15 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 2008


AN tACHT UM ÚDARÁS IOMPAIR BHAILE ÁTHA CLIATH 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal.

2 . Mínithe.

3 . Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath.

4 . Tosach feidhme.

5 . Caiteachais.

6 . Cumhacht ghinearálta chun rialacháin a dhéanamh.

7 . Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

CUID 2

Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath

Caibidil 1

Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath a Bhunú

8 . An lá bunaithe.

9 . Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath a bhunú.

10 . Cuspóirí ginearálta an Údaráis.

11 . Príomhfheidhmeanna an Údaráis.

12 . Straitéis iompair.

13 . Plean comhtháite forfheidhmithe.

Caibidil 2

Socruithe Rialaithe don Údarás

14 . Comhaltas an Údaráis.

15 . Cathaoirleach an Údaráis.

16 . Cruinnithe agus nósanna imeachta an Údaráis.

17 . An Chomhairle Chomhairleach.

18 . Feidhmeanna na Comhairle Comhairlí.

19 . Príomhoifigeach feidhmiúcháin.

20 . Foireann an Údaráis.

21 . Aoisliúntas d’fhoireann an Údaráis.

22 . Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhostú.

23 . Údaráis Stáit.

24 . Fochuideachtaí.

25 . Acmhainní arna gcur ar fáil ag an Aire.

26 . Ordacháin bheartais ón Aire.

27 . Treoirlínte ón Aire.

28 . Comhairle agus seirbhísí.

29 . Leithroinntí Státchiste don Údarás.

30 . An tÚdarás d’fháil iasachtaí.

31 . An tAire Airgeadais do ráthú iasachtaí a gheobhaidh an tÚdarás.

32 . Cuntais agus tuarascáil bhliantúil an Údaráis.

33 . Bronntanais.

34 . Cód cleachtais.

35 . Comhaltaí an Údaráis do nochtadh leasanna.

36 . Stiúrthóirí fochuideachta do nochtadh leasanna.

37 . Comhaltaí foirne do nochtadh leasanna.

38 . Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda.

39 . Toirmeasc ar chumarsáidí áirithe.

40 . Comhaltas de Thithe an Oireachtais, de Pharlaimint na hEorpa agus d’údaráis áitiúla.

41 . Cuntasacht do Choistí de chuid an Oireachtais.

42 . Coimeádfaidh an tÚdarás é féin ar an eolas maidir le nithe áirithe.

43 . Díolúine an Údaráis.

CUID 3

Nithe a Bhaineann le hIompar

Caibidil 1

Bonneagar Iompair Phoiblí

44 . Feidhmeanna an Údaráis i ndáil le bonneagar iompair phoiblí.

45 . Bonneagar iompair phoiblí a mhaoiniú.

46 . Orduithe iarnróid.

Caibidil 2

Seirbhísí Iompair Phoiblí do Phaisinéirí

47 . Mínithe (Cuid 3, Caibidil 2).

48 . Conarthaí i leith seirbhísí iompair phoiblí.

49 . Conarthaí seirbhísí iompair phoiblí a mhaoiniú.

50 . Oibleagáidí seirbhíse poiblí.

51 . Leasuithe ar chonarthaí seirbhíse poiblí.

52 . Conarthaí seirbhíse poiblí dír-dhámhachtana.

53 . Seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a sholáthraíonn CIÉ.

54 . Conarthaí seirbhíse poiblí i leith seirbhísí arna soláthar go páirteach lasmuigh de MLBÁC.

55 . Foráil ghinearálta a bhaineann le feidhmiú na Caibidle seo.

56 . Oibritheoir dála deiridh.

Caibidil 3

Bearta Comhtháthaithe

57 . Iompar poiblí a chur chun cinn.

58 . Scéim ticéadaithe chomhtháite.

59 . Scéim táillí.

60 . Scéim chomhtháite faisnéise iompair phoiblí.

61 . Córas faisnéise d’úsáideoirí bóthair.

62 . Rochtain ar stadanna bus, áiteanna seasaimh bus agus stáisiúin bus agus iarnróid.

63 . Réimse freagrachta an Údaráis a leathnú.

Caibidil 4

Bainistíocht Tráchta

64 . Plean straitéiseach bainistíochta tráchta.

65 . Pleananna tráchta áitiúla.

66 . Treoirlínte bainistíochta tráchta.

67 . Ordacháin d’údaráis bhóithre.

68 . An tÚdarás do chomhlíonadh feidhmeanna údaráis bóithre.

69 . Cistí poiblí a leithroinnt ar údaráis bhóithre le haghaidh bainistíochta tráchta.

70 . Comhaontuithe agus socruithe idir údaráis bhóithre i ndáil le bainistíocht tráchta agus feidhmeanna eile de chuid an Údaráis.

71 . Bainistíocht éilimh.

Caibidil 5

Taighde agus Faisnéis

72 . Taighde.

73 . Faisnéis, sonraí agus staidreamh.

Caibidil 6

Caidrimh idir an tÚdarás agus Comhlachtaí Eile

74 . Caidreamh idir an tÚdarás agus ÚBN.

75 . ÚBN agus údaráis bhóithre do chinntiú comhsheasmhachta le straitéis iompair le linn a bhfeidhmeanna a fheidhmiú i MLBÁC.

76 . Caidreamh idir an tÚdarás agus ÚABÁC, forbróirí calafoirt agus comhlachtaí Stáit.

CUID 4

Forfheidhmiú

77 . Cionta achoimre a ionchúiseamh agus pionóis.

78 . Oifigigh údaraithe agus cumhachtaí chun a iarraidh go dtabharfar doiciméid, faisnéis, etc. ar aird.

79 . Iarratas chun na hArd-Chúirte ar ordú le haghaidh faisnéise.

80 . Ordacháin agus forfheidhmiú.

CUID 5

Forálacha maidir le hÚsáid Talún

Caibidil 1

Leasuithe ar Acht 2000

81 . Leasú ar alt 2 d’Acht 2000 — mínithe.

82 . Leasú ar alt 9 d’Acht 2000 (oibleagáid plean forbartha a dhéanamh).

83 . Leasú ar alt 11 d’Acht 2000 (dréachtphlean forbartha a ullmhú).

84 . Leasú ar alt 12 d’Acht 2000 (plean forbartha a dhéanamh).

85 . Leasú ar alt 13 d’Acht 2000 (athrú ar an bplean forbartha).

86 . Leasú ar alt 19 d’Acht 2000 (feidhm pleananna limistéir áitiúil agus an t-ábhar a bheidh iontu).

87 . Leasú ar alt 20 d’Acht 2000 (comhchomhairliúchán agus glacadh le pleananna limistéir áitiúil).

88 . Leasú ar alt 21 d’Acht 2000 (cumhacht chun treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh).

89 . Leasú ar alt 23 d’Acht 2000 (an t-ábhar a bheidh i dtreoirlínte pleanála réigiúnacha agus a gcuspóirí).

90 . Leasú ar alt 24 d’Acht 2000 (comhchomhairliúchán maidir le treoirlínte pleanála réigiúnacha).

91 . Leasú ar alt 25 d’Acht 2000 (nós imeachta chun treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh).

92 . Leasú ar alt 31 d’Acht 2000 (ordacháin ón Aire maidir le pleananna forbartha).

93 . Alt 31A nua a chur isteach in Acht 2000 (ordacháin ón Aire maidir le treoirlínte pleanála réigiúnacha).

94 . Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 2000 (cúiseanna le cead a dhiúltú nach mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith).

95 . Cuid nua (ÚIBÁC agus forálacha maidir le húsáid talún) a chur isteach in Acht 2000.

Caibidil 2

Leasuithe ar Acht 1997 agus Acht 2005

96 . Leasú ar alt 3 d’Acht 1997 — mínithe.

97 . Leasú ar alt 16 d’Acht 1997 (an chomhairle).

98 . Leasú ar alt 24 d’Acht 1997 (máistirphlean).

99 . Leasú ar alt 25 d’Acht 1997 (scéimeanna pleanála).

100 . Leasú ar alt 2 d’Acht 2005 — mínithe.

101 . Leasú ar alt 12 d’Acht 2005 (plean straitéiseach).

CUID 6

OIBÁC a Dhíscaoileadh agus Fostaithe OIBÁC agus GFI a Aistriú

102 . OIBÁC a dhíscaoileadh.

103 . Talamh agus maoin eile a aistriú.

104 . Cearta agus dliteanais a aistriú.

105 . Conarthaí láithreacha a chaomhnú.

106 . Leanúint d’imeachtaí dlíthiúla.

107 . Tagairtí d’OIBÁC sa reachtaíocht.

108 . Cuntais chríochnaitheacha.

109 . Doiciméid a bheith inghlactha i bhfianaise.

110 . Fostaithe OIBÁC a aistriú.

CUID 7

Nithe a Bhaineann le CIÉ agus le GFI

111 . Saoráidí loctha.

112 . Fodhlíthe.

113 . Airteagail chomhlachais cuideachtaí.

114 . Maoin CIÉ a dhiúscairt.

115 . Leasú ar Acht 2001.

CUID 8

Oibreacha iarnróid, etc. ar Fhaiche Stiabhna

116 . Gan feidhm a bheith ag alt 15 den Saint Stephen’s Green (Dublin) Act 1877 maidir le suirbhéanna, iniúchtaí agus oibreacha iarnróid agus oibriú iarnróid, iarnróid éadroim nó meitreo.

CUID 9

Oifigigh Iompair

117 . Oifigigh iompair.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005

An tAcht um Chumhachtaí Comhlachtaí Áirithe Iasachtaí a Fháil 1996

1996, Uimh. 22

An tAcht um Shaoire Cúramóra 2001

2001, Uimh. 19

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956 go 2005

Acht na gCuideachtaí 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí 1990

1990, Uimh. 33

Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993

1993, Uimh. 8

An tAcht um Míchumas 2005

2005, Uimh. 14

An tAcht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath 1997

1997, Uimh. 7

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997

1997, Uimh. 13

An tAcht um Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin 2005

2005, Uimh. 21

An tAcht Rialtais Áitiúil 1991

1991, Uimh. 11

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

An tAcht Rialtais Áitiúil (Feidhmeanna Bóithre) 2007

2007, Uimh. 38

Na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005

An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta 2002

2002, Uimh. 29

An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (Leasú) 2007

2007, Uimh. 16

An tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997

1997, Uimh. 20

Na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000

2000, Uimh. 30

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2002

2002, Uimh. 32

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006

2006, Uimh. 27

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003

2003, Uimh. 29

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001

2001, Uimh. 45

An tAcht um Shábháilteacht Iarnróid 2005

2005, Uimh. 31

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2007

Acht na mBóithre 1993

1993, Uimh. 14

An tAcht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre 2006

2006, Uimh. 14

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961

1961, Uimh. 24

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2002

2002, Uimh. 12

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre agus Iompar 2006

2006, Uimh. 28

An tAcht um Iompar ar Bhóithre 1932

1932, Uimh. 2

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1986

1986, Uimh. 16

Saint Stephen’s Green (Dublin) Act 1877

40 & 41, Vict. c. cxxxiv

An tAcht um Aerfoirt Stáit 2004

2004, Uimh. 32

An tAcht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002

2002, Uimh. 1

Na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001

An tAcht Iompair 1950

1950, Uimh. 12

An tAcht Iompair 1958

1958, Uimh. 19

An tAcht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001

2001, Uimh. 55

An tAcht Iompair (Córas Iompair Éireann a Atheagrú) 1986

1986, Uimh. 31

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 2008


AN tACHT UM ÚDARÁS IOMPAIR BHAILE ÁTHA CLIATH 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHLACHT A BHUNÚ AR A dTABHARFAR, SA BHÉARLA, THE DUBLIN TRANSPORT AUTHORITY NO, SA GHAEILGE, ÚDARÁS IOMPAIR BHAILE ÁTHA CLIATH, DO MHÍNIÚ A FHEIDHMEANNA AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ AN ACHTA UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000, AN ACHTA IOMPAIR (BONNEAGAR IARNRÓID) 2001, AN ACHTA UM ÚDARÁS FORBARTHA DUGTHAILTE BHAILE ÁTHA CLIATH 1997, AN ACHTA UM GHNÍOMHAIREACHT FORBARTHA GHRÁINSEACH GHORMÁIN 2005, AN ACHTA UM IOMPAR AR BHÓITHRE 1986 AGUS AN ACHTA IOMPAIR (CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN A ATHEAGRÚ) 1986, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE DÍSCAOILEADH OIFIG IOMPAIR BHAILE ÁTHA CLIATH, DO DHÉANAMH SOCRÚ NACH mBEIDH FEIDHM AG ALT 15 DEN SAINT STEPHEN’S GREEN (DUBLIN) ACT 1877 MAIDIR LE hINIÚCHTAÍ, SUIRBHÉANNA NÓ OIBREACHA IARNRÓID NÓ LE hOIBRIÚ IARNRÓID, IARNRÓID ÉADROIM NÓ MEITREO FAOIN ACHT IOMPAIR (BONNEAGAR IARNRÓID) 2001 AR FHAICHE STIABHNA NÓ FAOI AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[16 Iúil, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1 .— Féadfar an tAcht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008 a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950;

ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht Iompair, 1958;

ciallaíonn “ Acht 1961 ” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961;

ciallaíonn “ Acht 1986 ” an tAcht Iompair (Córas Iompair Éireann a Atheagrú) 1986;

ciallaíonn “ Acht 1993 ” Acht na mBóithre 1993;

ciallaíonn “ Acht 1997 ” an tAcht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath 1997;

ciallaíonn “ Acht 2000 ” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000;

ciallaíonn “ Acht 2001 ” an tAcht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001;

ciallaíonn “ Acht 2002 ” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2002;

ciallaíonn “ Acht 2005 ” an tAcht um Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin 2005;

ciallaíonn “ oifigeach údaraithe ” duine a cheapfar faoi alt 78 mar oifigeach údaraithe don Údarás;

ciallaíonn “ Údarás ” Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath arna bhunú faoi alt 9;

ciallaíonn “ bus ” feithicil inneallghluaiste atá ceaptha le haghaidh taistil de bhóthar agus ina bhfuil cóiríocht suite do níos mó ná 9 nduine (lena n-áirítear an tiománaí);

ciallaíonn “ Bus Éireann ” Bus Éireann-Irish Bus;

ciallaíonn “ stad bus ” áit staid ainmnithe ag a bhféadfaidh paisinéirí dul ar bord busanna nó tuirlingt díobh;

tá le “ busbhealach ” an bhrí a shanntar dó le halt 44(1) d’Acht 1993;

ciallaíonn “ gluaisteán ” feithicil inneallghluaiste nach bus (de réir bhrí Acht 1961) nó rothar nó trírothach;

ciallaíonn “ CIÉ ” Córas Iompair Éireann;

ciallaíonn “ Coimisinéir ” Coimisinéir an Gharda Síochána;

ciallaíonn “ cuideachta ” cuideachta (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí);

tá le “ rotharbhealach ” an bhrí a shanntar dó le halt 68(1) d’Acht 1993;

ciallaíonn “ OIBÁC ” Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath;

ciallaíonn “ Bus Átha Cliath ” Bus Átha Cliath-Dublin Bus;

ciallaíonn “ MLBÁC ” Mór-Limistéar Bhaile Átha Cliath;

tá le “ M ór-Limistéar Bhaile Átha Cliath ” an bhrí a shanntar dó le halt 3;

tá “ plean comhtháite forfheidhmithe ” le léamh de réir alt 13;

ciallaíonn “ saoráidí idirmhalartaithe ” bonneagar nó áitreabh lena n-éascaítear d’úsáideoirí iompair a úsáideann modhanna éagsúla iompair, lena n-áirítear saoráidí loctha agus marcaíochta, saoráidí lena ligtear do thacsaithe, do rothair, do ghluaisrothair, do bhusanna, do thraenacha agus do ghluaisteáin a stad, a locadh nó a chur ina seasamh, d’fhonn a éascú d’úsáideoirí modha iompair amháin a aistriú go modh eile, ach gan a bheith teoranta do na saoráidí sin;

ciallaíonn “Iarnród Éireann” Iarnród Éireann-Irish Rail;

tá le “talamh” an bhrí a shanntar dó le hAcht 2000;

ciallaíonn “iarnród éadrom” iarnród a ainmnítear mar iarnród éadrom in ordú iarnróid arna dhéanamh faoi Acht 2001;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil 2001;

tá le “feithicil inneallghluaiste” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1961;

ciallaíonn “meitreo” iarnród a ainmnítear mar mheitreo in ordú iarnróid arna dhéanamh faoi Acht 2001;

ciallaíonn “Aire” an tAire Iompair;

ciallaíonn an “Straitéis Spáis Náisiúnta” an Straitéis Spáis Náisiúnta: 2002 - 2020 arna foilsiú ag an Rialtas an 28 Samhain 2002 nó aon doiciméad arna fhoilsiú ag an Rialtas lena leasaítear í nó a chuirtear ina hionad;

ciallaíonn “ ÚBN ” an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta;

ciallaíonn “forordú” forordú a dhéanamh le rialacháin;

ciallaíonn “gluaisteán príobháideach” gluaisteán nach n-úsáidtear le haghaidh luaíochta nó lena fhruiliú;

ciallaíonn “ seirbhís bus phoiblí ” bus nó busanna a thaistealaíonn go hiomlán nó go formhór ar bhóithre poiblí chun paisinéirí a iompar a úsáid ar shlí—

(a) ina soláthraítear an tseirbhís ar bhonn rialta agus sceidealta,

(b) ina bhfuil gach turas oscailte lena úsáid ag daoine den phobal,

(c) ina soláthraítear iompar do phaisinéirí idir pointí cinn scríbe sonraithe nó feadh cúrsa shonraithe nó thairis sin de réir amchláir fhoilsithe, agus

(d) ina n-íoctar muirear nó muirir i leith gach paisinéara, agus

nach seirbhís bus í d’aon toisc chun leanaí a iompar chun na scoile nó uaithi;

ciallaíonn “seirbhís iompair phoiblí do phaisinéirí” seirbhís iarnróid do phaisinéirí nó seirbhís bus phoiblí;

tá le “bóthar poiblí” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1993;

ciallaíonn “údarás iompair phoiblí” CIÉ, Iarnród Éireann, Bus Éireann, Bus Átha Cliath, GFI nó údarás bóithre;

ciallaíonn “bonneagar iompair poiblí” bonneagar arna fhoirgniú nó arna sholáthar, nó a bheartaítear a fhoirgniú nó a sholáthar i dtaca le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a sholáthar, lena úsáid ag bonneagar iarnróid, bonneagar iarnróid meitreo, bonneagar iarnróid éadroim, rothra, busanna, busbhealaí, garáistí bus, rotharbhealaí, saoráidí do rothair agus do choisithe, saoráidí idirmhalartaithe nó aon aicme eile bonneagair, saoráide, foirgnimh nó feithicle, cibé acu den chineál céanna leis an gcineál réamhráite nó nach ea, a bheidh forordaithe ag an Údarás mar bhonneagar iompair phoiblí faoi alt 44(13), agus ar bonneagar é a mbeidh na nithe sin san áireamh ann, ach gan é a bheith teoranta do na nithe sin;

ciallaíonn “ oibritheoir iompair phoiblí ” Iarnród Éireann, Bus Éireann, Bus Átha Cliath, GFI nó duine a sholáthraíonn seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí faoi chonradh le GFI, duine a sholáthraíonn seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí faoi chonradh leis an Údarás nó duine a oibríonn bóthar-sheirbhís do phaisinéirí de réir ceadúnais paisinéirí arna dheonú faoin Acht um Iompar ar Bhóithre 1932 laistigh de MLBÁC nó go páirteach laistigh de MLBÁC;

ciallaíonn “seirbhís iarnróid do phaisinéirí” seirbhís iompair do phaisinéirí lena ngabhann leas eacnamaíoch i gcoitinne agus a sholáthraítear d’iarnród don phobal ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus sceidealta;

tá le “bonneagar iarnróid” an bhrí a shanntar dó le hAcht 2001;

ciallaíonn “údarás réigiúnach” comhlacht arna bhunú de réir alt 43 den Acht Rialtais Áitiúil 1991;

tá le “bóthar” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1993;

tá le “údarás bóithre” an bhrí a shanntar dó le hAcht 1993 agus, ach amháin i gcás ina sonraítear a mhalairt, ní bhaineann sé ach amháin le húdaráis bhóithre i MLBÁC;

ciallaíonn “ GFI ” an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnróid;

ciallaíonn “fochuideachta”, in alt 24, 32 agus 36 go 40, fochuideachta (de réir bhrí alt 155 d’Acht na gCuideachtaí 1963) de chuid an Údaráis;

ciallaíonn “sochair aoisliúntais” pinsin, aiscí agus liúntais eile is iníoctha ar dhuine d’éirí as, do scor nó d’fháil bháis;

ciallaíonn “ bainistiú tráchta ” na bearta rialaitheacha, na bearta riaracháin agus na bearta eile is gá chun na nithe seo a leanas a éascú, a bhainistiú, a rialáil agus a rialú—

(a) gluaiseacht daoine agus earraí ar bhóithre poiblí, nó

(b) feithiclí a locadh in áiteanna poiblí nó in áiteanna eile neamhchónaithe;

tá “ straitéis iompair ” le léamh de réir alt 12;

ciallaíonn “ Iompar 21 ” an creat infheistíochta caipitiúla a d’fhoilsigh an tAire i Samhain 2005.

Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath.

3 .— Is é atá i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath ná—

(a) cathair Bhaile Átha Cliath,

(b) contaetha riaracháin Bhaile Átha Cliath Theas, Fhine Gall, Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Chill Dara, Chill Mhantáin agus na Mí, agus

(c) cibé limistéir eile a dhearbhófar, ó am go ham, le hordú ón Aire.

Tosach feidhme.

4 .— Tagann an tAcht seo, seachas Codanna 2 agus 6, i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.

Caiteachais.

5 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Cumhacht ghinearálta chun rialacháin a dhéanamh.

6 .— (1) Féadfaidh an tAire nó an tÚdarás, de réir mar a bheidh, rialacháin a dhéanamh—

(a) chun aon chríche ar i ndáil léi a dhéantar foráil san Acht seo maidir le rialacháin, nó

(b) chun aon ní nó aon rud dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó mar rud atá forordaithe nó le forordú, a fhorordú.

(2) Féadfaidh cibé forálacha iarmhartacha, forlíontacha agus coimhdeacha a mheasfaidh an tAire nó an tÚdarás, de réir mar a bheidh, is gá nó is fóirsteanach a bheith in aon rialachán a dhéanfar faoin alt seo.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

7 .— (1) Gach ordú (seachas ordú faoi alt 4, 8, 17102) nó gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis a dhéanta.

(2) Déanfar gach rialachán a dhéanfaidh an tÚdarás faoi alt 44(13)58(4) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis a dhéanta.

(3) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, le rún arna rith laistigh de 21 lá suí tar éis an lae a leagtar rialachán nó ordú faoi bhráid an Tí sin faoin alt seo, an rialachán nó an t-ordú a neamhniú.

(4) Maidir le neamhniú rialacháin nó ordaithe faoi fho-alt (3), tá éifeacht leis láithreach tar éis an rún lena mbaineann a rith, ach ní dhéanann an neamhniú sin difear do bhailíocht aon ní a rinneadh faoin rialachán nó faoin ordú sular ritheadh an rún sin.

CUID 2

Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath

Caibidil 1

Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath a Bhunú

An lá bunaithe.

8 .— Féadfaidh an tAire lá a cheapadh le hordú chun bheith ina lá bunaithe chun críocha na Coda seo.

Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath a bhunú.

9 .— (1) Tá arna bhunú ar an lá bunaithe comhlacht ar a dtabharfar sa Bhéarla, the Dublin Transport Authority, nó, sa Ghaeilge, Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath, agus dá ngairtear an tÚdarás san Acht seo, chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Is é a bheidh i limistéar feidhme an Údaráis ná MLBÁC.

(3) Is comhlacht corpraithe é an tÚdarás agus comharbas suthain agus séala aige agus tá cumhacht agartha aige agus féadfar é a agairt ina ainm corpraithe agus tá cumhacht aige talamh nó aon mhaoin eile, nó aon leas eile i dtalamh nó in aon mhaoin eile (ruílse nó léasach) a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

(4) Déanfaidh an tÚdarás, a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe, séala a sholáthar dó féin, ar séala é a fhíordheimhneofar le síniú comhalta den Údarás nó le síniú duine eile a bheidh údaraithe ag an Údarás chun gníomhú chuige sin.

(5) Tabharfaidh na cúirteanna go léir aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis agus glacfar i bhfianaise gach ionstraim a airbheartaíonn gur ionstraim í a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe lena shéala (a airbheartaíonn a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (4)) agus measfar gurb í an ionstraim sin í gan tuilleadh cruthúnais, go dtí go suífear a mhalairt.

Cuspóirí ginearálta an Údaráis.

10 .— Le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh, féachfaidh an tÚdarás leis na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach—

(a) córas comhtháite iompair a fhorbairt ar córas é trína gcuirtear le hinchothaitheacht chomhshaoil agus le comhtháthú sóisialta agus trína ndéantar dul chun cinn eacnamaíochta a chur chun cinn,

(b) córas iompair poiblí a sholáthar do na húsáideoirí go léir, ar córas é a fheidhmíonn go maith agus atá tarraingteach, comhtháite agus sábháilte,

(c) rochtain fheabhsaithe a thabhairt ar an gcóras iompair agus, go háirithe, ar sheirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí, do dhaoine faoi mhíchumas,

(d) úsáid níos mó a bheith á baint as an gcóras iompair phoiblí,

(e) tuilleadh daoine ag dul i muinín rothaíochta agus siúil mar mhodhanna iompair, agus

(f) luach ar airgead.

Príomhfheidhmeanna an Údaráis.

11 .— (1) Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna an Údaráis—

(a) pleanáil straitéiseach a dhéanamh maidir le hiompar,

(b) forbairt gréasáin iompair phoiblí atá comhtháite, inrochtana a chur chun cinn,

(c) táillí iompair phoiblí a rialáil,

(d) cur chun cinn a dhéanamh maidir le rothaíocht agus siúl a úsáid mar mhodh iompair, agus

(e) na nithe seo a leanas a áirithiú—

(i) seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a sholáthar,

(ii) bonneagar iompair phoiblí a sholáthar,

(iii) córais chomhtháite ticéadaithe agus faisnéise i gcomhair an iompair phoiblí a sholáthar,

(iv) bainistiú éifeachtach ar thrácht,

(v) bainistiú éifeachtach ar éileamh ar an iompar,

(vi) branda aonair iompair phoiblí a fhorbairt agus a chur i ngníomh,

(vii) sonraí agus faisnéis staidrimh ar an iompar a bhailiú, agus

(viii) taighde a dhéanamh ar an iompar.

(2) Féadfaidh an tÚdarás na nithe sin go léir a dhéanamh a thig de dhroim a fheidhmeanna a chomhlíonadh nó a leanann as sin nó atá riachtanach nó fóirsteanach chuige sin nó atá coimhdeach leis sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé feidhmeanna breise i ndáil leis an iompar a mheasfaidh sé nó sí a bheith cuí ó am go ham a thabhairt le hordú don Údarás.

Straitéis iompair.

12 .— (1) (a) Déanfaidh an tÚdarás plean iompair straitéisigh (“straitéis iompair”) de réir an ailt seo.

(b) Beidh sa chéad straitéis iompair ag an Údarás an obair a bheidh déanta ar straitéis nua iompair ag OIBÁC (go dtí cibé tráth a dhíscaoilfear í faoi alt 102).

(c) Má chríochnaíonn OIBÁC a straitéis nua iompair sula ndíscaoilfear í faoi alt 102, measfar gurb í an straitéis sin an chéad straitéis iompair ag an Údarás chun críocha an ailt seo.

