13 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 2008


AN tACHT CEIMICEÁN 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2 . Léiriú.

3 . Fógraí a sheirbheáil.

4 . Caiteachais.

CUID 2

Rialacháin agus Cóid Chleachtais

5 . Rialacháin.

6 . Athbhreithnithe ar fhorálacha reachtúla iomchuí ceimiceán agus tograí maidir le forálacha den sórt sin.

7 . Cóid chleachtais.

CUID 3

Údaráis Náisiúnta

8 . Údaráis náisiúnta.

9 . Socruithe um chomhar.

10 . Táillí i gcomhair seirbhísí.

CUID 4

Forfheidhmiú

11 . Cigirí a cheapadh.

12 . Cumhachtaí cigirí.

13 . Díolúine agus slánú.

14 . Ordacháin le haghaidh plean feabhsúcháin.

15 . Fógra um shárú.

16 . Fógra toirmisc.

17 . Sárú ar fhógra toirmisc — iarratas chun na hArd-Chúirte.

18 . Imscrúduithe agus tuarascálacha speisialta.

19 . Iarratas chun na hArd-Chúirte maidir le gníomhaíocht lena ngabhann baol tromaí.

20 . Aistriú ceimiceán a thoirmeasc agus a shrianadh.

21 . Fianaise in imeachtaí.

22 . Cumhachtaí oifigigh custam agus máil ceimiceáin a choinneáil.

CUID 5

Faisnéis

23 . Faisnéis a scaipeadh ar mhaithe le leas an phobail.

24 . Ainmneacha daoine áirithe a fhoilsiú.

25 . Cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar an Acht.

26 . Fostaithe a chosaint ar phionósú mar gheall ar sháruithe ar an Acht a thuairisciú.

27 . Cumhacht chun faisnéis a éileamh.

28 . Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise.

CUID 6

Cionta agus Pionóis

29 . Cionta.

30 . Pionóis.

31 . Fógra um íocaíocht sheasta.

32 . Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

33 . Cionta a ionchúiseamh.

CUID 7

Ilghnéitheach

34 . Achomharc chun na Cúirte Cuarda ó orduithe áirithe den Chúirt Dúiche.

35 . Is i scríbhinn a bheidh fógra nó ordachán.

36 . Rialacháin agus orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

37 . Leasú ar an Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na gCuideachtaí

Na hAchtanna Cróinéirí 1962 agus 2005

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais 1924

1924, Uimh. 10

An tAcht Custam 1956

1956, Uimh. 7

An tAcht Custam agus Máil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1988

1988, Uimh. 10

Customs Consolidation Act 1876

39 & 40 Vict., c. 36

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003

An tAcht um Thráchtáil Leictreonach 2000

2000, Uimh. 27

An tAcht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992

1992, Uimh. 7

Acht na gComhphobal Eorpach 1972

1972, Uimh. 27

Acht na gComhphobal Eorpach 2007

2007, Uimh. 18

An tAcht um Fhorbairt Tionscail 1993

1993, Uimh. 19

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Fiontraíocht Éireann) 1998

1998, Uimh. 34

Petty Sessions (Ireland) Act 1851

14 & 15 Vict., c.93

An tAcht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003

2003, Uimh. 27

An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005

2005, Uimh. 10

An tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994

1994, Uimh. 5

An tAcht um Dhífhostú Éagórach 1977

1977, Uimh. 10

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007

Na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola 1996 go 2003

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 2008


AN tACHT CEIMICEÁN 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH RIALÁIL AGUS RIALÚ AR MHONARÚ, ÚSÁID, CUR AR AN MARGADH, ONNMHAIRIÚ, ALLMHAIRIÚ, IOMPAR, TÁSTÁIL, STÓRÁIL, AICMIÚ, LIPÉADÚ AGUS PACÁISTIÚ CEIMICEÁN; DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE GUAISEACHA MÓRTHIONÓISCÍ, AGUS I nDÁIL LE COSC A CHUR LE TIONÓISCÍ, INA bhFUIL CEIMICEÁIN I gCEIST; CHUN NA gCRÍOCH SIN DO THABHAIRT TUILLEADH ÉIFEACHTA DO RIALACHÁN (CE) UIMH. 304/2003 AN 28 EANÁIR 2003 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE A BHAINEANN LE hONNMHAIRIÚ AGUS ALLMHAIRIÚ CEIMICEÁN CONTÚIRTEACH 1 , DO RIALACHÁN (CE) UIMH. 648/2004 AN 31 MÁRTA 2004 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE MAIDIR LE GLANTAIGH 2 AGUS DO RIALACHÁN (CE) UIMH. 1907/2006 AN 18 NOLLAIG 2006 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE A BHAINEANN LE CEIMICEÁIN A CHLÁRÚ, A MHEASÚNÚ, A ÚDARÚ AGUS A SHRIANADH (REACH) AGUS LENA mBUNAÍTEAR GNÍOMHAIREACHT CEIMICEÁN EORPACH 3 ; DO THABHAIRT CUMHACHTA DON AIRE FIONTAR, TRÁDÁLA AGUS FOSTAÍOCHTA CHUN RIALACHÁIN A DHÉANAMH D’FHONN ÉIFEACHT A THABHAIRT D’FHORÁLACHA ÁIRITHE DE NA CONARTHAÍ A RIALAÍONN NA COMHPHOBAIL EORPACHA AGUS D’IONSTRAIMÍ ÁIRITHE DE CHUID INSTITIÚIDÍ NA gCOMHPHOBAL SIN; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN.

[9 Iúil, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Ceimiceán 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú.

2 .— (1) San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1972 ” Acht na gComhphobal Eorpach 1972;

ciallaíonn “Údarás” an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta;

folaíonn “ ceimiceán ”—

(a) ceimiceán, ullmhóid nó airceadal de réir bhrí Rialachán Rotterdam,

(b) glantach de réir bhrí Rialachán na nGlantach, agus

(c) substaint, ullmhóid nó airceadal de réir bhrí Rialachán REACH;

ciallaíonn “cód cleachtais” cód cleachtais arna ullmhú agus arna fhoilsiú, nó arna cheadú, ag an Údarás de réir alt 7, agus folaíonn sé cuid de chód cleachtais;

tá le “fógra um shárú” an bhrí an shanntar dó le halt 15;

ciallaíonn “Rialachán na nGlantach” Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 an 31 Márta 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le glantaigh, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 907/2006 an 20 Meitheamh 2006 ón gCoimisiún 4 ;

tá le “Comhphobail Eorpacha” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1972;

ciallaíonn “Rialacháin Eorpacha”—

(a) Rialachán Rotterdam,

(b) Rialachán na nGlantach, agus

(c) Rialachán REACH;

tá le “údarás seachtrach” an bhrí a shanntar dó le halt 9;

ciallaíonn “ plean feabhsúcháin ” plean a cheanglaítear a chur faoi bhráid cigire faoi alt 14;

tá le “ fógra faisnéise ” an bhrí a shanntar dó le halt 27;

ciallaíonn “ cigire ” duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 11 ag údarás náisiúnta;

ciallaíonn “ Ballstát ” stát is ball de na Comhphobail Eorpacha agus folaíonn sé stáit is páirtithe sa chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Oporto an 2 Bealtaine 1992, arna choigeartú leis an bprótacal a rinneadh sa Bhruiséil an 17 Márta 1993;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta;

ciallaíonn “ socruithe um ch omhar frithpháirteach ” socruithe faoi alt 9;

ciallaíonn “ údarás náisiúnta ”—

(a) údarás náisiúnta ainmnithe sa Stát faoi alt 8(1),

(b) údarás inniúil sa Stát faoi alt 8(2)8(3), nó

(c) duine a bheidh forordaithe de réir alt 5(3);

ciallaíonn “ áit ” aon déanmhas, áitreabh, talamh nó suíomh eile nó cuid d’áit den sórt sin, agus folaíonn sé aon choimeádán, vaigín iarnróid, soitheach, aerárthach, mótar nó feithicil eile;

ciallaíonn an briathar “ forordú ” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

tá le “ fógra toirmisc ” an bhrí a shanntar dó le halt 16;

ciallaíonn “ Rialachán REACH ” Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 an 18 Nollaig 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ceimiceáin a Chlárú, a Mheasúnú, a Údarú agus a Shrianadh agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1354/2007 an 15 Samhain 2007 ón gComhairle 5 ;

folaíonn “taifead” aon mheabhrán, leabhar, tuarascáil, ráiteas, clár, plean, cairt, léarscáil, líníocht, sonraíocht, léaráid, saothar pictiúrtha nó grafach nó doiciméad eile, aon ghrianghraf, scannán nó taifeadadh (cibé acu is taifeadadh fuaime nó taifeadadh íomhánna nó iad araon é), aon fhoirm ina gcoimeádtar sonraí (de réir bhrí na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003), aon fhoirm (lena n-áirítear foirm mheaisín-inléite) nó rud ina ndéantar faisnéis a choimeád nó a stóráil de láimh, go meicniúil nó go leictreonach, agus aon rud ar cuid nó cóip é, i bhfoirm ar bith, d’aon cheann de na nithe sin roimhe seo nó aon teaglaim de na nithe sin roimhe seo;

ciallaíonn “forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán”—

(a) na Rialacháin Eorpacha,

(b) an tAcht seo, nó

(c) rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo;

ciallaíonn “ Aire iomchuí ” , i ndáil le húdarás náisiúnta nach Aire den Rialtas, an tAire den Rialtas (seachas an tAire) a bhfuil feidhmeanna dílsithe dó nó di i ndáil leis an údarás náisiúnta sin;

ciallaíonn “Rialachán Rotterdam” Rialachán (CE) Uimh. 304/2003 an 28 Eanáir 2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le honnmhairiú agus allmhairiú ceimiceán contúirteach, arna leasú leis na Rialacháin seo a leanas:

(a) Rialachán (CE) Uimh. 1213/2003 an 7 Iúil 2003 ón gCoimisiún 6 ;

(b) Rialachán (CE) Uimh. 775/2004 an 26 Aibreán 2004 ón gCoimisiún 7 ;

(c) Rialachán (CE) Uimh. 777/2006 an 23 Bealtaine 2006 ón gCoimisiún 8 ;

(d) Rialachán (CE) Uimh. 1376/2007 an 23 Samhain 2007 ón gCoimisiún 9 ;

ciallaíonn “tuarascáil speisialta” tuarascáil arna tabhairt faoi alt18.

(2) Faoi réir fho-alt (1), tá le focal nó le habairt a úsáidtear san Acht seo agus a úsáidtear freisin i Rialachán Eorpach an bhrí chéanna san Acht seo atá leis nó léi sa Rialachán Eorpach sin.

Fógraí a sheirbheáil.

