|
||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 1 de 2008 | ||
AN tACHT CHUN ONNMHAIRÍ A RIALÚ 2008 | ||
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||
Alt | ||||
1 . Mínithe. | ||||
2 . Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. | ||||
3 . Rialuithe ar ghníomhaíochtaí bróicéireachta. | ||||
4 . Rialuithe ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta. | ||||
5 . Rialuithe ar chúnamh teicniúil. | ||||
6 . Ceadúnais. | ||||
7 . Oifigigh údaraithe. | ||||
8 . Cionta. | ||||
9 . Tuarascáil Bhliantúil. | ||||
10 . Caiteachais. | ||||
11 . Aisghairm agus cosaint. | ||||
12 . Gearrtheideal agus tosach feidhme. | ||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | ||||
| ||||
| ||||
Uimhir 1 de 2008 | ||||
AN tACHT CHUN ONNMHAIRÍ A RIALÚ 2008 | ||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hONNMHAIRIÚ EARRAÍ AGUS TEICNEOLAÍOCHTA A RIALÚ AGUS MAIDIR LE SOLÁTHAR GNÍOMHAÍOCHTAÍ BRÓICÉIREACHTA AGUS CÚNAIMH THEICNIÚIL A RIALÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CÚNAMH TEICNIÚIL A BHAINEANN LE hÚSÁIDEOIRÍ DEIRIDH MÍLEATA ÁIRITHE A RIALÚ, DÁ nDEARNA COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH FORÁIL I nGNÍOMHAÍOCHT CHOMHPHÁIRTEACH AN 22 MEITHEAMH 2000 ÓN gCOMHAIRLE AGUS MAIDIR LE BRÓICÉIREACHT ARM A RIALÚ DÁ nDEARNA COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH FORÁIL I gCOMHSHEASAMH 2003/468/CFSP AN 23 MEITHEAMH 2003 ÓN gCOMHAIRLE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. | ||
[27 Feabhra, 2008] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Mínithe. |
1 .— San Acht seo— |
[EN] | tá le “ gníomhaíochtaí bróicéireachta ” an bhrí chéanna atá leis i gComhsheasamh 2003/468/CFSP1 an 23 Meitheamh 2003 ón gComhairle maidir le bróicéireacht arm a rialú; | |
[EN] | ciallaíonn “onnmhairiú”, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, onnmhairiú ón Stát agus folaíonn sé bogearraí agus teicneolaíocht a aistriú trí mheán leictreonach agus onnmhairiú earraí a thugtar isteach sa Stát chun iad a athonnmhairiú; | |
[EN] | ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas arna eisiúint faoi alt 6 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Aire” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta; | |
[EN] | tá le “bogearraí” an bhrí chéanna atá leis i Rialachán (CE) Uimh. 1334/20002 an 22 Meitheamh 2000 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun onnmhairí d’ítimí agus teicneolaíochta dé-úsáide a rialú; | |
[EN] | tá le “cúnamh teicniúil” an bhrí chéanna atá leis i nGníomhaíocht Chomhpháirteach an 22 Meitheamh 2000 ón gComhairle1 maidir le rialú cúnaimh theicniúil a bhaineann le húsáideoirí deiridh míleata áirithe; | |
[EN] | tá le “ teicneolaíocht ” an bhrí chéanna atá leis i Rialachán (CE) Uimh. 1334/2000 an 22 Meitheamh 2000 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun onnmhairí d’ítimí agus teicneolaíochta dé-úsáide a rialú. | |
[EN] |
Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
2 .— Déanfar gach ordú nó rialachán faoin Acht seo, seachas ordú faoi alt 12 (2), a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán. |
[EN] |
Rialuithe ar ghníomhaíochtaí bróicéireachta. |
