3 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 2008


AN tACHT AIRGEADAIS 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil 1

Léiriú

Alt

1 . Léiriú (Cuid 1).

Caibidil 2

Cáin Ioncaim

2 . Leasú ar alt 15 (ráta muirir) den Phríomh-Acht.

3 . Creidmheasanna cánach pearsanta.

4 . Díolúine aoise.

5 . Scor teorainneacha díolúine.

6 . Leasú ar alt 473 (liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe) den Phríomh-Acht.

7 . Leasú ar alt 244 (faoiseamh i leith úis a íocadh ar iasachtaí áirithe tí cónaithe) den Phríomh-Acht.

8 . Leasú ar alt 122 (socruithe maidir le hiasacht tosaíochta) den Phríomh-Acht.

9 . Leasú ar alt 467 (duine fostaithe ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe) den Phríomh-Acht.

10 . Leasú ar alt 472C (faoiseamh i leith suibscríobhanna ceardchumainn) den Phríomh-Acht.

11 . Leasú ar alt 216A (faoiseamh maidir le seomra a ligean ar cíos) den Phríomh-Acht.

12 . Leasú ar Sceideal 13 (daoine cuntasacha chun críocha Chaibidil 1 de Chuid 18) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

13 . Leasú ar Sceideal 12A (scéimeanna scair-rogha coigilteas-choibhneasa ceadaithe) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

14 . Leasú ar alt 515 (scaireanna breise nó neamhúdaraithe) den Phríomh-Acht.

15 . Leasú ar alt 657 (meán a thógáil ar bhrabúis feirme) den Phríomh-Acht.

16 . Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le stiúrthóirí agus fostaithe a fhaigheann urrúis inchomhshóite.

17 . Leasú ar alt 986 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

18 . Leasú ar an gcaoi a ndéileálfar, ó thaobh cánach, le hioncam ó shealúchais áirithe sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann.

19 . Scéimeanna scaireanna: tuairisceáin faisnéise.

20 . Cúnamh athstruchtúraithe agus éagsúlaithe d’fhásóirí biatais siúcra.

21 . Comhaontuithe imghéillte tuarastail arna gceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim.

22 . Leasú ar alt 201 (díolúintí agus faoisimh i leith cánach faoi alt 123) den Phríomh-Acht.

23 . Teorainn a chur le méid faoiseamh áirithe a mbaineann pearsana aonair áirithe a thuilleann mór-ioncam leas astu.

Caibidil 3

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

24 . Leasú ar Chuid 16 (faoiseamh ó cháin ioncaim i leith infheistíochta i dtrádálacha corpraithe — an scéim um leathnú gnó agus an scéim síolchaipitil) den Phríomh-Acht.

25 . Leasú ar alt 81A (srian le hasbhaintí i leith ranníocaí sochair fostaithe) den Phríomh-Acht.

26 . Liúntais chaipitiúla le haghaidh aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh.

27 . Scéim infheistíochta bonneagair turasóireachta chonair na Sionainne Láir.

28 . Liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh agus déanmhas i láithreáin chláraithe charbhán agus champála.

29 . Leasú ar an srian le forbróirí maoine faoi scéimeanna áirithe agus le liúntais chaipitiúla le haghaidh saoráidí cúraim leanaí áirithe.

30 . Soithí iascaireachta a dhíchoimisiúnú: leasú ar alt 288 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta) den Phríomh-Acht.

31 . Liúntais agus caiteachais chaipitiúla i leith gluaisteán gnó.

32 . Leasú ar alt 481 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Phríomh-Acht.

33 . Leasú ar alt 668 (diúscairtí éigeantacha beostoic) den Phríomh-Acht.

34 . Leasú ar Sceideal 26A (deonacháin do chomhlachtaí ceadaithe, etc.) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

35 . Leasú ar alt 531 (íocaíochtaí le fochonraitheoirí i dtionscail áirithe) den Phríomh-Acht.

36 . Leasú ar alt 110 (urrúsú) den Phríomh-Acht.

37 . Cúlchistí comhionannaithe le haghaidh gnó árachais agus athárachais creidmheasa de chuid cuideachtaí.

38 . Leasú ar alt 730D (gnóchan a éiríonn as teagmhas inmhuirearaithe) den Phríomh-Acht.

39 . Leasú ar Chaibidil 1A (gnóthais infheistíochta) de Chuid 27 den Phríomh-Acht.

40 . Leasú ar alt 768 (liúntas le haghaidh fios feasa) den Phríomh-Acht.

41 . Caiteachas lena ngabhann coireacht.

42 . Aistrithe áirithe sócmhainní idir cuideachtaí.

Caibidil 4

Cáin Chorparáide

43 . Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le díbhinní áirithe, etc.

44 . Leasú ar Chuid 13 (dlúthchuideachtaí) den Phríomh-Acht.

45 . Leasú ar Chuid 24 (cánachas ar bhrabúis mianach áirithe agus cánachas ar pheitriliam) den Phríomh-Acht.

46 . Liúntas caithimh agus cuimilte a luathú le haghaidh trealaimh áirithe atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de.

47 . Réamhcháin.

48 . Scaireanna dá cuid féin a cheannach — forlíontach.

49 . Leasú ar Sceideal 24 (faoiseamh ó cháin ioncaim agus ó cháin chorparáide trí bhíthin creidmheasa i leith cánach coigríche) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

50 . Leasú ar alt 766 (creidmheas cánach le haghaidh caiteachais taighde agus forbartha) den Phríomh-Acht.

51 . Díbhinní a íoctar i dtaca le diúscairtí scaireanna nó urrús.

52 . Leasú ar Sceideal 4 (comhlachtaí stát-tionscanta neamhthráchtála sonraithe a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe cánach) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

53 . Leasú ar alt 448 (faoiseamh ó cháin chorparáide) den Phríomh-Acht.

Caibidil 5

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

54 . Leasú ar Chaibidil 6 (aistrithe sócmhainní gnó) de Chuid 19 den Phríomh-Acht.

55 . Leasú ar alt 603A (láithreán a dhiúscairt chuig leanbh) den Phríomh-Acht.

56 . Leasú ar Sceideal 15 (liosta de chomhlachtaí chun críocha alt 610) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

CUID 2

Mál

Caibidil 1

Cáin Leictreachais

57 . Léiriú (Caibidil 1).

58 . Muirearú agus rátaí.

59 . Dliteanas.

60 . Tuairisceáin agus íocaíocht.

61 . Soláthar measctha.

62 . Clárú.

63 . Faoisimh.

64 . Aisíocaíochtaí.

65 . Cion agus pionós.

66 . Rialacháin (Caibidil 1).

67 . Cúram agus bainistiú (Caibidil 1).

68 . Tosach feidhme (Caibidil 1).

Caibidil 2

Ilghnéitheach

69 . Leasú ar Chaibidil 1 de Chuid 2 (dlí máil ginearálta a chomhdhlúthú agus a nuachóiriú) den Acht Airgeadais 2001.

70 . Leasú ar Chuid 2 (comhdhlúthú agus nuachóiriú an dlí ghinearálta máil) den Acht Airgeadais 2001.

71 . Rátaí cánach ola mianra.

72 . Leasú ar Chaibidil 1 (cáin ola mianra) de Chuid 2 den Acht Airgeadais 1999.

73 . Leasú ar alt 78A (faoiseamh i gcomhair grúdlann beag) den Acht Airgeadais 2003.

74 . Rátaí cánach táirgí tobac.

75 . Méadú ar mhál ar eischeadúnais miondíoltóirí.

76 . Aisghairm i ndáil le dlí máil.

77 . Leasú ar phionóis ar chiontú go hachomair mar gheall ar chionta máil áirithe.

78 . Leasú ar alt 130 (léiriú) den Acht Airgeadais 1992.

79 . Leasú ar alt 132 (dleacht mháil a mhuirearú) den Acht Airgeadais 1992.

80 . Leasú ar alt 134 (faoisimh bhuana) den Acht Airgeadais 1992.

81 . Loghadh nó aisíoc i leith cánach cláraithe feithiclí ar fheithiclí leictreacha hibrideacha áirithe, nó ar fheithiclí breosla sholúbtha áirithe, nó ar fheithiclí leictreacha áirithe, nó ar ghluaisrothair leictreacha áirithe.

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

82 . Léiriú (Cuid 3).

83 . Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

84 . Leasú ar alt 2 (cáin bhreisluacha a mhuirearú) den Phríomh-Acht.

85 . Leasú ar alt 3 (soláthar earraí) den Phríomh-Acht.

86 . Leasú ar alt 4 (forálacha speisialta maidir le hearraí dochorraithe a sholáthar) den Phríomh-Acht.

87 . Leasú ar alt 4A (duine a dhlíonn cáin a íoc i ndáil le soláthairtí áirithe earraí dochorraithe) den Phríomh-Acht.

88 . Soláthairtí earraí dochorraithe, etc.

89 . Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht.

90 . Leasú ar alt 7 (díolúine a tharscaoileadh) den Phríomh-Acht.

91 . Rogha chun ligin earraí dochorraithe a chur faoi cháin, etc.

92 . Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.

93 . Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirearaithe cáin) den Phríomh-Acht.

94 . Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

95 . Leasú ar alt 12B (scéim speisialta i leith córacha iompair arna soláthar ag déileálaithe inchánach) den Phríomh-Acht.

96 . Leasú ar alt 12C (scéim speisialta i leith innealra talmhaíochta) den Phríomh-Acht.

97 . Leasú ar alt 12D (cáin atá inasbhainte in imthosca áirithe a choigeartú) den Phríomh-Acht.

98 . Scéim earraí caipitiúla.

99 . Leasú ar alt 14 (an cháin a bheidh dlite a chinneadh faoi threoir fáltas airgid) den Phríomh-Acht.

100 . Leasú ar alt 16 (dualgas taifid a choimeád) den Phríomh-Acht.

101 . Leasú ar alt 17 (sonraisc) den Phríomh-Acht.

102 . Leasú ar alt 19 (cáin atá dlite agus iníoctha) den Phríomh-Acht.

103 . Leasú ar alt 26 (pionóis i gcoitinne) den Phríomh-Acht.

104 . Leasú ar alt 27 (tuairisceáin chalaoiseacha, etc.) den Phríomh-Acht.

105 . Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

106 . Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

107 . Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

108 . Leasú ar phionóis (Cuid 3).

109 . Leasuithe ilghnéitheacha a bhaineann leis an míniú ar dhuine inchánach a leasú.

CUID 4

Dleachtanna stampa

110 . Léiriú (Cuid 4).

111 . Ionstraimí a stampáil go leictreonach.

112 . Leasú ar alt 5 (comhaontú maidir le dleacht stampa a íoc ar ionstraimí) den Phríomh-Acht.

113 . Leasú ar alt 45A (idirbhearta a chomhiomlánú) den Phríomh-Acht.

114 . Leasú ar alt 75 (faoiseamh d’idirghabhálaithe) den Phríomh-Acht.

115 . Leasú ar alt 79 (maoin a thíolacadh agus a aistriú idir comhlachtaí corpraithe áirithe) den Phríomh-Acht.

116 . Leasú ar alt 80 (cuideachtaí a athchóiriú nó a chónascadh) den Phríomh-Acht.

117 . Leasú ar alt 83A (láithreán a aistriú chuig leanbh) den Phríomh-Acht.

118 . Leasú ar alt 85 (caipiteal iasachta áirithe agus urrúis áirithe) den Phríomh-Acht.

119 . Gnóthais infheistíochta áirithe a athchóiriú nó a chónascadh.

120 . Lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa.

121 . Údaráis tithíochta agus an Chomhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe.

122 . Faoisimh d’úinéirí-áititheoirí: leasú ar Chaibidil 2 (ionstraimí eile) de Chuid 7 den Phríomh-Acht.

123 . Leasú ar Chuid 9 (tobhaigh) den Phríomh-Acht

124 . Dleacht a mhuirearaítear ar ráitis a mheasúnú.

125 . Leasú ar Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil

126 . Léiriú (Cuid 5).

127 . Leasú ar alt 57 (ró-íoc cánach) den Phríomh-Acht.

128 . Leasú ar alt 62 (deimhniú a bhaineann le clárú teidil bunaithe ar sheilbh) den Phríomh-Acht.

129 . Leasú ar alt 106 (socruithe maidir le faoiseamh ó chánachas dúbailte) den Phríomh-Acht.

CUID 6

Ilghnéitheach

130 . Léiriú (Cuid 6).

131 . Leasú ar alt 1003 (cáin a íoc trí mhíreanna oidhreachta a bhronnadh) den Phríomh-Acht.

132 . Leasú ar alt 1003A (cáin a íoc trí mhaoin oidhreachta a dheonú d’Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann) den Phríomh-Acht.

133 . Leasú ar alt 891B (tuairisceáin maidir le híocaíochtaí áirithe arna ndéanamh ag daoine áirithe) den Phríomh-Acht.

134 . Amhrastaigh i gcoimeád an Gharda Síochána a cheistiú in imthosca áirithe.

135 . Leasú ar alt 818 (léiriú (Cuid 34)) den Phríomh-Acht.

136 . Leasú ar alt 888 (tuairisceáin etc. ó léasóirí, ó léasaithe agus ó ghníomhairí) den Phríomh-Acht.

137 . Leasuithe ilghnéitheacha i ndáil le héilimh ar aisíoc cánach.

138 . Leasú ar na pionóis a bhaineann le ciontú go hachomair i gcionta ioncaim áirithe.

139 . Forálacha a bhaineann le rialacháin chustam áirithe.

140 . Leasú ar alt 811A (idirbhearta chun dliteanas cánach a sheachaint: formhuirear, ús agus fógraí cosantacha) den Phríomh-Acht.

141 . Leasuithe teicniúla ilghnéitheacha i ndáil le cáin.

142 . An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

143 . Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

144 . Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

SCEIDEAL 1

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Chreidmheasanna Cánach Pearsanta

SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach Leictreachais

SCEIDEAL 3

Aisghairm i ndáil leis an Dlí Máil

CUID 1

Aisghairm

CUID 2

Cúlghairm

SCEIDEAL 4

Leasuithe Ilghnéitheacha a Bhaineann leis an Leasú ar an Míniú ar Dhuine Inchánach

SCEIDEAL 5

Dleacht Stampa ar Ionstraimí

SCEIDEAL 6

Leasuithe Ilghnéitheacha i nDáil le hÉilimh ar Aisíoc Cánach

SCEIDEAL 7

Forálacha a bhaineann le Rialacháin Chustam Áirithe

SCEIDEAL 8

Leasuithe Teicniúla Ilghnéitheacha i nDáil le Cáin


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Gheall-Chur 1931

1931, Uimh. 27

An tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil 1976

1976, Uimh. 8

An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003

2003, Uimh. 1

Acht na gCuideachtaí 1990

1990, Uimh. 33

An tAcht um Cheartas Coiriúil 1984

1984, Uimh. 22

An tAcht um an Dlí Coiriúil 1997

1997, Uimh. 14

An tAcht Aerphoirt Neamhchustam 1947

1947, Uimh. 5

Finance (1909-10) Act 1910

10 Edw.7, c.8

An tAcht Airgid 1925

1925, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais 1949

1949, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais 1964

1964, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais 1966

1966, Uimh. 17

An tAcht Airgeadais 1971

1971, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais 1980

1980, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais 1983

1983, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais 1989

1989, Uimh. 10

An tAcht Airgeadais 1992

1992, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais 1999

1999, Uimh. 2

An tAcht Airgeadais 2001

2001, Uimh. 7

An tAcht Airgeadais 2002

2002, Uimh. 5

An tAcht Airgeadais 2003

2003, Uimh. 3

An tAcht Airgeadais 2004

2004, Uimh. 8

An tAcht Airgeadais 2005

2005, Uimh. 5

An tAcht Airgeadais 2006

2006, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais 2007

2007, Uimh. 11

Acht na dTithe 1988

1988, Uimh. 28

Achtanna na dTithe 1996 go 2004

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992

1992, Uimh. 18

Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos) 1982

1982, Uimh. 6

Industrial and Provident Societies Act 1893

56 & 57 Vict., c. 34

An tAcht um Fhorbairt Tionscail 1995

1995, Uimh. 28

An tAcht um Idirghabhálaithe Infheistíochta 1995

1995, Uimh. 11

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

Post Office Savings Bank Act 1861

24 & 25 Vict., c.14

An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide 1983

1983, Uimh. 24

An tAcht Sláinte Poiblí (Tobac) 2002

2002, Uimh. 6

An tAcht Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú) 2004

2004, Uimh. 6

An tAcht um Chlárú Gníomhas agus Teidil 2006

2006, Uimh. 12

An tAcht um Chlárú Teidil 1964

1964, Uimh. 16

An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004

2004, Uimh. 27

Succession Duty Act 1853

16 & 17 Vict., c.51

Stamp Act 1891

54 & 55 Vict., c.39

An tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999

1999, Uimh. 31

An tAcht um Aerfoirt Stáit 2004

2004, Uimh. 32

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

Na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta 1939 go 2003

An tAcht Cánach Breisluacha 1972

1972, Uimh. 22

Na hAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 2008


AN tACHT AIRGEADAIS 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FORCHUR, AISGHAIRM, LOGHADH, ATHRÚ AGUS RIALÁIL CÁNACHAIS, DLEACHTANNA STAMPA AGUS DLEACHTANNA A BHAINEANN LE MÁL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ EILE THAIRIS SIN I dTAOBH AIRGEADAIS LENA nÁIRÍTEAR RIALÁIL CUSTAM.

[13 Márta, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil 1

Léiriú

Léiriú (Cuid 1).

1 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Caibidil 2

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 15 (ráta muirir) den Phríomh-Acht.

2 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2008 agus le blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) trí “€26,400” a chur in ionad “€25,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007) i bhfo-alt (3), agus

(b) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla (arna chur isteach amhlaidh) a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID 1

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €35,400

20 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An fuílleach

41 faoin gcéad

an t-ardráta

CUID 2

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €39,400

20 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An fuílleach

41 faoin gcéad

an t-ardráta

CUID 3

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €44,400

20 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An fuílleach

41 faoin gcéad

an t-ardráta

”.

Creidmheasanna cánach pearsanta.

3 .— (1) Más rud é, faoi fhoráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, go mbeidh pearsa aonair i dteideal go ndéanfar an cháin ioncaim a bheidh le muirearú ar an bpearsa aonair, ar shlí seachas de réir fhorálacha alt 16(2) den Phríomh-Acht, a laghdú don bhliain mheasúnachta 2008 nó d’aon bhliain mheasúnachta dá héis agus gurbh é méid an laghdaithe, mura mbeadh an t-alt seo, méid arb é an méid is lú díobh seo a leanas—

(a) an méid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin, agus

(b) an méid a laghdaíonn an dliteanas sin go nialas,

is é méid an laghdaithe de réir mhír (a) méid an chreidmheasa cánach a shonraítear i gcolún (3) den Tábla.

AN TÁBLA

An Fhoráil Reachtúil

Creidmheas cánach láithreach

Creidmheas cánach don bhliain 2008 agus do bhlianta dá héis sin

(1)

(2)

(3)

Alt 461

(bunchreidmheas cánach pearsanta)

(duine pósta)

(baintreach ar sa bhliain mheasúnachta a d’éag a chéile nó a céile)

(duine singil)

€3,520

€3,520

€1,760

€3,660

€3,660

€1,830

Alt 461A

(creidmheas cánach breise do bhaintreacha áirithe)

€550

€600

Alt 462

(creidmheas cánach teaghlaigh aontuismitheora)

€1,760

€1,830

Alt 463

(creidmheas cánach tuismitheora is baintreach)

(1ú bliain)

(2ú bliain)

(3ú bliain)

(4ú bliain)

(5ú bliain)

€3,750

€3,250

€2,750

€2,250

€1,750

€4,000

€3,500

€3,000

€2,500

€2,000

Alt 464

(creidmheas cánach aoise)

(duine pósta)

(duine singil)

€550

€275

€650

€325

Alt 465

(creidmheas cánach linbh éagumasaithe)

€3,000

€3,660

Alt 466A

(creidmheas cánach cúramóra baile)

€770

€900

Alt 468

(creidmheas cánach daill)

(duine dall)

(an dá chéile dall)

€1,760

€3,520

€1,830

€3,660

Alt 472

(creidmheas cánach fostaí)

€1,760

€1,830

(2) Beidh éifeacht le halt 3 (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2007) den Acht Airgeadais 2002 faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(3) Beidh feidhm ag Sceideal 1 chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Díolúine aoise.

4 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2008 agus le blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 188 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (2), trí “€40,000” a chur in ionad “€38,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007) agus trí “€20,000” a chur in ionad “€19,000” (a cuireadh isteach amhlaidh).

Scor teorainneacha díolúine.

5 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 187 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Scoirfidh an t-alt seo d’éifeacht a bheith leis an 1 Eanáir 2008 nó dá éis.”,

(b) in alt 188—

(i) i bhfo-alt (1) trí “agus in alt 187” a scriosadh,

(ii) i bhfo-alt (2) trí “faoi réir fho-alt (2A)” a chur in ionad “faoi réir alt 187(2)”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)—

“(2A) (a) Chun críocha an ailt seo, i gcás ina gcruthóidh éilitheoir go bhfuil aon leanbh cáilitheach dá chuid nó dá cuid beo tráth ar bith le linn na bliana measúnachta, ansin, faoi réir fho-alt (2B), déanfar an méid sonraithe (de réir bhrí an ailt seo) a mhéadú don bhliain mheasúnachta sin—

(i) €575 in aghaidh an chéad linbh den sórt sin,

(ii) €575 in aghaidh an dara leanbh den sórt sin, agus

(iii) €830 in aghaidh gach linbh den sórt sin de bhreis ar 2.

(b) Déanfar aon cheist i dtaobh leanbh a bheith ina leanbh cáilitheach chun críocha an ailt seo a chinneadh ar an mbonn céanna ar a gcinnfí í chun críocha alt 462, ach sin gan féachaint d’fho-ailt (1)(b), (2) agus (3) den alt sin.

(2B) Más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go bhfuil, nó go mbeadh mura mbeadh an fo-alt seo, teideal ag 2 phearsa aonair nó níos mó, faoi fho-alt (2A), chuig méadú ar an méid sonraithe (de réir bhrí an ailt seo) i leith an linbh chéanna, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) ní lamhálfar ach aon mhéadú amháin den sórt sin faoi fho-alt (2A) i leith gach linbh;

(b) i gcás nach mbeidh an leanbh sin á chothabháil nó á cothabháil ach ag aon phearsa aonair amháin, is é nó is í an phearsa aonair sin amháin a bheidh i dteideal an méadú a éileamh;

(c) i gcás ina mbeidh an leanbh sin á chothabháil nó á cothabháil ag níos mó ná pearsa aonair amháin, beidh gach pearsa aonair acu i dteideal cibé cuid den mhéadú a éileamh a bheidh i gcomhréir leis an méid a chaith an phearsa aonair sin ar an leanbh sin i gcoibhneas leis an méid iomlán a d’íoc na pearsana aonair go léir i leith chothabháil an linbh;

(d) nuair a bheifear á fhionnadh chun críocha an fho-ailt seo an bhfuil leanbh á chothabháil nó á cothabháil ag pearsa aonair agus, má tá, cá mhéad atá sé nó sí á chothabháil nó á cothabháil, measfar nach íocaíocht faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh aon íocaíocht a rinne an phearsa aonair faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh ar íocaíocht í a mbeidh an phearsa aonair sin i dteideal í a asbhaint le linn dá ioncam nó dá hioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.”,

agus

(iv) i bhfo-alt (6) trí “nó faoi alt 187” a scriosadh sa dá áit ina bhfuil sé,

(c) in alt 244(2)(c) trí “Ach amháin chun críocha alt 188” a chur in ionad “Ach amháin chun críocha ailt 187 agus 188”,

(d) in alt 261—

(i) i bhfo-alt (c)(i)(I) trí “alt 188” a chur in ionad “alt 187 nó 188”, agus

(ii) i bhfo-alt (c)(ii) trí “alt 188” a chur in ionad “ailt 187 nó 188”,

(e) i bhfo-alt 459(6) trí “alt 188” a chur in ionad “alt 187 nó 188”,

(f) i bhfo-alt 644A(3)(b) trí “alt 188” a chur in ionad “ailt 187 nó 188”, agus

(g) i bhfo-alt 787R(1)(b) trí “alt 188” a chur in ionad “ailt 187 nó 188”.

Leasú ar alt 473 (liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe) den Phríomh-Acht.

6 .— Leasaítear alt 473 den Phríomh-Acht, maidir leis an mbliain mheasúnachta 2008 agus le blianta measúnachta dá héis, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “teorainn shonraithe” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007), i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘ teorainn shonraithe ’, i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta—

(a) i gcás na ndaoine seo a leanas—

(i) duine pósta a mheasúnaítear i leith cánach de réir alt 1017, nó

(ii) baintreach,

€4,000; ach má bhí an phearsa aonair 55 bliana d’aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, ciallaíonn ‘teorainn shonraithe’ €8,000, agus

(b) in aon chás eile €2,000; ach má bhí an phearsa aonair 55 bliana d’aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, ciallaíonn ‘teorainn shonraithe’ €4,000;”.

Leasú ar alt 244 (faoiseamh i leith úis a íocadh ar iasachtaí áirithe tí cónaithe) den Phríomh-Acht.

7 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2008 agus blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 244 den Phríomh-Acht sa mhíniú ar “ús infhaoisimh” i bhfo-alt (1)(a)—

(a) trí “€20,000” a chur in ionad “€16,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007), agus

(b) trí “€10,000” a chur in ionad “€8,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007).

Leasú ar alt 122 (socruithe maidir le hiasacht tosaíochta) den Phríomh-Acht.

8 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2008 agus blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 122 den Phríomh-Acht sa mhíniú ar “an ráta sonraithe” i bhfo-alt (1)(a)—

(a) trí “5.5 faoin gcéad” a chur in ionad “4.5 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007) sa dá áit ina bhfuil sé, agus

(b) trí “13 faoin gcéad” a chur in ionad “12 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007).

Leasú ar alt 467 (duine fostaithe ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe) den Phríomh-Acht.

9 .— Leasaítear alt 467 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D’ainneoin fho-alt (2)(a) ach faoi réir na bhforálacha eile go léir den alt seo, féadfar faoiseamh a dheonú faoin alt seo sa chéad bhliain ina gcruthóidh an phearsa aonair go raibh sé nó sí nó gaol de chuid na pearsan aonair faoi éagumas iomlán le héiglíocht choirp nó mheabhrach.”.

Leasú ar alt 472C (faoiseamh i leith suibscríobhanna ceardchumainn) den Phríomh-Acht.

10 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2008 agus blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 472C den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí “€350” a chur in ionad “€300” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) sa mhíniú ar “méid sonraithe”.

Leasú ar alt 216A (faoiseamh maidir le seomra a ligean ar cíos) den Phríomh-Acht.

11 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2008 agus blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 216A den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (5), trí “€10,000” a chur in ionad “€7,620”.

Leasú ar Sceideal 13 (daoine cuntasacha chun críocha Chaibidil 1 de Chuid 18) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

12 .— (1) Leasaítear Sceideal 13 a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 111:

“111. Stiúrthóir an Bhinse Comhionannais.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 114:

“114. An tÚdarás Iomaíochta.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 120:

“120. An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 143:

“143. An Bord Comhairleach um Achtanna na Leanaí.”,

(e) trí mhíreanna 34, 81, 86, 107, 112 agus 157 a scriosadh, agus

(f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 164 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007):

“165. Gníomhaireacht Athbheochana Thuaisceart Luimnigh.

166. Gníomhaireacht Athbheochana Dheisceart Luimnigh.

167. An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.

168. Teilifís na Gaeilge.

169. Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann.

170. An Bord Cáilíochtaí Náisiúnta d'Obair Shóisialta.

171. An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara.

172. An tIonad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta.

173. An Oifig Náisiúnta d'Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach.”.

(2) (a) Measfar éifeacht a bheith le fo-alt (1)(a) amhail ar an agus ón 19 Iúil 2004

(b) Measfar éifeacht a bheith le fo-alt (1)(b) amhail ar an agus ón 1 Deireadh Fómhair 1991.

(c) Measfar éifeacht a bheith le fo-alt (1)(c) amhail ar an agus ón 30 Márta 2007.

(d) Measfar éifeacht a bheith le fo-alt (1)(d) amhail ar an agus ón 17 Iúil 2007.

(e) Measfar éifeacht a bheith le fo-alt (1)(e) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2008.

(f) Beidh éifeacht le fo-alt (1)(f) amhail ar an agus ón 1 Bealtaine 2008.

Leasú ar Sceideal 12A (scéimeanna scair-rogha coigilteas-choibhneasa ceadaithe) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

13 .— (1) Leasaítear Sceideal 12A a ghabhann leis an bPríomh-Acht i mír 25—

(a) i bhfo-mhír (2)(a) trí “€500” a chur in ionad “€320”, agus

(b) trí fho-mhír (3) a scriosadh.

(2) (a) Tá feidhm ag mír (a) d’fho-alt (1) maidir le ranníocaí arna ndéanamh faoi scéimeanna coigiltis conarthacha deimhnithe a rinneadh ar an 1 Feabhra 2008 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag mír (b) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Feabhra 2008.

Leasú ar alt 515 (scaireanna breise nó neamhúdaraithe) den Phríomh-Acht.

14 .— (1) Leasaítear alt 512(2A) den Phríomh-Acht i mír (c) trí “tréimhse 10 mbliana, nó cibé tréimhse is giorra ná sin (nach giorra ná an tréimhse dá dtagraítear i mír (b)) a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar a laghad,” a chur in ionad “tréimhse 10 mbliana ar a laghad”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 31 Eanáir 2008.

Leasú ar alt 657 (meán a thógáil ar bhrabúis feirme) den Phríomh-Acht.

15 .— (1) Leasaítear alt 657 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10):

“(10A) I gcás inarbh é an toradh a bheadh ar chomhpháirtíocht lena mbaineann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuóta Bainne) (Leasú) 2002 (I.R. Uimh. 97 de 2002) a thosú, murach sin, trádáil feirmeoireachta eile a scor go buan, ansin, d’ainneoin fho-alt (10) agus chun críocha fheidhm an ailt seo amháin, déileálfar leis an trádáil chomhpháirtíochta mar thrádáil ar leanúint as an trádáil eile sin.”.

Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le stiúrthóirí agus fostaithe a fhaigheann urrúis inchomhshóite.

16 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 128B:

“128C.— (1) San alt seo—

tá le ‘méid inmhuirearaithe’ an bhrí chéanna atá leis i bhfo-alt (6), arna ríomh de réir fho-alt (8);

tá le ‘teagmhas inmhuirearaithe’ an bhrí a thugtar i bhfo-alt (7);

ciallaíonn ‘scéim comhinfheistíochta’ aon scéim nó socrú a dhéantar chun saoráidí a sholáthar, nó arb é is éifeacht di saoráidí a sholáthar, chun go mbeadh daoine páirteach, mar thairbhithe, i mbrabúis nó in ioncam a thig as sócmhainní a fháil, a shealbhú, a bhainistiú nó a dhiúscairt;

forléireofar ‘urrúis inchomhshóite’ de réir fho-alt (4);

tá le ‘stiúrthóir’ agus ‘fostaí’ na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le halt 770(1);

folaíonn ‘leas’, i ndáil le hurrúis, leas in urrúis ar lú é ná lánúinéireacht thairbhiúil agus leas sna fáltais ó dhíol na n-urrús, ach ní fholaíonn sé ceart chun urrúis a fháil;

forléireofar ‘margadhluach’ de réir alt 548;

folaíonn ‘urrúis’—

(a) scaireanna,

(b) urrúis de réir bhrí alt 135,

(c) bintiúir, stoc bintiúir, stoc iasachta, bannaí, deimhnithe taisce, agus ionstraimí eile (lena n-áirítear deimhnithe agus barántais) lena gcruthaítear nó lena n-admhaítear féichiúnas, lena n-áirítear deimhnithe agus ionstraimí eile lena bhforáiltear do scair de bhrabúis cuideachta,

(d) roghanna (seachas roghanna chun urrúis a fháil, ach amháin i gcás ina bhfaightear na roghanna sin faoi shocruithe arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá leo cáin ioncaim, cáin chorparáide nó cáin ghnóchan caipitiúil a sheachaint) agus todhchaíochtaí airgeadais agus todhchaíochtaí tráchtearraí (de réir bhrí an Achta um Idirghabhálaithe Infheistíochta 1995),

(e) barántais agus ionstraimí eile a thugann teideal dá sealbhóirí suibscríobh le haghaidh urrús,

(f) deimhnithe agus ionstraimí eile a thugann cearta i leith urrús a shealbhaíonn daoine seachas daoine dá dtugtar na cearta agus a bhféadfar iad a aistriú gan toiliú na ndaoine sin, agus

(g) aonaid i scéim comhinfheistíochta,

ach ní fholaíonn sé seiceanna nó billí malairte eile, dréachtaí baincéara nó litreacha creidmheasa, ráitis ina dtaispeántar iarmhéideanna i gcuntais reatha, taisce nó choigiltis, nó léasanna agus diúscairtí eile maoine;

folaíonn ‘ scaireanna ’ urrúis (de réir bhrí alt 135) agus stoc.

(2) Aon tagairtí san alt seo d’fhostaí nó do stiúrthóir d’fháil urrús i gcuideachta mar stiúrthóir nó mar fhostaí de chuid na cuideachta sin nó de chuid cuideachta eile, folaíonn siad tagairtí d’urrúis arna bhfáil ag aon duine eile mar gheall ar oifig nó fostaíocht an stiúrthóra nó an fhostaí, agus chun na críche seo folaíonn “fostaíocht” fostaíocht roimhe sin nó fostaíocht ionchasach.

(3) Tá feidhm ag an alt seo más rud é—

(a) go bhfaigheann fostaí nó stiúrthóir urrúis i gcuideachta mar stiúrthóir nó mar fhostaí de chuid na cuideachta sin nó de chuid cuideachta eile (dá ngairtear ‘urrúis a bhaineann le fostaíocht’ san alt seo), agus

(b) an tráth a fhaightear na hurrúis, gur urrúis inchomhshóite nó leas in urrúis inchomhshóite na hurrúis.

(4) Chun críocha an ailt seo is urrúis inchomhshóite urrúis más rud é—

(a) go dtugann siad teideal (cibé acu is teideal láithreach nó teideal iarchurtha é agus cibé acu is teideal coinníollach nó neamhchoinníollach é) don sealbhóir chun iad a chomhshó—

(i) ina n-urrúis de thuairisc éagsúil, nó

(ii) in airgead nó i luach airgid,

(b) go ndéantar, le conradh, comhaontú, socruithe nó coinníoll—

(i) a údarú nó a cheangal go ndeonófar don sealbhóir teideal den sórt sin dá dtagraítear i mír (a), má éiríonn, nó mura n-éiríonn, imthosca áirithe, nó

(ii) foráil maidir leis na hurrúis a chomhshó, ar shlí seachas ag an sealbhóir, ina n-urrúis de thuairisc éagsúil nó in airgead nó i luach airgid.

(5) (a) Chun críocha na nithe seo a leanas—

(i) aon mhuirear i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E agus arna ríomh de réir alt 112 nó 128 ar na hurrúis a bhaineann le fostaíocht a fháil, nó

(ii) oibriú alt 122A,

déanfar margadhluach na n-urrús a bhaineann le fostaíocht a chinneadh amhail is nárbh urrúis inchomhshóite iad.

(b) Níl feidhm ag mír (a) má fhaightear na hurrúis a bhaineann le fostaíocht faoi shocruithe arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá leo cáin ioncaim, cáin chorparáide nó cáin ghnóchan caipitiúil a sheachaint, mura rud é gur mó margadhluach na n-urrús a bhaineann le fostaíocht arna chinneadh de réir mhír (a) ná an margadhluach arna chinneadh faoi mhír (c).

(c) I gcás nach bhfuil feidhm ag mír (a), déanfar margadhluach na n-urrús a bhaineann le fostaíocht a chinneadh—

(i) i gcás urrús a thagann faoi réim fho-alt (4)(a)(i) agus nach teideal láithreach agus neamhchoinníollach an teideal chun na hurrúis a chomhshó, amhail is dá mba theideal láithreach agus neamhchoinníollach é,

(ii) i gcás urrús a thagann faoi réim fho-alt (4)(b)(i), amhail is gur imthosca na himthosca de chineál a fhágfaidh go n-éiríonn teideal láithreach chun na hurrúis a chomhshó,

(iii) i gcás urrús a thagann faoi réim mhír (a)(ii) nó (b)(ii) d’fho-alt (4), amhail is dá ndéanfaí foráil chun iad a chomhshó láithreach,

agus i ngach cás, amhail is dá mba urrúis iad a bheadh inchomhshóite láithreach agus go hiomlán.

(d) Chun críocha mhír (c), ciallaíonn ‘inchomhshóite láithreach agus go hiomlán’ inchomhshóite láithreach tar éis na hurrúis a bhaineann le fostaíocht a fháil d’fhonn an gnóchan ba mhó ab fhéidir a fháil ar chomhshó an tráth sin gan aon chomaoin a thabhairt i leith an chomhshó nó gan aon chaiteachais a thabhú i dtaca leis.

(6) Faoi réir fho-alt (11), más rud é, tráth a mbeidh leas tairbhiúil in urrúis a bhaineann le fostaíocht ag fostaí nó stiúrthóir (nó aon duine eile a fuair na hurrúis a bhaineann le fostaíocht mar gheall ar oifig nó fostaíocht an stiúrthóra nó an fhostaí), go dtarlóidh teagmhas inmhuirearaithe, ansin beidh an fostaí nó an stiúrthóir inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E, sa bhliain ina dtarlaíonn an teagmhas inmhuirearaithe, ar mhéid (dá ngairtear ‘an méid inmhuirearaithe’ san alt seo) arna ríomh de réir fho-alt (8).

(7) Ciallaíonn ‘teagmhas inmhuirearaithe’—

(a) na hurrúis a bhaineann le fostaíocht (nó na hurrúis ar leas iontu na hurrúis a bhaineann le fostaíocht) a chomhshó ina n-urrúis de thuairisc éagsúil in imthosca ina mbeidh teideal tairbhiúil ag an bhfostaí nó an stiúrthóir (nó aon duine eile a fuair na hurrúis a bhaineann le fostaíocht mar gheall ar oifig nó fostaíocht an stiúrthóra nó an fhostaí) chun na n-urrús ina ndéantar na hurrúis a bhaineann le fostaíocht a chomhshó,

(b) an teideal chun na hurrúis a bhaineann le fostaíocht (nó na hurrúis ar leas iontu na hurrúis a bhaineann le fostaíocht) a chomhshó ina n-urrúis de thuairisc éagsúil a scaoileadh ar chomaoin,

(c) an stiúrthóir nó an fostaí (nó aon duine eile a fuair na hurrúis a bhaineann le fostaíocht mar gheall ar oifig nó fostaíocht an stiúrthóra nó an fhostaí), do dhiúscairt na n-urrús a bhaineann le fostaíocht nó aon leasa iontu ar chomaoin, tráth is urrúis inchomhshóite fós na hurrúis sin, nó

(d) an fostaí nó an stiúrthóir (nó aon duine eile a fuair na hurrúis a bhaineann le fostaíocht mar gheall ar oifig nó fostaíocht an stiúrthóra nó an fhostaí) d’fháil sochair in airgead nó i luach airgid i dtaca leis an teideal chun comhshó a dhéanamh (seachas urrúis arna bhfáil ar na hurrúis a bhaineann le fostaíocht a chomhshó nó comaoin dá dtagraítear i míreanna (b) agus (c)).

(8) (a) Chun críocha fho-alt (6), déanfar an méid inmhuirearaithe a chinneadh de réir na foirmle—

A - B

i gcás—

gurb é A méid aon ghnóchain arna réadú ar theagmhas inmhuirearaithe tarlú, agus

gurb é B iomlán aon chomaoine arna tabhairt i leith an teidil chun na hurrúis a bhaineann le fostaíocht a chomhshó agus méid aon chaiteachais arna thabhú ag sealbhóir na n-urrús a bhaineann le fostaíocht i dtaca leis an gcomhshó, leis an diúscairt, le scaoileadh an teidil chun comhshó a dhéanamh, nó sochar a fháil i dtaca leis an teideal chun urrúis a bhaineann le fostaíocht a chomhshó, de réir mar a bheidh.

(b) Maidir le méid an ghnóchain a réadaítear ar theagmhas inmhuirearaithe tarlú—

(i) i gcás teagmhais lena mbaineann fo-alt (7)(a), beidh sé le cinneadh de réir na foirmle—

C - (D + E)

i gcás—

gurb é C, tráth an teagmhais inmhuirearaithe, margadhluach na n-urrús a ndéantar na hurrúis a bhaineann le fostaíocht a chomhshó iontu agus i gcás gur urrúis inchomhshóite na hurrúis sin féin, beidh an margadhluach le cinneadh amhail is nárbh urrúis inchomhshóite na hurrúis; agus i gcás gur leas in urrúis na hurrúis a bhaineann le fostaíocht, ansin is é C an chomhréir chéanna den mhargadhluach sin atá idir margadhluach an leasa sna hurrúis ar leas iontu na hurrúis a bhaineann le fostaíocht agus margadhluach na n-urrús sin,

gurb é D, tráth an teagmhais inmhuirearaithe, margadhluach na n-urrús a bhaineann le fostaíocht arna chinneadh amhail is nárbh urrúis inchomhshóite nó leas in urrúis inchomhshóite na hurrúis, agus

gurb é E méid na comaoine arna tabhairt as na hurrúis a bhaineann le fostaíocht a chomhshó,

(ii) i gcás teagmhais inmhuirearaithe lena mbaineann fo-alt (7)(b), is é méid na comaoine a fhaightear i leith an scaoilte é,

(iii) i gcás teagmhais inmhuirearaithe lena mbaineann fo-alt (7)(c), beidh sé le cinneadh de réir na foirmle—

F - G

i gcás—

gurb é F méid na comaoine arna tabhairt ar na hurrúis a bhaineann le fostaíocht a dhiúscairt, agus

gurb é G, tráth an teagmhais inmhuirearaithe, margadhluach na n-urrús a bhaineann le fostaíocht arna chinneadh amhail is nárbh urrúis inchomhshóite nó leas in urrúis inchomhshóite na hurrúis,

(iv) i gcás teagmhais lena mbaineann fo-alt (7)(d), is é méid nó margadhluach an tsochair a fhaightear, de réir mar a bheidh, é.

(c) Más rud é, mar gheall ar mhír (b) d’fho-alt (5), nach raibh feidhm ag mír (a) den fho-alt sin maidir le hurrúis a bhaineann le fostaíocht, tá an méid inmhuirearaithe le laghdú den mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

H - I

i gcás—

gurb é H an méid ar mhó margadhluach na n-urrús a bhaineann le fostaíocht, chun na gcríoch a shonraítear i mír (a) d’fho-alt (5), ná an méid a bheadh ann dá mbeadh feidhm ag an mír sin, agus

gurb é I comhiomlán aon mhéid ar dá réir a rinneadh an méid inmhuirearaithe ar aon teagmhas inmhuirearaithe roimhe sin i ndáil leis na hurrúis a bhaineann le fostaíocht a laghdú faoin bhfo-alt seo.

(9) (a) Chun B a ríomh san fhoirmle i bhfo-alt (8)(a), ní dhéileálfar le comaoin mar chomaoin arna tabhairt i leith an teidil chun na hurrúis a bhaineann le fostaíocht a chomhshó ach amháin más mó méid aon chomaoine arna tabhairt chun na hurrúis a bhaineann le fostaíocht a fháil ná margadhluach na n-urrús sin (arna chinneadh amhail is nárbh urrúis inchomhshóite na hurrúis a bhaineann le fostaíocht) an tráth a fhaightear iad.

(b) I gcás gur mó an chomaoin ná an margadhluach, déileálfar le méid an bharrachais sin mar mhéid na comaoine arna tabhairt i leith an teidil chun na hurrúis a bhaineann le fostaíocht a chomhshó.

(10) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar maidir le haon chomaoin arna tabhairt chun urrúis a bhaineann le fostaíocht a fháil agus le haon chomaoin arna tabhairt i leith an teidil chun comhshó a dhéanamh, go n-áirítear inti comhlíonadh aon dualgais san oifig nó san fhostaíocht nó i dtaca leis an oifig nó leis an bhfostaíocht, agus ní asbhainfear aon chuid de mhéid nó de luach na comaoine níos mó ná uair amháin.

(11) (a) Níl feidhm ag an alt seo i ndáil le hurrúis a bhaineann le fostaíocht, más rud é—

(i) gur scaireanna i gcuideachta d’aicme áirithe na hurrúis a bhaineann le fostaíocht,

(ii) gur urrúis inchomhshóite scaireanna uile na cuideachta den aicme sin,

(iii) go ndéanann teagmhas de shamhail an teagmhais ar teagmhas inmhuirearaithe é i ndáil leis na hurrúis a bhaineann le fostaíocht difear do scaireanna uile na cuideachta den aicme sin, agus

(iv) nach urrúis a bhaineann le fostaíocht iad tromlach scaireanna na cuideachta den aicme sin, díreach roimh an teagmhas ar theagmhas inmhuirearaithe é, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo,

nó,

(b) más rud é, an tráth a fhaightear na hurrúis a bhaineann le fostaíocht, nach mbeidh na díolaíochtaí ón oifig nó ón bhfostaíocht laistigh den réim cánach faoi Sceideal E nó Sceideal D.

(12) Chun críocha fho-alt (11)(a)(iii), déanann teagmhas de shamhail teagmhais ar teagmhas inmhuirearaithe é i ndáil le hurrúis a bhaineann le fostaíocht difear do scaireanna, más rud é—

(a) i gcás teagmhais inmhuirearaithe lena mbaineann fo-alt (7)(a), go ndéantar iad a chomhshó ina n-urrúis d’aicme éagsúil,

(b) i gcás teagmhais inmhuirearaithe lena mbaineann fo-alt (7)(b), go scaoiltear an teideal chun iad a chomhshó ina n-urrúis de thuairisc éagsúil,

(c) i gcás teagmhais inmhuirearaithe lena mbaineann fo-alt (7)(c), go ndiúscraítear iad,

(d) i gcás teagmhais inmhuirearaithe lena mbaineann fo-alt (7)(d), go bhfaightear sochar dá shamhail i leith an teidil chun iad a chomhshó.

(13) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach, más rud é go mbeidh duine, de bhua an ailt seo, inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal E do bhliain mheasúnachta i leith méid inmhuirearaithe arna ríomh de réir fho-alt (8), ansin is duine inmhuirearaithe é nó í don bhliain sin chun críocha Chuid 41, mura mbeidh an duine díolmhaithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim ó cheanglas alt 951 de bhíthin fógra arna thabhairt faoi fho-alt (6) den alt sin.

(14) I gcás ina muirearaítear duine i leith cánach faoin alt seo ar mhéid inmhuirearaithe arna ríomh de réir fho-alt (8), ansin beidh feidhm ag alt 552 amhail is dá mba chuid den chomaoin a thug an duine a fuair urrúis as iad a fháil suim ar cóimhéid leis an méid a mhuirearaítear amhlaidh.

(15) Más rud é in aon bhliain—

(a) go ndéanfaidh duine urrúis a bhaineann le fostaíocht a dhámhachtain d’fhostaí nó do stiúrthóir (nó d’aon duine eile mar gheall ar oifig nó fostaíocht an stiúrthóra nó an fhostaí) lena mbaineann an t-alt seo, nó

(b) go dtarlóidh teagmhas inmhuirearaithe i ndáil le hurrúis a bhaineann le fostaíocht arna ndámhachtain amhlaidh,

ansin déanfaidh an duine sonraí na ndámhachtainí nó an teagmhais inmhuirearaithe, de réir mar a bheidh, a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim an 31 Márta, nó roimhe, sa bhliain tar éis na bliana ina ndearnadh an dámhachtain nó inar tharla an teagmhas inmhuirearaithe, de réir mar a bheidh.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 31 Eanáir 2008 maidir le hurrúis a bhaineann le fostaíocht a bheidh faighte ar an dáta sin nó dá éis.

Leasú ar alt 986 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

17 .— Leasaítear alt 986 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) i mír (j) trí “rialacháin;” a chur in ionad “rialacháin.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (j):

“(k) chun cáin i leith ioncaim seachas díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo agus nár gnóthaíodh ar shlí eile i rith na bliana a bhailiú agus a ghnóthú, a mhéid a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheith cuí agus nach ndéanfaidh an fostaí agóid ina choinne;

(l) chun aon mhéid cánach is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim ba chóir don fhostóir a bhaint as díolaíochtaí an fhostaí a bhailiú agus a ghnóthú ón bhfostaí seachas ón bhfostóir;

(m) chun a cheangal ar aon fhostóir a dhéanfaidh aon íocaíocht ar scór díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo, faisnéis i ndáil le híocaíochtaí díolaíochtaí (lena n-áirítear díolaíochtaí i bhfoirm íocaíochtaí barúlacha) agus i ndáil le cáin arna hasbhaint as díolaíochtaí den sórt sin, agus cibé faisnéis nó doiciméid eile is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim, a sholáthar, laistigh de thréimhse fhorordaithe, agus ar cibé foirm a cheadóidh nó a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6)—

“(6A) D’ainneoin aon fhorála eile den alt seo, i gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim nach gá nó nach cuí d’fhostóir aon cheann de na rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh féadfaidh siad fógra a thabhairt don fhostóir dá réir sin.”.

Leasú ar an gcaoi a ndéileálfar, ó thaobh cánach, le hioncam ó shealúchais áirithe sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann.

18 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 73 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Scoireann an t-alt seo d’éifeacht a bheith leis i leith ioncam a eascraíonn an 1 Eanáir 2008 nó dá éis.”,

agus

(b) in alt 823 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)(b):

“(b) Níl feidhm ag an alt seo in aon chás ina bhfuil an t-ioncam ó oifig nó fostaíocht—

(i) inmhuirearaithe i leith cánach de réir alt 71(3), nó

(ii) ina ioncam a bhfuil feidhm ag alt 822 maidir leis.”.

(2) Tá éifeacht le fo-alt (1) amhail ar agus ó 1 Eanáir 2008.

Scéimeanna scaireanna: tuairisceáin faisnéise.

19 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 510 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Gan dochar d’fho-alt (7), déanfaidh iontaobhaithe scéime ceadaithe, maidir le haon bhliain, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe (de réir bhrí alt 951) a ullmhú agus a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim an 31 Márta nó roimhe sa bhliain tar éis na bliana sin, ar tuairisceán é ina mbeidh cibé sonraí a bhaineann leis an scéim cheadaithe don bhliain sin a cheanglófar leis an bhfoirm fhorordaithe agus beidh feidhm ag ailt 1052 agus 1054 maidir le mainneachtain ag na hiontaobhaithe tuairisceán a sheachadadh de réir an fho-ailt seo mar atá feidhm acu maidir le mainneachtain tuairisceán dá dtagraítear in alt 1052 a sheachadadh.”,

(b) i Sceideal 12 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 3(4):

“(5) Gan dochar d’fhomhír (4), déanfaidh iontaobhaithe iontaobhais, maidir le haon bhliain, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe (de réir bhrí alt 951) a ullmhú agus a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim an 31 Márta nó roimhe sa bhliain tar éis na bliana sin, ar tuairisceán é ina mbeidh cibé sonraí a bhaineann leis an iontaobhas don bhliain sin a cheanglófar leis an bhfoirm fhorordaithe agus beidh feidhm ag ailt 1052 agus 1054 maidir le mainneachtain ag na hiontaobhaithe tuairisceán a sheachadadh de réir na fomhíre seo mar atá feidhm acu maidir le mainneachtain tuairisceán dá dtagraítear in alt 1052 a sheachadadh.”,

(c) i Sceideal 12A tríd an méid seo leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 6:

“6A. Gan dochar do mhír 6, déanfaidh iontaobhaithe scéime ceadaithe, maidir le haon bhliain, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe (de réir bhrí alt 951) a ullmhú agus a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim an 31 Márta nó roimhe sa bhliain tar éis na bliana sin, ar tuairisceán é ina mbeidh cibé sonraí a bhaineann leis an scéim cheadaithe don bhliain sin a cheanglófar leis an bhfoirm fhorordaithe agus beidh feidhm ag ailt 1052 agus 1054 maidir le mainneachtain ag na hiontaobhaithe tuairisceán a sheachadadh de réir na míre seo mar atá feidhm acu maidir le mainneachtain tuairisceán dá dtagraítear in alt 1052 a sheachadadh.”,

(d) i Sceideal 12C tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 20:

“20A. Gan dochar do mhír 20 déanfaidh iontaobhaithe scéime ceadaithe, maidir le haon bhliain, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe (de réir bhrí alt 951) a ullmhú agus a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim an 31 Márta nó roimhe sa bhliain tar éis na bliana sin, ar tuairisceán é ina mbeidh cibé sonraí a bhaineann leis an scéim cheadaithe don bhliain sin a cheanglófar leis an bhfoirm fhorordaithe agus beidh feidhm ag ailt 1052 agus 1054 maidir le mainneachtain ag na hiontaobhaithe tuairisceán a sheachadadh de réir na míre seo mar atá feidhm acu maidir le mainneachtain tuairisceán dá dtagraítear in alt 1052 a sheachadadh.”,

agus

(e) i Sceideal 29, colún 3—

(i) trí “alt 510(8)” a chur isteach roimh “alt 531 agus rialacháin faoin alt sin”, agus

(ii) trí “Sceideal 12, mír 3(5); Sceideal 12A, mír 6A; Sceideal 12C, mír 20A;” a chur isteach roimh “Sceideal 23, mír (3) (2)(a)”.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2009.

Cúnamh athstruchtúraithe agus éagsúlaithe d’fhásóirí biatais siúcra.

