16 2005

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 2005


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) 2005

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Léiriú.

2 . Líon comhaltaí Dháil Éireann.

3 . Dáilcheantair.

4 . An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

5 . Aisghairm.

6 . Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin 1997.

7 . Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin 1997

1997, Uimh. 25

Na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2004

An tAcht Toghcháin (Leasú) 2001

2001, Uimh. 38

An tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2) 1998

1998, Uimh. 19

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 2005


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) 2005

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH LÍON COMHALTAÍ DHÁIL ÉIREANN AGUS CHUN DÁILCHEANTAIR A ATHMHEAS, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN AGUS DO LEASÚ AN ACHTA TOGHCHÁIN 1997.

[9 Iúil, 2005]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1 .— (1) San Acht seo ciallaíonn “ Aire” an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

(2) Sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

(a) déanfar tagairt do shean-tuathcheantar a fhorléiriú mar thagairt don cheantar sin mar a bhí sé comhdhéanta díreach roimh an 1 Deireadh Fómhair 1925, agus

(b) déanfar tagairt do líne arna tarraingt ar feadh aon mhótarbhealaigh, bóthair, iarnróid nó sráide a fhorléiriú mar thagairt do líne arna tarraingt ar feadh lár an mhótarbhealaigh, an bhóthair, an iarnróid nó na sráide sin.

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2 .— Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, is 166 chomhalta an líon comhaltaí a bheidh i nDáil Éireann.

Dáilcheantair.

3 .— (1) Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar gurb é an limistéar sin é mar a bhí an 28 Márta 2005, ach má éiríonn aon amhras i dtaobh cad é an dáilcheantar ina bhfuil aon toghroinn nó aon chuid de thoghroinn, nó aon bhaile fearainn nó aon chuid de bhaile fearainn, cinnfidh an tAire an t-amhras, ach sin faoi réir alt 1(2)(b) den Acht seo.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

4 .— Toghfar do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sin sa tríú colún den Sceideal sin.

Aisghairm.

5 .— (1) Aisghairtear an tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2) 1998.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh díreach ar an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin 1997.

6 .— Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin 1997 (a cuireadh isteach le halt 50(v) den Acht Toghcháin (Leasú) 2001) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír 2:

“(a) le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i), (iii), (iv) agus (v) d’alt 22(2)(b) nó, i gcás toghcháin uachtaráin, i bhfomhíreanna (i), (iii), (iv) agus (v) d’alt 46(2)(b),”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

7 .— (1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú) 2005 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2005 a ghairm de na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2004 agus den Acht seo le chéile agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

AN SCEIDEAL

Ainm

Limistéar

An Líon Comhaltaí

Ceatharlach-Cill Chainnigh

Contae Chill Chainnigh agus contae Cheatharlach, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Chill Mhantáin.

Cúigear

An Cabhán-Muineachán

Contaetha an Chabháin agus Mhuineacháin.

Cúigear

An Clár

Contae an Chláir, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Luimnigh Thoir.

Ceathrar

Corcaigh Thoir

I gcontae Chorcaí, na toghranna seo a leanas:

Ceathrar

Baile na gCloch, an Cóbh (Tuath), Gleann an Phréacháin, Cnoc Rátha, i sean-Tuathcheantar Chorcaí;

Áth an Chairn, Baile Átha hÚlla, an Baile Nua, an Charraig, Dún Galláin, Carragán Éide, Caisleán Ó Liatháin, Baile Chaisleán an Róistigh, Cúl Chollainge, Cora Ghlas, Mainistir Fhear Maí (Tuath), Gleannúir Thoir, Gleannúir Thiar, Gort na Sceiche, Gort an Rú, Coill na Corra, Cill Cumair, Cill Daighnín, Cill Aithche, Cill Uird, Cnoc Muirne, Liatroim, Ráth Chormaic, Cnocán na Biolraí, i sean-Tuathcheantar Mhainistir Fhear Maí;

Baile Cloch, Baile na Móna, Cill na Mallach, Cathair Dubhgáin, an Charraig, Claonabhar, Dún ar Aill, Cill Mac Leinín, Mala (Tuath), Móin an Ime, Rathain, an Seanbhaile Mór, Sceachanach, Baile an Fháltaigh, i sean-Tuathcheantar Mhala;

Baile an Teampaill, Baile Choitín, Baile Uí Spalláin, Carraig Thuathail, Baile na Martra, Cluain Molt, Cluain, Corcach Beag, Daingean Uí Dhonnabháin, Dún Guairne, Garraí Bhóithe, Íochtar Morogha, Inse, Lios Gúl, Mainistir na Corann (Tuath), Maigh Dhíle, Ros Tialláin, Teampall Buadán, Teampall na Carraige, i sean-Tuathcheantar Mhainistir na Corann;

Baile Artúir, Doire Ó bhFaoileáin, Fairche, Cill Dairbhre, Cill Gallán, Cill Faolán, Baile an Mharasclaigh, Baile Mhistéala, Teampall Molaga, i sean-Tuathcheantar Bhaile Mhistéala Uimh. 1;

Ardachadh, Cluain Príost, Cill Crónait, Cill Ia, Cill Modomhnóg, Eochaill (Tuath), i sean-Tuathcheantar Eochaille Uimh. 1;

agus bailte an Chóibh, Mhainistir Fhear Maí, Mhala, Mhainistir na Corann agus Eochaille.