3 .— (1) Aon uair agus a mhinice is cuí leis an Aire, agus faoi réir cibé eisceachtaí (más ann) a mheasfaidh sé nó sí a bheith cóir, ag féachaint do chríocha an Achta seo, féadfaidh an tAire, le hordú, soláthar cibé aicme nó aicmí gníomhaíochtaí bróicéireachta a shonrófar san ordú a thoirmeasc nó a rialáil, ach amháin maidir le soláthar atá faoi réim agus de réir ceadúnais. |
[EN] | (2) Tá feidhm ag ordú faoi fho-alt (1) maidir le gníomhaíochtaí bróicéireachta arna ngabháil de láimh— | |
[EN] | (a) sa Stát, agus | |
[EN] | (b) lasmuigh den Stát, más rud é go bhfuil na gníomhaíochtaí bróicéireachta lena mbaineann á ngabháil de láimh— | |
[EN] | (i) ag pearsa aonair is saoránach d’Éirinn, nó | |
[EN] | (ii) ag cuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a bhfuil feidhm aige maidir le gníomhaíochtaí bróicéireachta arna ngabháil de láimh go hiomlán laistigh de Bhallstát amháin nó níos mó. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a bhfuil feidhm aige maidir le gníomhaíochtaí bróicéireachta arna ngabháil de láimh lasmuigh den Stát de bhun ceadúnais nó de bhun doiciméid eile den tsamhail chéanna ar ceadúnas nó doiciméad eile é arna eisiúint go cuí ag Ballstát eile chun gníomhaíochtaí den sórt sin a údarú. | |
[EN] |
Rialuithe ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta. |
4 .— Aon uair agus a mhinice is cuí leis an Aire, agus faoi réir cibé eisceachtaí (más ann) a mheasfaidh sé nó sí a bheith cóir, ag féachaint do chíocha an Achta seo, féadfaidh an tAire, le hordú, onnmhairiú cibé aicme nó aicmí earraí agus teicneolaíochta a shonrófar san ordú a thoirmeasc nó a rialáil, ach amháin maidir le honnmhairiú atá faoi réim agus de réir ceadúnais. |
[EN] |
Rialuithe ar chúnamh teicniúil. |
5 .— (1) Aon uair agus a mhinice is cuí leis an Aire, agus faoi réir cibé eisceachtaí (más ann) a mheasfaidh sé nó sí a bheith cóir, ag féachaint do chríocha an Achta seo, féadfaidh an tAire, le hordú, soláthar aicme nó aicmí cúnaimh theicniúil a shonrófar san ordú, ar soláthar é a dhéantar lasmuigh den Stát, a thoirmeasc nó a rialáil, ach amháin maidir le soláthar atá faoi réim agus de réir ceadúnais. |
[EN] | (2) Níl feidhm ag ordú faoi fho-alt (1) maidir le cúnamh teicniúil a sholáthar do dhuine— | |
[EN] | (a) i mBallstát eile, nó | |
[EN] | (b) i cibé tír nó críoch eile a shonrófar san ordú. | |
[EN] |
Ceadúnais. |
6 .— (1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ceadúnas a dheonú chun críche alt 3 , 4 nó 5, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar sa cheadúnas, nó féadfaidh sé nó sí diúltú ceadúnas den sórt sin a dheonú. |
[EN] | (2) Maidir le hiarratas ar cheadúnas, beidh sé i cibé foirm, agus beidh cibé faisnéis ann, a shonróidh an tAire. | |
[EN] | (3) Fanfaidh ceadúnas i bhfeidhm ar feadh tréimhse sonraithe nó go dtí go gcúlghairtear go cuí é más túisce a tharlaíonn sé sin. | |
[EN] | (4) Measfar, maidir le ceadúnas arna eisiúint faoi alt 3 den Acht chun Onnmhairiú a Rialú 1983, gur ceadúnas é arna eisiúint go cuí faoi fho-alt (1) agus fanfaidh sé i bhfeidhm ar feadh na tréimhse a bheidh sonraithe sa cheadúnas nó go dtí go gcúlghairtear go cuí é más túisce a tharlaíonn sé sin. | |
[EN] | (5) I gcás ina ndiúltaíonn an tAire ceadúnas a dheonú do dhuine— | |
[EN] | (a) déanfar an diúltú sin agus na cúiseanna leis an diúltú sin a chur in iúl don duine, agus | |
