19 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 2008


AN tACHT MEABHAIR-SHLÁINTE 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Léiriú.

2 . Caiteachais.

3 . Orduithe athnuachana neamhéagtha a dhaingniú.

4 . Orduithe athnuachana ionaid.

5 . Orduithe athnuachana éagtha a dhaingniú.

6 . Gníomhartha a rinneadh nó a airbheartaítear a rinneadh de bhun orduithe athnuachana neamhéagtha agus orduithe athnuachana éagtha.

7 . Eisiamh.

8 . Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Meabhair-Shláinte 2001

2001, Uimh. 25

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 2008


AN tACHT MEABHAIR-SHLÁINTE 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ATHNUACHANA NEAMHÉAGTHA AGUS ÉAGTHA ÁIRITHE ARNA nDÉANAMH FAOI ALT 15(2) NÓ (3) DEN ACHT MEABHAIR-SHLÁINTE 2001; DÁ CHEADÚ ORDUITHE ARNA nDÉANAMH FAOIN ACHT SEO A CHUR IN IONAD NA nORDUITHE ATHNUACHANA NEAMHÉAGTHA SIN; DO DHÉANAMH SOCRÚ GO mBEIDH ÉIFEACHT LEIS NA hORDUITHE NUA SIN AMHAIL IS DÁ mBA ORDUITHE ATHNUACHANA IAD ARNA nDÉANAMH FAOI ALT 15(2) NÓ (3) DEN ACHT MEABHAIR-SHLÁINTE 2001; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[30 Deireadh Fómhair 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1 .— (1) San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 2001 ” an tAcht Meabhair-Shláinte 2001;

ciallaíonn “ ordú athnuachana éagtha ” ordú a airbheartaíonn gur ordú athnuachana é—

(a) más rud é, maidir leis an tréimhse uasta lena mbaineann, a shonraítear in alt 15(2) nó (3) d’Acht 2001 agus dá ndearnadh an tréimhse dá dtagraítear in alt 15(1) den Acht sin a fhadú nó a fhadú tuilleadh leis, go bhfuil sí imithe in éag roimh an Acht seo a rith, nó

(b) atá arna chúlghairm faoi Acht 2001 roimh an Acht seo a rith;

ciallaíonn “ ordú athnuachana ionaid ” ordú arna dhéanamh faoi alt 4 (1) (b) ;

ciallaíonn “ ordú athnuachana neamhéagtha ” ordú a airbheartaíonn a bheith ina ordú athnuachana más rud é, maidir leis an tréimhse uasta lena mbaineann, a shonraítear in alt 15(2) nó (3) d’Acht 2001 agus dá ndearnadh an tréimhse dá dtagraítear in alt 15(1) den Acht sin a fhadú nó a fhadú tuilleadh leis, nach bhfuil sí imithe in éag roimh an Acht seo a rith;

ciallaíonn “ lá oibre ” lá nach Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí.

(2) Beidh feidhm ag alt 2(1) d’Acht 2001 maidir le léiriú an Achta seo mar atá feidhm aige maidir le léiriú an Achta sin.

Caiteachais.

2 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Orduithe athnuachana neamhéagtha a dhaingniú.

3 .— (1) Measfar go bhfuil ordú athnuachana neamhéagtha bailí, agus go raibh sé bailí riamh, d’ainneoin ceachtar de na nithe seo a leanas:

(a) gur mhainnigh an síciatraí sainchomhairleach a mheas, le linn an t-ordú a dhéanamh, go raibh de rogha aige nó aici an tréimhse dá dtagraítear in alt 15(1) d’Acht 2001 a fhadú nó a fhadú tuilleadh go ceann tréimhse ba lú ná an tréimhse uasta lena mbaineann agus a shonraítear in alt 15(2) nó (3) den Acht sin de chuid 2001; nó

(b) nár sonraíodh tréimhse san ordú ar lena linn a bhí an t-ordú le fanacht i bhfeidhm ná dáta ar a raibh an t-ordú le himeacht in éag.

(2) Faoi réir alt 28 d’Acht 2001, fanfaidh ordú athnuachana neamhéagtha i bhfeidhm—

(a) go dtí go mbeidh 5 lá oibre díreach tar éis an tAcht seo a rith imithe in éag,

(b) go dtí go ndéanfar ordú athnuachana ionaid lena chur in ionad an ordaithe athnuachana neamhéagtha, nó

(c) go dtí go mbeidh an lá deireanach den tréimhse uasta lena mbaineann, a shonraítear in alt 15(2) nó (3) d’Acht 2001 agus dá ndearnadh an tréimhse dá dtagraítear in alt 15(1) den Acht sin a fhadú nó a fhadú tuilleadh leis, imithe in éag,

cibé acu is túisce a tharlóidh.

