23 2005

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 2005


AN tACHT LÉIRIÚCHÁIN 2005

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1. Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2. Léiriú.

3. Aisghairm agus cosaintí.

4. Feidhm.

CUID 2

Rialacha Ilghnéitheacha

5. Forálacha débhríocha nó doiléire, etc. a fhorléiriú.

6. Forálacha a fhorléiriú in imthosca atá ag athrú.

7. Foráil fhorlíontach le hailt 5 agus 6.

8. Forálacha a léamh le chéile mar aon ní amháin agus imeachtaí achoimre i leith cionta.

9. Tagairtí in achtacháin do Chodanna, etc.

10. Achtachán d’éifeacht a bheith leis i gcónaí.

11. Tagairtí in achtacháin do shamplaí.

12. Claonadh ón bhfoirm.

CUID 3

Lua agus Oibriú Achtachán

13. Aird bhreithiúnach.

14. Lua agus tagairtí d’achtacháin leasaithe.

15. Dáta rite Achtanna den Oireachtas.

16. Tosach feidhme.

17. Cumhachtaí reachtúla a fheidhmiú roimh thosach feidhme an Achta.

CUID 4

Brí agus Forléiriú Focal agus Abairtí

18. Rialacha ginearálta forléirithe.

19. Ionstraimí reachtúla a fhorléiriú.

20. Forálacha léiriúcháin.

21. Focail agus abairtí sa Sceideal a fhorléiriú.

CUID 5

Cumhachtaí agus Dualgais

22. Cumhachtaí faoi achtacháin.

23. Dualgais faoi achtacháin.

24. Rialacha cúirte.

25. Seirbheáil leis an bpost.

CUID 6

Achtacháin, Etc. a Leasú

26. Aisghairm agus forálacha ionaid.

27. Éifeacht aisghairme achtacháin.

AN SCEIDEAL

Focail agus Abairtí Áirithe a Léiriú

CUID 1

CUID 2

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Uchtála 1976

1976, Uimh. 29

Na hAchtanna Uchtála 1952 go 1998

An Act for the Union of Great Britain and Ireland

40 Geo. 3. c. 38

Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2001

An tAcht um Bun-Reacht Shaorstáit Éireann 1922

1922, Uimh. 1

Interpretation Act 1889

53 & 53 Vict. c. 63

An tAcht Léiriúcháin 1923

1923, Uimh. 63

An tAcht Léiriúcháin 1937

1937, Uimh. 38

An tAcht Léiriúcháin (Leasú) 1993

1993, Uimh. 35

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2) 1977

1977, Uimh. 28

An tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997

1997, Uimh. 20

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1993

1993, Uimh. 27

An tAcht um Am Caighdeánach (Leasú) 1971

1971, Uimh. 17

An tAcht um Stádas Leanaí 1987

1987, Uimh. 26

An tAcht i dTaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938

1938, Uimh. 37

Survey (Ireland) Acts 1825 to 1840

An tAcht Luachála 2001

2001, Uimh. 13

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 2005


AN tACHT LÉIRIÚCHÁIN 2005

[An tiontú oifigiúil]

ACHT MAIDIR LE LÉIRIÚ AGUS FEIDHM ACHTANNA AGUS IONSTRAIMÍ REACHTÚLA ARNA nDÉANAMH FAOI ACHTANNA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ACHTACHÁIN ÁIRITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN A AISGHAIRM.

[17 Deireadh Fómhair, 2005]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. — (1) Féadfar an tAcht Léiriúcháin 2005 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1 Eanáir 2006.

Léiriú.

2. — (1) San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht ” —

(a) Acht den Oireachtas, agus

(b) reacht a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Bhunreachta agus a lean i bhfeidhm de bhua Airteagal 50 den Bhunreacht;

ciallaíonn “achtachán” Acht nó ionstraim reachtúil nó aon chuid d’Acht nó d’ionstraim reachtúil;

folaíonn “ aisghair ” cúlghair, cealaigh, díchuir nó cuir ar ceal;

ciallaíonn “ ionstraim reachtúil ” ordú, rialachán, riail, fodhlí, barántas, ceadúnas, deimhniú, ordachán, fógra, treoirlíne nó doiciméad eile dá samhail a dhéanfar, a eiseofar, a dheonófar nó a chruthófar ar shlí eile le hAcht nó faoi agus folaíonn tagairtí, i ndáil le hionstraim reachtúil, do “déan” nó “déan faoi” tagairtí do dhéanamh, eisiúint, deonú nó cruthú ar shlí eile leis an ionstraim sin nó fúithi.

(2) Chun críocha an Achta seo, maidir le hachtachán a mbeidh achtachán eile curtha ina áit nó a bheidh imithe in éag nó as feidhm nó a scoir d’éifeacht a bheith leis ar shlí eile, meastar é a bheith aisghairthe.

Aisghairm agus cosaintí.

