37 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 37 de 2007


AN tACHT UM MARGAÍ IN IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Margaí in Ionstraimí Airgeadais

Alt

1 . Gearrtheideal agus comhlua.

2 . Tosach feidhme.

3 . Léiriú.

4 . Caiteachais.

5 . Pionóis mar gheall ar chiontú ar díotáil i ndáil le dlí seirbhísí infheistíochta na hÉireann.

6 . Táillí is iníoctha faoi alt 33K d’Acht an Bhainc Cheannais 1942.

7 . Leasuithe ar Acht an Bhainc Cheannais 1942.

8 . An tAcht Stocmhalartáin 1995 a aisghairm.

CUID 2

Ilghnéitheach

9 . Pionóis mar gheall ar chiontú ar díotáil i ndáil le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Athárachú).

10 . Leasú ar alt 1 den Acht um Líonrúchán Conarthaí Airgeadais 1995.

11 . Leasuithe ar an Acht um Idirghabhálaithe Infheistíochta 1995.

12 . Leasuithe ar an Acht Árachais (Forálacha Ilghnéitheacha) 1985.

13 . Leasuithe ar Acht an Bhainc Cheannais 1942.

14 . Leasuithe ar an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2000.

15 . Leasuithe ar an Acht Airgeadais 1993.

16 . Leasuithe ar an Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte 1938.

17 . Leasú ar alt 35 den Acht um Chomhar Creidmheasa 1997.

18 . Leasú ar an Acht Árachais 1936 agus ar rialacháin reachtúla áirithe.

19 . Leasú ar Acht an Bhainc Ceannais 1997.

20 . Leasú ar an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

21 . Na Rialacháin fán Acht um Chomhar Creidmheasa 1997 (Teorainneacha Airgeadais a Athrú) 2007 a chúlghairm.

22 . Leasú ar an Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí 1998.

23 . An tAcht um Chúiteamh d'Infheisteoirí 1998 a leasú tuilleadh.

24 . Leasú ar alt 2(1) den Acht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000.

25 . Leasú ar an Acht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann 2001.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Féimheachta 1988

1988, Uimh. 27

Acht an Bhainc Ceannais 1971

1971, Uimh. 24

Acht an Bhainc Cheannais 1942

1942, Uimh. 22

Acht an Bhainc Ceannais 1997

1997, Uimh. 8

Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2006

An tAcht um Chreidmheas do Thomhaltóirí 1995

1995, Uimh. 24

An tAcht um Chomhar Creidmheasa 1997

1997, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais 1993

1993, Uimh. 13

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997

1997, Uimh. 13

An tAcht Sláinte 2004

2004, Uimh. 42

An tAcht Árachais 1936

1936, Uimh. 45

An tAcht Árachais (Forálacha Ilghnéitheacha) 1985

1985, Uimh. 8

An tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005

2005, Uimh. 12

An tAcht um Idirghabhálaithe Infheistíochta 1995

1995, Uimh. 11

An tAcht um Chúiteamh d'Infheisteoirí 1998

1998, Uimh. 37

An tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte 1938

1998, Uimh. 38

An tAcht um Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha agus um Chomhaltaí den Oireachtas (Forálacha Ilghnéitheacha) 2001

2001, Uimh. 33

An tAcht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000

2000, Uimh. 33

An tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2000

2000, Uimh. 39

An tAcht um Líonrúchán Conarthaí Airgeadais 1995

1995, Uimh. 25

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú) 1992

1992, Uimh. 3

An tAcht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann 2001

2001, Uimh. 43

Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha 1992

1992, Uimh. 16

Na hAchtanna Aturnaetha 1954 go 1994

An tAcht um Stocmhalartáin 1995

1995, Uimh. 9

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

Acht na nOllscoileanna 1997

1997, Uimh. 24

/images/harp.jpg


Uimhir 37 de 2007


AN tACHT UM MARGAÍ IN IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE MARGAÍ IN IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS AGUS DO DHÉANAMH LEASUITHE ILGHNÉITHEACHA AR AN REACHTAÍOCHT A BHAINEANN LE SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS AGUS AR AN ACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PÁIRLIMINTE 1938, AR AN ACHT UM CHÚLCHISTE NÁISIÚNTA PINSEAN 2000, AR AN ACHT UM SHUIRBHÉIREACHT ORDANÁIS ÉIREANN 2001, AGUS AR AN ACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE 1997.

[31 Deireadh Fómhair, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Margaí in Ionstraimí Airgeadais

Gearrtheideal agus comhlua.

1 .— Féadfar an tAcht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007 a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2 .— (1) Tagann an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú.

(2) Féadfar laethanta éagsúla a cheapadh faoin alt seo chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

3 .— (1) San Acht seo:

ciallaíonn “Banc” an Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann;

ciallaíonn “dlí seirbhísí infheistíochta na hÉireann”—

(a) na bearta arna nglacadh ag an Stát de thuras na huaire chun an Treoir um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus an Treoir Fhorlíontach a chur i ngníomh, lena n-áirítear, ach ní hiad amháin a áirítear, bearta den sórt sin, a achtaítear—

(i) le hAcht,

(ii) le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007 (I.R. Uimh. 60 de 2007), nó

(iii) nó le haon achtachán eile,

(b) aon bhearta is infheidhme go díreach sa Stát de dhroim na Treorach um Margaí in Ionstraimí Airgeadais, lena n-áirítear, ach ní hé amháin a áirítear, Rialachán MiFID, agus

(c) aon bhearta forlíontacha nó iarmhartacha, nó iad araon, atá arna nglacadh ag an Stát de thuras na huaire maidir le Rialachán MiFID;

ciallaíonn “Treoir um Margaí in Ionstraimí Airgeadais” Treoir 2004/39/CE an 21 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais arna leasú nó arna hionadú ó am go ham le treoir nó le rialachán—

(a)arna déanamh nó arna dhéanamh ag orgán inniúil den Aontas Eorpach, agus

(b)arna cur i ngníomh nó arna chur i ngníomh faoi dhlíthe an Stáit;

ciallaíonn “Rialachán MiFID” Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 an 10 Lúnasa 2006 ón gCoimisiún lena gcuirtear i ngníomh Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta maidir le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ghlacadh chun trádála, agus téarmaí a mhínítear chun críocha na Treorach sin;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “ Treoir Fhorlíontach ” Treoir Uimh. 2006/73/CE an 10 Lúnasa 2006 ón gCoimisiún lena gcuirtear i ngníomh Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais eagrúcháin agus dálaí oibríochta i gcomhair gnólachtaí infheistíochta agus téarmaí mínithe chun críocha na Treorach sin;

(2) Aon fhocal nó abairt a úsáidtear san Acht seo agus a úsáidtear freisin sa Treoir um Margaí in Ionstraimí Airgeadais nó sa Treoir Fhorlíontach, tá an bhrí chéanna leis nó léi san Acht seo agus atá sa Treoir um Margaí in Ionstraimí Airgeadais nó sa Treoir Fhorlíontach mura rud é—

(a) gur léir a mhalairt d'intinn, nó

(b) go bhforáiltear a mhalairt le dlí seirbhísí infheistíochta na hÉireann.

Caiteachais.

4 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Pionóis mar gheall ar chiontú ar díotáil i ndáil le dlí seirbhísí infheistíochta na hÉireann.

5 .— (1) San alt seo, ciallaíonn “ na Rialacháin ” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007 (I.R. Uimh. 60 de 2007).

(2) Tá duine ciontach i gcion—

(a) má mhainníonn an duine dualgas a urscaoileadh ar dualgas é a bhfuil an duine faoina réir faoi Rialachán 40(1), 109(6) nó 112(1) de na Rialacháin, nó

(b) má sháraíonn an duine Rialacháin 7(1), 19, 52, 152(1), 159, 165(15), 165(16), 165(17) nó 185(2) de na Rialacháin.

(3) Aon duine atá ciontach i gcion faoi fho-alt (2) dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €10,000,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(4) Ní dochar an t-alt seo—

(a) d’aon phionós dá bhforáiltear le dlí seirbhísí infheistíochta na hÉireann i leith ciontú achomair mar gheall ar chion, ná

(b) don chumas imeachtaí achoimre a thionscnamh agus a ionchúiseamh mar gheall ar aon chion faoi dhlí seirbhísí infheistíochta na hÉireann.

(5) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Samhain 2007.

Táillí is iníoctha faoi alt 33K d’Acht an Bhainc Cheannais 1942.

6 .— Beidh táillí iníoctha de bhun alt 33K d’Acht an Bhainc Cheannais 1942 i leith chomhlíonadh a fheidhmeanna ag an mBanc—

(a) faoi dhlí seirbhísí infheistíochta na hÉireann, agus

(b) faoi dhlí drochúsáide margaidh na hÉireann mar a mhínítear san Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005.

Leasuithe ar Acht an Bhainc Cheannais 1942.