3 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar fógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil ar dhuine, a chur chuig duine nó a thabhairt do dhuine, faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, a dhíriú chuig an duine lena mbaineann faoina ainm nó faoina hainm, agus féadfar é a sheirbheáil ar an duine, a chur chuige nó chuici nó a thabhairt dó nó di ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar an duine;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeifear tar éis seoladh le haghaidh seirbheála a thabhairt, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeifear tar éis seoladh le haghaidh seirbheála a thabhairt, chuig an seoladh sin;

(d) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine a fháil amach le fiosrú réasúnach agus go mbaineann an fógra nó an doiciméad eile le haon áit ghnó, trína sheachadadh ar dhuine atá os cionn 16 bliana d’aois agus a bhfuil cónaí air nó uirthi san áit ghnó nó atá fostaithe san áit ghnó nó trína ghreamú in áit fheiceálach san áit ghnó nó gar di;

(e) má chomhaontaigh an duine lena mbaineann go seirbheálfaí fógraí trí chumarsáid leictreonach (de réir na brí a shanntar le halt 2 den Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000), seirbheáil ar an modh sin, ar an gcoinníoll go bhfuil saoráid ann chun a dhearbhú go bhfuarthas cumarsáid leictreonach agus gur dearbhaíodh go bhfuarthas an chumarsáid leictreonach sin;

(f) i gcás ina bhfuil saoráid ann chun macasamhail den fhógra a fháil ar mhodh leictreonach ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó ag a seolann sé nó sí gnó, trí mhacasamhail den fhógra a tharchur ar an modh sin chuig an seoladh sin, nó

(g) ar aon mhodh eile a fhorordófar.

(2) Más rud é, maidir le fógra nó doiciméid eile a éilítear nó a údaraítear faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, go bhfuil sé le seirbheáil ar dhuine, le cur chuig duine nó le tabhairt do dhuine arb é nó arb í úinéir nó áititheoir áite gnó é nó í, agus nach féidir ainm an duine a fháil amach le fiosrú réasúnach, féadfar é a dhíriú chuig an duine trí na focail “an t-úinéir” nó, de réir mar is gá sa chás, “an t-áititheoir” a úsáid.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar go bhfuil gnáthchónaí ar chuideachta, de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a áit ghnó.

Caiteachais.

4 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire nó aon Aire eile den Rialtas ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID 2

Rialacháin agus Cóid Chleachtais

Rialacháin.

5 .— (1) Féadfaidh an tAire le rialacháin foráil a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d’fhoráil de na conarthaí lena rialaítear na Comhphobail Eorpacha, nó d’ionstraim arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail Eorpacha, ar rialacháin iad—

(a) a bhaineann le ceimiceáin a mhonarú, a onnmhairiú, a allmhairiú, a chur ar an margadh, a thástáil, a stóráil, a iompar, a úsáid nó a dhiúscairt, nó

(b) a bhaineann le rialú guaiseacha mórthionóisce a bhaineann le ceimiceáin, agus cosc tionóiscí ina bhfuil ceimiceáin i gceist nó íoslaghdú iarmhairtí guaiseacha nó tionóiscí den sórt sin ar dhaoine agus ar an gcomhshaol.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), maidir le rialacháin faoin bhfo-alt sin—

(a) féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith iontu is dóigh leis an Aire is gá chun críocha na rialachán (lena n-áirítear forálacha lena ndéantar dlí eile, cé is moite den Acht seo, d’Acht 1972 agus d’Acht na gComhphobal Eorpach 2007, a aisghairm, a leasú nó a chur i bhfeidhm, fara modhnú nó gan mhodhnú),

(b) féadfar foráil a dhéanamh leo i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) ceimiceáin a aicmiú, a lipéadú agus a phacáistiú, agus

(ii) cibé cláir a bhunú agus a choimeád, agus cibé taifid a choinneáil, a bheidh sonraithe sna rialacháin,

(c) féadfaidh feidhm a bheith acu i gcoitinne nó maidir le cibé aicme nó aicmí ceimiceán, daoine, áiteanna nó gníomhaíochtaí a bheidh sonraithe sna rialacháin, agus

(d) féadfar leo daoine a fhorordú chun feidhmeanna údaráis náisiúnta a chomhlíonadh chun críocha na rialachán agus na forála de na conarthaí lena rialaítear na Comhphobail Eorpacha nó ionstraime arna glacadh ag institiúid de chuid na gComhphobal Eorpach dá dtugann na rialacháin éifeacht.

(4) I gcás ina mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo, ar thogra ón Údarás, rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an Údarás sula ndéanfaidh sé nó sí na rialacháin.

(5) Déanfaidh an tAire, sula ndéanfaidh sé nó sí rialacháin faoi fho-alt (2)(a), toiliú na nAirí seo a leanas a fháil—

(a) an tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia,

(b) an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, agus

(c) an tAire Airgeadais,

leis na rialacháin a dhéanamh.

(6) Déanfaidh an tAire, sula ndéanfaidh sé nó sí rialacháin faoi fho-alt (2)(b), toiliú na nAirí seo a leanas a fháil—

(a) an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil,

(b) an tAire Sláinte agus Leanaí,

(c) an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, agus

(d) an tAire Iompair,

leis na rialacháin a dhéanamh.

(7) San alt seo folaíonn “ ceimiceán ” substaint chontúirteach de réir bhrí na nithe seo a leanas—

(a) Treoir 96/82/CE an 9 Nollaig 1996 ón gComhairle 10 maidir le rialú guaiseacha mórthionóisce ina bhfuil substaintí contúirteacha i gceist, agus

(b) Treoir 67/548/CEE an 27 Meitheamh 1967 ón gComhairle 11 maidir le comhfhogasú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le rangú, pacáistiú agus lipéadú substaintí contúirteacha.

Athbhreithnithe ar fhorálacha reachtúla iomchuí ceimiceán agus tograí maidir le forálacha den sórt sin.

6 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás—

(a) cibé athbhreithnithe a ordóidh an tAire, nó is cuí leis an Údarás, a sheoladh ar oibriú na bhforálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, agus

(b) aon tograí is cuí leis, nó aon tograí a ordóidh an tAire, ar tograí iad a bhaineann leis na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Sula ndéanfaidh an tÚdarás tograí faoi fho-alt (1) a chur faoi bhráid an Aire, rachaidh sé i gcomhairle le haon duine nó comhlacht eile—

(a) is dealraitheach don Údarás is cuí ag féachaint do na tograí a bheidh le cur faoi bhráid an Aire amhlaidh, nó

(b) de réir mar a ordóidh an tAire.

Cóid chleachtais.

7 .— (1) Chun treoir phraiticiúil a sholáthar maidir le comhlíonadh na bhforálacha reachtúla iomchuí ceimiceán—

(a) féadfaidh an tÚdarás agus, má iarrann an tAire amhlaidh air, déanfaidh an tÚdarás, cóid chleachtais a ullmhú agus a fhoilsiú, agus

(b) féadfaidh an tÚdarás cód cleachtais arna dhéanamh nó arna fhoilsiú ag aon chomhlacht eile a cheadú.

(2) Sula ndéanfaidh an tÚdarás cód cleachtais a fhoilsiú nó a cheadú faoin alt seo—

(a) gheobhaidh sé toiliú an Aire,

(b) féadfaidh sé dréacht den chód cleachtais a fhoilsiú ar cibé modh is cuí leis an Údarás agus déanfaidh sé tréimhse 28 lá ó dháta foilsithe an dréachtchóid, nó cibé tréimhse bhreise, nach faide ná 28 lá, is cuí leis an Údarás dá rogha féin, a thabhairt do dhaoine, lena n-áirítear aon údarás náisiúnta lena mbaineann agus an tAire iomchuí, ar tréimhse nó tréimhse bhreise í ar lena linn a fhéadfar uiríll i scríbhinn a dhéanamh chuig an Údarás i ndáil leis an dréachtchód, agus

(c) tar éis comhairliúcháin agus, más iomchuí, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar na huiríll a dhéantar, más ann, déanfaidh sé an dréachtchód a chur faoi bhráid an Aire chun go dtoileoidh sé nó sí lena fhoilsiú nó lena cheadú faoin alt seo, fara modhnú nó gan mhodhnú.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás cód cleachtais a fhoilsiú nó a cheadú, foilseoidh sé fógra faoin bhfoilsiú sin nó faoin gceadú sin ar cibé modh is cuí leis agus san Iris Oifigiúil agus, maidir leis an bhfógra sin—

(a) sainaithneofar an cód cleachtais ann,

(b) sonrófar ann na nithe a bhaineann le cosaint sláinte agus an chomhshaoil nó na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a bhfuil an cód cleachtais á fhoilsiú nó á cheadú ina leith, agus

(c) sonrófar ann an dáta ar a dtiocfaidh an cód cleachtais i ngníomh.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus tar éis dul i gcomhairle—

(a) le haon duine nó comhlacht eile is cuí leis an Údarás, agus

(b) le haon údarás náisiúnta lena mbaineann agus leis an Aire iomchuí,

aon chód cleachtais arna ullmhú agus arna fhoilsiú aige faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm, nó a cheadú maidir le haon chód cleachtais arna cheadú aige faoin alt seo a tharraingt siar.

(5) Déanfaidh an tÚdarás, i gcás ina n-ordóidh an tAire amhlaidh—

(a) aon chód cleachtais arna ullmhú agus arna fhoilsiú aige faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm, nó

(b) a cheadú maidir le haon chód cleachtais arna cheadú aige faoin alt seo a tharraingt siar.

(6) I gcás ina leasóidh nó ina gcúlghairfidh an tÚdarás cód cleachtais faoin alt seo, nó ina dtarraingeoidh sé siar a cheadú maidir le cód cleachtais faoin alt seo, déanfaidh sé fógra faoin leasú, faoin gcúlghairm nó faoin tarraingt siar a fhoilsiú ar cibé modh is cuí leis agus san Iris Oifigiúil.

(7) Déanfaidh an tÚdarás na nithe seo a leanas a fhoilsiú ar an idirlíon agus a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal gan mhuirear ag a phríomhoifig le linn gnáthuaireanta oibre—

(a) cóip de gach cód cleachtais arna fhoilsiú nó arna cheadú aige, agus

(b) i gcás ina mbeifear tar éis cód cleachtais a leasú, cóip den chód arna leasú amhlaidh.

(8) San alt seo ciallaíonn an briathar “ceadú” ceadú i scríbhinn ag an Údarás nó comhlíonadh sonraíochta i scríbhinn ón Údarás.

CUID 3

Údaráis Náisiúnta

Údaráis náisiúnta.

8 .— (1) Chun críocha Rialachán Rotterdam, is údaráis náisiúnta ainmnithe sa Stát iad seo a leanas:

(a) an tÚdarás;

(b) na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha Airteagal 17 den Rialachán sin agus chun na gcríoch sin amháin;

(c) an tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, i leith lotnaidicídí (seachas chun críocha an Airteagail sin 17).