3. — (1) Aisghairtear na hAchtanna seo a leanas:

(a) an Interpretation Act 1889;

(b) an tAcht Léiriúcháin 1923;

(c) an tAcht Léiriúcháin 1937;

(d) an tAcht Léiriúcháin (Leasú) 1993.

(2) (a) Ní dhéanfaidh aisghairm Achta lena sanntar brí d’fhocal nó d’abairt in achtachán eile, leis an Acht seo, difear don bhrí a shanntar amhlaidh más rud é—

(i) d’éagmais na brí sin san Acht seo, nó

(ii) ach an bhrí a shanntar leis an Acht seo don fhocal céanna nó don abairt chéanna nó d’fhocal dá shamhail nó d’abairt dá samhail a chur chun feidhme i leith an achtacháin eile,

go n-athrófaí intinn an achtacháin eile nó go dtiocfadh sé chun bheith doiléir nó áiféiseach.

(b) Ní dhéanfaidh aisghairm Achta lena ndéantar foráil maidir le haon ní (seachas ní lena mbaineann mír (a)) in achtachán eile, leis an Acht seo, difear don ní dá ndéantar foráil amhlaidh más rud é—

(i) d’éagmais an ní sin dá ndéantar foráil san Acht seo, nó

(ii) ach ní dá ndéantar foráil leis an Acht seo a chur chun feidhme i leith an achtacháin eile, is ní a fhreagraíonn do ní dá ndéantar foráil san Acht aisghairthe lena mbaineann,

go n-athrófaí intinn an achtacháin eile nó go dtiocfadh sé chun bheith doiléir nó áiféiseach.

Feidhm.

4. — (1) Beidh feidhm ag foráil den Acht seo maidir le hachtachán ach amháin a mhéid gur léir a mhalairt d’intinn san Acht seo, san achtachán féin nó, más iomchuí, san Acht faoina ndéantar an t-achtachán.

(2) Maidir le forálacha an Achta seo a bhaineann le hAchtanna eile, tá feidhm acu freisin maidir leis an Acht seo mura léir a mhalairt d’intinn san Acht seo.

CUID 2

Rialacha Ilghnéitheacha

Forálacha débhríocha nó doiléire, etc. a fhorléiriú.

5. — (1) Le linn foráil d’aon Acht a fhorléiriú (seachas foráil a bhaineann le smachtbhanna pionóis nó le smachtbhanna eile a fhorchur)—

(a) is foráil atá doiléir nó débhríoch, nó

(b) is foráil a bheadh áiféiseach dá léireofaí go litriúil í nó nár léir uaithi intinn shoiléir—

(i) an Oireachtais, i gcás Achta lena mbaineann mír (a) den mhíniú ar “Acht” in alt 2(1), nó

(ii) na parlaiminte lena mbaineann, i gcás Achta lena mbaineann mír (b) den mhíniú ar “Acht” in alt 2(1),

tabharfar don fhoráil forléiriú ar léir uaidh intinn shoiléir an Oireachtais nó na parlaiminte lena mbaineann, de réir mar a bheidh, i gcás gur féidir an intinn sin a fhionnadh as an Acht ina iomláine.

(2) Le linn foráil d’ionstraim reachtúil a fhorléiriú (seachas foráil a bhaineann le smachtbhanna pionóis nó le smachtbhanna eile a fhorchur)—

(a) is foráil atá doiléir nó débhríoch, nó

(b) is foráil a bheadh áiféiseach dá léireofaí go litriúil í nó nár léir uaithi intinn shoiléir na hionstraime ina hiomláine i gcomhthéacs an achtacháin (lena n-áirítear an tAcht) faoina ndearnadh í,

tabharfar don fhoráil forléiriú ar léir uaidh intinn shoiléir an té a rinne an ionstraim i gcás gur féidir an intinn sin a fhionnadh as an ionstraim ina hiomláine i gcomhthéacs an achtacháin sin.

Forálacha a fhorléiriú in imthosca atá ag athrú.

6. — Le linn foráil d’aon Acht nó d’aon ionstraim reachtúil a fhorléiriú, féadfaidh cúirt aird a thabhairt ar aon athruithe ar an dlí, ar dhálaí sóisialacha, ar theicneolaíocht, ar bhrí na bhfocal a úsáidtear san Acht sin nó san ionstraim reachtúil sin agus ar nithe eile is iomchuí, a tharla ó dháta rite an Achta sin nó ó dháta déanta na hionstraime reachtúla sin, ach sin a mhéid amháin a cheadaíonn a théacs, a chuspóir agus a chomhthéacs nó a téacs, a cuspóir agus a comhthéacs sin.

Foráil fhorlíontach le hailt 5 agus 6.