7 .— Leasaítear Acht an Bhainc Cheannais 1942—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Treoracha Maoirseachta” in alt 33AK(10):

“ciallaíonn ‘ Treoracha Maoirseachta’ —

(a) Treoir 2000/12/CE an 20 Márta 2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

(b) Treoir 93/22/CEE an 10 Bealtaine 1993 ón gComhairle,

(c) Treoir 85/611/CEE an 20 Nollaig 1985 ón gComhairle,

(d) Treoir 92/49/CEE an 18 Meitheamh 1992 ón gComhairle,

(e) Treoir 92/96/CEE an 10 Samhain 1992 ón gComhairle,

(f) Treoir 2003 um Dhrochúsáid Margaidh (de réir bhrí Chuid 4 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005),

(g) na Treoracha forlíontacha (de réir bhrí na Coda sin 4),

(h) Treoir Réamheolaire 2003 (de réir bhrí Chuid 5 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005),

(i) Treoir 2005/68/CE an 16 Samhain 2005,

(j) an Treoir um Thrédhearcacht (Margaí Rialáilte) (de réir bhrí Chuid 3 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006),

(k) Treoir 2006/48/CE an 14 Meitheamh 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le dul i mbun gnó foras creidmheasa agus an gnó sin a shaothrú,

(l) Treoir 2006/49CE an 14 Meitheamh 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leordhóthanacht caipitil gnólachtaí infheistíochta agus foras creidmheasa,

(m) Treoir 2002/92/CE an 9 Nollaig 2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidirghabháil árachais,

(n) Treoir 2004/39/CE an 21 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, agus

(o) an Treoir Fhorlíontach agus Rialachán MiFID arna mhíniú in alt 3(1) den Acht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007.”,

(b) i Sceideal 2, tríd an ítim seo a leanas a chur isteach i gCuid 1 i ndiaidh na hítime a bhaineann leis an Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006:

2007

An tAcht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007

Cuid 1 agus ailt 9 go 11, 13 agus 17

”,

agus

(c) i Sceideal 2, trí na hítimí seo a leanas a chur isteach i gCuid 2 i ndiaidh na hítime a bhaineann le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Athárachú) 2006:

I.R. Uimh. 660 de 2006

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Leordhóthanacht Caipitil Gnólachtaí Infheistíochta) 2006

An ionstraim iomlán

I.R. Uimh. 661 de 2006

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Leordhóthanacht Caipitil Foras Creidmheasa) 2006

An ionstraim iomlán

”.

An tAcht Stocmhalartáin 1995 a aisghairm.

8 .— Aisghairtear an tAcht um Stocmhalartáin 1995 an 1 Samhain 2007.

CUID 2

Ilghnéitheach

Pionóis mar gheall ar chiontú ar díotáil i ndáil le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Athárachú).

9 .— (1) Is cion a fhéadfar a thriail ar díotáil cion faoi Ailt 5(2), 6(2), 20(2), 22(4), 28(2), 29(2), 58(9), 59(8), 60(6), 62(4), 75(1) nó 76(1) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Athárachú) 2006 (I.R. Uimh. 380 de 2006).

(2) Aon duine a dhéanann cion faoi Rialachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1) dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €10,000,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(3) Ní dochar an t-alt seo—

(a) d’aon phionós dá bhforáiltear le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Athárachú) 2006 (I. R. Uimh. 380 de 2006) i leith ciontú achomair mar gheall ar chion, ná

(b) don chumas imeachtaí achoimre a thionscnamh agus a ionchúiseamh mar gheall ar aon chion faoi na Rialacháin sin.

Leasú ar alt 1 den Acht um Líonrúchán Conarthaí Airgeadais 1995.

10 .— Leasaítear alt 1 den Acht um Líonrúchán Conarthaí Airgeadais 1995—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Achtanna na gCuideachtaí”:

“folaíonn ‘eintiteas’—

(a) duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear stát nó aon eagraíocht idirnáisiúnta a bunaíodh go cuí,

(b) aon fhoroinn nó údarás fíordheimhnithe nó údarás eile de chuid stáit nó eagraíochta idirnáisiúnta, agus

(c) aon chomhlacht neamhchorpraithe daoine;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “conarthaí airgeadais”:

“ciallaíonn ‘conarthaí airgeadais’ conradh amháin nó níos mó arb éard atá ann nó iontu ceann amháin nó níos mó nó teaglaim díobh seo a leanas:

(a) conarthaí ráta úis ar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas iad—

(i) babhtálacha ráta úis airgeadra aonair,

(ii) babhtálacha boinn,

(iii) comhaontuithe réamhrátaí,

(iv) todhchaíochtaí ráta úis

(v) roghanna ráta úis,

(vi) conarthaí eile atá comhchineálach leo sin a shonraítear in aon cheann d’fhomhíreanna (i) go (v), agus

(vii) conarthaí is teaglamaí de chonarthaí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) go (vi);

(b) conarthaí malartaithe coigríche ar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas iad—

(i) babhtálacha ráta úis tras-airgeadra,

(ii) spotchonarthaí malartaithe coigríche,

(iii) réamhchonarthaí malartaithe coigríche,

(iv) todhchaíochtaí airgeadra,

(v) roghanna airgeadra,

(vi) conarthaí eile atá comhchineálach leo sin a shonraítear in aon cheann d’fhomhíreanna (i) go (v), agus

(vii) conarthaí is teaglamaí de chonarthaí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) go (vi);

(c) conarthaí i dtaca le, nó a bhaineann le hinnéacsanna i dtaca le, ceann amháin nó níos mó de na cothromais, de na bannaí, den ór, de na miotail lómhara seachas ór, de na tráchtearraí seachas miotail lómhara, nó teaglaim díobh sin, arb éard atá iontu ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas—

(i) babhtálacha,

(ii) spotchonarthaí,

(iii) réamhchonarthaí,

(iv) todhchaíochtaí,

(v) roghanna,

(vi) conarthaí eile atá comhchineálach leo sin a shonraítear in aon cheann d’fhomhíreanna (i) go (v), agus

(vii) conarthaí is teaglamaí de chonarthaí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) go (vi);

(d) conarthaí i dtaca le hurrúis a thabhairt ar iasacht agus le hurrúis a fháil ar iasacht;

(e) comhaontuithe díola agus athcheannaigh, lena n-áirítear comhaontuithe athcheannaigh freaschurtha, i ndáil le hurrúis;

(f) comhaontuithe ceannaigh agus aisdíola i ndáil le hurrúis nó cothromais nó i ndáil leo araon;

(g) i ndáil le cothromais,

(i) conarthaí i dtaca le cothromais a thabhairt ar iasacht agus le cothromais a fháil ar iasacht, agus

(ii) comhaontuithe díola agus athcheannaigh, lena n-áirítear comhaontuithe athcheannaigh freaschurtha;

(h) i ndáil le tráchtearraí,

(i) conarthaí i dtaca le tráchtearraí a thabhairt ar iasacht agus le tráchtearraí a fháil ar iasacht, agus

(ii) comhaontuithe díola agus athcheannaigh, lena n-áirítear comhaontuithe athcheannaigh freaschurtha;

(i) conarthaí chun priacal creidmheasa a ghlacadh ar láimh nó chun iad a leagan de láimh, nó an dá rud—

(i) ar iasachtaí, ar fhiach-urrúis nó ar shócmhainní eile, nó

(ii) i ndáil le heintiteas,

nó conarthaí comhchineálacha eile;

(j) aon díorthaigh nach gcuimsítear ar shlí eile le míreanna (a) go (i) nó le míreanna (k) go (o) maidir le hítim nó le hinnéacs tagartha, cibé acu a shocraítear le hairgead tirim nó go fisiciúil é, lena n-áirítear—

(i) babhtálacha,

(ii) spotchonarthaí,

(iii) réamhchonarthaí,

(iv) todhchaíochtaí,

(v) roghanna, agus

(vi) conarthaí i gcomhair difir;

(k) socruithe comhthaobhacha aistrithe teidil;

(l) aon ghlanmhéid atá dlite faoi chomhaontú líonrúcháin nó faoi mháistirchomhaontú líonrúcháin;

(m) comhaontuithe chun aon cheann díobh seo a leanas a cheannach nó a dhíol, idirbhearta iontu a imréiteach nó a ghlinniú, nó gníomhú mar thaisclann lena n-aghaidh—

(i) sócmhainn airgeadais, lena n-áirítear, gan teorainn, aon urrús (lena n-áirítear aon chothromas), airgeadra, oibleagáid a fhianaíonn fiachas (lena n-áirítear iasacht nó taisce) agus aon ionstraim shoshannta nó inaistrithe agus aon sócmhainn dholáimhsithe, nó

(ii) tráchtearra (lena n-áirítear miotal lómhar), fuinneamh nó foinse fuinnimh;

(n) conarthaí atá i bpointí 4 go 7, 9 agus 10 d’Alt C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE an 21 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais;

(o) aon chonradh a áirítear de bhua alt 2;

(p) conarthaí arna sonrú le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3.”,

agus

(c) trí “i gcomhaontú;” a chur in ionad “i gcomhaontú.” sa mhíniú ar “páirtí” agus an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe sin:

“ciallaíonn ‘ítim nó innéacs tagartha’ ítim, ráta nó innéacs tagartha a bhaineann le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) ús;

(b) airgeadraí;

(c) urrúis (lena n-áirítear cothromais);

(d) tráchtearraí (lena n-áirítear miotail lómhara);

(e) aimsir;

(f) liúntais charbóin nó liúntais astaíochtaí eile;

(g) bandaleithead;

(h) lasta;

(i) fuinneamh (lena n-áirítear foinsí fuinnimh amhail leictreachas, ola, táirgí atá gaolmhar le hola, gual agus gás);

(j) priacal creidmheasa ar aon eintiteas nó sócmhainn;

(k) sonraí staidrimh ar dhálaí eacnamaíocha nó ar aon tomhas ar phriacal eacnamaíoch nó luach eacnamaíoch;

(l) caillteanas margaidh;

(m) catastrófa nádúrtha;

(n) maoin réadach;

(o) creidmheasanna fuinnimh in-athnuaite;

(p) ceadúnais nó cuótaí rialáilte;

(q) aon toisc nach gcuimsítear ar shlí eile le míreanna (a) go (p) a fhéadfaidh tionchar a bheith aici ar ghnó eintitis, is cuma an ndéanann sí difear do ghnó páirtí sa díorthach iomchuí.”.

