4 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 2008


ACHT NA bPASANNA 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2 . Mínithe.

3 . Fógraí a sheirbheáil.

4 . Rialacháin.

5 . Caiteachas.

CUID 2

Pasanna agus Deimhnithe Taistil Éigeandála

6 . Iarratas ar phas.

7 . Faisnéis agus doiciméid atá le cur ag gabháil le hiarratas ar phas.

8 . Sonraí pearsanta a phróiseáil.

9 . Tréimhsí bailíochta pasanna.

10 . An t-ainm ina n-eisítear pas.

11 . Athshannadh inscne.

12 . Diúltú pas a eisiúint.

13 . Faisnéis a úsáid agus foirm na bpasanna.

14 . Pasanna do leanaí.

15 . Saoráidí taistil éigeandála.

16 . Pasanna taidhleoireachta agus pasanna oifigiúla.

17 . Nósanna imeachta maidir le pasanna a chailltear nó a ghoidtear.

18 . Pasanna a chealú agus a thabhairt suas.

19 . Achomhairc.

20 . Cionta.

21 . An bhrí atá le “bréagach” agus “déanamh”.

22 . Cionta a thriail go hachomair.

23 . Imeachtaí a bhaineann le cionta arna ndéanamh lasmuigh den Stát.

24 . Dliteanas i leith cionta ag comhlachtaí corpraithe.

25 . Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí 1997.

26 . Pasanna le fanacht ina maoin de chuid an Aire.

27 . Cosaint.

CUID 3

Ilghnéitheach

28 . Leasú ar an Acht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Uchtála 1952

1952, Uimh. 25

An tAcht Uchtála 1991

1991, Uimh. 14

An tAcht um Bannaí 1997

1997, Uimh. 16

An tAcht um Chlárú Sibhialta 2004

2004, Uimh. 3

An tAcht um Chosaint Sonraí 1988

1988, Uimh. 25

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003

An tAcht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993

1993, Uimh. 33

An tAcht um Chaomhnóireacht Naíon 1964

1964, Uimh. 7

An tAcht Deochanna Meisciúla 2003

2003, Uimh. 31

Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956

1956, Uimh. 26

Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956 go 2004

Na hAchtanna Ceadúnúcháin 1833 go 2004

Acht na Lia-Chleachtóirí 1978

1978, Uimh. 4

Achtanna Clárú na gClubanna 1904 go 2004

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 2008


ACHT NA bPASANNA 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN AIRE GNÓTHAÍ EACHTRACHA D’EISIÚINT PASANNA CHUIG SAORÁNAIGH ÉIREANNACHA AR PASANNA IAD A ÚSÁIDFIDH SIAD MAR FHIANAISE AR CHÉANNACHT AGUS AR SHAORÁNACHT, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE SONRAÍ PEARSANTA, LENA nÁIRÍTEAR SONRAÍ BITHMHÉADRACHA, A PHRÓISEÁIL, MAIDIR LE PASANNA A EISIÚINT AGUS MAIDIR LE hIONTAOFACHT AN CHÓRAIS EISIÚNA PASANNA A CHOTHABHÁIL, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE PASANNA A CHEALÚ AGUS A THABHAIRT SUAS IN IMTHOSCA ÁIRITHE, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CIONTA A BHAINEANN LE PASANNA, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE DEIMHNITHE TAISTIL ÉIGEANDÁLA A EISIÚINT IN IMTHOSCA ÁIRITHE, DO LEASÚ AN ACHTA UM OIFIGIGH TAIDHLEOIREACHTA AGUS CONSALACHTA (SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR) 1993 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[26 Márta, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar Acht na bPasanna 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire, le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Mínithe.

2 .— San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht um Chosaint Sonraí 1988;

ciallaíonn “iarratasóir”, i ndáil le hiarratas ar phas, an duine a n-eiseofar an pas ina ainm nó ina hainm má dheonaítear an t-iarratas;

tá le “sonraí uathoibrithe” an bhrí atá leis in alt 1(1) d’Acht 1988;

ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí uathoibrithe arb é atá iontu faisnéis—

(a) a bhaineann le tréithe sainiúla coirp atá ag duine, agus

(b) a bhféadfadh toisí tréithe den sórt sin a bheith san áireamh inti,

agus a fhéadfar a phróiseáil chun céannacht an duine lena mbaineann na sonraí a fhíorú;

ciallaíonn “deimhniú breithe”—

(a) doiciméad arna eisiúint faoi alt 13(4) den Acht um Chlárú Sibhialta 2004 i leith taifid i gclár na mbreitheanna,

(b) cóip dheimhnithe de thaifead sa Chlár d’Uchtleanaí arna choimeád faoi alt 22 den Acht Uchtála 1952 ar cóip í a eiseofar faoi fho-alt (11) den alt sin,

(c) doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead i leabhar taifeadta breitheanna coigríche nó sa chlár breitheanna coigríche, ar leabhar é, agus ar clár é, a choimeádtar faoi alt 27 d’Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956, agus ar doiciméad é atá fíordheimhnithe go cuí mar dhoiciméad den sórt sin,

(d) doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead i gClár na nUchtálacha Coigríche arna eisiúint faoi alt 6(7) den Acht Uchtála 1991, nó

(e) doiciméad arna eisiúint de réir córais shibhialta cláraithe breitheanna san áit ina dtarlaíonn an bhreith;

ciallaíonn “leanbh” duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois seachas duine atá nó a bhí pósta;

tá le “sonraí” an bhrí atá leis in alt 1(1) d’Acht 1988;

déanfar “deimhniú taistil éigeandála” a fhorléiriú de réir alt 15;

ciallaíonn “caomhnóir”, i ndáil le leanbh, duine—

(a) is caomhnóir de chuid an linbh de bhun an Achta um Chaomhnóireacht Naíon 1964, nó

(b) a cheaptar mar chaomhnóir de chuid an linbh—

(i) trí ghníomhas nó uacht, nó

(ii) le hordú ó chúirt sa Stát,

agus nár cuireadh as oifig;

ciallaíonn “ saoránach Éireannach ” duine—

(a) is saoránach Éireannach faoi Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956 go 2004, nó

(b) a fhaigheann saoránacht Éireann faoi na hAchtanna sin nó faoi aon achtachán eile;

ciallaíonn “Aire” an tAire Gnóthaí Eachtracha;

ciallaíonn “pas” pas arna eisiúint, nó a mheastar faoi alt 27(1) a bheith arna eisiúint, faoin Acht seo;

forléireofar “oifigeach achomhairc pas” de réir alt 19;

tá le “sonraí pearsanta” an bhrí atá leis in alt 1(1) d’Acht 1988;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an Aire le rialacháin faoi alt 4;

tá le “ próiseáil ”, maidir le próiseáil faisnéise nó sonraí nó i ndáil leis sin, an bhrí atá leis in alt 1(1) d’Acht 1988.