(2) Féachfaidh an tÚdarás lena chinntiú go bhfoilseofar an chéad straitéis iompair tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis an athbhreithnithe ar na treoirlínte pleanála réigiúnacha do MLBÁC de réir alt 26 d’Acht 2000.

(3) Is é cuspóir na straitéise iompair creatlach pleanála straitéisí fadtéarma a sholáthar d’fhorbairt chomhtháite bonneagair iompair agus seirbhísí i MLBÁC.

(4) I straitéis iompair déanfar breithniú ar an bhforbairt atá le déanamh sa todhchaí ar an gcóras iompair i MLBÁC ar feadh tréimhse nach giorra ná 12 bhliain agus nach faide ná 20 bliain.

(5) Le linn dó straitéis iompair a ullmhú, beidh aird ag an Údarás ar na nithe seo a leanas—

(a) an Straitéis Spáis Náisiúnta,

(b) na treoirlínte pleanála réigiúnacha atá i bhfeidhm do MLBÁC,

(c) na pleananna forbartha atá i bhfeidhm i MLBÁC, i máistirphlean Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath agus i bplean straitéise Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin,

(d) Iompar 21 nó aon chreat infheistíochta caipitiúla le haghaidh iompair dá éis sin arna fhoilsiú ag an Aire nó ag an Rialtas,

(e) plean earnála na Roinne Iompair faoin Acht um Míchumas 2005 nó aon phlean earnála dá éis sin faoin Acht sin,

(f) treochtaí daoneolaíochta, eacnamaíochta, sóisialta, taistil agus iompair i MLBÁC,

(g) forbairtí úsáide talún láithreacha, pleanáilte agus réamh-mheasta,

(h) treochtaí agus riachtanais a bhaineann le daoine a bheidh ag taisteal ó áit lasmuigh de MLBÁC isteach i MLBÁC agus vice versa, agus an t-éileamh ar thaisteal den sórt sin,

(i) aon tograí a gheofar ó údaráis agus oibritheoirí iompair phoiblí, agus

(j) cibé nithe eile a fhorordóidh an tAire nó is cuí leis an Údarás.

(6) Cinnteoidh an tÚdarás go bhfuil an straitéis iompair i gcomhréir le treoirlínte pleanála réigiúnacha iomchuí do MLBÁC arna n-ullmhú de réir Chaibidil III, Cuid II, d’Acht 2000.

(7) Déanfar straitéis iompair a ullmhú i cibé foirm agus ar cibé modh a ordóidh an tAire.

(8) Déanfaidh an tÚdarás—

(a) le linn straitéis iompair a ullmhú, agus

(b) tar éis réamhdhréacht den straitéis a fhoilsiú,

comhairle a ghlacadh leis an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, leis na húdaráis réigiúnacha laistigh de MLBÁC, le ÚBN, le hÚdarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, le Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin, le húdaráis áitiúla, leis an nGarda Síochána, le pobail áitiúla, le húsáideoirí iompair, le hoibritheoirí iompair phoiblí, le húdaráis nó le cuideachtaí calafoirt agus aerfoirt agus le páirtithe leasmhara eile i MLBÁC, agus breithneoidh sé a gcuid tuairimí, agus lorgóidh sé agus breithneoidh sé aighneachtaí i scríbhinn ón bpobal.

(9) Déanfaidh an tÚdarás, tar éis an comhairliúchán a cheanglaítear faoi fho-alt (8) a chríochnú, dréacht dá straitéis iompair a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire.

(10) Nuair atá dréacht dá straitéis iompair á chur faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (9), cuirfidh an tÚdarás cóip den dréacht sin chuig na húdaráis réigiúnacha laistigh de MLBÁC agus déanfaidh na húdaráis réigiúnacha sin, laistigh de 4 sheachtain ón tráth a gheobhaidh siad an dréacht, fógra a eisiúint chuig an Údarás, chuig an Aire agus chuig an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil á rá maidir leis an dréachtstraitéis cibé acu, ina dtuairim—

(a) atá sí i gcomhréir leis na treoirlínte pleanála réigiúnacha do MLBÁC, nó

(b) nach bhfuil sí i gcomhréir leis na treoirlínte pleanála réigiúnacha do MLBÁC agus sa chás sin cé na leasuithe ar an dréachtstraitéis is dóigh leo is gá chun an chomhréireacht sin a bhaint amach.

(11) (a) Nuair atá dréacht dá straitéis iompair á chur faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (9), déanfaidh an tÚdarás cóip den dréacht sin a chur chuig an gComhchoiste Oireachtais.

(b) Aon uair a iarrtar amhlaidh, láithreoidh an cathaoirleach agus an príomhfheidhmeannach os comhair an Chomhchoiste Oireachtais chun an dréachtstraitéis a phlé.

(c) Féadfaidh an Comhchoiste Oireachtais, laistigh de 4 seachtaine ón tráth a fhaigheann sé an dréachtstraitéis iompair, tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire ar tuarascáil í ina bhfuil moltaí faoin dréachtstraitéis.

(d) San alt seo, ciallaíonn “Comhchoiste Oireachtais” Comhchoiste de chuid Thithe an Oireachtais a bhfuil ról sannta dó ag an Oireachtas maidir le nithe a bhaineann le hiompar a scrúdú.

(12) I gcás ina bhfuil ráiteas den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (10)(b) i bhfógra a fhaigheann an tAire ó na húdaráis réigiúnacha laistigh de MLBÁC faoi fho-alt (10), féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, aon cheann de na gníomhartha a shonraítear i bhfo-alt (13) a dhéanamh, agus i gcás nach nglacann sé nó sí, nó nach nglacann sé nó sí go hiomlán, le comhairle na n-údarás réigiúnach arna tabhairt faoi fho-alt (10) cuirfidh sé nó sí na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin in iúl i scríbhinn do na húdaráis réigiúnacha.

(13) Tar éis dheireadh na tréimhse 4 seachtaine dá dtagraítear i bhfo-alt (10), féadfaidh an tAire, tar éis breithniú a dhéanamh ar aon fhógra nó tuarascáil a fhaightear faoi fho-ailt (10)(11), i ndáil le dréachtstraitéis iompair a bheidh curtha faoina bhráid nó faoina bráid—

(a) an dréacht a cheadú,

(b) é a cheadú fara modhnuithe,

(c) a ordú go gcuirfí faoina bhráid nó faoina bráid arís é i bhfoirm mhodhnaithe lena cheadú, nó

(d) diúltú é a cheadú.

(14) Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is indéanta tar éis dó nó di straitéis iompair a cheadú (fara nó d’éagmais modhnuithe) faoi fho-alt (13), cóip di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(15) A luaithe is indéanta tar éis don Aire a chur in iúl don Údarás go bhfuil straitéis iompair ceadaithe aige nó aici, foilseoidh an tÚdarás í agus déanfaidh sé gach beart is indéanta le réasún chun í a fhorfheidhmiú.

(16) I gcás ina mbeidh straitéis iompair déanta ag an Údarás déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 6 bliana tar éis an straitéis a dhéanamh agus uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse 6 bliana dá éis sin, an straitéis sin a athbhreithniú agus le linn athbhreithniú a dhéanamh amhlaidh, féadfaidh sé an straitéis a chúlghairm agus straitéis nua a dhéanamh.

(17) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás straitéis iompair nua, ní mór dó déanamh amhlaidh de réir an ailt seo agus glacfaidh an straitéis nua ionad aon straitéise roimhe sin.

Plean comhtháite forfheidhmithe.

13 .— (1) A luaithe is indéanta tar éis an lae bunaithe, agus ina dhiaidh sin laistigh de 9 mí ón tráth a cheadóidh an tAire straitéis iompair, déanfaidh an tÚdarás plean (“plean comhtháite forfheidhmithe”) don tréimhse 6 bliana ina dhiaidh sin de réir an ailt seo.

(2) Cuimseoidh plean comhtháite forfheidhmithe—

(a) clár infheistíochta bonneagair, lena n-aithneofar na cuspóirí fíorthábhachtacha agus na haschuir fhíorthábhachtacha a bheidh le saothrú ag an Údarás thar thréimhse an phlean,

(b) na gníomhartha a bheidh le déanamh ag an Údarás chun a chinntiú go ndéanfar bonneagar iompair phoiblí a chomhtháthú go héifeachtach thar thréimhse an phlean,

(c) plean seirbhíse comhtháite, lena n-aithneofar na cuspóirí fíorthábhachtacha agus na haschuir fhíorthábhachtacha a bheidh le saothrú ag an Údarás thar thréimhse an phlean,

(d) na gníomhartha a bheidh le déanamh ag an Údarás chun a chinntiú go ndéanfar seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a chomhtháthú go héifeachtach thar thréimhse an phlean, agus

(e) cibé nithe eile is cuí leis an Údarás nó a fhorordóidh an tAire.

(3) Déanfar plean comhtháite forfheidhmithe a ullmhú i cibé foirm agus slí a ordóidh an tAire agus tabharfar aird ann—

(a) ar aon tograí a gheofar ó údaráis agus oibritheoirí iompair phoiblí, agus

(b) ar an ngá atá ann a chinntiú go mbainfear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as acmhainní an Státchiste.

(4) Déanfaidh an tAire, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, treoir i scríbhinn a chur ar fáil don Údarás ar shocruithe maoiniúcháin ilbhliantúla agus beidh aird ag an Údarás ar an treoir sin le linn plean comhtháite forfheidhmithe a ullmhú.

(5) Le linn plean comhtháite forfheidhmithe a ullmhú, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le húdaráis áitiúla, leis an nGarda Síochána, le pobail áitiúla, le húsáideoirí iompair, le hoibritheoirí iompair phoiblí, le húdaráis nó cuideachtaí calafoirt agus aerfoirt agus le páirtithe leasmhara eile i MLBÁC, agus breithneoidh sé a gcuid tuairimí, agus lorgóidh sé aighneachtaí i scríbhinn ón bpobal faoin bplean.

(6) Cuirfidh an tÚdarás dréacht dá phlean comhtháite forfheidhmithe faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire.

(7) Féadfaidh an tAire, i ndáil le dréachtphlean comhtháite forfheidhmithe arna chur faoina bhráid nó faoina bráid—

(a) an dréacht a cheadú,

(b) é a cheadú fara modhnuithe,

(c) a ordú go gcuirfí faoina bhráid nó faoina bráid arís é i bhfoirm mhodhnaithe lena cheadú, nó

(d) diúltú é a cheadú.

(8) Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is indéanta tar éis dó nó di plean comhtháite forfheidhmithe a cheadú (fara nó d’éagmais modhnuithe) faoi fho-alt (7), cóip de a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(9) A luaithe is indéanta tar éis don Aire a chur in iúl don Údarás go bhfuil plean comhtháite forfheidhmithe ceadaithe aige nó aici, foilseoidh an tÚdarás é agus déanfaidh sé gach beart is indéanta le réasún chun é a fhorfheidhmiú.

Caibidil 2

Socruithe Rialaithe don Údarás

Comhaltas an Údaráis.

14 .— (1) Is é a bheidh san Údarás cathaoirleach agus 9 ngnáthchomhalta a dhéanfaidh feidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh agus a chur i gcrích de réir an Achta seo.

(2) Déanfaidh an tAire cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí an Údaráis a cheapadh mar a leanas:

(a) príomhfheidhmeannach an Údaráis mar ghnáthchomhalta, fad a leanfaidh sé nó sí de bheith ina phríomh-fheidhmeannach nó ina príomhfheidhmeannach,

(b) sealbhóir oifig Bhainisteoir Cathrach Bhaile Átha Cliath mar ghnáthchomhalta, fad a leanfaidh sé nó sí den oifig sin a shealbhú,

(c) gnáthchomhalta, is sealbhóir poist mar bhainisteoir sinsearach san Údarás ar comhalta é nó í a shonróidh an cathaoirleach le toiliú an Aire, fad a leanfaidh sé nó sí i seilbh an phoist sin, agus

(d) an cathaoirleach agus 6 ghnáthchomhalta, as daoine a bhfuil, i dtuairim an Aire, taithí fhorleathan acu i ndáil le cúrsaí iompair, tionscail, tráchtála, airgeadais, pleanála úsáide talún nó comhshaoil, le heagrú oibrithe nó le riarachán.

(3) Íocfar le comhalta den Údarás as cistí a bheidh faoina réir ag an Údarás—

(a) cibé luach saothair (más ann) a shocróidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, agus

(b) cibé méid i leith caiteachas (más ann) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Maidir le comhalta den Údarás a cheapfar de réir fho-alt (2)(d), lena n-áirítear an cathaoirleach—

(a) ceapfar é nó í go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana,

(b) a rachaidh a théarma oifige nó a téarma oifige in éag le himeacht aimsire, tá sé nó sí in-athcheaptha. Ní fhónfaidh sé nó sí ar feadh tréimhse is faide ná 10 mbliana san iomlán, áfach, agus

(c) tráth ar bith—

(i) féadfaidh sé nó sí éirí as a chomhaltas nó a comhaltas trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ón dáta a shonrófar sa litir nó ar an dáta a gheofar an litir, cibé acu is déanaí, nó

(ii) féadfaidh an tAire é nó í a chur as comhaltas den Údarás, más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair sé nó sí é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó más dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as comhaltas le go gcomhlíonfaidh an tÚdarás a fheidhmeanna go héifeachtach.

(5) Scoirfidh comhalta den Údarás de bheith i seilbh oifige agus beidh sé nó sí dícháilithe chun oifig a shealbhú más rud é—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

(b) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) go ngearrfaidh cúirt dlínse inniúla de phianbhreith air nó uirthi téarma príosúnachta a chur isteach, nó

(d) go ndícháileofar nó go srianfar é nó í ó bheith ina stiúrthóir ar chuideachta ar bith.

(6) (a) Más rud é go bhfaighidh comhalta den Údarás bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig, go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith dícháilithe nó go gcuirfear as oifig é nó í, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta den Údarás ba chúis leis an gcorrfholúntas.

(b) Aon duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás faoi mhír (a), beidh sé nó sí, faoi réir na bhforálacha eile den alt seo, i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de thréimhse oifige an chomhalta is cúis leis an gcorrfholúntas a gceaptar é nó í lena líonadh agus tá sé nó sí in-athcheaptha faoi réir téarma oifige uasta 10 mbliana.

(7) Cinnteoidh an tAire, a mhéid is indéanta agus ag féachaint do thaithí iomchuí, go mbeidh cóimheá chothromasach ann idir fir agus mná i gcomhdhéanamh an Údaráis.

Cathaoirleach an Údaráis.

15 .— (1) Ceapfaidh an tAire cathaoirleach an Údaráis ar cibé téarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear luach saothair, a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) I gcás ina scoirfidh cathaoirleach an Údaráis le linn a théarma oifige nó a téarma oifige mar chathaoirleach de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, scoirfidh sé nó sí freisin an tráth sin de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an Údarás.

(3) I gcás nach mbeidh an cathaoirleach ar fáil chun a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh, ceapfaidh sé nó sí, nó, mura féidir leis nó léi déanamh amhlaidh, ceapfaidh an tAire comhalta eile, a ceapadh faoi alt 14(2)(d), chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach gníomhach chun dualgais an chathaoirligh a ghabháil air féin nó uirthi féin ar feadh tréimhse sonraithe nach faide ná 12 mhí, nuair nach mbeidh an cathaoirleach i láthair.

Cruinnithe agus nósanna imeachta an Údaráis.

16 .— (1) Tionólfaidh an tÚdarás cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) 5 nó cibé líon eile a shocróidh an tAire ó am go ham is córam do chruinniú den Údarás.

(3) Ag cruinniú den Údarás—

(a) is é nó is í cathaoirleach an Údaráis, má bhíonn sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, agus

(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an Údaráis i láthair, nó má bhíonn oifig an Chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Údarás a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Ag cruinniú den Údarás, beidh vóta ag gach comhalta den Údarás a bheidh i láthair agus cinnfear gach ceist le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta agus vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(5) Féadfaidh an tÚdarás gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí.

(6) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, déanfaidh an tÚdarás a nós imeachta féin agus a ghnó féin a rialáil.

(7) Féadfaidh an tÚdarás aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh nó a fheidhmiú tríd an gcathaoirleach nó trí aon duine de chomhaltaí an Údaráis nó trí aon duine eile a bheidh údaraithe go cuí ag an Údarás chuige sin.

An Chomhairle Chomhairleach.

17 .— (1) Bunaítear ar an lá ceaptha comhlacht ar a dtabharfar, sa Bhéarla, the Dublin Transport Authority Advisory Council, nó sa Ghaeilge, Comhairle Chomhairleach Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath, dá ngairtear an Chomhairle san Acht seo, chun na feidhmeanna a shanntar di leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh.

(2) Is iad a bheidh ar an gComhairle cathaoirleach agus 23 ghnáthchomhalta.

(3) Déanfaidh an tAire duine a cheapadh, a bhfuil taithí fhorleathan aige nó aici, i dtuairim an Aire, ar chúrsaí iompair, tionscail, tráchtála, airgeadais, pleanála úsáide talún nó comhshaoil, ar eagrú oibrithe nó ar riarachán, chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gComhairle.

(4) Déanfaidh an tAire na gnáthchomhaltaí den Chomhairle a cheapadh mar a leanas—

(a) 3 bhainisteoir nó oifigeach údaráis áitiúil mar a leanas:

(i) Bainisteoir Cathrach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath,

(ii) aon duine amháin as measc na mbainisteoirí contae ar Chomhairlí Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fhine Gall agus Bhaile Átha Cliath Theas, de réir mar a chinnfidh na bainisteoirí contae sin, agus

(iii) aon duine amháin as measc na mbainisteoirí contae ar Chomhairlí Contae Chill Dara, na Mí agus Chill Mhantáin, de réir mar a chinnfidh na bainisteoirí contae sin,

nó oifigeach do na Comhairlí sin arna ainmniú nó arna hainmniú ag an mbainisteoir iomchuí,

(b) comhalta den Gharda Síochána (nach ísle céim ná Príomh-Cheannfort) arna ainmniú nó arna hainmniú ag an gCoimisinéir,

(c) comhalta de gach Comhairle Cathrach agus de gach Comhairle Contae i MLBÁC arna ainmniú nó arna hainmniú ag comhaltaí na gComhairlí lena mbaineann,

(d) comhalta d’Údarás Réigiúnach Bhaile Átha Cliath agus comhaltaí d’Údarás Réigiúnach an Mheán-Oirthir a bheidh arna ainmniú nó arna hainmniú ag na húdaráis lena mbaineann,

(e) 2 chomhalta arna n-ainmniú ag Comhar Ceardchumann na hÉireann,

(f) 2 chomhalta atá ionadaitheach do leasanna gnó,

(g) 2 chomhalta atá ionadaitheach do leasanna forbartha pobail i MLBÁC nó atá bainteach le leasanna sóisialta, eacnamaíochta, comhshaoil nó ginearálta pobal sa Limistéar sin a chur chun cinn, agus

(h) 4 chomhalta atá ionadaitheach do leas an phobail.

(5) Féadfaidh an tAire eagraíochtaí (“eagraíochtaí forordaithe”) a fhorordú a dtabharfar cuireadh dóibh iarrthóirí a ainmniú chun bheith ina gcomhaltaí den Chomhairle faoi fho-ailt (4)(f) go (h).

(6) Chun críocha fho-alt (4)(h), féadfaidh eagraíochtaí a bheith san áireamh sna heagraíochtaí forordaithe ar eagraíochtaí iad atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach don méid seo a leanas—

(a) leasanna úsáidirí iompair,

(b) leasanna daoine atá faoi mhíchumas, nó

(c) daoine a mbaineann a ngairmeacha nó a slite beatha le hiompar, le pleanáil úsáide talún, le dearadh uirbeach, le hailtireacht nó le hinnealtóireacht shibhialta.

(7) Déanfaidh eagraíocht fhorordaithe, aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh, cibé líon iarrthóirí (nach lú ná 2 agus ar ré-uimhir í i gcónaí) a shonróidh an tAire a roghnú lena gceapadh agus déanfaidh sí, laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire tráth déanta na hiarrata, ainmneacha na n-iarrthóirí atá roghnaithe, agus na cúiseanna go measann an eagraíocht iad a bheith oiriúnach lena gceapadh amhlaidh, a chur in iúl don Aire.

(8) (a) Le linn ainmniúcháin a dhéanamh faoi fho-alt (4)(e) nó le linn roghnuithe a dhéanamh faoi fho-alt (7), déanfaidh na heagraíochtaí lena mbaineann, ag féachaint do thaithí iomchuí, líon comhionann fear agus ban a ainmniú nó a roghnú.

(b) Le linn daoine a bhreithniú lena gceapadh faoi fho-alt (4), beidh aird ag an Aire, a mhéid is indéanta, ar thaithí iomchuí agus ar chóimheá chothromasach a áirithiú idir fir agus mná i gcomhdhéanamh na Comhairle.

(9) Faoi réir fho-alt (10), i gcás ceapacháin faoi fho-ailt (4)(f) go (h), ní cheapfaidh an tAire duine le bheith ina ghnáthchomhalta nó ina gnáthchomhalta den Chomhairle mura duine de na daoine a roghnaíodh de bhun iarrata faoi fho-alt (7) i ndáil leis an gceapachán sin an duine.

(10) D’ainneoin fho-alt (7)(9), más rud é—

(a) go ndiúltaíonn nó go mainníonn eagraíocht fhorordaithe aon iarrthóir a roghnú de bhun iarrata áirithe faoi fho-alt (7), nó

(b) go gcinneann an tAire gan aon duine de na hiarrthóirí atá roghnaithe de bhun na hiarrata ag na heagraíochtaí sin a cheapadh mar ghnáthchomhalta den Chomhairle,

ansin, déanfaidh an tAire—

(i) duine a cheapadh mar ghnáthchomhalta den Chomhairle is duine de na daoine atá roghnaithe ag na heagraíochtaí sin de bhun iarrata roimhe sin (más ann) faoin bhfo-alt sin i ndáil leis an gceapachán sin, nó

(ii) iarraidh bhreise den sórt sin a dhéanamh agus duine a cheapadh mar ghnáthchomhalta den Chomhairle is duine de na daoine a roghnaíodh de bhun na hiarrata sin nó de bhun iarrata eile den sórt sin arna déanamh i ndáil leis an gceapachán sin.

(11) I gcás ina ndéantar iarraidh faoi fho-alt (7), agus go mainníonn nó go ndiúltaíonn aon eagraíocht nó na heagraíochtaí go léir a ndéantar an iarraidh orthu an líon iarrthóirí atá sonraithe san iarraidh a roghnú, ní choiscfidh sé sin duine arna roghnú i ndáil leis an gceapachán sin ag aon cheann de na heagraíochtaí réamhráite a cheapadh mar ghnáthchomhalta den Chomhairle.

(12) Rachaidh cathaoirleach na Comhairle i gceannas ar na cruinnithe den Chomhairle agus, i gcás nach bhfuil an cathaoirleach in ann freastal ar chruinniú den Chomhairle nó go bhfuil oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí atá i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith i gceannas ar an gcruinniú.

(13) Maidir le ceapachán faoin alt seo, lena n-áirítear ceapachán an chathaoirligh, is go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana, de réir mar a shonróidh an tAire le linn an ceapachán a dhéanamh, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a dhéanfar é.

(14) Más rud é, maidir le gnáthchomhalta den Chomhairle a cheaptar—

(a) faoi fho-alt (4)(a), go scoireann sé nó sí de bheith ina bhainisteoir nó ina bainisteoir nó ina oifigeach nó ina hoifigeach don chomhairle cathrach nó don chomhairle contae lena mbaineann,

(b) faoi fho-alt (4)(b), go scoireann sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Gharda Síochána, nó

(c) faoi fho-alt (4)(c)(d), go scoireann sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhairle cathrach nó den chomhairle contae, nó den údarás réigiúnach, lena mbaineann,

le linn an téarma oifige a shonróidh an tAire faoi fho-alt (13) i ndáil leis an ngnáthchomhalta sin, beidh ceapachán an duine mar chomhalta den sórt sin arna fhoirceannadh le héifeacht ó dháta an scoir.

(15) Íocfar le comhalta den Chomhairle, lena n-áirítear an cathaoirleach, as airgead atá faoina réir ag an Údarás, cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(16) Beidh comhalta den Chomhairle, lena n-áirítear an cathaoirleach, a dtéann a théarma nó a téarma oifige in éag le himeacht aimsire, in-athcheaptha faoi réir fho-alt (14).

(17) Faoi réir an ailt seo, déanfaidh an Chomhairle a nós imeachta agus a gnó féin a rialáil.

(18) Soláthróidh an tÚdarás na saoráidí agus na seirbhísí réasúnacha go léir a theastóidh ón gComhairle chun a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(19) Féadfaidh an Chomhairle gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas ina comhaltas.

(20) Socróidh an tAire dáta, tráth agus ionad do chéadchruinniú na Comhairle Comhairlí agus cinnfidh comhaltaí na Comhairle cé chomh minic a thionólfar na cruinnithe go léir ina dhiaidh sin, ach sin faoi réir cruinniú a bheith aici 4 huaire ar a laghad sa bhliain.

(21) Maidir le cathaoirleach na Comhairle nó gnáthchomhalta den Chomhairle—

(a) féadfaidh sé nó sí, aon tráth, éirí as a chomhaltas nó a comhaltas trí litir arna díriú chun an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ón dáta a shonrófar sa litir sin nó ar an dáta a gheofar an litir, cibé acu is déanaí, nó

(b) féadfaidh an tAire, aon tráth, é nó í a chur as comhaltas den Chomhairle, más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó más dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as comhaltas chun go gcomhlíonfaidh an Chomhairle a feidhmeanna go héifeachtach.

(22) Déanfaidh an tAire le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo.

Feidhmeanna na Comhairle Comhairlí.

18 .— (1) Is iad feidhmeanna na Comhairle—

(a) moltaí a bhreithniú agus a chur faoi bhráid an Údaráis maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) dréachtstraitéis iompair, agus

(ii) dréachtphlean forfheidhmithe comhtháite,

(b) faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na straitéise iompair agus an phlean forfheidhmithe chomhtháite agus aon mholtaí is cuí léi a chur faoi bhráid an Údaráis,

(c) moltaí a bhreithniú agus a chur faoi bhráid an Údaráis maidir le dréachtphlean straitéiseach bainistíochta tráchta,

(d) faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an phlean straitéisigh bainistíochta tráchta agus aon mholtaí is cuí léi a dhéanamh don Údarás, agus

(e) moltaí a chur faoi bhráid an Údaráis maidir le comhlíonadh aon cheann dá feidhmeanna.

(2) Breithneoidh an tÚdarás moltaí na Comhairle faoin alt seo agus féadfaidh sé glacadh le moladh ón gComhairle, go hiomlán nó go páirteach, nó diúltú dó.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás diúltú, go hiomlán nó go páirteach, do mholadh ón gComhairle, luafaidh sé na cúiseanna atá leis an diúltú sin leis an gComhairle.

(4) (a) Déanfaidh an tÚdarás aon mholtaí arna ndéanamh ag an gComhairle faoi fho-alt (1) agus aon chúiseanna arna lua aici faoi fho-alt (3) a fhoilsiú.

(b) Is ionann foilsiú ag an Údarás ar a láithreán gréasáin agus comhlíonadh mhír (a).

(5) Féadfaidh an tAire nó an tÚdarás dul i gcomhairle leis an gComhairle nó comhairle a iarraidh uirthi ar aon ní a éireoidh i ndáil le feidhmiú fheidhmeanna an Údaráis.