Leasuithe ar an Acht um Idirghabhálaithe Infheistíochta 1995.

11 .— Leasaítear alt 52 den Acht um Idirghabhálaithe Infheistíochta 1995 (arna leasú leis an Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí 1998)—

(a) i bhfo-alt (2)(c) agus (d), trí “, a rialóidh” a scriosadh i ngach ceann den 2 áit ina bhfuil sé,

(b) i bhfo-alt (7)(a), (b), agus (c) trí “, a rialóidh” a scriosadh i ngach ceann de na 3 háit ina bhfuil sé, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) Chun críocha an ailt seo, meastar go sealbhaíonn gnólacht gnó infheistíochta airgead cliaint más rud é—

(a) gur taisceadh an t-airgead thar ceann cliaint de chuid an ghnólachta chuig cuntas le foras creidmheasa nó chuig páirtí iomchuí in ainm an ghnólachta nó aon ainmnithigh de chuid an ghnólachta, agus

(b) gurb acmhainn don ghnólacht idirbhearta a dhéanamh ar an gcuntas sin.

(11) Chun críocha an ailt seo, meastar go sealbhaíonn gnólacht gnó infheistíochta ionstraimí infheistíochta cliaint más rud é—

(a) gur cuireadh na hionstraimí sin ar iontaoibh an ghnólachta ag cliant nó ar chuntas cliaint, agus

(b) go ndéanann an gnólacht—

(i) na hionstraimí sin a shealbhú, lena n-áirítear ar mhodh doiciméid teidil chucu a shealbhú, nó

(ii) na hionstraimí sin a chur ar iontaoibh aon ainmnithigh,

agus gurb acmhainn don ghnólacht idirbhearta a dhéanamh i leith na n-ionstraimí sin.

(12) San alt seo—

(a) ciallaíonn ‘ainmnitheach’ duine atá ag gníomhú thar ceann gnólachta gnó infheistíochta mar ainmnitheach, coimeádaí nó ar shlí eile, agus folaíonn sé coimeádaí cáilithe agus cuideachta ainmnitheach,

(b) ciallaíonn ‘páirtí iomchuí’ malartán, teach imréitigh, bróicéir idirmheánach, cuntrapháirtí thar an gcuntar, nó gnólacht gnó infheistíochta.”.

Leasuithe ar an Acht Árachais (Forálacha Ilghnéitheacha) 1985.

12 .— Leasaítear an tAcht Árachais (Forálacha Ilghnéitheacha) 1985—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh alt 4:

“Rogha an Aire chun an Chuideachta a fhoirceannadh.

3A.— (1) Más cuí leis an Aire é, féadfaidh an tAire a shocrú agus a cheangal—

(a) go ndéanfar na scaireanna a shealbhaíonn an Chuideachta in Icarom cpt (faoi riaradh) a aistriú chuig an Aire, agus

(b) go ndéanfar an Chuideachta a fhoirceannadh de réir Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2006.

(2) Aon scaireanna a aistrítear chuig an Aire faoi fho-alt (1), dílsíonn siad don Aire.

(3) Aon sócmhainní de chuid na Cuideachta atá fágtha, tar éis an Chuideachta a fhoirceannadh, déanfar iad a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.”;

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 11:

“Oibleagáid ar scairshealbhóirí scaireanna a shealbhú ar iontaobhas don Aire.

11.— (1) Sealbhóidh gach comhalta den Chuideachta scaireanna an chomhalta sa Chuideachta ar iontaobhas don Aire agus, dá réir sin, beidh de cheangal air nó uirthi—

(a) gach díbhinn agus gach airgead eile a gheobhaidh an comhalta i leith na scaireanna sin a íoc leis an Aire chun tairbhe don Státchiste, agus

(b) na scaireanna a aistriú chuig an Aire mar a cheanglóidh, agus nuair a cheanglóidh, an tAire é.

(2) Más cuí leis an Aire, féadfaidh an tAire socrú a dhéanamh maidir le duine a shealbhaíonn scaireanna i gcuideachta a rialaíonn an Chuideachta, agus a shealbhaíonn na scaireanna ar iontaobhas don Aire, d’aistriú na scaireanna chuig an Aire, agus a cheangal air é sin a dhéanamh, mar a cheanglóidh, agus nuair a cheanglóidh, an tAire é.

(3) Aon scaireanna a aistrítear chuig an Aire faoi fho-alt (1) nó (2), dílsíonn siad don Aire.”.

Leasuithe ar Acht an Bhainc Cheannais 1942.

13 .— Leasaítear Acht an Bhainc Cheannais 1942—

(a) in alt 33AK(5)(ak) trí “feidhmeanna an Ombudsman sin a chomhlíonadh, nó” a chur in ionad “feidhmeanna an Ombudsman sin a chomhlíonadh.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5)(ak):

“(al) don Ghníomhaireacht, más gá an fhaisnéis rúnda chun feidhmeanna na Gníomhaireachta a chomhlíonadh.”,

(c) in alt 33N(1), trí “2 mhí” a chur in ionad “3 mhí”,

(d) in alt 57BO, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Chun críocha an ailt seo, folaíonn ‘ comhalta d’fhoireann an bhiúró ’ an tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais, gach Leas-Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus gach comhalta de Chomhairle an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais.”,

(e) in alt 57BZ, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) A luaithe is indéanta tar éis breith a thabhairt gan gearán a imscrúdú, nó gan leanúint de ghearán a imscrúdú, déanfaidh an tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais an bhreith, agus na cúiseanna atá leis an mbreith, a chur in iúl i scríbhinn don ghearánach.”,

(f) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 2 de Sceideal 3:

“2. (1) Sa mhír seo—

(a) ciallaíonn ‘ an chéad lá cothrom bliana ’ 1 Bealtaine 2008, agus

(b) ciallaíonn ‘ lá cothrom bliana dá éis ’ 1 Bealtaine gach bliana dá éis.

(2) Beidh comhaltaí ceaptha i seilbh oifige ar feadh tréimhse éiginnte suas go dtí uastréimhse 15 bliana.

(3) Féadfaidh an tÚdarás Rialála, áfach, rialacha nós imeachta a dhéanamh faoi mhír 8(2) den Sceideal seo chun téarmaí oifige na gcomhaltaí a chinneadh agus chun a áirithiú go mbeidh,

(a) sna blianta roimh an gcéad lá cothrom bliana, nó

(b) sa bhliain roimh dháta gach lae cothrom bliana dá éis,

2 ar a laghad de na comhaltaí ceaptha arna scor de bheith i seilbh oifige de bhua na míre seo nó mhír 5(2)(a) go (k) den Sceideal seo.

(4) Más rud é, sna blianta roimh an gcéad lá cothrom bliana nó sa bhliain roimh gach lá cothrom bliana dá éis,

(a) nach scoirfidh aon chomhalta ceaptha de bheith i seilbh oifige faoi mhír 5(2)(a) go (k) den Sceideal seo, ansin ní foláir téarmaí oifige 2 chomhalta cheaptha a bheith críochnaithe an lá cothrom bliana sin,

(b) go scoirfidh comhalta ceaptha amháin de bheith i seilbh oifige faoi mhír 5(2)(a) go (k) den Sceideal seo, ansin ní foláir téarma oifige comhalta cheaptha amháin eile a bheith críochnaithe an lá cothrom bliana sin; nó

(c) go scoirfidh 2 chomhalta ceaptha nó níos mó de bheith i seilbh oifige faoi mhír 5(2)(a) go (k) den Sceideal seo, ansin ní cead téarma oifige aon chomhalta cheaptha eile a bheith críochnaithe an lá cothrom bliana sin.

(5) Cinnfear cé acu (más ann) de na comhaltaí ceaptha a scoirfidh faoin mír seo de réir mar a fhoráiltear leis na rialacha nós imeachta arna ndéanamh ag an Údarás Rialála de bhun mhír 8(2) den Sceideal seo.

(6) Maidir le comhaltaí ceaptha—

(a) a gceanglaítear orthu scor faoi na rialacha nós imeachta arna ndéanamh faoi mhír 8(2) den Sceideal seo, nó

(b) a scoirfidh d’oifig a shealbhú faoi mhír 5(2)(c), (e), (f) nó (g) den Sceideal seo,

beidh siad in-athcheaptha.

(7) Aon duine a scoirfidh tar éis fónamh mar chomhalta ceaptha ar feadh 15 bliana, áfach, ní bheidh sé nó sí in-athcheaptha.”.

Leasuithe ar an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2000.

