh forbartha, le leagan amach bóithre, le tírdhreachú agus le plandú;

(b)  saoráidí uisce, dramhuisce, dramhaíola agus soilsithe poiblí a sholáthar;

(c)  bóithre seirbhíse a sholáthar agus suíomh agus dearadh bealaí rochtana go dtí gréasáin iompair, lenan-áirítear iompar poiblí;

(d)  saoráidí a sholáthar chun feithiclí a locadh, a dhíluchtú, a luchtú agus a bhreoslú ar aon talamh.

7.  Déanmhais atá ar neamhréir leis an bplean forbartha a dhíchur nó a athrú.

Cuid III

Saoráidí Pobail

1.  Soláthar agus suíomh seirbhísí agus saoráidí is gá don phobal a éascú, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a)  ospidéil agus saoráidí cúraim sláinte eile;

(b)  ionaid le haghaidh fhorbairt shóisialta, eacnamaíochta, áineasa, chultúir, chomhshaoil nó ghinearálta an phobail;

(c)  saoráidí do dhaoine scothaosta agus do dhaoine atá faoi mhíchumas;

(d)  áiteanna adhartha phoiblí agus hallaí cruinnithe;

(e)  saoráidí áineasa agus spásanna oscailte, lena n-áirítear páirceanna carbhán agus campála, faichí spóirt agus faichí súgartha;

(f)  saoráidí siopadóireachta agus baincéireachta.

2.  Soláthar agus suíomh seirbhísí sláintíochta a chinntiú.

3.  Talamh a chur in áirithe le haghaidh reiligí.

Cuid IV

An Comhshaol agus Taitneamhachtaí

1.  Cáilíocht an chomhshaoil a chosaint agus a shlánchoimeád, lena n-áirítear truailliú an chomhshaoil a chosc, a theorannú, a mhaolú nó a laghdú nó deireadh a chur leis agus uiscí, screamhuisce, an trá mhara agus an t-atmaisféar a chosaint.

2.  Laghdú nó cosc astaíochtaí torainn nó tonnchreatha a áirithiú.

3.  Cur nó diúscairt dramhábhar, fuílligh agus bruscair, diúscairt séarachais agus truailliú uiscí a thoirmeasc, a rialáil nó a rialú.

4.  Gnéithe den tírdhreach a bhfuil tábhacht mhór leo do fauna agus flora fiáin a chosaint.

5. (a)  Flora, fauna agus éagsúlacht éiceolaíochta a shlánchoimeád agus a chosaint.

(b)  Crainn, toir, plandaí agus bláthanna a shlánchoimeád agus a chosaint.

6.  Áiteanna, uaimheanna, láithreáin, gnéithe nó rudaí eile is díol spéise ó thaobh seandálaíochta, geolaíochta, staire, eolaíochta nó éiceolaíochta a chosaint agus a shlánchoimeád (in situ nó trí thaifead).

7.  Sainghné an tírdhreacha, lena n-áirítear radhairc agus amhairc, agus taitneamhachtaí áiteanna agus gnéithe áilleachta nádúrtha nó spéisiúlachta ó thaobh an nádúir de a shlánchoimeád.

8.  Aon cheart slí poiblí láithreach a shlánchoimeád, lena n-áirítear, go háirithe, cearta slí a thugann bealach go dtí trá mhara, sliabh, bruach locha nó bruach abhann, nó go dtí áit eile a ngabhann áilleacht nádúrtha léi nó a úsáidtear le haghaidh áineasa.

9.  Talamh a chur in áirithe mar spásanna oscailte, cibé acu is spásanna poiblí nó spásanna príobháideacha iad (seachas spásanna oscailte a chuirfear in áirithe faoi Chuid II den Sceideal seo) nó mar pháirc phoiblí, mar ghairdín poiblí nó mar spás áineasa poiblí.

10.  Toirmeasc nó srian a chur, nó rialú a dhéanamh, i gcoitinne nó in áiteanna áirithe nó laistigh d'fhad sonraithe ó lárlíne gach bóthair nó aon bhóthair shonraithe, ar thógáil gach foirme nó aon fhoirmeacha áirithe déanmhais fógráin nó ar thaispeáint gach foirme nó aon fhoirmeacha áirithe fógráin.

11.  Díobháil do thaitneamhachtaí a chosc, a leigheas nó a dhíchur, ar díobháil í de bharr aon déanmhas a bheith ligthe i léig nó i bhfaillí nó de bharr cuma mhíthaitneamhach nó cuma na faillí a bheith ar aon talamh.

Cuid V

Bonneagar agus Iompar

1.  Talamh a chur in áirithe le haghaidh gréasán iompair, lena n-áirítear bóithre, iarnród, iarnród éadrom agus aeriompar agus iompar farraige, le haghaidh gréasán cumarsáide, le haghaidh giniúint fuinnimh agus le haghaidh gréasán fuinnimh, lena n-áirítear fuinneamh inathnuaite, agus le haghaidh gréasán eile, agus le haghaidh saoráidí coimhdeacha chun freastal ar na gréasáin sin.