(6) Beidh an Chomhairle i dteideal faisnéis a fháil ag gach ceann dá cruinnithe i dtaobh obair an Údaráis, ar choinníoll, maidir le nochtadh na faisnéise sin, i dtuairim an Údaráis—

(a) nach mbainfidh sé le nithe a mheasfaidh an tÚdarás gur de chineál íogair iad ó thaobh na tráchtála de,

(b) nach bhféadfadh sé a bheith ina bhac ar chomhlíonadh a feidhmeanna san am i láthair nó san am le teacht, nó

(c) nach mbeidh sé ina shárú ar alt 38.

Príomhoifigeach feidhmiúcháin.

19 .— (1) Beidh príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an Údarás (“príomhfheidhmeannach”).

(2) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach foireann, riarachán agus gnó an Údaráis a sheoladh agus a bhainistiú, agus a rialú i gcoitinne, agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile (más ann) a chinnfidh an tÚdarás.

(3) Maidir leis an bpríomhfheidhmeannach—

(a) ceapfaidh an tÚdarás é nó í de réir nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Údarás, agus

(b) féadfaidh an tÚdarás é nó í a chur as oifig aon tráth ar chúiseanna sonraithe,

le toiliú an Aire.

(4) Beidh an príomhfheidhmeannach i seilbh oifige ar feadh cibé téarma agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhainfidh le luach saothair agus liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tÚdarás le toiliú an Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais.

(5) Ní bheidh an príomhfheidhmeannach i seilbh aon oifige eile ná aon phoist eile gan toiliú an Údaráis.

(6) I gcás ina gcuirtear comórtas ar siúl roimh an lá bunaithe chun príomhfheidhmeannach a cheapadh, féadfaidh an tAire an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi a cheapadh mar phríomhfheidhmeannach ainmnithe an Údaráis.

(7) D’ainneoin fho-alt (3)(a), déanfar an príomhfheidhmeannach ainmnithe a cheapadh mar phríomhfheidhmeannach ar bhunú an Údaráis.

(8) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach cibé faisnéis a theastóidh ón Údarás ó am go ham, lena n-áirítear faisnéis airgeadais, i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a sholáthar don Údarás.

(9) Féadfaidh cibé comhalta d’fhoireann an Údaráis a bheidh ainmnithe ó am go ham ag an Údarás chun na críche sin feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh a chomhlíonadh le linn dó nó di a bheith as láthair nó nuair atá post an phríomhfheidhmeannaigh folamh.

Foireann an Údaráis.

20 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás cibé daoine, agus cibé líon daoine, a chinnfidh sé ó am go ham le ceadú an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d’fhoireann an Údaráis.

(2) Maidir le comhalta d’fhoireann an Údaráis (seachas an príomhfheidhmeannach)—

(a) íocfar leis nó léi cibé luach saothair (lena n-áirítear liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tÚdarás le ceadú an Aire agus an Aire Airgeadais, agus

(b) beidh sé nó sí i seilbh oifige nó fostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an tAire.

(3) Déanfaidh an tÚdarás na hearnálacha d’fhoireann an Údaráis agus an líon foirne i ngach earnáil díobh a chinneadh.

(4) Déanfaidh cathaoirleach an Údaráis tuairisc a thabhairt don Aire gach bliain maidir le comhlíonadh a fhreagrachtaí faoi fho-ailt (1), (2) agus (3).

(5) Ní bheidh comhalta d’fhoireann an Údaráis ina státseirbhíseach de réir bhrí Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956 go 2005.

(6) D’ainneoin fho-alt (5), féadfar oifigigh don Aire a thabhairt ar iasacht don Údarás, ar an Údarás iarraidh a dhéanamh agus de rogha an Aire, ar feadh tréimhse nach faide ná 2 bhliain.

(7) Féadfaidh an tÚdarás, aon tráth, aon chomhalta d’fhoireann an Údaráis a chur as oifig mar chomhalta dá fhoireann i gcás ina mainníonn an duine sin a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh ar mhodh sásúil.

(8) Ní bheidh aon ábhar caingne ná ábhar imeachtaí eile ann, ná ní bheidh an céanna inchoimeádta ar aghaidh (ach amháin i gcás faillí nó mainneachtana de chineál toiliúil), in aghaidh aon chomhalta d’fhoireann an Údaráis as mainneachtain aon cheann de na feidhmeanna a thugtar leis an Acht seo don Údarás a chomhlíonadh ná as mainneachtain déanamh de réir aon cheann de na feidhmeanna sin.

Aoisliúntas d’fhoireann an Údaráis.

21 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé comhaltaí d’fhoireann an Údaráis is cuí leis an Údarás, nó ina leith, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Socrófar le gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfar gach scéim den sórt sin a leasú nó a chúlghairm le scéim ina dhiaidh sin a ullmhófar, a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo.

(4) Déanfaidh an tÚdarás aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo a sheoladh de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire í, le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Déanfar foráil le haghaidh achomharc i scéim a dhéanfar faoin alt seo.

(6) Ní dheonóidh an tÚdarás aon sochair aoisliúntais ná ní dhéanfaidh an tÚdarás aon socruithe eile chun sochar den sórt sin a sholáthar do chomhalta d’fhoireann an Údaráis, seachas de réir scéime faoin alt seo, nó ar cibé slí eile a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(7) Maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha lena rialaítear sochair aoisliúntais a dheonófar faoi scéimeanna arna ndéanamh faoin alt seo do dhaoine arna n-aistriú faoi alt 110, ní lú fabhar iad ná na téarmaí agus na coinníollacha sin a raibh teideal acu chucu díreach roimh an lá díscaoilte.

(8) Más rud é, sa tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch dáta díreach roimh thosach feidhme scéime faoin alt seo, go mbeidh sochar aoisliúntais le híoc le duine, nó i leith duine, arna aistriú nó arna haistriú faoi alt 110, déanfaidh an tÚdarás an sochar a ríomh de réir cibé scéim a raibh feidhm aici maidir leis an duine díreach roimh an lá díscaoilte agus, chun na críche sin, déanfar a sheirbhís inphinsin nó a seirbhís inphinsin leis an Údarás a chomhiomlánú lena sheirbhís inphinsin nó lena seirbhís inphinsin roimhe sin agus cuirfear an dá thréimhse seirbhíse san áireamh in aon sochar is iníoctha.

(9) Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhostú.

22 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, ó am go ham, cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú is dóigh leis is gá chun cabhrú leis i gcomhall a fheidhmeanna.

(2) Aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fhostófar faoin alt seo, beidh siad ina gcuid de chaiteachais an Údaráis.

Údaráis Stáit.

23 .— (1) Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002 trí “Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath.” a chur isteach i ndeireadh an Sceidil.

(2) Leasaítear an Sceideal (arna chur isteach le halt 11 den Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (Leasú) 2007) a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta 2002 trí “15A. Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath.” a chur isteach i ndiaidh thagairt 15.

Fochuideachtaí.

24 .— (1) Féadfaidh fochuideachta cibé feidhmeanna de chuid an Údaráis a chinnfidh sé a chomhlíonadh agus, dá réir sin, féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, chun críocha an chomhlíonta sin, fochuideachta nó fochuideachtaí a fháil nó a fhoirmiú agus a bhunú.

(2) Féadfaidh an tÚdarás nó fochuideachta, ina aonar nó ina haonar nó i dteannta duine eile, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, foirmiú nó bunú cuideachta a chur chun cinn agus páirt a ghlacadh ann, nó dul i mbun comhfhiontar nó comhpháirtíochtaí chun aon cheann dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a chomhall.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scaireanna nó leasanna eile i gcuideachta a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus teacht chun bheith ina chomhalta de chuideachta.

(4) Is i cibé foirm, ar comhréir leis an Acht seo, a chinnfidh an tÚdarás le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a bheidh meabhrán agus airteagail chomhlachais fochuideachta.

Acmhainní arna gcur ar fáil ag an Aire.

25 .— (1) Féadfaidh an tAire cibé foireann, áitreabh, trealamh, seirbhísí nó acmhainní eile a chinnfidh an tAire ó am go ham i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a chur ar fáil don Údarás, ar an Údarás iarraidh a dhéanamh.

(2) Ar iarraidh ón Aire, íocfaidh an tÚdarás leis an Aire cibé suim nó suimeanna a sonróidh an tAire gurb iad na caiteachais iad a thabhaigh an tAire le linn dó nó di an fhoireann, an t-áitreabh, an trealamh, na seirbhísí nó na hacmhainní eile sin a chur ar fáil don Údarás faoi fho-alt (1).

(3) I gcás ina gcuireann an tAire aon oifigeach don Aire ar fáil don Údarás faoi fho-alt (1), leanann an t-oifigeach sin de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach don Aire agus ní mheasfar gur comhalta d’fhoireann an Údaráis é nó í.

Ordacháin bheartais ón Aire.

26 .— (1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, ordacháin bheartais i scríbhinn a thabhairt don Údarás maidir le haon cheann dá fheidhmeanna faoin Acht seo. Déanfaidh an tÚdarás de réir aon ordacháin den sórt sin le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire ordachán beartais i scríbhinn a thabhairt d’fhochuideachta de chuid an Údaráis. Comhlíonfaidh an fhochuideachta aon ordachán den sórt sin.

(3) I gcás ina dtabharfaidh an tAire ordachán faoin alt seo, déanfar fógra i dtaobh an t-ordachán a thabhairt agus i dtaobh mhionsonraí an ordacháin—

(a) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, a luaithe is féidir, tar éis é a thabhairt, agus

(b) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil laistigh de 28 lá ón lá a thugtar é agus ar cibé modh eile is cuí leis an Aire (lena n-áirítear ar an idirlíon).

Treoirlínte ón Aire.

27 .— (1) Féadfaidh an tAire, aon tráth, treoirlínte i scríbhinn a eisiúint chuig an Údarás maidir le haon cheann dá fheidhmeanna faoin Acht seo. Beidh aird ag an Údarás ar na treoirlínte sin le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire treoirlínte i scríbhinn a eisiúint chuig fochuideachta de chuid an Údaráis. Beidh aird ag an bhfochuideachta ar na treoirlínte sin.

(3) I gcás ina n-eiseoidh an tAire treoirlíne faoin alt seo, déanfar fógra i dtaobh an treoirlíne a eisiúint agus i dtaobh shonraí na treoirlíne—

(a) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, a luaithe is féidir, tar éis í a thabhairt, agus

(b) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil laistigh de 28 lá ón lá a thugtar í agus i cibé modh eile is cuí leis an Aire (lena n-áirítear ar an idirlíon).

Comhairle agus seirbhísí.

28 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, ar iarraidh a fháil ón Aire—

(a) comhairle (lena n-áirítear comhairle i ndáil le hiompar lasmuigh de limistéar feidhme an Údaráis), nó

(b) seirbhísí (lena n-áirítear seirbhísí foirne),

a sholáthar don Aire ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear íocaíocht as an gcomhairle nó as na seirbhísí sin) a chomhaontófar agus féadfaidh an tAire leas a bhaint as an gcomhairle nó as na seirbhísí sin.

(2) Féadfaidh an tÚdarás seirbhísí (lena n-áirítear seirbhísí foirne) a sholáthar d’údarás áitiúil nó do dhaoine eile ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear íocaíocht as na seirbhísí sin) a chomhaontófar.

(3) Féadfaidh an tÚdarás cibé muirir is oiriúnach leis a shocrú, a éileamh, a ghlacadh agus a ghnóthú i leith seirbhísí a sholáthróidh sé nó a sholáthrófar thar a cheann.

Leithroinntí Státchiste don Údarás.

29 .— (1) Féadfaidh an tAire, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis nó léi, i ngach bliain airgeadais, deontais a thabhairt de cibé méideanna a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas faoi chomhair chaiteachas caipitil agus reatha, lena n-áirítear caiteachas riaracháin, an Údaráis.

(2) Féadfaidh téarmaí lena rialaítear aisíoc deontais, ús agus cibé nithe eile a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a bheith i gcoinníollacha a ghabhann le deontais arna ndéanamh faoi fho-alt (1).

An tÚdarás d’fháil iasachtaí.

30 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás nó fochuideachta de chuid an Údaráis, ó am go ham, airgead a fháil ar iasacht d’fhonn a fheidhmeanna a chomhlíonadh ach ní dhéanfaidh sé amhlaidh gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(2) Feidhmeoidh an tÚdarás na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo i slí nach mó ná €1,000,000,000 an méid príomhshuime, nó na méideanna príomhshuime san iomlán, lena n-áirítear aon iasachtaí a gheobhaidh fochuideachtaí de chuid an Údaráis, a dhlífidh an tÚdarás aon tráth a aisíoc ar scór aon dliteanais nó dliteanas a tabhaíodh faoin alt seo.

(3) Chun críocha an ailt seo, maidir le hairgead a fuarthas ar iasacht in airgeadra seachas airgeadra an Stáit measfar gur coibhéis é in airgeadra an Stáit don airgead a fuarthas ar iasacht iarbhír, agus an choibhéis sin á ríomh de réir an ráta iomlaoide don airgeadra sin agus airgeadra an Stáit an tráth a fuarthas an t-airgead sin ar iasacht.

An tAire Airgeadais do ráthú iasachtaí a gheobhaidh an tÚdarás.

31 .— (1) Gan dochar d’alt 6 den Acht um Chumhachtaí Comhlachtaí Áirithe Iasachtaí a Fháil 1996, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis nó léi, go n-aisíocfar go cuí aon airgead (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit, nó íoc úis ar an airgead sin) a gheobhaidh an tÚdarás ar iasacht.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina leagfar amach maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a bheidh tugtha le linn na bliana sin nó a bheidh tugtha aon tráth roimh thosach na bliana sin agus a bheidh i bhfeidhm i dtosach na bliana sin—

(a) sonraí i dtaobh na ráthaíochta,

(b) i gcás aon íocaíocht a bheith déanta aige nó aici faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a bheidh aisíoctha leis nó léi ar scór na híocaíochta, agus

(c) an méid airgid faoi réim na ráthaíochta a bhí gan íoc ag deireadh na bliana sin.

(3) Maidir le hairgead arna íoc ag an Aire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo, déanfaidh an tÚdarás é a aisíoc leis nó léi (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh sé nó sí) laistigh de cibé tréimhse ó dháta an t-airgead a airleacan as an bPríomh-Chiste a shonróidh an tAire sin tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás.

(4) Más rud é nach mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid de a cheanglaítear le fo-alt (3) a aisíoc leis an Aire Airgeadais íoctha de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan íoc amhlaidh a aisíoc, cibé tráthanna a chinnfidh an tAire Airgeadais, leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) D’ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (4) chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an tÚdarás de bheith faoi dhliteanas ag an Aire Airgeadais i leith an mhéid sin, agus déanfaidh an tÚdarás an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis nó léi ag cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé nó sí.

(6) Déanfar airgead arna íoc ag an Údarás faoi fho-alt (3)(5) a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is cuí leis an Aire Airgeadais.

Cuntais agus tuarascáil bhliantúil an Údaráis.

32 .— (1) Coimeádfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe.

(2) Faoi dheireadh an tríú mí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais déanfaidh an tÚdarás cuntais don bhliain airgeadais roimhe sin arna gcoimeád de bhun fho-alt (1) a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh.

(3) Déanfaidh an tÚdarás tuarascáil (“tuarascáil bhliantúil”) a thabhairt ar aird, i scríbhinn, don Aire gach bliain i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna sa bhliain airgeadais roimhe sin.

(4) Maidir leis an tuarascáil bhliantúil—

(a) áireofar inti cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais, den chlár comhardaithe agus de cibé cuntais eile (más ann) a choimeádfar faoi fho-alt (1) agus a ordóidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais,

(b) áireofar inti cibé faisnéis eile maidir le comhlíonadh fheidhmeanna an Údaráis a cheanglóidh an tAire ó am go ham, agus

(c) tabharfar don Aire í laistigh de 15 lá oibre tar éis don Údarás tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a fháil.

(5) Gach dara bliain, beidh ráiteas maidir leis an ngá leanúnach le haon fhochuideachta san áireamh sa tuarascáil bhliantúil.

(6) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil bhliantúil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis dó nó di í a fháil.

(7) Is í bliain airgeadais an Údaráis an tréimhse 12 mhí dar críoch an 31 Nollaig in aon bhliain agus, chun críocha an ailt seo agus alt 29, measfar gur bliain airgeadais an tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch an 31 Nollaig dá éis.

Bronntanais.

33 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais, téarmaí nó coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an tÚdarás le bronntanas i gcás ina mbeadh na hiontaobhais, na téarmaí nó na coinníollacha atá ag gabháil leis ar neamhréir le neamhspleáchas oibríochta agus comhlíonadh éifeachtach fheidhmeanna an Údaráis nó go ndéanfaidís dochar do na nithe sin.

(3) Déanfaidh an tÚdarás mionsonraí aon bhronntanais ar mó a luach, i dtuairim an Údaráis, ná cibé méid a bheidh ordaithe ag an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, a áireamh sa tuarascáil bhliantúil don bhliain ina nglactar leis an mbronntanas.

(4) I bhfo-alt (3), folaíonn “mionsonraí”—

(a) ainm dheontóir an bhronntanais,

(b) tuairisc ar an mbronntanas, agus

(c) sonraí i dtaobh aon iontaobhas, téarmaí nó coinníollacha atá ag gabháil leis an mbronntanas.

Cód cleachtais.

34 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás cód cleachtais a tharraingt suas, agus féadfaidh sé é a athbhreithniú ó am go ham, ar cód é a bheidh bunaithe ar na cleachtais is fearr chun dea-rialú corparáideach a chinntiú i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo.

(2) I gcás ina ndearnadh cód cleachtais a tharraingt suas nó a athbhreithniú faoi fho-alt (1), cuirfidh an tÚdarás é faoi bhráid an Aire lena cheadú.

(3) Foilseoidh an tÚdarás aon chód cleachtais arna tharraingt suas nó arna athbhreithniú faoi fho-alt (1) agus arna cheadú ag an Aire faoi fho-alt (2).

Comhaltaí an Údaráis do nochtadh leasanna.

35 .— (1) Aon chomhalta den Údarás—

(a) a bhfuil aon leas aige nó aici in aon chomhlacht nó in aon ghnóthais a bhfuil conradh déanta ag an Údarás leis nó leo nó a mbeartaíonn sé conradh a dhéanamh leis nó leo, nó

(b) a bhfuil aon leas aige nó aici in aon chonradh atá déanta ag an Údarás nó a bheartaíonn an tÚdarás a dhéanamh,

nochtfaidh sé nó sí don Údarás go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é an leas é agus ní bheidh sé nó sí i láthair le linn don Údarás aon bhreithniú a dhéanamh nó aon bhreith a thabhairt a bhaineann leis an gconradh.

(2) Más rud é go n-éireoidh aon cheann de na nithe seo a leanas ag cruinniú den Údarás, eadhon—

(a) socrú ar páirtí ann an tÚdarás nó socrú den sórt sin atá beartaithe, nó

(b) conradh nó comhaontú eile leis an Údarás nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin atá beartaithe,

ansin, maidir le haon chomhalta den Údarás a bheidh i láthair ag an gcruinniú agus a mbeidh leas aige nó aici in aon slí, go díreach nó go neamhdhíreach, sa ní seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin den Údarás—

(i) nochtfaidh sé nó sí don Údarás ag an gcruinniú go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é an leas é,

(ii) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh an tÚdarás i ndáil leis an ní sin ach amháin a mhéid a cheadóidh cathaoirleach an chruinnithe ag a ndéantar an breithniú sin, agus

(iii) ní vótálfaidh sé nó sí ar bhreith a bhaineann leis an ní.

(3) I gcás ina nochtfar leas faoin alt seo, déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheidh an cruinniú ag déileáil leis an ní lena mbaineann an nochtadh, ní áireofar an duine a rinne an nochtadh sa chóram don chruinniú.

(4) I gcás ina n-éireoidh ceist ag cruinniú den Údarás i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe ag comhalta den Údarás, dá ndéanfadh sé nó sí dá réir, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1)(2) a chomhlíonadh, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe an cheist a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an chathaoirligh agus i gcás ina gcinnfear ceist den sórt sin amhlaidh déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.

(5) I gcás gur deimhin leis an Aire gur mhainnigh comhalta den Údarás ceanglas de chuid fho-alt (1)(2) a chomhlíonadh, féadfaidh sé nó sí, más cuí leis nó léi, an comhalta sin den Údarás a chur as oifig nó cibé beart eile is cuí leis nó léi a dhéanamh. I gcás ina gcuirfear duine as oifig faoin bhfo-alt seo, beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó ina stiúrthóir ar fhochuideachta den Údarás.

Stiúrthóirí fochuideachta do nochtadh leasanna.

36 .— (1) Aon stiúrthóir fochuideachta—

(a) a bhfuil aon leas aige nó aici in aon chomhlacht nó in aon ghnóthais a bhfuil conradh déanta ag an bhfochuideachta leis nó leo nó a mbeartaíonn sí conradh a dhéanamh leis nó leo, nó

(b) a bhfuil aon leas aige nó aici in aon chonradh atá déanta ag an bhfochuideachta nó a bheartaíonn sí a dhéanamh,

nochtfaidh sé nó sí don fhochuideachta go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é an leas é, agus ní bheidh sé nó sí i láthair le linn don fhochuideachta aon bhreithniú a dhéanamh nó aon chinneadh a thabhairt a bhaineann leis an gconradh.

(2) Más rud é go n-éireoidh aon cheann de na nithe seo a leanas ag cruinniú de stiúrthóirí fochuideachta, eadhon—

(a) socrú ar páirtí ann an fhochuideachta nó socrú den sórt sin atá beartaithe, nó

(b) conradh nó comhaontú eile leis an bhfochuideachta nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin atá beartaithe,

ansin, maidir le haon stiúrthóir a bheidh i láthair ag an gcruinniú agus a mbeidh leas aige nó aici in aon slí, go díreach nó go neamhdhíreach, sa ní seachas ina cháil nó ina cáil mar stiúrthóir den sórt sin—

(i) nochtfaidh sé nó sí ag an gcruinniú go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cad é an leas é,

(ii) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh na stiúrthóirí i ndáil leis an ní sin ach amháin a mhéid a cheadóidh cathaoirleach an chruinnithe ag a ndéantar an breithniú sin é, agus

(iii) ní vótálfaidh sé ná sí ar bhreith a bhaineann leis an ní.

(3) I gcás ina nochtfar leas faoin alt seo, déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheidh an cruinniú ag déileáil leis an ní lena mbaineann an nochtadh, ní áireofar an stiúrthóir a rinne an nochtadh sa chóram don chruinniú.

(4) I gcás ina n-éireoidh ceist ag cruinniú de stiúrthóirí fochuideachta i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe ag stiúrthóir, dá ndéanfadh sé nó sí dá réir, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1)(2) a chomhlíonadh, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe an cheist a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an chathaoirligh agus, i gcás ceist den sórt sin a chinneadh amhlaidh, déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.

(5) I gcás gur deimhin leis an Údarás gur mhainnigh stiúrthóir fochuideachta ceanglas de chuid fho-alt (1)(2) a chomhlíonadh, féadfaidh an tÚdarás, más cuí leis, an stiúrthóir sin a chur as oifig nó cibé beart eile is cuí leis a dhéanamh. I gcás ina gcuirfear duine as oifig faoin bhfo-alt seo, beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó ina stiúrthóir ar fhochuideachta.

(6) Níl feidhm ag alt 194 d’Acht na gCuideachtaí 1963 maidir le stiúrthóir fochuideachta.

Comhaltaí foirne do nochtadh leasanna.

37 .— (1) I gcás ina mbeidh leas ag comhalta d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta nó ag aon duine eile a bheidh fostaithe ag an Údarás nó ag fochuideachta, seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin, nó faoina dtéarmaí fostaíochta, in aon chonradh, aon chomhaontú nó aon socrú nó in aon chonradh, aon chomhaontú nó aon socrú atá beartaithe, ar páirtí ann an tÚdarás nó an fhochuideachta—

(a) nochtfaidh sé nó sí a leas agus cad é an leas é don Údarás nó don fhochuideachta, de réir mar a bheidh,

(b) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt i gcaibidil an chonartha, an chomhaontaithe nó an tsocraithe nó in aon bhreithniú a dhéanfaidh comhaltaí den Údarás nó den fhochuideachta, nó d’fhoireann an Údaráis nó na fochuideachta i ndáil leis an gcéanna, agus

(c) ní dhéanfaidh sé nó sí aon mholadh i ndáil leis an gconradh, leis an gcomhaontú nó leis an socrú.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le conarthaí fostaíochta nó conarthaí beartaithe fostaíochta comhaltaí d’fhoireann an Údaráis leis an Údarás nó comhaltaí d’fhoireann fochuideachta le fochuideachta.

(3) I gcás ina mainneoidh duine lena mbaineann fo-alt (1) ceanglas de chuid an fho-ailt sin a chomhlíonadh ansin déanfaidh—

(a) an tÚdarás, i gcás gur comhalta d’fhoireann an Údaráis nó aon duine eile a bheidh fostaithe ag an Údarás an duine, nó

(b) bord fochuideachta, i gcás gur comhalta d’fhoireann na fochuideachta nó aon duine eile a bheidh fostaithe aici an duine,

breith a thabhairt i dtaobh cén beart (lena n-áirítear cur as oifig nó conradh a fhoirceannadh) is cuí a dhéanamh.

Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda.

38 .— (1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, ní dhéanfaidh duine, gan toiliú an Údaráis nó fochuideachta, faisnéis rúnda a gheobhaidh sé nó sí le linn dualgais a chomhlíonadh mar chomhalta den Údarás nó mar stiúrthóir d’fhochuideachta, nó mar chomhalta d’fhoireann an Údaráis nó fochuideachta, nó nuair a bhí sé nó sí fostaithe thairis sin ag an Údarás nó ag fochuideachta, a nochtadh, mura mbeidh sé nó sí údaraithe go cuí ag an Údarás nó ag an bhfochuideachta déanamh amhlaidh.

(2) San alt seo folaíonn “faisnéis rúnda” faisnéis a mbeidh sé ráite ag an Údarás nó ag fochuideachta ina leith gur faisnéis rúnda í, maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d’aicme nó de thuairisc áirithe.

(3) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion.

(4) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) faisnéis a nochtadh i dtuarascáil a thabharfar don Údarás nó don fhochuideachta, nó a thabharfaidh an tÚdarás nó an fhochuideachta, nó a thabharfar thar ceann an Údaráis nó na fochuideachta, don Aire.

(5) Leasaítear an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 tríd an méid seo a chur isteach ag deireadh Chuid 1:

(a) i gcolún (2), “An tAcht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008”, agus

(b) i gcolún (3), “Alt 38”.

Toirmeasc ar chumarsáidí áirithe.

39 .— (1) Aon duine a dhéanann cumarsáid le comhalta den Údarás nó le stiúrthóir fochuideachta nó le comhalta d’fhoireann an Údaráis nó fochuideachta, nó le haon duine eile atá fostaithe ag an Údarás nó ag fochuideachta, d’fhonn tionchar míchuí a imirt ar a bhreithniú nó a breithniú ar aon ní a bheidh le breithniú ag an Údarás nó ag an bhfochuideachta, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Má thagann duine lena ndéantar cumarsáid ar an tuairim gur sárú an chumarsáid sin ar fho-alt (1), tá sé de dhualgas air nó uirthi gan aon aird eile a thabhairt ar an gcumarsáid agus cuirfidh sé nó sí ábhar na cumarsáide sin in iúl do chathaoirleach an Údaráis láithreach i scríbhinn agus tabharfaidh an cathaoirleach admháil i scríbhinn go bhfuair sé nó sí an fhaisnéis sin.

Comhaltas de Thithe an Oireachtais, de Pharlaimint na hEorpa agus d’údaráis áitiúla.