(2) Chun críocha Rialachán na nGlantach, is údaráis inniúla sa Stát iad seo a leanas:

(a) an tÚdarás;

(b) an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, i leith nithe a bhaineann le bithdhíghrádaitheacht dromchlathán i nglantaigh;

(c) an tAire Sláinte agus Leanaí, chun críocha Airteagal 9(3) den Rialachán sin agus chun na gcríoch sin amháin;

(d) an Bord Náisiúnta um Chreidiúnú, chun críocha Airteagal 8(2) agus (3) den Rialachán sin agus chun na gcríoch sin amháin.

(3) Chun críocha Rialachán REACH, is údaráis inniúla sa Stát iad seo a leanas:

(a) an tÚdarás;

(b) faoi réir mhír (c), an tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, i leith lotnaidicídí;

(c) an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, i leith truailliú comhshaoil a chosc.

(4) Déanfaidh údarás náisiúnta (seachas an tÚdarás), de réir cibé treoirlínte (más ann) a thabharfaidh an tÚdarás don údarás náisiúnta sin—

(a) socruithe leordhóthanacha chun a fheidhmeanna faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a chomhlíonadh,

(b) taifid chuí a choinneáil, agus

(c) na nithe seo a leanas a thabhairt don Údarás—

(i) tuarascáil laistigh de 2 mhí tar éis dheireadh gach bliana de réir fho-alt (5), agus

(ii) cibé tuarascálacha agus faisnéis eile a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna agus a éileoidh an tÚdarás, ó am go ham, nó a fhorordófar.

(5) Beidh an tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(c)(i) i bhfoirm a bheidh comhaontaithe leis an Údarás agus beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh inti—

(a) faisnéis maidir leis an údarás náisiúnta do chomhlíonadh a fheidhmeanna, agus

(b) cibé faisnéis eile is cuí leis an údarás náisiúnta, nó a éileoidh an tÚdarás.

(6) San alt seo—

tá le “truailliú comhshaoil” an bhrí a shanntar dó le halt 4 (a cuireadh isteach le halt 6 den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003) den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992, ach sin faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar tagairtí i bhfo-alt (2) den alt sin do “substaintí, teas nó torann” a fhorléiriú mar thagairtí do “ceimiceáin”;

ciallaíonn “ Bord Náisiúnta um Chreidiúnú ” an coiste a dtugtar an t-ainm sin air de ghnáth agus a bunaíodh de bhun alt 10 (arna leasú le halt 46 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Fiontraíocht Éireann) 1998) den Acht um Fhorbairt Tionscail 1993;

tá le “lotnaidicídí” an bhrí a shanntar dó le hAirteagal 3(4) de Rialachán Rotterdam.

Socruithe um chomhar.

9 .— (1) Comhoibreoidh údaráis náisiúnta lena chéile i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán.

(2) Féadfaidh údarás náisiúnta, chun críocha fho-alt (1), socruithe a dhéanamh le húdaráis náisiúnta eile.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfar foráil a dhéanamh le socrú faoin bhfo-alt sin—

(a) i ndáil leis na húdaráis náisiúnta is páirtithe sa socrú do sheoladh iniúchtaí, seiceálacha, scrúduithe agus imscrúduithe,

(b) i ndáil le malartú faisnéise ag na húdaráis náisiúnta sin i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (a) agus i ndáil le cibé gníomhaíochtaí eile de chuid na n-údarás sin a shonraítear sa socrú,

(c) i ndáil le comhairle a thabhairt do na húdaráis náisiúnta is páirtithe sa socrú ar comhairle í a bhaineann le cionta amhrasta faoi aon cheann de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, agus

(d) i ndáil le 2 údarás náisiúnta nó níos mó do sheoladh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (a) i gcomhpháirt.

(4) Chun críocha na Rialachán Eorpach, féadfaidh údarás náisiúnta (seachas Aire den Rialtas), le toiliú an Aire agus aon Aire iomchuí eile, socrú (dá ngairtear “socrú um chomhar frithpháirteach” san alt seo) a dhéanamh le húdarás seachtrach.

(5) Chun críocha na Rialachán Eorpach, féadfaidh údarás náisiúnta ar Aire den Rialtas é nó í socrú (dá ngairtear “socrú um chomhar frithpháirteach” san alt seo) a dhéanamh le húdarás seachtrach.

(6) Féadfar le socrú um chomhar frithpháirteach—

(a) foráil a dhéanamh i ndáil le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i míreanna (b) agus (c) d’fho-alt (3), agus dá réir sin beidh feidhm ag na míreanna sin i ndáil le socrú um chomhar frithpháirteach faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar tagairtí do “ údarás náisiúnta ” a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do “ údarás seachtrach ”, agus

(b) foráil a dhéanamh á rá go bhféadfaidh oifigigh de chuid údaráis sheachtraigh a bheith in éineacht le cigire le linn don chigire feidhmeanna a chomhlíonadh de bhun socraithe um chomhar frithpháirteach ar socrú é inar páirtí an t-údarás seachtrach sin.

(7) Ní bheidh éifeacht le socrú um chomhar frithpháirteach mura rud é go gceadaítear é le hordú arna dhéanamh ag an Aire.

(8) San alt seo ciallaíonn “údarás seachtrach” duine atá arna cheapadh nó arna ceapadh—

(a) mar údarás náisiúnta ainmnithe i mBallstát chun críocha Rialachán Rotterdam, nó

(b) mar údarás inniúil i mBallstát chun críocha Rialachán na nGlantach nó Rialachán REACH.

Táillí i gcomhair seirbhísí.

10 .— (1) Faoi réir cheadú an Aire agus an Aire Airgeadais agus i gcomhairle le haon Aire iomchuí eile, féadfaidh údarás náisiúnta—

(a) méid cibé táillí is cuí leis a chinneadh i gcomaoin na nithe seo a leanas—

(i) comhlíonadh a fheidhmeanna ag an údarás náisiúnta sin, agus

(ii) soláthar seirbhísí ag an údarás náisiúnta sin (seachas seirbhís arb é atá inti comhairle a sholáthar don Aire, d’Aire eile den Rialtas nó d’údarás náisiúnta eile),

(b) díolmhú a thabhairt ó tháillí a íoc in imthosca éagsúla nó in aicmí éagsúla imthosca nó i leith cásanna éagsúla nó aicmí éagsúla cásanna, nó i leith táillí a tharscaoileadh, a loghadh nó a aisíoc (go hiomlán nó go páirteach),

(c) aon rud arna tháirgeadh, arna fhoilsiú nó arna fhorbairt aige, nó i gcomhar le húdarás náisiúnta eile, a dhíol, agus

(d) conarthaí a dhéanamh ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le híocaíochtaí le húdarás náisiúnta eile) chun aon rud a bheidh táirgthe, foilsithe nó forbartha aige a fhorbairt tuilleadh agus a shaothrú ar bhonn tráchtála,

agus déanfaidh sé fáltais ó tháillí, ó dhíolacháin nó ó íocaíochtaí den sórt sin a thaifeadadh mar ioncam.

(2) Déanfaidh údarás náisiúnta mionsonraí i dtaobh táillí arna gcinneadh faoin alt seo a chur ar fáil ar iad a iarraidh agus saor ó mhuirear.

(3) Maidir le táillí, praghsanna agus íocaíochtaí dá dtagraítear san alt seo i leith feidhmeanna a chomhlíontar, seirbhísí a sholáthraítear, gníomhaíochtaí a sheoltar nó rudaí a dhíoltar, ní bheidh siad níos lú, ach amháin le ceadú roimh ré ón Aire, i gcomhairle le haon Aire iomchuí eile, ná an costas a ghabhann le comhlíonadh na feidhme, soláthar na seirbhíse, seoladh na gníomhaíochta nó táirgeadh, foilsiú nó forbairt an ruda, de réir mar a bheidh.

(4) Féadfaidh údarás náisiúnta aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul dó faoin alt seo a ghnóthú ón duine a bhfuil sé iníoctha aige nó aici mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

CUID 4

Forfheidhmiú

Cigirí a cheapadh.

11 .— (1) Féadfaidh údarás náisiúnta cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina gcigirí chun gach ceann nó aon cheann de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a fhorfheidhmiú laistigh dá limistéar iomchuí freagrachta de réir alt 8.

(2) Déanfaidh an t-údarás náisiúnta sin deimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin mar chigire a thabhairt do chigire arna cheapadh nó arna ceapadh faoin alt seo.

(3) Déanfaidh cigire, le linn cumhacht a thugtar dó nó di leis an alt seo a fheidhmiú, má iarrann duine dá ndéanann sé difear é, deimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin, nó cóip de, mar aon le céannacht phearsanta de chineál éigin, a thabhairt ar aird don duine sin.

(4) Scoirfidh ceapachán faoin alt seo nuair a dhéanann an t-údarás náisiúnta a rinne an ceapachán an ceapachán a chúlghairm.

Cumhachtaí cigirí.

12 .— (1) Chun críocha na bhforálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, beidh cumhacht ag cigire aon cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) faoi réir fho-alt (5), dul isteach aon tráth in aon áit a bhfuil forais réasúnacha ag an gcigire lena chreidiúint go bhfuil feidhm ag na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán maidir léi, agus í a iniúchadh, a scrúdú agus a chuardach;

(b) fiosrú a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas agus iad a chuardach, a scrúdú agus a iniúchadh—

(i) aon áit dá dtagraítear i mír (a),

(ii) aon ghníomhaíocht, suiteáil, próiseas, nós imeachta nó ní ag an áit sin, agus

(iii) aon cheimiceáin nó taifid a bhaineann léi,

chun a fháil amach an bhfuil na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán arna gcomhlíonadh nó á gcomhlíonadh agus, chun na críche sin, aon trealamh nó ábhair a mheasfaidh sé nó sí is gá a thabhairt chun bealaigh leis nó léi agus a úsáid;

(c) a cheangal go bhfágfar an áit sin agus aon rud atá ann gan cur isteach orthu ar feadh cibé tráth is gá le réasún chun críche aon chuardaigh, scrúdaithe, imscrúdaithe, iniúchta nó fiosrúcháin faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán;

(d) a cheangal ar an duine atá i gceannas na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird don chigire—

(i) aon cheimiceán a bhfuil feidhm ag na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán maidir leis agus atá i seilbh nó faoi urláimh an duine sin, agus

(ii) aon taifid agus, i gcás na faisnéise sin atá i bhfoirm neamh-inléite, í a atáirgeadh i bhfoirm inléite agus cibé faisnéis a éileoidh an cigire le réasún i ndáil le haon iontrálacha sna taifid sin a thabhairt don chigire;

(e) aon taifid den sórt sin nó aon chóras faisnéise leictreonach atá san áit sin a iniúchadh, cóipeanna a dhéanamh den chéanna nó sleachta a thógáil as an gcéanna, lena n-áirítear, i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite, cóipeanna den fhaisnéis sin nó sleachta as an bhfaisnéis sin i mbuanfhoirm inléite nó a cheangal go soláthrófar na cóipeanna sin;