2.  Soláthar córas comhtháite inchothaithe iompair, iompair phoiblí agus tráchta ar bhóthar a éascú agus forbairt pleananna iompair áitiúil a chur chun cinn.

3.  Áis agus sábháilteacht níos fearr a áirithiú d'úsáidirí gach gréasáin iompair agus do choisithe agus rothaithe.

4.  Cearta slí poiblí a bhunú agus cearta slí poiblí agus príobháideacha a mhúchadh.

5.  Bóithre, lena n-áirítear rotharbhealaí agus busbhealaí, a fhoirgniú, a athrú, a dhúnadh nó a chlaonadh.

6.  Na nithe seo a leanas a bhunú maidir le bóithre, lena n-áirítear rotharbhealaí agus busbhealaí, agus, más cuí, gréasáin iompair eile, nua nó láithreacha—

(a)  a líne, a leithead, a leibhéal agus a bhfoirgniú,

(b)  na bealaí chucu agus uathu, agus

(c)  a dtoisí agus a sainghné i gcoitinne.

7.  Socrú a dhéanamh maidir le bainistiú agus rialú tráchta, lena n-áirítear limistéir loctha a sholáthar agus a rialú.

8.  Socrú a dhéanamh maidir le hoibreacha a ghabhann le haon ghréasán iompair, cumarsáide, fuinnimh nó aon ghréasán eile a dhéanamh, a fheabhsú nó a thírdhreachú.

AN DARA SCEIDEAL

Rialacha maidir le Breith a Thabhairt ar Mhéid Cúitimh

Alt 184.

1.  Déanfar, faoi réir fhorálacha eile an Sceidil seo, breith a thabhairt ar an laghdú ar luach faoi threoir na difríochta idir réamhluach agus luach iardain na talún, más rud é—

(a)  gurb é réamhluach na talún an méid a d'fhéadfaí a bheith ag súil lena fháil ar an talamh dá ndíolfadh díoltóir toilteanach ar an margadh oscailte é díreach roimh an gcinneadh iomchuí faoi Chuid III (agus ag glacadh leis nach raibh an t-iarratas iomchuí ar chead déanta), agus

(b)  gurb é luach iardain na talún an méid a d'fhéadfaí a bheith ag súil lena fháil ar an talamh dá ndíolfadh díoltóir toilteanach ar an margadh oscailte é díreach tar éis an chinnidh sin.

2.  Le linn breith a thabhairt ar réamhluach agus luach iardain na talún chun críocha mhír 1

(a)  tabharfar aird—

(i)  ar aon ranníoc a d'fhéadfadh nó a fhéadfaidh údarás pleanála a éileamh mar réamhchoinníoll le forbairt na talún,

(ii)  ar aon srian le forbairt na talún a d'fhéadfadh a bheith forchurtha, nó a d'fhéadfaí a fhorchur, gan ceart chun cúitimh a thabhairt, faoi aon Acht nó faoi aon ordú, rialacháin, riail nó fodhlí a rinneadh faoi aon Acht,

(iii)  ar an bhfíoras go bhféadfadh go ndearnadh forbairt dhíolmhaithe ar an talamh nó go bhféadfar an fhorbairt sin a dhéanamh amhlaidh, agus

(iv)  ar mhargadhluach oscailte aon talún inchomórtais, más ann dó, i gcomharsanacht na talún a bhfuil breith á tabhairt maidir lena luachanna;

(b)  ní chuirfear i gcuntas—

(i)  aon chuid de luach na talún is inchurtha i leith fóirdheontas nó deontas atá ar fáil as airgead poiblí, nó i leith aon liúntas cánach nó rátúcháin i leith forbartha, a d'fhéadfadh dul chun tairbhe d'fhorbairt na talún,

(ii)  oiriúnacht nó oiriúnaitheacht na talún chun críche ar bith mura bhféadfaí an talamh a úsáid chun na críche sin ach amháin de bhun cumhachtaí reachtúla, nó más críoch í nach bhfuil margadh ar bith ann di ach amháin riachtanais speisialta ceannaitheora áirithe nó ceanglais aon chomhlachta reachtúil de réir mar a mhínítear i mír 5:

Ar choinníoll go gcuirfear san áireamh aon tairiscint bona fide chun an talamh a cheannach a chuirfear ar a iúl nó ar a hiúl don eadránaí,

(iii)  aon mhéadú ar luach na talún is inchurtha i leith a húsáide, nó i leith úsáid aon déanmhais uirthi, ar shlí a bhféadfadh aon chúirt srian a chur léi, nó atá contrártha don dlí nó a dhéanann dochar do shláinte áitritheoirí an déanmhais nó do shláinte nó sábháilteacht an phobail nó don chomhshaol,