40 .— (1) Más rud é, maidir le comhalta den Údarás—

(a) go nglacfaidh sé nó sí le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, nó

(c) go meastar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás.

(2) Más rud é, maidir le príomhfheidhmeannach an Údaráis—

(a) go nglacann sé nó sí le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghtar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa,

(c) go meastar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh, nó

(d) go dtagann sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’údarás áitiúil,

scoirfidh sé nó sí de bheith ina phríomhfheidhmeannach nó ina príomhfheidhmeannach ar an Údarás.

(3) Más rud é, maidir le comhalta d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta—

(a) go nglacann sé nó sí le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghtar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, nó

(c) go meastar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh, nó

(d) go dtagann sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’údarás áitiúil,

beidh sé nó sí ar iasacht óna fhostaíocht nó óna fostaíocht ag an Údarás nó ag an bhfochuideachta agus ní íocfaidh an tÚdarás nó an fhochuideachta leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón Údarás nó ón bhfochuideachta, luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ainmníodh nó a toghadh é nó í amhlaidh, nó an tráth a measadh amhlaidh é nó í a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoir sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Pharlaimint sin nó den údarás áitiúil sin.

(4) Féadfaidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a bheith ar iasacht ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana.

(5) Aon duine atá, de thuras na huaire, i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa, tá sé nó sí, fad atá sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás.

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt lena dtoirmisctear, i measc nithe eile, tréimhse a luaitear san fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an Údarás chun críche aon sochar aoisliúntais.

Cuntasacht do Choistí de chuid an Oireachtais.

41 .— (1) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach, aon uair a cheanglóidh Coiste de chuid Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna, fianaise a thabhairt don Choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a taifeadadh nó a cheanglaítear a thaifeadadh in aon leabhar nó in aon taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear, le reacht nó faoi reacht, ar an Údarás a ullmhú,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht an Údaráis i dtaca le húsáid a acmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an tÚdarás chun éifeachtacht a chuid oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a dhéanann difear don Údarás dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhaineann sé le ní a shonraítear i mír (a), (b)(c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

(2) Déanfaidh an cathaoirleach agus an príomhfheidhmeannach, ó am go ham, agus aon uair a iarrfar air nó uirthi amhlaidh, cuntas ar chomhlíonadh fheidhmeanna an Údaráis a thabhairt do Choiste de chuid Tí amháin den Oireachtas nó de chuid dhá Theach an Oireachtais agus beidh aird ag an gcathaoirleach nó ag an bpríomhfheidhmeannach ar aon mholtaí ó Choiste den sórt sin is iomchuí maidir lena fheidhmeanna.

Coimeádfaidh an tÚdarás é féin ar an eolas maidir le nithe áirithe.

42 .— (1) Coimeádfaidh an tÚdarás é féin ar an eolas maidir le beartais, cuspóirí, rúin agus treoirlínte aon údaráis phoiblí a bhfuil baint, nó a bhféadfadh baint a bheith, ag a chuid feidhmeanna leis na nithe is cúram don Údarás.

(2) San alt seo ciallaíonn “údarás poiblí” an tAire, Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus aon údarás poiblí eile laistigh nó lasmuigh den Stát ag a bhfuil feidhmeanna, i dtuairim an Údaráis, a bhfuil baint acu, nó a bhféadfadh baint a bheith acu, le nithe is cúram don Údarás.

Díolúine an Údaráis.

43 .— Ní bheidh aon ábhar caingne ná ábhar imeachtaí eile ann ná ní bheidh an céanna inchoimeádta ar aghaidh—

(a) in aghaidh an Údaráis nó fochuideachta de chuid an Údaráis,

(b) in aghaidh duine a chomhlíonann feidhmeanna arna dtarmligean chuige nó chuici ag an Údarás,

(c) in aghaidh údaráis iompair phoiblí a chomhlíonann feidhmeanna thar ceann an Údaráis, nó

(d) in aghaidh duine a sholáthraíonn seirbhísí don Údarás,

chun damáistí a ghnóthú i leith aon díobhála do dhaoine, damáiste do mhaoin ná caillteanais eile a líomhnaítear gurbh é ba chúis nó ba chionchúis leo mainneachtain ag an Údarás aon cheann de na feidhmeanna arna dtabhairt dó a chomhlíonadh nó déanamh de réir aon cheann de na feidhmeanna sin.

CUID 3

Nithe a Bhaineann le hIompar

Caibidil 1

Bonneagar Iompair Phoiblí

Feidhmeanna an Údaráis i ndáil le bonneagar iompair phoiblí.

44 .— (1) I ndáil le bonneagar iompair phoiblí i MLBÁC, beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an Údarás:

(a) soláthar bonneagair iompair phoiblí a áirithiú nó bonneagar iompair phoiblí a sholáthar,

(b) comhaontuithe a dhéanamh le daoine eile d’fhonn soláthar an bhonneagair iompair phoiblí sin a áirithiú, cibé acu ar mhodh lamháltais, comhfhiontair, comhpháirtíochta poiblí príobháidí nó ar aon mhodh eile, agus

(c) talamh atá le hais aon bhonneagair iompair phoiblí a fháil agus a forbairt a urasú i gcás ina gcuirfidh an fháil agus fhorbairt sin le hinmharthanacht eacnamaíoch an bhonneagair sin cibé acu trí chomhaontú nó ar mhodh ordaithe ceannaigh éigeantaigh arna dhéanamh ag an Údarás de réir Chuid XIV d’Acht 2000.

(2) (a) Déanfaidh an tÚdarás socrú, a mhéid is féidir, chun go ndéanfar na feidhmeanna faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh thar a cheann—

(i) i ndáil le bonneagar iarnróid seachas bonneagar meitreo nó iarnróid éadroim, ag Iarnród Éireann,

(ii) i ndáil le bonneagar meitreo nó iarnróid éadroim, ag GFI,

(iii) i ndáil le saoráidí idirmhalartaithe, ag cibé údarás iompair phoiblí nó cibé comhlacht reachtúil eile ar chóir, i dtuairim an Údaráis, freagracht a bheith air astu,

(iv) i ndáil le bonneagar iompair phoiblí eile a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ar úinéireacht nó faoi rialú ag údarás iompair phoiblí, ag an údarás iompair phoiblí sin.

(b) D’ainneoin mhír (a) ach faoi réir mhíreanna (c) agus (d), i gcás gur dóigh leis an Údarás gur caoithiúla, gur gasta, gurb éifeachtaí nó gurb eacnamaíche gurb é an tÚdarás a chomhlíonfadh an fheidhm lena mbaineann, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh dá réir sin.

(c) Sula ndéanfaidh sé cinneadh faoi mhír (b), rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis an údarás iompair phoiblí iomchuí nó leis an gcomhlacht reachtúil eile iomchuí agus breithneoidh sé a gcuid tuairimí.

(d) Féadfaidh an tAire aicme cáis a fhorordú nach mbeidh éifeacht ann le cinneadh ón Údarás faoi mhír (b) mura bhfuil sé, agus go dtí go bhfuil sé, ceadaithe aige nó aici.

(3) Féadfaidh an tÚdarás ordachán a thabhairt d’údarás iompair phoiblí chun cibé bearta a dhéanamh is gá, dar leis an Údarás, chun soláthar bonneagair iompair phoiblí a áirithiú nó chun bonneagar iompair phoiblí a sholáthar.

(4) Sula dtabharfaidh sé ordachán faoi fho-alt (3) d’údarás iompair phoiblí, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis an údarás iompair phoiblí agus breithneoidh sé a chuid tuairimí.

(5) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás ina mainníonn nó go ndiúltaíonn údarás iompair phoiblí déanamh de réir ordacháin arna thabhairt faoi fho-alt (3), féadfaidh an tÚdarás a chinneadh, d’ainneoin aon achtacháin eile nó in aon chás inar dóigh leis gur cóir sin sna himthosca, an fheidhm atá sonraithe san ordachán a chomhlíonadh faoi réir cibé modhnuithe (más ann) is cuí leis.

(b) Féadfaidh an tAire aicme cáis a fhorordú nach mbeidh éifeacht ann le cinneadh ón Údarás faoi mhír (a) mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, sé ceadaithe aige nó aici.

(6) I gcás ina ndéanann an tÚdarás cinneadh faoi fho-alt (2)(b)(5)(a) feidhm áirithe a chomhlíonadh ar shlí seachas trí údarás iompair phoiblí, tá éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) beidh cumhacht ag an Údarás (d'ainneoin aon achtacháin eile) chun an fheidhm a chomhlíonadh, lena n-áirítear talamh a fháil chun na críche sin, agus chun aon rud eile a dhéanamh a eascraíonn as nó a leanann as comhlíonadh na feidhme nó atá riachtanach chun an fheidhm a chomhlíonadh nó a d’éascódh comhlíonadh na feidhme,

(b) chun críche mhír (a), féadfar talamh a fháil trí chomhaontú nó trí ordú ceannaigh éigeantaigh arna dhéanamh ag an Údarás de réir Chuid XIV d’Acht 2000,

(c) tá feidhm ag forálacha aon achtacháin lena mbaineann i ndáil le comhlíonadh na feidhme faoi réir cibé modhnuithe is gá, agus

(d) aon chonradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an t-údarás iompair phoiblí lena mbaineann agus aon duine eile agus nach bhfuil forghníomhaithe go hiomlán agus críoch curtha air go hiomlán, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí an tÚdarás ann in ionad an údaráis iompair phoiblí sin.

(7) Tá feidhm ag Acht 2000 i ndáil le talamh a fháil go héigeantach faoi fho-alt (1)(c)(6) amhail is dá mba fháil í faoi Chuid XIV den Acht sin agus chun na críche sin léifear tagairt d'údarás áitiúil mar thagairt don Údarás.

(8) Gheobhaidh an tÚdarás luacháil neamhspleách ar thalamh sula bhfaighidh sé an talamh sin trí chomhaontú faoi fho-alt (1)(c)(6).

(9) Féadfaidh an tÚdarás deiseanna tráchtála a eascraíonn as a fheidhmeanna faoin gCuid seo a shaothrú.

(10) Féadfaidh údarás iompair phoiblí nó tríú páirtí thar ceann an Údaráis deiseanna tráchtála den sórt sin a shaothrú.

(11) Féadfaidh an tÚdarás ioncam a ghlacadh (lena n-áirítear aon mhéid, ceart, leas, sochar nó brabús) a eascraíonn i leith feidhmeanna faoi fho-ailt (1) agus (5) nó íocaíochtaí a dhéanamh (nó comaoin a sholáthar ar shlí eile) i leith na bhfeidhmeanna sin.

(12) Féadfaidh an tÚdarás socrú faoi fho-alt (2) nó ordachán faoi fho-alt (3) a leasú nó a chúlghairm i gcás gur dóigh leis gur caoithiúla, gur gasta, gurb éifeachtaí nó gurb eacnamaíche déanamh amhlaidh, faoi réir, i gcás cúlghairme, an tÚdarás do chúiteamh na gcostas réasúnach leis an údarás iompair phoiblí iomchuí atá tabhaithe ag an údarás iompair phoiblí roimh thráth na cúlghairme.

(13) Féadfaidh an tÚdarás a fhorordú gur bonneagar iompair phoiblí é cibé bonneagar, saoráid, foirgneamh nó feithicil is cuí leis.

Bonneagar iompair phoiblí a mhaoiniú.

45 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, deontais a thabhairt d'údaráis iompair phoiblí nó do thríú páirtithe as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i leith bonneagar iompair phoiblí arna shannadh do na húdaráis sin nó do na tríú páirtithe sin faoi alt 44 a dhaingniú.

(2) Maidir le coinníollacha a ghabhann le deontais arna dtabhairt faoi fho-alt (1) féadfaidh téarmaí a bheith ar áireamh iontu lena rialaítear deontas agus ús a aisíoc, agus cibé nithe eile a chinnfidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Orduithe iarnróid.

46 .— (1) I gcás ina gcinnfidh an tÚdarás bonneagar iarnróid a sholáthar de réir alt 44, beidh cumhachtaí go léir GFI nó gnóthais iarnróid, de réir mar a bheidh, aige agus beidh a ndualgais siúd go léir air, is cumhachtaí nó dualgais mar atá i gCuid 3 d’Acht 2001 agus measfar gur tagairt don Údarás aon tagairt sa Chuid sin don Ghníomhaireacht nó do ghnóthas iarnróid.

(2) Leasaítear alt 37 (a cuireadh isteach le halt 49(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006) d’Acht 2001 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Féadfaidh Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath (‘ÚIBÁC’), an Ghníomhaireacht, CIÉ nó duine eile iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála (‘an Bord’) ar ordú iarnróid. I gcás ina bhfuil aon chuid de na hoibreacha iarnróid beartaithe atá san iarratas laistigh de limistéar feidhme ÚIBÁC, ní mór toiliú scríofa leis an iarratas a bheith faighte roimh ré ag an iarratasóir (murab é ÚIBÁC é) ó ÚIBÁC.

(2) Sonrófar in iarratas faoi fho-alt (1) cibé acu is iarratas é i leith iarnróid éadroim, meitreo nó eile.”.

Caibidil 2

Seirbhísí Iompair Phoiblí do Phaisinéirí

Mínithe (Cuid 3, Caibidil 2).

47 .— Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “conradh dámhachtana dírí” conradh seirbhíse poiblí arna dhéanamh ag an Údarás faoi alt 52 gan próiseas iomaíoch tairisceana;

tá le “conradh seirbhíse poiblí” an bhrí a shanntar dó i Rialachán Uimh. 1370/2007;

ciallaíonn “oibleagáid seirbhíse poiblí” ceanglas arna shonrú ag an Údarás d’fhonn seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a chinntiú ar mhaithe leis an leas eacnamaíochta ginearálta, ar seirbhísí iad nach ndéanfadh oibritheoir iompair phoiblí, dá mbeadh sé ag féachaint dá leasanna tráchtála féin, iad a ghabháil air féin nó nach ngabhfadh sé air féin iad go feadh an méid chéanna ná faoi na coinníollacha céanna gan luaíocht;

ciallaíonn “conradh seirbhísí iompair phoiblí” conradh, lena n-áirítear conradh seirbhíse poiblí, idir an tÚdarás agus oibritheoir iompair phoiblí chun seirbhísí iompair phoiblí a sholáthar;

ciallaíonn “Rialachán Uimh. 1370/2007” Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 1 .

Conarthaí i leith seirbhísí iompair phoiblí.

48 .— (1) (a) Áiritheoidh an tÚdarás go soláthrófar seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí.

(b) I gcás ina mbeartaíonn an tÚdarás soláthar seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a áirithiú faoi mhír (a), déanfaidh sé amhlaidh de réir conartha i leith seirbhísí iompair phoiblí ach sin faoi réir alt 56.

(2) I gcás ina n-áiritheoidh an tÚdarás go soláthrófar—

(a) seirbhísí iarnróid do phaisinéirí, déanfaidh sé amhlaidh de réir alt 52,

(b) seirbhísí poiblí bus do phaisinéirí, déanfaidh sé amhlaidh de réir alt 52 nó tar éis nóis imeachta tairisceana iomaíoch, agus

(c) seirbhísí meitreo agus iarnróid éadroim do phaisinéirí, déanfaidh sé amhlaidh tar éis nóis imeachta tairisceana iomaíoch.

(3) Déanfar socrú le conradh i leith seirbhísí iompair phoiblí maidir leis na nithe seo a leanas, mar aon le rudaí eile:

(a) aon íocaíochtaí a bheidh le déanamh idir an tÚdarás agus oibritheoir iompair phoiblí,

(b) ioncam ó phaisinéirí a leithroinnt,

(c) áiteanna a ndéanfaidh seirbhís iompair phoiblí do phaisinéirí freastal orthu,

(d) na conairí a bheidh le hoibriú nó na limistéir a mbeidh freastal le déanamh orthu,

(e) seirbhísí a sholáthrófar faoin gconradh a chomhtháthú agus iad a chomhtháthú le seirbhísí iompair phoiblí eile do phaisinéirí,

(f) caighdeáin agus minicíocht seirbhísí,

(g) táillí a bheidh le muirearú agus foráil maidir le táillí a athrú, lena n-áirítear iad a mhéadú nó a laghdú,

(h) an córas táillí a bheidh le húsáid,

(i) oibleagáidí feidhmíochta lena n-áirítear oibleagáidí a bhainfidh le leibhéil seirbhíse,

(j) an bhrandáil ar fheithiclí a úsáidfear chun seirbhísí a sholáthar,

(k) ceanglais maidir le ticéadú agus maidir le faisnéis a sholáthar do phaisinéirí,

(l) caighdeáin inrochtaineachta,

(m) faoi réir fho-ailt (7)(8) nó de réir mar is cuí, i gcás ina mbeartófar foráil a dhéanamh maidir le ligean ar fochonradh, na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhféadfar seirbhísí a ligean ar fochonradh amhlaidh,

(n) ceanglas, más cuí, go sealbhóidh an t-oibritheoir ceadúnas oibritheora (de réir bhrí alt 2(9) den Acht um Thrácht ar Bhóithre agus Iompar 2006),

(o) ceanglais a bhaineann le comhlíonadh an dlí is infheidhme i ndáil le pá agus téarmaí agus coinníollacha fostaíochta,

(p) caighdeáin astaíochta i leith truailleán agus torainn, agus

(q) cibé ceanglais eile seirbhíse, custaiméara, feithicle, tuairiscithe, airgeadais nó conartha (cibé acu is den chineál céanna iad nó nach ea), a mheasfaidh an tÚdarás is cuí.

(4) Féadfaidh foráil a bheith i gconradh seirbhísí iompair phoiblí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha uile an chonartha sin nó ar aon cheann acu a bhainfidh leis na ceanglais atá leagtha amach i bhfo-alt (3) nó le haon ní eile a mbeidh foráil déanta maidir leis sa chonradh.

(5) Ní ceadmhach d’oibritheoir iompair phoiblí ceart, cumhacht nó dualgas a aistriú, a shannadh, a tharmligean ná plé leis nó léi ar shlí eile faoi chonradh seirbhísí iompair phoiblí gan ceadú an Údaráis.

(6) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) agus alt 52, déanfaidh an tÚdarás ré conarthaí seirbhísí iompair phoiblí lena mbaineann an Chaibidil seo a chinneadh faoi réir uasmhéid 10 mbliana i leith seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí agus 15 bliana i leith an iarnróid nó modhanna eile rianbhunaithe.

(b) Ní faide ná 15 bliana ré conarthaí seirbhísí iompair phoiblí a bhaineann le modhanna éagsúla iompair más rud é gur mó ná 50 faoin gcéad de luach na seirbhísí atá i gceist an t-iompar d’iarnród nó de mhodhanna rianbhunaithe eile agus ní faide a ré ná 10 mbliana i gcás gur lú ná 50 faoin gcéad an luach sin.

(c) Más gá, ag féachaint do dhálaí díluachta sócmhainní, féadfar ré na gconarthaí seirbhísí iompair phoiblí a fhadú de 50 faoin gcéad ar a mhéad más rud é go soláthraíonn an t-oibritheoir iompair phoiblí sócmhainní atá suntasach i ndáil leis na sócmhainní foriomlána a theastóidh chun na seirbhísí iompair do phaisinéirí, arna gcumhdach leis an gconradh seirbhísí iompair phoiblí, a chur i gcrích agus atá, den chuid is mó, nasctha leis na seirbhísí iompair do phaisinéirí arna gcumhdach leis an gconradh.

(7) I gcás ina mbainfidh conradh seirbhísí iompair phoiblí le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí lena mbaineann míreanna (a) agus (b) dfho-alt (2) a sholáthar, agus go mbeartaítear go bhféadfaidh gur ábhar fochonartha cuid den chonradh, beidh feidhm ag Airteagal 4.7 de Rialachán Uimh. 1370/2007.

(8) I gcás ina mbainfidh conradh seirbhísí iompair phoiblí le seirbhísí meitreo nó iarnróid éadroim do phaisinéirí a sholáthar, féadfaidh oibritheoir iompair phoiblí, le ceadú an Údaráis, fochonradh a thabhairt maidir le soláthar cuid de na seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí faoin gconradh sin agus beidh na seirbhísí sin, arna soláthar faoi fhochonradh, faoi réir na n-oibleagáidí, más ann, a bheidh sonraithe sa chonradh sin.

(9) Féadfar le conradh seirbhísí iompair phoiblí, foráil a dhéanamh do chlásail airgeadais nó clásail ghreasachta eile i gcás ina sáróidh oibritheoir iompair phoiblí caighdeáin shonraithe feidhmíochta.

(10) I gcás nach gcomhlíonfaidh oibritheoir iompair phoiblí na ceanglais a leagtar síos sa Chaibidil seo nó i gconradh seirbhísí iompair phoiblí arna dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh an tÚdarás iarmhairtí airgeadais nó eile a fhorchur, lena n-áirítear an ceart a fhoirceannadh chun an tseirbhís iompair phoiblí do phaisinéirí nó aon chuid den tseirbhís sin lena mbaineann an conradh a sholáthar, agus déanfar tagairt do na hiarmhairtí sin sa chonradh.

(11) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha, ar comhréir leis an gCaibidil seo, is cuí leis an Údarás, a fheidhmeanna a shannadh do GFI i ndáil le soláthar seirbhísí meitreo nó iarnróid éadroim do phaisinéirí a áirithiú.

Conarthaí seirbhísí iompair phoiblí a mhaoiniú.

49 .— (1) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás conradh seirbhísí iompair phoiblí faoi alt 48, féadfaidh sé, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, íocaíochtaí a dhéanamh leis an oibritheoir iompair phoiblí lena mbaineann as airgead a sholáthróidh an tOireachtas nó ar shlí eile, i leith seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí dá dtagraítear sa chonradh sin a sholáthar.

(2) Féadfaidh téarmaí lena rialaítear aisíoc na n-íocaíochtaí, ús agus cibé nithe eile a chinnfidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a bheith i gcoinníollacha a ghabhann le híocaíochtaí a dhéanfar faoi fho-alt (1).

Oibleagáidí seirbhíse poiblí.

50 .— (1) I gcás ina mbeartaíonn an tÚdarás seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a áirithiú féadfaidh sé a chinneadh go mbeidh oibleagáid seirbhíse poiblí le feidhmiú i leith na seirbhíse sin.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás cinneadh faoi fho-alt (1) go mbeidh oibleagáid seirbhíse poiblí le feidhmiú, áiritheoidh sé na seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí trí chonradh seirbhíse poiblí, a bheidh faoi réir alt 48.

(3) Ní mór conradh lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh de réir Rialachán Uimh. 1370/2007.

(4) Sásóidh oibritheoir iompair phoiblí an tÚdarás, le cibé faisnéis agus i cibé foirm a shonróidh an tÚdarás—

(a) i leith aon íocaíochta as oibleagáid seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, nach mó an íocaíocht ná an íocaíocht sin is gá chun na costais uile nó cuid díobh a chlúdach a thabhófar le linn an oibleagáid seirbhíse poiblí a urscaoileadh ag cur i gcuntas na fáltais iomchuí agus brabús réasúnach as an oibleagáid a urscaoileadh, agus

(b) i leith na gcostas a thabhófar le linn an oibleagáid seirbhíse poiblí a urscaoileadh, nach mó na costais sin ná na costais a mbeifí ag súil leis, i dtuairim an Údaráis, go dtabhódh oibritheoir a reáchtáiltear go maith agus ag a bhfuil leor-sholáthar de mhodhanna iompair iad le linn an oibleagáid seirbhíse poiblí a urscaoileadh.

Leasuithe ar chonarthaí seirbhíse poiblí.

51 .— Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir alt 52(6), conradh seirbhíse poiblí a athrú go haontaobhach, lena n-áirítear scóip an chonartha, más rud é gurb é a thuairim gur gá an t-athrú sin chun seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí atá sábháilte, éifeachtúil agus d’ardchaighdeán a ráthú nó chun trédhearcacht i gcomhlíonadh seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a ráthú.

Conarthaí seirbhíse poiblí dír-dhámhachtana.

52 .— (1) Ach amháin i gcás ina ndeonóidh an tAire ceadúnas faoin Acht um Iompar ar Bhóithre 1932 nó mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí—

(a) tá ceart eisiach ag Bus Átha Cliath chun leanúint de na seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí a sholáthraíonn sí de réir fhorálacha alt 7 d’Acht 1958 agus alt 8 d’Acht 1986 a sholáthar laistigh de chathair Bhaile Átha Cliath agus de chontaetha Fhine Gall, Bhaile Átha Cliath Theas agus Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus de limistéir thadhlacha,

(b) tá ceart eisiach ag Bus Éireann chun leanúint de na seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí a sholáthraíonn sí de réir alt 7 d’Acht 1958 agus alt 8 d’Acht 1986 a sholáthar laistigh de MLBÁC ach amháin a mhéid a sholáthraíonn Bus Átha Cliath na seirbhísí sin faoi mhír (a), agus

(c) déanfar na seirbhísí lena mbaineann na cearta eisiacha dá dtagraítear san fho-alt seo a leagan amach sna conarthaí seirbhíse poiblí a dhéanfar faoi fho-alt (3)(a).

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, tá ceart eisiach ag Iarnród Éireann chun seirbhísí iarnróid do phaisinéirí seachas seirbhísí meitreo nó iarnróid éadroim do phaisinéirí a sholáthar i MLBÁC.

(3) Chun leordhóthanacht seirbhísí iompair poiblí do phaisinéirí a chinntiú ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta, déanfaidh an tÚdarás, de réir alt 48, conarthaí dír-dhámhachtana lena bhforchuirfear oibleagáidí seirbhíse poiblí—

(a) le Bus Átha Cliath agus le Bus Éireann chun soláthar seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí lena mbaineann fo-alt (1) laistigh de MLBÁC a áirithiú, agus

(b) le hIarnród Éireann chun soláthar seirbhísí iarnróid do phaisinéirí lena mbaineann fo-alt (2) a áirithiú.

(4) D’ainneoin fhorálacha alt 48 (6), is conradh ar feadh tréimhse 5 bliana gach ceann de na conarthaí dír-dhámhachtana dá dtagraítear i mír (a) d’fho-alt (3), agus is conradh ar feadh tréimhse 10 mbliana an conradh dá dtagraítear i mír (b) d’fho-alt (3).

(5) I gcás ina ndéantar conradh dír-dhámhachtana i leith seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí a sholáthar faoin alt seo, féadfaidh an tÚdarás, tar éis dul i gcomhairle le Bus Átha Cliath nó le Bus Éireann, de réir mar is cuí, athruithe a dhéanamh ar ghnéithe den chonradh sin a bhaineann le seirbhísí atá san áireamh sa chonradh sin a sholáthar, ach sin faoi réir an choinníll nach ndéantar aon leasú ar scóip an chirt eisiaigh iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(6) (a) Féadfaidh an tÚdarás athbhreithniú a dhéanamh aon tráth ar chonradh dír-dhámhachtana arna dhéanamh faoin alt seo agus féadfaidh sé leasuithe a dhéanamh ar an gconradh sin go haontaobhach tar éis athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh.

(b) Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar aon chonradh dír-dhámhachtana arna dhéanamh faoin alt seo a bhaineann le seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí a sholáthar, i gcás ina gceapfaidh sé go bhféadfadh nach gá a thuilleadh an conradh, nó aon ghné de, a choimeád ar bun chun a chinntiú go soláthrófar an leibhéal riachtanach de na seirbhísí sin agus i gcás ina ndéanfar cinneadh den sórt sin, beidh an tÚdarás i dteideal an conradh a leasú nó a fhoirceannadh go haontaobhach de réir mar is cuí.

(c) (i) Faoi réir fhomhír (ii), féadfaidh an tÚdarás conarthaí dír-dhámhachtana a dhéanamh tar éis na gconarthaí lena mbaineann fo-alt (3).

(ii) I gcás ina mbeartaíonn an tÚdarás conarthaí dír-dhámhachtana a dhéanamh tar éis na gconarthaí dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(a), ní fhéadfaidh sé déanamh amhlaidh ach i gcás gur deimhin leis nach féidir a ráthú ar mhaithe leis an leas eacnamaíochta ginearálta go leanfaidh na seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí lena mbaineann na conarthaí de bheith leordhóthanach ach amháin trí na conarthaí dír-dhámhachtana sin a dhéanamh.

(d) I gcás ina mbeartaíonn an tÚdarás athbhreithniú lena mbaineann mír (b) a dhéanamh nó na conarthaí dír-dhámhachtana dá dtagraíonn mír (c)(ii) a dhéanamh, lorgóidh sé agus breithneoidh sé aighneachtaí ó shealbhóir an chonartha dír-dhámhachtana atá i gceist agus ó aon pháirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear úsáideoirí na seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí is ábhar don chonradh.

(e) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás leasuithe ar chonradh dír-dhámhachtana faoi mhír (b) nó go ndéanfaidh sé conradh dír-dhámhachtana dá dtagraíonn mír (c)(ii), ullmhóidh agus foilseoidh sé tuarascáil a bhainfidh le hoibriú na seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí lena mbaineann na conarthaí dír-dhámhachtana bunaidh, leis an mbreithniú ar aon aighneachtaí a rinneadh chuige faoi mhír (d) agus leis na cúiseanna a bhí aige le leasuithe a dhéanamh ar na conarthaí bunaidh nó leis na conarthaí dír-dhámhachtana dá éis sin a dhéanamh nó, más cuí, leis na conarthaí sin a fhoirceannadh.

(7) An cúiteamh go léir a chuirfidh an tÚdarás ar fáil chun seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí lena mbaineann conradh faoin alt seo a sholáthar, ní foláir é a thabhairt de réir na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán 1370/2007.

(8) (a) Féadfaidh an tAire, i gcás gur cuí leis nó léi é chun cuspóirí iompair an Rialtais a bhaint amach nó chun a chinntiú go gcomhlíontar ionstraim de chuid institiúide den Chomhphobal Eorpach, ordacháin a eisiúint dá rogha féin amháin chuig an Údarás agus, de réir mar is cuí, chuig Bus Átha Cliath, Bus Éireann nó chuig Iarnród Éireann i ndáil le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí lena mbaineann an t-alt seo a sholáthar.

(b) I gcás ina n-eiseoidh an tAire ordachán faoin bhfo-alt seo, déanfaidh an tÚdarás agus Bus Átha Cliath, Bus Éireann nó Iarnród Éireann, de réir mar is cuí, an t-ordachán sin a chomhlíonadh.

Seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a sholáthraíonn CIÉ.

53 .— D’ainneoin alt 13 d’Acht 1950 agus alt 8 d’Acht 1986, beidh cumhacht ag Iarnród Éireann, Bus Átha Cliath agus Bus Éireann conarthaí seirbhísí iompair phoiblí a dhéanamh leis an Údarás agus beidh siad faoi cheangal ag téarmaí agus coinníollacha na gconarthaí sin i ndáil leis na seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a shonraítear sna conarthaí.

Conarthaí seirbhíse poiblí i leith seirbhísí arna soláthar go páirteach lasmuigh de MLBÁC.

54 .— (1) Más dóigh leis an Aire—

(a) go bhfuil seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí á soláthar ag Bus Éireann de réir alt 7 d’Acht 1958 agus alt 8 d’Acht 1986, agus

(b) seirbhísí iarnróid do phaisinéirí,

a bhfuil pointe tionscnaimh nó ceann scríbe acu lasmuigh de MLBÁC, agus ar féidir a mheas le réasún gur cuid de chóras iompair MLBÁC iad, féadfaidh sé nó sí, le hordú, na seirbhísí sin a ainmniú chun críocha an ailt seo.

(2) Ach amháin i gcás ina ndeonóidh an tAire ceadúnas faoin Acht um Iompar ar Bhóithre 1932 nó i gcás ina bhforáiltear a mhalairt le dlí, tá ceart eisiach ag Bus Éireann leanúint de na seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí arna n-ainmniú le hordú faoi fho-alt (1) a sholáthar.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, tá ceart eisiach ag Iarnród Éireann na seirbhísí iarnróid do phaisinéirí atá ainmnithe le hordú faoi fho-alt (1) a sholáthar.

(4) Déanfaidh an tÚdarás conarthaí dír-dhámhachtana, lena bhforchuirtear oibleagáidí seirbhíse poiblí, le Bus Éireann nó le hIarnród Éireann i leith na seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí lena mbaineann an t-alt seo.

(5) (a) I gcás ina measfaidh an tAire go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar na himthosca ba bhun le hordú a dhéanamh faoi fho-alt (1), féadfaidh sé nó sí, uair amháin ar a mhéad gach 2 bhliain, an t-ordú sin a leasú.

(b) Le linn don Aire breithniú a dhéanamh i dtaobh ordú faoin bhfo-alt seo a leasú, beidh aird aige nó aici—

(i) ar aon fhaisnéis iomchuí i ndáil le patrúin taistil go dtí MLBÁC agus uaidh, lena n-áirítear patrúin chomaitéireachta ach gan a bheith teoranta dóibh sin, agus

(ii) ar aon mholtaí ón Údarás.

(6) Féadfaidh an tÚdarás moltaí a dhéanamh chun an Aire, ó am go ham, maidir le feidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoi fho-ailt (1) agus (5).

(7) Tá feidhm ag an gCaibidil seo a mhéid a bhaineann sí le conarthaí seirbhíse poiblí a dhéanamh, ag tagairt go háirithe d’alt 52(4) go (8), maidir leis na conarthaí dír-dhámhachtana dá dtagraítear i bhfo-alt (4).

Foráil ghinearálta a bhaineann le feidhmiú na Caibidle seo.

55 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás treoirlínte a eisiúint i ndáil le conarthaí seirbhísí iompair phoiblí a dhéanamh faoin gCaibidil seo agus le hoibriú na seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí lena mbainfidh na conarthaí sin, agus féadfaidh sé treoirlínte den sórt sin a leasú nó a chealú.

(2) Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú ar fheidhmiú na Caibidle seo tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis thosach feidhme an ailt seo agus uair amháin ar a laghad gach 5 bliana dá éis sin.

(3) Déanfaidh an tÚdarás tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire i dtaobh fionnachtana athbhreithnithe arna dhéanamh faoin alt seo.

(4) D’ainneoin fho-alt (2), féadfaidh an tAire a iarraidh ar an Údarás ó am go ham athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú aon cheann nó gach ceann d’fhorálacha na Caibidle seo agus tuarascáil a thabhairt dó nó di i dtaobh fhionnachtana an athbhreithnithe sin.

(5) Ní dhéanfaidh aon ní sa Chaibidil seo difear ar aon slí do na cumhachtaí a thugtar don Aire faoi alt 26 d’Acht 1986 treoracha beartais a thabhairt do CIÉ.

Oibritheoir dála deiridh.

56 .— Féadfaidh an tÚdarás seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a sholáthar más rud é, maidir le hoibritheoir iompair phoiblí—

(a) nach féidir leis nó léi a ghealltanais chonartha nó a gealltanais chonartha a chomhlíonadh de dheasca a staide airgeadais,

(b) go dtarraingeoidh sé nó sí siar ó sheirbhísí a shonraítear i gconradh seirbhísí iompair phoiblí a sholáthar nó go mainneoidh sé nó sí iad a sholáthar, nó

(c) go mainneoidh sé nó sí ar bhonn seasmhach leanúnach na caighdeáin feidhmíochta a shonraítear i gconradh seirbhísí iompair phoiblí a chomhlíonadh.

Caibidil 3

Bearta Comhtháthaithe

Iompar poiblí a chur chun cinn.

57 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás é féin nó i gcomhar le daoine eile úsáid iompair phoiblí a chur chun cinn i MLBÁC.

(2) Déanfaidh an tÚdarás, d’fhonn iompar poiblí a chur chun cinn, branda aonair a dhearadh agus a fhorbairt agus cur i ngníomh branda aonair a áirithiú ar branda é a bheidh le húsáid ag na hoibritheoirí iompair phoiblí go léir a sholáthraíonn seirbhísí de réir conartha seirbhísí iompair phoiblí leis an Údarás i MLBÁC.

(3) Féadfaidh an tÚdarás ordachán a thabhairt d’oibritheoir iompair phoiblí a sholáthraíonn seirbhísí de réir conartha seirbhísí iompair phoiblí nó d’údarás iompair phoiblí cibé bearta a dhéanamh is gá, dar leis an Údarás, chun a chinntiú go gcuirfear iompar poiblí chun cinn agus go ndéanfar branda aonair a chur chun cinn agus a úsáid i MLBÁC.

Scéim ticéadaithe chomhtháite.

58 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás scéim ticéadaithe chomhtháite a fhorbairt, a fháil, a chur i ngníomh, a oibriú agus a chothabháil ar mhodh cóir neamh-idirdhealaitheach le haghaidh iompair phoiblí i MLBÁC nó cibé limistéir eile nó cibé seirbhísí eile iompair phoiblí do phaisinéirí a shonróidh an tAire faoi alt 63.

(2) Féadfaidh an tÚdarás aon cheann nó gach ceann dá fheidhmeanna a shannadh do thríú páirtí i ndáil le scéim ticéadaithe chomhtháite a fhorbairt, a fháil, a chur i ngníomh, a oibriú agus a chothabháil.

(3) Féadfaidh an tÚdarás sannadh feidhmeanna faoi fho-alt (2) a fhoirceannadh nó a athrú aon tráth.

(4) Déanfaidh an tÚdarás bearta a fhorordú chun scéim ticéadaithe chomhtháite a rialáil lena n-áirítear ioncam a roinnt i measc na n-oibritheoirí iompair phoiblí atá i gceist.

(5) Déantar aon chóras ticéadaithe chomhtháite atá bunaithe nó á dhearadh tráth thosach feidhme an ailt seo, de réir an ordaithe a chúlghairtear le fo-alt (11), a aistriú chun an Údaráis. Aistrítear chun an Údaráis aon chonradh arna dhéanamh ag GFI nó aon mhaoin ar le GFI í i ndáil le córas den sórt sin.

(6) D’ainneoin aon achtacháin, rialacha eile dlí nó, i gcás cuideachta d’ainneoin aon fhorála i meabhrán comhlachais agus in airteagail chomhlachais na cuideachta sin, tabharfaidh an tÚdarás ordachán do gach oibritheoir iompair phoiblí nó do cibé oibritheoirí iompair phoiblí is dóigh leis is cuí—

(a) á ordú dóibh a bheith ina mbaill de scéim ticéadaithe chomhtháite,

(b) á ordú dóibh aon trealamh is gá a shuiteáil ina bhfeithiclí, ag a n-áitreabh nó ag áitreabh daoine atá ag gníomhú mar ghníomhairí dóibh, agus

(c) á ordú dóibh ceanglais arna sonrú ag an Údarás le haghaidh scéime ticéadaithe chomhtháite a chomhlíonadh.

(7) D’ainneoin fho-alt (6), féadfaidh an tÚdarás agus oibritheoir iompair phoiblí nach soláthraíonn seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí de réir conartha seirbhísí iompair phoiblí comhaontú a dhéanamh chun go dtiocfaidh an t-oibritheoir iompair phoiblí chun bheith ina bhall de scéim ticéadaithe chomhtháite.

(8) Más rud é, le linn scéim ticéadaithe chomhtháite a fhorbairt—

(a) go dtugann an tÚdarás ordachán faoi fho-alt (6)(b)(c) d’oibritheoir iompair phoiblí nach soláthraíonn seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí de réir conartha seirbhísí iompair phoiblí, nó

(b) go ndéanann an tÚdarás comhaontú faoi fho-alt (7),

cúiteoidh an tÚdarás leis an oibritheoir iompair phoiblí cibé costais bhreise i ndáil le suiteáil agus comhtháthú an trealaimh ticéadaithe chomhtháite a mheasfaidh an tÚdarás is réasúnach.

(9) (a) Is é an tÚdarás úinéir aon fhaisnéise nó sonraí a bhaineann le scéim ticéadaithe chomhtháite agus a dhéanfaidh—

(i) an tÚdarás nó tríú páirtí dár sannadh feidhm faoi fho-alt (2) a ghiniúint, nó

(ii) oibritheoir iompair phoiblí is ball den scéim ticéadaithe chomhtháite a ghiniúint.

(b) Soláthróidh an tÚdarás nó tríú páirtí dár sannadh feidhm faoi fho-alt (2) cosaintí leordhóthanacha chun slándáil sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a gheofar ó bhaill de scéim ticéadaithe chomhtháite a áirithiú agus cinnteoidh an tÚdarás nó an tríú páirtí nach nochtfar na sonraí sin do thríú páirtithe gan toiliú an bhaill iomchuí.

(c) Ní choiscfidh aon ní i mír (b) faisnéis nó sonraí a ghintear nó a sholáthraítear faoin alt seo a úsáid chun críocha feidhmeanna eile de chuid an Údaráis nó na sonraí a sholáthar d’údaráis reachtúla eile chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, ar choinníoll nach mbeidh mar thoradh ar an úsáid sin go ndéanfar sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, i dtuairim an Údaráis, i ndáil le duine nó le hoibritheoir iompair phoiblí atá inaitheanta a nochtadh ach amháin le toiliú an duine nó an oibritheora sin.

(10) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás sannadh a fhoirceannadh nó a athrú de réir fho-alt (3), cúiteoidh sé leis an sannaí na costais réasúnacha, más ann, arna thabhú aige nó aici suas go dtí tráth an fhoirceanta nó an athraithe.

(11) Cúlghairtear an tOrdú um an Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 (Feidhmeanna Breise) (Ticéadú Comhtháite) 2002 (I.R. Uimh. 84 de 2002).

(12) San alt seo ciallaíonn “ scéim ticéadaithe chomhtháite ” scéim ticéadaithe a chumasaíonn do phaisinéir rochtain a fháil ar cheann amháin nó níos mó de sheirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí le haghaidh turais shingil nó turas iolrach ar na seirbhísí sin, is cuma cén líon seirbhísí nó oibritheoirí iompair phoiblí do phaisinéirí atá bainteach leis an turas sin nó leis na turais sin a dhéanamh.

Scéim táillí.

59 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás scéim táillí a fhorbairt, a fháil, a chur i ngníomh, a oibriú agus a chothabháil le haghaidh iompair phoiblí i MLBÁC nó cibé limistéir eile nó cibé seirbhísí eile iompair phoiblí do phaisinéirí a shonróidh an tAire faoi alt 63.

(2) Féadfaidh an tÚdarás aon cheann nó gach ceann dá fheidhmeanna a shannadh do thríú páirtí i ndáil le scéim táillí a fhorbairt, a fháil, a chur i ngníomh, a oibriú agus a chothabháil.

(3) Féadfaidh an tÚdarás sannadh feidhmeanna faoi fho-alt (2) a fhoirceannadh nó a athrú aon tráth.

(4) D’ainneoin aon achtacháin, rialacha eile dlí nó, i gcás cuideachta, d’ainneoin aon fhorála i meabhrán comhlachais agus in airteagail chomhlachais na cuideachta sin, tabharfaidh an tÚdarás ordachán do gach oibritheoir iompair phoiblí nó do cibé oibritheoirí iompair phoiblí is dóigh leis is cuí—

(a) á ordú dóibh a bheith ina mbaill de scéim táillí,

(b) maidir leis an tslí agus lena mhinice a bheidh costais agus ioncaim le comhroinnt i measc ball den scéim ar mhodh trédhearcach neamh-idirdhealaitheach,

(c) maidir leis an trealamh a theastóidh ón Údarás agus ó bhaill na scéime chun an scéim a oibriú,

(d) maidir le nósanna imeachta a bhainfidh le soláthar, cothabháil agus rúndacht sonraí a bheidh ag teastáil chun an scéim a oibriú,

(e) maidir le nósanna imeachta chun gearáin a réiteach, agus

(f) maidir le hairgead a choinneáil chun na costais riaracháin a bhainfidh le hoibriú na scéime a íoc.

(5) D’ainneoin fho-alt (4), i gcás ina gcomhaontóidh an tÚdarás agus oibritheoir iompair phoiblí nach soláthraíonn seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí de réir conartha seirbhísí iompair phoiblí déanamh amhlaidh, féadfaidh an tÚdarás comhaontú a dhéanamh leis an oibritheoir iompair phoiblí sin chun go mbeidh ant-oibritheoir iompair phoiblí ina bhall de scéim táillí.

(6) Más rud é, maidir leis an Údarás—

(a) go dtabharfaidh sé ordachán faoi fho-alt (4)(a) d’oibritheoir iompair phoiblí nach soláthraíonn seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí de réir conartha seirbhísí iompair phoiblí, déanfaidh sé, nó

(b) go ndéanfaidh sé comhaontú faoi fho-alt (5), féadfaidh sé,

an glanchaillteanas ioncaim sin, más ann, i ndáil le páirt a ghlacadh sa scéim sin a aisíoc leis an oibritheoir iompair phoiblí agus, le linn an glanchaillteanas ioncaim sin a mheasúnú, cuirfidh an tÚdarás i gcuntas caillteanais ioncaim a thabhaigh an t-oibritheoir, nó is dóigh a thabhóidh sé nó sí, nach dtabhófaí murach sin, lúide aon ioncam breise nó aon sochair eile a fuair an t-oibritheoir, nó is dóigh a gheobhaidh sé nó sí, de bhua páirt a ghlacadh i scéim den sórt sin.

(7) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás sannadh a fhoirceannadh nó a athrú de réir fho-alt (3), tabharfaidh sé cúiteamh don sannaí i leith na gcostas réasúnach, más ann, a bheidh tabhaithe aige nó aici, go dtí tráth an fhoirceanta nó an athraithe.

(8) San alt seo ciallaíonn “ scéim táillí ” scéim arna déanamh ag an Údarás a shonraíonn cineál, coinníollacha agus leibhéil na dtáillí a bheidh le muirearú ag baill den scéim i leith turas arna ndéanamh ar sheirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí agus i leith aon nithe coimhdeacha.

Scéim chomhtháite faisnéise iompair phoiblí.

60 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás scéim faisnéise (“scéim chomhtháite faisnéise”) a fhorbairt, a fháil, a chur i ngníomh, a oibriú agus a chothabháil le haghaidh iompair phoiblí i MLBÁC nó cibé limistéir eile nó cibé seirbhísí eile iompair phoiblí do phaisinéirí a shonróidh an tAire faoi alt 63.

(2) Maidir leis an scéim chomhtháite faisnéise—

(a) soláthrófar inti amchlár comhtháite ilmhódach seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí chun raon iomlán agus amanna na seirbhísí iompair phoiblí atá ar fáil do phaisinéirí a chur in iúl d’úsáideoirí, lena n-áirítear mionsonraí maidir leis na gnéithe inrochtaineachta de na seirbhísí sin,

(b) déanfar socrú léi, más indéanta, maidir le faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí ar bhonn fíor-ama, agus

(c) féadfar faisnéis agus sonraí a sholáthar léi don Údarás i dtaca lena fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(3) Féadfaidh an tÚdarás an modh a chinneadh ina gcuirfear an scéim chomhtháite faisnéise ar fáil ach cinnteoidh sé, ar a laghad, go mbeidh an t-amchlár dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a) ar fáil i bhformáidí inrochtana páipéir agus leictreonacha, lena n-áirítear ar an idirlíon. Féachfaidh an tÚdarás leis an scéim chomhtháite faisnéise a chur ar fáil i bhformáidí inrochtana malartacha.

(4) Cinnteoidh an tÚdarás go mbeidh an scéim chomhtháite faisnéise chomh cothrom le dáta i gcónaí agus is réasúnach agus indéanta.

(5) D’ainneoin aon achtacháin, aon rialacha eile dlí nó, i gcás cuideachta, aon fhorála i meabhrán comhlachais agus in airteagail chomhlachais na cuideachta sin, tabharfaidh an tÚdarás ordachán do gach oibritheoir iompair phoiblí nó do cibé oibritheoirí is dóigh leis is cuí chun an scéim chomhtháite faisnéise a sholáthar—

(a) á ordú dóibh faisnéis a ghiniúint agus a sholáthar ar mhodh, i bhfoirm agus laistigh de thréimhse a shonróidh an tÚdarás, agus

(b) á ordú dóibh aon cheanglais a shonróidh an tÚdarás i leith scéime comhtháite faisnéise a chomhlíonadh.

(6) Féadfaidh an tÚdarás aon cheann nó gach ceann dá fheidhmeanna a shannadh do thríú páirtí i ndáil le scéim chomhtháite faisnéise a fhorbairt, a fháil, a chur i ngníomh, a oibriú agus a chothabháil.

(7) Féadfaidh an tÚdarás sannadh feidhmeanna faoi fho-alt (6) a fhoirceannadh nó a athrú aon tráth.

(8) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás sannadh a fhoirceannadh nó a athrú de réir fho-alt (7), tabharfaidh sé cúiteamh don sannaí i leith na gcostas réasúnach, más ann, a bheidh tabhaithe aige nó aici, go dtí tráth an fhoirceanta nó an athraithe.

(9) (a) Is é an tÚdarás úinéir aon fhaisnéise nó sonraí a bhaineann le scéim chomhtháite faisnéise agus a dhéanfaidh—

(i) an tÚdarás nó tríú páirtí dár sannadh feidhm faoi fho-alt (6) a ghiniúint, nó

(ii) oibritheoir iompair phoiblí a ghiniúint de bhun ordacháin faoi fho-alt (5).

(b) Soláthróidh an tÚdarás nó tríú páirtí dár sannadh feidhm faoi fho-alt (6) cosaintí leordhóthanacha chun slándáil sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a ghintear nó a sholáthraítear faoin alt seo i ndáil leis an scéim chomhtháite faisnéise a áirithiú agus cinnteoidh sé nó sí nach nochtfar na sonraí sin do thríú páirtithe gan toiliú aon oibritheora iompair phoiblí iomchuí.

(c) Ní choiscfidh aon ní i mír (b) úsáid faisnéise nó sonraí a ghintear nó a sholáthraítear faoin alt seo chun críocha feidhmeanna eile de chuid an Údaráis, nó na sonraí a sholáthar d’údaráis reachtúla eile chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, ar choinníoll nach mbeidh de thoradh ar an úsáid sin go ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, i dtuairim an Údaráis, i ndáil le duine nó le hoibritheoir iompair phoiblí atá inaitheanta a nochtadh, ach amháin le toiliú an duine nó an oibritheora sin.

Córas faisnéise d’úsáideoirí bóthair.

61 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás córas faisnéise (“córas faisnéise d’úsáideoirí bóthair”) a fhorbairt, a fháil, a chur i ngníomh, a oibriú agus a chothabháil i MLBÁC chun faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí bóthair, lena n-áirítear faisnéis fíor-ama, maidir le dálaí tráchta agus taistil.

(2) Féadfaidh an tÚdarás na meáin a chinneadh trína gcuirfear an córas faisnéise d’úsáideoirí bóthair ar fáil.

(3) Rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le ÚBN agus leis na húdaráis bhóithre, agus breithneoidh sé a gcuid tuairimí, sula ndéanfaidh sé a fheidhmeanna faoi fho-ailt (1)(5)(a) a fheidhmiú.

(4) I gcás ina mbeartaíonn ÚBN nó údarás bóithre córas faisnéise d’úsáideoirí bóthair a bhunú i MLBÁC nó ina mbeartaíonn sé córas faisnéise d’úsáideoirí bóthair a mhodhnú, rachaidh sé i gcomhairle leis an Údarás agus breithneoidh sé a chuid tuairimí.

(5) D’ainneoin aon achtacháin, aon rialacha eile dlí nó, i gcás cuideachta, aon fhorála i meabhrán comhlachais agus in airteagail chomhlachais na cuideachta sin, féadfaidh an tÚdarás—

(a) ordachán a thabhairt d’ÚBN nó d’údarás bóithre i leith aon chórais faisnéise d’úsáideoirí bóthair i MLBÁC arna sholáthar ag ÚBN nó ag an údarás bóithre nó arna sholáthar thar a gceann,

(b) i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoi fho-alt (1), ordachán a thabhairt d’ÚBN, d’údarás bóithre, d’oibritheoir iompair phoiblí, d’oibritheoir scéime dola, nó do cibé sealbhóirí faisnéise eile is dóigh leis is gá maidir le soláthar an chórais faisnéise d’úsáideoirí bóthair ar ordachán é á ordú dóibh—

(i) faisnéis a ghiniúint agus a sholáthar ar mhodh, i bhfoirm agus laistigh de thréimhse a shonróidh an tÚdarás, agus

(ii) aon cheanglais a shonróidh an tÚdarás i leith córais faisnéise d’úsáideoirí bóthair a chomhlíonadh.

(6) Féadfaidh an tÚdarás aon cheann, nó gach ceann, dá fheidhmeanna a bhaineann le forbairt, fáil, cur i ngníomh, oibriú agus cothabháil córais faisnéise d’úsáideoirí bóthair a shannadh chuig ÚBN nó chuig aon duine eile.

(7) Féadfaidh an tÚdarás sannadh feidhmeanna faoi fho-alt (6) a fhoirceannadh nó a athrú, aon tráth.

(8) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás sannadh a fhoirceannadh nó a athrú de réir fho-alt (7), tabharfaidh sé cúiteamh don sannaí i leith na gcostas réasúnach, más ann, a bheidh tabhaithe aige nó aici go dtí tráth an fhoirceanta nó an athraithe.

Rochtain ar stadanna bus, áiteanna seasaimh bus agus stáisiúin bus agus iarnróid.

62 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás aon stad bus, áit seasaimh bus nó stáisiún bus nó iarnróid i MLBÁC a ainmniú chun bheith ina shaoráid chomhroinnte nó ina saoráid chomhroinnte (“saoráid chomhroinnte”).

(2) I gcás ina ndéantar seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a stiúradh ag stad bus, ag áit seasaimh bus nó i stáisiún bus nó iarnróid, is seirbhísí ar a n-áirítear seirbhísí a bhfuil pointe tionscnaimh nó pointe deiridh a n-aistir lasmuigh de limistéar feidhme an Údaráis, ní fhéadfar ainmniú faoi fho-alt (1) a dhéanamh ach amháin le toiliú an Aire.

(3) Sonróidh an tÚdarás i gcoitinne nó i ndáil le haicme saoráide comhroinnte nó i ndáil le saoráid chomhroinnte aonair na coinníollacha faoina gceadóidh úinéir nó oibritheoir saoráide comhroinnte rochtain ag oibritheoir iompair phoiblí ar an tsaoráid chomhroinnte, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh—

(a) méid na rochtana a cheadófar,

(b) na seirbhísí (lena n-áirítear déanmhais agus trealamh) a chuirfear ar fáil, agus

(c) leibhéal aon chúitimh a íocfaidh oibritheoir iompair phoiblí le húinéir nó oibritheoir saoráide comhroinnte i leith na rochtana sin agus i leith na seirbhísí sin a sholáthar.

(4) I gcás ina mbeidh an tÚdarás ag breithniú i dtaobh ainmniú a dhéanamh faoi fho-alt (1) nó coinníollacha a shonrú faoi fho-alt (3), rachaidh sé i gcomhairle le húinéir agus oibritheoir na saoráide nó na saoráidí iomchuí agus le haon oibritheoir iompair phoiblí nó le haon duine eile a bhféadfadh an t-ainmniú difear dhéanamh dó nó di, de réir mar is cuí leis an Údarás, agus breithneoidh sé a gcuid tuairimí.

