11 2019

/images/harp.jpg

Uimhir 11 de 2019

AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]

CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Léiriú

2. Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht

3. Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht

4. Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht

5. Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

6. Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht

7. Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht

8. Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú), 2006 (Uimh. 13)

An tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998 (Uimh. 30)

/images/harp.jpg

Uimhir 11 de 2019

AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]

Acht do leasú agus do leathnú an Achta um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998.

[22 Bealtaine 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Léiriú

1. San Acht seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998.

2. Leasaítear alt 2(1) den Phríomh-Acht trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘Acht sonraithe’ an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú), 2019 ;

ciallaíonn ‘ lá sonraithe ’ an lá a thiocfaidh an tAcht sonraithe i ngníomh;”.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht

3. Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (1) do thréimhse 18 seachtaine oibre a fhorléiriú—

(a) sa tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2019 go dtí an 31 Lúnasa 2020, mar thagairt do thréimhse 22 sheachtain oibre, agus

(b) ar an agus ón 1 Meán Fómhair 2020, mar thagairt do thréimhse 26 seachtaine oibre.”,

(b) i bhfo-alt (2)(a) trí “12 bhliain d’aois slánaithe” a chur in ionad “8 mbliana d’aois slánaithe”,

(c) i bhfo-alt (2)(b)(ii) trí “a bhfuil 10 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici, ach nach bhfuil 12 bhliain d’aois slánaithe aige nó aici” a chur in ionad “a bhfuil 6 bliana d’aois slánaithe aige nó aici, ach nach bhfuil 8 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici”, agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(8A) Más rud é, roimh an lá sonraithe, maidir le duine is tuismitheoir iomchuí i leith linbh, nach bhfuil 18 seachtaine saoire do thuismitheoirí tógtha aige nó aici i leith an linbh (agus is cuma ar coisceadh ar an duine an tsaoire do thuismitheoirí go léir nó aon chuid di a thógáil mar gheall ar oibriú fho-alt (2) mar a bhí sé i bhfeidhm roimh an lá sonraithe) ansin, ar an agus ón lá sonraithe, beidh feidhm ag an Acht seo, arna leasú leis an Acht sonraithe, maidir leis an oiread sin de na 18 seachtaine saoire do thuismitheoirí nár tógadh roimh an lá sonraithe i leith an linbh sin.”.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(a), trí “atá comhionann leis an tréimhse dá dtagraítear in alt 6(1)” a chur in ionad “18 seachtaine”,

(b) i bhfo-alt (1)(aa)(ii), trí “an líon seachtainí dá dtagraítear in alt 6(1) san iomlán,” a chur in ionad “18 seachtaine san iomlán, nó”,

(c) i bhfo-alt (1)(b)(iii), trí “i bhfomhíreanna (i) agus (ii), i dteannta a chéile, nó” a chur in ionad “i bhfomhíreanna (i) agus (ii), i dteannta a chéile.”,

(d) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(ba) i gcás go mbeidh saoire tógtha ag fostaí de bhun mhír (a), (aa) nó (b), tréimhsí ar tréimhse nach giorra ná 1 seachtain gach ceann acu.”,

(e) i bhfo-alt (2)(a), trí—

(i) “atá comhionann leis an tréimhse dá dtagraítear in alt 6(1)” a chur in ionad “18 seachtaine” gach áit a bhfuil sé, agus

(ii) “líon iomchuí oiread” a chur in ionad “18 n-oiread”,

(f) i bhfo-alt (2)(b), trí “, (aa) nó (ba) d’fho-alt (1)” a chur in ionad “nó (aa)”,

(g) i bhfo-alt (3), trí “Faoi réir fho-ailt (3A) agus (3B)” a chur in ionad “Faoi réir fho‑alt (3A)”,

(h) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3A):

“(3B) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3)—

(a) maidir le haon tréimhse saoire do thuismitheoirí a bheartaíonn fostaí a thógáil—

(i) i leith leanbh a bhfuil 11 bhliain d’aois slánaithe aige nó aici roimh an lá sonraithe nó ar an lá sonraithe, agus

(ii) roimh an lá ar cothrom bliana an lae sin é,

más rud é go gcoiscfeadh oibriú alt 6(2)(a) ar an bhfostaí an tsaoire do thuismitheoirí sin go léir nó aon chuid di a thógáil tar éis an lae sin, nó

(b) maidir le haon tréimhse saoire do thuismitheoirí a bheartaíonn fostaí a thógáil—

(i) i leith leanbh a bhfuil 15 bliana d’aois slánaithe aige nó aici roimh an lá sonraithe nó ar an lá sonraithe, agus

(ii) roimh an lá ar cothrom bliana an lae sin é,

más rud é go gcoiscfeadh oibriú alt 6(2)(c) ar an bhfostaí an tsaoire do thuismitheoirí sin go léir nó aon chuid di a thógáil tar éis an lae sin.”,

agus

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) San alt seo, ciallaíonn ‘líon iomchuí’ an líon atá coibhéiseach leis an líon seachtainí dá dtagraítear in alt 6(1).”.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

5. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) I gcás go mbeartóidh fostaí saoire do thuismitheoirí a thógáil i leith linbh de bhun alt 7(1)(ba), ansin déileálfar leis an bhfógra faoi fho-alt (1) a cheanglaítear ar an bhfostaí a thabhairt, chun críocha an Achta seo—

(a) mar fhógra amháin den sórt sin má chomhlíonann an fostaí an ceanglas sin trí fhógra amháin a thabhairt, ina sonrófar tréimhse leanúnach saoire do thuismitheoirí a bheartaítear a thógail,

(b) mar fhógra amháin den sórt sin má chomhlíonann an fostaí an ceanglas sin trí fhógra amháin a thabhairt, ina sonrófar na tréimhsí saoire do thuismitheoirí a bheartaítear a thógáil, nó

(c) mar cibé líon fógraí atá coibhéiseach le líon na dtréimhsí saoire do thuismitheoirí a bheartaítear a thógáil má chomhlíonann an fostaí an ceanglas sin tríd an líon sin fógraí a thabhairt, ina sonrófar i ngach ceann acu ceann amháin de na tréimhsí saoire do thuismitheoirí a bheartaítear a thógáil,

agus forléireofar forálacha eile an Achta seo (lena n-áirítear alt 11) dá réir sin.”.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht

6. Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6A):

“(6B) Más rud é, maidir le fógra faoi alt 8(1) ó fhostaí chun a fhostóra nó a fostóra, go dtagann sé faoi réim alt 8(8)(b), ansin, faoi réir aon chomhaontú idir an fostaí agus an fostóir, ní foláir feidhm a bheith ag aon iarchur ar thosach saoire do thuismitheoirí faoin alt seo maidir le gach tréimhse saoire do thuismitheoirí bheartaithe is ábhar don fhógra.”.

Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht

7. Leasaítear alt 27 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déanfaidh an fostóir lena mbaineann taifead faoin alt seo a choimeád—

(a) i gcás gur taifead i leith saoire do thuismitheoirí an taifead, go ceann tréimhse 12 bhliain, agus

(b) i gcás gur taifead i leith saoire force majeure an taifead, go ceann tréimhse 8 mbliana,

i cibé foirm a shonróidh an tAire.”,

agus

(b) i bhfo-alt (4), trí “mír (a) nó (b) d’fho-alt” a chur isteach i ndiaidh “fo-alt (1) nó”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme

8. (1) Féadfar an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998 go 2019 a ghairm den Phríomh-Acht, den Acht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú), 2006 agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.