41 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 41 de 2006


AN tACHT UM CHISTÍ INFHEISTÍOCHTA, CUIDEACHTAÍ AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2 . Tosach feidhme.

3 . Mínithe.

4 . Orduithe agus rialacháin.

5 . Caiteachais.

CUID 2

Leasuithe ar Achtanna na gCuideachtaí

6 . Dearbhuithe reachtúla chun críocha Achtanna na gCuideachtaí.

7 . Leasú ar alt 33 d’Acht na gCuideachtaí 1963.

8 . Leasú ar alt 21 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1983.

9 . Díolúine ó cheanglas iniúchta.

10 . Feidhm alt 9 agus forálacha idirthréimhseacha.

11 . Srianta ar dhaoine ó ghníomhú, agus iad a dhícháiliú chun gníomhú, mar stiúrthóirí etc.

12 . Dí-ábharú.

13 . Leasú ar alt 43 d’Acht 2005.

14 . Leasú ar alt 45 d’Acht 2005.

15 . Leasuithe ar Acht 2005 a leanann as leasú arna dhéanamh le halt 14.

16 . Leasú ar alt 9 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003.

17 . Leasú ar alt 10 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003.

18 . Leasú ar alt 29 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003.

CUID 3

Ceanglais Trédhearcachta maidir le hEisitheoirí Urrús a Ligtear Isteach chun a dTrádála ar Mhargaí Áirithe

19 . Léiriú (Cuid 3).

20 . Cumhacht chun rialacháin áirithe a dhéanamh.

21 . Ciontú ar díotáil i gcionta faoin dlí trédhearcachta (margaí rialáilte).

22 . Rialacha forlíontacha, etc., arna ndéanamh ag an údarás inniúil.

23 . Leasú ar alt 33AK d’Acht an Bhainc Cheannais 1942.

24 . Feidhm an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) maidir le margaí áirithe.

CUID 4

Ilghnéitheach

25 . Leasú ar alt 1 d’Acht 1997.

26 . Leasú ar alt 2 d’Acht 1997.

27 . Leasú eile ar alt 2 d’Acht 1997.

28 . Leasú ar Acht 1997— alt nua 2B a chur isteach.

29 . Leasú ar alt 8 d’Acht 1997.

30 . Leasú ar an Sceideal a ghabhann le hAcht 1997.

31 . I.R. Uimh. 87 de 2001 a chúlghairm.

32 . Leasú ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tairiscintí Táthcheangail (Treoir 2004/25/CE)) 2006.

33 . Leasú ar an Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí 1978.

34 . Leasú ar ailt 33C agus 33AN d’Acht an Bhainc Cheannais 1942 agus ar Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin.

35 . Leasú ar an Acht um Líonrúchán Conarthaí Airgeadais 1995.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Cheannais 1942

1942, Uimh. 22

Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003

2003, Uimh. 12

Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2004

2004, Uimh. 21

Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1983

1983, Uimh. 13

Acht na gCuideachtaí (Leasú) (Uimh. 2) 1999

1999, Uimh. 30

Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003

2003, Uimh. 44

Acht na gCuideachtaí 1990

1990, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001

2001, Uimh. 28

An tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí 1978

1978, Uimh. 1

An tAcht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993

1993, Uimh. 33

Acht na gComhphobal Eorpach 1972

1972, Uimh. 27

An tAcht Léiriúcháin 2005

2005, Uimh. 23

An tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005

2005, Uimh. 12

An tAcht um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta 1994

1994, Uimh. 24

An tAcht um Painéal Táthcheangail na hÉireann 1997

1997, Uimh. 5

Limited Partnerships Act 1907

7 Edw., c. 24

An tAcht um Líonrúchán Conarthaí Airgeadais 1995

1995, Uimh. 25

An tAcht Aturnaethe 1954

1954, Uimh. 36

An tAcht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938

1938, Uimh. 37

/images/harp.jpg


Uimhir 41 de 2006


AN tACHT UM CHISTÍ INFHEISTÍOCHTA, CUIDEACHTAÍ AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA gCUIDEACHTAÍ, AN ACHTA UM PAINÉAL TÁTHCHEANGAIL NA hÉIREANN 1997, ACHT AN BHAINC CHEANNAIS 1942, AN ACHTA UM FHAISNÉIS DO THOMHALTÓIRÍ 1978 AGUS AN ACHTA UM LÍONRÚCHÁN CONARTHAÍ AIRGEADAIS 1995, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME THREOIR 2004/109/CE AN 15 NOLLAIG 2004 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[24 Nollaig, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1 .— (1) Féadfar an tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Achtanna na gCuideachtaí agus Codanna 2 agus 3 a léamh le chéile mar aon ní amháin.

Tosach feidhme.

2 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(2) Tiocfaidh alt 1, an t-alt seo agus ailt 3 go 6 agus 9, 10, 13, 14, 15 agus 35 i ngníomh tráth rite an Achta seo.

(3) Measfar gur tháinig ailt 7 agus 8 i ngníomh an 1 Iúil 2005.

Mínithe.

3 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1990 ” Acht na gCuideachtaí 1990;

ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht um Painéal Táthcheangail na hÉireann 1997;

ciallaíonn “ Acht 2005 ” an tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta;

ciallaíonn “Rialacháin 2006” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tairiscintí Táthcheangail (Treoir 2004/25/CE)) 2006 (I.R. Uimh. 255 de 2006).

Orduithe agus rialacháin.

4 .— Déanfar gach ordú nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo (seachas ordú a dhéanfar faoi alt 224) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais.

5 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID 2

Leasuithe ar Achtanna na gCuideachtaí

Dearbhuithe reachtúla chun críocha Achtanna na gCuideachtaí.

6 .— (1) Maidir le dearbhú reachtúil arna dhéanamh in áit lasmuigh den Stát (de bhun nó chun críocha Achtanna na gCuideachtaí), measfar é a bheith déanta go bailí (de bhun na nAchtanna sin agus chun críocha na nAchtanna sin) má dhéantar é in áit den sórt sin—

(a) os comhair duine atá i dteideal cleachtadh mar aturnae sa Stát faoin Acht Aturnaethe 1954, nó

(b) os comhair duine atá údaraithe, faoi dhlí na háite sin, daoine a chur faoi mhionn san áit sin agus más rud é go gcomhlíontar fo-alt (3), (4)(5), de réir mar a bheidh.

(2) Maidir le fo-alt (1)

(a) ní dochar é do na himthosca atá leagtha amach san Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938 ar imthosca iad ina bhféadfar dearbhú reachtúil a dhéanamh, agus

(b) is fo-alt é i dteannta, agus ní fo-alt é in ionad, na n-imthosca dá bhforáiltear faoin Acht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993 nó faoi aon achtachán eile ina meastar, maidir le dearbhú reachtúil arna dhéanamh ag duine in áit lasmuigh den Stát, gur dearbhú reachtúil arna dhéanamh go bailí é (cibé acu chun críoch i gcoitinne nó chun aon chríche sonraí).

(3) I gcásanna a thagann faoi réim fho-alt (1)(b) agus mura rud é go bhfuil feidhm ag fo-alt (4)(5), maidir le síniú an duine a dhéanann an dearbhú (“an dearbhóir”) agus, a mhéid a cheanglaítear leis an dlí sin ceachtar díobh seo a leanas, nó iad araon, a fhíordheimhniú:

(a) an cháil inar ghníomhaigh an dearbhóir le linn an dearbhú sin a dhéanamh;

(b) séala nó stampa an duine a chuir an dearbhóir faoi mhionn;

déanfar iad a fhíordheimhniú de réir dhlí na háite dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b).

(4) Más rud é go bhfuil an áit dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) suite i stát is páirtí conarthach i gCoinbhinsiún CE, ansin (mura rud é nach mbaineann an Coinbhinsiún sin leis an áit áirithe sin), maidir le forálacha an Choinbhinsiúin sin a bhaineann le fíordheimhniú, beidh feidhm acu i ndáil leis an dearbhú reachtúil lena mbaineann, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun aon ní a fhíorú in imthosca ina n-éiríonn ábhair thromaí amhrais, agus cúis mhaith chuige sin, i leith an ní sin.