(5) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás saoráid chomhroinnte a ainmniú faoi fho-alt (1), measfar maidir leis an ainmniú sin (d’ainneoin aon achtacháin, aon rialacha dlí nó, i gcás cuideachta, aon fhorála a bheidh i meabhrán comhlachais agus in airteagail chomhlachais na cuideachta sin) gur ordachán é arna thabhairt ag an Údarás á cheangal ar úinéir nó oibritheoir na saoráide comhroinnte nó na saoráidí comhroinnte lena mbaineann na coinníollacha a bheidh sonraithe ag an Údarás faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh.

(6) Déanfaidh an tÚdarás, maidir leis an leibhéal cúitimh is iníoctha ag oibritheoir iompair phoiblí le húinéir nó oibritheoir saoráide comhroinnte de réir na gcoinníollacha a bheidh sonraithe faoi fho-alt (3), a chinntiú go gcinntear é ar bhonn costais réasúnaigh agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ag féachaint do chostais chuí-luachlaghdaithe arna dtabhú ag an úinéir nó ag an oibritheoir lena mbaineann le linn an tsaoráid chomhroinnte sin a sholáthar, a chothabháil agus a oibriú.

(7) Féadfaidh an tÚdarás treoirlínte a fhoilsiú maidir le rochtain ar shaoráidí comhroinnte (lena n-áirítear dearadh, foirgniú agus oibriú saoráidí den sórt sin) agus beidh aird ag oibritheoirí iompair phoiblí agus ag úinéirí nó oibritheoirí saoráide comhroinnte ar na treoirlínte sin le linn saoráidí comhroinnte den sórt sin a oibriú nó a úsáid.

(8) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn stáisiún bus agus stáisiún iarnróid áit ina bhfuil rochtain ag daoine, nach fostaithe de chuid oibritheora iompair phoiblí, ar sheirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí nó ina dtuirlingíonn siad díobh.

Réimse freagrachta an Údaráis a leathnú.

63 .— (1) Féadfaidh an tAire le hordú na feidhmeanna a shanntar don Údarás faoi alt 58, 59 60 a leathnú chun go mbeidh feidhm acu—

(a) maidir le limistéar sonraithe nó limistéir shonraithe lasmuigh de MLBÁC i gcoitinne nó i leith aicme nó aicmí áirithe seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí, nó

(b) i leith seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí nó aicme nó aicmí sonraithe seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí arna soláthar lasmuigh de MLBÁC ag oibritheoir iompair phoiblí sonraithe.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, trí chomhaontú le hoibritheoir iompair phoiblí, seirbhísí arna soláthar ag an oibritheoir sin agus nach n-oibríonn go heisiach laistigh de MLBÁC a áireamh faoin réimse freagrachta a bhaineann le haon fheidhm de chuid an Údaráis faoin gCuid seo.

Caibidil 4

Bainistíocht Tráchta

Plean straitéiseach bainistíochta tráchta.

64 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás plean straitéiseach bainistíochta tráchta a ullmhú, a ghlacadh agus a chur i ngníomh do MLBÁC (“plean bainistíochta tráchta”) d’fhonn na gníomhartha a bheidh le déanamh a shainaithint chun go ndéanfar, i dtuairim an Údaráis, an ghluaiseacht optamach daoine, earraí agus feithiclí a áirithiú.

(2) Le linn plean bainistíochta tráchta a ullmhú, beidh aird ag an Údarás ar na nithe seo a leanas—

(a) méideanna tráchta reatha agus réamh-mheasta,

(b) treoirlínte pleanála réigiúnacha iomchuí faoi Chaibidil III, Cuid II, d’Acht 2000,

(c) Iompar 21 nó aon chreat infheistíochta caipitiúla le haghaidh iompair dá éis sin arna fhoilsiú ag an Aire nó ag an Rialtas,

(d) plean earnála na Roinne Iompair faoin Acht um Míchumas 2005 nó aon phlean earnála dá éis sin faoin Acht sin,

(e) treochtaí daoneolaíochta, eacnamaíochta agus sóisialta i MLBÁC,

(f) forbairtí úsáide talún, idir fhorbairtí láithreacha, fhorbairtí pleanáilte agus fhorbairtí réamh-mheasta,

(g) aon tionchair shuntasacha ar ghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí de dhroim oibreacha foirgníochta agus oibreacha eile, agus

(h) cibé nithe eile a fhorordóidh an tAire ó am go ham nó is cuí leis an Údarás.

(3) Sainaithneofar go háirithe i bplean bainistíochta tráchta na gníomhartha a bheidh le déanamh chun feabhas a chur ar an tionchar ar ghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí a éiríonn de dhroim oibreacha foirgníochta agus oibreacha eile i ndáil le soláthar bonneagair iompair agus oibreacha fóntais, cibé acu is údarás bóithre nó tríú páirtí a dhéanann iad. Sainaithneofar sa phlean freisin na gníomhartha a bheidh le déanamh chun bealaí inrochtana a sholáthar agus a chothabháil do dhaoine faoi mhíchumas le linn aon oibreacha den sórt sin.

(4) Le linn plean bainistíochta tráchta a ullmhú, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le ÚBN, le húdaráis bhóithre, leis an nGarda Síochána, le pobail áitiúla, le húsáideoirí iompair, le hoibritheoirí iompair phoiblí, le húdaráis agus cuideachtaí calafoirt agus aerfoirt agus le páirtithe leasmhara eile i MLBÁC, agus breithneoidh sé a gcuid tuairimí, agus lorgóidh sé aighneachtaí i scríbhinn ón bpobal faoin bplean.

(5) Cinnteoidh an tÚdarás go ndéanfar an plean bainistíochta tráchta a athbhreithniú agus plean nua a ghlacadh tráth nach déanaí ná 6 bliana tar éis an plean roimhe sin a ghlacadh.

(6) D’ainneoin fho-alt (5), déanfaidh an tÚdarás a phlean bainistíochta tráchta a athbhreithniú agus plean nua a ghlacadh aon tráth i gcás ina measfaidh an tÚdarás gur cuí déanamh amhlaidh nó tar éis ordachán a fháil ón Aire athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh.

Pleananna tráchta áitiúla.

65 .— (1) Déanfaidh údarás bóithre plean tráchta (“plean tráchta áitiúil”) a ullmhú, a ghlacadh agus a chur i ngníomh dá limistéar feidhme chun go ndéanfar trácht a bhainistiú go héifeachtach, ar plean é a bheidh ar comhréir leis an bplean straitéiseach bainistíochta tráchta faoi alt 64, laistigh de 6 mhí tar éis a fhoilsithe.

(2) Beidh aird ag údarás áitiúil ar aon treoirlínte iomchuí arna n-eisiúint ag an Údarás faoi alt 66 le linn plean tráchta áitiúil a ullmhú.

(3) Maidir le plean tráchta áitiúil—

(a) sonrófar ann—

(i) an úsáid a bhainfidh an t-údarás bóithre as glanfháltais na n-ioncam loctha nó na n-ioncam bainistíochta tráchta eile chun críoch bainistíochta tráchta, nó chun críoch eile a bhaineann le hiompar, laistigh dá limistéir feidhme, agus

(ii) na bearta a bheidh le déanamh chun oibreacha fóntais nó oibreacha eile a bhainistiú, cibé acu a dhéanann an t-údarás bóithre iad nó a dhéanann tríú páirtí iad, ar bhóithre i limistéar feidhme an údaráis bóithre chun feabhas a chur ar thionchar na n-oibreacha sin ar ghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí, agus

(b) na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh a shainaithint—

(i) chun feabhas a chur ar an tionchar ar ghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí a éiríonn de dhroim oibreacha foirgníochta agus oibreacha eile i ndáil le soláthar bonneagair iompair agus oibreacha fóntais, cibé acu a dhéanann an t-údarás bóithre iad nó a dhéanann tríú páirtí iad, agus

(ii) chun bealaí inrochtana a sholáthar agus a chothabháil do dhaoine faoi mhíchumas le linn aon oibreacha den sórt sin.

Treoirlínte bainistíochta tráchta.

66 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, i ndáil lena phlean bainistíochta tráchta a fhorfheidhmiú nó thairis sin chun críocha bainistíochta tráchta, treoirlínte a eisiúint chuig údarás bóithre i ndáil le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) suíomh agus soláthar síneacha tráchta (de réir bhrí alt 95 d’Acht 1961),

(b) suíomh stadanna bus agus áiteanna seasaimh bus,

(c) córais faisnéise tráchta agus córais rialaithe bainistíochta tráchta a dhearadh, a sholáthar, a chothabháil agus a oibriú,

(d) scéimeanna tosaíochta busanna agus saoráidí siúil agus rothaíochta a dhearadh, a sholáthar, a chothabháil agus a bhainistiú,

(e) saoráidí le haghaidh locadh feithiclí a dhearadh, a sholáthar agus a bhainistiú,

(f) oibreacha foirgníochta pleanáilte, ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do bhainistiú tráchta, a dhearadh agus a bhainistiú, agus

(g) na hoibreacha nó na gníomhaíochtaí breise, más ann, a thagann faoi réim freagrachtaí reachtúla údarás bóithre agus is dóigh leis an Údarás is cuí chun a phlean bainistíochta tráchta a chur i ngníomh go héifeachtach.

(2) Sula n-eiseoidh sé treoirlínte chuig údarás bóithre faoi fho-alt (1), rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le ÚBN i ndáil leis na treoirlínte atá beartaithe agus breithneoidh sé a chuid tuairimí.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, go dtí tosach feidhme alt 16 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2002, i ndáil lena phlean bainistíochta tráchta a fhorfheidhmiú nó thairis sin chun críocha bainistíochta tráchta, treoirlínte a eisiúint chuig an gCoimisinéir i ndáil le suíomh stadanna bus agus áiteanna seasaimh bus.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, i gcás inar cuí leis déanamh amhlaidh, treoirlíne faoin alt seo a athmheas nó a tharraingt siar.

(5) Beidh aird ag údaráis bhóithre agus ag an gCoimisinéir, de réir mar a bheidh, ar threoirlínte arna n-eisiúint ag an Údarás faoin alt seo.

Ordacháin d’údaráis bhóithre.

67 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, chun plean bainistíochta tráchta a fhorfheidhmiú nó thairis sin chun críocha bainistíochta tráchta, ordachán a thabhairt d’údarás bóithre—

(a) talamh a fháil trí ordú ceannaigh éigeantaigh a dhéanamh nó ar shlí eile,

(b) dearaí le haghaidh oibreacha sonraithe a ullmhú nó socrú a dhéanamh go ndéanfar an céanna a ullmhú,

(c) oibreacha sonraithe a ghabháil de láimh,

(d) scéim bainistíochta tráchta a ghabháil de láimh nó socrú a dhéanamh go ngabhfar an céanna de láimh, agus

(e) aon ní a dhéanamh a eascraíonn nó a leanann as bainistíocht tráchta nó atá riachtanach nó fóirsteanach chun críocha bainistíochta tráchta nó a d’éascódh bainistíocht tráchta.

(2) Sula dtabharfaidh sé ordachán faoi fho-alt (1) d’údarás bóithre, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis an údarás bóithre agus breithneoidh sé a chuid tuairimí.

(3) Féadfar a shonrú in ordachán faoi fho-alt (1) an tréimhse ama ar laistigh di a bheidh an t-ordachán sin le comhlíonadh agus cibé nithe eile a mheasfaidh an tÚdarás is gá.

An tÚdarás do chomhlíonadh feidhmeanna údaráis bóithre.

68 .— (1) Más rud é—

(a) go ndiúltaíonn nó go mainníonn údarás bóithre ordachán faoi alt 67 a chomhlíonadh, nó

(b) in aon chás inar dealraitheach don Údarás gur cóir é sna himthosca,

féadfaidh an tÚdarás a chinneadh, d’ainneoin aon achtacháin eile, an fheidhm atá sonraithe san ordachán a chomhlíonadh faoi réir cibé modhnuithe (más ann) is cuí leis.

(2) Féadfaidh an tAire aicme cáis a fhorordú nach mbeidh éifeacht ann le cinneadh ón Údarás faoi fho-alt (1) mura gceadóidh nó go dtí go gceadóidh sé nó sí é.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás cinneadh faoi fho-alt (1) feidhm áirithe a chomhlíonadh ar shlí seachas trí údarás bóithre, tá éifeacht leis an méid seo a leanas—

(a) tugtar cumhacht don Údarás (d’ainneoin aon achtacháin eile) an fheidhm a chomhlíonadh agus aon ní eile a dhéanamh a eascraíonn as comhlíonadh na feidhme nó atá ann de dhroim chomhlíonadh na feidhme nó is gá chun an fheidhm a chomhlíonadh nó a d’éascódh an fheidhm a chomhlíonadh, agus

(b) tá feidhm ag aon achtachán lena mbaineann i ndáil le comhlíonadh na feidhme faoi réir cibé modhnuithe is gá.

Cistí poiblí a leithroinnt ar údaráis bhóithre le haghaidh bainistíochta tráchta.

69 .— Féadfaidh an tÚdarás airgead a leithroinnt ar údaráis bhóithre nó ar dhaoine eile, agus íocaíochtaí a dhéanamh leo, i ndáil le bainistíocht tráchta.

Comhaontuithe agus socruithe idir údaráis bhóithre i ndáil le bainistíocht tráchta agus feidhmeanna eile de chuid an Údaráis.

70 .— (1) I gás gur dealraitheach don Údarás gur chóir comhaontú a dhéanamh idir údaráis bhóithre i ndáil le bainistíocht tráchta nó le feidhmeanna eile de chuid an Údaráis, féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar na húdaráis bhóithre comhaontú a dhéanamh de réir cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an tÚdarás.

(2) Déanfar aon chomhaontú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) a chur faoi bhráid an Údaráis lena cheadú agus ní bheidh feidhm aige ná ní bheidh éifeacht leis go dtí go gceadóidh an tÚdarás é.

(3) I gcás ina ndiúltaíonn nó go mainníonn aon údarás bóithre lena mbaineann déanamh de réir iarrata faoi fho-alt (1), féadfaidh an tÚdarás, tar éis deis a thabhairt do na húdaráis bhóithre lena mbaineann uiríll a dhéanamh chuige i scríbhinn agus tar éis aon uiríll atá déanta a bhreithniú, ordachán a thabhairt dóibh comhaontú a dhéanamh de réir cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh sé.

(4) Ní chúlghairfear aon chomhaontú a dhéantar faoin alt seo ach amháin le toiliú an Údaráis.

Bainistíocht éilimh.

71 .— (1) Leanfaidh an tÚdarás ar aghaidh le bearta bainistíochta éilimh a chur i ngníomh i MLBÁC.

(2) Féadfaidh an tÚdarás scéim bainistíochta éilimh a dhéanamh do MLBÁC ina leagfar amach na bearta a bheartaíonn sé a dhéanamh é féin nó a dhéanamh trí údaráis iompair phoiblí nó trí dhaoine eile chun bearta bainistíochta éilimh a chur i ngníomh.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, d’ainneoin aon achtacháin, rialacha eile dlí nó, i gcás cuideachta d’ainneoin aon fhorála atá i meabhrán comhlachais agus in airteagail chomhlachais na cuideachta sin, ordachán a thabhairt d’údarás iompair phoiblí i ndáil le bearta bainistíochta éilimh a chur i ngníomh.

(4) (a) Féadfaidh an tÚdarás treoirlínte a eisiúint chun údarás iompair phoiblí nó chun comhlachtaí poiblí eile i ndáil le bearta bainistíochta éilimh a chur i ngníomh.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “comhlacht poiblí” Aire den Rialtas nó aon chomhlacht arna bhunú le reacht nó faoi reacht.

(5) Féadfaidh an tÚdarás airgead a leithroinnt ar údaráis iompair phoiblí nó ar dhaoine eile, agus íocaíochtaí a dhéanamh leo, i ndáil le bearta bainistíochta éilimh.

(6) Coinneoidh an tÚdarás na nithe seo a leanas faoi athbhreithniú—

(a) an t-éileamh láithreach agus todhchaí ar iompar i MLBÁC,

(b) éifeachtacht beart bainistíochta éilimh a bheidh i ngníomh faoin alt seo,

(c) beartais, cleachtais agus teicneolaíochtaí i ndáil le bainistíocht éilimh i ndlínsí eile, agus

(d) éifeachtacht fhorálacha an Achta seo agus aon fhorálacha reachtúla iomchuí eile, i ndáil le bearta bainistíochta éilimh,

agus féadfaidh sé ó am go ham cibé tograí a chur faoi bhráid an Aire i ndáil le bearta breise a mheasfaidh sé is gá nó is inmhianaithe agus ar ghá cumhachtaí reachtúla breise ina leith chun iad a chur i ngníomh.

(7) San alt seo ciallaíonn “bearta bainistíochta éilimh” bearta lena gcuirtear chun cinn laghdú ar an méid iomlán taistil nó méadú laghdaithe ar an méid iomlán taistil agus folaíonn sé bearta chun na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(a) an gá atá le taisteal a laghdú,

(b) úsáid feithiclí inneallghluaiste agus úsáid gluaisteán príobháideach go háirithe a laghdú,

(c) taisteal ar iompar poiblí, ar rothar nó de shiúl cos a mhéadú mar mhalairt ar an ngluaisteán príobháideach,

(d) daoine a spreagadh chun taisteal sna tréimhsí is lú brú tráchta seachas ar mhodh muirir i leith brú tráchta, agus

(e) fad aistear a laghdú.

Caibidil 5

Taighde agus Faisnéis

Taighde.

72 .— Féadfaidh an tÚdarás—

(a) taighde a chur chun cinn agus gabháil do thaighde i ndáil le haon cheann dá fheidhmeanna, cibé acu ina aonar nó i gcomhar le daoine eile, agus

(b) airgead a leithroinnt ar dhaoine agus íocaíochtaí a thabhairt dóibh i ndáil le taighde den sórt sin.

Faisnéis, sonraí agus staidreamh.

73 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás—

(a) faisnéis, sonraí nó staidreamh, lena n-áirítear iad sin a bheidh cruinnithe le córais ticéadaithe arna n-oibriú ag oibritheoirí iompair phoiblí i MLBÁC, a bhailiú, a thiomsú, a anailísiú agus a ullmhú chun a fheidhmeanna a fheidhmiú, agus

(b) go tráthrialta, faisnéis, sonraí nó staidreamh a fhoilsiú maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) an líon daoine a úsáideann modhanna iompair difriúla,

(ii) leibhéil sástachta le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí,

(iii) amanna taistil chun na hoibre, agus

(iv) cibé nithe eile is cuí leis an Údarás i leith a chuid feidhmeanna.

(2) Féadfaidh an tAire ordachán a thabhairt don Údarás cibé faisnéis, sonraí nó staidreamh a bhailiú, a thiomsú, a ullmhú agus a fhoilsiú a shonróidh sé nó sí i scríbhinn don Údarás maidir le feidhmíocht an Údaráis i dtaca lena chuid feidhmeanna a fheidhmiú.

(3) Rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Údarás, agus féadfaidh sé nó sí dul i gcomhairle le haon duine eile is cuí leis nó léi, sula dtabharfaidh sé nó sí ordachán faoi fho-alt (2).

(4) Féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar dhuine ag a bhfuil faisnéis, sonraí nó staidreamh a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis an fhaisnéis sin, na sonraí sin nó an staidreamh sin a thabhairt don Údarás i cibé foirm (lena n-áirítear foirm leictreonach) agus ag cibé tráthanna nó eatraimh réasúnacha a shonróidh an tÚdarás.

(5) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, cinnteoidh an tÚdarás nach ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a fhaightear faoin alt seo a nochtadh.

Caibidil 6

Caidrimh idir an tÚdarás agus Comhlachtaí Eile

Caidreamh idir an tÚdarás agus ÚBN.

74 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, chun tosaíocht a áirithiú d’iompar poiblí ar bhóithre náisiúnta i MLBÁC, ordachán a thabhairt d’ÚBN—

(a) talamh a fháil trí ordú ceannaigh éigeantaigh a dhéanamh nó ar shlí eile,

(b) dearaí le haghaidh oibreacha sonraithe foirgníochta, cothabhála nó feabhsúcháin i dtaca le bonneagar iompair a ullmhú, nó socrú a dhéanamh lena n-ullmhú,

(c) oibreacha sonraithe foirgníochta, cothabhála nó feabhsúcháin i dtaca le bonneagar iompair a ghabháil de láimh,

(d) scéim bainistíochta tráchta a ullmhú nó socrú a dhéanamh lena hullmhú, nó

(e) aon ní a dhéanamh a eascraíonn as forbairt bóthair nó forbairt bóthair bheartaithe a thagann faoi shainchúram ÚBN, nó aon ní a dhéanamh a leanann as an gcéanna nó is gá nó is fóirsteanach ar an gcéanna nó tadhlach leis an gcéanna.

(2) Más rud é, i dtuairim an Údaráis, go bhfuil a fheidhmeanna á bhfeidhmiú ag ÚBN ar mhodh atá ar neamhréir le straitéis iompair, plean forfheidhmithe comhtháite, plean bainistíochta tráchta, nó bearta bainistíochta éilimh, féadfaidh an tÚdarás ordachán a thabhairt d’ÚBN á ordú dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh ar mhodh atá i gcomhréir leis an straitéis, leis an bplean nó leis na bearta.

(3) Sula dtabharfaidh sé ordachán faoin alt seo, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le ÚBN agus breithneoidh sé a chuid tuairimí.

(4) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás ina ndiúltaíonn nó go mainníonn ÚBN ordachán faoin alt seo a chomhlíonadh, féadfaidh an tÚdarás a chinneadh, d’ainneoin aon achtacháin eile agus in aon chás ar dealraitheach dó gur cóir sin sna himthosca, an fheidhm a shonraítear san ordachán a chomhlíonadh faoi réir cibé modhnuithe (más ann) is cuí leis.

(b) Féadfaidh an tAire aicme cáis a fhorordú nach bhfuil éifeacht le cinneadh ag an Údarás faoi mhír (a) ann mura rud é go bhfuil sé, agus go dtí go bhfuil sé, ceadaithe aige nó aici.

(5) Rachaidh ÚBN i gcomhairle leis an Údarás le linn a fheidhmeanna faoi Acht 1993 a chomhlíonadh i MLBÁC agus breithneoidh sé a chuid tuairimí.

(6) D’ainneoin fho-alt (5), ní ceadmhach d’údarás bóithre nó d’ÚBN, de réir mar a bheidh, le linn feidhm faoi Chuid V d’Acht 1993 a chomhlíonadh i ndáil le dola-scéim atá go hiomlán nó go páirteach i MLBÁC na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(a) dola-scéim a dhéanamh faoi alt 57,

(b) dola-scéim a ghlacadh faoi alt 58,

(c) dola-scéim a chúlghairm faoi alt 60,

(d) fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le hoibriú agus bainistiú dola-bhóthair faoi alt 61, nó

(e) comhaontú a dhéanamh faoi alt 63,

den Acht sin ach amháin le toiliú an Údaráis.

(7) Maidir le tagairt in alt 65 agus alt 66A (arna chur isteach le halt 277 d’Acht 2000) d’Acht 1993 don Aire, i gcás ina mbaineann sí le dola-scéim atá go hiomlán nó go páirteach i MLBÁC, tá sí le léamh mar thagairt don Údarás.

ÚBN agus údaráis bhóithre do chinntiú comhsheasmhachta le straitéis iompair le linn a bhfeidhmeanna a fheidhmiú i MLBÁC.

75 .— (1) Déanfaidh ÚBN, maidir lena ghníomhaíochtaí laistigh de MLBÁC, agus na húdaráis bhóithre, a chinntiú go gcomhlíonann siad a bhfeidhmeanna ar mhodh atá i gcomhréir le straitéis iompair an Údaráis.

(2) Más rud é, i dtuairim an Údaráis, go bhfuil a fheidhmeanna á bhfeidhmiú ag údarás bóithre ar mhodh atá ar neamhréir le straitéis iompair, plean forfheidhmithe comhtháite, plean bainistíochta tráchta nó bearta bainistíochta éilimh, féadfaidh an tÚdarás ordachán a thabhairt don údarás bóithre á ordú dó a fheidhmeanna a fheidhmiú ar mhodh atá i gcomhréir leis an straitéis, leis an bplean nó leis na bearta.

(3) Sula dtabharfaidh sé ordachán faoin alt seo, rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis an údarás bóithre lena mbaineann agus breithneoidh sé a chuid tuairimí.

Caidreamh idir an tÚdarás agus ÚABÁC, forbróirí calafoirt agus comhlachtaí Stáit.

76 .— (1) D’ainneoin an Achta um Aerfoirt Stáit 2004, déanfaidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath tuairimí an Údaráis i scríbhinn a fháil agus a bhreithniú sula rachaidh sé i mbun aon saoráid aerfoirt nó aon fhorbairt ghaolmhar eile a fhorbairt, ar forbairt nó saoráid í a d’fhéadfadh, ina thuairim, tionchar a imirt ar mhodh suntasach ar ghluaiseacht daoine nó earraí i MLBÁC.

(2) Sula ngabhfaidh aon duine de láimh aon saoráid chalafoirt, nó aon fhorbairt eile a bhaineann le calafort, a fhorbairt, ar forbairt é a d’fhéadfadh, i dtuairim an duine sin, tionchar suntasach a bheith aige ar ghluaiseacht daoine nó earraí i MLBÁC, déanfaidh an duine sin tuairimí an Údaráis a fháil i scríbhinn agus na tuairimí sin a bhreithniú.

(3) Déanfaidh an tÚdarás agus comhlacht comhairleach, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chur i gcrích—

(a) aird a thabhairt ar bheartais, straitéisí agus pleananna a chéile, agus

(b) dul i gcomhairle lena chéile agus tuairimí a chéile a bhreithniú maidir le feidhmeanna a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar fheidhmeanna a chéile nó i gcás gurb é a dtuairim gur chun leasa d’úsáidirí iompair i gcoitinne go ndéanfaidh siad amhlaidh.

(4) Rachaidh an Coimisiún um Rialáil Tacsaithe agus an tÚdarás i gcomhairle lena chéile d’fhonn barraineachtaí a shainaithint i ndáil le forfheidhmiú a bhfeidhmeanna faoi seach agus forfheidhmeoidh siad cibé bearta a mheasann siad is cuí chun na barainneachtaí sin a bhaint amach.

(5) San alt seo, ciallaíonn “ comhlacht comhairleach ” an Coimisiún um Rialáil Tacsaithe agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (ceachtar díobh nó iad araon).

CUID 4

Forfheidhmiú

Cionta achoimre a ionchúiseamh agus pionóis.

77 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh go hachomair.

(2) Aon duine atá ciontach i gcion faoi alt 38(3), 39(1)78(9) dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air nó uirthi.

Oifigigh údaraithe agus cumhachtaí chun a iarraidh go dtabharfar doiciméid, faisnéis, etc. ar aird.

78 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun cibé faisnéis a fháil nó chun cibé iniúchtaí nó aon fheidhmeanna eile a chur i gcrích a mheasfaidh an tÚdarás is gá chun go bhfeidhmeoidh an tÚdarás a fheidhmeanna faoin Acht seo.

(2) Ar an Údarás duine do cheapadh ina oifigeach údaraithe nó ina hoifigeach údaraithe, déanfaidh an tÚdarás deimhniú a cheaptha nó a ceaptha a thabhairt dó nó di, agus cuirfear in iúl ar an deimhniú cé na nithe a bhféadfaidh sé nó sí gníomhú ina leith faoin alt seo agus cén tréimhse a mbeidh an duine údaraithe lena linn.