(f) a cheangal ar aon duine atá san áit sin agus a úsáideann nó a d’úsáid ríomhaire, nó a n-úsáidtear nó ar úsáideadh ríomhaire thar a cheann nó thar a ceann, chun taifid a tháirgeadh nó a stóráil nó ar aon duine a bhfuil oibriú an ríomhaire faoina urláimh nó faoina hurláimh aige nó aici, nó a bhfuil baint aige nó aici ar shlí eile le hoibriú an ríomhaire, rochtain ar an ríomhaire a thabhairt don chigire agus gach cúnamh réasúnach a éileoidh an cigire a thabhairt dó nó di;

(g) na taifid (lena n-áirítear doiciméid a stóráiltear i bhfoirm neamh-inléite) agus na cóipeanna a rinneadh a aistriú as an áit sin agus a choimeád agus na taifid a choinneáil ar feadh cibé tréimhse a mheasfaidh an cigire is gá le réasún lena scrúdú tuilleadh nó go dtí go dtabharfar aon imeachtaí dlíthiúla chun críche;

(h) a cheangal go ndéanfar taifid atá san áit sin a choimeád ar feadh cibé tréimhse a bheidh réasúnach;

(i) a cheangal ar an duine atá i gceannas cibé faisnéis a éileoidh an cigire le réasún chun críocha aon chuardaigh, scrúdaithe, imscrúdaithe, iniúchta nó fiosrúcháin faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a thabhairt don chigire;

(j) a cheangal ar an duine atá i gceannas cibé cúnamh agus saoráidí a thabhairt don chigire atá faoi chumhacht nó faoi urláimh an duine agus is gá le réasún chun a chumasú don chigire aon cheann dá chumhachtaí nó dá cumhachtaí faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a fheidhmiú;

(k) a cheangal trí fhógra, ag tráth agus in áit a shonrófar san fhógra, ar aon duine (lena n-áirítear an duine atá i gceannas) aon fhaisnéis a éileoidh an cigire le réasún a thabhairt don chigire i ndáil leis an áit nó i ndáil le haon cheimiceán, gníomhaíocht, suiteáil nó nós imeachta san áit, agus aon taifid atá faoi chumhacht nó faoi urláimh an duine sin a thabhairt ar aird don chigire;

(l) aon duine a scrúdú a gcreideann an cigire le réasún ina leith gur féidir leis nó léi faisnéis a thabhairt don chigire atá iomchuí maidir le haon chuardach, scrúdú, imscrúdú, iniúchadh nó fiosrúchán faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán agus a cheangal ar an duine freagra a thabhairt ar cibé ceisteanna a chuirfidh an cigire i ndáil leis an gcuardach, leis an scrúdú, leis an imscrúdú, leis an iniúchadh nó leis an bhfiosrúchán agus dearbhú a shíniú i dtaobh fhírinne na bhfreagraí;

(m) a cheangal go ndéanfar de réir aon nós imeachta áirithe chun críocha aon chuardaigh, scrúdaithe, imscrúdaithe, iniúchta nó fiosrúcháin faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán;

(n) aon toisí nó grianghraif a thógáil nó aon téipthaifeadtaí, taifeadtaí leictreacha nó taifeadtaí eile a dhéanamh a mheasann an cigire is gá chun críocha aon chuardaigh, scrúdaithe, imscrúdaithe, iniúchta nó fiosrúcháin faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán;

(o) samplaí d’aer, d’ithir, d’uisce nó de dhramhaíl a thógáil san áit sin nó gar don áit sin;

(p) i gcás inar cuí é, uirlisí, córais agus séalaí faireacháin a shuiteáil, a úsáid agus a chothabháil san áit sin chun críocha na bhforálacha reachtúla iomchuí ceimiceán;

(q) san áit sin, nó in aon áit eile, cibé tástáil, scrúdú nó anailís a mheasfaidh sé nó sí is gá le réasún a sheoladh, nó a chur faoi deara go seolfar é nó í, ar aon cheimiceán a gheofar san áit sin, agus chun na críche sin—

(i) a cheangal ar an duine atá i gceannas aon cheimiceán nó samplaí den chéanna a sholáthar don chigire gan mhuirear, nó

(ii) aon cheimiceán nó samplaí den chéanna a thabhairt chun bealaigh;

(r) a chur faoi deara, maidir le haon cheimiceán a gheofar san áit sin a ndearnadh, nó a ndealraítear don chigire go ndearnadh, sárú ar na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán ina leith, é a chur faoi aon tástáil, scrúdú nó anailís de réir mhír (q) (ach ní ar shlí go ndéanfaí díobháil dó nó go millfí é mura bhfuil sin riachtanach chun críocha na bhforálacha reachtúla ceimiceán iomchuí) agus i gcás go mbeartaíonn cigire an chumhacht a thugtar leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú i gcás ceimiceáin a gheofar in aon áit, déanfaidh sé nó sí, má iarrann an duine atá i gceannas air nó uirthi é, a chur faoi deara gur i láthair an duine sin a dhéanfar aon ní atá le déanamh de bhua na cumhachta sin;

(s) aon cheimiceán a gheofar san áit sin a aistriú agus a choinneáil ar feadh cibé tréimhse is gá chun na gcríoch seo a leanas go léir nó chun críche ar bith acu:

(i) an ceimiceán a scrúdú, nó a shocrú go ndéanfar é a scrúdú, a thástáil nó a anailísiú;

(ii) a chinntiú nach gcuirfear isteach air sula gcríochnófar an scrúdú air faoi fhomhír (i);

(iii) a chinntiú go mbeidh fáil air lena úsáid mar fhianaise in aon imeachtaí;

(t) i gcás gur gá sin—

(i) a cheangal go ndiúscrófar ceimiceán a ndearnadh, nó a ndealraítear don chigire go ndearnadh, sárú ar na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán ina leith ar chostas an duine atá i gceannas, nó an ceimiceán sin a aistriú agus a shocrú go ndiúscrófar é ar chostas an duine atá i gceannas, agus

(ii) a cheangal maidir leis an diúscairt sin—

(I) gur de chineál í a choiscfidh an ceimiceán a úsáid nó a chur ar an margadh, agus

(II) go mbeidh sí de réir ceanglas faoi na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola 1996 go 2003;

(u) a cheangal go ndéanfaidh an duine a chuir ceimiceán ar an margadh an ceimiceán sin a bhaint den mhargadh i gcás inar dealraitheach don chigire go ndearnadh, i ndáil leis an gceimiceán sin, na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a shárú.

(2) I gcás ina bhfaightear ceimiceán in áit, agus ina ndéanann cigire fiosrúchán i gcúrsa cuardaigh, scrúdaithe, imscrúdaithe nó iniúchta maidir le céannacht an duine a sholáthair an ceimiceán sin, déanfaidh an duine atá i gceannas ainm agus seoladh an tsoláthróra ónar ceannaíodh an ceimiceán nó óna bhfuarthas é ar shlí eile a thabhairt don chigire.

(3) Sula bhfeidhmeoidh sé nó sí aon cheann de na cumhachtaí a thugtar le míreanna (q) go (t) d’fho-alt (1), rachaidh cigire i gcomhairle, a mhéid is indéanta, le cibé daoine ar dealraitheach dó nó di gur daoine cuí iad chun a fhionnadh cé na contúirtí, más ann, a bhainfeadh leis an méid a dhéanamh a bheartaíonn sé nó sí a dhéanamh faoi na míreanna sin.

(4) Más rud é, faoi na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1)(s), go ndéanfaidh cigire aon cheimiceán a fhaightear in áit a thabhairt chun siúil agus a choimeád, déanfaidh sé nó sí, a mhéid is indéanta, sampla de a thógáil agus a thabhairt don duine atá i gceannas, ar sampla é a bheidh marcáilte ag an gcigire ar mhodh a bheidh leordhóthanach chun é a aithint.

(5) Ní rachaidh cigire isteach i dteaghais seachas—

(a) le toiliú an áititheora, nó

(b) de réir barántais ón gCúirt Dúiche a eiseofar faoi fho-alt (8) á údarú dul isteach amhlaidh.

(6) Féadfaidh údarás náisiúnta aon duine eile is cuí leis a údarú chun bheith i dteannta cigire i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna.

(7) I gcás go gcoiscfear ar chigire, ag feidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí dó nó di faoin alt seo, dul isteach in aon áit, féadfar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar bharántas faoi fho-alt (8) a údaróidh dul isteach amhlaidh.

(8) Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar do chigire le haon fhoráil eile nó faoi aon fhoráil eile den alt seo, más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche trí fhaisnéis faoi mhionn ó chigire go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint—

(a) go bhfuil aon cheimiceáin in aon áit nó aon taifid (lena n-áirítear doiciméid arna stóráil i bhfoirm neamh-inléite) nó faisnéis, a bhaineann le háit, a theastaíonn ón gcigire a iniúchadh chun críocha na bhforálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, arna sealbhú in aon áit, nó

(b) go bhfuil fianaise ann, nó gur dócha go nochtfaidh iniúchadh den sórt sin fianaise, ar shárú ar na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán,

féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint á údarú do chigire, agus cibé cigirí eile nó cibé daoine inniúla eile is cuí, nó comhaltaí den Gharda Síochána de réir mar is gá, ina theannta nó ina teannta, aon tráth nó tráthanna, laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar air nó uirthi, dul isteach san áit, trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá, agus na feidhmeanna a thugtar do chigire leis na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, nó fúthu, a chomhlíonadh.

(9) I gcás go bhfuil forais réasúnacha ag cigire chun bheith imníoch go gcuirfear mórbhac ar chomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna nó gur dóigh leis nó léi thairis sin gur gá é, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó aon duine eile a bheidh údaraithe ag údarás náisiúnta a bheith ina theannta nó ina teannta le linn dó nó di aon fheidhmeanna a thugtar dó nó di leis na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, nó fúthu, a chomhlíonadh.

(10) Ní bheidh ráiteas nó admháil ó dhuine de bhun ceanglais faoi fho-alt (1)(i), (k)(l) inghlactha in imeachtaí arna dtionscnamh i gcoinne an duine sin i leith ciona (seachas cion faoi alt 29(9)).

(11) I gcás ina gcreidfidh cigire, ar fhorais réasúnacha, go bhfuil cion déanta ag duine faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine sin a ainm nó a hainm agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi a sholáthar dó nó di.

(12) San alt seo, ciallaíonn “duine atá i gceannas”, i ndáil le háit—

(a) an duine ar faoina stiúradh agus faoina rialú atá na gníomhaíochtaí san áit sin á seoladh, nó

(b) an duine a bhfuil forais réasúnacha ag an gcigire chun a chreidiúint go bhfuil rialú aige nó aici ar an áit sin.

Díolúine agus slánú.