Corcaigh Thuaidh-Lár

I gcathair Chorcaí, na toghranna seo aleanas:

Ceathrar

An Linn Dubh A, an Linn Dubh B, Páirc an Teampaill, an Coimín, Cnocán an Aonaigh A, Cnocán an Aonaigh B, Cnocán an Aonaigh C, Fearann Phiarais A, Fearann Phiarais B, Fearann Phiarais C, Garrán na mBráthar A, Garrán na mBráthar B, Garrán na mBráthar C, Garrán na mBráthar D, Garrán na mBráthar E, Cnoc an Aonaigh, Baile na mBocht, Montenotte A, Montenotte B, Naomh Pádraig A, Naomh Pádraig B, Naomh Padraig C, Seana-Choill, Seandún A, Seandún B, Tobar Rí an Domhnaigh A, Tobar Rí an Domhnaigh B, an Gleann A, an Gleann B, Tivoli A, Tivoli B;

agus, i gcontae Chorcaí, na toghranna seo a leanas:

An Linn Dubh, an Bhlarna, Cathair Laga, Carraig na bhFear, Carraig Ruacháin (Beag), an Druipseach, Sliabh na Giúise, an Dún Glas, Cill Liath, Cnoc an Tóiteáin, Maigh Tuaith, Ráth Cuanna, Baile Roisín, Naomh Muire, an Teampall Geal, i sean-Tuathcheantar Chorcaí;

Gabhlán i sean-Tuathcheantar Mhaigh Chromtha.

Corcaigh Thiar Thuaidh

I gcontae Chorcaí, na toghranna seo a leanas:

Triúr

Baile Uí Ghormáin, Baile Uí Mhurchú, Binn Odhar, Boirne, Cill Beanán, Cnoc an Bhile, Magh Bhide, Muighe Rátha, Na Téadaí, Teampall Mártan, i sean-Tuathcheantar Dhroichead na Bandan;

Baile an Chollaigh, na hUamhanna, i sean-Tuathcheantar Chorcaí;

Alltach, Béilic, Béal Átha an Ghaorthaidh, Carraig Bhuí, Baile an Chaisleáin, Cúl Móinteáin, an Ghearr-Abhann, Cinn Eich, Máinse, Tír Eiltean, i sean-Tuathcheantar Dhún Mánmhaí;

Ealla, Baile Uí Uallacháin, Bántír, Cnoc na hEornan, Barr na Coirthe, Bán Mór, an Bóthar Buí, Caisleán na Cora, Caisleán na Maingnéarach, Cluain Feirt Thoir, Cluain Feirt Thiar, Cluain Mhín, Cúil Cloch, Droim Aidhne, Gleann Lára, Gort Mór, Grianán, Ceann Toirc, Cill Brain, Cill Mín, Cnoc an tSuain, Má Leamhna, Muingí, Áth an Mhuilinn, Nead, Áth Trasna, Seandroim, Ros Caoin, Ros na Laogh, Rothaill, Tigh an Chora, Tulach Léise, Baile Deasmhumhna i sean-Tuathcheantar Cheann Toirc;

Achadh Ianach, an Sliabh Riabhach, an Eaglais, Béal Átha an Ghaorthaidh, Ceannmhuighe, Ceann Droma, Cill na Martra, Claonráth, Cluain Droichead, Cluain Mhaol, Doire Fhínín, Gort na Tiobratan, an Choill Ghlas, Inse Geimhleach, Cill Breithcheart, Cill Collaing, Magh Cluaineich, Má Guairne, Magh Seana Glaise, Maigh Dhíle, Na hUláin, Cill Barra, i sean-Tuathcheantar Mhagh Chromtha;

Ard Scia, Brú Thoinne, Droim Mhór, Íomarach, Cill Seanaigh, Lios Cearúill, Baile an Mhuilinn, Ráth Loirc, Garraí na Gráinneoige, Cnoc na Sruthán, Teampall Muire, i sean-Tuathcheantar Mhala;

An Chathair Bhearnach, Com an Logáin, Crionna Allua, Cuileann Uí Chaoimh, Dorach, Dún na Slinn, an Driseán, an Caol, Cill Coirne, Cnoc na Greighe, Ráth Comhaill, Sceach, i sean-Tuathcheantar Shráid an Mhuilinn;

agus baile Mhaigh Chromtha.

Corcaigh Theas-Lár

Cathair Chorcaí, ach amháin an chuid di atá i ndáilcheantar Chorcaí Thuaidh-Lár;

Cúigear

agus, i gcontae Chorcaí, na toghranna seo a leanas:

Baile Garbháin, Baile an Easpaig, Carraig Uí Leighin, Dúglas, Inis Cionaigh, Leithineach, Baile an Mhanaigh (Tuath), Baile an Mhanaigh (Uirbeach), i sean-Tuathcheantar Chorcaí;

Carraig Uí Leighin, Cill Pádraig, Lios Cléirigh, Teampall Bríde, i sean-Tuathcheantar Chionn tSáile.

Corcaigh Thiar Theas

Contae Chorcaí, ach amháin na codanna de atá i ndáilcheantair Chorcaí Thoir, Chorcaí Thuaidh-Lár, Chorcaí Thiar Thuaidh agus Chorcaí Theas-Lár.

Triúr

Dún na nGall Thoir Thuaidh

I gcontae Dhún na nGall, na toghranna seo a leanas:

Triúr

Ard Mhálanna, Baile Lifín, Inis na nÉanlaithe, Bun Cranncha (Tuath), Droim na Bearta, Carn Domhnach, Carrthaigh, an Teampall Maol, Cill Mhic an Tréin, Cúil Dabhcha, Díseart Éigne, Dún Damh, Fathain, Gleann Ó gCanann, Gleann Daoile, Gleann Tóchair, an Caisleán Nua, na hUillí, Inis Cuileantraí, Cill Doire, Cill Aodha, Málainn, Mínteach, Bun an Phobail, an Baile Nua, Carraig Mhic Uidhilín, an tSráid, Ard an Chrainn, Tuar Móin, an Caiseal Bán, i sean-Tuathcheantar Inis Eoghain;

Baile Mac Cumhaill, an Caisleán Riabhach, Cor an Mhadaidh, Éadan an Charnáin, Gartán, Gort na bhFearn, Coillidh Masnaidh, Cinn Crathaigh, Leitir Ceanainn (Tuath), an Machaire Buí, Mainéar Uí Chuinneagáin, Mín an Lábáin, Suí Corr, Teampall Dúghlaise, i sean-Tuathcheantar Leitir Ceanainn;

An Cheathrú Chaol, an Tearmann, Baile Átha Dhaire, Carraig Airt, Cnoc Colbha, Creamhghort, Fánaid Thiar, Fánaid Thuaidh, an Gleann, Gleann Eala, Dún Glas, Cill Uí Gharbháin, Cill Mhic Réanáin, Loch Caol, Baile na nGallóglach, Ráth Mealtain, Ráth Maoláin, Ros Goill, Ros na Cille, i sean-Tuathcheantar Bhaile na nGallóglach;

Feada Glas, Mín Charraigeach, Baile Suingean, Triantach Muclach, i sean-Tuathcheantar Shrath an Urláir;

agus bailte Bhun Cranncha agus Leitir Ceanainn.

Dún na nGall Thiar Theas

Contae Dhún na nGall, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Dhún na nGall Thoir Thuaidh.

Triúr

Baile Átha Cliath Láir

I gcathair Bhaile Átha Cliath, na toghranna seo a leanas:

Ceathrar

Cé Árann A, Cé Árann B, Cé Árann C, Cé Árann D, Cé Árann E, Baile Astún A, Baile Astún B, an Baile Bocht A, an Baile Bocht B, na Lusgharraithe A, na Lusgharraithe B, na Lusgharraithe C, an Chabrach Thoir A, an Chabrach Thoir B, an Chabrach Thoir C, an Chabrach Thiar A, an Chabrach Thiar B, an Chabrach Thiar C, an Chabrach Thiar D, Droim Conrach Theas B, Droim Conrach Theas C, Cé na gCúirteanna A, Cé na gCúirteanna B, Cé na gCúirteanna C, Moinseo A, Moinseo B, an Chathair Thuaidh, an Duga Thuaidh A, an Duga Thuaidh B, an Duga Thuaidh C, an Rotunda A, an Rotunda B;

agus an chuid sin de thoghroinn Pháirc an Fhionnuisce atá lastuaidh de líne arna tarraingt ar feadh Bhóthar Shéipéal Iosóid, Bóthar Chonagáin agus Sráid Gheata na Páirce.

Baile Átha Cliath Thiar-Meán

I gcontae Bhaile Átha Cliath Theas, na toghranna seo a leanas:

Ceathrar

Cluain Dolcáin-an Cheapach Mhór, Cluain Dolcáin-Dún Álainn, Cluain Dolcáin-Gort na Móna, Cluain Dolcáin-Rualach, Sráidbhaile Chluain Dolcáin, Leamhcán-an Eiscir, Arda Leamhcáin, Leamhcán-Teach San Eiléan, an Caisleán Nua, Sráidbhaile Bhaile Phámar, Baile Phámar Thiar, Ráth Cúil, Teach Sagard;

agus an chuid sin de thoghroinn Chluain Dolcáin-an Mhainistir atá laistiar de líne arna tarraingt feadh Pháircbhealach Thiar an M50.

Baile Átha Cliath Thuaidh

I gcontae Fhine Gall, na toghranna seo a leanas:

Ceathrar

Baile Brigín (Tuath), Baile Brigín (Uirbeach), Baile Ghrífín, Baile Bachaille, Baile na Scadán, Cluain Meathan, Domhnach Bat, Baile Gháire, Ráth Halabhóid, Inis Pádraig, Cinn Sáile, Lusca, Mullach Íde Thoir, Mullach Íde Thiar, Port Mearnóg Thuaidh, Port Mearnóg Theas, an Ros, na Sceirí, Sord-an Fhoraois, Sord-an Ghlas Mhór, Sord-Halla an Leasáin, Sord-Baile na Mara, Sráidbhaile Shoird;

agus na codanna sin de thoghranna Aerfoirt agus Thornapain atá lastuaidh de líne arna tarraingt feadh Chonair na Croise Thuaidh (M50), ag dul deiseal timpeall chompal Uimh. 3, agus dá eisiamh, ag acomhal Chonair na Croise Thuaidh (M50) le mótarbhealach an M1;

agus, i gcathair Bhaile Átha Cliath, na codanna sin de thoghranna Choill an Phrióra A, Choill an Phrióra B, Choill an Phrióra C atá lastuaidh de líne arna tarraingt feadh Chonair na Croise Thuaidh (M50) agus Síneadh na Croise Thuaidh (N32), ag dul deiseal timpeall na dtrí chompal seo a leanas, agus á n-eisiamh, eadhon, compal Uimh. 3 ag acomhal Chonair na Croise Thuaidh (M50) le Mótarbhealach an M1, an compal ag acomhal Chonair na Croise Thuaidh (M50) le Bóthar na Cluainsí agus an compal ag acomhal Shíneadh na Croise Thuaidh le Bóthar Mhullach Íde (R107).

Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár

I gcathair Bhaile Átha Cliath, na toghranna seo a leanas:

Triúr

Beaumont B, Beaumont C, Beaumont D, Beaumont E, Beaumont F, Cluain Tarbh Thoir A, Cluain Tarbh Thoir B, Cluain Tarbh Thoir C, Cluain Tarbh Thoir D, Cluain Tarbh Thoir E, Cluain Tarbh Thiar A, Cluain Tarbh Thiar B, Cluain Tarbh Thiar C, Cluain Tarbh Thiar D, Cluain Tarbh Thiar E, Droim Conrach Theas A, Páirc na nGrás, Baile Hearman A, Baile Hearman B, an Choill Mhór A, an Choill Mhór B, an Choill Mhór C, an Choill Mhór D.

Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh

I gcathair Bhaile Átha Cliath, na toghranna seo a leanas:

Triúr

Árghort, Éadan Mór, an Ghráinseach A, an Ghráinseach B, an Ghráinseach C, an Ghráinseach D, an Ghráinseach E, Coill an Phrióra D, Coill an Phrióra E, Ráth Eanaigh-Gort an tSionnaigh, Ráth Eanaigh-Gleannán na Faiche, Ráth Eanaigh-San Assam;

agus na codanna sin de thoghranna Choill an Phrióra A, Choill an Phrióra B agus Choill an Phrióra C atá laisteas de líne arna tarraingt feadh Chonair na Croise Thuaidh (M50) agus Síneadh na Croise Thuaidh (N32), ag dul deiseal timpeall na dtrí chompal seo a leanas, agus á gcuimsiú, eadhon, compal Uimh. 3 ag acomhal Chonair na Croise Thuaidh (M50) le Mótarbhealach an M1, an compal ag acomhal Chonair na Croise Thuaidh (M50) le Bóthar na Cluainsí agus an compal ag acomhal Shíneadh na Croise Thuaidh le Bóthar Mhullach Íde (R107);

agus, i gcontae Fhine Gall, na toghranna seo a leanas:

Baile Dúill, Binn Éadair, Cill Fhionntain.

Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh

I gcathair Bhaile Átha Cliath, na toghranna seo a leanas:

Triúr

Baile Gall A, Baile Gall B, Baile Gall C, Baile Gall D, Baile Munna A, Baile Munna B, Baile Munna C, Baile Munna D, Baile Munna E, Baile Munna F, Beaumont A, Fionnghlas Thuaidh A, Fionnghlas Thuaidh B, Fionnghlas Thuaidh C, Fionnghlas Theas A, Fionnghlas Theas B, Fionnghlas Theas C, Fionnghlas Theas D, an Halla Bán A, an Halla Bán B, an Halla Bán C, an Halla Bán D;

agus, i gcontae Fhine Gall, na codanna sin de thoghranna Aerfoirt, Bhaile Bhlainséir-Bhaile an Aba, Dhubhair, an Bharda agus Thornapain atá laisteas de líne arna tarraingt feadh Chonair na Croise Thuaidh (M50), ag dul deiseal timpeall chompal Uimh. 3, agus á chuimsiú, ag acomhal Chonair na Croise Thuaidh (M50) le Mótarbhealach an M1.

Baile Átha Cliath Theas

I gcontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, na toghranna seo a leanas:

Cúigear

Baile an tSaoir-Áth Leathan, Baile an tSaoir-Ludford, Baile an tSaoir-Marlaí, Baile an tSaoir-Leathánach na Cluana, Baile an tSaoir-Droim Cluana, Baile an tSaoir-Páirc na Coille, Baile an Teampaill-an Caisleán, Baile an Teampaill-an Scéimh, Baile an Teampaill-Garrán na gCnó, Baile an Teampaill-Orwell, Baile an Teampaill-Faiche na Coille, Cluain Sceach-Belfield, Cluain Sceach-Fearann na Buaile, Cluain Sceach-Baile an Mhuilinn, Cluain Sceach-Reabóg, Cluain Sceach-na Glasáin, Dún Droma-Baile Amhlaoibh, Dún Droma-Cill Mhochuda, Dún Droma-Áth an Ghainimh, Dún Droma-Droim Meala, Dún Droma-Teach Naithí, Gleann Cuilinn, Stigh Lorgan-Páirc na bhFianna, Stigh Lorgan-Cill Mhochuda, Stigh Lorgan-Meirbheal, Stigh Lorgan-Cnoc Mhuirfean, Tigh Bródáin;

agus an chuid sin de thoghroinn Chábán tSíle-Baile Uí Lachnáin atá laistiar de líne arna tarraingt feadh an bhóthair ó Charraig Mhaighin go Cill Tiarnáin;

agus an chuid sin de thoghroinn Stigh Lorgan-Baile na Lobhar atá siar ó dheas de líne arna tarraingt feadh sheanlíne iarnróid Shráid Fhearchair-Bré;

agus i gcontae Bhaile Átha Cliath Theas, na toghranna seo a leanas:

Baile Baodáin, Baile Éamainn, Teach na Giúise-Baile Cuilinn, Teach na Giúise-Cnoc Liamhna, Ráth Fearnáin-Baile Ruáin, Ráth Fearnáin-Gort an Ime, Ráth Fearnáin-Hermitage, Ráth Fearnáin-Naomh Éanna, Sráidbhaile Ráth Fearnáin.

Baile Átha Cliath Theas-Lár

I gcathair Bhaile Átha Cliath, na toghranna seo a leanas:

Cúigear

Carna, Séipéal Iosóid, Gort na Silíní A, Gort na Silíní C, Cromghlinn A, Cromghlinn B, Cromghlinn C, Cromghlinn D, Cromghlinn E, Cromghlinn F, na Déise, Drom Finn, Inse Chór A, Inse Chór B, Cill Mhaighneann A, Cill Mhaighneann B, Cill Mhaighneann C, Caminse A, Caminse B, Caminse C, Caminse D, Caminse E, an Choill Mhór, Cé na gCeannaithe A, Cé na gCeannaithe B, Cé na gCeannaithe C, Cé na gCeannaithe D, Cé na gCeannaithe E, Cé na gCeannaithe F, Tír an Iúir A, Tír an Iúir B, Tír an Iúir C, Tír an Iúir D, Cé Uiséar A, Cé Uiséar B, Cé Uiséar C, Cé Uiséar D, Cé Uiséar E, Cé Uiséar F, Baile Bhailcín A, Baile Bhailcín B, Baile Bhailcín C;

agus an chuid sin de thoghroinn Pháirc an Fhionnuisce atá laisteas de líne arna tarraingt ar feadh Bhóthar Shéipéal Iosóid, Bóthar Chonagáin agus Sráid Gheata na Páirce;

agus, i gcontae Bhaile Átha Cliath Theas, na toghranna seo a leanas:

Teach Mealóg-Mainéar Chaminse, Tír an Iúir-Páirc na Silíní, Tír an Iúir-na Crainn Ghlasa;

agus na codanna sin de thoghranna Chluain Dolcáin-an Mhainistir, Chluain Dolcáin-Baile an Aird agus Thamhlachta-Cill na Manach atá lastoir de líne arna tarraingt feadh Pháircbhealach Thiar an M50.

Baile Átha Cliath Thoir Theas

I gcathair Bhaile Átha Cliath, na toghranna seo a leanas:

Ceathrar

Teach an Ard-Mhéara A, Teach an Ard-Mhéara B, Pembróc Thoir A, Pembróc Thoir B, Pembróc Thoir C, Pembróc Thoir D, Pembróc Thoir E, Pembróc Thiar A, Pembróc Thiar B, Pembróc Thiar C, Ráth Fearnáin, Ráth Maonais Thoir A, Ráth Maonais Thoir B, Ráth Maonais Thoir C, Ráth Maonais Thoir D, Ráth Maonais Thiar A, Ráth Maonais Thiar B, Ráth Maonais Thiar C, Ráth Maonais Thiar D, Ráth Maonais Thiar E, Ráth Maonais Thiar F, an Malartán Ríoga A, an Malartán Ríoga B, Naomh Caoimhín, an Duga Theas, Cé na Coille A, Cé na Coille B.

Baile Átha Cliath Thiar Theas

I gcontae Bhaile Átha Cliath Theas, na toghranna seo a leanas:

Ceathrar

Baile na Scornaí, Bóthar na Bruíne, Sráidbhaile Theach na Giúise, Tamhlacht-Abhainn Bheag, Tamhlacht-Béalgard, Tamhlacht-Fothair Cearn, Tamhlacht-Radharc an Ghleanna, Tamhlacht-Ráth Miontáin, Tamhlacht-Cill an Ardáin, Tamhlacht-Coill Tuibear, Tamhlacht-Coill an Rí, Tamhlacht-Glaise an Mhuilinn, Tamhlacht-an Sean-Bhábhún, Tamhlacht-Achadh an Tobair, Tamhlacht-Teach Motháin, Teach Mealóg-an Chufróg, Teach Mealóg-an Tiníl, Teach Mealóg-Orwell, Teach Mealóg-an Coirneach, Sráidbhaile Theach Mealóg, Tír an Iúir-San Séamas;

agus na codanna sin de thoghranna Chluain Dolcáin-Baile an Aird agus Thamhlachta-Cill na Manach atá laistiar de líne arna tarraingt feadh Pháircbhealach Thiar an M50.

Baile Átha Cliath Thiar

I gcontae Fhine Ghall, na toghranna seo a leanas:

Triúr

Baile Bhlainséir-Baile an Bhlácaigh, Baile Bhlainséir-Cúil Mhín, Baile Bhlainséir-Cor Dubh, Baile Bhlainséir-Coill an Ghleanntáin, Baile Bhlainséir-Mullach Eadrad, Baile Bhlainséir-Plásóg an Róis, Baile Bhlainséir-Baile an Tirialaigh, Caisleán Cnucha-Cnoc Mhaolrúin, Caisleán Cnucha-an Pháirc, Cill Shalcháin agus Leamhcán Thuaidh;

agus na codanna sin de thoghranna Bhaile Bhlainséir-Bhaile an Aba, Dhubhair agus an Bharda atá lastuaidh de líne arna tarraingt feadh Chonair na Croise Thuaidh (M50).

Dún Laoghaire

I gcontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, na toghranna seo a leanas:

Cúigear

An Baile Breac, an Charraig Dhubh-Baile an Bhóthair, an Charraig Dhubh-Dún Chéire, an Charraig Dhubh-an Lár, an Charraig Dhubh-Gleann na Mná, an Charraig Dhubh-Baile na Manach, an Charraig Dhubh-an Pháirc Nua, an Charraig Dhubh-Rinn na Mara, an Charraig Dhubh-Sráid an tSrutháin, an Charraig Dhubh-Cnoc an Teampaill, an Charraig Dhubh-Baile Liam, Cábán tSíle-Páirc an Eibhir, Cábán tSíle-Cill Bheagóige, Cábán tSíle-Criadóireacht, Deilginis-Abhainn an Ghleanna, Deilginis-Blabhac, Deilginis-an Caladh Mór, Cnoc Dheilginse, Deilginis Uachtarach, Dún Laoghaire-Thoir-Lár, Dún Laoghaire-Glas Tuathail, Dún Laoghaire-Gleann na gCaorach, Dún Laoghaire-Feirm Bhaile na Manach, Dún Laoghaire-Baile an Chnoic, Dún Laoghaire-an Naigín Thoir, Dún Laoghaire-an Naigín Theas, Dún Laoghaire-an Naigín Thiar, Dún Laoghaire-Cnoc an tSalainn, Dún Laoghaire-Cuas an Ghainimh, Dún Laoghaire-Thiar-Lár, Carraig an tSionnaigh-Páirc na bhFeá, Carraig an tSionnaigh-Carraig Mhaighin, Carraig an tSionnaigh-Gráinseach an Déin, Carraig an tSionnaigh-Torquay, Cill Iníon Léinín Thuaidh, Cill Iníon Léinín Theas, Seanchill-Ráth Mhichíl, Seanchill-Ráth Salach, Seanchill-Seanchonnach, Stigh Lorgan-an Phrióireacht;

agus na codanna sin de thoghranna Chábán tSíle-Baile Uí Lachnáin agus Stigh Lorgan-Baile na Lobhar nach bhfuil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas.