14 .— Leasaítear an tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2000—

(a) in alt 18 sa mhíniú ar ‘comhlacht ainmnithe, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte arna bunú le halt 6(1) den Acht Sláinte 2004,”,

(b) in alt 18 sa mhíniú ar ‘comhlacht ainmnithe, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (e):

“(e) comhlacht a shonraítear i Sceideal 4 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997,”,

(c) in alt 18 sa mhíniú ar ‘comhlacht ainmnithe’, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(ea) an tSeirbhís Chúirteanna,

(eb) ollscoil de réir bhrí Acht na nOllscoileanna 1997, seachas Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath,

(ec) Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath,

(ed) coláiste de réir bhrí alt 2 d’Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha 1992,

(ee) an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, agus

(ef) an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe cpt.”,

(d) in alt 22, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Féadfaidh an tAire—

(a) gabháil d’idirbhearta de ghnáthchineál baincéireachta i dtaca leis na cumhachtaí i bhfo-alt (1) a fheidhmiú, agus

(b) chun críocha na n-idirbheart sin, cibé cistí a eisiúint ón Státchiste is cuí leis nó léi.

(1B) Déanfar na caiteachais agus na costais eile go léir a thabhóidh an tAire nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is cuí, i dtaca leis na hidirbhearta sin nó dá ndroim a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste.”,

(e) in alt 22 trí “faoi fho-ailt (1) agus (1A)” a chur in ionad “faoi fho-alt (1)” i bhfo-alt (2), agus

(f) i gCuid 3 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 25:

“Féadfaidh an Ghníomhair-eacht airgeadra coigríche a fháil d’Aire Rialtais nó do chomhlacht ainmnithe.

25A. (1) Faoi réir toiliú an Aire Airgeadais a fháil ar dtús, féadfaidh Aire den Rialtas nó comhlacht ainmnithe a iarraidh ar an nGníomhaireacht airgeadra coigríche a fháil don Aire sin den Rialtas nó don chomhlacht ainmnithe sin, de réir mar a bheidh, ar théarmaí agus ar choinníollacha arna gcomhaontú idir—

(a) an Ghníomhaireacht, agus

(b) an tAire sin den Rialtas nó an comhlacht ainmnithe sin.

(2) Beidh ag an nGníomhaireacht na cumhachtaí uile is gá chun go gcomhlíonfaidh sí iarraidh arna déanamh faoi fho-alt (1).

(3) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, i dtaca le comhlíonadh a feidhmeanna faoi fho-alt (1)—

(a) na fáltais ó aon idirbheart arna ainmniú in airgeadra seachas airgeadra an Stáit a íoc isteach in aon chuntas imréitigh airgeadra coigríche arna bhunú ag an Aire Airgeadais faoi alt 139 den Acht Airgeadais 1993, agus

(b) aon mhéideanna a bheidh chun creidiúna d’aon chuntas imréitigh airgeadra coigríche a chur chun feidhme chun oibleagáidí íocaíochta a eascraíonn faoi aon idirbheart i dtaca le comhlíonadh a feidhmeanna faoi fho-alt (1) a urscaoileadh.”.

Leasuithe ar an Acht Airgeadais 1993.

15 .— Leasaítear alt 138(1) den Acht Airgeadais 1993—

(a) in alt 138 (1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(ca) Féadfaidh an tAire—

(i) gabháil d’idirbhearta de ghnáthchineál baincéireachta i dtaca leis na cumhachtaí i bhfo-alt (1)(a), (b) agus (c) a fheidhmiú, agus

(ii) chun críocha na n-idirbheart sin, cibé cistí a eisiúint ón Státchiste is cuí leis nó léi.

(cb) Déanfar na caiteachais agus na costais eile go léir a thabhóidh an tAire i dtaca leis na hidirbhearta sin nó dá ndroim a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste.”,

agus

(b) in alt 139 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (11):

“(12) Féadfaidh Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, i dtaca le comhlíonadh aon cheann dá feidhmeanna—

(a) na fáltais ó aon idirbheart arna ainmniú in airgeadra seachas airgeadra an Stáit a íoc isteach in aon chuntas imréitigh airgeadra coigríche, agus

(b) aon mhéideanna atá chun creidiúna d’aon chuntas imréitigh airgeadra coigríche a chur chun feidhme chun oibleagáidí íocaíochta a eascraíonn i dtaca le haon cheann dá feidhmeanna a urscaoileadh.”.

Leasuithe ar an Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte 1938.

16 .— Leasaítear an tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte 1938 (arna leasú leis an Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú) 1992 agus leis an Acht um Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha agus um Chomhaltaí den Oireachtas (Forálacha Ilghnéitheacha) 2000—

(a) in alt 13A(7)(a)(i), trí “faoi réir fho-alt (9)” a chur isteach roimh “i gcás”,

(b) i bhfo-alt 13A, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Ar dhuine do dhéanamh iarratas ar phinsean faoin alt seo chuig an Aire Airgeadais, is duine ar éirigh a theideal chun an phinsin ar dháta thosach feidhme an ailt seo, nó dá éis, beidh an pinsean iníoctha amhail ar agus ó dháta a chinnfidh an tAire Airgeadais i scríbhinn, is dáta—

(a) nach túisce ná dáta a theachta i dteideal, agus

(b) nach déanaí ná dáta an iarratais.”,

(c) in alt 13AA(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b):

“(a) a mbeidh 2 bhliain ar a laghad de sheirbhís aireachta tugtha aige ach nach mbeidh i dteideal pinsin aireachta faoi alt 13A, nó

(b) a mbeidh 2 bhliain ar a laghad de sheirbhís rúnaí tugtha aige ach nach mbeidh i dteideal pinsin rúnaí faoi alt 13A.”,

agus

(d) in alt 13AA(4), trí “(ach is lú ná 8 mbliana)” a chur in ionad “(ach is lú ná 3 bliana)”,

(e) in alt 13B, trí fho-alt (5)(a)(iii) a athuimhriú mar fho-alt (5)(a)(iv) agus tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5)(a)(ii):

“(iii) i gcás duine—

(I) ar pinsean rúnaí a phinsean bunaidh, agus

(II) ar scor dó d’oifig cháilitheach a shealbhú tar éis an dáta feidhme, a bhfuil seirbhís tugtha aige in oifig aireachta ar feadh 2 bhliain ar a laghad ach ar feadh tréimhse is lú ná 3 bliana,

méid is comhionann leis an difríocht idir—

(A) méid an phinsin aireachta ab iníoctha an tráth sin leis an duine dá mba aire an duine sin, arna ríomh de réir alt 13AA d’Acht 1938, agus

(B) méid phinsean bunaidh an duine.”,

(f) in alt 13B(5)(a)(iv), trí “nó (iii)” a chur isteach i ndiaidh “i bhfomhír (ii)”, agus

(g) in alt 13B(5)(b)(ii), trí “fomhír (iv)” a chur in ionad “fomhír (iii)”.

Leasú ar alt 35 den Acht um Chomhar Creidmheasa 1997.

17 .— Leasaítear alt 35 den Acht um Chomhar Creidmheasa 1997 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní thabharfaidh comhar creidmheasa iasacht do chomhalta—

(a) ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana más rud é, dá dtabharfaí an iasacht, gur mhó an tráth sin an méid comhlán iomlán a bheidh gan íoc i leith na n-iasachtaí go léir a mbeidh níos mó ná 5 bliana ann go dtí an dáta aisíoca deiridh ná 20 faoin gcéad den iarmhéid leabhair iasachta comhlán iomlán a bheidh gan íoc an tráth sin i leith na n-iasachtaí go léir a bheidh tugtha ag an gcomhar creidmheasa, nó 40 faoin gcéad den iarmhéid leabhair iasachta comhlán iomlán a bheidh gan íoc an tráth sin i leith na n-iasachtaí go léir a bheidh tugtha ag an gcomhar creidmheasa i gcás go mbeidh ceadú i scríbhinn faighte ón mBanc,

(b) ar feadh tréimhse is faide ná 10 mbliana, más rud é, dá dtabharfaí an iasacht, gur mhó an tráth sin an méid comhlán iomlán a bheidh gan íoc i leith na n-iasachtaí go léir a mbeidh níos mó ná 10 mbliana ann go dtí an dáta deiridh aisíoca ná 10 faoin gcéad den iarmhéid leabhair iasachta comhlán iomlán a bheidh gan íoc an tráth sin i leith na n-iasachtaí go léir a bheidh tugtha ag an gcomhar creidmheasa, nó 15 faoin gcéad den iarmhéid leabhair iasachta comhlán iomlán a bheidh gan íoc an tráth sin i leith na n-iasachtaí go léir a bheidh tugtha ag an gcomhar creidmheasa i gcás go mbeidh ceadú i scríbhinn faighte ón mBanc, nó

(c) sna himthosca a shonraítear i bhfo-alt (3),

agus, chun críocha an fho-ailt seo, is é an ‘ dáta aisíoca deiridh’ le haghaidh iasachta—

(i) an dáta a bheidh an iasacht le dul in éag, mar a chuirtear in iúl ar an gcomhaontú creidmheasa iomchuí de réir alt 37C(1)(j), nó

(ii) aon dáta dá éis sin a chomhaontófar idir an comhar creidmheasa agus an comhalta dár tugadh an iasacht.”.

Leasú ar an Acht Árachais 1936 agus ar rialacháin reachtúla áirithe.

18 .— (1) Leasaítear an tAcht Árachais 1936 trí ailt 9 agus 10 a aisghairm.

(2) Leasaítear dá dhroim sin Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil) 1976 (I.R. 115 de 1976) trí mhír (5) de Rialachán 4 a chúlghairm.