13 .— (1) Ní bheidh aon duine de na daoine seo a leanas, is é sin le rá, údarás náisiúnta, cigire, nó comhalta nó comhalta foirne d’údarás náisiúnta, faoi dhliteanas maidir le damáistí i leith aon ghnímh a rinne an t-údarás nó an duine nó a mhainnigh an t-údarás nó an duine a dhéanamh i gcomhlíonadh, nó i gcomhlíonadh airbheartaithe, fheidhmeanna an duine sin, mura de mheon mímhacánta a rinneadh an gníomh nó an neamhghníomh lena mbaineann.

(2) Déanfaidh údarás náisiúnta, faoi réir forálacha aon achtacháin nó rialach dlí, cigire arna cheapadh nó arna ceapadh ag an údarás náisiúnta sin, nó comhalta nó comhalta foirne den údarás náisiúnta sin, a shlánú, i leith aon ghnímh a rinne sé nó sí nó a mhainnigh sé nó sí a dhéanamh i gcomhlíonadh, nó i gcomhlíonadh airbheartaithe, a fheidhmeanna nó a feidhmeanna mar chigire, mar chomhalta nó mar chomhalta foirne den sórt sin, mura de mheon mímhacánta a rinneadh an gníomh nó an neamhghníomh lena mbaineann.

Ordacháin le haghaidh plean feabhsúcháin.

14 .— (1) I gcás ina mbeidh cigire den tuairim go bhfuil aon ghníomhaíocht ag tarlú nó gur dócha go dtarlóidh aon ghníomhaíocht lena ngabhann, nó ar dócha go ngabhfaidh léi, baol do shláinte an duine nó don chomhshaol, féadfaidh sé nó sí ordachán a thabhairt do dhuine a mheasfaidh an cigire a bheith ag rialú na gníomhaíochta lena mbaineann dualgas faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán lena gceanglaítear plean feabhsúcháin a chur faoina bhráid nó faoina bráid.

(2) Déanfar, in ordachán arna thabhairt faoi fho-alt (1)

(a) an ghníomhaíocht ar baol í, nó ar dóigh di a bheith ina baol, a shainaithint,

(b) a cheangal go gcuirfear plean feabhsúcháin, ina sonrófar an gníomh leigheasta a bheartaítear a dhéanamh, faoi bhráid an chigire tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis na hordacháin a thabhairt,

(c) a cheangal ar an duine a bhfuil an ghníomhaíocht faoina rialú an plean a chur i ngníomh, agus

(d) aon cheanglais eile a chur san áireamh a mheasfaidh an cigire a bheith riachtanach.

(3) Laistigh de mhí amháin ón dáta a gheobhaidh cigire plean feabhsúcháin a bheidh curtha faoina bhráid nó faoina bráid faoi fho-alt (2), trí fhógra chuig an duine a chuir an plean faoina bhráid nó faoina bráid—

(a) daingneoidh an cigire cibé acu atá nó nach bhfuil sé nó sí sásta gur plean leordhóthanach é, nó

(b) féadfaidh an cigire a ordú go ndéanfar an plean a athmheas de réir mar a shonrófar san fhógra agus é a athchur faoi bhráid an chigire laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra.

Fógra um shárú.

15 .— (1) Aon chigire arb é a thuairim nó a tuairim—

(a) go bhfuil aon cheann de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán á sárú nó sáraithe ag duine, nó

(b) gur mhainnigh duine déanamh de réir ordacháin faoi alt 14(1) plean feabhsúcháin nó, i gcás fógra faoi alt 14(3)(b), plean feabhsúcháin athmheasta, a chur faoi bhráid an chigire, nó gur mhainnigh duine an plean feabhsúcháin nó an plean feabhsúcháin athmheasta a chur i ngníomh,

féadfaidh sé nó sí fógra (dá ngairtear “ fógra um shárú ” san Acht seo) a sheirbheáil ar an duine a bhfuil, nó a bhféadfaí le réasún a thoimhdean go bhfuil, an ghníomhaíocht lena mbaineann faoina rialú aige nó aici.

(2) Maidir le fógra um shárú—

(a) luafar ann go bhfuil an cigire den tuairim dá dtagraítear i bhfo-alt (1),

(b) luafar ann an chúis atá leis an tuairim sin,

(c) sainaithneofar ann an fhoráil reachtúil iomchuí ceimiceán ar ina leith atá an tuairim sin ann,

(d) ordófar leis don duine—

(i) an sárú nó na nithe is cionsiocair leis an bhfógra sin a leigheas, nó

(ii) ceimiceán a bhaint den mhargadh, mar a fhoráiltear in alt 12(1)(u),

faoi dháta a bheidh sonraithe san fhógra is dáta nach luaithe ná deireadh na tréimhse ar laistigh di a fhéadfar achomharc a dhéanamh faoi fho-alt (6),

(e) áireofar ann faisnéis maidir le hachomharc a dhéanamh faoi fho-ailt (6) agus (7),

(f) áireofar ann aon cheanglas eile is cuí leis an gcigire, agus

(g) beidh sé sínithe agus dátaithe ag an gcigire.

(3) Féadfaidh ordacháin a bheith i bhfógra um shárú—

(a) faoi na bearta a bheidh le déanamh chun aon sárú nó ní lena mbaineann an fógra a leigheas, nó chun an fógra a chomhlíonadh thairis sin, agus

(b) chun aird aon duine a bhféadfadh an fógra difear a dhéanamh dó nó di, nó aird an phobail i gcoitinne, a tharraingt ar an bhfógra.

(4) Aon duine ar ar seirbheáladh fógra um shárú agus a bheidh den tuairim gur comhlíonadh an fógra um shárú, deimhneoidh sé nó sí i scríbhinn don chigire gur leigheasadh amhlaidh na nithe dá dtagraítear san fhógra.

(5) I gcás ina ndéanfaidh duine ar ar seirbheáladh fógra um shárú a dheimhniú i scríbhinn don chigire de réir fho-alt (4) go bhfuil na nithe dá dtagraítear san fhógra um shárú leigheasta, déanfaidh an cigire, ar a bheith deimhin dó nó di go bhfuil na nithe leigheasta amhlaidh, laistigh d’aon mhí amháin ón deimhniú sin a fháil, fógra a thabhairt don duine lena mbaineann maidir le comhlíonadh an fhógra um shárú.

(6) Aon duine arb éagóir leis nó léi fógra um shárú, féadfaidh sé nó sí, laistigh de 14 lá dar tosach an lá ar a seirbheálfar an fógra air nó uirthi, achomharc a dhéanamh i gcoinne an fhógra chuig breitheamh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche inar seirbheáladh an fógra agus, le linn an t-achomharc a chinneadh, féadfaidh an breitheamh, más deimhin leis nó léi go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh, an fógra a dhaingniú, a athrú nó a chealú.

(7) Aon duine a dhéanfaidh achomharc faoi fho-alt (6), déanfaidh sé nó sí an tráth céanna an t-achomharc agus na forais atá leis an achomharc a chur in iúl don údarás náisiúnta iomchuí agus beidh an t-údarás náisiúnta sin i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc a éisteacht.

(8) I gcás ina ndéanfar achomharc faoi fho-alt (6), agus nach gcealófar an fógra um shárú, beidh éifeacht leis an bhfógra ar cibé lá acu seo a leanas is déanaí—

(a) an lá díreach tar éis an lae a dhaingnítear an fógra ar achomharc nó a tharraingítear siar an t-achomharc, nó

(b) an lá a shonraítear san fhógra.

(9) I gcás nach bhfuil aon achomharc ann faoi fho-alt (6), beidh éifeacht leis an bhfógra um shárú ar cibé lá acu seo a leanas is déanaí—

(a) deireadh na tréimhse chun achomharc a dhéanamh, nó

(b) an lá a shonraítear san fhógra.

(10) Féadfaidh cigire—

(a) fógra um shárú a tharraingt siar aon tráth, nó

(b) i gcás nach ndéanfar achomharc nó nach mbeidh achomharc ar feitheamh faoi fho-alt (6), an tréimhse a shonraítear faoi fho-alt (2)(d) a fhadú.

Fógra toirmisc.

16 .— (1) I gcás go mbeidh cigire den tuairim go bhfuil aon ghníomhaíocht ag tarlú, nó gur dóigh go dtarlóidh aon ghníomhaíocht, in aon áit is gníomhaíocht a bhaineann le ceimiceán agus lena ngabhann, nó ar dócha go ngabhfaidh léi, baol tromaí don tsláinte nó don chomhshaol, féadfaidh an cigire fógra (dá ngairtear “fógra toirmisc” san Acht seo) a sheirbheáil ar an duine a bhfuil, nó a bhféadfaí le réasún a thoimhdean go bhfuil, an ghníomhaíocht lena mbaineann faoina rialú.

(2) Maidir le fógra toirmisc—

(a) luafar ann go bhfuil an cigire den tuairim dá dtagraítear i bhfo-alt (1),

(b) luafar ann an chúis atá leis an tuairim sin,

(c) sonrófar ann an ghníomhaíocht ar ina leith atá an tuairim sin ann,

(d) i gcás go mbeidh an cigire den tuairim maidir leis an ngníomhaíocht go ngabhann léi, nó gur dócha go ngabhfaidh léi, sárú ar aon fhoráil de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, sonrófar an fhoráil ann,

(e) toirmiscfear leis an ghníomhaíocht lena mbaineann a sheoladh go dtí go leigheasfar na nithe is cúis, nó ar dóigh dóibh a bheith ina gcúis, leis an mbaol, agus

(f) beidh sé sínithe agus dátaithe ag an gcigire.

(3) Féadfaidh ordacháin a bheith i bhfógra toirmisc—

(a) faoi na bearta a bheidh le déanamh chun aon sárú nó ní lena mbaineann an fógra a leigheas, nó chun an fógra a chomhlíonadh thairis sin, agus

(b) chun aird aon duine a bhféadfadh an fógra difear a dhéanamh dó nó di, nó aird an phobail i gcoitinne, a tharraingt ar an bhfógra.

(4) Beidh éifeacht le fógra toirmisc—

(a) an tráth a gheobhaidh an duine ar a seirbheálfar é an fógra, nó

(b) i gcás ina ndéanfar achomharc i gcoinne an fhógra toirmisc—

(i) an lá díreach tar éis an lae a dhaingnítear an fógra ar achomharc nó a tharraingítear siar an t-achomharc, nó

(ii) an lá díreach tar éis an lae a shonraítear san fhógra,

cibé acu is déanaí a tharlóidh.

(5) Maidir le hachomharc a dhéanamh i gcoinne fógra toirmisc, ní bheidh d’éifeacht leis sin oibriú an fhógra a fhionraí ach féadfaidh an t-achomharcóir iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt chun oibriú an fhógra a fhionraí go dtí go gcuirfear an t-achomharc de láimh agus, ar iarratas den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, más cuí léi déanamh amhlaidh, a ordú go bhfionrófar oibriú an fhógra go dtí go gcuirfear an t-achomharc de láimh.