Fógraí a sheirbheáil.

3 .— I gcás ina gceanglaítear fógra a chur chuig duine, nó a thabhairt do dhuine, faoin Acht seo, déanfar é a dhíriú chuig an duine lena mbaineann faoina ainm nó faoina hainm agus féadfar é a chur chuige nó chuici nó a thabhairt dó nó di ar cheann de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar an duine;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh comhfhreagrais a bhaineann leis an iarratas ar an bpas lena mbaineann tugtha don Aire, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh comhfhreagrais a bhaineann leis an iarratas ar an bpas lena mbaineann tugtha don Aire, chuig an seoladh sin.

Rialacháin.

4 .— (1) Féadfaidh an tAire le rialacháin foráil a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Maidir le rialacháin faoin Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith iontu is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachas.

5 .— (1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID 2

Pasanna agus Deimhnithe Taistil Éigeandála

Iarratas ar phas.

6 .— (1) Féadfaidh aon duine is saoránach Éireannach agus atá i dteideal dá chionn sin, faoi réir an Achta seo, go ndéanfar pas a eisiúint chuige nó chuici, iarratas a dhéanamh chuige sin chuig an Aire de réir an ailt seo.

(2) Maidir le hiarratas ar phas a eisiúint chuig duine—

(a) déanfar é i cibé foirm a shonróidh an tAire don chineál sin pas,

(b) beidh cibé faisnéis agus doiciméid i ndáil leis an duine a cheanglóidh an tAire faoi alt 7 ag gabháil leis, agus

(c) beidh an táille chuí (más ann) ag gabháil leis.

(3) Féadfaidh aon duine díobh seo a leanas iarratas ar phas a eisiúint chuig leanbh a dhéanamh thar ceann an linbh—

(a) tuismitheoir nó caomhnóir de chuid an linbh,

(b) más iarratas é a bhfuil feidhm ag fo-alt (4) d’alt 14 maidir leis, an duine dá dtagraítear san fho-alt sin ar duine é nó í atá údaraithe le hordú ó chúirt sa Stát chun toiliú a thabhairt pas a eisiúint chuig an leanbh, nó

(c) más iarratas é a bhfuil feidhm ag fo-alt (6) d’alt 14 maidir leis, caomhnóir de chuid an linbh nó aon duine eile a bhfuil suim aige nó aici i leas an linbh.

(4) Féadfaidh duine a bheidh údaraithe go cuí chun gníomhú thar ceann duine atá faoi éagumas coirp nó meabhrach iarratas a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann ar phas a eisiúint chuige nó chuici.

Faisnéis agus doiciméid atá le cur ag gabháil le hiarratas ar phas.

7 .— (1) Sula n-eiseoidh an tAire pas chuig duine, beidh sé nó sí sásta—

(a) gur saoránach Éireannach an duine, agus

(b) maidir le céannacht an duine.

(2) Féadfaidh an tAire a cheangal ar iarratasóir ar phas cibé faisnéis a bheidh ag teastáil ón Aire a sholáthar chun críocha an iarratais agus cibé doiciméid a thabhairt ar aird dó nó di a mheasann sé nó sí is gá nó is fóirsteanach chun a chumasú dó nó di feidhmeanna an Aire faoin gCuid seo a chomhlíonadh.

(3) Féadfaidh an tAire a cheangal go mbeidh dearbhú reachtúil arna dhéanamh, nó mionnscríbhinn arna mionnú, ag an iarratasóir lena mbaineann ag gabháil le faisnéis arna tabhairt dó nó di faoin alt seo á rá, de réir mar is fearr is eol don iarratasóir, agus mar a chreideann sé nó sí, go bhfuil an fhaisnéis ceart i ngach ponc ábhartha agus go bhfuil gach beart réasúnach déanta ag an iarratasóir chun cruinneas na faisnéise a chinntiú.

Sonraí pearsanta a phróiseáil.

8 .— (1) Faoi réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003, féadfaidh an tAire próiseáil a dhéanamh ar cibé sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí bithmhéadracha, i leith iarratasóra ar phas a bheidh ag teastáil chun pas a eisiúint chuig an iarratasóir agus chun iontaofacht an chórais eisiúna pasanna a chothabháil.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé socruithe, lena n-áirítear socruithe conarthacha, is cuí leis nó léi a dhéanamh le cibé daoine is oiriúnach leis nó léi chun sonraí bithmhéadracha i leith iarratasóirí ar phasanna a phróiseáil.

Tréimhsí bailíochta pasanna.

9 .— (1) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an tAire tréimhsí bailíochta a fhorordú le haghaidh pasanna, agus féadfar tréimhsí éagsúla a fhorordú maidir le cineálacha éagsúla pasanna, maidir le hearnálacha éagsúla iarratasóirí agus maidir le heisiúint pasanna in imthosca éagsúla.

(2) Más rud é nach bhforordaítear aon tréimhse bailíochta maidir le pas faoi fho-alt (1), beidh bailíocht ag an bpas ar feadh cibé tréimhse is cuí leis an Aire sna himthosca an tráth a eisítear an pas.

An t-ainm ina n-eisítear pas.

10 .— (1) Faoi réir an ailt seo agus alt 11, beidh pas a eisítear faoin Acht seo in ainm an iarratasóra áirithe ar phas, mar atá sé ar a dheimhniú breithe nó ar a deimhniú breithe (cibé acu i mBéarla nó i nGaeilge) nó, de réir mar is cuí, ar dheimhniú eadóirseachta nó ar dhoiciméad eile a thabharfaidh sé nó sí ar aird don Aire mar fhianaise ar shaoránacht Éireannach.

(2) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an tAire, má iarrann iarratasóir ar phas, is duine atá nó a bhí pósta, air nó uirthi amhlaidh, pas a eisiúint chuig an iarratasóir sin ina ainm nó ina hainm ar pas é a bhfuil ar áireamh ann sloinne a chéile nó a céile nó a iarchéile nó a hiarchéile, de réir mar a bheidh in ionad shloinne an iarratasóra, nó ina theannta.