(5) Más rud é go bhfuil an áit dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) suite i stát is páirtí conarthach i gCoinbhinsiún na Háige ach nach páirtí conarthach i gCoinbhinsiún CE é, ansin (mura rud é nach mbaineann Coinbhinsiún na Háige leis an áit áirithe sin), maidir le forálacha Choinbhinsiún na Háige a bhaineann le fíordheimhniú, beidh feidhm acu i ndáil leis an dearbhú reachtúil lena mbaineann, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun aon ní a fhíorú in imthosca ina n-éiríonn ábhair thromaí amhrais, agus cúis mhaith chuige sin, i leith an ní sin.

(6) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí, sula nglacann sé nó sí le haon dearbhú reachtúil a airbheartaíonn a bheith déanta de bhun, nó chun críocha, Achtanna na gCuideachtaí, agus ar dearbhú é—

(a) a thagann faoi réim fho-alt (1)(b), agus

(b) nach bhfuil feidhm maidir leis ag forálacha Choinbhinsiún CE ná ag forálacha Choinbhinsiún na Háige maidir lena fhíordheimhniú,

cibé cruthúnas a mheasann sé nó sí a bheith cuí a éileamh i ndáil le haon cheanglais áirithe de chuid an dlí dá dtagraítear i bhfo-alt (3).

(7) Maidir le dearbhú reachtúil arna dhéanamh roimh thráth rite an Achta seo—

(a) in áit lasmuigh den Stát,

(b) os a gcomhair seo a leanas—

(i) más rud é, maidir leis an áit, nach áit í i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart Éireann nó in Albain, duine atá údaraithe, faoi dhlí na háite sin, chun daoine a chur faoi mhionn nó duine atá i dteideal cleachtadh mar aturnae sa Stát faoin Acht Aturnaethe 1954, nó

(ii) más rud é, maidir leis an áit, gur áit í i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart Éireann nó in Albain—

(I) duine atá i dteideal cleachtadh mar aturnae i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart Éireann nó in Albain, de réir mar a bheidh, nó daoine a chur faoi mhionn ansin, faoi dhlí Shasana agus na Breataine Bige, Thuaisceart Éireann nó na hAlban, de réir mar a bheidh, nó

(II) duine atá i dteideal cleachtadh mar aturnae sa Stát faoin Acht Aturnaethe 1954,

agus

(c) ar dearbhú é a airbheartaíonn a bheith déanta de bhun, nó chun críocha, Achtanna na gCuideachtaí,

más rud é gur seachadadh é ar chláraitheoir na gcuideachtaí roimh an tráth rite sin, beidh sé bailí agus measfar é a bheith bailí riamh d’ainneoin aon ní san Acht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993 nó in aon achtachán eile agus, maidir le haon ní arna dhéanamh ar scór an dearbhú sin a sheachadadh ar an gcláraitheoir, lena n-áirítear aon chlárú dá éis sin ag an gcláraitheoir i leith an dearbhaithe sin, beidh sé bailí agus measfar é a bheith bailí riamh d’ainneoin aon ní san Acht sin nó in aon achtachán eile.

(8) Ní dhéanann aon ní i bhfo-alt (7) difear d’aon imeachtaí arna dtosú roimh thráth rite an Achta seo.

(9) San alt seo—

ciallaíonn “Coinbhinsiún CE” Coinbhinsiún an 25 Bealtaine 1987 lena Neamhnítear Dleathú Doiciméad i mBallstáit na gComhphobal Eorpach;

ciallaíonn “Coinbhinsiún na Háige” an Coinbhinsiún lena Neamhnítear an Ceanglas maidir le Dleathú i i gcomhair Doiciméad Coigríche Poiblí arna dhéanamh sa Háig an 5 Deireadh Fómhair 1961;

ciallaíonn “dearbhú reachtúil”, i dteannta na brí a thugtar dó leis an Acht Léiriúcháin 2005, dearbhú atá i gcomhréir le ceanglais an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938, seachas aon cheanglais atá in alt 1 den Acht sin, nó ceanglais aon fhorála eile de, lena ndéantar, go sainráite nó go hintuigthe, teorainn a chur leis an aicme daoine a fhéadfaidh dearbhú reachtúil a thógáil agus a ghlacadh nó leis na háiteanna ina bhféadfar dearbhú a ghlacadh nó a thógáil.

Leasú ar alt 33 d’Acht na gCuideachtaí 1963.

7 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 33 d’Acht na gCuideachtaí 1963:

“An bhrí atá le ‘cuideachta phríobháideach’.

33.— (1) Chun críocha an Achta seo, ciallaíonn ‘cuideachta phríobháideach’ cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal agus a dhéanann lena hairteagail—

(a) srian a chur leis an gceart chun a scaireanna a aistriú, agus

(b) teorainn 99 nduine nó níos lú a chur le líon a comhaltaí, gan áireamh a dhéanamh ar dhaoine atá ar fostú ag an gcuideachta ná ar dhaoine a bhí tráth ar fostú ag an gcuideachta agus a bhí, le linn a bheith ar fostú amhlaidh, ina gcomhaltaí den chuideachta agus atá, tar éis an fhostaíocht sin a fhoirceannadh, ag fanacht ina gcomhaltaí den chuideachta, agus

(c) toirmeasc a chur le haon chuireadh nó tairiscint don phobal suibscríobh le haghaidh aon scaireanna, bintiúr nó urrús eile de chuid na cuideachta.

(2) Déanfar foráil de chuid airteagal cuideachta lena gcuirtear toirmeasc le haon chuireadh nó tairiscint don phobal suibscríobh le haghaidh aon scaireanna nó bintiúr de chuid na cuideachta a fhorléiriú mar thoirmeasc le haon chuireadh nó tairiscint a dhéanamh don phobal suibscríobh le haghaidh aon scaireanna, bintiúr nó urrús eile de chuid na cuideachta.

(3) I gcás scair nó scaireanna i gcuideachta a bheith á sealbhú i gcomhpháirt ag beirt nó níos mó, déanfar, chun críocha an ailt seo, iad a áireamh mar chomhalta amháin.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (6) chun críocha na nithe seo a leanas—

(a) fo-alt (1)(c), agus

(b) mura léir a mhalairt a bheith ar intinn in airteagail na cuideachta, aon fhoráil de chuid airteagal cuideachta—

(i) a fhreagraíonn, ina téarmaí, do chríocha fho-alt (1)(c),

(ii) ina gcorpraítear téarmaí fho-alt (1)(c) trí thagairt a dhéanamh dóibh, nó

(iii) ag a bhfuil an éifeacht dhlíthiúil chéanna le fo-alt (1)(c) fiú nach bhfuil a téarmaí comhionann leo sin i bhfo-alt (1)(c) (agus áirítear sna cásanna lena mbaineann an fhomhír seo an cás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir le léiriú na forála).

(5) Maidir le gach ceann de na tairiscintí bintiúr seo a leanas ag cuideachta (is cuma cén áit a ndéantar iad), ní mheasfar go dtagann siad faoi réim fho-alt (1)(c) nó na forála de chuid airteagal cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(b), eadhon—

(a) tairiscint bintiúr atá dírithe ar infheisteoirí cáilithe amháin,

(b) tairiscint bintiúr atá dírithe ar níos lú ná 100 duine, seachas infheisteoirí cáilithe,

(c) tairiscint bintiúr atá dírithe ar infheisteoirí i gcás inarb é atá sa chomaoin íosta is iníoctha de bhun na tairisceana ná €50,000 ar a laghad in aghaidh an infheisteora, i leith gach tairisceana ar leithligh,

(d) tairiscint bintiúr arb é atá ina n-ainmluach in aghaidh an aonaid ná €50,000 ar a laghad,

(e) tairiscint bintiúr más rud é, maidir leis an tairiscint, go ndéantar méid na comaoine iomláine i leith na tairisceana a theorannú go sainráite do shuim is lú ná €100,000,

(f) tairiscint na n-aicmí ionstraimí sin a ndéileáiltear iontu de ghnáth ar an margadh airgid (ar nós billí cisteáin, deimhnithe taiscthe agus páipéar tráchtála) ag a bhfuil ré aibíochta is lú ná 12 mhí.

(6) Maidir leis an tairiscint scaireanna seo a leanas arna déanamh ag cuideachta (ar tairiscint d’aon mhéid í nó is cuma cén áit a ndéantar í), ní mheasfar go dtagann sí faoi réim fho-alt (1)(c) nó na forála de chuid airteagal cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(b), eadhon tairiscint scaireanna arna díriú—

(a) ar infheisteoirí cáilithe, nó

(b) ar 99 nduine nó níos lú, nó

(c) ar infheisteoirí cáilithe agus ar 99 nduine eile nó níos lú.