(iv)  aon díluachadh nó méadú ar luach is inchurtha i leith an talamh, nó aon talamh sa chomharsanacht, a chur in áirithe chun críche áirithe i bplean forbartha,

(v)  aon luach is inchurtha i leith aon déanmhais neamhúdaraithe nó aon úsáide neamhúdaraithe,

(vi)  tograí a bheidh ann le haghaidh fhorbairt na talún nó aon talún eile ag comhlacht reachtúil, nó

(vii)  go mb’fhéidir nó gur dócha go dtiocfaidh an talamh nó talamh eile faoi réir scéime forbartha a rachaidh comhlacht reachtúil ina bun;

agus

(c)  féadfar breithniú a dhéanamh ar gach tuairisceán agus measúnacht ar luach caipitiúil chun críocha cánachais a rinne nó lenar thoiligh an t-éilitheoir.

3.  (1)  Le linn na féidearthachtaí, más ann, ó thaobh fhorbairt na talún a mheasúnú d'fhonn breith a thabhairt ar réamhluach na talún, ní thabharfar aird ach amháin ar cibé féidearthachtaí réasúnacha a bhféadfaí a mheas, ag féachaint do na cúinsí ábhartha uile, gurbh ann dóibh díreach roimh an gcinneadh iomchuí faoi Chuid III.

(2)  Gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (1), áireofar ar na cúinsí ábhartha chun críocha na fomhíre sin—

(a)  cineál agus suíomh na talún,

(b)  cibé acu is cosúil nó nach cosúil, de réir mar a bheidh, go bhfaighfí cead, nó cead breise, chun an talamh a fhorbairt ag féachaint d'fhorálacha an phlean forbartha,

(c)  an toimhde go ndéanfaí, dá ndeonófaí aon chead chun an talamh a fhorbairt, aon choinníollacha a fhorchur a d'fhéadfaí le réasún a fhorchur i ndáil le nithe dá dtagraítear sa Chúigiú Sceideal (ach nach bhforchuirfí aon choinníollacha eile), agus

(d)  aon chead chun an talamh a fhorbairt, nach cead é le haghaidh forbartha de chineál a shonraítear in alt 192(2), a bhí ar marthain cheana féin tráth an chinnidh iomchuí faoi Chuid III.

4.  (1)  Le linn breith a thabhairt ar luach iardain na talún i gcás inar diúltaíodh cead a dheonú—

(a)  toimhdeofar, faoi réir fhomhír (2), nach ndeonófaí, tar éis an diúltaithe, cead faoi Chuid III le haghaidh aon fhorbartha de chineál a shonraítear in alt 192(2),

(b)  tabharfar aird ar aon choinníollacha i ndáil le nithe dá dtagraítear sa Chúigiú Sceideal (ach ní ar aon choinníollacha eile) a d'fhéadfaí le réasún a fhorchur le linn cead a dheonú chun an talamh a fhorbairt.

(2)  I gcás inar diúltaíodh cead a dheonú i ndáil le talamh a bhfuil gealltanas i bhfeidhm ina leith faoi Chuid VI d'Acht 1963, toimhdeofar, le linn breith a thabhairt ar luach iardain na talún, nach ndeonófaí, tar éis an diúltaithe, cead faoi Chuid III den Acht seo le haghaidh aon fhorbartha seachas forbairt lena mbaineann an gealltanas.

5.  (1)  I mír 2, ciallaíonn “comhlacht reachtúil”—

(a)  Aire den Rialtas,

(b)  na Coimisinéirí,

(c)  údarás áitiúil de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941,

(d)  údarás cuain de réir bhrí an Achta Cuanta, 1946,

(e)  bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970,

(f)  coiste gairmoideachais de réir bhrí an Achta Oideachais Ghairme Beatha, 1930,

(g)  bord nó comhlacht eile arna bhunú le reacht nó faoi reacht,

(h)  cuideachta a bhfuil na scaireanna go léir inti á sealbhú ag Aire den Rialtas, nó thar ceann Aire den Rialtas, nó ag stiúrthóirí arna gceapadh ag Aire den Rialtas, nó

(i)  cuideachta a bhfuil na scaireanna go léir inti á sealbhú ag bord, ag cuideachta, nó ag comhlacht eile dá dtagraítear i bhfomhír (g)(h).

(2)  I gclásail (h) agus (i) d'fhomhír (1), ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Forbairt nach mbeidh Cúiteamh Iníoctha i gcás Cead a Dhiúltú ina Leith

Alt 191.

1.  Aon fhorbairt arb éard í, nó ar cuid di, aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úsáid aon déanmhas nó talún eile.

