25 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 2008


AN tACHT AIRGEADAIS (UIMH. 2) 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Tobhaigh, Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil 1

Léiriú

Alt

1 . Léiriú (Cuid 1).

Caibidil 2

Tobhaigh

2 . Tobhach ioncaim.

3 . Tobhach loctha i limistéir uirbeacha.

Caibidil 3

Cáin Ioncaim

4 . Leasú ar alt 15 (ráta muirir) den Phríomh-Acht.

5 . Leasú ar alt 122 (socruithe maidir le hiasacht tosaíochta) den Phríomh-Acht.

6 . Sochar comhchineáil: ríomhaireachtaí astaíochtbhunaithe.

7 . Muirear sochair comhchineáil: faoiseamh i leith rothar.

8 . Leasú ar alt 469 (faoiseamh i leith costais sláinte) den Phríomh-Acht.

9 . Scéimeanna scaireanna d’fhostaithe: ceadú a tharraingt siar.

10 . Leasú ar alt 128 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le stiúrthóirí cuideachtaí agus fostaithe dá ndeonaítear cearta chun scaireanna nó sócmhainní eile a fháil) den Phríomh-Acht.

11 . Leasú ar Sceideal 29 (forálacha dá dtagraítear in ailt 1052, 1053 agus 1054) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

12 . Leasú ar Chaibidil 5 (forálacha muirearacha ilghnéitheacha) de Chuid 5 den Phríomh-Acht.

13 . Cáin a aisíoc i gcás nach gcuirfear tuilleamh ar aghaidh.

14 . Faoiseamh i leith úis a íocadh ar iasachtaí tí áirithe.

15 . Leasú ar alt 819 (cónaí) den Phríomh-Acht.

16 . Sochair scoir.

Caibidil 4

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

17 . Leasú ar alt 659 (feirmeoireacht: liúntais le haghaidh caiteachais chaipitiúil ar fhoirgniú foirgneamh feirme, etc. chun truailliú a rialú) den Phríomh-Acht.

18 . Leasú ar Chaibidil 2 (feirmeoireacht: faoiseamh i leith méadú ar luachanna stoic) de Chuid 23 den Phríomh-Acht.

19 . Leasú ar alt 279 (foirgnimh nó déanmhais áirithe a cheannach) den Phríomh-Acht.

20 . Liúntais chaipitiúla le haghaidh aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh.

21 . Scéim chun aistriú agus athshuíomh saoráidí tionscail áirithe a éascú.

22 . Leasú ar alt 268 (an bhrí atá le “foirgneamh nó déanmhas tionscail”) den Phríomh-Acht.

23 . Leasú ar alt 81 (riail ghinearálta maidir le hasbhaintí) den Phríomh-Acht.

24 . Leasú ar alt 81B (cúlchistí comhionannaithe le haghaidh gnó árachais agus athárachais creidmheasa de chuid cuideachtaí) den Phríomh-Acht.

25 . Leasú ar alt 198 (ní inmhuirearaithe ús áirithe) den Phríomh-Acht.

26 . Leasú ar Chuid 8 (íocaíochtaí bliantúla, muirir agus ús) den Phríomh-Acht.

27 . Polasaithe árachais saoil agus cistí infheistíochta.

28 . Leasú ar alt 481 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Phríomh-Acht.

29 . Leasú ar alt 503 (éilimh) den Phríomh-Acht.

30 . Leasú ar alt 768 (liúntas le haghaidh fios feasa) den Phríomh-Acht.

Caibidil 5

Cáin Chorparáide

31 . Faoiseamh ó cháin do chuideachtaí nua-thionscanta áirithe.

32 . Leasú ar alt 448 (faoiseamh ó cháin chorparáide) den Phríomh-Acht.

33 . Críoch iomchuí.

34 . Leasú ar alt 766 (creidmheas cánach le haghaidh caiteachais ar thaighde agus forbairt) den Phríomh-Acht.

35 . Leasú ar alt 766A (creidmheas cánach ar chaiteachas ar fhoirgnimh nó ar dhéanmhais a úsáidtear le haghaidh taighde agus forbartha) den Phríomh-Acht.

36 . Teorainn le creidmheasanna cánach atá le híoc faoi alt 766 nó 766A den Phríomh-Acht.

37 . Liúntais caithimh agus cuimilte a luathú le haghaidh trealaimh áirithe atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de.

38 . Réamhcháin.

39 . Leasú ar alt 239 (cáin ioncaim ar íocaíochtaí ag cuideachtaí cónaitheacha) den Phríomh-Acht.

40 . Leasú ar Sceideal 4 (comhlachtaí stát-tionscanta neamhthráchtála sonraithe a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe cánach) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

Caibidil 6

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

41 . Mar a dhéileálfar ó thaobh cánach le bainisteoirí ciste fiontair áirithe.

42 . Leasú ar alt 29 (daoine is inmhuirearaithe) den Phríomh-Acht.

43 . Leasú ar alt 549 (idirbhearta idir daoine bainteacha) den Phríomh-Acht.

44 . Gnóchain chaipitiúla: ráta muirir.

45 . Mar a dhéileálfar le diúscairtí áirithe arna ndéanamh ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann.

CUID 2

Mál

46 . Leasú ar Chaibidil 1 de Chuid 2 (dlí máil ginearálta a chomhdhlúthú agus a nuachóiriú) den Acht Airgeadais 2001.

47 . Rátaí cánach ola mianra.

48 . Leasú ar Chaibidil 1 (cáin ola mianra) de Chuid 2 den Acht Airgeadais 1999.

49 . Leasú ar Chaibidil 1 (cáin leictreachais) de Chuid 2 den Acht Airgeadais 2008.

50 . Rátaí cánach táirgí alcóil.

51 . Leasú ar alt 78A (faoiseamh do ghrúdlanna beaga) den Acht Airgeadais 2003.

52 . Rátaí cánach táirgí tobac.

53 . Leasú ar alt 67 (dleacht gealltóireachta) den Acht Airgeadais 2002.

54 . Leasú ar alt 71 (dleacht gealltóireachta a íoc) den Acht Airgeadais 2002.

55 . Cáin aerthaistil.

56 . Leasú ar alt 7 (ceadúnaisí geallghlacadóirí do thabhairt amach) den Acht um Gheall-Chur 1931.

57 . Aisghairm a bhaineann le dlí máil.

58 . Ceadúnais mhórdhíoltóirí.

59 . Méaduithe ar dhleachtanna ar cheadúnais áirithe deochanna meisciúla.

60 . Leasú ar alt 130 (léiriú) den Acht Airgeadais 1992.

61 . Leasú ar alt 131 (na Coimisinéirí Ioncaim do chlárú feithiclí) den Acht Airgeadais 1992.

62 . Leasú ar alt 132 (dleacht mháil a mhuirearú) den Acht Airgeadais 1992.

63 . Leasú ar alt 134 (buanfhaoisimh) den Acht Airgeadais 1992.

64 . Leasú ar alt 135 (díolúine shealadach ó chlárú) den Acht Airgeadais 1992.

65 . Leasú ar alt 135B (méideanna a aisíoc i leith cánach cláraithe feithiclí i gcásanna áirithe) den Acht Airgeadais 1992.

66 . Leasú ar alt 141 (rialacháin) den Acht Airgeadais 1992.

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

67 . Léiriú (Cuid 3).

68 . Leasú ar alt 3 (soláthar earraí) den Phríomh-Acht.

69 . Leasú ar alt 7A (rogha chun ligin earraí dochorraithe a chur faoi cháin) den Phríomh-Acht.

70 . Leasú ar alt 7B (bearta idirthréimhseacha: díolúine a tharscaoileadh) den Phríomh-Acht.

71 . Imeallscéim ghníomhaire taistil.

72 . Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

73 . Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

74 . Leasú ar alt 20 (aisíoc cánach) den Phríomh-Acht.

75 . Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

76 . Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

77 . Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

CUID 4

Dleachtanna Stampa

78 . Léiriú (Cuid 4).

79 . Ionstraimí a stampáil go leictreonach: nithe breise.

80 . Leasú ar alt 5 (comhaontú maidir le dleacht stampa a íoc ar ionstraimí) den Phríomh-Acht.

81 . Leasú ar alt 14 (pionós ar ionstraimí a stampáil tar éis iad a fhorghníomhú) den Phríomh-Acht.

82 . Talamh: forálacha speisialta.

83 . Leasú ar alt 34 (comhaontuithe i dtaca le díol nó in oirchill díola) den Phríomh-Acht.

84 . Leasú ar alt 81AA (aistrithe chuig feirmeoirí óga oilte) den Phríomh-Acht.

85 . Leasú ar alt 81C (faoiseamh breise comhdhlúthúcháin feirme) den Phríomh-Acht.

86 . Leasú ar Chuid 9 (tobhaigh) den Phríomh-Acht.

87 . Leasú ar Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil

88 . Léiriú (Cuid 5).

89 . Leasú ar alt 89 (forálacha a bhaineann le maoin talmhaíochta) den Phríomh-Acht.

90 . Fáltais chaipitiúla: an ráta muirir.

CUID 6

Ilghnéitheach

91 . Léiriú (Cuid 6).

92 . Cumhachtaí ioncaim.

93 . Tuairisceáin i ndáil le socraíochtaí agus iontaobhaithe.

94 . Míreanna oidhreachta agus maoin oidhreachta a bhronnadh.

95 . Leasú ar alt 811A (idirbhearta chun dliteanas cánach a sheachaint: formhuirear, ús agus fógra cosantach) den Phríomh-Acht.

96 . Leasuithe ilghnéitheacha: dreasú chun íoc agus comhdú go leictreonach.

97 . Leasuithe ilghnéitheacha a bhaineann le cáin a bhailiú agus a ghnóthú.

98 . Leasuithe ilghnéitheacha i ndáil le pionóis.

99 . Leasuithe teicniúla ilghnéitheacha i ndáil le cáin.

100 . An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

101 . Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

102 . Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

SCEIDEAL 1

Aisghairm i ndáil leis an Dlí Máil

SCEIDEAL 2

Ceadúnais Mháil

SCEIDEAL 3

Leasuithe Ilghnéitheacha: Dreasú chun Íoc agus Comhdú go Leictreonach

SCEIDEAL 4

Forálacha a Bhaineann le Cáin a Bhailiú agus a Ghnóthú

SCEIDEAL 5

Leasuithe Ilghnéitheacha i nDáil le Pionóis

SCEIDEAL 6

Leasuithe Ilghnéitheacha Teicniúla i nDáil le Cáin


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú) 1998

1998, Uimh. 24

An tAcht Féimheachta 1988

1988, Uimh. 27

An tAcht um Gheall-Chur 1931

1931, Uimh. 27

An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003

2003, Uimh. 1

Acht an Bhainc Ceannais 1971

1971, Uimh. 24

Acht na gCuideachtaí 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais 1924

1924, Uimh. 10

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961

1961, Uimh. 39

An tAcht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath 1997

1997, Uimh. 7

An tAcht um Thráchtáil Leictreonach 2000

2000, Uimh. 27

An tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte 1926

1926, Uimh. 18

Excise Act 1835

5&6 Wm.4, c.39

Finance (1909-10) Act 1910

10 Edw.7, c.8

An tAcht Airgeadais 1940

1940, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais 1947

1947, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais 1976

1976, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais 1980

1980, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais 1983

1983, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais 1989

1989, Uimh. 10

An tAcht Airgeadais 1992

1992, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais 1993

1993, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais 1995

1995, Uimh. 8

An tAcht Airgeadais 1999

1999, Uimh. 2

An tAcht Airgeadais 2000

2000, Uimh. 3

An tAcht Airgeadais 2001

2001, Uimh. 7

An tAcht Airgeadais 2002

2002, Uimh. 5

An tAcht Airgeadais 2003

2003, Uimh. 3

An tAcht Airgeadais 2005

2005, Uimh. 5

An tAcht Airgeadais 2006

2006, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais 2007

2007, Uimh. 11

An tAcht Airgeadais 2008

2008, Uimh. 3

An tAcht Seirbhísí Dóiteáin 1981

1981, Uimh. 30

An tAcht Sláinte 1970

1970, Uimh. 1

An tAcht um Ranníocaí Sláinte 1979

1979, Uimh. 4

An tAcht Deocha Meisciúla 1943

1943, Uimh. 7

An tAcht Deocha Meisciúla 1946

1946, Uimh. 33

An tAcht Deochanna Meisciúla 1962

1962, Uimh. 21

An tAcht Deochanna Meisciúla 1988

1988, Uimh. 16

An tAcht Deochanna Meisciúla 2003

2003, Uimh. 31

An tAcht Deochanna Meisciúla (An Ceoláras Náisiúnta) 1983

1983, Uimh. 34

An tAcht um Údarás Eitlíochta na hÉireann 1993

1993, Uimh. 29

An tAcht um Thionscal Rásaíochta Capall na hÉireann 1994

1994, Uimh. 18

Judgement Mortgage (Ireland) Act 1850

13&14 Vic. c. 29

Judgement Mortgage (Ireland) Act 1858

21&22 Vic. c. 105

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

An tAcht um Chosaint Mháithreachais 1994

1994, Uimh. 34

An tAcht um Chosaint Mháithreachais (Leasú) 2004

2004, Uimh. 28

An tAcht um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997

1997, Uimh. 11

An tAcht um Chiste Náisiúnta Oiliúna 2000

2000, Uimh. 41

An tAcht Cógaisíochta 2007

2007, Uimh. 20

Pharmacy (Ireland) Act 1875

38&39 Vic. c. 57

Na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2006

An tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach 1927

1927, Uimh. 7

An tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005

2005, Uimh. 26

An tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999

1999, Uimh. 31

An tAcht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002

2002, Uimh. 1

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta 1952

1952, Uimh. 15

An tAcht Cánach Breisluacha 1972

1972, Uimh. 22

Na hAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 2008


AN tACHT AIRGEADAIS (UIMH. 2) 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FORCHUR, AISGHAIRM, LOGHADH, ATHRÚ AGUS RIALÁIL CÁNACHAIS, DLEACHTANNA STAMPA AGUS DLEACHTANNA A BHAINEANN LE MÁL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ EILE THAIRIS SIN I dTAOBH AIRGEADAIS LENA nÁIRÍTEAR RIALÁIL CUSTAM.

[24 Nollaig, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Tobhaigh, Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil 1

Léiriú

Léiriú (Cuid 1).

1 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Caibidil 2

Tobhaigh

Tobhach ioncaim.

2 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 18:

“TOBHAIGH

CUID 18A

Tobhach Ioncaim

Mínithe (Cuid 18A).

531A.— (1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘ioncam comhiomlán’, i ndáil le pearsa aonair agus bliain mheasúnachta, comhiomlán dhíolaíochtaí iomchuí agus ioncam iomchuí na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta;

ciallaíonn ‘Ard-Bhailitheoir’ an tArd-Bhailitheoir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 851;

tá le ‘fostaí’ agus ‘fostóir’ na bríonna céanna atá leo in alt 983;

ciallaíonn ‘díolaíochtaí eisiata’ díolaíochtaí a tugadh don Aire Airgeadais faoi alt 483;

tá le ‘tobhach ioncaim’ an bhrí a shanntar dó le halt 531B;

ciallaíonn ‘mí cánach ioncaim’ mí fhéilire;

ciallaíonn ‘Rialacháin ÍMAT’ na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí) (Comhdhlúite) 2001 (I.R. Uimh. 559 de 2001);

forléireofar ‘díolaíochtaí iomchuí’ agus ‘ioncam iomchuí’ de réir mhíreanna (a) agus (b), faoi seach, den Tábla a ghabhann le halt 531B(1);

ciallaíonn ‘íocaíochtaí de chineál dá samhail’ íocaíochtaí atá den ghné chéanna le híocaíochtaí arna ndéanamh faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh ach a dhéanann—

(a) Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,

(b) an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta,

(c) an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta,

(d) an Roinn Oideachais agus Eolaíochta,

(e) an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia,

(f) an Foras Áiseanna Saothair, i leith scéimeanna a luaitear i gclásail (I), (II) agus (III) d’alt 472A(1)(b)(i), nó

(g) aon stát nó críoch eile;

ciallaíonn ‘íocaíochtaí leasa shóisialaigh’ íocaíochtaí arna ndéanamh faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh;

ciallaíonn ‘bliain mheasúnachta’ bliain mheasúnachta de réir bhrí na nAchtanna Cánach.

(2) Tá le focail agus le habairtí a úsáidtear sa Chuid seo na bríonna céanna atá leo sna hAchtanna Cánach ach amháin i gcás go bhforáiltear a mhalairt nó go n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt.

Tobhach ioncaim a mhuirearú.

531B.— (1) Le héifeacht ón 1 Eanáir 2009, déanfar cáin ar a dtabharfar ‘tobhach ioncaim’ a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir fhorálacha na Coda seo i leith an ioncaim a shonraítear i míreanna (a) agus (b) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(a) Maidir leis an ioncam a thuairiscítear sa mhír seo, ar a dtabharfar ‘díolaíochtaí iomchuí’, is díolaíochtaí atá ann a bhfuil feidhm ag Caibidil 4 de Chuid 42 maidir leo nó a gcuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm maidir leo, seachas íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus íocaíochtaí de chineál dá samhail agus díolaíochtaí eisiata.

(b) Maidir leis an ioncam a thuairiscítear sa mhír seo, ar a dtabharfar ‘ioncam iomchuí’, is ioncam atá ann ó gach bunadh, seachas díolaíochtaí iomchuí, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus íocaíochtaí de chineál dá samhail agus díolaíochtaí eisiata, arna mheas de réir na nAchtanna Cánach Ioncaim agus—

(i) amhail is nár achtaíodh ailt 140, 141, 142, 143, 195, 231, 232, 233, 234 agus 664 riamh,

(ii) gan aird ar aon asbhaint—

(I) i leith liúntais cíosa dhúbailte faoi alt 324(2), 333(2), 345(3) nó 354(3),

(II) faoi alt 372AP, le linn méid barrachais nó easnaimh i leith cíosa ó aon áitreabh a ríomh,

(III) faoi alt 372AU, le linn méid barrachais nó easnaimh i leith cíosa ó aon áitreabh a ríomh,

(IV) faoi alt 847A, i leith deonacháin iomchuí (de réir bhrí an ailt sin), nó

(V) faoi alt 848A, i leith deonacháin iomchuí (de réir bhrí an ailt sin),

(iii) gan gnóchain, ioncam ná íocaíochtaí lena mbaineann aon cheann de na forálacha seo a leanas a áireamh:

(I) Caibidil 4 de Chuid 8;

(II) Caibidil 5 de Chuid 8;

(III) Caibidil 7 de Chuid 8;

(IV) Caibidil 5 de Chuid 26;

(V) Caibidil 6 de Chuid 26;

(VI) Caibidil 1A de Chuid 27;

(VII) Caibidil 4 de Chuid 27,

agus

(iv) ag féachaint d’asbhaint i leith aon íocaíochta lena mbaineann alt 1025, arna déanamh ag pearsa aonair de bhun comhshocraíochta cothabhála (de réir bhrí an ailt sin), a bhaineann leis an bpósadh chun tairbhe an pháirtí eile sa phósadh, mura bhfuil feidhm ag alt 1026 i leith íocaíochta den sórt sin.

(2) Ní bheidh an tobhach ioncaim iníoctha, do bhliain mheasúnachta, ag pearsa aonair—

(a) a chruthóidh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nach mó ná €18,304 a ioncam nó a hioncam comhiomlán don bhliain mheasúnachta,

(b) a bhfuil, de bhua alt 45 den Acht Sláinte 1970 nó Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 1 an 14 Meitheamh 1971 ón gComhairle, lán-cháilíocht aige nó aici le haghaidh seirbhísí faoi Chuid IV den Acht sin, nó

(c) a chruthóidh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, tar éis dóibh éileamh arna dhéanamh ar shlí a cheadóidh nó dá bhforálfaidh siad a fháil, nach mó ná €20,000 a ioncam nó a hioncam comhiomlán don bhliain mheasúnachta agus a mbeidh 65 bliana d’aois nó os a chionn slánaithe aige nó aici tráth ar bith le linn na bliana measúnachta sin.

An ráta muirir.

531C.— Déanfar, don bhliain mheasúnachta 2009, agus do gach bliain mheasúnachta dá éis, pearsa aonair a mhuirearú i leith tobhaigh ioncaim ar a ioncam nó ar a hioncam comhiomlán don bhliain mheasúnachta de réir na rátaí a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

An chuid den ioncam comhiomlán

An ráta tobhaigh ioncaim

An chéad €100,100

1%

An chéad €150,020 eile

2%

An fuílleach

3%

Tobhach ioncaim ar dhíolaíochtaí iomchuí a asbhaint agus a íoc.

531D.— (1) Beidh fostóir faoi dhliteanas sa chéad ásc tobhach ioncaim a íoc a bheidh dlite i leith aon íocaíochta díolaíochtaí iomchuí.

(2) (a) Maidir le haon íocaíocht díolaíochtaí iomchuí a dhéanfar le fostaí nó thar ceann fostaí an 1 Eanáir 2009 nó dá éis, déanfaidh an fostóir tobhach ioncaim a asbhaint as na díolaíochtaí sin de réir aon cheann nó gach ceann de na rátaí a shonraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (c) agus beidh feidhm chun na críche sin ag an bhfomhír sin (ii) amhail is dá ndéanfaí na focail ‘ach nach dtéann thar €4,810’ a scriosadh.

(b) Maidir le haon íocaíocht díolaíochtaí iomchuí a dhéanfar le fostaí nó thar ceann fostaí ar dháta rite an Achta Airgeadais (Uimh. 2) 2008 nó dá éis sin, déanfaidh an fostóir tobhach ioncaim a asbhaint as na díolaíochtaí sin de réir aon cheann nó gach ceann de na rátaí a shonraítear i bhfomhíreanna (i), (ii) agus (iii) de mhír (c).

(c) Is iad seo a leanas na rátaí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b):

(i) 1 faoin gcéad i gcás nach mó ná €1,925 méid na ndíolaíochtaí iomchuí, sa chás gur seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht ina leith, nó méid comhréire sa chás gur mó nó gur lú ná seachtain an tréimhse,

(ii) 2 faoin gcéad ar mhéid na breise i gcás gur mó ná €1,925 méid na ndíolaíochtaí iomchuí, ach nach mó ná €4,810 é, sa chás gur seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht ina leith, nó méid comhréire i gcás gur mó nó gur lú ná seachtain an tréimhse,

(iii) 3 faoin gcéad ar mhéid na breise i gcás gur mó ná €4,810 méid na ndíolaíochtaí iomchuí, sa chás gur seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht ina leith, nó méid comhréire i gcás gur mó nó gur lú ná seachtain an tréimhse,

agus d’ainneoin gur díolaíochtaí, go hiomlán nó go páirteach, in aghaidh bliana measúnachta éigin seachas an bhliain mheasúnachta a ndéanfar an íocaíocht lena linn na díolaíochtaí iomchuí.

(3) Beidh feidhm ag forálacha Chuid 4 de Rialacháin ÍMAT, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le tobhach ioncaim i leith díolaíochtaí iomchuí, agus maidir le haon tobhach ioncaim is iníoctha ag fostaí, ní bheidh sé inghnóthaithe uaidh nó uaithi ag a fhostóir nó ag a fostóir ach trína asbhaint de réir na bhforálacha sin.

(4) (a) (i) Déanfaidh an fostóir, laistigh de 14 lá ó dheireadh gach míosa cánach ioncaim, iomlán na méideanna go léir de thobhach ioncaim a dhligh an fostóir a asbhaint as díolaíochtaí iomchuí arna n-íoc ag an bhfostóir le linn na míosa cánach ioncaim sin a chur ar aghaidh chuig an Ard-Bhailitheoir.

(ii) Féadfaidh an tArd-Bhailitheoir a údarú, i scríbhinn, don fhostóir, agus mura gcuirfidh an fostóir ina choinne, iomlán na méideanna go léir de thobhach ioncaim a chur ar aghaidh chuig an Ard-Bhailitheoir, laistigh de 14 lá ó dheireadh cibé tréimhse is faide (más ann) ach nach faide ná bliain, a údarófar amhlaidh ar méideanna iad a dhligh an fostóir a asbhaint as díolaíochtaí iomchuí arna n-íoc ag an bhfostóir le linn na tréimhse is faide sin.

(iii) I gcás go ndéanfar iomlán na méideanna a chur ar aghaidh ar cur ar aghaidh é dá dtagraítear i bhfomhír (i) trí cibé meán leictreonach (de réir bhrí alt 917EA) a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim, beidh feidhm ag fomhír (i) agus beidh éifeacht léi amhail is dá gcuirfí ‘Laistigh de 23 lá ó dheireadh gach míosa cánach ioncaim’ in ionad ‘Laistigh de 14 lá ó dheireadh gach míosa cánach ioncaim’ ach, i gcás nach ndéanfar an cur ar aghaidh sin laistigh den tréimhse 23 lá sin, beidh feidhm ag fomhír (i) agus beidh éifeacht léi gan féachaint d’fhorálacha na fomhíre seo.

(b) Ar thobhach ioncaim a bheith íoctha, féadfaidh an tArd-Bhailitheoir admháil a thabhairt don fhostóir lena mbaineann i leith na híocaíochta agus is é a bheidh san admháil cibé ceann acu seo a leanas is cuí leis an Ard-Bhailitheoir, eadhon—

(i) admháil ar leithligh i leith gach íocaíochta den sórt sin, nó

(ii) admháil i leith na n-íocaíochtaí sin go léir arna ndéanamh laistigh den tréimhse a shonrófar san admháil.

(5) (a) Laistigh de 46 lá ó dheireadh bliana measúnachta, nó ón dáta a scoirfidh an fostóir go buan de bheith ina fhostóir nó ina fostóir lena mbaineann Rialachán 7(1) de Rialacháin ÍMAT, cibé acu is túisce, cuirfidh an fostóir na nithe seo a leanas chuig an Ard-Bhailitheoir—

(i) tuairisceán, i bhfoirm a sholáthróidh nó a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim, i leith gach pearsan aonair lena ndearnadh íocaíocht díolaíochtaí iomchuí le linn na bliana sin, ar a dtaispeánfar—

(I) méid iomlán an tobhaigh ioncaim ab iníoctha maidir leis an bpearsa aonair sa bhliain sin,

(II) an dáta a thosaigh agus an dáta a scoir fostaíocht na pearsan aonair laistigh den bhliain sin, más infheidhme,

(III) an ráta tobhaigh ioncaim is iníoctha i leith na pearsan aonair, agus

(IV) iomlán na ndíolaíochtaí iomchuí a íocadh leis an bpearsa aonair sa bhliain sin,

agus

(ii) ráiteas, dearbhú agus deimhniú, i cibé foirm a sholáthróidh nó a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ina léireofar an méid iomlán tobhaigh ioncaim a dhligh an fostóir a chur ar aghaidh i leith gach pearsan aonair lena ndearnadh íocaíocht díolaíochtaí iomchuí sa bhliain mheasúnachta.

(b) I gcás gur comhlacht corpraithe an fostóir, beidh an dearbhú agus an deimhniú dá dtagraítear i mír (a)(ii) faoi shíniú rúnaí an chomhlachta chorpraithe nó stiúrthóra ar an gcomhlacht corpraithe.

(6) (a) (i) Laistigh de 46 lá ó dheireadh bliana measúnachta, tabharfaidh an fostóir do gach fostaí atá ar fostú ag an bhfostóir ar an lá deiridh den bhliain mheasúnachta agus ar asbhaineadh aon tobhach ioncaim as a dhíolaíochtaí iomchuí nó a díolaíochtaí iomchuí le linn na bliana sin, deimhniú ina léireofar—

(I) an méid iomlán tobhaigh ioncaim a asbhaineadh as díolaíochtaí iomchuí an fhostaí le linn na bliana sin,

(II) dáta tosaigh fhostaíocht an fhostaí laistigh den bhliain sin, más infheidhme,

(III) an ráta tobhaigh ioncaim ab iníoctha i leith an fhostaí, agus

(IV) iomlán na ndíolaíochtaí iomchuí a íocadh leis an bhfostaí sa bhliain sin.

(ii) Is i cibé foirm a sholáthróidh nó a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh an deimhniú a shonraítear i bhfomhír (i).

(b) (i) Déanfaidh fostóir, i gcás fostaí lena ndéanfaidh sé nó sí íocaíocht díolaíochtaí iomchuí, deimhniú a thabhairt don fhostaí ar scor na tréimhse fostaíochta lena mbaineann an íocaíocht tobhaigh ioncaim i leith an fhostaí agus taispeánfar sa deimhniú—

(I) an tobhach ioncaim iomlán maidir leis an bhfostaí a dhligh an fostóir a chur ar aghaidh don bhliain mheasúnachta ina dtarlaíonn an scor anuas go dtí an dáta scoir agus an dáta scoir san áireamh,

(II) dáta tosaigh (más infheidhme) agus dáta scoir fhostaíocht na pearsan aonair laistigh den bhliain sin,

(III) an ráta tobhaigh ioncaim ab iníoctha i leith an fhostaí, agus

(IV) iomlán na ndíolaíochtaí iomchuí a íocadh leis an bhfostaí sa bhliain sin anuas go dtí an dáta scoir agus an dáta scoir san áireamh.

(ii) Is i cibé foirm a sholáthróidh nó a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh an deimhniú a shonraítear i bhfomhír (i).

Taifeadchoimeád.

531E.— (1) Déanfaidh fostóir na sonraí seo a leanas a thaifeadadh i leith gach fostaí lena ndearnadh íocaíocht díolaíochtaí iomchuí i mbliain mheasúnachta—

(a) méid gach íocaíochta díolaíochtaí iomchuí,

(b) an méid tobhaigh ioncaim arna asbhaint as gach íocaíocht den sórt sin,

(c) an méid iomlán tobhaigh ioncaim a dhlíonn an fostóir a chur ar aghaidh i leith gach íocaíochta den sórt sin, agus

(d) dátaí tosaigh agus scoir fostaíochta na pearsan aonair laistigh den bhliain mheasúnachta, más infheidhme.

(2) Is i bhfoirm a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh na taifid a shonraítear i bhfo-alt (1) agus coimeádfaidh fostóirí iad ar feadh tréimhse nach lú ná 6 bliana tar éis dheireadh na bliana measúnachta lena mbaineann siad.

Cumhacht iniúchta.

531F.— Beidh feidhm ag forálacha alt 903 agus Rialachán 32 de Rialacháin ÍMAT, i ndáil le taifid a iniúchadh, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir leis na sonraí arna dtaifeadadh de bhun alt 531E mar atá feidhm acu maidir leis na taifid a shonraítear sna forálacha sin.

Tobhach ioncaim a bheidh dlite i leith míonna cánach ioncaim agus i leith na bliana a mheas.

531G.— Beidh feidhm ag ailt 989, 990 agus 990A maidir le tobhach ioncaim mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim.

Tobhach ioncaim ar ioncam iomchuí a mheasúnú, a bhailiú, a íoc agus a ghnóthú.

531H.— (1) Déanfar tobhach ioncaim is iníoctha in aghaidh bliana measúnachta i leith ioncaim iomchuí a mheasúnú, a mhuirearú agus a íoc ar gach slí ionann is dá mba mhéid cánach ioncaim é arna mheasúnú agus arna mhuirearú faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, ach sin gan féachaint d’alt 1017, agus féadfar é a shonrú mar aon suim amháin (dá ngairtear ‘an tsuim chomhiomlánaithe’ san alt seo) leis an méid cánach ioncaim a bheidh in aon ríomh nó measúnacht nó measúnachtaí i leith cánach ioncaim a dhéanfaidh an phearsa aonair ag a bhfuil an tobhach ioncaim iníoctha don bhliain mheasúnachta nó a dhéanfar air nó uirthi.

(2) Chun críocha fho-alt (1) féadfar an tobhach ioncaim a shonrú amhlaidh d’ainneoin nach bhfuil aon mhéid cánach ioncaim sa ríomh nó sa mheasúnacht nó sna measúnachtaí sin agus beidh feidhm ag na forálacha go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim, seachas aon fhorálacha den sórt sin a mhéid a bhaineann siad le haon liúntas, asbhaint nó faoiseamh a dheonú, ionann is dá mba shuim aonair chánach ioncaim an tsuim chomhiomlánaithe.

(3) I gcás go mbeidh tobhach ioncaim iníoctha don bhliain mheasúnachta 2009 i leith ioncaim iomchuí, beidh feidhm ag alt 958, agus beidh éifeacht leis, amhail is dá mba rud é go raibh tobhach ioncaim iníoctha don bhliain mheasúnachta 2008 de réir na Coda seo.

Lánúineacha pósta.

531I.— I gcás go ndearnadh rogha nó go meastar go ndearnadh rogha faoi alt 1018 agus go bhfuil éifeacht léi do bhliain mheasúnachta, déanfar tobhach ioncaim is iníoctha ag céile amháin a mhuirearú, a bhailiú agus a ghnóthú amhail is dá mba thobhach ioncaim é ab iníoctha ag an gcéile ab inmheasúnaithe faoi alt 1017.

Ráitis bhréagacha.

531J.— Maidir le forálacha alt 1056 i ndáil le tuairisceáin, dearbhuithe nó ráitis a dhéanamh, beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le tobhach ioncaim.

Aisíocaíochtaí.

531K.— (1) In aon chás go ndéanfar gearríocaíocht nó ró-íocaíocht tobhaigh ioncaim leis an Ard-Bhailitheoir, déanfar an méid nár íocadh a íoc nó an méid a ró-íocadh a aisíoc, de réir mar a bheidh, leis an Ard-Bhailitheoir nó ag an Ard-Bhailitheoir, de réir mar is cuí.

(2) I gcás pearsan aonair lena mbaineann mír (a), (b) nó (c) d’alt 531B(2), déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon tobhach ioncaim arna asbhaint as a ioncam nó as a hioncam a aisíoc leis an bpearsa aonair ar éileamh bailí, arna dhéanamh ar cibé modh a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, a fháil, agus measfar, chun críocha an aisíoca sin, gur cáin ioncaim an tobhach ioncaim.

(3) Más rud é, i ndeireadh bliana measúnachta, go ndéanfaidh daoine pósta arna measúnú i leith cánach don bhliain mheasúnachta faoi alt 1017, agus a mbeidh 65 bliana d’aois nó níos mó slánaithe ag duine amháin nó ag an mbeirt acu aon tráth i gcaitheamh na bliana measúnachta, a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nach mó ná dhá oiread na teorann atá leagtha amach in alt 531B(2)(c) a n-ioncam comhiomlán ó gach bunadh, ansin aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé tobhach ioncaim, más ann, a asbhaineadh as an ioncam sin i gcaitheamh na bliana measúnachta sin.

Srian ar asbhaint.

531L.— (1) Maidir le tobhach ioncaim arna íoc i leith bliana measúnachta, is tobhach é i dteannta aon dliteanais, agus ní laghdaítear leis aon dliteanas, a bheidh ag pearsa aonair i leith cánach ioncaim nó cánacha eile faoi na hAchtanna Cánach.

(2) Ní ceadmhach creidmheasanna cánach breise ná faoisimh bhreise atá ar fáil do phearsa aonair a fhritháireamh in aghaidh aon mhuirir i leith tobhaigh ioncaim atá dlite agus iníoctha do bhliain mheasúnachta.

Feidhm forálacha a bhaineann le cáin ioncaim.

531M.— (1) Beidh feidhm ag forálacha Chaibidil 1 de Chuid 40, i ndáil le hachomhairc, maidir le tobhach ioncaim mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim.

(2) Beidh feidhm ag forálacha Chuid 47, i ndáil le pionóis, cionta, ús agus smachtbhannaí eile, maidir le tobhach ioncaim mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim.

(3) Beidh feidhm ag alt 865 maidir le haon aisíoc tobhaigh ioncaim mar atá feidhm aige maidir le cáin ioncaim.

(4) Beidh feidhm ag alt 987, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le tobhach ioncaim mar atá feidhm aige maidir le cáin ioncaim.

Cúram agus bainistiú.

531N.— Is faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim atá tobhach ioncaim agus beidh feidhm ag Cuid 37 maidir le tobhach ioncaim mar atá feidhm aige maidir le cáin ioncaim.”,

(b) in alt 1002, sa mhíniú ar “na hAchtanna”, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (iii):

“(iiia) Cuid 18A,”,

(c) in alt 1006, sa mhíniú ar “na hAchtanna”, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) Cuid 18A,”,

(d) in alt 1006A, sa mhíniú ar “na hAchtanna”, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) Cuid 18A,”,

(e) in alt 1078, sa mhíniú ar “na hAchtanna”, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(ca) Cuid 18A,”,

agus

(f) in alt 1079, sa mhíniú ar “na hAchtanna”, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

(ca) Cuid 18A,”.

Tobhach loctha i limistéir uirbeacha.

3 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 18A (a chuirtear isteach le halt 2):

“CUID 18B

Tobhach Loctha i Limistéir Uirbeacha

Léiriú (Cuid 18B).

531O.— Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘carr’ aon fheithicil inneallghluaiste bhóthair atá deartha, déanta nó oiriúnaithe chun an tiománaí nó an tiománaí agus duine amháin eile nó níos mó a iompar, seachas—

(a) gluaisrothar (de réir bhrí alt 121),

(b) feithicil oifigiúil,

(c) veain (de réir bhrí alt 121A) i gcás go gceanglaíonn an fostóir ar fhostaí an veain a úsáid i gcomhlíonadh dhualgais a oifige nó a fhostaíochta nó a hoifige nó a fostaíochta, nó

(d) feithicil, seachas veain, de chineál nach n-úsáidtear go coitianta mar fheithicil phríobháideach agus atá mí-oiriúnach lena húsáid amhlaidh;

ciallaíonn ‘cead loctha duine mhíchumasaithe’ cead arna dheonú de réir Airteagal 43 de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Locadh) 1997 (I.R. Uimh. 182 de 1997);

ciallaíonn ‘díolaíochtaí’ díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil 4 de Chuid 42;

tá le ‘fostaí’ an bhrí chéanna atá leis chun críocha Rialacháin ÍMAT;

tá le ‘fostóir’ an bhrí chéanna atá leis chun críocha Rialacháin ÍMAT;

forléireofar ‘teideal chun spás loctha a úsáid’ de réir alt 531Q;

tá le ‘údarás dóiteáin’ an bhrí chéanna atá leis chun críocha an Achta Seirbhísí Dóiteáin 1981;

ciallaíonn ‘saoire mháithreachais’ an tréimhse saoire dá dtagraítear in alt 8 (arna leasú le halt 2 den Acht um Chosaint Mháithreachais (Leasú) 2004 agus leis an Ordú fán Acht um Chosaint Mháithreachais 1994 (Tréimhsí Saoire a Fhadú) 2006) den Acht um Chosaint Mháithreachais 1994;

folaíonn ‘feithicil inneallghluaiste bhóthair’ feithicil a ghluaistear le córacha leictreacha nó le córacha idir leictreach agus mheicniúil;

ciallaíonn ‘Aire’ an tAire Airgeadais;

ciallaíonn ‘glandíolaíochtaí’ díolaíochtaí (lúide ranníocaí inlamhála (de réir bhrí Rialachán 41 de Rialacháin ÍMAT)) tar éis na nithe seo a leanas a asbhaint—

(a) cáin ioncaim, de réir Rialacháin ÍMAT,

(b) ranníoc, de réir na Rialachán Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí Comhdhlúite agus Inárachaitheacht) 1996 (I.R. Uimh. 312 de 1996), is ranníoc de réir bhrí na rialachán sin,

(c) ranníoc sláinte, de réir na Rialachán um Ranníocaí Sláinte 1979 (I.R. Uimh. 107 de 1979), agus

(d) tobhach ioncaim, de réir Chuid 18A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008);

ciallaíonn ‘feithicil oifigiúil’ feithicil is leis an Stát nó le húdarás Stáit, nó a sholáthraíonn an Stát nó údarás Stáit, i gcás go gceanglaíonn an fostóir ar fhostaí de chuid an Stáit nó de chuid údaráis den sórt sin an fheithicil a úsáid i gcomhlíonadh dhualgais a oifige nó a fhostaíochta nó a hoifige nó a fostaíochta;

ciallaíonn ‘tobhach loctha’ an cháin, dá bhforáiltear in alt 53IT, ar theideal chun spás loctha a úsáid i limistéar uirbeach;

ciallaíonn ‘spás loctha’ aon limistéar nó aon chuid de limistéar ar a bhfuil, ag a bhfuil, nó ina bhfuil, feithicil inloctha, agus folaíonn sé aon chuid d’fhoirgneamh, de thógáil, nó de dhéanmhas (lena n-áirítear déanmhas sochorraithe);

ciallaíonn ‘Rialacháin ÍMAT’ na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí) (Comhdhlúite) 2001 (I.R. Uimh. 559 de 2001);

tá le ‘uimhir phearsanta seirbhíse poiblí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005;

ciallaíonn ‘fostaí de chuid na hearnála poiblí’ duine arb é an Stát a dhéanann, go díreach nó go neamhdhíreach, a chuid díolaíochtaí nó a cuid díolaíochtaí, a íoc, a mhaoiniú, nó a mhaoiniú go páirteach;

ciallaíonn ‘údarás áitiúil iomchuí’ comhairle cathrach (de réir bhrí alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001) Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, na Gaillimhe, Luimnigh nó Phort Láirge;

ciallaíonn ‘údarás Stáit’ an Garda Síochána, Óglaigh na hÉireann, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (a mhéid a bhaineann sé leis an tseirbhís otharchairr), na Coimisinéirí Ioncaim (a mhéid a bhaineann sé leis an tseirbhís Custam), údarás dóiteáin nó comhlacht eile den sórt sin a bheidh forordaithe le hordú ón Aire faoi alt 531P(1);

ciallaíonn ‘limistéar uirbeach’ limistéar nó limistéir a bheidh ainmnithe le hordú ón Aire faoi alt 531P(1);

ciallaíonn ‘bliain mheasúnachta’ bliain féilire.

Limistéir uirbeacha a mbaineann an tobhach loctha leo agus an tAire orduithe a dhéanamh.

531P.— (1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas a mheasfaidh sé nó sí a bheith cuí sna himthosca, le hordú—

(a) a shainiú gur limistéar uirbeach chun críocha na Coda seo limistéar nó limistéir atá laistigh de limistéar riaracháin (de réir bhrí alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001) údaráis áitiúil iomchuí,

(b) a fhorordú gur údarás Stáit comhlacht chun críocha na Coda seo, agus

(c) foráil a dhéanamh maidir leis an dáta óna mbeidh éifeacht leis an gCuid seo.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (1), leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Teideal chun spás loctha a úsáid.