(7) Beidh le focal nó abairt a úsáidtear san alt seo agus a úsáidtear freisin sna Rialacháin Réamheolaire (Treoir 2003/71/CE) 2005 (I.R. Uimh. 324 de 2005) an bhrí chéanna san alt seo atá leis nó léi sna Rialacháin sin.

(8) Chun críocha fho-alt (7), beidh éifeacht leis na Rialacháin dá dtagraítear san fho-alt sin amhail is dá ndéanfaí Rialachán 8 a fhágáil ar lár astu.”.

Leasú ar alt 21 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1983.

8 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 21 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1983:

“Ní dhéanfar scaireanna ná bintiúir de chuid cuideachta príobháidí a thairiscint don phobal.

21.— (1) Beidh cuideachta phríobháideach, agus aon oifigeach don chuideachta a dhéanann mainneachtain, ciontach i gcion má dhéanann an chuideachta—

(a) aon scaireanna sa chuideachta nó bintiúir de chuid na cuideachta a thairiscint don phobal (cibé acu ar airgead nó ar shlí eile), nó

(b) aon scaireanna sa chuideachta nó bintiúir de chuid na cuideachta a leithroinnt, nó comhaontú lena leithroinnt (cibé acu ar airgead nó ar shlí eile) d’fhonn gach ceann nó aon cheann de na scaireanna nó na bintiúir sin a thairiscint lena ndíol leis an bpobal.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir leis na tairiscintí nó na leithroinntí seo a leanas (is cuma cén áit a ndéantar iad):

(a) tairiscint bintiúr arna díriú ar infheisteoirí cáilithe amháin nó leithroinnt a dhéantar chuig infheisteoirí cáilithe amháin;

(b) tairiscint bintiúr arna díriú ar líon níos lú ná 100 duine, seachas infheisteoirí cáilithe;

(c) tairiscint bintiúr arna díriú ar infheisteoirí i gcás inarb é atá sa chomaoin íosta is iníoctha de bhun na tairisceana ná €50,000 ar a laghad in aghaidh an infheisteora, i leith gach tairisceana ar leithligh;

(d) tairiscint bintiúr arb é atá ina n-ainmluach in aghaidh an aonaid ná €50,000 ar a laghad;

(e) tairiscint bintiúr más rud é, maidir leis an tairiscint, go ndéantar méid na comaoine iomláine i leith na tairisceana a theorannú go sainráite do shuim is lú ná €100,000; nó

(f) tairiscint na n-aicmí ionstraimí sin a ndéileáiltear iontu de ghnáth ar an margadh airgid (ar nós billí cisteáin, deimhnithe taiscthe agus páipéar tráchtála) ag a bhfuil ré aibíochta is lú ná 12 mhí;

(g) tairiscint scaireanna arna díriú—

(i) ar infheisteoirí cáilithe, nó

(ii) ar 99 nduine nó níos lú, nó

(iii) ar infheisteoirí cáilithe agus ar 99 nduine eile nó níos lú.

(h) leithroinnt scaireanna nó bintiúr, nó comhaontú maidir le leithroinnt den sórt sin a dhéanamh, d’fhonn go mbeidh na scaireanna nó na bintiúir sin ina n-ábhar d’aon cheann amháin nó níos mó de na tairiscintí dá dtagraítear i míreanna (a) go (g).

(3) Beidh le focal nó abairt a úsáidtear san alt seo agus a úsáidtear freisin sna Rialacháin Réamheolaire (Treoir 2003/71/CE) 2005 (I.R. Uimh. 324 de 2005) an bhrí chéanna san alt seo atá leis nó léi sna Rialacháin sin.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do bhailíocht aon leithroinnt nó díol scaireanna nó bintiúr nó do bhailíocht aon chomhaontaithe chun scaireanna nó bintiúir a leithroinnt nó a dhíol.

(5) Aon duine atá ciontach i gcion faoi fho-alt (1), dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,904.61 a chur air.”.

Díolúine ó cheanglas iniúchta.

9 .— (1) Leasaítear Cuid III d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) (Uimh. 2) 1999—

(a) in alt 32(1) (arna leasú le hAcht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003—

(i) trí “Faoi réir ailt 32A agus 32B” a chur in ionad “Faoi réir ailt 32A agus 33(1)”, agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (ii):

“(ii) mura rud é go n-éireoidh agus go dtí go n-éireoidh—

(I) imthosca, más ann, sa bhliain airgeadais sin arb é is cúis leo nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha sin i leith na bliana sin, nó

(II) imthosca ar shlí eile ar dá mbarr nach bhfuil an chuideachta i dteideal díolúine a fháil i leith na bliana airgeadais sin,

ní bheidh feidhm ag na forálacha a luaitear i bhfo-alt (2) maidir leis an gcuideachta sin i leith na bliana sin.”,

(b) in alt 32(3)—

(i) trí “€7.3 milliún” a chur in ionad “€1,500,000” (a cuireadh isteach le hAcht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003) i mír (a)(ii), agus

(ii) trí “€3.65 milliún” a chur in ionad “€1,500,000” i mír (a)(iii),

(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 32A (a cuireadh isteach le hAcht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003):

“Díolúine a bheith ag brath ar fhógra faoi alt 33(1) gan a bheith seirbheáilte.

32B.— D’ainneoin na coinníollacha a shonraítear in alt 32(3) a bheith comhlíonta, níl cuideachta i dteideal na díolúine i mbliain airgeadais má sheirbheáiltear fógra i leith na bliana sin ar an gcuideachta faoi alt 33(1) agus (2) agus dá réir.”,

(d) in alt 33—

(i) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Aon chomhalta nó comhaltaí de chuid cuideachta ag a bhfuil scaireanna sa chuideachta trína dtugtar, sa chomhiomlán, an deichiú cuid ar a laghad de na cearta vótála uile sa chuideachta, féadfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcuideachta á rá nach mian leis an gcomhalta sin nó leis na comhaltaí sin go mbeidh an díolúine ar fáil don chuideachta i mbliain airgeadais a shonrófar san fhógra.

(2) Féadfar fógra faoi fho-alt (1) a sheirbheáil ar an gcuideachta—

(a) i rith na bliana airgeadais díreach roimh an mbliain airgeadais lena mbaineann an fógra, nó

(b) i rith na bliana airgeadais lena mbaineann an fógra (ach tráth nach déanaí ná 1 mhí roimh dheireadh na bliana sin).”,

(ii) trí fho-alt (3) a scriosadh, agus

(iii) i bhfo-alt (4), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) nár seirbheáladh aon fhógra faoi fho-alt (1) ar an gcuideachta de réir fho-alt (2), agus”,

agus

(e) in alt 35, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Maidir le díolúine—

(a) mar gheall ar imthosca dá dtagraítear in alt 32(1)(ii) ar imthosca iad a éiríonn sa bhliain airgeadais lena mbaineann, aon uair a scoirfidh an díolúine d’éifeacht a bheith léi i ndáil le cuideachta i leith na bliana sin, nó

(b) mar gheall ar imthosca a éiríonn ar shlí eile, aon uair nach mbeidh cuideachta i dteideal na díolúine i leith na bliana airgeadais lena mbaineann,

beidh sé de dhualgas ar stiúrthóirí na cuideachta iniúchóir a cheapadh ar an gcuideachta a luaithe is féidir tar éis do na himthosca sin éirí agus féadfaidh na stiúrthóirí ceapachán den sórt sin a dhéanamh d’ainneoin fhorálacha alt 160 den Phríomh-Acht.”.

(2) Ní dhéanann aon ní i bhfo-alt (1)(b) dochar d’fheidhmiú todhchaí na cumhachta faoi fho-alt (7) d’alt 32 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) (Uimh.2) 1999 i ndáil le fo-alt (3) (mar atá sé arna leasú le fo-alt (1)(b)) den alt sin 32.

Feidhm alt 9 agus forálacha idirthréimhseacha.

10 .— (1) Beidh feidhm ag na leasuithe a dhéantar le halt 9

(a) maidir le bliain airgeadais cuideachta a thosaíonn tráth nach luaithe ná tosach feidhme an ailt sin, agus

(b) faoi réir fho-alt (2), maidir le bliain airgeadais cuideachta a chríochnaíonn tráth nach luaithe ná 2 mhí tar éis thosach feidhme an ailt sin (nach bliain airgeadais lena mbaineann mír (a)).