7. — (1) Le linn foráil d’Acht a fhorléiriú chun críocha alt 56, féadfaidh cúirt, d’ainneoin alt 18(g), na nithe go léir a úsáid, is nithe a ghabhann leo seo a leanas agus a leagtar amach iontu—

(a) i gcás Achta den Oireachtas, téacs sínithe an dlí sin mar a cuireadh isteach ina iris in Oifig Iriseoir na Cúirte Uachtaraí de bhun Airteagal 25.4.5° den Bhunreacht,

(b) i gcás Achta d’Oireachtas Shaorstát Éireann, téacs sínithe an dlí sin mar a cuireadh isteach ina iris in oifig cibé oifigeach de Chúirt Uachtarach Shaorstát Éireann a chinn Dáil Éireann de bhun Airteagal 42 de Bhunreacht Shaorstát Éireann,

(c) i gcás aon Achta eile, cibé téacs den Acht sin a fhreagraíonn do théacs an Achta a cuireadh isteach ina iris ar an modh dá dtagraítear i mír (a)(b).

(2) Chun críocha fho-alt (1), toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gur cóip den téacs lena mbaineann fo-alt (1) cóip de théacs Achta a gceanglaítear aird bhreithiúnach a thabhairt air.

Forálacha a léamh le chéile mar aon ní amháin agus imeachtaí achoimre i leith cionta.

8. — Más rud é—

(a) maidir le hAcht nó le páirt d’Acht (a rithfear tráth ar bith)—

(i) go bhforáiltear leis nó léi go bhféadfaidh duine sonraithe imeachtaí achoimre i leith cionta faoin Acht nó faoin bpáirt a thabhairt ar aghaidh, agus

(ii) go léifear é nó í agus aon fhoráil d’Acht eile le chéile mar aon ní amháin ina dhiaidh sin,

agus

(b) go gcruthaítear cion faoin bhforáil sin a fhéadfar a thabhairt ar aghaidh ar mhodh achomair ach nach dtugtar cumhacht shainráite don duine sonraithe cion a thabhairt ar aghaidh amhlaidh,

ansin, féadfaidh an duine sonraithe imeachtaí achoimre a thionscnamh i leith ciona faoin bhforáil eile sin mura n-údaraítear d’aon duine eile leis an Acht eile sin na himeachtaí sin a thionscnamh.

Tagairtí in achtacháin do Chodanna, etc.

9. — (1) Aon tagairt in achtachán do Chuid, do Chaibidil, d’alt, do Sceideal nó do roinn eile, cibé ainm a thugtar uirthi, léifear í mar thagairt do Chuid, do Chaibidil, d’alt, do Sceideal nó do roinn eile den achtachán ina bhfuil an tagairt.

(2) Aon tagairt in achtachán d’fho-alt, do mhír, d’fhomhír, do chlásal, d’fho-chlásal, d’airteagal, d’fho-airteagal nó do roinn eile, cibé ainm a thugtar uirthi, léifear í mar thagairt d’fho-alt, do mhír, d’fhomhír, do chlásal, d’fho-chlásal, d’airteagal, d’fho-airteagal, nó do roinn eile den fhoráil ina bhfuil an tagairt.

Achtachán d’éifeacht a bheith leis i gcónaí.

10. — Leanann achtachán d’éifeacht a bheith leis agus féadfar é a fheidhmiú ó am go ham de réir riachtanas na hócáide.

Tagairtí in achtacháin do shamplaí.

11. — Más rud é faoin gceannteideal—

(a) “Sampla” nó “Samplaí” i nGaeilge, nó

(b) “Example” nó “Examples” i mBéarla,

go bhfuil ar áireamh in achtachán, i ndeireadh forála nó i sceideal a bhaineann le foráil den sórt sin, sampla d’oibriú na forála, ansin—

(i) ní dhéanfar an sampla a léamh mar iomlán na forála, agus

(ii) féadfaidh an sampla brí na forála a leathnú ach ní chuirfidh sé teorainn leis an mbrí sin.

Claonadh ón bhfoirm.

12. — I gcás go bhforordófar foirm in achtachán nó faoi achtachán, ní chuirtear an fhoirm a úsáidtear ó bhail de thoradh claonadh ón bhfoirm ar claonadh é nach ndéanann difear ábhartha do shubstaint na foirme nó nach míthreorach an t-ábhar atá ann nó an éifeacht atá leis.

CUID 3

Lua agus Oibriú Achtachán

Aird bhreithiúnach.

13. — Is doiciméad poiblí Acht agus tabharfar aird bhreithiúnach air.

Lua agus tagairtí d’achtacháin leasaithe.

14. — (1) Féadfar Acht a lua in aon achtachán nó in aon doiciméad eile—

(a) faoi theideal fada nó faoi ghearrtheideal an Achta,

(b) más iomchuí, faoi uimhir leanúnach an Achta sa bhliain féilire agus faoin mbliain féilire inar ritheadh é, nó

(c) i gcás gur ritheadh an tAcht roimh achtú an Achta um Bun-Reacht Shaorstáit Éireann 1922, faoina bhliain mhonarcach agus a uimhir chaibidle agus, i gcás go raibh níos mó ná seisiún parlaiminte amháin ann sa bhliain mhonarcach chéanna, trí thagairt don seisiún lena mbaineann.