20 .— Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 23 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 657B:

“657B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘ pearsa aonair shonraithe ’ pearsa aonair a dhéanann, sa bhliain mheasúnachta 2007 nó in aon bhliain mheasúnachta dá héis, trádáil feirmeoireachta a sheoladh ar ina leith a thagann an phearsa faoi réim cánach faoi Chás I de Sceideal D;

ciallaíonn ‘ íocaíocht shonraithe ’ íocaíocht le pearsa aonair shonraithe faoi scéim shealadach an AE maidir le hathstruchtúrú an tionscail siúcra sa Chomhphobal, ar scéim í arna hoibriú ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia faoi aon cheann d’Airteagail 3(6), an chéad fhleasc, 6 agus 7 de Rialachán CE Uimh. 320/2006 an 20 Feabhra 2006 ón gComhairle 1 (arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1261/2007 an 9 Deireadh Fómhair 2007 ón gComhairle 2 ) agus ar ina leith a bheadh an phearsa aonair shonraithe, ar leith ón alt seo, inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim ar na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht don bhliain mheasúnachta 2007 nó d’aon bhliain mheasúnachta dá héis.

(2) Féadfaidh pearsa aonair shonraithe, maidir le comhiomlán na n-íocaíochtaí sonraithe go léir leis an bpearsa aonair, ar íocaíochtaí iad a bheadh, ar leith ón alt seo, inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim do bhliain mheasúnachta, a roghnú go ndéileálfar leis de réir fho-ailt (3) go (6), agus déanfar gach roghnú den sórt sin i cibé foirm, agus beidh cibé faisnéis ann, a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(3) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, ar leith ó fho-alt (4), i gcás ina ndéanann pearsa aonair shonraithe roghnú de réir fho-alt (2), déanfar neamhshuim den íocaíocht shonraithe nó de na híocaíochtaí sonraithe maidir leis an mbliain mheasúnachta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus, ina ionad sin, déileálfar léi nó leo chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim mar íocaíocht nó mar íocaíochtaí atá inmhuirearaithe i dtráthchodanna comhionanna don bhliain mheasúnachta dá dtagraítear amhlaidh i bhfo-alt (2) agus do na 5 bliana measúnachta ina dhiaidh sin.

(4) I gcás ina scoirtear go buan de thrádáil feirmeoireachta, déanfar cáin a mhuirearú faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina dtarlaíonn an scor sin i leith an méid d’aon íocaíocht shonraithe a ndéileálfaí léi, murach an scor sin, de bhua fho-alt (3), mar íocaíocht atá inmhuirearaithe do bhliain mheasúnachta nó do bhlianta measúnachta dar críoch dáta tar éis an scoir sin.

(5) Maidir le roghnú, faoi fho-alt (2), ag pearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo, déanfar é trí fhógra i scríbhinn an 31 Deireadh Fómhair, nó roimhe, sa bhliain mheasúnachta tar éis na bliana measúnachta dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

(6) Faoi réir fho-alt (4), ní dhéanfar roghnú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) a athrú le linn na tréimhse lena mbaineann sé.”.

Comhaontuithe imghéillte tuarastail arna gceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim.

21 .— Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 3 de Chuid 5 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 118A—

“118B.— (1) San alt seo—

tá le ‘soláthróir iompair ceadaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 118(5A);

ciallaíonn ‘sochar fostaí díolmhaithe’ sochar arna cheadú go sonrach ag na Coimisinéirí Ioncaim dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a)(i) agus (ii);

ciallaíonn ‘comhaontú imghéillte tuarastail’ aon socrú faoina ligfidh fostaí uaidh nó uaithi an ceart chun aon chuid dá luach saothair a bheidh dlite faoina théarmaí nó faoina téarmaí fostaíochta nó faoina chonradh nó faoina conradh fostaíochta, agus faoina gcomhaontóidh a fhostóir nó a fostóir sochar a sholáthar dó nó di ina éiric sin;

déanfar ‘scéim brabús-roinnte cheadaithe’ a fhorléiriú de réir alt 510.

(2) (a) Maidir le méid an luach saothair a ligfidh fostaí uaidh nó uaithi faoi aon socrú imghéillte tuarastail arna cheadú ag na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil le—

(i) pasanna taistil arna n-eisiúint ag soláthróir iompair ceadaithe faoi alt 118(5A), agus

(ii) scaireanna arna leithreasú chuig fostaithe agus stiúrthóirí faoi scéim brabús-roinnte cheadaithe de réir bhrí Chaibidil 1 de Chuid 17 ar scaireanna iad a bheidh díolmhaithe ó mhuirear cánach de bhua alt 510(4),

beidh sé díolmhaithe ó cháin.

(b) Measfar gur díolaíocht de chuid na pearsan aonair aon mhéid luach saothair a ligfidh pearsa aonair uaidh nó uaithi faoi aon socrú imghéillte tuarastail agus nach mbeidh díolmhaithe ó cháin de bhua mhír (a), agus beidh cáin ioncaim inmhuirearaithe dá réir sin.

(3) I gcás ina ndéanfar sochar fostaí díolmhaithe a sholáthar do chéile nó do chleithiúnaí na pearsan aonair nó do dhuine atá bainteach leis an bpearsa aonair, is pearsa aonair a mbeidh socrú imghéillte tuarastail déanta aige nó aici, ansin measfar gur díolaíocht de chuid na pearsan aonair aon sochar den sórt sin agus beidh cáin ioncaim inmhuirearaithe dá réir sin.

(4) Más rud é—

(a) go mbeadh feidhm ag fo-alt (2)(a), mura mbeadh an fo-alt seo, agus

(b) go bhfuil socrú nó scéim i bhfeidhm trína gcúitítear an fostaí go hiomlán nó go páirteach, trí shochar fostaí díolmhaithe mar aon le híocaíocht chúitimh a sholáthar,

ansin ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (2)(a) agus déileálfar leis an luach saothair a ligeann an phearsa aonair uaidh nó uaithi mar dhíolaíocht de chuid na pearsan aonair agus beidh cáin ioncaim inmhuirearaithe dá réir sin.

(5) I gcás ina ndéantar socrú imghéillte tuarastail maidir le haon cheart, bónas, coimisiún nó le haon díolaíocht eile a eascróidh chuig pearsa aonair tar éis dheireadh na bliana measúnachta, ansin ní bheidh feidhm ag fo-alt (2)(a) agus déileálfar leis an luach saothair a ligfidh an phearsa aonair uaidh nó uaithi mar dhíolaíocht de chuid na pearsan aonair don bhliain sin agus beidh cáin ioncaim inmhuirearaithe dá réir sin.

(6) Tá éifeacht leis an alt seo amhail ar an agus ón 31 Eanáir 2008.”.

Leasú ar alt 201 (díolúintí agus faoisimh i leith cánach faoi alt 123) den Phríomh-Acht.

22 .— (1) Leasaítear alt 201 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)—

“(1A) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘fostaí cáilithe’ fostaí, is duine atá á dhéanamh iomarcach nó á déanamh iomarcach, agus is duine, i ndáil le fostaíocht lánaimseartha, a bhfuil 2 bhliain ar a laghad de sheirbhís leanúnach críochnaithe aige nó aici san fhostaíocht sin nó a meastar ina leith, chun críocha an dlí a bhaineann le hiomarcaíocht, go bhfuil 2 bhliain ar a laghad de sheirbhís leanúnach tugtha aige nó aici;

ciallaíonn ‘athoiliúint’ cúrsa oiliúna, arna chur ar fáil ag fostóir mar chuid de phacáiste iomarcaíochta, ar cúrsa é—

(i) atá ceaptha chun scileanna nó eolas a dháileadh nó a fheabhsú, is scileanna nó eolas atá iomchuí, nó a bheartaítear a úsáid, maidir le fostaíocht shochrach a fháil nó maidir le gnó a chur ar bun,

(ii) atá dírithe go príomha ar scileanna nó eolas den sórt sin a mhúineadh nó a chur i bhfeidhm go praiticiúil, agus

(iii) a thugtar chun críche laistigh de 6 mhí ó dháta foirceanta na fostaíochta;

ciallaíonn ‘pacáiste iomarcaíochta’, i ndáil le fostaí cáilithe, aon scéim cúitimh a thairgtear don fhostaí tráth foirceanta a fhostaíochta nó a fostaíochta.

(b) Ní mhuirearófar cáin ioncaim de bhua alt 123 i leith an chéad €5,000 den chostas a ghabhann le hathoiliúint fostaí cháilithe más rud é—

(i) gur cuid dá phacáiste iomarcaíochta nó dá pacáiste iomarcaíochta an oiliúint sin, agus

(ii) go gcuireann an fostóir athoiliúint den sórt sin ar fáil do gach fostaí cáilithe.

(c) Níl feidhm ag mír (b) maidir le haon athoiliúint arna soláthar do chéile an fhostóra nó d’aon chleithiúnach de chuid an fhostóra nó dóibh araon.

(d) Níl feidhm ag mír (b) maidir le fostaí cáilithe i gcás ina bhfuil socrú nó scéim i bhfeidhm trína bhféadfaidh fostaí an costas a ghabhann le hathoiliúint a fháil in airgead nó i luach airgid, go hiomlán nó go páirteach, go díreach nó go neamhdhíreach, agus ina bhfaigheann an fostaí sin an costas sin amhlaidh.”.

(2) Tá éifeacht le fo-alt (1) maidir le hathoiliúint de réir bhrí alt 201(1A) den Phríomh-Acht (arna chur isteach leis an alt seo) ar athoiliúint í a chuirtear ar fáil tráth rite an Achta seo nó dá éis.

Teorainn a chur le méid faoiseamh áirithe a mbaineann pearsana aonair áirithe a thuilleann mór-ioncam leas astu.

23 .— (1) Leasaítear alt 485G den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) (a) Faoi réir mhír (b) agus fho-alt (5), más rud é faoi aon cheann d’fhorálacha na nAchtanna Cánach (seachas aon fhoráil den Chaibidil seo) go n-éireoidh ríomh faoisimh, asbhainte, creidmheasa i ndáil le cáin nó, de réir mar a bheidh, laghdaithe ar mhéid cánach is iníoctha do bhliain chánach ar gá ina leith ioncam iomlán, ioncam inchánach, cáin is iníoctha nó cáin is inmhuirearaithe don bhliain a chur i gcuntas mar chuid den ríomh—

(i) déanfar an ríomh sin amhail is nach bhfuil feidhm ag an gCaibidil seo, seachas alt 485F, agus

(ii) (I) i gcás faoisimh nó laghdaithe, tabharfar éifeacht don fhaoiseamh nó don laghdú sin roimh fheidhmiú na Caibidle seo ach tar éis fheidhmiú alt 485F, nó

(II) i gcás creidmheasa i ndáil le cáin nó, de réir mar a bheidh, laghdú ar mhéid cánach is iníoctha, tabharfar sochar an chreidmheasa nó an laghdaithe sin (arna ríomh de réir fhomhír (i)) in aghaidh mhéid na cánach a mhuirearófar ar an bpearsa aonair don bhliain a bheidh i gceist i ndáil lena ioncam nó lena hioncam inchánach arna chinneadh de réir alt 485E.

(b) I gcás ina mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le pearsa aonair do bhliain chánach, ní dhéanfaidh aon ní i mír (a) difear do ríomh an mhéid cánach a mhuirearófar ar an bpearsa aonair don bhliain a bheidh i gceist i ndáil lena ioncam nó lena hioncam inchánach arna chinneadh de réir alt 485E.

(5) I gcás ina mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le pearsa aonair do bhliain chánach, ní bheidh feidhm ag forálacha alt 187 (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2008) nó alt 188 maidir leis an bpearsa aonair don bhliain sin.”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon fhaoiseamh, asbhaint, creidmheas i ndáil le cáin nó, de réir mar a bheidh, laghdú ar mhéid cánach is iníoctha, a mbeidh sonraí a bhaineann leo le háireamh sna sonraí i dtuairisceán, a cheanglófar a sheachadadh faoi alt 951 den Phríomh-Acht agus a sheachadfar an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

Caibidil 3

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar Chuid 16 (faoiseamh ó cháin ioncaim i leith infheistíochta i dtrádálacha corpraithe — an scéim um leathnú gnó agus an scéim síolchaipitil) den Phríomh-Acht.

24 .— (1) Leasaítear Cuid 16 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 495—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) roimh an míniú ar “Comhaontú LEE”:

“ciallaíonn ‘limistéar fóirithinte’ limistéar a shonraítear sa Léarscáil Réigiúnach Náisiúnta um Chúnamh Stáit d’Éirinn i ndáil leis an tréimhse 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2013 a ceadaíodh faoi Chinneadh Uimh. N 374/2006 an 24 Deireadh Fómhair 2006 ón gCoimisiún 3 ;”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2004):

“(3B) Maidir leis an tréimhse dar tosach an 1 Eanáir 2007, beidh an chuideachta—

(a) ina mionfhiontar nó ina fiontar beag de réir bhrí Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 364/2004 an 25 Feabhra 2004 ón gCoimisiún 4 ,

(b) ina fiontar meánmhéide, de réir bhrí Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 364/2004 an 25 Feabhra 2004 ón gCoimisiún, atá suite i limistéar fóirithinte, nó

(c) i gcás nach mbeidh sí suite i limistéar fóirithinte, ina fiontar meánmhéide, de réir bhrí Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 364/2004 an 25 Feabhra 2004 ón gCoimisiún, a bheidh ag céim forbartha nach faide ar aghaidh ná an chéim thionscnaimh de réir bhrí na dTreoirlínte ón gComhphobal maidir le Cúnamh Stáit chun Infheistíochtaí Caipitil Riosca i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide a Chur chun Cinn 5 .

(3C) Chun críocha fho-alt (3B), cinnfear suíomh cuideachta faoi threoir an tsuímh ina ndéanann an chuideachta nó, de réir mar a bheidh, an fhochuideachta cháilitheach, oibríochtaí trádála cáilitheacha a sheoladh nó, i gcás cuideachta a chónaíonn i Stát LEE seachas an Stát agus a sheolann gnó sa Stát trí bhrainse nó gníomhaireacht, an suíomh ina ndéanann an brainse nó an ghníomhaireacht sin oibríochtaí trádála cáilitheacha a sheoladh.”,

(b) in alt 496(9A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Chun críocha fho-alt (2)(a)(xvi) ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí athchúrsála i ndáil le dramhábhar’—

(i) an dramhábhar a chur faoi aon phróis nó cóireáil a bhfuil ábhar breisluacha atá in-athúsáidte de thoradh uirthi, agus

(ii) ar gníomhaíochtaí iad—

(I) a bhfuair an chuideachta cháilitheach ceadú deontais nó cúnamh airgeadais ina leith ó ghníomhaireacht forbartha tionscail nó ó Bhord Fiontar Contae (is bord dá dtagraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhorbairt Tionscail 1995), nó

(II) ar soláthraíodh daingniú i scríbhinn ó ghníomhaireacht forbartha tionscail nó ó Bhord Fiontar Contae (is bord dá dtagraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhorbairt Tionscail 1995) don chuideachta cháilitheach ina leith gur chuir an chuideachta cháilitheach togra gnó faoi bhráid na gníomhaireachta nó an bhoird, de réir mar a bheidh, agus go dtagann na gníomhaíochtaí a thuairiscítear sa togra gnó, i dtuairim na gníomhaireachta nó an bhoird sin, de réir mar a bheidh, faoi raon tionscail seirbhíse a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Fhorbairt Tionscail (Tionscail Seirbhíse) 2003 (I.R. Uimh. 458 de 2003).”,

(c) in alt 497—

(i) i bhfo-alt (4)—

(I) trí “nó” a scriosadh i mír (b) agus trí “nó” a chur isteach i ndiaidh “alt 496(2)(xii),” i mír (c), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) gníomhaireacht forbartha tionscail nó Bord Fiontar Contae (is bord dá dtagraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Fhorbairt Tionscail 1995) i leith oibríochtaí trádála cáilitheacha dá dtagraítear in alt 496(2)(a)(xvi),”

agus

(ii) i bhfo-alt (7)(a) trí “i bhfomhíreanna (i), (ii), (v) agus (xvi) d’alt 496(2)(a),” a chur in ionad “i bhfomhíreanna (i), (ii), agus (v) d’alt 496(2)(a),”,

agus

(d) in alt 508A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2007) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Ní bheidh aon oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear le reacht nó ar shlí eile ina bac ar na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis a fhaigheann siad de réir fho-alt (1) a fhoilsiú.”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) mar a leanas:

(a) maidir le míreanna (a) agus (d), amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2007, agus

(b) maidir le míreanna (b) agus (c), amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2008.

(3) Cúlghairtear Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faoiseamh ó Cháin Ioncaim i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corpraithe — an Scéim um Leathnú Gnó agus an Scéim Síolchaipitil) 2007 (I.R. Uimh. 613 de 2007).

Leasú ar alt 81A (srian le hasbhaintí i leith ranníocaí sochair fostaithe) den Phríomh-Acht.

25 .— (1) Leasaítear alt 81A den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “caiteachais cháilitheacha”:

“ní fholaíonn ‘ caiteachais cháilitheacha ’, i ndáil le bainisteoir scéime agus le scéim sochair fostaithe, caiteachais nach lamhálfaí, dá mba é nó í an fostóir a thabhaigh iad, mar asbhaint le linn na brabúis nó na gnóchain de chuid an fhostóra a bheidh le muirearú i leith cánach faoi Chás I nó II de Sceideal D a ríomh ach, faoi réir an mhéid sin roimhe seo, folaíonn sé aon chaiteachais de chuid bainisteora scéime (seachas sochair a sholáthar d’fhostaithe de chuid an fhostóra) a thabhófar le linn an scéim sochair fostaithe a oibriú;

ciallaíonn ‘ bainisteoir scéime ’ duine a riarann scéim sochair fostaithe nó aon duine a n-íocann fostóir airgead leis nó léi nó a n-aistríonn fostóir sócmhainn chuige nó chuici agus tá an duine sin i dteideal nó faoi cheangal, faoi fhorálacha scéime sochair fostaithe an t-airgead nó an tsócmhainn a choimeád nó a úsáid chun sochair, nó i dtaca le sochair, a sholáthar d’fhostaithe de chuid an fhostóra.”,

(b) i bhfo-alt (1)(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) déantar ranníoc sochair fostaithe más rud é, mar thoradh ar aon ghníomh nó neamhghníomh—

(I) go sealbhaítear aon sócmhainní, nó go bhféadfar iad a úsáid, faoi scéim sochair fostaithe, nó

(II) go dtagann méadú ar luach iomlán na sócmhainní a shealbhaítear amhlaidh nó a fhéadfar a úsáid amhlaidh (nó laghdú ar aon dliteanais faoi scéim sochair fostaithe),”,

(c) i bhfo-alt (3)(b)(i) trí “ag bainisteoir scéime” a chur in ionad “ag an tríú páirtí” agus trí “don bhainisteoir scéime” a chur in ionad “don tríú páirtí”,

(d) i bhfo-alt (3)(b)(ii) trí “ag an mbainisteoir scéime” a chur in ionad “ag an tríú páirtí”,

(e) i bhfo-alt (4)(b)(i) trí “ag bainisteoir scéime” a chur in ionad “ag an tríú páirtí” agus trí “don bhainisteoir scéime” a chur in ionad “don tríú páirtí”,

(f) i bhfo-alt (4)(b)(ii) trí “ag an mbainisteoir scéime” a chur in ionad “ag an tríú páirtí”, agus

(g) i bhfo-alt (5) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an méid a sholáthrófar iomlán na suimeanna seo a leanas—

(i) (I) an méid, más ann, arna chaitheamh ag bainisteoir scéime ar an tsócmhainn,

(II) i gcás gurb éard í an tsócmhainn scaireanna nua i gcuideachta atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhfostóir, nó cearta i leith scaireanna den sórt sin, ar scaireanna iad arna n-eisiúint ag an gcuideachta bhainteach, margadhluach na scaireanna sin nó na gceart sin, de réir mar a bheidh, tráth an aistrithe,

agus

(ii) i gcás gur aistrigh an fostóir an tsócmhainn chuig bainisteoir scéime, méid na hasbhainte a lamhálfaí, agus ar asbhaint í dá dtagraítear i bhfo-alt (2), i leith an aistrithe.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le ranníocaí sochair fostaithe arna ndéanamh an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh.

26 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht―

(a) in alt 268―

(i) i bhfo-alt (1)―

(I) trí “nó” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé i mír (k), agus trí “cháilithigh, nó” a chur in ionad “cháilithigh,” i mír (l), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (l):

“(m) chun críocha trádála arb é atá inti oibriú nó bainistiú aonaid sainchúraim cháilithigh mhaolaithigh,”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1D):

“(1E) Más rud é, maidir leis an leas iomchuí i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú ar fhoirgniú foirgnimh nó déanmhais atá in úsáid chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (1)(m), go mbeidh sé ar teachtadh—

(a) ag cuideachta,

(b) ag iontaobhaithe iontaobhais,

(c) ag duine aonair a ghabhann d’oibriú nó do bhainistiú an aonaid lena mbaineann mar fhostaí nó mar stiúrthóir nó in aon cháil eile, nó

(d) ag forbróir maoine (de réir bhrí alt 843A) nó ag duine atá bainteach leis an bhforbróir maoine, i gcás inar thabhaigh ceachtar de na daoine sin an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin, nó gur thabhaigh aon duine eile atá bainteach leis an bhforbróir maoine an caiteachas sin,

ansin, d’ainneoin an fho-ailt sin, ní dhéanfar, maidir le héileamh ar aon liúntas faoin gCuid seo ó aon duine den sórt sin, a mheas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é an foirgneamh nó an déanmhas sin chun críche na Coda seo, cibé acu atá an leas iomchuí sin ar teachtadh ag an duine dá dtagraítear i mír (a), (b), (c) nó (d), de réir mar a bheidh, i gcáil aonair nó i gcomhar nó i gcomhpháirtíocht le duine nó le daoine eile.”,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2B):

“(2BA) San alt seo―

ciallaíonn ‘cúram maolaitheach’ cúram gníomhach iomlán othar ar a bhfuil tinnis nó galair atá gníomhach, forásach agus go mór chun cinn maidir lena gcineál agus nach inleighis a thuilleadh trí bhíthin riaradh cóireálacha liachta atá ar marthain nó ar fáil;

ciallaíonn ‘aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh’, faoi réir fho-alt (2BB), foirgneamh nó déanmhas―

(a) is ospidéal, ospís (de réir bhrí alt 47 (arna leasú le halt 16 den Acht Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú) 2004) den Acht Sláinte Poiblí (Tobac) 2002) nó saoráid den tsamhail chéanna a bhfuil cúram maolaitheach aici mar phríomhghníomhaíocht,

(b) atá ceadaithe, sula ndéantar gealltanas dlíthiúil maidir lena dhearadh, lena choimisiúnú, lena thógáil nó lena athfheistiú, ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, le toiliú an Aire Sláinte agus Leanaí, mar aonad atá de réir pleananna forbartha náisiúnta nó measúnachtaí riachtanas náisiúnta le haghaidh saoráidí cúraim mhaolaithigh,

(c) a bhfuil an acmhainn ann chun na nithe seo a leanas a a sholáthar―

(i) seirbhísí cúraim mhaolaithigh d’othair lae agus d’othair sheachtracha, agus

(ii) cóiríocht chúraim mhaolaithigh ar bhonn thar oíche ar cóiríocht í nach bhfuil níos lú ná 20 leaba inti d’othair chónaithe,

(d) ar ina leith a sholáthraítear sonraí iomchuí d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lena dtarchur ar aghaidh chun an Aire Sláinte agus Leanaí agus chun an Aire Airgeadais―

(i) i ndáil le méid an chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh iarbhír ar an aonad a thógáil nó a athfheistiú,

(ii) i ndáil le méid an chaiteachais sin, más ann, a bheidh íoctha nó atá le híoc go díreach nó go neamhdhíreach ag an Stát nó ag aon duine eile ar mhodh deontais nó cúnaimh airgeadais eile,

(iii) i ndáil le líon agus cineál na n-infheisteoirí a bhfuil infheistíocht á déanamh acu san aonad,

(iv) i ndáil leis an méid atá le hinfheistiú ag gach infheisteoir, agus

(v) i ndáil le cineál na struchtúr atá á mbunú chun an infheistíocht san aonad a éascú,

mar aon le cibé faisnéis eile a shonróidh an tAire Airgeadais, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí, ar faisnéis í a bheidh ina cabhair le linn na costais, lena n-áirítear costais státchiste ach gan a bheith teoranta dóibh sin, agus na sochair a eascraíonn as faoiseamh cánach a oibriú faoin gCuid seo le haghaidh aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh a mheasúnú,

(e) ar i ndáil leis a thugtar gealltanas d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á rá—

(i) go ndéanfar, maidir le cúram maolaitheach daoine atá ag fanacht le seirbhísí cúraim mhaolaithigh, mar othair phoiblí, d’othair lae, d’othair chónaithe agus d’othair sheachtracha, méid nach lú ná 20 faoin gcéad dá acmhainn a chur ar fáil in aghaidh na bliana, faoi réir ceanglas seirbhíse a bheidh le sonrú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte roimh ré agus faoi réir an choinníll nach gceanglófar, le haon ní san fhomhír seo, ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an acmhainn iomlán, nó cuid den acmhainn, a chuirfidh an t-aonad ar fáil d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a ghlacadh, agus

(ii) i ndáil leis na táillí atá le muirearú i leith an chúraim mhaolaithigh a thugtar d’aon duine den sórt sin, nach mbeidh na táillí sin níos mó ná 90 faoin gcéad de na táillí a mhuirearófaí i leith cúraim mhaolaithigh den tsamhail chéanna a thugtar do dhuine ag a bhfuil árachas liachta príobháideach,

agus

(f) ar ina leith a thugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí agus le toiliú an Aire Airgeadais, deimhniú bliantúil i scríbhinn le linn na tréimhse seo a leanas―

(i) an tréimhse 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an t-aonad den chéad uair, nó

(ii) i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an aonaid, an tréimhse 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an t-aonad den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

ar deimhniú é á rá gur deimhin léi go gcomhlíonann an t-aonad na coinníollacha a luaitear i míreanna (a) go (e).

(2BB) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), áirítear in aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh aon chuid den aonad arb é atá ann seomraí a úsáidtear go heisiatach chun othair a mheasúnú nó a chóireáil nó chun cúram a thabhairt d’othair.

(b) Ní áirítear in aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh aon chuid den aonad arb é atá ann seomraí sainchomhairleoirí nó oifigí.

(c) Ní áirítear in aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh aon chuid den aonad ina bhfuil tromlach na ndaoine atá á gcothabháil ag fáil cóireála le haghaidh géarthinneas.”,

agus

(iv) i bhfo-alt (9)―

(I) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (h) agus trí “nó dá éis, agus” a chur in ionad “nó dá éis.” i mír (i), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i):

“(j) faoi threoir mhír (g), maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú an dáta a thagann alt 26 den Acht Airgeadais 2008 i ngníomh nó dá éis.”,

(b) in alt 272―

(i) i bhfo-alt (3)―

(I) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (h) agus trí “i bhfo-alt (2)(c), agus” a chur in ionad “i bhfo-alt (2)(c).” i mír (i), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur i isteach i ndiaidh mhír (i):

“(j) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (m) d’alt 268(1), le 15 faoin gcéad den chaiteachas dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c).”,

agus

(ii) i bhfo-alt (4)―

(I) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (h) agus trí “a thabhú, agus” a chur in ionad “a thabhú.” i mír (i), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i):

“(j) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (m) d’alt 268(1)―

(I) 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(II) i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú.”,

(c) in alt 274―

(i) i bhfo-alt (1)(b)―

(I) trí “agus” a scriosadh ag deireadh fhomhír (vii) agus trí “a thabhú, agus” a chur in ionad “a thabhú.” i bhfomhír (viii), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (viii):

“(ix) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (m) d’alt 268(1)―

(I) 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an t-aonad den chéad uair, nó

(II) i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú.”,

(ii) i bhfo-alt (2A)(a)―

(I) trí “nó” a scriosadh ag deireadh fhomhír (v) agus trí “san alt sin, nó” a chur in ionad “san alt sin.” i bhfomhír (vi), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (vi):

“(vii) atá á úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear i mír (m) d’alt 268(1).”,

agus

(iii) i bhfo-alt (2A)(b)(i), trí “(v), (vi) nó (vii)” a chur in ionad “(v) nó (vi)”

agus

(d) i Sceideal 25B―

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (VI) de mhír (a)(i) den ní atá leagtha amach os comhair uimhir thagartha 13:

“(VII) alt 268(1)(m) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais 2008),”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (VI) de mhír (a)(i) den ní atá leagtha amach os comhair uimhir thagartha 15:

“(VII) alt 268(1)(m) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais 2008),”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Scéim infheistíochta bonneagair turasóireachta chonair na Sionainne Láir.

27 .— Leasaítear alt 372AZ(1) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) mura rud é go bhfuil na liúntais chaipitiúla ionchasacha i ndáil leis an bhfoirgneamh nó an déanmhas lena mbaineann agus an tionscadal ar cuid de an foirgneamh nó an déanmhas sin de réir na nithe seo a leanas—

(i) ceanglais na dTreoirlínte ar Chúnamh Náisiúnta Réigiúnach don tréimhse 2007-2013 arna n-ullmhú ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus arna n-eisiúint an 4 Márta 2006 6 , agus

(ii) an Léarscáil Chúnaimh Náisiúnta Réigiúnaigh d’Éirinn don tréimhse 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2013 a cheadaigh an Coimisiún sin an 24 Deireadh Fómhair 2006 7 ,

(d) i gcás an duine atá i dteideal an t-ús iomchuí a fháil, de réir bhrí alt 269, i ndáil leis an gcaiteachas sin, a bheith faoi réir ordaithe ghnóthaithe neamhíoctha tar éis cinnidh roimhe sin ó Choimisiún na gComhphobal Eorpach á dhearbhú go raibh cúnamh i bhfabhar an duine sin neamhdhleathach agus ar neamhréir leis an gcómhargadh.”.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh agus déanmhas i láithreáin chláraithe charbhán agus champála.

28 .— Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 268, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2C):

“(2D) Chun críocha na Coda seo, aon fhoirgneamh nó déanmhas atá ar áireamh in áitreabh, agus atá á úsáid mar chuid d’áitreabh, atá cláraithe sa chlár de láithreáin charbhán agus de láithreáin champála a choimeádtar faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta 1939 go 2003 measfar, maidir le caiteachas caipitiúil a thabhófar á fhoirgniú (de réir bhrí alt 270) an 1 Eanáir 2008, nó dá éis, gur foirgneamh nó déanmhas é atá á úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta.”,

(b) in alt 272—

(i) i bhfo-alt (3)—

(I) i mír (c), trí “mír (d), (da) nó (db)” a chur in ionad “mír (d) nó (da)”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (da):

“(db) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(d) mar gheall ar é a bheith ar áireamh in áitreabh, agus á úsáid mar chuid d’áitreabh, atá cláraithe sa chlár de láithreáin charbhán agus de láithreáin champála a choimeádtar faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta 1939 go 2003, 4 faoin gcéad den chaiteachas caipitiúil ar fhoirgniú (de réir bhrí alt 270) an fhoirgnimh nó an déanmhais a thabhófar an 1 Eanáir 2008 nó dá éis,”,

agus

(ii) i bhfo-alt (4)—

(I) i mír (c), trí “mír (d), (da) nó (db)” a chur in ionad “mír (d) nó (da)”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (da):

“(db) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(d) mar gheall ar é a bheith ar áireamh in áitreabh, agus á úsáid mar chuid d’áitreabh, atá cláraithe sa chlár de láithreáin charbhán agus de láithreáin champála, a choimeádtar faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta 1939 go 2003—

(i) 25 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(ii) i gcás ina dtabhófar caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 25 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

i gcás ina dtabhófar an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú (de réir bhrí alt 270) an fhoirgnimh nó an déanmhais an 1 Eanáir 2008 nó dá éis,”,

agus

(c) in alt 274(1)—

(i) i mír (b)(iii), trí “fomhír (iv), (iva) nó (ivb)” a chur in ionad “fomhír (iv) nó (iva)”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iva):

“(ivb) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(d) mar gheall ar é a bheith ar áireamh in áitreabh, agus á úsáid mar chuid d’áitreabh, atá cláraithe sa chlár de láithreáin charbhán agus de láithreáin champála, a choimeádtar faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta 1939 go 2003—

(i) 25 bliana tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair, nó

(ii) i gcás ina dtabhófar caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 25 bliana tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

i gcás ina dtabhófar an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú (de réir bhrí alt 270) an fhoirgnimh nó an déanmhais an 1 Eanáir 2008 nó dá éis,”.

Leasú ar an srian le forbróirí maoine faoi scéimeanna áirithe agus le liúntais chaipitiúla le haghaidh saoráidí cúraim leanaí áirithe.

29 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 268—

(i) i bhfo-alt (1A) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) ag forbróir maoine (de réir bhrí alt 843A) nó duine atá bainteach le forbróir maoine, i gcás gur thabhaigh ceachtar de na daoine sin an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin, nó gur thabhaigh aon duine eile atá bainteach leis an bhforbróir maoine an caiteachas sin,”,

agus

(ii) i bhfo-alt (1D) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) ag forbróir maoine (de réir bhrí alt 843A) nó duine atá bainteach le forbróir maoine, i gcás gur thabhaigh ceachtar de na daoine sin an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin, nó gur thabhaigh aon duine eile atá bainteach leis an bhforbróir maoine an caiteachas sin,”,

(b) in alt 372AZ(1)(a)—

(i) i bhfomhír (i) trí “nó duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhforbróir maoine” a chur isteach i ndiaidh “forbróir maoine”, agus

(ii) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) i gcás inar thabhaigh ceachtar de na daoine dá dtagraítear i bhfomhír (i) an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais lena mbaineann, nó gur thabhaigh aon duine eile atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhforbróir maoine an caiteachas sin,”,

agus

(c) in alt 843A—

(i) sa mhíniú ar “áitreabh cáilitheach” i bhfo-alt (1) trí “ceanglais Rialacháin 10 nó 11(1), de réir mar is cuí, de na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Uimh. 2) 2006 (I.R. Uimh. 604 de 2006)” a chur in ionad “ceanglais Airteagal 9, 10(1) nó 11, de réir mar is cuí, de na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile), 1996 (I.R. Uimh. 398 de 1996)”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (3A) i leith caiteachais cháilithigh a thabhófar ar áitreabh cáilitheach an 1 Eanáir 2008 nó dá éis—

(a) i gcás ina bhfuil teideal ag forbróir maoine nó duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhforbróir maoine chuig an leas iomchuí, de réir bhrí alt 269, sa chaiteachas cáilitheach sin, agus

(b) inar thabhaigh ceachtar de na daoine dá dtagraítear i mír (a) an caiteachas cáilitheach ar an áitreabh cáilitheach sin, nó inar thabhaigh aon duine eile atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhforbróir maoine an caiteachas sin.”.

(2) (a) Tá feidhm ag mír (a) d’fho-alt (1) maidir le caiteachas caipitiúil a thabhaítear an 1 Eanáir 2008 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag mír (b) d’fho-alt (1) ón 1 Eanáir 2008.

(c) Tá feidhm ag mír (c)(i) d’fho-alt (1) ón 3 Meán Fómhair 2007.

(d) Tá feidhm ag mír (c)(ii) d’fho-alt (1) ón 1 Eanáir 2008.

Soithí iascaireachta a dhíchoimisiúnú: leasú ar alt 288 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta) den Phríomh-Acht.

30 .— (1) Leasaítear alt 288 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) (a) Más rud é—

(i) gurb éard atá san airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh íocaíocht nó íocaíochtaí le duine faoin scéim le haghaidh cúitimh maidir le soithí iascaireachta a dhíchoimisiúnú arna cur i ngníomh ag an Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia de réir Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 an 27 Iúil 2006 ón gComhairle 8 , agus

(ii) mar gheall ar an íocaíocht nó na híocaíochtaí sin a bheith faighte ag an duine, go mbeidh muirear cothromaíochta le gearradh ar an duine d’aon tréimhse inmhuirearaithe seachas de bhua mhír (b),

ansin, is é a bheidh sa mhéid ar a mbeidh an muirear cothromaíochta le gearradh don tréimhse inmhuirearaithe sin ná méid is comhionann leis an gcúigiú cuid den mhéid (dá ngairtear ‘an méid bunaidh’ san fho-alt seo) ar a ndéanfaí an muirear cothromaíochta a ghearradh murach an fo-alt seo.

(b) D’ainneoin mhír (a), déanfar muirear cothromaíochta a ghearradh ar an duine do gach ceann de na 4 thréimhse inmhuirearaithe díreach ina dhiaidh sin, agus is é a bheidh sa mhéid ar a ngearrfar an muirear sin do gach ceann de na tréimhsí sin ná méid is comhionann leis an gcúigiú cuid den mhéid bunaidh.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh ar ordú a bheith déanta chuige sin ag an Aire Airgeadais.

Liúntais agus caiteachais chaipitiúla i leith gluaisteán gnó.

31 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 11:

“CUID 11C

Teorainneacha Astaíocht-bhunaithe ar Liúntais agus Caiteachais Chaipitiúla i leith Feithiclí Bóthair Áirithe.

Léiriú agus ginearálta (Cuid 11C).

380K.— (1) Faoi réir alt 380P(1), beidh feidhm ag an gCuid seo, agus ní bheidh feidhm ag Cuid 11, maidir le feithicil is feithicil inneallghluaiste bóthair atá déanta nó oiriúnaithe chun paisinéirí a iompar, seachas feithicil de chineál nach n-úsáidtear go coitianta mar fheithicil phríobháideach agus atá mí-oiriúnach lena húsáid amhlaidh.

(2) Aon tagairt sa Chuid seo d’fheithicil in aon cheann de na hEarnálacha feithicle A go G mar atá leagtha amach sa chéad cholún den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo is tagairt í d’fheithicil a bhfuil a hastaíochtaí CO2, arna ndaingniú faoi threoir an deimhnithe iomchuí cineál-cheadaithe CE nó an deimhnithe iomchuí comhréireachta CE, leagtha amach sa taifead comhréire sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

Earnáil Feithicle

Astaíochtaí CO 2 (CO 2g/km)

A

0g/km go dtí 120g/km agus é sin san áireamh

B

Níos mó ná 120g/km go dtí 140g/km agus é sin san áireamh

C

Níos mó ná 140g/km go dtí 155g/km agus é sin san áireamh

D

Níos mó ná 155g/km go dtí 170g/km agus é sin san áireamh

E

Níos mó ná 170g/km go dtí 190g/km agus é sin san áireamh

F

Níos mó ná 190g/km go dtí 225g/km agus é sin san áireamh

G

Níos mó ná 225g/km

(3) I gcás nach bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta maidir leis an leibhéal astaíochtaí CO2 a bhaineann le feithicil, faoi threoir aon doiciméid seachas ceachtar de na deimhnithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2), nó i gcás nach ndearnadh aon deimhniú a sholáthar, déileálfar leis an bhfeithicil, chun críocha na Coda seo, amhail is dá mba fheithicil de chuid Earnáil G í.

(4) Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘astaíochtaí CO2’ an leibhéal astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) atá ag feithicil, ar leibhéal é arna thomhas de réir fhorálacha Threoir 80/1268/CEE an 16 Nollaig 1980 ón gComhairle 9 (arna leasú) agus arna liostú in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Treoir 70/156/CEE an 6 Feabhra 1970 ón gComhairle 10 (arna leasú) agus atá san áireamh sa deimhniú iomchuí cineál-cheadaithe CE nó sa deimhniú iomchuí comhréireachta CE nó in aon doiciméad cuí eile lena ndaingnítear comhlíonadh aon bheart arna ndéanamh chun éifeacht a thabhairt sa Stát d’aon ionstraim de chuid na gComhphobal Eorpach a bhaineann le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i leith cineál-cheadaithe don chineál feithicle lena mbaineann;

ciallaíonn ‘méid sonraithe’, i ndáil le caiteachas arna thabhú ar sholáthar nó ar fhruiliú feithicle lena mbaineann an Chuid seo, €24,000, i gcás inar tabhaíodh an caiteachas—

(a) i dtréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1 Eanáir 2007 nó dá éis, nó

(b) i mbonntréimhse do bhliain mheasúnachta i gcás ina gcríochnaíonn an bhonntréimhse sin an 1 Eanáir 2007 nó dá éis.

(5) Déanfar an Chuid seo agus Cuid 9 a fhorléiriú mar aon ní amháin.

Teorainneacha astaíochtaí-bhunaithe i gcomhair gluaisteán áirithe.

380L.— (1) I ndáil le feithicil lena mbaineann an Chuid seo, más rud é maidir le liúntas a ndéanfaí, ar leith ón alt seo, é a thabhairt faoi alt 284, go mbeidh sé le méadú nó le laghdú, de réir mar a bheidh, de bhua an ailt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach do liúntas arna thabhairt faoi alt 284 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú nó arna laghdú amhlaidh faoin alt seo.

(2) I ndáil le feithicil lena mbaineann an Chuid seo, déanfar na liúntais faoi alt 284 a bheidh le cur i gcuntas chun críocha Chaibidil 2 de Chuid 9, le linn méid an chaiteachais a bheidh fós gan lamháil aon tráth áirithe a bheith á ríomh, a chinneadh faoi threoir na liúntas arna ríomh de réir an ailt seo agus déanfar an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle agus a bheidh le cur i gcuntas chun críocha na Caibidle sin a chinneadh dá réir sin.

(3) Beidh feidhm ag alt 284 amhail is dá measfaí, chun críocha an ailt sin, maidir le dearbhchostas na feithicle—

(a) i gcás feithicle in Earnáil A, B nó C, gurb éard é méid atá ar cóimhéid leis an méid sonraithe,

(b) i gcás feithicle in Earnáil D nó E, más rud é maidir le praghas miondíola na feithicle tráth a déanta go bhfuil sé—

(i) níos lú ná an méid sonraithe nó ar cóimhéid leis, gurb éard é 50 faoin gcéad den phraghas sin, agus

(ii) níos mó ná an méid sonraithe, gurb éard é 50 faoin gcéad den mhéid sonraithe,

agus

(c) i gcás feithicle in Earnáil F nó G, gurb éard é neamhní.

(4) I gcás ina mbeidh caiteachas tabhaithe ar fheithicil lena mbaineann an Chuid seo a sholáthar, ansin déanfar aon liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta a ríomh, i gcás ina mbeidh airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh i gceist, amhail is dá mba rud é maidir le méid an airgid sin (nó, más rud é, de dhroim aon fhorála de na hAchtanna Cánach Ioncaim, seachas Cuid 11, nó an t-alt seo, go ndéileálfar le méid éigin eile mar mhéid an airgid sin, an méid eile sin)—

(a) i gcás feithicle in Earnáil A, B nó C, go ndearnadh é a mhéadú nó a laghdú, de réir mar a bheidh, sa chomhréir atá idir an méid sonraithe agus méid iarbhír an chaiteachais sin,

(b) i gcás feithicle in Earnáil D nó E más rud é i gcás an chaiteachais a tabhaíodh go raibh sé—

(i) níos lú ná an méid sonraithe, nó ar cóimhéid leis, go ndearnadh é a laghdú 50 faoin gcéad, agus

(ii) níos mó ná an méid sonraithe, go ndearnadh é a laghdú sa chomhréir atá idir 50 faoin gcéad den mhéid sonraithe agus méid iarbhír an chaiteachais sin,

agus

(c) i gcás feithicle in Earnáil F nó G, gurb éard é neamhní.

(5) (a) Más rud é go dtabhaítear caiteachas ar fheithicil lena mbaineann an Chuid seo a sholáthar agus—

(i) go ndéanann an duine a sholáthraíonn an fheithicil (dá ngairtear an ‘réamhúinéir’ san alt seo) an fheithicil a dhíol nó í a thabhairt uaidh nó uaithi ionas go mbeidh feidhm ag fo-alt (5) d’alt 289, nó ag an bhfo-alt sin arna chur chun feidhme le fo-alt (6) den alt sin, maidir leis an gceannaitheoir nó leis an deontaí,

(ii) go ndíolann an réamhúinéir an fheithicil agus gur díol lena mbaineann alt 312 an díol, nó

(iii) de dhroim duine a theacht i gcomharbas ag seoladh thrádáil nó ghairm an réamhúinéara, go mbeidh feidhm ag alt 313(1),

ansin, i ndáil leis an gceannaitheoir, leis an deontaí nó leis an gcomharba, maidir leis an bpraghas a gheofaí ar an bhfeithicil dá ndíolfaí ar an margadh oscailte í, nó leis an gcaiteachas a thabhaigh an réamhúinéir ag soláthar na feithicle, déileálfar leis, chun críocha alt 289, 312 nó 313, amhail is dá mba éard é—

(I) i gcás feithicle in Earnáil A, B nó C, méid atá ar cóimhéid leis an méid sonraithe,

(II) i gcás feithicle in Earnáil D nó E más rud é go raibh praghas miondíola na feithicle tráth a déanta—

(A) níos lú ná an méid sonraithe nó ar cóimhéid leis, 50 faoin gcéad den phraghas sin, agus

(B) níos mó ná an méid sonraithe, 50 faoin gcéad den mhéid sonraithe,

agus

(III) i gcás feithicile in Earnáil F nó G, neamhní,

agus le linn fo-alt (4) a fheidhmiú i leith an cheannaitheora, an deontaí nó an chomharba, déanfar tagairtí don chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle a fhorléiriú mar thagairtí don chaiteachas a thabhaigh an réamhúinéir amhlaidh.

(b) I gcás ina raibh feidhm ag mír (a) ar aon ócáid áirithe i ndáil le feithicil, agus nach ndearnadh aon díol nó bronnadh ar an bhfeithicil ó shin seachas díol nó bronnadh lena mbaineann alt 289 nó 312, ansin, i ndáil le gach duine lena mbaineann, leanfaidh comhshamhail na n-iarmhairtí faoi mhír (a), maidir le bronnadh, díol nó comharbas faoi fhomhíreanna (i) go (iii) den mhír sin a tharlóidh ar aon ócáid dá éis sin, a leanfadh dá mba rud é go ndearna duine, arb é nó í an réamhúinéir é nó í maidir leis an díol, leis an mbronnadh nó leis an gcomharbas sin, caiteachas a thabhú ag soláthar na feithicle a bhí ar cóimhéid leis an gcaiteachas a ndearna an duine ba réamhúinéir ar an ócáid chéadluaite a thabhú amhlaidh.

(6) Le linn alt 290 a fheidhmiú maidir le cás inarb í an fheithicil an t-innealra nua dá dtagraítear san alt sin, déanfar neamhshuim den chaiteachas—

(a) i gcás feithicle in Earnáil A, B, nó C, a mhéid is mó é ná an méid sonraithe,

(b) i gcás feithicle in Earnáil D nó E, más rud é go raibh praghas miondíola na feithicle tráth a déanta—

(i) níos lú ná an méid sonraithe nó ar cóimhéid leis, a mhéid is mó é ná 50 faoin gcéad den phraghas sin, agus

(ii) níos mó ná an méid sonraithe, a mhéid is mó é ná 50 faoin gcéad den mhéid sonraithe,

agus

(c) i gcás feithicle in Earnáil F nó G, a mhéid is mó é ná neamhní,

ach sin gan dochar d’fheidhm fho-ailt (1) go (5) maidir leis an bhfeithicil.

(7) Ní mheasfar, chun críocha na Coda seo, caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a bheidh an caiteachas íoctha nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát nó ag aon duine seachas an duine céadluaite.

Teorainn le hasbhaintí, etc. i leith fruiliú gluaisteán.

380M.— Más rud é, ar leith ón alt seo, go gceadófaí méid aon chaiteachais ag fruiliú (ar shlí seachas trí fhruilcheannach) feithicle lena mbaineann an Chuid seo, a asbhaint nó a chur i gcuntas mar a luaitear in alt 375, ansin, maidir le méid an chaiteachais sin—

(a) i gcás feithicle in Earnáil A, B, nó C, déanfar é a mhéadú nó a laghdú, de réir mar a bheidh, sa chomhréir atá idir an méid sonraithe agus praghas miondíola na feithicle tráth a déanta,

(b) i gcás feithicle in Earnáil D nó E más rud é go raibh praghas miondíola na feithicle tráth a déanta—

(i) níos lú ná an méid sonraithe nó ar cóimhéid leis, déanfar é a laghdú 50 faoin gcéad, agus

(ii) níos mó ná an méid sonraithe, déanfar é a laghdú sa chomhréir atá idir 50 faoin gcéad den mhéid sonraithe agus an praghas sin,

agus

(c) i gcás feithicle in Earnáil F nó G, is é neamhní é.

Gluaisteáin: forálacha i dtaobh fruilcheannaigh, etc.

380N.— (1) I gcás feithicle lena mbaineann an Chuid seo, beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (4).

(2) I gcás duine a thabhaigh caiteachas caipitiúil ag soláthar feithicle lena mbaineann an Chuid seo faoi chonradh a d’fhoráil go mbeidh an duine sin, nó go bhféadfadh sé nó sí teacht chun bheith, ina úinéir nó ina húinéir ar an bhfeithicil ar an gconradh a chomhlíonadh, do scor de bheith i dteideal shochar an chonartha gan teacht chun bheith ina úinéir nó ina húinéir ar an bhfeithicil, ansin déanfar neamhshuim den chaiteachas sin, sa mhéid go mbaineann sé leis an bhfeithicil, chun críocha Chaibidil 2 de Chuid 9, agus le linn an méid (más ann) is incheadaithe mar a luaitear in alt 375 a chinneadh.

(3) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (2), déileálfar leis na híocaíochtaí go léir a rinneadh faoin gconradh chun críocha cánach (lena n-áirítear go háirithe chun críocha alt 380M) mar chaiteachas a tabhaíodh ag fruiliú na feithicle ar shlí seachas trí fhruilcheannach.

(4) Más faoi chonradh fruilcheannaigh a thógfaidh an duine a bheidh ag soláthar na feithicle í, ansin, le linn na híocaíochtaí faoin gconradh a chionroinnt idir an caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar na feithicle agus aon chaiteachas eile, déileálfar le cibé cion de na híocaíochtaí sin a bheidh ar cóimhéid leis an bpraghas ab inmhuirir, tráth déanta an chonartha, ar an duine a bheadh ag soláthar na feithicle dá mbeadh sé á fáil ar glandíol, mar chaiteachas caipitiúil den sórt sin.

Gluaisteáin: forálacha i gcás fruilitheoir do theacht chun bheith ina úinéir nó ina húinéir.

380O.— Má thagann duine a rinne feithicil lena mbaineann an Chuid seo a fhruiliú (ar shlí seachas trí fhruilcheannach) chun bheith ina úinéir nó ina húinéir ar an bhfeithicil dá éis sin, ansin, chun críocha na nAchtanna Cánach (agus go háirithe ailt 380L agus 380M)—

(a) déileálfar le cibé cion de chomhiomlán na n-íocaíochtaí i leith fhruiliú na feithicle agus aon íocaíochta chun an fheithicil a fháil nach mó ná praghas miondíola na feithicle tráth a déanta mar chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar na feithicle, agus mar chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh nuair a thosaigh an fruiliú, agus

(b) déanfar na híocaíochtaí a ndéileálfar leo mar chaiteachas ar fhruiliú na feithicle a laghdú go rátúil ionas go mbeidh an comhiomlán ar aon mhéid leis an iarmhéid.

Forálacha d’fhorlíonadh ailt 380L go 380O.

380P.— (1) Ní bheidh feidhm ag ailt 380L agus 380M, ag fo-ailt (2) agus (3) d’alt 380N agus ag alt 380O i gcás ina mbeidh feithicil arna soláthar nó ar fruiliú, go hiomlán nó go formhór, lena fruiliú chuig daoine den phobal nó chun daoine den phobal a iompar, i ngnáthchúrsa trádála.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 380L, ag fo-ailt (2) agus (3) d’alt 380N ná ag alt 380O i ndáil le feithicil a sholáthróidh duine is monaróir feithicle lena mbaineann an Chuid seo, nó is monaróir páirteanna nó gabhálas d’fheithicil den sórt sin, má shuíonn an duine gur soláthraíodh an fheithicil d’aon toisc chun tástáil a dhéanamh ar an bhfeithicil nó ar pháirteanna nó gabhálais don fheithicil sin; ach más rud é, le linn na tréimhse 5 bliana dar tosach an tráth a soláthraíodh an fheithicil, go mbaineann an duine sin úsáid aisti, go feadh aon mhéid shubstaintiúil, ar mhodh nach bhfreastalaíonn don chuspóir sin amháin, measfar nach raibh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil leis an bhfeithicil.

(3) (a) Déanfar na measúnachtaí breise sin go léir agus na coigeartuithe breise sin go léir ar mheasúnachtaí is gá chun fo-ailt (2) agus (3) d’alt 380N, alt 380O agus fo-alt (2) a chur chun feidhme, agus féadfar aon mheasúnachtaí breise den sórt sin nó aon choigeartuithe breise den sórt sin ar mheasúnachtaí a dhéanamh aon tráth.

(b) I gcás báis duine a thiocfadh, murach gur éag sé nó sí, faoi fho-ailt (2) agus (3) d’alt 380N, faoi alt 380O agus faoi fho-alt (2), chun bheith inmhuirir i leith cánach ioncaim d’aon bhliain, déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó ar a seiceadóirí nó ar a riarthóirí agus beidh sí ina fiach a bheidh dlite agus iníoctha as a eastát nó as a heastát.”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le caiteachas arna thabhú ar sholáthar nó ar fhruiliú feithicle an 1 Iúil 2008 nó dá éis.

Leasú ar alt 481 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Phríomh-Acht.

32 .— (1) Leasaítear alt 481 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) trí “31 Nollaig 2012” a chur in ionad “31 Nollaig 2008” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” ,

(b) i bhfo-alt (2)(c) trí “€50,000,000” a chur in ionad “€35,000,000”,

(c) i bhfo-alt (8) trí “na bliana measúnachta 2012” a chur in ionad “na bliana measúnachta 2008”, agus

(d) i bhfo-alt (9) trí “na bliana measúnachta 2012” a chur in ionad “na bliana measúnachta 2008”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Leasú ar alt 668 (diúscairtí éigeantacha beostoic) den Phríomh-Acht.

33 .— Leasaítear alt 668 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) trí “a bhaineann le bruisealóis i mbeostoc a scriosadh nó a rialú” i mír (a) den mhíniú ar “stoc lena mbaineann an t-alt seo” a scriosadh.

Leasú ar Sceideal 26A (deonacháin do chomhlachtaí ceadaithe, etc.) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

34 .— (1) Leasaítear Sceideal 26A a ghabhann leis an bPríomh-Acht i gCuid 1 trí mhír 20 a scriosadh.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) amhail ar an agus ón 31 Eanáir 2008.