(2) I gcásanna a thagann faoi réim fho-alt (1)(b), beidh feidhm ag alt 9 amhail is dá ndéanfaí, in ionad an fho-ailt (2) a chuirtear isteach leis an alt sin in alt 33 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú)(Uimh. 2) 1999, an fo-alt seo a leanas a chur isteach san alt sin 33:

“(2) I gcásanna a thagann faoi réim alt 7(1)(b) den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006, féadfar fógra faoi fho-alt (1) a sheirbheáil ar an gcuideachta tráth nach déanaí ná 1 mhí roimh dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann an fógra.”.

Srianta ar dhaoine ó ghníomhú, agus iad a dhícháiliú chun gníomhú, mar stiúrthóirí etc.

11 .— (1) Leasaítear alt 150 (arna leasú leis an Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001) d’Acht 1990 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4B):

“(4B) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ar dhearbhú faoi fho-alt (1) a éisteacht ón Stiúrthóir, ó leachtaitheoir nó ó ghlacadóir (dá ngairtear ‘an t-iarratasóir’ san fho-alt seo) a ordú gurb iad na stiúrthóirí a ndéantar an dearbhú ina n-aghaidh a iompróidh—

(a) costais an iarratais, agus

(b) iomlán na gcostas agus na gcaiteachas arna dtabhú ag an iarratasóir (nó cibé cuid díobh a shonróidh an chúirt)—

(i) le linn na nithe is ábhar don iarratas a imscrúdú, agus

(ii) a mhéid nach dtagann siad faoi réim mhír (a), le linn fianaise a bhailiú i leith na nithe sin,

lena n-áirítear cibé méid de luach saothair agus caiteachais an iarratasóra atá inchurtha síos don imscrúdú agus don bhailiú sin.”.

(2) Leasaítear alt 160 (arna leasú leis an Acht um Forfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001) d’Acht 1990 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9B):

“(9B) Féadfaidh an chúirt, le linn di iarratas ar ordú dícháilíochta faoi fho-alt (2) a éisteacht, a ordú gurb iad na daoine a dhícháileofar nó a ndéanfar dearbhú faoi alt 150 ina n-aghaidh mar thoradh ar an iarratas a iompróidh—

(a) costais an iarratais, agus

(b) i gcás iarratais ón Stiúrthóir, ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, ó leachtaitheoir, ó ghlacadóir, nó ó scrúdaitheoir (dá ngairtear ‘an t-iarratasóir’ sa mhír seo), i dteannta na gcostas dá dtagraítear i mír (a),iomlán na gcostas agus na gcaiteachas arna dtabhú ag an iarratasóir (nó cibé cuid díobh a shonróidh an chúirt)—

(i) le linn na nithe is ábhar don iarratas a imscrúdú, agus

(ii) a mhéid nach dtagann siad faoi réim mhír (a), le linn fianaise a bhailiú i leith na nithe sin,

lena n-áirítear cibé méid de luach saothair agus caiteachais an iarratasóra atá inchurtha síos don imscrúdú agus don bhailiú sin.”.

Dí-ábharú.

12 .— Leasaítear alt 239 d’Acht 1990—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Faoi réir aon eisceachtaí a shonrófar sna rialacháin, féadfar—

(a) maidir le hurrúis de chuid cuideachtaí a ligtear dóibh trádáil a dhéanamh ar mhargadh rialáilte,

(b) maidir le hurrúis de chuid cuideachtaí a ligtear dóibh trádáil a dhéanamh ar mhargadh seachas margadh rialáilte, nó

(c) maidir le hurrúis de chuid cuideachtaí poiblí teoranta d’aicme shonraithe,

a fhoráil leis na rialacháin gurb é an modh a sholáthraítear leis na rialacháin chun teideal chuig urrúis den sórt sin a fhianú agus a aistriú an t-aon mhodh eisiatach amháin chun déanamh amhlaidh (agus, dá réir sin, maidir le haon aistriú airbheartaithe ar urrúis den sórt sin ar shlí seachas ar an modh sin, go mbeidh sé ar neamhní).”,

(b) i bhfo-alt (5), tríd an mír seo a leanas a chur leis:

(c) Féadfar leis na rialacháin—

(i) a cheangal go soláthróidh cuideachta ráitis do shealbhóirí urrús (i gceann eatramh sonraithe nó ar ócáidí sonraithe) maidir leis na hurrúis a shealbhaítear ina n-ainm;

(ii) foráil a dhéanamh lena gcuirfear deireadh le haon cheanglas i leith na sealbhóirí urrús do thabhairt suas scairdheimhnithe láithreacha d’eisitheoirí; agus

(iii) foráil a dhéanamh go nglacfaidh ceanglais na rialachán ionad aon cheanglas láithreach in airteagail chomhlachais cuideachta a bheadh ar neamhréir le ceanglais na rialachán.”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (4) agus (5), ní bheidh forálacha sna rialacháin arbh é an toradh a bheadh acu, maidir le duine a mbeadh teideal aige nó aici, murach na rialacháin—

(a) go ndéanfar a ainm nó a hainm a thaifeadadh i gclár comhaltaí cuideachta, nó

(b) treoracha a thabhairt maidir le haon urrúis,

go scoirfeadh an duine sin de theideal a bheith aige nó aici amhlaidh.”.

Leasú ar alt 43 d’Acht 2005.

13 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 43 d’Acht 2005:

“Srian le dliteanas i gcás nach bhfuil ach urrúis neamhchothromais i gceist.

43.— I gcás ina n-eisítear réamheolaire i leith urrús neamhchothromais agus ina leith sin amháin—

(a) ní bheidh ach na daoine seo a leanas, eadhon—

(i) an tairgeoir nó an duine a d’iarr go ligfear isteach na hurrúis lena mbaineann an réamheolaire chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus

(ii) faoi réir mhír (c), agus a mhéid a fhoráiltear i mír (c), an ráthóir (más ann),

agus ní bheidh aon duine eile dá dtagraítear in alt 41, faoi dhliteanas faoin alt sin sna himthosca ina bhfuil feidhm ag an alt sin mura rud é—

(I) go bhforáiltear a mhalairt go sainráite sa réamheolaire, nó

(II) go gciontaítear an duine eile sin ar díotáil i gcion arna chruthú le dlí réamheolaire na hÉireann nó i gcion faoi alt 48 maidir le heisiúint an réamheolaire sin,

(b) ní bheidh feidhm ag alt 383(3) d’Acht 1963 maidir le stiúrthóirí nó rúnaí an eisitheora sa mhéid go ndéanfadh an fheidhm sin dá bhrí sin dliteanas faoi alt 41 a fhorchur ar na stiúrthóirí nó ar an rúnaí sin, agus

(c) ní bheidh aon dliteanas faoi alt 41 ar ráthóir urrús den sórt sin ach amháin maidir le ráitis atá san áireamh sa réamheolaire, nó maidir le faisnéis atá ar iarraidh ón réamheolaire, ar ráitis iad nó faisnéis í a bhaineann leis an ráthóir nó leis an ráthaíocht arna tabhairt ag an ráthóir.”.

Leasú ar alt 45 d’Acht 2005.

14 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 45 d’Acht 2005:

“Toiliú saineolaí le ráiteas a chuirtear ina leith a chur san áireamh i réamheolaire.

45.— (1) Níl feidhm ag an toirmeasc i bhfo-alt (2) i ndáil le réamheolaire ach amháin i gcás ina gceanglaítear le dlí réamheolaire an AE ráiteas den chineál dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin a chur san áireamh sa réamheolaire.

(2) Ní dhéanfar réamheolaire ina bhfuil ráiteas a chuirtear i leith saineolaí a eisiúint mura rud é—

(a) go mbeidh an saineolaí tar éis a thoiliú nó a toiliú a thabhairt maidir leis an ráiteas a chur san áireamh sa réamheolaire san fhoirm agus sa chomhthéacs ina gcuirtear san áireamh é agus nach mbeidh an toiliú sin tarraingthe siar aige nó aici roimh fhoilsiú an réamheolaire, agus

(b) go bhfuil ráiteas sa réamheolaire á rá gur thug an saineolaí an toiliú sin agus nár tharraing sé nó sí siar é i scríbhinn.