(3) Leasaítear dá dhroim sin Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil) 1984 (I.R. 57 de 1984) trí mhír (4) de Rialachán 4 a chúlghairm.

Leasú ar Acht an Bhainc Ceannais 1997.

19 .— Leasaítear Acht an Bhainc Ceannais, 1997—

(a) trí na mínithe seo a leanas a chur le halt 28:

“ciallaíonn ‘creidmheas’ iasacht airgid (cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar í a sholáthar ar urrús morgáiste nó muirir ar eastát nó leasa i dtalamh), ach ní áirítear ann creidmheas d’aicme a shonraítear in alt 3(2) den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí 1995;

ciallaíonn ‘comhaontú frithdhílse baile’ comhaontú idir díoltóir agus gnólacht frithdhílse baile lena bhforáiltear do na nithe seo a leanas—

(a) an díoltóir do thíolacadh eastáit nó leasa i dtalamh (lena n-áirítear príomháit chónaithe an díoltóra nó chleithiúnaithe an díoltóra) don ghnólacht frithdhílse baile ar shuim lascainithe nó ar ioncam (nó an dá rud), agus

(b) an díoltóir do choimeád an chirt chun cónaí san áit chónaithe go dtí go dtarlóidh teagmhas amháin nó níos mó atá sonraithe sa chomhaontú;

“ciallaíonn ‘gnólacht frithdhílse baile’ duine a sheolann gnó um chomhaontaithe frithdhílse baile a dhéanamh;”;

(b) in alt 28, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gnó rialáilte”:

“ciallaíonn “gnó rialáilte” gnó bureau de change, gnó tarchurtha airgid, gnólacht frithdhílse baile nó gnólacht miondíola creidmheasa;”;

(c) in alt 28, trí na mínithe seo a leanas a chur isteach tar éis an mhínithe ar “gnó rialáilte” (arna ionadú le mír (b)):

“tá le ‘soláthraí rialáilte seirbhíse airgeadais’ an bhrí chéanna atá leis in alt 2 d’Acht an Bhainc Cheannais 1942;

ciallaíonn ‘duine iomchuí’ duine nádúrtha laistigh den Stát, seachas—

(a)

duine nádúrtha atá ina chliant gairmiúil nó ina cliant gairmiúil, nó a chomhlíonann na critéir chun a roghnú go ndéileáilfear leis nó léi mar chliant gairmiúil, chun críocha Rialachán na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007 (I.R. Uimh. 60 de 2007), nó

(b)duine atá ina sholáthraí rialáilte seirbhíse airgeadais nó ina soláthraí rialáilte seirbhíse airgeadais;

ciallaíonn ‘gnólacht creidmheasa miondíola’ duine atá forordaithe chun críche mhír (g) den mhíniú ar ‘foras creidmheasa’ in alt 3 den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí 1995, nó aon duine eile a thugann le tuiscint go seolann sé nó sí gnó um sholáthar creidmheasa go díreach do dhaoine iomchuí, agus arb é atá ina ghnó nó ina gnó, go hiomlán nó go páirteach, creidmheas a sholáthar go díreach do dhaoine iomchuí, ach ní fholaíonn sé—

(a)duine atá ina sholáthraí rialáilte seirbhíse airgeadais nó ina soláthraí rialáilte seirbhíse airgeadais, nó

(b)duine atá ina idirghabhálaí creidmheasa údaraithe nó ina hidirghabhálaí creidmheasa údaraithe faoi Chuid XI den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí 1995, nó

(c)i ndáil le creidmheas a sholáthair duine eile i dtosach, duine dá ndéantar leas iomlán nó aon chuid de leas an duine eile sin sa chreidmheas a shannadh go díreach nó go neamhdhíreach nó a dhiúscairt ar shlí eile, nó

(d)duine a sholáthraíonn creidmheas ar bhonn aon uaire amháin nó ar bhonn ócáideach, ach sa chás amháin nach léiriú é soláthar an chreidmheasa nó nach dtugann soláthar an chreidmheasa le tuiscint (cibé acu i bhfógraíocht, margaíocht nó eile) go ndéanfaí an creidmheas a thairiscint do dhaoine eile ar na téarmaí céanna nó ar théarmaí atá cosúil leo tríd is tríd, nó

(e)duine atá díolmhaithe, nó a bhaineann le haicme daoine atá díolmhaithe, faoi alt 29A ó cheangal a bheith air nó uirthi údarú a bheith aige nó aici mar ghnólacht creidmheasa miondíola;”;

(d) díreach roimh alt 29, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad cheannteideal na Caibidle:

“CAIBIDIL 2

Toirmeasc ar ghnó rialáilte a sheoladh gan údarás”;

(e) i gCaibidil 2, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 29:

“Cumhacht an Bhainc chun daoine áirithe a dhíolmhú ó cheangal údarú a shealbhú mar ghnólacht creidmheasa miondíola.

29A. (1) Féadfaidh an Banc duine a dhíolmhú ó cheangal údarú mar ghnólacht creidmheasa miondíola a shealbhú i ndáil le creidmheas a sholáthar más rud é, i dtuairim an Bhainc—

(a) go bhfuil méid nó luach iomlán an chreidmheasa atá le soláthar ag an duine de shórt gur réasúnach a mheas go mbeidh an t-iasachtaí in ann iomairliú ar comhchéim nó comhairle iomchuí dhlíthiúil agus airgeadais a fháil, nó

(b) maidir leis an duine, gur duine é nó í atá díolmhaithe faoi alt 8(2) d’Acht an Bhainc Ceannais 1971, nó a bhaineann le haicme daoine atá díolmhaithe, ón gceanglas ceadúnas baincéireachta a shealbhú, nó

(c) maidir leis an duine, gur duine é nó í a sholáthraíonn creidmheas chun críocha carthanúla nó críocha poiblí amháin agus de réir ráta úis nó ar théarmaí eile is fabharaí ná mar atá ar fáil an tráth sin ar bhonn tráchtála,

agus nach mbeadh an díolmhú ar neamhréir le rialáil chuí ordúil soláthair creidmheasa agus le cosaint custaiméirí gnólachtaí creidmheasa miondíola.

(2) Féadfaidh an Banc freisin na daoine a bhaineann le haicme shonraithe daoine a dhíolmhú ó cheanglas údarú mar ghnólacht creidmheasa miondíola a shealbhú i ndáil le creidmheas a sholáthar más rud é, i dtuairim an Bhainc—

(a) go bhfuil méid nó luach iomlán an chreidmheasa atá le soláthar ag na daoine sin de shórt gur réasúnach a mheas go mbeidh iasachtaithe a gheobhaidh iasachtaí ó na daoine sin in ann iomairliú ar comhchéim nó comhairle iomchuí dhlíthiúil agus airgeadais a fháil, nó

(b) maidir leis na daoine, gur daoine iad atá díolmhaithe faoi alt 8(2) d’Acht an Bhainc Ceannais 1971, nó a bhaineann le haicme daoine atá díolmhaithe, ón gceanglas ceadúnas baincéireachta a shealbhú, nó

(c) maidir leis na daoine, gur daoine iad a sholáthraíonn creidmheas chun críocha carthanúla nó críocha poiblí amháin agus de réir ráta úis nó ar théarmaí eile is fabharaí ná mar a bheadh ar fáil an tráth sin ar bhonn tráchtála,

agus nach mbeadh an díolmhú ar neamhréir le rialáil chuí ordúil soláthair creidmheasa agus le cosaint custaiméirí gnólachtaí creidmheasa miondíola.

(3) Féadfaidh an Banc an chumhacht a fheidhmiú chun duine, nó na daoine a bhaineann le haicme shonraithe, a dhíolmhú ó cheanglas údarú mar ghnólacht creidmheasa miondíola a shealbhú ar a thionscnamh féin nó ar iarratas arna dhéanamh ag an duine nó thar a cheann nó a ceann, nó ag na daoine nó ag aon cheann de na daoine a bhaineann leis an aicme sin, nó thar a gceann nó thar a cheann nó a ceann.

(4) Beidh díolmhú arna dheonú faoin alt seo faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an mBanc a fhorchur.

(5) Féadfaidh an Banc aon tráth trí fhógra i scríbhinn—

(a) coinníollacha breise a fhorchur ar dhuine a bhfuil díolmhú deonaithe dó nó di faoin alt seo nó ar na daoine a bhaineann le haicme ar ina leith atá díolmhú deonaithe faoin alt seo, nó

(b) coinníoll arna fhorchur faoi fho-alt (4) nó faoin bhfo-alt seo a athrú nó a chúlghairm.

(6) Déanfaidh an Banc díolmhú arna dheonú faoin alt seo a chúlghairm más deimhin leis—

(a) go bhfuil na himthosca a bhaineann leis an díolmhú athraithe agus go bhfuil siad an tráth sin de chineál nach ndeonófaí an díolmhú a thuilleadh, nó

(b) nach bhfuil coinníoll a bhaineann leis an díolmhú á chomhlíonadh, nó comhlíonta, go substaintiúil.

(7) Foilseoidh an Banc fógra san Iris Oifigiúil faoi gach díolmhú atá deonaithe, agus faoi gach cúlghairm atá déanta, faoin alt seo.

(8) Ní dhéanann mainneachtain fo-alt (7) a chomhlíonadh difear do bhailíocht díolmhú atá deonaithe, nó cúlghairm atá déanta, faoin alt seo.