(6) Aon duine ar a seirbheálfar fógra toirmisc, féadfaidh sé nó sí, laistigh de 7 lá dar tosach an lá ar a seirbheálfar an fógra air nó uirthi, achomharc a dhéanamh i gcoinne an fhógra chuig breitheamh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche inar seirbheáladh an fógra agus, le linn an t-achomharc a chinneadh, féadfaidh an breitheamh, más deimhin leis nó léi go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh, an fógra a dhaingniú, a athrú nó a chealú.

(7) Más rud é, ar achomharc a éisteacht faoin alt seo, go ndaingneofar fógra toirmisc, d’ainneoin fho-alt (4), féadfaidh an breitheamh a éistfidh an t-achomharc, ar iarratas ón achomharcóir, oibriú an fhógra toirmisc a fhionraí go ceann cibé tréimhse is cuí leis an mbreitheamh in imthosca an cháis.

(8) Aon duine—

(a) a dhéanann achomharc a thionscnamh faoi fho-alt (6), nó

(b) a dhéanann iarratas ar oibriú fógra toirmisc a fhionraí faoi fho-alt (7),

déanfaidh sé nó sí an tráth céanna an t-achomharc nó an t-iarratas, agus na forais atá leis an achomharc nó leis an iarratas, a chur in iúl don údarás náisiúnta iomchuí.

(9) Aon duine ar a mbeidh fógra toirmisc seirbheáilte agus arb é a thuairim nó a tuairim go bhfuil na nithe dá dtagraítear san fhógra toirmisc leigheasta faoin dáta a shonraítear san fhógra, daingneoidh sé nó sí i scríbhinn don chigire go bhfuil na nithe sin leigheasta amhlaidh.

(10) I gcás ina ndéanann duine ar a mbeidh fógra toirmisc seirbheáilte a dhaingniú i scríbhinn don chigire de réir fho-alt (9) go bhfuil na nithe dá dtagraítear san fhógra toirmisc leigheasta, déanfaidh an cigire, ar a bheith deimhin dó nó di go bhfuil na nithe leigheasta amhlaidh, laistigh d’aon mhí amháin tar éis an daingniú sin a fháil, fógra i dtaobh an fógra toirmisc a bheith comhlíonta amhlaidh a thabhairt don duine lena mbaineann.

(11) Féadfaidh cigire fógra toirmisc a tharraingt siar tráth ar bith más rud é—

(a) gur deimhin leis an gcigire nach ngabhann baol tromaí don tsláinte nó don chomhshaol a thuilleadh leis an ngníomhaíocht lena mbaineann an fógra, nó

(b) gur deimhin leis an gcigire gur trí dhearmad a eisíodh an fógra nó go bhfuil sé mícheart i bponc ábhartha éigin.

Sárú ar fhógra toirmisc — iarratas chun na hArd-Chúirte.

17 .— (1) I gcás ina sáróidh duine fógra toirmisc, féadfaidh cigire iarratas a dhéanamh ex parte chun na hArd-Chúirte ar ordú lena dtoirmisctear leanúint de shárú a dhéanamh ar an bhfógra.

(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas faoin alt seo, a ordú don duine ar ar seirbheáladh an fógra toirmisc lena mbaineann scor de cibé gníomhartha a dhéanamh a ordóidh an Ard-Chúirt.

Imscrúduithe agus tuarascálacha speisialta.

18 .— (1) Féadfaidh údarás náisiúnta aon tráth a ordú d’aon duine dá fhoireann nó d’aon duine eile—

(a) imscrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna agus na himthosca a bhaineann le haon díobháil don tsláinte nó damáiste don chomhshaol nó le haon ghníomhaíocht eile lena mbaineann na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, agus

(b) tuarascáil (dá ngairtear “tuarascáil speisialta” san Acht seo) ar an imscrúdú a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta sin.

(2) Maidir le duine, nach cigire, a dhéanann imscrúdú faoin alt seo, beidh aige nó aici, chun críocha an imscrúdaithe, na cumhachtaí uile atá ag cigire faoin Acht seo.

(3) I gcás duine dá n-ordófar imscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil speisialta a thabhairt (seachas comhalta d’fhoireann an údaráis náisiúnta lena mbaineann), féadfaidh an t-údarás náisiúnta sin cibé táillí agus caiteachais a chinnfidh an tAire nó aon Aire iomchuí, le ceadú an Aire Airgeadais, a íoc leis an duine.

(4) Féadfaidh an t-údarás náisiúnta, a mhéid a chinnfidh an tAire nó aon Aire iomchuí, na costais, seachas na costais lena mbaineann fo-alt (3), más ann, a thabhófar ag ullmhú tuarascáil speisialta a ghlanadh.

(5) Déanfar cóip de thuarascáil speisialta a chur faoi bhráid an Aire agus aon Aire iomchuí a luaithe is indéanta tar éis imscrúdú a chur i gcrích.

(6) Féadfaidh an t-údarás náisiúnta tuarascáil speisialta a fhoilsiú, agus, má ordaíonn an tAire é, ar dhul i gcomhairle le hAire iomchuí, foilseoidh sé an tuarascáil speisialta.

Iarratas chun na hArd-Chúirte maidir le gníomhaíocht lena ngabhann baol tromaí.

19 .— (1) I gcás go measfaidh údarás náisiúnta go ngabhann, nó gur dócha go ngabhfaidh, sárú ar na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán le haon ghníomhaíocht agus go bhfuil an baol ón gcéanna don tsláinte nó don chomhshaol chomh tromaí sin gur cóir an ghníomhaíocht sin a shrianadh, nó a thoirmeasc láithreach, go dtí go nglacfar bearta sonraithe chun an baol a laghdú go dtí leibhéal réasúnach, féadfaidh an t-údarás náisiúnta iarratas a dhéanamh ex parte chun na hArd-Chúirte ar ordú chun an ghníomhaíocht sin a shrianadh nó a thoirmeasc.

(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas faoi fho-alt (1), cibé ordú a dhéanamh is cuí léi.

(3) Beidh éifeacht le hordú faoin alt seo d’ainneoin téarmaí aon cheada a bheidh tugtha faoi aon achtachán eile i leith na gníomhaíochta lena mbaineann an t-iarratas faoin alt seo.

(4) Ar iarratas ó aon duine chun ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm nó a athrú, beidh an t-údarás náisiúnta i dteideal éisteacht a fháil.

Aistriú ceimiceán a thoirmeasc agus a shrianadh.

20 .— Maidir le ceimiceáin—

(a) a dtoirmisctear iad a onnmhairiú nó a allmhairiú, nó

(b) atá faoi réir aon srianta ar onnmhairiú nó ar allmhairiú,

faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán measfar gur toirmisceadh nó gur srianadh amhlaidh iad chun críocha an Customs Consolidation Act 1876, an Achta Custam 1956 agus an Achta Custam agus Máil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1988.

Fianaise in imeachtaí.

21 .— (1) In imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo, aon doiciméad a airbheartóidh go ndearnadh é a ullmhú agus a choimeád—

(a) de bhun ceanglais sna Rialacháin Eorpacha, nó

(b) i ngnáthchúrsa gnó ag duine, a raibh, nó ar féidir a mheas le réasún go raibh, eolas pearsanta aige nó aici ar na nithe a shonraítear sa doiciméad,

beidh sé inghlactha mar fhianaise ar na nithe a shonraítear sa doiciméad.

(2) In imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo, aon doiciméad a airbheartóidh gur atáirgeadh é i bhfoirm inléite ar dhoiciméad lena mbaineann fo-alt (1) arna stóráil i bhfoirm neamh-inléite, beidh sé inghlactha mar fhianaise ar an nithe a shonraítear ann, más deimhin leis an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh na himeachtaí go ndearnadh é a atáirgeadh i gcúrsa ghnáthoibriú an chórais atáirgthe lena mbaineann.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le doiciméad ina bhfuil faisnéis atá faoi phribhléid ó thaobh nochtadh in imeachtaí i leith ciona,

(b) maidir le doiciméad arna ullmhú ag duine nach mbeadh inordaithe fianaise a thabhairt ar thionscnamh an pháirtí atá ag iarraidh go nglacfar an doiciméad mar fhianaise ar na nithe a shonraítear sa doiciméad,

(c) maidir le doiciméad (seachas doiciméad teicniúil) arna ullmhú chun críocha, nó in oirchill, aon cheann díobh seo a leanas—

(i) imscrúdú aon chiona,

(ii) imscrúdú nó fiosrúchán arna dhéanamh de bhun aon achtacháin nó faoi aon achtachán,

(iii) aon imeachtaí cibé acu imeachtaí sibhialta nó coiriúla, nó

(iv) imeachtaí de chineál araíonachta,

(d) maidir le doiciméad (seachas doiciméad teicniúil) arna ullmhú tar éis an trátha a líomhnaítear a rinneadh an cion lena mbaineann.

(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun aon doiciméad a dhéanamh neamh-inghlactha mar fhianaise ar aon ní a shonraítear ann in aon imeachtaí faoin Acht seo, is doiciméad atá inghlactha amhlaidh de bhua aon rialach dlí nó achtacháin seachas an tAcht seo.

(5) San alt seo—

folaíonn “ gnó ” aon trádáil, gairm nó slí bheatha eile a sheoltar—

(a) le haghaidh luaíochta nó eile, agus

(b) sa Stát nó lasmuigh den Stát;

ciallaíonn “ doiciméad teicniúil ”—

(a) léarscáil, plean, líníocht nó grianghraf (lena n-áirítear ábhar míniúcháin sa doiciméad nó i dteannta an doiciméid lena mbaineann),

(b) taifead ar ordachán a thug comhalta den Gharda Síochána de bhun aon achtacháin,

(c) taifead ar fháil, láimhseáil, tarchur, scrúdú nó anailísiú ar aon ní ag aon duine ag gníomhú thar ceann aon pháirtí sna himeachtaí i leith an chiona lena mbaineann, nó

(d) taifead ag lia-chleachtóir cláraithe ar scrúdú ar dhuine beo nó marbh.

Cumhachtaí oifigigh custam agus máil ceimiceáin a choinneáil.

22 .— Chun go ndéanfaidh údarás náisiúnta aon fheidhmeanna a thugtar dó faoi aon cheann de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a chomhlíonadh, féadfaidh oifigeach custam agus máil, tar éis iarraidh a fháil chuige sin ón údarás náisiúnta sin, aon cheimiceán atá á onnmhairiú nó á allmhairiú a choinneáil fad is gá le réasún chun go scrúdóidh cigire é chun críocha na bhforálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, ar tréimhse an fad sin nach faide in aon chás ná 72 uair an chloig ón tráth a choinnítear an ceimiceán lena mbaineann.

CUID 5

Faisnéis

Faisnéis a scaipeadh ar mhaithe le leas an phobail.