531Q.— (1) Measfar teideal chun spás loctha a úsáid chun críocha na Coda seo a bheith ag fostaí i gcás feidhm a bheith ag aon cheann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a) údarú de chineál suaitheantais, ceada, greamáin nó aon chineál eile údaraithe chun spás loctha a úsáid a bheith i seilbh an fhostaí nó an céanna a bheith eisithe dó nó di nó cead (lena n-áirítear cead ó bhéal) a bheith tugtha dó nó di ar shlí eile chun spás loctha a úsáid;

(b) aon chineál nó modh rochtana ar spás loctha a bheith i seilbh an fhostaí nó a bheith eisithe dó nó di;

(c) spás loctha tiomnaithe a bheith leithroinnte ar an bhfostaí;

(d) spás loctha a bheith leithroinnte ar an bhfostaí ar an mbonn gur spás i bpáirt é nó ar bhonn socraithe eile den tsamhail sin;

(e) spás loctha a bheith ar fáil don fhostaí ar bhonn córais ar a dtugtar de ghnáth an bonn tús áite don té is túisce.

(2) (a) Ní mheasfar teideal chun spás loctha a úsáid chun críocha na Coda seo a bheith ag fostaí i gcás go dtiocfaidh spás a bheith á úsáid ag an bhfostaí d’údarú, de chead, nó de rochtain, a bheidh tugtha go hócáideach don fhostaí agus nach mó líon iomlán na laethanta—

(i) a thagann faoi réir an údaraithe, an cheada nó na rochtana sin, agus

(ii) ar lena linn a dhéanann an fostaí an spás a úsáid go hiarbhír,

ná 10 lá i mbliain mheasúnachta.

(b) Chun críocha mhír (a)—

(i) measfar gur údarú, cead nó rochtain atá tugtha ar feadh lae iomláin é nó í a bheith tugtha ar feadh cuid de lá, agus

(ii) measfar gur spás loctha a úsáid ar feadh lae iomláin an spás a úsáid ar feadh cuid de lá.

(3) Scoirfear d’fhostaí a mheas mar dhuine ag a bhfuil teideal chun spás loctha a úsáid chun críocha na Coda seo más rud é—

(a) (i) go séanann sé nó sí, i scríbhinn nó i bhformáid leictreonach, teideal chun spás loctha a úsáid, dá dtagraítear i bhfo-alt (1), a bheith aige nó aici, nó

(ii) go dtiteann an teideal chun spás loctha a úsáid i léig nó go dtarraingítear an teideal sin siar,

(b) más iomchuí, go ndéanann an fostaí an cineál údaraithe nó an cineál nó modh rochtana, atá ina sheilbh aige nó ina seilbh aici nó a eisíodh dó nó di, nó iad araon, a thabhairt ar ais don fhostóir, nó don duine a sholáthraíonn an spás loctha, de réir mar is iomchuí, agus

(c) go scoireann an fostaí de spás loctha arna sholáthar go díreach nó go neamhdhíreach ag a fhostóir nó a fostóir a úsáid.

(4) Chun críocha fho-alt (1)(a), measfar cead chun spás loctha a úsáid a bheith tugtha d’fhostaí i gcás ina ndéanann fostóir socrú nó comhaontú, leis an bhfostaí nó le haon duine eile, trína soláthraítear spás loctha lena úsáid ag an bhfostaí.

Fostóir do sholáthar spáis loctha.

531R.— Chun críocha na Coda seo, measfar spás loctha a bheith arna sholáthar go díreach nó go neamhdhíreach ag fostóir lena úsáid ag fostaí más rud é—

(a) go soláthraíonn an fostóir an spás loctha ar aon áitreabh, ag aon áitreabh nó in aon áitreabh atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag an bhfostóir,

(b) go soláthraíonn duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhfostóir an spás loctha ar aon áitreabh, ag aon áitreabh nó in aon áitreabh atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag an duine sin,

(c) go ndéanann an fostóir socrú nó comhaontú, le fostaí nó le haon duine eile, trína soláthraítear spás loctha lena úsáid ag an bhfostaí sin nó ag aon fhostaí eile de chuid an fhostóra, nó

(d) i gcás fostaí de chuid na hearnála poiblí nach mbaineann mír (a), (b) nó (c) leis nó léi, go ndéanann fostóir an fhostaí sin an duine a sholáthraíonn an spás loctha don fhostaí sin a mhaoiniú nó a pháirtmhaoiniú go díreach nó go neamhdhíreach.

Díolúine do dhaoine áirithe.

531S.— Ní bheidh feidhm ag an tobhach loctha dá bhforáiltear faoin gCuid seo—

(a) maidir le fostaí is sealbhóir ar chead loctha bailí do dhuine míchumasaithe,

(b) maidir le fostaí de chuid seirbhíse éigeandála Stáit nó sibhialta d’úsáid spáis loctha i gcás nach mbaineann úsáid an spáis sin ach amháin le freagairt, a éilíonn an fostóir ar an bhfostaí, i leith éigeandála, nó

(c) maidir le húsáid spáis loctha ó am go ham ag duine scortha más rud é go leanann iarfhostóir an duine sin nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 531R(d), go leanann an duine a sholáthair an spás loctha don duine scortha sular scoir sé nó sí, de spás loctha a chur ar fáil dó nó di.

Muirear i leith tobhaigh loctha.

531T.— Faoi réir alt 531S, más rud é—

(a) go bhfuil teideal ag fostaí chun spás loctha a úsáid i limistéar uirbeach chun carr a locadh, agus

(b) go soláthraíonn a fhostóir nó a fostóir an spás sin go díreach nó go neamhdhíreach,

ansin déanfar cáin ar a dtabharfar ‘tobhach loctha’ a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na Coda seo i ndáil leis an teideal sin.

Ráta muirir i leith tobhaigh loctha.

531U.— (1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, is é méid an tobhaigh loctha i ndáil le gach fostaí—

(a) €200 i ndáil le gach bliain mheasúnachta, nó

(b) i ndáil leis an mbliain mheasúnachta ina dtagann an Chuid seo in éifeacht, €200 arna laghdú go dtí méid a mbeidh idir é agus €200 an chomhréir chéanna atá idir an tréimhse arb é atá inti an chuid den bhliain sin ina bhfuil éifeacht leis an gCuid seo agus an bhliain mheasúnachta iomlán.

(2) I gcás gur leithroinneadh spás loctha ar fhostaí ar bhonn roinnte, nó ar bhonn socrú eile den tsamhail sin, lena n-áirítear an bonn tús áite don té is túisce dá dtagraítear in alt 531Q(1)(e), maidir le méid an tobhaigh loctha—

(a) i gcás gur lú an coibhneas atá idir fostaithe a chomhroinneann spás loctha agus spás ná a dó lena haon, is é an méid cuí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) é, agus

(b) i gcás gurb é an coibhneas idir fostaithe a chomhroinneann spás loctha agus spás a dó lena haon nó níos mó, déanfar é a laghdú go dtí 50 faoin gcéad den mhéid cuí dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(3) Más rud é gurb éard atá sa ghnáthphatrún oibre a cheanglaítear ar fhostaí an fostaí gan a bheith ag obair ach amháin ar feadh cuid den tseachtain iomlán oibre nó den bhliain iomlán oibre, ansin laghdófar méid an tobhaigh loctha arna chinneadh de réir fho-alt (1) nó (2) go dtí méid a mbeidh idir é agus an méid arna chinneadh amhlaidh an chomhréir chéanna atá idir an chuid den tseachtain iomlán oibre nó den bhliain iomlán oibre a cheanglaítear ar an bhfostaí a oibriú agus an tseachtain iomlán oibre nó an bhliain iomlán oibre, ar an gcoinníoll nach mbeidh méid an tobhaigh níos lú ná 50 faoin gcéad den mhéid arna chinneadh de réir fho-alt (1) nó (2) de réir mar a bheidh.

(4) I gcás go mbeidh feidhm ar feadh cuid de bhliain mheasúnachta nó ar feadh cuid den tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) ag teideal fostaí chun spás loctha a úsáid, ansin laghdófar méid an tobhaigh loctha arna chinneadh de réir fho-alt (1), (2) nó (3), de réir mar a bheidh, go dtí méid a mbeidh an chomhréir chéanna idir é agus an méid arna chinneadh amhlaidh agus atá idir an chuid den bhliain nó den tréimhse a bhfuil an teideal sin ag an bhfostaí lena linn agus an tréimhse iomlán nó an bhliain iomlán.

(5) Tabharfar neamhaird chun críocha fho-alt (4) ar theideal fostaí chun spás loctha a úsáid ar feadh na tréimhse a mbeidh an fostaí ar shaoire mháithreachais lena linn agus ar feadh tréimhse 10 seachtaine díreach roimh an dáta a thosóidh an fostaí ar an tsaoire sin.

(6) I gcás gurb éard atá sa ghnáthphatrún oibre a cheanglaítear ar fhostaí tosú ar an obair nó scor den obair tar éis a 9 a chlog istoíche nó roimh a 7 a chlog ar maidin, tabharfar neamhaird chun críocha fho-alt (4) ar an gcuid sin de bhliain mheasúnachta nó ar an gcuid sin den tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) ina bhfuil feidhm ag an bpatrún oibre sin.

An fostóir d’asbhaint tobhaigh.

531V.— (1) I gcás feidhm a bheith ag alt 531T, maidir le fostóir—

(a) déanfaidh sé nó sí méid an tobhaigh loctha, arna chinneadh de réir alt 531U, a asbhaint as glandíolaíochtaí an fhostaí don tréimhse ar lena linn atá teideal aige nó aici chun spás loctha a úsáid agus déanfar an asbhaint sin ag tráth agus de réir minicíochta a fhreagraíonn d’íoc dhíolaíochtaí an fhostaí,

(b) beidh sé nó sí cuntasach i méid an tobhaigh loctha is inasbhainte agus dlífidh sé nó sí an méid sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ionann is dá mba mhéid cánach ioncaim é ab inasbhainte de réir Rialacháin ÍMAT, agus

(c) déanfaidh sé nó sí iomlán mhéideanna uile an tobhaigh loctha a raibh an fostóir faoi dhliteanas a asbhaint ó fhostaithe a chur ar aghaidh chuig an Ard-Bhailitheoir agus déanfar an méid sin a chur ar aghaidh an tráth céanna agus ar an modh céanna a gceanglaítear ar an bhfostóir faoi Rialachán 28 nó, de réir mar a bheidh, faoi Rialachán 29 de Rialacháin ÍMAT, méideanna cánach a chur ar aghaidh a raibh an fostóir faoi dhliteanas iad a asbhaint as díolaíochtaí a íocadh le fostaithe.

(2) I gcás ina ndéanfaidh fostóir méid tobhaigh loctha a asbhaint, de réir na Coda seo, as glandíolaíochtaí fostaí—

(a) ceadóidh an fostaí an asbhaint sin ar iarmhar na nglandíolaíochtaí a fháil, agus

(b) beidh an fostóir saortha agus urscaoilte i leith cibé méid arb ionannas dó an asbhaint, amhail is dá mba rud é gur íocadh an méid sin iarbhír.

Gan aon fhaoiseamh a bheith ar fáil i leith aon íocaíochta i ndáil le tobhach loctha.

531W.— D’ainneoin aon fhorála de na hAchtanna Cánach, ní dhéanfar aon suim—

(a) i gcás fostaí, a lamháil don fhostaí i ndáil le tobhach loctha is iníoctha faoin gCuid seo—

(i) mar asbhaint faoi alt 114, nó

(ii) mar chreidmheas in aghaidh aon dliteanais a éireoidh faoi na hAchtanna Cánach,

(b) i gcás fostóra—

(i) a asbhaint le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan is inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal D a ríomh, nó

(ii) a áireamh le linn aon chaiteachais bhainistíochta a ríomh a bhféadfar asbhaint a éileamh ina leith faoi alt 83 nó 707,

i ndáil le haon mhéid a íocann an fostóir le fostaí mar chúiteamh as íocaíocht tobhaigh loctha faoin gCuid seo nó mar aisíoc ar an gcéanna.

Taifid agus rialacháin.

531X.— (1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás go ndéanann fostóir spás loctha a sholáthar go díreach nó go neamhdhíreach i limistéar uirbeach lena mbaineann an Chuid seo le húsáid ag fostaí amháin nó níos mó chun carr a locadh, déanfaidh an fostóir i leith gach bliana measúnachta agus i leith na tréimhse dá dtagraítear in alt 531U(1)(b) taifead iomlán fírinneach a choimeád i mbuanfhoirm ar an méid seo a leanas:

(a) sonraí faoi na suímh ag a soláthraítear gach spás loctha den sórt sin,

(b) ainm agus uimhir phearsanta seirbhíse poiblí gach fostaí ag a bhfuil teideal chun spás loctha a úsáid,

(c) i gcás go mbeidh feidhm ag alt 531Q(3), ainm agus uimhir phearsanta seirbhíse poiblí gach fostaí a scoir de theideal a bheith aige nó aici chun spás loctha a úsáid agus an dáta ónar scoir an teideal,

(d) i gcás go mbeidh feidhm ag alt 531S(a), ainm agus uimhir phearsanta seirbhíse poiblí gach fostaí lena mbaineann an t-alt sin, agus

(e) cibé taifid eile a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim i rialacháin agus a theastóidh le réasún uathu chun críocha na Coda seo.

(2) I gcás go ndéanfaidh duine dá dtagraítear in alt 531R(d) spás loctha a sholáthar i limistéar uirbeach lena mbaineann an Chuid seo le húsáid ag fostaí earnála poiblí amháin nó níos mó chun carr a locadh, déanfaidh an duine sin i leith gach bliana measúnachta agus i leith na tréimhse dá dtagraítear in alt 531U(1)(b)—

(a) taifead iomlán fírinneach a choimeád i mbuanfhoirm ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna (a) go (e) d’fho-alt (1), agus

(b) (i) cibé sonraí is gá chun go gcomhlíonfaidh an fostóir ceanglais alt 531V(1) a tharchur tráth atá luath go leor chuig fostóir an fhostaí nó na bhfostaithe sin, agus

(ii) taifead de na sonraí a tarchuireadh amhlaidh.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun an Chuid seo a riaradh agus a chur i ngníomh agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh foráil a bheith sna rialacháin sin i ndáil leis na taifid sin dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(e) agus leis na nithe sin dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b).

(4) Chun críocha na Coda seo, measfar go bhfolaíonn an míniú ar ‘taifid’ in alt 903 na taifid dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha alt 903 maidir leis na taifid sin.

Íoc, bailiú agus gnóthú.

531Y.— (1) Déantar an tobhach loctha dá bhforáiltear faoin gCuid seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim agus beidh feidhm ag alt 849 amhail is dá n-áireofaí ‘tobhach loctha’ sa mhíniú ar ‘cáin’ san alt sin.

(2) Beidh feidhm ag forálacha Chaibidil 4 de Chuid 42 agus ag Cuid 5 de Rialacháin ÍMAT, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an tobhach loctha a íoc, a bhailiú agus a ghnóthú mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim a íoc, a bhailiú agus a ghnóthú de réir na Coda sin 42 agus na Rialachán sin agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo—

(a) tá feidhm ag an míniú ar ‘na rialacháin’ in alt 989 amhail is dá mbeadh ar áireamh ann tagairt d’fhorálacha na Coda seo, agus

(b) tá feidhm ag ailt 989, 990, 991 agus 991A amhail is dá mbeadh ar áireamh sna tagairtí faoi seach do cháin ioncaim nó do cháin sna hailt sin tagairt don tobhach loctha is iníoctha faoin gCuid seo.

(3) I gcás fostóir do ghearríoc nó do ró-íoc an tobhaigh loctha leis an Ard-Bhailitheoir, déanfar an méid nár íocadh a íoc leis an Ard-Bhailitheoir nó déanfaidh an tArd-Bhailitheoir an méid a ró-íocadh a aisíoc, de réir mar a bheidh agus mar is cuí.

(4) I gcás fostóra lena mbaineann alt 531V(1), déanfaidh an fostóir na sonraí seo a leanas a áireamh ar an bhfoirm a cheanglaítear a chur chuig an Ard-Bhailitheoir faoi Rialachán 31 de Rialacháin ÍMAT:

(a) líon iomlán na bhfostaithe a raibh feidhm ag an tobhach loctha maidir leo sa bhliain mheasúnachta, agus

(b) an méid iomlán tobhaigh loctha a d’asbhain an fostóir d’fhostaithe sa bhliain mheasúnachta.

Pionóis.

531Z.— (1) I gcás ina mainneoidh fostóir—

(a) an tobhach loctha a asbhaint nó a chur ar aghaidh de réir alt 531V(1),

(b) taifid a choimeád de réir alt 531X(1), nó

(c) na sonraí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d’alt 531Y(4) a áireamh ar an bhfoirm a cheanglaítear a chur chuig an Ard-Bhailitheoir faoi Rialachán 31 de Rialacháin ÍMAT,

dlífear pionós €3,000 a chur ar an duine sin.

(2) I gcás ina mainneoidh duine lena mbaineann alt 531X(2)—

(a) taifid a choimeád de réir mhíreanna (a) agus (b)(ii) den alt sin, nó

(b) sonraí a chur ar fáil d’fhostóir de réir mhír (b)(i) den alt sin,

dlífear pionós €3,000 a chur ar an duine sin.

(3) Tá feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) d’alt 987 maidir leis na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo mar atá feidhm acu maidir leis na pionóis dá bhforáiltear in alt 987.”,

(b) in alt 1002, sa mhíniú ar “na hAchtanna”, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (vii):

“(viii) Cuid 18B,”,

(c) in alt 1006, sa mhíniú ar “na hAchtanna”, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

(f) Cuid 18B,”,

(d) in alt 1006A, sa mhíniú ar “Achtanna”, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

(i) Cuid 18B,”,

agus

(e) in alt 1078, sa mhíniú ar “na hAchtanna”, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(i) Cuid 18B,”.

(2) Leasaítear an tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach 1927 sa mhíniú ar “cáin” in alt 1 trí “agus tobhach loctha” a chur isteach i ndiaidh “dleachtanna stampa”.

Caibidil 3

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 15 (ráta muirir) den Phríomh-Acht.

4 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2009 agus blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) trí “€27,400” a chur in ionad “€26,400” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2008) i bhfo-alt (3), agus

(b) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla (arna chur isteach isteach amhlaidh) a ghabhann leis an alt sin:

“TÁBLA

CUID 1

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €36,400

20 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An fuílleach

41 faoin gcéad

an t-ardráta

CUID 2

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €40,400

20 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An fuílleach

41 faoin gcéad

an t-ardráta

CUID 3

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €45,400

20 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An fuílleach

41 faoin gcéad

an t-ardráta

”.

Leasú ar alt 122 (socruithe maidir le hiasacht tosaíochta) den Phríomh-Acht.

5 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2009 agus blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 122 den Phríomh-Acht sa mhíniú ar “an ráta sonraithe” i bhfo-alt (1)(a)—

(a) trí “5 faoin gcéad” a chur in ionad “5.5 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2008) sa dá áit a bhfuil sé, agus

(b) trí “12.5 faoin gcéad” a chur in ionad “13 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2008).

Sochar comhchineáil: ríomhaireachtaí astaíochtbhunaithe.

6 .— (1) Leasaítear alt 121 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) sa mhíniú ar “míleáiste gnó do bhliain mheasúnachta” trí “an líon iomlán de shlánchiliméadair” a chur in ionad “an líon iomlán de shlánmhílte”,

(b) i bhfo-alt (3)—

(i) trí mhír (c) a scriosadh don bhliain mheasúnachta 2009 agus do bhlianta dá héis,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) Tá an fo-alt seo faoi réir fho-alt (4B) don bhliain mheasúnachta 2009 agus do bhlianta do héis.”,

(c) i bhfo-alt (4)—

(i) i mír (a) trí “24,000 ciliméadar” a chur in ionad “15,000 míle”,

(ii) i mír (c)(i)—

(I) trí “24,000” a chur in ionad “15,000” gach áit a bhfuil sé, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt sin—

“AN TÁBLA

An íosteorainn míleáiste gnó

An uasteorainn míleáiste gnó

An céatadán den mhargadhluach bunaidh

(1)

(2)

(3)

ciliméadair

ciliméadair

faoin gcéad

24,000

32,000

24

32,000

40,000

18

40,000

48,000

12

48,000

6

”.

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (c):

“(d) Tá an fo-alt seo faoi réir fho-alt (4B) don bhliain mheasúnachta 2009 agus do bhlianta dá héis.”,

(d) trí fho-alt (4A) a scriosadh don bhliain mheasúnachta 2009 agus blianta dá héis,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4A):

“(4B) (a) I gcás go soláthraítear carr nua den chéad uair don bhliain mheasúnachta 2009 nó d’aon bhliain dá héis, is í coibhéis airgid na tairbhe méid a chinnfear de réir na foirmle:

Margadhluach bunaidh [html] A

i gcás—

gur céatadán é A, bunaithe ar earnálacha feithiclí agus ar mhíleáiste gnó, a chinnfear de réir cholún (3), (4) nó (5), de réir mar a bheidh, de Thábla A a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

(b) I dTábla A a ghabhann leis an bhfo-alt seo, aon chéatadán a thaispeántar i gcolún (3), (4) nó (5), de réir mar a bheidh, is é an céatadán is infheidhme maidir le haon mhíleáiste gnó do bhliain mheasúnachta—

(i) is mó ná an íosteorainn (más ann) a thaispeántar i gcolún (1), agus

(ii) nach mó ná an uasteorainn (más ann) a thaispeántar i gcolún (2),

os coinne lua an chéatadáin sin i gcolún (3), (4) nó (5), de réir mar a bheidh.

(c) Aon tagairt san alt seo d’fheithicil in aon cheann de na hEarnálacha feithiclí A go G mar atá leagtha amach sa chéad cholún de Thábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, is tagairt í d’fheithicil a bhfuil a hastaíochtaí CO 2, arna ndaingniú faoi threoir dheimhniú iomchuí cineálcheadaithe CE nó dheimhniú iomchuí comhréireachta CE, leagtha amach sa taifead comhréire sa dara colún de Thábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

TÁBLA A

An míleáiste gnó

Earnálacha Feithiclí

Earnálacha Feithiclí

Earnálacha Feithiclí

an íosteorainn

an uasteorainn

A, B agus C

D agus E

F agus G

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

ciliméadair

ciliméadair

faoin gcéad

faoin gcéad

faoin gcéad

24,000

30

35

40

24,000

32,000

24

28

32

32,000

40,000

18

21

24

40,000

48,000

12

14

16

48,000

6

7

8

TÁBLA B

Earnáil Feithicle

Astaíochtaí CO 2 (CO 2 g/km)

(1)

(2)

A

0g/km suas le 120g/km agus an méid sin san áireamh

B

Níos mó ná 120g/km suas le 140g/km agus an méid sin san áireamh

C

Níos mó ná 140g/km suas le 155g/km agus an méid sin san áireamh

D

Níos mó ná 155g/km suas le 170g/km agus an méid sin san áireamh

E

Níos mó ná 170g/km suas le 190g/km agus an méid sin san áireamh

F

Níos mó ná 190g/km suas le 225g/km agus an méid sin san áireamh

G

Níos mó ná 225g/km.

”,

(f) i bhfo-alt (5)—

(i) i bhfomhír (ii) trí “8,000 ciliméadar” a chur in ionad “5,000 míle”, agus

(ii) trí fhomhír (aa) a scriosadh don bhliain mheasúnachta 2009 agus do bhlianta dá héis,

agus

(g) i bhfo-alt (6)—

(i) i mír (b) trí “trí 8,000 a bhaint as líon iomlán na gciliméadar a thaistil” a chur in ionad “trí 5,000 a bhaint as líon iomlán na mílte a thaistil”, agus

(ii) trí mhír (bb) a scriosadh don bhliain mheasúnachta 2009 agus do bhlianta dá héis.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Muirear sochair comhchineáil: faoiseamh i leith rothar.

7 .— (1) Leasaítear Caibidil 3 de Chuid 5 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 118 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5F):

“(5G) (a) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le caiteachas suas le €1,000 a thabhaigh an comhlacht corpraithe le linn rothar nó trealamh sábháilteachta rothair a sholáthar do stiúrthóir nó d’fhostaí, nó i dtaca leis an gcéanna, más rud é —

(i) nach mbeidh an rothar agus an trealamh sábháilteachta rothar a sholáthrófar úsáidte ná réchaite,

(ii) go n-úsáidfidh an stiúrthóir nó an fostaí an rothar nó an trealamh sábháilteachta rothair, nó an rothar agus an trealamh sábháilteachta rothair, de réir mar a bheidh, go formhór i gcomhair turas cáilitheach, agus

(iii) go gcuirfear rothair nó trealamh sábháilteachta rothair, nó rothair agus trealamh sábháilteachta rothair, de réir mar a bheidh, ar fáil go ginearálta do stiúrthóirí agus d’fhostaithe an chomhlachta chorpraithe.

(b) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘rothar’ rothar cos;

folaíonn ‘trealamh sábháilteachta rothair’—

(i) cloigíní rothair agus bonnáin bholgáin,

(ii) clogaid rothair atá de réir chaighdeán sábháilteachta táirge na hEorpa CEN/EN 1078,

(iii) soilse rothair, lena n-áirítear pacaí dineamó,

(iv) frithchaiteoirí rothair agus éadach frithchaiteach; agus

(v) cibé trealamh sábháilteachta eile a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn ‘gnátháit oibre’ an áit ina gcomhlíonann an stiúrthóir nó an fostaí dualgais a oifige nó a hoifige nó a fhostaíochta nó a fostaíochta de ghnáth;

ciallaíonn ‘rothar cos’—

(i) dhárothach nó trírothach atá ceaptha nó oiriúnaithe lena ghluaiseacht le saothar coirp, agus le saothar coirp amháin, duine nó daoine atá ina shuí nó ina suí air, nó

(ii) rothar leictreach,

ach ní fholaíonn sé móipéid nó scútar;

ciallaíonn ‘rothar leictreach’ dhárothach nó trírothach ar a bhfuil mótar leictreach cúnta ina bhfuil 0.25 cileavata de chumhacht rátaithe leanúnach uasta, a laghdaítear a aschur de réir a chéile agus a scoirtear sa deireadh de réir mar a bhaineann an fheithicil 25 chiliméadar san uair de luas amach, nó roimhe sin má stadann an rothaí de na troitheáin a oibriú;”.

ciallaíonn ‘turas cáilitheach’, i ndáil le stiúrthóir nó fostaí, an turas iomlán nó cuid de—

(i) idir teach an stiúrthóra nó an fhostaí agus a ghnátháit nó a gnátháit oibre, nó

(ii) idir gnátháit oibre an stiúrthóra nó an fhostaí agus áit oibre eile, más rud é go mbíonn an stiúrthóir nó an fostaí ag taisteal i gcomhlíonadh dhualgais a oifige nó a hoifige nó a fhostaíochta nó a fostaíochta.

(c) Ní dhéanfar, de bhua an fho-ailt seo, faoiseamh a thabhairt do stiúrthóir nó d’fhostaí ó mhuirear cánach ioncaim faoi fho-alt (1) níos mó ná uair amháin in aon tréimhse 5 bliana measúnachta as a chéile, dar tosach an bhliain mheasúnachta is túisce ina gcuirfear rothar nó trealamh sábháilteachta rothair ar fáil don stiúrthóir nó don fhostaí lena mbaineann.”,

(b) in alt 118B—

(i) i bhfo-alt (1) sa mhíniú ar “comhaontú imghéillte tuarastail” trí “socrú imghéillte tuarastail” a chur in ionad “comhaontú imghéillte tuarastail”,

(ii) i bhfo-alt (2)—

(I) i mír (a)(i) trí “agus” a scriosadh agus i mír (a)(ii) trí “alt 510(4), agus” a chur in ionad “alt 510(4)”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a)(ii):

“(iii) rothar nó trealamh sábháilteachta rothair arna sholáthar do stiúrthóir nó d’fhostaí agus atá díolmhaithe ó mhuirear cánach de bhua alt 118(5G),”,

agus

(iii) i bhfo-alt (5) trí “socrú imghéillte tuarastail” a chur in ionad “comhaontú imghéillte tuarastail”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo i leith caiteachais a thabhófar an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

Leasú ar alt 469 (faoiseamh i leith costais sláinte) den Phríomh-Acht.

8 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2009 agus le blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 469 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “síceolaí oideachais”:

“ciallaíonn ‘céatadán cuí’, i ndáil le bliain mheasúnachta, céatadán ar cóimhéid leis an ráta caighdeánach cánach don bhliain sin;”,

agus

(ii) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “teiripeoir urlabhra agus teanga”:

“ciallaíonn ‘méid sonraithe’, i ndáil le bliain mheasúnachta, an méid caiteachais a cháilíonn le haghaidh faoisimh cánach ioncaim de réir an ailt seo;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Faoi réir an ailt seo, i gcás ina gcruthóidh pearsa aonair do bhliain mheasúnachta gur íoc sé nó sí sa bhliain mheasúnachta costais sláinte a tabhaíodh chun cúram sláinte a sholáthar, déanfar an cháin ioncaim a bheidh le muirearú ar an bpearsa aonair, seachas de réir alt 16(2) don bhliain mheasúnachta sin, a laghdú den mhéid is lú acu seo a leanas—

(a) an méid is comhionann leis an gcéatadán cuí den mhéid sonraithe, agus

(b) an méid a laghdaíonn an cháin ioncaim sin go neamhní,

ach, i gcás ina gcruthóidh pearsa aonair gur íoc sé nó sí costais sláinte a tabhaíodh chun cúram sláinte de chineál cothabhála nó cóireála a sholáthar i dteach banaltrais, beidh an phearsa aonair i dteideal, chun méid an ioncaim a mbeidh cáin ioncaim le muirearú air nó uirthi ina leith a fháil amach, go mbainfí as a ioncam nó as a hioncam iomlán an mhéid a chruthófar a íocadh amhlaidh.”.

Scéimeanna scaireanna d’fhostaithe: ceadú a tharraingt siar.

9 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) i mír 5(1) de Sceideal 11—

(i) trí “nó” a scriosadh mar a bhfuil sé díreach roimh chlásal (d) agus trí “mír 4, nó” a chur in ionad “mír 4,” i gclásal (d), agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (d):

“(e) i gcás go mainneoidh duine faisnéis a chur ar fáil is faisnéis a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 510(7) nó faisnéis a cheanglaítear a sheachadadh faoi alt 510(8),”,

agus

(b) i mír 3(1) de Sceideal 12—

(i) trí “nó” a scriosadh i gclásal (a) agus trí “nó” a chur isteach ag deireadh chlásal (b), agus

(ii) tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (b):

“(c) i gcás go mainneoidh duine faisnéis a chur ar fáil is faisnéis a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi mhír 3(4) nó faisnéis a cheanglaítear a sheachadadh faoi mhír 3(5),”.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

Leasú ar alt 128 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le stiúrthóirí cuideachtaí agus fostaithe dá ndeonaítear cearta chun scaireanna nó sócmhainní eile a fháil) den Phríomh-Acht.

10 .— (1) Leasaítear alt 128 den Phríomh Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) (a) Faoi réir fho-alt (7), beidh duine, i gcás cirt a dheonaítear mar gheall ar oifig nó fostaíocht an duine, inmhuirearaithe i leith cánach faoin alt seo i leith gnóchain arna réadú ag duine eile—

(i) más don duine eile sin a deonaíodh an ceart,

(ii) má fuair an duine eile an ceart ar shlí seachas trí shannadh nó faoi shannadh a rinneadh ar mhodh margáin ar neamhthuilleamaí,

(iii) más daoine bainteacha an 2 dhuine tráth réadaithe an ghnóchain, nó

(iv) má thairbhíonn an duine go díreach nó go neamhdhíreach as an duine eile d’fheidhmiú, do shannadh nó do scaoileadh an chirt;

ach i gcás faoi réim fhomhíreanna (ii), (iii), nó (iv), measfar an gnóchan a réadaíodh a bheith laghdaithe de mhéid aon ghnóchain a réadaigh sealbhóir roimhe sin ar an gceart a shannadh.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, folóidh gnóchan a réadaigh duine eile gnóchan a réadaíodh ar an duine d’fheidhmiú cirt ar i leith a oifige nó a hoifige nó a fhostaíochta nó a fostaíochta a deonaíodh an ceart, i gcás go bhfeidhmeoidh an duine sin an ceart mar ainmnitheach nó iontaobhaí ainmniúil an duine eile, nó ar shlí eile thar ceann an duine eile.”,

(b) i bhfo-alt (7) trí “fhomhír (ii) nó (iii) d’fho-alt (6)(a)” a chur in ionad “fho-alt (6)(b)”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8) (a) I gcás go sanntar nó go scaoiltear ceart (dá ngairtear an ‘ceart bunaidh’ san fho-alt seo) agus gurb éard í an chomaoin don sannadh nó don scaoileadh, go hiomlán nó go páirteach, nó gur cuid di, ceart eile (dá ngairtear an ‘ceart nua’ san fho-alt seo) ní áireofar an ceart nua mar chomaoin don sannadh nó don scaoileadh; ach beidh feidhm ag an alt seo i ndáil leis an gceart nua mar atá feidhm aige i ndáil leis an gceart bunaidh agus ionann is dá mba nár áiríodh ar an gcomaoin i leith a fhála luach an chirt bunaidh ach gur áiríodh uirthi méid nó luach na comaoine a tugadh as an gceart bunaidh a dheonú sa mhéid nár fritháiríodh ina aghaidh sin aon chomaoin luachmhar don sannadh nó don scaoileadh seachas an chomaoin arb éard í an ceart nua.

(b) Ní choiscfidh oibriú mhír (a) muirear d‘éirí faoin alt seo ar ghnóchan arna réadú tríd an gceart bunaidh a fheidhmiú.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 20 Samhain 2008.

Leasú ar Sceideal 29 (forálacha dá dtagraítear in ailt 1052, 1053 agus 1054) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

11 .— Leasaítear Sceideal 29 a ghabhann leis an bPríomh-Acht i gcolún 3—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh “alt 238(3)”:

“alt 128C(15)

alt 128D(8)

alt 128E(9)”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh “alt 904”:

“alt 896A”.

Leasú ar Chaibidil 5 (forálacha muirearacha ilghnéitheacha) de Chuid 5 den Phríomh-Acht.

12 .— (1) Leasaítear Caibidil 5 de Chuid 5 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 128C:

“Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le stiúrthóirí cuideachtaí agus le fostaithe a fhaigheann scaireanna srianta.

128D.— (1) San alt seo—

tá le ‘stiúrthóir’ agus ‘fostaí’ na bríonna, faoi seach, a thugtar dóibh le halt 770(1);

ciallaíonn ‘fostóir’ an chuideachta ina sealbhaíonn an stiúrthóir nó an fostaí a oifig nó a hoifig nó a fhostaíocht nó a fostaíocht;

forléireofar ‘margadhluach’ de réir alt 548;

forléireofar ‘scaireanna srianta’ de réir fho-alt (3);

folaíonn ‘scaireanna’ stoc;

tá le ‘tréimhse shonraithe’ an bhrí chéanna atá leis i bhfo-alt (3)(a).

(2) Faoi réir fho-alt (7), beidh feidhm ag an alt seo i gcás—

(a) go bhfaighidh stiúrthóir nó fostaí scaireanna (lena n-áirítear scaireanna a fhaightear ar fheidhmiú cirt lena mbaineann alt 128) i gcuideachta mar stiúrthóir nó fostaí de chuid na cuideachta sin nó de chuid cuideachta eile,

(b) gur scaireanna sa chuideachta ina sealbhaíonn an stiúrthóir nó an fostaí a oifig nó a hoifig nó a fhostaíocht nó a fostaíocht nó i gcuideachta a bhfuil rialú (de réir bhrí alt 432) aici ar an gcuideachta sin, iad na scaireanna, agus

(c) gur scaireanna srianta iad na scaireanna tráth na fála.

(3) Chun críocha an ailt seo, is scaireanna srianta scaireanna, más rud é—

(a) go bhfuil conradh nó comhaontú i scríbhinn i bhfeidhm a bhfuil, faoina théarmaí, srian ar shaoirse an stiúrthóra nó an fhostaí a shealbhaíonn na scaireanna na scaireanna a shannadh, a mhuirearú, a chur i ngeall mar urrús d’iasacht nó d’fhiach eile, a aistriú, nó a dhiúscairt ar shlí eile ar feadh tréimhse bliana ar a laghad (dá ngairtear an ‘tréimhse shonraithe’ san alt seo),

(b) go bhfuil an conradh nó an comhaontú i bhfeidhm chun críocha tráchtála bona fide agus nach cuid é de scéim ná de shocrú arb é an príomhchuspóir nó ceann de na príomhchuspóirí atá léi nó leis cáin a sheachaint,

(c) nach féidir na scaireanna a shannadh, a mhuirearú, a chur i ngeall mar urrús d'iasacht nó d’fhiach eile, a aistriú ná a dhiúscairt ar shlí eile in aon imthosca le linn na tréimhse sonraithe, seachas—

(i) ar an stiúrthóir nó fostaí d’fháil bháis, nó

(ii) de dhroim an stiúrthóir nó an fostaí do chomhaontú—

(I) glacadh le tairiscint ar na scaireanna (dá ngairtear na ‘scaireanna bunaidh’ sa chlásal seo) dá mbeadh de thoradh ar an nglacadh nó ar an gcomhaontú go ndéanfaí sealbhán nua (de réir bhrí alt 584) a ionannú leis na scaireanna bunaidh chun críocha cánach gnóchan caipitiúil,

(II) le hidirbheart a dhéanann difear do na scaireanna nó do cibé cuid de na scaireanna is d’aicme áirithe, dá mba idirbheart é a dhéanfaí de bhun comhréitigh, socraithe nó scéime is infheidhme maidir le gnáth-scairchaipiteal uile na cuideachta atá i gceist nó, de réir mar a bheidh, maidir leis na scaireanna uile den aicme chéanna leis na scaireanna a fuair an stiúrthóir nó an fostaí, nó de bhun comhréitigh, socraithe nó scéime a dhéanann difear don chéanna, nó

(III) glacadh le tairiscint airgid, fara nó d’éagmais sócmhainní eile, ar na scaireanna más cuid í an tairiscint de thairiscint ghinearálta a dhéanfar do shealbhóirí ar scaireanna den aicme chéanna leis na scaireanna a fuair an stiúrthóir nó an fostaí nó ar scaireanna sa chuideachta chéanna agus ar tairiscint í a dhéanfar sa chéad ásc ar choinníoll a fhágfaidh, má chomhlíontar é, go mbeidh rialú (de réir bhrí alt 432) ag an duine a dhéanfaidh an tairiscint ar an gcuideachta sin,

agus

(d) le linn na tréimhse sonraithe, go bhfuil na scaireanna á sealbhú in iontaobhas arna bhunú ag an bhfostóir chun tairbhe d’fhostaithe agus do stiúrthóirí, nó á sealbhú faoi cibé socruithe eile a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo—

(a) déanfar aon mhuirear i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E (agus a ríomhtar de réir alt 112 nó 128, de réir mar a bheidh), nó faoi Sceideal D, ar na scaireanna a fháil, a laghdú de mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

A x B

100

más rud é—

gurb é A méid an mhuirir i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E nó Sceideal D, de réir mar a bheidh, agus

gurb é B—

(i) 10, i gcás gur bliain amháin an tréimhse shonraithe,

(ii) 20, i gcás gur dhá bhliain an tréimhse shonraithe,

(iii) 30, i gcás gur 3 bliana an tréimhse shonraithe,

(iv) 40, i gcás gur 4 bliana an tréimhse shonraithe,

(v) 50, i gcás gur 5 bliana an tréimhse shonraithe,

(vi) 60, i gcás an tréimhse shonraithe a bheith níos faide ná 5 bliana,

(b) déanfar an muirear i leith cánach ioncaim dá dtagraítear i mír (a) a ríomh faoi threoir mhargadhluach na scaireanna dáta na fála ach gan aird a thabhairt ar an srian ar shaoirse an stiúrthóra nó an fhostaí a shealbhaíonn na scaireanna na scaireanna a shannadh, a mhuirearú, a chur i ngeall mar urrús d’iasacht nó d’fhiach eile, a aistriú nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(5) I gcás go ndéantar muirear i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E nó Sceideal D, ar stiúrthóir nó fostaí d’fháil scaireanna, a laghdú de réir fho-alt (4), agus—

(a) go ndíchuirtear nó go n-athraítear ina dhiaidh sin an srian ar shaoirse an stiúrthóra nó an fhostaí na scaireanna a fuair sé nó sí a shannadh, a mhuirearú, a chur i ngeall mar urrús d’iasacht nó d’fhiach eile, a aistriú nó a dhiúscairt ar shlí eile, nó

(b) go ndéantar na scaireanna a dhiúscairt in aon cheann de na himthosca a luaitear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) d’fho-alt (3)(c) roimh dhul in éag don tréimhse shonraithe,

ansin, d’ainneoin aon teorann sna hAchtanna Cánach Ioncaim maidir leis an tréimhse ar laistigh di a fhéadfar measúnachtaí a dhéanamh, déanfar an muirear cánach ioncaim ar fháil na scaireanna a choigeartú chun an tréimhse iarbhír a chur i gcuntas ar lena linn a bhí srian ar shaoirse an stiúrthóra nó an fhostaí na scaireanna a shannadh, a mhuirearú, a aistriú nó a dhiúscairt ar shlí eile. Maidir leis an gcoigeartú ar dhliteanas i leith cánach is gá chun críocha na míre seo, déanfar é aon tráth, cibé acu trí mheasúnacht, measúnacht bhreise nó ar shlí eile.

(6) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo agus go n-áireofar, chun críocha alt 552, muirear i leith cánach ioncaim ar stiúrthóir nó fostaí d’fháil scaireanna, a bheith mar chuid den chomaoin a thug an stiúrthóir nó an fostaí chun na scaireanna a fháil, ansin is é méid an mhuirir cánach ioncaim a bheidh le háireamh amhlaidh an méid arna laghdú de réir fho-alt (4), i dteannta aon mhéid breise arna mhuirearú de dhroim coigeartaithe a dhéanfar de réir fho-alt (5).

(7) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le scaireanna a fuair stiúrthóir nó fostaí faoi théarmaí scéime arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi Sceideal 11, 12, 12A nó 12C.

(8) Más rud é, in aon bhliain—

(a) go ndámhann duine scaireanna srianta do stiúrthóir nó d’fhostaí, nó

(b) go dtarlaíonn ócáid a thagann faoi réim mhír (a) nó (b) d’fho-alt (5) i ndáil le scaireanna srianta a dámhadh,

ansin déanfaidh an duine sonraí na ndámhachtainí nó na hócáide, de réir mar a bheidh, a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim an 31 Márta nó roimhe sa bhliain tar éis na bliana ina ndearnadh an dámhachtain nó inar tharla an ócáid, de réir mar a bheidh.