[EN] | (b) féadfaidh an duine achomharc a dhéanamh in aghaidh an diúltaithe de réir rialachán faoi fho-alt (6). | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo. | |
[EN] | (7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (6), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin alt seo maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas: | |
[EN] | (a) an fhoirm agus an modh ina bhféadfar iarratas ar cheadúnas a dhéanamh (lena n-áirítear foráil maidir le hiarratais ar-líne); | |
[EN] | (b) an fhoirm agus an modh ina bhféadfar ceadúnas a athnuachan (lena n-áirítear foráil maidir le hiarratais ar-líne ar athnuachan); | |
[EN] | (c) ceanglais maidir le hiarratasóirí do thabhairt cibé faisnéis nó sonraí breise a shonrófar ar faisnéis í nó ar sonraí iad a bhaineann leis an iarratas; | |
[EN] | (d) an tréimhse ar laistigh di a dhéileálfar leis an iarratas; | |
[EN] | (e) an modh ina bhféadfar an cinneadh ar an iarratas a chur in iúl don iarratasaóir; | |
[EN] | (f) ré ceadúnais; | |
[EN] | (g) na himthosca ina bhféadfar ceadúnas a chúlghairm; | |
[EN] | (h) ceart achomhairc in aghaidh na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (i) diúltú d’iarratas ar cheadúnas, | |
[EN] | (ii) diúltú d’iarratas ar cheadúnas a athnuachan, agus | |
[EN] | (iii) cúlghairm ceadúnais; | |
[EN] | (i) na nósanna imeachta maidir le hachomhairc a éisteacht agus a chinneadh (lena n-áirítear teorainneacha ama chun achomhairc a thaisceadh agus a éisteacht); | |
[EN] | (j) na táillí (más ann) a bheidh le híoc ar iarratas a dhéanamh le haghaidh ceadúnais nó ar athnuachan ceadúnais nó ar achomharc a dhéanamh faoin Acht seo agus an tráth a íocfar, agus an modh ina n-íocfar, táillí den sórt sin; | |
[EN] | (k) taifid a choimeád i ndáil le hiarratais; | |
[EN] | (l) sealbhóirí ceadúnais do chur i ngníomh nósanna imeachtaí inmheánacha cuí maidir le comhlíonadh; | |
[EN] | (m) sealbhóirí ceadúnas do dhéanamh tuairisceán. | |
[EN] | (8) Ní dhéanfaidh duine, i ndáil le hiarratas ar cheadúnas (lena n-áirítear iarratas ar cheadúnas a athnuachan) nó i ndáil le hachomharc de dhroim achomhairc den sórt sin, ráiteas i scríbhinn is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha. | |
[EN] |
Oifigigh údaraithe. |
7 .— (1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “oifigeach údaraithe”— | |
[EN] | (a) duine a cheapfar faoi fho-alt (2), nó | |
[EN] | (b) oifigeach Custam agus Máil; | |
[EN] | ciallaíonn “áitreabh” aon áit nó feithicil; | |
[EN] | folaíonn “taifead”, i dteannta taifid i scríbhinn— | |
[EN] | (a) diosca, téip, fuaimrian nó feiste eile, lena n-áirítear feiste leictreonach, ina bhfuil faisnéis, fuaimeanna nó comharthaí corpraithe ionas gur féidir (le cúnamh, nó gan chúnamh, ó aon ghléas eile) iad a atáirgeadh i bhfoirm inléite nó inchloiste, | |
[EN] | (b) scannán, téip, nó feiste eile, lena n-áirítear feiste leictreonach, ina bhfuil amharcíomhánna corpraithe ionas gur féidir (le cúnamh, nó gan chúnamh, ó aon ghléas eile) iad a atáirgeadh in amharcfhoirm, | |
[EN] | (c) grianghraf, | |
[EN] | agus folaíonn aon tagairt do chóip de thaifead— | |
[EN] | (i) i gcás taifid lena mbaineann mír (a), athscríbhinn de na fuaimeanna nó na comharthaí atá corpraithe ann, | |
[EN] | (ii) i gcás taifid lena mbaineann mír (b), fos-atáirgeadh ar na híomhánna atá corpraithe ann, agus | |
