|
||||
|
[EN] | ||||||||
| ||||||||
Uimhir 36 de 2007 | ||||||||
AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL (LEASÚ) 2007 | ||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||
Alt | ||||||||
1 . Leasú ar an Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967. | ||||||||
2 . Gearrtheideal. | ||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
Uimhir 36 de 2007 | ||||||||
AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL (LEASÚ) 2007 | ||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL 1967. | ||
[25 Deireadh Fómhair, 2007] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
Leasú ar an Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967. |
1 .— Leasaítear alt 22 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967— | |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) (a cuireadh isteach le halt 18(b) den Acht um Cheartas Coiriúil 2007): | |
[EN] | “(3) Féadfaidh aon duine díobh seo a leanas cúirtbhanna lena mbaineann fo-alt (2) a ghlacadh— | |
[EN] | (a) aon bhreitheamh den Chúirt Dúiche, | |
[EN] | (b) aon chléireach Cúirte Dúiche, | |
[EN] | (c) feidhmeannach síochána arna ainmniú chuige sin le hordú ón Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, | |
[EN] | (d) rialtóir príosúin, nó | |
[EN] | (e) oifigeach príosúin arna ainmniú chuige sin ag rialtóir príosúin.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach: | |
[EN] | “(5) San alt seo, tá le ‘ príosún ’ an bhrí chéanna atá leis in Acht na bPríosún 2007.”. | |
Gearrtheideal. |
2 .— Féadfar an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo. |