(9) Chun críocha fho-alt (8), measfar go ndámhann duine scaireanna srianta do stiúrthóir nó d’fhostaí i gcás go bhfaigheann an stiúrthóir nó an fostaí na scaireanna srianta ar fheidhmiú cirt lena mbaineann alt 128, agus gur dheonaigh an duine an ceart don stiúrthóir nó don fhostaí.

Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le stiúrthóirí cuideachtaí agus le fostaithe a fhaigheann scaireanna infhorghéillte.

128E.— (1) San alt seo—

tá le ‘stiúrthóir’ agus ‘fostaí’ na mínithe, faoi seach, a thugtar dóibh le halt 770(1);

déanfar ‘margadhluach’ a fhorléiriú de réir alt 548;

déanfar ‘scaireanna infhorghéillte’ a fhorléiriú de réir fho-alt (3);

folaíonn ‘scaireanna’ stoc.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás—

(a) go bhfaighidh stiúrthóir nó fostaí scaireanna (lena n-áirítear scaireanna arna bhfáil ar fheidhmiú cirt lena mbaineann alt 128) i gcuideachta mar stiúrthóir nó fostaí de chuid na cuideachta sin nó de chuid cuideachta eile, agus

(b) gur scaireanna infhorghéillte na scaireanna an tráth a fhaightear iad.

(3) Faoi réir fho-alt (4), chun críocha an ailt seo, is scaireanna infhorghéillte scaireanna más rud é—

(a) go bhfuil conradh nó comhaontú i scríbhinn i bhfeidhm—

(i) a bhforghéillfear na scaireanna faoina théarmaí má tharlaíonn nó mura dtarlaíonn imthosca áirithe,

(ii) a scoirfidh an stiúrthóir nó an fostaí faoina théarmaí d’aon leas tairbhiúil a bheith aige nó aici sna scaireanna de thoradh an fhorghéillte, agus

(iii) nach mbeidh, faoina théarmaí, an stiúrthóir nó an fostaí i dteideal comaoin in airgead nó i luach airgid i leith na scaireanna a fháil, go díreach ná go neamhdhíreach, ar iad a fhorghéilleadh, de bhreis ar an gcomaoin a thabharfaidh an stiúrthóir nó fostaí chun na scaireanna a fháil,

agus,

(b) go bhfuil an conradh nó an comhaontú i bhfeidhm chun críocha tráchtála bona fide agus nach cuid é de scéim ná de shocrú é arb é an príomhchuspóir nó ceann de na príomhchuspóirí atá léi nó leis cáin a sheachaint,

(4) Ní scaireanna infhorghéillte scaireanna de bhíthin amháin gur scaireanna neamhíoctha nó páirt-íoctha a fhéadfar a fhorghéilleadh mar gheall ar ghlaonna a bheith gan íoc na scaireanna.

(5) I gcás go mbeidh feidhm ag an alt seo, aon mhuirear cánach ioncaim faoi Sceideal E (agus arna ríomh de réir alt 112 nó 128, de réir mar a bheidh), nó faoi Sceideal D, ar na scaireanna a fháil, déanfar é a ríomh faoi threoir mhargadhluach na scaireanna ar dháta na fála ach gan féachaint d’fhoráil i gconradh nó i gcomhaontú dá dtagraítear i bhfo-alt (3) d’fhorghéilleadh na scaireanna.

(6) Más rud é, faoi théarmaí conartha nó comhaontaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (3), go bhforghéilltear na scaireanna, ansin—

(a) déileálfar leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí, chun críocha cánach ioncaim, don bhliain mheasúnachta ina bhfuarthas na scaireanna, amhail is dá mba rud é nach bhfuair sé nó sí na scaireanna, agus

(b) déanfar an coigeartú sin trí aisíoc nó ar shlí eile de réir mar a éileoidh an cás, ar éileamh a fháil ón stiúrthóir nó ón bhfostaí, is éileamh a dhéanfar laistigh de 4 bliana ó dheireadh na bliana measúnachta ina bhforghéillfear na scaireanna.

(7) Beidh feidhm ag fo-alt (6) d’ainneoin aon teorann in alt 865(4) leis an am ar lena linn a cheanglaítear éileamh ar aisíoc cánach a dhéanamh. Ní choisceann alt 865(6) ar na Coimisinéirí Ioncaim méid cánach a aisíoc de dhroim aon choigeartaithe arna dhéanamh de réir fho-alt (6).

(8) D’ainneoin alt 546(2), i gcás go mbeidh feidhm le fo-alt (6) den alt seo, ní rachaidh méid caillteanais a fhabhróidh as forghéilleadh na scaireanna thar méid na comaoine a thabharfaidh an stiúrthóir nó an fostaí chun na scaireanna a fháil lúide aon mhéid a gheobhaidh an stiúrthóir nó an fostaí ar na scaireanna a fhorghéilleadh.

(9) Más rud é, aon bhliain—

(a) go ndámhann duine scaireanna infhorghéillte do stiúrthóir nó d’fhostaí, nó

(b) go bhforghéilltear scaireanna a dámhadh do stiúrthóir nó d’fhostaí,

ansin déanfaidh an duine sonraí ar na dámhachtainí nó ar an bhforghéilleadh, de réir mar a bheidh, a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim, ar nó roimh an 31 Márta sa bhliain i ndiaidh na bliana ina ndearnadh an dámhachtain nó inar forghéilleadh na scaireanna, de réir mar a bheidh.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo ar an agus ón 20 Samhain 2008 i leith scaireanna a fuarthas an dáta sin agus dá éis.

Cáin a aisíoc i gcás nach gcuirfear tuilleamh ar aghaidh.

13 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 825A:

“825B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘cuideachta chomhlachaithe’, i ndáil le fostóir iomchuí, cuideachta arb í cuideachta chomhlachaithe an fhostóra sin í de réir bhrí alt 432 agus atá corpraithe nó a chónaíonn i dtír nó i ndlínse nach páirtí i gcomhaontú LEE í, ach a bhfuil socruithe i bhfeidhm de thuras na huaire lena rialtas de bhua alt 826(1);

ciallaíonn ‘comhaontú LEE’ an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Oporto an 2 Bealtaine 1992, arna choigeartú leis an bPrótacal a síníodh sa Bhruiséil an 17 Márta 1993;

tá le ‘díolaíochtaí’ an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil 4 de Chuid 42;

ciallaíonn ‘díolaíochtaí iomchuí’, i ndáil le bliain chánach, díolaíochtaí—

(a) a íocann fostóir iomchuí nó cuideachta chomhlachaithe de chuid an fhostóra iomchuí sin le fostaí iomchuí, agus

(b) atá laistigh de réim cánach faoi Sceideal E agus a bhfuil Caibidil 4 de Chuid 42 curtha chun feidhme maidir leo,

i leith na bliana cánach sin;

ciallaíonn ‘fostaí iomchuí’ pearsa aonair arb amhlaidh, i leith bliana cánach—

(a) go bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát chun críocha cánach, agus

(b) nach bhfuil sainchónaí air nó uirthi sa Stát, agus, sular tháinig sé nó sí chun bheith ina chónaí nó ina cónaí sa Stát chun críocha cánach—

(i) go raibh sé nó sí ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir, agus ina chónaí nó ina cónaí, i dtír nó i ndlínse nach páirtí i gComhaontú LEE ach a bhfuil socruithe i bhfeidhm de thuras na huaire lena rialtas de bhua alt 826(1);

(ii) go raibh sé nó sí fostaithe sa tír sin nó sa dlínse sin ag an bhfostóir iomchuí céanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó ag cuideachta chomhlachaithe de chuid an fhostóra iomchuí sin, agus

(iii) gur fheidhmigh sé nó sí an chuid ba mhó dá fhostaíocht nó dá fostaíocht sa tír sin nó sa dlínse sin;

ciallaíonn ‘fostóir iomchuí’ cuideachta atá corpraithe, agus a bhfuil cónaí uirthi, i dtír nó i ndlínse nach páirtí i gcomhaontú LEE ach a bhfuil socruithe i bhfeidhm de thuras na huaire lena rialtas de bhua alt 826(1);

ciallaíonn ‘oifigeach Ioncaim’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn ‘bliain chánach’ bliain mheasúnachta.

(2) Más rud é, maidir le fostaí iomchuí—

(a) go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chónaí nó ina cónaí sa Stát chun críocha cánach, agus

(b) go gceanglóidh a fhostóir iomchuí nó a fostóir iomchuí air nó uirthi dualgais a fhostaíochta nó a fostaíochta a fheidhmiú sa Stát,

(c) go bhfeidhmeoidh sé nó sí na dualgais sin sa Stát thar ceann an fhostóra iomchuí nó thar ceann cuideachta comhlachaithe de chuid an fhostóra iomchuí ar feadh tréimhse 3 bliana ar a laghad, agus

(d) le linn na dualgais sin a fheidhmiú amhlaidh, go leanfaidh a fhostóir iomchuí nó a fostóir iomchuí nó cuideachta chomhlachaithe ag íoc díolaíochtaí iomchuí ón gcoigrích leis nó léi,

ansin tar éis deireadh aon bhliana cánach a n-íocfar díolaíochtaí iomchuí ina leith, féadfaidh an fostaí iomchuí iarratas a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim á iarraidh orthu an cháin atá dlite ar na díolaíochtaí iomchuí a ríomh i leith na bliana cánach ar mhéid iomlán an mhéid is mó acu seo a leanas—

(i) na díolaíochtaí iomchuí arna dtuilleamh agus arna bhfáil sa Stát nó arna gcur ar aghaidh—

(I) go díreach nó go neamhdhíreach,

(II) trí aon mhaoin a allmhairíodh,

(III) trí aon airgead nó aon luach a fuarthas ar creidmheas nó ar cuntas,

chun an Stáit sa bhliain chánach sin, agus

(ii) méid is comhionann le €100,000 móide 50 faoin gcéad de na díolaíochtaí iomchuí de bhreis ar €100,000,

agus déanfar aon cháin a bhainfear as na díolaíochtaí iomchuí de bhreis ar an gcáin a bheidh dlite arna ríomh amhlaidh a aisíoc ar scór éilimh ón bhfostaí iomchuí.

(3) Beidh feidhm ag alt 72, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an alt seo.

(4) Chun críocha an ailt seo, i gcás go ndéanfar asbhaintí faoi Chaibidil 4 de Chuid 42 as díolaíochtaí iomchuí, measfar gur méid de na díolaíochtaí iomchuí a fuarthas sa Stát nó a cuireadh ar aghaidh chuig an Stát i leith na bliana measúnachta lena mbainfidh na hasbhaintí sin iad na hasbhaintí sin.

(5) (a) Má chuirtear díolaíochtaí iomchuí ar aghaidh chuig an Stát i mbliain chánach tar éis na bliana cánach inar tuilleadh iad, agus má tá aon cháin a baineadh i dtosach as na díolaíochtaí sin aisíoctha leis an bpearsa aonair faoi fho-alt (2), dlífidh an phearsa aonair cáin ioncaim a íoc ar na díolaíochtaí sin ón dáta a asbhaineadh an cháin i dtosach.

(b) I gcás go mbeidh feidhm ag mír (a), beidh feidhm ag alt 924(2)(b) i gcás measúnachtaí nó céadmheasúnachtaí breise i leith na ndíolaíochtaí dá dtagraítear i mír (a) faoi réir tagairt do dheireadh na bliana cánach ina bhfuarthas na díolaíochtaí a chur in ionad na tagartha do dheireadh na bliana cánach inar cuireadh na díolaíochtaí ar aghaidh.

(6) Más rud é, maidir le fostaí iomchuí—

(a) go bhfuil éileamh ar aisíoc cánach faoi fho-alt (2) déanta aige nó aici, agus

(b) go mainníonn sé nó sí an teorainn 3 bliana atá i bhfo-alt (2)(c) a chomhlíonadh,

ansin, déanfaidh an fostaí sin, cibé acu a iarrfaidh oifigeach Ioncaim air nó uirthi déanamh amhlaidh nó nach n-iarrfaidh agus laistigh de 2 mhí ón mainneachtain sin, an cháin a aisíocadh faoi fho-alt (2) a aisíoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(7) Más rud é nach bhfuil oifigeach Ioncaim sásta leis an bhfaisnéis a thug fostaí iomchuí atá ag déanamh éilimh faoi fho-alt (2), féadfaidh an t-oifigeach an t-éileamh a dhiúltú.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir leis an mbliain mheasúnachta 2009 agus blianta dá héis.

Faoiseamh i leith úis a íocadh ar iasachtaí tí áirithe.

14 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2009 agus blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 244 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘céatadán cuí’, i ndáil le bliain mheasúnachta—

(i) i gcás ina gcinnfear ús infhaoisimh faoi threoir mhír (i) nó (ii) den mhíniú ar ‘ús infhaoisimh’, 15 faoin gcéad don bhliain sin,

(ii) i gcás ina gcinnfear ús infhaoisimh faoi threoir mhír (iii) nó (iv) den mhíniú ar ‘ús infhaoisimh’:

(I) 25 faoin gcéad don chéad bhliain mheasúnachta agus don dara bliain mheasúnachta dá bhfuil teideal chun faoisimh ann faoin alt seo,

(II) 22.5 faoin gcéad don tríú, don cheathrú agus don chúigiú bliain mheasúnachta dá bhfuil teideal chun faoisimh ann faoin alt seo, agus

(III) céatadán is ionann agus an ráta caighdeánach cánach don séú agus don seachtú bliain mheasúnachta dá bhfuil teideal chun faoisimh ann faoin alt seo.”,

(b) i bhfo-alt (1)(c) agus (3)(a) trí “faoi threoir mhír” a chur in ionad “faoi threoir fhomhír” gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 819 (cónaí) den Phríomh-Acht.

15 .— Leasaítear alt 819 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Chun críocha an ailt seo—

(a) maidir leis an mbliain mheasúnachta 2008 agus blianta measúnachta roimpi, measfar pearsa aonair a bheith i láthair sa Stát ar feadh lae más rud é go bhfuil an phearsa aonair i láthair sa Stát i ndeireadh an lae, agus

(b) maidir leis an mbliain mheasúnachta 2009 agus blianta measúnachta dá héis, measfar pearsa aonair a bheith i láthair sa Stát ar feadh lae más rud é go bhfuil an phearsa aonair i láthair sa Stát tráth ar bith i gcaitheamh an lae sin.”

Sochair scoir.

16 .— (1) Leasaítear Cuid 30 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 787O(1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “B” san fhoirmle i mír (b) den mhíniú ar “tairseach ciste phearsanta” agus “tairseach ciste chaighdeánach”:

“gurb é B—

(i) an fachtóir coigeartaithe i leith tuillimh a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a ainmniú i scríbhinn i mí na Nollag sa bhliain mheasúnachta roimh an mbliain iomchuí, is fachtóir a bhfoilseofar nóta ina thaobh a luaithe is indéanta san Iris Oifigiúil, nó

(ii) mura mbeidh aon fhachtóir coigeartaithe i leith tuillimh ainmnithe ag an Aire Airgeadais, 1;”,

agus

(b) in alt 790A—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Do bhliain mheasúnachta (dá ngairtear ‘an bhliain iomchuí’ san fho-alt seo) tar éis na bliana measúnachta 2006 is é a bheidh sa teorainn tuillimh méid is comhionann leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—

A [html] B

i gcás—

gurb é A an teorainn tuillimh don bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain iomchuí, agus

gurb é B—

(i) an fachtóir coigeartaithe i leith tuillimh a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a ainmniú i scríbhinn i mí na Nollag sa bhliain mheasúnachta roimh an mbliain iomchuí, is fachtóir a bhfoilseofar nóta ina thaobh a luaithe is indéanta san Iris Oifigiúil, nó

(ii) mura mbeidh aon fhachtóir coigeartaithe i leith tuillimh ainmnithe ag an Aire Airgeadais, 1.”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) D’ainneoin fho-alt (2), is é €150,000 an teorainn tuillimh don bhliain mheasúnachta 2009 chun críocha fho-alt (1).”.

(2) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), tá éifeacht le fo-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2009.

(b) Meastar go raibh éifeacht le mír (a) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 7 Nollaig 2005.

(c) Meastar go raibh éifeacht le mír (b)(i) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2006.

Caibidil 4

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar alt 659 (feirmeoireacht: liúntais le haghaidh caiteachais chaipitiúil ar fhoirgniú foirgneamh feirme, etc. chun truailliú a rialú) den Phríomh-Acht.

17 .— Leasaítear alt 659 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)(c) trí “1 Eanáir 2011” a chur in ionad “1 Eanáir 2009”.

Leasú ar Chaibidil 2 (feirmeoireacht: faoiseamh i leith méadú ar luachanna stoic) de Chuid 23 den Phríomh-Acht.

18 .— (1) Leasaítear Caibidil 2 de Chuid 23 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 666(4) trí “31 Nollaig 2010” a chur in ionad “31 Nollaig 2008” i mír (a) agus “an bhliain 2010” a chur in ionad “an bhliain 2008” i mír (b), agus

(b) in alt 667B(5)(b) trí “31 Nollaig 2010” a chur in ionad “31 Nollaig 2008”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Leasú ar alt 279 (foirgnimh nó déanmhais áirithe a cheannach) den Phríomh-Acht.

19 .— Leasaítear alt 279 den Phríomh-Acht, maidir le díol an leasa iomchuí i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas ar díol é a tharlaíonn an 14 Deireadh Fómhair 2008 nó dá éis—

(a) i bhfo-alt (2) trí “de thréimhse 2 bhliain” a chur in ionad “de thréimhse bliana” agus “den tréimhse 2 bhliain” a chur in ionad “den tréimhse bliana”, agus

(b) i bhfo-alt (3) trí “de thréimhse 2 bhliain” a chur in ionad “de thréimhse bliana” agus “den tréimhse 2 bhliain” a chur in ionad “den tréimhse bliana”.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh aonad cáilitheach sainchúraim mhaolaithigh.

20 .— (1) Leasaítear alt 26(1) den Acht Airgeadais 2008—

(a) i mír (a)(iii) (lena gcuirtear fo-alt (2BA) isteach in alt 268 den Phríomh-Acht) trí “8 leaba” a chur in ionad “20 leaba” san fho-alt (2BA) sin, agus

(b) i mír (a)(iv) (lena leasaítear alt 268(9) den Phríomh-Acht) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásal (II):

“(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i):

‘(j) faoi threoir mhír (m), maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú dáta rite an Achta Airgeadais 2008 nó dá éis.’,”.

(2) Meastar na leasuithe (a dhéantar le fo-alt (1)) ar alt 268 den Phríomh-Acht a bheith déanta le héifeacht ó dháta rite an Achta Airgeadais 2008 agus tiocfaidh siad i ngníomh de réir alt 26(2) den Acht Airgeadais 2008.

Scéim chun aistriú agus athshuíomh saoráidí tionscail áirithe a éascú.

21 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 11C (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2008):

“CUID 11D

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide: Faoisimh i leith Saoráidí Tionscail Áirithe a Aistriú agus a Athshuíomh

Léiriú (Cuid 11D).

380Q.— (1) Sa Chuid seo—

tá le ‘substaint chontúirteach’ an bhrí a shanntar dó le halt 3 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rialú Guaiseacha Mórthionóiscí ina bhFuil Substaintí Contúirteacha i gCeist) 2000 (I.R. Uimh. 476 de 2000);

ciallaíonn ‘caiteachas luachmhéadaithe’, i ndáil le talamh bunaíochta, méid aon chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh go hiomlán agus go heisiatach ar an talamh chun luach na talún a mhéadú, is caiteachas a bhí le brath ar staid nó ar nádúr na talún tráth na diúscartha ach ní fholaíonn sé caiteachas a bhféadfar faoiseamh a éileamh ina leith faoin gCuid seo;

ciallaíonn ‘bunaíocht’, i ndáil le duine a sheolann trádáil iomchuí, an limistéar iomlán atá faoi rialú an duine sin agus a bhfuil substaintí contúirteacha ann i suiteáil amháin nó níos mó, lena n-áirítear bonneagar nó gníomhaíochtaí atá comhchoiteann nó comhghaolmhar;

ciallaíonn ‘talamh bunaíochta’, i ndáil le trádáil iomchuí, limistéar talún na bunaíochta ar aonad dá chuid an tseansuiteáil;

ciallaíonn ‘údarás áitiúil’—

(a) i gcás cathrach, an chomhairle cathrach, agus

(b) i gcás contae, an chomhairle contae,

is comhairle cathrach nó comhairle contae, de réir mar a bheidh, chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil 2001;

ciallaíonn ‘suiteáil’ aonad laistigh de bhunaíocht ina ndéantar substaintí contúirteacha a tháirgeadh, a úsáid, a láimhsiú nó a stóráil agus folaíonn sé—

(a) trealamh, déanmhais, píbobair, innealra agus uirlisí,

(b) duganna agus céanna díluchtaithe a fhreastalaíonn ar an tsuiteáil, agus

(c) lamairní, stórais nó déanmhais dá samhail, cibé acu atá siad ar snámh nó nach bhfuil,

is gá chun an tsuiteáil a oibriú;

folaíonn “talamh” aon leas i dtalamh agus folaíonn tagairtí do thalamh bunaíochta tagairtí d’aon leas sa talamh sin;

ciallaíonn ‘margadhluach’ i ndáil leis an talamh bunaíochta iomlán nó cuid de, an praghas a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil a fháil ar an talamh iomlán sin nó ar an chuid sin de a dhíol ar an margadh oscailte dá ndéanfaí an tseansuiteáil a aistriú;

ciallaíonn ‘suiteáil nua’ suiteáil a chuirtear in ionad seansuiteála;

ciallaíonn ‘seansuiteáil’ suiteáil atá suite i limistéar dugthailte uirbeach agus a ndéanfaidh oibritheoir, trí chomhaontú leis an údarás áitiúil iomchuí, í a athshuíomh chun athnuachan an limistéir sin a éascú;

ciallaíonn ‘oibritheoir’ aon duine a oibríonn bunaíocht nó suiteáil i gcúrsa trádála;

ciallaíonn ‘caiteachas athshuímh’ caiteachais iomchuí arna dtabhú ag duine a sheolann trádáil iomchuí i mbunaíocht atá suite i limistéar dugthailte uirbeach le linn an trádáil sin a athshuíomh go dtí bunaíocht i suíomh nua;

ciallaíonn ‘caiteachais iomchuí’ caiteachas caipitiúil, arna thabhú i dtaca le seansuiteáil a aistriú agus suiteáil ionaid a chur ar bun lena n-áirítear an costas a bhaineann le cibé talamh a fháil is gá chun an tsuiteáil nua a oibriú ach ní fholaíonn sé caiteachas a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(a) aon fhoirgneamh nó déanmhas ar an talamh sin seachas foirgneamh nó déanmhas a leagtar i gcúrsa an tsuiteáil ionaid a chur ar bun,

(b) foirgniú aon fhoirgnimh nó déanmhais, nó

(c) innealra nó gléasra;

ciallaíonn ‘trádáil iomchuí’ trádáil arb éard í bunaíocht nó suiteáil a oibriú;

ciallaíonn ‘limistéar dugthailte uirbeach’ limistéar dugthailte is ábhar do phlean limistéir áitiúil arna ghlacadh ag an údarás áitiúil iomchuí faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2006 nó do scéim pleanála arna ceadú ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi alt 25 den Acht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath 1997 agus a chuimsíonn limistéar arna ainmniú ag an Aire sin, le ceadú an Aire Airgeadais, mar limistéar atá le hathnuachan chun na gcríoch a leagtar amach sa phlean limistéir áitiúil nó sa scéim pleanála.

(2) Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le haon chaiteachas arna thabhú an 1 Eanáir 2014 nó dá éis.

Liúntas athshuímh.

380R.— (1) Aon duine a sheolann trádáil iomchuí agus a thabhóidh caiteachas athshuímh i ndáil leis an trádáil sin, féadfaidh sé nó sí liúntas (dá ngairtear ‘liúntas athshuímh’ san alt seo) a éileamh faoin alt seo i leith an chaiteachais sin.

(2) Is le linn an trádáil a chur faoi cháin a thabharfar liúntas athshuímh do dhuine a sheolann trádáil iomchuí.

(3) I gcás go bhfuil nó go raibh talamh bunaíochta ar úinéireacht ag duine a sheolann trádáil iomchuí agus nach mbeidh iomlán na talún sin diúscartha ag deireadh na tréimhse inmhuirearaithe, ansin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) ní fhéadfar aon mhéid a thabhófar sa tréimhse inmhuirearaithe i leith an chostais a bhaineann le talamh a fháil a áireamh mar chaiteachais iomchuí mura rud é, maidir le comhiomlán an chaiteachais a thabhófar sa tréimhse inmhuirearaithe sin agus i dtréimhsí inmhuirearaithe roimhe sin i leith talamh a fháil is gá chun an tsuiteáil nua a oibriú, gur mó é ná margadhluach na talún bunaíochta ar an dáta a tabhaíodh na caiteachais iomchuí den chéad uair, agus

(b) don chéad tréimhse inmhuirearaithe inar mó comhiomlán an chaiteachais a thabhófar le linn talamh a fháil is gá chun an tsuiteáil nua a oibriú ná an margadhluach a luaitear i mír (a), is í an bhreis an méid a bheidh le háireamh.

(4) I gcás go raibh talamh bunaíochta ar úinéireacht ag duine a sheolann trádáil iomchuí i ndáil leis an trádáil sin agus go mbeidh sé nó sí i dteideal liúntais athshuímh in aghaidh tréimhse inmhuirearaithe, arb í an chéad tréimhse inmhuirearaithe í, a ndéanfar iomlán na talún sin a dhiúscairt ag deireadh na tréimhse sin nó roimhe, nó ar tréimhse inmhuirearaithe dá éis sin í, ansin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) ní fhéadfar aon chaiteachas a thabhófar sa tréimhse inmhuirearaithe i leith an chostais a bhaineann le talamh a fháil a áireamh mar chaiteachais iomchuí mura rud é, maidir le comhiomlán an chaiteachais a thabhófar sa tréimhse inmhuirearaithe sin agus i dtréimhsí inmhuirearaithe roimhe sin i leith talamh a fháil is gá chun an tsuiteáil nua a oibriú, gur mó é ná an chomaoin iomlán a bheidh faighte ar an talamh bunaíochta a dhiúscairt arna laghdú d’aon chaiteachais luachmhéadaithe i ndáil leis an talamh bunaíochta sin a thabhóidh an duine sin aon tráth tar éis na seansuiteálacha go léir a aistriú ón talamh sin, agus

(b) ní mó méid an chaiteachais a áireofar i gcaiteachas iomchuí i leith costais fála na talún ná an bhreis sin.

(5) D’ainneoin alt 380Q(2), más rud é, i dtréimhse inmhuirearaithe, go ndéanfaidh duine a sheolann trádáil iomchuí a mbeidh liúntas athshuímh deonaithe ina leith faoi fho-alt (2) do thréimhsí inmhuirearaithe roimhe sin, an talamh bunaíochta go léir nó cuid de a dhiúscairt i ndáil leis an trádáil sin agus go mbeidh, dá dhroim sin, an talamh bunaíochta go léir i ndáil leis an trádáil sin arna dhiúscairt ag deireadh na tréimhse sin, ansin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) más rud é, maidir le comhiomlán na comaoine go léir a bheidh faighte ar dhiúscairtí na talún bunaíochta go léir arna laghdú d’aon chaiteachas luachmhéadaithe i ndáil leis an talamh bunaíochta sin arna thabhú ag an duine sin aon tráth tar éis na seansuiteálacha go léir a aistriú ón talamh sin—

(i) gur lú é ná an margadhluach a luaitear i bhfo-alt (3)(a), ansin tabharfar liúntas athshuímh faoi fho-alt (2) i leith na difríochta, mar aon le liúntas athshuímh (más ann) a d’fhéadfadh a bheith dlite i leith caiteachais arna thabhú sa tréimhse inmhuirearaithe,

(ii) gur mó é ná an margadhluach a luaitear i bhfo-alt (3)(a), ansin déileálfar leis an difríocht, faoi réir mhír (b), mar fháltas trádála de chuid na trádála sin,

agus

(b) ní mó an méid a ndéileálfar leis mar fháltas trádála de chuid na trádála faoi mhír (a)(ii) ná comhiomlán na liúntas athshuímh i leith talún bunaíochta a lamháladh i dtréimhsí inmhuirearaithe roimhe sin.

(6) I gcás nach ndéanfaidh duine a sheolann trádáil iomchuí an talamh bunaíochta go léir a dhiúscairt i ndáil leis an trádáil iomchuí laistigh de thréimhse 2 bhliain dar tosach an dáta a scoirfidh an duine sin den tseansuiteáil a úsáid chun críocha trádála iomchuí, ansin measfar an talamh bunaíochta a bheith diúscartha ag an duine i ndáil leis an trádáil sin ar an lá deiridh den tréimhse inmhuirearaithe a chríochnaíonn an tréimhse sin ar chomaoin is comhionann le comhiomlán na comaoine go léir (más ann) a bheidh faighte i leith codanna de thalamh bunaíochta a bheidh diúscartha agus margadhluach na talún sin go léir nó an chuid de a bheidh ar úinéireacht ag an duine ar an dáta sin arna laghdú d’aon chaiteachas luachmhéadaithe i ndáil leis an talamh bunaíochta sin arna thabhú ag an duine sin aon tráth tar éis na seansuiteálacha go léir a aistriú ón talamh sin.

(7) I gcás go leithreasófar talamh mar stoc trádála, beidh feidhm ag alt 596(1) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm aige chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(8) I gcás go scoirfear den trádáil iomchuí sula ndiúscrófar an talamh bunaíochta go léir i ndáil leis an trádáil sin, ansin measfar, chun críocha an ailt seo, go ndearnadh an talamh a bheidh fágtha a dhiúscairt ar dháta scoir na trádála ar a mhargadhluach an dáta sin.

(9) I gcás go bhfuil an talamh bunaíochta go léir nó cuid di ar úinéireacht ag duine (dá ngairtear an ‘duine céadluaite’ san fho-alt seo) atá bainteach leis an duine atá ag éileamh faoisimh faoin gCuid seo, ansin measfar an talamh bunaíochta sin go léir nó an chuid sin di, de réir mar a bheidh, chun críocha na Coda seo a bheith ar úinéireacht ag an duine atá ag éileamh faoisimh agus beidh feidhm ag an gCuid seo amhail is dá mba ghníomhartha ag an duine atá ag éileamh faoisimh é gach gníomh ag an duine céadluaite i ndáil leis an talamh bunaíochta go léir nó leis an gcuid sin di.

Liúntas breise i leith caiteachais athshuímh.

380S.— (1) I gcás ina ndéanfaidh duine a sheolann trádáil iomchuí caiteachas athshuímh a thabhú a bhfuil feidhm ag alt 380R i ndáil leis, déanfar, i dteannta aon liúntais athshuímh a thabharfar i leith an chaiteachais sin, le linn an trádáil a chur faoi cháin don tréimhse inmhuirearaithe dá dtabharfar an liúntas athshuímh sin, liúntas breise athshuímh (ar a dtabharfar ‘liúntas breise athshuímh’) is comhionann le 50 faoin gcéad den chaiteachas a thabhairt don duine agus beidh feidhm ag alt 380R(2) maidir leis an liúntas breise athshuímh sin amhail is dá mba liúntas faoin bhfo-alt sin é.

(2) Más rud é, i dtréimhse inmhuirearaithe, go ndéileálfar le méid mar fháltas trádála de chuid trádála faoi alt 380R(5)(b), déileálfar freisin le méid breise is comhionann le 50 faoin gcéad den mhéid sin mar fháltas trádála de chuid na trádála sin don tréimhse inmhuirearaithe sin.

Liúntas i leith innealra nó gléasra.

380T.— (1) Más rud é, maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe, go mbeidh ar áireamh i gcaiteachas arna thabhú ag duine ar shuiteáil nua caiteachas (dá ngairtear ‘caiteachas cáilitheach’ san alt seo) ar sholáthar innealra nua nó gléasra nua (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar ar bhóithre nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bhóithre) a sholáthrófar lena úsáid sa trádáil iomchuí, ansin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) féadfaidh an duine sin a éileamh go mbeidh an liúntas caithimh agus cuimilte a bheidh le tabhairt faoi alt 284 don duine i leith an chaiteachais le cinneadh amhail is dá mba thagairt do 100 faoin gcéad an tagairt do 12.5 faoin gcéad in alt 284(2)(ad), agus

(b) tabharfar liúntas is comhionann le 50 faoin gcéad den chaiteachas cáilitheach i ndáil leis an ngléasra nó leis an innealra sin don duine i leith na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil iomchuí a chur faoi cháin.

(2) D’fhonn méid aon liúntais a bheidh le tabhairt d’aon duine faoi alt 284 i leith caiteachais arna thabhú le linn tréimhse inmhuirearaithe ar aon innealra nó gléasra cáilitheach a fháil amach, ní chuirfear liúntas faoi fho-alt (1)(b) i leith an chaiteachais sin i gcuntas, agus in alt 284(4) déanfar ‘na liúntais mar gheall air sin’ agus ‘méid comhiomlán na liúntas’ a fhorléiriú mar thagairtí nach bhfolaíonn tagairtí d’aon liúntas a thabharfar faoi fho-alt (1)(b) don duine arb é nó í a sheolann an trádáil iomchuí.

Liúntais i leith foirgneamh áirithe.

380U.— I gcás ina dtabhóidh duine a sheolann trádáil iomchuí caiteachas (dá ngairtear ‘caiteachas cáilitheach’ san alt seo) ar shuiteáil nua a bhfuil ar áireamh ann caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú foirgnimh nó déanmhais nua a bheidh ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail a bheidh le háitiú chun críocha na trádála sin, ansin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) beidh feidhm ag alt 271 amhail is—

(i) dá ndéanfaí an míniú ar ‘gníomhaireacht forbartha tionscail’ a scriosadh i bhfo-alt (1) den alt sin,

(ii) dá ndéanfaí ‘lena mbaineann fo-alt (3)’ a scriosadh i bhfo-alt (2)(a)(i) den alt sin,

(iii) dá ndéanfaí fo-alt (3) den alt sin a scriosadh,

(iv) dá ndéanfaí an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) den alt sin:

‘(4) Is é a bheidh i liúntas foirgníochta tionscail méid is comhionann le 100 faoin gcéad den chaiteachas caipitiúil a luaitear i bhfo-alt (2).’,

agus

(v) dá ndéanfaí ‘lena mbaineann fo-alt (3)(c)’ a scriosadh i bhfo-alt (5) den alt sin,

agus

(b) tabharfar liúntas is comhionann le 50 faoin gcéad den chaiteachas cáilitheach i ndáil leis an bhfoirgneamh nó leis an déanmhas sin don duine sin i leith na tréimhse inmhuirearaithe lena mbaineann an caiteachas agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil iomchuí a chur faoi cháin.

Feabhsú.

380V.— (1) Is suiteáil fheabhsaithe suiteáil nua i gcás go bhfuil acmhainn níos mó aici nó go bhfuil éifeachtúlacht nó táirgiúlacht arna feabhsú thar ghnáth-nuachóiriú nó ghnáth-uasghrádú aici thar mar atá ag an tseansuiteáil ar cuireadh ina hionad í.

(2) I gcás go bhfuil ar áireamh i gcaiteachas arna thabhú ar shuiteáil fheabhsaithe a sholáthar caiteachas ar innealra nua nó gléasra nua nó ar fhoirgniú foirgnimh nó déanmhais nua a bheidh ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail a bheidh le háitiú chun críocha na trádála sin, ansin is é méid an chaiteachais sin a cháileoidh le haghaidh faoisimh faoi alt 380T(1)(b) nó 380U(1)(b) an caiteachais ar an innealra nua nó ar an ngléasra nua nó ar fhoirgniú foirgnimh nó déanmhais nua, de réir mar a bheidh, arna laghdú de mhéid in ionannas d’fheabhsú agus is é an méid caiteachais in ionannas d’fheabhsú cibé cion den chaiteachas i ndáil leis an innealra nua nó leis an ngléasra nua nó i ndáil le foirgniú foirgnimh nó déanmhais nua, de réir mar a bheidh, a dhealraíonn don chigire (nó ar achomharc, na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith cóir agus réasúnach mar chion arb ionannas dó costais a bhaineann le hacmhainn mhéadaithe nó le héifeachtúlacht nó táirgiúlacht fheabhsaithe a sholáthar.

Forálacha forlíontacha.

380W.— (1) I gcás ina mbeidh liúntas faoi alt 380T(1)(b) nó 380U(1)(b) tugtha d’aon duine i leith caiteachais arna thabhú ar innealra nua nó gléasra nua a sholáthar nó ar fhoirgneamh nó déanmhas a fhoirgniú agus ina ndíolann an duine sin an t-innealra nó an gléasra nó an foirgneamh nó an déanmhas gan an duine sin d’úsáid an innealra nó an ghléasra nó an fhoirgnimh nó an déanmhais chun críocha trádála iomchuí nó roimh dheireadh na tréimhse 2 bhliain ón lá a tosaíodh ar an innealra nó an gléasra, nó de réir mar a bheidh, an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid amhlaidh, ansin déanfar an liúntas faoi na hailt sin a tharraingt siar agus déanfar na measúnachtaí breise sin go léir, agus na coigeartuithe sin go léir ar mheasúnachtaí, is gá chun an liúntas a tharraingt siar nó de dhroim an liúntas a tharraingt siar.

(2) Chun críocha na Coda seo, ní fholaíonn caiteachas caipitiúil aon chaiteachas a lamháiltear a asbhaint le linn brabúis nó gnóchain ó thrádáil a sheolann an duine a thabhaíonn an caiteachas a ríomh chun críocha cánach.

(3) I gcás ina dtugtar faoiseamh le haon fhoráil den Chuid seo i ndáil le caiteachas athshuímh, ansin ní thabharfar faoiseamh i leith an chaiteachais sin faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánacha.

(4) Beidh feidhm ag Caibidil 4 de Chuid 9 amhail is dá mbeadh an Chuid seo ar áireamh sa Chuid sin.

Srianta ar fhaoiseamh — gan feidhm a bheith ag faoiseamh i gcásanna áirithe.

380X.— D’ainneoin aon fhorála eile den Chuid seo ní thabharfar aon liúntais faoi ailt 380R, 380S, 380T agus 380U i ndáil le caiteachas—

(a) i gcás aon chuid den chaiteachas sin a bheith íoctha nó le híoc go díreach nó go neamhdhíreach, trí chúnamh deontais nó trí aon chúnamh eile a dheonóidh an Stát, aon bhord arna bhunú le reacht, aon údarás poiblí nó áitiúil nó aon ghníomhaireacht eile de chuid an Stáit, nó a dheonófar tríd an gcéanna,

(b) mura gcomhlíonann na liúntais ionchasacha i ndáil leis an gcaiteachas sin—

(i) ceanglais na dTreoirlínte ar Chúnamh Náisiúnta Réigiúnach don tréimhse 2007-2013 arna n-ullmhú ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus arna n-eisiúint an 4 Márta 2006 1 ,

(ii) an Léarscáil Chúnaimh Náisiúnta Réigiúnaigh d’Éirinn don tréimhse 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2013 a cheadaigh Coimisiún na gComhphobal Eorpach an 24 Deireadh Fómhair 2006 1 , agus

(iii) ceanglais na dTreoirlínte ón gComhphobal maidir le Cúnamh Stáit le haghaidh Caomhnú Comhshaoil arna n-ullmhú ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach agus arna n-eisiúint an 1 Aibreán 2008 1 ,

(c) i gcás an duine atá i dteideal na liúntas i ndáil leis an gcaiteachas sin a bheith faoi réir ordú gnóthaithe neamhíoctha tar éis cinnidh roimhe sin ó Choimisiún na gComhphobal Eorpach á dhearbhú go raibh cúnamh i bhfabhar an duine sin neamhdhleathach agus ar neamhréir leis an gcómhargadh,

(d) i gcás inar duine atá i gcruachás faoi na Treoirlínte ón gComhphobal maidir le Cúnamh Stáit chun Gnólachtaí atá i gCruachás a Tharrtháil agus a Athstruchtúrú 2 an duine atá i dteideal na liúntas.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh ar an Aire Airgeadais do dhéanamh ordú á rá sin.

Leasú ar alt 268 (an bhrí atá le “foirgneamh nó déanmhas tionscail”) den Phríomh-Acht.

22 .— Leasaítear alt 268 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt 12(c) trí “, nó maidir le cuid díobh,” a chur isteach i ndiaidh “maidir leis na liúntais chaipitiúla ionchasacha a bheidh i gceist”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (12):

“(12A) (a) I gcás ina dtabharfaidh an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta deimhniú i scríbhinn don duine a thabhaigh an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú nó athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais ina luafar go bhfuarthas an ceadú dá dtagraítear i bhfo-alt (12)(c), déileálfar, chun críocha na Coda seo, leis an bhfoirgneamh nó leis an déanmhas mar fhoirgneamh nó mar dhéanmhas tionscail ón dáta a úsáideadh den chéad uair é chun críocha thrádáil na hóstóireachta, agus déanfar cáin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin le linn éifeacht a thabhairt do na liúntais a bheidh le tabhairt faoin gCuid seo.

(b) I gcás ina mbeidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach tar éis méid a cheadú—

(i) is ísle ná an méid caiteachais chaipitiúil a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú nó athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, ansin, chun críocha na Coda seo, cuirfear an méid sin is ísle in ionad an mhéid a tabhaíodh iarbhír, nó

(ii) is ísle ná méid an ghlanphraghais a íocadh de réir bhrí alt 279, beidh feidhm ag an alt sin amhail is dá mba thagairt don mhéid is ísle arna cheadú amhlaidh í an tagairt don ghlanphraghas a íocadh i bhfo-alt (2)(b).”.

Leasú ar alt 81 (riail ghinearálta maidir le hasbhaintí) den Phríomh-Acht.

23 .— (1) Leasaítear alt 81 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2) trí “cánach gnóchan caipitiúil a sheachaint;” a chur in ionad “cánach gnóchan caipitiúil a sheachaint.” i mír (n), agus tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (n):

“(o) aon suim arna híoc nó is iníoctha faoi aon chomhaontú nó aon chomhthuiscint trína gcuirfear oibleagáid ar dhuine íocaíocht a dhéanamh le duine bainteach a bhfuil cónaí air nó uirthi in aon chríoch lasmuigh den Stát i leith coigeartaithe arna dhéanamh nó a bheidh le déanamh, ar bhrabúis an duine bhaintigh a bhféadfar faoiseamh a thabhairt maidir leo faoi théarmaí socraithe arna dhéanamh de bhua fho-alt (1) nó (1B) d’alt 826, nó i leith coigeartaithe dá shamhail arna dhéanamh ar bhrabúis duine bhaintigh a bhfuil cónaí air nó uirthi in aon chríoch eile.”.