[EN] | (iii) i gcás taifid lena mbaineann míreanna (a) agus (b), athscríbhinn den sórt sin mar aon le fos-atáirgeadh den sórt sin; | |
[EN] | ciallaíonn “feithicil” aon chóir iompair ina ndéantar nó lena ndéantar aon duine nó rud, nó iad araon, a iompar agus atá ceaptha lena húsáid ar talamh, nó ar uisce nó san aer, nó ar níos mó ná ceann amháin de na slite sin, agus folaíonn sé— | |
[EN] | (a) cuid d’fheithicil, | |
[EN] | (b) ní atá deartha mar fheithicil ach nach bhfuil in ann feidhmiú mar fheithicil, | |
[EN] | (c) scipe nó coimeádán eile atá ceaptha lena úsáid ar fheithicil nó a úsáidtear i gcomhair iompair ar fheithicil, | |
[EN] | (d) leantóir atá ceaptha lena úsáid, nó a úsáidtear, in éineacht le feithicil. | |
[EN] | (2) Chun críocha an Achta seo, féadfaidh an tAire, i scríbhinn, na daoine seo a leanas a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe— | |
[EN] | (a) cibé oifigigh, agus cibé líon oifigeach, dá chuid nó dá cuid, agus | |
[EN] | (b) chun cibé críocha a shonróidh an tAire, cibé daoine eile agus cibé líon daoine eile. | |
[EN] | (3) (a) Déanfar barántas ceapacháin mar oifigeach údaraithe a eisiúint do gach duine a cheapfar faoi fho-alt (2). | |
[EN] | (b) Aon uair a bheidh aon fheidhm a thugtar do dhuine mar oifigeach údaraithe á feidhmiú aige nó aici, déanfaidh an duine sin, má iarrann aon duine dá ndéantar difear air nó uirthi é — | |
[EN] | (i) i gcás duine a cheapfar faoi fho-alt (2), a bharántas nó a barántas a thabhairt ar aird, nó | |
[EN] | (ii) i gcás oifigigh Custam agus Máil, a údarú nó a húdarú mar oifigeach údaraithe den sórt sin a thabhairt ar aird, | |
[EN] | don duine a iarrann amhlaidh é. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, aon tráth, ceapachán mar oifigeach údaraithe a fhoirceannadh, cibé acu ba thréimhse shocraithe ceapacháin a bhí ann nó nárbh ea. | |
[EN] | (5) Scoirfidh ceapachán mar oifigeach údaraithe— | |
[EN] | (a) i gcás ina ndéanann an tAire é a fhoirceannadh de bhun fho-alt (4), | |
[EN] | (b) i gcás inar ceapachán ar feadh tréimhse socraithe é, ag deireadh na tréimhse sin, | |
[EN] | (c) más oifigeach don Aire an duine a cheapfar, an tráth a scoireann sé nó sí de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach den sórt sin. | |
[EN] | (6) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (5) ionas go gcoisctear ar an Aire duine lena mbaineann an fo-alt sin a athcheapadh mar oifigeach údaraithe. | |
[EN] | (7) Faoi réir fho-alt (10), féadfaidh oifigeach údaraithe, chun críocha an Achta seo dul isteach in aon áitreabh gach tráth réasúnach (agus forneart réasúnach a úsáid más gá) agus— | |
[EN] | (a) a cheangal go ndéanfar— | |
[EN] | (i) aon cheadúnas a thabhairt ar aird, nó | |
[EN] | (ii) aon doiciméad nó taifead a thabhairt ar aird, ar dóigh leis nó léi ar fhorais réasúnacha gur fianaise é ar onnmhairiú earraí nó teicneolaíochta nó ar ghníomhaíochtaí bróicéireachta nó cúnamh teicniúil a sholáthar, | |
[EN] | agus féadfaidh sé nó sí aon cheadúnas, doiciméad nó taifead den sórt sin a iniúchadh agus, i gcás ceadúnas, doiciméad nó taifead den sórt sin a bheith i bhfoirm neamh-inléite, féadfaidh sé nó sí a cheangal go ndéanfar an ceadúnas, an doiciméad nó an taifead sin a tháirgeadh, nó go n-éascófar táirgeadh an cheadúnais, an doiciméid nó an taifid sin, i bhfoirm inléite, agus féadfaidh sé nó sí cóipeanna a dhéanamh d’aon cheadúnas, doiciméad nó taifead den sórt sin nó sleachta a thógáil as nó aon cheadúnas, doiciméad nó taifead den sórt sin a thabhairt chun bealaigh agus a choimeád go ceann cibé tréimhse a bheidh réasúnach chun iad a scrúdú nó chun críocha aon imeachtaí i ndáil le cion faoin Acht seo, | |