(3) I gcás go bhfuil othar ina ábhar nó ina hábhar d’ordú athnuachana neamhéagtha, leanfaidh na nithe a údaraítear faoi alt 15(1) d’Acht 2001 de bhua an ordaithe glactha isteach lena mbaineann de bheith údaraithe i leith an othair fad a bheidh an t-ordú athnuachana neamhéagtha i bhfeidhm nó, má chuirtear ordú athnuachana ionaid in ionad na hathnuachana neamhéagtha, fad a fhanfaidh an t-ordú athnuachana ionaid sin i bhfeidhm.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní lena gcoisctear ordú athnuachana neamhéagtha a bheith neamhbhailí mar gheall ar nithe seachas na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) .

Orduithe athnuachana ionaid.

4 .— (1) Faoi réir fho-alt (2) , i gcás go bhfuil othar ina ábhar nó ina hábhar d’ordú athnuachana neamhéagtha, maidir leis an síciatraí sainchomhairleach atá freagrach as cúram agus cóireáil an othair, tar éis dó nó di scrúdú a dhéanamh ar an othar tar éis an tAcht seo a rith ach sula mbeidh na 5 lá oibre díreach tar éis an tAcht seo a rith imithe in éag, déanfaidh sé nó sí, i gcás gur deimhin leis nó léi de bhua an scrúdaithe sin go leanann neamhord meabhrach de bheith ar an othar—

(a) a dheimhniú i bhfoirm a shonróidh an Coimisiún go leanann neamhord meabhrach de bheith ar an othar, agus

(b) ordú a dhéanamh lena chur in ionad an ordaithe athnuachana neamhéagtha i leith an othair go ceann tréimhse sonraithe nach faide ná an tréimhse nach mbeidh imithe in éag, amhail ar an dáta a dhéanfar an t-ordú faoin mír seo, den tréimhse uasta lena mbaineann, a shonraítear in alt 15(2) nó (3) d’Acht 2001 agus dá ndearnadh an tréimhse dá dtagraítear in alt 15(1) den Acht sin a fhadú nó a fhadú tuilleadh leis an ordú athnuachana neamhéagtha.

(2) Faoi réir fho-ailt (3) go (5) , maidir le hordú athnuachana ionaid, is ordú é in ionad, agus ní i dteannta, an ordaithe athnuachana neamhéagtha ar ina ionad a chuirtear é agus, chun críocha Acht 2001 agus faoi réir fhorálacha an Achta sin, beidh éifeacht leis amhail is—

(a) dá mba ordú athnuachana é faoi alt 15(2) den Acht sin in aon chás go n-airbheartóidh an t-ordú athnuachana neamhéagtha sin gur ordú athnuachana é arna dhéanamh faoin bhfo-alt sin, nó

(b) dá mba ordú athnuachana é faoi alt 15(3) den Acht sin in aon chás go n-airbheartóidh an t-ordú athnuachana neamhéagtha sin gur ordú athnuachana é arna dhéanamh faoin bhfo-alt sin.

(3) I gcás go mbeidh ordú athnuachana ionaid curtha in ionad ordaithe athnuachana neamhéagtha ach, sula ndearnadh an t-ionadú sin, nár athbhreithnigh binse faoi alt 18 d’Acht 2001 coinneáil an othair lena mbaineann de dhroim an t-ordú athnuachana neamhéagtha sin a dhéanamh, nó nár chríochnaigh sé a athbhreithniú, ansin measfar, maidir le beart—

(a) arna dhéanamh ag duine faoi ailt 16 go 18 d’Acht 2001,

(b) arna dhéanamh an lá a rinneadh an t-ordú athnuachana neamhéagtha nó dá éis ach sula ndearnadh an t-ionadú sin, agus

(c) arna dhéanamh de dhroim an t-ordú athnuachana neamhéagtha a dhéanamh,

gur beart é a rinneadh cheana féin—

(i) ag an duine lena mbaineann dá dtagraítear i mír (a) faoi ailt 16 go 18 d’Acht 2001, agus

(ii) de dhroim an t-ordú athnuachana ionaid a dhéanamh.

(4) Ní dochar aon ní i bhfo-alt (3) maidir le bearta a dhéanamh ar bearta iad a cheanglaítear a dhéanamh faoi ailt 16 go 18 d’Acht 2001 de dhroim ordú athnuachana ionaid a dhéanamh i gcás nach measfar gur de bhua an fho-ailt sin a rinneadh na bearta sin.