Leasú ar alt 531 (íocaíochtaí le fochonraitheoirí i dtionscail áirithe) den Phríomh-Acht.

35 .— (1) Leasaítear alt 531 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) Faoi réir mhír (b), measfar nach príomhaí de chineál a shonraítear i bhfo-alt (1)(c) duine i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas—

(i) i gcomhlíonadh conartha iomchuí, go ndéanann an duine íocaíocht le fochonraitheoir d’aon toisc i dtaca le hoibríochtaí foirgníochta a sheoltar i bhfoirgnimh nó ar fhoirgnimh nó i dtalamh nó ar thalamh atá le húsáid nó le háitiú ag an duine sin nó ag fostaithe an duine sin, agus

(ii) nach seolann an duine gnó den chineál a luaitear i bhfo-alt (1)(b)(i).

(b) I gcás gur príomhaí de chineál a shonraítear i bhfo-alt (1)(c) duine de bhíthin go bhfuil an duine sin bainteach le cuideachta a sheolann gnó den chineál a luaitear i bhfo-alt (1)(b)(i), ní bheidh feidhm ag mír (a) ach amháin más rud é, i dteannta na gcoinníollacha a shonraítear sa mhír sin, gur cuideachta an duine sin.”,

agus

(b) i bhfo-alt (6)(b)(i) trí “(seachas i gcás ina dtagann duine de na daoine sin faoi réim aicme nó aicmí daoine a bheidh sonraithe sna rialacháin)” a chur isteach i ndiaidh “na daoine a bheartaíonn conradh iomchuí a dhéanamh”.

(2) Tá éifeacht le fo-alt (1) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

Leasú ar alt 110 (urrúsú) den Phríomh-Acht.

36 .— (1) Leasaítear alt 110 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) sa mhíniú ar “sócmhainn cháilitheach” trí “(lena n-áirítear leas comhpháirtíochta)” a chur isteach i ndiaidh “leas”,

(b) sa mhíniú ar “sócmhainn airgeadais”—

(i) i mír (g) trí “agus” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé agus i mír (h) trí “ionstraimí inaistrithe,” a chur in ionad “ionstraimí inaistrithe;” agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(i) lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus

(j) conarthaí le haghaidh árachais agus conarthaí le haghaidh athárachais;”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “sócmhainn airgeadais”:

“ciallaíonn ‘lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa’ lamháltas, cead, ceadúnas nó ceart chun méid sonraithe dé-ocsaíde carbóin nó aon gháis ceaptha teasa eile, mar a mhínítear i dTreoir 2003/87/CE an 13 Deireadh Fómhair 2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE an 24 Meán Fómhair 1996 ón gComhairle 12 , a astú le linn tréimhse sonraithe i gcás ina n-eisíonn Stát nó foras idir-rialtasach nó osnáisiúnta an lamháltas, an cead, an ceadúnas nó an ceart sin de bhun scéime—

(a) lena bhforchuirtear teorainneacha ar astú gás ceaptha teasa den sórt sin, agus

(b) lena gceadaítear lamháltais, ceadanna, ceadúnais nó cearta den sórt sin a aistriú ar luach;”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

Cúlchistí comhionannaithe le haghaidh gnó árachais agus athárachais creidmheasa de chuid cuideachtaí.

37 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 6 de Chuid 4 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 81A:

“81B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘ Rialacháin um Athárachú ’ Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Athárachú) 2006 (I.R. Uimh. 380 de 2006);

ciallaíonn ‘ rialacha iomchuí ’ na rialacha mar atá leagtha amach i bpointe D, arna chur isteach le Treoir 87/343/CEE an 22 Meitheamh 1987 ón gComhairle13 , den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCéad Treoir ón gComhairle 73/239/CEE dar dáta an 24 Iúil 1973 14 .

(2) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, cuirfear i gcuntas go hiomlán gach méid de réir na rialacha i bhfo-alt (3) le linn aon ríomh a dhéanamh, chun críocha Chás I de Sceideal D, ar na brabúis nó na gnóchain d’aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta árachais arbh é a gnó, nó cuid dá gnó, aon tráth, gnó ar ceanglaíodh cúlchiste comhionannaithe a bhunú agus a chothabháil ina leith de bhua Rialachán 24 de na Rialacháin um Athárachú.

(3) Is iad seo a leanas na rialacha a shonraítear san fho-alt seo—

(a) go mbeidh méideanna, a ndéantar, de réir na rialacha iomchuí, iad a aistriú isteach sa chúlchiste comhionannaithe i leith ghnó na cuideachta i dtréimhse, inasbhainte sa tréimhse sin,

(b) go ndéileálfar le méideanna, a ndéantar, de réir na rialacha iomchuí, iad a aistriú amach as an gcúlchiste i leith ghnó na cuideachta i dtréimhse, mar fháltais de chuid an ghnó sin sa tréimhse sin, agus

(c) go dtoimhdeofar, maidir leis na haistrithe sin go léir a cheanglaítear leis na Rialacháin um Athárachú a dhéanamh isteach sa chúlchiste nó amach as an gcúlchiste i leith ghnó na cuideachta d’aon tréimhse, go ndéantar iad de réir mar a cheanglaítear.

(4) Más rud é, maidir le cuideachta árachais ag a bhfuil aon ghnó a gceanglaítear, de bhua Rialachán 24 de na Rialacháin um Athárachú, cúlchiste comhionannaithe a chothabháil ina leith, go scoirfidh sí de thrádáil—

(a) measfar aon iarmhéid atá sa chúlchiste an tráth sin chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide a bheith aistrithe amach as an gcúlchiste díreach sula scoireann an chuideachta de thrádáil, agus

(b) measfar an t-aistriú amach sin a bheith ina aistriú i leith ghnó na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta ina scoireann an chuideachta agus gur ceanglaíodh an t-aistriú amach sin a dhéanamh de bhua na Rialachán um Athárachú.

(5) Maidir le haon aistriú iarbhír nó aon aistriú a thoimhdeofar a bheith déanta de réir na Rialachán um Athárachú ar aon mhéid isteach i gcúlchiste comhionannaithe, a mhéid atá sé inchurtha síos do shocruithe arna ndéanamh go hiomlán nó go formhór chun críocha cánach—

(a) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir leis an aistriú sin, agus

(b) déanfar neamhshuim ar dhéanamh an aistrithe le linn cinneadh a dhéanamh, chun críocha na nAchtanna Cánach, an bhfuil, agus cá mhéad atá, aon cheanglas ann ina dhiaidh sin chun aistriú a dhéanamh isteach sa chúlchiste nó amach as an gcúlchiste de réir na Rialachán um Athárachú,

agus tá feidhm ag an bhfo-alt seo is cuma an páirtí sna socruithe an chuideachta árachais atá i gceist.

(6) Chun críocha an ailt seo, tá aistriú méid isteach i gcúlchiste comhionannaithe inchurtha síos do shocruithe arna ndéanamh go hiomlán nó go formhór chun críocha cánach sa mhéid, maidir leis na socruithe a bhfuil an t-aistriú inchurtha síos dóibh, gur socruithe iad —

(a) arb é an t-aon chuspóir nó an príomhchuspóir atá leo, nó

(b) arb é t-aon sochar nó an príomhshochar a bhféadfaí, ar leith ó fho-alt (7), a bheith ag súil a d’fhabhródh uathu,

aon dliteanas i leith cánach a laghdú de bhua an ailt seo.

(7) Más rud é—

(a) maidir le haon aistriú a dhéanfar isteach i gcúlchiste comhionannaithe, nó amach as cúlchiste comhionannaithe, arna chothabháil ag cuideachta árachais, go ndéantar é de réir na Rialachán um Athárachú i leith gnó a sheolann an chuideachta sin thar tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse chomhionannaithe’ san fho-alt seo), agus

(b) go bhfuil codanna den tréimhse chomhionannaithe i dtréimhsí cuntasaíochta éagsúla,

ansin déanfar an méid a aistrítear a chionroinnt chun críocha an ailt seo idir na tréimhsí cuntasaíochta éagsúla sna comhréireanna a fhreagraíonn don líon laethanta sa tréimhse chomhionannaithe atá ar áireamh i ngach ceann de na tréimhsí cuntasaíochta sin.”.

(2) Meastar éifeacht a bheith leis an alt seo amhail ar an agus ón 15 Iúil 2006.

Leasú ar alt 730D (gnóchan a éiríonn as teagmhas inmhuirearaithe) den Phríomh-Acht.

38 .— (1) Leasaítear alt 730D den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2A)(b)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) (I) (A) go bhfuil brainse i stát eischósta bunaithe ag an gcuideachta árachais a thosaigh an polasaí saoil, agus

(B) go bhfuil an gealltanas arb ionannas dó an polasaí saoil sin cumhdaithe ag an mbrainse sin,

(II) (A) go ndéanann an chuideachta árachais a thosaigh an polasaí saoil an gnó ón Stát a fhrithgheallúint ar bhonn saoirse seirbhísí faoi Rialachán 50 de Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil) 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994) nó faoi shocrú comhionann i stát LEE, agus

(B) go bhfuil cónaí ar an sealbhóir polasaí i stát eischósta,

agus”,

agus

(b) trí fhomhír (ii) a scriosadh.

(2) Tá feidhm ag an alt seo amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

Leasú ar Chaibidil 1A (gnóthais infheistíochta) de Chuid 27 den Phríomh-Acht.

39 .— (1) Leasaítear Caibidil 1A de Chuid 27 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 739B(1) i mír (ccc) den mhíniú ar “teagmhas inmhuirearaithe” trí “i gcás nach teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí an ailt seo ar shlí eile an deireadh sin,” a chur isteach i ndiaidh “deireadh tréimhse iomchuí,”,

(b) in alt 739D—

(i) i bhfo-alt (2)—

(I) i mír (dd) trí “seachas mar thoradh ar ghnóchan a éiríonn as teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí mhír (ccc) in alt 739B(1),” a chur isteach i ndiaidh “teideal chun aonaid,”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (ddd):

“(ddd) i gcás inarb éard é an teagmhas inmhuirearaithe deireadh tréimhse iomchuí i ndáil le haonad de chuid sealbhóra aonad—

(i) barrachas (más ann) luach an aonaid, gan féachaint d’aon mhéid cánach cuí (de réir bhrí alt 739E) a éireoidh leis sin, arna shealbhú ag an sealbhóir aonad lá an deiridh sin ar an méid iomlán a d’infheistigh an sealbhóir aonad sa ghnóthas infheistíochta chun an t-aonad a fháil, agus i gcás ina bhfuair an sealbhóir aonad an t-aonad ar shlí eile, is é an méid a infheistíodh amhlaidh chun an t-aonad sin a fháil luach an aonaid an tráth a fuair an sealbhóir aonad é, nó

(ii) i gcás ina mbeidh roghnú déanta ag an ngnóthas infheistíochta faoi fho-alt (5B), an méid a chinnfear faoin bhfo-alt sin, agus”,

(ii) i bhfo-alt (2A) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) go dtarlaíonn teagmhas inmhuirearaithe i ndáil le gnóthas infheistíochta i leith sealbhóra aonad, agus”,

(iii) i bhfo-alt (3), i bhforléiriú C, trí “roimh an teagmhas inmhuirearaithe a fháil, arna laghdú d’aon mhéid den chéad cháin (de réir bhrí alt 739E(1A)(a)),” a chur in ionad “roimh an teagmhas inmhuirearaithe a fháil”,

(iv) i bhfo-alt (4), i bhforléiriú C, trí “roimh an teagmhas inmhuirearaithe a fháil, arna laghdú d’aon mhéid den chéad cháin (de réir bhrí alt 739E(1A)(a)),” a chur in ionad “roimh an teagmhas inmhuirearaithe a fháil”, agus

(v) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5A):

“(5B) (a) Maidir leis an roghnú dá dtagraítear i mír (ddd) d’fho-alt (2), is roghnú neamh-inchúlghairthe é arna dhéanamh ag gnóthas infheistíochta maidir lena shealbhóirí aonad go léir an tráth a dhéantar an roghnú nó aon tráth eile agus is méid é an méid a chinnfear de réir na foirmle—

A1 - A2

i gcás—

gurb é A1 luach an aonaid an 30 Meitheamh nó an 31 Nollaig, cibé acu is déanaí, roimh dháta an teagmhais inmhuirearaithe,

agus

gurb é A2—

(i) an méid iomlán a bheidh infheistithe sa ghnóthas infheistíochta ag an sealbhóir aonad chun an t-aonad a fháil, agus i gcás ina bhfuair an sealbhóir aonad an t-aonad ar shlí eile, is é an méid a infheistíodh amhlaidh chun an t-aonad sin a fháil luach an aonaid an tráth a fuair an sealbhóir aonad é, nó

(ii) i gcás gur tharla teagmhas inmhuirearaithe lena mbaineann mír (ccc) d’alt 739B(1) roimhe sin, luach an aonaid an 30 Meitheamh nó an 31 Nollaig, cibé acu is déanaí, roimh dháta an teagmhais is déanaí de na teagmhais inmhuirearaithe sin.

(b) Ar an gcéad ócáid a cheanglófar ar an ngnóthas infheistíochta gnóchan a ríomh maidir le sealbhóir aonad ar theagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí mhír (ccc) in alt 739B(1) do tharlú, agus—

(i) a ríomhfar an gnóchan de réir mhír (a), measfar go ndearna an gnóthas infheistíochta an roghnú a shonraítear sa mhír sin, nó

(ii) nach ríomhfar an gnóchan de réir mhír (a), ní dhéanfar roghnú faoi mhír (a).”,

(c) in alt 739E—

(i) i bhfo-alt (1A)—

(I) i mír (a)—

(A) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad an mhínithe ar “an chéad cháin”:

“ciallaíonn ‘an chéad cháin’, i ndáil le haonad de chuid sealbhóra aonad, an cháin chuí ar ar tugadh cuntas agus a íocadh de réir alt 739F i leith teagmhais inmhuirearaithe de réir bhrí mhír (ccc) den mhíniú ar ‘teagmhas inmhuirearaithe’ in alt 739B(1) i ndáil le gnóthas infheistíochta maidir leis an aonad, agus nach ndearnadh í a aisíoc;”,

(B) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad an mhínithe ar “gnóchan nua”:

“ciallaíonn ‘gnóchan nua’ i ndáil le haonad de chuid sealbhóra aonad, gnóchan dá dtagraítear in alt 739D(2A) maidir leis an aonad sin;”,

(II) i mír (b)—

(A) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) I gcás inar mó an cion iomchuí sin ná an dara cáin sin, maidir le méid ar cóimhéid le méid an bharrachais—

(I) (A) íocfaidh an gnóthas infheistíochta é leis an sealbhóir aonad i leith an aonaid,

(B) déanfar é a áireamh i dtuairisceán faoi alt 739F(2), agus

(C) déileálfar leis mar mhéid is féidir a fhritháireamh in aghaidh cánach cuí is iníoctha ag an ngnóthas infheistíochta maidir le haon teagmhas inmhuirearaithe sa tréimhse ar ina leith a thabharfar tuairisceán den sórt sin, nó in aon tréimhse dá éis sin,

(II) má roghnaíonn an gnóthas infheistíochta amhlaidh i scríbhinn chuig na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é a íoc leis an sealbhóir aonad i leith an aonaid, ar éileamh ón sealbhóir aonad a fháil, ach sin sa chás amháin, díreach roimh an teagmhas inmhuirearaithe, maidir le luach an lín aonad de chuid an ghnóthais infheistíochta a ndéileálfaí leis, dá n-éireodh gnóchan, mar ghnóchan a d’éirigh don ghnóthas infheistíochta ar theagmhas inmhuirearaithe do tharlú, nach mó é ná 15 faoin gcéad de luach líon iomlán na n-aonad de chuid an ghnóthais infheistíochta an tráth sin,

agus i gcás ina mbeidh an gnóthas infheistíochta tar éis a chur in iúl don sealbhóir aonad, i scríbhinn, go bhfuil feidhm ag clásal (II) agus i gcás ina mbeidh sé tar éis an fhaisnéis riachtanach a sholáthar don sealbhóir aonad chun a chumasú an t-éileamh a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, ansin measfar an roghnú a shonraítear sa chlásal sin a bheith déanta ag an ngnóthas infheistíochta; in aon chás eile, ní dhéanfar an roghnú faoin gclásal sin.”,

agus

(B) trí fhomhír (iii) a scriosadh,

(ii) i bhfo-alt (2), trí “Faoi réir fho-alt (2A), tabharfaidh gnóthas infheistíochta” a chur in ionad “Tabharfaidh gnóthas infheistíochta”,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil le teagmhas inmhuirearaithe lena mbaineann mír (ccc) in alt 739B más rud é—

(i) díreach roimh an teagmhas inmhuirearaithe, maidir le luach líon na n-aonad sa ghnóthas infheistíochta, nó má tá bratscéim san fhochiste lena mbaineann, a ndéileálfaí le haon ghnóchain a éiríonn ina leith mar ghnóchain a éiríonn don ghnóthas infheistíochta, nó don fhochiste, de réir mar a bheidh, ar theagmhas inmhuirearaithe do tharlú, gur lú é ná 10 faoin gcéad de luach líon iomlán na n-aonad sa ghnóthas infheistíochta nó san fhochiste, de réir mar a bheidh, an tráth sin, agus

(ii) go mbeidh roghnú déanta ag an ngnóthas infheistíochta, i scríbhinn, chuig na Coimisinéirí Ioncaim á rá go ndéanfaidh sé, i leith gach bliana measúnachta, ráiteas (lena n-áirítear, más amhlaidh atá an cás, ráiteas ar mhéid nialais) a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim i bhformáid leictreonach a bheidh ceadaithe acu, an 31 Márta nó roimhe sa bhliain tar éis na bliana measúnachta, ar ráiteas é ina sonrófar na nithe seo a leanas i leith gach duine is sealbhóir aonad—

(I) ainm agus seoladh an duine,

(II) luach na n-aonad ag deireadh na bliana measúnachta i gcás na n-aonad a bhfuil an duine ina dteideal an tráth sin, agus

(III) cibé faisnéis eile a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(b) I gcás ina bhfuil feidhm ag mír (a),

(i) cuirfidh an gnóthas infheistíochta in iúl i scríbhinn don sealbhóir aonad lena mbaineann go bhfuil feidhm ag mír (a),

(ii) déanfaidh an gnóthas infheistíochta lena mbaineann an ráiteas a shonraítear i mír (a)(ii) a thabhairt de réir na míre sin, agus

(iii) measfar gur duine inmhuirearaithe, chun críocha ailt 951 agus 1084, an sealbhóir aonad don tréimhse inmhuirearaithe sin, agus beidh na sonraí seo a leanas san áireamh sa tuairisceán ar ioncam atá le seachadadh ag an duine don tréimhse inmhuirearaithe sin:

(I) ainm agus seoladh an ghnóthais infheistíochta, agus

(II) na gnóchain a éiríonn as an teagmhas inmhuirearaithe.”,

(d) in alt 739G tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás ina n-éiríonn gnóchan as teagmhas inmhuirearaithe lena mbaineann mír (ccc) in alt 739B(1), agus nach bhfuil feidhm ag alt 739E(2) maidir leis an teagmhas inmhuirearaithe sin de bhua fho-alt (2A) den alt sin, ansin, maidir leis an an ngnóchan sin—

(a) déileálfar leis, chun críocha na nAchtanna Cánach, mar ghnóchan a éiríonn don sealbhóir aonad, ar gnóchan é arb é atá ann ná brabúis nó gnóchain atá inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D de réir an ráta a shonraítear in alt 739(1)(b), agus

(b) ní áireofar é le linn ioncam iomlán a ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach,

agus ní bheidh feidhm ag alt 188, ná ag na laghduithe a shonraítear i gCuid 2 den Tábla a ghabhann le halt 458, maidir leis an gcáin arna muirearú amhlaidh.”,

agus

(e) in alt 739H—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Chun críocha fho-alt (1), aon tagairt sa mhíniú ar ‘malartú’ do ghnóthas infheistíochta, folaíonn sí tagairt d’fhochiste de chuid bratscéime i gcás gur malartú idir 2 fhochiste nó níos mó de chuid bratscéimeanna éagsúla an malartú lena mbaineann.

(1B) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1A) mura ndéanfar an malartú lena mbaineann ar chúiseanna tráchtála bona fide agus ní go príomha chun dliteanas cánachais a sheachaint.”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní teagmhas inmhuirearaithe cealú seanaonad a éireoidh as malartú i ndáil le scéim athchóirithe nó chónasctha agus is é an méid a bheidh infheistithe ag sealbhóir aonad chun na haonaid nua a fháil, agus is é an dáta a fuarthas iad, chun críocha na Caibidle seo an méid a bheidh infheistithe ag an sealbhóir aonad chun na seanaonaid a fháil, agus an dáta a fuarthas na seanaonaid.”.

(2) (a) Beidh feidhm ag míreanna (a), (b), (c) agus (d) d’fho-alt (1) agus beidh éifeacht leo maidir le haon teagmhas inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 739B(1) den Phríomh-Acht) a tharlóidh ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

(b) Beidh feidhm ag mír (e) d’fho-alt (1) agus beidh éifeacht leis maidir le haon mhalartú (de réir bhrí alt 739H(1) den Phríomh-Acht) i ndáil le scéim athchóirithe nó chónasctha a tharlóidh ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar alt 768 (liúntas le haghaidh fios feasa) den Phríomh-Acht.

40 .— (1) Leasaítear alt 768 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Más rud é—

(a) go bhfaighidh duine trádáil nó cuid de thrádáil agus, i dteannta na trádála nó an chuid den trádáil, fios feasa a úsáidtear sa trádáil nó sa chuid den trádáil, nó

(b) (i) go bhfaighidh duine trádáil nó cuid de thrádáil, agus

(ii) go bhfaighidh duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an duine fios feasa a úsáidtear sa trádáil nó sa chuid den trádáil,

ansin ní lamhálfar aon mhéid a asbhaint faoin alt seo i leith caiteachais a tabhaíodh leis an bhfios feasa a fháil.

(3A) Déanfar an méid a lamhálfar a asbhaint faoin alt seo i leith caiteachais a thabhaigh duine ar fhios feasa a theorannú don mhéid a tabhaíodh go hiomlán agus go heisiach le fios feasa a fháil ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nár tabhaíodh mar chuid de scéim nó de shocrú arb é an príomhchuspóir, nó ar ceann de na príomhchuspóirí, atá léi nó leis cáin a sheachaint.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, i ndáil le héileamh ó dhuine go lamhálfar caiteachas a asbhaint de réir fho-alt (2)—

(i) dul i gcomhairle le haon duine (dá ngairtear ‘saineolaí’ san fho-alt seo) is dóigh leo a d'fhéadfadh cabhrú leo a fháil amach a mhéid a thabhaítear an caiteachas sin ar fhios feasa, agus

(ii) d’ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht nó srian eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear leis na hAchtanna Cánach seo, nó fúthu, nó le haon reacht eile, nó faoi, nó ar shlí eile, ach faoi réir mhír (b), aon sonra in éileamh an duine faoin alt seo a nochtadh a mheasfaidh siad is gá i gcomhair na comhairle sin.

(b) (i) Sula nochtfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis d’aon saineolaí faoi mhír (a), cuirfidh siad i bhfios don duine—

(I) céannacht an tsaineolaí a bhfuil sé ar intinn acu dul i gcomhairle leis nó léi, agus

(II) an fhaisnéis atá ar intinn acu a nochtadh don saineolaí.

(ii) I gcás ina suífidh an duine chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim (nó ar achomharc chun na gCoimisinéirí Achomhairc) go bhféadfaí dochar a dhéanamh do thrádáil an duine dá ndéanfaí an fhaisnéis sin a nochtadh don saineolaí sin, ansin ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an nochtadh sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321(2) den Phríomh-Acht) dar críoch an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

Caiteachas lena ngabhann coireacht.

41 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 83:

“83A.— (1) Le linn aon ioncam is inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal D a ríomh, ní dhéanfar aon asbhaint i leith aon chaiteachais a tabhaíodh—

(a) le linn íocaíocht, arb éard é a déanamh cion coiriúil a dhéanamh, a dhéanamh, nó

(b) le linn íocaíocht a dhéanamh lasmuigh den Stát i gcás gur chion coiriúil íocaíocht chomhréireach a dhéanamh sa Stát.

(2) Ní dhéanfar aon chaiteachas a shonraítear i bhfo-alt (1) a áireamh le linn aon chaiteachais bhainistíochta a ríomh a bhféadfar faoiseamh a thabhairt ina leith faoi na hAchtanna Cánach.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321(2) den Phríomh-Acht) dar críoch an 31 Eanáir 2008, nó dá éis.

Aistrithe áirithe sócmhainní idir cuideachtaí.

42 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 615(2)(a)—

(i) i bhfomhír (ii), trí “roimh an tráth sin,” a chur in ionad “roimh an tráth sin, agus”, agus i bhfomhír (iii), trí “an ghnó), agus” a chur in ionad “an ghnó),” agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (iii):

“(iv) nach cuideachta infheistíochta údaraithe (de réir bhrí Chuid XIII d’Acht na gCuideachtaí 1990), ar gnóthas infheistíochta é (de réir bhrí alt 739B), an chuideachta a fhaigheann na sócmhainní,”,

agus

(b) in alt 617(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) maidir leis an gcuideachta eile—

(i) go bhfuil cónaí uirthi sa Stát tráth na diúscartha nó gur sócmhainn inmhuirearaithe an tsócmhainn i ndáil leis an gcuideachta sin díreach tar éis an trátha sin, agus

(ii) nach cuideachta infheistíochta údaraithe (de réir bhrí Chuid XIII d’Acht na gCuideachtaí 1990) í, ar gnóthas infheistíochta é (de réir bhrí alt 739B),”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haistriú, nó de réir mar a bheidh maidir le diúscairt, an 18 Feabhra 2008 nó dá éis.

Caibidil 4

Cáin Chorparáide

Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le díbhinní áirithe, etc.

43 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 21A(3) trí “ach faoi réir fho-alt (4) agus alt 21B” a chur in ionad “ach faoi réir fho-alt (4)”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 21A:

“Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le díbhinní áirithe.

21B.— (1) (a) San alt seo—

ciallaíonn ‘brabúis’, i ndáil le cuideachta do thréimhse—

(i) i gcás ina gceanglaítear cuntas sochair agus dochair, nó ráiteas ioncaim, na cuideachta don tréimhse sin a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, an méid brabús, tar éis cánach, mar a thaispeántar sa chuntas sochair agus dochair sin, nó sa ráiteas ioncaim sin, agus

(ii) in aon chás eile, an méid brabús, tar éis cánach, mar a thaispeántar i gcuntas sochair agus dochair, nó i ráiteas ioncaim, na cuideachta agus a ullmhaítear de réir creata cuntasaíochta a bhfuil, sa chríoch ina bhfuil an chuideachta corpraithe, glacadh leis go ginearálta mar chreat a thugann léargas cóir ar an mbrabús don tréimhse sin;

ciallaíonn ‘críoch iomchuí’—

(i) Ballstát de na Comhphobail Eorpacha, nó

(ii) mura Ballstát den sórt sin í, críoch a bhfuil socraithe a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 826(1) déanta lena rialtas;

ciallaíonn ‘brabúis trádála’, i ndáil le cuideachta do thréimhse, comhiomlán an oiread sin de bhrabúis na cuideachta don tréimhse sin atá, ar bhonn cóir réasúnach, inchurtha síos do na nithe seo a leanas—

(i) seoladh trádála ag an gcuideachta, agus

(ii) méid na ndíbhinní a fuair an chuideachta a ndéileáiltear leo mar bhrabúis trádála de bhua an ailt seo,

ach ní fholaíonn sé méideanna atá inchurtha i leith brabús, nó i leith díbhinní a fuair cuideachta agus a íoctar as brabúis, ó thrádáil eiscthe (de réir bhrí alt 21A).

(b) Chun críocha an ailt seo—

(i) ní bhaineann tagairtí do chuideachta a íocann díbhinn ach le cuideachta a bhí, de bhua dlí críche iomchuí, ina cónaí, chun críocha cánach, i gcríoch iomchuí den sórt sin i gcaitheamh na tréimhse ar as na brabúis uaithi a íocadh an díbhinn, agus chun na críche sin ciallaíonn ‘cáin’, i ndáil le críoch iomchuí, aon cháin a fhorchuirtear sa chríoch iomchuí a fhreagraíonn do cháin chorparáide sa Stát,

(ii) déileálfar le cibé méid de dhíbhinn a fhaigheann cuideachta (dá ngairtear an ‘chuideachta chéadluaite’ san fhomhír seo) agus a íocann cuideachta eile as brabúis trádála, nó méid a ndéileáiltear leis mar bhrabúis trádála de chuid na cuideachta eile leis an alt seo, mar bhrabúis trádála na cuideachta céadluaite,

(iii) faoi réir fhomhír (iv), is é a bheidh sa tréimhse ar as na brabúis uaithi a íocfaidh cuideachta díbhinn—

(I) más rud é go n-íocann an chuideachta an díbhinn i leith tréimhse sonraithe, an tréimhse sin,

(II) más rud é nach i leith tréimhse sonraithe a íoctar an díbhinn ach go n-íoctar í as brabúis shonraithe, an tréimhse ar lena linn a éireoidh na brabúis sin, nó

(III) más rud é nach i leith tréimhse sonraithe ná as brabúis shonraithe a íocann an chuideachta an díbhinn, an tréimhse is deireanaí dá ndearnadh suas cuntais na cuideachta agus a chríochnaigh sular tháinig an díbhinn chun bheith iníoctha,

agus

(iv) más rud é, maidir le tréimhse arna sonrú de réir fhomhír (iii) nó na fomhíre seo, gur mó an díbhinn iomlán ná na brabúis atá ar fáil lena ndáileadh don tréimhse sin, ansin déileálfar le cibé oiread den díbhinn atá comhionann leis an mbreis mar dhíbhinn a íocadh as brabúis na tréimhse roimhe sin (seachas brabúis ón tréimhse sin a dáileadh roimhe sin, nó ar déileáladh leis chun críocha na fomhíre seo, mar bhrabúis a dáileadh roimhe sin), agus déileálfar le tréimhse den sórt sin mar thréimhse arna sonrú de réir fhomhír (iii) chun críocha fheidhmiú breise na fomhíre seo.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) faoi réir mhír (b), déileálfar leis an oiread sin de dhíbhinn a íocann cuideachta i leith tréimhse, a mbeidh idir é agus méid na díbhinne sin an chomhréir chéanna atá idir méid bhrabúis trádála na cuideachta don tréimhse sin agus brabúis iomlána na cuideachta don tréimhse sin, mar dhíbhinn a íocadh as brabúis trádála na cuideachta, agus

(b) aon díbhinn a fhaigheann cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta glactha’ sa mhír seo) a bheidh laistigh den réim cánach corparáide sa Stát a íocann cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta íoca’ sa mhír seo) as na brabúis ó thréimhse, déileálfar léi mar mhéid a íocadh as brabúis trádála na cuideachta íoca don tréimhse sin más rud é—

(i) gur brabúis trádála iad méid nach lú ná 75 faoin gcéad de bhrabúis iomlána na cuideachta íoca don tréimhse,

(ii) nach lú, ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta ina bhfaigheann an chuideachta fála an díbhinn, luach sócmhainní (seachas sócmhainní sonraithe) a úsáideann an chuideachta glactha, agus gach cuideachta ar máthairchuideachta di an chuideachta glactha (de réir bhrí alt 626B), le linn na tréimhse sin chun críocha na cuideachtaí sin do sheoladh trádála nó trádálacha, ná 75 faoin gcéad de luach, i ndeireadh na tréimhse sin, sócmhainní (seachas sócmhainní sonraithe) na gcuideachtaí sin, agus chun na críche sin déileálfar le sócmhainn mar shócmhainn shonraithe más é atá ann—

(I) scaireanna de chuid cuideachta amháin de na cuideachtaí sin, arna sealbhú ag cuideachta eile de na cuideachtaí sin, nó

(II) iasachtaí arna dtabhairt ag cuideachta amháin de na cuideachtaí sin do chuideachta eile de na cuideachtaí sin.

(3) Faoi réir fho-alt (4), beidh feidhm ag an alt seo maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta i gcás ina bhfaigheann cuideachta díbhinn is inmhuirearaithe faoi Chás III de Sceideal D ó chuideachta eile agus go n-íocann an chuideachta eile an díbhinn as brabúis trádála na cuideachta eile.

(4) I gcás ina bhfuil ar áireamh in ioncam cuideachta (dá ngairtear an ‘chuideachta chéadluaite’ san fho-alt seo), is inmhuirearaithe faoi Chás III de Sceideal D i leith tréimhse cuntasaíochta de chuid na cuideachta, díbhinn arna híoc leis an gcuideachta ag cuideachta eile, agus—

(a) nach leis an gcuideachta chéadluaite, go díreach nó go neamhdhíreach, léi féin nó i dteannta duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an gcuideachta chéadluaite, méid is mó ná 5 faoin gcéad de scairchaipiteal na cuideachta eile, agus

(b) nach bhfuil méid is mó ná 5 faoin gcéad de na cearta vótála sa chuideachta eile ar seilbh ag an gcuideachta chéadluaite,

ansin, déileálfar leis an díbhinn chun críocha fho-alt (3) mar dhíbhinn arna fáil ag an gcuideachta chéadluaite ar díbhinn í a íocann an chuideachta eile as brabúis trádála na cuideachta eile.

(5) I gcás ina gcruthaíonn cuideachta go bhfuil feidhm ag an alt seo maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta agus go ndéanann sí éileamh ina thaobh sin, ansin ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) d’alt 21A maidir le cibé méid d’aon ioncam de chuid na cuideachta is inmhuirearaithe faoi Chás III de Sceideal D arb éard é díbhinn a fuair an chuideachta ó chuideachta eile más rud é gur díbhinn í a íocann an chuideachta eile as brabúis trádála na cuideachta eile.

(6) Aon éileamh ag cuideachta faoin alt seo maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta, déanfar é a áireamh sa tuairisceán faoi alt 951 a bheidh le déanamh ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta.”,

(c) in alt 243A(3)—

(i) i mír (a) trí “agus” a scriosadh agus i mír (b) trí “iomchuí, agus” a chur in ionad “iomchuí,”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) ioncaim nach mbaineann alt 21A(3) leis de bhua alt 21B,”,

(d) in alt 396A(3)—

(i) i mír (a) trí “agus” a scriosadh agus i mír (b) trí “iomchuí, agus” a chur in ionad “iomchuí,”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) ioncaim nach mbaineann alt 21A(3) leis de bhua alt 21B,”,

(e) in alt 420A(3)(a)—

(i) i bhfomhír (i) trí “agus” a scriosadh agus i bhfomhír (ii) trí “iomchuí, agus” a chur in ionad “iomchuí,”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) ioncaim nach mbaineann alt 21A(3) leis de bhua alt 21B,”,

agus

(f) i Sceideal 24, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (9)E:

“9E. (1) (a) Sa mhír seo—

ciallaíonn ‘ cuideachta choigríche ’ cuideachta a chónaíonn lasmuigh den Stát;

tá le ‘ cáin choigríche neamhfhaoisimh ’ an bhrí a shanntar dó i bhfomhír (2);

tá le ‘ cáin choigríche neamhfhaoisimh i leith díbhinní sonraithe ’ an bhrí a shanntar dó i bhfomhír (3).

(b) Chun críche na míre seo—

(i) is díbhinn iomchuí díbhinn más rud é go ndéanann cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta glactha’ sa chlásal seo) í a fháil ó chuideachta nach gcónaíonn sa Stát (dá ngairtear ‘an chuideachta íoca’ sa chlásal seo) agus go bhfuil an chuideachta íoca gaolmhar leis an gcuideachta glactha (de réir bhrí mhír (9)B(5)(b)), agus

(ii) ciallaíonn an méid comhiomlán cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta i leith aon díbhinní arna bhfáil ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta ó chuideachtaí coigríche an oiread sin den cháin chorparáide ab iníoctha, ar leith ón mír seo, ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin agus nach mbeadh iníoctha mura mbeadh na díbhinní sin arna bhfáil ag an gcuideachta.

(2) (a) Más rud é, maidir le díbhinn iomchuí arna fáil ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta agus ar a muirearaítear cáin chorparáide de réir alt 21A, nach féidir aon chuid den cháin choigríche, ar leith ón mír seo, a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha agus, dá réir sin, go ndéileáiltear, faoi mhír (7)(3)(c), leis an méid ioncaim atá in ionannas don díbhinn mar mhéid arna laghdú den chuid sin den cháin choigríche, ansin maidir le méid a chinnfear de réir na foirmle—

100 - R x D

100

i gcás—

gurb é R an ráta faoin gcéad a shonraítear in alt 21A(3), agus

gurb é D an méid den chuid den cháin choigríche a ndéileálfar leis an ioncam faoi mhír (7)(3)(c) mar mhéid arna laghdú de,

déileálfar leis, chun críocha chlásal (b), mar cháin choigríche neamhfhaoisimh de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin.

(b) Déanfar an méid comhiomlán cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta i leith díbhinní iomchuí arna bhfáil ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin ó chuideachtaí coigríche a laghdú den mhéid cánach coigríche neamhfhaoisimh de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin.

(c) I gcás gur mó an cháin choigríche neamhfhaoisimh i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ná comhiomlán an méid cánach corparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta i leith díbhinní iomchuí arna bhfáil ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin ó chuideachtaí coigríche, déanfar an bhreis a thabhairt ar aghaidh, agus déileálfar léi mar cháin choigríche neamhfhaoisimh de chuid na chéad tréimhse cuntasaíochta dá héis sin, agus mar sin de do thréimhsí cuntasaíochta dá héis sin.

(3) (a) San fhomhír seo ciallaíonn ‘díbhinn shonraithe’ díbhinn iomchuí nach muirearaítear cáin chorparáide uirthi de réir alt 21A.

(b) Más rud é, maidir le díbhinn shonraithe arna fáil ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta, nach féidir aon chuid den cháin choigríche, ar leith ón mír seo, a lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, agus dá réir sin, go ndéileáiltear, faoi mhír (7)(3)(c), leis an méid ioncaim atá in ionannas don díbhinn mar mhéid arna laghdú den chuid sin den cháin choigríche, ansin, maidir le méid a chinnfear de réir na foirmle—

100 - R x D

100

i gcás—

gurb é R an ráta faoin gcéad a shonraítear in alt 21, agus

gurb é D an méid den chuid den cháin choigríche a ndéileálfar leis an ioncam faoi mhír (7)(3)(c) mar mhéid arna laghdú de,

déileálfar leis, chun críocha chlásal (c), mar cháin choigríche neamhfhaoisimh i leith díbhinní sonraithe de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin.

(c) Déanfar an méid comhiomlán cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta i leith díbhinní sonraithe arna bhfáil ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin ó chuideachtaí coigríche a laghdú den mhéid cánach coigríche neamhfhaoisimh i leith díbhinní sonraithe de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin.

(d) I gcás gur mó an cháin choigríche neamhfhaoisimh i leith díbhinní sonraithe i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ná an méid comhiomlán cánach corparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta i leith díbhinní sonraithe arna bhfáil ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin ó chuideachtaí coigríche, déanfar an bhreis a thabhairt ar aghaidh agus déileálfar léi mar cháin choigríche neamhfhaoisimh i leith díbhinní sonraithe de chuid na chéad tréimhse cuntasaíochta dá héis sin, agus mar sin de do thréimhsí cuntasaíochta dá héis sin.”.

(2) Measfar feidhm a bheith ag an alt seo maidir le díbhinn arna fáil an 1 Eanáir 2007 nó dá éis.

Leasú ar Chuid 13 (dlúthchuideachtaí) den Phríomh-Acht.

44 .— (1) Leasaítear Cuid 13 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 434—

(i) i bhfo-alt (2) trí “agus faoi réir fho-alt (3A) measfar gurb éard iad dáiltí cuideachta” a chur in ionad “, measfar gurb éard iad dáiltí cuideachta”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) (a) I gcás ina n-íocann dlúthchuideachta díbhinn le dlúthchuideachta eile nó ina ndéanann sí dáileadh ar dhlúthchuideachta eile, féadfaidh na cuideachtaí comhrogha a dhéanamh trí fhógra a thabhairt don Ard-Bhailitheoir ar cibé slí a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim, nach ndéileálfar leis an díbhinn, nó leis an dáileadh, de réir mar a bheidh, mar dháileadh chun críocha alt 440.

(b) I gcás ina dtabharfar fógra de réir mhír (a), ní dhéileálfar leis an díbhinn nó leis an dáileadh, de réir mar a bheidh—

(i) chun críocha alt 440, mar dháileadh, agus

(ii) chun críocha fho-alt (5), mar ioncam infheistíochta frainceáilte.

(c) Déanfar roghnú ag cuideachta faoi mhír (a) maidir le tréimhse chuntasaíochta a áireamh leis an tuairisceán faoi alt 951 atá le déanamh ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta.”.

agus

(b) in alt 441(6)(a), trí “fo-ailt (2), (3), (3A), (6) agus (7)” a chur in ionad “fo-ailt (2), (3), (6) agus (7)”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le díbhinn arna híoc, nó maidir le dáileadh arna dhéanamh, an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

Leasú ar Chuid 24 (cánachas ar bhrabúis mianach áirithe agus cánachas ar pheitriliam) den Phríomh-Acht.

45 .— (1) Leasaítear Cuid 24 den Phríomh-Acht—

(a) trí alt 697 a athuimhriú mar alt 696A, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 696A (arna athuimhriú le mír (a)):

“Caibidil 3

Cáin ar Chíos ó Acmhainn Bhrabúis

Léiriú agus feidhm (Caibidil 3).

696B.— (1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn ‘caiteachas réimse carnach’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta i leith réimse inchánach, comhiomlán an chaiteachais réimse charnaigh de chuid na cuideachta i leith an réimse inchánach—

(a) don tréimhse chuntasaíochta sin, agus

(b) d’aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin dar tosach an 1 Eanáir 2007 nó dá éis;

ciallaíonn ‘brabúis réimse charnacha’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta i leith réimse inchánach, comhiomlán na nglanbhrabús réimse inchánach de chuid na cuideachta i leith an réimse inchánach—

(a) don tréimhse chuntasaíochta sin, agus

(b) d’aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin dar tosach an 1 Eanáir 2007 nó dá éis,

tar éis méid aon chaillteanais a tabhaíodh i leith an réimse inchánach d’aon tréimhse den sórt sin a asbhaint;

ciallaíonn ‘glanbhrabúis réimse inchánach’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, brabúis réimse inchánach na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta tar éis an méid cánach corparáide (más ann) a asbhaint a bheadh, ar leith ón gCaibidil seo, iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dá ndéanfaí an cháin a ríomh ar bhonn na mbrabús sin;

ciallaíonn ‘cóimheas brabúis’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta i leith réimse inchánach, méid a chinnfear de réir na foirmle—

A

B

i gcás—

gurb é A brabúis réimse charnacha na cuideachta i leith an réimse inchánach i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta sin, agus

gurb é B caiteachas réimse carnach na cuideachta i leith an réimse inchánach i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta sin;

tá le ‘cáin ar chíos ó acmhainn bhrabúis’ an bhrí a thugtar dó in alt 696C;

ciallaíonn ‘ceadúnas sonraithe’—

(a) ceadúnas taiscéalaíochta, nó ceadúnas limistéir chaomhnaithe, a dheonaítear an 1 Eanáir 2007 nó dá éis, nó

(b) rogha cheadúnúcháin;

ciallaíonn ‘réimse inchánach’ limistéar a bhfuil léas peitriliam i bhfeidhm ina leith a rinneadh mar thoradh ar cheadúnas sonraithe;

ciallaíonn ‘caiteachas réimse inchánach’, i dtaca le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, comhiomlán na méideanna caiteachais chaipitiúil arb éard atá iontu—

(a) caiteachas ar thréigean,

(b) caiteachas ar fhorbairt, agus

(c) caiteachas ar thaiscéalaíocht,

arna dtabhú ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta i leith réimse inchánach;

ciallaíonn ‘brabúis réimse inchánach’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, an méid brabús peitriliam de chuid na cuideachta i leith réimse inchánach, tar éis na hasbhaintí go léir a dhéanamh, nó na faoisimh go léir a thabhairt nó a lamháil, ar asbhaintí nó faoisimh iad, chun críocha cánach corparáide, a dhéantar as na nithe seo a leanas, nó a thugtar nó a lamháiltear ina n-aghaidh, nó a ndéileáiltear leo mar asbhaintí nó mar fhaoisimh atá ina laghdú ar na nithe seo a leanas—

(a) na brabúis sin, nó

(b) ioncam nó gnóchain inmhuirearaithe, más ann dóibh, atá ar áireamh ar na brabúis sin.

(2) Chun críocha na Caibidle seo—

(a) beidh feidhm ag na léirithe in alt 684, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le caiteachas agus gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi cheadúnas sonraithe amhail mar a bheadh feidhm acu maidir le caiteachas agus gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi cheadúnas de réir bhrí alt 684 dá mba cheadúnas sonraithe ceadúnas den sórt sin, agus

(b) maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú an 1 Eanáir 2007 nó dá éis ag cuideachta i limistéar nach réimse inchánach ach a thagann chun bheith ina réimse inchánach (nó ina chuid de réimse den sórt sin) dá éis sin, déileálfar leis ionann is dá mba ar an lá a thagann an limistéar chun bheith ina réimse inchánach (nó ina chuid de réimse den sórt sin) i gcéaduair a tabhaíodh é.

(3) (a) I gcás ina seolann cuideachta trádáil peitriliam agus go bhfolaíonn an trádáil peitriliam sin gníomhaíochtaí peitriliam arna seoladh faoi cheadúnas sonraithe, déileálfar leis na gníomhaíochtaí sin, chun críocha na Caibidle seo, i leith gach réimse inchánach mar thrádáil peitriliam leithleach, ar leith ó na gníomhaíochtaí eile go léir a sheolann an chuideachta mar chuid den trádáil.

(b) Chun críocha mhír (a), déanfar aon chionroinnt is gá le linn brabúis réimse inchánach nó caiteachais réimse inchánach de chuid cuideachta a ríomh agus is é an modh cionroinnte a ghlacfar ná cibé modh is dóigh leis an gcigire, nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, a bheith cóir réasúnach.

(c) Faoi réir mhír (d) beidh feidhm ag forálacha ailt 687 go 690 chun críocha na Caibidle seo i ndáil le haon ghníomhaíochtaí a n-ndéileáiltear leo faoi mhír (a) mar thrádáil leithleach amhail mar atá feidhm acu maidir le trádáil peitriliam de réir bhrí na n-alt sin.

(d) Chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta i leith réimse inchánach, ní chuirfear i gcuntas aon mhuirir a íocadh, aon ús is iníoctha ná aon chaillteanas a tabhaíodh—

(i) ag aon chuideachta eile, nó

(ii) ag an gcuideachta chéadluaite,

i leith gníomhaíochtaí seachas gníomhaíochtaí i ndáil leis an réimse sin.

Cáin ar chíos ó acmhainn bhrabúis a mhuirearú.

696C.— (1) Más rud é, do thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, go bhfuil cóimheas brabúis na cuideachta i ndáil le réimse inchánach comhionann le 1.5 nó níos mó, déanfar dleacht bhreise cánach corparáide (dá ngairtear ‘cáin ar chíos ó acmhainn bhrabúis’ sa Chaibidil seo) a mhuirearú ar bhrabúis na cuideachta de réir fhorálacha na Caibidle seo.

(2) Déanfar cáin ar chíos ó acmhainn bhrabúis a mhuirearú ar na brabúis lena mbaineann an Chaibidil seo de chuid cuideachta, go ceann tréimhse cuntasaíochta de réir an ráta—

(a) 5 faoin gcéad, i gcás gur lú ná 3 an cóimheas brabúis,

(b) 10 faoin gcéad, i gcás gurb ionann an cóimheas brabúis agus 3 nó gur mó ná 3 é, agus gur lú ná 4.5 é,

(c) 15 faoin gcéad, i gcás gurb ionann an cóimheas brabúis agus 4.5 nó gur mó ná 4.5 é.

(3) Maidir leis na brabúis lena mbaineann an Chaibidil seo i dtaca le haon réimse inchánach do thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta—

(a) i leith aon tréimhse cuntasaíochta arb amhlaidh ina leith—

(i) gurb ionann an cóimheas brabúis agus 1.5 nó gur mó ná 1.5 é, agus

(ii) gur lú ná an 1.5 sin an cóimheas brabúis don tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe sin,

cinnfear iad de réir na foirmle—

{A - (B x 1.5)}x 100

100 - R

i gcás—

gurb é A brabúis réimse charnacha na cuideachta i leith an réimse inchánach i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta,

gurb é B caiteachas réimse carnach na cuideachta i leith an réimse inchánach i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta, agus

gurb é R an ráta faoin gcéad a shonraítear in alt 21A(3),

agus

(b) i leith aon tréimhse cuntasaíochta eile de chuid na cuideachta, is é a bheidh iontu brabúis réimse inchánach na cuideachta i leith an réimse inchánach don tréimhse chuntasaíochta.

Forálacha a bhaineann le grúpaí (Caibidil 3).

696D.— (1) I gcás ina dtabhaíonn cuideachta (dá ngairtear ‘an chéad chuideachta’ san alt seo) caiteachas réimse inchánach i leith réimse inchánach, agus

(a) go bhfuil cuideachta eile ina fochuideachta ar lánúinéireacht ag an gcéad chuideachta, nó

(b) go bhfuil an chéad chuideachta, an tráth a thabhaítear an caiteachas réimse inchánach, ina fochuideachta ar lánúinéireacht ag cuideachta eile (dá ngairtear san alt seo ‘an mháthairchuideachta’),

ansin, féadfar an caiteachas nó cibé méid de a shonraíonn an chéad chuideachta, ar rogha na cuideachta sin, a mheas mar chaiteachas réimse inchánach i leith an réimse inchánach arna thabhú—

(i) sa chás dá dtagraítear i mír (a), ag cibé cuideachta eile (is fochuideachta ar lánúinéireacht ag an gcéad chuideachta) a shonraíonn an chéad chuideachta, agus

(ii) sa chás dá dtagraítear i mír (b), ag an máthairchuideachta nó ag cibé cuideachta eile (is fochuideachta ar lánúinéireacht ag an máthairchuideachta) a shonraíonn an chéad chuideachta.

(2) I gcás ina measfar faoi fho-alt (1) caiteachas réimse inchánach arna thabhú ag céad chuideachta a bheith tabhaithe ag cuideachta eile (dá ngairtear san fho-alt seo ‘an chuideachta eile’)—

(a) measfar gur thabhaigh an chuideachta eile an caiteachas an tráth a thabhaigh an chéad chuideachta an caiteachas iarbhír, agus

(b) le linn an Chaibidil seo a chur chun feidhme—

(i) measfar gur thabhaigh an chuideachta eile an caiteachas chun caiteachas réimse carnach na cuideachta sin a chinneadh, agus

(ii) measfar nár thabhaigh an chéad chuideachta an caiteachas chun caiteachas carnach réimse na cuideachta sin a chinneadh.

(3) Ní chuirfear an caiteachas céanna i gcuntas i ndáil le caiteachas carnach a chinneadh do bhreis agus réimse inchánach amháin de bhua an ailt seo.

(4) Tá feidhm ag fo-alt (5) d’alt 694 chun críocha fho-alt (1) mar atá feidhm aige chun críocha an fho-ailt sin.

Tuairisceáin (Caibidil 3).

696E.— (1) San alt seo ciallaíonn ‘foirm fhorordaithe’ foirm atá forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim nó foirm a úsáidtear faoi údarás na gCoimisinéirí Ioncaim agus folaíonn sé foirm arb é atá i gceist léi ráiteas a sheachadadh trí aon phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) I dteannta an tuairisceáin a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt 951, déanfaidh cuideachta a sheolann gníomhaíochtaí peitriliam faoi cheadúnas sonraithe, i gcomhthráth, agus mar aon, leis an tuairisceán a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt 951, ráiteas iomlán fírinneach i bhfoirm fhorordaithe maidir leis na mionsonraí a éilítear san fhoirm i leith na nithe seo a leanas a ullmhú agus a sheachadadh ar an Ard-Bhailitheoir ar an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe nó roimhe—

(a) na méideanna arb iad comhiomlán an chaiteachais réimse charnaigh do gach réimse,

(b) na méideanna arb iad comhiomlán na mbrabús réimse carnach do gach réimse,

(c) miondealú ar na méideanna a shonraítear i míreanna (a) agus (b), agus

(d) an méid cánach ar chíos ó acmhainn bhrabúis, más ann don cháin sin, is iníoctha i leith gach réimse,

agus maidir le cibé sonraí breise i ndáil leis an gCaibidil seo a éileofar leis an bhfoirm fhorordaithe.

(3) Féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim cibé fiosrúcháin a dhéanamh nó cibé bearta a ghlacadh a thagann faoi réim a chumhachtaí nó a cumhachtaí agus is dóigh leis nó léi is gá chun a chinneadh an mionsonraí nó sonraí cruinne aon mhionsonraí nó sonraí atá sa ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó nach ea.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (9) agus (10) d’alt 951 maidir le ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh faoin alt seo mar atá feidhm acu maidir le tuairisceán a cheanglaítear a sheachadadh faoin alt sin agus chun na críche sin déanfar tagairt sna fo-ailt sin do thuairisceán, seachas tagairt don dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe, a fhorléiriú mar thagairt do ráiteas faoin alt seo.

(5) Beidh feidhm ag alt 1052 maidir le mainneachtain ag duine ráiteas faoin alt seo nó na mionsonraí nó na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a sheachadadh mar atá feidhm aige maidir le mainneachtain tuairisceán dá dtagraítear in alt 1052 a sheachadadh.

Bailiú agus forálacha ginearálta.

696F.— (1) Beidh feidhm ag na forálacha de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(a) measúnachtaí i leith cánach corparáide,

(b) achomhairc i gcoinne measúnachtaí den sórt sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil), agus

(c) cáin chorparáide a bhailiú agus a ghnóthú,

i ndáil le cáin ar chíos ó acmhainn bhrabúis arna muirearú faoi alt 696C mar atá feidhm acu maidir le cáin chorparáide arna muirearú ar shlí seachas faoin gCaibidil seo.