(3) Má eisítear aon réamheolaire de shárú ar an alt seo beidh an t-eisitheoir agus gach duine ar páirtí é nó í go feasach san eisiúint sin ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur air nó uirthi.”.

Leasuithe ar Acht 2005 a leanann as leasú arna dhéanamh le halt 14.

15 .— Leasaítear Acht 2005—

(a) in alt 38, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Gan teorainn a chur le brí na habairte sin in aon chomhthéacs eile ina n-úsáidtear í sa Chuid seo, maidir leis an bhfocal ‘ráiteas’ in alt 45(2) (seachas mír (b) de), agus in aon alt eile de Chuid seo lena ndéantar foráil i leith saineolaí, folaíonn sé tuarascáil agus luacháil.”,

(b) in alt 41—

(i) tríd an alt láithreach a athuimhriú mar fho-alt (1) de, agus

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(2) I dteannta na ndaoine a shonraítear i bhfo-alt (1) mar dhaoine atá faoi dhliteanas sna himthosca atá leagtha amach san fho-alt sin, beidh saineolaí a mbeidh an toiliú a cheanglaítear a thabhairt le halt 45 i ndáil le ráiteas a airbheartaíonn a bheith déanta aige nó aici faoi dhliteanas, faoi réir alt 42 agus 43, cúiteamh a íoc le gach duine a fhaigheann aon urrúis ar iontaoibh an réamheolaire, ar cúiteamh é i leith an chaillteanais nó an damáiste a bhain dóibh mar gheall ar ráiteas bréagach sa réamheolaire a airbheartaíonn a bheith déanta aige nó aici mar shaineolaí.”,

(c) in alt 42—

(i) trí fho-alt (1) a scriosadh,

(ii) i bhfo-alt (3)(d)(ii), trí “agus, i gcás inar ceanglaíodh amhlaidh le halt 45, gur thug an duine sin a thoiliú nó a toiliú maidir leis an ráiteas a chur san áireamh sa réamheolaire” a chur in ionad “agus gur thug an duine sin a thoiliú nó a toiliú le heisiúint an réamheolaire”,

(iii) i bhfo-alt (4), trí “maidir leis an ráiteas lena mbaineann a chur san áireamh sa réamheolaire” a chur in ionad “maidir le heisiúint an réamheolaire lena mbaineann”,

(iv) i bhfo-alt (5), trí “mar dhuine a d’údaraigh an réamheolaire a eisiúint” a scriosadh,

(v) i bhfo-alt (6)—

(I) trí “mar dhuine a d’údaraigh réamheolaire a eisiúint” a scriosadh, agus

(II) i mír (a), trí “maidir leis an ráiteas a chur san áireamh sa réamheolaire” a chur in ionad “maidir le heisiúint an réamheolaire”,

(d) in alt 44—

(i) i bhfo-alt (1)(b), trí “maidir le ráiteas a airbheartaíonn a bheith déanta aige nó aici a chur san áireamh i réamheolaire” a chur in ionad “maidir le réamheolaire a eisiúint”, agus

(ii) trí fho-alt (3) a scriosadh,

agus

(e) in alt 48, trí fho-alt (4) a scriosadh.

Leasú ar alt 9 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003.

16 .— Leasaítear alt 9(2) d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (m):

“(ma) na feidhmeanna a thugtar dó le dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) (de réir bhrí Chuid 3 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006) a chomhlíonadh i leith na nithe dá dtagraítear in Airteagal 24(4)(h) den Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) (de réir bhrí na Coda sin);”.

Leasú ar alt 10 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003.

17 .— Leasaítear alt 10 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003—

(a) i bhfo-alt (4)—

(i) i mír (a), trí “den alt seo,” a chur in ionad “den alt seo, nó”,

(ii) i mír (b), trí “le haitheantas an chomhlachta sin, nó” a chur in ionad “le haitheantas an chomhlachta sin,”,

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) ar dhuine ar a bhforchuirtear oibleagáid nó oibleagáidí iomchuí an oibleagáid nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh,”,

agus

(iv) trí “go bhféadfadh sé tarlú go mainneoidh nó gur mhainnigh an comhlacht nó an duine eile lena mbaineann an riail, an treoirlíne, an téarma nó an coinníoll nó an oibleagáid nó na hoibleagáidí, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh.” a chur in ionad “go bhféadfadh sé tarlú go mainneoidh nó gur mhainnigh an comhlacht lena mbaineann an riail nó an treoirlíne nó an téarma nó an coinníoll, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(5) I bhfo-alt (4), an tagairt d’oibleagáid nó oibleagáidí iomchuí a fhorchuirtear ar dhuine, is tagairt í d’oibleagáid nó d’oibleagáidí a fhorchuirtear ar an duine—

(a) le forálacha an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) (de réir bhrí Chuid 3 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006) lena gcuirtear Airteagal 24(4)(h) den Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) (de réir bhrí na Coda sin) i ngníomh, nó

(b) le rialacha arna nglacadh ag an Údarás Maoirseachta faoi fho-alt (3), ar rialacha iad a bhaineann lena fheidhmeanna faoi alt 9(2)(ma).”.

Leasú ar alt 29 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003.

18 .— Leasaítear alt 29 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) Tar éis iarratas a fháil faoi fho-alt (4) d’alt 10 ar ordú á ordú go gcomhlíonfar—

(a) riail arna glacadh nó treoir arna heisiúint ag an Údarás Maoirseachta,

(b) téarma nó coinníoll a ghabhann le haitheantas, nó

(c) oibleagáid nó oibleagáidí dá dtagraítear san fho-alt sin,

féadfaidh an Chúirt aon ordú is cuí léi a dhéanamh nó aon ordachán is cuí léi a thabhairt.”.

CUID 3

Ceanglais Trédhearcachta maidir le hEisitheoirí Urrús a Ligtear Isteach chun a dTrádála ar Mhargaí Áirithe

Léiriú (Cuid 3).

19 .— (1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “ Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) ” Treoir 2004/109/CE an 15 Nollaig 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 maidir le comhchuibhiú a dhéanamh ar cheanglais trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE, lena n-áirítear an Treoir chéadluaite mar atá sí arna leasú de thuras na huaire;

ciallaíonn “ dlí trédhearcachta (margaí rialáilte)”—

(a) na bearta arna nglacadh de thuras na huaire ag an Stát chun an Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) agus aon Treoir fhorlíontach (cibé acu is Acht den Oireachtas, rialacháin faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972, rialacháin faoi alt 20 nó aon achtachán eile (seachas an Chuid seo, ach amháin mar a gceadaítear a mhalairt sa chomhthéacs) atá i gceist) a chur i ngníomh,

(b) aon bhearta is infheidhme go díreach sa Stát de dhroim na Treorach Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) agus, gan dochar do ghinearáltacht na míre seo, folaíonn sé aon Rialachán nó Cinneadh arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Treoir chéadluaite i mír (a), agus

(c) aon bhearta forlíontacha agus iarmhartacha arna nglacadh de thuras na huaire ag an Stát i leith aon Rialacháin nó Cinnidh a dhéanfaidh an Coimisiún de dhroim na Treorach Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) de bhun an nós imeachta sin roimhe seo;

ciallaíonn “ Treoir fhorlíontach ” aon Treoir arna déanamh ag an gCoimisiún de dhroim na Treorach Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) de bhun an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Treoir sin.

(2) Beidh le focal nó le habairt a úsáidtear sa Chuid seo agus a úsáidtear freisin sa Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) an bhrí chéanna sa Chuid seo atá leis nó léi sa Treoir sin.

Cumhacht chun rialacháin áirithe a dhéanamh.

20 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) chun éifeacht a thabhairt don Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) nó d’aon Treoir fhorlíontach, agus

(b) chun aon Rialachán nó Cinneadh arna dhéanamh ag an gCoimisiún de dhroim na Treorach céadluaite i mír (a) a fhorlíonadh, agus foráil iarmhartach a dhéanamh ina leith, de bhun an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Treoir sin.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin alt seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán sin, lena n-áirítear—

(a) forálacha lena gcruthaítear cionta (ach ní fhéadfar foráil a dhéanamh leis na rialacháin ach amháin maidir le pionóis i leith ciontú achomair in aon chion den sórt sin), agus

(b) forálacha lena gcruthaítear dliteanas sibhialta maidir le sáruithe ar na rialacháin chun a chumasú d’aon duine a fhulaingíonn caillteanas dá mbarr cúiteamh a ghnóthú i leith an chaillteanais sin.

(3) Ní chruthófar dliteanas sibhialta le rialacháin faoi fho-alt (2) i leith sáraithe ar rialacháin faoin alt seo ach amháin i leith sáraithe den sórt sin lena ngabhann ceachtar díobh seo a leanas —

(a) ráiteas bréagach nó míthreorach, nó

(b) aon ní a cheanglaítear a bheith san áireamh i ráiteas a fhágáil ar lár,

ar ráiteas é, i gceachtar cás —

(i) atá i bhfoilseachán arna dhéanamh i gcomhlíonadh airbheartaithe forála den dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) a shonraítear sna rialacháin, agus

(ii) ar ina leith a fhulaingíonn duine caillteanas de dheasca an duine d’fháil urrús (nó d’fháil leasa in urrúis), nó do dhéanamh conartha chun urrúis (nó leas in urrúis) a fháil, ar iontaoibh an fhoilseacháin sin tráth a bhí sé réasúnach, agus in imthosca ina raibh sé réasúnach, don duine dul ar iontaoibh an fhoilseacháin sin,

agus go gcomhlíontar an coinníoll sin ina dhiaidh seo i leith an fhoilseacháin sin.

(4) Is é atá sa choinníoll sin ná gurbh eol don duine a raibh freagrachtaí á gcomhlíonadh aige nó aici laistigh d’eisitheoir na n-urrús dá dtagraítear i bhfo-alt (3) i ndáil leis an bhfoilseachán sin (ar freagrachtaí iad de chineál a shonrófar i rialacháin faoin alt seo) —

(a) go raibh an ráiteas lena mbaineann bréagach nó míthreorach nó go raibh an duine sin meargánta i dtaobh é a bheith bréagach nó míthreorach, nó

(b) gurbh ionann an fhágáil ar lár lena mbaineann agus ceilt mhímhacánta fíorais ábhartha.

(5) Féadfar, le rialacháin faoin alt seo, foráil a dhéanamh freisin, chun críocha na rialachán sin, ar foráil í atá ar aon dul leis an bhforáil a dhéantar le Cuid IV d’Acht 1990.

(6) Ní dochar an t-alt seo d’alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972.

Ciontú ar díotáil i gcionta faoin dlí trédhearcachta (margaí rialáilte).

21 .— Aon duine a bheidh ciontach i gcion arna chruthú leis an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) (ar cion é a bhfuil sé sainráite ina leith leis an dlí sin gur cion é lena mbaineann an t-alt seo), dlífear, gan dochar d’aon phionóis dá bhforáiltear leis an dlí sin i leith ciontú achomair sa chion, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €1,000,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Rialacha forlíontacha, etc., arna ndéanamh ag an údarás inniúil.

22 .— (1) San alt seo ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás inniúil arna ainmniú faoin dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) chun críocha fhorálacha na Treorach Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) (seachas Airteagal 24(4)(h) den Treoir sin).

(2) Féadfaidh an t-údarás inniúil rialacha a dhéanamh lena bhforchuirfear ceanglais, nó lena gcumasófar don údarás inniúil ceanglais a fhorchur, ar dhaoine a bhforchuirtear oibleagáid nó oibleagáidí orthu leis an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte), ar ceanglais iad lena gceanglaítear—

(a) rudaí sonraithe a dhéanamh, nó gan iad a dhéanamh, chun a áirithiú go gcomhlíontar forálacha an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) agus, go háirithe (gan teorannú a dhéanamh ar ghinearáltacht na míre seo), nósanna imeachta sonraithe a ghlacadh agus foirmeacha sonraithe a úsáid le linn faisnéis a sholáthar don údaráis inniúil,

(b) rudaí sonraithe a dhéanamh, nó gan iad a dhéanamh, chun a áirithiú go ndéanann an t-údarás inniúil maoirseacht éifeachtach ar ghníomhaíochtaí den chineál lena mbaineann an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) agus, go háirithe (gan teorannú a dhéanamh ar ghinearáltacht na míre seo), cibé tuarascálacha a thabhairt nó cibé nithe a nochtadh don údarás inniúil nó do dhaoine sonraithe eile, ag cibé tráthanna agus i cibé slí, dá bhforáiltear leis na rialacha nó a shonróidh an t-údarás inniúil de bhun na rialacha, ar tuarascálacha iad nó ar nochtadh nithe é a éileofar de bhua nó de dhroim oibriú an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte).

(3) Go háirithe, féadfaidh rialacha a bhfuil gá leo chun go gcomhlíonfaidh an t-údarás inniúil na feidhmeanna faoi Airteagal 24 den Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte), seachas mír (4)(h) den Airteagal sin, a bheith san áireamh i rialacha faoin alt seo.

(4) Féadfaidh cibé forálacha iarmhartacha, teagmhasacha nó forlíontacha is dóigh leis an údarás inniúil a bheith riachtanach nó fóirsteanach a bheith san áireamh i rialacha faoin alt seo.

(5) Maidir le rialacha faoin alt seo, ní bheidh aon fhoráil iontu atá ar neamhréir leis an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) ná ní cheanglófar leo go soláthrófar faisnéis d’aon duine ar faisnéis í nach bhfuil baint réasúnach ag a soláthar leis na críocha ar ina leith a glacadh na forálacha infheidhme den Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte).

(6) Maidir leis na forálacha den dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) a bhfuil sé sainráite ina leith leis an dlí sin gur forálacha iad arna ndéanamh chun a chumasú smachtbhannaí riaracháin a fhorchur, beidh feidhm acu i ndáil le sárú—

(a) ar rialacha faoin alt seo, agus

(b) ar rialacha arna nglacadh ag Údarás Maoirseachta Iniúchóireachta agus Cuntasaíochta na hÉireann faoi alt 10(3) d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003 i ndáil leis na nithe a bhaineann lena fheidhmeanna faoi alt 9(2)(ma) den Acht sin,

mar atá feidhm acu i ndáil le sárú ar fhoráil den dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) agus, dá réir sin, féadfar smachtbhanna a fhéadfar a fhorchur de bhun fhorálacha céadluaite an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) i leith sáraithe ar fhoráil den dlí sin a fhorchur, de réir an dlí sin, i leith sáraithe ar rialacha dá dtagraítear i gceachtar de na míreanna sin roimhe seo.

(7) Féadfaidh an t-údarás inniúil treoirlínte i scríbhinn a eisiúint maidir leis na bearta a fhéadfar a dhéanamh chun an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) a chomhlíonadh.

Leasú ar alt 33AK d’Acht an Bhainc Cheannais 1942.

23 .— Leasaítear an míniú ar “Treoracha Maoirseachta” i bhfo-alt (10) d’alt 33AK (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003) d’Acht an Bhainc Cheannais 1942 trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (h) (a cuireadh isteach le hAcht 2005):

“(h) Treoir Réamheolairí 2003 (de réir bhrí Chuid 5 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005),

(i) an Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) (de réir bhrí an Chuid 3 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006);”.

Feidhm an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) maidir le margaí áirithe.

24 .— (1) Féadfaidh an tAire, le hordú sealadach, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil dá dtagraítear in alt 22(1), a fhoráil, maidir le foráil amháin nó níos mó den dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) ag a bhfuil feidhm i ndáil le margadh lena mbaineann an Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte), go mbeidh feidhm aici nó acu, fara cibé modhnuithe, más ann, a shonrófar san ordú, maidir le margadh a shonrófar san ordú..

(2) Ní bheidh éifeacht le hordú sealadach faoin alt seo mura rud é go ndaingneofar é, nó go dtí go ndaingneofar é, le hAcht den Oireachtas.

CUID 4

Ilghnéitheach

Leasú ar alt 1 d’Acht 1997.