23 .— Féadfaidh údarás náisiúnta, ar mhaithe le cosaint na sláinte nó an chomhshaoil, agus i gcomhairle, nuair is cuí, le húdaráis náisiúnta eile, cibé bearta is cuí leis a dhéanamh chun aird an phobail a tharraingt ar nithe is cúis le haon fhógra um shárú nó le haon fhógra toirmisc a sheirbheáiltear faoin Acht seo.

Ainmneacha daoine áirithe a fhoilsiú.

24 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, gach bliain, liostaí a thiomsú d’ainmneacha agus seoltaí na ndaoine seo a leanas agus tuairisc ar an trádáil, ar an ngnó nó ar an ngníomhaíocht eile a sheolann siad:

(a) daoine a ciontaíodh i gcion faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán;

(b) daoine ar a seirbheáiltear fógra toirmisc faoi alt 16;

(c) daoine a mbeidh ordú déanta ina leith faoi alt 1719.

(2) Déanfaidh an tÚdarás, gach bliain, a chur faoi deara aon liosta dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) agus (c) a fhoilsiú ar cibé modh a mheasfaidh sé is cuí.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, gach bliain, a chur faoi deara aon liosta dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) a fhoilsiú ar cibé modh a mheasfaidh sé is cuí.

(4) Sonrófar in aon liosta dá dtagraítear i bhfo-alt (1), i leith gach duine a bheidh ainmnithe sa liosta, cibé mionsonraí is cuí leis an Údarás maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) na nithe is cionsiocair leis an gciontú, leis an bhfógra toirmisc nó leis an ordú, de réir mar a bheidh, a fhorchuirtear ar an duine, agus

(b) aon fhíneáil nó aon phionós a fhorchuirtear ar é nó í a chiontú i gcion.

Cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar an Acht.

25 .— I gcás ina ndéanann duine a thuairim nó a tuairim a chur in iúl, cibé acu i scríbhinn nó ar shlí eile, d’údarás náisiúnta—

(a) go bhfuil cion faoin Acht seo déanta nó á dhéanamh, nó

(b) go bhfuil aon fhoráil de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán gan chomhlíonadh nó gan a bheith á comhlíonadh,

ansin, ní bheidh cúis chaingne ag aon duine i gcoinne an duine sin i leith na cumarsáide sin, murar ghníomhaigh sé nó sí de mheon mímhacánta.

Fostaithe a chosaint ar phionósú mar gheall ar sháruithe ar an Acht a thuairisciú.

26 .— (1) Ní dhéanfaidh fostóir fostaí a phionósú mar gheall ar theacht ar thuairim den chineál dá dtagraítear in alt 25 agus í a chur in iúl, i scríbhinn nó ar shlí eile, d’údarás náisiúnta más rud é gur ghníomhaigh an fostaí go réasúnach agus de mheon macánta le linn teacht ar an tuairim sin agus í a chur in iúl don údarás náisiúnta lena mbaineann.

(2) In imeachtaí faoin alt seo os comhair coimisinéara um chearta nó an Bhinse Achomhairc Fostaíochta i ndáil le gearán gur sáraíodh fo-alt (1), toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur ghníomhaigh an fostaí lena mbaineann go réasúnach agus de mheon macánta le linn teacht ar an tuairim agus an tuairim lena mbaineann a chur in iúl.

(3) Más rud é gurb éard a bheidh i bpionósú fostaí, de shárú ar fho-alt (1), dífhostú an fhostaí de réir bhrí na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 2007, ní fhéadfar faoiseamh a dheonú don fhostaí i leith an phionósaithe sin faoin alt seo agus faoi na hAchtanna sin araon.

(4) Féadfaidh fostaí gearán a thíolacadh do choimisinéir um chearta á rá gur sháraigh a fhostóir nó a fostóir fo-alt (1) i ndáil leis nó léi agus, má dhéanann sé nó sí amhlaidh, déanfaidh an coimisinéir—

(a) deis a thabhairt do na páirtithe éisteacht a fháil ón gcoimisinéir agus aon fhianaise a bhaineann le hábhar an ghearáin a thíolacadh don choimisinéir, agus

(b) cinneadh a thabhairt i scríbhinn i ndáil leis agus an cinneadh a chur in iúl do na páirtithe.

(5) Maidir le cinneadh ó choimisinéir um chearta faoi fho-alt (4), déanfar ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas leis:

(a) a dhearbhú go raibh, nó de réir mar a bheidh, nach raibh bonn leis an ngearán;

(b) a cheangal ar an bhfostóir fo-alt (1) a chomhlíonadh agus, chun na críche sin, a cheangal ar an bhfostóir bearta sonraithe a ghlacadh;

(c) a cheangal ar an bhfostóir cúiteamh a íoc leis an bhfostaí, ar cúiteamh é de cibé méid (más ann) is cóir agus is cothromasach ag féachaint do na himthosca go léir, ach gan dul thar luach saothair 104 sheachtain i leith fhostaíocht an fhostaí arna ríomh de réir rialachán faoi alt 17 den Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) agus ag fo-alt (7) (a) d’alt 7 d’Acht 1994 i ndáil le gearán a thíolacfar faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le gearán a thíolacfar faoi fho-alt (1) den alt sin 7, faoi réir na modhnuithe seo a leanas, eadhon—

(i) na focail go léir i bhfo-alt (3) ó “má thíolactar” go deireadh an fho-ailt sin a scriosadh agus “mura dtíolactar dó é laistigh den tréimhse 12 mhí dar tosach dáta an tsáraithe lena mbaineann an gearán nó (i gcás gur deimhin leis an gcoimisinéir um chearta nár tíolacadh an gearán laistigh den tréimhse réamhráite mar gheall ar imthosca eisceachtúla) laistigh de cibé tréimhse bhreise, nach faide ná 6 mhí ó dheireadh na tréimhse 12 mhí sin, a mheasfaidh an coimisinéir um chearta a bheith réasúnach” a chur ina n-ionad,

(ii) i bhfo-alt (6), tagairt do chinneadh a chur in ionad na tagartha do mholadh, agus

(iii) aon mhodhnuithe eile is gá,

(b) beidh feidhm ag ailt 8, 9 agus 10 d’Acht 1994 mar atá feidhm acu chun críocha an Achta sin, faoi réir na modhnuithe seo a leanas, eadhon—

(i) sna forálacha sin, tagairtí do chinneadh a chur in ionad tagairtí do mholadh, agus

(ii) in alt 9 d’Acht 1994—

(I) tagairtí don Chúirt Chuarda a chur in ionad tagairtí don Chúirt Dúiche,

(II) an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Maidir le hiarratas faoin alt seo chun na Cúirte Cuarda déanfar é chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfostóir lena mbaineann nó ina seolann sé aon ghairm, trádáil nó gnó.”,

agus

(III) aon mhodhnuithe eile is gá.

(7) San alt seo—

ciallaíonn “ Acht 1994 ” an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994;

folaíonn “ pionósú ” aon ghníomh nó neamhghníomh ag fostóir nó ag duine ag gníomhú thar ceann fostóra a dhéanann difear d’fhostaí, chun a aimhleasa nó a haimhleasa, maidir le haon téarma nó coinníoll de chuid a fhostaíochta nó a fostaíochta.

Cumhacht chun faisnéis a éileamh.

27 .— (1) Féadfaidh údarás náisiúnta, le fógra (dá ngairtear “fógra faisnéise” san Acht seo) arna sheirbheáil ar dhuine, a cheangal ar an duine aon fhaisnéis a shonrófar san fhógra agus a theastóidh le réasún ón údarás náisiúnta chun go gcomhlíonfaidh sé a fheidhmeanna go cuí faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a thabhairt don údarás náisiúnta sin laistigh de cibé tréimhse agus i cibé foirm a shonrófar san fhógra.

(2) Féadfar an tréimhse a shonrófar san fhógra faisnéise a fhadú de rogha an údaráis náisiúnta sin ar iarratas an duine ar a seirbheálfar an fógra.

(3) Féadfaidh duine ar a seirbheálfar fógra faisnéise, laistigh de 7 lá dar tosach an lá ar a seirbheálfar an fógra air nó uirthi, achomharc a dhéanamh i gcoinne an fhógra chuig breithimh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche inar seirbheáladh an fógra, agus le linn an t-achomharc a chinneadh, féadfaidh an breitheamh, más deimhin leis nó léi go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh, an fógra a dhaingniú, a athrú nó a chealú.

(4) Más rud é, ar achomharc faoi fho-alt (3) a éisteacht, go ndaingneofar nó go n-athrófar fógra faisnéise, féadfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a éistfidh an t-achomharc, ar iarratas ón achomharcóir, oibriú an fhógra a fhionraí go ceann cibé tréimhse is cuí leis an mbreitheamh in imthosca an cháis.

(5) Faoi réir fho-alt (6), déanfaidh duine ar a seirbheálfar fógra faisnéise de réir an fhógra roimh an tráth acu seo a leanas is déanaí—

(a) deireadh na tréimhse a shonrófar san fhógra, nó

(b) i gcás go ndéantar an tréimhse dá dtagraítear i mír (a) a fhadú faoi fho-alt (2), deireadh na tréimhse fadaithe sin.

(6) I gcás go dtionscnófar achomharc faoin alt seo, agus go ndaingneofar nó go n-athrófar an fógra faisnéise lena mbaineann an t-achomharc nó go dtarraingeofar siar an t-achomharc, déanfaidh an duine ar a seirbheálfar an fógra de réir an fhógra—

(a) roimh an lá díreach tar éis an lae a dhaingneofar nó a athrófar an fógra nó a tharraingeofar siar an t-achomharc,

(b) roimh dheireadh na tréimhse a shonrófar san fhógra, nó

(c) i gcás go mbeidh oibriú an fhógra arna fhionraí faoi fho-alt (4), deireadh na tréimhse fionraí,

cibé acu is déanaí a tharlóidh.

Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise.

28 .— (1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, ní nochtfaidh duine faisnéis arna fáil aige nó aici le linn feidhmeanna a chomhlíonadh—

(a) mar chomhalta nó mar chomhalta foirne d’údarás náisiúnta,

(b) mar chigire,

(c) mar dhuine (seachas comhalta foirne d’údarás náisiúnta) arna cheapadh nó arna ceapadh chun imscrúdú a dhéanamh faoi alt 18,

(d) mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir d’údarás náisiúnta nó mar dhuine atá ar fostú aige nó aici,

mura bhfuil sé nó sí údaraithe go cuí ag an údarás náisiúnta lena mbaineann chun déanamh amhlaidh.

