|
||||
|
| |||
Uimhir 10 de 2019 | |||
ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 2019 | |||
[An tiontú oifigiúil] | |||
CLÁR AN ÁBHAIR | |||
Alt | |||
An tAcht dá dTagraítear | |||
| |||
| |||
Uimhir 10 de 2019 | |||
[An tiontú oifigiúil] | |||
Acht do leasú alt 343 d’Acht na gCuideachtaí, 2014; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara. | |||
[11 Aibreán 2019] | |||
Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas: | |||
Leasú ar alt 343 d’Acht na gCuideachtaí, 2014 |
1. Leasaítear alt 343 d’Acht na gCuideachtaí, 2014— | ||
(a) i bhfo-alt (2), trí “56 lá” a chur in ionad “28 lá”, agus | |||
(b) i bhfo-alt (3), trí “56 lá” a chur in ionad “28 lá”. | |||
Gearrtheideal agus tosach feidhme |
2.(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo. | ||
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. |