Gaillimh Thoir

I gcontae na Gaillimhe, na toghranna seo a leanas:

Ceathrar

Mainistir Uí Ghormacáin, Áth Eascrach, Eachroim, Béal Átha na Sluaighe (Tuath), Baile Mhic an Bhaird, Cluain Fearta, Cluain Tuaiscirt, Baile an Ruáin, Cill Chonaill, Cill Aodhán, Cill Fhalachtán, Cill Ódhráin, Cill Iúir, Cill Mac Seáin, Cill Tormóir, an Choill Mhór, an Baile Mór, Lios Maine, Cúil an Choirce, i sean-Tuathcheantar Bhéal Átha na Sluaighe Uimh 1;

Baile na Stac, Béal Átha Mó, Baile na Cille, Buíbheanach, na Creaga, Currach Mór, Gleann na Madadh, Oileán Cheapaigh Dhómhnaill, Cill Chróine, Cill Tulach, Ráithín, Screig, Seanchill, Teampall an Tóchair, Tobar Rua, i sean-Tuathcheantar Ghleann na Madadh;

Ard Maoldubháin, Ard Raithin, Baile Uí Chathaláin, Beitheach, Cathair Mhór, Ceapa Ard, Caisleán Táilliúir, Dubhros, Drom Mochua, an Gort, Cill Beagnatan, Cill Fhaile, Cillín Bharra, Cill Einne, Cill Tartan, Cill Tomás, Cinn Mhara, Ráth Osán, Sceicheanach, i sean-Tuathcheantar anGhoirt;

An Aill, Baile Átha an Rí, Baile na gCearr, Breaclach, Bollán, Ceapa Lusca, Caisleán Buí, Cluain Chaoin, Baile Uí Chlúmháin, Creachmhaoil, Doire Láir, Droim Caora, Mainistir na Gráige, an Ghráinseach, Cnocán Iúir, Cill Chríost, Cill Conmhaicne, Cill Cainiarn, Cill Íomair, Cill Ó gCillín, Cill Mian, Cill Rícill, Cill tSeiscill, Cill Tulach, Leaca Liath, Liatroim, Loch an Tóraic, Baile Locha Riach (Tuath), Baile Locha Riach (Uirbeach), an Creigín, Sliabh, Magh Óda, Ráth Fulrach, Teach Dáchonna, an Ghráig, i sean-Tuathcheantar Bhaile Locha Riach;

Eanach, Baile na Cille, an Chealtrach, Gallach, Caisleán Frinseach, Cluain Broc, Cluain Chaoin, Baile Colbha, Doire an Ghlasáin, Cill Fhear Odhrán, Cill Liatháin, an Creagán, an Baile Íochtair, Teach Buí, i sean-Tuathcheantar an Chreagáin;

Rann na Mainistreach, an Baile Glas, an Cuas, Darú, Droman, Dún an Uchta, Cill Íomair, Cill Molingóg, Cill Cuán, Míleac, an Móta, Pailís, Port Omna, Tír Chinn Eascrach, Tíne, i sean-Tuathcheantar Phort Omna;

An Mhainistir Thoir, an Mhainistir Thiar, Eadarghóil, Eanach Cuain, Baile an Doire, Baile an Duibh, Baile na Páirce, an Bheitheach Mhór, Béal Chláir, Ceathrú na gCorr, Ceathrú Riach, Clár Thuama, Cluain Bheirn, Cluain Chaoin, Comar, Domhnach Pádraig, Dúbhaile, Dún Mór Thuaidh, Dún Mór Theas, Poll an tSionnaigh, Áth Cinn, Leamhchoill, Cill Beanán, Cill Cuanna, Cill Einne, Cillín, Cill Fhear Éireann, Cill Fhobhar, Cill Fhursa, Cill Mhaoláin, Cill Seanbhotha, Leathbhaile, Baile an Mhuilinn, Muine Mheá, Maighean, Cnoc an tSeagail, Tobar an Dois, Tuaim (Tuath), Tuaim (Uirbeach), i sean-Tuathcheantar Thuama;

agus baile Bhéal Átha na Sluaighe.

Gaillimh Thiar

Contae na Gaillimhe, ach amháin na codanna sin de atá i ndáilcheantar na Gaillimhe Thoir;

agus cathair na Gaillimhe.

Cúigear

Ciarraí Thuaidh

I gcontae Chiarraí, na toghranna seo a leanas:

Triúr

Duibhlios, i sean-Tuathcheantar an Daingin;

Cill Fheidhlim, i sean-Tuathcheantar Chill Airne;

Ardachadh, Eas Daoi, Baile an Chlochair, Baile Conraoi, an Baile Dubh, Baile Aogáin, Baile Uí Argáin, Béal, Carraig, an Tóchar, Cluain Tiobraid, Droim Mhártain, Dubháth, Inis Mhór, Gallán, Baile Uí Dhonncha, Cill Feichne, Cill Eithne, Cill Lamhraí, Cill Maighne, Cill Seanán, Cill Tóma, Liatroim, Lios Lachtín, Lios Eiltín, Lios Tuathail (Tuath), Leic Snámha, Maigh Inse, Maigh Mheáin, Ráth Aodha, Srón Abhann, Tairbeart, an Tearmann, Trian Iarthach, Urlaí, i sean-Tuathcheantar Lios Tuathail;

Mainistir Ó dTorna, Airibeile, Ard Fhearta, Baile Aogáin, Baile Uí Thaidhg, Baile na hEaglaise, Baile an Óraigh, Baile Ó Síoda, Banna, Barr Trí gCom, Cathair Uí Mhóráin, Brosnach, Oileán Ciarraí, Clochar Bhriain, Cordal, Crionna, Dún, na Gnímh, Ceann Duimhche, Cill Flainn, Cill Gobán, Cill Leathan, Cill Muire, Cnoc Glas, Cnoc na gCaiseal, Leaca Bhán, Cnocán an Iolair, Nuachongbháil, Ó Braonáin, Ráth Teas, Trá Lí (Tuath), Tiobraid, i sean-Tuathcheantar Thrá Lí;

agus bailte Lios Tuathail agus Thrá Lí.