(2) Déanfar lua achtacháin nó tagairt d’achtachán a léamh mar lua de chuid an achtacháin nó tagairt don achtachán arna leasú (lena n-áirítear arna leasú tríd an achtachán a leathnú, a chur i bhfeidhm, a oiriúnú nó a mhodhnú ar shlí eile), cibé acu a dhéantar an leasú roimh an dáta, ar an dáta nó tar éis an dáta a tháinig an fhoráil ina mbeidh an lua nó an tagairt i ngníomh.

(3) Nuair a bheifear—

(a) ag lua Achta faoina ghearrtheideal, nó

(b) ag lua aon achtacháin eile faoina lua (más ann),

féadfar camóg atá díreach roimh thagairt do bhliain agus camóg atá díreach tar éis tagartha den sórt sin nach gá iad chun críche poncaíochta a fhágáil as an lua.

Dáta rite Achtanna den Oireachtas.

15. — (1) Is é dáta rite Achta den Oireachtas dáta an lae a chuirfidh an tUachtarán a lámh leis an mBille don Acht.

(2) Díreach tar éis don Uachtarán a lámh a chur leis an mBille d’Acht den Oireachtas, formhuineoidh Cléireach Dháil Éireann dáta rite an Achta ar an Acht, díreach i ndiaidh an teidil fhada, agus tuigfear gur cuid den Acht an dáta sin.

Tosach feidhme.

16. — (1) Faoi réir fho-alt (2) , tiocfaidh gach foráil d’Acht i ngníomh ar dháta a rite.

(2) I gcás go ndeirtear go dtagann Acht nó foráil d’Acht i ngníomh lá áirithe (cibé acu is lá roimh dháta rite an Achta nó ina dhiaidh agus cibé acu a ainmnítear an lá san Acht nó atá sé le ceapadh nó le déanamh amach ar shlí áirithe), tagann an tAcht nó an fhoráil i ngníomh i ndeireadh an lae roimh an lá áirithe.

(3) Faoi réir fho-alt (4), tagann gach foráil d’ionstraim reachtúil i ngníomh i ndeireadh an lae roimh an lá a dhéantar an ionstraim reachtúil.

(4) I gcás go ndeirtear go dtagann ionstraim reachtúil nó foráil d’ionstraim reachtúil i ngníomh lá áirithe (cibé acu is lá roimh dháta déanta na hionstraime reachtúla nó ina dhiaidh, agus cibé acu a ainmnítear an lá san ionstraim nó atá sé le ceapadh nó le déanamh amach ar shlí áirithe), tagann an ionstraim reachtúil nó an fhoráil i ngníomh i ndeireadh an lae roimh an lá áirithe.

Cumhachtaí reachtúla a fheidhmiú roimh thosach feidhme an Achta.

17. — I gcás go ndeirtear in Acht nó i bhforáil d’Acht go dtagann sé nó sí i ngníomh lá áirithe tar éis dháta rite an Achta, tá feidhm ag na forálacha seo leanas:

(a) má tá an lá a thagann an tAcht nó an fhoráil i ngníomh le ceapadh nó le déanamh amach ar shlí áirithe, féadfar an ionstraim reachtúil, an gníomh nó an ní lena gceaptar nó lena ndéantar amach an lá a dhéanamh, faoi réir aon sriain a fhorchuirtear leis an Acht, tráth ar bith tar éis an tAcht a rith;

(b) más rud é, chun críocha an Achta nó na forála, go mbronnann an tAcht cumhacht chun ionstraim reachtúil nó aon ghníomh nó ní a dhéanamh is gá nó is fóirsteanach a dhéanamh chun go mbeidh lánfheidhm ag an Acht agus lánéifeacht leis nó lánfheidhm ag an bhforáil agus lánéifeacht léi díreach ar theacht i ngníomh dó nó di, féadfar an chumhacht a fheidhmiú, faoi réir aon sriain a fhorchuirtear leis an Acht, tráth ar bith tar éis an tAcht a rith.

CUID 4

Brí agus Forléiriú Focal agus Abairtí

Rialacha ginearálta forléirithe.

18. — Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le hachtachán a fhorléiriú:

(a) Uatha agus iolra. Léifear aon fhocal lena ngabhann brí na huimhreach uatha mar fhocal lena ngabhann brí na huimhreach iolra freisin, agus léifear aon fhocal lena ngabhann brí na huimhreach iolra mar fhocal lena ngabhann brí na huimhreach uatha freisin;

(b) Inscne.