(2) (a) Beidh feidhm ag fo-alt (1) i leith aon suime arna híoc nó is iníoctha—

(i) le linn tréimhse cuntasaíochta dar críoch an 20 Samhain 2008, nó dá éis, nó

(ii) i mbonntréimhse do bhliain mheasúnachta i gcás ina gcríochnóidh an bhonntréimhse sin an 20 Samhain 2008 nó dá éis.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo ciallaíonn “bonntréimhse” an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim don bhliain mheasúnachta le ríomh go críochnaitheach faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim.

Leasú ar alt 81B (cúlchistí comhionannaithe le haghaidh gnó árachais agus athárachais creidmheasa de chuid cuideachtaí) den Phríomh-Acht.

24 .— (1) Leasaítear alt 81B den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “Rialacháin Athárachais”:

“ciallaíonn ‘fiontair árachais creidmheasa’ fiontair a áirítear in aicme 14 de Roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCéad Treoir ón gComhairle 73/239/CEE an 24 Iúil 1973 1 ;

ciallaíonn ‘Príomh-Rialacháin’ Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil) 1976 (I.R. Uimh. 115 de 1976) arna leasú ó am go ham;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Baineann an t-alt seo leis na nithe seo a leanas—

(a) cuideachta árachais arbh é a gnó, nó cuid dá gnó, aon tráth gnó ar ceanglaíodh uirthi cúlchiste comhionannaithe a bhunú agus a chothabháil ina leith de bhua Rialachán 24 de na Rialacháin Athárachais, nó

(b) cuideachta árachais atá ag frithghealladh fiontar árachais creidmheasa agus ar a gceanglaítear le hAirteagal 14(8) de na Príomh-Rialacháin cúlchiste comhionannaithe a bhunú.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, cuirfear i gcuntas go hiomlán gach méid de réir na rialacha i bhfo-alt (3) le linn aon ríomh a dhéanamh, chun críocha Chás I de Sceideal D, ar na brabúis nó na caillteanais d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta árachais lena mbaineann an t-alt seo.”,

(d) i bhfo-alt (3)(c) trí “nó leis na Príomh-Rialacháin” a chur isteach i ndiaidh “leis na Rialacháin Athárachais”,

(e) i bhfo-alt (4)—

(i) trí “nó Airteagal 14(8) de na Príomh-Rialacháin” a chur isteach i ndiaidh “Rialachán 24 de na Rialacháin Athárachais”, agus

(ii) i mír (b) trí “nó na bPríomh-Rialachán” a chur isteach i ndiaidh “na Rialachán Athárachais”,

(f) i bhfo-alt (5) trí “nó na bPríomh-Rialachán” a chur isteach i ndiaidh “na Rialachán Athárachais”, sa dá áit ina bhfuil sé, agus

(g) i bhfo-alt (7) trí “nó na bPríomh-Rialachán” a chur isteach i ndiaidh “na Rialachán Athárachais”.

(2) Meastar éifeacht a bheith leis an alt seo amhail ar an agus ón 15 Iúil 2006.

Leasú ar alt 198 (ní inmhuirearaithe ús áirithe) den Phríomh-Acht.

25 .— (1) Leasaítear alt 198 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)(c)—

(a) i bhfomhír (iii) trí “, íocaíocht úis lena mbaineann alt 246A” a chur isteach i ndiaidh “lena mbaineann alt 64(2)” agus trí “agus” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé,

(b) i bhfo-alt (iv) trí “sócmhainní na cuideachta cáilithí, agus” a chur in ionad “sócmhainní na cuideachta cáilithí.”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iv):

“(v) ní bheidh duine inmhuirearaithe i leith cánach i leith lascainí a éiríonn ar urrúis arna n-eisiúint ag duine iomchuí (de réir bhrí alt 246) i ngnáthchúrsa trádála nó gnó a sheolann an duine sin más rud é nach cónaitheoir sa Stát an duine céadluaite agus go measfar gur cónaitheoir i gcríoch iomchuí chun críocha an fho-ailt seo é nó í.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hús a íocfar nó lascainí a éireoidh an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

Leasú ar Chuid 8 (íocaíochtaí bliantúla, muirir agus ús) den Phríomh-Acht.

26 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 256(1) sa mhíniú ar “cáin chuí”—

(i) i mír (a) trí “23 faoin gcéad” a chur in ionad “20 faoin gcéad”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) faoi réir mhír (c), i gcás úis arna íoc i leith aon taisce iomchuí eile, de réir ráta a chinnfear de réir na foirmle—

(S + 3) faoin gcéad

i gcás gurb é S an ráta caighdeánach faoin gcéad (de réir bhrí alt 4(1)) atá i bhfeidhm tráth na híocaíochta, agus”,

agus

(iii) i mír (c), trí “(S + 6) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 3) faoin gcéad”,

(b) in alt 261(c)(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásal (II):

“(II) i gcás ina mbeidh ar áireamh in ioncam inchánach an duine sin ús iomchuí a thagann faoi réim mhír (b) den mhíniú ar ‘cáin chuí’ in alt 256(1) den Phríomh-Acht, beidh an chuid d’ioncam inchánach, is comhionann leis an ús iomchuí sin, inmhuirearaithe i leith cánach de réir an ráta ar dá réir a asbhaineadh cáin as an ús iomchuí sin.”,

(c) in alt 261B tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) D’ainneoin alt 15, i gcás ina mbeidh ús sonraithe ar áireamh in ioncam inchánach an duine sin, beidh an chuid d’ioncam inchánach, is comhionann leis an ús sonraithe sin, inmhuirearaithe i leith cánach de réir an ráta ar dá réir a d’asbhainfí cáin as an ús sin, murach go ndearnadh dearbhú faoi fho-alt (1A) nó (1B) d’alt 256.”,

(d) in alt 267B—

(i) i bhfo-alt (2)(b) trí “23 faoin gcéad” a chur in ionad “20 faoin gcéad”, agus

(ii) i bhfo-alt (3)(b) trí “23 faoin gcéad” a chur in ionad “20 faoin gcéad”,

agus

(e) in alt 267M, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d’fho-alt (2):

“(a) D’ainneoin alt 15 agus faoi réir mhír (b), i gcás ina mbeidh ús sonraithe ar áireamh in ioncam inchánach an duine sin, beidh an chuid d’ioncam inchánach, is comhionann leis an ús sonraithe sin, inmhuirearaithe i leith cánach de réir an ráta a shonraítear i mír (b) den mhíniú ar ‘cáin chuí’ i bhfo-alt 256(1).”,

(2) (a) Tá feidhm ag míreanna (a) agus (d) d’fho-alt (1) maidir le haon íocaíocht nó aon chreidiúnú úis iomchuí (de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 8 den Phríomh-Acht) a dhéanfar an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag míreanna (b), (c) agus (e) d’fho-alt (1) don bhliain mheasúnachta 2009 agus do bhlianta measúnachta dá éis.

Polasaithe árachais saoil agus cistí infheistíochta.

27 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 730F(1)—

(i) i mír (a) trí “(S + 6) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 3) faoin gcéad”, agus

(ii) i mír (b) trí “(S + 26) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 23) faoin gcéad”,

(b) i gCaibidil 6 de Chuid 26—

(i) in alt 730J(a)—

(I) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásal (I) d’fhomhír (i):

“(I) i gcás inar íocaíocht iomchuí an íocaíocht, de réir an ráta a chinnfear de réir na foirmle—

(S + 3) faoin gcéad

i gcás gurb é S an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an íocaíocht, agus”,

(II) i bhfomhír (i)(II)(A) trí “(S + 26) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 23) faoin gcéad”,

(III) i bhfomhír (i)(II)(B) trí “(S + 6) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 3) faoin gcéad”, agus

(IV) i bhfomhír (ii)(I) trí “(H + 23) faoin gcéad” a chur in ionad “(H + 20) faoin gcéad”,

agus

(ii) in alt 730K(1)—

(I) i mír (a) trí “(S + 26) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 23) faoin gcéad”, agus

(II) i mír (b) trí “(S + 6) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 3) faoin gcéad”,

(c) i gCaibidil 1A de Chuid 27—

(i) san fhoirmle in alt 739D(5A) trí “(S + 6)” a chur in ionad “(S + 3)”,

(ii) in alt 739E—

(I) i bhfo-alt (1)—

(A) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) faoi réir mhír (ba), i gcás ina bhfaightear méid an ghnóchain trí bhíthin alt 739D(2)(a), de réir ráta arna chinneadh de réir na foirmle—

(S + 3) faoin gcéad

i gcás gurb é S an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina n-éiríonn an gnóchan,”,

(B) i mír (b) trí “(S + 6) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 3) faoin gcéad,”, agus

(C) i mír (ba) trí “(S + 26) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 23) faoin gcéad,”,

agus

(II) i bhfo-alt (1A) sa mhíniú ar “an chéad cháin” trí “de réir alt 739F nó, de réir mar a bheidh, de réir fho-alt (2A)(b)(iii) agus alt 739G(2A)” a chur in ionad “de réir alt 739F”,

agus

(iii) in alt 739G(2)(c) trí “de réir an ráta a chinnfear de réir alt 739E(1)(a),” a chur in ionad “de réir an ráta chaighdeánaigh,”,

agus

(d) i gCaibidil 4 de Chuid 27—

(i) in alt 747D—

(I) i mír (a)(i)(I)—

(A) trí “(S + 26) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 23) faoin gcéad,” i bhfochlásal (A), agus

(B) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhochlásal (B):

“(B) in aon chás eile, de réir an ráta a chinnfear de réir na foirmle—

(S + 3) faoin gcéad

i gcás gurb é S an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an íocaíocht iomchuí,”,

(II) i mír (a)(i)(II)(A) trí “(S + 26) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 23) faoin gcéad,”,

(III) i mír (a)(i)(II)(B) trí “(S + 6) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 3) faoin gcéad,”, agus

(IV) i mír (a)(ii)(I) trí “(H+23) faoin gcéad” a chur in ionad “(H + 20) faoin gcéad,”,

agus

(ii) in alt 747E(1)—

(I) i mír (b)(i) trí “(S + 26) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 23) faoin gcéad,”, agus

(II) i mír (b)(ii) trí “(S + 6) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 3) faoin gcéad,”.

(2) (a) Tá feidhm ag mír (a) d’fho-alt (1), agus éifeacht léi, maidir le teagmhas inmhuirearaithe do tharlú i ndáil le polasaí saoil (de réir bhrí Chaibidil 5 de Chuid 26) an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag mír (b)(i) d’fho-alt (1), agus éifeacht léi, maidir le haon duine d’fháil íocaíochta i leith polasaí saoil coigríche (de réir bhrí Chaibidil 6 de Chuid 26) an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

(c) Tá feidhm ag mír (b)(ii) d’fho-alt (1), agus éifeacht léi, maidir le polasaí saoil coigríche (de réir bhrí Chaibidil 6 de Chuid 26) a dhiúscairt go hiomlán nó go páirteach an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

(d) Tá feidhm ag mír (c) d’fho-alt (1), agus éifeacht léi, maidir le teagmhas inmhuirearaithe do tharlú i ndáil le gnóthas infheistíochta (de réir bhrí alt 739B(1)) an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

(e) Tá feidhm ag mír (d)(i) d’fho-alt (1), agus éifeacht léi, maidir le haon duine d’fháil íocaíochta i leith leasa ábhartha i gciste eischósta (de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 27) an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

(f) Tá feidhm ag mír (d)(ii) d’fho-alt (1), agus éifeacht léi, maidir le duine do dhiúscairt leasa ábhartha i gciste eischósta (de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 27) go hiomlán nó go páirteach an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

Leasú ar alt 481 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Phríomh-Acht.

28 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht in alt 481—

(a) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “asbhaint iomchuí”, trí “100 faoin gcéad” a chur in ionad “80 faoin gcéad”, agus

(b) i bhfo-alt (7) trí “€50,000” a chur in ionad “€31,750”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Leasú ar alt 503 (éilimh) den Phríomh-Acht.

29 .— (1) Leasaítear alt 503 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfar éileamh ar fhaoiseamh i leith scaireanna cáilithe arna n-eisiúint ag cuideachta in aon bhliain mheasúnachta—

(a) tráth nach luaithe—

(i) i gcás infheistíochta iomchuí, ná an dáta a thosóidh an chuideachta ar na hoibríochtaí trádála iomchuí a sheoladh, agus

(ii) in aon chás eile, ná deireadh na tréimhse 4 mhí a luaitear in alt 489(7)(a)(i)(II),

agus

(b) tráth nach déanaí—

(i) ná 2 bhliain tar éis dheireadh na bliana measúnachta sin nó, má bhí deireadh leis an tréimhse 4 mhí sin a luaitear in alt 489(7)(a)(i)(II) tar éis dheireadh na bliana sin, 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse 4 mhí sin, cibé acu is déanaí a tharlóidh, nó

(ii) ná 3 mhí tar éis an dáta a thabharfar an ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (3), i gcás ina dtabharfar an ráiteas sin laistigh de na 3 mhí roimh dheireadh na tréimhse ama a shonraítear i bhfomhír (i).”.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) agus éifeacht leis amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2009.

Leasú ar alt 768 (liúntas le haghaidh fios feasa) den Phríomh-Acht.

30 .— (1) Leasaítear alt 768 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) I gcás go bhfaighidh duine trádáil nó cuid de thrádáil agus, i dteannta na trádála nó na coda den trádáil, fios feasa a úsáidtear sa trádáil nó i gcuid den trádáil, ansin ní lamhálfar aon mhéid a asbhaint faoin alt seo i leith caiteachais a tabhaíodh chun an fios feasa a fháil.

(b) Faoi réir mhír (c), i gcás—

(i) go bhfaighidh duine trádáil nó cuid de thrádáil, agus

(ii) go bhfaighidh duine a mbeidh baint aige nó aici (de réir bhrí alt 10) leis an duine fios feasa a úsáidtear sa trádáil nó sa chuid den trádáil,

ansin—

(I) lamhálfar méid an chaiteachais a thabhófar ar an bhfios feasa ag an duine dá dtagraítear i bhfomhír (ii) mar asbhaint in aghaidh bhrabúis na trádála, arna seoladh ag an duine sin, ina n-úsáidtear an fios feasa (dá ngairtear ‘trádáil iomchuí’ san fho-alt seo) ach ní in aghaidh aon ioncaim ná brabús eile, cibé cineál iad,

(II) ní dhéanfar aon mhéid d’aon ríchíos ná d’aon suim eile arna híoc ag an duine dá dtagraítear i bhfomhír (i), nó ag aon duine a mbeidh baint aige nó aici (de réir bhrí alt 10) leis an duine sin, as an bhfios feasa a gheobhaidh an duine dá dtagraítear i bhfomhír (ii) a lamháil mar asbhaint le linn brabúis, cibé cineál iad, an duine a dhéanfaidh íocaíocht den sórt sin a ríomh, ná ní dhéanfar é a áireamh mar mhuirear ar ioncam an duine sin, agus

(III) ní cheadófar aon mhéid a asbhaint faoin alt seo i gcás, aon tráth, go ndéanfar an trádáil nó cuid den trádáil dá dtagraítear i bhfomhír (i) a aistriú chuig an duine dá dtagraítear i bhfomhír (ii).

(c) Más rud é maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe de chuid duine a sheolann trádáil iomchuí, gur mó an méid ar mó asbhaint a bheidh ar fáil lena déanamh faoi mhír (b)(I) ná brabúis na trádála iomchuí mura mbeadh an asbhaint sin, déanfar an bhreis a thabhairt ar aghaidh agus déileálfar léi mar mhéid is inasbhainte faoi mhír (b)(I) do thréimhsí inmhuirearaithe díreach ina dhiaidh sin agus (fad a bheidh an duine ag seoladh na trádála sin) áireofar an tráth sin na brabúis ón trádáil in aon tréimhse inmhuirearaithe ina dhiaidh sin mar bhrabúis ar lú iad de mhéid na breise, nó de cibé cion den bhreis sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith in aghaidh bhrabúis na trádála de chuid tréimhse inmhuirearaithe níos luaithe.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) I gcás gur éilíodh aon fhaoiseamh faoin alt seo agus go bhfaighfear amach ina dhiaidh sin nach raibh sé dlite, tarraingeofar siar an faoiseamh sin trí mheasúnacht i leith cánach a dhéanamh, faoi Chás IV de Sceideal D, don tréimhse inmhuirearaithe nó do na tréimhsí inmhuirearaithe inar éilíodh an faoiseamh, agus, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, féadfar measúnacht den sórt sin a dhéanamh tráth ar bith.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321(2) den Phríomh-Acht) dar chríoch 31 Nollaig 2008 nó dá éis.

Caibidil 5

Cáin Chorparáide

Faoiseamh ó cháin do chuideachtaí nua-thionscanta áirithe.

31 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 486B:

“486C.— (1) (a) San alt seo—

ciallaíonn ‘Comhaontú LEE’ Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Oporto an 2 Bealtaine 1992, arna choigeartú leis an bPrótacal a síníodh sa Bhruiséil an 17 Márta 1993;

ciallaíonn ‘Stát de chuid LEE’ Stát, seachas an Stát, is páirtí conarthach i gComhaontú LEE;

tá le ‘trádáil eiscthe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 21A;

ciallaíonn ‘glanghnóchain inmhuirearaithe’ gnóchain inmhuirearaithe lúide caillteanais inlamhála;

ciallaíonn ‘cuideachta nua’ cuideachta a corpraíodh nó a chorprófar sa Stát nó i Stát de chuid LEE seachas an Stát an 14 Deireadh Fómhair 2008 nó dá éis;

ciallaíonn ‘sócmhainní cáilitheacha’, i ndáil le trádáil cháilitheach, sócmhainní iomchuí de chuid na trádála cáilithí a dhiúscraítear sa tréimhse iomchuí i ndáil leis an trádáil sin;

tá le ‘trádáil cháilitheach’ an bhrí a shanntar dó i bhfo-alt (2);

ciallaíonn ‘sócmhainn iomchuí’, i ndáil le trádáil cháilitheach, sócmhainn (lena n-áirítear cáilmheas ach gan scaireanna ná urrúis ná sócmhainní eile a theachtar mar infheistíochtaí a áireamh) is sócmhainn, nó is leas i sócmhainn, a úsáidtear chun críocha na trádála sin seachas sócmhainn nár ghnóchan inmhuirearaithe aon ghnóchan a d’fhabhraigh ar an tsócmhainn a dhiúscairt nó sócmhainn a ndéantar an chomaoin chun í a fháil a chinneadh le halt 617 nó alt 631;

ciallaíonn ‘cáin chorparáide iomchuí’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, an cháin chorparáide ab inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta, ar leith ón alt seo, ó ailt 239, 241, 440, 441, 644B agus 827 agus mír 18 de Sceideal 32, gan iad seo a áireamh—

(i) an cháin chorparáide is inmhuirearaithe ar bhrabúis na cuideachta is inchurtha síos do ghnóchain inmhuirearaithe don tréimhse sin, agus

(ii) an cháin chorparáide is inmhuirearaithe ar an gcuid de bhrabúis na cuideachta ar a muirearaítear cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 21A;

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’ i ndáil le trádáil cháilitheach, an tréimhse dar tosach an lá a thosóidh an chuideachta ar an trádáil cháilitheach a sheoladh agus dar críoch 3 bliana tar éis an dáta sin;

ciallaíonn ‘an cháin chorparáide iomlán’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, an cháin chorparáide ab inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta, ar leith ón alt seo, ailt 239 agus 241;

ciallaíonn ‘trádáil’ trádáil a muirearaítear cáin ar na brabúis nó na gnóchain uaithi faoi Chás I de Sceideal D.

(b) Chun críocha an ailt seo, glacfar gur brabúis cuideachta is inchurtha síos do ghnóchain inmhuirearaithe do thréimhse chuntasaíochta, méid a brabús don tréimhse sin ar a mbeidh cáin chorparáide le híoc faoi dheoidh, ar leith ón gcuid de na brabúis is inchurtha síos d’ioncam. Measfar gurb é atá sa chuid sin an méid a thugtar faoi réim bhrabúis na cuideachta don tréimhse sin chun críocha cánach corparáide i leith ioncaim tar éis aon asbhaint le haghaidh muirear ar ioncam, caiteachais bhainistithe nó méideanna eile is féidir a asbhaint as brabúis de bhreis agus tuairisc amháin nó is féidir a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús sin nó ar féidir déileáil leo mar mhéideanna a laghdaíonn na brabúis sin.

(2) (a) San alt seo, ciallaíonn ‘trádáil cháilitheach’ trádáil a bhunóidh agus a thosóidh cuideachta nua sa bhliain 2009 seachas trádáil—

(i) a bhí á seoladh roimhe sin ag duine eile agus ar tháinig an chuideachta i gcomharbas uirthi,

(ii) a raibh a gníomhaíochtaí á seoladh roimhe sin mar chuid de thrádáil nó de ghairm duine eile,

(iii) is trádáil eiscthe, nó

(iv) a mbeadh de thoradh ar a gníomhaíochtaí, dá ndéanfadh dlúthchuideachta gan aon bhunadh ioncaim eile iad a sheoladh, gur chuideachta sheirbhíse an chuideachta sin chun críocha alt 441.

(b) I gcás trádáil arb é atá inti oibríochtaí eiscthe go páirteach agus oibríochtaí nó gníomhaíochtaí eile go páirteach, ansin beidh feidhm ag alt 21A(2) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm aige chun críocha alt 21A.

(3) I gcás ina seolfaidh cuideachta trádáil cháilitheach i dtréimhse chuntasaíochta a mbeidh cuid di laistigh den tréimhse iomchuí i ndáil leis an trádáil cháilitheach sin, ansin is é an t-ioncam ón trádáil cháilitheach don tréimhse chuntasaíochta sin, chun críocha an ailt seo, méid ioncaim na trádála cáilithí don chuid sin den tréimhse chuntasaíochta agus déanfar méid ioncaim na trádála cáilithí don chuid sin a chinneadh amhail is dá mba thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid sin.

(4) (a) I gcás ina mbeidh tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta go hiomlán nó go páirteach laistigh de thréimhse iomchuí i ndáil le trádáil cháilitheach agus nach mó an cháin chorparáide iomlán is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin ná an t-uasmhéid iomchuí íochtarach, ansin—

(i) déanfar cáin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, a mhéid is inchurtha í i leith ioncam ón trádáil cháilitheach don tréimhse chuntasaíochta sin, agus

(ii) cáin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta a mhéid is inchurtha í i leith gnóchan inmhuirearaithe ar dhiúscairt sócmhainní cáilitheacha i ndáil leis an trádáil,

a laghdú go nialas.

(b) I gcás ina mbeidh tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta go hiomlán nó go páirteach laistigh de thréimhse iomchuí i ndáil le trádáil cháilitheach agus gur mó an cháin chorparáide iomlán is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin ná an t-uasmhéid iomchuí íochtarach ach nach mó í ná an t-uasmhéid iomchuí uachtarach, ansin déanfar comhiomlán na cánach corparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a mhéid is inchurtha í i leith ioncaim ón trádáil cháilitheach don tréimhse chuntasaíochta sin agus na cánach corparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a mhéid is inchurtha í i leith gnóchan inmhuirearaithe ar dhiúscairt sócmhainní cáilitheacha i ndáil leis an trádáil, a laghdú go dtí méid a chinnfear de réir na foirmle seo a leanas:

3 [html] (T — M) [html] A + B

T

i gcás—

gurb é T an cháin chorparáide iomlán is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin,

gurb é M an t-uasmhéid iomchuí íochtarach,

gurb é A an cháin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta a mhéid is inchurtha i leith ioncaim ón trádáil cháilitheach don tréimhse chuntasaíochta sin, agus

gurb é B an cháin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a mhéid is inchurtha i leith gnóchan inmhuirearaithe ar shócmhainní cáilitheacha de chuid na trádála cáilithí a dhiúscairt.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo, is é a bheidh sa cháin chorparáide is inchurtha i leith ioncaim ó thrádáil cháilitheach i dtréimhse chuntasaíochta an méid a mbeidh idir é agus an cháin chorparáide iomchuí an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ón trádáil cháilitheach agus an t-ioncam iomlán a thugtar faoi réim cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta sin.

(d) Chun críocha an fho-ailt seo, is é a bheidh sa cháin chorparáide is inchurtha i leith gnóchan inmhuirearaithe ar shócmhainní cáilitheacha a dhiúscairt an méid a mbeidh idir é agus an cháin chorparáide is iníoctha ar na brabúis de chuid na cuideachta is inchurtha i leith na ngnóchan inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta an chomhréir chéanna atá idir na glanghnóchain inmhuirearaithe ar shócmhainní cáilitheacha a dhiúscraítear sa tréimhse chuntasaíochta agus glanghnóchain inmhuirearaithe ar na sócmhainní inmhuirearaithe go léir a dhiúscraítear sa tréimhse chuntasaíochta.

(5) Faoi réir fho-alt (6), €40,000 agus €60,000 faoi seach a bheidh san uasmhéid iomchuí íochtarach agus san uasmhéid iomchuí uachtarach a luaitear i bhfo-alt (4).

(6) Maidir le tréimhse chuntasaíochta is giorra ná 12 mhí, déanfar na huasmhéideanna iomchuí, arna gcinneadh de réir fho-alt (5), a laghdú go comhréireach.

(7) Ní mó ná €100,000 comhiomlán na laghduithe go léir ar cháin chorparáide a mbeidh teideal ag cuideachta chucu faoi fho-alt (4) i leith trádála cáilithí, arb éard iad a gníomhaíochtaí, go hiomlán nó go formhór, daoine nó earraí a iompar ar bhóithre nó feithiclí eile a tharraingt ar bhóithre.

(8) (a) Más rud é, ar dhuine do scor de bheith ag seoladh trádála nó cuid di, go dtosóidh cuideachta (dá ngairtear an ‘comharba’ san fho-alt seo)—

(i) ar ghníomhaíochtaí na trádála a sheoladh mar chuid dá trádáil, nó

(ii) ar ghníomhaíochtaí na coda sin a sheoladh mar chuid dá trádáil,

ansin déileálfar, chun críocha an ailt seo, leis an gcuid sin den trádáil a bheidh á seoladh ag an gcomharba mar thrádáil leithleach.

(b) I gcás inar gá, faoi mhír (a), déileáil le haon ghníomhaíochtaí de chuid trádála cuideachta mar thrádáil leithleach, ansin déanfar aon chionroinnt is gá ar fháltais nó ar chaiteachais.

(9) D’ainneoin alt 4(4)(b), is é ioncam cuideachta, dá dtagraítear san abairt ‘ioncam iomlán a thugtar faoi réim cánach corparáide’, don tréimhse chuntasaíochta chun críocha fho-alt (2), an tsuim a chinnfear le halt 4(4)(b) don tréimhse sin arna laghdú de mhéid is comhionann leis an oiread sin de bhrabúis na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a mhuirearaítear i leith cánach de réir alt 21A.

(10) Más rud é go n-aistreoidh cuideachta cuid de thrádáil cháilitheach chuig duine bainteach i dtréimhse chuntasaíochta, ansin ní bheidh an chuideachta i dteideal faoisimh faoin alt seo i leith na trádála sin don tréimhse chuntasaíochta sin nó d’aon tréimhse chuntasaíochta dá éis.

(11) I gcás ina mbeidh cuideachta i dteideal faoisimh faoin alt seo i leith aon tréimhse cuntasaíochta, ansin sonróidh sí méid an fhaoisimh a bheidh dlite sa tuairisceán uaithi a cheanglaítear faoi alt 951 don tréimhse chuntasaíochta sin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 448 (faoiseamh ó cháin chorparáide) den Phríomh-Acht.

32 .— (1) Leasaítear alt 448 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d’fho-alt (3):

“(b) ansin, iad seo a leanas a asbhaint as an tsuim iomchuí—

(i) méid aon mhuirear ar ioncam a íocadh chun earraí a dhíol sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí,

(ii) méid aon chaillteanais ó earraí a dhíol a bheidh tabhaithe ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus

(iii) méid aon bharrachais muirear ar ioncam a íocadh chun earraí a dhíol nó méid aon chaillteanais ó earraí a dhíol, a bheidh tabhaithe ag cuideachta ghéillteach agus a lamhálfar faoi alt 420A,

a lamháiltear in aghaidh ioncam na trádála sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d’fho-alt (5B) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2008):

“(a) d’aon mhéideanna—

(i) i leith aon mhuirear ar ioncam a íocadh chun earraí a dhíol sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí,

(ii) i leith aon chaillteanas ó earraí a dhíol a bheidh tabhaithe ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus

(iii) i leith aon bharrachais muirear ar ioncam a íocadh chun earraí a dhíol nó méid aon chaillteanais ó earraí a dhíol, a bheidh tabhaithe ag cuideachta ghéillteach agus a lamhálfar faoi alt 420A,

a lamháiltear in aghaidh ioncam na trádála sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 20 Samhain 2008 nó dá éis.

Críoch iomchuí.

33 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) sa mhíniú ar “críoch iomchuí” in alt 21B(1)(a)—

(i) i bhfomhír (i) trí “nó” a scriosadh agus i bhfomhír (ii) trí “déanta lena rialtas, nó” a chur in ionad “déanta lena rialtas;”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) mura críoch dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) í, críoch a bhfuil socruithe déanta lena rialtas ar socruithe iad a mbeidh, ar na nósanna imeachta atá leagtha amach in alt 826(1) a chríochnú, feidhm dlí acu;”,

(b) sa mhíniú ar “críoch iomchuí” in alt 153(1)—

(i) i mír (a) trí “nó” a scriosadh agus i bhfomhír (b) trí “déanta lena rialtas, nó” a chur in ionad “déanta lena rialtas;”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) mura críoch dá dtagraítear i mír (a) nó (b) í, críoch a bhfuil socruithe déanta lena rialtas ar socruithe iad a mbeidh, ar na nósanna imeachta atá leagtha amach in alt 826(1) a chríochnú, feidhm dlí acu;”,

(c) sa mhíniú ar “críoch iomchuí” in alt 172A(1)(a)—

(i) i bhfomhír (i) trí “nó” a scriosadh agus i mír (ii) trí “déanta lena rialtas, nó” a chur in ionad “déanta lena rialtas;”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) mura críoch dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) í, críoch a bhfuil socruithe déanta lena rialtas ar socruithe iad a mbeidh, ar na nósanna imeachta atá leagtha amach in alt 826(1) a chríochnú, feidhm dlí acu;”,

(d) sa mhíniú ar “críoch iomchuí” in alt 198(1)(a)—

(i) i bhfomhír (i) trí “nó” a scriosadh agus i bhfomhír (ii) trí “déanta lena rialtas, nó” a chur in ionad “déanta lena rialtas;”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) mura críoch dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) í, críoch a bhfuil socruithe déanta lena rialtas ar socruithe iad a mbeidh, ar na nósanna imeachta atá leagtha amach in alt 826(1) a chríochnú, feidhm dlí acu;”,

(e) sa mhíniú ar “críoch iomchuí” in alt 246(1)—

(i) i mír (a) trí “nó” a scriosadh agus i mír (b) trí “déanta lena rialtas, nó” a chur in ionad “déanta lena rialtas;”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) mura críoch dá dtagraítear i mír (a) nó (b) í, críoch a bhfuil socruithe déanta lena rialtas ar socruithe iad a mbeidh, ar na nósanna imeachta atá leagtha amach in alt 826(1) a chríochnú, feidhm dlí acu;”,

(f) in alt 452—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1)(a) i ndiaidh “alt 826(1)” sa mhíniú ar “socruithe”:

“nó socruithe atá déanta le rialtas críche, ar socruithe iad a mbeidh, ar na nósanna imeachta atá leagtha amach in alt 826(1) a chríochnú, feidhm dlí acu”,

agus

(ii) trí “agus go mbeidh éifeacht leo de réir fhorálacha na socruithe sin” a chur isteach i bhfo-alt (1)(b)(i) i ndiaidh “an chríoch iomchuí”,

(g) sa mhíniú ar “críoch iomchuí” in alt 626B(1)(a)—

(i) i bhfomhír (i) trí “nó” a scriosadh agus i bhfomhír (ii) trí “déanta lena rialtas, nó” a chur isteach in ionad “déanta lena rialtas;”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) mura críoch dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) í, críoch a bhfuil socruithe déanta lena rialtas ar socruithe iad a mbeidh, ar na nósanna imeachta atá leagtha amach in alt 826(1) a chríochnú, feidhm dlí acu;”,

agus

(h) i mír 9F de Sceideal 24 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (b) d’fhomhír (1):

“(c) (i) Sa chlásal seo ciallaíonn ‘socruithe’ socruithe a bheidh déanta le rialtas críche, is socruithe a mbeidh, ar na nósanna imeachta atá leagtha amach in alt 826(1) a chríochnú, feidhm dlí acu.

(ii) Maidir le críoch nach bhfuil faoi réim fhomhír (1)(b)(i)(II) ar shlí eile, déileálfar léi amhlaidh chun críocha na míre seo más críoch í a mbeidh socruithe déanta lena rialtas.”.

Leasú ar alt 766 (creidmheas cánach le haghaidh caiteachais ar thaighde agus forbairt) den Phríomh-Acht.

34 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht in alt 766—

(a) i bhfo-alt (1)(a) tríd an méid seo leanas a chur in ionad an mhínithe ar “méid tairsí”:

“ciallaíonn ‘méid tairsí’, i ndáil le tréimhse iomchuí de chuid grúpa cuideachtaí, comhiomlán na méideanna caiteachais ar thaighde agus forbairt arna thabhú sa tréimhse bliana dar críoch dáta sa bhliain 2003, a fhreagraíonn don dáta a éagann an tréimhse iomchuí ag na cuideachtaí go léir is comhaltaí den ghrúpa sa tréimhse thairsí, i ndáil leis an tréimhse iomchuí lena mbaineann: ach ní dhéanfar caiteachas arna thabhú ag cuideachta is comhalta den ghrúpa do chuid den tréimhse thairsí a áireamh sa mhéid tairsí ach amháin má thabhaítear an caiteachas tráth is comhalta den ghrúpa í an chuideachta;”,

(b) i bhfo-alt (2) trí “25 faoin gcéad” a chur in ionad “20 faoin gcéad”,

(c) i bhfo-alt (4) trí “Más rud é” a scriosadh agus “Faoi réir fho-ailt (4A) agus (4B), más rud é” a chur ina ionad,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) (a) Más rud é, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, gur mó an méid dá bhfuil an chuideachta i dteideal cáin chorparáide na tréimhse cuntasaíochta a laghdú ná cáin chorparáide na cuideachta i leith na tréimhse cuntasaíochta, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar cáin chorparáide na tréimhse cuntasaíochta roimpi sin dar críoch tráth laistigh den tréimhse ama a shonraítear i mír (b) a laghdú de mhéid an bharrachais.

(b) Is é a bheidh sa tréimhse ama dá dtagraítear i mír (a) an tréimhse ama díreach roimh an tréimhse chuntasaíochta a chéadluaitear sa mhír sin agus atá ar comhfhad leis an tréimhse chuntasaíochta sin, ach maidir le méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoi mhír (a) ar an gcáin chorparáide de chuid tréimhse chuntasaíochta ar roimh an tréimhse ama sin di go páirteach ní rachaidh sé thar an gcáin chorparáide is inchurtha i leith an chuid de na brabúis sin atá i gcomhréir leis an gcuid den tréimhse atá laistigh den tréimhse ama sin.

(4B) (a) I gcás go mbeidh éileamh déanta faoi fho-alt (4A)(a), agus gur mó méid an bharrachais dá dtagraítear i bhfo-alt (4A)(a) ná an cháin chorparáide de chuid na dtréimhsí cuntasaíochta roimhe sin a chríochnaigh laistigh den tréimhse ama a shonraítear i bhfo-alt (4A)(b) nó i gcás nach n-eascróidh aon cháin chorparáide do na tréimhsí cuntasaíochta sin roimhe sin, féadfaidh an chuideachta a éileamh go n-íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon bharrachais a bheidh fágtha leis an gcuideachta.

(b) Faoi réir alt 766B, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar éileamh a fháil, aon bharrachais a bheidh fágtha a íoc leis an gcuideachta, i 3 thráthchuid—

(i) íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an chéad tráthchuid tráth nach luaithe ná an dáta dá bhforáiltear i mír (b) den mhíniú ar ‘dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe’ mar a mhínítear in alt 950(1), don tréimhse chuntasaíochta inar tabhaíodh an caiteachas ar thaighde agus forbairt agus beidh sé ar cóimhéid le 33 faoin gcéad den bharrachas a bheidh fágtha,

(ii) maidir leis an dara tráthchuid—

(I) déileálfar ar dtús leis an mbarrachas a bheidh fágtha, arna laghdú den chéad tráthchuid faoi fhomhír (i) mar mhéid dá laghdaítear, de réir fho-alt (4), an cháin chorparáide de chuid na tréimhse cuntasaíochta díreach tar éis na tréimhse cuntasaíochta inar tabhaíodh an caiteachas is cúis leis an éileamh faoin bhfo-alt seo, agus

(II) déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an dara tráthchuid a íoc tráth nach luaithe ná 12 mhí díreach tar éis an dáta dá dtagraítear i bhfomhír (i) agus beidh sé ar cóimhéid le 50 faoin gcéad den mhéid dá laghdófar an barrachas a bheidh fágtha de chomhiomlán na chéad tráthchoda faoi fhomhír (i) agus an méid a ndéileáiltear leis mar mhéid a laghdaíonn an cháin chorparáide de chuid tréimhse cuntasaíochta faoi chlásal (I),

agus

(iii) maidir leis an tráthchuid dheireanach—

(I) déileálfar ar dtús leis an mbarrachas a bheidh fágtha, arna laghdú den chéad tráthchuid agus den dara tráthchuid agus den mhéid a ndéileáiltear leis mar mhéid a laghdaíonn an cháin chorparáide de chuid tréimhse cuntasaíochta faoi chlásal (I) d’fhomhír (ii), mar mhéid dá laghdófar an cháin chorparáide de chuid na tréimhse cuntasaíochta díreach tar éis na tréimhse cuntasaíochta dá dtagraítear i gclásal (I) d’fhomhír (ii) de réir fho-alt (4), agus

(II) déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an tráthchuid dheireanach a íoc tráth nach luaithe ná 24 mhí díreach tar éis an dáta dá dtagraítear i bhfomhír (i) agus beidh sé ar cóimhéid leis an méid dá laghdófar an barrachas a bheidh fágtha leis an gcéad tráthchuid agus leis an dara tráthchuid agus d’iomlán na méideanna dá laghdófar an cháin ioncaim de chuid tréimhse cuntasaíochta faoi chlásal (I) d’fhomhír (ii) agus faoi chlásal (I) den fhomhír seo.”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Déanfar aon éileamh faoin alt seo laistigh de 12 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina dtabhófar an caiteachas ar thaighde agus forbairt is cúis leis an éileamh.”,

agus

(f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(7A) Ní ioncam de chuid na cuideachta nó de chuid cuideachta eile chun aon chríche cánach aon mhéid is iníoctha de bhua fho-alt (4B).

(7B) Aon mhéid is iníoctha ag na Coimisinéirí Ioncaim leis an gcuideachta nó le cuideachta eile de bhua fho-alt (4B), measfar gur ró-íocaíocht cánach corparáide é chun críocha alt 1006A(2), agus chun na gcríoch sin amháin.”.

(2) (a) Tá feidhm ag mír (e) d’fho-alt (1) maidir le héilimh faoi alt 766 den Phríomh-Acht a dhéanfar an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

(b) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite, tá feidhm ag an alt seo maidir le caiteachas arna thabhú i dtréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

Leasú ar alt 766A (creidmheas cánach ar chaiteachas ar fhoirgnimh nó ar dhéanmhais a úsáidtear le haghaidh taighde agus forbartha) den Phríomh-Acht.

35 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht in alt 766A—

(a) i bhfo-alt (1)(a)—

(i) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “athfheistiú”:

“ciallaíonn ‘foirgneamh cáilitheach’ foirgneamh nó déanmhas atá le húsáid chun go seolfaidh an chuideachta gníomhaíochtaí taighde agus forbartha i mBallstát iomchuí más rud é, don tréimhse iomchuí shonraithe i ndáil leis an bhfoirgneamh nó an déanmhas sin, nach lú ná 35 faoin gcéad an cion d’úsáid an fhoirgnimh nó an déanmhais is inchurtha i leith na ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha a sheolann an chuideachta arna ríomh de réir fho-alt (6);”,

(ii) sa mhíniú ar “caiteachas iomchuí” trí “ar fhoirgneamh cáilitheach a fhoirgniú” a chur in ionad “ar fhoirgneamh nó ar dhéanmhas a fhoirgniú a bheidh le húsáid go hiomlán agus go heisiach chun gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a sheoladh ag an gcuideachta i mBallstát iomchuí”, agus

(iii) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “caiteachas iomchuí”:

“ciallaíonn ‘caiteachas iomchuí sonraithe’ an chomhréir chéanna caiteachais iomchuí atá idir na gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a sheolann an chuideachta san fhoirgneamh cáilitheach don tréimhse iomchuí shonraithe agus iomlán na ngníomhaíochtaí go léir a sheolann an chuideachta san fhoirgneamh sin don tréimhse sin;

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí shonraithe’—

(i) i gcás foirgneamh cáilitheach a fhoirgniú, an tréimhse 4 bliana, dar tosach an dáta a thosaítear ar an bhfoirgneamh nó an déanmhas a úsáid den chéad uair chun críocha trádála,

(ii) i gcás foirgneamh cáilitheach a athfheistiú, an tréimhse 4 bliana, dar tosach an dáta a chríochnaítear an t-athfheistiú nó cibé tréimhse 4 bliana is luaithe ná sin a roghnóidh an chuideachta dar tosach tráth nach luaithe ná an dáta a thosaítear ar an athfheistiú;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás ina dtabhóidh cuideachta cháilithe, i dtréimhse chuntasaíochta, caiteachas iomchuí, déanfar cáin chorparáide na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a laghdú de mhéid is comhionann le 25 faoin gcéad den chaiteachas iomchuí sonraithe.”,

(c) tríd an méid seo a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Más rud é—

(a) go dtabhóidh cuideachta caiteachas iomchuí ar fhoirgneamh nó ar dhéanmhas i dtréimhse chuntasaíochta,

(b) go laghdófar cáin chorparáide na cuideachta nó cuideachta eile i ndáil leis an gcaiteachas sin faoi fho-alt (2) nó (4A), nó go ndearna na Coimisinéirí Ioncaim íocaíocht leis an gcuideachta nó le cuideachta eile de bhua fho-alt (4B), agus

(c) aon tráth sa tréimhse 10 mbliana dar tosach tús na tréimhse cuntasaíochta sin go ndíolfar an foirgneamh nó an déanmhas nó go scoirfidh an chuideachta de bheith á úsáid chun críche gníomhaíochtaí taighde agus forbartha nó chun críche na trádála céanna a sheol an chuideachta ag tús na tréimhse iomchuí sonraithe ar i dtaca léi a seoladh na gníomhaíochtaí taighde agus forbartha,

ansin maidir leis an gcuideachta—

(i) ní bheidh sí, agus i ndáil leis an gcaiteachas sin, ní bheidh cuideachta eile, i dteideal cáin chorparáide a laghdú faoi fho-alt (2) d’aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth i ndiaidh na tréimhse ama a shonraítear i mír (c), agus

(ii) muirearófar cáin uirthi faoi Chás IV de Sceideal D don tréimhse chuntasaíochta ina ndéanfar an foirgneamh nó an déanmhas a dhíol nó ina scoirfear de bheith á úsáid chun críche gníomhaíochtaí taighde agus forbartha nó chun críche na trádála, maidir le méid is comhionann le 4 oiread an mhéid chomhiomláin ar dá réir a dhéantar an cháin chorparáide is iníoctha a laghdú faoi fho-ailt (2), (4) agus (4A), agus a dhéantar íocaíochtaí faoi fho-alt (4B), i leith na cuideachta nó, i ndáil leis an gcaiteachas sin, i leith cuideachta eile.”,

(d) i bhfo-alt (4)(a) trí “agus fho-ailt (4A) agus (4B),” a chur isteach i ndiaidh “(c)”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) (a) Más rud é, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, gur mó ná cáin chorparáide na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta an méid dá bhfuil teideal ag an gcuideachta cáin chorparáide na tréimhse cuntasaíochta a laghdú, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar cáin chorparáide na dtréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar críoch tráth laistigh den tréimhse ama a shonraítear i mír (b) a laghdú de mhéid na breise.