2.  Teach ináitrithe a scartáil.

3.  Aon fhorbairt a dhéanfadh difear ábhartha do dhéanmhas cosanta nó do dhéanmhas cosanta beartaithe.

4.  Aon déanmhas fógráin a thógáil.

5.  Talamh a úsáid chun aon fhógrán a thaispeáint.

6.  Forbairt i limistéar lena mbaineann ordú um limistéar taitneamhachta speisialta.

7.  Aon fhorbairt ar thalamh a bhfuil deonú ceada ar fáil ina leith faoi Chuid III (d'ainneoin gur diúltaíodh an cead a dheonú) chun aon fhorbairt de chineál cónaithe, tráchtála nó tionsclaíoch a dhéanamh, más é atá go hiomlán nó go formhór san fhorbairt na nithe seo a leanas a fhoirgniú, eadhon, tithe, siopaí nó áitribh oifige, óstáin, garáistí agus stáisiúin pheitril, amharclanna nó déanmhais le haghaidh siamsaíochta, nó foirgnimh thionscail (lena n-áirítear stórais), nó aon chónascadh den chéanna, nach mbeidh faoi réir aon choinníollacha seachas coinníollacha den chineál dá dtagraítear sa Chúigiú Sceideal.

8.  Aon fhorbairt ar thalamh a mbeidh cúiteamh íoctha ina leith cheana féin faoi alt 190, faoi alt 11 d'Acht 1990, nó faoi alt 55 d'Acht 1963, faoi threoir cinnidh roimhe sin faoi Chuid III den Acht seo nó faoi Chuid IV d'Acht 1963 inar diúltaíodh cead a dheonú.

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Cúiseanna le Cead a Dhiúltú nach mbeidh Cúiteamh iníoctha ina Leith

Alt 191.

1.  Go mbeadh sé ró-luath forbairt den chineál beartaithe a dhéanamh ar an talamh, ag féachaint d'aon sriantacht amháin nó níos mó díobh seo a leanas agus don tréimhse a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil go mbeadh deireadh leis na sriantachtaí atá i gceist—

(a)  aon easnamh láithreach ar sholáthar soláthairtí uisce nó saoráidí séarachais,

(b)  acmhainn na soláthairtí uisce nó na saoráidí séarachais, láithreach nó ionchasach, a bheidh ag teastáil le haghaidh forbartha ionchasaí a bhfuil deonú ceada faoi Chuid III den Acht seo, gealltanas faoi Chuid VI d'Acht 1963 nó fógra faoi alt 13 d'Acht 1990 nó faoi alt 192 den Acht seo ar marthain ina leith,

(c)  acmhainn na soláthairtí uisce nó na saoráidí séarachais, láithreach nó ionchasach, a bheidh ag teastáil le haghaidh forbartha ionchasaí cuid eile de limistéar feidhme an údaráis pleanála, mar atá luaite sa phlean forbartha,

(d)  acmhainn na soláthairtí uisce nó na saoráidí séarachais, láithreach nó ionchasach, a bheidh ag teastáil le haghaidh aon fhorbartha ionchasaí eile nó le haghaidh aon chuspóra forbartha, mar atá luaite sa phlean forbartha,

(e)  aon easnamh láithreach ar an ngréasán bóithre a fhreastalaíonn ar limistéar na forbartha beartaithe, lena n-áirítear cúinsí a bhaineann le hacmhainn, leithead, ailíniú nó le dromchla nó bail struchtúrach na pábhála, a d'fhágfadh go mbeadh an gréasán sin, nó aon chuid de, mí-oiriúnach chun an trácht méadaithe is dócha a bheadh ar na bóithre, de bharr na forbartha, a iompar,

(f)  aon easnamh ionchasach (lena n-áirítear na cúinsí a shonraítear i bhfomhír (e)) ar an ngréasán bóithre a fhreastalaíonn ar limistéar na forbartha beartaithe ar easnamh é—

(i)  a thiocfadh i gceist mar gheall ar an trácht méadaithe is dócha a bheadh ar na bóithre de bharr na forbartha sin agus de bharr forbartha ionchasaí a bhfuil deonú ceada faoi Chuid III , gealltanas faoi Chuid VI d'Acht 1963 nó fógra faoi alt 13 d'Acht 1990 nó faoi alt 192 ar marthain ina leith, nó

(ii)  a thiocfadh i gceist mar gheall ar an trácht méadaithe is dócha a bheadh ar na bóithre de bharr na forbartha sin agus de bharr aon fhorbartha ionchasaí eile nó aon chuspóra forbartha, mar a bheidh luaite sa phlean forbartha, agus

a d'fhágfadh go mbeadh an gréasán bóithre sin, nó aon chuid de, mí-oiriúnach chun an trácht méadaithe is dócha a bheadh ar na bóithre, de bharr na forbartha beartaithe, a iompar.

2.  Go mbeadh sé ró-luath forbairt den chineál beartaithe a dhéanamh go dtí go mbeidh breith tugtha ag an údarás pleanála nó ag an údarás bóithre maidir le leagan amach bóithre don limistéar nó d'aon chuid de.