(9) Níl feidhm ag alt 29(1) maidir le duine, nó maidir le duine a bhaineann le haicme daoine, atá díolmhaithe faoin alt seo—

(a) fad nach seolann an duine aon chineál gnó rialáilte seachas an ceann lena mbaineann an díolmhú, agus

(b) fad a chomhlíonann an duine na coinníollacha uile faoina ndeonaítear an díolmhú.”;

(f) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 31:

“Forálacha d’fhorlíonadh ailt 31 is infheidhme maidir le gnólachtaí creidmheasa miondíola agus frithdhílse baile.

31A. Chun críocha alt 31(2)(b), d’fhonn údarú a fháil agus a choimeád, sásóidh gnólacht creidmheasa miondíola nó gnólacht frithdhílse baile an Banc maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) go gcuirfidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais an ghnólachta ar a chumas, más infheidhme, feidhmiú de réir an Achta seo agus de réir aon choinníll nó aon cheanglais is féidir leis an mBanc a fhorchur,

(b) ionracas agus inniúlacht gach duine de stiúrthóirí agus de bhainisteoirí an ghnólachta,

(c) oiriúnacht gach scairshealbhóra cháilithigh nó gach comhpháirtí cháilithigh de chuid an ghnólachta,

(d) struchtúr eagrúcháin agus scileanna bainistíochta an ghnólachta agus go ndéanfar leibhéil leordhóthanacha foirne a fhostú agus saineolais a úsáid chun a chuid gníomhaíochtaí a sheoladh,

(e) gur lean agus go leanfaidh an gnólacht nósanna imeachta a chuirfidh ar chumas an Bhainc an fhaisnéis go léir a fháil is gá chun feidhmeanna maoirseachta an Bhainc a chomhlíonadh agus a chur ar chumas an phobail faisnéis a shonróidh an Banc a fháil,

(f) go bhfuil eagrú struchtúr gnó an ghnólachta de chineál gur féidir leis an mBanc é a mhaoirsiú go leordhóthanach agus aon cheann dá chuid gnóthas comhlachaithe nó gaolmhara a mhaoirsiú go leordhóthanach (a mhéid is cuí agus indéanta), agus

(g) gnó an ghnólachta a sheoladh, sócmhainní airgeadais agus aon nithe eile a mheasfaidh an Banc is gá ar mhaithe le rialáil chuí ordúil agus maoirsiú cuí ordúil gnólachtaí údaraithe nó ar mhaithe le custaiméirí nó custaiméirí ionchasacha a chosaint.”;

(g) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 32:

“Forálacha breise is infheidhme maidir le gnólachtaí creidmheasa miondíola agus frithdhílse baile.

32A. (1) Féadfar in aon údarú arna dheonú ag an mBanc faoi alt 31 do ghnólacht creidmheasa miondíola nó frithdhílse baile aicmí seirbhísí, agus seirbhísí breise, a shonrú ar seirbhísí iad is féidir leis an ngnólacht a sholáthar.

(2) Féadfar in aon údarú arna dheonú ag an mBanc faoi alt 31 den Acht seo do ghnólacht creidmheasa miondíola údarú chun gníomhú mar ghnólacht frithdhílse baile a áireamh.

(3) Féadfaidh an Banc leasú a dhéanamh—

(a) ar na haicmí seirbhísí creidmheasa miondíola nó seirbhísí eile is féidir a sholáthar de réir fho-ailt (1) nó (2), nó

(b) ar ainmniú nó ar aicmiú gnólachtaí nó seirbhísí.

(4) Chun críocha fho-ailt (1) go (3), féadfaidh an Banc cibé ainmniú nó aicmiú gnólachtaí nó seirbhísí a úsáid is cuí leis an mBanc a thabhairt de thuairisc ar na seirbhísí a sholáthraítear.

(5) Aon tráth roimh údarú a dheonú nó a dhiúltú do ghnólacht, féadfaidh an Banc—

(a) cibé faisnéis bhreise a iarraidh ar an ngnólacht, nó

(b) a ordú d'oifigeach údaraithe cibé fiosrúcháin a dhéanamh, nó cibé imscrúduithe a dhéanamh,

a mheasann sé is gá chun iarratas a mheas go cuí. Is de réir an Achta seo a dhéanfar aon fhiosrúchán nó imscrúdú den sórtsin.

(6) I gcás gnólachta creidmheasa miondíola nó frithdhílse baile arna údarú i dtír eile de chuid LEE—

(a) tabharfaidh an Banc aird ar aon cheanglais a fhorchuirfidh aon údarás den tír sin ar an ngnólacht ar dealraitheach don bhanc ról rialála nó maoirseachta a bheith á fheidhmiú aige, ar ról é atá cosúil le ról an Bhainc, i ndáil leis an ngnólacht, agus

(b) féadfaidh an Banc a mhalartú leis an údarás sin faisnéis a bhaineann le feidhmeanna an Bhainc faoin Acht seo, nó le feidhmeanna an údaráis sinfaoi dhlíthe na tíre sin, a chomhall.”;

(h) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 33:

“Coinníollacha nó ceanglais a fhorchur ar ghnólachtaí creidmheasa miondíola agus ar ghnólachtaí frithdhílse baile údaraithe.

33A.— (1) Gan alt 33 a theorannú, féadfaidh an Banc gach ceann nó aon cheann díobh seo a leanas a dhéanamh i leith gnólachta creidmheasa miondíola údaraithe nó gnólachta frithdhílse baile údaraithe:

(a) údarú an ghnólachta a chur faoi réir cibé coinníollacha nó ceanglais, nó iad araon, is cuí leis, i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) rialáil chuí ordúil agus maoirsiú cuí ordúil ar ghnólachtaí creidmheasa miondíola nó ar ghnólachtaí frithdhílse baile údaraithe, agus

(ii) a gcuid custaiméirí nó custaiméirí ionchasacha a chosaint;

(b) coinníollacha nó ceanglais, nó iad araon, a fhorchur, i ndáil le gnóthaí nó gníomhaíochtaí i ngnóthas comhlachaithe nó i ngnóthas gaolmhar;

(c) a cheangal fógra a chur ar taispeáint ar chomhaontú creidmheasa nó ar chomhaontú frithdhílse baile, nó ar aon doiciméad iomchuí eile, i bhfoirm a fhorálfaidh nó a fhorordóidh an Banc, ar fógra é ar a dtaispeánfar aon fhaisnéis atá iomchuí maidir leis an gcomhaontú;

(d) aon tráth, coinníollacha nó ceanglais, nó iad araon, a fhorchur ar ghnólacht údaraithe agus aon choinníoll nó ceanglas arna fhorchur faoin mír seo nó faoi mhír (a), (b) nó (c) a leasú nó a chúlghairm.

(2) Féadfar coinníoll nó ceanglas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fhorchur i ndáil le haon cheann nó gach ceann díobh seo a leanas:

(a) gnólacht údaraithe;

(b) gach gnólacht údaraithe;

(c) aicme nó aicmí gnólachtaí údaraithe;

(d) tréimhse shonraithe ama nó tréimhsí sonraithe ama;

(e) gnóthas comhlachaithe nó gnóthas gaolmhar;

(f) cibé ábhair a bhaineann le rialáil chuí ordúil agus maoirsiú cuí ordúil gnólachtaí údaraithe, agus a gcuid custaiméirí nó custaiméirí ionchasacha a chosaint, de réir mar is cuí leis an mBanc.

(3) Gan fo-ailt (1) agus (2) a theorannú, féadfaidh an Banc coinníollacha nó ceanglais a fhorchur ar ghnólacht údaraithe, nó ar aicme gnólachtaí údaraithe maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) leibhéil oiliúna, cáilíochtaí nó inniúlacht ghairmiúil bainisteoirí, oifigeach nó fostaithe,

(b) soláthar faisnéise don Bhanc nó do dhuine a shonróidh an Banc, agus

(c) cód cleachtais forordaithe a chur i bhfeidhm i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) soláthraithe rialáilte seirbhíse airgeadais de réir bhrí Acht an Bhainc Cheannais 1942, nó

(ii) aicme soláthraithe rialáilte seirbhíse airgeadais ar dealraitheach a ngnó a bheith inchomórtais le gnó gnólachta údaraithe nó le haicme gnólachtaí údaraithe.”;

(i) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 34B:

“Forálacha idirthréimhseacha.

34C. (1) D’ainneoin alt 29, glactar leis go bhfuil duine a sheolann gnó gnólachta creidmheasa miondíola, nó gnólachta frithdhílse baile, díreach roimh thosach feidhme Chuid 2 den Acht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007 údaraithe mar ghnó rialáilte go dtí go ndeonóidh nó go ndiúltóidh an Banc údarú don duine, ar an gcoinníoll go ndéanfaidh an duine iarratas chuig an mBanc faoi alt 30 ar údarú tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an tosach feidhme sin.

(2) I gcás go nglactar go bhfuil duine údaraithe mar ghnó rialáilte faoi fho-alt (1), féadfaidh an Banc ceachtar den dá rud seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh:

(a) cibé coinníollacha nó ceanglais, nó an dá rud, a fhorchur ar an duine sin is cuí leis an mBanc i ndáil le rialáil chuí ordúil agus maoirsiú cuí ordúil gnó rialáilte;

(b) a ordú don duine sin gan gnó gnólachta creidmheasa miondíola, nó gnó gnólachta frithdhílse baile, a sheoladh ar feadh tréimhse (nach faide ná 3 mhí) a shonrófar san ordachán.

(3) Chun críocha Chuid VIIA d’Acht an Bhainc Cheannais 1942, is cinneadh inachomhairc aon choinníoll nó aon cheanglas a fhorchuirtear, nó aon ordachán a thugtar, faoin alt seo.”.

Leasú ar an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

20 .— Leasaítear an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 i gCuid 1 den Tríú Sceideal—

(a) trí “An tAcht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann 2001” a chur isteach i gcolún (2),

(b) trí “Uimh. 43 de 2001” a chur isteach i gcolún (1) os coinne na tagartha don Acht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann 2001, agus

(c) trí “Alt 23” a chur isteach i gcolún (3) os coinne na tagartha don Acht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann 2001.

Na Rialacháin fán Acht um Chomhar Creidmheasa 1997 (Teorainneacha Airgeadais a Athrú) 2007 a chúlghairm.

21 .— Cúlghairtear na Rialacháin fán Acht um Chomhar Creidmheasa 1997 (Teorainneacha Airgeadais a Athrú) 2007 (I.R. Uimh. 193 de 2007).

Leasú ar an Acht um Chúiteamh d'Infheisteoirí 1998.

22 .— Leasaítear an tAcht um Chúiteamh d'Infheisteoirí 1998—

(a) sa mhíniú ar “gnólacht infheistíochta údaraithe” in alt 2(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) gnólacht infheistíochta údaraithe arna mhíniú i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007 (I.R. Uimh. 60 de 2007), nó”,

(b) in alt 2(1), tríd an míniú ar “gnólacht infheistíochta údaraithe” a scriosadh;

(c) in alt 2(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cliant”:

“ciallaíonn ‘ cliant ’ duine—

(a) dá soláthraíonn gnólacht infheistíochta seirbhísí gnó infheistíochta, nó

(b) atá tar éis airgead nó ionstraimí infheistíochta a chur ar iontaoibh gnólachta infheistíochta i ndáil le soláthar seirbhísí gnó infheistíochta ag an ngnólacht;”;

(d) in alt 2(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “idirghabhálaí árachais”:

“ciallaíonn ‘idirghabhálaí árachais’ idirghabhálaí árachais cláraithe de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Idirghabháil Árachais) 2005, ach ní fholaíonn sé aturnae—

(a) ag a bhfuil deimhniú cleachta bailí arna eisiúint faoi na hAchtanna Aturnaetha 1954 go 1994, agus

(b) nach seolann gníomhaíochtaí iomchuí ach go teagmhasach leis na seirbhísí dlí a sholáthraíonn sé nó sí;”;

(e) in alt 2(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “seirbhísí gnó infheistíochta”:

“tá le ‘seirbhísí gnó infheistíochta’ an bhrí a shanntar dó le hAcht 1995 agus folaíonn sé—

(a) seirbhísí infheistíochta arna míniú i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007, agus

(b) gníomhaíochtaí idirghabhálaí árachais,”;

(f) sa mhíniú ar “ gnólacht infheistíochta ” in alt 2(1), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) gnólacht infheistíochta údaraithe arna míniú i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007,

(ba) duine a bhí ina ghnólacht nó ina gnólacht infheistíochta údaraithe tráth agus ar cúlghaireadh a údarú nó a húdarú,”;

(g) in alt 2(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ ionstraimí infheistíochta ”:

“tá le ‘ ionstraimí infheistíochta ’ an bhrí a shanntar dó le hAcht 1995, agus folaíonn sé ionstraimí den chineál atá liostaithe i gCuid 3 de Sceideal 1 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007;”;

(h) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach tar éis an mhínithe ar “ gnó comhinfheistíochta ”:

“folaíonn ‘ imeacht leachtaithe ’—

(a) leachtú éigeantach nó cúirte faoi Achtanna na gCuideachtaí,

(b) leachtú toilteanach creidiúnaí faoi Achtanna na gCuideachtaí,

(c) aon ghlacadóireacht nó próiseas atá ar aon dul léi,

(d) imeachtaí féimheachta faoin Acht Féimheachta 1988, agus

(e) aon scéim chomhshocraíochta de dhroim scrúdaitheoir a cheapadh,”;

(i) in alt 2(1), tríd an míniú ar “ballghnólacht” a scriosadh;

(j) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ údarás áitiúil ”:

“ciallaíonn ‘ Treoir um Margaí in Ionstraimí Airgeadais ’ Treoir 2004/39/CE an 21 Aibreán 2004;”;

(k) in alt 2(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ infheisteoir gairmiúil ”:

“tá le ‘ infheisteoir gairmiúil’ an bhrí a thugtar le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007;”;

(l) in alt 2(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ rialú ”:

“ciallaíonn ‘ rialú ’ cinneadh Cúirte—

(a) a dhéantar i ndáil le gnólacht infheistíochta ar chúiseanna a bhaineann go díreach le himthosca airgeadais an ghnólachta, agus

(b) lena gcoisctear cliaint an ghnólachta ó éilimh a dhéanamh in aghaidh an ghnólachta infheistíochta—

(i) chun airgead a fháil ar ais atá dlite don chliant nó ar leis an gcliant é agus atá á shealbhú thar ceann an chliaint ag an ngnólacht i dtaca le seirbhísí gnó infheistíochta a sholáthar, agus

(ii) chun ionstraimí infheistíochta a fháil ar ais ar leis an gcliant iad agus atá á sealbhú, á riaradh nó á mbainistiú ag an ngnólacht infheistíochta thar ceann an chliaint i dtaca leis an ngnólacht do sholáthar na seirbhísí sin,

ach ní fholaíonn sé cinneadh Cúirte arna dhéanamh faoi Achtanna na gCuideachtaí lena gceaptar scrúdaitheoir nó leachtaitheoir sealadach;”;

(m) in alt 2, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Chun críocha mhír (b) den mhíniú ar ‘ rialú’ i bhfo-alt (1), glactar maidir le gnólacht infheistíochta, sna himthosca a thuairiscítear in alt 52(10) d’Acht 1995, go sealbhaíonn sé airgead cliaint agus ionstraimí infheistíochta.”;

(n) in alt 2(5)(b), trí “riaradh scéimeanna comhinfheistíochta” a chur in ionad “scéimeanna comhinfheistíochta a riaradh”;

(o) in alt 9(4), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) i ndáil le gnólachtaí infheistíochta, oifigeach údaraithe, nó cigire, arna cheapadh nó arna ceapadh faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007;”;

(p) in alt 20, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Níl an Chuideachta freagrach as caiteachais a thabhóidh riarthóir gnólachta infheistíochta i leith feidhmeanna a chomhlíonann an riarthóir i gcomhthráth le feidhmeanna a chomhlíonann an riarthóir mar leachtaitheoir, glacadóir nó iontaobhaí i bhféimheacht an ghnólachta, cé go mbainfidh na feidhmeanna sin le comhlíonadh feidhmeanna mar riarthóir an ghnólachta.”;

(q) in alt 21(3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) d’ainneoin mhír (a), féadfaidh an Chuideachta, le linn rátaí, nó méideanna ranníocaí, nó boinn, chun ranníocaí a ríomh a bheith á sonrú aici i gcomhair gnólachtaí infheistíochta, aon airgead nó ionstraimí infheistíochta a chur i gcuntas atá curtha ar iontaoibh na ngnólachtaí sin (roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis) i dtaca leis na gnólachtaí sin do sholáthar seirbhísí gnó infheistíochta don chliant.”;

(r) in alt 24, trí “agus ag cliaint” a chur in ionad “agus ag infheisteoirí ”;

(s) in alt 25(6)(d), trí “cúiteamh d'infheisteoirí cáilithe” a chur in ionad “cúiteamh d'infheisteoirí ”;

(t) in alt 28, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta, de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007, údarú gnólachta infheistíochta a chúlghairm is gnólacht infheistíochta údaraithe faoi na Rialacháin sin, mura gcomhlíonann an gnólacht ordachán arna thabhairt faoi alt 27.”;

(u) in alt 28(8), trí “seirbhísí gnó infheistíochta a sholáthar, agus” a chur in ionad “seirbhísí gnó infheistíochta atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta a sholáthar, agus”;

(v) In alt 28, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(9A) Féadfaidh an t-údarás maoirseachta, de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe) 2003, údarú gnólachta infheistíochta, is cuideachta bhainisteoireachta atá údaraithe chun na seirbhísí dá dtagraítear i Rialachán 16(3) de na Rialacháin sin a ghabhail de láimh, a chúlghairm más rud é nach gcomhlíonann an gnólacht ordachán arna thabhairt dó faoi alt 27.”;

(w) in alt 28(10), trí “ní thabharfar níos lú ná” a chur in ionad “ní thabharfar ní is lú ná”;

(x) in alt 29(5), trí “ lena mbaineann alt 28(9)” a chur in ionad “ lena mbaineann alt 28(6)(d)”;

(y) in alt 30(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “caillteanas inchúitithe”:

“ciallaíonn ‘caillteanas inchúitithe’ 90 faoin gcéad de mhéid glanchaillteanais infheisteora nó €20,000, cibé acu is lú;”;

(z) in alt 30(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) den mhíniú ar “glanchaillteanas”:

“(b) ionstraimí infheistíochta, ar ionstraimí infheistíochta le cliant den ghnólacht infheistíochta iad arna sealbhú, arna riaradh nó arna mbainistiú ag an ngnólacht sin don chliant i dtaca leis an ngnólacht sin do sholáthar seirbhísí gnó infheistíochta, agus luach na n-ionstraimí infheistíochta á chinneadh, a mhéid is féidir, faoi threoir a margadhluacha,”.