(2) (a) Aon mhéid cánach ar chíos ó acmhainn bhrabúis is iníoctha de réir na Caibidle seo gan measúnacht a dhéanamh, béarfaidh sé ús de réir ráta 0.0273 faoin gcéad in aghaidh gach lae nó gach cuid de lá ón dáta a thiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é.

(b) Beidh feidhm ag alt 1080 i ndáil le hús is iníoctha faoi mhír (a) mar atá feidhm aige i ndáil le hús is iníoctha faoi alt 1080.”.

(2) Measfar go raibh feidhm ag an alt seo i gcás brabús i leith aon léasa peitriliam arna dhéanamh de bharr rogha ceadúnúcháin nó de bharr ceadúnais taiscéalaíochta, nó ceadúnais limistéir chaomhnaithe, a dheonaigh an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha tar éis an 1 Eanáir 2007.

Liúntas caithimh agus cuimilte a luathú le haghaidh trealaimh áirithe atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de.

46 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 285:

“285A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘ trealamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de ’ trealamh, atá ainmnithe ar na critéir a luaitear ar an liosta sonraithe agus a chomhlíonann na critéir sin, a sholáthraítear chun críocha trádála agus nach trealamh úsáidte ná réchaite é an tráth a sholáthraítear amhlaidh é;

ciallaíonn ‘ tréimhse iomchuí ’ an tréimhse dar tosach an dáta a dhéantar an chéad ordú faoi fho-alt (4) agus dar críoch 3 bliana tar éis an dáta sin;

ciallaíonn ‘ an liosta sonraithe ’ an liosta de threalamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de ar liosta é—

(a) a chomhlíonann fo-ailt (3) agus (4), agus

(b) atá á chothabháil ag Fuinneamh Inmharthana Éireann — Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn ‘Tábla’ an Tábla i Sceideal 4A.

(2) Faoi réir an ailt seo, i gcás ina bhfuil aon liúntas caithimh agus cuimilte le tabhairt faoi alt 284 d’aon tréimhse inmhuirearaithe do chuideachta a thabhaigh caiteachas caipitiúil ar threalamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a sholáthar chun críocha trádála a sheolann an chuideachta sin, beidh feidhm ag alt 284(2) amhail is dá mba thagairt do 100 faoin gcéad an tagairt i mír (ad) den alt sin do 12.5 faoin gcéad.

(3) Ní bheidh ar an liosta sonraithe ach amháin cibé trealamh—

(a) atá in aicme teicneolaíochta a shonraítear i gcolún (1) den Tábla, agus

(b) is de thuairisc a bhaineann leis an aicme teicneolaíochta sin agus a shonraítear i gcolún (2) den Tábla.

(4) Chun críocha an ailt seo, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus le ceadú an Aire Airgeadais—

(a) déanfaidh an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, le hordú, an liosta sonraithe agus—

(i) luafaidh sé nó sí na critéir i dtaobh éifeachtúlachta fuinnimh a bheidh le comhlíonadh do gach aicme teicneolaíochta, agus

(ii) ainmneoidh sé nó sí na táirgí incháilithe i ngach aicme teicneolaíochta,

a shonraítear i gcolún (1) den Tábla, agus

(b) féadfaidh an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, le hordú, an liosta sonraithe a leasú agus—

(i) luafaidh sé nó sí na critéir i dtaobh éifeachtúlachta fuinnimh a bheidh le comhlíonadh d’aon aicme teicneolaíochta, nó

(ii) ainmneoidh sé nó sí na táirgí incháilithe in aon aicme teicneolaíochta,

a shonraítear i gcolún (1) den Tábla.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2)—

(a) i gcás nach cuideachta an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt de réir alt 284, ná

(b) i gcás ina mbeidh an trealamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de ar léas, ligthe nó ar fruiliú le haon duine.

(6) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le caiteachas a thabhaítear i dtréimhse inmhuirearaithe ar threalamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a sholáthar i ndáil le haicme teicneolaíochta i gcás gur lú an méid caiteachais sin ná an méid íosta a shonraítear i gColún (3) den Tábla i ndáil leis an aicme teicneolaíochta sin.

(7) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le caiteachas a thabhófar ar threalamh a sholáthar i gcás nach dtabhaítear an caiteachas sin sa tréimhse iomchuí.

(b) Más rud é—

(i) go dtabhaítear caiteachas ar threalamh an 31 Eanáir 2008 nó dá éis ach sula ndéantar an chéad ordú faoi fho-alt (4), agus

(ii) go mbeadh an trealamh sin cáilithe mar threalamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de faoin alt seo dá ndéanfaí ordú den sórt sin an tráth a tabhaíodh an caiteachas,

ansin beidh feidhm ag an alt seo amhail is dá mba rud é go ndearnadh an t-ordú an tráth sin.

(8) I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo maidir le caiteachas caipitiúil a thabhóidh cuideachta ar threalamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a sholáthar agus nach ndéileálfaí leis an trealamh sin, ar leith ón alt seo, mar innealra nó gléasra, ansin déileálfar leis an trealamh sin mar innealra nó gléasra chun críocha na Caibidle seo agus Chaibidil 4 den Chuid seo.

(9) Déanfar aon ordú a dhéanfaidh an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha chun críocha an ailt seo a leagan faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 4:

“SCEIDEAL 4A

AN TÁBLA

(An Aicme Teicneolaíochta)

(Tuairisc)

(An Méid Íosta)

(1)

(2)

(3)

Mótair agus Tiomántáin

Mótar: Mótar neamhshioncranach leictreach ag a bhfuil rátáil cumhachta 1.1kW nó níos mó, cibé acu is mótar leithleach é nó is mar chuid de threalamh eile é, agus a thagann le caighdeán sonraithe éifeachtúlachta.

Tiomántán luais inathraithe: Tiomántán atá deartha go sonrach chun mótar ionduchtaithe SA a thiomáint ar mhodh ar a rothlaítear crann tiomána an mhótair ar luas inathraithe faoi réir comhartha sheachtraigh.

€1,000

Soilsiú

Aonaid soilsithe, lena gcuimsítear feisteáin, lampaí agus gléas rialaithe gaolmhar, agus a fhreagraíonn do chritéir éifeachtúlachta shonraithe, nó córais le haghaidh soilsiú a rialú arna ndearadh chun éifeachtúlacht aonad soilsithe a fheabhsú. Áirítear braiteoirí áitíochta agus comharthaí ardéifeachtúlachta.

€3,000

Córais Bhainistíochta Fuinnimh Foirgnimh

Córais ríomhaire-bhunaithe, arna ndearadh go príomha chun faireachán a dhéanamh ar úsáid fuinnimh foirgnimh agus chun í a rialú arb é a gcuspóir éifeachtúlacht fuinnimh a bharrfheabhsú agus teacht le caighdeáin shonraithe éifeachtúlachta.

€5,000

.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Réamhcháin.

47 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 958—

(i) i bhfo-alt (1)(a)—

(I) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an tréimhse inmhuirearaithe roimh an tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin”:

“tá le ‘caighdeáin chuntasaíochta iomchuí’ an bhrí chéanna atá leis i Sceideal 17A ;

ciallaíonn ‘cuideachta iomchuí’ cuideachta ar ina leith a dhéantar brabúis nó gnóchain chun críocha Chás I nó II de Sceideal D a ríomh de réir caighdeán cuntasaíochta iomchuí, arb éard iad, nó ar a n-áirítear, caighdeáin chuntasaíochta iomchuí i ndáil le brabúis nó gnóchain nó caillteanais ar shócmhainní airgeadais nó ar dhliteanais airgeadais;”,

agus

(II) trí “€200,000” a chur in ionad “€150,000” sa mhíniú ar “teorainn iomchuí”,

(ii) i bhfo alt (4D)(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “mura mbeadh méid ar bith ar áireamh i mbrabúis an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe i leith gnóchan inmhuirearaithe ar an duine do dhiúscairt sócmhainní sa chuid den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis an dáta faoina mbeidh an chéad tráthchuid don tréimhse inmhuirearaithe iníoctha de réir fho-alt (2A),”:

“mura mbeadh méid ar bith ar áireamh i mbrabúis an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe—

(i) i leith gnóchan inmhuirearaithe ar an duine do dhiúscairt sócmhainní sa chuid sin den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis an dáta faoina mbeidh, nó

(ii) i gcás cuideachta iomchuí, i leith brabús nó gnóchan nó caillteanas a fhabhraíonn, agus nach bhfuil réadaithe, sa tréimhse inmhuirearaithe ar shócmhainní airgeadais nó ar dhliteanais airgeadais is inchurtha i leith athruithe ar luach na sócmhainní nó na ndliteanas sin sa chuid den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis dheireadh na míosa díreach roimh an mí ina mbeidh,

an chéad tráthchuid don tréimhse inmhuirearaithe iníoctha de réir fho-alt (2A),”,

agus

(iii) i bhfo-alt (4E), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) nach lú an réamhcháin a d’íoc an duine inmhuirearaithe amhlaidh don tréimhse inmhuirearaithe ná 90 faoin gcéad den mhéid a bheadh iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe mura mbeadh méid ar bith ar áireamh i mbrabúis an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe—

(i) i leith gnóchan inmhuirearaithe ar an duine do dhiúscairt sócmhainní sa chuid den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis an dáta faoina mbeidh, nó

(ii) i gcás cuideachta iomchuí, i leith brabús nó gnóchan nó caillteanas a fhabhraíonn, agus nach bhfuil réadaithe, sa tréimhse inmhuirearaithe ar shócmhainní airgeadais nó ar dhliteanais airgeadais is inchurtha i leith athruithe ar luach na sócmhainní nó na ndliteanas sin sa chuid den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis dheireadh na míosa díreach roimh an mí ina mbeidh,

réamhcháin don tréimhse inmhuirearaithe iníoctha de réir fho-alt (2B), agus”,

agus

(b) trí fhomhír (6) de mhír 4 de Sceideal 17A a scriosadh.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) tá éifeacht leis an alt seo d’aon tréimhse cuntais dar tosach an 1 Eanáir 2005 nó dá éis.

(b) Tá éifeacht le fo-alt (1)(a)(i)(II) maidir le tréimhsí cuntasaíochta a bhfuil réamhcháin iníoctha ina leith tar éis an 5 Nollaig 2007.

Scaireanna dá cuid féin a cheannach — forlíontach.

48 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 176:

“176A.— (1) Faoi réir fho-alt (2), ní dhéanfar aon suim a asbhaint le linn ríomh a dhéanamh ar mhéid na mbrabús nó na ngnóchan a mhuirearaítear i leith cánach faoi Chás I nó II de Sceideal D maidir le haon íocaíocht nach ndéileáiltear léi mar dháileadh de bhua alt 175 nó 176.

(2) Faoi réir alt 81(2)(n), ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le cibé méid d’aon íocaíocht arb é atá ann caiteachas arna thabhú ag cuideachta go feadh an méid a thabhaítear é ar scaireanna arna bhfáil ag an gcuideachta agus arna dtabhairt aici mar chomaoin i leith earraí nó seirbhísí, nó d’fhostaí nó do stiúrthóir de chuid na cuideachta.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

Leasú ar Sceideal 24 (faoiseamh ó cháin ioncaim agus ó cháin chorparáide trí bhíthin creidmheasa i leith cánach coigríche) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

49 .— (1) Leasaítear Sceideal 24 a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i mír (4)(2A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) trí “le haghaidh cánach coigríche i leith aon ioncaim de chuid cuideachta (dá ngairtear ‘an t-ioncam sin’ san fhomhír seo), ar ioncam é (seachas ioncam ó thrádáil a sheolann an chuideachta trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht i gcríoch seachas an Stát) a chuirtear i gcuntas” a chur in ionad “le haghaidh cánach coigríche i leith aon ioncaim de chuid cuideachta (dá ngairtear ‘an t-ioncam sin’ san fhomhír seo), ar ioncam é a chuirtear i gcuntas”:

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 9G (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006):

“Díbhinní a íoctar as brabúis aistrithe

9H(1)Tá feidhm ag an mír seo in aon chás—

(a) ina ndéanann cuideachta a bhfuil cónaí uirthi lasmuigh den Stát (dá ngairtear ‘an chéad chuideachta’ sa mhír seo) cáin a íoc, faoi dhlí críche lasmuigh den Stát i leith aon bhrabús dá cuid,

(b) ina dtagann cuid de na brabúis sin nó na brabúis sin go léir chun bheith ina mbrabúis de chuid cuideachta eile (dá ngairtear ‘an dara cuideachta’ sa mhír seo) a chónaíonn lasmuigh den Stát ar shlí seachas de bhua díbhinn a íoc leis an dara cuideachta, agus

(c) ina n-íocann an dara cuideachta díbhinn as na brabúis sin le cuideachta eile, cibé áit a gcónaíonn sí.

(2) I gcás feidhm a bheith ag an mír seo, ansin, chun creidmheas a lamháil faoin Sceideal seo i leith cánach coigríche i leith brabús de chuid na chéad chuideachta is inchurtha i leith aon díbhinní arna n-íoc—

(a) ag aon chuideachta (cibé acu is í an dara cuideachta í nó nach í) a chónaíonn lasmuigh den Stát,

(b) le cuideachta a chónaíonn sa Stát,

beidh feidhm ag an Sceideal seo fara aon mhodhnuithe is gá amhail is dá mba í an dara cuideachta a d’íoc an cháin a d’íoc an chéad chuideachta i leith na mbrabús sin de chuid na chéad chuideachta a tháinig chun bheith ina mbrabúis de chuid an dara cuideachta de réir fhomhír (1)(b).

(3) Tá fomhíreanna (1) agus (2) faoi réir na dteorainneacha seo a leanas—

(a) ní mó an creidmheas i gcoinne cánach corparáide is inlamháilte do chuideachta a chónaíonn sa Stát ná an méid ab inlamháilte don chuideachta sin dá mba rud é gur tháinig na brabúis sin chun bheith ina mbrabúis de chuid an dara cuideachta de bhua an chuideachta chéadluaite d’íoc díbhinne leis an dara cuideachta, agus

(b) ní chuirfear aon cháin i gcuntas i leith brabús dá dtagraítear i bhfomhír (1) i gcás ina dtagann na brabúis sin chun bheith ina mbrabúis de chuid an dara cuideachta de bhua scéime nó socraithe arb é an cuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá léi nó leis cáin a sheachaint.”.

(2) (a) (i) Faoi réir fhomhír (ii), tá feidhm ag fo-alt (1)(a) amhail ar an agus ón 31 Eanáir 2008.

(ii) Measfar feidhm a bheith ag fo-alt (1)(a) maidir le cuideachta amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2006, más rud é go bhfuil rogha chuige sin arna déanamh i scríbhinn ag an gcuideachta chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

(b) Tá feidhm ag fo-alt (1)(b) maidir le díbhinní arna n-íoc an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

Leasú ar alt 766 (creidmheas cánach le haghaidh caiteachais taighde agus forbartha) den Phríomh-Acht.

50 .— (1) Leasaítear alt 766 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)(a) sa mhíniú ar “méid tairsí”—

(a) i mír (i) trí “1 Eanáir 2014” a chur in ionad “1 Eanáir 2010”, agus”

(b) i mír (ii) trí “10 mbliana” a chur in ionad “3 bliana”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1 Eanáir 2008 nó dá éis.

Díbhinní a íoctar i dtaca le diúscairtí scaireanna nó urrús.

51 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 591—

“591A.— (1) Chun críocha an ailt seo, aon díbhinn a íocfaidh cuideachta le duine, nó aon dáileadh a dhéanfaidh cuideachta chuig duine, i leith scaireanna nó urrús de chuid na cuideachta i dtaca le diúscairt scaireanna sa chuideachta, déileálfar léi nó leis mar dhíbhinn nó mar dháileadh neamhghnách más mó méid nó luach na díbhinne, nó de réir mar a bheidh, an dáilte, ná an méid a bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go n-íocfaí, nó de réir mar a bheidh, go ndéanfaí, i leith na scaireanna nó na n-urrús sin de chuid na cuideachta mura mbeadh aon diúscairt den sórt sin ann maidir leis na scaireanna nó na hurrúis.

(2) Más rud é, i dtaca le duine do dhiúscairt aon scaireanna nó urrús de chuid cuideachta, go bhfuil aon scéim, socrú nó tuiscint ann ar dá bua nó dá bhua, go díreach nó go neamhdhíreach, a d’íocfaí díbhinn neamhghnách nó a dhéanfaí dáileadh neamhghnách—

(a) i gcás inar cuideachta an duine, leis an duine sin nó chuig an duine sin, nó le haon cuideachta nó chuig aon chuideachta atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an duine sin, agus

(b) i gcás nach cuideachta an duine, le haon chuideachta, nó chuig aon chuideachta, atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an duine,

ansin chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, maidir le méid nó luach na díbhinne a íoctar leis an duine, nó maidir le méid nó luadh an dáilte a dhéantar chuig an duine, nó de réir mar a bheidh, a íoctar leis an duine bainteach nó a dhéantar chuig an duine bainteach, déileálfar leis mar chomaoin arna fáil ag an duine as diúscairt na scaireanna nó na n-urrús, agus tabharfar neamhaird air chun críocha na nAchtanna Cánach.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (2) má shuitear go bhfuil an scéim, an socrú nó an tuiscint á déanamh nó á dhéanamh chun críocha tráchtála bona fide agus nach aon scéim, socrú nó tuiscint í nó é arb é an príomhchuspóir atá léi nó leis, nó a n-áirítear i measc a príomhchuspóirí nó a phríomhchuspóirí, dliteanas cánach a sheachaint nó nach cuid d’aon scéim, socrú nó tuiscint den sórt sin í nó é.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le díbhinn a íoctar, nó maidir le dáileadh a dhéantar, an 19 Feabhra 2008 nó dá éis.

Leasú ar Sceideal 4 (comhlachtaí stát-tionscanta neamhthráchtála sonraithe a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe cánach) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

52 .— (1) Leasaítear Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 26:

“26A. An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide.”.

(2) Meastar gur tháinig fo-alt (1) i bhfeidhm, agus measfar éifeacht a bheith leis, amhail ar an agus ón 1 Nollaig 2002.

Leasú ar alt 448 (faoiseamh ó cháin chorparáide) den Phríomh-Acht.

53 .— (1) Leasaítear alt 448 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d’fho-alt (3):

“(b) aon mhéideanna a lamháiltear faoi ailt 243A, 396A, nó 420A, a asbhaint ansin ón tsuim iomchuí, i gcoinne ioncam na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí as díol na n-earraí sin.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5A):

“(5A) I gcás ina ndéantar cáin chorparáide a mhuirearú ar aon chuid de bhrabúis tréimhse cuntasaíochta cuideachta de réir alt 21A, ansin, chun críocha an ailt seo, déanfar an cháin chorparáide iomchuí a laghdú de mhéid a chinnfear leis an bhfoirmle—

R x S

100

i gcás—

gurb é R an ráta faoin gcéad a shonraítear in alt 21A(3) maidir leis an tréimhse chuntasaíochta, agus

gurb é atá in S ná méid atá comhionann le cibé méid de bhrabúis na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a muirearaítear cáin orthu de réir alt 21A.

(5B) D’ainneoin alt 4(4)(b), is é a bheidh in ioncam cuideachta, dá dtagraítear san abairt ‘an t-ioncam iomlán a thugtar faoi réim cánach corparáide’, in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta chun críocha fho-alt (2), ná an tsuim a chinnfear le halt 4(4)(b) in aghaidh na tréimhse sin arna laghdú—

(a) d’aon mhéideanna a lamháiltear faoi ailt 243A, 396A, nó 420A, agus

(b) de mhéid atá comhionann le cibé méid de bhrabúis na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a muirearaítear cáin orthu de réir alt 21A.”.

(2) (a) Tá éifeacht le fo-alt (1)(a) i gcás tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 18 Feabhra 2008 nó dá éis.

(b) Measfar éifeacht a bheith le fo-alt (1)(b) i gcás tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 31 Eanáir 2007 nó dá éis.

Caibidil 5

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar Chaibidil 6 (aistrithe sócmhainní gnó) de Chuid 19 den Phríomh-Acht.

54 .—(1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 598—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) I gcás ina bhfuair duine cúiteamh faoin scéim cúitimh i leith árthaí iascaireachta a dhíchoimisiúnú arna cur i ngníomh ag an Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia de réir Rialacháin (CE) Uimh. 1198/2006 an 27 Iúil 2006 ón gComhairle 15 , beidh feidhm ag faoiseamh faoi fho-alt (2) amhail is dá mba thréimhse 6 bliana an tréimhse dá dtagraítear i mír (i) den mhíniú ar ‘sócmhainní cáilitheacha’ i bhfo-alt (1)(a) agus amhail is dá mba 45 bliana an aois dá dtagraítear i bhfo-alt (2).”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le sócmhainní cáilitheacha a dhiúscairt mura suitear go ndéantar an diúscairt ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nach cuid í d’aon socrú ná scéim arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá leis nó léi dliteanas i leith cánach a sheachaint.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 598:

“Faoiseamh ar chomh-pháirtíochtaí feirmeoireachta a dhíscaoileadh.

598A.— (1) San alt seo—

tá le ‘feirmeoireacht’ agus le ‘trádáil’ na bríonna céanna atá leo sna hAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn ‘comhpháirtíocht feirmeoireachta’ comhpháirtíocht a bhfuil pearsana aonair ar áireamh inti agus a sheolann nó a sheol trádáil na feirmeoireachta;

ciallaíonn ‘sócmhainn iomchuí’ sócmhainn atá ar úinéireacht i gcomhpháirt ag na comhpháirtithe i gcomhpháirtíocht feirmeoireachta;

ciallaíonn ‘diúscairt iomchuí’ diúscairt a tharlaíonn an tráth a pháirtítear sócmhainn iomchuí.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina raibh sócmhainn iomchuí ar úinéireacht agus á húsáid chun críocha feirmeoireachta ag an gcomhpháirtíocht feirmeoireachta ar feadh tréimhse nach giorra ná 10 mbliana dar chríoch an diúscairt iomchuí.

(3) D’ainneoin fho-alt (2), i gcás ina bhfuair duine amháin de na comhpháirtithe a scair in acmhainn iomchuí ar mhodh oidhreachta, measfar gur thosaigh tréimhse úinéireachta agus úsáide na sócmhainne sin ar an dáta a chuaigh an duine i gcomhpháirtíocht leis an gcomhpháirtí nó leis na comhpháirtithe eile sa chomhpháirtíocht feirmeoireachta.

(4) I gcás ina dtarlaíonn diúscairt iomchuí i leith sócmhainne iomchuí, ní dhéileálfar le gnóchan mar ghnóchan a d’fhabhraigh i leith na diúscartha sin agus déileálfar leis an tsócmhainn iomchuí chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil mar ní a fuarthas an tráth céanna a fuair an comhpháirtí i dtosach é, agus ar an gcomaoin chéanna ar a bhfuair an comhpháirtí i dtosach é, arb é an comhpháirtí é nó í a rinne an tsócmhainn sin a dhiúscairt.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo más rud é go raibh an tsócmhainn, go dtí tráth na diúscartha, ina cuid de stoc trádála na trádála feirmeoireachta a bhí á seoladh ag an gcomhpháirtíocht feirmeoireachta nó, más mar stoc trádála a fuarthas an tsócmhainn, chun críocha trádála arna seoladh ag an gcomhpháirtí atá ag fáil na sócmhainne.”.

(2) (a) Tiocfaidh mír (a)(i) d’fho-alt (1) i ngníomh cibé lá nó laethanta a ainmneoidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a ainmniú le haghaidh críoch éagsúil nó forálacha éagsúla.

(b) Beidh feidhm ag mír (a)(ii) d’fho-alt (1) maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

(c) Beidh feidhm ag mír (b) d’fho-alt (1) maidir le diúscairtí a dhéanfar ar dháta rite an Achta seo, nó dá éis, agus beidh feidhm aici go dtí an 31 Nollaig 2013.

Leasú ar alt 603A (láithreán a dhiúscairt chuig leanbh) den Phríomh-Acht.

55 .— (1) Leasaítear alt 603A den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1A), trí “€500,000” a chur in ionad “€254,000”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Chun críocha fho-alt (2), folaíonn ‘diúscairt’ diúscairt chomhuaineach ag an dá thuismitheoir.”.

(2) (a) Beidh feidhm ag mír (a) d’fho-alt (1) maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 5 Nollaig 2007, nó dá éis.

(b) Measfar go raibh feidhm ag mír (b) d’fho-alt (1) amhail ón 6 Nollaig 2000.

Leasú ar Sceideal 15 (liosta de chomhlachtaí chun críocha alt 610) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

56 .— (1) Leasaítear Sceideal 15 a ghabhann leis an bPríomh-Acht i gCuid 1 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 40:

“41. An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide.

42. An Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach.”.

(2) (a) Measfar go raibh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide amhail ar agus ón 1 Nollaig 2002.

(b) Measfar go raibh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an nGníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2008.

CUID 2

Mál

Caibidil 1

Cáin Leictreachais

Léiriú (Caibidil 1).

57 .— (1) Sa Chaibidil seo agus i Sceideal 2

ciallaíonn “ tréimhse chuntasaíochta ” bliain féilire, nó cibé tréimhse eile a fhorordóidh na Coimisinéirí chun críocha íocaíochta agus tuairisceán faoi alt 54 ;

tá le “ úsáid ghnó ” an bhrí chéanna atá leis in Airteagal 11 den Treoir;

ciallaíonn “ éilitheoir ” duine atá ag éileamh aisíocaíochta faoi alt 58 ;

ciallaíonn “ Cód CN ” foroinn Chomhphobail a ghabhann le hainmníocht chónasctha na gComhphobal Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 ón gComhairle 16 arna leasú le Rialachán (CEE) Uimh. 2031/2001 an 6 Lúnasa 2001 ón gComhairle 17 ;

ciallaíonn “ Coimisinéirí ” na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “ tomhaltóir ” duine a fhaigheann leictreachas lena thomhailt;

ciallaíonn “ Treoir ” Treoir Uimh. 2003/96/CE an 27 Deireadh Fómhair 2003 ón gComhairle 18 ;

ciallaíonn “ teaghais ” áitreabh nó cuid d’áitreabh a úsáidtear go príomha mar áit chónaithe;

ciallaíonn “ leictreachas ” leictreachas a thagann faoi réim Chód CN 2716;

folaíonn “ meán leictreonach ” meán leictreach, digiteach, maighnéadach, optúil, leictreamhaighnéadach, bithmhéadrach, fótónach chun sonraí a tharchur agus cineálacha teicneolaíochta gaolmhara eile trína dtarchuirtear sonraí;

ciallaíonn “úsáid tís” úsáid i dteaghais, seachas chun críocha aon ghníomhaíochta gnó i dteaghais den sórt sin;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis san Acht Rialtais Áitiúil 2001;

ciallaíonn “soláthar measctha” soláthar aonair leictreachais do thomhaltóir do bhreis agus úsáid amháin, i gcás nach bhfuil na húsáidí sin uile inmhuirearaithe de réir an ráta chéanna cánach;

ciallaíonn “úsáid nach úsáid ghnó” aon úsáid seachas úsáid ghnó agus folaíonn sé úsáid tís, agus úsáid ag údarás poiblí nó údarás áitiúil;

ciallaíonn “oifigeach” oifigeach de chuid na gCoimisinéirí;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí faoi alt 66 ;

tá le “údarás poiblí” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus folaíonn sé aon chomhlacht arna fhorordú ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil de bhun mhír (g) den mhíniú sin;

ciallaíonn “soláthróir” aon eintiteas a sholáthraíonn leictreachas do thomhaltóir lena thomhailt ag an tomhaltóir sin mar úsáideoir;

ciallaíonn “soláthar” cainníocht leictreachais arna soláthar do thomhaltóir;

ciallaíonn “cáin” cáin leictreachais de réir bhrí fho-alt (1) d’alt 58;

ciallaíonn “aonad” uair meigeavata.

(2) Tá le focal nó le habairt a úsáidtear sa Chaibidil seo agus a úsáidtear freisin sa Treoir, mura soláthraítear míniú le fo-alt (1) nó mura léir a mhalairt a bheith ar intinn, an bhrí chéanna sa Chaibidil seo agus atá leis nó léi sa Treoir.

Muirearú agus rátaí.

58 .— (1) I dteannta aon dleachta eile is inmhuirearaithe, agus faoi réir fhorálacha na Caibidle seo agus aon rialacháin arna ndéanamh fúithi, muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht máil, dá ngairfear cáin leictreachais, de réir na rátaí a shonraítear i Sceideal 2 ar an leictreachas go léir a sholáthrófar sa Stát do thomhaltóirí.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an leictreachas go léir a sholáthróidh soláthróir, lena thomhailt ag an soláthróir sin, i gcás gur mó ná 50 aonad an mheánchainníocht arna soláthar amhlaidh i mbliain féilire.

Dliteanas.

59 .— (1) Muirearófar cáin an tráth a sholáthróidh an soláthróir an leictreachas don tomhaltóir.

(2) Ach amháin i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (3), (4)(5), beidh soláthróir cuntasach sa cháin is inmhuirearaithe ar an leictreachas a sholáthróidh an soláthróir sin agus dlífidh sé nó sí í a íoc.

(3) Déanfaidh aon soláthróir nach bhfuil bunaithe sa Stát cuideachta a bhunú sa Stát, agus dlífidh an chuideachta sin an cháin a bheidh dlite ar an leictreachas a sholáthróidh an soláthróir sin a íoc, agus déanfaidh sí feidhmeanna agus freagrachtaí uile an tsoláthróra faoin gCaibidil seo agus faoi aon rialacháin faoi alt 66 a ghabháil uirthi féin.

(4) Ní bheidh soláthróir faoi dhliteanas i leith aon easnaimh sa mhéid cánach a mhuirearófar ar sholáthar leictreachais, i gcás ina mbeidh an méid sin arna ríomh de réir alt 60 .

(5) Beidh tomhaltóir faoi dhliteanas i leith aon easnaimh sa mhéid cánach a mhuirearófar ar sholáthar leictreachais, i gcás gur tharla an t-easnamh sin de dheasca faisnéise bréagaí nó faisnéise míthreoraí arna tabhairt do sholáthróir ag an tomhaltóir sin.

Tuairisceáin agus íocaíocht.

60 .— (1) Chun críocha alt 59 , déanfaidh soláthróir, roimh dheireadh na míosa i ndiaidh tréimhse cuntasaíochta, tuairisceán a sheachadadh ar oifigeach i cibé foirm a cheanglóidh na Coimisinéirí, maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) na haonaid arna soláthar le linn na tréimhse cuntasaíochta sin le haghaidh úsáide gnó agus úsáide nach úsáid ghnó,

(b) i leith na bhfaoiseamh faoi alt 63 , an líon aonad den sórt sin a mheas an soláthróir a bheith tar éis cáiliú le haghaidh faoisimh faoi gach mír d’fho-alt (1) den alt sin.

(2) Chun críocha fho-alt (1), déanfaidh an soláthróir, de réir critéar forordaithe, a mheas cé acu an bhfuil soláthar inchánach de réir ráta arna leagan síos i Sceideal 2 nó an bhfuil faoiseamh ó cháin tugtha dó faoi alt 63 .

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal go ndéanfar an tuairisceán faoi fho-alt (1) a sheachadadh orthu trí mheán leictreonach.

(4) (a) Ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (b), déanfaidh an soláthróir, de réir an tuairisceáin faoi fho-alt (1), an méid cánach atá dlite i leith tréimhse cuntasaíochta a íoc roimh dheireadh na míosa tar éis na tréimhse cuntasaíochta sin, agus cinnteoidh an soláthróir sin go bhfuil na Coimisinéirí údaraithe chun an méid sin a chur chun dochair do chuntas an tsoláthróra sin i bhforas airgeadais.

(b) Gan dochar do mhír (a), i gcás ina meastar go rachaidh dliteanas cánach soláthróra do thréimhse chuntasaíochta thar €100,000, féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal ar an soláthróir sin an cháin atá dlite i leith tréimhsí eatramhacha, arna gcinneadh acu sin, a íoc le linn na tréimhse cuntasaíochta sin agus ní bheidh aon tréimhse eatramhach den sórt sin níos giorra ná aon mhí amháin ná níos faide ná 6 mhí.

(c) I gcás ina bhfuil feidhm ag mír (b), íocfaidh an soláthróir an méid cánach atá dlite i leith tréimhse eatramhaí roimh dheireadh na míosa tar éis na tréimhse eatramhaí sin agus cinnteoidh sé go bhfuil na Coimisinéirí údaraithe chun an méid sin a chur chun dochair do chuntas an tsoláthróra sin i bhforas airgeadais.

Soláthar measctha.

61 .— (1) I gcás soláthair mheasctha, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (2)(3), muirearófar cáin, de réir mar is cuí, ar an gcainníocht leictreachais a sholáthraítear do gach úsáid.

(2) I gcás soláthair mheasctha lena ngabhann úsáid tís, toimhdeofar, maidir le haon chainníocht suas le haonad amháin den soláthar sin, gur don úsáid sin a soláthraíodh é le linn gach míosa féilire i dtréimhse chuntasaíochta.

(3) I gcás soláthair mheasctha lena ngabhann úsáid ghnó agus úsáid nach úsáid ghnó (seachas úsáid tís), toimhdeofar, maidir le haon chainníocht suas le haonad amháin den soláthar sin, gur d’úsáid ghnó a soláthraíodh é le linn gach míosa féilire i dtréimhse chuntasaíochta.

Clárú.

62 .— Cláróidh gach soláthróir leis na Coimisinéirí de réir cibé nósanna imeachta a dhéanfaidh na Coimisinéirí a fhorordú nó a fhorchur thairis sin.

Faoisimh.

63 .— (1) Gan dochar d’aon fhaoiseamh eile ó cháin a mbeidh feidhm aige, agus faoi réir cibé coinníollacha a dhéanfaidh na Coimisinéirí a fhorordú nó a fhorchur thairis sin, deonófar faoiseamh ó cháin ar aon leictreachas a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí gur leictreachas é—

(a) a cuireadh ar fáil chun críocha tís,

(b) a gineadh ó fhoinsí in-athnuaite,

(c) a táirgeadh ó chomhghiniúint teasa is cumhachta nach bhfuil díobhálach don chomhshaol, i gcás ina gcomhlíonann an chomhghiniúint sin na ceanglais le haghaidh comhghiniúna ardéifeachtúlachta faoi Threoir 2004/8/CE an 11 Feabhra 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 ,

(d) a úsáideadh le haghaidh dí-ocsaídithe cheimicigh, nó i bpróisis leictrilíteacha nó mhiotalóireachta,

(e) a úsáideadh le haghaidh comhghiniúna teasa is cumhachta araon,

(f) a úsáideadh chun leictreachas a tháirgeadh nó i dtaca leis an táirgeadh sin,

(g) a táirgeadh ar bord báid nó árthaigh eile.

(2) (a) Maidir leis an bhfaoiseamh faoi mhír (b) d’fho-alt (1), measfar gur gineadh leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite—

(i) más de bhunadh gréine, gaoithe, toinne nó geoiteirmeach é,

(ii) más de bhunadh hiodrálach a tháirgtear i suiteáil hidrileictreach é,

(iii) más ó bhithmhais nó ó tháirgí a tháirgtear ó bhithmhais a ghintear é,

(iv) más ó chealla breosla a ghintear é.

(3) Maidir leis an bhfaoiseamh faoi mhír (c) d’fho-alt (1), déanfaidh údarás inniúil arna ainmniú chuige sin ag an Aire Airgeadais cinneadh i dtaobh an gcomhlíonann an chomhghiniúint lena mbaineann na ceanglais ardéifeachtúlachta faoi Threoir 2004/8/CE ón gComhairle.

(4) (a) Déanfar méid an fhaoisimh faoi mhír (b) d’fho-alt (1) a chinneadh de réir na foirmle—

A x P 1 x R 1 + A x P 2 x R 2

i gcás—

gurb é A na haonaid go léir ó fhoinsí in-athnuaite, arna soláthar ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta,

gurb é P 1 céatadán na n-aonad go léir, arna soláthar ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta, a bhí faoi réir cánach de réir an ráta d’úsáid ghnó,

gurb é P 2 céatadán na n-aonad go léir, arna soláthar ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta, a bhí faoi réir cánach de réir an ráta d’úsáid nach úsáid ghnó,

gurb é R 1 an ráta d’úsáid ghnó, agus

gurb é R 2 an ráta d’úsáid nach úsáid ghnó.

(b) Déanfar méid an fhaoisimh faoi mhír (c) d’fho-alt (1) a chinneadh de réir na foirmle—

C x P 1 x R 1 + C x P 2 x R 2

i gcás—

gurb é C na haonaid go léir a tháirgtear as comhghiniúint teasa agus cumhachta nach bhfuil díobhálach don chomhshaol, arna soláthar ag an éilitheoir le linn na tréimhse íoca,

gurb é P 1 céatadán na n-aonad iomlán, arna soláthar ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta, a bhí faoi réir cánach de réir an ráta d’úsáid ghnó,

gurb é P 2 céatadán na n-aonad iomlán, arna soláthar ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta, a bhí faoi réir cánach de réir an ráta d’úsáid nach úsáid ghnó,

gurb é R 1 an ráta d’úsáid ghnó, agus

gurb é R 2 an ráta d’úsáid nach úsáid ghnó.

(c) (i) Chun críocha mhíreanna (a) agus (b), i gcás nach féidir iomlán na n-aonad a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite nó ó chomhghiniúint teasa is cumhachta nach bhfuil díobhálach don chomhshaol (de réir mar a bheidh) a chinneadh ar shlí eile, déanfar cinneadh faoi threoir na sonraí ar an meascadh breosla maidir leis an soláthróir lena mbaineann, arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh.

(ii) Chun críocha fhomhír (i), is iad na sonraí ar an meascadh breosla na sonraí sin i leith na bliana is déanaí ar fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh sonraí den sórt sin ina leith.

Aisíocaíochtaí.

64 .— (1) Féadfar éifeacht a thabhairt do na faoisimh faoi mhíreanna (b), (c) agus (d) d’fho-alt (1) d’alt 63 trí aisíocaíocht.

(2) (a) Is i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí a bheidh éilimh ar aisíocaíocht faoin alt seo agus is i leith leictreachais a sholáthraítear le linn tréimhse cuntasaíochta a dhéanfar iad.

(b) Ach amháin go gceadóidh na Coimisinéirí a mhalairt in aon chás áirithe, ní fhéadfar aisíocaíocht a dhéanamh mura ndéanfar an t-éileamh laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh gach tréimhse cuntasaíochta den sórt sin.

(3) Déanfar aisíocaíochtaí i leith faoisimh faoi mhíreanna (b) agus (c) d’fho-alt (1) d’alt 63 le soláthróir an leictreachais lena mbaineann.

Cion agus pionós.

65 .— (1) Is cion faoin bhfo-alt seo d’aon duine aon fhoráil den Chaibidil seo, nó aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 66 , nó aon choinníoll a fhorchuirtear faoin gCaibidil seo, nó faoi cibé rialachán i ndáil le foráil den sórt sin, a shárú nó gan é nó í a chomhlíonadh.

(2) Gan dochar d’aon phionós eile a dhlífear a chur ar dhuine, aon duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (1) dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil €5,000 a chur air nó uirthi.

(3) I gcás ina ndéanann comhlacht corpraithe cion faoi fho-alt (1) agus go gcruthaítear go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú aon duine ar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó ar chomhalta de choiste bainistíochta an chomhlachta chorpraithe, nó ar chomhalta d'údarás rialaithe eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, é nó í nuair a rinneadh an cion, beidh an duine sin ciontach i gcion freisin agus féadfar imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

Rialacháin (Caibidil 1).

66 .— Féadfaidh na Coimisinéirí rialacháin a dhéanamh chun cáin leictreachais a bhainistiú, a áirithiú agus a bhailiú nó chun an t-ioncam ón gcáin sin a chosaint.

Cúram agus bainistiú (Caibidil 1).

67 .— Déantar an cháin leictreachais a fhorchuirtear leis an gCaibidil seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí.

Tosach feidhme (Caibidil 1).

68 .— Tiocfaidh an Chaibidil seo i ngníomh an 1 Deireadh Fómhair 2008.

Caibidil 2

Ilghnéitheach

Leasú ar Chaibidil 1 de Chuid 2 (dlí máil ginearálta a chomhdhlúthú agus a nuachóiriú) den Acht Airgeadais 2001.

69 .— (1) Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 2001—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 108:

Stórasú.

108A.— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), ní tharlóidh an méid seo a leanas ach amháin i stóras cánach—

(a) táirgí inmháil a tháirgeadh agus a phróiseáil, agus

(b) táirgí inmháil a shealbhú faoi shocrú fionraí.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1)(a) leis na nithe seo a leanas—

(a) gual de réir bhrí alt 94 (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2006) den Acht Airgeadais 1999,

(b) aon oibríocht trína bhfágann úsáideoir ola mianra gur féidir í a athúsáid ina ghnóthas nó ina gnóthas féin, agus i gcás nach lú an cháin ola mianra atá íoctha cheana féin ar an ola mhianra sin ná an cháin a bheadh dlite dá ndlífí dleacht mháil a íoc ar an ola mhianra a thiocfadh as an oibríocht sin,

(c) táirgí inmháil a mheascadh nó a chumasc le táirgí inmháil eile nó le hábhair eile, ach sin amháin sa chás—

(i) gur íocadh cheana an dleacht mháil chuí ar na táirgí inmháil sin, agus

(ii) nach lú an méid a íocadh amhlaidh ná an méid is inmhuirearaithe ar an meascán nó ar an gcumasc.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1)(a), féadfaidh na Coimisinéirí, i gcás ina ndéantar iarratas i scríbhinn chucu, na nithe seo a leanas a dhíolmhú ón bhfo-alt sin—

(a) oibríochtaí ar lena linn a tháirgtear cainníochtaí beaga táirgí inmháil go teagmhasach, agus

(b) faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh siad is cuí a fhorchur, oibríochtaí táirgthe agus próiseála lena ngabhann táirgí inmháil a bhfuil an dleacht mháil chuí íoctha cheana orthu, agus i gcás nach lú an méid a íocadh amhlaidh ná an dleacht mháil ab inmhuirearaithe tar éis an táirgthe nó na próiseála sin.

(4) Meastar táirgí inmháil a choimeádtar faoi shocrú fionraí i stóras cánach a bheith á gcoimeád amhlaidh go dtí cibé am a aistreofar na táirgí sin as an stóras cánach.

(5) Déanfaidh coimeádaí stórais, nó aon duine atá ag gníomhú thar ceann an choimeádaí stórais sin, cibé fearais, saoráidí agus cúnamh a sholáthar a theastóidh le réasún ó oifigeach chun aon táirgí nó ábhair inmháil a chur i gcuntas, agus a cheadú d’oifigeach aon tráth réasúnach aon ní a sholáthraítear amhlaidh a úsáid.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 109:

“Coimeádaithe stórais a údarú agus stórais chánach a cheadú.

109.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘ iarratasóir ’ duine a bhfuil údarú faoi fho-alt (2) iarrtha aige nó aici;

ciallaíonn ‘ údaraithe ’ údaraithe mar choimeádaí stórais údaraithe faoin alt seo;

ciallaíonn ‘ coinníollacha údarúcháin ’ na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c);

ciallaíonn ‘ dlí máil ’ na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus na hionstraimí a bhaineann leis na dleachtanna sin arna ndéanamh faoi reacht;

ciallaíonn ‘ dílseánach ’ i ndáil le stóras cánach, an coimeádaí stórais údaraithe a bhfuil, de thuras na huaire, an stóras cánach sin ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina rialú;

ciallaíonn ‘ tionónta ’, i ndáil le stóras cánach, coimeádaí údaraithe stórais ar ghlac dílseánach leis nó léi mar thionónta sa stóras cánach sin de réir fho-alt (4).

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí, faoin alt seo, duine a rinne iarratas chucu i scríbhinn a údarú—

(a) mar dhílseánach stórais cánach nó stóras cánach atá ceadaithe i ndáil leis an dílseánach sin de réir fho-alt (5), nó mar thionónta de réir fho-alt (4),

(b) le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha, i ndáil le cineálacha sonracha táirgí inmháil, sa stóras cánach nó sna stórais chánach sin, agus

(c) go ceann cibé tréimhsí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur in aon chás áirithe.

(3) (a) Ní údarófar iarratasóir faoi fho-alt (2) ach amháin i gcás ina suitear chun sástacht na gCoimisinéirí gur féidir leis an iarratasóir sin nó, i gcás gur cuideachta an t-iarratasóir, gur féidir le haon stiúrthóir nó duine a bhfuil an chuideachta sin faoina rialú de réir bhrí alt 11 den Acht Comhdhlúite Cánach 1997 (Uimh. 39 de 1997), na coinníollacha údarúcháin a chomhlíonadh.

(b) Ní údarófar iarratasóir ach amháin i gcás ina suitear chun sástacht na gCoimisinéirí go ndéanfar an ghníomhaíocht ghnó atá le seoladh sa stóras cánach a ghabháil de láimh d’fhonn brabúis ó thrádáil dhlisteanach i dtáirgí inmháil a réadú.

(c) Ní fhéadfar aon iarratasóir a údarú i gcás ina ndearnadh an t-iarratasóir sin nó, i gcás gur cuideachta an t-iarratasóir, go ndearnadh aon stiúrthóir nó duine a bhfuil an chuideachta sin faoina rialú de réir bhrí alt 11 den Acht Comhdhlúite Cánach 1997, a chiontú in aon chion indíotáilte faoi na hAchtanna dá dtagraítear in alt 1078 (1) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, nó in aon chion comhréire faoi dhlí Ballstáit eile, sna 10 mbliana roimh an iarratas sin.

(d) Ní údarófar aon iarratasóir nach bhfuil deimhniú reatha imréitigh cánach arna eisiúint faoi alt 1094 den Acht Comhdhlúite Cánach 1997 á shealbhú aige nó aici.

(e) Ní údarófar aon iarratasóir chun táirgí inmháil a tháirgeadh nó a phróiseáil nach bhfuil ceadúnas reatha á shealbhú aige nó aici chun táirgeadh nó próiseáil den sórt sin a dhéanamh i gcás ina n-éilítear ceadúnas den sórt sin faoin dlí máil.

(4) Gan dochar d’fho-ailt (2) agus (3), ní fhéadfar iarratasóir a rinne iarratas i ndáil le stóras cánach nach bhfuil sé nó sí le bheith ina dhílseánach nó ina dílseánach air a údarú amhlaidh ach amháin más rud é—

(a) gur ghlac an dílseánach leis an iarratasóir sin chun bheith ina thionónta nó ina tionónta sa stóras cánach sin,

(b) go bhfuil téarmaí an ghlactha sin, lena n-áirítear ráiteas maidir le freagrachtaí an dílseánaigh i ndáil leis na táirgí a bheidh le sealbhú ag an tionónta, leagtha amach i ndoiciméad arna shíniú nó arna shéalú ag an mbeirt agus arna cheadú ag oifigeach, agus

(c) go bhfuil cóip den doiciméad sin ar áireamh sna doiciméid údarúcháin de chuid an dílseánaigh agus an tionónta araon.

(5) (a) Ceadófar áitreabh nó áit mar stóras cánach i ndáil le húdarú dílseánaigh agus déanfar an ceadú sin a fhoirceannadh nuair a dhéanfar an t-údarú sin a chúlghairm nó nuair a scoirfidh sé, ar aon chúis eile, d’éifeacht a bheith leis.

(b) Beidh ceadú stórais cánach faoi réir cibé ceanglas is cuí leis na Coimisinéirí a fhorchur in aon chás áirithe agus beidh na ceanglais sin ar áireamh ar choinníollacha údarúcháin an dílseánaigh.

(6) (a) Déanfar sonraí an údaraithe, lena n-áirítear na coinníollacha údarúcháin, a leagan síos i ndoiciméad dá ngairtear “an deimhniú údarúcháin” san alt seo.

(b) Síneoidh an t-iarratasóir agus oifigeach an doiciméad údarúcháin agus beidh éifeacht leis ón dáta a shíneofar amhlaidh é mura sonrófar dáta eile.

(7) (a) Beidh an dílseánach freagrach i gcónaí as an dleacht mháil ar na táirgí inmháil a shealbhaítear sa stóras cánach agus soláthróidh sé nó sí, i gcás ina gceanglaítear sin faoi na coinníollacha údarúcháin, urrús i leith na dleachta máil sin de réir leibhéil a shonrófar sa doiciméad údarúcháin.

(b) Gan dochar do mhír (a), féadfar a cheangal ar thionónta faoi na coinníollacha údarúcháin urrús a sholáthar i leith na dtáirgí a shealbhaíonn an tionónta sin sa stóras cánach.

(c) Déanfaidh aon choimeádaí údaraithe stórais a sheolann earraí inmháil ó stóras cánach faoi shocrú fionraí, roimh aon seoladh den sórt sin, urrús a sholáthar i leith na dleachta máil ar na táirgí sin de réir leibhéil a shonrófar sa doiciméad údarúcháin.

(8) Déanfaidh coimeádaí údaraithe stórais aon athruithe nó athruithe beartaithe is iomchuí maidir leis na coinníollacha údarúcháin lena n-áirítear, i gcás dílseánaigh, aon athruithe nó athruithe beartaithe ar an stóras cánach, a chur in iúl d’oifigeach.

(9) Féadfaidh na Coimisinéirí aon tráth, tar éis cibé fógra a thabhairt is réasúnach sna himthosca, na coinníollacha údarúcháin a athrú.

(10) I gcás gur cuideachta coimeádaí údaraithe stórais, rachaidh údarú an choimeádaí stórais sin, agus ceadú aon stórais cánach arb é nó í an coimeádaí stórais sin an dílseánach air, in éag láithreach ar athrú ar rialú na cuideachta sin, de réir bhrí alt 11 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

(11) Roimh an dáta a scoirfidh coimeádaí údaraithe stórais de bheith ag gníomhú sa cháil sin, déanfar gach táirge inmháil a shealbhaíonn an coimeádaí údaraithe stórais sin, nó aon tionónta ar ina leith atá sé nó sí ag gníomhú mar dhílseánach—

(a) a thabhairt chun siúil as an stóras cánach, ar an dleacht mháil chuí a íoc nó faoi shocrú fionraí, nó

(b) a dhiúscairt ar shlí eile chun sástachta oifigigh.

(12) Tá údarú faoin alt seo faoi réir na gcoinníollacha údarúcháin gach uile thráth, agus féadfaidh na Coimisinéirí údarú a chúlghairm más rud é, maidir leis an gcoimeádaí údaraithe stórais—

(a) go sáraíonn sé nó sí na coinníollacha sin nó go mainníonn sé nó sí iad a chomhlíonadh,

(b) go sáraíonn sé nó sí aon fhoráil den dlí máil a bhaineann leis na táirgí inmháil ar deonaíodh an t-údarú ina leith nó go mainníonn sé nó sí, maidir le haon fhoráil den sórt sin, í a chomhlíonadh, nó

(c) nach gcomhlíonann sé nó sí a thuilleadh na ceanglais údarúcháin.

(13) I gcás ina mbeartaíonn na Coimisinéirí údarú a chúlghairm, cuirfidh siad in iúl do shealbhóir an údaraithe sin go bhfuil beartaithe acu amhlaidh agus tabharfaidh siad deis don sealbhóir sin uiríll a chur faoina mbráid i ndáil leis an ní.

(14) (a) Faoi réir mhír (b), beidh feidhm, de réir mar is cuí, ag an alt seo arna leasú le halt 69 den Acht Airgeadais 2008 maidir le gach údarú agus ceadú arna dheonú faoin alt seo roimh é a leasú amhlaidh.

(b) Leanfaidh na coinníollacha a ghabhann le haon údarú nó ceadú arna dheonú faoin alt seo roimh é a leasú le halt 69 den Acht Airgeadais 2008 i bhfeidhm go dtí cibé tráth a athrófar na coinníollacha sin de réir fho-alt (9).”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1 Deireadh Fómhair 2008.

Leasú ar Chuid 2 (comhdhlúthú agus nuachóiriú an dlí ghinearálta máil) den Acht Airgeadais 2001.

70 .— (1) Leasaítear Cuid 2 den Acht Airgeadais 2001—

(a) in alt 121(a)(i) trí “108A,” a chur isteach i ndiaidh “aon fhoráil d’ailt”,

(b) in alt 124A(1)(a) trí “109” a chur in ionad “109(5)”,

(c) in alt 136—

(i) i bhfo-alt (1)(a) agus (b) trí “nó uaidh” a chur isteach i ndiaidh “á seoladh ann”, agus

(ii) i mír (a) d’fho-alt (1) trí “, nó soláthar leictreachais,” a chur isteach i ndiaidh “in alt 97(1)”,

agus

(d) in alt 144A(2) trí “108A,” a chur isteach i ndiaidh “le halt”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1 Deireadh Fómhair 2008.

Rátaí cánach ola mianra.

71 .— (1) Leasaítear an tAcht Airgeadais 1999 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin, arna leasú le halt 59(a) den Acht Airgeadais 2007:

“SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach Ola Mianra

Le héifeacht amhail ar an agus ón 1 Samhain 2008.

Tuairisc na hOla Mianra

An Ráta Cánach

Ola éadrom:

Peitreal

€442.68 an 1,000 lítear

Gásailín eitlíochta

€442.68 an 1,000 lítear

Ola Throm:

A úsáidtear mar thiomántán

€368.05 an 1,000 lítear

A úsáidtear le haghaidh aerloingseoireachta

€368.05 an 1,000 lítear

A úsáidtear le haghaidh loingseoireachta áineasa príobháidí

€368.05 an 1,000 lítear

Ola throm eile a úsáidtear mar thiomántán

€368.05 an 1,000 lítear

Ceirisín á úsáidtear ar shlí seachas mar thiomántán

€00.00

Ola bhreosla

€14.78 an 1,000 lítear

Ola throm eile

€47.36 an 1,000 lítear

Gás Peitriliam Leachtaithe:

A úsáidtear mar thiomántán

€63.59 an 1,000 lítear

Gás peitriliam leachtaithe eile

€00.00

Gual:

D’úsáid ghnó

€4.18 an tona

D’úsáid eile

€8.36 an tona

(2) Leasaítear alt 59 den Acht Airgeadais 2007 trí mhír (b) a scriosadh.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1 Samhain 2008.

Leasú ar Chaibidil 1 (cáin ola mianra) de Chuid 2 den Acht Airgeadais 1999.

72 .— (1) Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 1999—

(a) in alt 94(1)—

(i) trí na mínithe ar “alúmana”, “peitreal le luaidhe”, “sárpheitreal díluaidhe” agus “peitreal díluaidhe” a scriosadh,

(ii) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “dumpaire eisbhóthair”:

“ciallaíonn ‘ peitreal ’ aon ola éadrom, seachas gásailín eitlíochta, atá oiriúnach lena húsáid mar thiomántán;”,

(iii) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “árthach áineasa príobháideach”:

“ciallaíonn ‘ loingseoireacht áineasa phríobháideach ’ loingseoireacht in aon árthach, ag a úinéir nó ag an duine nádúrtha nó dlítheanach a theachtann a úsáid trí fhruiliú nó ar aon slí eile, chun críocha seachas críocha tráchtála, agus go háirithe seachas chun paisinéirí nó earraí a iompar, chun seirbhísí a sholáthar ar chomaoin nó chun críocha údarás poiblí;”,

(b) in alt 96—

(i) i mír (a) d’fho-alt (2A) trí “peitreal” a chur in ionad “peitreal díluaidhe” sa dá áit a bhfuil sé,

(ii) i mír (b) d’fho-alt (2A) trí “agus a bhfuil cion sulfair uasta ann mar a fhoráiltear sa Sceideal sin” a scriosadh,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 97:

“Loingseoireacht áineasa phríobháideach.

97A.— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), féadfar ola throm a fómhasadh de réir an ráta a shonraítear i Sceideal 2 maidir le hola throm eile (dá ngairtear “ola gáis mharcáilte” san alt seo) a úsáid le haghaidh loingseoireachta áineasa príobháidí.

(2) I gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (1), déanfaidh úinéir an árthaigh a úsáidtear le haghaidh loingseoireachta áineasa príobháidí, tráth nach déanaí ná an chéad lá de Mhárta tar éis na bliana féilire inar ceannaíodh an ola gáis mharcáilte lena húsáid amhlaidh, na nithe seo a leanas a sheachadadh ar oifigeach—

(a) tuairisceán, i cibé foirm a theastóidh ó na Coimisinéirí, maidir leis an gcainníocht i lítir d’ola gáis mharcáilte a ceannaíodh sa bhliain féilire sin, agus

(b) méid cánach ola mianra arna ríomh de réir ráta 32.069 cent an lítear (arb é an difríocht é idir an ráta cánach ola mianra d’ola gáis mharcáilte agus an ráta d’ola throm a úsáidtear le haghaidh loingseoireachta áineasa príobháidí) a íoc ar an gcainníocht sin.

(3) Déanfaidh an t-úinéir dá dtagraítear i bhfo-alt (2), mar aon le hadmhálacha deimhnithe maidir leis an ola gáis mharcáilte go léir a ceannaíodh, taifead a choimeád i dtaobh na hola gáis marcáilte sin, i cibé foirm a theastóidh ó na Coimisinéirí.

Eitilt áineasa phríobháideach.

97B.— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (6), féadfar ola throm nár fómhasadh de réir an ráta a shonraítear i Sceideal 2 maidir le hola throm a úsáidtear le haghaidh aerloingseoireachta a úsáid le haghaidh eitilte áineasa príobháidí.

(2) I gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (1), déanfaidh an duine a d’úsáid an ola throm lena mbaineann, tráth nach déanaí ná an chéad lá de Mhárta tar éis na bliana féilire inar úsáideadh an ola throm amhlaidh, na nithe seo a leanas a sheachadadh ar oifigeach—

(a) tuairisceán, i cibé foirm theastóidh ó na Coimisinéirí, maidir leis an gcainníocht i lítir den ola throm sin a ceannaíodh le haghaidh eitilte áineasa príobháidí sa bhliain féilire sin, agus

(b) an cháin ola mianra, arna ríomh de réir an ráta atá leagtha síos i Sceideal 2 maidir le hola throm a úsáidtear le haghaidh aerloingseoireachta, a íoc ar an gcainníocht sin.

(3) Faoi réir fho-alt (4), i gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí gur úsáideadh gásailín eitlíochta, ar ar íocadh cáin ola mianra, le haghaidh aerloingseoireachta seachas eitilt áineasa phríobháideach, déanfaidh na Coimisinéirí, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is cuí leo a fhorchur, an méid cánach ola mianra a íocadh lúide méid arna ríomh de réir ráta €166.16 an 1,000 lítear a aisíoc le húsáideoir an ghásailín eitlíochta sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) ach amháin maidir le gásailín eitlíochta ar ar íocadh cáin ola mianra ar dháta i ndiaidh don alt seo a theacht i ngníomh.

(5) (a) Déanfar éilimh ar aisíoc faoi fho-alt (3) i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí agus is i leith gásailín eitlíochta arna úsáid laistigh de thréimhse nach giorra ná mí féilire agus nach faide ná 6 mhí féilire a bheidh siad.

(b) Ní fhéadfar aisíoc faoi fho-alt (3) a dhéanamh mura ndéantar an t-éileamh laistigh de 4 mhí tar éis dheireadh na tréimhse sin nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí in aon chás áirithe.

(6) Chun críocha an tuairisceáin agus na híocaíochta faoi fho-alt (2), agus an aisíoca faoi fho-alt (3), coimeádfaidh na daoine lena mbaineann, i cibé foirm a theastóidh ó na Coimisinéirí, taifid iomlána chruinne maidir leis an mbreosla lena mbaineann a cheannach, a fháil, a stóráil agus a úsáid.”,

(d) trí alt 99 a scriosadh,

(e) in alt 100(1)—

(i) trí mhíreanna (e) agus (j) a scriosadh,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (g):

“(g) ar ola mhianra a bheartaítear a úsáid nó a úsáideadh chun críocha dí-ocsaídithe cheimicigh nó i bpróisis leictrilíteacha nó miotalóireachta;”,

(iii) i mír (h), trí “loingseoireacht áineasa phríobháideach” a chur in ionad “in árthaí áineasa príobháideacha”,

(iv) i mír (n), trí “árthach a úsáidtear i gcomhair loingseoireachta áineasa príobháidí” a chur in ionad “árthach áineasa príobháideach”,

(v) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (n):

“(o) ar ola mhianra a bheartaítear a úsáid nó a úsáideadh chun leictreachas a tháirgeadh, i gcás ina bhfuil leictreachas den sórt sin faoi réir Cánach Leictreachais faoi fho-alt (1) d’alt 52 den Acht Airgeadais 2008, nó ina soláthraítear lena thomhailt lasmuigh den Stát é.”.

(2) (a) Ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (b) (c), tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1 Samhain 2008.

(b) Tiocfaidh fomhír (v) de mhír (e) d’fho-alt (1) i ngníomh an 1 Deireadh Fómhair 2008.

(c) Maidir le fomhír (ii) de mhír (e) d’fho-alt (1) agus, a mhéid a bhaineann sí le scriosadh mhír (e) d’alt 100(1) den Acht Airgeadais 1999, fomhír (i) den mhír sin, tiocfaidh siad i ngníomh ó dháta rite an Achta seo.

Leasú ar alt 78A (faoiseamh i gcomhair grúdlann beag) den Acht Airgeadais 2003.

73 .— Leasaítear alt 78A (a cuireadh isteach le halt 63 den Acht Airgeadais 2005) den Acht Airgeadais 2003 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) (a) Chun críocha fho-alt (1)(b) ní mheasfar grúdlann a bheith neamhspleách ar ghrúdlann eile de réir dlí agus ó thaobh na heacnamaíochta i gcás ina bhfuil na grúdlanna ar úinéireacht nó ar pháirtúinéireacht go díreach nó go neamhdhíreach—

(i) ag an duine céanna, nó

(ii) ag cuideachtaí comhlachaithe de réir bhrí alt 432 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 nó ag eintitis dhlíthiúla atá ar comhréir le cuideachtaí comhlachaithe den sórt sin.

(b) D’ainneoin fho-alt (1)(b) agus mhír (a), i gcás ina mbeidh dhá ghrúdlann nó níos mó ar úinéireacht go díreach nó neamhdhíreach ag duine dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) de mhír (a) agus nach mó ná 20,000 heictilítear comhchainníocht iomlán na beorach a grúdaíodh sna grúdlanna sin i gcaitheamh na bliana féilire roimhe sin, féadfar déileáil leo chun críocha an ailt seo mar aon ghrúdlann amháin atá neamhspleách de réir dlí agus ó thaobh na heacnamaíochta de ar aon ghrúdlann eile.”.

Rátaí cánach táirgí tobac.

74 .— Leasaítear an tAcht Airgeadais 2005 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 62 den Acht Airgeadais 2007):

“SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach Táirgí Tobac

An Cineál Táirge

An Ráta Cánach

Toitíní

€160.57 an míle i dteannta méid atá comhionann le 17.92 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní

Todóga

€229.917 an cileagram

Tobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh

€194.016 an cileagram

Tobac eile chun a chaite ina dheatach

€159.507 an cileagram

”.

Méadú ar mhál ar eischeadúnais miondíoltóirí.

75 .— Déanfar na dleachtanna máil a fhorchuirtear le halt 43 den Finance (1909-1910) Act 1910 ar na ceadúnais chun deochanna meisciúla a dhíol, i dtaca le ceadúnas aon mhiondíoltóra a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin agus a dheonaítear an 1 Deireadh Fómhair 2008 nó dá éis, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na rátaí a shonraítear sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an alt seo ar gach eischeadúnas de thuairisc atá leagtha amach sa chéad cholún den Tábla os coinne an ráta atá leagtha amach sa dara colún, in ionad na rátaí a shonraítear i gcolún (3) de Chuid I den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais 1992 i leith na gceadúnas sin.

AN TÁBLA

Tuairisc ar Eischeadúnas Miondíoltóra

Ráta Dleachta

Miondíoltóir biotáille

€300

Miondíoltóir beorach

€300

Miondíoltóir fíona

€300

Miondíoltóir leanna úll

€300

Miondíoltóir milseán

€300

Aisghairm i ndáil le dlí máil.

76 .— (1) Aisghairtear na hachtacháin atá leagtha amach i gCuid 1 agus i gCuid 2 de Sceideal 3, agus cúlghairtear na hachtacháin sin atá leagtha amach i gCuid 2, go feadh an méid a luaitear sa tríú colún de na Codanna sin os coinne na tagartha don achtachán lena mbaineann.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Leasú ar phionóis ar chiontú go hachomair mar gheall ar chionta máil áirithe.

77 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), i ngach foráil atá sonraithe i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo cuirfear in ionad an méid atá leagtha amach i gcolún (2) den Tábla sin ag an iontráil sin an méid atá leagtha amach ag an iontráil chomhréire i gcolún (3) den Tábla sin.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le cion a dhéantar ar lá tar éis an tAcht seo a rith.

AN TÁBLA

Achtachán a leasaítear

An méid atá le hionadú

An méid atá le cur isteach

(1)

(2)

(3)

An tAcht um Gheall-Chur 1931:

alt 2(2)

€3,000

€5,000

An tAcht Airgeadais 1992:

alt 139(2)

alt 139(4)

alt 139(5)(a)

€1,265

€1,265

€1,265

€5,000

€5,000

€5,000

An tAcht Airgeadais 1999:

alt 102(2)

alt 102(4)(a)

€3,000

€3,000

€5,000

€5,000

An tAcht Airgeadais 2001:

alt 119(3)(a)

alt 124

€3,000

€3,000

€5,000

€5,000

An tAcht Airgeadais 2002:

alt 67(4)

alt 76

alt 77(2)

alt 78(4)

alt 78(6)(b)

alt 78(7)

€3,000

€3,000

€3,000

€3,000

€3,000

€3,000

€5,000

€5,000

€5,000

€5,000

€5,000

€5,000

An tAcht Airgeadais 2003:

alt 79(7)

alt 79(8)(a)

€3,000

€3,000

€5,000

€5,000

An tAcht Airgeadais 2005:

alt 78(2)

alt 78(5)(a)

€3,000

€3,000

€5,000

€5,000

Leasú ar alt 130 (léiriú) den Acht Airgeadais 1992.

78 .— Leasaítear alt 130 den Acht Airgeadais 1992 tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “athchóiriú”:

“ciallaíonn ‘astaíochtaí CO 2 ’ an leibhéal astaíochtaí dé-ocsáide carbóin (CO2) atá ag feithicil, ar leibhéal é arna thomhas de réir fhorálacha Threoir 80/1268/CEE an 16 Nollaig 198020 ón gComhairle (arna leasú) agus arna liostú san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 70/156/CEE an 6 Feabhra 1970 21 ón gComhairle (arna leasú) agus atá san áireamh sa deimhniú iomchuí cineál-cheadaithe CE nó sa deimhniú iomchuí comhréireachta CE nó in aon doiciméid cuí eile lena ndaingnítear comhlíonadh aon bheart arna ndéanamh chun éifeacht a thabhairt sa Stát d’aon ionstraim de chuid na gComhphobal Eorpach a bhaineann le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i leith cineál-cheadaithe don chineál feithicle lena mbaineann;”.

Leasú ar alt 132 (dleacht mháil a mhuirearú) den Acht Airgeadais 1992.

79 .— (1) Leasaítear alt 132 den Acht Airgeadais 1992 i bhfo-alt (3)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a), (aa) agus (b):

“(a) i gcás gur feithicil de chuid earnáil A an fheithicil is ábhar don chlárú nó don dearbhú lena mbaineann—

(i) faoi threoir an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, nó

(ii) i gcás—

(I) nach féidir leibhéal na n-astaíochtaí CO 2 a dhaingniú faoi threoir an deimhnithe cineálcheadaithe AE iomchuí nó an deimhnithe comhréire AE iomchuí, agus

(II) nach deimhin leis na Coimisinéirí an leibhéal astaíochtaí CO 2 faoi threoir aon doiciméid eile a thugtar ar aird mar thaca leis an dearbhú le haghaidh clárú,

de réir méid is ionann agus an céatadán is airde a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo de luach na feithicle nó €720, cibé acu is mó,”,

agus

(b) tríd an Tábla seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“AN TÁBLA

Astaíochtaí CO 2 (CO 2 g/km)

An céatadán de luach na feithicle is iníoctha

0g/km suas le 120g/km agus é sin san áireamh

14% nó €280 cibé acu is mó

Níos mó ná 120g/km, suas le 140g/km agus é sin san áireamh

16% nó €320 cibé acu is mó

Níos mó ná 140g/km, suas le 155g/km agus é sin san áireamh

20% nó €400 cibé acu is mó

Níos mó ná 155g/km, suas le 170g/km agus é sin san áireamh

24% nó €480 cibé acu is mó

Níos mó ná 170g/km suas le 190g/km agus é sin san áireamh

28% nó €560 cibé acu is mó

Níos mó ná 190g/km suas le 225g/km agus é sin san áireamh

32% nó €640 cibé acu is mó

Níos mó ná 225g/km

36% nó €720 cibé acu is mó

”.

(2) Tagann an t-alt seo in éifeacht an 1 Iúil 2008.

Leasú ar alt 134 (faoisimh bhuana) den Acht Airgeadais 1992.

80 .— Leasaítear alt 134 den Acht Airgeadais 1992 i bhfo-alt (11) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) (seachas an coinníoll a ghabhann leis an mír sin):

“(b) i mír (a) ciallaíonn ‘conarthaí féintiomána gearrthéarma’ conarthaí faoina bhfruilítear feithiclí le daoine chun go dtiomáinfidís iad ar feadh aon téarma nó cuid de théarma, ar téarma é, nuair a chuirtear é le téarma aon fhruilithe den sórt sin ar an bhfeithicil chéanna nó ar aon fheithicil eile leis an duine céanna, nach mó ná 5 seachtaine in aon tréimhse 12 mhí ó dháta thosach feidhme an fhruilithe deiridh:”.

Loghadh nó aisíoc i leith cánach cláraithe feithiclí ar fheithiclí leictreacha hibrideacha áirithe, nó ar fheithiclí breosla sholúbtha áirithe, nó ar fheithiclí leictreacha áirithe, nó ar ghluaisrothair leictreacha áirithe.

81 .— Leasaítear Caibidil IV de Chuid II den Acht Airgeadais 1992 tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad alt 135C (ar cuireadh alt 65 den Acht Airgeadais 2007 ina ionad):

“135C.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘feithicil leictreach hibrideach’ feithicil a fhaigheann a cumhacht ghluaiste ó theaglaim de mhótar leictreach agus inneall dócháin inmheánaigh, agus is féidir a thiomáint le leictreachas amháin ar feadh cuid ábhartha dá gnáth-thimthriall tiomána;

ciallaíonn ‘ feithicil breosla sholúbtha ’ feithicil a fhaigheann a cumhacht ghluaiste ó inneall dócháin inmheánaigh atá in ann cumasc d’eatanól agus de pheitreal a úsáid, i gcás íosmhéid 85 faoin gcéad d’eatanól a bheith sa chumasc sin;

ciallaíonn ‘feithicil leictreach’ feithicil a fhaigheann a cumhacht ghluaiste go heisiach ó mhótar leictreach;

ciallaíonn ‘gluaisrothar leictreach’ gluaisrothar a fhaigheann a cumhacht ghluaiste go heisiach ó mhótar leictreach.

(2) I gcás ina ndéanann duine feithicil de chuid earnáil A nó feithicil de chuid earnáil B a chlárú den chéad uair le linn na tréimhse ó 1 Eanáir 2008 go 30 Meitheamh 2008 agus gur deimhin leis na Coimisinéirí—

(a) gur feithicil leictreach hibrideach arna táirgeadh mar chuid de shraith an fheithicil, nó

(b) gur feithicil bhreosla sholúbtha arna táirgeadh mar chuid de shraith an fheithicil,

ansin féadfaidh na Coimisinéirí 50 faoin gcéad den cháin cláraithe feithiclí is iníoctha nó a íocadh de réir mhíreanna (a), (aa), (b) nó (c) d’alt 132(3) a loghadh nó a aisíoc leis an duine sin.

(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh duine feithicil de chuid earnáil A nó feithicil de chuid earnáil B a chlárú den chéad uair le linn na tréimhse ó 1 Iúil 2008 go 31 Nollaig 2010 agus gur deimhin leis na Coimisinéirí—

(i) gur feithicil leictreach hibrideach arna táirgeadh mar chuid de shraith an fheithicil, nó

(ii) gur feithicil bhreosla sholúbtha arna táirgeadh mar chuid de shraith an fheithicil,

ansin féadfaidh na Coimisinéirí suas le huasmhéid €2,500 den cháin cláraithe feithiclí is iníoctha nó a íocadh faoi threoir an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo de réir mhíreanna (a), (b) nó (c) d’alt 132(3) a loghadh nó a aisíoc leis an duine sin.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “aois”, i ndáil le feithicil an t-am atá caite ón dáta a tháinig an fheithicil i seirbhís den chéad uair.

AN TÁBLA

Aois na feithicle

An méid uasta a fhéadfar a loghadh nó a aisíoc

Feithicil nua, céadchlárú

Ní feithicil nua ach níos lú ná 2 bhliain

2 bhliain nó níos mó ach níos lú ná 3 bliana

3 bliana nó níos mó ach níos lú ná 4 bliana

4 bliana nó níos mó ach níos lú ná 5 bliana

5 bliana nó níos mó ach níos lú ná 6 bliana

6 bliana nó níos mó ach níos lú ná 7 mbliana

7 mbliana nó níos mó ach níos lú ná 8 mbliana

8 mbliana nó níos mó ach níos lú ná 9 mbliana

9 mbliana nó níos mó ach níos lú ná 10 mbliana

10 mbliana nó níos mó

€2,500

€2,250

€2,000

€1,750

€1,500

€1,250

€1,000

€750

€500

€250

Nialas

(4) Maidir le feithicil earnáil A nó feithicil earnáil B a cláraíodh den chéad uair le linn na tréimhse ó 1 Eanáir 2008 go 31 Nollaig 2010 tá sí díolmhaithe ó cháin cláraithe feithiclí i gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí gur feithicil leictreach arna táirgeadh mar chuid de shraith an fheithicil sin.

(5) Maidir le gluaisrothar leictreach a cláraíodh den chéad uair le linn na tréimhse 1 Eanáir 2008 go 31 Nollaig 2010 tá sé díolmhaithe ó cháin cláraithe feithiclí i gcás gur deimhin leis na Coimisinéirí gur gluaisrothar leictreach arna táirgeadh mar chuid de shraith an fheithicil sin.”.

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid 3).

82 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “ Príomh-Acht ” an tAcht Cánach Breisluacha 1972.

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

83 .— Le héifeacht ón 1 Iúil 2008 leasaítear alt 1 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an mbrí a shanntar do “toradh talmhaíochta”:

“tá le ‘ duine cuntasach ’ an bhrí a shanntar dó le halt 8;

ciallaíonn ‘ bliain chuntasaíochta ’ tréimhse 12 mhí dar críoch an 31 Nollaig, ach más gnách do dhuine inchánach cuntais a dhéanamh suas do thréimhsí 12 mhí dar críoch dáta socraithe eile, ansin, i leith duine den sórt sin, tréimhse 12 mhí dar críoch an dáta socraithe sin;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gnó”:

“ciallaíonn ‘ gnó ’ gníomhaíocht eacnamaíochta, is cuma cad é críoch nó torthaí na gníomhaíochta sin, agus folaíonn sé aon ghníomhaíocht ag táirgeoirí, trádálaithe nó daoine a sholáthraíonn seirbhísí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí mianadóireachta agus talmhaíochta agus gníomhaíochtaí de chuid na ngairmeacha, agus saothrú maoine inláimhsithe nó doláimhsithe chun ioncam a fháil uaithi ar bhonn leanúnach;”,

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “gnó”:

“ciallaíonn ‘ earraí caipitiúla ’ earraí dochorraithe forbartha agus folaíonn tagairt d’earra caipitiúil tagairt d’aon chuid de agus forléireofar an téarma earra caipitiúil dá réir sin;”,

(d) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Comhphobal”:

“tá le ‘ críochnaithe ’, i ndáil le hearraí dochorraithe, an bhrí a shanntar dó le halt 4B;”,

(e) trí “ailt 4(6), 4B(2) agus 4C(2)” a chur in ionad “alt 4(6)” i mír (a) den mhíniú ar “gníomhaíocht dhíolmhaithe”,

(f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “saorphort”:

“ciallaíonn ‘leas atá coibhéiseach le ruíleas’ leas in earraí dochorraithe seachas leas ruílse ar soláthar earraí de réir alt 3 é a aistriú;”,

(g) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “earraí a allmhairiú”:

“ní fholaíonn ‘ go neamhspleách ’, i ndáil le duine inchánach, duine atá fostaithe nó atá faoi cheangal le fostóir le conradh fostaíochta nó le haon naisc dhlíthiúla eile lena mbunaítear an gaol fostóra agus fostaí maidir le coinníollacha oibre, luach saothair agus dliteanas an fhostóra;”,

(h) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “earraí a fháil laistigh den Chomhphobal”:

“tá le ‘ rogha comhpháirteach cánachais ’ an bhrí a shanntar dó le halt 4B;

“tá le ‘ rogha tiarna talún go ngearrfar cáin ’ an bhrí a shanntar dó le halt 7A;”,

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “imithe in éag” sa mhíniú ar “géilleadh”:

“ach i gcás leas in earraí dochorraithe arna chruthú an 1 Iúil 2008, nó dá éis, ní hionann agus géilleadh léasaí do mhainneachtain aon rogha den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) d’alt 4 a fheidhmiú i ndáil leis an leas sin”,

agus

(j) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad an mhínithe ar “duine inchánach”:

“ciallaíonn ‘duine inchánach’ duine a dhéanann, go neamhspleách, aon ghnó a sheoladh sa Stát;”.

Leasú ar alt 2 (cáin bhreisluacha a mhuirearú) den Phríomh-Acht.

84 .— Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht le héifeacht ón 1 Iúil 2008 i bhfo-alt (1) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) ar sholáthar earraí agus seirbhísí a dhéanann duine inchánach sa Stát ar chomaoin seachas i gcúrsa nó ag bisiú gníomhaíochta díolmhaithe, ar duine inchánach é nó í atá ag gníomhú sa cháil sin, agus”.

Leasú ar alt 3 (soláthar earraí) den Phríomh-Acht.

85 .— Le héifeacht ón 1 Iúil 2008 leasaítear alt 3 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(e) trí “is earraí sochorraithe” a chur in ionad “is earraí”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1B):

“(1C) Chun críocha an Achta seo i gcás earraí dochorraithe, measfar go bhfolaíonn ‘soláthar’, i ndáil le hearraí, an méid seo a leanas—

(a) an ceart chun earraí dochorraithe a dhiúscairt mar úinéir a aistriú ó thaobh substainte nó an ceart chun earraí dochorraithe a dhiúscairt a aistriú ó thaobh substainte, agus

(b) idirbhearta i gcás ina ndéanann sealbhóir eastáit nó leasa in earraí dochorraithe conradh nó comhaontú le duine eile maidir le cearta i leith na n-earraí dochorraithe sin, seachas morgáistí, a chruthú, a shuíomh, a athrú, a ghéilleadh, scaradh leis na cearta sin nó iad a fhoirceannadh, agus go mbeidh comaoin nó íocaíochtaí arb é a n-iomlán 50 faoin gcéad nó níos mó de mhargadhluach oscailte na n-earraí dochorraithe tráth déanta an chonartha nó an chomhaontaithe, iníoctha de bhun an chonartha nó an chomhaontaithe nó gaolmhar leis an gcéanna nó ar shlí eile cibé acu roimh an gconradh nó roimh an gcomhaontú a dhéanamh nó laistigh de 5 bliana ó thosach feidhme an chonartha sin nó an chomhaontaithe sin.”,

agus

(c) i bhfo-alt (8)—

(i) trí “i gcás ina ndéanfaidh duine nach bhfuil bunaithe sa Stát fáil ar earraí laistigh den Chomhphobal sa Stát agus go ndéanann sé nó sí soláthar dá éis sin de na hearraí sin do dhuine cuntasach sa Stát” a chur in ionad “i gcás ina ndéanfaidh duine inchánach nach mbeidh bunaithe sa Stát fáil ar earraí laistigh den Chomhphobal sa Stát agus go ndéanfaidh sé nó sí soláthar dá éis sin de na hearraí sin do dhuine inchánach sa Stát”, agus

(ii) i mír (a) den choinníoll trí “an duine” a chur in ionad “an duine inchánach”.

Leasú ar alt 4 (forálacha speisialta maidir le hearraí dochorraithe a sholáthar) den Phríomh-Acht.

86 .— Leasaítear alt 4 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10):

“(11) Faoi réir alt 4C ní bheidh feidhm ag forálacha eile an ailt seo, ar leith ó fho-ailt (9) agus (10), maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) diúscairt leasa in earraí dochorraithe, nó

(b) géilleadh ar sheilbh earraí dochorraithe,

a tharlaíonn tar éis 1 Iúil 2008. Ní bheidh feidhm ag fo-alt (9) ach amháin maidir le leas frithdhílse arna chruthú roimh 1 Iúil 2008. Ní bheidh feidhm ag fo-alt (10) ach amháin maidir le leas arna dhiúscairt roimh 1 Iúil 2008.”.

Leasú ar alt 4A (duine a dhlíonn cáin a íoc i ndáil le soláthairtí áirithe earraí dochorraithe) den Phríomh-Acht.

87 .— Le héifeacht ón 1 Iúil 2008, aisghairtear alt 4A den Phríomh-Acht.

Soláthairtí earraí dochorraithe, etc.

88 .— Leasaítear an Príomh-Acht le héifeacht ón 1 Iúil 2008 trí na hailt seo a leanas a chur isteach roimh alt 5—

“Soláthairtí earraí dochorraithe.

4B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘críochnaithe’, i leith earraí dochorraithe, go bhfuil an oiread sin forbartha déanta ar na hearraí sin go bhfuil siad sa staid, ar leith amháin ó cibé obair bhailchríche nó fheistiúcháin a bheadh déanta de ghnáth ag an duine a úsáidfidh na hearraí, nó thar a cheann nó thar a ceann, gur féidir na hearraí sin a úsáid go héifeachtach chun críocha chun ar dearadh na hearraí sin, agus tá na seirbhísí fóntais is gá chun na gcríoch sin bainteach leis na hearraí sin;

ciallaíonn ‘ar áitiú’, i leith earraí dochorraithe—

(a) ar áitiú agus á n-úsáid go hiomlán tar éis iad a bheidh críochnaithe i gcás gur úsáid í an úsáid sin ar ina leith a deonaíodh cead pleanála chun na hearraí sin a fhorbairt, agus

(b) i gcás na hearraí sin a bheith ligthe, ar áitiú agus á n-úsáid go hiomlán amhlaidh ag an tionónta.

(2) Faoi réir fho-ailt (3), (5) agus (7), níl cáin inmhuirearaithe ar sholáthar earraí dochorraithe—

(a) nach ndearnadh forbairt orthu,

(b) ar earraí críochnaithe dochorraithe iad, agus arb é an tráth is déanaí a críochnaíodh iad breis agus 5 bliana roimh an soláthar sin, agus nach ndearnadh forbairt ar na hearraí sin laistigh den tréimhse 5 bliana sin,

(c) ar earraí críochnaithe dochorraithe iad nach ndearnadh forbairt orthu ón tráth is déanaí a críochnaíodh na hearraí sin, más rud é—

(i) go ndéantar an soláthar sin tar éis na hearraí dochorraithe a bheith ar áitiú ar feadh 24 mhí ar a laghad san iomlán i ndiaidh an trátha is déanaí a críochnaíodh na hearraí sin, agus

(ii) go dtarlaíonn an soláthar sin tar éis soláthar ar na hearraí sin roimhe sin a raibh cáin inmhuirearaithe air agus gurb amhlaidh maidir leis an soláthar roimhe sin—

(I) gur tar éis an trátha is déanaí a críochnaíodh na hearraí sin a tharla sé, agus

(II) gur idirbheart é idir daoine inchánach nach raibh bainteach le chéile de réir bhrí alt 7A,

(d) ar foirgneamh é a críochnaíodh breis agus 5 bliana roimh an soláthar sin agus ar a ndearnadh forbairt sna 5 bliana roimh an soláthar sin, más rud é—

(i) nach ndearnadh leis an bhforbairt sin, agus nár beartaíodh go ndéanfaí leis an bhforbairt sin, an foirgneamh a oiriúnú le haghaidh malairt ábhartha úsáide, agus

(ii) nár mhó an costas a bhain leis an bhforbairt sin ná 25 faoin gcéad den chomaoin don soláthar sin,

(e) ar foirgneamh é a críochnaíodh laistigh de na 5 bliana roimh an soláthar sin, más rud é—

(i) gur áitíodh an foirgneamh ar feadh 24 mhí ar a laghad san iomlán i ndiaidh an chríochnaithe sin,

(ii) go dtarlaíonn an soláthar sin tar éis soláthar ar an bhfoirgneamh roimhe sin a raibh cáin inmhuirearaithe air agus gurb amhlaidh maidir leis an soláthar roimhe sin—

(I) gur tar éis chríochnú sin an fhoirgnimh a tharla sé, agus

(II) gur idirbheart é idir daoine inchánach nach raibh bainteach le chéile de réir bhrí alt 7A,

agus

(iii) má rinneadh aon fhorbairt ar an bhfoirgneamh sin tar éis an chríochnaithe sin—

(I) nach ndearnadh leis an bhforbairt sin, agus nár beartaíodh go ndéanfaí leis an bhforbairt sin, an foirgneamh a oiriúnú le haghaidh malairt ábhartha úsáide, agus

(II) nár mhó an costas a bhain leis an bhforbairt sin ná 25 faoin gcéad den chomaoin don soláthar sin,

(3) I gcás ina soláthraíonn duine earraí dochorraithe do dhuine eile agus go ndéanann duine inchánach i dtaca leis an soláthar sin comhaontú leis an duine eile sin nó le duine atá bainteach leis an duine eile sin chun forbairt a dhéanamh i dtaca leis na hearraí dochorraithe sin, ansin—

(a) measfar, i ndáil leis an soláthar sin, gur duine inchánach an duine a sholáthraíonn na hearraí sin,

(b) measfar gur soláthar na n-earraí sin lena mbaineann alt 2 soláthar na n-earraí dochorraithe sin, agus

(c) níl feidhm ag fo-alt (2) maidir leis an soláthar sin.

(4) Níl feidhm ag alt 8(3) i ndáil le duine a dhéanann soláthar earraí dochorraithe.

(5) I gcás ina soláthraíonn duine inchánach earraí dochorraithe do dhuine inchánach eile in imthosca ina ndéanfaí an soláthar sin a dhíolmhú thairis sin de réir fho-alt (2) ansin, d’ainneoin fho-alt (2), beidh cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin, i gcás ina ndéanann an soláthróir agus an duine inchánach dá ndéantar an soláthar comhaontú i scríbhinn chun a roghnú go mbeidh cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin (dá ngairtear ‘comhrogha cánachais’ san Acht seo).

(6) I gcás ina ndéantar comhrogha cánachais a fheidhmiú de réir fho-alt (5) ansin—

(a) beidh an duine dá ndéantar an soláthar, i ndáil leis an soláthar sin, ina dhuine cuntasach nó ina duine cuntasach agus beidh sé nó sí faoi dhliteanas an cháin is inmhuirearaithe ar an soláthar sin a íoc amhail is dá mba é nó í an duine sin a sholáthair na hearraí sin, agus

(b) ní bheidh an duine a rinne an soláthar cuntasach sa cháin sin ná ní bheidh sé nó sí faoi dhliteanas an cháin sin a íoc.

(7) (a) I gcás ina soláthraíonn duine inchánach earraí dochorraithe do dhuine eile in imthosca ina mbeadh an soláthar sin díolmhaithe thairis sin faoi fho-alt (2), beidh cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin, d’ainneoin fho-alt (2), más rud é—

(i) gur foirgnimh atá deartha, nó ar féidir iad a úsáid, mar theaghais, atá sna hearraí dochorraithe,

(ii) gur duine a d’fhorbair na hearraí dochorraithe i gcúrsa gnó arb éard é earraí dochorraithe a fhorbairt nó duine atá bainteach leis an duine sin, de réir bhrí alt 7A, an duine a dhéanann an soláthar sin, agus

(iii) go raibh an duine a d’fhorbair na hearraí dochorraithe sin i dteideal asbhainte faoi alt 12 i leith cánach is inmhuirearaithe ar an duine sin maidir leis an duine sin d’fháil nó d’fhorbairt na n-earraí dochorraithe sin.

(b) I gcás foirgnimh lena mbainfeadh an fo-alt seo dá soláthródh an duine inchánach an foirgneamh aon tráth le linn tréimhse choigeartúcháin na scéime earraí caipitiúla don fhoirgneamh sin—

(i) ní bheidh feidhm ag alt 12E(6), agus

(ii) d’ainneoin alt 12E(4) déileálfar le cion na cánach iomláine arna tabhú is inasbhainte ag an duine sin mar chion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte.

Bearta idirthréimhseacha le haghaidh soláthairtí earraí dochorraithe.

4C.— (1) Tá feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le hearraí dochorraithe a fhaigheann nó a fhorbraíonn duine inchánach roimh an 1 Iúil 2008 agus nach bhfuil diúscartha ag an duine inchánach sin roimh an dáta sin go dtí cibé tráth a dhéanann an duine inchánach sin na hearraí sin a dhiúscairt an dáta sin nó dá éis, agus

(b) maidir le leas in earraí dochorraithe de réir bhrí alt 4 seachas leas ruílse nó leas atá coibhéiseach le ruíleas, arna chruthú ag duine inchánach roimh an 1 Iúil 2008 agus arna shealbhú ag duine inchánach an 1 Iúil 2008.

(2) I gcás soláthair earraí dochorraithe lena mbaineann fo-alt (1)(a), ar earraí dochorraithe críochnaithe iad de réir bhrí alt 4B—

(a) más rud é nach raibh aon cheart ag an duine a sholáthraíonn na hearraí sin chun asbhainte faoi alt 12 i ndáil leis an gcáin is inmhuirearaithe ar na hearraí sin a fháil nó a fhorbairt roimh an 1 Iúil 2008, agus

(b) má dhéantar aon fhorbairt ina dhiaidh sin ar na hearraí dochorraithe sin an 1 Iúil 2008 nó dá éis—

(i) ní dhéantar leis an bhforbairt sin, ná ní bheartaítear go ndéanfar leis an bhforbairt sin, na hearraí dochorraithe a choigeartú le haghaidh malairt ábhartha úsáide, agus

(ii) ní mó an costas a ghabhann leis an bhforbairt sin ná 25 faoin gcéad den chomaoin i leith an tsoláthair sin,

ansin, faoi réir alt 4B(3), níl an soláthar sin inmhuirearaithe i leith cánach ach féadfar comhrogha cánachais a fheidhmiú i leith an tsoláthair sin de réir alt 4B(5) agus tá an cháin sin iníoctha de réir alt 4B(6).

(3) Más rud é, maidir le duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) go bhfuair sé nó sí nó gur fhorbair sé nó sí leas in earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo, nó go bhfuil leas den sórt sin aige nó aici,

(b) go raibh sé nó sí i dteideal cáin a asbhaint de réir alt 12 ar an duine sin d’fháil nó d’fhorbairt na n-earraí sin, agus

(c) go gcruthaíonn sé nó sí ligean de na hearraí dochorraithe sin lena mbaineann mír (iv) den Chéad Sceideal,

ansin, déanfaidh an duine sin méid a ríomh de réir na foirmle in alt 4(3)(ab) agus beidh an méid sin iníoctha amhail is dá mba cháin í a bheadh dlite den duine sin de réir alt 19 don tréimhse inchánach ina dtarlaíonn an ligean sin.

(4) Maidir le sannadh nó géilleadh leasa in earraí dochorraithe lena mbaineann fo-alt (1)(b), measfar gur soláthar earraí dochorraithe chun críocha an Achta seo é ar feadh tréimhse 20 bliain ó thráth cruthaithe an leasa nó ón sannadh is déanaí i leith an leasa sin roimh an 1 Iúil 2008, cibé acu is déanaí.

(5) Má dhéanann duine soláthar earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo agus má tá cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin agus mura raibh an duine sin i dteideal an cháin go léir a asbhaint a muirearaíodh ar an duine sin ar na hearraí dochorraithe sin a fháil nó a fhorbairt, beidh an duine sin i dteideal an coigeartú cuí a dhéanamh a mbeadh feidhm aige faoi alt 12E(7)(a) amhail is dá mba rud é go raibh feidhm ag an scéim earraí caipitiúla maidir leis an idirbheart sin.

(6) I gcás sannadh nó géilleadh leasa in earraí dochorraithe dá dtagraítear i bhfo-alt (4)—

(a) beidh cáin inmhuirearaithe más rud é go raibh an duine a rinne an sannadh nó an géilleadh i dteideal aon chuid den cháin ab inmhuirearaithe ar an leas sin a fháil nó ar na hearraí dochorraithe sin a fhorbairt, a asbhaint de réir alt 12, agus

(b) ní bheidh cáin inmhuirearaithe más rud é nach raibh aon cheart ag an duine a rinne an sannadh nó an géilleadh chun asbhaint a dhéanamh faoi alt 12 ar an leas sin a fháil nó ar na hearraí dochorraithe sin a fhorbairt, ach féadfar comhrogha a fheidhmiú i leith cánachais ar an sannadh nó ar an ngéilleadh sin.

(7) (a) D’ainneoin alt 10, is é a bheidh sa mhéid ar a mbeidh cáin inmhuirearaithe i ndáil le sannadh nó géilleadh inchánach lena mbaineann fo-alt (6) ná an méid arna ríomh de réir na foirmle i mír (b) arna roinnt ar an ráta a shonraítear in alt 11(1)(d) arna shloinneadh i bhfoirm dheachúil.

(b) Is é a bheidh sa mhéid cánach a bheidh dlite agus iníoctha maidir leis an sannadh inchánach nó leis an ngéilleadh inchánach lena mbaineann fo-alt (6) ná méid a ríomhfar de réir na foirmle seo a leanas:

T x N

Y

i gcás

gurb é T an cháin iomlán arna tabhú dá dtagraítear i bhfo-alt (11)(d),

gurb é N an líon láneatramh móide a haon, a bheidh fós sa tréimhse choigeartúcháin dá dtagraítear i bhfo-alt (11) (c), tráth an tsannta nó an ghéillte,

gurb é Y an líon iomlán eatramh sa tréimhse choigeartúcháin sin don duine a mbeidh an sannadh nó an géilleadh á dhéanamh aige nó aici,

agus bainfidh alt 4(8) leis an gcáin sin.

(8) (a) I gcás ina ndéanfar leas in earraí dochorraithe dá dtagraítear i bhfo-alt (6) a shannadh nó a ghéilleadh le linn na tréimhse coigeartúcháin agus go bhfuil cáin iníoctha maidir leis an sannadh nó maidir leis an ngéilleadh, ansin déanfaidh an duine a dhéanfaidh an sannadh nó an géilleadh doiciméad a eisiúint chuig an duine dá bhfuil an leas á shannadh nó á ghéilleadh ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(i) an méid cánach atá dlite nó iníoctha ar an sannadh nó ar an ngéilleadh sin, agus

(ii) an líon eatramh atá fágtha sa tréimhse choigeartúcháin.

(b) I gcás ina mbeidh feidhm ag mír (a), beidh an duine ar dó nó di a shanntar nó a ghéilltear an leas, ina úinéir nó ina húinéir ar earraí caipitiúla chun críocha alt 12E maidir leis an earra caipitiúil atá á shannadh nó á ghéilleadh, agus beidh sé nó sí faoi réir fhorálacha an ailt seo, agus chun na críche sin—

(i) is í an tréimhse choigeartúcháin a bheidh ann an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (11)(c) mar a shonraítear i gceart sa doiciméad dá dtagraítear i mír (a),

(ii) is í an cháin iomlán arna tabhú an méid cánach dá dtagraítear i bhfo-alt (11)(d), mar a shonraítear i gceart sa doiciméad dá dtagraítear i mír (a), agus

(iii) is tréimhse 12 mhí a bheidh san eatramh tosaigh, is eatramh dar tosach dáta an tsannta nó an ghéillte.

(9) (a) I gcás ina gcealaíonn duine rogha chun bheith ina dhuine cuntasach nó ina duine cuntasach de réir alt 8(5A), ansin, maidir leis na hearraí dochorraithe ar baineadh úsáid astu chun na seirbhísí a sholáthar a ndearna an duine sin an rogha sin ina leith, níl feidhm ag alt 12E más ar seilbh ag an duine sin atá na hearraí dochorraithe sin an 1 Iúil 2008, agus más rud é nach bhforbraítear a thuilleadh iad tar éis an dáta sin.

(b) Níl feidhm ag alt 8(5A) maidir le hearraí dochorraithe arna bhfáil nó arna bhforbairt an 1 Iúil 2008 nó dá éis.

(10) Le linn alt 12E a fheidhmiú maidir le hearraí dochorraithe agus le leasanna in earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo, tabharfar neamhaird ar ailt (4), (5), agus (6) i leith an duine ar leis nó léi na hearraí dochorraithe sin nó a bhfuil leas sna hearraí dochorraithe sin aige nó aici an 1 Iúil 2008.

(11) D’fhonn alt 12E a chur chun feidhme maidir le hearraí dochorraithe, nó maidir le leasanna in earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo—

(a) déileálfar le haon leas in earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo mar earra caipitiúil,

(b) déileálfar le haon duine ag a bhfuil leas in earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo mar úinéir earraí caipitiúla, ach ní dhéileálfar leis nó léi amhlaidh a mhéid atá leas frithdhílse sna hearraí dochorraithe sin ag an duine murab é nó í an duine sin a d’fhorbair na hearraí sin nó murar forbraíodh iad thar a cheann nó thar a ceann nó chun a leasa,

(c) is í an tréimhse a ndéileálfar léi mar an tréimhse choigeartúcháin i leith earraí dochorraithe lena mbaineann an t-alt seo—

(i) i gcás ina bhfaighfear an leas ruílse, nó leas atá coibhéiseach le ruíleas, sna hearraí dochorraithe sin, 20 bliain ón dáta a gheofar é,

(ii) i gcás ina gcruthófar leas sna hearraí dochorraithe sin, 20 bliain nó, má ba leas go ceann tréimhse ba ghiorra ná 20 bliain an leas an tráth a cruthaíodh é, an líon blianta iomlána sa leas sin nuair a cruthaíodh é, cibé acu is giorra, nó

(iii) i gcás ina sannfar nó go ngéillfear leas in earraí dochorraithe, an tréimhse a bheidh fágtha sa leas sin an tráth a shannfar nó a ghéillfear an leas sin nó 20 bliain, cibé acu is giorra,

ach má forbraíodh na hearraí dochorraithe ón tráth a fuarthas na hearraí dochorraithe sin nó a cruthaíodh an leas sin, 20 bliain ón dáta is déanaí a forbraíodh na hearraí sin,

(d) déileálfar leis an méid cánach a mhuirearófar, nó leis an méid cánach a bheadh inmhuirearaithe murach feidhm ailt 3(5)(b)(iii) nó 13A, ar an duine lena ndéileáiltear mar úinéir earraí caipitiúla ar na hearraí caipitiúla a fháil, nó ar an bhforbairt is déanaí ar na hearraí caipitiúla, mar an cháin iomlán arna tabhú,

(e) déileálfar leis an gcáin iomlán arna tabhú arna roinnt ar an líon blianta sa tréimhse choigeartúcháin dá dtagraítear i mír (c) mar an méid bunchánach,

(f) déileálfar le gach bliain sa tréimhse choigeartúcháin dá dtagraítear i mír (c) mar eatramh,

(g) déileálfar leis an gcéad 12 mhí den tréimhse choigeartúcháin dá dtagraítear i mír (c) mar an t-eatramh tosaigh,

(h) déileálfar leis an dara bliain den tréimhse choigeartúcháin dá dtagraítear i mír (c) mar an dara heatramh,

(i) déileálfar le gach bliain i ndiaidh an dara bliain sa tréimhse choigeartúcháin dá dtagraítear i mír (c) mar eatramh dá éis sin,

(j) is é a bheidh sa mhéid lena ndéileálfar mar an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte ná méid na cánach iomláine arna tabhú de réir mar a fhoráiltear i mír (d) lúide—

(i) aon mhéid den cháin iomlán arna tabhú agus a muirearaíodh ar an duine lena ndéileáiltear mar úinéir earraí caipitiúla ach nach raibh an t-úinéir sin i dteideal é a asbhaint de réir alt 12,

(ii) aon mhéid a dtugann an duine lena ndéileáiltear mar úinéir earraí caipitiúla cuntas ina leith de réir alt 12D(4) i leith aistriú nan-earraí chuig an úinéir sin roimh an 1 Iúil 2008, agus

(iii) aon cháin is iníoctha de réir fho-alt (3) nó alt 4(3)(ab) ag an duine lena ndéileáiltear mar an t-úinéir earraí caipitiúla,

(k) déileálfar leis an méid dá dtagraítear i mír (d) lúide an méid dá dtagraítear i mír (j) mar an méid neamh-inasbhainte,

agus, chun míreanna (f), (h) agus (i) a chur i bhfeidhm, ciallaíonn ‘bliain’ gach tréimhse 12 mhí sa tréimhse choigeartúcháin, a dtosaíonn gach ceann díobh ar an gcéad lá den eatramh tosaigh dá dtagraítear i mír (g).

(12) I gcás ina bhfaigheann duine inchánach earraí dochorraithe an 1 Iúil 2007 nó dá éis, ansin, d’ainneoin fho-alt (10), beidh feidhm ag alt 12E(4) agus, d’ainneoin fho-alt (11)(j), beidh leis an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte an bhrí a shanntar dó le halt 12E. Ach níl feidhm ag an alt seo i gcás coigeartú a bheith déanta ag duine inchánach de réir alt 12(4)(f) i leith na n-earraí sin.”.

Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht.

89 .— Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht le héifeacht ón 1 Iúil 2008—

(a) i bhfo-alt (3)(a) trí “seachas earraí dochorraithe” a chur isteach i ndiaidh “earraí”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3A):

“(3B) Maidir le húsáid earraí dochorraithe is cuid de shócmhainní gnó—

(a) lena n-úsáid go príobháideach ag duine cuntasach nó ag foireann an duine sin, nó

(b) chun aon chríche seachas críocha ghnó an duine chuntasaigh,

is soláthar inchánach seirbhísí í, más rud é—

(i) go dtarlaíonn an úsáid sin le linn tréimhse 20 bliain tar éis na hearraí sin a fháil nó a fhorbairt ag an duine cuntasach, agus

(ii) go ndéileáiltear leis na hearraí sin chun críocha cánach mar chuid de shócmhainní an ghnó an tráth a fhaightear nó a fhorbraítear iad.”.

Leasú ar alt 7 (díolúine a tharscaoileadh) den Phríomh-Acht.

90 .— Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht—

(a) trí “nó de réir alt 7B(3)” a chur isteach i ndiaidh “ar dhuine dá iarraidh sin” i bhfo-alt (3), agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) (a) Ní thosóidh aon tarscaoileadh díolúine ó cháin de réir an ailt seo an 1 Iúil 2008 ná dá éis.

(b) Ní bhainfidh aon tarscaoileadh ó cháin ag a bhfuil feidhm faoin alt seo le haon ligean earraí dochorraithe i gcás ina bhfaightear nó ina bhforbraítear na hearraí sin an 1 Iúil 2008 nó dá éis.

(c) Chun mír (b) a chur i bhfeidhm, maidir le tarscaoileadh díolúine atá i bhfeidhm an 18 Feabhra 2008 i leith ligin earraí dochorraithe atá á bhforbairt an lá sin ag an duine ag a bhfuil an tarscaoileadh sin, nó thar a cheann nó thar a ceann, féadfaidh an tarscaoileadh sin síneadh chuig ligean na n-earraí dochorraithe sin.”.

Rogha chun ligin earraí dochorraithe a chur faoi cháin, etc.

91 .— Leasaítear an Príomh-Acht le héifeacht ón 1 Iúil 2008 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7:

“Rogha chun ligin earraí dochorraithe a chur faoi cháin.

7A.— (1) (a) Beidh cáin inmhuirearaithe de réir an Achta seo ar sholáthar seirbhíse lena mbaineann mír (iv) den Chéad Sceideal (dá ngairtear ‘ligean’ san alt seo) más rud é, faoi réir fho-ailt (2) agus (4), go roghnóidh an soláthróir (dá ngairtear ‘tiarna talún’ san alt seo) go mbeidh an ligean sin inmhuirearaithe amhlaidh, agus, d’ainneoin alt 8(3), is duine cuntasach tiarna talún a fheidhmíonn an rogha sin (dá ngairtear ‘rogha tiarna talún go ngearrfar cáin’) agus beidh sé nó sí faoi dhliteanas cuntas a thabhairt i dtaobh na cánach ar an ligean sin de réir an Achta seo, agus ní soláthar lena mbaineann alt 6 an ligean sin.

(b) I gcás ina mbeidh duine inchánach i dteideal cáin a asbhaint ar earraí dochorraithe a fháil nó a fhorbairt ar an mbonn go n-úsáidfear na hearraí chun críocha ligin nó ligean ar ina leith a bheidh feidhm ag rogha tiarna talún go ngearrfar cáin, ansin—

(i) déileálfar leis an duine sin mar dhuine a d’fheidhmigh rogha an tiarna talún go ngearrfar cáin maidir le haon ligin ar na hearraí dochorraithe sin, agus

(ii) measfar go leanann an rogha sin de bheith i bhfeidhm go dtí go ndéanfaidh an duine sin ligean ar ina leith nach gcomhlíontar ceachtar de choinníollacha mhír (c).

(c) Feidhmítear rogha tiarna talún go ngearrfar cáin maidir le ligean—

(i) trí fhoráil i scríbhinn i gcomhaontú ligin idir an tiarna talún agus an duine a ndéantar an ligean ina leith (dá ngairtear ‘tionónta’ san alt seo) á rá go bhfuil cáin inmhuirearaithe ar an gcíos, nó

(ii) tríd an tiarna talún d’eisiúint doiciméid chuig an tionónta ina dtabharfar fógra go bhfuil cáin inmhuirearaithe ar an ligean.

(d) Foirceanntar rogha tiarna talún go ngearrfar cáin maidir le ligean—

(i) i gcás rogha a fheidhmítear de réir mhír (b), trí ligean a dhéanamh ar na hearraí dochorraithe dá dtagraítear sa mhír sin nach gcomhlíontar ceachtar de choinníollacha mhír (c) ina leith,

(ii) i gcás rogha a fheidhmítear de réir mhír (c)

(I) trí chomhaontú i scríbhinn idir an tiarna talún agus an tionónta á rá go bhfuil an rogha foirceanta agus ina sonraítear an dáta foirceanta, nó

(II) trí dhoiciméad ina dtugtar fógra gur foirceannadh an rogha agus ina sonraítear an dáta foirceanta a sheachadadh ar an tionónta,

(iii) nuair a thagann an tiarna talún agus an tionónta chun bheith ina ndaoine bainteacha,

(iv) nuair a thosaíonn duine atá bainteach leis an tiarna talún ar na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin a áitiú cibé acu a áitíonn an duine sin na hearraí sin ar mhodh ligin nó ar shlí eile, nó

(v) nuair a úsáidtear na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin, nó nuair atá na hearraí sin le húsáid, chun críocha cónaithe de réir bhrí fho-alt (4).

(2) (a) Ní ceadmhach do thiarna talún roghnú go ngearrfar cáin ar ligean—

(i) faoi réir mhír (b), i gcás gur daoine bainteacha i leith an ligin sin an tiarna talún sin agus an tionónta, nó

(ii) i gcás nach bhfuil an tiarna talún bainteach leis an tionónta ach go bhfuil sé nó sí bainteach le haon duine a áitíonn na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin, cibé acu a áitíonn an duine sin na hearraí sin ar mhodh ligin nó ar shlí eile.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a)(i) i gcás ina n-úsáidtear na hearraí dochorraithe is ábhar don ligean chun críocha soláthairtí nó gníomhaíochtaí a thugann teideal don tionónta 90 faoin gcéad ar a laghad den cháin is inmhuirearaithe ar an ligean a asbhaint de réir alt 12. Más rud é, áfach, gur fheidhmigh tiarna talún rogha tiarna talún go ngearrfar cáin maidir le ligean a mbeadh feidhm ag mír (a)(i) maidir leis murach an mhír seo, beidh feidhm ag mír (a)(i) ó dheireadh na chéad bhliana cuntasaíochta ina n-úsáidtear na hearraí chun críocha soláthairtí nó gníomhaíochtaí a thugann teideal don tionónta méid is lú ná 90 faoin gcéad den cháin sin is inmhuirearaithe a asbhaint.

(3) (a) Chun críocha an ailt seo déanfar aon cheist i dtaobh duine a bheith bainteach le duine eile a chinneadh de réir an mhéid seo a leanas:

(i) tá duine bainteach le pearsa aonair más é nó í an duine sin céile na pearsan aonair, nó más gaol de chuid na pearsan aonair nó de chuid céile na pearsan aonair é nó í, nó más céile gaoil de chuid na pearsan aonair nó de chuid céile na pearsan aonair é nó í,

(ii) tá duine bainteach le haon duine lena bhfuil sé nó sí i gcomhpháirtíocht, agus le céile aon phearsan aonair, nó le gaol de chuid aon phearsan aonair, lena bhfuil sé nó sí i gcomhpháirtíocht,

(iii) faoi réir chlásail (IV) agus (V) d’fhomhír (v), tá duine bainteach le duine eile má tá rialú aige nó aici ar an duine eile sin, nó má tá rialú ag an duine eile ar an duine céadluaite, nó má rialaíonn duine nó daoine eile an bheirt duine,

(iv) tá comhlacht daoine bainteach le duine eile má tá rialú ag an duine sin nó daoine atá bainteach leis nó léi ar an gcomhlacht sin daoine, nó má tá rialú ag an duine agus na daoine atá bainteach leis nó léi le chéile ar an comhlacht,

(v) tá comhlacht daoine bainteach le comhlacht eile daoine—

(I) más ag an duine céanna atá rialú ar an dá cheann nó más rud é go bhfuil rialú ag duine ar cheann amháin agus rialú ag daoine atá bainteach leis an duine sin ar an gceann eile, nó go bhfuil rialú ag an duine sin agus daoine atá bainteach leis an duine sin ar an gceann eile,

(II) má tá rialú ag grúpa 2 dhuine nó níos mó ar gach comhlacht daoine, agus más iad na daoine céanna atá sna grúpaí nó más rud é go bhféadfaí a mheas gurb iad na daoine céanna atá sna grúpaí trí dhéileáil le comhalta de cheachtar grúpa (i gcás amháin nó níos mó) mar dhuine ar cuireadh duine atá bainteach leis nó léi ina ionad nó ina hionad,

(III) má ghníomhaíonn an dá chomhlacht daoine, i dtreo comhchuspóra,

(IV) má tá nó má bhí an chaoi nó an chumhacht, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine nó aon ghrúpa daoine nó grúpaí daoine ag a bhfuil céannacht chomhchoiteann réasúnach chun na gníomhaíochtaí atá á seoladh nó le seoladh ag an dá chomhlacht daoine a chinneadh, nó

(V) má tá an dá chomhlacht daoine faoi rialú aon duine nó grúpa daoine nó grúpaí daoine ag a bhfuil céannacht chomhchoiteann réasúnach,

(vi) tá baint ag duine atá i gcáil iontaobhaí socraíochta —

(I) le haon duine is socraitheoir i ndáil leis an tsocraíocht, nó

(II) le haon duine is tairbhí faoin tsocraíocht.

(b) San fho-alt seo—

tá le ‘rialú’, i gcás comhlachta chorpraithe nó i gcás comhpháirtíochta, an bhrí a shanntar dó le halt 8(3B);

ciallaíonn ‘gaol’ deartháir, deirfiúr, sinsear nó dírshliochtach.

(4) Ní féidir rogha tiarna talún go ngearrfar cáin a fheidhmiú maidir le hiomlán tí nó árasáin nó bunachais eile dá shamhail, nó le cuid de, a mhéid a úsáidtear nó a úsáidfear na hearraí dochorraithe sin chun críocha cónaithe, lena n-áirítear aon ligean den sórt sin—

(a) a rialaítear leis an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004,

(b) a rialaítear le Rialacháin na dTithe (Leabhair Chíosa) 1993 (I.R. Uimh. 146 de 1993),

(c) a rialaítear le halt 10 d’Acht na dTithe 1988,

(d) is ligean teaghaise a bhfuil feidhm ag Cuid II d’Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos) 1982 maidir léi, nó

(e) is ligean cóiríochta a sholáthraítear mar theaghais shealadach chun críoch cónaithe éigeandála,

agus, ar rogha tiarna talún go ngearrfar cáin a bheith feidhmithe, scoirfidh sí láithreach d’éifeacht a bheith léi a mhéid a thiocfaidh na hearraí dochorraithe is ábhar don ligean a bhfuil feidhm ag an rogha maidir leis, chun bheith á n-úsáid chun críche cónaithe.

Bearta idir-thréimhseacha: díolúine a tharscaoileadh.

7B.— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine cuntasach a tharscaoil a cheart nó a ceart chun díolúine ó cháin de réir alt 7 agus nár chealaigh an tarscaoileadh sin roimh an 1 Iúil 2008 (dá ngairtear ‘tiarna talún’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo).

(2) Níl feidhm ag alt 12E maidir le tiarna talún a mhéid a cuireadh nó a chuirfí i gcuntas cáin a bhaineann le hearraí dochorraithe a fháil nó a fhorbairt le linn an tsuim, más ann, a bhí dlite den tiarna talún sin mar choinníoll le tarscaoileadh a chealú, a ríomh, de réir alt 7(3).

(3) I gcás ina ndearna tiarna talún ligean agus, murach go raibh an ligean sin faoi réir tarscaoileadh cheana féin, gur ligean é nach mbeadh an tiarna talún, de bharr fhorálacha alt 7A(2), i dteideal rogha tiarna talún go ngearrfar cáin a fheidhmiú ina leith de réir alt 7A, ansin, faoi réir fho-alt (4), scoirfidh tarscaoileadh díolúine an tiarna talún láithreach d’fheidhm a bheith aige maidir leis an ligean sin, agus—

(a) íocfaidh an tiarna talún an méid, amhail is dá mba cháin é a bheadh dlite den duine sin de réir alt 19 don tréimhse inchánach ina scoireann an tarscaoileadh d’fheidhm a bheith aige maidir leis an ligean sin agus is é a bheidh sa mhéid an tsuim, más ann, ab iníoctha de réir alt 7(3) i leith tarscaoileadh a chealú amhail is nach raibh feidhm ag tarscaoileadh an tiarna talún sin ach amháin maidir leis na hearraí dochorraithe nó maidir leis an leas in earraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin a mbeidh an tarscaoileadh scortha d’fheidhm a bheith aige maidir leis, agus

(b) déanfar neamhshuim de na méideanna a chuirfear i gcuntas le linn an tsuim sin a ríomh, más ann, in aon chealú ar an tarscaoileadh sin amach anseo.

(4) (a) Faoi réir mhír (c), i gcás ina mbeidh ligean ag tiarna talún a mbeadh feidhm ag fo-alt (3) maidir leis thairis sin, ní bheidh feidhm ag forálacha an fho-ailt sin a fhad nach lú, ar bhonn an chomhaontaithe ligin a bheidh i bhfeidhm, an cháin a gceanglófar ar an tiarna talún cuntas a thabhairt inti, i méideanna comhionanna do gach tréimhse inchánach, i leith an ligin le linn an 12 mhí dá éis sin, ná an méid a ríomhfar an tráth sin de réir na foirmle i bhfo-alt (5).

(b) I gcás ina mainneofar na coinníollacha i mír (a) a chomhlíonadh mar gheall ar athrú ar théarmaí an léasa nó ar shlí eile nó más lú an cháin a íoctar aon tráth i leith an ligin ná an cháin is iníoctha, scoirfidh an fo-alt seo d’fheidhm a bheith aige.

(c) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le ligean dá dtagraítear i mír (a)—

(i) i gcás tarscaoileadh a bheith i bhfeidhm ag tiarna talún an 18 Feabhra 2008 agus—

(I) ar an 1 Iúil 2008, i gcás an ligean sin a bheith i bhfeidhm ón 18 Feabhra 2008, nó

(II) i gcás na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin a bheith ar úinéireacht ag an tiarna talún sin an 18 Feabhra 2008 agus iad a bheith á bhforbairt an lá sin ag an tiarna talún nó thar a cheann nó thar a ceann,

(ii) i gcás ina sealbhaíonn tiarna talún leas, seachas leas frithdhílse nó leas comhionann, sna hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin, ar leas é a fuarthas idir an 18 Feabhra 2008 agus an 30 Meitheamh 2008 ó dhuine nach bhfuil an tiarna talún bainteach leis nó léi, de réir bhrí alt 7A, in idirbheart a ndéileáiltear leis mar sholáthar earraí de réir alt 4.

(5) Is mar a leanas an fhoirmle a úsáidfear chun críocha fho-alt (4):

A - B

12 - Y

i gcás—

inarb é A an méid cánach a chuirfí i gcuntas chun críocha alt 7(3) maidir leis na hearraí dochorraithe a fháil nó a fhorbairt, dá mbeadh an tarscaoileadh á chealú an tráth dá dtagraítear i bhfo-alt (4),

inarb é B an méid cánach is inmhuirearaithe ar an gcomaoin ag an tiarna talún maidir leis na hearraí dochorraithe sin a ligean agus a íoctar de réir alt 19 agus a chuirfí i gcuntas chun críocha alt 7(3) dá mbeadh an tarscaoileadh á chealú an tráth sin, agus dá mba é an ligean sin an t-aon ligean amháin a raibh feidhm ag an tarscaoileadh sin maidir leis, agus

inarb é Y 11, nó an méid blianta iomlána ón dáta is déanaí acu seo a leanas—

(i) dáta chéadligean na n-earraí sin, agus

(ii) an dáta a tharscaoil an tiarna talún an díolúine,

i gcás inar lú ná 11 bhliain an méid sin.”.

Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.

92 .— Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1), le héifeacht ón 1 Iúil 2008:

“(1) Is duine cuntasach duine inchánach a ghabhann do sholáthar earraí nó seirbhísí inchánach laistigh den Stát, agus beidh sé nó sí cuntasach sa cháin, agus dlífidh sé nó sí an cháin a íoc, a mhuirearaítear i leith an tsoláthair sin. Ina theannta sin, is daoine cuntasacha na daoine dá dtagraítear in alt 4B(3) agus i bhfo-ailt (1A), (2), (2A) agus (8). Ní duine cuntasach, áfach, duine nach bhfuil bunaithe sa Stát agus nach soláthraíonn earraí sa Stát ach amháin sna himthosca atá leagtha amach i mír (f) nó (g) d’fho-alt (1A) nó nach soláthraíonn seirbhís sa Stát ach amháin sna himthosca atá leagtha amach i bhfo-ailt (1B) agus (2)(aa).”,

(b) i mír (f) d’fho-alt (1A), le héifeacht ón 1 Iúil 2008—

(i) trí fhomhír (iv) a scriosadh, agus

(ii) trí “is duine cuntasach nó measfar gur duine cuntasach” a chur in ionad “is duine inchánach nó measfar gur duine inchánach”,

(c) i mír (g) d’fho-alt (1A), le héifeacht ón 1 Iúil 2008—

(i) trí “I gcás ina ndéanfaidh duine” a chur in ionad “I gcás ina ndéanfaidh duine inchánach”,

(ii) trí fhomhír (iv) a scriosadh, agus

(iii) trí “is duine cuntasach nó measfar gur duine cuntasach,” a chur in ionad “is duine inchánach nó measfar gur duine inchánach,”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A):

“(1B) (a) Déanfar an fo-alt seo agus ailt 12(1)(vc) agus 17(1C) a fhorléiriú i dteannta Chaibidil 2 de Chuid 18 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

(b) Le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2008, más rud é go bhfaigheann príomhaí, seachas príomhaí lena mbaineann fomhíreanna (ii) nó (iii) d’alt 531(1)(b) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, seirbhísí arb éard iad oibríochtaí foirgníochta (mar a mhínítear i míreanna (a) go (f) d’alt 530(1) den Acht sin) ó fhochonraitheoir, ansin is duine cuntasach nó measfar gur duine cuntasach an príomhaí sin i ndáil leis an soláthar sin agus dlífidh sé nó sí an cháin is inmhuirearaithe a íoc amhail is dá mba é nó í an príomhaí sin a sholáthair na seirbhísí sin i gcúrsa nó ag bisiú gnó agus ní bheidh an fochonraitheoir cuntasach sa cháin sin, ná ní dhlífidh sé nó sí an cháin sin a íoc, i leith na soláthairtí sin.

(c) Níl feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le seirbhísí ar eisigh an soláthróir sonrasc, nó a raibh an soláthróir faoi cheangal sonrasc a eisiúint, ina leith de réir alt 17 roimh an 1 Meán Fómhair 2008.”,

(e) i bhfo-ailt (3), (3A) agus (9) le héifeacht ón 1 Bealtaine 2008 trí “€37,500” a chur in ionad “€35,000” agus trí “€75,000” a chur in ionad “€70,000” cibé áit a bhfuil siad, agus

(f) i bhfo-alt (8)(a) le héifeacht ón 1 Iúil 2008 trí “, ar duine inchánach duine amháin acu ar a laghad” a chur in ionad “agus atá ag gabháil d’earraí nó do sheirbhísí a sholáthar i gcúrsa nó ag bisiú gnó”.

Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirearaithe cáin) den Phríomh-Acht.

93 .— Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4C) le héifeacht ón 1 Iúil 2008:

“(4D) (a) Maidir leis an méid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar seirbhísí dá dtagraítear in alt 5(3B) in aon tréimhse inchánach is méid é atá ar cóimhéid leis an séú cuid den fhichiú cuid de chostas na n-earraí dochorraithe a úsáidtear chun na seirbhísí sin a sholáthar—

(i) arb é an méid é ar arbh inmhuirearaithe cáin ar an duine a dhéanann an soláthar maidir leis an duine sin d’fháil nó d’fhorbairt na n-earraí dochorraithe dá dtagraítear in alt 5(3B), agus

(ii) i gcás ina raibh feidhm ag alt 3(5)(b)(iii) maidir le fáil na n-earraí dochorraithe, arb é an méid é ar a mbeadh cáin inmhuirearaithe murach feidhm an ailt sin,

arna choigeartú chun cion úsáide na n-earraí sa tréimhse sin a léiriú go cruinn.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh ina sonrófar modhanna a fhéadfar a úsáid—

(i) chun an cion a aithint a léiríonn go cruinn an méid a úsáidtear earraí dochorraithe chun na gcríoch dá dtagraítear in alt 5(3B), agus

(ii) chun an méid nó na méideanna inchánach iomchuí a ríomh.”,

(b) i bhfo-alt (8), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (c) le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2008:

“(d) Níl feidhm ag an bhfo-alt seo i leith soláthair seirbhísí lena mbaineann alt 8(1B).”,

agus

(c) i bhfo-alt (9)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(ba) Tá feidhm ag fo-ailt (a) agus (b) i leith idirbheart a tharlaíonn roimh an 1 Iúil 2008.”,

agus

(ii) le héifeacht ón 1 Iúil 2008, i mír (c), trí “margadhluach” a chur in ionad “margadhphraghas” sa dá áit ina bhfuil sé.

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

94 .— Leasaítear alt 12 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(a)—

(i) i mír (iiic), le héifeacht ón 1 Iúil 2008, trí “alt 4B(6)(a) nó 4(8)” a chur in ionad “alt 4(8)”, agus

(ii) le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2008, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (vb):

“(vc) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse, is cáin a dhlíonn an príomhaí a íoc de bhua alt 8(1B), i leith seirbhísí oibríochtaí foirgníochta a fuair an príomhaí sin; ach ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo ach amháin i gcás ina mbeadh an príomhaí sin i dteideal an cháin sin a asbhaint in áit eile faoin bhfo-alt seo dá mba rud é go ndearna duine cuntasach eile an cháin sin a mhuirearú ar an bpríomhaí sin,”,

(b) i bhfo-alt (4) le héifeacht ón 1 Iúil 2008—

(i) i mír (a) trí “sochorraithe” a chur isteach i ndiaidh “earraí” sa chéad áit a bhfuil sé sa mhíniú ar “ionchuir dhé-úsáide” agus

(ii) i mír (f) trí “don bhliain chuntasaíochta” a chur in ionad “don tréimhse chuntasaíochta”,

agus

(c) le héifeacht ón 1 Iúil 2008 trí fho-alt (5) a scriosadh.

Leasú ar alt 12B (scéim speisialta i leith córacha iompair arna soláthar ag déileálaithe inchánach) den Phríomh-Acht.

95 .— Leasaítear alt 12B den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (3), le héifeacht ón 1 Iúil 2008, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “déileálaí inchánach”:

“maidir le ‘déileálaí inchánach’—

(a) ciallaíonn sé duine cuntasach a dhéanann, i gcúrsa nó ag bisiú gnó, cibé acu atá sé nó sí ag gníomhú thar ceann an duine sin féin nó thar ceann duine eile de bhun conartha faoina bhfuil coimisiún iníoctha ar cheannach nó ar dhíol, cóir iompair a cheannach nó a fháil mar stoc trádála le hionchas í a athdhíol, agus

(b) folaíonn sé duine a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais den chineál a shonraítear i bhfomhír (i)(e) den Chéad Sceideal agus a cheannaíonn nó a fhaigheann cóir iompair chun í a sholáthar mar chuid de chomhaontú den chineál dá dtagraítear in alt 3(1)(b),

agus, chun críche an léirithe seo, measfar gur déileálaí inchánach duine i mBallstát eile más rud é, in imthosca den tsamhail chéanna, gur dhéileálaí inchánach an duine sin sa Stát faoin alt seo;”.

agus

(b) i bhfo-alt (11)(a), trí “agus, chun amhras a sheachaint, tá an méid cánach is inmhuirearaithe i leith an tsoláthair sin san áireamh, agus bhí sé san áireamh riamh, sa mhéid is inasbhainte de réir mhír (b) agus, dá réir sin, níl sé san áireamh, agus ní raibh sé san áireamh riamh, in aon mhéid cánach atá an duine inchánach i dteideal a asbhaint de réir alt 12(1)(a)(iii)” a chur isteach i ndiaidh “alt 3(1)(e)”

Leasú ar alt 12C (scéim speisialta i leith innealra talmhaíochta) den Phríomh-Acht.

96 .— Le héifeacht ón 1 Iúil 2008, leasaítear alt 12C den Phríomh-Acht sa mhíniú ar “déileálaí inchánach” i bhfo-alt (5) trí “agus folaíonn sé duine a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais den chineál a shonraítear i bhfomhír (i)(e) den Chéad Sceideal agus a cheannaíonn innealra talmhaíochta chun é a sholáthar mar chuid de chomhaontú den chineál dá dtagraítear in alt 3(1)(b)” a chur isteach i ndiaidh “stoc trádála le hionchas é a athdhíol”.

Leasú ar alt 12D (cáin atá inasbhainte in imthosca áirithe a choigeartú) den Phríomh-Acht.

97 .— Leasaítear alt 12D den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Níl feidhm ag an alt seo maidir le haistriú leasa in earraí dochorraithe a tharlaíonn an 1 Iúil 2008 nó dá éis.”.

Scéim earraí caipitiúla.

98 .— Leasaítear an Príomh-Acht le héifeacht ón 1 Iúil 2008 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 12D:

“12E.— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hearraí caipitiúla—

(a) a raibh cáin inmhuirearaithe ar dhuine inchánach ar iad a sholáthar nó a fhorbairt, nó

(b) a mbeadh cáin inmhuirearaithe ar dhuine inchánach ar iad a sholáthar murach feidhm alt 3(5)(b)(iii).

(2) San alt seo—

ciallaíonn ‘tréimhse choigeartúcháin’, i ndáil le hearra caipitiúil, an tréimhse a chuimsíonn an líon eatramh dá bhforáiltear i bhfo-alt (3)(a) agus a gceanglaítear coigeartuithe a dhéanamh ar asbhaintí i leith earra chaipitiúil lena linn;

ciallaíonn ‘méid bunchánach’, i ndáil le hearra caipitiúil, an méid a ríomhtar tríd an gcáin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin a roinnt ar an líon eatramh sa tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin;

ciallaíonn ‘úinéir earraí caipitiúla’—

(a) ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (b), duine inchánach a thabhaíonn caiteachas ar earra caipitiúil a fháil nó a fhorbairt,

(b) i gcás duine inchánach is feirmeoir cothrom-ráta, ciallaíonn sé duine inchánach a thabhaíonn caiteachas chun earra caipitiúil a fhorbairt nó a fháil seachas foirgneamh nó déanmhas agus a dheartar agus a úsáidtear d’aon toisc chun críocha gnó feirmeoireachta nó chun talamh a fhálú, a shiltean nó a mhíntíriú agus ar baineadh úsáid as iarbhír sa ghnó sin;

tá le ‘soláthairtí nó gníomhaíochtaí inasbhainte’ an bhrí a shanntar dó le halt 12(4);

ciallaíonn ‘eatramh tosaigh’, i ndáil le hearra caipitiúil, tréimhse 12 mhí dar tosach an dáta a chríochnaítear earra caipitiúil nó, i gcás earra chaipitiúil a sholáthraítear tar éis é a chríochnú, is é an t-eatramh tosaigh d’fhaighteoir an tsoláthair sin an tréimhse 12 mhí dar tosach dáta an tsoláthair sin;

ciallaíonn ‘cion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte’, i ndáil le hearra caipitiúil, an cion a léiríonn go cruinn an méid a úsáidtear earra caipitiúil le linn na tréimhse tosaigh chun críocha soláthairtí nó gníomhaíochtaí inasbhainte úinéara earraí caipitiúla;

ciallaíonn ‘eatramh’, i ndáil le hearra caipitiúil, an t-eatramh tosaigh, an dara heatramh nó eatramh dá éis sin i dtréimhse choigeartúcháin, cibé acu is iomchuí;

ciallaíonn ‘méid inasbhainte eatraimh’, i ndáil le hearra caipitiúil i leith an dara heatramh agus gach eatraimh dá éis sin, an méid a ríomhtar tríd an méid bunchánach i ndáil leis an earra caipitiúil sin a iolrú ar an gcion den úsáid inasbhainte don earra caipitiúil sin is infheidhme maidir leis an eatramh iomchuí;

ciallaíonn ‘méid neamh-inasbhainte’, i ndáil le hearra caipitiúil, an méid arb é an difríocht idir an cháin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin agus an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin;

ciallaíonn ‘cion den úsáid inasbhainte’, i ndáil le hearra caipitiúil d’eatramh seachas an t-eatramh tosaigh, an cion a léiríonn go cruinn an méid a úsáidtear earra caipitiúil le linn an eatraimh sin chun críocha soláthairtí nó gníomhaíochtaí inasbhainte úinéara earraí caipitiúla;

ciallaíonn ‘méid asbhainte tagartha’, i ndáil le hearra caipitiúil, an méid a ríomhtar tríd an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin a roinnt ar an líon eatramh sa tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin;

ciallaíonn ‘athfheistiú’ forbairt ar fhoirgneamh, ar dhéanmhas nó ar shaothar innealtóireachta a críochnaíodh roimhe sin;

ciallaíonn ‘an dara heatramh’, i ndáil le hearra caipitiúil, an tréimhse dar tosach an lá tar éis dheireadh an eatraimh tosaigh sa tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin agus dar críoch an lá deiridh den bhliain chuntasaíochta a dtosaíonn an dara heatramh lena linn;

ciallaíonn ‘eatramh dá éis sin’, i ndáil le hearra caipitiúil, gach tréimhse chuntasaíochta de chuid úinéara earraí caipitiúla sa tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin, agus atá tar éis an dara heatramh;

ciallaíonn ‘méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte’, i ndáil le hearra caipitiúil, an méid a ríomhtar tríd an gcáin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil a iolrú ar chion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin;

tá le ‘cáin iomlán arna tabhú’, i ndáil le hearra caipitiúil, an bhrí a shanntar dó le fo-alt (3)(b).

(3) (a) I ndáil le hearra caipitiúil is éard é an líon eatramh sa tréimhse choigeartúcháin a gceanglaítear coigeartuithe ar asbhaintí a dhéanamh faoin alt seo lena linn—

(i) i gcás athfheistiú, 10 n-eatramh,

(ii) i gcás earra chaipitiúil lena mbaineann mír (c) nó (d) d’fho-alt (6), an líon láneatramh a bheidh fágtha sa tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin móide a haon mar a cheanglaítear a ríomh de réir na foirmle i bhfo-alt (7)(b), agus

(iii) i ngach cás eile, 20 eatramh.

(b) San alt seo ciallaíonn ‘cáin iomlán arna tabhú’ i ndáil le hearra caipitiúil—

(i) an méid cánach a mhuirearaítear ar úinéir earraí caipitiúla maidir leis an úinéir sin d’fháil nó d’fhorbairt earra chaipitiúil,

(ii) i gcás aistrí más rud é, maidir le haistriú úinéireachta ar earra caipitiúil lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii)

(I) i gcás gur sholáthar a bheadh in aistriú den sórt sin murach feidhm alt 3(5)(b)(iii) agus go mbeadh an soláthar sin díolmhaithe de réir alt 4B(2), ansin an cháin iomlán arna tabhú a cheanglaítear a áireamh sa chóip den taifead earra chaipitiúil a cheanglaítear ar an aistreoir a thabhairt de réir fho-alt (10), agus

(II) i gcás nach aistriú lena mbaineann clásal (I) aistriú den sórt sin, ansin an méid cánach a bheadh inmhuirearaithe ar an aistriú sin murach feidhm ailt 3(5)(b)(iii) agus 13A,

agus

(iii) an méid cánach a bheadh inmhuirearaithe, murach feidhm alt 13A, ar úinéir earraí caipitiúla ar an úinéir sin d’fháil nó d’fhorbairt earra caipitiúil.

(c) I gcás ina bhfaigheann úinéir earraí caipitiúla earra caipitiúil—

(i) ar mhodh aistrithe, ar aistriú é lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii) seachas aistriú lena mbaineann fho-alt (10), agus ar aistriú é a mbeadh cáin inmhuirearaithe air murach feidhm alt 3(5)(b)(iii), nó

(ii) a raibh cáin inmhuirearaithe, de réir alt 13A, maidir lena sholáthar nó maidir lena fhorbairt,

ansin, chun críocha an ailt seo, meastar an t-úinéir earraí caipitiúla sin a bheith tar éis asbhaint a éileamh, de réir alt 12, i leith na cánach a bheadh inmhuirearaithe—

(I) ar aistriú an earra chaipitiúil sin murach feidhm alt 3(5)(b)(iii), lúide aon mhéid a dtugann an t-úinéir sin cuntas air i leith an aistrithe sin de réir fho-alt (7)(d), agus

(II) ar sholáthar nó ar fhorbairt an earra chaipitiúil sin murach feidhm alt 13A.

(d) I gcás ina ndéanann úinéir earraí caipitiúla, ar mhodh aistriú lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii), earra caipitiúil a sholáthar nó a aistriú le linn na tréimhse coigeartúcháin ansin críochnóidh an tréimhse choigeartúcháin don earra caipitiúil sin ar dháta an tsoláthair nó an aistrithe sin.

(4) (a) I gcás ina bhfuil difríocht idir cion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte i ndáil le hearra caipitiúil agus an cion den cháin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin a bhí inasbhainte ag an úinéir sin de réir alt 12, ansin déanfaidh an t-úinéir sin, ag deireadh an eatraimh tosaigh, méid a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

A - B

i gcás—

gurb é A méid na cánach iomláine arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin a bhí inasbhainte ag an úinéir sin de réir alt 12, agus

gurb é B an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin.

(b) Más rud é, de réir mhír (a)—

(i) gur mó A ná B, ansin beidh an méid arna ríomh de réir na foirmle i mír (a) iníoctha ag an úinéir sin amhail is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach díreach tar éis dheireadh an eatraimh tosaigh, nó

(ii) gur mó B ná A, ansin beidh an t-úinéir sin i dteideal méid na cánach is inasbhainte chun críocha alt 12 a mhéadú den mhéid arna ríomh de réir mhír (a) don tréimhse inchánach díreach tar éis dheireadh an eatraimh tosaigh.

(c) I gcás nach n-úsáidtear earra caipitiúil le linn an eatraimh tosaigh ansin is é cion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte an cion den cháin iomlán arna tabhú atá inasbhainte ag an úinéir earraí caipitiúla de réir alt 12.

(5) (a) (i) Faoi réir fho-alt (6)(b), más rud é maidir le heatramh, seachas an t-eatramh tosaigh, go bhfuil difríocht idir an cion den úsáid inasbhainte don eatramh sin i ndáil leis an earra caipitiúil sin agus cion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin, ansin déanfaidh an t-úinéir earraí caipitiúla, ag deireadh an eatraimh sin, méid a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

C - D

i gcás—

inarb é C an méid asbhainte tagartha i ndáil leis an earra caipitiúil sin, agus

inarb é D an méid inasbhainte eatraimh i ndáil leis an earra caipitiúil sin.

(ii) Más rud é, de réir fhomhír (i)—

(I) gur mó C ná D, ansin beidh an méid arna ríomh de réir na foirmle i bhfomhír (i) iníoctha ag an úinéir sin amhail is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach díreach tar éis dheireadh an eatraimh sin, nó

(II) gur mó D ná C, ansin beidh an t-úinéir sin i dteideal méid na cánach is inasbhainte chun críocha alt 12 a mhéadú den mhéid arna ríomh de réir na foirmle i bhfomhír (i) don tréimhse inchánach díreach tar éis dheireadh an eatraimh sin.

(b) Más rud é, don dara heatramh agus d’aon eatramh dá éis sin, nach n-úsáidtear earra caipitiúil le linn an eatraimh sin, is é an cion den úsáid inasbhainte i leith an earra chaipitiúil sin don eatramh sin an cion den úsáid inasbhainte don eatramh roimhe sin.

(6) (a) (i) Más rud é, i leith earra chaipitiúil d’eatramh seachas an t-eatramh tosaigh, gur mó ná 50 pointe céatadáin an difríocht idir an cion den úsáid inasbhainte arna shloinneadh mar chéatadán agus cion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte arna shloinneadh mar chéatadán, ansin déanfaidh an t-úinéir earraí caipitiúla, ag deireadh an eatraimh sin, méid a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

(C - D) x N

i gcás—

inarb é C an méid asbhainte tagartha i ndáil leis an earra caipitiúil sin,

inarb é D an méid inasbhainte eatraimh i ndáil leis an earra caipitiúil sin, agus

inarb é N an líon láneatramh a bheidh fágtha sa tréimhse choigeartúcháin ag deireadh an eatraimh sin móide a haon.

(ii) Más rud é, de réir fhomhír (i)—

(I) gur mó C ná D, ansin beidh an méid arna ríomh de réir na foirmle i bhfomhír (i) iníoctha ag an úinéir sin amhail is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach díreach tar éis dheireadh an eatraimh sin, nó

(II) gur mó D ná C, ansin beidh an t-úinéir sin i dteideal an méid cánach is inasbhainte chun críocha alt 12 a mhéadú den mhéid arna ríomh de réir na foirmle i bhfomhír (i) don tréimhse inchánach díreach tar éis dheireadh an eatraimh sin.

(iii) Ní bheidh feidhm ag forálacha fhomhír (i) maidir le hearra caipitiúil nó cuid de a bhí faoi réir fhorálacha mhíreanna (c) nó (d) le linn an eatraimh lena mbaineann fomhír (i).

(iv) I gcás ina mbeidh oibleagáid ar úinéir earraí caipitiúla ríomh dá dtagraítear i bhfomhír (i) a dhéanamh i leith earra chaipitiúil, ansin, chun críocha na n-eatramh atá fágtha sa tréimhse choigeartúcháin, déileálfar leis an gcion den úsáid inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin don eatramh a gceanglaítear an ríomh a dhéanamh ina leith amhail is dá mba é cion an eatraimh tosaigh den úsáid inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin agus, go dtí go gceanglaítear ríomh breise a dhéanamh faoi fhomhír (i), déanfar gach méid míniúcháin eile a ríomh dá réir sin.

(b) I gcás ina mbeidh feidhm ag forálacha mhír (a) maidir le heatramh ansin ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (5) maidir leis an eatramh sin.

(c) I gcás ina ndéanann úinéir earraí caipitiúla, ar tiarna talún é i leith earra chaipitiúil go léir nó cuid de, a rogha tiarna talún go ngearrfar cáin de réir alt 7A(1) a fhoirceannadh i leith aon ligin ar an earra caipitiúil sin, ansin—

(i) meastar, chun críocha an ailt seo, go ndearna an t-úinéir sin an t-earra caipitiúil lena mbaineann an ligean sin a sholáthar agus a fháil go comhuaineach,

(ii) measfar gur soláthar nach bhfuil cáin inmhuirearaithe air an soláthar sin agus ní dhéanfar aon rogha go ngearrfar cáin ar an soláthar sin de réir alt 4B(5) a cheadú ar an soláthar sin, agus

(iii) déileálfar leis an earra caipitiúil a fuarthas mar earra caipitiúil chun críocha an ailt seo agus déileálfar leis an méid arna ríomh de réir fho-alt (7)(b) ar an soláthar sin mar an cháin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin.

(d) Más rud é, maidir le ligean earra chaipitiúil, ar ligean é nach bhfuil faoi réir rogha tiarna talún go ngearrfar cáin de réir alt 7A(1), go ndéanfaidh tiarna talún dá éis sin rogha tiarna talún go ngearrfar cáin a fheidhmiú i leith ligean an earra chaipitiúil sin, ansin—

(i) meastar, chun críocha an ailt seo, go ndearna an tiarna talún sin an t-earra caipitiúil sin lena mbaineann an ligean sin a sholáthar agus a fháil go comhuaineach,

(ii) measfar gur soláthar ar arb inmhuirearaithe cáin an soláthar sin, agus

(iii) déileálfar leis an earra caipitiúil a fuarthas mar earra caipitiúil chun críocha an ailt seo, agus—

(I) déileálfar leis an méid arna ríomh de réir fho-alt (7)(a) mar an cháin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin,

(II) measfar an cháin iomlán arna tabhú a bheith asbhainte de réir alt 12 tráth an tsoláthair sin.

(7) (a) I gcás ina ndéanann úinéir earraí caipitiúla earra caipitiúil a sholáthar nó earra caipitiúil a aistriú, is aistriú lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii), seachas aistriú lena mbaineann fo-alt (10), i rith na tréimhse coigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin, agus más rud é—

(i) gurb inmhuirearaithe cáin ar an soláthar sin, nó go mbeadh cáin inmhuirearaithe ar an aistriú sin murach feidhm alt 3(5)(b)(iii), agus

(ii) gur mó ná nialas an méid neamh-inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin i leith an úinéara sin nó i gcás soláthair nó aistriú le linn an eatraimh tosaigh, nach raibh an t-úinéir sin i dteideal an cháin iomlán go léir arna tabhú de réir alt 12 a asbhaint,

ansin tá an t-úinéir sin i dteideal méid na cánach is inasbhainte ag an úinéir sin chun críocha alt 12 don tréimhse inchánach ina dtarlóidh an soláthar nó an t-aistriú, a mhéadú de mhéid arna ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

E x N

T

i gcás—

inarb é E an méid neamh-inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin, nó i gcás soláthair roimh dheireadh an eatraimh tosaigh méid na cánach iomláine arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin nach raibh inasbhainte ag an úinéir sin de réir alt 12,

inarb é N an líon láneatramh a bheidh fágtha sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin tráth an tsoláthair móide a haon,

inarb é T an líon iomlán eatramh sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin.

(b) I gcás ina ndéanann úinéir earraí caipitiúla earra caipitiúil a sholáthar le linn na tréimhse coigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin agus más rud é nach bhfuil cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin agus más rud é—

(i) gur mó ná nialas an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin, nó

(ii) i gcás soláthair roimh dheireadh an eatraimh tosaigh más mó ná nialas méid na cánach iomláine arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin ab inasbhainte ag an úinéir sin de réir alt 12,

ansin déanfaidh an t-úinéir sin méid a ríomh a bheidh iníoctha amhail is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach ina ndéantar an soláthar de réir na foirmle seo a leanas:

B x N

T

i gcás—

gurb é B an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin, nó, i gcás soláthair lena mbaineann fomhír (ii), méid na cánach iomláine arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin a d’éiligh an t-úinéir sin mar asbhaint de réir alt 12,

gurb é N an líon láneatramh a bheidh fágtha sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin tráth an tsoláthair móide a haon, agus

gurb é T an líon iomlán eatramh sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin.

(c) I gcás ina ndéanann úinéir earraí caipitiúla cuid d’earra caipitiúil a sholáthar nó a aistriú le linn na tréimhse coigeartúcháin, is aistriú lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii), ansin, ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin, déanfar, maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) an cháin iomlán arna tabhú,

(ii) an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte, agus

(iii) gach méid míniúcháin eile,

i ndáil lena bhfuil fágtha den earra caipitiúil sin don úinéir sin, iad a choigeartú dá réir sin ar bhonn cóir, réasúnach.

(d) I gcás ina dtarlaíonn aistriú ar úinéireacht earra chaipitiúil, is aistriú lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii), ach gan aistriú lena mbaineann fo-alt (10) a áireamh, agus i gcás nach mbeadh an t-aistrí i dteideal an cháin go léir ab inmhuirearaithe ar an aistriú sin a asbhaint murach feidhm a bheith ag alt 3(5)(b)(iii), ansin déanfaidh an t-aistrí sin méid a ríomh mar seo a leanas:

F - G

i gcás—

gurb é F an méid cánach ab inmhuirearaithe murach feidhm a bheith ag alt 3(5)(b)(iii), agus

gurb é G an méid den cháin sin ab inasbhainte de réir alt 12 ag an aistrí sin dá mba rud é nach raibh feidhm ag alt 3(5)(b)(iii) maidir leis an aistriú sin,

agus beidh an méid sin iníoctha ag an aistrí sin amhail is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach ina dtarlaíonn an t-aistriú agus chun críocha an ailt seo measfar gurb é an méid sin méid na cánach iomláine arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin nach raibh an t-aistrí i dteideal a asbhaint de réir alt 12.

(8) (a) Más rud é, i gcás tionónta ag a bhfuil leas seachas leas atá coibhéiseach le ruílse in earraí dochorraithe, gurb é nó í úinéir na n-earraí caipitiúla maidir le hathfheistiú a dhéantar ar na hearraí dochorraithe sin, agus go ndéanann sé nó sí an leas sin a shannadh nó a ghéilleadh, ansin déanfaidh an tionónta sin méid a ríomh i leith an earra chaipitiúil sin arb é an t-athfheistiú sin de réir na foirmle i bhfo-alt (7)(b), agus beidh an méid sin iníoctha ag an tionónta sin amhail is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach ina dtarlaíonn an sannadh nó an géilleadh.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) más rud é—

(i) go bhfuil an méid iomlán athbhreithnithe inasbhainte i ndáil leis an earra caipitiúil sin comhionann leis an gcáin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin, nó i ndáil le sannadh nó géilleadh a tharlaíonn roimh dheireadh an eatraimh tosaigh i ndáil leis an earra caipitiúil sin go raibh an tionónta i dteideal an cháin iomlán go léir arna tabhú a asbhaint de réir alt 12 i ndáil leis an earra caipitiúil sin,

(ii) go ndéanann an tionónta comhaontú i scríbhinn leis an duine dá sanntar nó dá ngéilltear an leas, á chomhaontú go mbeidh an duine sin freagrach as na hoibleagáidí go léir faoin alt seo i ndáil leis an earra caipitiúil dá dtagraítear i mír (a) ón dáta a shanntar nó a ghéilltear an leas dá dtagraítear i mír (a), amhail is—

(I) dá mba é a bhí sa cháin iomlán arna tabhú ag an tionónta sin agus sa mhéid a d’asbhain sé nó sí i ndáil leis an earra caipitiúil sin, an cháin iomlán arna tabhú ag an duine dá sanntar nó dá ngéilltear an leas agus an méid a d’asbhain sé nó sí, agus

(II) dá ndéanfaí aon choigeartuithe a cheanglaítear ar an tionónta a dhéanamh faoin alt seo,

agus

(iii) go n-eisíonn an tionónta cóip den taifead earra chaipitiúil i leith an earra chaipitiúil dá dtagraítear i mír (a) chuig an duine dá bhfuil an leas á shannadh nó á ghéilleadh.

(c) I gcás feidhm a bheith ag mír (b), beidh an duine dá sanntar nó dá ngéilltear an leas freagrach as na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír (b)(ii) agus úsáidfidh sé nó sí an fhaisnéis sa chóip den taifead earra chaipitiúil arna heisiúint ag an tionónta de réir mhír (b)(iii) chun aon cháin a ríomh is inmhuirearaithe nó is inasbhainte de réir an ailt seo i leith an earra chaipitiúil sin ag an duine sin ón dáta a shanntar nó a ghéilltear an leas dá dtagraítear i mír (a).

(d) Más rud é gur earra caipitiúil lena mbaineann fo-alt (11) an t-earra caipitiúil, ní bheidh feidhm ag míreanna (a), (b) agus (c).

(9) Más rud é go ndéanann úinéir earraí caipitiúla—

(a) earra caipitiúil a sholáthar le linn na tréimhse coigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin, agus más rud é go bhfuil cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin, nó

(b) earra caipitiúil a aistriú, seachas aistriú lena mbaineann fo-alt (10), le linn na tréimhse coigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin agus go mbeadh cáin inmhuirearaithe ar an aistriú sin murach feidhm a bheith ag alt 3(5)(b)(iii),

agus más rud é, tráth an tsoláthair nó an aistrithe sin, go bhfuil an t-úinéir agus an duine dá soláthraítear nó chun a n-aistrítear an t-earra caipitiúil bainteach lena chéile de réir bhrí alt 7A, agus más rud é, maidir le haon cheann díobh seo a leanas—

(i) an méid cánach is inmhuirearaithe ar sholáthar an earra chaipitiúil sin,

(ii) an méid cánach ab inmhuirearaithe ar aistriú an earra chaipitiúil sin murach feidhm a bheith ag alt 3(5)(b)(iii), nó

(iii) an méid cánach ab inmhuirearaithe ar an soláthar murach feidhm a bheith ag alt 13A,

gur lú é ná an méid, dá ngairtear an “méid coigeartaithe” ina dhiaidh seo, arna ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

H x N

T

i gcás—

gurb é H an cháin iomlán arna tabhú i ndáil leis an earra caipitiúil sin don úinéir earra chaipitiúil atá ag déanamh an tsoláthair nó an aistrithe,

gurb é N an líon láneatramh a bheidh fágtha sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil móide a haon, agus

gurb é T an líon iomlán eatramh sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin,

ansin, déanfaidh an t-úinéir sin méid a ríomh a bheidh iníoctha ag an úinéir sin amhail is dá mba cháin é a bheadh dlite de réir alt 19 don tréimhse inchánach ina ndéantar an soláthar nó an t-aistriú, de réir na foirmle seo a leanas:

I - J

i gcás—

gurb é I an méid coigeartaithe, agus

gurb é J an méid cánach is inmhuirearaithe ar sholáthar an earra chaipitiúil sin, nó an méid cánach a bheadh inmhuirearaithe ar aistriú an earra chaipitiúil sin murach feidhm a bheith ag alt 3(5)(b)(iii), nó an méid cánach a bheadh inmhuirearaithe ar an soláthar murach feidhm a bheith ag alt 13A.

(10) I gcás ina ndéanann úinéir earraí caipitiúla earra caipitiúil a aistriú, ar aistriú é lena mbaineann alt 3(5)(b)(iii) agus go mbeadh an t-aistriú sin ina sholáthar murach feidhm a bheith ag alt 3(5)(b)(iii), agus i gcás ina mbeadh an soláthar sin díolmhaithe de réir alt 4B(2) ansin—

(a) eiseoidh an t-aistreoir cóip den taifead earra chaipitiúil chuig an aistrí,

(b) is é nó is í an t-aistrí an comharba ar an úinéir earraí caipitiúla a aistríonn an t-earra caipitiúil, agus beidh sé nó sí freagrach as oibleagáidí uile an úinéara sin faoin alt seo ón dáta a aistrítear an t-earra caipitiúil sin, amhail is—

(i) dá mba é an cháin iomlán arna tabhú ag an aistreoir, agus an méid a d’asbhain an t-aistreoir i ndáil leis an earra caipitiúil sin an cháin iomlán arna tabhú ag an aistrí, agus an méid a d’asbhain an t-aistrí, agus

(ii) dá ndéanfaí aon choigeartuithe a cheanglaítear ar an aistreoir a dhéanamh faoin alt seo,

agus

(c) úsáidfidh an t-aistrí sin, i gcáil comharba, an fhaisnéis sa chóip den taifead earra chaipitiúil arna heisiúint ag an aistreoir de réir mhír (a) chun cáin a ríomh is inmhuirearaithe nó is inasbhainte ag an gcomharba sin de réir an ailt seo dá mbeidh fágtha den tréimhse choigeartúcháin is infheidhme maidir leis an earra caipitiúil sin ón dáta aistrítear an t-earra caipitiúil sin.

(11) Má scriostar earra caipitiúil le linn na tréimhse coigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin, ansin ní dhéanfaidh an t-úinéir earraí caipitiúla aon choigeartú breise faoin alt seo i leith aon eatramh a bheidh fágtha sa tréimhse choigeartúcháin i ndáil leis an earra caipitiúil sin.

(12) Déanfaidh úinéir earraí caipitiúla taifead (dá ngairtear ‘taifead earra chaipitiúil’ san alt seo) a chruthú agus a choimeád i leith gach earra chaipitiúil agus beidh sa taifead sin faisnéis leordhóthanach chun aon choigeartuithe a chinneadh i leith an earra chaipitiúil sin a cheanglaítear de réir an ailt seo.

(13) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh is gá chun críocha oibriú an ailt seo, go háirithe i ndáil le ré eatraimh dá éis sin i gcás ina n-athraíonn bliain chuntasaíochta úinéara earraí caipitiúla.”.

Leasú ar alt 14 (an cháin a bheidh dlite a chinneadh faoi threoir fáltas airgid) den Phríomh-Acht.

99 .— Leasaítear alt 14 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás ina mbeidh údarú eisithe chuig aon duine de réir fho-alt (1) agus go mainníonn an duine sin nóta sochair a eisiúint de réir alt 17(3)(b) i leith aon soláthair i gcás ina laghdaítear an chomaoin mar a bheidh luaite sa sonrasc arna eisiúint ag an duine sin don soláthar sin nó go lamháiltear lascaine, ansin, an tráth ba cheart nóta sochair a eisiúint de réir alt 17(7)—

(a) déileálfar le cibé cáin is inchurtha i leith an laghdaithe nó na lascaine amhail is gur eisíodh í ó fheidhm fho-alt (1), agus

(b) dlífidh an duine sin an cháin sin a íoc amhail is dá mba cháin í a bhí dlite de réir alt 19 an tráth sin.”.

Leasú ar alt 16 (dualgas taifid a choimeád) den Phríomh-Acht.

100 .— Leasaítear alt 16 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “agus lena teideal maidir le hin-asbhainteacht” a chur isteach i ndiaidh “cánach”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Maidir leis an gceanglas taifid a choimeád de réir an ailt seo, beidh feidhm aige maidir le taifid a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(a) feidhmiú agus foirceannadh rogha tiarna talún chun cáin a ghearradh,

(b) taifead ar earra caipitiúil dá dtagraítear in alt 12E, agus

(c) comhrogha i leith cánachais.”.

Leasú ar alt 17 (sonraisc) den Phríomh-Acht.

101 .— (1) Leasaítear alt 17 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh fho-alt (2), le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2008:

“(1C) (a) I gcás ina ndéanfaidh fochonraitheoir is duine cuntasach seirbhís lena mbaineann alt 8(1B) a sholáthar, eiseoidh an fochonraitheoir sin doiciméad chuig an bpríomhaí ina léireofar—

(i) go bhfuil an príomhaí faoi dhliteanas cuntas a thabhairt sa cháin is inmhuirearaithe ar an soláthar sin, agus

(ii) cibé sonraí eile a cheanglófaí a áireamh sa doiciméad sin dá mba shonrasc an doiciméad sin a cheanglaítear a eisiúint de réir fho-alt (1) ach gan an méid cánach is iníoctha a áireamh.

(b) I gcás ina gcomhaontóidh an príomhaí agus an fochonraitheoir amhlaidh, féadfaidh feidhm a bheith ag forálacha fho-alt (14)(a) maidir leis an doiciméad seo amhail is dá mba shonrasc é.”,

(b) trí fho-alt (1AAA) a scriosadh le héifeacht ón 1 Iúil 2008,

(c) i bhfo-alt (1AB), le héifeacht ón 1 Iúil 2008, trí “chun críocha alt 12C(1B)” a chur in ionad “chun críocha fho-alt (1AAA) nó alt 12C(1B)”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3A):

“(3B) Más rud é, tar éis do dhuine sonrasc a eisiúint chun duine eile de réir fho-alt (1) i leith méid a fuarthas ar mhodh éarlaise agus i gcás feidhm a bheith ag alt 19(2B), ansin—

(a) measfar méid na comaoine a bheidh luaite ar an sonrasc sin a bheith laghdaithe go neamhní, agus

(b) eiseoidh an duine chun an duine eile sin doiciméad a ndéileálfar leis amhail is dá mba nóta sochair é ina mbeidh sonraí faoin laghdú i cibé foirm, agus ina mbeidh cibé sonraí eile, a cheanglófaí a bheith ar áireamh sa doiciméad sin dá mba nóta sochair an doiciméad sin, agus más duine inchánach an duine eile sin laghdófar an méid a fhéadfaidh an duine eile sin a asbhaint faoi alt 12 den mhéid cánach a thaispeánfar ar an doiciméad amhail is dá mba nóta sochair an doiciméad sin.”,

agus

(e) i bhfo-alt (9)(aa), trí “in aon chás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (3B) nó” a chur isteach i ndiaidh “Ní bheidh feidhm ag mír (a)”.

(2) Déantar alt 17(3B) (a cuireadh isteach le fo-alt (1)(d)) a leasú tuilleadh le héifeacht ón 1 Iúil 2008 trí “duine cuntasach” a chur in ionad “duine inchánach”.

Leasú ar alt 19 (cáin atá dlite agus iníoctha) den Phríomh-Acht.

102 .— Leasaítear alt 19 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A):

“(2B) I gcás ina dtabharfaidh duine cuntas de réir fho-alt (3) i gcáin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) ar mhéid a fuarthas ar mhodh éarlaise ó chustaiméir roimh sholáthar na n-earraí nó na seirbhísí lena mbaineann sí, agus—

(a) nach dtarlaíonn an soláthar sin dá éis sin de bharr cealú ag an gcustaiméir,

(b) go ndéantar an cealú a thaifeadadh mar chealú i leabhair agus i dtaifid an duine sin,

(c) nach n-aisíoctar an éarlais leis an gcustaiméir, agus

(d) nach gcuireann aon duine aon chomaoin, sochar nó soláthar eile ar fáil don chustaiméir in ionad aisíoc an mhéid sin,

ansin, laghdófar an cháin is inmhuirearaithe faoi alt 2(1)(a) sa tréimhse inchánach ina dtaifeadtar an cealú den mhéid cánach ar tugadh cuntas ina leith ar an éarlais a fháil.”.

Leasú ar alt 26 (pionóis i gcoitinne) den Phríomh-Acht.

103 .— Le héifeacht ón 1 Iúil 2008, leasaítear alt 26 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3AAA) trí “margadhluach oscailte” a chur in ionad “margadhphraghas oscailte”.

Leasú ar alt 27 (tuairisceáin chalaoiseacha, etc.) den Phríomh-Acht.

104 .— Leasaítear alt 27 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (9A)—

(a) sa mhír darb uimhir (1)—

(i) tríd an mír sin a athuimhriú mar mhír (a),

(ii) trí na fomhíreanna atá ainmnithe mar (a), (b) agus (c) a athuimhriú mar fhomhíreanna (i), (ii) agus (iii), faoi seach, agus

(iii) trí “nó” a scriosadh i bhfomhír (ii) (arna hathuimhriú amhlaidh) agus tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na fomhíre sin:

“(iia) go bhfuarthas iad i mBallstát eile agus gur modhanna nua iompair iad na hearraí sin—

(I) a ndéanfaidh an faighteoir fáil laistigh den Chomhphobal ina leith sa Stát,

(II) nach mbeidh an faighteoir i dteideal asbhainte ina leith faoi alt 12 maidir leis an gcáin is inmhuirearaithe ar an bhfáil sin, agus

(III) a mainneoidh an faighteoir ina leith cuntas a thabhairt sa cháin a bheidh dlite ar an bhfáil sin de réir alt 19,

nó”,

(b) sa mhír darb uimhir (2)—

(I) tríd an mír sin a athuimhriú mar mhír (b), agus

(II) trí “de réir mhír (a)” a chur in ionad “de réir fho-alt (1)”,

(c) sa mhír darb uimhir (3)—

(I) tríd an mír sin a athuimhriú mar mhír (c), agus

(II) trí “ i mír (b)” a chur in ionad “i bhfo-alt (2)”,

agus

(d) sa mhír darb uimhir (4)—

(I) tríd an mír sin a athuimhriú mar mhír (d), agus

(II) trí na fomhíreanna atá ainmnithe mar (a), (b), (bb), (c) agus (d) a athuimhriú mar fhomhíreanna (i), (ii), (iii), (iv) agus (v), faoi seach.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

105 .— Leasaítear alt 32 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) le héifeacht ón 1 Iúil 2008 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ta):

“(tb) oibriú na scéime earraí caipitiúla agus go háirithe fad eatraimh dá éis sin i gcás ina n-athróidh bliain chuntasaíochta úinéara earraí caipitiúla;

(tc) na modhanna a fhéadfar a úsáid chun alt 10(4D) a chur chun feidhme;”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

106 .— Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht le héifeacht ón 1 Iúil 2008 trí “lena mbaineann alt 3 (1)(c) nó 4” a scriosadh i mír (xxiv).