(i) Léifear aon fhocal lena ngabhann brí na hinscne firinne mar fhocal lena ngabhann brí na hinscne baininne freisin;

(ii) In Acht arna rith an 22 Nollaig 1993 nó dá éis, agus in ionstraim reachtúil arna déanamh tar éis an dáta sin, léifear aon fhocal lena ngabhann brí na hinscne baininne mar fhocal lena ngabhann brí na hinscne firinne freisin;

(c) Pearsa. Léifear “pearsa” mar fhocal lena ngabhann comhlacht corpraithe (cibé acu is ilchorparáid nó corparáid aonair é) agus comhlacht neamhchorpraithe daoine, chomh maith le pearsa aonair, agus léifear úsáid aon fhorainm in ionad “pearsa” a úsáid arís ina dhiaidh sin dá réir sin;

(d) Leanbh uchtaithe. Aon tagairt, cibé slí a bheidh sí sainráite, do leanbh duine, léifear í mar thagairt a fholaíonn—

(i) in Acht arna rith tar éis an tAcht Uchtála 1976 a rith, tagairt do leanbh a d’uchtaigh an duine faoi na hAchtanna Uchtála 1952 go 1998 agus gach achtachán eile atá le forléiriú i dteannta aon cheann de na hAchtanna sin, nó

(ii) in Acht arna rith an 14 Eanáir 1988 nó dá éis (tosach feidhme alt 3 den Acht um Stádas Leanaí 1987), leanbh lena mbaineann fomhír (i) nó leanbh a uchtaíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil a uchtáil nó a huchtáil aitheanta de bhua an dlí atá i bhfeidhm de thuras na huaire sa Stát;

(e) Fad. Aon fhocal nó abairt a bhaineann leis an bhfad idir dhá phointe agus gach tagairt don fhad ó phointe nó go pointe, léifear é nó í mar fhocal nó abairt a bhaineann leis an bhfad sin nó mar thagairt dó arna thomhas i líne dhíreach ar phlána cothrománach;

(f) Tuairisc sraithe. I gcás go dtuairiscítear sraith leantach faoi threoir na chéad tuairisce agus na tuairisce deiridh sa tsraith, léifear an tuairisc mar thuairisc a fholaíonn an chéad tuairisc agus an tuairisc dheiridh sa tsraith;

(g) Ciumhaisnótaí agus nótaí formna etc. Faoi réir alt 7, ní mheasfar gur cuid den achtachán aon cheann díobh seo a leanas ná ní fhorléireofar iad ná ní thabharfar aird bhreithiúnach orthu i ndáil le forléiriú nó le léiriú an achtacháin:

(i) ciumhaisnóta a cuireadh ar imeall ailt nó forála eile nó nóta formna a cuireadh i dtús ailt nó forála eile chun ábhar, lánas nó éifeacht an ailt nó na forála a chur in iúl,

(ii) ceannteideal nó croslíne a cuireadh i gcuid, i gcaibidil, in alt nó i bhforáil eile nó i ngrúpa eile alt nó forálacha, nó ina bharr nó ina barr nó ina thús nó ina tús, chun ábhar, lánas nó éifeacht na coda, na caibidle, an ailt, na forála nó an ghrúpa a chur in iúl;

(h) Tréimhsí ama. I gcás go léireofar go dtosóidh tréimhse ama lá áirithe nó go n-áireofar í ó lá áirithe, measfar an lá sin a bheith ar áireamh sa tréimhse agus, i gcás go léireofar go gcríochnóidh tréimhse ama lá áirithe nó go n-áireofar í go dtí lá áirithe, measfar an lá sin a bheith ar áireamh sa tréimhse;

(i) Am. I gcás go léireofar am faoi threoir uaire sonraithe nó faoi threoir ama roimh uair shonraithe nó dá héis, cinnfear an t-am sin faoi threoir an Achta um Am Caighdeánach (Leasú) 1971;

(j) Cionta ag corparáidí. Léifear tagairt do dhuine i ndáil le cion (cibé acu is inphionósaithe ar díotáil nó ar chiontú go hachomair) mar thagairt a fholaíonn tagairt do chomhlacht corpraithe.

Ionstraimí reachtúla a fhorléiriú.

19. — Aon fhocal nó abairt a úsáidtear in ionstraim reachtúil, beidh an bhrí chéanna leis nó léi san ionstraim reachtúil is atá leis nó léi san achtachán faoina ndéantar an ionstraim.

Forálacha léiriúcháin.

20 .— (1) I gcás go bhfuil míniú nó foráil léiriúcháin eile in achtachán, léifear an fhoráil mar fhoráil is infheidhme ach amháin a mhéid atá a mhalairt d’intinn ar fáil—

(a) san achtachán féin, nó

(b) san Acht faoina ndéantar an t-achtachán.

(2) I gcás go ndéanann achtachán focal nó abairt a mhíniú nó a léiriú ar shlí eile, beidh brí chomhréire ag ranna cainte eile agus foirmeacha eile gramadaí an fhocail nó na habairte.

Focail agus abairtí sa Sceideal a fhorléiriú.

21. — (1) In aon achtachán, maidir le focal nó le habairt a sanntar brí, forléiriú nó éifeacht áirithe chuige nó chuici i gCuid 1 den Sceideal, beidh an bhrí nó an éifeacht leis nó léi nó an forléiriú aige nó aici a shanntar amhlaidh chuige nó chuici.

(2) In aon achtachán a thiocfaidh i ngníomh tar éis thosach feidhme an Achta seo, maidir le focal nó le habairt a sanntar brí, forléiriú nó éifeacht áirithe chuige nó chuici i gCuid 2 den Sceideal, beidh an bhrí nó an éifeacht leis nó léi nó an forléiriú aige nó aici a shanntar amhlaidh chuige nó chuici.