3.  Go mbeadh sé ró-luath forbairt den chineál beartaithe a dhéanamh ag féachaint don ord tosaíochta, más ann, le haghaidh forbartha atá luaite sa phlean forbartha nó go dtí go nglacfar plean limistéir áitiúil de réir an phlean forbartha.

4.  Go gcuirfeadh an fhorbairt bheartaithe sábháilteacht an phobail i mbaol mar gheall ar ghuais tráchta nó ar bhacadh úsáidirí bóthair nó ar shlí eile.

5.  Maidir leis an bhforbairt bheartaithe—

(a)  go bhféadfadh sí, mar gheall ar an bpriacal mórthionóisce nó dá dtarlódh mórthionóisc, a bheith ina cúis le baol tromchúiseach do shláinte an duine nó don chomhshaol, nó

(b)  go bhfuil sí i limistéar inar gá teorainn a chur leis an bpriacal go mbeadh aon bhaol tromchúiseach ann do shláinte an duine nó don chomhshaol.

6.  Go bhfuil an fhorbairt bheartaithe i limistéar ina bhfuil priacal tuile.

7.  Go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe, inti féin nó mar gheall ar an bhfasach a bhunófaí d'fhorbairt iomchuí eile dá ndeonófaí cead lena haghaidh, dochar d'úsáid bóthair náisiúnta nó príomhbhóthair eile ag an trácht.

8.  Go gcuirfeadh an fhorbairt bheartaithe isteach ar shainghné an tírdhreacha nó ar radharc nó ar amharc a bhfuil luachmhaireacht speisialta taitneamhachta nó spéisiúlacht ó thaobh an nádúir de nó áilleacht nádúrtha ag gabháil leis agus ar ní é aon cheann díobh is gá a shlánchoimeád.

9.  Go mbeadh an fhorbairt bheartaithe ina bun le haerthruailliú nó uiscethruailliú tromchúiseach, le truailliú tromchúiseach de dheasca torainn nó tonnchreatha nó le truailliú a bhaineann le diúscairt dramhaíola.

10.  I gcás forbartha ina n-áirítear aon déanmhas, nó aon bhreis nó méadú ar aon déanmhas, gurbh amhlaidh don déanmhas, don bhreis nó don mhéadú—

(a)  go mbrisfeadh sé nó sí líne foirgníochta láithreach nó, i gcás nach bhfuil a leithéid ann, líne foirgníochta arna cinneadh ag an údarás pleanála nó ag an mBord,

(b)  go mbeadh sé nó sí faoi bhóthar poiblí,

(c)  go ndéanfadh sé nó sí díobháil mhór do thaitneamhachtaí, nó go laghdódh sé nó sí luach, maoine sa chomharsanacht,

(d)  gur dhóigh dó nó di a bheith ina chúis nó ina cúis le haon bhrú mór tráchta,

(e)  go gcuirfeadh sé nó sí sábháilteacht aerárthaí nó loingseoireacht shábháilte éifeachtúil aerárthaí i mbaol nó go gcuirfeadh sé nó sí isteach ar an gcéanna,

(f)  go gcuirfeadh sé nó sí sláinte nó sábháilteacht daoine a bheidh ag áitiú an déanmhais nó aon déanmhais atá tadhlach leis, nó a bheidh ar fostú sa chéanna, i mbaol, nó

(g)  go mbeadh sé nó sí dochrach do shláinte an phobail.

11.  Go sáródh an fhorbairt, go hábhartha, coinníoll atá ag gabháil le cead forbartha láithreach.

12.  Go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe díobháil do shéadchomhartha stairiúil, nó go gcuirfeadh sé isteach ar shéadchomhartha stairiúil, atá arna chlárú i gClár na Séadchomharthaí Stairiúla faoi alt 5 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1987, nó atá suite i limistéar seandálaíochta atá cláraithe amhlaidh.

13.  Go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe dochar do limistéar caomhantais ailtireachta.

14.  Go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe dochar d'oidhreacht teanga nó chultúir na Gaeltachta.

15.  Go sáródh an fhorbairt bheartaithe, go hábhartha, cuspóir atá luaite i bplean limistéir áitiúil don limistéar.

16.  Go mbeadh an fhorbairt bheartaithe contrártha d'aon treoirlínte ón Aire a eiseofar chuig údaráis phleanála faoi alt 28 nó d'aon treoir bheartais ón Aire a eiseofar chuig údaráis phleanála faoi alt 29.

17.  Go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe dochar do limistéar caomhantais tírdhreacha.

18.  De réir alt 35, gur dóigh leis an údarás pleanála go bhfuil priacal réadach substaintiúil ann nach ndéanfaí an fhorbairt a bhfuil cead á lorg ina leith a thabhairt chun críche de réir aon cheada nó aon choinníll a mbeadh cead den sórt sin faoina réir.