(3) Déanfaidh an tAire, má dhéanann iarratasóir ar phas iarratas go ndéanfar pas a eisiúint chuige nó chuici in ainm (dá dtagraítear “an t-ainm nua” san alt seo) seachas an ceann dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(2) nó, más cuí, seachas an t-ainm a taifeadadh sa phas is deireanaí roimhe sin a eisíodh chuige nó chuici, a cheangal ar an iarratasóir cibé fianaise is dóigh leis an Aire a bheith sásúil maidir le húsáid an ainm nua ag an iarratasóir a thabhairt ar aird don Aire sula bhféadfar pas a eisiúint chuig an iarratasóir san ainm sin.

(4) Má dhéanann iarratasóir ar phas, sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (3), fianaise a thabhairt ar aird chun sástacht an Aire maidir le húsáid an ainm nua aige nó aici ar feadh tréimhse nach giorra ná 2 bhliain roimh dháta an iarratais, féadfaidh an tAire, faoi réir an Achta seo, pas a eisiúint chuig an iarratasóir san ainm sin.

(5) Más rud é nach ndéanann iarratasóir ar phas sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (3) fianaise a thabhairt ar aird chun sástacht an Aire maidir le húsáid an ainm nua aige nó aici ar feadh tréimhse nach giorra ná 2 bhliain roimh dháta an iarratais, féadfaidh an tAire, faoi réir an Achta seo, pas a eisiúint chuig an iarratasóir san ainm sin agus ainm an iarratasóra dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(2) nó, más cuí, an t-ainm a taifeadadh sa phas is deireanaí roimhe sin a eisíodh chuige nó chuici a thaifeadadh mar thrácht sa phas agus fanfaidh an taifead sin ann ar feadh tréimhse nach giorra ná 2 bhliain.

Athshannadh inscne.

11 .— (1) Maidir le hiarratasóir ar phas—

(a) a chuaigh, nó atá ag dul, faoi chóireáil nó faoi bhearta, nó faoi chóireáil agus faoi bhearta, chun tréithe gnéasacha agus cuma fhisiceach an iarratasóra a athrú go dtí tréithe gnéasacha agus cuma fhisiceach an ghnéis eile (dá ngairtear “an gnéas nua” san alt seo), agus

(b) má tá ainm (dá ngairtear “an t-ainm nua” san alt seo) á úsáid ag an iarratasóir seachas an ceann dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(2) d’alt (10) nó, más cuí, seachas an t-ainm a taifeadadh sa phas is deireanaí roimhe sin a eisíodh chuig an iarratasóir,

féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chuig an Aire go ndéanfar an pas a eisiúint chuig an iarratasóir san ainm nua, más cuí, agus go ndéanfar gnéas nua an iarratasóra a thaifeadadh ann.

(2) I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir ar phas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an fhianaise seo a leanas a thabhairt ar aird don Aire—

(a) fianaise (lena n-áirítear fianaise liachta ó lia-chleachtóir cláraithe) chun sástacht an Aire á dhaingniú go ndeachaigh an t-iarratasóir, nó go bhfuil an t-iarratasóir ag dul, faoi chóireáil nó faoi bhearta, nó faoi chóireáil agus faoi bhearta, chun tréithe gnéasacha agus cuma fhisiceach an iarratasóra a athrú go dtí tréithe gnéasacha agus cuma fhisiceach an ghnéis nua, agus

(b) más cuí, fianaise chun sástacht an Aire i dtaobh úsáid an ainm nua ag an iarratasóir,

féadfaidh an tAire, faoi réir an Achta seo, pas a eisiúint chuig an iarratasóir san ainm nua, más cuí, agus ar pas é ina ndéantar gnéas nua an iarratasóra a thaifeadadh.

(3) Maidir le pas a eisiúint chuig duine de réir an ailt seo—

(a) ní thugtar aon cheart nó teideal don duine nach mbaineann le críocha an Achta seo tríd an eisiúint sin, nó

(b) ní dhéanann an eisiúint sin difear d’aon cheart, teideal, dualgas nó oibleagáid a éiríonn faoi reacht nó ar shlí eile.

(4) San alt seo, ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe”—

(a) duine atá cláraithe i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí arna bhunú faoi alt 26 d’Acht na Lia-Chleachtóirí 1978, nó

(b) i gcás duine atá lasmuigh den Stát, duine atá i dteideal, faoi dhlí na háite ina bhfuil an duine, míochaine a chleachtadh san áit sin.

Diúltú pas a eisiúint.

12 .— (1) Diúltóidh an tAire pas a eisiúint chuig duine más rud é—

(a) nach bhfuil an tAire sásta gur saoránach Éireannach an duine,

(b) nach bhfuil an tAire sásta maidir le céannacht an duine,

(c) gur dhóigh, i dtuairim an Aire, tar éis dul i gcomhairle, más cuí, leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí nó leis an Aire Cosanta, nó leo araon, go mbeadh an duine ag gabháil d’iompar—

(i) a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don tslándáil náisiúnta nó do shlándáil stáit eile,

(ii) a d’fhéadfadh sábháilteacht an phobail nó ord poiblí a chur i mbaol,

(iii) a bheadh contrártha do leas an phobail, nó

(iv) a d’fhéadfadh an duine sin nó daoine eile a chur i mbaol,

(d) go mbeidh fógra tugtha don Aire ag an tSeirbhís Chúirteanna á rá gur ordaigh cúirt sa Stát don duine (lena n-áirítear ar mhodh coinníll cúirtbhanna ina ndeachaigh an duine agus á ligean faoi bhannaí faoin Acht um Bannaí 1997) aon phas atá ina sheilbh nó ina seilbh a thabhairt suas nó, mura bhfuil pas ina sheilbh nó ina seilbh, staonadh ó iarratas a dhéanamh ar phas fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm,

(e) i dtaca leis an iarratas áirithe ar phas a eisiúint, go ndéanann duine (cibé acu is é nó is í an t-iarratasóir nó nach ea)—

(i) faisnéis nó doiciméid atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a sholáthar go feasach nó go meargánta, nó

(ii) dearbhú reachtúil, nó mionnscríbhinn a mhionnú, atá bréagach agus go bhfuil a fhios aige nó aici é nó í a bheith bréagach nó go bhfuil sé nó sí meargánta i dtaobh an bhfuil sé nó sí bréagach,

(f) gur leanbh an duine agus nach gcomhlíontar alt 14 i ndáil le pas a eisiúint chuig an leanbh, nó

(g) go mbeidh fógra tugtha don Aire ag an tSeirbhís Chúirteanna á rá go ndearnadh ordú ag ceangal pas aon linbh a thabhairt suas nó ag ceangal ar aon duine staonadh ó iarratas a dhéanamh ar phas d’aon leanbh fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm.

(2) Féadfaidh an tAire diúltú pas a eisiúint chuig duine más rud é—

(a) nach ndéanann an t-iarratas ar phas a eisiúint chuig an duine alt 6 a chomhlíonadh, nó

(b) go sealbhaíonn an duine pas bailí agus nach bhfuil aon chúis dhóthanach ann, i dtuairim an Aire, chun pas eile a eisiúint chuige nó chuici.

(3) I gcás ina ndiúltaíonn an tAire pas a eisiúint chuig duine faoin alt seo, déanfaidh an tAire an bhreith agus forais an diúltaithe a chur in iúl don duine trí fhógra i scríbhinn.

Faisnéis a úsáid agus foirm na bpasanna.

13 .— (1) Féadfaidh an tAire cibé faisnéis a sholáthróidh iarratasóir dó nó di i dtaca le hiarratas ar phas a thaifeadadh i bpas, lena n-áirítear sonraí bithmhéadracha, a mheasfaidh an tAire is gá chun an t-iarratasóir a chéannú i cibé foirm is cuí leis an Aire ag féachaint do chaighdeáin agus do chleachtas idirnáisiúnta iomchuí maidir le heisiúint agus foirm pasanna i gcoitinne.

(2) Beidh pas i cibé foirm a cheadóidh an tAire.

Pasanna do leanaí.

14 .— (1) Faoi réir an ailt seo, beidh an tAire sásta, ar fhorais réasúnacha, sula n-eiseoidh sé nó sí pas chuig leanbh, go dtoilíonn gach duine is caomhnóir de chuid an linbh pas a eisiúint chuig an leanbh.

(2) Más rud é nach caomhnóir de chuid an linbh tuismitheoir linbh, déanfaidh an tAire, le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh pas a eisiúint chuig an leanbh gan toiliú ón tuismitheoir sin de chuid an linbh leis an eisiúint sin, aird a thabhairt ar imthosca an cháis a mhéid is eol don Aire iad.

(3) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an tAire pas a eisiúint chuig leanbh gan toiliú ó chaomhnóir de chuid an linbh leis an eisiúint sin má dhéanann cúirt sa Stát ordú á ordú go bhféadfar pas a eisiúint chuig an leanbh gan toiliú ón gcaomhnóir sin de chuid an linbh leis an eisiúint sin.

(4) Má dhéanann cúirt sa Stát ordú faoi aon achtachán lena n-údaraítear do dhuine seachas caomhnóir de chuid an linbh (lena n-áirítear Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) toiliú a thabhairt chun pas a eisiúint chuig an leanbh, féadfaidh an tAire, faoi réir an Achta seo agus fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm, pas a eisiúint chuig an leanbh de réir an ordaithe.

(5) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an tAire, ar iarratas chuige nó chuici de réir alt 6 ó chaomhnóir linbh chuige sin, pas a eisiúint chuig an leanbh gan toiliú ón gcaomhnóir eile de chuid an linbh leis an eisiúint sin, mura bhfuil sé praiticiúil nó cuí don chaomhnóir sin de chuid an linbh, de bhíthin go bhfuil gnáthchónaí ar an gcaomhnóir céadluaite agus ar an leanbh lasmuigh den Stát, ordú a fháil ó chúirt sa Stát á ordú go bhféadfar pas a eisiúint chuig an leanbh gan toiliú ón gcaomhnóir eile de chuid an linbh leis an eisiúint sin agus más deimhin leis an Aire—

(a) ag féachaint d’imthosca uile an cháis, lena n-áirítear ar thug nó nár thug an caomhnóir eile sin de chuid an linbh fógra i scríbhinn don Aire á rá go bhfuil sé nó sí ag cur i gcoinne pas a eisiúint chuig an leanbh, agus

(b) chun leas an linbh a áirithiú,

gur ceart pas a eisiúint chuig an leanbh.

(6) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an tAire, ar iarratas chuige nó chuici de réir alt 6 ó chaomhnóir de chuid an linbh nó ó aon duine eile a bhfuil suim aige nó aici i leas an linbh chuige sin, pas a eisiúint chuig an leanbh gan toiliú ón gcaomhnóir eile de chuid an linbh nó, más cuí, ó aon duine de chaomhnóirí an linbh, leis an eisiúint sin, más deimhin leis an Aire—

(a) go bhfuil imthosca eisceachtúla ann i ndáil leis an leanbh lena ngabhann baol láithreach tromaí díobhála dá bheo nó dá beo, dá shláinte nó dá sláinte, nó dá shábháilteacht nó dá sábháilteacht, a fhágann gur gá dó nó di taisteal a dhéanamh ar gá pas lena aghaidh, agus

(b) chun leas an linbh a áirithiú,

gur ceart pas a eisiúint chuig an leanbh.

(7) Beidh bailíocht ag pas a eiseofar faoi fho-alt (6) ar feadh cibé tréimhse is cuí leis an Aire sna himthosca.

(8) Féadfaidh an tAire, chun críocha fho-alt (1), a mheas, maidir le toiliú pas a eisiúint chuig leanbh arna thabhairt i scríbhinn ag caomhnóir de chuid linbh, gur toiliú é ón gcaomhnóir sin de chuid an linbh pas a eisiúint chuig an leanbh aon tráth nó tráthanna tar éis an toiliú a thabhairt go dtí go slánóidh an leanbh lán-aois, mura rud é go ndéanann an caomhnóir sin de chuid an linbh an toiliú a chúlghairm trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Aire.

(9) D’ainneoin fho-alt (8), ceanglóidh an tAire ar chaomhnóir amháin de chuid linbh a dhéanann iarratas chuig an Aire chun pas a eisiúint chuig an leanbh toiliú a thabhairt i scríbhinn leis an eisiúint sin.

Saoráidí taistil éigeandála.

15 .— (1) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an tAire, ar iarratas chuige nó chuici de réir alt 6 chuige sin, pas a eisiúint (dá ngairtear “pas éigeandála” san alt seo) chuig duine, más deimhin leis an Aire—

(a) go ndearnadh pas a eisíodh chuig an duine a chailliúint, a ghoid nó a dhamáistiú, nó nach bhfuil sé ar fáil go sealadach nó nach sealbhaíonn an duine pas bailí,

(b) go soláthraíonn an duine fianaise go bhfuil sé beartaithe aige nó aici taisteal a dhéanamh láithreach ar taisteal é ar gá pas lena aghaidh, agus

(c) de bhíthin na n-imthosca práinne a bhaineann leis an iarratas, nach bhfuil dóthain ama ann chun pas seachas pas éigeandála a eisiúint chuig an duine.

(2) Féadfaidh an tAire, ar iarratas chuige nó chuici de réir an ailt seo chuige sin, deimhniú taistil éigeandála (dá ngairtear “deimhniú taistil éigeandála” san alt seo) a eisiúint chuig duine más rud é—

(a) go bhfuil cúis réasúnach ann chun a chreidiúint gur saoránach Éireannach an duine nó go bhféadfadh sé gur saoránach Éireannach an duine,

(b) go bhfuil cúis réasúnach ann chun a chreidiúint—

(i) go ndearnadh pas a eisíodh chuig an duine a chailliúint, a ghoid, nó a dhamáistiú, nó nach bhfuil sé ar fáil go sealadach, nó

(ii) nach sealbhaíonn an duine pas bailí,

agus

(c) go soláthraíonn an duine fianaise go bhfuil sé beartaithe aige nó aici taisteal a dhéanamh láithreach, ach, de bhíthin na n-imthosca práinne a bhaineann leis an iarratas, nach féidir leis an duine ceanglais an Achta seo a chomhlíonadh maidir le pas a eisiúint chuige nó chuici.

(3) Maidir le hiarratas ar dheimhniú taistil éigeandála a eisiúint chuig duine—

(a) déanfar é i cibé foirm a shonróidh an tAire, agus

(b) beidh ag gabháil leis cibé faisnéis agus doiciméid i ndáil leis an duine a cheanglóidh an tAire chun críocha an iarratais.

(4) Maidir le hiarratas ar dheimhniú taistil éigeandála a eisiúint—

(a) féadfaidh tuismitheoir nó caomhnóir de chuid linbh é a dhéanamh thar ceann an linbh, agus

(b) féadfaidh duine atá údaraithe go cuí chun gníomhú thar ceann duine ar a bhfuil éagumas coirp nó meabhrach é a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann.

(5) Beidh bailíocht ag pas éigeandála ar feadh cibé tréimhse is lú ná aon bhliain amháin is cuí leis an Aire.

(6) Beidh bailíocht ag deimhniú taistil éigeandála ar feadh cibé tréimhse is cuí leis an Aire chun a chumasú don duine ar ina leith a eisítear an deimhniú an turas a dhéanamh ar ina leith a eisítear é.

Pasanna taidhleoireachta agus pasanna oifigiúla.

16 .— (1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas chuige nó chuici de réir alt 6 chuige sin ó dhuine atá i dteideal, de réir an Achta seo, go n-eiseofar pas chuige nó chuici, pas taidhleoireachta a eisiúint chuig an duine más rud é—

(a) gur oifigeach don Aire é nó í ag a bhfuil céim thaidhleoireachta, nó

(b) gur duine, nó gur duine d’aicme daoine, é nó í ar dóigh leis an Aire gur cuí pas den sórt sin a eisiúint chuige nó chuici,

chun a éascú dó nó di taisteal thar lear i dtaca le dualgais oifigiúla a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire, ar iarratas de réir alt 6 chuige sin ó dhuine atá i dteideal, de réir an Achta seo, go n-eiseofar pas chuige nó chuici, pas oifigiúil a eisiúint chuig an duine chun a éascú dó nó di taisteal thar lear i dtaca le comhlíonadh dualgas oifigiúil aige nó aici thar ceann an Stáit.

(3) Ní dheonófar iarratas ar phas oifigiúil faoi fho-alt (2) mura rud é go mbeidh sé ceadaithe, agus curtha faoi bhráid an Aire thar ceann an iarratasóra, ag Roinn Stáit.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “pas taidhleoireachta” pas a thuairiscítear amhlaidh ar a éadan, agus a léiríonn ar an dóigh sin gur oifigeach don Aire ag a bhfuil céim thaidhleoireachta an duine a n-eisítear chuige nó chuici é nó gur duine é nó í a thagann faoi réim fho-alt (1)(b) agus ar pas é ina dtaifeadtar an oifig a shealbhaíonn an duine sin nó an post atá aige nó aici;

ciallaíonn “ pas oifigiúil ” pas a thuairiscítear amhlaidh ar a éadan, agus a léiríonn ar an dóigh sin gur duine atá ag comhlíonadh dualgais oifigiúla thar ceann an Stáit an duine a n-eisítear chuige nó chuici é, agus ar pas é ina dtaifeadtar an oifig a shealbhaíonn an duine sin nó an post atá aige nó aici.

Nósanna imeachta maidir le pasanna a chailltear nó a ghoidtear.

17 .— (1) Má chreideann duine a n-eisítear pas chuige nó chuici gur cailleadh nó gur goideadh an pas, cuirfidh sé nó sí an caillteanas nó an ghoid in iúl don Aire agus don Gharda Síochána a luaithe is féidir.

(2) I gcás ina gcuirfidh duine in iúl don Aire faoi fho-alt (1) gur cailleadh nó gur goideadh pas a eisíodh chuige nó chuici, féadfaidh an tAire—

(a) imthosca an chaillteanais nó na gada a fhiosrú agus a cheangal ar an duine cibé faisnéis a sholáthar a mheasann an tAire a bheith riachtanach maidir leis na himthosca sin, agus

(b) faoi réir an Achta seo agus ar iarratas chuige nó chuici de réir alt 6 chuige sin, pas eile nó deimhniú taistil éigeandála, de réir mar is cuí, a eisiúint chuig an duine.

Pasanna a chealú agus a thabhairt suas.

18 .— (1) Féadfaidh an tAire pas arna eisiúint chuig duine a chealú más rud é—

(a) go dtagann an tAire ar eolas faoi fhíoras nó faoi imthoisc, cibé acu roimh an bpas a eisiúint nó dá éis sin a tharla an fíoras nó an imthoisc, a d’fhágfadh go mbeadh air nó uirthi, nó go gceadófaí dó nó di, diúltú faoi alt 12 an pas a eisiúint chuig an duine dá mbeadh an tAire ar an eolas faoin bhfíoras nó faoin imthoisc sular eisíodh an pas,

(b) go gcuireann an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí in iúl don Aire go ndearna an tAire sin den Rialtas saoránacht Éireann an duine (duine eadóirsithe) a chúlghairm nó gur thréig an duine saoránacht Éireann,

(c) gurb é tuairim an Aire, tar éis dul i gcomhairle, más cuí, leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí nó leis an Aire Cosanta, nó leo araon, gur dóigh don duine gabháil d’iompar a thagann faoi réim aon cheann amháin nó níos mó d’fhomhíreanna (i) go (iv) d’alt 12(1)(c),

(d) i gcás pas arna eisiúint chuig leanbh faoi fho-alt (5)(6) d’alt 14, go dtiocfaidh an tAire ar an eolas faoi fhíoras nó faoi imthoisc ar deimhin leis nó léi i ndáil leis nó léi gur ceart an pas a chealú chun leas an linbh an áirithiú,

(e) go gcuirtear in iúl don Aire go bhfuil an pas i seilbh nó faoi urláimh duine eile gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach, nó

(f) go ndéanann an duine, nó duine eile atá údaraithe go cuí chun gníomhú thar a cheann nó thar a ceann, a chur in iúl don Aire gur cailleadh nó gur goideadh an pas.

(2) I gcás ina ndéantar pas arna eisiúint chuig duine a chealú faoi fho-alt (1), déanfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn, an cealú agus na forais leis an gcealú a chur in iúl don duine.

(3) I gcás ina ndéantar pas arna eisiúint chuig duine a chealú faoi fho-alt (1), déanfaidh an duine, má tá an pas ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina urláimh nó faoina hurláimh, an pas a thabhairt suas don Aire a luaithe is féidir.

(4) I gcás ina gcealaítear pas faoi fho-alt (1), féadfaidh an tAire, más cuí, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an duine a bhfuil an pas ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina urláimh nó faoina hurláimh, an pas a thabhairt suas don Aire laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra.

(5) Aon duine a bhfuil pas, seachas pas a eisíodh chuige nó chuici, ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina urláimh nó faoina hurláimh gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is féidir, é a thabhairt suas don Aire nó é sheachadadh ar stáisiún Garda Síochána.

(6) Déanfaidh iarratasóir ar phas, má cheanglaíonn an tAire air nó uirthi amhlaidh, pas a eisíodh chuige nó chuici (cibé acu atá, nó nach bhfuil, bailíocht ag an bpas sin) a thabhairt suas don Aire sula bhféadfar pas eile a eisiúint chuige nó chuici.

(7) Folaíonn tagairt san alt seo do phas tagairt do dhoiciméad a d’eisigh an tAire mar phas roimh thosach feidhme ailt 6 agus 7 agus a scoir de bhailíocht a bheith aige roimh thosach feidhme alt 27(1).

Achomhairc.

19 .— (1) Aon duine atá míshásta le breith ón Aire faoi mhír (b), (c), (d), (e), (f) (g) d’fho-alt (1), nó faoi fho-alt (2), d’alt 12 i ndáil le hiarratas ar phas a eisiúint chuige nó chuici, féadfaidh sé nó sí achomharc a dhéanamh chuig oifigeach achomhairc pas in aghaidh na breithe.

(2) Aon duine atá míshásta le breith ón Aire faoi mhír (a) (seachas breith arna déanamh ar an bhforas nach saoránach Éireannach an duine), (c), (d), (e)(f) d’alt 18(1) maidir le cealú pas arna eisiúint chuige nó chuici, féadfaidh sé nó sí achomharc a dhéanamh chuig oifigeach achomhairc pas in aghaidh na breithe.

(3) Aon duine atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar phas a eisiúint thar ceann duine eile faoi alt 6, féadfaidh sé nó sí achomharc a dhéanamh thar ceann an duine eile sin in aghaidh breithe ón Aire dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(2).

(4) Féadfaidh an tAire duine amháin nó níos mó ag a bhfuil eolas nó taithí a bhaineann le pasanna a eisiúint, i dtuairim an Aire, a cheapadh mar oifigeach achomhairc pas (dá ngairtear “ oifigeach achomhairc pas ” san Acht seo).

(5) Sealbhóidh oifigeach achomhairc pas oifig ar feadh téarma 3 bliana.

(6) Íocfar le hoifigeach achomhairc pas cibé luach saothair (más ann), agus cibé liúntais i leith caiteachas, a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(7) Maidir le hoifigeach achomhairc pas—

(a) féadfaidh sé nó sí éirí as oifig trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a gheobhaidh an tAire an litir,

(b) féadfaidh an tAire é nó í a chur as oifig ach sin más rud é, agus más rud é amháin, i dtuairim an Aire, go bhfuil sé nó sí tar éis teacht chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh go héifeachtach nó gur mhí-iompair sé nó sí é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe.

(8) Beidh oifigeach achomhairc pas neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo.

(9) Maidir le hachomharc faoin alt seo, déanfar i scríbhinn é chuig oifigeach achomhairc pas agus beidh ráiteas ar na forais ar a bhfuil an t-achomharcóir ag brath ag gabháil leis an iarratas.

(10) Déanfaidh an t-oifigeach achomhairc pas cóip de ráiteas an achomharcóra faoi fho-alt (9) a chur ar aghaidh chuig an Aire.

(11) Déanfaidh an tAire tuairimí i scríbhinn maidir le forais an achomhairc a thabhairt don oifigeach achomhairc pas agus cóip de na tuairimí sin a thabhairt don achomharcóir lena mbaineann agus tabharfar deis don achomharcóir freagra a thabhairt ar na tuairimí sin.

(12) Féadfaidh oifigeach achomhairc pas, le linn achomharc faoin alt seo a chinneadh—

(a) breith an Aire a dhaingniú, nó

(b) moladh a dhéanamh gur ceart breith an Aire a chur ar ceal,

agus déanfaidh sé nó sí, trí fhógra i scríbhinn, a chinneadh nó a cinneadh, agus na cúiseanna atá leis, a chur in iúl don Aire agus don achomharcóir lena mbaineann.

(13) I gcás nach nglacann an tAire leis an moladh ó oifigeach achomhairc pas faoi fho-alt (12)(b), déanfaidh an tAire an méid sin, agus na cúiseanna atá ann le déanamh amhlaidh, a chur in iúl don oifigeach achomhairc pas agus don achomharcóir lena mbaineann trí fhógra i scríbhinn.

(14) Féadfaidh an t-achomharcóir achomharc faoin alt seo a tharraingt siar trí fhógra um tharraingt siar a chur chuig an oifigeach achomhairc pas.

(15) Féadfaidh an tAire teorainneacha ama a fhorordú maidir le hachomhairc faoin alt seo a dhéanamh agus a chinneadh agus maidir le cibé nithe foghabhálacha, forlíontacha nó iarmhartacha is gá chun éifeacht iomlán a thabhairt don alt seo.

Cionta.