CUID 5

Cumhachtaí agus Dualgais

Cumhachtaí faoi achtacháin.

22. — (1) Féadfar aon chumhacht a thabharfar le hachtachán a fheidhmiú ó am go ham de réir riachtanas na hócáide.

(2) Maidir le haon chumhacht a thabharfar le hachtachán do shealbhóir oifige mar shealbhóir amhlaidh, measfar í a bheith tugtha do shealbhóir na hoifige sin de thuras na huaire agus, dá réir sin, féadfaidh sé nó sí an chumhacht a fheidhmiú.

(3) Aon chumhacht a thabharfar le hachtachán chun ionstraim reachtúil a dhéanamh, léifear í mar chumhacht a fholaíonn cumhacht is infheidhme sa tslí chéanna agus faoi réir an toilithe chéanna agus na gcoinníollacha céanna (más ann) chun ionstraim reachtúil arna déanamh faoin gcumhacht sin a aisghairm nó a leasú agus (i gcás go gceanglaítear sin) chun ionstraim reachtúil eile a dhéanamh in ionad na hionstraime a aisghairtear amhlaidh.

Dualgais faoi achtacháin.

23. — (1) Comhlíonfar aon dualgas a fhorchuirfear le hachtachán ó am go ham de réir riachtanas na hócáide.

(2) Measfar aon dualgas a fhorchuirfear le hachtachán ar shealbhóir oifige mar shealbhóir amhlaidh a bheith forchurtha ar shealbhóir na hoifige sin de thuras na huaire agus, dá réir sin, comhlíonfaidh sé nó sí an dualgas.

Rialacha cúirte.

24. — I gcás go dtugann achtachán dlínse nua do chúirt nó go leathnaíonn sé nó go n-athraíonn sé dlínse a bhí ag cúirt cheana, tá ag an údarás, a bhfuil cumhacht de thuras na huaire aige chun rialacha nó orduithe a dhéanamh lena rialaítear cleachtas agus nós imeachta na cúirte, cumhacht chun rialacha nó orduithe a dhéanamh d’fhonn cleachtas agus nós imeachta na cúirte sin a rialáil i bhfeidhmiú na dlínse a thugtar, a leathnaítear nó a athraítear amhlaidh, agus féadfaidh sé í a fheidhmiú tráth ar bith.

Seirbheáil leis an bpost.

25. — I gcás go n-údaraíonn nó go gceanglaíonn achtachán doiciméad a sheirbheáil leis an bpost, tríd an bhfocal “seirbheáil”, “tabhair”, “seachaid”, “cuir” nó aon fhocal nó abairt eile a úsáid, féadfar an doiciméad a sheirbheáil trí litir ina bhfuil an doiciméad a sheoladh, a réamhíoc (más gá) agus a chur sa phost go cuí, agus sa chás sin meastar, mura suitear a mhalairt, an doiciméad a bheith seirbheáilte ag an am a sheachadfaí an litir i ngnáthchúrsa an phoist.

CUID 6

Achtacháin, Etc. a Leasú

Aisghairm agus forálacha ionaid.

26. — (1) I gcás go n-aisghairtear achtachán le hachtachán eile agus go gcuirtear, leis an achtachán eile, forálacha eile in ionad an achtacháin arna aisghairm amhlaidh, leanann an t-achtachán arna aisghairm amhlaidh de bheith i bhfeidhm go dtí go dtagann na forálacha ionaid i ngníomh.

(2) I gcás go n-aisghairtear agus go n-athachtaítear achtachán (“achtachán roimhe sin”), modhnaithe nó gan mhodhnú, le hachtachán eile (“achtachán nua”), tá feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) leanfaidh duine a ceapadh faoin achtachán roimhe sin de bheith ag gníomhú ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse dár ceapadh an duine, amhail is dá mba faoin achtachán nua a ceapadh é nó í;

(b) leanann banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach, arna thabhairt nó arna tabhairt ag duine faoin achtachán roimhe sin, de bheith i bhfeidhm agus, maidir le sonraí, leabhair, páipéir, foirmeacha agus nithe arna n-ullmhú nó arna n-úsáid faoin achtachán roimhe sin, féadfar leanúint dá n-úsáid amhail roimh an aisghairm;

(c) maidir le himeachtaí arna dtionscnamh faoin achtachán roimhe sin, féadfar, faoi réir alt 27(1), leanúint díobh faoin achtachán nua agus i gcomhréir leis, a mhéid gur féidir sin a dhéanamh go comhsheasmhach leis an achtachán nua;

(d) más rud é, tar éis thosach feidhme an Achta seo—

(i) maidir le haon fhoráil d’achtachán roimhe sin lenar foráladh i dtaobh ionstraim reachtúil a dhéanamh, go ndéantar í a aisghairm agus a athachtú, modhnaithe nó gan mhodhnú, mar fhoráil nua, agus