(b) Is tréimhse ama díreach roimh an gcéad tréimhse chuntasaíochta a luaitear i mír (a) an tréimhse ama dá dtagraítear sa mhír sin ar tréimhse ama í atá ar comhfhad leis an tréimhse chuntasaíochta sin, ach ní mó méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoin mír sin ar cháin chorparáide tréimhse cuntasaíochta ar roimh an tréimhse ama sin cuid di ná an cháin chorparáide is inchurtha i leith na coda de na brabúis sin atá ar comhréir leis an gcuid den tréimhse atá laistigh den tréimhse ama sin.

(4B) (a) I gcás ina mbeidh éileamh faoi fho-alt (4A)(a) déanta, agus inar mó méid na breise dá dtagraítear i bhfo-alt (4A)(a) ná cáin chorparáide na dtréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar críoch tráth laistigh den tréimhse ama a shonraítear i bhfo-alt (4A)(b) nó i gcás nach n-éiríonn aon cháin chorparáide do na tréimhsí cuntasaíochta sin roimhe sin, féadfaidh an chuideachta a éileamh go n-íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon bhreis a bheidh fágtha leis an gcuideachta.

(b) Faoi réir alt 766B, ar éileamh a fháil, íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon bhreis leis an gcuideachta ina 3 thráthchuid—

(i) íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an chéad tráthchuid tráth nach luaithe ná an dáta dá bhforáiltear i mír (b) den mhíniú ar ‘dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe’ mar a mhínítear in alt 950(1), don tréimhse chuntasaíochta inar tabhaíodh an caiteachas ar thaighde agus ar fhorbairt agus beidh sí ar cóimhéid le 33 faoin gcéad den bhreis a bheidh fágtha,

(ii) i leith an dara tráthchuid—

(I) déileálfar ar dtús leis an mbreis a bheidh fágtha, arna laghdú den chéad tráthchuid faoi fhomhír (i), mar mhéid dá ndéantar cáin chorparáide na chéad tréimhse cuntasaíochta eile tar éis na tréimhse cuntasaíochta inar tabhaíodh an caiteachas is bun leis an éileamh faoin bhfo-alt seo a laghdú de réir fho-alt (4), agus

(II) íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an dara tráthchuid tráth nach luaithe ná 12 mhí díreach tar éis an dáta dá dtagraítear i bhfomhír (i) agus beidh sí ar cóimhéid le 50 faoin gcéad den mhéid a ndéanfar an bhreis a bheidh fágtha a laghdú de chomhiomlán na chéad tráthchoda faoi fhomhír (i) agus an mhéid a ndéileáiltear leis mar mhéid lena laghdaítear cáin chorparáide tréimhse cuntasaíochta faoi chlásal (I),

agus

(iii) i leith na tráthchoda deireanaí—

(I) déileálfar ar dtús leis an mbreis a bheidh fágtha, arna laghdú den chéad tráthchuid agus den dara tráthchuid agus den mhéid a ndéileáiltear leis mar mhéid lena laghdaítear cáin chorparáide tréimhse cuntasaíochta faoi chlásal (I) d’fhomhír (ii), mar mhéid dá ndéantar cáin chorparáide na chéad tréimhse cuntasaíochta eile tar éis na tréimhse cuntasaíochta dá dtagraítear i gclásal (I) d’fhomhír (ii) a laghdú de réir fho-alt (4), agus

(II) íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an tráthchuid dheireanach tráth nach luaithe ná 24 mhí díreach tar éis an dáta dá dtagraítear i bhfomhír (i) agus beidh sí ar cóimhéid leis an méid dá ndéantar an bhreis a bheidh fágtha a laghdú den chéad tráthchuid agus den dara tráthchuid agus d’iomlán na méideanna dá laghdaítear cáin chorparáide tréimhse cuntasaíochta faoi chlásal (I) d’fhomhír (ii) agus faoi chlásal (I) den fhomhír seo.”,

(f) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Déanfar aon éileamh faoin alt seo laistigh de 12 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina dtabhaítear an caiteachas iomchuí is cúis leis an éileamh.”,

agus

(g) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) (a) I gcás go dtabhóidh cuideachta caiteachas ar fhoirgneamh nó ar dhéanmhas agus nach n-úsáidfidh an chuideachta an foirgneamh nó an déanmhas go hiomlán agus go heisiatach chun críocha taighde agus forbartha, is é a bheidh sa chion d’úsáid an fhoirgnimh nó de mhéid an chaiteachais is inchurtha i leith taighde agus forbartha cibé cion d’úsáid an fhoirgnimh nó den chaiteachas is dóigh leis an gcigire (nó ar achomharc na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith cóir agus réasúnach.

(b) Más rud é, aon tráth, go scoirfidh aon chionroinnt dá dtagraítear i mír (a), nó cionroinnt bhreise a dhéanfar faoin mír seo, de bheith cóir agus réasúnach, ansin—

(i) déanfar cibé cionroinnt bhreise an tráth sin is dóigh leis an gcigire (nó ar achomharc na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith cóir agus réasúnach,

(ii) glacfaidh aon chionroinnt bhreise den sórt sin ionad aon chionranna is luaithe ná sin, agus

(iii) déanfar cibé coigeartuithe, measúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá chun éifeacht a thabhairt d’aon chionroinnt faoin bhfo-alt seo.

(7) Ní ioncam de chuid na cuideachta nó de chuid cuideachta eile chun aon chríche cánach aon mhéid is iníoctha de bhua fho-alt (4B).

(8) Maidir le haon mhéid is iníoctha ag na Coimisinéirí Ioncaim leis an gcuideachta nó le cuideachta eile de bhua fho-alt (4B), measfar gur ró-íocaíocht cánach corparáide é, chun críocha alt 1006A(2) agus chun na gcríoch sin amháin.”.

(2) (a) Tá feidhm ag mír (f) d’fho-alt (1) maidir le héilimh faoi alt 766A den Phríomh-Acht a dhéanfar an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

(b) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite, tagann an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Teorainn le creidmheasanna cánach atá le híoc faoi alt 766 nó 766A den Phríomh-Acht.

36 .— Leasaítear an Príomh-Acht i gCuid 29 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 766A:

“Teorainn le creidmheasanna cánach atá le híoc faoi alt 766 nó 766A.

766B.— (1) San alt seo ciallaíonn ‘dliteanais phárolla’—

(a) an méid cánach ioncaim a cheanglaítear ar an gcuideachta, le Caibidil 4 de Chuid 42 nó fúithi, a chur ar aghaidh chuig an Ard-Bhailitheoir don tréimhse sin i leith díolaíochtaí, mar a mhínítear in alt 983, a íoctar le gach fostaí agus stiúrthóir, nó ar cuntas gach fostaí agus stiúrthóra,

(b) an méid Ranníocaí Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa i leith tuillimh ináirithe agus díolaíochtaí ináirithe na stiúrthóirí agus na bhfostaithe go léir a cheanglaítear ar an gcuideachta a chur ar aghaidh chuig an Ard-Bhailitheoir don tréimhse sin leis na hAchtanna Leasa Shóisialaigh nó fúthu, agus

(c) aon tobhaigh eile a cheanglaítear ar an gcuideachta a chur ar aghaidh chuig an Ard-Bhailitheoir, don tréimhse sin, i leith stiúrthóirí agus fostaithe.

(2) Chun críche fho-alt (1), folaíonn Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa Ranníocaí Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa is iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, Ranníocaí Sláinte is iníoctha faoin Acht um Ranníocaí Sláinte 1979, agus tobhaigh is iníoctha faoin Acht um Chiste Náisiúnta Oiliúna 2000.

(3) Más rud é, i leith caiteachais i dtréimhse chuntasaíochta, go ndéanfaidh cuideachta éileamh faoi alt 766(4B) nó 766A(4B), ansin ní mó an méid comhiomlán is iníoctha ag na Coimisinéirí Ioncaim leis an gcuideachta sin faoi na hailt sin ná an méid is mó díobh seo a leanas—

(a) comhiomlán na cánach corparáide a d’íoc an chuideachta i leith tréimhsí cuntasaíochta dar críoch tráth sna 10 mbliana díreach roimh an tréimhse ama a shonraítear i bhfo-alt (4A)(b) d’alt 766, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta inar tabhaíodh an caiteachas, arna laghdú d’aon mhéideanna is iníoctha leis an gcuideachta i leith éileamh arna ndéanamh faoi alt 766(4B) nó 766A(4B), de réir mar a bheidh, i leith caiteachais i dtréimhse chuntasaíochta roimhe sin, nó

(b) comhiomlán na méideanna is iníoctha ag an gcuideachta i leith dliteanas párolla don tréimhse chuntasaíochta inar tabhaíodh an caiteachas.”.

Liúntais caithimh agus cuimilte a luathú le haghaidh trealaimh áirithe atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de.

37 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 285A tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(8A) (a) D’ainneoin Chuid 11C, i gcás go ndéanfar liúntas a mhéadú faoin alt seo i leith caiteachais a tabhaíodh i dtréimhse inmhuirearaithe ar aon fheithicil (is feithicil lena mbaineann fo-alt (1) d’alt 380K) a sholáthar i ndáil leis an aicme teicneolaíochta a thuairiscítear i gcolún (1) den Tábla mar ‘Feithiclí Leictreacha agus Feithiclí Breosla Mhalartaigh’, ansin beidh feidhm ag fo-alt (2) amhail is dá mba thagairt don cheann is lú de chostas iarbhír na feithicle nó an méid sonraithe dá dtagraítear in alt 380K(4) an tagairt i mír (ad) d’alt 284(2) don chostas iarbhír.

(b) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i gcás go ndéanfar liúntas i leith caiteachais a tabhaíodh ar fheithicil a sholáthar dá dtagraítear i mír (a) a thabhairt faoi alt 284(2) arna chur chun feidhme le halt 380L.”,

(b) in alt 380K(1) trí “, ach ní bheidh feidhm ag an gCuid seo i gcás go méadaítear an liúntas i leith feithicle faoi alt 285A” a chur isteach i ndiaidh “lena húsáid amhlaidh”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 4A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2008):

“SCEIDEAL 4A

AN TÁBLA

(An Aicme Teicneolaíochta)

(Tuairisc)

(An Méid Íosta)

(1)

(2)

(3)

Mótair agus Tiomántáin

Mótar: Mótar aisioncrónach leictreach ag a bhfuil rátáil cumhachta 1.1kW nó níos mó, cibé acu is mótar leithleach é nó is mar chuid de threalamh eile é, agus a thagann le caighdeán sonraithe éifeachtúlachta.

Tiomántán luais inathraithe: Tiomántán atá deartha go sonrach chun mótar ionduchtaithe SA a thiomáint ar mhodh ar a rothlaítear crann tiomána an mhótair ar luas inathraithe faoi réir comhartha sheachtraigh.

€1,000

Soilsiú

Aonaid soilsithe, lena gcuimsítear feisteáin, lampaí agus gléas rialaithe gaolmhar, agus a fhreagraíonn do chritéir éifeachtúlachta shonraithe, nó córais le haghaidh soilsiú a rialú arna ndearadh chun éifeachtúlacht aonad soilsithe a fheabhsú. Áirítear braiteoirí áitíochta agus comharthaí ardéifeachtúlachta.

€3,000

Córais Bhainistíochta Fuinnimh Foirgnimh

Córais ríomhaire-bhunaithe, arna ndearadh go príomha chun faireachán a dhéanamh ar úsáid fuinnimh foirgnimh agus chun í a rialú arb é a gcuspóir éifeachtúlacht fuinnimh a bharrfheabhsú agus teacht le caighdeáin shonraithe éifeachtúlachta.

€5,000

Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC)

Crua-Earraí TFC Fiontraíochta Ardéifeachtúlachta: Crua-earraí bonneagair TFC le haghaidh feidhmiúchán gnó (ar nós freastalaithe) arna ndearadh go sonrach chun leibhéil an-ard éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach agus chun teacht le critéir shonraithe éifeachtúlachta.

Fuarú TFC atá Coigilteach ar Fhuinneamh: Trealamh arna dhearadh chun fuarú oibríochta éifeachtúlachta an-ard a bhaint amach a bheidh ag teacht le critéir shonraithe éifeachtúlachta.

Bainistiú Ardchéime Leictreach TFC: Córais chun lascadh cumhachta a rialú arb é a gcuspóir an éifeachtúlacht fuinnimh is fearr a bhaint amach, agus chun teacht le critéir shonraithe éifeachtúlachta.

€1,000

Soláthar Teasa agus Leictreachais

Giniúint Ardchéime Teasa agus Leictreachais: Trealamh chun teas nó leictreachas nó iad araon a ghiniúint, agus an sruth fuinnimh a thig as beartaithe go príomha lena úsáid ar an láthair agus a thagann le critéir shonraithe éifeachtúlachta.

Córais Rialaithe Choigilte Fuinnimh: Córais atá deartha go sonrach chun éifeachtúlacht fuinnimh trealaimh éifeachtúil ginte teasa nó leictreachais láithrigh nó nua nó an dá chineál agus a thagann le critéir shonraithe éifeachtúlachta, a uasmhéadú.

€1,000

Córais Rialaithe Próisis agus Teasa, Aerála agus Aeroiriúnaithe

Caomhnú agus Gnóthú Éifeachtúil Teasa: Trealamh nó córais nó trealamh agus córais atá deartha go speisialta chun aon fhuinneamh teasa agus fuaraithe a ghintear a rialú, a chaomhnú nó a ghnóthú agus a thagann le critéir shonraithe éifeachtúlachta.

Trealamh Ardchéime Láimhseála Leachta agus Gáis: Trealamh chun leacht nó gás nó iad araon a aistriú ar an láthair ar mhodh atá tíosach ar fhuinneamh agus a thagann le critéir shonraithe éifeachtúlachta. Áirítear caidéil feananna, agus séidirí éifeachtúlachta an-ard, agus trealamh eile chun leacht/gás a láimhseáil.

€1,000

Feithiclí Leictreacha agus Feithiclí Breosla Malartach

Feithiclí Leictreacha agus Trealamh Luchtaithe a Ghabhann Leo: Feithiclí leictreacha agus páirtleictreach ag a bhfuil mótar de mhéid > 1kW, agus trealamh luchtaithe riachtanach iomchuí, a thagann le critéir shonraithe éifeachtúlachta.

Tiontuithe Feithiclí Breosla Mhalartaigh: Trealamh chun feithiclí tráchtála díosail láithreacha a thiontú ina bhfeithiclí bithbhreosla 100%, a thagann le critéir shonraithe éifeachtúlachta.

€1,000

”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Réamhcháin.

38 .— (1) Leasaítear alt 958 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (a)—

(I) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “cáin chorparáide chomhréire don tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin”:

“ciallaíonn ‘cáin ioncaim chomhréire don tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin’, i ndáil le tréimhse inmhuirearaithe ar tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta í, méid a chinnfear de réir na foirmle—

I x C

P

i gcás—

gurb é I an cháin ioncaim is iníoctha faoi alt 239 nó 241 ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin,

gurb é C an líon laethanta sa tréimhse inmhuirearaithe, agus

gurb é P an líon laethanta sa tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin;”,

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cáin is iníoctha don tréimhse thosaigh”:

“ciallaíonn ‘cáin is iníoctha don tréimhse thosaigh’, i ndáil le tréimhse inmhuirearaithe—

(I) is bliain mheasúnachta le haghaidh cánach gnóchan caipitiúil (arb iad na blianta measúnachta 2003 go 2008 go huile iad), an cháin ab iníoctha ag an duine inmhuirearaithe dá gcríochnódh an bhliain mheasúnachta an 30 Meán Fómhair sa bhliain sin seachas an 31 Nollaig sa bhliain sin, nó

(II) is bliain mheasúnachta le haghaidh cánach gnóchan caipitiúil (arb í an bhliain mheasúnachta 2009 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í), an cháin ab iníoctha ag an duine inmhuirearaithe dá gcríochnódh an bhliain mheasúnachta an 30 Samhain sa bhliain sin seachas an 31 Nollaig sa bhliain sin;”,

agus

(III) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “an tréimhse inmhuirearaithe roimh an tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin”:

“forléireofar ‘tréimhse chuntasaíochta iomchuí’ de réir mhír (c);”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) (i) Faoi réir fhomhír (ii), ciallóidh tréimhse chuntasaíochta iomchuí tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, seachas mionchuideachta, dar tosach an 14 Deireadh Fómhair 2008 nó dá éis.

(ii) Ní tréimhse chuntasaíochta iomchuí tréimhse chuntasaíochta más rud é, murach an fhomhír seo, go mbeadh an tráthchuid deiridh réamhchánach, mar gheall ar na dátaí a thosaíonn agus a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, dlite agus iníoctha de réir fho-alt (2BA)(c) ar an dáta nó roimh an dáta a mbeadh an chéad tráthchuid dlite agus iníoctha de réir fho-alt (2BA)(b).”,

(b) i bhfo-alt (2B)—

(i) i mír (a), trí “Faoi réir fho-alt (2BA), beidh réamhcháin” a chur in ionad “Beidh réamhcháin”, agus

(ii) i mír (c), trí “fo-ailt (4C) agus (4CA)” a chur in ionad “fo-ailt (4C) agus (4E)”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2B):

“(2BA) (a) Aon réamhcháin is cuí do thréimhse inmhuirearaithe is tréimhse chuntasaíochta iomchuí, beidh sí dlite agus iníoctha ina 2 tráthchuid.

(b) Beidh an chéad cheann den 2 thráthchuid dá dtagraítear i mír (a) (dá ngairtear an ‘tráthchuid tosaigh’ san alt seo) dlite agus iníoctha laistigh de thréimhse 6 mhí ó thús na tréimhse cuntasaíochta, ach in aon chás beidh an tráthchuid tosaigh dlite agus iníoctha tráth nach déanaí ná an 21ú lá den mhí ina dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse 6 mhí sin.

(c) Beidh an dara ceann den 2 thráthchuid dá dtagraítear i mír (a) (dá ngairtear an ‘tráthchuid deiridh’ san alt seo) dlite agus iníoctha tráth nach déanaí ná an lá a bheidh 31 lá roimh an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, ach i gcás ina mbeidh an lá sin níos déanaí ná an 21ú lá den mhí ina dtarlaíonn an lá céadluaite, beidh an tráthchuid deiridh dlite agus iníoctha tráth nach déanaí ná an 21ú lá den mhí sin.”,

(d) i bhfo-alt (2C)—

(i) i mír (b), trí “Faoi réir mhír (c), déanfar tagairtí” a chur in ionad “Déanfar tagairtí”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) Déanfar tagairtí sa Chuid seo don dáta dlite maidir leis an tráthchuid tosaigh, nó an tráthchuid deiridh, réamhchánach a íoc, sa chás go mbeidh an cháin sin dlite in aghaidh tréimhse inmhuirearaithe is tréimhse chuntasaíochta iomchuí, a fhorléiriú de réir fho-alt (2BA).”,

(e) i bhfo-alt (3)(a)—

(i) trí “Faoi réir fho-ailt (3A), (4), (4B), (4C), (4CA), (4D), (4E), (4F) agus (4G)” a chur in ionad “Faoi réir fho-ailt (3A), (4), (4B), (4C), (4D) agus (4E)”, agus

(ii) i bhfomhír (v) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásal (I):

“(I) maidir le cáin is iníoctha don tréimhse tosaigh—

(A) i gcás inar sna blianta measúnachta 2003 go 2008 go huile don tréimhse tosaigh, an 31 Deireadh Fómhair sa bhliain mheasúnachta, nó roimhe, agus

(B) i gcás inar sa bhliain mheasúnachta 2009 nó in aon bhliain mheasúnachta dá éis don tréimhse tosaigh, an 15 Nollaig sa bhliain mheasúnachta sin, nó roimhe, agus”,

(f) i bhfo-alt (4C)—

(i) trí “Faoi réir fho-ailt (2B)(c), (4CA), (4E), (4F), (4G) agus (11)” a chur in ionad “Faoi réir fho-ailt (2B)(c), (4E) agus (11)”, agus

(ii) i mír (b)(i), tríd an méid seo a leanas a chur ionad chlásal (II):

“(II) comhshuim na cánach corparáide comhréire don tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin agus na cánach ioncaim comhréire don tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin,”,

(g) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4C):

“(4CA) (a) Faoi réir fho-ailt (2B)(c), (4E), (4F), (4G) agus (11), más rud é go mbeadh cáin is iníoctha ag duine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe is tréimhse chuntasaíochta iomchuí dlite agus iníoctha de réir fho-alt (3) murach an fo-alt seo, agus—

(i) gur mhainnigh an duine inmhuirearaithe an tráthchuid tosaigh nó an tráthchuid deiridh réamhchánach don tréimhse inmhuirearaithe a íoc,

(ii) gur lú an tráthchuid tosaigh réamhchánach arna híoc ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe ná na méideanna seo a leanas, nó gur lú í ná an méid is lú acu—

(I) 45 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, nó

(II) 50 faoin gcéad de chomhshuim na cánach corparáide comhréire don tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin agus na cánach ioncaim comhréire don tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin,

(iii) i gcás inar thosaigh an tréimhse inmhuirearaithe ar an gcuideachta do theacht laistigh de réim cánach corparáide, gur lú an tráthchuid tosaigh réamhchánach arna híoc ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe ná 45 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe,

(iv) gur lú comhiomlán na tráthchoda tosaigh agus na tráthchoda deiridh réamhchánach arna íoc ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe ná 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, nó

(v) nár íocadh an tráthchuid tosaigh nó an tráthchuid deiridh réamhchánach ab iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe faoin dáta ar a raibh sí dlite agus iníoctha,

ansin measfar go raibh an cháin ab iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe dlite agus iníoctha de réir mhír (b).

(b) (i) Beidh cáin atá dlite agus iníoctha de réir na míre seo ag duine inmhuirearaithe do thréimhse inmhuirearaithe is tréimhse chuntasaíochta iomchuí dlite agus iníoctha ina 2 tráthchuid.

(ii) Beidh an chéad tráthchuid den 2 thráthchuid dá dtagraítear i bhfomhír (i) (dá ngairtear an ‘tráthchuid iomchuí tosaigh’ sa mhír seo agus i míreanna (c) agus (d)) dlite agus iníoctha tráth nach déanaí ná an lá a bheidh an tráthchuid tosaigh réamhchánach dlite agus iníoctha de réir fho-alt (2BA).

(iii) Beidh an dara tráthchuid den 2 thráthchuid dá dtagraítear i bhfomhír (i) (dá ngairtear an ‘tráthchuid iomchuí deiridh’ sa mhír seo agus i míreanna (c) agus (d)) dlite agus iníoctha tráth nach déanaí ná an lá a bheidh an tráthchuid deiridh réamhchánach dlite agus iníoctha de réir fho-alt (2BA).

(c) Is é méid na tráthchoda iomchuí tosaigh 45 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe.

(d) Is é méid na tráthchoda iomchuí deiridh méid is comhionann le breis na cánach is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe ar mhéid na tráthchoda iomchuí tosaigh.”,

(h) i bhfo-alt (4E), trí “Faoi réir fho-ailt (4F) agus (4G), más rud é” a chur in ionad “Más rud é”,

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4E):

“(4F) Más rud é, maidir le tréimhse inmhuirearaithe is tréimhse chuntasaíochta iomchuí—

(a) gur lú an tráthchuid tosaigh réamhchánach is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe de réir fho-alt (2BA) ná 45 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe,

(b) nach lú an tráthchuid tosaigh réamhchánach arna híoc amhlaidh ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe ná 45 faoin gcéad den mhéid ab iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe mura mbeadh aon mhéid ar áireamh ar bhrabúis an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe—

(i) i leith gnóchan inmhuirearaithe ar an duine do dhiúscairt sócmhainní sa chuid den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis an dáta faoina bhfuil an tráthchuid tosaigh réamhchánach don tréimhse inmhuirearaithe iníoctha de réir fho-alt (2BA), nó

(ii) i gcás cuideachta iomchuí, i leith brabús nó gnóchan nó caillteanas a fhabhraíonn, agus nach réadaítear, sa tréimhse inmhuirearaithe ar shócmhainní airgeadais nó ar dhliteanais airgeadais is inchurtha i leith athruithe ar luach na sócmhainní sin nó na ndliteanas sin sa chuid den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis dheireadh na míosa díreach roimh an mí ina bhfuil an tráthchuid tosaigh réamhchánach don tréimhse inmhuirearaithe iníoctha de réir fho-alt (2BA),

agus

(c) nach lú comhiomlán na tráthchoda tosaigh agus na tráthchoda deiridh réamhchánach arnan-íoc ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe de réir fho-alt (2BA) ná 90 faoin gcéad den mhéid sin cánach ab iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe dá ríomhfaí de réir fho-alt (4G)(b) é,

ansin déileálfar, chun críocha fho-alt (4CA), leis an tráthchuid tosaigh réamhchánach arna híoc ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe mar thráthchuid a íocadh faoin dáta ar a bhfuil sí dlite agus iníoctha.

(4G) Más rud é, maidir le tréimhse inmhuirearaithe is tréimhse chuntasaíochta iomchuí—

(a) gur lú comhiomlán na tráthchoda tosaigh agus na tráthchoda deiridh réamhchánach arna n-íoc ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe de réir fho-alt (2BA) ná 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe,

(b) nach lú comhiomlán na tráthchoda tosaigh agus na tráthchoda deiridh réamhchánach arna n-íoc ag an duine inmhuirearaithe amhlaidh don tréimhse inmhuirearaithe ná 90 faoin gcéad den mhéid a bheadh iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe mura mbeadh méid ar bith ar áireamh i mbrabúis an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe—

(i) i leith gnóchan inmhuirearaithe ar an duine do dhiúscairt sócmhainní sa chuid den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis an dáta faoina mbeidh, nó

(ii) i gcás cuideachta iomchuí, i leith brabús nó gnóchan nó caillteanas a fhabhraíonn, agus nach bhfuil réadaithe, sa tréimhse inmhuirearaithe ar shócmhainní airgeadais nó ar dhliteanais airgeadais is inchurtha i leith athruithe ar luach na sócmhainní nó na ndliteanas sin sa chuid den tréimhse inmhuirearaithe atá tar éis dheireadh na míosa díreach roimh an mí ina mbeidh,

an tráthchuid deiridh réamhchánach don tréimhse inmhuirearaithe iníoctha de réir fho-alt (2BA), agus

(c) go ndéanfaidh an duine inmhuirearaithe íocaíocht bhreise réamhchánach don tréimhse inmhuirearaithe laistigh de mhí tar éis dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe agus nach lú comhiomlán na híocaíochta sin agus na tráthchoda tosaigh agus na tráthchoda deiridh réamhchánach a d’íoc an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe de réir fho-alt (2BA) ná 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe,

ansin measfar an tráthchuid deiridh réamhchánach a d’íoc an duine inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe, chun críocha fho-alt (4CA), a bheith íoctha faoin dáta ar a mbeidh sí dlite agus iníoctha.”,

agus

(j) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11):

“(11) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘iarmhéid tosaigh’ an méid arb ionannas dó an fhoirmle—

A — B

i gcás—

gurb é A méid na tráthchoda tosaigh réamhchánach a d’íoc an chuideachta ghéillte don tréimhse iomchuí de réir fho-alt (2BA), agus

gurb é B—

(i) i gcás gur thosaigh an tréimhse iomchuí an tráth a tháinig an chuideachta ghéillte laistigh de réim cánach corparáide—

(I) 45 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta ghéillte don tréimhse iomchuí, nó

(II) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (2B)(c) i ndáil leis an tréimhse sin, méid nialais,

nó,

(ii) in aon chás eile, an méid is lú acu seo a leanas—

(I) 45 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta ghéillte don tréimhse iomchuí, nó

(II) 50 faoin gcéad de chomhshuim na cánach corparáide comhréire don tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin agus na cánach ioncaim comhréire don tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin, is iníoctha ag an gcuideachta ghéillte;

ciallaíonn ‘iarmhéid deiridh’ an méid arb ionannas dó an fhoirmle—

C — D

i gcás—

gurb é C an méid réamhchánach a d’íoc an chuideachta ghéillte don tréimhse iomchuí de réir fho-alt (2B) nó fho-alt (2BA), de réir mar a bheidh, agus

gurb é D 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta ghéillte don tréimhse iomchuí, nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (2B)(c) i ndáil leis an tréimhse sin, méid nialais;

ciallaíonn ‘iarmhéid tosaigh iomchuí’ an chuid sin d’iarmhéid tosaigh a shonrófar i bhfógra a thabharfar de réir mhír (c);

ciallaíonn ‘iarmhéid deiridh iomchuí’ an chuid sin d’iarmhéid deiridh a shonrófar i bhfógra a thabharfar de réir mhír (c).

(b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo más rud é—

(i) go n-íocfaidh duine inmhuirearaithe is cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta ghéillte’ san fho-alt seo) atá ina chomhalta de ghrúpa—

(I) tráthchuid tosaigh réamhchánach do thréimhse inmhuirearaithe (dá ngairtear an ‘tréimhse iomchuí’ san fho-alt seo) de réir fho-alt (2BA), ar méid é atá níos mó ná na méideanna seo a leanas, nó níos mó ná an méid is lú acu—

(A) 45 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta ghéillte don tréimhse iomchuí, nó

(B) 50 faoin gcéad de chomhshuim na cánach corparáide comhréire don tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin agus na cánach ioncaim comhréire don tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin, is iníoctha ag an gcuideachta ghéillte,

(II) tráthchuid tosaigh réamhchánach do thréimhse iomchuí a thosaigh an tráth a tháinig an chuideachta ghéillte laistigh de réim cánach corparáide, ar méid é is mó ná 45 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta sin don tréimhse iomchuí,

(III) méid réamhchánach do thréimhse iomchuí de réir fho-alt (2B) nó fho-alt (2BA), de réir mar a bheidh, ar méid é is mó ná 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta ghéillte don tréimhse iomchuí, nó

(IV) aon mhéid réamhchánach do thréimhse iomchuí a bhfuil feidhm ag fo-alt (2B)(c) maidir léi,

(ii) go n-íocfaidh duine inmhuirearaithe eile is cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta éilimh’ san fho-alt seo) atá ina comhalta den ghrúpa—

(I) tráthchuid tosaigh réamhchánach do thréimhse inmhuirearaithe de réir fho-alt (2BA), ar méid é is lú ná na méideanna seo a leanas, nó is lú ná an méid is lú acu—

(A) 45 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta éilimh don tréimhse inmhuirearaithe, nó

(B) 50 faoin gcéad de chomhshuim na cánach corparáide comhréire don tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin agus na cánach ioncaim comhréire don tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin, is iníoctha ag an gcuideachta éilimh,

(II) tráthchuid tosaigh réamhchánach do thréimhse inmhuirearaithe a thosaigh an tráth a tháinig an chuideachta éilimh laistigh de réim cánach corparáide, ar méid é is lú ná 45 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta sin don tréimhse iomchuí, nó

(III) méid réamhchánach do thréimhse inmhuirearaithe de réir fho-alt (2BA), ar méid é is lú ná 90 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta éilimh don tréimhse inmhuirearaithe,

(iii) go bhfuil an tréimhse inmhuirearaithe i bhfomhír (ii) comhthráthach leis an tréimhse iomchuí, agus

(iv) nach mionchuideachta an chuideachta éilimh i ndáil leis an tréimhse iomchuí.

(c) I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo féadfaidh an 2 chuideachta, aon tráth ar an dáta tuairisceáin sonraithe do thréimhse inmhuirearaithe na cuideachta géillte nó roimhe, fógra a thabhairt i gcomhpháirt don Ard-Bhailitheoir, i cibé foirm a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim, á rá—

(i) go bhfuil éifeacht le bheith le mír (d)(i) i ndáil leis an iarmhéid tosaigh iomchuí, nó,

(ii) go bhfuil éifeacht le bheith le mír (d)(ii) i ndáil leis an iarmhéid deiridh iomchuí,

arna shonrú san fhógra.

(d) (i) I gcás ina bhfuil éifeacht leis an mír seo i ndáil le haon iarmhéid tosaigh iomchuí—

(I) measfar, chun críocha fho-alt (4CA)(a)(ii), méid breise réamhchánach atá comhionann leis an iarmhéid tosaigh iomchuí a bheith íoctha ag an gcuideachta éilimh ar an dáta a dhlitear tráthchuid tosaigh réamhchánach na cuideachta sin a íoc don tréimhse iomchuí más rud é go ndéantar 100 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta éilimh don tréimhse iomchuí, gan aird a thabhairt ar an gclásal seo, a íoc ar an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse iomchuí nó roimhe, agus

(II) déileálfar leis an gcuideachta ghéillte, chun críocha an fho-ailt seo, mar chuideachta a ghéill an t-iarmhéid tosaigh iomchuí don chuideachta éilimh agus ní bheidh an t-iarmhéid tosaigh iomchuí sin ar fáil lena úsáid ag aon chuideachta eile faoin bhfo-alt seo.

(ii) I gcás ina bhfuil éifeacht leis an mír seo i ndáil le haon iarmhéid deiridh iomchuí—

(I) measfar, chun críocha fho-alt (4CA)(a)(iv), méid breise réamhchánach atá comhionann leis an iarmhéid deiridh iomchuí a bheith íoctha ag an gcuideachta éilimh ar an dáta a ndlitear tráthchuid deiridh réamhchánach na cuideachta sin a íoc don tréimhse iomchuí más rud é go ndéantar 100 faoin gcéad den cháin is iníoctha ag an gcuideachta éilimh don tréimhse iomchuí, gan aird a thabhairt ar an gclásal seo, a íoc ar an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse iomchuí nó roimhe, agus

(II) déileálfar leis an gcuideachta ghéillte chun críocha an fho-ailt seo mar chuideachta a ghéill an t-iarmhéid deiridh iomchuí don chuideachta éilimh agus ní bheidh an t-iarmhéid deiridh iomchuí sin ar fáil lena úsáid ag aon chuideachta eile faoin bhfo-alt seo.

(e) Maidir le híocaíocht i leith iarmhéid tosaigh iomchuí nó i leith iarmhéid deiridh iomchuí—

(i) ní chuirfear i gcuntas í le linn brabúis nó caillteanais de chuid ceachtar cuideachta a ríomh chun críocha cánach corparáide, agus

(ii) ní mheasfar gur dáileadh nó muirear ar ioncam í chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Corparáide,

agus, sa mhír seo, ciallaíonn ‘íocaíocht i leith iarmhéid tosaigh iomchuí nó i leith iarmhéid deiridh iomchuí’ íocaíocht arna déanamh ag an gcuideachta éilimh leis an gcuideachta ghéillte de bhun comhaontú eatarthu maidir le méid arna ghéilleadh de réir an fho-ailt seo, ar íocaíocht í nach mó ná an méid sin.

(f) (i) Ní dhéanfaidh an fo-alt seo difear do dhliteanas aon chuideachta lena mbaineann an fo-alt i leith cáin chorparáide a íoc.

(ii) I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo, déanfar an méid ar ina leith atá dliteanas ar an gcuideachta éilimh, murach an fo-alt seo, ús a íoc de réir alt 1080 a laghdú—

(I) d’aon iarmhéid tosaigh iomchuí a mheasfar a bheith íoctha ag an gcuideachta sin de réir mhír (d)(i)(I), nó

(II) d’aon iarmhéid deiridh iomchuí a mheasfar a bheith íoctha ag an gcuideachta sin de réir mhír (d)(ii)(I).

(g) Chun críocha an fho-ailt seo, is comhaltaí den ghrúpa céanna 2 chuideachta más rud é, agus más rud é amháin, gur chomhaltaí den sórt sin iad chun críocha alt 411.”.

(2) (a) Tá éifeacht le fo-alt (1), ar leith ó mhíreanna (a)(i)(II) agus (e)(ii), do thréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 14 Deireadh Fómhair 2008 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag míreanna (a)(i)(II) agus (e)(ii) d’fho-alt (1) maidir le diúscairtí a dhéanfar sa bhliain mheasúnachta 2009 agus i mblianta measúnachta dá éis.

Leasú ar alt 239 (cáin ioncaim ar íocaíochtaí ag cuideachtaí cónaitheacha) den Phríomh-Acht.

39 .— (1) Leasaítear alt 239 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (4) trí “, ach in aon chás tráth nach déanaí ná an 21ú lá den mhí ina gcríochnaíonn an tréimhse 9 mí sin” a chur isteach i ndiaidh “ó dheireadh na tréimhse sin”, agus

(b) i bhfo-alt (5) trí “cáin chorparáide” a chur in ionad “réamhcháin” agus trí “de réir alt 958 agus” a chur isteach i ndiaidh “iníoctha ag an gcuideachta”.

(2) Tá éifeacht leis an alt seo do thréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 14 Deireadh Fómhair 2008 nó dá éis.

Leasú ar Sceideal 4 (comhlachtaí stát-tionscanta neamhthráchtála sonraithe a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe cánach) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

40 .— (1) Leasaítear Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 53:

“53A. Institiúid Sláinte Poiblí na hÉireann Teoranta.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 84:

“84A. An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha.”,

(2) (a) Measfar gur tháinig fo-alt (1)(a) i bhfeidhm agus go raibh éifeacht leis ar an agus ón 1 Deireadh Fómhair 2002.

(b) Measfar gur tháinig fo-alt (1)(b) i bhfeidhm agus go raibh éifeacht leis ar an agus ón 1 Meán Fómhair 2004.

Caibidil 6

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Mar a dhéileálfar ó thaobh cánach le bainisteoirí ciste fiontair áirithe.

41 .— Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 541B:

“541C.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘ús iompartha’, i ndáil le hinfheistíocht iomchuí, an scair de na brabúis (i gcás gur comhaontaíodh an cóimheas scaireanna i dtosach na hinfheistíochta iomchuí) dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar ‘brabúis iomlána ó infheistíocht’ a fhaigheann cuideachta nó comhpháirtíocht i leith bhainistiú na hinfheistíochta iomchuí;

ciallaíonn ‘ús iompartha lena mbaineann an t-alt seo’, i ndáil le hinfheistíocht iomchuí, méid úis iompartha nach mó ná 20 faoin gcéad de na brabúis iomlána ón infheistíocht iomchuí;

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí nuálaíochta’ próisis nua teicneolaíochta, teileachumarsáide, eolaíochta nó ghnó a fhorbairt;

ciallaíonn ‘infheisteoir’, i ndáil le hinfheistíocht iomchuí, duine seachas duine atá i dteideal úis iompartha nó duine atá bainteach leis an duine sin;

ciallaíonn ‘infheistíocht iomchuí’ infheistíocht, a leanann de bheith i bhfeidhm ar feadh 6 bliana ar a laghad, i scaireanna neamhluaite nó in urrúis de chuid cuideachta trádála príobháidí agus, maidir leis an gcuideachta sin—

(a) go bhfuil gnó a bunaíodh agus a tosaíodh an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin á sheoladh aici, seachas gnó—

(i) a bhí á sheoladh roimhe sin ag duine eile agus a bhfuil an chuideachta tagtha i gcomharbas air,

(ii) a raibh a ghníomhaíochtaí á seoladh roimhe sin mar chuid de ghnó duine eile, nó

(iii) is trádáil eiscthe de réir bhrí alt 21A,

agus

(b) go bhfuil gnó is gníomhaíochtaí taighde, forbartha nó nuálaíochta á sheoladh aici;

tá le ‘gníomhaíochtaí taighde agus forbartha’ an bhrí chéanna atá leis in alt 766(1);

ciallaíonn ‘brabúis iomlána ó infheistíocht’, i ndáil le hionstraim iomchuí, suimiú—

(a) na mbrabús is inchurtha síos d’infheisteoirí san infheistíocht iomchuí faoi threoir ráta tosaigh chomhaontaithe toraidh, agus

(b) iarmhéid bhrabúis na hinfheistíochta iomchuí de bhreis orthu sin a ríomhtar faoi threoir an ráta tosaigh chomhaontaithe toraidh.

(2) (a) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach nó de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, measfar, maidir le hús iompartha lena mbaineann an t-alt seo agus a fhaigheann comhpháirtíocht, gur méid gnóchan inmhuirearaithe lena mbaineann alt 28(1) é.

(b) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach nó de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, measfar, maidir le hús iompartha lena mbaineann an t-alt seo agus a fhaigheann cuideachta, gur méid gnóchan inmhuirearaithe lena mbaineann alt 28(1) é.

(3) (a) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach nó de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, is é an ráta cánach gnóchan caipitiúil i leith gnóchan inmhuirearaithe lena mbaineann fo-alt (2)(a) 15 faoin gcéad.

(b) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach nó de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, is é an ráta cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe lena mbaineann fo-alt (2)(b) 12.5 faoin gcéad.”.

Leasú ar alt 29 (daoine is inmhuirearaithe) den Phríomh-Acht.

42 .— (1) Leasaítear alt 29 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (4) trí “agus den Ríocht Aontaithe” a scriosadh sa dá áit ina bhfuil sé.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 20 Samhain 2008 nó dá éis.

Leasú ar alt 549 (idirbhearta idir daoine bainteacha) den Phríomh-Acht.

43 .— (1) Leasaítear alt 549 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) I gcás ina mbeidh an tsócmhainn a luaitear i bhfo-alt (1) faoi réir aon chirt nó sriain is infhorfheidhmithe ag an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha nó ag duine a bheidh bainteach leis an duine sin, ansin, is é a bheidh sa mhargadhluach sin, i gcás go mbeidh méid na comaoine i leith na fála, á mheas de réir fho-alt (2), comhionann le margadhluach na sócmhainne, an margadhluach a bheadh uirthi mura mbeadh sí faoi réir an chirt nó an tsriain, arna laghdú—

(a) den mhéid is lú acu seo a leanas—

(i) margadhluach an chirt nó an tsriain, agus

(ii) an méid a chuirfeadh a mhúchadh le luach na sócmhainne dá húinéir, nó

(b) de mhargadhluach an chirt nó an tsriain, i gcás gur comhionann an margadhluach dá dtagraítear i mír (a)(i) agus an méid dá dtagraítear i mír (a)(ii).”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(7A) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás ina mbeidh an tsócmhainn a luaitear i bhfo-alt (1) faoi réir aon chirt nó sriain is infhorfheidhmithe ag an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha nó ag an duine a bheidh bainteach leis an duine sin, agus ina mbeidh margadhluach na sócmhainne ar dháta a fála (gan féachaint d’aon cheart nó srian) níos mó ná an chomaoin, in airgead nó i luach airgid, a tugadh mar íocaíocht i leith na sócmhainne sin.

(b) Más rud é, ar an duine a fuair sócmhainn lena mbaineann mír (a) an tsócmhainn sin a dhiúscairt dá éis sin, go mbeidh d’éifeacht le fo-alt (7) (gan an fo-alt seo a chur i gcuntas)—

(i) caillteanas a mhéadú, nó

(ii) caillteanas a chur in ionad gnóchain,

ansin, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 20 Samhain 2008 nó dá éis.

Gnóchain chaipitiúla: ráta muirir.

44 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 28(3) trí “22 faoin gcéad” a chur in ionad “20 faoin gcéad”, agus

(b) in alt 649A—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d’fho-alt (1):

“(b) i gcás diúscartha iomchuí arna déanamh an 15 Deireadh Fómhair nó dá éis, 22 faoin gcéad.”,

agus

(ii) i bhfo-alt (2), trí mhír (b)(i) a scriosadh.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 15 Deireadh Fómhair 2008 nó dá éis.

Mar a dhéileálfar le diúscairtí áirithe arna ndéanamh ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann.

45 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 611:

“611A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘Cumann nua’ Cumann Cógaiseoirí na hÉireann nó, sa Bhéarla, The Pharmaceutical Society of Ireland a bunaíodh le halt 5(2) den Acht Cógaisíochta 2007;

ciallaíonn ‘sean-Chumann’ an Pharmaceutical Society of Ireland a bunaíodh agus a corpraíodh le halt 4 den Pharmacy (Ireland) Act 1875.

(2) Maidir le sócmhainn arna diúscairt ag an gCumann nua ar sócmhainn í a fuair sé ón sean-Chumann de bhua alt 5 den Acht Cógaisíochta 2007, measfar go bhfuair an Cumann nua í an tráth céanna agus ar an gcomaoin chéanna ar a bhfuair an sean-Chumann í, agus beidh feidhm ag forálacha alt 566 dá réir sin.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 20 Samhain 2008 nó dá éis.

CUID 2

Mál

Leasú ar Chaibidil 1 de Chuid 2 (dlí máil ginearálta a chomhdhlúthú agus a nuachóiriú) den Acht Airgeadais 2001.

46 .— Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 2001—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 99:

“Dliteanas daoine.

99.— (1) Dlífidh coimeádaí stórais údaraithe an dleacht mháil ar tháirgí inmháil a scaoileann an coimeádaí stórais údaraithe sin ó stóras cánach a íoc, ar táirgí iad—

(a) lena dtomhailt, nó

(b) lena seachadadh faoi shocrú fionraí.

(2) Beidh an dliteanas faoi fho-alt (1)(b) urscaoilte go hiomlán nó go páirteach i gcás go mbeidh, agus a mhéid a bheidh, na táirgí inmháil (de réir mar a bheidh)—

(a) faighte ag stóras cánach eile sa Stát,

(b) faighte ag duine nó trádálaí, dá dtagraítear in alt 115(2), nó

(c) onnmhairithe ón gComhphobal,

agus i gcás ina mbeidh fianaise sa chéill sin faighte laistigh den tréimhse ama fhorordaithe agus san fhoirm fhorordaithe.

(3) Dlífidh trádálaí cláraithe nó trádálaí neamhchláraithe dleacht mháil a íoc ar tháirgí inmháil a bheidh faighte ag trádálaí den sórt sin faoi shocrú fionraí, agus déanfar an íocaíocht sin nuair a gheofar na táirgí sin amhlaidh.

(4) Dlífidh ionadaí cánach, a bheidh ag gníomhú thar ceann na ndaoine dá dtagraítear i mír (a) nó (b) d’fho-alt (1) d’alt 113, dleacht mháil a íoc ar tháirgí inmháil a bheidh seachadta chuig an Stát ag na daoine sin nó thar ceann na ndaoine sin.

(5) I gcás ina ndéanfar táirgí inmháil a allmhairiú isteach sa Stát ó áit lasmuigh den Chomhphobal, agus nach gcuirtear na táirgí faoi shocrú fionraí ansin, is é an duine a dhlífidh an dleacht mháil a íoc—

(a) an duine a dhearbhóidh gur táirgí le haghaidh saorchúrsaíochta na táirgí sin, de réir Airteagal 79 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92, nó

(b) i gcás nach ndearbhófar gur táirgí le haghaidh saorchúrsaíochta na táirgí inmháil—

(i) aon duine a allmhairíonn na táirgí, agus

(ii) aon duine a rinne socrú chun na táirgí a allmhairiú, nó ar socraíodh an t-allmhairiú sin thar a cheann nó thar a ceann.

(6) I gcás ina dtáirgtear táirgí inmháil, seachas faoi shocrú fionraí i stóras cánach, is é nó is í an duine a dhlífidh an dleacht mháil a íoc—

(a) táirgeoir na dtáirgí inmháil, agus

(b) aon duine a rinne socrú maidir leis an táirgeadh, nó a ndearnadh an táirgeadh thar a cheann nó thar a ceann.

(7) I gcás ina ndearna aon duine, seachas faoi shocrú fionraí—

(a) táirgí inmháil a dhíol nó a sheachadadh, nó

(b) táirgí inmháil a choimeád lena ndíol nó lena seachadadh,

ar táirgí inmháil iad nár íocadh an dleacht mháil chuí orthu, ansin—

(i) dlífidh an duine sin,

(ii) dlífidh aon duine eile ar díoladh, ar coimeádadh nó ar seachadadh na táirgí inmháil sin amhlaidh thar a cheann nó thar a ceann, agus

(iii) dlífidh aon duine ar seachadadh na táirgí sin air nó uirthi,

an dleacht mháil ar na táirgí inmháil sin a íoc.

(8) I gcás ina bhfuair duine táirgí inmháil a ndearnadh ina leith faoiseamh ó dhleacht mháil, lacáiste dleachta máil nó aisíocaíocht i leith dleachta máil a thabhairt nó dleacht mháil a mhuirearú de réir ráta is ísle ná an ráta caighdeánach cuí, faoi réir ceanglais go n-úsáidfear na táirgí inmháil sin chun críche sonraithe nó ar mhodh sonraithe, agus i gcás nár comhlíonadh an ceanglas sin, ansin dlífidh an duine a fuair na táirgí inmháil sin an dleacht mháil a íoc ar na táirgí sin de réir an ráta is cuí maidir leo, gan tairbhe aon fhaoisimh, aon lacáiste, aon aisíocaíochta nó aon ráta íseal den sórt sin.

(9) Más rud é, faoi fho-ailt (1) go (8), go ndlífidh níos mó ná duine amháin, i gcás áirithe, dliteanas dleachta máil a íoc, tá na daoine sin faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach.

(10) Ní dochar fo-ailt (1) go (9) don dliteanas i leith dleachta máil i gcás táirgí inmháil, ná don dliteanas forghéillte ina leith, faoin dlí máil.

Measúnacht ar an dleacht mháil is iníoctha.

99A.— (1) (a) San alt seo ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú.

(b) Níl feidhm ag an alt seo maidir le dleacht gealltóireachta is inmhuirearaithe faoi Chaibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 2002.

(2) I gcás cúis a bheith ag oifigeach údaraithe chun a chreidiúint go ndlífidh duine dleacht mháil a íoc, ansin féadfaidh an t-oifigeach sin measúnacht a dhéanamh ar an méid a dhlífidh an duine sin a íoc i dtuairim an oifigigh sin.

(3) Tabharfaidh an t-oifigeach údaraithe do gach duine arna mheasúnú nó arna measúnú fógra, maidir le gach measúnacht a dhéanann an t-oifigeach sin, ina leagfar amach méid na measúnachta, an cineál dleachta máil a thagann faoi réim na measúnachta, an ceart achomharc a dhéanamh in aghaidh na measúnachta, faoi alt 146, agus an tréimhse ama a cheadaítear chun fógra a thabhairt maidir le hachomharc den sórt sin.

(4) (a) I gcás cúis a bheith ag oifigeach údaraithe chun a chreidiúint go bhfuil méid aon mheasúnachta iomarcach nó easnamhach, nó nach bhfuil aon dliteanas den sórt sin ann, ansin déanfaidh an t-oifigeach sin an mheasúnacht sin a laghdú, a mhéadú nó a chur ar neamhní, de réir mar a bheidh.

(b) In aon chás ina ndéantar measúnacht a laghdú nó a mhéadú faoi mhír (a), déanfaidh oifigeach údaraithe, dá réir sin, athbhreithniú ar an bhfógra dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a eisiúint chuig an duine a measúnaíodh.

(c) In aon chás ina gcuirfear measúnacht ar neamhní faoi mhír (a), cuirfidh oifigeach údaraithe an méid sin in iúl i scríbhinn don duine a measúnaíodh.

(5) Maidir le haon mheasúnacht faoi fho-alt (2), agus maidir le haon ghníomh chun an méid arna mheasúnú a bhailiú, is measúnacht í nó gníomh é gan dochar—

(a) don dliteanas aon earraí nó feithiclí, a mbeidh baint acu leis an measúnacht, a fhorghéilleadh faoin dlí a bhaineann le mál,

(b) d’aon imeachtaí i ndáil le cion faoin dlí a bhaineann le mál, a bhfuil aon earraí nó feithiclí a bhfuil baint acu leis an measúnacht i gceist ann.”,

(b) in alt 145 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Ní bheidh ábhar achomhairc ann faoin alt seo in aghaidh measúnachta arna déanamh faoi alt 99A (a chuirtear isteach le halt 46 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008).”,

agus

(c) in alt 146 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Aon duine arb éagóir leis nó léi—

(a) cinneadh a dhéanfaidh na Coimisinéirí faoi alt 145, nó

(b) measúnacht arna déanamh ar an duine sin faoi alt 99A (a chuirtear isteach le halt 46 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008),

féadfaidh sé nó sí, de réir an ailt seo, achomharc a dhéanamh chuig na gCoimisinéirí Achomhairc i gcoinne an chinnidh nó na measúnachta sin, agus beidh an t-achomharc le héisteacht agus le cinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc mura gceanglaítear cás a shonrú i ndáil leis le tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí.

(2) Aon duine a bheartaíonn achomharc a dhéanamh faoin alt seo i gcoinne cinnidh a dhéanfaidh na Coimisinéirí, nó i gcoinne measúnachta faoi alt 99A, déanfaidh sé nó sí, laistigh de 30 lá—

(a) ón tráth a gheofar an fógra maidir leis an gcinneadh sin nó ó dheireadh na teorann ama chun an cinneadh sin a dhéanamh, cibé acu is luaithe, nó

(b) ón tráth a gheofar an fógra maidir leis an measúnacht sin,

fógra i scríbhinn á rá go bhfuil beartaithe aige nó aici déanamh amhlaidh a thabhairt do na Coimisinéirí.”.

Rátaí cánach ola mianra.

47 .— Leasaítear an tAcht Airgeadais 1999—

(a) le héifeacht amhail ar an agus ón 15 Deireadh Fómhair 2008 tríd méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 59(a) den Acht Airgeadais 2007):

“SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach Ola Mianra

Le héifeacht ar an agus ón 15 Deireadh Fómhair 2008

Tuairisc na hOla Mianra

An Ráta Cánach

Ola Éadrom:

Peitreal le luaidhe

€553.04 an 1,000 lítear

Peitreal díluaidhe

€508.79 an 1,000 lítear

Sárpheitreal díluaidhe

€547.79 an 1,000 lítear

Gásailín eitlíochta

€276.52 an 1,000 lítear

Ola Throm:

A úsáidtear mar thiomántán ina bhfuil cion uasta sulfair 50 milleagram an cileagram

€368.05 an 1,000 lítear

Ola throm eile a úsáidtear mar thiomántán

€420.44 an 1,000 lítear

Ceirisín a úsáidtear ar shlí seachas mar thiomántán

€00.00

Ola bhreosla

€14.78 an 1,000 lítear

Ola throm eile

€47.36 an 1,000 lítear

Gás Peitriliam Leachtaithe:

A úsáidtear mar thiomántán

€63.59 an 1,000 lítear

Gás peitriliam leachtaithe eile

€00.00

Gual:

Le haghaidh úsáide gnó

€4.18 an tona

Le haghaidh úsáide eile

€8.36 an tona

”,

agus

(b) le héifeacht amhail ar an agus ón 1 Samhain 2008 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le mír (a)):

“SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach Ola Mianra

Le héifeacht amhail ar an agus ón 1 Samhain 2008

Tuairisc na hOla Mianra

An Ráta Cánach

Ola Éadrom:

Peitreal

€508.79 an 1,000 lítear

Gásailín eitlíochta

€508.79 an 1,000 lítear

Ola Throm:

A úsáidtear mar thiomántán

€368.05 an 1,000 lítear

A úsáidtear le haghaidh aerloingseoireachta

€368.05 an 1,000 lítear

A úsáidtear le haghaidh loingseoireachta áineasa príobháidí

€368.05 an 1,000 lítear

Ceirisín a úsáidtear ar shlí seachas mar thiomántán

€00.00

Ola bhreosla

€14.78 an 1,000 lítear

Ola throm eile

€47.36 an 1,000 lítear

Gás Peitriliam Leachtaithe:

A úsáidtear mar thiomántán

€63.59 an 1,000 lítear

Gás peitriliam leachtaithe eile

€00.00

Gual:

Le haghaidh úsáide gnó

€4.18 an tona

Le haghaidh úsáide eile

€8.36 an tona

”.

Leasú ar Chaibidil 1 (cáin ola mianra) de Chuid 2 den Acht Airgeadais 1999.

48 .— Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 1999—

(a) in alt 94(1) trí na mínithe ar “uimhir ochtáin mótair” agus “uimhir ochtáin taighde” a scriosadh,

(b) in alt 96(2A)—

(i) i mír (a) tríd an bhfocal “díluaidhe” a scriosadh sa dá áit ina bhfuil sé,

(ii) i mír (b) trí na focail “agus a bhfuil cion sulfair uasta ann mar a fhoráiltear sa Sceideal sin” a scriosadh,

(c) in alt 97B(3) trí “méid arna ríomh de réir ráta €232.27 an 1,000 lítear ar an gcainníocht a úsáideadh” a chur in ionad “an méid cánach ola mianra a íocadh lúide méid arna ríomh de réir ráta €166.16 an 1,000 lítear”.

Leasú ar Chaibidil 1 (cáin leictreachais) de Chuid 2 den Acht Airgeadais 2008.

49 .— Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 2008—

(a) in alt 60 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) (a) Más rud é, an tráth a thugtar an tuairisceán faoi fho-alt (1), nach mbeidh an fhaisnéis uile is gá ag soláthróir chun an dliteanas cánach a chinneadh i leith soláthairtí a dhéantar i rith an 2 mhí dheireanacha de thréimhse chuntasaíochta, féadfar an tuairisceán a chríochnú ar bhonn meastacháin ar an dliteanas sin.

(b) I gcás go mbeidh feidhm ag mír (a), déanfaidh an soláthróir, a luaithe a bheidh an fhaisnéis is gá ar fáil agus ar a dhéanaí laistigh de 3 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, tuairisceán deiridh a chur isteach don tréimhse chuntasaíochta sin agus aon cháin a bheidh gan íoc, a íoc.

(c) Ní mhuirearófar aon ús ar aon mhéid cánach a íoctar de réir mhír (b), i gcás nach mó an méid sin ná 5 faoin gcéad den dliteanas iomlán cánach don bhliain féilire.”,

(b) i mír (c) d’fho-alt (4) d’alt 63 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(ii) Chun críocha fhomhír (i), is iad na sonraí ar an meascadh breosla na sonraí sin i leith na bliana is déanaí, ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann sa tuairisceán, ar fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh sonraí den sórt sin ina leith.”,

agus

(c) in alt 64 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Déanfar aisíocaíochtaí i leith faoisimh faoi mhíreanna (b) agus (c) d’fho-alt (1) d’alt 63 le soláthróir an leictreachais lena mbaineann.

(b) Déanfar aisíocaíochtaí i leith faoisimh faoi mhír (d) d’fho-alt (1) d’alt 63 le tomhaltóir an leictreachais lena mbaineann.”.

Rátaí cánach táirgí alcóil.

50 .— Leasaítear an tAcht Airgeadais 2003 le héifeacht amhail ar an agus ón 15 Deireadh Fómhair 2008 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin:

“SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach Táirgí Alcóil

(Le héifeacht amhail ar an agus ón 15 Deireadh Fómhair 2008)

Tuairisc an Táirge

An Ráta Cánach

Biotáille:

€39.25 an lítear alcóil sa bhiotáille

Beoir:

Is mó ná 0.5% toirte ach nach mó ná 1.2% toirte

€0.00

Is mó ná 1.2% toirte ach nach mó ná 2.8% toirte

€9.93 an heictilítear faoin gcéad d’alcól sa bheoir

Is mó ná 2.8% toirte

€19.87 an heictilítear faoin gcéad d’alcól sa bheoir

Fíon:

Neamhdhrithleach agus drithleach, nach mó ná 5.5% toirte

€109.34 an heictilítear

Neamhdhrithleach, is mó ná 5.5% toirte ach nach mó ná 15% toirte

€328.09 an heictilítear

Neamhdhrithleach, is mó ná 15% toirte

€476.06 an heictilítear

Drithleach, is mó na 5.5% toirte

€656.18 an heictilítear

Deochanna Giosáilte Eile:

(1) Leann Úll agus Leann Piorraí:

Neamhdhrithleach agus drithleach, nach mó ná 2.8% toirte

€41.62 an heictilítear

Neamhdhrithleach agus drithleach, is mó ná 2.8% toirte ach nach mó ná 6.0% toirte

€83.25 an heictilítear

Neamhdhrithleach agus drithleach, is mó ná 6.0% toirte ach nach mó ná 8.5% toirte

€192.47 an heictilítear

Neamhdhrithleach, is mó ná 8.5% toirte

€273.00 an heictilítear

Drithleach, is mó na 8.5% toirte

€546.01 an heictilítear

(2) Deochanna seachas Leann Úll agus Leann Piorraí:

Neamhdhrithleach agus Drithleach, nach mó ná 5.5% toirte

€109.34 an heictilítear

Neamhdhrithleach, is mó ná 5.5% toirte

€328.09 an heictilítear

Drithleach, is mó na 5.5% toirte

€656.18 an heictilítear

Deochanna Idirmheánacha:

Neamhdhrithleach, nach mó ná 15% toirte

€328.09 an heictilítear

Neamhdhrithleach, is mó ná 15% toirte

€476.06 an heictilítear

Drithleach

€656.18 an heictilítear

”.

Leasú ar alt 78A (faoiseamh do ghrúdlanna beaga) den Acht Airgeadais 2003.

51 .— Leasaítear alt 78A (arna leasú le halt 73 den Acht Airgeadais 2008) den Acht Airgeadais 2003 i bhfo-alt (1) trí “i gcás beorach atá faoi réir cánach táirgí alcóil de réir an ráta i gcomhair beorach is mó ná 2.8% toirte, déanfar faoiseamh de réir leath an mhéid cánach táirgí alcóil a íoctar ar an mbeoir sin,” a chur in ionad “déanfar faoiseamh de réir leath an mhéid cánach táirgí alcóil a íoctar ar bheoir,”.

Rátaí cánach táirgí tobac.

52 .— Leasaítear an tAcht Airgeadais 2005 le héifeacht amhail ar an agus ón 15 Deireadh Fómhair 2008 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 74 den Acht Airgeadais 2008):

“SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach Táirgí Tobac

(Le héifeacht amhail ar an agus ón 15 Deireadh Fómhair 2008)

Tuairisc an Táirge

An Ráta Cánach

Toitíní

€175.30 an míle i dteannta méid atá comhionann le 18.28 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní

Todóga

€250.729 an cileagram

Tobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh

€211.578 an cileagram

Tobac eile chun a chaite ina dheatach

€173.946 an cileagram

”.

Leasú ar alt 67 (dleacht gealltóireachta) den Acht Airgeadais 2002.

53 .— (1) Leasaítear alt 67 den Acht Airgeadais 2002 (arna leasú le halt 90 den Acht Airgeadais 2006)—

(a) i bhfo-alt (1) trí “2 faoin gcéad” a chur in ionad “1 faoin gcéad”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) D’fhonn amhras a sheachaint, beidh dleacht gealltóireachta a fhorchuirtear le fo-alt (1) inmhuirearaithe ar gach geall a chuirfidh duine le geallghlacadóir in áitreabh cláraithe an gheallghlacadóra, is cuma cén modh ar a gcuirtear an geall.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1)(a) i ngníomh an 1 Bealtaine 2009.

Leasú ar alt 71 (dleacht gealltóireachta a íoc) den Acht Airgeadais 2002.

54 .— Ní bheidh éifeacht le halt 71(2) (a cuireadh isteach le halt 91 den Acht Airgeadais 2006) den Acht Airgeadais 2002 i leith dleachta gealltóireachta a thiocfaidh chun bheith dlite an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

Cáin aerthaistil.

55 .— (1) San alt seo—

ciallaíonn “aerárthach” aerárthach atá in ann 20 paisinéir nó níos mó a iompar, ach ní fholaíonn sé aerárthach a úsáidtear chun críocha Stáit nó míleata;

ciallaíonn “oibritheoir aerlíne” oibritheoir nó úinéir cláraithe aerárthaigh a thairgeann nó a oibríonn seirbhís paisinéirí aeir;

ciallaíonn “aerfort” aerfort de réir bhrí an Achta Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú) 1998, ach ní fholaíonn sé aerfort ar lú ná 10,000 líon na n-imeachtaí paisinéirí amach as sa bhliain féilire roimhe sin;

ciallaíonn “údarás aerfoirt” an duine ar leis nó léi, go hiomlán nó go páirteach, nó an duine a bhainistíonn, ina aonar nó ina haonar nó i gcomhpháirt le duine eile, aerfort lena mbaineann forálacha an Achta Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú) 1998;

ciallaíonn “foireann” foireann eitilte agus freastalaithe cábáin eitilte;

ciallaíonn “Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “duine míchumasaithe” aon duine a bhfuil a shoghluaisteacht nó a soghluaisteacht le linn dó nó di iompar a úsáid laghdaithe mar gheall ar aon mhíchumas coirp (céadfaí nó gluaisluaile, buan nó sealadach), míchumas nó mallachar intleachtúil, nó aon chúis mhíchumais eile, nó aois, agus ar gá aird chuí a thabhairt ar a riocht agus an tseirbhís a chuirtear ar fáil do gach paisinéir a oiriúnú dá riachtanais áirithe;

ciallaíonn “soláthróir láimhsithe ar talamh” soláthróir seirbhísí láimhsithe ar talamh de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar an Margadh Láimhsithe ar Talamh in Aerfoirt Chomhphobail) 1998 (I.R. Uimh. 505 de 1998);

ciallaíonn “oifigeach” oifigeach do na Coimisinéirí;

ciallaíonn “paisinéir” duine, seachas duine d’fhoireann an aerárthaigh (lena n-áirítear aon fhoireann faoisimh), a bheidh ag taisteal ar aerárthach, ach ní fholaíonn sé—

(a) duine míchumasaithe a bhfuil cúnamh iarrtha aige nó aici ar an oibritheoir aerlíne de réir Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 1 agus leas bainte aige nó aici as an gcúnamh sin, nó an duine atá ag taisteal in éineacht leis an duine míchumasaithe chun aire nó cúnamh a thabhairt don duine míchumasaithe,

(b) duine faoi bhun 2 bhliain d’aois nach n-áitíonn ceann de na suíocháin a sholáthraítear do phaisinéirí ar aerárthach,

(c) paisinéir idirthurais nó aistrithe;

ciallaíonn “úinéir cláraithe”, i ndáil le haerárthach, an duine atá cláraithe mar úinéir an aerárthaigh—

(a) sa chlár a bunaíodh faoi alt 58 den Acht um Údarás Eitlíochta na hÉireann 1993, nó

(b) i gclár (cibé ainm a thugtar air) de chuid stáit eile a fhreagraíonn don chlár a bunaíodh amhlaidh;

ciallaíonn “paisinéir aistrithe” paisinéir a shroicheann aerfort ar eitilt agus a imíonn as an aerfort ar eitilt eile chuig aerfort seachas an t-aerfort inar thosaigh turas an phaisinéara, i gcás gur cuid d’áirithint shingil an dá eitilt agus i gcás nach faide ná 6 huaire an chloig an fad ama idir an tráth sceidealta a mbeidh an eitilt le teacht chuig an aerfort agus an tráth sceidealta a mbeidh an eitilt le himeacht ón aerfort sin;

ciallaíonn “paisinéir idirthurais” paisinéir atá ar bord aerárthaigh a thuirlingíonn ag aerfort i gcúrsa a thurais agus a leanann dá thuras nó dá turas ar an aerárthach sin.

(2) (a) Faoi réir fhorálacha an ailt seo agus aon rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, déanfar dleacht máil, ar a dtabharfar cáin aerthaistil, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc i leith gach imeacht paisinéara ar aerárthach ó aerfort an 30 Márta 2009, nó dá éis.

(b) Déanfar cáin aerthaistil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc faoi threoir an fhaid slí idir áit imeachta na heitilte agus an áit a chríochnaíonn an eitilt, de réir ráta—

(i) €2 i gcás eitilte ó aerfort go dtí ceann scríbe atá suite in áit nach faide ná 300 ciliméadar ó Aerfort Bhaile Átha Cliath,

(ii) €10 in aon chás eile.

(c) Tiocfaidh cáin aerthaistil chun bheith dlite an tráth a imeoidh paisinéir as aerfort ar aerárthach.

(d) Beidh oibritheoir aerlíne cuntasach sa cháin aerthaistil, agus dlífidh sé an cháin a íoc, i leith paisinéirí a imeoidh ar aerárthaí dá chuid nó dá cuid, agus féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal ar oibritheoir aerlíne urrús a sholáthar go n-íocfar cáin aerthaistil.

(e) Má mhainníonn oibritheoir aerlíne cibé urrús a cheanglóidh na Coimisinéirí faoi mhír (d) a sholáthar, féadfaidh na Coimisinéirí fógra a sheirbheáil ar sholáthróir láimhsithe ar talamh an oibritheora aerlíne sin á chur in iúl, amhail ar an agus ón dáta a shonrófar san fhógra, go ndlíonn an soláthróir láimhsithe ar talamh cáin aerthaistil a íoc agus go mbeidh sé cuntasach inti i leith imeachtaí ar aerárthaí arna n-oibriú ag an oibritheoir aerlíne.

(3) Déanfaidh gach oibritheoir aerlíne lena mbaineann fo-alt (2)(d) clárú leis na Coimisinéirí de réir cibé nósanna imeachta a shonróidh na Coimisinéirí i rialacháin faoi fho-alt (5) nó a fhorchuirfidh siad ar shlí eile.

(4) Gach duine a dhlíonn cáin aerthaistil a íoc, déanfaidh sé nó sí, laistigh de 20 lá nó cibé tréimhse eile a chinnfidh na Coimisinéirí, tuairisceán ceart cruinn a thabhairt do na Coimisinéirí ina dtaispeánfar an líon imeachtaí paisinéirí le linn na míosa roimhe sin nó le linn cibé tréimhse eile arna cinneadh amhlaidh, agus cibé faisnéis eile a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí, agus déanfaidh sé nó sí, an tráth céanna, an méid cánach aerthaistil is iníoctha aige nó aici i leith na míosa nó na tréimhse sin a chur ar aghaidh chuig na Coimisinéirí.

(5) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus chun cáin aerthaistil a bhainistiú, a áirithiú agus a bhailiú nó chun an t-ioncam a gheofar ón gcáin sin a chosaint.

(b) Go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfar, le rialacháin faoin bhfo-alt seo, foráil a dhéanamh—

(i) maidir le cáin aerthaistil a áirithiú, a íoc, a bhailiú, a chur ar aghaidh agus a aisíoc,

(ii) maidir le hoibritheoirí aerlíne do thabhairt tuairisceáin i ndáil le cáin aerthaistil,

(iii) chun a cheangal ar oibritheoir aerlíne, ar sholáthróir láimhsithe ar talamh nó ar údarás aerfoirt cibé cuntais agus taifid (lena n-áirítear taifid i bhfoirm mheaisín-inléite) is iomchuí maidir le cáin aerthaistil a shonrófar, a choimeád ar mhodh sonraithe agus a chaomhnú go ceann tréimhse sonraithe, agus a cheadú d’aon oifigeach na cuntais agus na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu (lena n-áirítear, i gcás taifead i bhfoirm mheaisín-inléite, cóipeanna i bhfoirm inléite).

(6) (a) Is cion é faoin bhfo-alt seo d’aon duine aon fhoráil den alt seo, nó aon rialachán arna dhéanamh faoi fho-alt (5), nó aon choinníoll a fhorchuirtear faoin alt seo nó faoi rialachán den sórt sin i ndáil leis an bhforáil sin, a shárú nó mainneachtain déanamh dá réir.

(b) Gan dochar d’aon phionós eile a bhféadfadh duine a bheith faoi dhliteanas ina leith, aon duine a chiontófar i gcion faoi mhír (a), dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil €5,000 a chur air nó uirthi.

(c) I gcás cion faoi mhír (a) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú aon duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir, ina bhainisteoir nó ina bainisteoir, ina rúnaí nó ina oifigeach eile nó ina hoifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó ina chomhalta nó ina comhalta de choiste bainistíochta nó d’údarás rialaithe eile an chomhlachta chorpraithe, measfar an duine sin a bheith ciontach i gcion freisin agus féadfar imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(7) Déantar cáin aerthaistil a fhorchuirtear leis an alt seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí.

Leasú ar alt 7 (ceadúnaisí geallghlacadóirí do thabhairt amach) den Acht um Gheall-Chur 1931.

56 .— Leasaítear alt 7 den Acht um Gheall-Chur 1931—

(a) trí fho-alt (2) a scriosadh, agus

(b) i bhfo-alt (4) trí “agus beidh greamuithe dhe an ghriandealbh den duine sin gur gá do réir an ailt seo go ndéanfadh an duine sin í chur isteach i dteanta an iarratais ar an gceadúnas san” a scriosadh.

Aisghairm a bhaineann le dlí máil.

57 .— (1) Déantar na hachtacháin atá leagtha amach i Sceideal 1 a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún os coinne na tagartha don achtachán lena mbaineann.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Ceadúnais mhórdhíoltóirí.

58 .— Scoirfidh mír 4 de Chuid B (a bhaineann le ceadúnais mhórdhíoltóirí) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance (1909-10) Act 1910 d’éifeacht a bheith léi.

Méaduithe ar dhleachtanna ar cheadúnais áirithe deochanna meisciúla.

59 .— (1) San alt seo ciallaíonn “alt 43” alt 43 den Finance (1909-10) Act 1910.

(2) Déanfar na dleachtanna máil a fhorchuirtear—

(a) le halt 43 ar na ceadúnais chun deochanna meisciúla a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance (1909-10) Act 1910 a mhonarú nó a dhíol, seachas ar-cheadúnas atá le baint amach gach bliain ag miondíoltóir biotáille, agus

(b) le halt 10(3) den Acht Airgeadais 1940 ar cheadúnas atá le baint amach gach bliain ag gach duine a dhéanann leann úll nó leann piorraí lena dhíol,

a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na rátaí atá sonraithe sa tríú colún de Sceideal 2 ar gach ceadúnas de thuairisc atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal sin os coinne an ráta atá leagtha amach sa tríú colún in ionad na rátaí a shonraítear iontu seo a leanas—

(i) Cuid 1 den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais 1992 i gcás ceadúnas seachas eischeadúnais mhiondíoltóirí,

(ii) an Tábla a ghabhann le halt 75 den Acht Airgeadais 2008 i gcás eischeadúnas miondíoltóirí.

(3) (a) Déanfar na dleachtanna máil a fhorchuirtear le halt 43 ar ar-cheadúnais miondíoltóirí biotáille, i leith na gceadúnas a shonraítear i mír (b), a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na rátaí a shonraítear i mír (b).

(b) Is mar seo a leanas a bheidh na rátaí dleachta ar na ceadúnais dá dtagraítear i mír (a)—

(i) i gcás ceadúnas a dheonú tráth a athnuachana faoi alt 9 den Acht Deochanna Meisciúla 1988, ráta dleachta €500 in ionad an ráta a shonraítear in alt 155(2)(b)(i) den Acht Airgeadais 1992;

(ii) i gcás ceadúnas a dheonú faoi alt 7 den Excise Act 1835, dleacht €500 in ionad an ráta a shonraítear in alt 155(2)(b)(ii) den Acht Airgeadais 1992;

(iii) i gcás ceadúnas a dheonú nó a athnuachan faoi alt 25 den Acht Deocha Meisciúla 1943, dleacht €500 in ionad an ráta a shonraítear in alt 155(2)(b)(iia) (a cuireadh isteach le halt 78 den Acht Airgeadais 1993) den Acht Airgeadais 1992;

(iv) i gcás ceadúnas a dheonú nó a athnuachan faoi alt 2 den Acht Deocha Meisciúla 1946, ráta €500 in ionad an ráta a shonraítear in alt 155(2)(b)(iib) (a cuireadh isteach le halt 78 den Acht Airgeadais 1993) den Acht Airgeadais 1992;

(v) i gcás ceadúnas a dheonú faoi alt 44 den Acht um Thrácht Cuartaíochta 1952, nó i gcás an ceadúnas sin a athnuachan go cuí, ráta €500 in ionad an ráta a shonraítear in alt 155(2)(b)(iic) (a cuireadh isteach le halt 78 den Acht Airgeadais 1993) den Acht Airgeadais 1992;

(vi) i gcás ceadúnas a dheonú nó a athnuachan faoi alt 18 den Acht Deochanna Meisciúla 1962, ráta €500 in ionad an ráta a shonraítear in alt 155(2)(b)(iid) (a cuireadh isteach le halt 78 den Acht Airgeadais 1993) den Acht Airgeadais 1992;

(vii) i gcás ceadúnas a dheonú nó a athnuachan faoi alt 65 den Acht um Thionscal Rásaíochta Capall na hÉireann 1994, ráta €500 in ionad an ráta a shonraítear in alt 111 den Acht Airgeadais 1995.

(4) Maidir leis na dleachtanna máil a fhorchuirtear leo seo a leanas—

(a) alt 171(1) den Acht Airgeadais 2001 ar cheadúnas arna dheonú faoi alt 2 den Acht Deochanna Meisciúla (An Ceoláras Náisiúnta) 1983 agus ar gach ceadúnas den sórt sin a athnuachan go cuí, déanfar iad a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta €500 in ionad an ráta a shonraítear in alt 171(1);

(b) alt 105(1) den Acht Airgeadais 2000 ar cheadúnas arna dheonú faoi alt 62 den Acht um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997 agus ar gach ceadúnas den sórt sin a athnuachan go cuí, déanfar iad a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta €500 in ionad an ráta a shonraítear in alt 105(1);

(c) alt 21(5) den Acht Deochanna Meisciúla 2003 ar cheadúnas arna dheonú faoi alt 21(3) den Acht sin agus ar gach ceadúnas den sórt sin a athnuachan go cuí, déanfar iad a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir an ráta €500 in ionad ráta a shonraítear in alt 21(5).

Leasú ar alt 130 (léiriú) den Acht Airgeadais 1992.

60 .— Leasaítear alt 130 den Acht Airgeadais 1992—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar ‘astaíochtaí CO2’:

“ciallaíonn ‘astaíochtaí CO2’ an leibhéal astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) atá ag feithicil, ar leibhéal é arna thomhas de réir fhorálacha Threoir 80/1268/CEE an 16 Nollaig 19801 ón gComhairle (arna leasú) agus arna liostú in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Treoir 70/156/CEE an 6 Feabhra 19702 ón gComhairle (arna leasú) agus arna thaispeáint de réir fhorálacha Threoir 1999/94/CE an 13 Nollaig 19993 ón gComhairle (arna leasú) agus atá ar áireamh sa deimhniú iomchuí cineál-cheadaithe CE nó sa deimhniú iomchuí comhréireachta CE nó in aon doiciméid chuí eile, lena ndaingnítear comhlíonadh aon bheart arna ndéanamh chun éifeacht a thabhairt sa Stát d’aon ionstraim de chuid na gComhphobal Eorpach a bhaineann le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i leith cineál-cheadaithe don chineál feithicle lena mbaineann;”,

(b) trí “gluaisrothar” a chur in ionad “dhárothach, trírothach, nó ceathair-rothach a thiomáintear le hinneall nó le mótar nó le gabhálas chun é a thiomáint le cumhacht mheicniúil, cibé acu atá nó nach bhfuil an gabhálas á úsáid, móipéid, scútar agus uathrothar,” sa mhíniú ar ‘feithicil inneallghluaiste’, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ghluaisrothar”:

“ciallaíonn ‘gluaisrothar’ feithicil inneallghluaiste is dhárothach, trírothach, nó ceathair-rothach a thiomáintear le hinneall nó le mótar nó le gabhálas chun é a thiomáint le cumhacht mheicniúil, cibé acu atá nó nach bhfuil an gabhálas á úsáid, móipéid, scútar agus uathrothar.”.

Leasú ar alt 131 (na Coimisinéirí Ioncaim do chlárú feithiclí) den Acht Airgeadais 1992.

61 .— (1) Leasaítear alt 131 den Acht Airgeadais 1992 i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(ba) (i) Maidir le feithicil a thagann faoi réim aon earnála áirithe feithicle atá forordaithe chun críocha na míre seo nó a thagann faoi réim aon aicme eile feithicle atá forordaithe, féadfaidh na Coimisinéirí, mar choinníoll i dtaca le clárú, daingniú a éileamh de réir na míre seo maidir leis an bhfeithicil sin—

(i) gur feithicil inneallghluaiste mar a mhínítear in alt 130 í, agus

(ii) go gcomhlíonann sí aon ní a fhorordaítear chun críocha fhomhír (ii)(II).

(ii) Féadfaidh na Coimisinéirí pearsa aonair nó comhlacht amháin (dá ngairtear ‘duine inniúil’ sa mhír seo) nó níos mó a cheapadh chun scrúdú réamhchlárúcháin a dhéanamh ar an bhfeithicil lena mbaineann fomhír (i)—

(I) chun a chinneadh an feithicil inneallghluaiste chun críocha alt 130 gach feithicil a scrúdaítear go cuí faoin mír seo nó nach ea, agus

(II) chun a fhionnadh cibé acu atá nó nach bhfuil cibé nithe forordaithe eile (is nithe a gceanglaítear iad a fhionnadh) comhlíonta is gá—

(A) chun an fheithicil lena mbaineann a chlárú, agus

(B) le haghaidh oibriú cuí cánach cláraithe feithiclí.

(iii) I gcás ina n-éileoidh na Coimisinéirí daingniú i leith feithicle mar a fhoráiltear le fomhír (i), ansin ní chláróidh siad an fheithicil gan ráiteas arna eisiúint ag duine inniúil a thabhairt ar aird á rá maidir leis an bhfeithicil—

(i) gur feithicil inneallghluaiste í, agus

(ii) go gcomhlíonann sí aon ní atá forordaithe chun críocha fhomhír (ii)(II) agus a bhaineann leis an bhfeithicil.

(iv) Déanfar an táille a bheidh le muirearú ag an duine inniúil i leith scrúdú a dhéanamh ar fheithicil a chomhaontú leis na Coimisinéirí. Féadfar táillí éagsúla a chomhaontú amhlaidh i leith cineálacha éagsúla scrúdaithe agus earnálacha éagsúla nó aicmí eile feithiclí. Is é nó is í an duine a thabharfaidh an fheithicil lena mbaineann i láthair le go ndéanfar scrúdú réamhchlárúcháin uirthi a íocfaidh an táille. Déanfar an táille a chreidiúnú in aghaidh na cánach cláraithe feithicle is iníoctha i leith chlárú na feithicle ach ní dhéanfar aon táillí, muirir nó costais eile a thabhóidh an duine a thabharfaidh an fheithicil i láthair le go ndéanfar scrúdú uirthi a chreidiúnú amhlaidh.

(v) Déanfaidh duine inniúil de réir aon treoracha agus ordachán a thabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim don duine sin chun críocha na míre seo.

(vi) Féadfaidh na Coimisinéirí ceapachán duine inniúil a chúlghairm.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2010.

Leasú ar alt 132 (dleacht mháil a mhuirearú) den Acht Airgeadais 1992.

62 .— Leasaítear alt 132 den Acht Airgeadais 1992—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (2):

“(2) Tiocfaidh cáin cláraithe feithiclí chun bheith dlite, agus íocfaidh duine díobh seo a leanas í, an tráth a chláraítear feithicil nó an tráth a dhéantar an dearbhú faoi alt 131(3), de réir mar is cuí—

(a) duine údaraithe de réir alt 136(5)(b),

(b) an duine a chláraíonn an fheithicil,

(c) an duine rinne an fheithicil a athchóiriú i gcás nár dearbhaíodh na sonraí forordaithe i ndáil leis an athchóiriú do na Coimisinéirí de réir alt 131(3),

(d) an duine atá i seilbh na feithicle is feithicil athchóirithe nár dearbhaíodh do na Coimisinéirí í de réir alt 131(4),

agus más rud é, faoi mhíreanna (a) go (d), go ndlífidh níos mó ná aon duine amháin den sórt sin, in aon chás, dliteanas cánach cláraithe feithiclí a íoc, ansin beidh na daoine sin faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) D’ainneoin fho-alt (3), i gcás gurb é tuairim na gCoimisinéirí nár cláraíodh feithicil an tráth a shonraítear i Rialachán 8 de na Rialacháin um Chlárú agus Cánachas Feithiclí 1992 (I.R. Uimh. 318 de 1992), déanfar an méid cánach cláraithe feithiclí a bheidh dlite agus iníoctha de réir fho-alt (3) a mhéadú de mhéid a ríomhfar de réir na foirmle seo a leanas:

A [html] P [html] N

i gcás—

gurb é A an méid cánach cláraithe feithiclí a ríomhfar de réir fho-alt (3),

gurb é P 0.1 faoin gcéad, agus

gurb é N an líon laethanta ón dáta ar chóir an fheithicil a chlárú de réir Rialachán 8 de na Rialacháin um Chlárú agus Cánachas Feithiclí 1992 agus an dáta ar cláraíodh an fheithicil.”.

Leasú ar alt 134 (buanfhaoisimh) den Acht Airgeadais 1992.

63 .— (1) Leasaítear alt 134 den Acht Airgeadais 1992—

(a) i bhfo-alt (7) trí “D’fhonn amhras a sheachaint, ní fholaíonn an gnó arb éard é fruiliú feithiclí, agus measfar nár fholaigh sé riamh, feithiclí a fhruiliú ar soláthar iad den chineál a shonraítear i mír (i)(e) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha 1972, i leith feithiclí arna soláthar de bhun comhaontaithe de réir alt 3(1)(b) den Acht sin.” a chur isteach i ndiaidh “teorainneacha forordaithe.”,

(b) i bhfo-alt (11) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b) (seachas an coinníoll a ghabhann leis an mír sin):

“(b) I mír (a) ciallaíonn ‘conarthaí féintiomána gearrthéarma’ conarthaí faoina bhfruilítear feithiclí le daoine chun go dtiomáinfidís iad ar feadh aon téarma nó cuid de théarma, ar téarma é, nuair a chuirtear é le téarma aon fhruilithe den sórt sin ar an bhfeithicil chéanna nó ar aon fheithicil eile leis an duine céanna, nach mó ná 5 seachtaine in aon tréimhse 6 mhí ó dháta thosach feidhme an fhruilithe deiridh.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (14):

“(15) (a) Laghdófar méid na haisíocaíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (11)(a) de 33 faoin gcéad i gcomhair feithiclí a tharraingeofar siar ó charrfhruiliú gearrthéarma le linn na tréimhse 1 Deireadh Fómhair 2009 go 30 Meán Fómhair 2010.

(b) Laghdófar méid na haisíocaíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (11)(a) de 66 faoin gcéad i gcomhair feithiclí a tharraingeofar siar ó charrfhruiliú gearrthéarma le linn na tréimhse 1 Deireadh Fómhair 2010 go 30 Meán Fómhair 2011.”.

(2) Déantar alt 134 den Acht Airgeadais 1992 a leasú tuilleadh, le héifeacht amhail ar an agus ón 1 Deireadh Fómhair 2011, trí fho-ailt (11) go (14), agus fo-alt (15) (a chuirtear isteach le fo-alt (1)(c)), a scriosadh.

Leasú ar alt 135 (díolúine shealadach ó chlárú) den Acht Airgeadais 1992.

64 .— (1) Leasaítear Caibidil IV de Chuid II den Acht Airgeadais 1992 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 135:

“135.— (1) Féadfaidh na Coimisinéirí feithicil a thugtar isteach sa Stát go sealadach a dhíolmhú ón gceanglas í a chlárú, ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha, srianta agus teorainneacha a fhorordóidh an tAire le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 141(3) más rud é, maidir leis an bhfeithicil—

(a) gur duine atá bunaithe lasmuigh den Stát a thugann isteach sa Stát í chun úsáide príobháidí nó gnó an duine sin,

(b) gur pearsa aonair atá bunaithe sa Stát a thugann isteach sa Stát í chun úsáide príobháidí nó gnó na pearsan aonair sin más rud é, maidir le pearsa aonair den sórt sin—

(i) go bhfuil sé nó sí ar fostú ag fostóir atá bunaithe i mBallstát eile a sholáthraíonn feithicil mar chuid dá gconradh fostaíochta, i gcás an fheithicil sin a bheith ar úinéireacht nó ar léas ag an bhfostóir, nó

(ii) go bhfuil sé nó sí féinfhostaithe agus go bhfuil gnóthas atá cuntasach de réir dlí bunaithe aige nó aici i mBallstát eile ar gnóthas é a seoltar a ghnó go heisiach nó go príomha sa Bhallstát eile,

agus i gcás inar feithicil earnáil A nó gluaisrothar an fheithicil, go n-úsáidtear í go príomha chun úsáide gnó i mBallstát eile,

(c) gur chun críche comórtais, taispeántais, seó, taispeána, nó chun críche dá samhail, agus chun na críche sin amháin, a thugtar isteach sa Stát í agus nach mbeartaítear í a dhíol nó a thairiscint chun díola sa Stát agus go mbeartaítear í a thógáil amach as an Stát ar an gcríoch sin a chomhlíonadh, nó

(d) go bhfuil sí deartha nó oiriúnaithe go speisialta mar threalamh gairmiúil arna thabhairt isteach sa Stát ag duine atá bunaithe lasmuigh den Stát lena úsáid go heisiach ag an duine sin nó faoina mhaoirsiú pearsanta nó faoina maoirsiú pearsanta.

(2) Maidir le feithicil a thugtar isteach sa Stát go sealadach ar feadh tréimhse is mó ná 42 lá (nó cibé tréimhse is faide a shonróidh na Coimisinéirí) féadfar, faoi réir rialachán, a cheangal í a chlárú de réir alt 131 gan cáin cláraithe feithiclí a íoc.

(3) Déanfar, i leith feithicle lena mbaineann fo-alt (2), ráiteas arna eisiúint ag duine inniúil faoi alt 131(1)(ba) a thabhairt ar aird do na Coimisinéirí sula gclárófar an fheithicil.

(4) Déanfar aon táille a mhuirearóidh an duine inniúil i leith an scrúdaithe a chomhaontú leis na Coimisinéirí agus déanfaidh an duine a bheidh ag tíolacadh na feithicle i gcomhair scrúdú réamhchlárúcháin í a íoc. Creidiúnófar an táille sin i gcoinne aon chánach cláraithe feithiclí is iníoctha dá éis sin ag an duine a thíolacfaidh an fheithicil amhlaidh má thagann an fheithicil faoi dhliteanas i leith na cánach sin dá éis sin gan an fheithicil a bheith aistrithe go buan amach as an Stát.

(5) San alt seo forléireofar tagairt d’allmhairiú sealadach feithicle de réir Rialachán 5 de na Rialacháin um Dhíolúine Shealadach ó Chlárú Feithiclí 1993 (I.R. Uimh. 60 de 1993).”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 135B (méideanna a aisíoc i leith cánach cláraithe feithiclí i gcásanna áirithe) den Acht Airgeadais 1992.

65 .— Leasaítear alt 135B den Acht Airgeadais 1992 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) (a) Faoi réir ailt 105B, 105C agus 105D den Acht Airgeadais 2001 i gcás go n-íocfaidh duine údaraithe méid cánach cláraithe feithiclí i leith feithicle nach raibh dlite, déanfar aon aisíocaíocht ar an méid ró-íoctha agus ar an ús (más ann) is iníoctha faoi alt 105D a íoc, faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo, leis an duine údaraithe ar choinníoll go n-íocfaidh an duine údaraithe méid na haisíocaíochta agus an úis leis an duine arbh é úinéir cláraithe na feithicle tráth cláraithe na feithicle.

(b) (i) I gcás gurb é úinéir cláraithe na feithicle ar dháta na haisíocaíochta leis an duine údaraithe an t-úinéir céadchláraithe is é méid na haisíocaíochta an méid cánach cláraithe feithiclí a ró-íocadh.

(ii) I gcás go mbeidh an t-úinéir céadchláraithe tar éis an fheithicil a dhiúscairt roimh dháta na haisíocaíochta déanfar méid na haisíocaíochta a ríomh mar a leanas:

(OP + V) — (S [html] R)

i gcás—

gurb é OP an praghas ceannaigh bunaidh,

gurb é V an méid cánach cláraithe feithiclí a íocadh,

gurb é S an praghas, más ann, a fuair an t-úinéir céadchláraithe tráth na diúscartha, agus

gurb é R an ráta cánach cláraithe feithiclí arna mhuirearú tráth an chláraithe ar cheannach.

(c) Chun críocha mhír (b) déanfaidh an t-úinéir céadchláraithe mar choinníoll a ghabhann leis an aisíocaíocht cruthúnas doiciméadach a thíolacadh do na Coimisinéirí ar dhiúscairt na feithicle agus ar an bpraghas (más ann) a fuair an t-úinéir sin i leith na diúscartha sin.

(d) Beidh duine údaraithe i dteideal méid nach mó ná 10 faoin gcéad den aisíocaíocht a asbhaint as an íocaíocht le húinéir céadchláraithe na feithicle chun íoc as costais an duine údaraithe le linn an t-éileamh ar aisíocaíocht a phróiseáil.

(e) I gcás ina mainneoidh duine údaraithe íocaíocht a dhéanamh laistigh de 30 lá leis an úinéir céadchláraithe de réir mhír (a) tar éis do na Coimisinéirí aisíocaíocht den sórt sin a íoc, déileálfar le haon mhéid a bheidh gan íoc, chun críocha an Achta seo, amhail is gur cáin cláraithe feithiclí í atá dlite den duine údaraithe an lá tar éis dheireadh na tréimhse 30 lá.”.

Leasú ar alt 141 (rialacháin) den Acht Airgeadais 1992.

66 .— Leasaítear alt 141 den Acht Airgeadais 1992 i bhfo-alt (2) trí “alt 130,” a chur in ionad “alt 130.” i mír (v) agus tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na míre sin:

“(w) foráil a dhéanamh maidir le nithe a bheidh le forordú chun críocha alt 131(1)(ba), agus chun críocha alt 135, i leith scrúdú réamhchlárúcháin a dhéanamh ar fheithiclí.”.

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid 3).

67 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha 1972.

Leasú ar alt 3 (soláthar earraí) den Phríomh-Acht.

68 .— Leasaítear alt 3 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1C)—

(a) i mír (a), trí “an ceart chun earraí dochorraithe a dhiúscairt a aistriú ó thaobh substainte.” a chur in ionad “an ceart chun earraí dochorraithe a dhiúscairt a aistriú ó thaobh substainte, agus” agus

(b) trí mhír (b) a scriosadh.

Leasú ar alt 7A (rogha chun ligin earraí dochorraithe a chur faoi cháin) den Phríomh-Acht.

69 .— Leasaítear alt 7A den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(d)(iv)—

(i) trí “nuair a áitíonn an tiarna talún nó” a chur in ionad “nuair a thosaíonn”, agus

(ii) trí “duine atá bainteach leis an tiarna talún na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin” a chur in ionad “duine atá bainteach leis an tiarna talún ar na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin a áitiú”,

agus

(b) i bhfo-alt (2)—

(i) i mír (a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) i gcás go ndéanann an tiarna talún, cibé acu atá nó nach bhfuil sé nó sí bainteach leis an tionónta, nó duine atá bainteach leis an tiarna talún, na hearraí dochorraithe atá faoi réir an ligin sin a áitiú, cibé acu a áitíonn an tiarna talún sin nó an duine sin na hearraí sin ar mhodh ligin nó ar shlí eile.”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) Ní bheidh feidhm ag mír (a)(ii) ná fo-alt (1)(d)(iv) i gcás go n-úsáideann an t-áititheoir (is aon duine lena n-áirítear an tiarna talún dá dtagraítear sa mhír sin nó san fho-alt sin) na táirgí dochorraithe is ábhar don ligean chun soláthairtí a dhéanamh lena gcuirtear an t-áititheoir sin i dteideal 90 faoin gcéad ar a laghad den cháin uile is inmhuirearaithe i leith earraí nó seirbhísí a úsáideann an t-áititheoir sin chun na soláthairtí sin a dhéanamh a asbhaint, de réir alt 12. I gcás go mbeidh tiarna talún tar éis rogha an tiarna talún chun cánach i leith ligin lena mbainfeadh mír (a)(ii) murach an mhír seo a fheidhmiú, áfach, beidh feidhm ag mír (a)(ii) ó dheireadh na chéad tréimhse cuntasaíochta ina n-úsáidtear na hearraí dochorraithe chun soláthairtí a dhéanamh lena gcuirtear an t-áititheoir sin i dteideal níos lú ná 90 faoin gcéad den cháin sin is inmhuirearaithe a asbhaint.”.

Leasú ar alt 7B (bearta idirthréimhseacha: díolúine a tharscaoileadh) den Phríomh-Acht.

70 .— Leasaítear alt 7B den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5)—

“(6) I gcás go mbeidh ligean ag tiarna talún lena mbaineann fo-alt (3) nó (4) agus ina dtiocfaidh an tiarna talún sin chun bheith ina dhuine i ngrúpa de réir bhrí alt 8(8) an 1 Iúil 2008 nó dá éis agus inar duine sa ghrúpa sin an duine dá ndéantar an ligean sin, ansin dlífidh an duine dá dtagraítear in alt 8(8)(a)(i)(I) i leith an ghrúpa sin an méid mar a shonraítear i bhfo-alt (3)(a) a íoc ionann is dá mba cháin é a bhí dlite de réir alt 19—

(a) i gcás tiarna talún a tháinig chun bheith ina dhuine sa ghrúpa sin roimh dháta rite an Achta Airgeadais (Uimh. 2) 2008, sa tréimhse inchánach ina ritear an tAcht sin, nó

(b) i gcás tiarna talún a tháinig chun bheith ina dhuine sa ghrúpa sin tar éis dháta rite an Achta Airgeadais (Uimh. 2) 2008, sa tréimhse inchánach ar lena linn a tháinig an tiarna talún sin chun bheith ina dhuine sa ghrúpa sin.”.

Imeallscéim ghníomhaire taistil.

71 .— Leasaítear an Príomh-Acht le héifeacht ón 1 Eanáir 2010 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10B:

“10C.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘seirbhísí arna gceannach isteach’ earraí nó seirbhísí a cheannaíonn gníomhaire taistil chun tairbhe dírí do thaistealaí ó dhuine inchánach eile nó ó dhuine atá ag gabháil do ghnó lasmuigh den Stát;

ciallaíonn ‘seirbhísí imeallscéime’ seirbhísí arna gceannach isteach a sholáthraíonn gníomhaire taistil do thaistealaí;

ciallaíonn ‘gníomhaire taistil’ duine inchánach a ghníomhaíonn mar phríomhaí i dtaca le seirbhísí imeallscéime a sholáthar do thaistealaí, agus chun críocha an ailt seo folaíonn gníomhaire taistil tionscnóir turas;

ciallaíonn ‘imeall gníomhaire taistil’, i ndáil le soláthar seirbhísí imeallscéime, méid a ríomhtar de réir na foirmle seo a leanas:

A — B

i gcás—

inarb é A an chomaoin iomlán a dtiocfaidh an gníomhaire taistil chun bheith i dteideal í a fháil i leith an tsoláthair seirbhísí imeallscéime sin, nó i ndáil leis, lena n-áirítear gach uile cháin, coimisiún, costas agus muirear ar bith agus cáin bhreisluacha is iníoctha i leith an tsoláthair sin, agus

inarb é B an méid is iníoctha ag an ngníomhaire taistil le soláthróir i leith seirbhísí arna gceannach isteach a áirítear sa soláthar seirbhísí imeallscéime sin don taistealaí, ach tabharfar neamhaird le linn an t-imeall a ríomh ar aon seirbhísí arna gceannach isteach ar cheannaigh an gníomhaire taistil iad roimh an 1 Eanáir 2010 agus ar ina leith a éilíonn an gníomhaire taistil sin in-asbhainteacht de réir alt 12,

agus más mó an B sin ná an A sin measfar gur nialas é imeall an ghníomhaire taistil i leith an tsoláthair sin;

ciallaíonn ‘imeallscéim gníomhaire taistil’ na socruithe speisialta chun seirbhísí imeallscéime a fhómhas.

(2) Déileálfar mar sholáthar aonair le soláthar seirbhísí imeallscéime ag gníomhaire taistil do thaistealaí i leith turais.

(3) Is é an áit a sholáthraítear seirbhísí imeallscéime an áit inar bhunaigh gníomhaire taistil gnó an ghníomhaire taistil sin, ach má sholáthraítear na seirbhísí sin ó bhunaíocht shocraithe de chuid an ghníomhaire taistil sin atá suite in áit seachas an áit inar bhunaigh an gníomhaire taistil sin gnó an ghníomhaire taistil sin, is é áit soláthair na seirbhísí sin an áit a mbeidh an bhunaíocht shocraithe sin suite.

(4) Beidh feidhm ag imeallscéim an ghníomhaire taistil maidir le soláthar seirbhísí imeallscéime sa Stát.

(5) D’ainneoin alt 10, is é an méid ar a mbeidh cáin inmhuirearaithe de bhua alt 2(1)(a) ar sholáthar seirbhísí imeallscéime imeall an ghníomhaire taistil lúide an méid cánach atá ar áireamh san imeall sin.

(6) D’ainneoin ailt 12 agus 13, ní bheidh gníomhaire taistil i dteideal asbhainte nó aisíoca cánach a iompraíodh nó a íocadh i leith seirbhísí arna gceannach isteach a sholáthair an gníomhaire taistil sin mar sheirbhísí imeallscéime.

(7) I gcás ina soláthróidh gníomhaire taistil seirbhísí imeallscéime mar aon le hearraí nó seirbhísí eile do thaistealaí ar chomaoin iomlán, ansin déanfaidh an gníomhaire taistil sin an chomaoin iomlán sin a chionroinnt chun go ndéanfar an cóimheas atá idir luach na seirbhísí imeallscéime sin agus an chomaoin iomlán sin a léiriú i gceart, agus sa chás sin beidh cion na comaoine iomláine a bhaineann le luach na seirbhísí imeallscéime faoi réir imeallscéim an ghníomhaire taistil.

(8) Déileálfar le seirbhísí imeallscéime mar sheirbhísí idirghabhálaí nuair is lasmuigh den Chomhphobal a dhéantar na seirbhísí arna gceannach isteach.

(9) I gcás ina ndéanfaidh gníomhaire taistil soláthar seirbhísí imeallscéime ar a n-áirítear seirbhísí áirithe a ndéileáiltear leo mar sheirbhísí idirghabhálaí de réir fho-alt (8), ansin déanfaidh an gníomhaire taistil sin imeall iomlán an ghníomhaire taistil sin i leith an tsoláthair sin a chionroinnt chun go ndéanfar an cóimheas a léiriú i gceart atá idir an costas atá ar an ngníomhaire taistil sin mar gheall ar na seirbhísí a cheannaítear isteach agus a úsáidtear sna seirbhísí imeallscéime, is seirbhísí a ndéileáiltear leo mar sheirbhísí idirghabhálaí sa soláthar sin, agus an costas iomlán atá ar an ngníomhaire taistil sin mar gheall ar na seirbhísí go léir a cheannaítear isteach agus a úsáidtear chun an soláthar seirbhísí imeallscéime sin a dhéanamh.

(10) Aon ghníomhaire taistil is duine cuntasach a sholáthraíonn seirbhísí imeallscéime áireoidh sé an cháin a bheidh dlite ar sholáthairtí seirbhísí imeallscéime an duine sin do thréimhse inchánach sa tuairisceán a cheanglaítear ar an duine sin a thabhairt de réir alt 19(3).

(11) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé rialacháin a dhéanamh is dóigh leo is gá chun críocha oibriú an ailt seo lena n-áirítear forálacha le haghaidh socruithe simplithe cuntasaíochta.”.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

72 .— Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht le héifeacht ón 1 Nollaig 2008 i bhfo-alt (1)(a) trí “21.5 faoin gcéad” a chur in ionad “21 faoin gcéad”.

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

73 .— Leasaítear alt 12 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (a) trí “agus” a scriosadh i bhfomhír (vii), agus trí “alt 12A, agus” a chur in ionad “alt 12A.” i bhfomhír (viii),

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (viii) de mhír (a):

“(ix) faoi réir fho-alt (4) agus rialachán (más ann), 20 faoin gcéad den cháin a mhuirearaítear ar an duine cuntasach sin i leith feithicil cháilitheach a cheannach, a fhruiliú, a fháil laistigh den Chomhphobal nó a allmhairiú (de réir na brí a shanntar le mír (c)), i gcás gur úsáid ghnó a bhaintear as an bhfeithicil sin go príomha, agus nach lú an úsáid sin ná 60% ar a laghad den úsáid a bhaintear as an bhfeithicil sin, agus i gcás go ndiúscraíonn an duine cuntasach sin an fheithicil sin ina dhiaidh sin, an cháin a asbhaineann an duine sin de réir an fho-ailt seo, déileálfar léi amhail is nach mbeadh sí in-asbhainte ag an duine sin chun críocha mhír (xxiv)(c) den Chéad Sceideal.”,

agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) Chun críocha mhír (a)(ix) agus fho-alt (4)(ba), ciallaíonn ‘feithicil cháilitheach” mótarfheithicil arb ar 1 Eanáir 2009 nó dá éis a chéadchláraítear í chun críocha cánach cláraithe feithiclí, de réir alt 131 den Acht Airgeadais 1992, agus ar lú ná 156g/km leibhéal na n-astaíochtaí CO2 aisti, chun críocha an chláraithe sin.”,

(b) i bhfo-alt (3)(a)(iii) trí “faoi réir fho-alt (1)(a)(ix)” a chur isteach roimh “ceannach”,

(c) i bhfo-alt (4) tríd an méid seo a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(ba) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gur tagairt do ‘20 faoin gcéad den cháin a iompraítear nó is iníoctha’ í an tagairt i mír (b) do ‘cáin a iompraítear nó is iníoctha’ i gcás feithicil cháilitheach a fháil (de réir na brí a shanntar le fo-alt (1)(c)).”,

agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) I gcás go n-asbhaineann duine cuntasach cáin i ndáil le feithicil cháilitheach a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal, nó a allmhairiú de réir fho-alt (1)(a)(ix), agus go ndiúscraíonn an duine sin an fheithicil cháilitheach sin laistigh de 2 bhliain ón gceannach, ón bhfáil nó ón allmhairiú sin, beidh d’oibleagáid ar an duine sin an méid cánach is in-asbhainte ag an duine sin don tréimhse inchánach ina ndiúscraítear an fheithicil a laghdú de mhéid arna ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

TD x (4-N)

4

i gcás—

gurb é TD méid na cánach a asbhaineann an duine cuntasach sin ar an bhfeithicil sin a cheannach, a fháil, nó a allmhairiú, agus

gur uimhir é N atá cothrom le huimhir na laethanta ó dháta ceannaithe, fála nó allmhairithe na feithicle ag an duine cuntasach sin go dtí dáta a diúscartha ag an duine sin, arna roinnt ar 182 agus arna cothromú anuas go dtí an tslánuimhir is gaire di,

ach más mó an N sin ná 4, beidh N ina 4.

(b) I gcás go n-asbhaineann duine cuntasach cáin i ndáil le feithicil cháilitheach a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal, nó a allmhairiú de réir fho-alt (1)(a)(ix), agus gur lú ná 60 faoin gcéad dá húsáid an úsáid ghnó a bhaintear aisti ina dhiaidh sin i dtréimhse inchánach, ansin tá d’oibleagáid ar an duine an méid cánach is in-asbhainte ag an duine sin don tréimhse inchánach a laghdú de mhéid a ríomhfar de réir na foirmle seo a leanas:

TD x (4-N)

4

i gcás—

gurb é TD an méid cánach is in-asbhainte ag an duine cuntasach ar an bhfeithicil sin a cheannach, a fháil nó a allmhairiú, agus

gur uimhir é N atá cothrom le huimhir na laethanta ó dháta ceannaithe, fála nó allmhairithe na feithicle ag an duine cuntasach sin go dtí an chéad lá den tréimhse inchánach ar lú ná 60% dá húsáid an úsáid ghnó a bhaintear aisti, arna roinnt ar 182 agus arna cothromú anuas go dtí an tslánuimhir is gaire di,

ach más mó an N sin ná 4, beidh N ina 4.”.

Leasú ar alt 20 (aisíoc cánach) den Phríomh-Acht.

74 .— Leasaítear alt 20 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (5)(a) trí “mura gcinnfidh siad go mbeadh de thoradh ar an méid ró-íoctha sin, nó cuid de, a aisíoc go ndéanfaí an t-éilitheoir a shaibhriú go míchóir” a chur in ionad “mura mbeadh de thoradh ar an aisíoc sin go ndéanfaí an t-éilitheoir a shaibhriú go míchóir”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b), (c) agus (d) d’fho-alt (5):

“(b) Aon duine a éileoidh méid ró-íoctha a aisíoc faoin bhfo-alt seo déanfaidh sé an t-éileamh sin i scríbhinn ag leagan amach sonraí iomlána imthosca an cháis agus ag sainaithint an mhéid ró-íoctha i leith gach tréimhse inchánach lena mbaineann an t-éileamh. Tabharfaidh an t-éilitheoir cibé doiciméadacht iomchuí a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chun tacú leis an éileamh.

(c) (i) Chun a chinneadh an mbeadh de thoradh ar mhéid ró-íoctha, nó cuid de, a aisíoc go ndéanfaí éilitheoir a shaibhriú go míchóir, beidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim ar na nithe seo a leanas—

(I) a mhéid a rinne an t-éilitheoir, ar chúiseanna praiticiúla, costas an mhéid ró-íoctha a aistriú chuig daoine eile sa phraghas a ghearr an t-éilitheoir sin ar earraí nó ar sheirbhísí a sholáthair an t-éilitheoir sin,

(II) aon ghlanchaillteanas brabús a bhfuil cúis acu lena chreidiúint, bunaithe ar a n-anailís féin agus ar aon fhaisnéis a thabharfaidh an t-éilitheoir dóibh, gur glanchaillteanas é a d’iompair an t-éilitheoir mar gheall ar an toimhde iomrallach a rinneadh in oibriú na cánach, agus

(III) aon tosca eile a thabharfaidh an t-éilitheoir dá n-aire sa chomhthéacs seo.

(ii) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gach faisnéis réasúnach a bhaineann leis na himthosca ba chúis leis an éileamh agus a chabhróidh leo le linn teacht ar chinneadh chun críocha fhomhír (i) a iarraidh ar an éilitheoir.

(d) Más rud é, de réir mhír (c), go gcinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim go mbeadh de thoradh ar aisíoc méid ró-íoctha, nó cuid de, go ndéanfaí éilitheoir a shaibhriú go míchóir, ní aisíocfaidh siad ach an oiread sin den mhéid ró-íoctha nach mbeadh de thoradh air go ndéanfaí an t-éilitheoir sin a shaibhriú go míchóir.”.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

75 .— Leasaítear alt 32 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (dc):

“(dca) an modh ar a n-oibreoidh imeallscéim an ghníomhaire taistil dá dtagraítear in alt 10C;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (dd):

“(dda) an modh ar a bhféadtar an teideal chun asbhainte dá dtagraítear in alt 12(1)(a)(ix) a ríomh;”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

76 .— Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht le héifeacht ón 1 Eanáir 2010 trí fhomhír (a) de mhír (ix) a scriosadh.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

77 .— Leasaítear an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) le héifeacht ón 1 Eanáir 2010 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (vib):

“(vic) seirbhísí a áirítear mar sheirbhísí idirghabhálaí de réir alt 10C(8);”

agus

(b) i mír (xii)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásail (I) agus (II) d’fhomhír (b):

“(I) tae agus ullmhóidí de nuair is i bhfoirm neamh-inólta a sholáthraítear é nó iad,

(II) cócó, caife agus siocaire agus caife tacair rósta eile, agus ullmhóidí agus eastóscáin díobh, nuair is i bhfoirm neamh-inólta a sholáthraítear iad,”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (b):

“(ba) tae agus ullmhóidí de nuair is i bhfoirm inólta a sholáthraítear é nó iad,

(bb) cócó, caife agus siocaire agus caife tacair rósta eile, agus ullmhóidí agus eastóscáin díobh, nuair is i bhfoirm inólta a sholáthraítear iad,”.

CUID 4

Dleachtanna Stampa

Léiriú (Cuid 4).

78 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999.

Ionstraimí a stampáil go leictreonach: nithe breise.

79 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 1—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “duine cuntasach”:

“forléireofar ‘duine ceadaithe’ agus ‘duine údaraithe’, i gcás gach ceann acu, de réir alt 917G den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997;”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na mínithe ar ‘forghníomhaithe’ agus ‘forghníomhú’”:

“ciallaíonn ‘comhdóir’, i ndáil le hionstraim a seachadtar tuairisceán ar pháipéar ina leith ar na Coimisinéirí, an duine arbh é nó í an duine ceadaithe é nó í nó, de réir mar a bheidh, an duine údaraithe, dá mba thuairisceán leictreonach an tuairisceán ar pháipéar;”,

agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “airgead”:

“ciallaíonn ‘tuairisceán ar pháipéar’ tuairisceán i bhfoirm páipéir a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann le tuairisceán leictreonach agus a ndéanann na Coimisinéirí é a phróiseáil tríd an gcóras ríomhstampála;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 8:

“Pionóis: tuairisceáin.

8A.— Más rud é, i ndáil le hionstraim, go seachadfaidh duine ceadaithe, duine údaraithe nó comhdóir, de réir mar a bheidh, ar na Coimisinéirí, tuairisceán leictreonach nó tuairisceán ar pháipéar nach léiríonn na fíorais agus na himthosca atá ar eolas ag an duine agus a dhéanann difear don dliteanas i leith dleachta maidir leis an ionstraim sin nó do mhéid na dleachta is inmhuirearaithe ar an ionstraim sin, ar fíorais agus imthosca iad a gceanglaíonn na Coimisinéirí iad a nochtadh ar an tuairisceán sin, ansin tabhóidh an duine sin pionós €3,000.”.

(2) Leasaítear an tAcht Airgeadais 2008 in alt 111(1)—

(a) i mír (a)(iii) (lena gcuirtear míniú ar “deimhniú stampa” isteach in alt 1 den Phríomh-Acht) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe sin ar “deimhniú stampa”:

“ciallaíonn ‘deimhniú stampa’—

(a) deimhniú arna eisiúint go leictreonach ag na Coimisinéirí tríd an gcóras ríomhstampála, nó

(b) deimhniú arna phróiseáil go leictreonach ag na Coimisinéirí tríd an gcóras ríomhstampála agus arna eisiúint acu i bhfoirm páipéir;”,

(b) i mír (c) (lena leasaítear alt 8(2) den Phríomh-Acht)—

(i) trí “ní cheanglaítear an ráiteas sin (seachas i gcás go gceanglaítear ar na Coimisinéirí a dtuairim a chur in iúl i ndáil le hinmhuirearaitheacht na hionstraime i leith dleachta de réir alt 20) a sheachadadh” a chur in ionad “ní cheanglaítear an ráiteas sin a sheachadadh”, agus

(ii) trí “go ndéanann an duine cuntasach” a chur in ionad “go ndéantar” agus trí “a choimeád go ceann tréimhse 6 bliana” a chur in ionad “a choimeád go ceann tréimhse 4 bliana”,

sa leasú sin ar alt 8(2),

agus

(c) i mír (f) (lena gcuirtear alt 17A isteach sa Phríomh-Acht)—

(i) i mír (d) den alt sin 17A—

(I) trí “tuairisceán leictreonach nó tuairisceán ar pháipéar” a chur in ionad “tuairisceán leictreonach”, agus

(II) trí na focail “thairis sin”, a scriosadh,

agus

(ii) i mír (f)(i) den alt sin 17A—

(I) trí “lena n-áirítear aon ús nó pionós” a chur in ionad “lena n-áirítear aon phionós”, agus

(II) trí “de réir an tuairisceáin leictreonaigh nó an tuairisceáin ar pháipéar” a chur in ionad “de réir an tuairisceáin leictreonaigh”.

(3) (a) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(b) Meastar na leasuithe (a dhéantar le fo-alt (2)) ar ailt 1, 8(2) agus 17A den Phríomh-Acht a bheith déanta amhail ar agus ó dháta rite an Achta Airgeadais 2008 agus tiocfaidh siad i ngníomh de réir alt 111(2) den Acht Airgeadais 2008.

Leasú ar alt 5 (comhaontú maidir le dleacht stampa a íoc ar ionstraimí) den Phríomh-Acht.

80 .— (1) Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) (i) go ndéanfar aon ionstraim lena mbaineann an comhaontú a eisiúint i rith na tréimhse a bhfuil an comhaontú i bhfeidhm, i gcás gur comhaontú é a bhaineann le heisiúint na hionstraime sin, nó

(ii) go bpróiseálfar an ionstraim sin i rith na tréimhse a bhfuil an comhaontú i bhfeidhm, i gcás gur comhaontú é a bhaineann le próiseáil na hionstraime sin,

agus”,

(b) trí “a eisíodh nó a próiseáladh, de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “a eisíodh”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Chun críocha fho-alt (3) ciallaíonn ‘próiseáilte’, i ndáil le hionstraim is bille malairte, bille malairte a tíolacadh chun a íoctha agus a íocadh.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le comhaontuithe (is comhaontuithe lena mbaineann alt 5 den Phríomh-Acht) a dhéantar an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

Leasú ar alt 14 (pionós ar ionstraimí a stampáil tar éis iad a fhorghníomhú) den Phríomh-Acht.

81 .— Leasaítear alt 14 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)—

“(2A) (a) Faoi réir na coinníollacha i mír (b) a bheith comhlíonta, ní bheidh pionós €25 dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó pionós dá dtagraítear i bhfo-alt (2) iníoctha i leith aon ionstraime a forghníomhaíodh ar dtús roimh an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a rith agus nach ndearnadh an dleacht stampa is inmhuirearaithe ina leith a íoc leis na Coimisinéirí roimh an Acht sin a rith.

(b) Is iad na coinníollacha a cheanglaítear a chomhlíonadh leis an mír seo—

(i) go ndéanfar an ionstraim a sheachadadh ar na Coimisinéirí lena stampáil roimh dhul in éag don tréimhse 56 lá dar tosach dáta rite an Achta Airgeadais (Uimh. 2) 2008 (dá ngairtear an ‘dáta éagtha’ sa mhír seo), agus

(ii) go ndéanfar an dleacht stampa is inmhuirearaithe ar an ionstraim a íoc leis na Coimisinéirí, mar aon le hús a bhaineann leis an dleacht sin, ar nó roimh an dáta éagtha.”.

Talamh: forálacha speisialta.

82 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 31:

“Bunaithe i gconradh.

31A.— (1) San alt seo—

tá le ‘socrú le haghaidh comhpháirtíochta poiblí príobháidí’ an bhrí a shanntar dó le halt 3(1)(a) den Acht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002;

ciallaíonn ‘saol cánach’, i ndáil le foirgneamh nó déanmhas, an tréimhse dá dtagraítear—

(a) in alt 272(4) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, nó

(b) san alt sin arna chur chun feidhme le halt 843A(3), 372AX(2) nó 373AY(4) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997,

i ndáil leis an bhfoirgneamh nó leis an déanmhas lena mbaineann.

(2) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh sealbhóir eastáit nó leasa i dtalamh sa Stát conradh nó comhaontú le duine eile chun an t-eastát nó an leas a dhíol leis an duine eile sin nó le hainmnitheach de chuid an duine eile sin, agus

(b) go ndearnadh íocaíocht atá ar cóimhéid, nó de réir mar a bheidh íocaíochtaí atá, le chéile, ar cóimhéid, le 25 faoin gcéad nó níos mó den chomaoin i leith an díola a íoc le sealbhóir an eastáit nó an leasa, nó ar threoir uaidh nó uaithi, tráth ar bith de bhun an chonartha nó an chomhaontaithe, agus

(c) laistigh de 30 lá ón gcéad tráth den sórt sin, nach ndéanfar tíolacadh nó aistriú, arna dhéanamh de réir an chonartha nó an chomhaontaithe, agus arna fhorghníomhú ag na páirtithe sa chonradh nó sa chomhaontú a thíolacadh do na Coimisinéirí lena stampáil le dleacht ad valorem is inmhuirearaithe air,

ansin beidh an conradh nó an comhaontú inmhuirearaithe leis an dleacht ad valorem chéanna, a bheidh le híoc ag an duine eile, amhail is dá mba thíolacas nó aistriú ar eastát nó ar leas sa talamh é.

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní bheidh feidhm ag fo-alt (2)—

(a) maidir le conradh nó comhaontú chun leas iomchuí (de réir bhrí alt 269 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997) i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas a dhíol, arna dhéanamh roimh thosach shaol cánach an fhoirgnimh nó an déanmhais nó lena linn—

(i) ar foirgneamh nó déanmhas é a bhfuil feidhm ag mír (g), (i), (j), (l) nó (m) d’alt 268(1) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 maidir leis,

(ii) (I) ar foirgneamh nó déanmhas é a bhfuil feidhm ag alt 372AX den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 maidir leis, nó

(II) ar áitreabh cáilitheach é a bhfuil feidhm ag alt 372AY den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 maidir leis,

(iii) ar áitreabh cáilitheach é a bhfuil feidhm ag alt 843A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 maidir leis,

(b) maidir le conradh nó comhaontú chun leas i dtalamh a dhíol nach ndearnadh ach amháin i dtaca le socrú le haghaidh comhpháirtíochta poiblí príobháidí.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) maidir le conradh nó comhaontú chun leas iomchuí a dhíol más rud é gur le duine díobh seo a leanas, de réir mar a bheidh, a dhéantar an díol sin—

(a) duine a bhfuil feidhm ag mír (a), (b), (c) nó (d) d’fho-alt (1A), (1D) nó (1E) d’alt 268 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 maidir leis nó léi,

(b) duine a bhfuil feidhm ag alt 372AZ(1)(a) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 maidir leis nó léi, nó

(c) duine a bhfuil feidhm ag alt 843A(5) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 maidir leis nó léi.

(5) I gcás go mbeifear tar éis dleacht a íoc, i leith conartha nó comhaontú, de réir fho-alt (2), ní bheidh aon dleacht inmhuirearaithe ar thíolacas nó aistriú arna dhéanamh i gcomhréir leis an gconradh nó leis an gcomhaontú, agus sonróidh na Coimisinéirí, má iarrtar orthu é, gur íocadh an dleacht ad valorem ar an tíolacas nó ar an aistriú, nó aistreoidh siad an dleacht ad valorem chuig an tíolacas nó an chuig aistriú ar an gconradh nó ar an gcomhaontú, arna stampáil go cuí, a thabhairt ar aird dóibh.

(6) Déanfar an dleacht ad valorem a íocfar ar aon chonradh nó comhaontú, de réir fho-alt (2), a chur ar ais i gcás go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí go bhfuil an conradh nó an comhaontú cealaithe nó neamhnithe.

Comhaontuithe ceadúnas.

31B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘forbairt’, i ndáil le haon talamh—

(a) aon fhoirgneamh a fhoirgniú, a scartáil, a mhéadú, a athrú nó a athfhoirgniú ar an talamh, nó

(b) aon oibríocht innealtóireachta nó aon oibríocht eile sa talamh, ar an talamh, os cionn na talún nó faoin talamh lena oiriúnú le haghaidh malairt ábhartha úsáide;

tá le ‘socrú le haghaidh comhpháirtíochta poiblí príobháidí’ an bhrí a shanntar dó le halt 3(1)(a) den Acht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002.

(2) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh sealbhóir eastáit nó leasa i dtalamh sa Stát comhaontú le duine eile faoina mbeidh an duine eile sin, nó ainmnitheach de chuid an duine eile sin, i dteideal dul isteach ar an talamh chun forbairt a dhéanamh ar an talamh sin, agus

(b) de bhua an chomhaontaithe, go bhfaighidh sealbhóir an eastáit nó an leasa sa talamh tráth ar bith, seachas mar chomaoin as an eastát iomlán, nó cuid de, nó as an leas iomlán sa talamh, nó cuid de, a dhíol, íocaíocht a bheidh ar cóimhéid, nó de réir mar a bheidh íocaíochtaí a bheidh, le chéile, ar cóimhéid, le 25 faoin gcéad nó níos mó de mhargadhluach na talún lena mbaineann,

ansin laistigh de 30 lá ón gcéad tráth den sórt sin, beidh an comhaontú inmhuirearaithe leis an dleacht ad valorem chéanna, is dleacht a bheidh le híoc ag an duine eile sin, a mhuirearófaí dá mba thíolacas nó aistriú ar an eastát nó ar an leas sa talamh a bhí ann.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le comhaontú, is comhaontú lena mbaineann an t-alt seo, arna dhéanamh i dtaca le socrú le haghaidh comhpháirtíochta poiblí príobháidí, agus i dtaca leis sin amháin.

(4) Déanfar an dleacht ad valorem arna híoc ar aon chomhaontú, de réir fho-alt (2), a chur ar ais i gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí go bhfuil an comhaontú cealaithe nó neamhnithe.”,

(b) trí alt 36 a scriosadh,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 50:

“Socruithe do théarma is mó ná 35 bliana le muirearú mar léasanna.

50A.— (1) San alt seo, tá le ‘socrú le haghaidh comhpháirtíochta poiblí príobháidí’ an bhrí a shanntar dó le halt 3(1)(a) den Acht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002.

(2) Aon chomhaontú i leith léasa nó maidir le ligean aon tailte, tionóntán, nó ábhar inoidhrithe do théarma ar bith is faide ná 35 bliana, muirearófar an dleacht chéanna air amhail is dá mba léas iarbhír é arna dhéanamh don téarma agus i leith na comaoine a luaitear sa chomhaontú i gcás go mbeifear tar éis 25 faoin gcéad nó níos mó den chomaoin sin a íoc.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le comhaontú le haghaidh léasa arna dhéanamh i dtaca le socrú le haghaidh comhpháirtíochta poiblí príobháidí agus i dtaca leis sin amháin.

(4) I gcás go mbeifear tar éis dleacht a íoc, i leith comhaontú le haghaidh léasa, de réir fho-alt (2), ní bheidh aon dleacht inmhuirearaithe ar léas arna dhéanamh i gcomhréir leis an gcomhaontú le haghaidh léasa, agus sonróidh na Coimisinéirí, má iarrtar orthu é, gur íocadh an dleacht ad valorem ar an léas, nó aistreoidh siad an dleacht ad valorem chuig an léas, ar an gcomhaontú le haghaidh léasa, arna stampáil go cuí, a thabhairt ar aird dóibh.