An tAcht um Chúiteamh d'Infheisteoirí 1998 a leasú tuilleadh.

23 .— Leasaítear an tAcht um Chúiteamh d'Infheisteoirí 1998 tuilleadh—

(a) i ngach ceann de na fomhíreanna (i) agus (ii) d’alt 30(2)(c), trí “soláthar seirbhísí gnó infheistíochta” a chur in ionad “soláthar seirbhísí infheistíochta”;

(b) in alt 30, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(5) Maidir le gnólacht infheistíochta, sna himthosca a thuairiscítear in alt 52(10) d’Acht 1995, glactar leis go sealbhaíonn sé airgead cliaint agus ionstraimí infheistíochta.”;

(c) in alt 32(2), trí “cliant” a chur in ionad “infheisteoir”;

(d) in alt 32, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Féadfaidh cliant achomharc a dhéanamh chun Binse Achomhairc Seirbhísí Airgeadais na hÉireann in aghaidh breithe ón údarás maoirseachta faoi fho-alt (2) gan déileáil leis an iarratas amhail is dá mba rud é go ndearnadh é laistigh den tréimhse shonraithe. ”;

(e) in alt 32(4), trí “chliant” a chur in ionad “phearsa aonair”;

(f) in alt 33, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ar é nó í a cheapadh ina riarthóir chun gnólachta infheistíochta faoi fho-alt (1)—

(a) beidh cumhachtaí uile oifigigh údaraithe, i ndáil leis an ngnólacht, faoi Acht 1995 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007 ag an riarthóir,

(b) agus beidh feidhm dá réir sin ag na cumhachtaí atá ar fáil d'oifigeach údaraithe faoin Acht sin agus faoi na Rialacháin sin i ndáil leis an ngnólacht dá réir sin.”;

(g) in alt 33(3), trí “na hinfheisteoirí cáilithe sin” a chur in ionad “na hinfheisteoirí sin”;

(h) in alt 33(3A), trí “na hinfheisteoirí cáilithe sin” a chur in ionad “na hinfheisteoirí sin”;

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 33A:

“An Chúirt chun leachtaitheoir, etc. a cheapadh mar riarthóir an ghnólachta in imthosca áirithe.

33A. Déanfaidh an Chúirt, ar leachtaitheoir, glacadóir, an sannaí oifigiúil nó iontaobhaí i bhFéimheacht i leith gnólachta infheistíochta a cheapadh, an leachtaitheoir, an glacadóir, an sannaí oifigiúil nó an t-iontaobhaí a cheapadh freisin mar riarthóir an ghnólachta mura n-iarrann an t-údarás maoirseachta, le comhaontú na Cuideachta a mhalairt.”;

(j) in alt 34(3), trí “an infheisteoir cáilithe” a chur in ionad “an infheisteoir”;

(k) in alt 34(6), trí “déanfaidh an Chuideachta iarracht a chinntiú a mhéid is féidir” a chur in ionad “déanfaidh an Chuideachta iarracht a chinntiú”;

(l) in alt 35, trí fho-alt (4) a scriosadh;

(m) in alt 35(5A), trí “éileamh an infheisteora cháilithe” a chur in ionad “éileamh an infheisteora”;

(n) in alt 35(6), trí “d'Acht 1995, alt 47 d'Acht 1989 nó Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007 ” a chur in ionad “d'Acht 1995 nó alt 47 d'Acht 1989”;

(o) in alt 35(6A), trí “éileamh an infheisteora cháilithe” a chur in ionad “éileamh an infheisteora”;

(p) in alt 35(8), trí “airgid ar le cliant é agus atá á shealbhú ag gnólacht infheistíochta (is foras creidmheasa) i dtaca le seirbhísí gnó infheistíochta a sholáthar” a chur in ionad “airgid ar le hinfheisteoir é agus atá á shealbhú ag gnólacht infheistíochta is foras creidmheasa i dtaca le gnó infheistíochta”;

(q) sa mhíniú ar ‘ RAV ’ in alt 36(1), trí “gcliant” a chur in ionad “infheisteoir”, an dara háit a bhfuil sé;

(r) in alt 38(1), trí “do chliaint” a chur in ionad “d'infheisteoirí”;

(s) in alt 38(2), trí “Treorach um Margaí in Ionstraimí Airgeadais” a chur in ionad “Treorach um Sheirbhísí d'Infheisteoirí”;

(t) in alt 28(3), trí “a bheidh curtha ar iontaoibh an ghnólachta” a chur in ionad “a thaiscfear leis an ngnólacht”;

(u) in alt 39(1), trí “na Treorach um Margaí in Ionstraimí Airgeadais” a chur in ionad “Airteagal 17 den Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta”;

(v) sa mhíniú ar “cliant” in alt 40(1), trí “na Treorach um Margaí in Ionstraimí Airgeadais” a chur in ionad “Airteagal 17 den Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta”;

(w) in alt 40(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gnólacht infheistíochta”:

“ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta atá údaraithe i mBallstát eile chun críocha na Treorach um Margaí in Ionstraimí Airgeadais;”;

(x) in alt 40, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) A luaithe is féidir tar éis—

(a) teacht chun bheith údaraithe i mBallstát eile chun críocha na Treorach um Margaí in Ionstraimí Airgeadais, agus

(b) brainse a bhunú sa Stát de réir na Treorach sin,

féadfaidh gnólacht infheistíochta, trí fhógra a thabhairt i scríbhinn don Chuideachta, an rogha a fheidhmiú maidir le páirt a ghlacadh i gcomhshocraíochtaí cúitimh d'infheisteoirí sa Stát de réir Airteagal 7.1 den Treoir um Chúiteamh d'Infheisteoirí. Ar fhógra den sórt sin a thabhairt, tiocfaidh an gnólacht chun bheith ina ghnólacht infheistíochta chun críocha an Achta seo, faoi réir na n-eisceachtaí, agus faoina réir sin amháin, a shonraítear san alt seo.”;

(y) in alt 42(3), trí “scéime cúitimh d'infheisteoirí arna ceadú faoi alt 25” a chur in ionad “scéime cúitimh d'infheisteoirí faoin Acht seo”.

Leasú ar alt 2(1) den Acht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000.

24 .— Leasaítear alt 2(1) den Acht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Olltáirgeacht Náisiúnta”:

“ciallaíonn “Olltáirgeacht Náisiúnta”, don bhliain ina ndéantar íocaíochtaí leis an gCiste faoi alt 18, an meastachán (ar comhréir ina chomhdhéanamh leis an míniú ar olltáirgeacht náisiúnta de réir margadhphraghsanna a úsáideann an Phríomh-Oifig Staidrimh) ar olltáirgeacht náisiúnta de réir margadhphraghsanna don bhliain sin arna fhoilsiú ag an Aire maille leis an mBuiséad;”.

Leasú ar an Acht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann 2001.

25 .— Leasaítear an tAcht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann 2001 mar a leanas—

(a) in alt 1(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Aire”:

“ciallaíonn ‘Aire’ an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha;”;

(b) i ngach ceann de na fo-ailt (1) agus (2) d’alt 6, trí “le toiliú an Aire Airgeadais” a chur isteach i ndiaidh “Féadfaidh an tAire”;

(c) i ngach ceann de na hailt 7(1), 8 agus 9(1), trí “agus an Aire Airgeadais” a chur isteach i ndiaidh “toiliú an Aire”;

(d) in alt 9(2), trí “agus an tAire Airgeadais” a chur isteach i ndiaidh “an tAire”;

(e) i ngach ceann de na míreanna (a) agus (b) d’alt 11(8), trí “le toiliú an Aire Airgeadais” a chur isteach i ndiaidh “an Aire” agus “an tAire”;

(f) in alt 14(8), trí “agus an Aire Airgeadais” a chur isteach i ndiaidh “an Aire” sa chéad áit a bhfuil sé;

(g) in alt 14(11), trí “le toiliú an Aire Airgeadais” a chur isteach i ndiaidh “an tAire”;

(h) in alt 15(1), trí “Airgeadais” a chur isteach i ndiaidh “an Aire”;

(i) i ngach ceann díobh seo a leanas: alt 15(3); míreanna (a) agus (b) d’alt 15(4); an dara tagairt d’Aire in alt 17(4); agus alt 17(6), trí “agus an tAire Airgeadais” a chur isteach i ndiaidh “an tAire”;

(j) in alt 17(5), trí “tarchuirfidh seisean nó sise chun an Aire Airgeadais í” a chur in ionad “is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire”;

(k) in alt 24, trí “agus a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é” a chur isteach i ndiaidh “as airgead a sholáthróidh an tOireachtas”;

(l) in alt 25(5), trí “an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.” a chur in ionad “sé nó sí.”;

(m) in alt 28(2), trí “agus an Aire Airgeadais” a chur isteach i ndiaidh “an Aire”;

(n) in alt 37, trí “, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é,” a chur isteach i ndiaidh “Déanfar”.