|
||||
|
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 6 de 2007 | ||||||||||||||||||||||||||
AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (CIONTA GNÉASACHA) (LEASÚ) 2007 | ||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||||||||
Alt | ||||||||||||||||||||||||||
1 . Mínithe. | ||||||||||||||||||||||||||
2 . Sireadh nó tathant chun cion gnéasach a dhéanamh. | ||||||||||||||||||||||||||
3 . Feidhm achtachán áirithe. | ||||||||||||||||||||||||||
4 . Leasú ar achtacháin áirithe. | ||||||||||||||||||||||||||
5 . Leasú ar Acht 2006. | ||||||||||||||||||||||||||
6 . Casadh le leanbh chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi. | ||||||||||||||||||||||||||
7 . Gearrtheideal. | ||||||||||||||||||||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 6 de 2007 | ||||||||||||||||||||||||||
AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (CIONTA GNÉASACHA) (LEASÚ) 2007 | ||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||||||
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM AN DLÍ COIRIÚIL (CIONTA GNÉASACHA) 1993, AN ACHTA UM GHÁINNEÁIL AR LEANAÍ AGUS PORNAGRAFAÍOCHT LEANAÍ 1998 AGUS AN ACHTA UM AN DLÍ COIRIÚIL (CIONTA GNÉASACHA) 2006; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN. | ||
[7 Márta, 2007] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
Mínithe. |
1 .— San Acht seo— | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1981” an tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) 1981; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1990” an tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) 1990; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1993” an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006. | |
Sireadh nó tathant chun cion gnéasach a dhéanamh. |
2 .— Leasaítear Acht 1993 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 6 (arna chur isteach le halt 250 d’Acht na Leanaí 2001): | |
[EN] | “6.— (1) Aon duine a dhéanann sireadh nó tathant ar leanbh (cibé acu chun críocha striapachais nó nach ea) chun gníomh a dhéanamh ar chion é— | |
[EN] | (a) faoi alt 2 nó 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006, nó | |
[EN] | (b) dá dtagraítear in alt 2 d’Acht 1990, | |
[EN] | beidh an duine sin ciontach i gcion. | |
[EN] | (2) Aon duine a dhéanann sireadh nó tathant ar dhuine ar a bhfuil mallachar meabhrach (cibé acu chun críocha striapachais nó nach ea) chun gníomh a dhéanamh ar chion é— | |
[EN] | (a) faoi alt 5 den Acht seo, nó | |
[EN] | (b) dá dtagraítear in alt 2 d’Acht 1990, | |
[EN] | beidh an duine sin ciontach i gcion. | |
[EN] | (3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear— | |
[EN] | (a) ar an duine a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
[EN] | (b) ar an duine a chiontú ar díotáil, fíneáil, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (4) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn ‘Acht 1990’ an tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean)(Leasú) 1990; | |
[EN] | ciallaíonn ‘leanbh’ duine faoi bhun 17 mbliana d’aois; | |
[EN] | tá le ‘mallachar meabhrach’ an bhrí chéanna atá leis in alt 5 den Acht seo.”. | |
Feidhm achtachán áirithe. |
3 .— (1) Leasaítear alt 4A d’Acht 1981, i bhfo-alt (6), trí “cion faoi alt 6 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993) a chur isteach i ndiaidh “cion faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006” (arna chur isteach le halt 6(2) d’Acht 2006). | |
[EN] | (2) Déanfar tagairtí in alt 3 d’Acht 1981 do ghiúiré, i gcás imeachtaí achoimre i leith ciona faoi alt 6 (arna chur isteach le halt 2), a fhorléiriú mar thagairtí do chúirt. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag ailt 3, 4, 6, 7 agus 8 d’Acht 1981 maidir le cion faoi alt 6 d’Acht 1993, faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar tagairtí in aon cheann de na hailt sin— | |
[EN] | (a) do chion ionsaithe ghnéasaigh a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chion faoi alt 6 d’Acht 1993, agus | |
[EN] | (b) do chion banéigin a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chion faoi alt 6 d’Acht 1993. | |
[EN] | (4) Leasaítear alt 26 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995, i bhfo-alt (3)(b), trí “ar chion faoi alt 6 (arna chur isteach le halt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú) 2007) den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993 nó ar chion faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006” a chur in ionad “nó ar chion feasa chollaí neamhdhleathaigh faoi alt 1 nó 2 d’Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935”. | |
Leasú ar achtacháin áirithe. |
4 .— (1) Leasaítear alt 2 den Acht um Fhianaise Choiriúil 1992, sa mhíniú ar “cion gnéasach”, tríd an mír seo a leanas a chur isteach: | |
[EN] | “(aa) faoi alt 6 (arna chur isteach le halt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú) 2007) den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993;”. | |
[EN] | (2) Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chionta Gnéasacha (Dlínse) 1996 tríd an mír seo a leanas a chur isteach: | |
[EN] | “2. Alt 6 (arna chur isteach le halt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú) 2007) den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993.”. | |
[EN] | (3) Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí 1997 tríd an mír seo a leanas a chur isteach: | |
[EN] | “12B. Cion faoi alt 6 (arna chur isteach le halt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú) 2007) den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993.”. | |
[EN] | (4) Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chiontóirí Gnéis 2001 tríd an mír seo a leanas a chur isteach: | |
[EN] | “21. Cion faoi alt 6 (arna chur isteach le halt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú) 2007) den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993.”. | |
Leasú ar Acht 2006. |
5 .— (1) Leasaítear alt 3 d’Acht 2006— | |
[EN] | (a) i mír (a) d’fho-alt (2), trí “5 bliana” a chur in ionad “2 bhliain”, | |
[EN] | (b) i mír (b) d’fho-alt (2), trí “10 mbliana” a chur in ionad “4 bliana”, | |
[EN] | (c) i mír (a) d’fho-alt (4), trí “10 mbliana” a chur in ionad “4 bliana”, agus | |
[EN] | (d) i mír (b) d’fho-alt (4), trí “15 bliana” a chur in ionad “7 mbliana”. | |
[EN] | (2) Leasaítear alt 6 d’Acht 2006 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach: | |
[EN] | “(1A) Déanfar tagairtí in alt 3 d’Acht 1981 do ghiúiré, i gcás imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo, a fhorléiriú mar thagairtí do chúirt.”. | |
Casadh le leanbh chun teacht i dtír gnéasach a dhéanamh air nó uirthi. |
6 .— Leasaítear alt 3 den Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998— | |
[EN] | (a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach: | |
[EN] | “(2A) Aon duine a dhéanann na nithe seo a leanas laistigh den Stát— | |
[EN] | (a) casadh go hintinneach le leanbh, nó taisteal le hintinn casadh le leanbh, tar éis casadh leis an leanbh sin nó cumarsáid a dhéanamh leis an leanbh sin 2 uair ar a laghad roimhe sin, agus | |
[EN] | (b) a dhéanann amhlaidh chun aon ní a dhéanamh arbh ionann é agus teacht i dtír gnéasach a dhéanamh ar an leanbh, | |
[EN] | beidh sé nó sí ciontach i gcion agus, ar é nó í a chiontú ar díotáil, dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 14 bliana a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (2B) Aon duine is saoránach de chuid an Stáit nó ar a bhfuil gnáthchónaí sa Stát agus a dhéanann na nithe seo a leanas lasmuigh den Stát— | |
[EN] | (a) casadh go hintinneach le leanbh, nó taisteal le hintinn casadh le leanbh, tar éis casadh leis an leanbh sin nó cumarsáid a dhéanamh leis an leanbh sin 2 uair ar a laghad roimhe sin, agus | |
[EN] | (b) a dhéanann amhlaidh chun aon ní a dhéanamh arbh ionann é agus teacht i dtír gnéasach a dhéanamh ar an leanbh, | |
[EN] | beidh sé nó sí ciontach i gcion agus, ar é nó í a chiontú ar díotáil, dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 14 bliana a chur air nó uirthi.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | |
[EN] | “(3) San alt seo, ciallaíonn ‘teacht i dtír gnéasach, i ndáil le leanbh— | |
[EN] | (a) cuireadh a thabhairt don leanbh nó an leanbh a aslú nó a chomhéigniú chun gabháil do striapachas nó do tháirgeadh pornagrafaíochta leanaí, | |
[EN] | (b) an leanbh a úsáid le haghaidh striapachais nó chun pornagrafaíocht leanaí a tháirgeadh, | |
[EN] | (c) cuireadh a thabhairt don leanbh nó an leanbh a aslú nó a chomhéigniú chun páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht ghnéasach is cion faoi aon achtachán, | |
[EN] | (d) aon chion den sórt sin a dhéanamh i gcoinne an linbh, nó | |
[EN] | (e) cuireadh a thabhairt don leanbh nó an leanbh a aslú nó a chomhéigniú chun páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht de chineál gnéasach nó mígheanasach nó chun breathnú ar aon ghníomhaíocht den sórt sin.”. | |
Gearrtheideal. |
7 .— Féadfar an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo. |