(ii) go bhfuil an ionstraim reachtúil sin i bhfeidhm díreach roimh an aisghairm agus an athachtú sin,

ansin measfar an ionstraim reachtúil a bheith déanta faoin bhforáil nua a mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an achtachán nua, agus leanann sí de bheith i bhfeidhm go dtí go n-aisghairfear í nó go scoirfidh sí ar shlí eile d’éifeacht a bheith léi;

(e) a mhéid atá an smaoineamh céanna á shainrá le forálacha an achtacháin nua i bhfoirm éagsúil focal ach gurb ionann iad, ina substaint, agus focail an achtacháin roimhe sin, ní mheasfar gur smaoineamh éagsúil an smaoineamh san achtachán nua díreach toisc gur úsáideadh foirm éagsúil focal;

(f) déanfar tagairt in aon achtachán eile don achtachán roimhe sin, i leith idirbhirt, ábhair nó ní dá éis sin, a léamh mar thagairt d’fhorálacha an achtacháin nua a bhaineann leis an ábhar céanna lenar bhain an t-achtachán roimhe sin, ach i gcás nach bhfuil aon fhorálacha san achtachán nua a bhaineann leis an ábhar céanna, tabharfar neamhaird ar an achtachán roimhe sin a mhéid is gá chun an t-achtachán eile sin a chothabháil nó chun éifeacht a thabhairt dó.

Éifeacht aisghairme achtacháin.

27. — (1) I gcás go n-aisghairtear achtachán, ní dhéanann an aisghairm—

(a) aon ní nach raibh i bhfeidhm nó nach raibh ann díreach roimh an aisghairm a athbheochan,

(b) difear d’oibriú an achtacháin roimhe sin ná d’aon ní a rinneadh nó a fulaingíodh go cuí faoin achtachán,

(c) difear d’aon cheart, pribhléid, oibleagáid nó dliteanas a fuarthas, a fabhraíodh nó a tabhaíodh faoin achtachán,

(d) difear d’aon phionós, forghéilleadh nó pionósú a tabhaíodh i leith aon chiona in aghaidh an achtacháin nó mar shárú air agus a rinneadh roimh an aisghairm, ná

(e) dochar nó difear d’aon imeachtaí dlíthiúla (sibhialta nó coiriúil) atá ar feitheamh tráth na haisghairme i leith aon chirt, pribhléide, oibleagáide, dliteanais, ciona nó sáraithe den sórt sin.

(2) I gcás go ndéantar achtachán a aisghairm, féadfar aon imeachtaí dlíthiúla (sibhialta nó coiriúil) i leith cirt, pribhléide, oibleagáide nó dliteanais a fuarthas, a fabhraíodh nó a tabhaíodh faoin achtachán, nó i leith ciona in aghaidh an achtacháin nó sárú air, a thionscnamh, leanúint díobh nó iad a fhorfheidhmiú, agus aon phionós, forghéilleadh nó pionósú i leith an chiona nó an tsáraithe sin féadfar é a fhorchur agus a chur i bhfeidhm ionann is dá mba nár aisghaireadh an t-achtachán.

Alt 21.

AN SCEIDEAL

Focail agus Abairtí Áirithe a Léiriú

CUID 1

folaíonn “ mionnscríbhinn ” dearbhú, i gcás duine a gceadaítear dó nó di de thuras na huaire le dlí dearbhú a dhéanamh in ionad mionn a thabhairt;

ciallaíonn “ reacht Briotanach ” Acht de chuid Pharlaimint shean-Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann;

ciallaíonn “ Cúirt Chuarda ” an Chúirt Chuarda arna bunú agus arna cothabháil de thuras na huaire le dlí;

ciallaíonn “ tosach feidhme ”, nuair a úsáidtear é i ndáil le hachtachán, an tráth a thagann an t-achtachán i ngníomh;

ciallaíonn “ Bunreacht ” Bunreacht na hÉireann a d’achtaigh an pobal an 1 Iúil 1937, arna leasú;

ciallaíonn “ Dáil Éireann ” an Teach den Oireachtas dá dtugtar an t-ainm sin le halt 1 d’Airteagal 15 den Bhunreacht;

ciallaíonn “ Cúirt Dúiche ” an Chúirt Dúiche arna bunú agus arna cothabháil de thuras na huaire le dlí;

ciallaíonn “ bliain airgeadais ”, i ndáil le bliain airgeadais státchiste, an tréimhse atá ar comhfhad le bliain féilire;

ciallaíonn “ Rialtas ” an Rialtas a luaitear in Airteagal 28 den Bhunreacht;

ní fholaíonn “ an Bhreatain Mhór ” Oileáin Mhuir nIocht ná Oileán Mhanann;

ciallaíonn “ Ard-Chúirt ” an Ard-Chúirt arna bunú agus arna cothabháil de thuras na huaire le dlí de bhun Airteagal 34 den Bhunreacht;