19.  Maidir leis an bhforbairt bheartaithe—

(a)  go sáródh sé, go hábhartha, cuspóir forbartha atá luaite sa phlean forbartha chun láithreán Eorpach a chaomhnú agus a shlánchoimeád sa mhéid go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe dochar do cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas—

(i)  (I)  cineálacha sonracha gnáthóige nádúrtha in Iarscríbhinn I den Treoir um Ghnáthóga, nó

(II)  speicis shonracha in Iarscríbhinn II den Treoir um Ghnáthóga a ghnáthaíonn an láithreán,

agus a roghnaigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán de réir Iarscríbhinn III (Céim 1) den Treoir sin,

(ii)  speicis shonracha éan nó a ngnáthóg nó gnáthóg eile a shonraítear in Airteagal 4 den Treoir um Éin, agus a bhí mar bhonn le haicmiú an láithreáin sin,

(b)  go mbeadh éifeacht dhochrach shuntasach aici ar aon limistéir eile a fhorordaítear chun críche alt 10(2)(c).

20.  Go sáródh an fhorbairt, go hábhartha, cuspóir forbartha atá luaite sa phlean forbartha chun talamh a chriosú d'fhonn limistéir áirithe a úsáid d'aon toisc nó go príomha chun críoch áirithe (cibé acu críocha cónaithe, tráchtála, tionscail, talmhaíochta, áineasa, mar spás oscailte nó ar shlí eile nó meascán de na húsáidí sin).

21.  (a)  Faoi réir mhír 22, ní bheidh feidhm ag míreanna 19 agus 20 i gcás ina raibh feidhm maidir leis an talamh ag cuspóir forbartha le haghaidh na húsáide a shonraítear i mír 20 tráth ar bith le linn tréimhse plean forbartha agus ina ndearnadh a cuspóir forbartha a athrú mar thoradh ar athrú ar an bplean le linn na tréimhse sin roimh an dáta a rinneadh an t-iarratas iomchuí ar chead chun an talamh a fhorbairt, agus nach sáródh an fhorbairt an cuspóir forbartha sin go hábhartha.

(b)  Ní bheidh feidhm ag mír 20 i gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála, de thoradh ordacháin ón Aire faoi alt 31(2) arna thabhairt laistigh de bhliain tar éis plean forbartha a dhéanamh, cuspóir forbartha dá dtagraítear in mír 19 a leasú nó a chúlghairm ach sin gan dochar d'aon cheart chun cúitimh a éireoidh ar shlí eile i leith aon diúltú cead a dheonú faoi Chuid III i leith iarratais arna dhéanamh sular eisigh an tAire an t-ordachán sin.

22.  Ní bheidh feidhm ag mír 21 i gcás ina bhfuair duine a leas sa talamh—

(a)  tar éis don chuspóir forbartha dá dtagraítear i mír 1920 teacht i ngníomh, nó

(b)  tar éis fógra a bheith foilsithe,

(i)  de réir alt 1213, i dtaobh plean forbartha nua bheartaithe nó i dtaobh athruithe beartaithe ar phlean forbartha, de réir mar a bheidh, nó

(ii)  de réir alt 12, i dtaobh athrú ábhartha ar an dréacht lena mbaineann,

ina luaitear, i ndréacht, an cuspóir forbartha dá dtagraítear i mír 1920, nó

(c)  i gcás mhír 19, tar éis fógra a bheith foilsithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán á rá go bhfuil ar intinn aige nó aici a mholadh go roghnófaí an talamh mar láithreán Eorpach.

23.  Chun críocha mhír 22, beidh dualgas ar dhuine na fíorais ábhartha go léir a bhaineann lena leas sa talamh a chruthú chun sástacht an údaráis pleanála.

24.  Sa Sceideal seo, tá le “údarás bóithre” agus “bóthar náisiúnta” na bríonna a shanntar dóibh in Acht na mBóithre, 1993.

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Coinníollacha is féidir a Fhorchur, gan Cúiteamh a Íoc, ar Dheonú Ceada chun Talamh a Fhorbairt

Alt 191.

1.  Coinníoll, faoi mhíreanna (g) agus (j) d'alt 34(4), á cheangal urrús a thabhairt go gcríochnófar go sásúil an fhorbairt bheartaithe (lena n-áirítear bóithre, spásanna oscailte, carrchlóis, séaraigh, príomhphíopaí uisce nó draenacha a chothabháil go dtí go nglacfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí faoina chúram iad).

2.  Coinníoll, atá san áireamh i ndeonú ceada de bhun alt 4849, á cheangal go n-íocfar ranníoc faoi chomhair bonneagair phoiblí a rachaidh chun tairbhe don fhorbairt.

3.  Coinníoll faoi mhír (n) d'alt 34(4), á cheangal déanmhas fógráin a dhíchur.

4.  Aon choinníoll faoi mhír (n) d'alt 34(4) i gcás gur le déanmhas sealadach a bhaineann an t-iarratas iomchuí ar chead.