(3) Nuair atá oifigeach údaraithe ag feidhmiú cumhachta a thugtar faoin alt seo, déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an deimhniú a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh mar aon le foirm chuí chéannachta.

(4) San alt seo agus in alt 79 folaíonn “doiciméid, taifid nó faisnéis eile”—

(a) leabhair, cuntais, rollaí, cláir, páipéir agus doiciméid eile, cibé acu—

(i) a chuimsítear in imleabhair cheangailte, i gceangaltóirí bileog scaoilte nó i gcomhadchóras bileog scaoilte eile, i leatháin mórleabhair bileog scaoilte, i leathanaigh, i bhfóiliónna nó i gcártaí, nó

(ii) a choimeádtar ar mhicreascannán, ar théip mhaighnéadach nó in aon fhoirm neamh-inléite (trí úsáid leictreonaice nó ar shlí eile) is féidir a atáirgeadh i bhfoirm inléite,

(b) gach meán leictreonach nó meán uathoibríoch eile, más ann, trínar féidir aon ní den sórt sin i bhfoirm neamh-inléite a atáirgeadh amhlaidh, agus

(c) doiciméid lámhscríofa, doiciméid atá clóscríofa, clóite, stionsaláilte nó cruthaithe trí aon phróiseas meicniúil nó páirtmheicniúil eile a bheidh in úsáid ó am go ham agus doiciméid a tháirgtear trí aon phróiseas fótagrafach nó fótastatach.

(5) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh oifigeach údaraithe fógra i scríbhinn, i leith fheidhmeanna an Údaráis, a sheirbheáil ar údarás iompair phoiblí nó ar oibritheoir iompair phoiblí, á cheangal ar an údarás iompair phoiblí nó ar an oibritheoir iompair phoiblí, de réir mar a bheidh, ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh, laistigh de cibé tréimhse a shonraítear san fhógra, nach lú ná 21 lá ó dháta seirbheála an fhógra, eadhon—

(a) cibé doiciméid, taifid nó faisnéis eile atá ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina urláimh nó faoina hurláimh nó ar fáil ag an údarás iompair phoiblí nó ag an oibritheoir iompair phoiblí a sheachadadh ar an oifigeach údaraithe, nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh nó lena hiniúchadh ag an oifigeach údaraithe is doiciméid, taifid nó faisnéis ina bhfuil, nó ina bhféadfaidh go bhfuil (i dtuairim an oifigigh údaraithe ar thángthas uirthi ar fhorais réasúnacha), faisnéis is iomchuí maidir le feidhmeanna an Údaráis,

(b) cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a cheanglóidh an t-oifigeach údaraithe le réasún a thabhairt don oifigeach údaraithe, i scríbhinn nó ar shlí eile, is faisnéis, mínithe agus sonraí is iomchuí maidir le feidhmeanna an Údaráis,

agus a shonraítear san fhógra.

(6) Más rud é go ndéanann údarás iompair phoiblí nó oibritheoir iompair phoiblí, le linn ceanglais fógra arna sheirbheáil ar údarás iompair phoiblí nó ar oibritheoir iompair phoiblí faoi fho-alt (5) a chomhlíonadh, doiciméid, taifid nó faisnéis eile a chur ar fáil lena n-iniúchadh nó lena hiniúchadh ag oifigeach údaraithe, tabharfaidh an t-údarás iompair phoiblí nó an t-oibritheoir iompair phoiblí cúnamh réasúnach don oifigeach údaraithe, lena n-áirítear faisnéis, mínithe agus sonraí, i ndáil le húsáid na modhanna leictreonacha nó na modhanna uathoibríocha eile go léir, más ann, trínar féidir na doiciméid, na taifid nó an fhaisnéis eile, a mhéid atá siad i bhfoirm neamh-inléite, a atáirgeadh i bhfoirm inléite, agus i ndáil le haon trealamh sonraí nó aon ghaireas gaolmhar nó aon ábhar gaolmhar.

(7) Más rud é go ndéanann údarás iompair phoiblí nó oibritheoir iompair phoiblí doiciméid, taifid nó faisnéis eile a chur ar fáil faoi fho-alt (5) lena n-iniúchadh nó lena hiniúchadh ag an oifigeach údaraithe, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe sleachta a thógáil as na doiciméid, as na taifid nó as an bhfaisnéis eile go léir nó as aon chuid díobh nó cóipeanna a dhéanamh díobh nó d’aon chuid díobh.

(8) Ní mheasfar aon ní san alt seo mar ní lena gcuirtear iachall ar aon duine doiciméad a thabhairt ar aird ar doiciméad é a mbeadh díolúine aige nó aici i ndáil lena thabhairt ar aird in imeachtaí i gcúirt ar an bhforas pribhléide gairmiúla dlíthiúla.

(9) Aon duine—

(a) a chuireann bac nó treampán ar oifigeach údaraithe le linn dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin alt seo, nó

(b) a thugann faisnéis, mínithe nó sonraí atá bréagach nó míthreorach d’oifigeach údaraithe nuair a cheanglaítear iad a thabhairt faoi fho-alt (5),

tá cion déanta aige nó aici.

Iarratas chun na hArd-Chúirte ar ordú le haghaidh faisnéise.

79 .— (1) I gcás ina mainníonn údarás iompair phoiblí nó oibritheoir iompair phoiblí ceanglais fógra a chomhlíonadh de réir alt 78, féadfaidh oifigeach údaraithe iarratas a dhéanamh chuig breitheamh den Ard-Chúirt ar ordú á cheangal ar údarás iompair phoiblí nó ar oibritheoir iompair phoiblí ceachtar de na nithe seo a leanas nó iad araon a dhéanamh, eadhon—

(a) cibé doiciméid, taifid nó faisnéis eile atá faoina urláimh nó faoina hurláimh nó ina sheilbh nó ina seilbh nó ar fáil ag an údarás iompair phoiblí nó ag an oibritheoir iompair phoiblí a sheachadadh ar an oifigeach údaraithe, nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh nó lena hiniúchadh ag an oifigeach údaraithe is doiciméid, taifid nó faisnéis ina bhfuil, nó ina bhféadfaidh go bhfuil (i dtuairim an oifigigh údaraithe ar thángthas uirthi ar fhorais réasúnacha), faisnéis is iomchuí maidir le feidhmeanna an Údaráis,

(b) cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a thabhairt don oifigeach údaraithe a theastóidh le réasún ón oifigeach údaraithe, ar faisnéis, mínithe agus sonraí í nó iad is iomchuí maidir le feidhmeanna an Údaráis,

agus a shonraítear san iarratas.

(2) I gcás gur deimhin leis an mbreitheamh, a ndéantar iarratas chuige nó chuici faoi fho-alt (1), go bhfuil forais réasúnacha leis an iarratas a dhéanamh, féadfaidh an breitheamh sin, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis nó léi agus a shonróidh sé nó sí san ordú, ordú a dhéanamh á cheangal ar an údarás iompair phoiblí nó ar an oibritheoir iompair phoiblí lena mbaineann an t-iarratas—

(a) cibé doiciméid, taifid nó faisnéis eile a sheachadadh ar an oifigeach údaraithe, nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh nó lena hiniúchadh ag an oifigeach údaraithe, agus

(b) cibé faisnéis, mínithe agus sonraí a thabhairt don oifigeach údaraithe,

a bheidh sonraithe san ordú.

Ordacháin agus forfheidhmiú.

80 .— (1) D’ainneoin aon achtacháin, aon rialacha eile dlí nó, i gcás cuideachta, aon fhorála i meabhrán comhlachais agus in airteagail chomhlachais na cuideachta sin, déanfaidh aon duine dá dtabharfaidh an tÚdarás ordachán na bearta sin go léir is gá chun an t-ordachán sin a chomhlíonadh gan mhoill.

(2) Féadfaidh an tAire aicme cáis a fhorordú mar chás nach dtabharfaidh an tÚdarás ordachán ann mura rud é go bhfuil dréacht den ordachán curtha aige faoi bhráid an Aire lena cheadú, sula dtugtar an t-ordachán.

(3) Ní bheidh comhlíonadh ordacháin ag duine ina shárú ar aon achtachán, ar rialacha eile dlí nó, i gcás cuideachta, ar aon fhoráil atá i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na cuideachta sin. Ní bheidh aon ábhar caingne nó imeachtaí eile ann, nó ní bheidh aon ábhar caingne nó imeachtaí eile inchothaithe, i gcoinne duine mar gheall ar chomhlíonadh den sórt sin.

(4) Níl feidhm ag alt 27 d’Acht na gCuideachtaí 1990 maidir leis an Údarás i leith ordachán.

(5) I gcás ina mainníonn nó go ndiúltaíonn duine ordachán a chomhlíonadh, féadfaidh an tÚdarás iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú á cheangal ar an duine an t-ordachán a chomhlíonadh.

(6) I gcás ina dtabharfaidh an tÚdarás ordachán do dhuine, déanfar an t-ordachán a dhíriú chuig an duine agus tabharfar don duine é ar cheann amháin de na slite seo a leanas—

(a) trína sheachadadh ar an duine,

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a seolann an duine gnó,

(c) trína chur leis an bpost i litir réamhíoctha atá dírithe chuig an duine ag an seoladh ag a seolann an duine gnó,

(d) más rud é go bhfuil seoladh tugtha ag an duine chun ordachán a thabhairt, trína fhágáil ag an seoladh sin nó trína chur chuig an seoladh sin leis an bpost réamhíoctha agus é dírithe chuig an duine,

(e) trína chur tríd an bpost leictreonach nó trí inneall macasamhla, chuig feiste nó saoráid chun post leictreonach nó macasamhla a ghlacadh atá suite ag an seoladh ag a seolann an duine gnó nó, más rud é go bhfuil seoladh tugtha ag an duine chun ordachán a thabhairt, ag an seoladh sin:

Ar choinníoll—

(i) go ndéanann—

(I) saoráid an tseoltóra chun post leictreonach a ghlacadh teachtaireacht a ghiniúint lena ndaingnítear go bhfuarthas an post leictreonach, nó

(II) inneall macasamhla an tseoltóra teachtaireacht a ghiniúint lena ndaingnítear gur tarchuireadh líon iomlán leathanach an ordacháin go rathúil,

agus

(ii) go dtugtar an t-ordachán nó an freagra freisin ar shlí eile de na slite a luaitear in aon cheann de na míreanna sin roimhe seo.

(7) Chun críocha fho-alt (6), meastar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta atá cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí ag a hoifigí cláraithe, agus meastar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a áit ghnó.

(8) Aon chóip d’ordachán a bhfuil deimhniú formhuinithe air a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach don Údarás (arna údarú nó arna húdarú chuige sin ag an Údarás) á rá gur cóip dhílis den ordachán an chóip, féadfar, gan chruthúnas ar shíniú an duine sin, í a thabhairt ar aird i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí agus, mura suífear a mhalairt, is fianaise ar an ordachán í.

(9) San alt seo, ciallaíonn “ ordachán ” ordachán arna thabhairt ag an Údarás faoi Chuid 3.

CUID 5

Forálacha maidir le hÚsáid Talún

Caibidil 1

Leasuithe ar Acht 2000

Leasú ar alt 2 d’Acht 2000 — mínithe.

81 .— Leasaítear alt 2(1) d’Acht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach tar éis an mhínithe ar—

(a) “ plean forbartha ”:

“ciallaíonn ‘ ÚIBÁC ’ Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath;”,

(b) “ Gaeltacht ”:

“tá le ‘ Mór-Limistéar Bhaile Átha Cliath ’ (‘ MLBÁC ’) an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008;”,

(c) “ clár ”:

“ciallaíonn ‘ údaráis réigiúnacha laistigh de MLBÁC’ Údarás Réigiúnach Bhaile Átha Cliath agus Údarás Réigiúnach an Mheán-Oirthir;”, agus

(d) “ Coinbhinsiún Trasteorann ”:

“tá le ‘ straitéis iompair ’ an bhrí a shanntar dó le halt 12 den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008;”.

Leasú ar alt 9 d’Acht 2000 (oibleagáid plean forbartha a dhéanamh).

82 .— Leasaítear alt 9 d’Acht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) Cinnteoidh gach údarás pleanála laistigh de MLBÁC go bhfuil a phlean forbartha de réir straitéis iompair ÚIBÁC.”.

Leasú ar alt 11 d’Acht 2000 (dréachtphlean forbartha a ullmhú).

83 .— Leasaítear alt 11 d’Acht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4)(b):

“(bb) I gcás gach údaráis pleanála laistigh de MLBÁC, tabharfar achoimre i dtuarascáil faoi mhír (a) ar na saincheisteanna a dhúisigh ÚIBÁC agus ar na moltaí a rinne sé i dtuarascáil arna hullmhú de réir alt 31B agus tabharfar sracléiriú inti ar mholtaí an bhainisteora i ndáil leis an modh ar ar chóir aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna agus na moltaí sin sa dréachtphlean forbartha.”.

Leasú ar alt 12 d’Acht 2000 (plean forbartha a dhéanamh).

84 .— Leasaítear alt 12 d’Acht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4)(b):

“(bb) I gcás gach údaráis pleanála laistigh de MLBÁC, tabharfar achoimre i dtuarascáil faoi mhír (a) ar na saincheisteanna a dhúisigh ÚIBÁC agus ar na moltaí a rinne sé ina aighneacht i scríbhinn arna hullmhú de réir alt 31C agus tabharfar sracléiriú inti ar mholtaí an bhainisteora i ndáil leis an modh ar ar chóir aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna agus na moltaí sin sa phlean forbartha.”.

Leasú ar alt 13 d’Acht 2000 (athrú ar an bplean forbartha).

85 .— Leasaítear alt 13 d’Acht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4)(b):

“(bb) I gcás gach údaráis pleanála laistigh de MLBÁC, tabharfar achoimre i dtuarascáil faoi mhír (a) ar na saincheisteanna a dhúisigh ÚIBÁC agus ar na moltaí rinne sé ina aighneacht i scríbhinn arna hullmhú de réir alt 31D agus tabharfar sracléiriú inti ar mholtaí an bhainisteora i ndáil leis an modh ar ar chóir aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna agus na moltaí sin san athrú beartaithe.”.

Leasú ar alt 19 d’Acht 2000 (feidhm pleananna limistéir áitiúil agus an t-ábhar a bheidh iontu).

86 .— Leasaítear alt 19 d’Acht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Cinnteoidh gach údarás pleanála laistigh de MLBÁC go bhfuil a phleananna limistéir áitiúil ar comhréir le straitéis iompair ÚIBÁC.”.

Leasú ar alt 20 d’Acht 2000 (comhchomhairliúchán agus glacadh le pleananna limistéir áitiúil).

87 .— Leasaítear alt 20 (arna leasú le halt 9 d’Acht 2002) d’Acht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3)(c):

“(cc) I gcás gach údaráis pleanála laistigh de MLBÁC, tabharfar achoimre i dtuarascáil faoi fhomhír (c)(i) ar na saincheisteanna a dhúisigh ÚIBÁC agus ar na moltaí a rinne sé i dtuarascáil arna hullmhú de réir alt 31E agus tabharfar sracléiriú inti ar mholtaí an bhainisteora i ndáil leis an modh ar ar chóir aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna agus na moltaí sin sa phlean limistéir áitiúil beartaithe.”.

Leasú ar alt 21 d’Acht 2000 (cumhacht chun treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh).

88 .— Leasaítear alt 21 d’Acht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Maidir le húdarás réigiúnach—

(a) féadfaidh sé—

(i) tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis phleanála laistigh dá réigiún, nó

(ii) i gcás na n-údarás pleanála laistigh de MLBÁC, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis phleanála laistigh dá réigiúin agus le hÚIBÁC,

(b) déanfaidh sé, ar ordú ón Aire,

treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh.

(2) Féadfar treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh do réigiún iomlán nó do chuid amháin nó níos mó de réigiún, ach, i gcás MLBÁC, déanfaidh na húdaráis réigiúnacha laistigh de MLBÁC i gcomhpháirt iad.”.

Leasú ar alt 23 d’Acht 2000 (an t-ábhar a bheidh i dtreoirlínte pleanála réigiúnacha agus a gcuspóirí).

89 .— Leasaítear alt 23 d’Acht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4)(b):

“(c) Le linn treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh, cinnteoidh na húdaráis réigiúnacha laistigh de MLBÁC go bhfuil na treoirlínte ar comhréir le straitéis iompair ÚIBÁC.”.

Leasú ar alt 24 d’Acht 2000 (comhchomhairliúchán maidir le treoirlínte pleanála réigiúnacha).

90 .— Leasaítear alt 24 d’Acht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Nuair a ullmhóidh na húdaráis réigiúnacha laistigh de MLBÁC an dréacht de na treoirlínte pleanála réigiúnacha déanfaidh siad ráiteas a chur sa dréacht sin ar na gníomhartha atá á ndéanamh nó a bheartaítear chun comhtháthú éifeachtach a chinntiú maidir le pleanáil iompair agus úsáide talún, lena n-áirítear go háirithe—

(a) ráiteas ina míneofar an tslí ar a mbeartaíonn na húdaráis réigiúnacha aghaidh a thabhairt ar na nithe atá sainaitheanta i dtuarascáil ÚIBÁC arna hullmhú de réir alt 31F, agus

(b) i gcás nach mbeartaíonn na húdaráis réigiúnacha aghaidh a thabhairt ar aon ní atá sainaitheanta i dtuarascáil ÚIBÁC arna hullmhú de réir alt 31F, nó go mbeartaíonn siad gan aghaidh a thabhairt ar aon ní ach go páirteach, ráiteas maidir leis na cúiseanna atá leis an gcur chuige sin.”.

Leasú ar alt 25 d’Acht 2000 (nós imeachta chun treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh).

91 .— Leasaítear alt 25 d’Acht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Nuair a dhéanfaidh na húdaráis réigiúnacha i MLBÁC treoirlínte pleanála réigiúnacha déanfaidh siad ráiteas a chur sna treoirlínte ar na gníomhartha atá á ndéanamh nó a bheartaítear chun comhtháthú éifeachtach a chinntiú maidir le pleanáil iompair agus úsáide talún, lena n-áirítear go háirithe—

(a) ráiteas ina míneofar an tslí ar a mbeartaíonn na húdaráis réigiúnacha aghaidh a thabhairt ar na nithe atá sainaitheanta i dtuarascáil ÚIBÁC arna hullmhú de réir alt 31G, agus

(b) i gcás nach mbeartaíonn na húdaráis réigiúnacha aghaidh a thabhairt ar aon ní atá sainaitheanta i dtuarascáil ÚIBÁC arna hullmhú de réir alt 31G, nó go mbeartaíonn siad gan aghaidh a thabhairt ar aon ní ach go páirteach, ráiteas maidir leis na cúiseanna atá leis an gcur chuige sin.”.

Leasú ar alt 31 d’Acht 2000 (ordacháin ón Aire maidir le pleananna forbartha).

92 .— Leasaítear alt 31 d’Acht 2000—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) Más rud é, maidir le haighneacht arna fáil ag an Aire agus arna hullmhú de réir alt 31C(1) nó alt 31D(1), go bhfuil ráiteas inti den chineál dá dtagraítear in alt 31C(1)(b) nó alt 31D(1)(b) faoi seach, féadfaidh an tAire, ar chúiseanna a shonrófar, a ordú d’údarás pleanála cibé bearta sonraithe a ghlacadh a cheanglóidh sé nó sí, chun an dréachtphlean forbartha nó an t-athrú beartaithe a athbhreithniú nó a athrú d’fhonn a chinntiú go mbeidh comhsheasmhacht ann idir an dréachtphlean forbartha nó an t-athrú beartaithe agus straitéis iompair ÚIBÁC agus comhlíonfaidh an t-údarás aon ordachán den sórt sin.

(b) I gcás ina gcinnfidh an tAire gan ordachán a eisiúint faoin bhfo-alt seo, cuirfidh sé nó sí na fáthanna atá leis an gcinneadh sin iúl i scríbhinn d’ÚIBÁC.

(c) Ní choiscfidh aon ní san fho-alt seo ar an Aire ordachán a eisiúint in imthosca seachas iad sin dá dtagraítear i mír (a).”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Le linn aon chumhacht a thugtar dóibh leis an Acht seo a fheidhmiú, ní dhéanfaidh bainisteoir ná comhaltaí tofa aon údaráis pleanála an chumhacht a fheidhmiú ar shlí atá contrártha d’aon ordachán a thabharfaidh an tAire faoi fho-ailt (1), (1A) nó (2).”.

Alt 31A nua a chur isteach in Acht 2000 (ordacháin ón Aire maidir le treoirlínte pleanála réigiúnacha).

93 .— Leasaítear Acht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 31:

“31A.— (1) Más rud é go measfaidh an tAire nach ndéantar, i gcás aon dréacht-treoirlínte pleanála réigiúnacha, straitéis fhoriomlán a leagan amach maidir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe limistéir údaráis réigiúnaigh, nó nach gcomhlíonann siad an tAcht seo ar shlí shuntasach eile, féadfaidh an tAire, laistigh de 4 sheachtain tar éis fógra faoi alt 24(4) a fháil, ar chúiseanna a shonrófar, a ordú don údarás, nó do na húdaráis, cibé bearta sonraithe a cheanglóidh sé nó sí a ghlacadh chun a chinntiú go mbeidh na dréacht-treoirlínte pleanála réigiúnacha, nuair a dhéanfar iad, de réir an Achta seo agus, d’ainneoin cheanglais Chaibidil III, comhlíonfaidh an t-údarás aon ordachán den sórt sin.

(2) (a) Más rud é, maidir le haighneacht arna fáil ag an Aire agus arna hullmhú de réir alt 31G(1), go bhfuil ráiteas inti den chineál dá dtagraítear in alt 31G(1)(b), féadfaidh an tAire, ar chúiseanna a shonrófar, a ordú do na húdaráis cibé bearta a ghlacadh a cheanglóidh sé nó sí chun na dréacht-treoirlínte pleanála réigiúnacha a athbhreithniú d’fhonn a chinntiú go mbeidh comhsheasmhacht ann idir na treoirlínte pleanála réigiúnacha agus straitéis iompair ÚIBÁC agus comhlíonfaidh na húdaráis aon ordachán den sórt sin.

(b) I gcás ina gcinnfidh an tAire gan ordachán a eisiúint faoin bhfo-alt seo, déanfaidh sé nó sí na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin a chur in iúl i scríbhinn d’Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath.

(c) Ní choiscfidh aon ní san fho-alt seo ar an Aire ordachán a eisiúint in imthosca seachas na himthosca dá dtagraítear i mír (a).

(3) Más rud é go measfaidh an tAire nach ndéantar, in aon treoirlínte pleanála réigiúnacha, straitéis fhoriomlán a leagan amach le haghaidh phleanáil chuí agus fhorbairt inchothaithe limistéar an údaráis, nó nach gcomhlíonann na treoirlínte an tAcht seo ar shlí shuntasach eile, féadfaidh an tAire, laistigh de 4 sheachtain tar éis treoirlínte a dhéanamh faoi alt 24(6), ar chúiseanna a shonrófar, a ordú don údarás réigiúnach, nó do na húdaráis réigiúnacha, cibé bearta sonraithe a cheanglóidh sé nó sí a ghlacadh chun na treoirlínte pleanála réigiúnacha a athbhreithniú chun a chinntiú go gcomhlíonfar an tAcht seo, agus comhlíonfaidh an t-údarás aon ordachán den sórt sin.

(4) I gcás ina n-ordóidh an tAire d’údarás réigiúnach bearta sonraithe a ghlacadh faoi fho-alt (3), féadfaidh sé nó sí aon cheann de na forálacha sin de chuid Chaibidil III a shonrú mar fhorálacha a mbeidh feidhm acu maidir leis na bearta sonraithe sin agus tabharfar neamhaird ar aon fhorálacha eile de chuid na Caibidle sin.

(5) Le linn aon chumhacht a thugtar dó leis an Acht seo a fheidhmiú, ní dhéanfaidh údarás réigiúnach an chumhacht a fheidhmiú ar shlí a bheidh ar neamhréir le haon ordachán a thabharfaidh an tAire faoi fho-ailt (1) go (3).

(6) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip d’aon ordachán a eiseofar faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(7) Déanfaidh údarás réigiúnach aon ordachán a eiseofar chuige faoin alt seo a chur ar fáil lena iniúchadh ag daoine den phobal.”.

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 2000 (cúiseanna le cead a dhiúltú nach mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith).

94 .— Leasaítear an Ceathrú Sceideal (arna leasú le halt 247 den Acht Rialtais Áitiúil 2001) a ghabhann le hAcht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 20A:

“20B. Nach mbeadh an fhorbairt bheartaithe ar comhréir le straitéis iompair ÚIBÁC.”.

Cuid nua (ÚIBÁC agus forálacha maidir le húsáid talún) a chur isteach in Acht 2000.

95 .— Leasaítear Acht 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid II:

“CUID IIA

ÚIBÁC agus Forálacha maidir le hÚsáid Talún

Ról ÚIBÁC le linn dréachtphlean forbartha a ullmhú.

31B.— (1) I gcás ina bhfaighidh ÚIBÁC fógra faoi alt 11(2) déanfaidh sé tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an údaráis pleanála iomchuí maidir leis na saincheisteanna ar chóir don údarás pleanála iad a bhreithniú, ina thuairim, le linn a phlean forbartha láithreach a athbhreithniú agus plean forbartha nua a ullmhú.

(2) Tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas i dtuarascáil faoi fho-alt (1) ach ní bheidh sí teoranta dóibh—

(a) na tosaíochtaí infheistíochta iompair do thréimhse an phlean forbartha,

(b) an scóip, más ann, chun feidhmíocht an chórais iompair a uasmhéadú trí phleanáil éifeachtach úsáide talún,

(c) moltaí maidir le húsáid, suí, patrún agus dlús optamach forbartha nua ag cur a straitéis iompair i gcuntas, agus

(d) moltaí maidir leis na nithe ar a dtabharfar aghaidh sa phlean forbartha chun comhtháthú éifeachtach pleanála iompair agus úsáide talún a chinntiú.

Ról ÚIBÁC le linn plean forbartha a dhéanamh.

31C.— (1) I gcás ina bhfaighidh ÚIBÁC fógra faoi alt 12(1) déanfaidh sé, mar chuid d’aon aighneacht i scríbhinn i dtaobh an dréachtphlean forbartha, a lua maidir leis an dréachtphlean forbartha cibé acu, ina thuairim—

(a) atá sé i gcomhréir lena straitéis iompair, nó

(b) nach bhfuil sé i gcomhréir lena straitéis iompair agus sa chás sin cé na leasuithe ar an dréachtphlean is dóigh leis is gá chun an chomhréireacht sin a bhaint amach.

(2) Déanfaidh ÚIBÁC cóipeanna d’aighneacht a ullmhófar faoin alt seo a chur chuig an Aire agus chuig an Aire Iompair.

Ról ÚIBÁC le linn plean forbartha a athrú.

31D.— (1) I gcás ina bhfaighidh ÚIBÁC fógra faoi alt 13(2) déanfaidh sé, mar chuid d’aon aighneacht i scríbhinn i dtaobh an athraithe bheartaithe, a lua maidir leis an athrú beartaithe cibé acu, ina thuairim—

(a) atá sé i gcomhréir lena straitéis iompair, nó

(b) nach bhfuil sé i gcomhréir lena straitéis iompair agus sa chás sin cé na leasuithe ar an athrú beartaithe is dóigh leis is gá chun an chomhréireacht sin a bhaint amach.

(2) Déanfaidh ÚIBÁC cóipeanna d’aighneacht a ullmhófar faoin alt seo a chur chuig an Aire agus chuig an Aire Iompair.

Ról ÚIBÁC le linn d’údaráis phleanála pleananna limistéir áitiúil a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm.