folaíonn “ talamh ” tionóntáin, oidhreachtáin, tithe agus foirgnimh, talamh faoi uisce agus aon eastát, ceart nó leas i dtalamh nó ar thalamh;

ciallaíonn “ bliain airgeadais áitiúil ” tréimhse atá ar comhfhad le bliain féilire;

ciallaíonn “ meán oíche ”, i ndáil le lá áirithe, an tráth is críoch don lá;

ciallaíonn “ Aire den Rialtas ” comhalta den Rialtas atá i gceannas ar Roinn Stáit;

ciallaíonn “ mí ” mí féilire;

folaíonn “ mionn ” dearbhasc nó dearbhú, i gcás duine a gceadaítear dó nó di de thuras na huaire le dlí dearbhasc nó dearbhú a dhéanamh in ionad mionn a thabhairt;

ciallaíonn “ Oireachtas ” an Pharlaimint Náisiúnta dá bhforáiltear le hAirteagal 15 den Bhunreacht;

ciallaíonn “ léarscáil ordanáis ” léarscáil arna déanamh faoi na cumhachtaí a thugtar leis na Survey (Ireland) Acts, 1825 go 1870;

ciallaíonn “ Uachtarán ” Uachtarán na hÉireann nó aon Choimisiún nó comhlacht nó údarás eile atá, de thuras na huaire, ag feidhmiú chumhachtaí an Uachtaráin agus ag comhlíonadh dhualgais an Uachtaráin go dleathach;

ciallaíonn “ reacht Éireannach réamh-aontachta ” Acht a rith Parlaimint a shuigh in Éirinn aon tráth sular tháinig an tAcht dar teideal “An Act for the Union of Great Britain and Ireland” i bhfeidhm an 1 Eanáir 1801;

ciallaíonn “ luacháil inrátaithe ” an luacháil faoin Acht Luachála 2001 ar an maoin lena mbaineann;

ciallaíonn “ rialacha cúirte ” rialacha arna ndéanamh ag an údarás ag a mbeidh, de thuras na huaire, cumhacht chun rialacha a dhéanamh lena rialófar cleachtas agus nós imeachta na cúirte lena mbaineann;

ciallaíonn “ reacht de chuid Shaorstát Éireann ” Acht de chuid Oireachtas Shaorstát Éireann;

ciallaíonn “ Seanad Éireann ” an Teach den Oireachtas dá dtugtar an t-ainm sin le halt 1 d’Airteagal 15 den Bhunreacht;

ciallaíonn “ dearbhú reachtúil ” dearbhú arna dhéanamh faoin Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938;

ciallaíonn “ Cúirt Uachtarach ” an Chúirt Uachtarach arna bunú agus arna cothabháil de thuras na huaire le dlí de bhun Airteagal 34 den Bhunreacht;

folaíonn “ mionn a thabhairt ” dearbhasc nó dearbhú a dhéanamh, i gcás duine a gceadaítear dó nó di de thuras na huaire le dlí dearbhasc nó dearbhú a dhéanamh in ionad mionn a thabhairt;

ciallaíonn “ seachtain ” an tréimhse idir meán oíche aon Satharn agus meán oíche an Satharn dár gcionn;

ciallaíonn “ dálach ” lá nach Domhnach;

folaíonn “ scríbhneoireacht ” clódóireacht, clóscríbhneoireacht, liteagrafaíocht, fótagrafaíocht agus modhanna eile chun focail a léiriú nó a atáirgeadh i bhfoirm infheicthe agus aon fhaisnéis a choimeádtar i bhfoirm neamh-inléite, cibé acu a stóráiltear í go leictreonach nó ar shlí eile, agus is féidir a atáirgeadh, ar aon slí, i bhfoirm inléite;

ciallaíonn “ bliain ”, nuair a úsáidtear é gan cháiliú, tréimhse 12 mhí dar tosach an 1ú lá d’Eanáir in aon bhliain.

CUID 2

ciallaíonn “ Achtanna na gCuideachtaí ” Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2001 agus gach achtachán eile atá le léamh i dteannta aon cheann de na hAchtanna sin;

ciallaíonn “ lánaois ”, i ndáil le duine, an tráth a shlánaíonn an duine 18 mbliana nó an tráth is luaithe ná sin a phósann an duine, nó aon tráth i ndiaidh ceachtar teagmhas acu sin;

folaíonn “ feidhmeanna ” cumhachtaí agus dualgais, agus folaíonn aon tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d’fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;

ciallaíonn “ Ballstát ”, i gcás go gceadaíonn an comhthéacs é, Ballstát de na Comhphobail Eorpacha nó den Aontas Eorpach;

ciallaíonn “ Aire Stáit ” duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2) 1977 chun bheith ina Aire Stáit nó ina hAire Stáit;

ciallaíonn “ lá saoire poiblí ” lá saoire poiblí arna chinneadh de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre 1997;

ciallaíonn “ Achtanna Leasa Shóisialaigh ” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1993 agus gach achtachán eile atá le léamh i dteannta an Achta sin;

ciallaíonn “ lá oibre ” lá nach Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí.