9 2008

/images/harp.jpg

Uimhir 9 de 2008

AN tACHT UM SHEIRBHÍSÍ RIALTAIS ÁITIÚIL (COMHLACHTAÍ CORPRAITHE) (ORDUITHE A DHAINGNIÚ) 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 Míniú.

2 Caiteachais.

3 Orduithe áirithe faoi alt 3 d’Acht 1971 a dhaingniú.

4 Gníomhartha áirithe arna ndéanamh ag comhlachtaí díscaoilte a dhaingniú.

5 Leasú ar orduithe faoi alt 3 d’Acht 1971.

6 Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL

Orduithe faoi alt 3 d’Acht 1971 a leasú.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe) 1971

1971, Uimh. 6

An tAcht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004

2004, Uimh. 7

/images/harp.jpg

Uimhir 9 de 2008

AN tACHT UM SHEIRBHÍSÍ RIALTAIS ÁITIÚIL (COMHLACHTAÍ CORPRAITHE) (ORDUITHE A DHAINGNIÚ) 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHT REACHTÚIL D’ORDUITHE ÁIRITHE ARNA nDÉANAMH FAOIN ACHT UM SHEIRBHÍSÍ RIALTAIS ÁITIÚIL (COMHLACHTAÍ CORPRAITHE) 1971, AGUS DO LEASÚ NA nORDUITHE SIN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[20 Bealtaine, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1 .— San Acht seo, ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe) 1971.

Caiteachais.

2 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Orduithe áirithe faoi alt 3 d’Acht 1971 a dhaingniú.

3 .— (1) Faoi réir fho-alt (5), maidir le gach ordú a rinneadh faoi alt 3 d’Acht 1971 roimh dháta an Achta seo a rith beidh éifeacht reachtúil leis amhail is dá mba Acht den Oireachtas é.

(2) Maidir le gach gníomh arna dhéanamh, nó a airbheartaítear a bheith déanta, ag comhlacht a bunaíodh faoi alt 3 d’Acht 1971, agus faoi réim agus de réir ordú arna dhéanamh faoin alt sin, beidh sé bailí éifeachtach, agus measfar go raibh sé riamh bailí éifeachtach, chun gach críche.

(3) Dá mba rud é, murach an fo-alt seo, go mbeadh fo-alt (1)(2) ar neamhréir le ceart bunreachtúil aon duine, beidh oibriú an fho-ailt sin faoi réir cibé teorannú is gá chun a áirithiú nach mbeidh sé ar neamhréir amhlaidh ach beidh lánfheidhm aige agus lánéifeacht leis thairis sin.

(4) Leanfaidh an tAcht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004, a mhéid a raibh feidhm aige maidir le hoifigeach, seirbhíseach, fostaí nó comhalta d’fhoireann comhlachta a bunaíodh faoi alt 3 d’Acht 1971 díreach roimh an Acht seo a rith, d’fheidhm a bheith aige amhlaidh tar éis an tAcht seo a rith.

(5) Ní bhainfidh an t-alt seo le hordú a bhí arna aisghairm, díreach roimh an Acht seo a rith, faoi alt 5 d’Acht 1971.

Gníomhartha áirithe arna ndéanamh ag comhlachtaí díscaoilte a dhaingniú.

4 .— (1) Maidir le gach gníomh arna dhéanamh, nó a airbheartaítear a bheith déanta, ag comhlacht díscaoilte faoi réim agus de réir ordú arna dhéanamh faoi alt 3 d’Acht 1971, beidh sé bailí éifeachtach, agus measfar go raibh sé riamh bailí éifeachtach, chun gach críche.

(2) Dá mba rud é, murach an fo-alt seo, go mbeadh fo-alt (1) ar neamhréir le ceart bunreachtúil aon duine, beidh oibriú an fho-ailt sin faoi réir cibé teorannú is gá chun a áirithiú nach mbeidh sé ar neamhréir amhlaidh ach beidh lánfheidhm aige agus lánéifeacht leis thairis sin.