31E.— (1) I gcás ina bhfaighidh ÚIBÁC fógra faoi alt 20(3)(a)(i), déanfaidh sé tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an údaráis pleanála iomchuí maidir leis na saincheisteanna ar chóir don údarás pleanála iad a bhreithniú, ina thuairim, le linn dó plean limistéir áitiúil a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm.

(2) Tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas i dtuarascáil faoi fho-alt (1), ach ní bheidh sí teoranta dóibh—

(a) na tosaíochtaí infheistíochta iompair do thréimhse an phlean limistéir áitiúil,

(b) an scóip, más ann, chun feidhmíocht an chórais iompair a uasmhéadú trí phleanáil éifeachtach úsáide talún,

(c) moltaí maidir le húsáid, suíomh, patrún agus dlús optamach forbartha nua ag cur a straitéis iompair i gcuntas, agus

(d) moltaí maidir leis na nithe ar a dtabharfar aghaidh sa phlean limistéir áitiúil chun comhtháthú éifeachtach iompair agus pleanála úsáide talún a chinntiú.

Comhoibriú ÚIBÁC le húdaráis réigiúnacha.

31F.— (1) I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag na húdaráis réigiúnacha laistigh de MLBÁC treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh de réir alt 24 nó treoirlínte láithreacha a athbhreithniú faoi alt 26, rachaidh siad, a luaithe is féidir, i gcomhairle le hÚIBÁC d’fhonn na socruithe a dhéanamh is gá chun na treoirlínte a dhéanamh.

(2) Cuideoidh agus cabhróidh ÚIBÁC leis na húdaráis réigiúnacha i MLBÁC le linn socruithe a dhéanamh chun treoirlínte pleanála réigiúnacha a ullmhú agus le linn ullmhú na dtreoirlínte a chur i gcrích.

(3) (a) Le linn dó a fheidhm faoi fho-alt (2) a chomhall, déanfaidh ÚIBÁC, laistigh de 6 sheachtain ón tráth a thosóidh comhchomhairliúchán faoi fho-alt (1), tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid na n-údarás réigiúnach maidir leis na saincheisteanna ar chóir do na húdaráis réigiúnacha iad a bhreithniú, ina thuairim, le linn dóibh treoirlínte pleanála réigiúnacha a dhéanamh.

(b) Tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas i dtuarascáil faoi mhír (a), ach ní bheidh sí teoranta dóibh—

(i) na tosaíochtaí infheistíochta iompair do thréimhse na dtreoirlínte pleanála réigiúnacha,

(ii) an scóip, más ann, chun feidhmíocht an chórais iompair a uasmhéadú trí phleanáil éifeachtach úsáide talún,

(iii) moltaí maidir le húsáid, suíomh, patrún agus dlús optamach forbartha nua ag cur a straitéis iompair i gcuntas, agus

(iv) moltaí maidir leis na nithe ar a dtabharfar aghaidh sna treoirlínte pleanála réigiúnacha chun comhtháthú éifeachtach iompair agus pleanála úsáide talún a chinntiú.

Ról ÚIBÁC le linn dréacht-treoirlínte pleanála réigiúnacha a ullmhú.

31G.— (1) I gcás ina bhfaighidh ÚIBÁC fógra faoi alt 24(4), déanfaidh sé, mar chuid d’aon aighneacht i scríbhinn i dtaobh na ndréacht-treoirlínte pleanála réigiúnacha, a lua maidir leis na dréacht-treoirlínte pleanála réigiúnacha, cibé acu, ina tuairim—

(a) atá siad i gcomhréir lena straitéis iompair, nó

(b) nach bhfuil siad i gcomhréir lena straitéis iompair agus sa chás sin cé na leasuithe ar na dréacht-treoirlínte is dóigh leis is gá chun an chomhréireacht sin a bhaint amach.

(2) Déanfaidh ÚIBÁC cóipeanna d’aighneacht a ullmhófar faoin alt seo a chur chuig an Aire agus chuig an Aire Iompair.

Iarraidh ó ÚIBÁC go ndéanfaidh an tAire treoirlínte nó treoracha beartais a eisiúint.

31H.— Féadfaidh ÚIBÁC, i ndáil lena fheidhmeanna, a iarraidh ar an Aire treoirlínte a eisiúint faoi alt 28 nó treoir bheartais a eisiúint faoi alt 29 chuig údarás pleanála laistigh de MLBÁC.

Ceanglas maidir le measúnacht tionchair iompair i leith aicmí áirithe forbartha.

31I.— (1) Féadfaidh an tAire, i leith MLBÁC agus tar éis dul i gcomhairle le hÚIBÁC, rialacháin a dhéanamh ina sonrófar—

(a) aicmí forbartha, lena n-áirítear forbairt bonneagair straitéisigh, ar gá maidir leo measúnacht tionchair iompair a chur faoi bhráid an Aire i leith iarratas ar thalamh a fhorbairt, agus

(b) leagan amach agus ábhar measúnachta tionchair iompair.

(2) Féadfaidh rialacháin faoi fho-alt (1) a cheangal go dtaispeánfaidh measúnacht tionchair iompair go mbeadh an fhorbairt bheartaithe ar ina leith a bheidh an mheasúnacht ullmhaithe i gcomhréir le straitéis iompair ÚIBÁC.

(3) Sula ndeonóidh údarás pleanála cead le haghaidh forbartha ar gá measúnacht tionchair iompair ina leith faoi rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (1), deimhneoidh sé dó féin gur thaispeáin an t-iarratasóir go mbeadh an fhorbairt bheartaithe i gcomhréir le straitéis iompair ÚIBÁC.

(4) San alt seo, ciallaíonn ‘measúnacht tionchair iompair’ tuarascáil a thabharfaidh sracléiriú ar na tionchair iompair bhreise a ghinfidh forbairt bheartaithe áirithe agus mar a chomhtháthóidh sí le patrúin iompair láithreacha.

An straitéis iompair agus an próiseas pleanála.

31J.— In aon chás i MLBÁC—

(a) ina mbeidh údarás pleanála nó údarás áitiúil, údarás réigiúnach nó údarás Stáit nó an Bord Pleanála ag comhall aon fheidhm iomchuí faoi Chuid II, X, XI nó XIV nó aon fheidhm iomchuí arna haistriú le Cuid II, X, XI nó XIV, nó

(b) ina mbeidh údarás pleanála nó an Bord Pleanála ag comhall aon fheidhm iomchuí faoi aon Acht eile,

is ní atá ábhartha maidir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir nó na limistéar a bheidh i gceist straitéis iompair ÚIBÁC.”.

Caibidil 2

Leasuithe ar Acht 1997 agus Acht 2005

Leasú ar alt 3 d’Acht 1997 mínithe.

96 .— Leasaítear alt 3(1) d’Acht 1997—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “plean forbartha”:

“ciallaíonn ‘ Ú IBÁC’ Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath;”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “comhlacht reachtúil”:

“tá le ‘straitéis iompair’ an bhrí a shanntar dó le halt 12 den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008.”.

Leasú ar alt 16 d’Acht 1997 (an chomhairle).

97 .— Déantar alt 16(6) d’Acht 1997 a leasú, ar dhíscaoileadh Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath de réir alt 102, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (f):

“(f) déanfar príomhoifigeach feidhmiúcháin ÚIBÁC nó fostaí de chuid an Údaráis sin a ainmneoidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin a cheapadh amhlaidh,”.

Leasú ar alt 24 d’Acht 1997 (máistirphlean).

98 .— Leasaítear alt 24 d’Acht 1997—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)(b)(ix):

“(ix) beidh tograí ann, i gcomhréir le straitéis iompair ÚIBÁC, a bhaineann le hiompar laistigh de Limistéar Dugthailte Bhaile Átha Cliath agus chuig an Limistéar sin agus a phurláin, lena n-áirítear tograí i ndáil le bealaí coisithe,”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3)(b):

“(bb) rachaidh sé i gcomhairle le ÚIBÁC,”.

Leasú ar alt 25 d’Acht 1997 (scéimeanna pleanála).

99 .— Leasaítear alt 25 d’Acht 1997—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)(d):

“(d) tograí, i gcomhréir le straitéis iompair ÚIBÁC, maidir le hiompar”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3)(c):

“(cc) rachaidh sé i gcomhairle le hÚIBÁC,”.

Leasú ar alt 2 d’Acht 2005 — mínithe.

100 .— Leasaítear alt 2(1) d’Acht 2005 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “sochair aoisliúntais”:

“tá le ‘straitéis iompair’ an bhrí a shanntar dó le halt 12 den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008.”.

Leasú ar alt 12 d’Acht 2005 (plean straitéiseach).

101 .— Leasaítear alt 12 d’Acht 2005—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)(c):

“(c) tograí, i gcomhréir le straitéis iompair ÚIBÁC, maidir le riachtanais iompair,”,

agus

(b) i bhfo-alt (3)(b), ar OIBÁC a dhíscaoileadh de réir alt 102, trí “le hÚdarás Iompair Bhaile Átha Cliath” a chur in ionad “le hOifig Iompair Bhaile Átha Cliath”.

CUID 6

OIBÁC a Dhíscaoileadh agus Fostaithe OIBÁC agus GFI a Aistriú

OIBÁC a dhíscaoileadh.

102 .— (1) Déanfaidh an tAire, ar iarraidh ón Údarás, OIBÁC a dhíscaoileadh ar cibé lá (“ an lá díscaoilte ”) a cheapfaidh an tAire le hordú.

(2) Ar an lá díscaoilte cúlghairfear an tOrdú um Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath (Bunú) 1995 (I.R. Uimh. 289 de 1995).

(3) Sa Chuid seo ciallaíonn “an lá díscaoilte” an lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoi fho-alt (1) chun OIBÁC a dhíscaoileadh.

Talamh agus maoin eile a aistriú.

103 .— (1) An talamh go léir a bhí dílsithe, díreach roimh an lá díscaoilte, d’OIBÁC agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin, beidh siad arna ndílsiú don Údarás ar an lá sin, gan aon tíolacadh, aistriú nó sannadh, go feadh an eastáit nó an leasa go léir dá raibh siad dílsithe d’OIBÁC, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh sin agus a bheidh ar marthain agus is inchomhlíonta.

(2) An mhaoin go léir seachas talamh (lena n-áirítear ábhar i gcaingean) a bhí, díreach roimh an lá díscaoilte, ina maoin de chuid OIBÁC, beidh sí arna dílsiú don Údarás ar an lá sin, gan aon aistriú nó sannadh.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear le fo-alt (2), féadfaidh an tÚdarás, ar an lá díscaoilte agus dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Údarás fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine atá faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.

(4) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig an Údarás le fo-alt (2), agus a bheidh in ainm OIBÁC díreach roimh an lá díscaoilte, aistreofar iad isteach in ainm an Údaráis, ar an Údarás é a iarraidh.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

104 .— Na cearta agus na dliteanais go léir a shealbhaítear, a theachtar, nó a thabhaítear de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) arna dhéanamh ag OIBÁC beidh siad arna n-aistriú chuig an Údarás ar an lá díscaoilte, faoi réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta más gá.

Conarthaí láithreacha a chaomhnú.

105 .— (1) Gach banna, ráthaíocht, nó urrús eile de ghné leanúnach a thug nó a rinne OIBÁC do dhuine eile, nó a thug nó a rinne aon duine d’OIBÁC agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá díscaoilte agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn arna dhéanamh idir OIBÁC agus aon duine eile agus nach mbeidh forghníomhaithe go hiomlán ná curtha i gcrích roimh an lá díscaoilte, leanfaidh sé i bhfeidhm ar an lá díscaoilte agus dá éis, d’ainneoin OIBÁC a bheith díscaoilte, ach forléireofar iad agus beidh éifeacht leo amhail is dá gcuirfí an tÚdarás in ionad OIBÁC iontu.

(2) Gach doiciméad eile a dheonaigh nó a rinne OIBÁC agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá díscaoilte leanfaidh sé i bhfeidhm ar an lá sin agus dá éis amhail is dá mba é an tÚdarás a dheonaigh nó a rinne é agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis agus beidh sé infheidhmithe ag an Údarás nó ina choinne.

Leanúint d’imeachtaí dlíthiúla.

106 .— Sna himeachtaí dlíthiúla go léir ar pháirtí iontu OIBÁC agus a bhí ar feitheamh díreach roimh an lá díscaoilte, déanfar ainm an Údaráis a chur in ionad ainm OIBÁC sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.

Tagairtí d’OIBÁC sa reachtaíocht.

107 .— Aon tagairtí d’OIBÁC a bhí, díreach roimh an lá díscaoilte, in aon reacht nó in aon ionstraim reachtúil arna déanamh faoi reacht nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais aon chuideachta, léifear iad, ar an lá sin agus dá éis, mar thagairtí don Údarás, a mhéid a bhaineann siad le haon ní a aistrítear leis an Acht seo.

Cuntais chríochnaitheacha.

108 .— (1) Déanfar cuntais chríochnaitheacha i leith OIBÁC a tharraingt suas.

(2) D’ainneoin alt 102, leanann an tOrdú um Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath (Bunú) 1995 (I.R. Uimh. 289 de 1995) i bhfeidhm agus tá éifeacht leis i ndáil le cuntais a tharraingeofar suas faoi fho-alt (1).

Doiciméid a bheith inghlactha i bhfianaise.

109 .— (1) Na leabhair agus na doiciméid eile go léir a n-ordaítear nó a n-údaraítear le haon achtachán nó faoi aon achtachán go gcoimeádfadh OIBÁC iad agus ab inghlactha i bhfianaise díreach roimh an lá díscaoilte, glacfar i bhfianaise iad, an lá díscaoilte nó dá éis, d’ainneoin OIBÁC a bheith díscaoilte, amhail is nár achtaíodh an Chuid seo.

(2) Maidir le sliocht as aon leabhar nó as aon doiciméad eile nó deimhniú ar ábhar aon leabhair nó doiciméid eile, a n-ordaítear nó a n-údaraítear le haon reacht nó faoi aon reacht go gcoimeádfadh OIBÁC é, aon uair ab inghlactha é mar fhianaise ar an ábhar sin díreach roimh an lá díscaoilte, dá mbeadh sé arna fhíordheimhniú ar mhodh áirithe ag oifigeach áirithe don chomhlacht sin, déanfar sliocht as an leabhar sin nó as an doiciméad sin nó deimhniú ar ábhar an leabhair sin nó an doiciméid sin a ghlacadh, ar an lá díscaoilte nó dá éis, mar fhianaise ar an ábhar sin a mhéid céanna a ghlacfaí amhlaidh an sliocht nó an deimhniú céadluaite sin dá mba nár achtaíodh an Chuid seo, má fhíordheimhníonn oifigeach don Údarás a bheidh údaraithe chuige sin ag an Údarás é (agus ní gá stádas oifigiúil an oifigigh a chruthú), ar an modh áirithe sin.

(3) Maidir le cóip d’aon doiciméad, nó sliocht as aon doiciméad, dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabharfaidh an tÚdarás ar aird agus a ndeimhneofar gur cóip dhílis í faoi láimh oifigigh don Údarás sin a bheidh údaraithe ag an Údarás chun na críche sin (agus ní gá stádas oifigiúil an oifigigh a chruthú) beidh sí nó sé inghlactha i bhfianaise i ngach imeacht dlí mar ní a bhfuil an bhailíocht chéanna aige leis an doiciméad bunaidh agus ní dhéanfar aon phróis á ordú go dtabharfaidh an tÚdarás aon doiciméad den sórt sin ar aird a eisiúint ó aon chúirt ach amháin le cead na cúirte sin.

Fostaithe OIBÁC a aistriú.

110 .— (1) (a) Gach duine a bhí, díreach roimh an lá díscaoilte, ina fhostaí nó ina fostaí de chuid OIBÁC, an lá sin, déantar é nó í a aistriú chuig an Údarás agus tagann sé nó sí chun bheith ina fhostaí nó ina fostaí de chuid an Údaráis.

(b) Féadfaidh GFI, le toiliú an Aire, aon duine atá fostaithe ag GFI agus a mbaineann a phríomhfheidhmeanna nó a príomhfheidhmeanna le feidhm arna sannadh nó arna haistriú chuig an Údarás faoin Acht seo, nó atá le sannadh nó le haistriú amhlaidh chuig an Údarás, a ainmniú lena fhostú nó lena fostú ag an Údarás.

(c) Ní dhéanfaidh GFI fostaí a ainmniú faoin alt seo gan fógra a bheith tugtha i scríbhinn don fhostaí agus d’aon cheardchumann aitheanta nó d’aon chomhlachas foirne aitheanta lena mbaineann á rá go bhfuil ar intinn aige déanamh amhlaidh ná gan breithniú a bheith déanta ar aon uiríll a dhéanfaidh sé nó sí nó a dhéanfaidh siad nó aon duine díobh i ndáil leis an ní laistigh de cibé tráth a shonrófar san fhógra.

(d) Déanfaidh an tÚdarás duine a ainmneofar faoi fho-alt (1)(b) lena fhostú nó lena fostú aige a ghlacadh isteach ina fhostaíocht.

(e) Maidir le duine arna ainmniú nó arna hainmniú faoin alt seo a ghlacadh isteach i bhfostaíocht an Údaráis, beidh éifeacht leis ar cibé lá nó laethanta a shonróidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás.

(2) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le ceardchumann nó comhlachas fostaithe aitheanta, beidh duine a aistreofar faoin alt seo, fad a bheidh sé nó sí ar fostú ag an Údarás, i dteideal téarmaí agus coinníollacha fostaíochta nach lú fabhar ná na téarmaí agus na coinníollacha a raibh an duine ina dteideal díreach roimh an lá díscaoilte.

(3) Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás, tar éis dul i gcomhairle leis an gceardchumann nó comhlachas fostaithe aitheanta lena mbaineann agus teacht ar chomhaontú comhchoiteann leis, na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a raibh duine a aistreofar faoin alt seo ina dteideal díreach roimh an lá díscaoilte nó cibé lá nó laethanta a shonróidh an tAire faoi fho-alt (1)(e) a athrú, leanann siad d’fheidhm a bheith acu maidir leis an duine sin fad atá sé nó sí ar fostú ag an Údarás.

(4) Maidir le duine a aistreofar faoin alt seo, déantar a sheirbhís nó a seirbhís roimhe sin a áireamh mar sheirbhís chun críocha na nAchtanna seo a leanas, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh sna hAchtanna sin:

(a) na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2007,

(b) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001,

(c) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003,

(d) an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997,

(e) na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001,

(f) na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005,

(g) na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007,

(h) na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004,

(i) na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006,

(j) na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005, agus

(k) an tAcht um Shaoire Cúramóra 2001.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “ seirbhís roimhe sin ” seirbhís roimh an lá díscaoilte le hOIBÁC nó, i gcás daoine arna n-ainmniú de réir fho-alt (1)(b), ciallaíonn sé seirbhís roimh cibé lá nó laethanta a shonróidh an tAire faoi fho-alt (1)(e);

ciallaíonn “ ceardchumann nó comhlachas fostaithe aitheanta ” ceardchumann nó comhlachas fostaithe atá aitheanta ag an Údarás chun críocha caibidlí a bhaineann le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta agus le coinníollacha oibre fostaithe;

folaíonn “ téarmaí agus coinníollacha fostaíochta ” téarmaí agus coinníollacha maidir le seilbh oifige, luach saothair agus nithe gaolmhara.

CUID 7

Nithe a Bhaineann le CIÉ agus le GFI

Saoráidí loctha.

111 .— (1) Leasaítear alt 8(1) d’Acht 1958 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(cc) saoráidí loctha a sholáthar d’fheithiclí ar thalamh ar leis an mBord é nó atá ar aitiú ag an mBord, lena n-áirítear muirir i leith mainneachtain fodhlíthe arna ndéanamh faoi alt 22(1)(ee) d’Acht 1950 a chomhlíonadh,”.

(2) Leasaítear alt 128 den Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005 trí mhír (a) a scriosadh.

Fodhlíthe.

112 .— Leasaítear alt 22(1) d’Acht 1950 (arna leasú le halt 128(b) den Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (h):

“(h) go ginearálta, chun rialáil a dhéanamh, faoi réir aon fhorálacha reachtúla chuige sin—

(i) ar thaisteal ina fheithiclí nó a árthaí nó ar úsáid a bhaint as a fheithiclí nó a árthaí (lena n-áirítear ceanglas maidir le duine a bheith ag taisteal agus ticéad nó cead bailí ina sheilbh nó ina seilbh, agus maidir le heisiúint an chéanna), agus

(ii) ar oibriú seirbhísí iompair arna soláthar ag an mBord,”.

Airteagail chomhlachais cuideachtaí.

113 .— (1) Leasaítear alt 11 d’Acht 1986 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Forálfar le hairteagail chomhlachais gach cuideachta—

(a) nach mó ná 9 an líon stiúrthóirí (lena n-áirítear an cathaoirleach),

(b) gurb é nó í an tAire a cheapfaidh an cathaoirleach agus na stiúrthóirí eile agus go bhféadfaidh sé nó sí iad a chur as oifig,

(c) gurb é an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a chinnfidh luach saothair an chathaoirligh agus na stiúrthóirí eile,

(d) nach ndéanfar aon duine a cheapadh nó a chur as oifig mar iniúchóir ar an gcuideachta gan ceadú an Bhoird, arna thabhairt le toiliú an Aire, agus

(e) go ndéanfaidh an chuideachta, laistigh de thréimhse a shonróidh an Bord, sásra a bhunú le haghaidh caibidlí a bhaineann le pá agus coinníollacha a cuid foirne agus chuige sin go rachaidh sí i gcomhairle leis na ceardchumainn lena mbaineann agus go ndéanfaidh sí gach iarracht réasúnach chun teacht ar chomhaontú leo.

(2A) I gcás ina ndéanfar duine a cheapadh nó a chur as oifig—

(a) faoi fho-alt (2)(b), ní bheidh feidhm ag alt 182(1) d’Acht na gCuideachtaí 1963, nó

(b) faoi fho-alt (2)(d), ní bheidh feidhm ag alt 160 den Acht sin,

maidir leis an gceapachán nó maidir leis an gcur as oifig.”.

(2) Déanfaidh CIÉ, a luaithe is féidir, airteagail chomhlachais na 3 chuideachta a foirmíodh de bhun alt 6 d’Acht 1986 a leasú chun éifeacht a thabhairt do na leasuithe a dhéantar le fo-alt (1).

(3) Ceapfaidh an tAire daoine mar stiúrthóirí ar na 3 chuideachta a foirmíodh de bhun alt 6 d’Acht 1986 ar daoine iad a bhfuil, ina thuairim nó ina tuairim, taithí fhorleathan acu i ndáil le cúrsaí iompair, tráchtála, airgeadais, pleanála úsáide talún nó comhshaoil nó le heagrú oibrithe nó le riarachán.

Maoin CIÉ a dhiúscairt.

114 .— (1) D’ainneoin aon achtacháin, rialacha eile dlí nó, más cuí, aon fhorála sa mheabhrán comhlachais nó sna hairteagail chomhlachais, maidir le CIÉ nó cuideachta arna foirmiú faoi Acht 1986—

(a) féadfaidh an tAire, tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ordú a thabhairt dó nó di, nó

(b) teastóidh toiliú an Aire, tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, uaidh nó uaithi,

i leith aon cheart nó leas i dtalamh nó in aon chuid den talamh nó den mhaoin atá ar úinéireacht aige nó aici a dhíol, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile, de bhreis ar luach sócmhainne a bheidh sonraithe i rialacháin.

(2) Féadfar, le rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (1), luachanna éagsúla sócmhainne a shonrú i leith aicmí éagsúla sócmhainní nó i leith críoch éagsúil.

Leasú ar Acht 2001.

115 .— (1) Leasaítear alt 9 d’Acht 2001 trí fho-alt (4) a scriosadh.

(2) Leasaítear alt 11 d’Acht 2001 i bhfo-alt (1)(a) trí “nó a chinnfidh Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath, i gcás bonneagair iarnróid den sórt sin laistigh dá limistéar feidhme,” a chur isteach i ndiaidh “ó am go ham,”.

(3) Leasaítear alt 13(1) d’Acht 2001 trí “(lena n-áirítear táillí)” a chur isteach i ndiaidh “cibé muirir”.

(4) leasaítear alt 20 d’Acht 2001 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (12):

“(12) Ní fhóinfidh comhalta den Ghníomhaireacht (seachas an príomhfheidhmeannach) ar feadh tréimhse níos faide ná 12 bhliain san iomlán.”.

(5) Aisghairtear alt 28 d’Acht 2001.

(6) Leasaítear alt 38 d’Acht 2001 tríd an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“38.— (1) Chun críocha Acht 2000, forbairt dhíolmhaithe is ea gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) forbairt arb é atá inti oibreacha iarnróid a dhéanamh, lena n-áirítear oibreacha iarnróid nó aon chuid díobh a úsáid chun iarnród a oibriú, de réir mar a údaróidh an Bord agus de réir mar a shonrófar in ordú iarnróid, nó aon oibreacha teagmhasacha nó sealadacha a dhéanamh a bhaineann le forbairt den sórt sin;

(b) forbairt arb é atá inti oibreacha iarnróid a dhéanamh chun iarnród arna thógáil de bhun ordaithe iarnróid a chothabháil, a fheabhsú nó a dheisiú.

(2) Níl feidhm ag Cuid IV d’Acht 2000, agus measfar nach raibh feidhm aici riamh, maidir le forbairtí a shonraítear i bhfo-alt (1).”.

(7) Leasaítear alt 44(2) d’Acht 2001 (a cuireadh isteach le halt 49 den Acht um Fhorbairt agus Pleanáil (Bonneagar Straitéiseach) 2006 agus arna leasú le halt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Feidhmeanna Bóithre) 2007) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) féadfar a shonrú ann aon chearta i dtalamh, in uisce nó in aon bhóthar poiblí, nó faoi nó thairis, ar gá, i dtuairim an Bhoird, iad a fháil chun éifeacht a thabhairt don ordú,”.

CUID 8

Oibreacha iarnróid, etc. ar Fhaiche Stiabhna

Gan feidhm a bheith ag alt 15 den Saint Stephen’s Green (Dublin) Act 1877 maidir le suirbhéanna, iniúchtaí agus oibreacha iarnróid agus oibriú iarnróid, iarnróid éadroim nó meitreo.

116 .— Níl feidhm ag an Saint Stephen’s Green (Dublin) Act 1877 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) aon ní arna dhéanamh chun críocha suirbhéanna agus iniúchtaí faoi alt 36 d’Acht 2001,

(b) aon oibreacha iarnróid (de réir bhrí alt 2 d’Acht 2001) arna ndéanamh ar Fhaiche Stiabhna nó faoi Fhaiche Stiabhna de bhun ordaithe iarnróid faoi alt 43 (a cuireadh isteach le halt 49 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006) d’Acht 2001, ná

(c) chun srian a chur le hoibriú iarnróid, iarnróid éadroim (de réir bhrí alt 2 d’Acht 2001) ar Fhaiche Stiabhna nó faoi Fhaiche Stiabhna.

CUID 9

Oifigigh Iompair

Oifigigh iompair.

117 .— (1) Leasaítear an tAcht um Iompar ar Bhóithre 1986:

(a) in alt 15, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre aon oifigigh dá chuid, nó aon oifigigh don Aire a bheidh arna n-iasachtú chun fónamh leis an Údarás, a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh iompair chun críocha alt 16.”,

(b) in alt 17, trí “Féadfaidh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre” a chur in ionad “Féadfaidh an tAire”, agus

(c) in alt 18(1)(b), trí “an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre” a chur in ionad “an tAire”.

(2) Aisghairtear fo-alt (5) d’alt 4 den Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre 2006.

1IO Uimh. L315, 03/12/2007, lch. 1