5.  Aon choinníoll a bhaineann le haon talamh áirithe, nó an talamh go léir in aon limistéar áirithe, a chur in áirithe nó a leithroinnt le haghaidh forbartha d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe, nó le forbairt ar aon talamh sonraithe a thoirmeasc nó a shrianadh go buan nó go sealadach.

6.  Aon choinníoll a bhaineann le cáilíocht agus sainghné limistéar uirbeach nó limistéar tuaithe a shlánchoimeád.

7.  Aon choinníoll a bhaineann le forbairt limistéar cósta nó forbairt i gcomharsanacht uiscebhealaí intíre a rialáil, a shrianadh agus a rialú.

8.  Aon fhoráil a bhaineann le hoidhreacht teanga nó chultúir na Gaeltachta a chosaint.

9.  Aon choinníoll a bhaineann le priacal mórthionóisce a laghdú nó le hiarmhairtí mórthionóisce a theorannú, nó leis an bpriacal go mbeadh baol tromchúiseach ann do shláinte an duine nó don chomhshaol a theorannú.

10.  Aon choinníoll lena ndéantar forbairt i limistéir ina bhfuil priacal tuile a rialáil, a shrianadh nó a rialú.

11.  Aon choinníoll a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(a)  leagan amach limistéar agus déanmhas, lena n-áirítear dlús, spásáil, grúpáil agus treoshuíomh déanmhas i gcoibhneas le bóithre, spásanna oscailte agus déanmhais eile, a rialáil agus a rialú,

(b)  dearadh agus dath déanmhas agus grúpaí déanmhas, agus na hábhair as a ndéanfar iad, a rialáil agus a rialú,

(c)  dearadh a chur chun cinn i ndéanmhais chun críocha úsáide solúbtha inchothaithe, lena n-áirítear fuinneamh agus acmhainní a chaomhnú.

12.  Aon choinníoll lena gcuirtear teorainn leis an líon déanmhas, nó an líon grúpaí déanmhas d'aicme shonraithe, a fhéadfar a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh ar aon limistéar nó ann nó faoi.

13.  Aon choinníoll lena ndéantar na nithe seo a leanas go léir nó aon cheann acu a rialáil agus a rialú—

(a)  méid, airde, achar urláir agus sainghné déanmhas;

(b)  línte tógála, cumhdach, agus an spás timpeall tithe agus déanmhas eile;

(c)  réim na n-ionad loctha a mbeidh gá leo i ndéanmhais d'aicme nó de mhéid áirithe nó orthu nó fúthu nó seirbhísí nó saoráidí chun feithiclí a locadh, a luchtú, a dhíluchtú nó a bhreoslú;

(d)  na rudaí a fhéadfar a ghreamú de dhéanmhais;

(e)  na críocha chun a bhféadfar, agus an modh ar a bhféadfar, déanmhais a úsáid nó a áitiú, lena n-áirítear, i gcás teaghaisí, iad a ligean ina n-aonaid ar leithligh.

14.  Aon choinníoll a bhaineann le hathrú nó díchur déanmhas neamhúdaraithe.

15.  Aon choinníoll a bhaineann le soláthar agus suíomh seirbhísí sláintíochta agus saoráidí dramhaíola, saoráidí áineasa agus spásanna oscailte.

16.  Aon choinníoll a bhaineann le cosaint agus caomhnú an chomhshaoil, lena n-áirítear truailliú an chomhshaoil a chosc agus uiscí, screamhuisce, cladach na farraige agus an t-atmaisféar a chosaint.

17.  Aon choinníoll a bhaineann le bearta chun astaíocht nó intíocht torainn nó tonnchreatha a laghdú nó a chosc.

18.  Aon choinníoll lena dtoirmisctear, lena rialáiltear nó lena rialaítear cur nó diúscairt dramhábhar agus bruscair, diúscairt séarachais agus truailliú aibhneacha, lochanna, linnte, lintéar agus na trá mara.

19.  Aon choinníoll a bhaineann le cosaint gnéithe den tírdhreach a bhfuil tábhacht mhór leo do fauna agus flora fiáin.

20.  Aon choinníoll a bhaineann le crainn, toir, plandaí agus bláthanna a shlánchoimeád agus a chosaint.

21.  Aon choinníoll a bhaineann le háiteanna, uaimheanna, láithreáin, gnéithe nó rudaí eile is díol spéise ó thaobh seandálaíochta, geolaíochta, staire, eolaíochta nó éiceolaíochta a shlánchoimeád (in situ nó trí thaifead).