(2) Ní choiscfear le fo-alt (1) faisnéis a nochtadh más rud é go ndéanfar an nochtadh sin—

(a) chun feidhmeanna a chomhlíonadh faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán,

(b) le toiliú an duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó

(c) chun críocha aon cheann díobh seo a leanas—

(i) aon imeachtaí dlí (lena n-áirítear trí thuarascáil do chróinéir a bheidh ag seoladh ionchoisne faoi na hAchtanna Cróinéirí 1962 agus 2005 ar chorp duine a bhféadfadh gur díobháil phearsanta ba thrúig bháis dó nó di), nó

(ii) aon imscrúdú nó tuarascáil speisialta faoi alt 18.

CUID 6

Cionta agus Pionóis

Cionta.

29 .— (1) Aon onnmhaireoir nó allmhaireoir a sháróidh foráil de Rialachán Rotterdam a bhaineann leis nó léi, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon mhonaróir a sháróidh foráil de Rialachán na nGlantach a bhaineann leis nó léi, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) I gcás ina ndéanfaidh—

(a) dáileoir,

(b) úsáidire is faide anonn,

(c) allmhaireoir,

(d) monaróir,

(e) duine a cheapfar de réir Airteagal 8 de Rialachán REACH, nó

(f) táirgeoir earra,

foráil de Rialachán REACH a bhaineann leis nó léi a shárú, beidh an duine ciontach i gcion.

(4) Aon duine a sháróidh foráil de rialacháin faoin Acht seo a ndearbhaítear sna rialacháin gur foráil phionósach í, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5) Aon duine a sháróidh ceanglas i bhfógra um shárú nó i bhfógra toirmisc, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(6) Aon duine a dhéanfaidh—

(a) clár, taifead, ceadúnas, údarú, ordachán, nó cead faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán nó doiciméad a airbheartaíonn gur sliocht é as an gcéanna, nó

(b) fógra um shárú, fógra toirmisc nó fógra faisnéise,

(dá ngairtear “ doiciméad brionnaithe ” san alt seo) a bhrionnú, nó a rith agus a fhios aige nó aici é a bheith brionnaithe, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(7) Aon duine a dhéanfaidh, le hintinn calaois a dhéanamh nó le hintinn mheabhlaireachta—

(a) clár, taifead, ceadúnas, údarú, ordachán, nó cead faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán nó doiciméad a airbheartaíonn gur sliocht é as an gcéanna, nó

(b) fógra um shárú, fógra toirmisc nó fógra faisnéise,

(dá ngairtear “ doiciméad athraithe ” san alt seo) a athrú, nó a rith agus a fhios aige nó aici é a bheith athraithe amhlaidh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(8) Aon duine a mbeidh, gan údarás dleathach, doiciméad brionnaithe nó doiciméad athraithe ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(9) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar chigire nó ar chomhalta den Gharda Síochána, i gcúrsa cumhacht a thugtar dó nó di leis an Acht seo nó le barántas faoi alt 12 a fheidhmiú, nó a choiscfidh feidhmiú cumhachta den sórt sin ag an gcigire nó ag an gcomhalta, de réir mar a bheidh, nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh iarraidh nó ceanglas ó chigire nó ó chomhalta den sórt sin a chomhlíonadh nó ceist a fhreagairt a chuirfidh cigire nó comhalta den sórt sin de bhun cumhachta a thugtar leis an Acht seo, nó a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe iarrata nó ceanglais den sórt sin nó mar fhreagra ar cheist den sórt sin, faisnéis a thabhairt don chigire nó don chomhalta is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(10) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach custam agus máil i gcúrsa cumhacht a thugtar dó nó di leis an Acht seo a fheidhmiú, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(11) Aon duine a thabharfaidh le fios go bréagach gur cigire é nó í, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(12) Aon duine a dhéanfaidh, aon tráth laistigh den tréimhse 3 mhí díreach tar éis fógra a ghreamú de réir alt 3(1)(d), an fógra a thabhairt chun siúil, a athrú, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(13) Aon duine a déarfaidh le húdarás náisiúnta go bhfuil cion faoin alt seo déanta ag duine eile nó gur mhainnigh duine eile foráil de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a chomhlíonadh agus a fhios aige nó aici go bhfuil an ráiteas bréagach, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(14) Aon duine a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe ceanglais i bhfógra faisnéise, faisnéis a thabhairt d’údarás náisiúnta is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(15) Aon duine a sháróidh alt 28, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(16) Aon duine—

(a) a mhainneoidh ordachán faoi alt 14 a chomhlíonadh, nó

(b) a sháróidh fógra faisnéise faoi alt 27,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Pionóis.

30 .— (1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 29 (seachas fo-alt (16)), dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €3,000,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó iad araon a chur air nó uirthi.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 29(16) dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air nó uirthi.

(3) I gcás go gciontófar duine i gcion faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán in imeachtaí arna dtionscnamh ag údarás náisiúnta, ordóidh an chúirt, mura deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, go n-íocfaidh an duine leis an údarás náisiúnta sin na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh an t-údarás náisiúnta i ndáil leis an gcion a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, lena n-áirítear costais agus caiteachais arna dtabhú le linn samplaí a thógáil, tástálacha, scrúduithe agus anailísí a dhéanamh agus i leith luach saothair agus caiteachas eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí a bheidh fostaithe ag an údarás náisiúnta.

Fógra um íocaíocht sheasta.

31 .— (1) I gcás go mbeidh forais réasúnacha ag cigire chun a chreidiúint go ndearna duine cion faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán agus go ndlífear é nó í a chiontú go hachomair ina leith, féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn (dá ngairtear “fógra um íocaíocht sheasta” san Acht seo) a thabhairt don duine san fhoirm fhorordaithe ina luafar—

(a) go líomhnaítear go ndearna an duine an cion sin,

(b) go bhféadfaidh an duine le linn na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra, íocaíocht ina mbeidh cibé méid a fhorordaítear, is méid nach mó ná €2,000, agus a mbeidh an fógra ina teannta, a dhéanamh leis an údarás náisiúnta lena mbaineann ag an seoladh a shonraítear san fhógra,

(c) nach bhfuil d’oibleagáid ar an duine an íocaíocht a shonraítear san fhógra a dhéanamh, agus

(d) nach dtionscnófar ionchúiseamh ar an duine dá dtugtar an fógra i leith an chiona líomhnaithe le linn na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra agus, má dhéantar an íocaíocht a shonraítear san fhógra le linn na tréimhse sin, nach dtionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.

(2) I gcás go dtabharfar fógra um íocaíocht sheasta faoi fho-alt (1)

(a) féadfaidh duine a bhfuil feidhm ag an bhfógra maidir leis nó léi, le linn na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra, an íocaíocht a shonraítear san fhógra, agus an fógra ina teannta, a dhéanamh leis an údarás náisiúnta lena mbaineann ag an seoladh a shonraítear san fhógra,

(b) féadfaidh an t-údarás náisiúnta, ar an íocaíocht a fháil, admháil a eisiúint ina leith agus ní bheidh aon íocaíocht a gheofar amhlaidh inghnóthaithe ag an duine a rinne í, agus

(c) ní thionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe sa tréimhse a shonraítear san fhógra, agus má dhéantar an íocaíocht a shonraítear amhlaidh le linn na tréimhse sin, ní thionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.

(3) In imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán is cosaint é don chosantóir a chruthú go bhfuil íocaíocht déanta aige nó aici, de réir an ailt seo, de bhun fógra um íocaíocht sheasta arna eisiúint i leith an chiona sin.

(4) Féadfaidh rialacháin lena bhforordaítear méid faoi fho-alt (1)(b) méideanna éagsúla a fhorordú i ndáil le cionta éagsúla.

(5) Aon airgead a gheofar de bhun fógra um íocaíocht sheasta a thabhairt, diúscrófar é ar mhodh a chinnfidh—

(a) an tÚdarás, le toiliú roimh ré ón Aire agus ón Aire Airgeadais,

(b) údarás náisiúnta (seachas an tÚdarás nó Aire den Rialtas), le toiliú roimh ré ón Aire iomchuí agus ón Aire Airgeadais, nó

(c) údarás náisiúnta is Aire den Rialtas, le toiliú roimh ré ón Aire Airgeadais.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

32 .— I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

Cionta a ionchúiseamh.

33 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), féadfaidh údarás náisiúnta imeachtaí achoimre a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh i leith ciona faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán.

(2) D’ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851, agus faoi réir fho-alt (3), féadfar imeachtaí achoimre a thionscnamh i leith ciona faoi alt 29(16) aon tráth laistigh de 12 mhí ón dáta a rinneadh an cion, nó a líomhnaítear go ndearnadh an cion.

(3) I gcás ina gcuirfear tuarascáil speisialta faoi bhráid údaráis náisiúnta faoi alt 18(1), agus gur dealraitheach ón tuarascáil go ndearnadh ceann amháin nó níos mó de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a shárú le linn aon tréimhse lena mbaineann an tuarascáil, féadfar imeachtaí achoimre a thionscnamh i leith ciona arb éard é an sárú lena mbaineann, tráth ar bith laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis an tuarascáil a chur faoi bhráid an údaráis faoi alt 18(1), nó laistigh de thréimhse 12 mhí tar éis dháta an tsáraithe, cibé acu is déanaí a tharlóidh.

CUID 7

Ilghnéitheach

Achomharc chun na Cúirte Cuarda ó orduithe áirithe den Chúirt Dúiche.

34 .— D’fhonn amhras a sheachaint, is breith a thug breitheamh den Chúirt Dúiche chun críocha alt 84 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924 ordú ón gCúirt Dúiche ag daingniú, ag athrú nó ag cealú fógra faoi alt 15(6), 16(6)27(3).

Is i scríbhinn a bheidh fógra nó ordachán.

35 .— Is i scríbhinn a bheidh aon fhógra nó ordachán faoin Acht seo.

Rialacháin agus orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

36 .— Déanfaidh an tAire gach rialachán nó ordú (seachas ordú faoi alt 1(2)) faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó an ordaithe, beidh an rialachán nó an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán nó faoin ordú.

Leasú ar an Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005.

37 .— Leasaítear an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005—

(a) in alt 34(1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(dd) na feidhmeanna a thugtar don Údarás leis an Acht Ceimiceán 2008 a chomhlíonadh,”,

agus

(b) i Sceideal 6, mír 5, trí “faoi mhír 4” a chur in ionad “faoi mhír 3”.

1IO Uimh. L 63, 6.3.2003, lch 1.

2IO Uimh. L 104, 8.4.2004, lch 1.

3IO Uimh. L 136, 29.5.2007, lch 3.

4IO Uimh. L 168, 21.6.2006, lch. 5.

5IO Uimh. L 304, 22.11.2007, lch. 1.

6 IO Uimh. L 169, 8.7.2003, lch. 27.

7IO Uimh. L 123, 27.4.2004, lch. 27.

8IO Uimh. L 136, 24.5.2006, lch. 9.

9IO Uimh. L 307, 24.11.2007, lch. 14.

10IO Uimh. L 10, 14.1.1997, lch. 13.

11IO Uimh. L 196, 16.8.1967, lch. 1.