(5) Déanfar an dleacht ad valorem a íocfar ar aon chomhaontú le haghaidh léasa, de réir fho-alt (2), a chur ar ais i gcás go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí go bhfuil an comhaontú le haghaidh léasa cealaithe nó neamhnithe.”,

agus

(d) trí “alt 50 nó 50A” a chur in ionad “alt 50” i mír (4) den Cheannteideal “LÉAS” i Sceideal 1.

(2) Aisghairtear alt 110 den Acht Airgeadais 2007 amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

(3) Faoi réir fho-alt (2), tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Leasú ar alt 34 (comhaontuithe i dtaca le díol nó in oirchill díola) den Phríomh-Acht.

83 .— (1) Leasaítear alt 34 den Phríomh-Acht—

(a) trí “D’ainneoin alt 37, más rud é,” a chur in ionad “Más rud é,”,

(b) trí “maoin a dhíol, nó maoin a aistriú de réir bhrí alt 37, de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “maoin a dhíol,”, agus

(c) trí “an díoltóir, nó an t-aistreoir, de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “an díoltóir” gach áit a bhfuil sé.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le tíolacais nó le haistrithe a fhorghníomhófar an 20 Samhain 2008 nó dá éis.

Leasú ar alt 81AA (aistrithe chuig feirmeoirí óga oilte) den Phríomh-Acht.

84 .— Leasaítear alt 81AA den Phríomh-Acht i bhfo-alt (16) trí “31 Nollaig 2012” a chur in ionad “31 Nollaig 2008”.

Leasú ar alt 81C (faoiseamh breise comhdhlúthúcháin feirme) den Phríomh-Acht.

85 .— Leasaítear alt 81C den Phríomh-Acht i bhfo-alt (12) trí “30 Meitheamh 2011” a chur in ionad “30 Meitheamh 2009”.

Leasú ar Chuid 9 (tobhaigh) den Phríomh-Acht.

86 .— (1) Leasaítear Cuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 123B(4)—

(i) i míreanna (a) agus (b) trí “€2.50” a chur in ionad “€5” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2008), agus

(ii) i mír (c) trí “€5” a chur in ionad “€10” (a cuireadh isteach amhlaidh),

agus

(b) in alt 123C(1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an dara tagairt do B a luaitear sa mhíniú ar “réamhdhleacht”:

“gurb é B—

(a) 40 faoin gcéad i gcás inarb é 2007 an bhuntréimhse, nó

(c) 80 faoin gcéad i gcás inar bliain dá éis sin an bhuntréimhse;”.

(2) Tá éifeacht le fo-alt (1)(a) maidir le haon ráiteas a bheidh le seachadadh ag banc nó ag cumann foirgníochta tar éis an 31 Nollaig 2008.

Leasú ar Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

87 .— (1) Leasaítear Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) faoin gCeannteideal “BILLE MALAIRTE” trí “€0.50” a chur in ionad “€0.30”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhforálacha (seachas an díolúine i gcomhair urrúis iasachta coigríche) faoin gceannteideal “TÍOLACAS nó AISTRIÚ ar dhíol aon stoc nó urrús inmhargaidh”:

“(1) I gcás nach mó ná €1,000 méid nó luach na comaoine i leith an díola is inchurtha i leith stoc nó urrús inmhargaidh, agus go bhfuil ráiteas san ionstraim á dheimhniú nach bhfuil an t-idirbheart a chuirtear i gcrích leis an ionstraim sin ina chuid d’idirbheart níos mó nó de shraith idirbheart, ar mó ná €1,000 méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine ina leith is inchurtha i leith stoc nó urrús inmhargaidh:

don chomaoin is inchurtha i leith stoc nó urrús inmhargaidh

Díolmhaithe.

(2) I gcás nach bhfuil feidhm ag mír (1) :

don chomaoin is inchurtha i leith stoc nó urrús inmhargaidh

1 faoin gcéad den chomaoin ach i gcás gur méid nach iolraí ar €1 an méid is toradh ar an ríomh déanfar an méid a ríomhtar amhlaidh, más lú é ná €1, a shlánú suas go dtí €1 agus, más mó é ná €1, a shlánú síos go dtí an € is gaire.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (13), (14), (14A) agus (14B) faoin gceannteideal “TÍOLACAS nó AISTRIÚ ar dhíol aon mhaoine seachas stoic nó urrúis inmhargaidh nó polasaí árachais nó polasaí árachais saoil”:

“(13) I gcás nach bhfuil feidhm ag míreanna (7) go (12) agus go bhfuil méid nó luach na comaoine i leith an díola inchurtha go hiomlán nó go páirteach i leith maoine cónaithe

6 faoin gcéad den chomaoin is inchurtha i leith maoine nach maoin chónaithe ach i gcás gur méid nach iolraí ar €1 an méid is toradh ar an ríomh déanfar an méid a ríomhtar amhlaidh a shlánú síos go dtí an € is gaire.”,

agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásail (vii), (viii), (ix) agus (x) d’fhomhír (b) de mhír (3) faoin gCeannteideal “LÉAS”:

(vii) go bhfuil méid nó luach na comaoine sin inchurtha go hiomlán nó go páirteach i leith maoine nach maoin chónaithe agus nach bhfuil feidhm ag clásail (i) go (vi)

6 faoin gcéad den chomaoin is inchurtha i leith maoine nach maoin chónaithe ach i gcás gur méid nach iolraí ar €1 an méid is toradh ar an ríomh déanfar an méid a ríomhtar amhlaidh a shlánú síos go dtí an € is gaire.”.

(2) (a) Tá feidhm ag fo-alt (1)(a) maidir le billí malairte arna dtarraingt an 15 Deireadh Fómhair 2008 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag fo-alt (1)(b) maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

(c) Tá feidhm ag míreanna (c) agus (d) d’fho-alt (1) maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 15 Deireadh Fómhair 2008 nó dá éis.

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil

Léiriú (Cuid 5).

88 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.

Leasú ar alt 89 (forálacha a bhaineann le maoin talmhaíochta) den Phríomh-Acht.

89 .— (1) Leasaítear alt 89 den Phríomh-Acht, i mír (a) den mhíniú ar “maoin talmhaíochta” i bhfo-alt (1) agus sa mhíniú ar “feirmeoir” san alt sin trí “i mBallstát” a chur in ionad “sa Stát”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le bronntanais agus le hoidhreachtaí a ghlacfar an 20 Samhain 2008 nó dá éis.

Fáltais chaipitiúla: an ráta muirir.

90 .— (1) Leasaítear an Tábla i gCuid 2 de Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “22” a chur in ionad “20”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 20 Samhain 2008 nó dá éis.

CUID 6

Ilghnéitheach

Léiriú (Cuid 6).

91 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Cumhachtaí ioncaim.

92 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 891B(1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a) den mhíniú ar “foras airgeadais”:

“(a) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas faoi alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais 1971, nó duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas nó údarú eile dá shamhail faoi dhlí aon Bhallstáit eile de na Comhphobail Eorpacha a fhreagraíonn do cheadúnas arna dheonú faoin alt sin,”,

(b) in alt 900 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine na nithe seo a leanas a nochtadh d’oifigeach údaraithe—

(a) faisnéis a bhféadfaí éileamh ar phribhléid ghairmiúil dlí a choimeád ar bun ina leith in imeachtaí dlí,

(b) faisnéis de ghné liachta rúnda, nó

(c) comhairle ghairmiúil de ghné rúnda arna tabhairt do chliant (seachas comhairle arna tabhairt mar chuid de chuspóir mímhacánta, calaoiseach nó coiriúil).”,

(c) in alt 901 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine na nithe seo a leanas a nochtadh d’oifigeach údaraithe—

(a) faisnéis a bhféadfaí éileamh ar phribhléid ghairmiúil dlí a choimeád ar bun ina leith in imeachtaí dlí,

(b) faisnéis de ghné liachta rúnda, nó

(c) comhairle ghairmiúil de ghné rúnda arna tabhairt do chliant (seachas comhairle arna tabhairt mar chuid de chuspóir mímhacánta, calaoiseach nó coiriúil).”,

(d) in alt 902 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine na nithe seo a leanas a nochtadh d’oifigeach údaraithe—

(a) faisnéis a bhféadfaí éileamh ar phribhléid ghairmiúil dlí a choimeád ar bun ina leith in imeachtaí dlí,

(b) faisnéis de ghné liachta rúnda, nó

(c) comhairle ghairmiúil de ghné rúnda arna tabhairt do chliant (seachas comhairle arna tabhairt mar chuid de chuspóir mímhacánta, calaoiseach nó coiriúil).”,

(e) in alt 902A tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine na nithe seo a leanas a nochtadh d’oifigeach údaraithe—

(a) faisnéis a bhféadfaí éileamh ar phribhléid ghairmiúil dlí a choimeád ar bun ina leith in imeachtaí dlí,

(b) faisnéis de ghné rúnda liachta, nó

(c) comhairle ghairmiúil de ghné rúnda arna tabhairt do chliant (seachas comhairle arna tabhairt mar chuid de chuspóir mímhacánta, calaoiseach nó coiriúil).”,

(f) in alt 905(2) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine na nithe seo a leanas a nochtadh d’oifigeach údaraithe—

(i) faisnéis a bhféadfaí éileamh ar phribhléid ghairmiúil dlí a choimeád ar bun ina leith in imeachtaí dlí,

(ii) faisnéis de ghné rúnda liachta, nó

(iii) comhairle ghairmiúil de ghné rúnda arna tabhairt do chliant (seachas comhairle arna tabhairt mar chuid de chuspóir mímhacánta, calaoiseach nó coiriúil).”,

(g) in alt 906A(1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a) den mhíniú ar “foras airgeadais”:

“(a) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas faoi alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais 1971, nó duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas nó údarú eile dá shamhail faoi dhlí aon Bhallstáit eile de na Comhphobail Eorpacha a fhreagraíonn do cheadúnas arna dheonú faoin alt sin,”,

(h) in alt 908A(1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a) den mhíniú ar “foras airgeadais”:

“(a) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas faoi alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais 1971, nó duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas nó údarú eile dá shamhail faoi dhlí aon Bhallstáit eile de na Comhphobail Eorpacha a fhreagraíonn do cheadúnas arna dheonú faoin alt sin,”,

(i) in alt 908B(1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a) den mhíniú ar “foras airgeadais”:

“(a) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas faoi alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais 1971, nó duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas nó údarú eile dá shamhail faoi dhlí aon Bhallstáit eile de na Comhphobail Eorpacha a fhreagraíonn do cheadúnas arna dheonú faoin alt sin,”,

(j) in alt 1002(1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “foras airgeadais”:

“ciallaíonn ‘foras airgeadais’—

(a) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas faoi alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais 1971, nó duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas nó údarú eile dá shamhail faoi dhlí aon Bhallstáit eile de na Comhphobail Eorpacha a fhreagraíonn do cheadúnas arna dheonú faoin alt sin,

(b) duine dá dtagraítear in alt 7(4) d’Acht an Bhainc Ceannais 1971,

(c) foras creidmheasa (de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Forais Chreidmheasa a Cheadúnú agus a Mhaoirsiú) 1992 (I.R. Uimh. 395 de 1992)) a bheidh údaraithe ag Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann chun gnó forais creidmheasa a sheoladh de réir fhorálacha na n-achtachán maoirseachta (de réir bhrí na Rialachán sin), nó

(d) brainse d’fhoras airgeadais a thaifeadann taiscí ina chuid leabhar mar dhliteanais de chuid an bhrainse;”,

agus

(k) in alt 1078(3B) trí “laistigh de thréimhse 30 lá dar tosach an lá a dhéanfar an t-ordú” a chur isteach i ndiaidh “i bhfo-alt (3A) a chomhlíonadh”.

Tuairisceáin i ndáil le socraíochtaí agus iontaobhaithe.

93 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 896:

“896A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu i scríbhinn chun na cumhachtaí a thugtar dóibh leis an alt seo a fheidhmiú;

tá le ‘socraíocht’ agus ‘socraitheoir’ na bríonna céanna faoi seach atá leo in alt 10.

(2) I gcás go raibh baint ag aon duine, i gcúrsa trádála nó gairme arna seoladh ag an duine sin, le socraíocht a dhéanamh agus i gcás gurb eol dó nó di, nó go bhfuil cúis aige nó aici lena chreidiúint—

(a) go raibh cónaí nó gnáthchónaí ar an socraitheoir sa Stát an tráth a rinneadh an tsocraíocht, agus

(b) nach raibh cónaí ar iontaobhaithe na socraíochta sa Stát an tráth a rinneadh an tsocraíocht,

ansin déanfaidh an duine sin, laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (3), ráiteas a sheachadadh ar an oifigeach cuí (de réir na brí a shanntar le halt 894(1)) ina sonrófar—

(i) ainm agus seoladh an tsocraitheora,

(ii) ainmneacha agus seoltaí na ndaoine arb iad iontaobhaithe na socraíochta iad, agus

(iii) an dáta ar a ndearnadh nó ar ar cruthaíodh an tsocraíocht.

(3) Déanfar an ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a sheachadadh—

(a) i gcás gur socraíocht arna déanamh ar dháta rite an Achta Airgeadais (Uimh. 2) 2008 nó dá éis an tsocraíocht, laistigh de 4 mhí ó dháta déanta na socraíochta, nó

(b) i gcás gur socraíocht arna déanamh laistigh den tréimhse 5 bliana roimh an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a rith an tsocraíocht, laistigh de 6 mhí ó dháta rite an Achta.

(4) Chun críocha an ailt seo measfar nach bhfuil cónaí ar iontaobhaithe socraíochta sa Stát mura rud é go ndéantar riarachán ginearálta na socraíochta a sheoladh sa Stát de ghnáth agus go bhfuil cónaí de thuras na huaire ar na hiontaobhaithe nó ar thromlach gach aicme iontaobhaithe sa Stát.

(5) Féadfaidh oifigeach údaraithe, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine, a mbeidh cúis ag an oifigeach údaraithe lena chreidiúint ina leith go bhfuil faisnéis aige nó aici a bhaineann le socraíocht, an fhaisnéis sin a thabhairt don oifigeach údaraithe laistigh de cibé tréimhse ama a ordóidh an t-oifigeach údaraithe.”.

Míreanna oidhreachta agus maoin oidhreachta a bhronnadh.

94 .— (1) Leasaítear Caibidil 5 de Chuid 42 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 1003(5) trí “de mhéid atá ar cóimhéid le 80 faoin gcéad de mhargadhluach” a chur in ionad “de mhéid atá ar cóimhéid le margadhluach”, agus

(b) in alt 1003A(5) “de mhéid atá ar cóimhéid le 80 faoin gcéad de mhargadhluach” a chur in ionad “de mhéid atá ar cóimhéid le margadhluach”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1)

(a) i gcás mhír (a) den fho-alt sin, maidir le haon chinneadh arna dhéanamh ag an gcoiste roghnóireachta (de réir bhrí an ailt sin) faoi alt 1003(2)(a) den Phríomh-Acht, an 1 Eanáir 2009 nó dá éis, agus

(b) i gcás mhír (b) den fho-alt sin, maidir le haon chinneadh arna dhéanamh ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi alt 1003A(2)(a) den Phríomh-Acht, an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

Leasú ar alt 811A (idirbhearta chun dliteanas cánach a sheachaint: formhuirear, ús agus fógra cosantach) den Phríomh-Acht.

95 .— Leasaítear alt 811A den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an t-alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a chomhlíonadh agus déanfar tagairtí san alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim a fhorléiriú, fara aon mhodhnuithe is gá, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d’oifigeach a bheidh ainmnithe amhlaidh.”.

Leasuithe ilghnéitheacha: dreasú chun íoc agus comhdú go leictreonach.

96 .— (1) Leasaítear na hachtacháin a shonraítear i Sceideal 3 a mhéid agus sa mhodh a shonraítear i míreanna 1 agus 2 den Sceideal sin.

(2) Tá éifeacht leis an alt seo agus le Sceideal 3 amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2009.

Leasuithe ilghnéitheacha a bhaineann le cáin a bhailiú agus a ghnóthú.

97 .— Déantar na hachtacháin a shonraítear i Sceideal 4 a leasú a mhéid agus ar an modh a shonraítear i míreanna 1 go 6 den Sceideal sin agus sa Tábla a ghabhann leis.

Leasuithe ilghnéitheacha i ndáil le pionóis.

98 .— (1) Déantar na hachtacháin a shonraítear i Sceideal 5 a leasú nó a aisghairm a mhéid agus ar an modh a shonraítear sa Sceideal sin agus, mura luaitear a mhalairt, tiocfaidh siad in éifeacht tar éis an tAcht seo a rith.

(2) D’ainneoin fho-alt (1), maidir le fomhír (ar) de mhír 2 de Sceideal 5—

(a) beidh feidhm ag clásail (i), (iv), (v) agus (vi) den fhomhír sin maidir le pionóis, dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d’alt 1086(2), a fhorchuireann nó a chinneann cúirt tráth rite an Achta seo nó dá éis, agus

(b) beidh feidhm ag clásail (ii) agus (iii) den fhomhír sin maidir le suimeanna sonraithe, dá dtagraítear i míreanna (c) agus (d) d’alt 1086(2), a ghlac na Coimisinéirí Ioncaim, nó a gheall siad go nglacfaidís, mar shocraíocht ar dhliteanas sonraithe tráth rite an Achta seo nó dá éis.

Leasuithe teicniúla ilghnéitheacha i ndáil le cáin.

99 .— Maidir leis na hachtacháin a shonraítear i Sceideal 6

(a) leasaítear iad a mhéid agus ar an modh a shonraítear i míreanna 1 go 6 den Sceideal sin, agus

(b) tá feidhm acu agus tiocfaidh siad i ngníomh de réir mhír 7 den Sceideal sin.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

100 .— (1) San alt seo—

tá le “seirbhísí caipitiúla” an bhrí chéanna atá leis sa phríomh-alt;

ciallaíonn “an séú blianacht bhreise is caoga” an tsuim a mhuirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (2);

ciallaíonn “príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais 1950.

(2) D’fhonn iasachtaí i leith seirbhísí caipitiúla, agus d’fhonn ús ar na hiasachtaí sin, a fhuascailt, déanfar suim €403,709,206 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó ar thoradh fáis an Chiste sin sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2009.

(3) Déanfar an séú blianacht bhreise is caoga a íoc isteach sa Chuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(4) Féadfar aon mhéid den séú blianacht bhreise is caoga, nach mó ná €310,300,000 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(5) Déanfar iarmhéid an séú blianacht bhreise is caoga a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

101 .— Déantar na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

102 .— (1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid 1 a fhorléiriú—

(a) a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim, tobhach ioncaim agus tobhach loctha, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide, i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide, agus

(c) a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil, i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Déanfar Cuid 2, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna sin agus le bainistiú na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid 3 a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2008 agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha a ghairm den Chuid sin agus de na hAchtanna sin le chéile.

(5) Déanfar Cuid 4 a fhorléiriú i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(6) Déanfar Cuid 5 a fhorléiriú i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(7) Déanfar Cuid 6 a fhorléiriú—

(a) a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide, i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide,

(c) a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil, i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(d) a mhéid a bhaineann sí le custaim, i dteannta na nAchtanna Custam,

(e) a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, i dteannta na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin,

(f) a mhéid a bhaineann sí le cáin bhreisluacha, i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha,

(g) a mhéid a bhaineann sí le dleacht stampa, i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin,

(h) a mhéid a bhaineann sí le cáin mhaoine cónaithe, i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais 1983 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an Chuid sin, agus

(i) a mhéid a bhaineann sí le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta, i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(8) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite i gCuid 1, measfar gur tháinig an Chuid sin i bhfeidhm, agus tá éifeacht léi, amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2009.

(9) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite, i gcás ina bhfuil foráil den Acht seo le teacht i ngníomh ar an Aire Airgeadais do dhéanamh ordaithe, tiocfaidh an fhoráil sin i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

SCEIDEAL 1

Aisghairm i ndáil leis an Dlí Máil

Alt 57 .

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na haisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 15 de 1947

An tAcht Airgeadais 1947

Ailt 11, 12 agus 13

Uimh. 14 de 1980

An tAcht Airgeadais 1980

I gCuid IV den Seachtú Sceideal, na hiontrálacha sna colúin darb uimhreacha (2) go (5) os coinne na n-uimhreacha tagartha 1, 2 agus 3 (a bhaineann le ceadúnais cheantálaithe, le ceadanna ceantála agus le ceadúnais ghníomhairí tithe, faoi seach)

Uimh. 15 de 1983

An tAcht Airgeadais 1983

Alt 66

Uimh. 10 de 1989

An tAcht Airgeadais 1989

Alt 47(4)(a) agus, i gCuid IV den Séú Sceideal, na hiontrálacha sna colúin darb uimhreacha (2) go (5) os coinne na n-uimhreacha tagartha 1, 2 agus 3 (a bhaineann le ceadúnais cheantálaithe, le ceadanna ceantála agus le ceadúnais ghníomhairí tithe, faoi seach)

Uimh. 9 de 1992

An tAcht Airgeadais 1992

I gCuid IV den Séú Sceideal, na hiontrálacha sna colúin darb uimhreacha (2) go (5) os coinne na n-uimhreacha tagartha 1, 2 agus 3 (a bhaineann le ceadúnais cheantálaithe, le ceadanna ceantála agus le ceadúnais ghníomhairí tithe, faoi seach)

Uimh. 13 de 1993

An tAcht Airgeadais 1993

Alt 79(4)

SCEIDEAL 2

Ceadúnais Mháil

Alt 59 .

(1)

(2)

(3)

Uimhir Thagartha

An Cineál Ceadúnais

An Ráta Dleachta

CEADÚNAIS MHONARÓIRÍ

Ceadúnas atá le baint amach gach bliain ag:

1.

Driogaire Biotáille

€500

2.

Ceartaitheoir nó cumascóir biotáille

€500

3.

Grúdaire beorach chun a díola

€500

4.

Déantóir milseán chun a ndíola

€500

5.

Déantóir leanna úll nó leanna piorraí chun a dhíola

€500

CEADÚNAIS MHÓRDHÍOLTÓIRÍ

Ceadúnais atá le baint amach gach bliain ag:

6.

Mórdhíoltóir biotáille

€500

7.

Mórdhíoltóir beorach

€500

8.

Mórdhíoltóir fíona

€500

9.

Mórdhíoltóir biotáille fíona

€500

AR-CHEADÚNAIS MHIONDÍOLTÓIRÍ

Ceadúnas atá le baint amach gach bliain ag:

10.

Miondíoltóir beorach

€500

11.

Miondíoltóir fíona

€500

12.

Miondíoltóir milseán

€500

13.

Miondíoltóir leanna úll

€500

EIS-CHEADÚNAIS MHIONDÍOLTÓIRÍ

Ceadúnas atá le baint amach gach bliain ag:

14.

Miondíoltóir biotáille

€500

15.

Miondíoltóir beorach

€500

16.

Miondíoltóir leanna úll

€500

17.

Miondíoltóir fíona

€500

18.

Miondíoltóir milseán

€500

CEADÚNAIS ÁRTHAÍ PAISINÉIRÍ

19.

Ceadúnas atá le baint amach gach bliain maidir le hárthach paisinéirí ag an máistir nó ag duine eile a bhaineann leis an árthach agus atá ainmnithe ag úinéir an árthaigh

€500

20.

Ceadúnas atá le baint amach maidir le hárthach paisinéirí ag an máistir nó ag duine eile a bhaineann leis an árthach agus atá ainmnithe ag úinéir an árthaigh, agus nach mbeidh i bhfeidhm ach ar feadh aon lae amháin

€100

CEADÚNAIS CHARBAD BIA IARNRÓID

21.

Ceadúnas atá le baint amach gach bliain maidir le carbad bia iarnróid ag an gcuideachta iarnróid nó ag duine eile ar leis an carbad

€500

CEADÚNAS AERÁRTHAÍ PAISINÉIRÍ

22.

Ceadúnas atá le baint amach gach bliain ag gnólacht aeriompair maidir le haerárthach ar eitilt is leis an ngnólacht sin nó atá fruilithe aige

€500

SCEIDEAL 3

Leasuithe Ilghnéitheacha: Dreasú chun Íoc agus Comhdú go Leictreonach

Alt 96 .

1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997—

(a) in alt 239, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (arna leasú leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008):

“(4A) I gcás go dtugtar tuairisceán dá dtagraítear i bhfo-alt (4) trí mheán leictreonach agus de réir Chaibidil 6 de Chuid 38, ansin beidh feidhm ag fo-alt (4), agus beidh éifeacht leis, amhail is dá gcuirfí ‘lá 23 den mhí’ in ionad ‘lá 21 den mhí’; ach i gcás ina ndéantar an tuairisceán sin tar éis an lae dá bhforáiltear san fho-alt seo beidh feidhm ag na hAchtanna Cánach, agus beidh éifeacht leo, gan féachaint d’fhorálacha an fho-ailt seo.”,

(b) in alt 531, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3A):

“(3AA) Más rud é maidir le tuairisceán agus cur ar aghaidh dá dtagraítear, faoi seach, i bhfomhíreanna (a)(i) agus (a)(ii) d’fho-alt (3A)—

(a) go ndéantar é, maidir leis an tuairisceán, trí mheán leictreonach agus de réir Chaibidil 6 de Chuid 38, agus

(b) go ndéantar é, maidir leis an gcur ar aghaidh, trí cibé meán leictreonach (de réir bhrí alt 917EA) a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim,

ansin beidh feidhm ag fo-alt (3A), agus beidh éifeacht leis, amhail is dá gcuirfí ‘an 23ú lá de mhí chánach ioncaim’ in ionad ‘an 14ú lá de mhí chánach ioncaim’; ach i gcás ina ndéantar an tuairisceán nó an cur ar aghaidh sin tar éis an lae dá bhforáiltear san fho-alt seo, beidh feidhm ag na hAchtanna Cánach Ioncaim, agus beidh éifeacht leo, gan féachaint d’fhorálacha an fho-ailt seo.”,

(c) in alt 950, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Más rud é maidir le tuairisceán mar aon le haon íocaíocht a cheanglaítear ar chuideachta a dhéanamh de réir fhorálacha na nAchtanna Cánach—

(a) go ndéantar é, maidir leis an tuairisceán, trí mheán leictreonach agus de réir Chaibidil 6 de Chuid 38, agus

(b) go ndéantar í, maidir leis an íocaíocht, trí cibé meán leictreonach (de réir bhrí alt 917EA) a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim,

ansin beidh feidhm ag an míniú ar ‘dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe’, agus beidh éifeacht leis, amhail is dá gcuirfí ‘lá 23 den mhí’ in ionad ‘lá 21 den mhí’ i míreanna (b) agus (c); ach i gcás ina ndéantar an tuairisceán nó an íocaíocht sin tar éis an lae dá bhforáiltear san fho-alt seo, beidh feidhm ag na hAchtanna sin, agus beidh éifeacht leo, gan féachaint d’fhorálacha an fho-ailt seo.”,

agus

(d) in alt 958, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2BA) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008):

“(2BB) I gcás ina ndéantar íocaíocht réamhchánach atá dlite agus iníoctha de réir fho-alt (2B) nó (2BA) trí cibé meán leictreonach (de réir bhrí alt 917EA) a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ansin beidh feidhm ag míreanna (a) agus (b) d’fho-alt (2B) agus ag míreanna (b) agus (c) d’fho-alt (2BA), agus beidh éifeacht leo, amhail is dá gcuirfí ‘lá 23 den mhí’ in ionad ‘lá 21 den mhí’ agus dá gcuirfí ‘lá 23 den mhí sin’ a chur in ionad ‘lá 21 den mhí sin’ gach áit a bhfuil sé; ach i gcás ina ndéantar an íocaíocht tar éis an lae dá bhforáiltear san fho-alt seo, beidh feidhm ag na hAchtanna Cánach, agus beidh éifeacht leo, gan féachaint d’fhorálacha an fho-ailt seo.”.

2. Leasaítear an tAcht Cánach Breisluacha 1972 in alt 19 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Más rud é, maidir le cur ar aghaidh nó, de réir mar a bheidh, maidir le tuairisceán agus cur ar aghaidh, dá dtagraítear i mír (a), i bhfomhíreanna (ii)(II) agus (iv)(II) de mhír (aa) agus i mír (b) d’fho-alt (3)—

(a) go ndéanfar é, maidir leis an gcur ar aghaidh, trí cibé meán leictreonach (de réir bhrí alt 917EA den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997) a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(b) go ndéanfar é, maidir leis an tuairisceán, trí mheán leictreonach agus de réir Chaibidil 6 de Chuid 38 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997,

ansin beidh feidhm ag na míreanna sin (a), (aa) agus (b), agus beidh éifeacht leo, amhail is dá gcuirfí ‘13 lá’ in ionad ‘9 lá’ nó, de réir mar a bheidh, ‘naoi lá’ gach áit a bhfuil sé; ach i gcás go ndéantar an cur ar aghaidh nó an tuairisceán sin tar éis na tréimhse dá bhforáiltear san fho-alt seo, beidh feidhm ag an Acht seo, agus beidh éifeacht leis, gan féachaint d’fhorálacha an fho-ailt seo.”.

SCEIDEAL 4

Forálacha a Bhaineann le Cáin a Bhailiú agus a Ghnóthú

Alt 97 .

1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997—

(a) i gCaibidil 1 de Chuid 39, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 928:

“Sonraí suimeanna a bheidh le bailiú a tharchur chuig an Ard-Bhailitheoir.

928.— (1) San alt seo—

tá le ‘measúnacht’ agus le ‘oifigeach Ioncaim’, faoi seach, na bríonna céanna atá leo i gCaibidil 1A de Chuid 42;

ciallaíonn ‘cáin’ cáin ioncaim, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhreisluacha, dleacht máil, dleacht stampa, cáin bhronntanais agus cáin oidhreachta.

(2) Tar éis measúnachtaí i leith cánach a bheith déanta, déanfaidh na cigirí nó oifigigh Ioncaim eile sonraí na suimeanna a bheidh le bailiú a tharchur chuig an Ard-Bhailitheoir nó chuig oifigeach Ioncaim arna ainmniú nó arna hainmniú i scríbhinn faoi alt 960B chun iad a bhailiú.

(3) Má dhéanann cigire nó oifigeach Ioncaim eile sonraí measúnachta i leith cánach agus sonraí na cánach a mhuirearaítear i measúnacht den sórt sin a thaifeadadh i dtaifead leictreonach, digiteach, maighnéadach, optúil, leictreamhaighnéadach, bithmhéadrach, fótónach nó fótagrafach nó i dtaifead eile as a bhféadfaidh an tArd-Bhailitheoir nó oifigeach Ioncaim arna ainmniú nó arna hainmniú i scríbhinn faoi alt 960B na sonraí sin a aisghabháil trí phróiseas leictreonach, digiteach, maighnéadach, optúil, leictreamhaighnéadach, bithmhéadrach, fótónach nó fótagrafach nó trí phróiseas eile, glacfar leis gurb ionann é sin agus tarchur na sonraí sin ag an gcigire nó ag an oifigeach Ioncaim eile chuig an Ard-Bhailitheoir nó chuig an oifigeach Ioncaim arna ainmniú nó arna hainmniú i scríbhinn faoi alt 960B.”,

(b) i gCuid 42—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 1:

“Caibidil 1A

Léiriú

Léiriú.

960A.— (1) I gCaibidlí 1A, 1B agus 1C, mura luaitear a mhalairt go sainráite—

ciallaíonn ‘Achtanna’—

(a) na hAchtanna Cánach,

(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(c) an tAcht Cánach Breisluacha 1972, agus na hachtacháin lena leasaítear agus lena leathnaítear an tAcht sin,

(d) na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus bainistiú na ndleachtanna sin agus na hachtacháin lena leasaítear agus lena leathnaítear na reachtanna sin,

(e) an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na hachtacháin lena leasaítear agus lena leathnaítear an tAcht sin,

(f) an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na hachtacháin lena leasaítear agus lena leathnaítear an tAcht sin,

(g) Codanna 18A agus 18B (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008),

agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoi aon cheann de na hAchtanna sin;

ciallaíonn ‘measúnacht’ measúnacht i leith cánach arna déanamh faoi aon fhoráil de na hAchtanna, lena n-áirítear aon mheasúnacht leasaithe, measúnacht bhreise, measúnacht cheartaitheach agus aon mheastachán arna dhéanamh faoi alt 990 nó faoi Rialachán 13 nó 14 de na Rialacháin CCI agus aon mheastachán arna dhéanamh faoi alt 22 den Acht Cánach Breisluacha 1972;

tá le ‘díolaíochtaí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 983;

tá le ‘mí chánach ioncaim’ an bhrí chéanna atá leis in alt 983;

ciallaíonn ‘Rialacháin ÍMAT’ rialacháin arna ndéanamh faoi alt 986;

ciallaíonn ‘Rialacháin CCI’ na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Iomchuí) 2000 (I.R. Uimh. 71 de 2000);

ciallaíonn ‘oifigeach Ioncaim’ aon oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn ‘cáin’ aon cháin ioncaim, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhreisluacha, dleacht máil, dleacht stampa, cáin bhronntanais, cáin oidhreachta nó aon tobhach nó muirear eile a chuirtear faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim agus folaíonn sé—

(a) aon ús, formhuirear nó pionós a bhaineann le haon cháin, dleacht, tobhach nó muirear den sórt sin,

(b) aon aisghlámadh faoisimh nó díolúine a bhaineann le haon cháin, dleacht, tobhach nó muirear den sórt sin, agus

(c) aon suim a cheanglaítear ar aon duine a asbhaint nó a choinneáil siar agus a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim nó leis an Ard-Bhailitheoir, de réir mar a bheidh, nó a chur ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim nó chuig an Ard-Bhailitheoir, de réir mar a bheidh, faoi aon fhoráil de na hAchtanna;

ciallaíonn ‘cáin atá dlite agus iníoctha’ cáin atá dlite agus iníoctha faoi aon fhoráil de na hAchtanna.

Feidhmeanna an Ard-Bhailitheora a chomhlíonadh.

960B.— Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach Ioncaim a ainmniú i scríbhinn chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh ar gníomhartha agus feidhmeanna iad a n-údaraíonn Caibidlí 1B agus 1C don Ard-Bhailitheoir iad a dhéanamh nó a chomhlíonadh, seachas na gníomhartha agus na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) go (4) d’alt 960N, agus déanfar tagairtí sa Chuid seo do ‘Ard-Bhailitheoir’ a léamh dá réir sin.

Caibidil 1B

Cáin a bhailiú, etc.

Cáin le bheith dlite agus iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim.

960C.— Beidh cáin atá dlite agus iníoctha faoi na hAchtanna seo dlite agus iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Cáin le bheith ina fiach atá dlite don Aire Airgeadais.

960D.— Déanfar cáin atá dlite agus iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim a áireamh mar fhiach atá dlite don Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste.

Cáin a bhailiú, éilimh a eisiúint, etc.

960E.— (1) Déanfar cáin atá dlite agus iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim de bhua alt 960C a íoc leis an Ard-Bhailitheoir, agus baileoidh an tArd-Bhailitheoir an cháin sin, lena n-áirítear cáin a mhuirearaítear i ngach measúnacht i leith cánach a mbeidh sonraí maidir leo tugtha don Ard-Bhailitheoir faoi alt 928.

(2) Éileoidh an tArd-Bhailitheoir go n-íocfar cáin atá dlite agus iníoctha ach atá gan íoc ag an duine a bhfuil an cháin sin iníoctha aige nó aici.

(3) I gcás nach n-íoctar cáin de réir an éilimh dá dtagraítear i bhfo-alt (2), déanfaidh an tArd-Bhailitheoir an cháin atá dlite agus iníoctha ach atá gan íoc ag an duine a bhfuil an cháin sin iníoctha aige nó aici a bhailiú agus a thobhach.

(4) Ar cháin a íoc, féadfaidh an tArd-Bhailitheoir admháil a sholáthar don duine lena mbaineann i leith na híocaíochta sin agus is é a bheidh san admháil sin cibé ceann díobh seo a leanas is cuí leis an Ard-Bhailitheoir, eadhon—

(a) admháil ar leithligh i leith gach íocaíochta den sórt sin, nó

(b) admháil ar gach íocaíocht den sórt sin a rinneadh laistigh den tréimhse a shonraítear san admháil.

Airgead a fhaightear i leith cánach fáltas caipitiúil agus dleachtanna stampa agus nach leithreasaítear le bheith inghnóthaithe.

960F.— (1) Aon duine—

(a) a mbeidh suim airgid faighte aige nó aici i leith cánach bronntanais, cánach oidhreachta nó dleachtanna stampa agus nach n-íocann an tsuim sin leis an Ard-Bhailitheoir, agus

(b) a dhéanann an tsuim airgid sin a choimeád siar nó a choinneáil go míchuí,

beidh sé nó sí cuntasach do na Coimisinéirí Ioncaim as an tsuim sin a íoc go feadh méid na suime a bheidh faighte amhlaidh ag an duine sin.

(2) Déileálfar leis an tsuim airgid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) mar fhiach atá dlite don Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste agus beidh feidhm ag alt 960I maidir le haon suim den sórt sin amhail is dá mba cháin atá dlite agus iníoctha í.

Dualgas an cháiníocóra dliteanas a shainaithint a bhfuil íocaíocht le fritháireamh ina aghaidh, etc.

960G.— (1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh gach duine a dhéanann íocaíocht cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim nó leis an Ard-Bhailitheoir an dliteanas cánach ar mian leis nó léi an íocaíocht a fhritháireamh ina aghaidh a shainaithint.

(2) I gcás ina bhfaigheann na Coimisinéirí Ioncaim nó an tArd-Bhailitheoir íocaíocht cánach agus go bhfuil duillín pá, tuairisceán cánach, éileamh cánach nó doiciméad eile arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag an Ard-Bhailitheoir ag gabháil leis an íocaíocht, déileálfar leis an íocaíocht, mura léirítear nó murar léiríodh go soiléir a mhalairt a bheith ar intinn, mar íocaíocht a bhaineann leis an gcáin dá dtagraítear sa doiciméad lena mbaineann.

(3) I gcás ina bhfaigheann na Coimisinéirí Ioncaim nó an tArd-Bhailitheoir íocaíocht ó dhuine agus nach féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim nó leis an Ard-Bhailitheoir, le réasún, a chinneadh de réir na dtreoracha, más ann, a bhí ag gabháil leis an íocaíocht cé na dliteanais ar mian leis an duine an íocaíocht a fhritháireamh ina n-aghaidh, ansin féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim nó an tArd-Bhailitheoir an íocaíocht a fhritháireamh in aghaidh aon dliteanais atá dlite den duine faoi na hAchtanna.

Fritháireamh idir cánacha.

960H.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘éileamh’ éileamh is bun le haisíocaíocht cánach nó le híocaíocht úis is iníoctha i leith aisíocaíochta den sórt sin, nó is bun le haisíocaíocht agus le híocaíocht den sórt sin, agus folaíonn sé cuid d’éileamh den sórt sin;

ciallaíonn ‘dliteanas’ aon cháin atá dlite agus iníoctha agus atá gan íoc agus folaíonn sé aon cháin a mheastar a bheith dlite agus iníoctha;

ciallaíonn ‘ró-íocaíocht’ íocaíocht nó cur ar aghaidh (lena n-áirítear cuid d’íocaíocht nó de chur ar aghaidh den sórt sin) is mó ná méid an dliteanais ar ina aghaidh a chreidiúnaítear an íocaíocht nó an cur ar aghaidh sin.

(2) I gcás gur deimhin leis an Ard-Bhailitheoir nár chomhlíon duine na hoibleagáidí arna bhforchur ar an duine i ndáil le ceachtar de na nithe seo a leanas nó i ndáil leo araon—

(a) íoc na cánach atá dlite agus iníoctha, agus

(b) seachadadh tuairisceán a cheanglaítear a dhéanamh,

ansin féadfaidh an tArd-Bhailitheoir, i gcás ina bhfuil aisíocaíocht dlite don duine i leith éilimh nó ró-íocaíochta—

(i) i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (a), nó ina bhfuil feidhm ag míreanna (a) agus (b), in ionad an aisíocaíocht a dhéanamh, méid na haisíocaíochta a fhritháireamh in aghaidh aon dliteanais, agus

(ii) i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (b) amháin, déanamh na haisíocaíochta a choimeád siar go dtí cibé tráth a sheachadtar na tuairisceáin a cheanglaítear a sheachadadh.

(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh duine (dá ngairtear ‘an chéad duine a luaitear’ san fho-alt seo) ceart chun éilimh nó chun ró-íocaíochta a shannadh do dhuine eile (dá ngairtear an ‘dara duine a luaitear’ san fho-alt seo), a aistriú chuige nó chuici nó a dhíol leis nó léi, agus go mbeidh feidhm ag fo-alt (2)(a), ansin, i gcás ina mbeadh aisíocaíocht dlite don chéad duine a luaitear i leith an éilimh nó na ró-íocaíochta mura rud é go ndearna sé nó sí a cheart nó a ceart chun an éilimh nó chun na ró-íocaíochta a shannadh, a aistriú nó a dhíol, déanfaidh an tArd-Bhailitheoir, in ionad an aisíocaíocht a dhéanamh leis an dara duine a luaitear, an t-éileamh nó an ró-íocaíocht sin a fhritháireamh in aghaidh cánach atá dlite den chéad duine sin a luaitear agus iníoctha aige nó aici.

(b) I gcás inar daoine bainteacha iad, de réir bhrí alt 10, an chéad duine a luaitear agus an dara duine a luaitear, ansin déanfar an t-iarmhéid, más ann, den aisíocaíocht dá dtagraítear i mír (a) a fhritháireamh in aghaidh cánach atá dlite agus iníoctha ag an dara duine a luaitear.

(4) I gcás ina ndearna an tArd-Bhailitheoir aisíocaíocht a fhritháireamh nó a choimeád siar de bhua fho-alt (2) nó (3), ansin tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn á rá sin don duine nó do na daoine lena mbaineann agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (2)(ii), ní bheidh ús iníoctha faoi aon fhoráil de na hAchtanna ó dháta an fhógra sin i leith aon aisíocaíochta arna coimeád siar amhlaidh.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfar, leis na rialacháin sin, foráil a dhéanamh maidir le hord tosaíochta na ndliteanas cánach a bhfuil aon éileamh nó ró-íocaíocht le fritháireamh ina n-aghaidh de réir fho-alt (2) nó (3) nó de réir an dá fho-alt sin.

(6) Tá gach rialachán a dhéantar faoin alt seo le leagan faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(7) Beidh éifeacht leis na Rialacháin Chánacha (Aisíocaíochtaí a Fhritháireamh) 2002 (I.R. Uimh. 471 de