[EN] | (b) a cheangal ar dhuine cibé faisnéis a thabhairt don oifigeach údaraithe, ar faisnéis í a theastóidh le réasún uaidh nó uaithi chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo, | |
[EN] | (c) cibé scrúduithe, tástálacha, iniúchtaí agus seiceálacha a dhéanamh, nó a chur faoi deara iad a dhéanamh, ar an áitreabh, ar na hearraí nó ar an teicneolaíocht nó ar aon ní eile ag an áitreabh de réir mar is dóigh leis nó léi le réasún is gá chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo, | |
[EN] | (d) samplaí d’earraí nó de theicneolaíocht a gheofar ag an áitreabh a thógáil chun críocha anailíse agus scrúdaithe de réir mar a mheasann sé nó sí, le réasún, is gá chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo, | |
[EN] | (e) aon áitreabh nó aon chuid d’aon áitreabh nó aon trealamh a gheofar ag an áitreabh sin a dhaingniú, lena iniúchadh nó lena hiniúchadh tráth is faide anonn, ar feadh cibé tréimhse is gá le réasún chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo, | |
[EN] | (f) cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun a chinntiú go gcomhlíonfar an tAcht seo. | |
[EN] | (8) Más rud é go gcreideann oifigeach údaraithe ar fhorais réasúnacha go bhfuil cion faoin Acht seo déanta ag duine féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine sin a ainm nó a hainm agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi a thabhairt dó nó di. | |
[EN] | (9) Le linn d’oifigeach údaraithe a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú, féadfaidh sé nó sí cúnamh a fháil ó cibé duine eile a mheasann an t-oifigeach údaraithe a bheith riachtanach chuige sin, lena n-áirítear comhalta den Gharda Síochána. | |
[EN] | (10) Más rud é nach mbeidh barántas faighte ag oifigeach údaraithe de réir fho-alt (11), ní rachaidh sé nó sí isteach i dteaghais phríobháideach ach amháin le toiliú an áititheora nó an duine atá i gceannas an áitribh. | |
[EN] | (11) Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar d’oifigeach údaraithe le haon fhoráil eile nó faoi aon fhoráil eile den alt seo, más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach údaraithe á rá go bhfuil forais réasúnacha droch-amhrais ann— | |
[EN] | (a) go bhfuil faisnéis nó taifid a theastaíonn ó oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo á sealbhú in aon áitreabh, ag aon áitreabh nó ar aon áitreabh, nó | |
[EN] | (b) go bhfuil earraí nó teicneolaíocht nó aon ní eile ann a theastaíonn ó oifigeach údaraithe a iniúchadh chun críocha an Achta seo, nó gur dócha go nochtfar sárú ar an Acht seo le hiniúchadh den sórt sin, | |
[EN] | ansin, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint á údarú don oifigeach údaraithe, agus oifigigh údaraithe eile nó daoine eile lena n-áirítear comhaltaí den Gharda Síochána in éineacht leis nó léi más gá, dul isteach san áitreabh, le forneart réasúnach más gá, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, agus gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí a thugtar d’oifigeach údaraithe leis an Acht seo nó faoin Acht seo a fheidhmiú. | |