25 .— Leasaítear alt 1 d’Acht 1997—

(a) trí “(seachas tairiscint dá dtagraítear san fho-alt sin)” a chur isteach i ndiaidh “idirbheart iomchuí eile” sa mhíniú ar “ag gníomhú de chomhbheart” i bhfo-alt (1), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Chun críocha an Achta seo, measfar beirt duine nó níos mó a bheith ag gníomhú de chomhbheart maidir le táthcheangal nó idirbheart iomchuí eile (nach tairiscint, i gceachtar cás, lena mbaineann Rialacháin 2006) más rud é go gcomhoibríonn siad ar bhonn comhaontaithe, cibé acu sainráite nó intuigthe, ó bhéal nó i scríbhinn, ar comhaontú é arb é is aidhm leis:

(i) (I) go bhfaighidh aon duine amháin nó níos mó díobh urrúis sa chuideachta iomchuí, nó

(II) aon ghníomh a dhéanamh, nó a chur faoi deara aon ghníomh a dhéanamh, ar gníomh é arb é a leanfaidh as, nó a bhféadfadh sé tarlú gurb é a leanfaidh as, ná méadú ar chion na n-urrús sa chuideachta iomchuí atá ar seilbh ag aon duine amháin nó níos mó díobh;

(ii) (I) rialú a fháil ar an gcuideachta iomchuí lena mbaineann, nó

(II) bac a chur ar thoradh rathúil tairisceana arna déanamh d’fhonn rialú a fháil ar an gcuideachta iomchuí lena mbaineann;

agus forléireofar “ag gníomhú de chomhbheart” dá réir sin.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo agus gan dochar d’aon rialacha faoi alt 8, measfar, maidir le daoine atá faoi rialú ag duine eile de réir bhrí Airteagal 87 de Threoir 2001/34/CE an 28 Bealtaine 2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, gur daoine iad atá ag gníomhú de chomhbheart, maidir leis na nithe a luaitear i mír (a), in éineacht leis an duine eile sin agus lena chéile.

(c) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘tairiscint lena mbaineann Rialacháin 2006’ tairiscint táthcheangail, de réir bhrí Rialacháin 2006, ar tairiscint í a bhfuil dlínse ag an bPainéal, de bhua Rialachán 6 de na Rialacháin sin, maoirseacht a dhéanamh ina leith ;

ciallaíonn ‘Rialacháin 2006’ Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tairiscintí Táthcheangail (Treoir 2004/25/CE)) 2006 (I.R. Uimh. 255 de 2006).”.

Leasú ar alt 2 d’Acht 1997.

26 .— Leasaítear alt 2 (arna leasú le hAcht 2005) d’Acht 1997 trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) cuideachta phoiblí theoranta—

(i) a n-údaraítear, de thuras na huaire, ceann amháin nó níos mó dá cuid urrús a ar aon cheann de na margaí seo a leanas, eadhon—

(I) ceann amháin nó níos mó de na margaí arna n-oibriú ag Stocmhalartán Londan nó ag aon chomharba de chuid an Mhalartáin sin (cibé acu a chruthaítear é trí chumasc 2 mhalartán nó níos mó, nó ar shlí eile),

(II) Stocmhalartán Nua-Eabhrac,

(III) an margadh ar a dtugtar Nasdaq arna oibriú ag Nasdaq Stock Market, Incorporated.

(ii) a thagann faoi réim aon aicme cuideachta poiblí teoranta arna forordú ag an Aire chun críocha na míre seo, tar éis dul i gcomhairle leis an bPainéal, d’fhonn cosaint scairshealbhóirí a áirithiú ar mhodh níos iomláine,

seachas cuideachta phoiblí theoranta (dá ngairtear ‘cuideachta eiscthe’ in alt 2B) arb iad na hurrúis sin a shonraítear in alt 2B na hurrúis amháin dá cuid a údaraítear, de thuras na huaire, a thrádáil ar mhargadh dá dtagraítear in aon cheann de na clásail sin roimhe seo,

(d) cuideachta phoiblí theoranta nach n-údaraítear, de thuras na huaire, ceann amháin nó níos mó dá cuid urrús a thrádáil ar mhargadh dá dtagraítear i gclásal (I), (II) nó (III) de mhír (c)(i) ach a údaraíodh a thrádáil ar mhargadh dá dtagraítear in aon cheann de na clásail sin laistigh den tréimhse 5 bliana roimh an dáta a ndearnadh an tairiscint iomchuí i ndáil leis an táthcheangal nó leis an idirbheart iomchuí eile seachas cuideachta phoiblí theoranta (dá ngairtear ‘cuideachta eiscthe’ freisin in alt 2B) arb iad na hurrúis sin a shonraítear in alt 2B na hurrúis amháin dá cuid a údaraíodh a thrádáil, laistigh den tréimhse sin roimhe seo, ar mhargadh dá dtagraítear in aon cheann de na clásail sin,”.

Leasú eile ar alt 2 d’Acht 1997.

27 .— Déantar alt 2 (arna leasú le hAcht 2005) d’Acht 1997 a leasú tuilleadh tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (II) de mhír (iii):

“(II) nach cuideachta dá dtagraítear i mír (c)(i) nó (ii) nó dá dtagraítear den chéad uair i mír (d).”.

Leasú ar Acht 1997— alt nua 2B a chur isteach.

28 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 2A (a cuireadh isteach le hAcht 2005) d’Acht 1997:

“Urrúis chun críocha alt 2(c) agus (d) agus feidhm na bhforálacha sin.

2B.— (1) Na hurrúis dá dtagraítear i míreanna (c) agus (d) d’alt 2 i ndáil le cuideachta eiscthe is bintiúir nó bannaí nó urrúis eile de chineál bintiúr nó bannaí iad, cibé ainm a thugtar orthu, nach dtugann cearta vótála sa chuideachta nó in aon chomhlacht corpraithe eile.

(2) Na cásanna lena mbaineann na cáilithe atá i míreanna (c) agus (d) d’alt 2 i dtaobh cuideachta eiscthe folaíonn siad an cás ina ndearnadh an t-údarú chun trádáil a dhéanamh sna hurrúis lena mbaineann a thabhairt roimh thosach feidhme alt 28 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006.”.

Leasú ar alt 8 d’Acht 1997.

29 .— Leasaítear alt 8 d’Acht 1997—

(a) i bhfo-alt (1), trí “d’fho-ailt (2), (3), (4) agus (7A) go (7D)” a chur in ionad “d’fho-ailt (2), (3) agus (4)”, agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(7A) Folaíonn an chumhacht chun rialacha a dhéanamh faoin alt seo an chumhacht chun foráil a dhéanamh sna rialacha sin chun éifeacht a thabhairt—

(a) d’fhoráil de chonarthaí na gComhphobal Eorpach, nó

(b) d’ionstraim arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail sin.

(7B) Maidir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tairiscintí Táthcheangail) (Treoir 2004/25/CE)) 2006 (I.R. Uimh. 255 de 2006) (dá ngairtear ‘na Rialacháin’ ina dhiaidh seo san alt seo)—

(a) ní dochar aon ní iontu d’fheidhmiú todhchaí chumhacht an Phainéil chun rialacha a dhéanamh faoin alt seo d’fhonn éifeacht a thabhairt do Threoir 2004/25/CE an 21 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 maidir le tairiscintí táthcheangail (nó d’fhonn éifeacht a thabhairt d’aon ionstraim eile arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail Eorpacha),

(b) ní chuireann aon ní iontu cosc ar an bPainéal foráil a dhéanamh i rialacháin faoin alt seo ar foráil í den tsamhail chéanna a rinneadh le Rialachán 11 de na Rialacháin agus leis an Sceideal a ghabhann leo.

(7C) Féadfaidh an Painéal, le rialacha faoin alt seo, an méid seo a leanas a chúlghairm—

(a) Rialachán 11 de na Rialacháin, agus ar an Sceideal a ghabhann leo, agus

(b) na focail ‘(arb iad na rialacha sin iad mar atá siad arna leasú le Rialachán 11)’ gach áit a bhfuil siad i Rialacháin 16(3), 18(4) agus 18(6) de na Rialacháin.

(7D) (a) Maidir le rialacha faoi aon cheann de na fo-ailt sin roimhe seo, féadfaidh cibé forálacha forlíontacha, teagmhasacha nó iarmhartacha a bheith iontu ar dóigh don Phainéal a bheith riachtanach nó inmhianaithe i leith na nithe a luaitear san fho-alt áirithe lena mbaineann na rialacha atá i gceist.

(b) Féadfar rialacha éagsúla a dhéanamh faoin alt seo i ndáil le haon ní dá dtagraítear san alt seo maidir le cuideachta faoi threoir an bhfuil nó nach bhfuil an chuideachta ina cuideachta a bhfuil dlínse ag an bPainéal, de bhua Rialachán 6 de na Rialacháin, maoirseacht a dhéanamh ar thairiscint ina leith (ar tairiscint í dá ngairtear ‘tairiscint Treorach’ i mír (c)).