(3) San alt seo, ciallaíonn “comhlacht díscaoilte ” comhlacht a bunaíodh faoi ordú a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, arna aisghairm faoi alt 5 d’Acht 1971.

Leasú ar orduithe faoi alt 3 d’Acht 1971.

5 .— Leasaítear na horduithe dá dtagraítear i gcolún (1) den Sceideal a mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal.

Gearrtheideal.

6 .— Féadfar an tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe)(Orduithe a Dhaingniú) 2008 a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Orduithe faoi alt 3 d’Acht 1971 a leasú.

Alt 5.

Ordú

(1)

Méid an leasaithe

(2)

An tOrdú um Ghníomhaireacht Athbheochana Thuaisceart Luimnigh (Bunú) 2007 (I.R. Uimh. 275 de 2007)

(1) In Airteagal 3

(a) cuirfear isteach an míniú seo a leanas:

“ciallaíonn ‘léarscáil thaiscthe’ an léarscáil arna taisceadh chun críche an Ordaithe seo ag an Aire, nó thar ceann an Aire, in oifigí na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, an 18 Feabhra 2008, agus—

(a) atá séalaithe le Séala Oifigiúil an Aire, agus

(b) a thuairiscítear a bheith taiscthe chun na críche sin;”, agus

(b) cuirfear an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “Limistéar an Tuaiscirt”:

“ciallaíonn ‘Limistéar an Tuaiscirt’ an limistéar arb éard atá ann na tailte atá sonraithe laistigh d’imill inmheánacha na línte dearga agus a bhfuil haitseáil dhearg orthu ar an léarscáil thaiscthe, ar a n-áirítear forbairtí tithíochta Mhaigh Rosa agus Pháirc Mhuire;”.

(2) Leasófar Airteagal 6—

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (f) d’fho-airteagal (1):

“(f) comhalta den Gharda Síochána arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Aire;

(ff) fostaí d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Aire;

(fg) comhalta d’fhoireann an Fhorais Áiseanna Saothair arna ainmniú nó arna hainmniú ag an Aire;”,

agus

(b) trí “ceathrar” a chur in ionad “triúr” i mír (g) d’fho-airteagal (1).

(3) Cuirfear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 12:

“Cóipeanna den léarscáil thaiscthe.

13.—A luaithe is indéanta tar éis an tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe) (Orduithe a Dhaingniú) 2008 a rith—

(a) déanfaidh an tAire cóipeanna den léarscáil thaiscthe a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag daoine den phobal gach tráth réasúnach in oifigí na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, agus

(b) déanfaidh an Ghníomhaireacht cóipeanna den léarscáil thaiscthe a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag daoine den phobal gach tráth réasúnach ina hoifigí, agus déanfaidh sí an léarscáil a fhoilsiú ar an idirlíon freisin.”.

An tOrdú um Ghníomhaireacht Athbheochana Dheisceart Luimnigh (Bunú) 2007 (I.R. Uimh. 276 de 2007)

(1) In Airteagal 3

(a) cuirfear isteach an míniú seo a leanas:

“ciallaíonn ‘léarscáil thaiscthe’ an léarscáil arna taisceadh chun críche an Ordaithe seo ag an Aire, nó thar ceann an Aire, in oifigí na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, an 18 Feabhra 2008, agus—

(a) atá séalaithe le Séala Oifigiúil an Aire, agus

(b) a thuairiscítear a bheith taiscthe chun na críche sin;”,

agus

(b) cuirfear an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “Limistéar an Deiscirt”:

“ciallaíonn ‘Limistéar an Deiscirt’ an limistéar arb éard atá ann na tailte atá sonraithe laistigh d’imill inmheánacha na línte dearga agus a bhfuil haitseáil dhearg orthu ar an léarscáil thaiscthe, ar a n-áirítear forbairtí tithíochta Pháirc Carew, Pháirc Mhic Aoidh, Pháirc Chinn Cora, Pháirc Uí Mháille, Dhoire Feá, Pháirc Chlár Aidhne agus Pháirc Chraobh Chomhartha;”.