(5) I gcás go mbeidh ordú athnuachana ionaid curtha in ionad ordú athnuachana neamhéagtha agus, sula ndearnadh an t-ionadú sin, gur chríochnaigh binse a athbhreithniú faoi alt 18 d’Acht 2001 ar choinneáil an othair lena mbaineann de dhroim an t-ordú athnuachana neamhéagtha a dhéanamh, ansin, d’ainneoin an t-athbhreithniú sin a bheith críochnaithe, beidh feidhm ag ailt 16 go 19 d’Acht 2001 maidir leis an ordú athnuachana ionaid a dhéanamh sa tslí chéanna a bhfuil feidhm acu maidir le hordú athnuachana a dhéanamh.

Orduithe athnuachana éagtha a dhaingniú.

5 .— (1) Measfar go raibh ordú athnuachana éagtha bailí riamh d’ainneoin ceachtar de na nithe seo a leanas:

(a) gur mhainnigh an síciatraí sainchomhairleach a mheas, le linn an t-ordú a dhéanamh, go raibh de rogha aige nó aici an tréimhse dá dtagraítear in alt 15(1) d’Acht 2001 a fhadú nó a fhadú tuilleadh go ceann tréimhse ba lú ná an tréimhse uasta lena mbaineann agus a shonraítear in alt 15(2) nó (3) den Acht sin; nó

(b) nár sonraíodh tréimhse san ordú ar lena linn a bhí an t-ordú le fanacht i bhfeidhm ná dáta ar a raibh an t-ordú le himeacht in éag.

(2) Measfar gur fhan ordú athnuachana éagtha i bhfeidhm—

(a) go dtí go raibh an tréimhse uasta lena mbaineann, a shonraítear in alt 15(2) nó (3) d’Acht 2001 agus dá ndearnadh an tréimhse dá dtagraítear in alt 15(1) den Acht sin a fhadú nó a fhadú tuilleadh leis, imithe in éag, nó

(b) go dtí gur cúlghaireadh é faoi alt 28 d’Acht 2001,

cibé acu is túisce a tharla.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní lena gcoisctear ordú athnuachana éagtha a bheith neamhbhailí mar gheall ar nithe seachas na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) .

Gníomhartha a rinneadh nó a airbheartaítear a rinneadh de bhun orduithe athnuachana neamhéagtha agus orduithe athnuachana éagtha.

6 .— (1) Gach gníomh a rinneadh nó a airbheartaítear a rinneadh de bhun ordaithe athnuachana neamhéagtha nó ordaithe athnuachana éagtha, measfar é a bheith bailí agus éifeacht a bheith leis agus go raibh sé bailí agus go raibh éifeacht leis riamh d’ainneoin ceachtar de na nithe seo a leanas:

(a) gur mhainnigh an síciatraí sainchomhairleach a mheas, le linn an t-ordú a dhéanamh, go raibh de rogha aige nó aici an tréimhse dá dtagraítear in alt 15(1) d’Acht 2001 a fhadú nó a fhadú tuilleadh go ceann tréimhse ba lú ná an tréimhse uasta lena mbaineann agus a shonraítear in alt 15(2) nó (3) den Acht sin; nó

(b) nár sonraíodh tréimhse san ordú ar lena linn a bhí an t-ordú le fanacht i bhfeidhm ná dáta ar a raibh an t-ordú le himeacht in éag.

(2) Ní fhorléireofar fo-alt (1) mar fho-alt lena gcoisctear gníomh dá dtagraítear san fho-alt sin a bheith neamhbhailí nó gan éifeacht de bhíthin nithe seachas na nithe dá dtagraítear san fho-alt sin.

Eisiamh.

7 .— (1) Ní dochar aon ní san Acht seo d’aon cheart ná teideal atá ag othar faoi alt 28 d’Acht 2001 nó i ndáil leis an alt sin.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon imeachtaí arna dtionscnamh in aon chúirt maidir le bailíocht ordaithe athnuachana nó ordaithe a airbheartaíonn a bheith ina ordú athnuachana i gcás gur tionscnaíodh na himeachtaí sin roimh an Acht seo a rith ná d’aon imeachtaí faoi alt 19 d’Acht 2001.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

8 .— (1) Féadfar an tAcht Meabhair-Shláinte 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Meabhair-Shláinte 2001 agus 2008 a ghairm den Acht Meabhair-Shláinte 2001 agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar an tAcht Meabhair-Shláinte 2001 agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.