Ciarraí Theas

Contae Chiarraí, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Chiarraí Thuaidh.

Triúr

Cill Dara Thuaidh

I gcontae Chill Dara, na toghranna seo a leanas:

Ceathrar

Baile Ráithín, Cill Droichid, Cluain Conaire, Domhnach Dheá, Domhnach Coimir, Cill Choca, Léim an Bhradáin, Maigh Nuad, Teach Srafáin, i sean-Tuathcheantar Chill Droichid Uimh.1;

Baile na Droiminne, Baile Mhic Ádaim, Cairbre, an Charraig, Droichead, Dún Fírchirt, Cill Raithne, Crosra an Mhuilinn Ghaoithe, i sean-Tuathcheantar Éadan Doire Uimh. 2;

Baile Bhuadáin, Claonadh, na Dúiníní, an Chill, Cill Tidhil, an Nás (Tuath), Uachtar Ard, an Ráth Mhór, Inis Robartaigh, Tigh Mochua Thuaidh, Tigh Mochua Theas i sean-Tuathcheantar an Náis Uimh. 1;

agus baile an Náis.

Cill Dara Theas

Contae Chill Dara, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Chill Dara Thuaidh.

Triúr

Laois-Uíbh Fhailí

Contaetha Laoise agus Uíbh Fhailí.

Cúigear

Luimneach Thoir

I gcontae Luimnigh, na toghranna seo a leanas:

Cúigear

Cathair Coirne, an tOspidéal, Cill Tíle, i sean-Tuathcheantar Chill Mocheallóg;

Mainistir Uaithne, Baile Bricin, Baile Cuimín, Béal Átha Síomóin, Baile Uí Mheadhra, Cathair Chinn Lis Thoir, Cathair Chinn Lis Thiar, Cathair Ailí, an Cheapach Mhór, Caisleán Uí Chonaill, Cluain Chaoin, an Dún Thiar, Gleann Státhail, Cill Muire, Luimneach Thuaidh (Tuath), Luimneach Theas (Tuath), Baile an Róistigh, i sean-Tuathcheantar Luimnigh Uimh. 1;

Bile Bua, an Dún Theas, Cnoc Gréine, Úlla, Teampall Uí Bhrídeáin, i sean-Tuathcheantar Thiobraid Árann Uimh. 2;

agus cathair Luimnigh;

agus, i sean-Tuathcheantar Mhílic, i gcontae an Chláir, toghroinn an Bhaile Ghlais.

Luimneach Thiar

Contae Luimnigh, ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar Luimnigh Thoir.

Triúr

An Longfort-An Iarmhí

Contae an Longfoirt;

agus, i gcontae na hIarmhí, na toghranna seo a leanas:

Ceathrar

Baile Átha Luain Thoir (Tuath), Achadh na Gréine, Baile Bruadair, Béal Átha na Leac, an Carn, Caisleán Uí Dhálaigh, Glasán, Cill Cruimir Thiachrach, Cill Fhionnabhrach, an Móta, an Grianán, Magh Droma, Mucanach, Tiobraid, Móin na Manach, i sean-Tuathcheantar Átha Luain Uimh. 1;

Ard na gCreach, an Baile Mór, Duibhinis, Droim Raithne, Nuachongháil, Baile Phiarais, Teampall Pádraig, Baile na Gaoithe, i sean-Tuathcheantar an Bhaile Mhóir;

Bóthar Caol, an Chúil, Cúil Fhobhair, Fiodhan Átha, an Ghleóir, Cnoc an Rabhaidh, Ráth Eoghain, an tSráid, i sean-Tuathcheantar an Chúil;

Ard na gColbha, Béal Átha na Leac, Baile na Cille, Baile Móirín, Béal Átha na nGabhar, Rathain, Carraig an Rince, an Caisleán, Caisleán Loiscthe, Baile an Chaisleáin, Baile an Teampall, an Clochán, Cluain Fhada Fine, Cluain Loiste, Doire Mór, an Díseart, Béal an Impir, Inis Cofaigh, Baile Réamoinn, Gleann Loch, Baile Tiúit, Baile Ghrífin, Heathstown, Hopestown, Huntingdon, Baile Shéamais, Cill Bheagáin, Cill Biscí, Cill Áir, Cill Liúcainne, Cionn Átha Gad, Cnoc Droinne, Leacain, Láthraí, Cill Fhaolán, Baile an Mhuilinn, an Muileann gCearr (Tuath), an Muileann gCearr Thuaidh (Uirbeach), an Muileann gCearr Theas (Uirbeach), Muilte Fearnáin, an Baile Nua, Uair, Port Lomáin, Ráth Fhearna, Ráth hAodha, Ráth Conarta, Baile Ruiséil, Sceach, Suí Adamhnán, Teach Cloiche, Baile an tSrutháin, Teach Munna, Tulchan, Fearann na Coille, i sean-Tuathcheantar an Mhuilinn Chearr;

agus baile Átha Luain.

Lú

Contae Lú.

Ceathrar

Maigh Eo

Contae Mhaigh Eo.