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

107 .— Leasaítear an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) le héifeacht ón 1 Bealtaine 2008, trí “€37,500” a chur in ionad “€35,000”, i míreanna (viib) agus (viic),

(b) le héifeacht ón 1 Márta 2008, tríd an méid seo a leanas a chur i isteach i ndiaidh mhír (xid):

“(xie) riosóim miscanthus, síolta, bleibíní, fréamhacha agus earraí dá samhail a úsáidtear i gcomhair táirgeadh talmhaíochta bithbhreosla;”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xix):

“(xixa) táirgí frithghiniúna neamh-bhéil;”.

Leasú ar phionóis (Cuid 3).

108 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), i ngach foráil a shonraítear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo déanfar an méid atá leagtha amach ag an iontráil i gcolún (3) den Tábla sin a chur in ionad an mhéid atá leagtha amach i gcolún (2) den Tábla sin ag an iontráil chomhréire.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le cion a dhéanfar aon lá tar éis an tAcht seo a rith.

AN TÁBLA

Achtachán a leasaítear

An méid atá le hionadú

An méid a chuirfear isteach

(1)

(2)

(3)

Alt 26 (1)

€1,520

€5,000

Alt 26 (2)

€950

€5,000

Alt 26 (2A)

€950

€5,000

Alt 26 (3)

€950

€5,000

Alt 26 (3A)

€1,265

€5,000

Alt 26 (3AA)

€1,265

€5,000

Alt 26 (3B)

€1,520

€5,000

Alt 28

€950

€5,000

Leasuithe ilghnéitheacha a bhaineann leis an míniú ar dhuine inchánach a leasú.

109 .— Le héifeacht ón 1 Iúil 2008 i ngach foráil den Phríomh-Acht a shonraítear sa chéad cholún de Sceideal 4 déantar na focail atá leagtha amach ag an iontráil sa tríú colún den Sceideal sin a chur isteach in ionad na bhfocal atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal sin ag an iontráil chomhréire (gach áit a bhfuil na focail sin san fhoráil lena mbaineann).

CUID 4

Dleachtanna stampa

Léiriú (Cuid 4).

110 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “ Príomh-Acht ” an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999.

Ionstraimí a stampáil go leictreonach.

111 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 1—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “dísle”:

“ciallaíonn ‘ tuairisceán leictreonach ’ tuairisceán a cheanglaítear a thabhairt do na Coimisinéirí tríd an gcóras ríomhstampála;

ciallaíonn ‘córas ríomhstampála’ an córas leictreonach arna bhunú ag na Coimisinéirí trínar féidir tuairisceáin leictreonacha a thabhairt do na Coimisinéirí agus trínar féidir leis na Coimisinéirí deimhnithe stampa a eisiúint;”,

(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c) den mhíniú ar “stampa”:

“(b) aon admháil i cibé foirm arna heisiúint ag na Coimisinéirí nó faoina stiúradh,

(c) stampa greamaitheach arna eisiúint ag na Coimisinéirí nó faoina stiúradh, nó

(d) deimhniú stampa,”,

agus

(iii) trí na mínithe seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “stampáilte”:

“ciallaíonn ‘deimhniú stampa’ deimhniú arna eisiúint ag na Coimisinéirí tríd an gcóras ríomhstampála;

tá feidhm ag an mbriathar ‘stampáil’, i ndáil le hionstraim agus le hábhar, maidir le hionstraim a bhfuil deimhniú stampa arna eisiúint i leith na hionstraime ag gabháil léi chomh maith le hionstraim agus ábhar a bhfuil stampa múnlaithe uirthi nó air ar mhodh dísle agus ionstraim agus ábhar a bhfuil stampa greamaitheach greamaithe di nó de;”,

(b) in alt 4 trí “is le stampaí múnlaithe nó tríd an deimhniú stampa arna eisiúint i leith na hionstraime sin a chur ag gabháil leis an ionstraim a bheidh sí le taispeáint” a chur in ionad “is le stampa múnlaithe agus mar sin amháin a bheidh sí le taispeáint”,

(c) in alt 8(2) trí “a fhorordú ó am go ham; ach i gcás ina bhfuil an ionstraim stampáilte tríd an gcóras ríomhstampála agus faoi réir na Coimisinéirí do dhéanamh rialacháin faoi alt 17A i ndáil leis an tráth a cheanglaítear ráiteas a sheachadadh orthu, ansin ní cheanglaítear an ráiteas sin a sheachadadh ach sin sa chás amháin go ndéantar an fhianaise i ndáil leis na fíorais agus na himthosca go léir, a fhearann ar inmhuirearaitheacht na hionstraime i leith dleachta, a choimeád go ceann tréimhse 4 bliana ón dáta a dhéantar an ionstraim a stampáil agus a chur ar fáil do na Coimisinéirí ar sin a iarraidh” a chur in ionad “a fhorordú ó am go ham”,

(d) in alt 12 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i gcás ina ndéantar an t-aistriú nó an léas lena mbaineann le hionstraim atá stampáilte tríd an gcóras ríomhstampála.”,

(e) in alt 14(4) trí “le stampa ar leith nó trína chur ar áireamh in aon deimhniú stampa arna eisiúint maidir leis an ionstraim sin” a chur in ionad “le stampa ar leith”,

(f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 17:

“Rialacháin ríomhstampála.

17A.— Féadfaidh na Coimisinéirí rialacháin a dhéanamh maidir le hoibriú an chórais ríomhstampála agus féadfaidh foráil a bheith sna rialacháin sin go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) tosach oibriú an chórais ríomhstampála,

(b) a cheangal go ndéanfar ionstraimí, nó aicme shonraithe nó aicmí sonraithe ionstraimí, is inmhuirearaithe le dleacht stampa, a stampáil tríd an gcóras ríomhstampála,

(c) a cheangal go seachadfar faisnéis agus an modh ina seachadfar í i ndáil leis na fíorais agus na himthosca a fhearann ar inmhuirearaitheacht ionstraime i leith dleachta,

(d) tuairisceán leictreonach a thabhairt agus an fhaisnéis a cheanglaítear a bheith ar áireamh sa tuairisceán, lena n-áirítear an modh ina ndéanfar an fhaisnéis a thaifeadadh thairis sin sa chóras ríomhstampála,

(e) an tslí ina n-íocfar dleacht stampa leis na Coimisinéirí i leith ionstraime atá le stampáil tríd an gcóras ríomhstampála,

(f) eisiúint deimhnithe stampa lena dtaispeántar, maidir le hionstraim—

(i) gur íocadh an dleacht stampa is inmhuirearaithe ar an ionstraim (lena n-áirítear aon phionós) de réir an tuairisceáin leictreonaigh,

(ii) gur stampáladh an ionstraim go cuí,

(iii) nach bhfuil aon dleacht stampa inmhuirearaithe ar an ionstraim,

(iv) gur dúblach nó contrapháirt ionstraime bunaidh í an ionstraim, nó

(v) go mbraitheann an dleacht stampa is inmhuirearaithe ar an ionstraim, ar aon slí, ar an dleacht a íoctar ar ionstraim eile,

(g) údaruithe i ndáil le húsáid an chórais ríomhstampála a eisiúint, a leasú nó a tharraingt siar, agus

(h) bearta chun sláine an chórais ríomhstampála a chosaint.”,

agus

(g) in alt 20—

(i) i bhfo-alt (2) trí “arna stampáil agus nár iarr aon duine ar na Coimisinéirí a dtuairim maidir le hinmhuirearaitheacht na hionstraime i leith dleachta a chur in iúl” a chur in ionad “arna seachadadh ar na Coimisinéirí chun go ndéanfar measúnacht dleachta uirthi nó stampaí a mhúnlú uirthi”,

(ii) i bhfo-alt (4) trí “le stampa ar leith, nó le deimhniú stampa arna eisiúint i leith na hionstraime,” a chur in ionad “le stampa ar leith”,

(iii) i bhfo-alt (5) trí “le stampa ar leith, nó le deimhniú stampa arna eisiúint i leith na hionstraime,” a chur in ionad “le stampa ar leith”, agus

(iv) i bhfo-alt (6) trí “stampáilte de réir fho-alt (4) nó (5)” a chur in ionad “stampáilte leis an stampa ar leith á thaispeáint nach bhfuil aon dleacht inmhuirearaithe uirthi, nó go bhfuil sí stampáilte go cuí”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Leasú ar alt 5 (comhaontú maidir le dleacht stampa a íoc ar ionstraimí) den Phríomh-Acht.

112 .— Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Beidh feidhm ag alt 126B (a chuirtear isteach leis an Acht Airgeadais 2008), fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le cuntas a bhaineann le tréimhse shonraithe de réir bhrí an ailt seo mar atá feidhm aige maidir le ráiteas de réir bhrí an ailt sin.”.

Leasú ar alt 45A (idirbhearta a chomhiomlánú) den Phríomh-Acht.

113 .— (1) Leasaítear alt 45A den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3) trí “ar cóimhéid le luach an tí cónaithe.” a chur in ionad “, nó ab inchurtha amhlaidh dá measfaí gur mhaoin chónaithe inneachar maoine cónaithe, ar cóimhéid le luach an tí cónaithe agus a inneachair.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 5 Samhain 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 75 (faoiseamh d’idirghabhálaithe) den Phríomh-Acht.

114 .— (1) Leasaítear alt 75 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “gnó eisiata”:

“tá le ‘údarás inniúil’ an bhrí a shanntar dó leis an Treoir;

ciallaíonn ‘Treoir’ Treoir 2004/39/CE an 21 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, arna leasú ó am go ham;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Chun críocha fho-alt (2), measfar aistriú urrús a bheith déanta ar mhalartán nó ar mhargadh, i gcás ina dtugann an t-aistriú urrús éifeacht d’idirbheart a gceanglaíonn údarás inniúil, de réir na Treorach, é a thuairisciú go díreach nó go neamhdhíreach don údarás inniúil agus a thuairiscítear amhlaidh de réir an cheanglais sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 1 Samhain 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 79 (maoin a thíolacadh agus a aistriú idir comhlachtaí corpraithe áirithe) den Phríomh-Acht.

115 .— (1) Leasaítear alt 79 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le hionstraim lena ndéantar stoic nó urrúis inmhargaidh a thíolacadh nó a aistriú (dá ngairtear ‘an dara haistriú’ san fho-alt seo) go feadh mhéid na comaoine i leith an díola is inchurtha i leith dhíol na stoc nó na n-urrús inmhargaidh atá á dtíolacadh nó á n-aistriú agus a tíolacadh nó a aistríodh díreach roimh an dara haistriú le hionstraim nó le hionstraimí, de réir mar a bheidh, lenar bhain alt 75, arna chur isteach leis an Acht Airgeadais 2007.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

Leasú ar alt 80 (cuideachtaí a athchóiriú nó a chónascadh) den Phríomh-Acht.

116 .— Leasaítear alt 80 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn ‘ cuideachta fála ’, faoi réir mhír (b), cuideachta faoi dhliteanas teoranta;

folaíonn ‘ scaireanna ’ stoc agus folaíonn tagairtí do ghnóthas sprioc-chuideachta tagairtí do chuid de ghnóthas sprioc-chuideachta.

(b) Maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar an 1 Meitheamh 2005 nó dá éis, forléireofar tagairtí do ‘cuideachta fála’, ‘sprioc-chuideachta’ agus ‘cuideachta’ mar thagairtí a fholaíonn tagairt do chumann arna chlárú faoin Industrial and Provident Societies Act 1893.”.

Leasú ar alt 83A (láithreán a aistriú chuig leanbh) den Phríomh-Acht.

117 .— (1) Leasaítear alt 83A den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3)(b) trí “€500,000” a chur in ionad “€254,000” gach áit a bhfuil sé.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 5 Nollaig 2007 nó dá éis.

Leasú ar alt 85 (caipiteal iasachta áirithe agus urrúis áirithe) den Phríomh-Acht.

118 .— (1) Leasaítear alt 85 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2)—

(a) trí mhír (b)(iii) a scriosadh, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (v) de mhír (b):

“(v) nach ngabhann ceart chun suime leis i leith aisíoca nó úis a bhaineann le gluaiseachtaí áirithe in innéacs nó in innéacsanna (a bhunaítear go hiomlán nó go páirteach agus go díreach nó go neamhdhíreach ar stoic nó ar urrúis inmhargaidh) a shonraítear in aon ionstraim nó in aon doiciméad eile a bhaineann leis an gcaipiteal iasachta,”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haistrithe caipitil iasachta arna ndéanamh ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Gnóthais infheistíochta áirithe a athchóiriú nó a chónascadh.

119 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 88C:

“88D.— (1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar ionstraim arna déanamh chun críocha scéime, nó i dtaca le scéim, chun gnóthas infheistíochta lena mbaineann fo-ailt (1), (1A) agus (1B) (a chuirtear isteach leis an Acht Airgeadais 2008) agus (2) d’alt 739H den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 a athchóiriú nó a chónascadh.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le hionstraim arna déanamh chun críocha scéime, nó i dtaca le scéim, chun comhchiste conarthach de réir bhrí alt 739I(1)(a)(ii) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 a athchóiriú nó a chónascadh.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa.

120 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 90:

“90A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘ Treoir ’ Treoir 2003/87/CE an 13 Deireadh Fómhair 2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE an 24 Meán Fómhair 1996 ón gComhairle 24 ;

ciallaíonn ‘ lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa ’—

(a) lamháltas, cead, ceadúnas nó ceart chun méid sonraithe dé-ocsaíde carbóin nó aon gháis ceaptha teasa eile, mar a mhínítear sa Treoir, a astú le linn tréimhse sonraithe, i gcás ina n-eisíonn Stát nó foras idir-rialtasach nó osnáisiúnta an lamháltas, an cead, an ceadúnas nó an ceart sin de bhun scéime—

(i) lena bhforchuirtear teorainneacha ar astú gás ceaptha teasa den sórt sin, agus

(ii) lena gceadaítear lamháltais, ceadanna, ceadúnais nó cearta den sórt sin a aistriú ar luach, nó

(b) aon cheart is inchurtha go díreach i leith aon ní i mír (a).

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe faoi réim nó faoi threoir aon cheannteidil i Sceideal 1 ar ionstraim chun lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhíol, a aistriú nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(3) I gcás ina mbeidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar ionstraim faoi réim nó faoi threoir aon cheannteidil i Sceideal 1 agus inar lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa cuid den mhaoin lena mbaineann—

(a) déanfar an chomaoin a mbeadh dleacht stampa inmhuirearaithe ina leith murach sin a chionroinnt, ar cibé bonn is cóir agus is réasúnach, amhail idir an chuid den mhaoin arb éard í lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa agus an chuid nach ea, agus

(b) ní bheidh an ionstraim inmhuirearaithe ach amháin i leith na comaoine is inchurtha i leith na coda sin den mhaoin nach lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa.

(4) Chun críocha an ráitis dá bhforáiltear i míreanna 7 go 14A den cheannteideal ‘TÍOLACAS nó AISTRIÚ ar dhíol aon mhaoine seachas stoic nó urrúis inmhargaidh nó polasaí árachais nó polasaí árachais saoil’ déanfar neamhshuim de mhéid nó luach na comaoine is inchurtha i leith lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forléireofar dá réir sin aon ráiteas dá dtagraítear sna míreanna sin.

(5) I gcás inar lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa cuid den mhaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d’alt 45, beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin amhail is dá ndéanfaí na focail ‘ar cibé modh is cóir agus is réasúnach’ a chur in ionad ‘ar cibé modh, is cuí leis na páirtithe’.

(6) I gcás inar lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa cuid den mhaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (3) d’alt 45 agus ina bhfuil baint ag an mbeirt duine iomchuí nó, de réir mar a bheidh, ag na daoine iomchuí go léir, lena chéile, beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin amhail is dá ndéanfaí na focail ‘déanfar an chomaoin a chionroinnt ar cibé modh is cóir agus is réasúnach, ionas go mbeidh comaoin ar leith leagtha amach i leith gach coda nó dáileachta ar leithligh sa tíolacas a bhaineann leis an gcuid nó leis an dáileacht ar leithligh sin, agus muirearófar dleacht ad valorem ar an tíolacas sin i leith na comaoine ar leith sin’ a chur in ionad ‘ar chodanna ar leith den chomaoin, ansin muirearófar dleacht ad valorem ar an tíolacas sin i leith gach coda nó dáileachta ar leithligh i leith na coda ar leith sin den chomaoin a bheidh sonraithe sa tíolacas’.

(7) Chun críocha fho-alt (6), is duine iomchuí duine más duine é nó í an duine sin a dhéanann conradh chun an mhaoin a cheannach, nó a ndéantar conradh chun an mhaoin a cheannach thar a cheann nó thar a ceann, agus déanfar an cheist i dtaobh baint a bheith ag daoine le chéile a fhorléiriú de réir alt 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 agus amhail is dá ndéanfaí tagairt don Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 a chur in ionad na tagartha do na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil sa mhíniú ar ‘gaol’ san alt sin.

(8) I gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (5) nó (6), agus ina ndéantar an chomaoin a chionroinnt ar mhodh nach bhfuil cóir agus réasúnach, beidh an tíolacas a bhaineann leis an gcuid nó leis an dáileacht ar leithligh den mhaoin inmhuirearaithe i leith dleachta ad valorem amhail is dá ndéanfaí luach na coda nó na dáileachta ar leithligh den mhaoin a chur in ionad na comaoine ar leith atá leagtha amach sa tíolacas sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 5 Nollaig 2007 nó dá éis.

Údaráis tithíochta agus an Chomhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe.

121 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 106A:

“106B.— Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim lena dtugtar éifeacht do thíolacadh, aistriú nó léasú tí, foirgnimh nó talún—

(a) ag údarás tithíochta nó chuig údarás tithíochta i dtaca le haon cheann dá chuid feidhmeanna faoi na hAchtanna Tithíochta 1966 go 2004, nó

(b) ag an gComhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe, nó chuig an gComhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe, a bunaíodh faoi airteagal 4(1) den Ordú fán gComhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe (Bunú) 2005 (I.R. Uimh. 383 de 2005) i dtaca leis na seirbhísí a shonraítear in airteagal 4(2) den ordú sin, arna leasú leis an Ordú um an Ordú fán gComhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe (Bunú) 2005 (Leasú) 2007 (I.R. Uimh. 293 de 2007).”.

(2) Aisghairtear alt 8 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992.

(3) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Faoisimh d’úinéirí-áititheoirí: leasú ar Chaibidil 2 (ionstraimí eile) de Chuid 7 den Phríomh-Acht.

122 .— (1) Leasaítear Caibidil 2 de Chuid 7 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 91 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D’ainneoin fho-alt (2)(b), ní bheidh feidhm ag fo-alt (2)(c) maidir le hionstraim lenar bhain fo-alt (1) sa mhéid go bhfaightear aon chíos nó íocaíocht ar mhodh cíosa le haghaidh úsáid an tí cónaithe nó an árasáin nó le haghaidh úsáid aon chuid den teach cónaithe nó den árasán—

(a) an 5 Nollaig 2007 nó dá éis, agus

(b) tar éis deireadh tréimhse 2 bhliain dar tosach dáta forghníomhaithe na hionstraime lena mbaineann.”,

(b) in alt 91A—

(i) i bhfo-alt (4)(b) trí “2 bhliain” a chur in ionad “5 bliana”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) D’ainneoin fho-alt (4), ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) maidir le hionstraim, ar ionstraim í a forghníomhaíodh roimh an 5 Nollaig 2007, lenar bhain fo-alt (3) sa mhéid go bhfaightear aon chíos nó íocaíocht ar mhodh cíosa le haghaidh úsáid an tí chónaithe nó an árasáin nó le haghaidh úsáid aon chuid den teach cónaithe nó den árasán—

(a) an 5 Nollaig 2007 nó dá éis, agus

(b) tar éis deireadh tréimhse 2 bhliain dar tosach dáta forghníomhaithe na hionstraime lena mbaineann.”,

(c) in alt 92—

(i) i bhfo-alt (1)(b)(ii) trí “2 bhliain” a chur in ionad “5 bliana”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D’ainneoin fho-alt (1)(b), ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le hionstraim, ar ionstraim í a forghníomhaíodh roimh an 5 Nollaig 2007, lenar bhain fo-alt (1)(a) sa mhéid go bhfaightear aon chíos nó íocaíocht ar mhodh cíosa le haghaidh úsáid an tí chónaithe nó an árasáin nó le haghaidh úsáid aon chuid den teach cónaithe nó den árasán—

(a) an 5 Nollaig 2007 nó dá éis, agus

(b) tar éis deireadh tréimhse 2 bhliain dar tosach dáta forghníomhaithe na hionstraime lena mbaineann.”,

agus

(d) in alt 92B—

(i) i bhfo-alt (1)—

(I) trí “San alt seo—” a chur in ionad “San alt seo”,

(II) sa mhíniú ar “ceannaitheoir céaduaire”—

(A) trí “, i ndáil le ceannaitheoir,” a chur isteach i ndiaidh “ciallaíonn ‘ceannaitheoir céaduaire’”, agus

(B) trí “nó dá éis;” a chur in ionad “nó dá éis.” san áit dheireanach a bhfuil sé,

agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ceannaitheoir céaduaire”:

“ciallaíonn ‘ceannaitheoir’ pearsa aonair a cheannaíonn teach cónaithe nó árasán nó leas i dteach cónaithe nó in árasán, i gcás ina bhfaightear an chomaoin i leith an cheannaigh, a cheanglaítear ar an bpearsa aonair a íoc, ó acmhainn na pearsan aonair féin, arb éard í, nó ar cuid di, comaoin a fhaightear—

(a) ó bhronntanas neamhchoinníollach, nó

(b) ó iasacht bona fide arna fianú i scríbhinn,

a tugadh don phearsa aonair chun críocha an cheannaigh lena mbaineann.”,

(ii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Chun críocha an mhínithe ar ‘ceannaitheoir’—

(a) measfar nach bronntanas neamhchoinníollach bronntanas más rud é, maidir le deontóir an bhronntanais lena mbaineann—

(i) nach páirtí é nó í san ionstraim lena dtugtar éifeacht do cheannach an tí chónaithe nó an árasáin nó an leasa sa teach cónaithe nó san árasán, agus

(ii) (I) go mbeartaíonn sé nó sí, nó go ndéanann sé nó sí, an teach cónaithe nó an t-árasán a áitiú leis an gceannaitheoir mar aon-áit nó mar phríomháit chónaithe ag gach duine díobh, nó

(II) mar chuid de chomhthuiscint nó de chomhaontú gur féidir leis nó léi a chur faoi deara—

(A) an teach cónaithe nó an t-árasán nó an leas sa teach cónaithe nó san árasán, nó

(B) cuid den teach cónaithe nó den árasán nó cuid den leas sa teach cónaithe nó san árasán,

a aistriú chun an deontóra sin tráth éigin tar éis dháta forghníomhaithe na hionstraime lena mbaineann,

agus

(b) i gcás maidir le cuid den chomaoin nó léi go léir, a gceanglaítear leis an alt seo go n-íocfaidh an ceannaitheoir í chun an teach cónaithe nó an t-árasán nó an leas sa teach cónaithe nó san árasán a cheannach, gur ó iasacht a fhaightear í agus i gcás maidir leis an bpearsa aonair atá ag tabhairt na hiasachta—

(i) nach páirtí é nó í san ionstraim lena dtugtar éifeacht do cheannach an tí chónaithe nó an árasáin nó an leasa sa teach cónaithe nó san árasán, agus

(ii) (I) go bhfuil ar intinn aige nó aici an teach cónaithe nó an t-árasán a áitiú leis an gceannaitheoir mar aon-áit nó mar phríomháit chónaithe ag gach duine díobh, nó

(II) mar chuid de thuiscint nó de chomhaontú gur féidir leis nó léi a chur faoi deara—

(A) an teach cónaithe nó an t-árasán nó an leas sa teach cónaithe nó san árasán, nó

(B) cuid den teach cónaithe nó den árasán nó cuid den leas sa teach cónaithe nó san árasán,

a aistriú chun na pearsan aonair a thug an iasacht tráth éigin tar éis dháta forghníomhaithe na hionstraime lena mbaineann,

ansin ní mheasfar iasacht den sórt sin a bheith ina hiasacht bona fide.

(1B) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1A) maidir le ceannaitheoir, i gcás gur tuismitheoir de chuid an cheannaitheora deontóir an bhronntanais nó an phearsa aonair atá ag tabhairt na hiasachta.”,

(iii) i bhfo-alt (2), trí “míreanna (2) go (4)” a chur in ionad “míreanna (2) go (6A)” agus “clásail (ii) go (iv)” a chur in ionad “clásail (ii) go (vii)”,

(iv) i bhfo-alt (3)(b)(ii), trí “2 bhliain” a chur in ionad “5 bliana”, agus

(v) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) D’ainneoin fho-alt (3), ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) maidir le hionstraim, is ionstraim a forghníomhaíodh roimh an 5 Nollaig 2007, lenar bhain fo-alt (2) a mhéid go bhfaightear aon chíos nó íocaíocht ar mhodh cíosa le haghaidh úsáid an tí cónaithe nó an árasáin nó aon chuid den teach cónaithe nó den árasán—

(a) an 5 Nollaig 2007 nó dá éis, agus

(b) tar éis tréimhse 2 bhliain dar tosach dáta forghníomhaithe na hionstraime lena mbaineann a bheith caite.”.

(2) (a) Measfar feidhm a bheith ag míreanna (a), (b)(ii), (c)(ii) agus (d)(v) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 5 Nollaig 2007.

(b) Tá feidhm ag míreanna (b)(i), (c)(i) agus (d)(iv) d’fho-alt (1) maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 5 Nollaig 2007 nó dá éis.

(c) Tá feidhm ag fomhíreanna (i) agus (ii) d’fho-alt (1)(d) maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

(d) Tá feidhm ag mír (d)(iii) d’fho-alt (1) maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 5 Samhain 2007 nó dá éis.

Leasú ar Chuid 9 (tobhaigh) den Phríomh-Acht

123 .— (1) Leasaítear Cuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 123B—

(i) i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “cárta airgid”:

“ciallaíonn ‘bliain inmhuirearaithe’ an bhliain 2008 agus gach bliain ina dhiaidh sin;”,

(ii) i bhfo-alt (4)—

(I) i míreanna (a) agus (b) trí “€5” a chur in ionad “€10”, agus

(II) i mír (c) trí “€10” a chur in ionad “€20”, agus

(iii) i bhfo-alt (5) trí na focail “, lúide aon réamhdhleacht a mhuirearaítear ar ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh de réir alt 123C i leith na tréimhse inmhuirearaithe céanna,” a chur isteach roimh na focail “íocfaidh an tionscnóir í”,

(b) in alt 124—

(i) i bhfo-alt (1)(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “banc”:

“ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe’ an tréimhse 12 mhí dar críoch 1 Aibreán 2009, agus gach tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin;”,

(ii) i bhfo-alt (1)(c) trí “€30” a chur in ionad “€40”,

(iii) i bhfo-alt (2)—

(I) i mír (a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “sealbhóir cuntais”:

“ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe’ an tréimhse 12 mhí dar críoch an 1 Aibreán 2009 agus gach tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin;”,

agus

(II) i mír (c) trí “€30” a chur in ionad “€40”,

(iv) i bhfo-alt (4) i míreanna (a) agus (b) trí “, lúide aon réamhdhleacht a mhuirearaítear ar ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh de réir alt 124A i leith na tréimhse inmhuirearaithe céanna,” a chur isteach roimh “a íoc”,

(v) i bhfo-alt (5)(b) trí “a cheanglaítear a íoc de réir an ailt seo” a chur in ionad “is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin ar an ráiteas sin a sheachadadh”, agus

(vi) i bhfo-alt (7) trí “, i ndeireadh na tréimhse iomchuí nó an tráth a dhúntar an cuntas a choimeádann an banc nó an tionscnóir in ainm an tsealbhóra cuntais i gcás ina dtarlaíonn sé sin le linn na tréimhse iomchuí,” a chur isteach roimh “agus féadfaidh an banc”,

(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 123B:

Réamhdhleacht: airgead tirim, comhchártaí agus cártaí dochair.

123C.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘duine cuntasach’ banc nó cumann foirgníochta de réir bhrí alt 123B;

ciallaíonn ‘buntréimhse’ i ndáil le dáta dlite, an bhliain dar críoch dáta díreach roimh an dáta dlite ar ina leith a cheanglaítear ráiteas a sheachadadh ar na Coimisinéirí faoi alt 123B;

ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe’, i ndáil le dáta dlite, an bhliain dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite ar ina leith a cheanglaítear ráiteas a sheachadadh ar na Coimisinéirí faoi alt 123B;

ciallaíonn ‘dáta dlite’—

(a) i leith na bliana 2008, an 15 Nollaig sa bhliain sin, agus

(b) i leith aon bhliana tar éis na bliana 2008, an 15 Nollaig sa bhliain sin;

ciallaíonn ‘réamhdhleacht’, i ndáil le tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis dáta dlite, méid a chinnfear de réir na foirmle—

A x B

i gcás—

gurb é A méid atá comhionann leis an dleacht stampa a mhuirearaítear ar ráiteas sonraithe i leith na buntréimhse dar críoch dáta díreach roimh an dáta dlite, agus

gurb é B 80 faoin gcéad;

ciallaíonn ‘ráiteas sonraithe’ ráiteas de réir bhrí alt 123B.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine cuntasach ar a gceanglaítear ráiteas sonraithe a sheachadadh ar na Coimisinéirí i leith buntréimhse.

(3) Déanfaidh duine cuntasach, sa bhliain 2008 agus gach bliain ina dhiaidh sin, tráth nach déanaí ná an dáta dlite i leith na bliana sin, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí ina dtaispeánfar an dleacht stampa a mhuirearaítear ar an ráiteas sonraithe don duine sin i leith na buntréimhse.

(4) Más rud é tráth ar bith i dtréimhse dar tús dáta tar éis deireadh buntréimhse agus dar críoch dáta díreach roimh an dáta dlite a bhaineann leis an mbuntréimhse—

(a) gur scoir duine cuntasach de ghnó a sheoladh ar ina chúrsa a ceanglaíodh ar an duine ráiteas sonraithe a sheachadadh i leith na buntréimhse, agus

(b) go bhfaigheann duine eile (dá ngairtear ‘an duine is comharba’ san fho-alt seo) iomlán nó mórchuid an ghnó,

ansin seachadfaidh an duine is comharba ráiteas ar an dáta dlite de réir fho-alt (3) ionann is dá mba é an duine is comharba an duine cuntasach.

(5) Muirearófar ar aon ráiteas a sheachadtar de réir fho-alt (3) dleacht stampa atá comhionann le méid na réamhdhleachta.

(6) Maidir leis an dleacht stampa a mhuirearaítear le fo-alt (5) ar ráiteas a dhéanann duine cuntasach a sheachadadh de bhun fho-alt (3), íocfaidh an duine í ar an ráiteas a sheachadadh.

(7) Déanfaidh duine cuntasach cibé sonraí a thabhairt do na Coimisinéirí a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí i ndáil le haon ráiteas a cheanglaítear leis an alt seo ar an duine a sheachadadh.

(8) I gcás go mainneoidh duine cuntasach—

(a) aon ráiteas a sheachadadh a cheanglaítear ar an duine sin a sheachadadh faoi fho-alt (3), nó

(b) an dleacht a mhuirearaítear ar aon ráiteas den sórt sin a íoc,

ar an dáta dlite nó roimhe i leith na bliana lena mbaineann, dlífidh an duine, ón dáta dlite lena mbaineann go dtí an lá a íocfar an dleacht stampa, ús ar an dleacht stampa, arna ríomh de réir alt 159D a íoc mar phionós, i dteannta na dleachta stampa, agus, ina theannta sin, dlífidh sé mar phionós breise ón 15 Nollaig den bhliain ina mbeidh an ráiteas le seachadadh de réir fho-alt (3) suim €380 a íoc in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

(9) Féadfaidh na Coimisinéirí seachadadh aon ráitis, a cheanglaítear le fo-alt (3), a fhorfheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act 1853 ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.

(10) Más rud é—

(a) go ndearna duine cuntasach an réamhdhleacht a muirearaíodh ar ráiteas a íoc go hiomlán nó go páirteach i leith an dáta dlite, agus

(b) gur méid í an dleacht, a mhuirearaítear ar ráiteas sonraithe i leith na tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite, is lú ná an réamhdhleacht a mhuirearaítear i leith an dáta dlite,

ansin déanfar an réamhdhleacht, sa mhéid gur mó í ná an dleacht a mhuirearaítear ar an ráiteas sonraithe lena mbaineann, a aisíoc.

(11) Más rud é tráth ar bith i dtréimhse dar tús dáta díreach tar éis dáta dlite agus dar críoch dáta roimh dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite—

(a) gur scoir an duine (dá ngairtear ‘an duine is réamhtheachtaí’ san fho-alt seo) de bheith ag seoladh gnó ar ina chúrsa a ceanglaíodh ar an duine ráiteas a sheachadadh ar na Coimisinéirí faoin alt seo i leith an dáta dlite,

(b) go ndearna an duine an ráiteas a sheachadadh agus an dleacht stampa a mhuirearaítear ar an ráiteas sin a íoc, agus

(c) go bhfaigheann duine eile (dá ngairtear ‘an duine is comharba’ san fho-alt seo) iomlán nó mórchuid an ghnó,

ansin beidh an duine is comharba i dteideal an dleacht stampa a mhuirearaítear ar an ráiteas arna sheachadadh ag an duine is réamhtheachtaí i leith an dáta dlite sin a asbhaint as an dleacht a mhuirearaítear ar an ráiteas sonraithe i leith na tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite a cheanglaítear ar an duine is comharba a sheachadadh i leith an ghnó a fuarthas.

(12) Ní dhéanfar an dleacht stampa ná aon phionós is iníoctha faoin alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an duine cuntasach a ríomh.”,

agus

(d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 124:

Réamhdhleacht: cártaí creidmheasa agus cártaí muirir.

124A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘duine cuntasach’ banc nó tionscnóir de réir bhrí alt 124;

ciallaíonn ‘buntréimhse’, i ndáil le dáta dlite, an tréimhse 12 mhí dar críoch 1 Aibreán díreach roimh an dáta dlite ar ina leith a cheanglaítear ráiteas a sheachadadh ar na Coimisinéirí faoi alt 124;

ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe’, i ndáil le dáta dlite, an tréimhse 12 mhí dar críoch 1 Aibreán díreach tar éis an dáta dlite, dar tosach an tréimhse 12 mhí dar críoch 1 Aibreán 2009 agus gach tréimhse 12 mhí dá héis ar ina leith a cheanglaítear ráiteas a sheachadadh ar na Coimisinéirí faoi alt 124;

ciallaíonn ‘dáta dlite’—

(a) i leith na tréimhse 12 mhí dar críoch 1 Aibreán 2009, 15 Nollaig 2008, agus

(b) i leith gach tréimhse 12 mhí dá héis, an 15 Nollaig sa bhliain roimhe sin;

ciallaíonn ‘réamhdhleacht’, i ndáil le tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis dáta dlite, méid a chinnfear de réir na foirmle—

A x B

i gcás—

gurb é A méid atá comhionann leis an dleacht stampa a mhuirearaítear ar ráiteas sonraithe i leith na buntréimhse dar críoch dáta díreach roimh an dáta dlite, agus

gurb é B 80 faoin gcéad;

ciallaíonn ‘ráiteas sonraithe’ ráiteas de réir bhrí fho-alt (1) nó, de réir mar a bheidh, fho-alt (2) d’alt 124.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine cuntasach ar a gceanglaítear ráiteas sonraithe a sheachadadh ar na Coimisinéirí i leith buntréimhse.

(3) Déanfaidh duine cuntasach, sa bhliain 2008 agus gach bliain dá héis, tráth nach déanaí ná an dáta dlite i leith na bliana sin, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí ina dtaispeánfar an dleacht stampa a muirearaíodh ar an ráiteas sonraithe don duine sin i leith na buntréimhse.

(4) Más rud é, aon tráth i dtréimhse dar tosach dáta tar éis deireadh buntréimhse agus dar críoch dáta díreach roimh an dáta dlite a bhaineann leis an mbuntréimhse—

(a) gur scoir duine cuntasach de ghnó a sheoladh ar ina chúrsa a ceanglaíodh ar an duine ráiteas sonraithe a sheachadadh i leith na buntréimhse, agus

(b) go bhfaigheann duine eile (dá ngairtear ‘an duine is comharba’ san fho-alt seo) iomlán nó mórchuid an ghnó,

ansin déanfaidh an duine is comharba ráiteas a sheachadadh ar an dáta dlite de réir fho-alt (3) amhail is dá mba é nó í an duine is comharba an duine cuntasach.

(5) Muirearófar ar aon ráiteas arna sheachadadh de réir fho-alt (3) dleacht stampa atá comhionann le méid na réamhdhleachta.

(6) Maidir leis an dleacht stampa a mhuirearaítear le fo-alt (5) ar ráiteas arna sheachadadh ag duine cuntasach de bhun fho-alt (3), is é nó is í an duine a íocfaidh í, ar an ráiteas a sheachadadh.

(7) Tabharfaidh duine cuntasach do na Coimisinéirí cibé sonraí a cheanglóidh na Coimisinéirí i ndáil le haon ráiteas a cheanglaítear leis an alt seo ar an duine a sheachadadh.

(8) I gcás go mainneoidh duine cuntasach—

(a) aon ráiteas a sheachadadh a cheanglaítear faoi fho-alt (3) ar an duine sin a sheachadadh, nó

(b) an dleacht a mhuirearaítear ar aon ráiteas den sórt sin a íoc,

ar an dáta dlite nó roimhe i leith na bliana lena mbaineann, dlífidh an duine, ón dáta dlite lena mbaineann go dtí an lá a íoctar an dleacht stampa, ús ar an dleacht stampa arna ríomh de réir alt 159D a íoc, mar phionós, i dteannta na dleachta stampa agus ina theannta sin ón 15 Nollaig den bhliain ina bhfuil an ráiteas le seachadadh de réir fho-alt (3), mar phionós breise, suim €380 a íoc in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

(9) Féadfaidh na Coimisinéirí seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (3) a fhorfheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act 1853 ar gach slí amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.

(10) Más rud é—

(a) go bhfuil an réamhdhleacht a muirearaíodh ar ráiteas íoctha go hiomlán nó go páirteach ag duine cuntasach i leith dáta dlite, agus

(b) gur méid is lú ná an réamhdhleacht a mhuirearaítear i leith an dáta dlite an dleacht a muirearaíodh ar ráiteas sonraithe i leith na tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite,

ansin déanfar an réamhdhleacht atá íoctha, a mhéid gur mó é ná an dleacht a muirearaíodh ar an ráiteas sonraithe lena mbaineann, a aisíoc.

(11) Más rud é, aon tráth i dtréimhse dar tús dáta tar éis dáta dlite agus dar críoch dáta roimh dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite—

(a) gur scoir an duine (dá ngairtear an ‘duine is réamhtheachtaí’ san fho-alt seo) de ghnó a sheoladh ar ina chúrsa a ceanglaíodh ar an duine ráiteas faoin alt seo i leith an dáta dlite a sheachadadh ar na Coimisinéirí,

(b) gur sheachaid an duine an ráiteas agus gur íoc sé nó sí an dleacht stampa a muirearaíodh ar an ráiteas sin, agus

(c) go bhfaigheann duine eile (dá ngairtear an ‘duine is comharba’ san fho-alt seo) iomlán nó mórchuid an ghnó,

ansin beidh an duine is comharba i dteideal an dleacht stampa a muirearaíodh ar an ráiteas a sheachaid an duine is réamhtheachtaí i leith an dáta dlite sin a asbhaint as an dleacht a muirearaíodh ar an ráiteas sonraithe i leith na tréimhse inmhuirearaithe dar críoch dáta díreach tar éis an dáta dlite a cheanglaítear ar an duine is comharba a sheachadadh i leith an ghnó atá faighte.

(12) Maidir leis an dleacht stampa agus aon phionós is iníoctha faoin alt seo ní lamhálfar iad mar asbhaint chun aon cháin nó aon dleacht is iníoctha ag an duine cuntasach a ríomh is cáin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí.”.

(2) (a) Beidh éifeacht le fomhíreanna (i) agus (iii) d’fho-alt (1)(a) maidir le haon ráiteas atá le seachadadh ag banc nó cumann foirgníochta tar éis an 31 Nollaig 2008.

(b) Beidh éifeacht le fo-alt (1)(a)(ii) maidir le haon ráiteas atá le seachadadh ag banc nó cumann foirgníochta tar éis an 31 Nollaig 2007.

(c) Beidh éifeacht le fomhíreanna (i), (iii)(I), (iv), (v) agus (vi) d’fho-alt (1)(b) maidir le haon ráiteas atá le seachadadh ag banc nó tionscnóir tar éis an 1 Aibreán 2009.

(d) Beidh éifeacht le fomhíreanna (ii) agus (iii)(II) d’fho-alt (1)(b) maidir le haon ráiteas atá le seachadadh ag banc nó tionscnóir tar éis an 1 Aibreán 2008.

Dleacht a mhuirearaítear ar ráitis a mheasúnú.

124 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 126A:

“126B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘duine iomchuí’—

(a) banc nó cumann foirgníochta de réir bhrí alt 123, 123A nó 123B,

(b) duine cuntasach de réir bhrí alt 123C (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2008) nó 124A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2008),

(c) banc nó tionscnóir de réir bhrí alt 124, nó

(d) árachóir de réir bhrí alt 125;

tá le ‘Coimisinéirí Achomhairc’ an bhrí a shanntar dó le halt 850 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997;

ciallaíonn ‘alt sonraithe’ alt 123, 123A, 123B, 123C, 124, 124A nó 125.

(2) Más rud é, tráth ar bith, gur dealraitheach do na Coimisinéirí, maidir le duine iomchuí—

(a) gur mhainnigh sé nó sí ráiteas a sheachadadh, nó

(b) nár sheachaid sé nó sí ráiteas iomlán cuí,

a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt sonraithe, féadfaidh na Coimisinéirí measúnacht a dhéanamh ar an duine iomchuí faoin méid, de réir mar is fearr a mheasann siad, arb é an méid dleachta stampa é a mhuirearófaí ar an ráiteas dá mba rud é go ndearnadh é a sheachadadh agus go raibh sé iomlán cuí.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí fógra i scríbhinn faoi mheasúnacht dleachta stampa a sheirbheáil ar aon duine iomchuí.

(4) Faoi réir fho-alt (5), i gcás ina ndéantar measúnacht ar dhuine iomchuí faoi fho-alt (2), dlífear ar an duine iomchuí—

(a) i gcás gur mhainnigh an duine iomchuí ráiteas a sheachadadh, an dleacht stampa arna measúnú, agus aon phionós i ndáil leis an dleacht, a íoc amhail is dá mba rud é gur muirearaíodh an dleacht ar an ráiteas, ach amháin, ar an ráiteas a sheachadadh orthu, go ndéanfaidh na Coimisinéirí measúnacht eile a bheidh le cur in ionad na measúnachta sin, nó

(b) i gcás nach ndearna an duine iomchuí ráiteas iomlán cuí a sheachadadh, an dleacht stampa arna measúnú, agus aon phionós a bhaineann leis an dleacht, a íoc amhail is gur muirearaíodh an dleacht ar an ráiteas,

agus measfar gur fiach atá dlite den duine iomchuí don Aire chun sochair don Phríomh-Chiste an dleacht agus an pionós sin agus beidh siad iníoctha leis na Coimisinéirí agus féadfar agairt ina leith agus iad a ghnóthú trí chaingean amhail is dá mba fhiach de bhua alt 2(4) iad.

(5) Féadfaidh duine iomchuí atá míshásta le measúnacht de chuid na gCoimisinéirí arna déanamh ar an duine faoi fho-alt (2), ar an dleacht a íoc i gcomhréir leis an measúnacht, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc i gcoinne na measúnachta trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí laistigh de 30 lá ó dháta na measúnachta, agus déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc mura rud é go gceanglaítear an t-achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó mura rud é go gceanglaítear cás a shonrú i ndáil leis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí.

(6) Faoi réir an ailt seo, beidh feidhm ag Caibidil 1 de Chuid 40 (Achomhairc) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, fara aon mhodhnuithe is gá, mar atá feidhm aici chun críche cánach ioncaim.

(7) Más dealraitheach aon tráth measúnacht a bheith mícheart ar aon chúis déanfaidh na Coimisinéirí cibé measúnacht eile is cuí leo, ar measúnacht í a chuirfear in ionad na measúnachta céadluaite.

(8) Más dealraitheach aon tráth gur ghearrmheasúnacht a bhí sa mheasúnacht ar aon chúis, déanfaidh na Coimisinéirí cibé measúnacht bhreise is cuí leo.

(9) I gcás go dtiocfaidh measúnacht dá dtagraítear san fho-alt seo chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte, beidh an fheidhm chéanna leis an measúnacht agus an éifeacht chéanna aige a bheadh dá mba mheasúnacht í nár tugadh aon fhógra achomhairc ina leith, agus beidh feidhm ag fo-alt (4) dá réir sin.

(10) I gcás go mbeidh ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt sonraithe arna sheachadadh ar na Coimisinéirí, beidh an dleacht stampa arna muirearú ar an ráiteas, agus aon phionós i ndáil leis an dleacht, inghnóthaithe ar an modh céanna ar a bhfuil an dleacht ar ionstraim dá dtagraítear in alt 2(4) inghnóthaithe.”.

Leasú ar Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

125 .— (1) Leasaítear Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) sa Cheannteideal “BILLE MALAIRTE” trí “€0.30” a chur in ionad “€0.15”,

(b) trí na míreanna atá leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 5 a chur in ionad mhíreanna (1) go (6A) sa Cheannteideal “TÍOLACAS nó AISTRIÚ ar dhíol aon mhaoine seachas stoic nó urrúis inmhargaidh nó polasaí árachais nó polasaí árachais saoil”,

(c) i mír (1) den Cheannteideal “LÉAS” trí “€30,000” a chur in ionad “€19,050”, agus

(d) tríd an bhfomhír atá leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 5 a chur in ionad fhomhír (a) de mhír (3) den Cheannteideal “LÉAS”.

(2) (a) Tá feidhm ag fo-alt (1)(a) maidir le billí malairte arna dtarraingt an 6 Nollaig 2007 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag míreanna (b) agus (d) d’fho-alt (1) maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 5 Samhain 2007 nó dá éis.

(c) Tá feidhm ag fo-alt (1)(c) maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil

Léiriú (Cuid 5).

126 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “ Príomh-Acht ” an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.

Leasú ar alt 57 (ró-íoc cánach) den Phríomh-Acht.

127 .— (1) Leasaítear alt 57 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3) trí “an dáta luachála nó an dáta a íoctar an cháin lena mbaineann (i gcás gur íocadh an cháin sin laistigh de 4 mhí tar éis an dáta luachála)” a chur in ionad “an dáta is déanaí den dáta luachála nó den dáta a íoctar an cháin lena mbaineann”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le héilimh ar aisíoc cánach arna ndéanamh an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

Leasú ar alt 62 (deimhniú a bhaineann le clárú teidil bunaithe ar sheilbh) den Phríomh-Acht.

128 .— (1) Leasaítear alt 62 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Acht 1964”:

“ciallaíonn ‘ Acht 1964 ’ an tAcht um Chlárú Teidil 1964, arna leasú leis an Acht um Chlárú Gníomhas agus Teidil 2006;”,

(ii) tríd an míniú ar “an Cláraitheoir” a scriosadh,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Acht 1964”:

“ciallaíonn ‘ Údarás ’ an tÚdarás Clárúcháin Maoine arna bhunú le halt 9 den Acht um Chlárú Gníomhas agus Teidil 2006;”, agus

(iv) trí “ag an Údarás” a chur in ionad “ag an gCláraitheoir” i mír (a) den mhíniú ar “tréimhse iomchuí”,

agus

(b) i bhfo-ailt (2), (3) agus (7) tríd an leagan cuí gramadaí den fhocal “Údarás” a chur in ionad an leagain chomhréirigh den fhocal “Cláraitheoir” gach áit a bhfuil sé.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hiarratais chun maoin a chlárú arna ndéanamh an 4 Samhain 2006 nó dá éis.

Leasú ar alt 106 (socruithe maidir le faoiseamh ó chánachas dúbailte) den Phríomh-Acht.

129 .— (1) Leasaítear alt 106 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “agus gur fóirsteanach go mbeadh feidhm dlí ag na socruithe sin, beidh feidhm dlí, d’ainneoin aon ní in aon achtachán, ag na socruithe.”:

“agus gur fóirsteanach go mbeadh feidhm dlí ag na socruithe sin agus go ndéantar tagairt don ordú arna dhéanamh amhlaidh sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, beidh feidhm dlí, d’ainneoin aon ní in aon achtachán, ag na socruithe ionann is dá mba Acht den Oireachtas gach ordú den sórt sin ar an agus ón dáta—

(i) a chuirtear an Tábla isteach, nó

(ii) a chuirtear tagairt don ordú isteach sa Tábla,

cibé acu is déanaí.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“AN TÁBLA

Cuid 1

SOCRUITHE ARNA nDÉANAMH AG AN RIALTAS LE RIALTAS AON CHRÍCHE LASMUIGH DEN STÁT I nDÁIL LE FAOISEAMH A THABHAIRT Ó CHÁNACHAS DÚBAILTE AGUS FAISNÉIS A MHALARTÚ I nDÁIL LE CÁIN.

1. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Eastáit Daoine Éagtha agus ar Oidhreachtaí agus ar Bhronntanais) (An Ríocht Aontaithe), 1978 (I.R. Uimh. 279 de 1978).

Cuid 2

SOCRUITHE I nDÁIL LE FAISNÉIS A MHALARTÚ A BHAINEANN LE CÁIN AGUS I nDÁIL LE NITHE EILE A BHAINEANN LE CÁIN”.

(2) Tá éifeacht leis an alt seo ón 31 Eanáir 2008.

CUID 6

Ilghnéitheach

Léiriú (Cuid 6).

130 .— Ciallaíonn “an Príomh-Acht” sa Chuid seo, an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Leasú ar alt 1003 (cáin a íoc trí mhíreanna oidhreachta a bhronnadh) den Phríomh-Acht.

131 .— Leasaítear alt 1003 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ab):

“(ac) Ní bheidh feidhm ag mír (ab) i gcás cnuasaigh míreanna, arb éard atá ar fad ann ábhar cartlainne nó lámhscríbhinní—

(i) ar pearsa aonair, teaghlach nó eagraíocht amháin a chruthaigh i gcaitheamh na haimsire, nó

(ii) ar pearsa aonair, teaghlach nó eagraíocht, a thiomsaigh,

agus arb éard atá ann cnuasach d’ábhar cartlainne nó lámhscríbhinní, agus go bhfuil gach mír tar éis a bheith sa chnuasach sin go ceann achair nach lú ná 30 bliain agus ar fiú iad a chaomhnú mar chnuasach.”.

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D’ainneoin fho-alt (2)(c), féadfaidh an coiste roghnóireachta cinneadh a dhéanamh maidir le mír nó cnuasach míreanna, arb éard atá ar fad iontu ábhar cartlainne nó lámhscríbhinní, agus ní bheidh feidhm ag an teorainn margadhluacha maidir le haon mhír ar leith i gcnuasach den sórt sin ar an dáta luachála arna leagan amach i bhfo-alt (2)(c)(i)(II).”.

Leasú ar alt 1003A (cáin a íoc trí mhaoin oidhreachta a dheonú d’Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann) den Phríomh-Acht.

132 .— (1) Leasaítear alt 1003A den Phríomh-Acht i bhfo-alt (11A)(c) (a cuireadh leis an Acht Airgeadais 2007) trí “2008” a chur in ionad “2007”.

(2) Tá feidhm ag alt 1003A den Phríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (1), maidir leis an mbliain mheasúnachta 2008 amhail is dá gcuirfí “€8,000,000” in ionad “€6,000,000” i bhfo-alt (2)(d).

Leasú ar alt 891B (tuairisceáin maidir le híocaíochtaí áirithe arna ndéanamh ag daoine áirithe) den Phríomh-Acht.

133 .— Leasaítear alt 891B den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) Ní bheidh feidhm ag alt 4 den Post Office Savings Bank Act 1861 maidir le nochtadh faisnéise a cheanglaítear a chur san áireamh i dtuairisceán arna dhéanamh faoi rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo agus, dá réir sin, beidh feidhm ag an alt seo maidir le faisnéis lena mbeadh feidhm ag an alt sin 4 murach an fo-alt seo.”.

Amhrastaigh i gcoimeád an Gharda Síochána a cheistiú in imthosca áirithe.

134 .— Leasaítear Caibidil 4 de Chuid 38 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 912A—

“912B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim atá údaraithe i scríbhinn acu chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú;

ciallaíonn ‘cion sonraithe’ aon chion—

(a) faoi na hAchtanna Custam, lena n-áirítear aon chion faoi alt 1078 nó 1078A a mhéid a bhaineann na hailt sin le custaim, agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoi aon achtachán eile agus a bhaineann le custaim,

(b) faoi na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin, lena n-áirítear aon chion faoi alt 1078 nó 1078A a mhéid a bhaineann na hailt sin le mál, agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna,

(c) (i) faoi fho-alt (1A) agus míreanna (c), (d) agus (ii) d’fho-alt (2) d’alt 1078, agus

(ii) faoi alt 1078A,

a mhéid gur cion é a bhaineann le Caibidil 2 de Chuid 18 agus le haon ionstraimí arna ndéanamh faoin gCaibidil sin, nó

(d) (i) faoi fho-alt (1A) agus faoi mhíreanna (c) agus (d) d’fho-alt (2) d’alt 1078, agus

(ii) faoi alt 1078A,

a mhéid gur cion é a bhaineann leis an Acht Cánach Breisluacha 1972, agus leis na hachtacháin lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin agus le haon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna,

ar cion inghabhála é de réir bhrí alt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil 1997.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin maidir le cion sonraithe.