(c) Ní dochar mír (b) do chumhacht an Phainéil foráil aonfhoirmeach a dhéanamh i rialacha faoin alt seo i ndáil le gach cuideachta a bhfuil dlínse ag an bPainéal—

(i) maidir le tairiscint Treorach, nó

(ii) maidir táthcheangal nó idirbheart iomchuí eile,

maoirseacht a dhéanamh ina leith.”.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann le hAcht 1997.

30 .— Cuirtear an Sceideal seo a leanas in ionad an Sceidil a ghabhann le hAcht 1997:

“AN SCEIDEAL

Prionsabail is Infheidhme maidir le Stiúradh Táthcheangal, Etc.

1. Ní mór cóir choibhéiseach a chur ar gach sealbhóir ar urrúis tairgí den aicme chéanna; ina theannta sin, má fhaigheann duine rialú ar chuideachta, ní mór na sealbhóirí eile urrús a chosaint.

2. Ní mór am agus faisnéis atá leordhóthanach a bheith ag na sealbhóirí ar urrúis tairgí chun a chumasú dóibh cinneadh atá bunaithe go cuí ar an bhfaisnéis a bhaineann le hábhar a dhéanamh i dtaobh na tairisceana; i gcás ina ndéanann bord an tairgí comhairle a thabhairt do shealbhóirí urrús, ní mór dó a chuid tuairimí a thabhairt i dtaobh éifeachtaí chur i ngníomh na tairisceana ar fhostaíocht, ar choinníollacha fostaíochta agus ar shuímh áiteanna gnó an tairgí.

3. Ní mór do bhord tairgí gníomhú ar mhaithe le leasanna na cuideachta ina hiomláine agus ní cheadaítear dó deis a cheilt ar shealbhóirí urrús cinneadh a dhéanamh i dtaobh thuillteanais na tairisceana.

4. Ní cheadaítear margaí bréagacha in urrúis an tairgí, an tairgeora nó aon chuideachta eile lena mbaineann a chruthú leis an tairiscint ar shlí ina dtiocfaidh ardú nó titim ar phraghsanna na n-urrús chun bheith saorga agus ina saobhtar gnáthfheidhmiú na margaí.

5. Ní cheadaítear do thairgeoir tairiscint a fhógairt go dtí go gcinntítear gur féidir leis nó léi aon chomaoin airgid a chomhlíonadh ina hiomláine, má thairgtear a leithéid, agus go dtí go ndéantar gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcuirtear aon chineál eile comaoine i ngníomh.

6. Maidir le tairiscint le haghaidh urrús tairgí, ní cheadaítear treampán a chur ar sheoladh a ghnóthaí ar feadh tréimhse is faide ná mar is réasúnach tar éis an tairiscint a dhéanamh.

7. Ní dhéanfar fáil shubstaintiúil urrús (cibé acu atá an fháil sin le déanamh le hidirbheart amháin nó le sraith idirbheart) a chur i gcrích ach amháin ar luas inghlactha agus beidh sí faoi réir a nochta go leormhaith agus go tráthúil.”.

I.R. Uimh. 87 de 2001 a chúlghairm.

31 .— Cúlghairtear na Rialacháin fán Acht um Painéal Táthcheangail na hÉireann 1997 (Cuideachta Iomchuí) 2001 (I.R. Uimh. 87 de 2001).

Leasú ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tairiscintí Táthcheangail (Treoir 2004/25/CE)) 2006.

32 .— (1) Cuirtear an Rialachán seo a leanas in ionad Rialachán 7 de Rialacháin 2006:

“7.— Cinnteoidh an Painéal go ndéantar de réir na bprionsabal atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1997 le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh de réir na Rialachán seo.”.

(2) Cuirtear na míreanna seo a leanas in ionad mhír (1) de Rialachán 8 de Rialacháin 2006:

“(1) I mír (1A), an tagairt d’fho-alt (3) d’alt 1 d’Acht 1997 (mar atá sé arna leasú ar shlí seachas leis na Rialacháin seo) is tagairt í don fho-alt (3) arna chur isteach san alt sin leis an Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006.

(1A) Gan dochar d’fheidhm leanúnach fho-alt (3) d’alt 1 d’Acht 1997 (mar atá sé arna leasú ar shlí seachas leis na Rialacháin seo) maidir le cuideachtaí dá dtagraítear i Rialachán 4(2), tá éifeacht le mír (2) i ndáil le feidhm Acht 1997 de bhua Rialachán 4(1).”.

Leasú ar an Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí 1978.

33 .— Aisghairtear alt 9(11)(b) den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí 1978 (arna leasú leis an Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001).

Leasú ar ailt 33C agus 33AN d’Acht an Bhainc Cheannais 1942 agus ar Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin.

34 .— (1) Leasaítear alt 33C(1) d’Acht an Bhainc Cheannais 1942 (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(ab) na feidhmeanna a chomhlíonadh atá ag an mBanc faoi rialacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 20 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006;”.

(2) Leasaítear alt 33AN d’Acht an Bhainc Cheannais 1942 (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2004)—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “achtachán ainmnithe” (a cuireadh isteach le hAcht 2005):

“ní fholaíonn ‘achtachán ainmnithe’ Cuid 4 nó 5 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005 nó Cuid 3 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006;”,

agus

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ionstraim reachtúil ainmnithe” (a cuireadh isteach le hAcht 2005):

“ní fholaíonn ‘ionstraim reachtúil ainmnithe’ na Rialacháin um Mí-Úsáid Margaidh (Treoir 2003/6/CE) 2005 (I.R. Uimh. 342 de 2005), na Rialacháin Réamheolaire (Treoir 2003/71/CE) 2005 (I.R. Uimh. 324 de 2005) nó rialacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 20 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006;”.

(3) Leasaítear Sceideal 2 a ghabhann le hAcht an Bhainc Cheannais 1942 (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003) tríd an ítim seo a leanas a chur isteach i gCuid 1 i ndiaidh na hítime a bhaineann leis an Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005 (a cuireadh isteach le hAcht 2005):

Uimh. - de 2006

An tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006

An tAcht iomlán

”.

Leasú ar an Acht um Líonrúchán Conarthaí Airgeadais 1995.

35 .— Leasaítear alt 1 den Acht um Líonrúchán Conarthaí Airgeadais 1995 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “páirtí:

“ciallaíonn ‘páirtí’ duine arb é nó í atá ann ná duine de na páirtithe i gcomhaontú agus folaíonn sé agus measfar gur fholaigh sé riamh—

(a) aon líon daoine a chomhroinneann leas aonair comhionann sa chomhaontú dá dtagraítear ina dhiaidh seo sa mhíniú seo más rud é nach bhfuil aon idirdhealú ann idir cearta agus oibleagáidí gach duine díobh sa chomhaontú sin,

(b) na comhpháirtithe i gcomhpháirtíocht nó i gcomhpháirtíocht theoranta, lena n-áirítear aon chomhpháirtíocht theoranta arna bunú faoin Acht um Chomhpháirtíochtaí Teoranta Infheistíochta 1994 nó faoin Limited Partnerships Act 1907, agus

(c) na rannpháirtithe—

(i) i gcomhchiste conarthach arna údarú de bhun an Achta um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005, faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe) 2003 (I.R. Uimh. 211 de 2003) nó faoi dhlíthe Ballstáit (seachas an Stát) arna nglacadh chun Treoir Uimh. 86/611/CEE an 20 Nollaig 1985 ón gComhairle, arna leasú, a chur i ngníomh, nó

(ii) fochiste de chuid comhchiste chonarthaigh dá dtagraítear i bhfomhír (i),

(cibé acu atá nó nach bhfuil an ciste ag gníomhú trí bhainisteoir nó trí thoscaire de chuid bainisteora),

in imthosca ina ndéanann aon duine de na daoine sin nó de na comhpháirtithe sin (ag gníomhú dóibh ina gcáil mar dhaoine den sórt sin) nó an ciste nó an fochiste sin comhaontú.”.

class="0 0 0 justify 1 0"class="0 0 0 justify 1 0"

class="0 6 0 justify 1 0"class="0 6 0 justify 1 0"