20 .— (1) Aon duine, cibé acu sa Stát nó in áit eile—

(a) a dhéanann, i dtaca le hiarratas ar phas a eisiúint (cibé acu is chuige féin nó chuici féin nó chuig duine eile nó nach ea), faisnéis nó doiciméid a sholáthar atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, agus arb eol dó nó di ina leith, nó a gcreideann sé nó sí ina leith, go bhfuil sí nó siad bréagach nó míthreorach amhlaidh nó atá meargánta i dtaobh iad a bheith bréagach nó míthreorach amhlaidh,

(b) a bhfuil pas ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina urláimh nó faoina hurláimh gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach ar pas bréagach é agus arb eol dó nó di ina leith, nó a gcreideann sé nó sí ina leith, gur pas bréagach é,

(c) a úsáideann pas nár eisíodh chuige nó chuici, nó a fhéachann le pas nár eisíodh chuige nó chuici a úsáid, mar fhianaise ar chéannacht nó ar shaoránacht (cibé acu is i dtaca le taisteal thar lear a dhéantar é nó nach ea i gceachtar cás), agus arb eol dó nó di ina leith, nó a gcreideann sé nó sí ina leith, nár eisíodh chuige nó chuici é,

(d) a úsáideann pas atá bréagach, nó a fhéachann le pas atá bréagach a úsáid, mar fhianaise ar chéannacht nó ar shaoránacht (cibé acu is i dtaca le taisteal thar lear a dhéantar é nó nach ea i gceachtar cás), agus arb eol dó nó di ina leith, nó a gcreideann sé nó sí ina leith, gur pas bréagach é,

(e) a úsáideann pas a cealaíodh, nó a cheanglaítear a thabhairt suas don Aire, faoi alt 18, nó a fhéachann le pas den sórt sin a úsáid, mar fhianaise ar chéannacht nó ar shaoránacht (cibé acu is i dtaca le taisteal thar lear a dhéantar é nó nach ea i gceachtar cás) ar pas é arb eol dó nó di ina leith, nó a gcreideann sé nó sí ina leith, gur cealaíodh amhlaidh é nó go gceanglaítear é a thabhairt suas amhlaidh,

(f) a cheadaíonn do dhuine eile—

(i) pas a eisíodh chuige nó chuici, nó

(ii) pas seachas pas a eisíodh chuige nó chuici agus atá ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina urláimh nó faoina hurláimh,

a úsáid go bréagach mar fhianaise ar chéannacht nó ar shaoránacht an duine sin (cibé acu is i dtaca le taisteal thar lear a dhéantar é nó nach ea i gceachtar cás), nó atá meargánta maidir le húsáid sin an phas ag duine eile,

(g) a dhíolann pas nó a fhéachann le pas a dhíol (cibé acu is pas é a eisíodh chuige nó chuici nó nach ea),

(h) a dhéanann pas a dhamáistiú nó a dhíothú (cibé acu is pas é a eisíodh chuige nó chuici nó nach ea),

(i) a dhéanann go feasach pas atá bréagach, nó a fhéachann go feasach le pas atá bréagach a dhéanamh,

(j) a dhéanann, nó a bhfuil ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina urláimh nó faoina hurláimh aige nó aici, gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach, meaisín, stampa, uirlis, páipéar nó aon ábhar eile atá, go bhfios dó nó di, deartha nó oiriúnaithe, nó a dearadh nó a oiriúnaíodh, go bhfios dó nó di, go speisialta chun pas atá bréagach a dhéanamh le hintinn go n-úsáidfí amhlaidh é, nó

(k) a gceanglaítear air nó uirthi, le fo-alt (3), (4) (5) d’alt 18, pas a thabhairt suas don Aire, nó a gceanglaítear air nó uirthi, mar mhalairt air sin, leis an bhfo-alt sin (5) pas a sheachadadh ar stáisiún Garda Síochána, ach nach ndéanann amhlaidh de réir an cheanglais, gan leithscéal réasúnach,

tá sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine a úsáideann pas nár eisíodh chuige nó chuici, agus arb eol dó nó di ina leith, nó a gcreideann sé nó sí ina leith, nár eisíodh chuige nó chuici é, nó a fhéachann le pas den sórt sin a úsáid, chun a chur i gcéill ina leith féin go bhfuil aois áirithe aige nó aici chun go ligfí é nó í isteach, nó go gceadófaí dó nó di a bheith, sa bheár—

(a) in áitreabh ceadúnaithe le linn uaireanta áirithe den lá de réir na nAchtanna Ceadúnúcháin 1833 go 2004, nó

(b) in áitreabh club arna chlárú faoi Achtanna Clárú na gClubanna 1904 go 2004 le linn uaireanta áirithe den lá de réir na nAchtanna sin,

tá sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Aon duine atá ciontach i gcion faoi mhír (b), (c), (h), (j)(k) d’fho-alt (1), dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(4) Aon duine atá ciontach i gcion faoi mhír (a), (d), (e), (f), (g)(i) d’fho-alt (1), dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) Aon duine atá ciontach i gcion faoi fho-alt (2), dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €500 a chur air nó uirthi.

(6) San alt seo—

tá le “beár” agus “áitreabh ceadúnaithe” na bríonna atá leo san Acht Deochanna Meisciúla 2003;

ciallaíonn “pas bréagach”—

(a) pas atá bréagach, nó

(b) pas a eisítear tar éis faisnéis nó doiciméid atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a sholáthar i dtaca leis an iarratas ar an bpas;

tá le “bréagach” agus leis an mbriathar “déanamh”, i ndáil le pas, na bríonna a shanntar dóibh le halt 21.

(7) Folaíonn tagairt san alt seo (seachas fo-alt (1)(a)) agus in alt 21 do phas tagairt do dhoiciméad a d’eisigh an tAire mar phas roimh thosach feidhme ailt 6 agus 7 agus a scoir de bhailíocht a bheith aige roimh thosach feidhme alt 27(1).

An bhrí atá le “bréagach” agus “déanamh”.

21 .— (1) Chun críocha alt 20, tá pas bréagach más rud é

(a) go n-airbheartaíonn sé gur eisigh an tAire é, ach nach é nó í an tAire a d’eisigh é iarbhír,

(b) go n-airbheartaíonn sé gur eisigh an tAire é agus na sonraí atá ann (lena n-áirítear sonraí bithmhéadracha) san áireamh ann, ach nár eisigh an tAire é iarbhír agus na sonraí sin (lena n-áirítear sonraí bithmhéadracha) san áireamh ann, nó

(c) go n-airbheartaíonn sé gur athraigh an tAire é ar aon bhealach, ach nár athraigh an tAire é iarbhír ar an mbealach sin.