(3) I gcás go ngabhann comhalta den Gharda Síochána, gan bharántas, cibé acu i stáisiún Garda nó in áit eile, duine a bhfuil drochamhras air nó uirthi ina leith, agus cúis réasúnach leis, go bhfuil cion sonraithe á dhéanamh nó déanta ag an duine agus go ndearnadh an duine a thógáil chuig stáisiún Garda agus a choinneáil ann nó, más rud é gur i stáisiún Garda a ghabhtar an duine, go ndearnadh é nó í a choinneáil sa stáisiún, de bhun alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984, féadfaidh oifigeach údaraithe nó oifigigh údaraithe (ach nach mó líon na n-oifigeach sin ná 2), má tá agus fad atá comhalta den Gharda Síochána i dteannta an oifigigh nó na n-oifigeach, freastal ar cheistiú duine arna choinneáil nó arna coinneáil amhlaidh i dtaca le himscrúdú an chiona shonraithe, agus páirt a ghlacadh ann, ach sin sa chás amháin go n-iarrfaidh an comhalta den Gharda Síochána ar an oifigeach nó na hoifigigh údaraithe déanamh amhlaidh agus gur deimhin leis an gcomhalta gur gá don oifigeach nó do na hoifigigh údaraithe freastal ar an gceistiú sin agus páirt a ghlacadh ann, chun an cion sonraithe lena mbaineann a imscrúdú go cuí.

(4) Aon oifigeach a fhreastalaíonn ar cheistiú duine de réir fho-alt (3) agus a ghlacann páirt ann, ní ceadmhach dó nó di aon ghníomh nó neamhghníomh a dhéanamh a bheadh ina shárú, dá mba chomhalta den Gharda Síochána a dhéanfadh é, ar aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 7 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984.

(5) Aon ghníomh nó neamhghníomh arna dhéanamh ag oifigeach údaraithe a fhreastalaíonn ar cheistiú duine de réir fho-alt (3) agus a ghlacann páirt ann, ar gníomh nó neamhghníomh é a bheadh ina shárú, dá mba chomhalta den Gharda Síochána a dhéanfadh é, ar aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 7 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984, ní fhágfaidh sé, uaidh féin, go ndlífear aon imeachtaí coiriúla nó sibhialta a thionscnamh i gcoinne an oifigigh údaraithe, ná ní dhéanfaidh sé difear, uaidh féin, do dhlíthiúlacht choimeád an duine atá á choinneáil nó á coinneáil ná d’inghlacthacht i bhfianaise aon ráitis arna dhéanamh aige nó aici.”.

Leasú ar alt 818 (léiriú (Cuid 34)) den Phríomh-Acht.

135 .— Leasaítear alt 818 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “oifigeach údaraithe”:

“ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim;”.

Leasú ar alt 888 (tuairisceáin etc. ó léasóirí, ó léasaithe agus ó ghníomhairí) den Phríomh-Acht.

136 .— Leasaítear alt 888 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) San alt seo—

tá le ‘léas’, ‘léasaí agus ‘cíos’ na bríonna céanna faoi seach atá leo i gCaibidil 8 de Chuid 4;

ciallaíonn ‘áitreabh’ aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “Chaibidil 8 de Chuid 4” i bhfo-alt (2):

“lena n-áirítear, i gcás daoine dá dtagraítear i mír (d), sonraí faoi ioncam a bheadh inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás V de Sceideal D dá n-éireodh sé sa Stát,”.

Leasuithe ilghnéitheacha i ndáil le héilimh ar aisíoc cánach.

137 .— Maidir leis na hachtacháin a shonraítear i Sceideal 6

(a) leasaítear iad a mhéid a shonraítear agus ar an modh a shonraítear i míreanna 1 agus 2 den Sceideal sin, agus

(b) tá feidhm acu amhail ar an agus ón 31 Eanáir 2008.

Leasú ar na pionóis a bhaineann le ciontú go hachomair i gcionta ioncaim áirithe.

138 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 531(14) trí “€5,000” a chur in ionad “€1,265”, gach áit a bhfuil sé,

(b) in alt 908C(6) trí “€5,000” a chur in ionad “3,000”,

(c) in alt 908D(8) trí “€5,000” a chur in ionad “€3,000”,

(d) in alt 1078(3)(a) trí “€5,000” a chur in ionad “€3,000”,

(e) in alt 1078A(3)(a) trí “€5,000” a chur in ionad “€3,000”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le cion a dhéantar ar lá tar éis an tAcht seo a rith.

Forálacha a bhaineann le rialacháin chustam áirithe.

139 .— Beidh feidhm dlí ag na hionstraimí dá dtagraítear i Sceideal 7, d’ainneoin aon achtacháin, amhail is dá mba Acht den Oireachtas gach ionstraim acu sin, ar agus ó dháta rite an Achta seo.

Leasú ar alt 811A (idirbhearta chun dliteanas cánach a sheachaint: formhuirear, ús agus fógraí cosantacha) den Phríomh-Acht.

140 .— (1) Leasaítear alt 811A den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)—

“(1A) Gan dochar do ghinearáltacht aon fhorála den alt seo nó d’alt 811, ní dhéanfar ailt 955(2)(a) agus 956(1)(c), mar a fhorléirítear i dteannta alt 950(2), a fhorléiriú mar ailt lena gcoisctear ar oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) aon fhiosrú a dhéanamh, nó

(b) aon ghníomh a dhéanamh,

aon tráth i dtaca leis an alt seo nó le halt 811.

(1B) I gcás ina mbeidh fógra (dá ngairtear ‘fógra cosantach’ i bhfo-ailt (3) agus (6)) faoi mhionsonraí iomlána idirbhirt faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim ó dhuine, nó thar ceann duine, ar an dáta iomchuí (de réir bhrí fho-alt (3)(c)) nó roimhe, ansin ní thiocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ar an tuairim gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart de bhun fho-ailt (2) agus (4) den alt sin tar éis dheireadh na tréimhse 2 bhliain dar tosach—

(a) an dáta iomchuí, nó

(b) más túisce é, an dáta a bhfuair na Coimisinéirí Ioncaim an fógra,

ach ní fhorléireofar an fo-alt seo mar ní lena gcoiscfear ar oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim aon fhiosrú a dhéanamh aon tráth i dtaca leis an alt seo nó le halt 811.

(1C) I gcás nach mbeidh fógra (dá ngairtear ‘fógra cosantach’ i bhfo-ailt (3) agus (6)) faoi mhionsonraí iomlána an idirbhirt faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim ó dhuine, nó thar ceann duine, ar an dáta iomchuí (de réir bhrí fho-alt (3)(c)) nó roimhe, ansin beidh feidhm ag alt 811 maidir leis an idirbheart sin, más idirbheart é a shonraítear nó a thuairiscítear i bhfógra tuairime a thabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, amhail is dá gcuirfí na clásail seo a leanas in ionad chlásail (I) agus (II) d’fho-alt (9)(a)(i):

‘(I) más dóigh leo nó le tromlach díobh go bhfuil forais ann ar dá réir a d’fhéadfaí a mheas le réasún gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, nó aon chuid den idirbheart sin, trína ordú gur bailí don tuairim, nó don tuairim sa mhéid go mbaineann sí leis an gcuid sin,

(II) más dóigh leo nó le tromlach díobh, faoi réir cibé leasú nó breisiú a dhéanamh air sin a mheasfaidh na Coimisinéirí Achomhairc, nó an tromlach díobh, is gá agus a shonróidh nó a thuairisceoidh siad, go bhfuil forais ann ar dá réir a d’fhéadfaí a mheas le réasún gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart, nó aon chuid de, a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, trína ordú go ndéanfar an t-idirbheart, nó an chuid sin de, a leasú nó a bhreisiú amhlaidh agus, faoi réir an leasaithe nó an bhreisithe, gur bailí don tuairim, nó don tuairim sa mhéid go mbaineann sí leis an gcuid sin, nó’

agus forléireofar forálacha alt 811 dá réir sin.”,

(b) i bhfo-alt (2)(a), trí “20 faoin gcéad” a chur in ionad “10 faoin gcéad”,

(c) i bhfo-alt (3)—

(i) i bhfomhír (b)(i), trí “go mbeadh feidhm ag fo-alt (1C) maidir leis an idirbheart lena mbaineann nó” a chur isteach i ndiaidh “d’aon toisc chun aon fhéidearthacht”, agus

(ii) i bhfomhír (c), trí—

(I) “19 Feabhra 2008” a chur in ionad “2 Feabhra 2006”, agus

(II) “19 Bealtaine 2008” a chur in ionad “2 Bealtaine 2006”,

gach áit a bhfuil siad,

(d) i bhfo-alt (6)(b), trí “chun críocha fho-ailt (1B) agus (3)” a chur in ionad “chun críocha fho-alt (3)”, agus

(e) i bhfo-alt (7), trí “19 Feabhra 2008” a chur in ionad “2 Feabhra 2006” gach áit a bhfuil sé.

(2) Tá feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le haon idirbheart i gcás ina ndéantar nó ina socraítear an t-idirbheart iomlán, nó aon chuid den idirbheart, an 19 Feabhra 2008 nó dá éis, agus

(b) maidir le haon idirbheart arna dhéanamh nó arna shocrú ina iomláine roimh an dáta sin, sa mhéid go n-eascraíonn, nó, murach alt 811 den Phríomh-Acht, go n-eascródh, dá bharr—

(i) laghdú, seachaint nó iarchur aon mhuirir cánach nó measúnachta cánach, nó cuid den chéanna, i gcás nach n-eascraíonn an muirear nó an mheasúnacht ach amháin de bhua idirbhirt eile nó idirbheart eile arna sheoladh nó arna seoladh ina iomláine nó ina n-iomláine an 19 Feabhra 2008 nó dá éis, nó

(ii) aisíocaíocht nó íocaíocht maidir le méid cánach, nó maidir le méadú ar mhéid cánach, nó cuid den chéanna, is inaisíoctha nó is iníoctha ar shlí eile le duine más rud é, murach alt 811 den Phríomh-Acht, go dtiocfadh an méid sin, nó an méadú sin ar an méid, chun bheith inaisíoctha amhlaidh nó iníoctha amhlaidh thairis sin den chéad uair leis an duine an 19 Feabhra 2008 nó dá éis,

ach más rud é, maidir le haon idirbheart, go mbeidh fógra (dá ngairtear “fógra cosantach” i bhfo-alt (3) agus (6) d’alt 811A den Phríomh-Acht agus a bheidh déanta ar an dáta iomchuí nó roimhe, de réir bhrí fho-alt (3)(c) den alt sin roimh aon leasú arna dhéanamh leis an alt seo) faoi mhionsonraí iomlána an idirbhirt faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim ó dhuine, nó thar ceann duine, roimh an 19 Feabhra 2008, ansin beidh feidhm ag an alt sin 811A maidir leis an idirbheart sin amhail is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

Leasuithe teicniúla ilghnéitheacha i ndáil le cáin.

141 .— Maidir leis na hachtacháin a shonraítear i Sceideal 8

(a) leasaítear iad a mhéid a shonraítear agus ar an modh a shonraítear i míreanna 1 go 6 den Sceideal sin, agus

(b) tá feidhm acu agus tagann siad i ngníomh de réir mhír 7 den Sceideal sin.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

142 .— (1) San alt seo—

tá le “ seirbhísí caipitiúla ” an bhrí chéanna atá leis sa phríomh-alt;

ciallaíonn “ an cúigiú blianacht bhreise is caoga ” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (3);

ciallaíonn “ an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais 1950.

(2) I ndáil leis na hocht mbliana airgeadais is fiche chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2008, beidh éifeacht le fo-alt (3) d’alt 128 den Acht Airgeadais 2006 ach “€00.00” a chur in ionad “€28,037,169”.

(3) D’fhonn iasachtaí i leith seirbhísí caipitiúla, agus d’fhonn ús ar iasachtaí den sórt sin, a fhuascailt, déanfar suim €152,155,307 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó ar thoradh fáis an Chiste sin sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2008.

(4) Déanfar an cúigiú blianacht bhreise is caoga a íoc isteach sa Chuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(5) Féadfar aon mhéid den chúigiú blianacht bhreise is caoga, nach mó ná €116,950,000 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(6) Déanfar iarmhéid an chúigiú blianacht bhreise is caoga a úsáid ar aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

143 .— Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, déanfar na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

144 .— (1) Féadfar an tAcht Airgeadais 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid 1 a fhorléiriú—

(a) a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide, i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide, agus

(c) a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil, i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Déanfar Cuid 2, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna sin agus le bainistiú na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid 3 a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2007 agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2008 a ghairm díobh le chéile.

(5) Déanfar Cuid 4 a fhorléiriú i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(6) Déanfar Cuid 5 a fhorléiriú i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(7) Déanfar Cuid 6 a fhorléiriú—

(a) a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide, i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide,

(c) a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil, i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(d) a mhéid a bhaineann sí le custaim, i dteannta na nAchtanna Custam,

(e) a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, i dteannta na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin,

(f) a mhéid a bhaineann sí le cáin bhreisluacha, i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2008,

(g) a mhéid a bhaineann sí le dleacht stampa, i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin,

(h) a mhéid a bhaineann sí le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta, i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(8) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite i gCuid 1, measfar gur tháinig an Chuid sin i bhfeidhm agus tá éifeacht léi amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2008.

(9) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite, i gcás ina bhfuil foráil den Acht seo le teacht i ngníomh ar an Aire Airgeadais do dhéanamh ordaithe, tiocfaidh an fhoráil sin i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

SCEIDEAL 1

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Chreidmheasanna Cánach Pearsanta

Alt 3 .

Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2008 agus le blianta measúnachta dá héis, leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997 mar a leanas:

(a) in alt 461, trí “€3,660” a chur in ionad “€3,520” sa dá áit a bhfuil sé, agus trí “€1,830” a chur in ionad “€1,760”;

(b) in alt 461A, trí “€600” a chur in ionad “€550”;

(c) in alt 462, trí “€1,830” a chur in ionad “€1,760” i bhfo-alt (2);

(d) in alt 463, trí “€4,000”, “€3,500”, “€3,000”, “€2,500” agus “€2,000”, faoi seach, a chur in ionad “€3,750”, “€3,250”, “€2,750”, “€2,250” agus “€1,750” i bhfo-alt (2);

(e) in alt 464, trí “€650” agus “€325”, faoi seach, a chur in ionad “€550” agus “€275”;

(f) in alt 465, trí “€3,660” a chur in ionad “€3,000” i bhfo-alt (1);

(g) in alt 466A, trí “€900” a chur in ionad “€770” i bhfo-alt (2);

(h) in alt 468, trí “€1,830” agus “€3,660”, faoi seach, a chur in ionad “€1,760” agus “€3,520” i bhfo-alt (2); agus

(i) in alt 472, trí “€1,830” a chur in ionad “€ 1,760”, sa dá áit a bhfuil sé, i bhfo-alt (4).

SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach Leictreachais

Alt 58 .

An cineál úsáide

An ráta cánach

Úsáid ghnó

€0.5 in aghaidh na huaire Meigeavata

Úsáid nach úsáid gnó

€1.0 in aghaidh na huaire Meigeavata

SCEIDEAL 3

Aisghairm i ndáil leis an Dlí Máil

Alt 76 .

CUID 1

Aisghairm

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na haisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 28 de 1925

An tAcht Airgid 1925

Ailt 40, 41 agus 43

Uimh. 13 de 1949

An tAcht Airgeadais 1949

Alt 10

Uimh. 15 de 1964

An tAcht Airgeadais 1964

Alt 18

Uimh. 17 de 1966

An tAcht Airgeadais 1966

Alt 16

Uimh. 23 de 1971

An tAcht Airgeadais 1971

Alt 52

Uimh. 14 de 1980

An tAcht Airgeadais 1980

Alt 77(2)

Uimh. 15 de 1983

An tAcht Airgeadais 1983

Alt 64

Uimh. 10 de 1989

An tAcht Airgeadais 1989

Ailt 46 agus 47(1)

Uimh. 9 de 1992

An tAcht Airgeadais 1992

Ailt 159 agus 160(1)

Uimh. 7 de 2001

An tAcht Airgeadais 2001

Alt 174

Uimh. 11 de 2007

An tAcht Airgeadais 2007

Ailt 67, 68, 69, 70, 71, 72 agus 73

CUID 2

Cúlghairm

Uimhir agus Bliain

An t-ábhar nó an lua

Méid na cúlghairme

(1)

(2)

(3)

I.R. Uimh. 162 de 1972

An tOrdú d’Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 199) (Dleachtanna Máil) (Deimhnithe Airm Tine) 1972

An tOrdú go léir

SCEIDEAL 4

Leasuithe Ilghnéitheacha a Bhaineann leis an Leasú ar an Míniú ar Dhuine Inchánach

Alt 109 .

Leasuithe ar an Acht Cánach Breisluacha 1972

An fhoráil den Acht Cánach Breisluacha 1972

Na focail atá le baint amach

Na focail atá le cur isteach

Alt 2

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 3(1)(f)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 3 (1)(f)(i)(I)

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 3(1)(f)(ii)

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 3(5)(b)(iii)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 3(6)(d)(i)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 3(6A)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 3(7)(i)

ag duine inchánach

ag duine cuntasach

Alt 3(7)(i)

den duine inchánach

den duine cuntasach

Alt 3A(3)(b)

gur dhuine inchánach an duine nó go mbeadh sé i dteideal roghnú a bheith ina dhuine inchánach sa Stát

gur dhuine cuntasach an duine nó go mbeadh sé i dteideal roghnú a bheith ina dhuine cuntasach sa Stát

Alt 3B

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 4(8)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 4(10)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 5(3)

duine inchánach

duine cuntasach

Alt 5(3)

críocha ghnó an duine inchánach

críocha ghnó an duine chuntasaigh

Alt 5(3)

dá mba dhuine inchánach eile

dá mba dhuine cuntasach eile

Alt 5(6)(ddd)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 5(8)(a)(i)

duine inchánach chuig duine inchánach eile nó chuig feirmeoir cothromráta, nó

duine cuntasach chuig duine inchánach nó

Alt 5(8)(a)(ii)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 5(8)(b)

‘duine inchánach’

‘duine cuntasach’

Alt 5(8)(b)

duine inchánach

duine cuntasach

Alt 6A

is duine inchánach é

is duine cuntasach é

Alt 6A

an duine inchánach sin

an duine cuntasach sin

Alt 6A

Féadfaidh duine inchánach

Féadfaidh duine cuntasach

Alt 6A

daoine inchánach eile

daoine cuntasacha eile

Alt 8(1A)(a)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 8(1A)(b)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 8(1A)(c)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 8(1A)(d)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 8(2)

duine inchánach

duine cuntasach

Alt 8(2)

an duine inchánach sin

an duine cuntasach sin

Alt 8(2)

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 8(2A)

daoine inchánach

daoine cuntasacha

Alt 8(2B)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 8(3)

Ní daoine inchánach

Ní daoine cuntasacha

Alt 8(3)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 8(3)

do dhaoine inchánach

do dhaoine cuntasacha

Alt 8(3)

ina dhuine inchánach

ina dhuine cuntasach

Alt 8(3A)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 8(3E)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 8(4)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 8(6)

Duine inchánach

Duine cuntasach

Alt 8(6)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 8(8)(a)(ii)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 8(9)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 9

ina ndaoine inchánach

ina ndaoine cuntasacha

Alt 9

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 10(3)(d)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 10A

duine inchánach

duine cuntasach

Alt 10A

don duine inchánach sin

don duine cuntasach sin

Alt 10B

duine inchánach

duine cuntasach

Alt 10B

don duine inchánach sin

don duine cuntasach sin

Alt 11(1AA)

duine inchánach

duine cuntasach

Alt 11(1AA)

an duine inchánach

an duine cuntasach

Alt 11(1AA)

don duine inchánach sin

don duine cuntasach sin

Alt 11(1B)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 11(1B)

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 11(1B)

Aon duine inchánach

Aon duine cuntasach

Alt 11(3)

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 12(1)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 12(1)

daoine inchánach eile

daoine cuntasacha eile

Alt 12(1)

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 12(1)

duine inchánach eile

duine cuntasach eile

Alt 12(1)

soláthairtí inchánach an duine inchánach

soláthairtí inchánach an duine chuntasaigh

Alt 12(1A)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 12(2)

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 12(3)(a)

an duine inchánach

don duine inchánach

an duine cuntasach

don duine cuntasach

Alt 12(3)(a)

d’fhostaithe an duine inchánach

d’fhostaithe an duine chuntasaigh

Alt 12(3)(a)

an duine inchánach sin

an duine cuntasach sin

Alt 12(3)(c)

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 12(3A)

an duine inchánach sin

an duine cuntasach sin

Alt 12(3A)

do dhuine inchánach

do dhuine cuntasach

Alt 12(4)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 12A

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 12B(2)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 12B(10)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 12C(5)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 13

an leagan de “daoine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “daoine cuntasacha”

Alt 13A

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 13A

gach duine inchánach

gach duine cuntasach

Alt 13A

Aon duine inchánach

Aon duine cuntasach

Alt 16

gach duine inchánach

gach duine cuntasach

Alt 16

duine inchánach

duine cuntasach

Alt 16

Aon duine inchánach

Aon duine cuntasach

Alt 16

chuig an duine inchánach sin

chuig an duine cuntasach sin

Alt 17

Aon duine inchánach

Déanfaidh duine inchánach

Aon duine cuntasach

Déanfaidh duine cuntasach

Alt 17

do dhuine inchánach eile

do dhuine cuntasach eile

Alt 17

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 17

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 18

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 19(2)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 19(3)(a)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 19(3)(aa)(i)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 19(3)(aa)(ii)

duine inchánach

duine cuntasach

Alt 19(3)(aa)(ii)

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 19(3)(aa)(iii)

do dhuine inchánach

do dhuine cuntasach

Alt 19(3)(aa)(iii)

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 19(3)(aa)(iv)

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 19(3)(aa)(v)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 19(3)(aa)(vi)

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 19(3)(aa)(viii)

ina dhuine inchánach nó ina dhuine cláraithe

ina dhuine cuntasach

Alt 19(3)(aa)(viii)

duine inchánach

duine cuntasach

Alt 19(3)(aa)(viii)

an duine inchánach

an duine cuntasach

Alt 19(3)(b)

duine inchánach

duine cuntasach

Alt 19(3)(b)

den duine inchánach sin

den duine cuntasach sin

Alt 19(3)(c)

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 19(3)(d)

duine inchánach

duine cuntasach

Alt 19(3)(d)

an duine inchánach

an duine cuntasach

Alt 19(3)(d)

údarás an duine inchánach

údarás an duine chuntasaigh

Alt 19(3)(d)

údarás duine inchánach

údarás duine chuntasaigh

Alt 19A

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 19B

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 19B

an duine inchánach sin

an duine cuntasach sin

Alt 19B

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 19B

Aon duine inchánach

Aon duine cuntasach

Alt 19B

‘duine inchánach’

‘duine cuntasach’

Alt 20

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 21

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 22

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 23A

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 25

mar dhuine inchánach amháin

mar dhuine cuntasach amháin

Alt 25

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 26

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 27

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 32

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 32

daoine inchánach

daoine cuntasacha

Alt 34

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

Alt 34

an leagan de “an duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “an duine cuntasach”

Alt 35

an leagan de “duine inchánach” atá sa téacs

an leagan cuí gramadaí de “duine cuntasach”

SCEIDEAL 5

Dleacht Stampa ar Ionstraimí

Alt 125 .

CUID 1

Tíolacas nó Aistriú ar Dhíol aon mhaoine seachas stoic nó urrúis inmhargaidh nó polasaí árachais nó polasaí árachais saoil

“(1) I gcás nach mó ná €127,000 méid nó luach na comaoine don díol is inchurtha i leith maoine cónaithe agus go bhfuil ráiteas san ionstraim á dheimhniú go bhfuil an chomaoin don díol, de réir mar a bheidh—

(a) inchurtha go hiomlán i leith maoine cónaithe, nó

(b) inchurtha go páirteach i leith maoine cónaithe,

agus nach bhfuil an t-idirbheart a chuirtear i gcrích leis an ionstraim sin ina chuid d’idirbheart is mó nó de shraith idirbheart ar mó ina leith ná €127,000 méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine is inchurtha i leith maoine cónaithe:

don chomaoin is inchurtha i leith maoine cónaithe

Díolmhaithe.

(2) I gcás nach bhfuil feidhm ag mír (1) agus go mbeidh méid nó luach na comaoine don díol go hiomlán nó go páirteach inchurtha i leith maoine cónaithe agus go bhfuil ráiteas san ionstraim á dheimhniú go bhfuil an chomaoin don díol, de réir mar a bheidh—

(a) inchurtha go hiomlán i leith maoine cónaithe, nó

(b) inchurtha go páirteach i leith maoine cónaithe,

agus nach bhfuil an t-idirbheart a chuirtear i gcrích leis an ionstraim sin ina chuid d’idirbheart is mó nó de shraith idirbheart ar ina leith, dá mbeadh idirbheart is mó nó sraith idirbheart ann, a bheadh méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine (seachas an chomaoin don díol lena mbaineann atá go hiomlán nó go páirteach inchurtha i leith maoine cónaithe) inchurtha go hiomlán nó go páirteach i leith maoine cónaithe:

don chomaoin is inchurtha i leith maoine cónaithe

0 faoin gcéad den chéad €125,000 den chomaoin, 7 faoin gcéad den chéad €875,000 eile den chomaoin agus 9 faoin gcéad d’iarmhéid na comaoine dá éis sin ach i gcás gur méid nach iolraí de €1 an méid is toradh ar an ríomh de réir ráta faoin gcéad, déanfar an méid a ríomhtar amhlaidh a chothromú síos chuig an € is gaire.

(3) I gcás nach mbeidh feidhm ag míreanna (1) agus (2) agus go mbeidh méid nó luach na comaoine don díol inchurtha go hiomlán nó go páirteach i leith maoine cónaithe agus go bhfuil ráiteas san ionstraim á dheimhniú go bhfuil an chomaoin don díol, de réir mar a bheidh—

(a) inchurtha go hiomlán i leith maoine cónaithe, nó

(b) inchurtha go páirteach i leith maoine cónaithe,

agus go bhfuil an t-idirbheart a chuirtear i gcrích leis an ionstraim sin ina chuid d’idirbheart níos mó nó de shraith idirbheart ar ina leith is méid is comhionann le Y méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine is inchurtha i leith maoine cónaithe

i gcás—

gurb é Y an méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine i leith an idirbhirt is mó nó na sraithe idirbheart is inchurtha i leith maoine cónaithe:

don chomaoin is inchurtha i leith maoine cónaithe

Dleacht stampa de mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

A x B

C

i gcás—

gurb é A an méid dleachta stampa a bheadh inmhuirearaithe faoi mhír (2) ar mhéid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine i leith an idirbhirt is mó nó na sraithe idirbheart is inchurtha i leith maoine cónaithe dá mbeadh feidhm ag mír (2) maidir leis an gcomaoin sin,

gurb é B méid nó luach na comaoine don díol lena mbaineann is inchurtha i leith maoine cónaithe, agus

gurb é C méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine i leith an idirbhirt is mó nó na sraithe idirbheart is inchurtha i leith maoine cónaithe,

ach i gcás gur méid nach iolraí de €1 an méid is toradh ar an ríomh, déanfar an méid a ríomhtar amhlaidh a chothromú síos chuig an € is gaire.

(4) I gcás nach mbeidh feidhm ag míreanna (1) go (3) agus go bhfuil méid nó luach na comaoine don díol inchurtha go hiomlán nó go páirteach i leith maoine cónaithe:

don chomaoin is inchurtha i leith maoine cónaithe

9 faoin gcéad den chomaoin ach i gcás gur méid nach iolraí de €1 an méid is toradh ar an ríomh, déanfar an méid a ríomhtar amhlaidh a chothromú síos chuig an € is gaire.”.

CUID 2

Léas

“(a) i gcás gur aon airgead, stoc nó urrús an chomaoin, nó aon chuid den chomaoin (seachas cíos), atá ag dul chun an léasóra nó chun aon duine eile, agus

(i) nach mó ná €127,000 méid nó luach na comaoine sin is inchurtha i leith maoine cónaithe agus go bhfuil ráiteas sa léas á dheimhniú go bhfuil an chomaoin (seachas cíos) don léas, de réir mar a bheidh—

(I) inchurtha go hiomlán i leith maoine cónaithe, nó

(II)inchurtha go páirteach i leith maoine cónaithe,

agus nach bhfuil an t-idirbheart a chuirtear i gcrích leis an ionstraim sin ina chuid d’idirbheart is mó nó de shraith idirbheart ar mó ina leith ná €127,000 méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine (seachas cíos) is inchurtha i leith maoine cónaithe:

don chomaoin is inchurtha i leith maoine cónaithe

Díolmhaithe.

(ii) go bhfuil méid nó luach na comaoine sin don léas go hiomlán nó go páirteach inchurtha i leith maoine cónaithe agus go bhfuil ráiteas san ionstraim á dheimhniú go bhfuil an chomaoin (seachas cíos) don léas, de réir mar a bheidh—

(I) inchurtha go hiomlán i leith maoine cónaithe, nó

(II) inchurtha go páirteach i leith maoine cónaithe,

agus nach bhfuil an t-idirbheart a chuirtear i gcrích leis an ionstraim sin ina chuid d’idirbheart níos mó nó de shraith idirbheart ar ina leith, dá mbeadh idirbheart níos mó nó sraith idirbheart ann, a bheadh méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine (seachas an chomaoin don léas lena mbaineann atá go hiomlán nó go páirteach inchurtha i leith maoine cónaithe agus seachas cíos) go hiomlán nó go páirteach inchurtha i leith maoine cónaithe agus nach bhfuil feidhm ag clásal (i):

don chomaoin is inchurtha i leith maoine cónaithe

0 faoin gcéad den chéad €125,000 den chomaoin, 7 faoin gcéad den chéad €875,000 eile den chomaoin agus 9 faoin gcéad d’iarmhéid na comaoine dá éis sin ach i gcás gur méid nach iolraí de €1 an méid is toradh ar an ríomh de réir ráta faoin gcéad, déanfar an méid a ríomhtar amhlaidh a chothromú síos chuig an € is gaire.

(iii) go bhfuil méid nó luach na comaoine sin don léas inchurtha go hiomlán nó go páirteach i leith maoine cónaithe agus go bhfuil ráiteas san ionstraim á dheimhniú go bhfuil an chomaoin (seachas cíos) don léas, de réir mar a bheidh

(I) inchurtha go hiomlán i leith maoine cónaithe, nó

(II) inchurtha go páirteach i leith maoine cónaithe,

agus go bhfuil an t-idirbheart a chuirtear i gcrích leis an ionstraim sin ina chuid d’idirbheart níos mó nó de shraith idirbheart ar ina leith is méid is comhionann le Y méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine (seachas cíos) is inchurtha i leith maoine cónaithe

i gcás—

gurb é Y méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine (seachas cíos) i leith an idirbhirt is mó nó na sraithe idirbheart is inchurtha i leith maoine cónaithe:

agus nach bhfuil feidhm ag clásail (i) agus (ii):

don chomaoin is inchurtha i leith maoine cónaithe

Dleacht stampa de mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

A x B

C

i gcás—

gurb é A an méid dleachta stampa a bheadh inmhuirearaithe faoi chlásal (ii) ar mhéid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine (seachas cíos) i leith an idirbhirt is mó nó na sraithe idirbheart is inchurtha i leith maoine cónaithe dá mbeadh feidhm ag clásal (ii) maidir leis an gcomaoin sin,

gurb é B méid nó luach na comaoine (seachas cíos) don léas lena mbaineann is inchurtha i leith maoine cónaithe, agus

gurb é C méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine (seachas cíos) i leith an idirbhirt is mó nó na sraithe idirbheart is inchurtha i leith maoine cónaithe,

ach i gcás gur méid nach iolraí de €1 an méid is toradh ar an ríomh, déanfar an méid a ríomhtar amhlaidh a chothromú síos chuig an € is gaire.

(iv) go bhfuil méid nó luach na comaoine sin go hiomlán nó go páirteach inchurtha i leith maoine cónaithe agus nach bhfuil feidhm ag clásail (i) go (iii)

9 faoin gcéad den chomaoin is inchurtha i leith maoine cónaithe ach i gcás gur méid nach iolraí de €1 an méid is toradh ar an ríomh, déanfar an méid a ríomhtar amhlaidh a chothromú síos chuig an € is gaire.”.

SCEIDEAL 6

Leasuithe Ilghnéitheacha i nDáil le hÉilimh ar Aisíoc Cánach

Alt 137 .

1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997 de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 100(2) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglaítear éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di—

(i) féadfaidh an díoltóir, roimh dheireadh 4 bliana tar éis an dáta a dhéantar an t-atíolacadh, a éileamh go n-aisíocfar aon mhéid ar mhó an cháin a measúnaíodh ar an díoltóir sin de bhua an ailt seo ná an méid a mheasúnófaí amhlaidh dá measfaí chun críocha an ailt seo gurb é an dáta sin an dáta a socraíodh le téarmaí an díola, agus

(ii) ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) méid cánach den sórt sin a aisíoc i gcás go ndearnadh éileamh tráthúil faoin bhfo-alt seo agus gur éileamh bailí de réir bhrí alt 865(1)(b) an t-éileamh sin.”;

(b) in alt 101 trí “(d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an am a gceanglaítear éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di)” a chur isteach i ndiaidh “déanfar cibé coigeartú is gá”;

(c) in alt 438(4) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) D’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglaítear éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di, tabharfar faoiseamh faoin bhfo-alt seo ar éileamh a dhéanfar laistigh de 4 bliana ó dheireadh na bliana measúnachta ina n-aisíocfar leis an gcuideachta an iasacht nó an t-airleacan, nó aon chuid den iasacht nó den airleacan, de réir mar a bheidh.”,

(d) in alt 480A—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) I gcás go mbeidh feidhm ag an alt seo, beidh an phearsa aonair iomchuí, ar éileamh a dhéanamh chuige sin, laistigh de 4 bliana ó dheireadh na bliana measúnachta ina scoirfidh sé nó sí go buan de bheith ag gabháil don tslí bheatha shonraithe, nó den ghairm shonraithe a sheoladh, de réir mar a bheidh, i dteideal go ndéanfaí asbhaint as a ioncam iomlán nó as a hioncam iomlán go ceann suas le haon 10 mbliana de na blianta measúnachta a luaitear i bhfo-alt (4).”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Beidh feidhm ag fo-alt (3) d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di. Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) méid cánach a aisíoc de dhroim éilimh thráthúil ar fhaoiseamh faoin alt seo i gcás go mbeidh éileamh bailí ar aisíoc cánach (de réir bhrí alt 865(1)(b)) déanta.”;

(e) in alt 482(2) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Faoi réir an ailt seo, agus d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di, i gcás go gcruthóidh duine (dá ngairtear “an t-éilitheoir” san alt seo), tar éis éileamh a dhéanamh chuige sin, go bhfuil na coinníollacha a shonraítear i mír (b) comhlíonta, ansin, beidh feidhm ag na hAchtanna Cánach amhail is dá mba chaillteanas a bhain dó nó di le linn na tréimhse inmhuirearaithe dá dtagraítear san fhomhír sin i dtrádáil a bhí á seoladh ag an éilitheoir ar leithligh ó aon trádáil a bhí á seoladh iarbhír ag an éilitheoir é méid an chaiteachais cháilithigh dá dtagraítear i bhfomhír (i) de mhír (b). Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) méid cánach a aisíoc de dhroim éilimh arna dhéanamh faoin alt seo, i gcás go mbeidh éileamh bailí déanta ar aisíoc cánach (de réir bhrí alt 865(1)(b)).”;

(f) in alt 489(5) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(f) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di. Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) méid cánach a aisíoc de dhroim rogha arna déanamh faoi fhorálacha mhíreanna (a) nó (b) i gcás go mbeidh éileamh tráthúil ar fhaoiseamh de réir alt 503 agus éileamh bailí ar aisíoc cánach de réir bhrí alt 865(1)(b) déanta ag an bpearsa aonair shonraithe.”;

>(g) in alt 539 tríd an téacs láithreach a athuimhriú mar fho-alt (1), agus tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(2) Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le mír (4) ná (6) d’alt 865 méid cánach a aisíoc de dhroim coigeartaithe cánach arna dhéanamh faoin alt seo, i gcás go ndéanfar éileamh ar aon choigeartú den sórt sin laistigh de 4 bliana ó dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321) ina dtarlóidh an foirceannadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1).”;

(h) in alt 562—

(i) i bhfo-alt (2), trí “agus go suífear amhlaidh é sin laistigh de 4 bliana ó dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321) ina bhfuil an dliteanas teagmhasach tagtha chun bheith infhorfheidhmithe” a chur isteach i ndiaidh “go bhfuil sé curtha i bhfeidhm,”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Beidh feidhm ag fo-alt (2) d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di. Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) méid cánach a aisíoc de dhroim aon choigeartaithe arna dhéanamh de réir fho-alt (2).”;

(i) in alt 563(1)(b) trí “Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le fo-alt (4) ná (6) d’alt 865 méid cánach a aisíoc de dhroim aon choigeartaithe den sórt sin.” a chur isteach tar éis “is gá sa chás.”;

(j) in alt 597(7) trí “nó aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di” a chur isteach tar éis “measúnachtaí le déanamh”;

(k) in alt 600A(5) trí “nó aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di” a chur isteach tar éis “measúnachtaí le déanamh”;

(l) in alt 605(4) trí “nó aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar aon éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di” a chur isteach tar éis “measúnachtaí le déanamh”;

(m) in alt 652(5)(b) trí “nó aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar aon éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di” a chur isteach tar éis “measúnachtaí le déanamh”;

(n) in alt 670(10) trí “(agus d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar aon éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di)” a chur isteach roimh “féadfar éifeacht a thabhairt”;

>(o) in alt 774 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7);

“(7A) Oibreoidh fo-alt (7)(b)(ii) d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglófar aon éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di, i gcás go ndéanfaidh an t-oifigeach nó an fostaí éileamh ar fhaoiseamh i leith ranníoca nach gnáthranníoc bliantúil laistigh de 4 bliana ó dheireadh na bliana measúnachta inar íoc nó inar iompair an t-oifigeach nó an fostaí an ranníoc sin. Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) aisíoc cánach a dhéanamh de dhroim éilimh den sórt sin, i gcás go mbeidh éileamh bailí déanta ar aisíoc cánach (de réir bhrí alt 865(1)(b)) ag an oifigeach nó ag an bhfostaí.”;

(p) in alt 776 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Oibreoidh fo-alt (2)(b)(ii) d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse a gceanglófar aon éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di, i gcás go ndéanfaidh an t-oifigeach nó an fostaí éileamh ar fhaoiseamh i leith ranníoca nach gnáthranníoc bliantúil laistigh de 4 bliana ó dheireadh na bliana measúnachta inar íoc nó inar iompair an t-oifigeach nó an fostaí an ranníoc sin. Ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim le halt 865(6) aisíoc cánach a dhéanamh de dhroim éilimh den sórt sin, i gcás go mbeidh éileamh bailí déanta ar aisíoc cánach (de réir bhrí alt 865(1)(b)) ag an oifigeach nó ag an bhfostaí.”;

(q) in alt 804(2)(a) trí “d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglaítear éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di,” a chur isteach i ndiaidh “aisíoctha,”;

(r) in alt 929(3) trí “d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglaítear éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di,” a chur isteach i ndiaidh “iarratasóir” agus,

(s) in alt 955(2)(b) trí “(d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an tréimhse ama a gceanglaítear éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh laistigh di)” a chur isteach i ndiaidh “aisíoctha”.

2. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003—

(a) in alt 28, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) D’ainneoin alt 57(3), tabharfar faoiseamh faoi fho-alt (5)(a) ar éileamh a dhéanfar laistigh de 4 bliana tar éis an dliteanas dá dtagraítear sa mhír sin a bheith íoctha.”;

agus

(b) in alt 29, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) D’ainneoin alt 57(3), tabharfar faoiseamh faoi fho-alt (1) ar éileamh a dhéanfar laistigh de 4 bliana tar éis scor don teideal dá dtagraítear san fho-alt sin.”.

SCEIDEAL 7

Forálacha a bhaineann le Rialacháin Chustam Áirithe

Alt 139 .

Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Custaim agus Máil) 1947 (R. & O.R. Uimh. 137 de 1947) arna leasú leis na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Custaim agus Máil) (Leasú) 1981 (I.R. Uimh. 364 de 1981).

Na Rialacháin Chustam agus Máil (Aerárthaí) 1964 (I.R. Uimh. 189 de 1964) arna leasú leis na Rialacháin Chustam agus Máil (Aerárthaí) (Leasú) 1967 (I.R. Uimh. 131 de 1967).

Na Rialacháin Chustam (Tír-Theorainn) 1968 (I.R. Uimh. 117 de 1968) arna leasú leis na Rialacháin Chustam (Tír-Theorainn) 1978 (I.R. Uimh. 324 de 1978) agus na Rialacháin Chustam (Tír-Theorainn) 1988 (I.R. Uimh. 299 de 1988).

SCEIDEAL 8

Leasuithe Teicniúla Ilghnéitheacha i nDáil le Cáin

Alt 141 .

1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) sa Tábla a ghabhann le halt 37—

(i) trí “Urrúis arna n-eisiúint an 2ú lá d’Iúil, 1964, nó dá éis, ag Aer Lingus, Teoranta.” a scriosadh,

(ii) trí “Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “Aer Rianta, Teoranta”, agus

(iii) trí “Urrúis arna n-eisiúint an 2ú lá d’Iúil, 1964, nó dá éis, ag Aerlínte Éireann, Teoranta.’’ a scriosadh,

(b) in alt 247(4A)(e) trí “a ghabhann leis an bPríomh-Acht” a scriosadh,

(c) in alt 268—

(i) i bhfo-alt (9)(e) trí “ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “ag Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (10):

“(10) Chun críocha na Coda seo—

ciallaíonn ‘Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath’ Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, cuideachta phoiblí theoranta, agus folaíonn sé—

(a) i gcás go bhfuil lá ceaptha faoi alt 5 den Acht um Aerfoirt Stáit 2004 i leith Údarás Aerfort Chorcaí, cuideachta phoiblí theoranta, an chuideachta sin, agus

(b) i gcás go bhfuil lá ceaptha faoin alt sin 5 i leith Údarás Aerfort na Sionna, cuideachta phoiblí theoranta, an chuideachta sin;

ciallaíonn ‘lá dílseacháin’ an lá a cheapfar le hordú faoi alt 9(6) den Acht um Aerfoirt Stáit 2004 i leith Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus cibé lá nó laethanta eile a cheapfar le hordú nó le horduithe faoi alt 5 den Acht um Aerfoirt Stáit 2004 i leith Údarás Aerfort Chorcaí, cuideachta phoiblí theoranta, agus Údarás Aerfort na Sionna, cuideachta phoiblí theoranta.”,

(d) in alt 272—

(i) i bhfo-alt (3A) trí “Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta” gach áit a bhfuil sé,

(ii) i bhfo-alt (3B) trí “d’Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “d’Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta” agus “ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “ag Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta”, agus

(iii) i bhfo-alt (4)(g)(ii)(I) trí “Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta”,

(e) in alt 274(1)(b)(vi)(II)(A) trí “Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “Aer Rianta, cuideachta phoiblí theoranta”,

(f) in alt 284(8) trí “ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “ag Aer Rianta, cuideachta phoiblí theoranta” agus “d’Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “d’Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta”,

(g) in alt 476—

(i) i bhfo-alt (1) tríd an míniú ar “cleithiúnaí” a scriosadh, agus

(ii) i bhfo-alt (2)(a) trí “, thar a cheann féin nó thar a ceann féin, nó thar ceann a chleithiúnaí nó a cleithiúnaí,” a scriosadh,

(h) in alt 607(1)(d) trí “nó Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath,” a chur in ionad “, Aerlínte Éireann, Teoranta, Aer Lingus, Teoranta nó Aer Rianta, Teoranta,”,

(i) in alt 671—

(i) i bhfo-alt (1) trí “an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha” a chur in ionad “Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha”, agus

(ii) i bhfo-alt (2) trí “an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha,” a chur in ionad “Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha,”,

(j) in alt 681(1)(a), sa mhíniú ar “an tAire” trí “an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha;” a chur in ionad “Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha;”,

(k) in alt 682—

(i) i bhfo-alt (1) trí “an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha” a chur in ionad “Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha”, agus

(ii) i bhfo-alt (2) trí “leis an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha,” a chur in ionad “le hAire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha,”,

(l) in alt 683(5) trí “ón Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha” a chur in ionad “ó Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha”,

(m) in alt 684(1)—

(i) i mír (iii)(II) den mhíniú ar “caiteachas forbartha” trí “leis an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha” a chur in ionad “le hAire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha”, agus

(ii) i mír (b) den mhíniú ar “caiteachas taiscéalaíochta” trí “leis an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha” a chur in ionad “le hAire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha”,

(n) in alt 697—

(i) i bhfo-alt (1) trí “an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha” a chur in ionad “Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha”, agus

(ii) i bhfo-alt (2) trí “ón Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha,” a chur in ionad “ó Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha,”,

(o) in alt 730GB trí “den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.” a chur in ionad “den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil 2003.”,

(p) in alt 838(1)(a), i bhfomhír (ii) den mhíniú ar “urrúis” trí “nó Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath,” a chur in ionad “, Aerlínte Éireann cuideachta phoiblí theoranta, Aer Lingus cpt nó Aer Rianta cuideachta phoiblí theoranta,”,

(q) in alt 917D(1)—

(i) i mír (f) den mhíniú ar “na hAchtanna” trí “an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999,” a chur in ionad “an Stamp Act, 1891,”, agus

(ii) sa mhíniú ar “duine údaraithe” trí “le halt 917G(3)(a);” a chur in ionad “le halt 917G(3)(b);”,

(r) in alt 1000(a) trí “rialachán 14 de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Iomchuí) 2000 (I.R. Uimh. 71 de 2000),” a chur in ionad “rialachán 12 de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Foirgníochta), 1971 (I.R. Uimh. 1 de 1971 ),”,

(s) in alt 1077(2) trí “a luaitear in aon cheann de na forálacha nó na hailt sin,” a chur in ionad “atá luaite in aon cheann de na forálacha nó na hailt sin,”,

(t) in alt 1104(4) trí “i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999,” a chur in ionad “i dteannta an Stamp Act, 1891,”,

(u) i gCuid 1 de Sceideal 24A tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 5:

“5A. An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus Gnóchain Chaipitiúla) (Poblacht na Sile) 2005 (I.R. Uimh. 815 de 2005).”,

agus

(v) i Sceideal 25C—

(i) i mír 1(2), i gclásal (b) den mhíniú ar TR trí “ar ina leith” a scriosadh, agus

(ii) i mír 2(2), i gclásal (b) den mhíniú ar TA trí “ar ina leith” a scriosadh.

2. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 in alt 75A(1), i mír (c) den mhíniú ar “teach imréitigh aitheanta” trí “SIS x-clear Aktiengesellschaft” a chur in ionad “SIS SegaInterSettle AG”.

3. Leasaítear an tAcht Cánach Breisluacha 1972 de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 1(1)—

(i) sa mhíniú ar “an t-aerfort neamhchustam” trí “faoin Acht Aerphoirt Neamhchustam 1947” a chur in ionad “faoin Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1941”,

(ii) trí “tá le ‘ráiteas rialúcháin míosúil’ an bhrí a shanntar dó le halt 17;” a scriosadh, agus

(iii) i mír (c) den mhíniú ar “déileálaí inchánach” trí “agus i ndáil le soláthairtí innealra talmhaíochta tá leis an bhrí a shanntar dó le halt 12C” a chur isteach i ndiaidh “le halt 12B”,

(b) in alt 3B—

(i) i bhfo-alt (1) trí “socrú fionraí” a chur in ionad “socrú fionraí dleachta”,

(ii) i bhfo-alt (3) trí “agus de réir Chaibidlí 1 agus 2 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 2001” a chur in ionad “agus de réir Chaibidil II de Chuid II den Acht Airgeadais, 1992”,

(iii) i bhfo-alt (4) trí “socrú fionraí” a chur in ionad “socrú fionraí dleachta”, agus

(iv) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) San alt seo—

tá le ‘táirgí alcóil’ an bhrí chéanna atá leis in alt 73(1) den Acht Airgeadais 2003;

ciallaíonn ‘socrú fionraí’ socrú faoina ndéantar táirgí inmháil a tháirgeadh, a phróiseáil, a shealbhú nó a bhogadh, agus dleacht máil a bheith ar fionraí.”;

(c) in alt 8(2) trí mhír (ab) a scriosadh,

(d) in alt 16(3)—

(i) trí “ráitis rialúcháin mhíosúla,” a scriosadh,

(ii) trí “ráiteas rialúcháin míosúil,” a scriosadh, agus

(iii) trí “na ráitis rialúcháin mhíosúla” a scriosadh,

(e) in alt 17 trí fho-alt (1B) a scriosadh,

(f) in alt 27 tríd an leagan cuí gramadaí den abairt “ráiteas rialúcháin míosúil,” a scriosadh gach áit a bhfuil sé,

(g) in alt 28 trí “ráiteas rialúcháin míosúil,” a scriosadh,

(h) in alt 30(4)(b) trí “ráiteas rialúcháin míosúil,” a scriosadh,

(i) in alt 32(1)(i) trí “an ráitis rialúcháin mhíosúil,” agus “ráiteas rialúcháin míosúil,” a scriosadh,

(j) i mír (xia) den Chéad Sceideal trí “ag daoine ainmnithe de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Seirbhísí Poist) 2000 (I.R. Uimh. 310 de 2000)” a chur in ionad “ag daoine atá ceadúnaithe de réir alt 73 nó fho-alt (1) d’alt 111 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 ”, agus

(k) i mír (i)(d) den Séú Sceideal trí “(de réir bhrí na Rialachán um Cháin Ola Mianra 2001 (I.R. Uimh. 442 de 2001))” a chur in ionad “(de réir bhrí na Rialachán um Ola (Trom) Hidreacarbóin, 1989 (I.R. Uimh. 121 de 1989))”.

4. Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 2003—

(a) in alt 73(1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “táirge íocshláinte”:

“ciallaíonn ‘táirge íocshláinte’ táirge íocshláinte tréidliachta mar a mhínítear in Airteagal 1 de Threoir 2001/82/CE an 6 Samhain 2001 25 , nó táirge íocshláinte mar a mhínítear in Airteagal 1 de Threoir 2001/83/CE an 6 Samhain 2001 26 , nó in aon Treoir lena leasaítear nó lena n-ionadaítear na Treoracha sin;”,

agus

(b) in alt 75 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (arna ionadú leis an Acht Airgeadais 2004):

“(2) I gcás biotáille a tháirgtear sa Stát trí phróiseas driogtha, más rud é gur lú cainníocht na biotáille a tháirgtear ná an chainníocht is féidir a tháirgeadh ón mbraichlis nó ón anallas a úsáidtear sa phróiseas sin, féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal, in ionad muirir ar chainníocht na biotáille a tháirgtear, go muirearófar cáin táirgí alcóil ar an gcainníocht is féidir a tháirgeadh ón mbraichlis nó ón anallas sin ar an toimhde go dtáirgtear, ó gach heictilítear braichlise nó anallais, lítear amháin alcóil ar gach 8.8 céim tanaithe, is é sin le rá, ar gach 8.8 céim de dhifríocht idir an imtharraingt is airde atá ag an mbraichlis agus an imtharraingt is ísle atá ag an anallas roimh dhriogadh.”.

5. Leasaítear an tAcht Airgeadais 2007 in alt 96(b) trí “le héifeacht ón 1 Bealtaine 2007” a chur in ionad “le héifeacht ón 1 Iúil 2007”.

6. Leasaítear na Rialacháin Chánacha (Aisíocaíochtaí a Fhritháireamh) 2002 (I.R. Uimh. 471 de 2002) de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) i Rialachán 3(a)(ix) trí “faoin Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 (Uimh. 1 de 2003)” a chur in ionad “faoin Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil 1976 ( Uimh. 8 de 1976 )”, agus

(b) i Rialachán 4(a)(ix) trí “faoin Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003” a chur in ionad “faoin Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil 1976”.

7. (a) Maidir le mír 1

(i) tá éifeacht le fomhíreanna (a), (h) agus (p) amhail ar an agus ón 31 Eanáir 2008,

(ii) tá éifeacht le fomhíreanna (b) go (f), (i) go (o) agus (q) go (v) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo, agus

(iii) meastar gur tháinig fomhír (g) i bhfeidhm agus in éifeacht maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007 agus le blianta measúnachta dá héis.

(b) Beidh feidhm ag mír 2 maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 1 Deireadh Fómhair 2007 nó dá éis.

(c) Tá éifeacht le mír 3 amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

(d) Tá éifeacht le mír 4 amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

(e) Meastar gur tháinig mír 5 i bhfeidhm agus in éifeacht amhail ar an agus ón 2 Aibreán 2007.

(f) Tá éifeacht le mír 6 amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

1IO Uimh. L58, an 28 Feabhra 2006, lch.42

2IO Uimh. L283, an 27 Deireadh Fómhair 2007, lch.8

3IO Uimh. C292, an 1 Nollaig 2006, lch. 11.

4IO Uimh. L63, an 28 Feabhra 2004, lch. 22.

5IO Uimh. C194, an 18 Lúnasa 2006, lch. 2.

6IO Uimh. C 54, an 4 Márta 2006, lch.13

7IO Uimh. C292, an 1 Nollaig 2006, lch.11

8IO Uimh. L233, an 15 Lúnasa 2006, lch. 1

9IO Uimh. L375, an 31 Nollaig 1980, lch. 36

10IO Uimh. L42, an 23 Feabhra 1970, lch. 1

11IO Uimh. L 275, 25 Deireadh Fómhair 2003, lch 32

12IO Uimh. L 257, 10 Deireadh Fómhair 1996, lch 26

13IO Uimh. L185, an 4 Iúil 1987, lch 72

14IO Uimh. L228, an 16 Lúnasa 1973, lch 3

15IO Uimh. L223, 15 Lúnasa 2006, lch. 1

16IO Uimh. L256 an 7 Meán Fómhair, 1987, lch. 1

17IO Uimh. L279 an 23 Deireadh Fómhair, 2001, lch. 1

18IO Uimh. L260 an 11 Deireadh Fómhair, 2003, lch. 8

19IO Uimh. L52 an 21 Feabhra, 2004, lch. 50

20IO Uimh. L 375 an 31 Nollaig 1980, lch. 36

21IO Uimh. L 42 an 23 Feabhra 1970, lch. 1

22IO Uimh. L 145, 30 Aibreán 2004, lch.1

23IO Uimh. L275, 25 Deireadh Fómhair 2003, lch. 32

24IO Uimh. L 257, 10 Deireadh Fómhair 1996, lch. 26

25IO Uimh. L311 an 28 Samhain 2001, lch. 1

26IO Uimh. L311 an 28 Samhain 2001, lch. 67