22.  Aon choinníoll a bhaineann le caomhnú agus slánchoimeád—

(a)  aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas—

(i)  (I)  cineálacha sonracha gnáthóige nádúrtha in Iarscríbhinn I den Treoir um Ghnáthóga, nó

(II)  speicis shonracha in Iarscríbhinn II den Treoir um Ghnáthóga a ghnáthaíonn an láithreán,

atá i láithreán Eorpach a roghnaigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán de réir Iarscríbhinn III (Céim 1) den Treoir sin,

(ii)  speicis shonracha éan nó a ngnáthóg nó gnáthóg eile atá i láithreán Eorpach a shonraítear in Airteagal 4 den Treoir um Éin agus a bhí mar bhonn le haicmiú an láithreáin sin,

(b)  aon limistéir eile a fhorordaítear chun críche alt 10(2)(c).

23.  Aon choinníoll a bhaineann le slánchoimeád an tírdhreacha i gcoitinne, nó le hordú caomhantais tírdhreacha go háirithe, lena n-áirítear radhairc agus amhairc agus taitneamhachtaí áiteanna agus gnéithe áilleachta nádúrtha nó spéisiúlachta ó thaobh an nádúir de.

24.  Aon choinníoll chun aon cheart slí poiblí láithreach a shlánchoimeád.

25.  Aon choinníoll lena ndéantar talamh a chur in áirithe mar pháirc phoiblí, mar ghairdín poiblí nó mar spás áineasa poiblí, ar talamh é a úsáidtear ar an gcaoi sin de ghnáth.

26.  Aon choinníoll lena gcuirtear toirmeasc nó srian, nó lena ndéantar rialú, i gcoitinne nó laistigh d'fhad sonraithe ó lárlíne aon bhóthair shonraithe, ar thógáil gach foirme nó aon fhoirmeacha áirithe déanmhais fógráin nó ar thaispeáint gach foirme nó aon fhoirmeacha áirithe fógráin.

27.  Aon choinníoll lena ndéantar díobháil do thaitneamhachtaí a chosc, a leigheas nó a dhíchur ar díobháil í de bharr aon déanmhas a bheith ligthe i léig nó i bhfaillí nó de bharr cuma mhíthaitneamhach nó cuma na faillí a bheith ar aon talamh atá ag gabháil le déanmhas nó atá ag teagmháil le bóthar poiblí nó atá i limistéar tithe cónaithe.

28.  Aon choinníoll a bhaineann le ní a bhféadfaí ceanglas a fhorchur ina leith faoi aon Acht eile, nó faoi aon ordú, rialachán, riail nó fodhlí arna dhéanamh nó arna déanamh faoi aon Acht eile, gan dliteanas cúitimh a bheith i gceist.

29.  Aon choinníoll lena dtoirmisctear teach ináitrithe a scartáil.

30.  Aon choinníoll a bhaineann le líonadh talún.

31.  Aon choinníoll ar mhaithe le sábháilteacht aerárthaí nó le loingseoireacht shábháilte éifeachtúil aerárthaí a chinntiú.

32.  Aon choinníoll lena gcinntear an t-ord ina ndéanfar oibreacha nó lena sonraítear tréimhse ar laistigh de a chuirfear oibreacha i gcrích.

33.  Aon choinníoll lena gcuirtear srian le háitiú aon déanmhais atá ar áireamh i bhforbairt go dtí go mbeidh oibreacha eile atá ar áireamh san fhorbairt curtha i gcrích nó go dtí go gcomhlíonfar aon choinníoll sonraithe eile nó go dtí go dtabharfaidh an t-údarás pleanála a thoiliú leis an áitiú sin.

34.  Aon choinníollacha a bhaineann le déanmhas cosanta nó déanmhas cosanta beartaithe a chosaint.

AN SÉÚ SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Alt 264.

 

 

 

Uimhir agus Bliain

(1)

Gearrtheideal

(2)

Méid na hAisghairme

(3)

Uimh. 28 de 1963

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

An tAcht iomlán.

Uimh. 20 de 1976

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976

An tAcht iomlán.

Uimh. 21 de 1982

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1982

An tAcht iomlán, seachas alt 6.

Uimh. 28 de 1983

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1983

An tAcht iomlán.

Uimh. 11 de 1990

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1990

An tAcht iomlán.

Uimh. 11 de 1991

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1991

Ailt 44 agus 45.

Uimh. 14 de 1992

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1992

An tAcht iomlán.

Uimh. 12 de 1993

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1993

An tAcht iomlán, seachas alt 4.

Uimh. 14 de 1993

Acht na mBóithre, 1993

Alt 55A (arna chur isteach le halt 6 d'Acht na mBóithre (Leasú), 1998).

Uimh. 9 de 1998

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1998

An tAcht iomlán.

Uimh. 17 de 1999

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1999

An tAcht iomlán.

(1) O.J. Uimh. L103/1, 25.4.1979

(2) O.J. Uimh. L 175/40, 5.7.1985

(3) O.J. Uimh. L 73/5, 14.3.1997

(1) O.J. Uimh. L 206/7, 22.7.1992

(2) O.J. Uimh. L 10 de 14.1.1997, lth. 13

(1) O.J. Uimh. L 199/54, 9.7.1993.