[EN] | (12) Déanfar iarratas ar bharántas faoi fho-alt (11) chuig breitheamh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche ina bhfuil an t-áitreabh suite. | |
[EN] | (13) Tá cion déanta ag duine— | |
[EN] | (a) má chuireann sé nó sí bac nó treampán— | |
[EN] | (i) ar oifigeach údaraithe i bhfeidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo, nó | |
[EN] | (ii) ar dhuine a bhfuil cúnamh á thabhairt d’oifigeach údaraithe aige nó aici de bhun fho-alt (9), | |
[EN] | (b) má dhiúltaíonn nó má mhainníonn sé nó sí, gan leithscéal réasúnach, ceanglas arna dhéanamh faoi fho-alt (7)(b) nó (8) a chomhlíonadh, | |
[EN] | (c) má thugann sé nó sí ráiteas nó faisnéis d’oifigeach údaraithe ar ráiteas é nó ar faisnéis í arb eol dó nó di é nó í a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó | |
[EN] | (d) má dhéanann sé nó sí aon doiciméid nó taifid a athrú, a choinneáil siar nó a dhíothú, ar doiciméid nó taifid iad a ceanglaíodh ar an duine lena mbaineann a thabhairt ar aird, nó a bhféadfadh an duine sin a bheith ag ceapadh le réasún go gceanglófaí air nó uirthi iad a thabhairt ar aird. | |
[EN] |
Cionta. |
8 .— (1) Aon duine— |
[EN] | (a) a sháraíonn ordú faoi alt 3 , 4, nó 5, | |
[EN] | (b) a sháraíonn téarmaí ceadúnais, | |
[EN] | (c) a sháraíonn rialachán faoi alt 6 (6), nó | |
[EN] | (d) a sháraíonn alt 6 (8), | |
[EN] | tá cion déanta aige nó aici agus dlífear— | |
[EN] | (i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
[EN] | (ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil— | |
[EN] | (I) fíneáil a chur air nó uirthi nach mó a méid ná €10,000,000 nó, más iomchuí, ná 3 oiread luach na n-earraí nó na teicneolaíochta lena mbaineann agus ar ina leith a rinneadh an cion, cibé acu is mó, nó | |
[EN] | (II) príosúnacht a chur air nó uirthi ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, | |
[EN] | nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin araon a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (2) Aon duine a dhéanann cion faoi alt 7 (13), dlífear— | |
[EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
[EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €50,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine eile a bhí ag gníomhú nó a d’airbheartaigh gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite. | |
[EN] |
Tuarascáil Bhliantúil. |
9 .— Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta tar éis dheireadh gach bliana (ag tosú leis an mbliain dar críoch an 31 Nollaig 2008), tuarascáil ar oibriú nithe a thagann faoi réim an Achta seo sa bhliain roimhe sin a ullmhú agus a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |
[EN] |
Caiteachais. |
10 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Aisghairm agus cosaint. |
11 .— (1) Aisghairtear an tAcht chun Onnmhairí a Rialú 1983. |
[EN] | (2) D’ainneoin fho-alt (1), leanann an tOrdú chun Onnmhairí a Rialú 2005 (I.R. Uimh. 884 de 2005) i bhfeidhm tar éis thosach feidhme an fho-ailt sin. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
12 .— (1) Féadfar an tAcht chun Onnmhairí a Rialú 2008 a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tagann an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. | |
1O.J. Uimh. L156, 25.06.2003 lch. 79 |