Cúigear

An Mhí Thoir

I gcontae na Mí, na toghranna seo aleanas:

Triúr

Droim Conrach, Gráinseach na Gaoithe, Cill Áthraigh, i sean-Tuathcheantar Bhaile Átha Fhirdhia, Uimh. 2;

Cúl Muilín, Domhnach Mór, Dún Búinne, Dún Seachlainn, Cill Maolrubha, Cillín,Cill Mhór, Ráth Faiche, Ráth Tó, Baile Ródain, Scrín, i sean-Tuathcheantar Dhún Seachlainn;

Ardachadh, Carraig Leice, Baile Chrúis, Cill Mhaighneann, Má Bolg, Má nEalta, an Caisleán Nua, Cluainín, an Obair, Baile Phosac, Triúch Eanga, i sean-Tuathcheantar Cheanannais;

Ard Cath, Damhliag, Baile Iuiliáin, Mainistir Mhór Dhroichead Átha, Teampall Mhuire (cuid), Teach Meallán, i sean-Tuathcheantar

na Mí;

Ard Maolchon, Baile an Chaisleáin, Domhnach Phádraig, Baile Chint, Baile Phagháin, Ráth Cheannaigh, Baile Shláine, Stigh Colláin, Teamhair, i sean-Tuathcheantar na hUaimhe;

An Mhí Thiar

Contae na Mí, ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar na Mí Thoir, agus contae na hIarmhí, ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar an Longfoirt-na hIarmhí.

Triúr

Ros Comáin-Liatroim Theas

Contae Ros Comáin;

agus, i gcontae Liatroma, na toghranna seo a leanas:

Triúr

Béal an Átha Móir, Cor Glas, Corr Dhá Lá, Droim Railgheach Thuaidh, Droim Railgheach Theas, Garbhros, Gréach Glas, Coill an Ghaire, an Dú-Charraig, Uachtarachadh, Sraith Longfort, i sean-Tuathcheantar Bhéal an Átha Móir;

Achadh an Chaisil, Eanach Dubh, Barr na Mithgheineach, Cora Droma Rúisc, Droim Railgheach Thoir, Droim Railgheach Thiar, Droim Seanbhó, Droim ar Snámh, Gort na gCuileann, Gabhail, Ceis Charraigín, Cill Tiobrad, Liatroim, Mothar, Uí Dhúgáin, i sean-Tuathcheantar Chora Droma Rúisc Uimh. 1;

Achadh an Mheasa, Beithe, Bréandroim, Muine Bheag, Carraig Álainn Thoir, Carraig Álainn Thiar, an Caiseal, Baile Coille Fobhair, Cathón, an Chluain, Carraigigh, Drumard, Droim Dubh, Dromad, Fíodhnach, Gartán Mór, Caoldoire, Lios Giollóg, Maothail, Rinn, Gort na Luachra, Rúscaigh, Ruadhán, i sean-Tuathcheantar Maothaile;

Sligeach-Liatroim Thuaidh

Contae Shligigh agus contae Liatroma, ach amháin an chuid sin de atá i ndáilcheantar Ros Comáin-Liatroma Theas.

Triúr

Tiobraid Árann Thuaidh

Contae Thiobraid Árann Thuaidh;

agus, i gcontae Thiobraid Árann Theas, na toghranna seo a leanas:

Triúr

Baile Uí Shíocháin, an Clochar, Cluain an Olltaigh Thoir, Cluain an Olltaigh Thiar, Gaola, Baile Ghrae, Cill Náile, Baile Nodach, i sean-Tuathcheantar Chaisil;

Baile Philib, Bual-lic, Cruachán, Fearann Ruairí, Fionnúir, Cill Chúile, Gleann an Ghuail, Baile Phaghain, i sean-Tuathcheantar Shliabh Ardachadh;

An Cheapach, Curraichín, Dún Eochaille, Gleann Gearra, i sean-Tuathcheantar Thiobraid Árann Uimh. 1.

Tiobraid Árann Theas

Contae Thiobraid Árann Theas, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Thiobraid Árann Thuaidh;

Triúr

agus, i sean-Tuathcheantar Chluain Meala Uimh. 2 i gcontae Phort Láirge, na toghranna seo a leanas:

Cill Mochoma, Cill Rónáin;

agus na bailte fearainn seo a leanas:

Barr Bháicín, an Bán Ard, an Bhuaile, Carraig na Brón, an Chúil Íseal, Doire an Láir Íochtarach, Doire an Láir Uachtarach, Gleann Dáith, an Goirtín Íochtarach, an Goirtín Uachtarach, an Lisín, Tigh Cinn Chora Íochtarach, Tigh Cinn Chora Uachtarach, i dtoghroinn an Ghoirtín;

agus na bailte fearainn seo a leanas:

Cruán Íochtarach, Cruán Uachtarach, Gleann Áirí, Gleann na nGad, Cill Gháithne Íochtarach, Cill Gháithne Uachtarach, Cnoc Lúcáis, Cnoc na gCriomhthann, Ladhar an Iarla, Móin na Caillí, an Poll Buí, Poll na gCuinneog, an Scrabhtae Thoir, an Scrabhtae Thiar, an Spá, i dtoghroinn Naomh Muire.

Port Láirge

Contae Phort Láirge, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Thiobraid Árann Theas;

agus cathair Phort Láirge.

Ceathrar

Loch Garman

Contae Loch Garman.

Cúigear

Cill Mhantáin

Contae Chill Mhantáin;

Cúigear

agus, i gcontae Cheatharlach, na toghranna seo a leanas:

Cluain Mhór, Baile Haicéid, Baile an Araldaigh, Cinn Eich, Ráth Choill, Ráth Bhile, Tigh an Chnoic, Baile Liam, i sean-Tuathcheantar Bhealach Conglais Uimh. 2.