(2) Déileálfar le duine, chun críocha alt 20, mar dhuine a dhéanann pas atá bréagach más rud é go n-athraíonn sé nó sí pas ionas gur pas bréagach é ar aon bhealach (cibé acu atá sé nó nach bhfuil sé bréagach ar bhealach éigin eile ar leith ón athrú sin).

Cionta a thriail go hachomair.

22 .— (1) Féadfaidh an Chúirt Dúiche duine a chúisítear i gcion faoi aon mhír d’alt 20(1) a thriail go hachomair más rud é—

(a) gurb é tuairim na Cúirte gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh,

(b) nach ndéanann an cúisí, ar an gCúirt a chur in iúl dó nó di go bhfuil de cheart aige nó aici go dtriailfear é nó í le giúiré, agóid i gcoinne é nó í a thriail go hachomair, agus

(c) go dtoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis an gcúisí a thriail go hachomair sa chion.

(2) Aon duine atá ciontach i gcion faoi fho-alt (1), dlífear fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Imeachtaí a bhaineann le cionta arna ndéanamh lasmuigh den Stát.

23 .— (1) Maidir le himeachtaí i leith ciona faoi aon mhír de chuid alt 20(1) i ndáil le gníomh nó neamhghníomh arna dhéanamh lasmuigh den Stát, féadfar iad a thionscnamh in aon áit sa Stát agus féadfar déileáil leis an gcion chun gach críche teagmhasaí mar chion a rinneadh san áit sin.

(2) I gcás ina gcúisítear duine i gcion dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní fhéadfaidh ach an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí imeachtaí breise maidir leis an ní (seachas aon athchur i gcoimeád nó faoi bhannaí) a thionscnamh nó ní fhéadfar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh ach amháin le toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Dliteanas i leith cionta ag comhlachtaí corpraithe.

24 .— (1) I gcás ina ndéanann comhlacht corpraithe cion faoi aon mhír de chuid alt 20(1) agus ina gcruthaítear go ndearnadh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí toiliúla ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó aon duine eile a d’airbheartaigh gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(2) I gcás ina ndéanann comhaltaí comhlachta chorpraithe gnóthaí an chomhlachta chorpraithe sin a bhainistiú, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtainí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna bainistíochta amhail is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir de chuid an chomhlachta chorpraithe é nó í.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí 1997.

25 .— Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí 1997 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 18:

“Cionta a bhaineann le pasanna.

18A. Cion faoi aon mhír d’alt 20(1) d’Acht na bPasanna 2007.”.

Pasanna le fanacht ina maoin de chuid an Aire.

26 .— Fanfaidh pas ina mhaoin de chuid an Aire gach tráth.

Cosaint.

27 .— (1) Maidir le pas arna eisiúint ag an Aire roimh thosach feidhme ailt 6 agus 7, ar pas bailí é, measfar gur eisíodh faoin Acht seo é agus, faoi réir an Achta seo, leanfaidh sé de bhailíocht a bheith aige tar éis an tosach feidhme sin ar feadh an chuid de thréimhse a bhailíochta nach mbeidh caite.

(2) Maidir le saoráidí pas a sholáthar do leanbh ar mhodh taifid i bpas arna eisiúint ag an Aire chuig tuismitheoir nó chuig caomhnóir de chuid an linbh roimh an 1 Deireadh Fómhair 2004, beidh bailíocht acu—

(a) go dtí go scoirfidh an pas lena mbaineann de bhailíocht a bheith aige,

(b) go dtí go slánóidh an leanbh 16 bliana d’aois, nó

(c) go dtí go n-eiseofar pas don leanbh,

cibé acu is túisce a tharlóidh.

(3) Aon iarratas chuig an Aire ar phas a eisiúint chuig duine a rinneadh roimh thosach feidhme ailt 6 agus 7 agus nach raibh cinneadh déanta ina leith roimh an tosach feidhme sin, measfar ina leith, ar an tosach feidhme sin, gur iarratas é ar phas a eisiúint chuig an duine faoin Acht seo agus beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an iarratas dá réir sin.

CUID 3

Ilghnéitheach

Leasú ar an Acht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993.

28 .— Leasaítear an tAcht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993—

(a) in alt 1, trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘ aon oifigeach don Aire ’ duine (cibé acu is státseirbhíseach é nó í nó nach ea) a chomhlíonann feidhmeanna mar oifigeach don Aire sa Stát nó in aon tír nó áit lasmuigh den Stát;

folaíonn ‘ doiciméid taistil ’ Doiciméad Taistil an Aontais Eorpaigh arna eisiúint de réir Chinneadh an 25 Meitheamh 1996 ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, i ndáil chomhairle dóibh sa Chomhairle, maidir le doiciméad taistil éigeandála a bhunú (96/409/CFSP)1 ;”,

(b) in alt 2, trí “maidir le haon oifigeach don Aire a chomhlíonann feidhmeanna mar oifigeach don Aire i ndáil le seirbhísí consalachta a thabhairt, nó le pasanna, víosaí, nó doiciméid eile taistil, a eisiúint” a chur in ionad “maidir le haon oifigeach don Aire arna cheapadh ag an Aire chun bheith ina dhuine lena mbaineann ailt 3 (seachas fo-alt (2) den alt sin) agus 4 den Acht seo”, agus

(c) in alt 3—

(i) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh lena socraítear na táillí a bheidh le gearradh i leith cibé seirbhísí a shonraítear sna rialacháin, eadhon—

(a) seirbhísí consalachta, nó seirbhísí a bhaineann le pasanna, víosaí, nó doiciméid eile taistil, nuair is duine lena mbaineann alt 2 den Acht seo a dhéanann iad a thabhairt, agus

(b) duine a chur faoi aon mhionn, aon mhionnscríbhinn a thógáil, nó aon ghníomh nótaireachta a dhéanamh, a bheidh údaraithe le halt 5 den Acht seo, nuair is daoine lena mbaineann an t-alt sin a dhéanann an duine a chur faoi mhionn, an mhionnscríbhinn a thógáil, nó an gníomh nótaireachta.

(2) Féadfar na táillí a shocraítear le rialacháin faoin alt seo a ghearradh laistigh den Stát nó lasmuigh de, de réir mar is cuí.”,

agus

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Féadfar le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo táillí éagsúla a shocrú lena ngearradh i leith seirbhísí éagsúla agus i leith aon seirbhíse den sórt sin a sholáthraítear in imthosca éagsúla.”.

1IO Uimh. L 186, 06.07.1996, lch. 4