|
||||
|
| ||||
Uimhir 18 de 2019 | ||||
AN tACHT UM BARRACHAS NÁISIÚNTA (CÚLCHISTE LE hAGHAIDH TEAGMHAIS EISCEACHTÚLA), 2019 | ||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||
CLÁR AN ÁBHAIR | ||||
Alt | ||||
2. Cúlchiste an Bharrachais Náisiúnta (Teagmhais Eisceachtúla) a bhunú | ||||
3. An t-uasmhéid a fhéadfaidh a bheith chun sochair don Chiste | ||||
4. An Ciste a bhainistiú agus a rialú agus cuntais a choimeád | ||||
5. Sócmhainní agus suimeanna áirithe a aistriú chuig an gCiste | ||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | ||||
| ||||
| ||||
Uimhir 18 de 2019 | ||||
AN tACHT UM BARRACHAS NÁISIÚNTA (CÚLCHISTE LE hAGHAIDH TEAGMHAIS EISCEACHTÚLA), 2019 | ||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||
Acht do bhunú ciste ar a dtabharfar Cúlchiste an Bharrachais Náisiúnta (Teagmhais Eisceachtúla), chun nach mbeidh na sócmhainní agus na suimeanna a luaitear anseo ina dhiaidh seo de chuid an chiste ar fáil le tarraingt orthu ach amháin in imthosca sainithe, arb imthosca iad lena ngabhann teagmhais áirithe de chineál eisceachtúil; do dhéanamh socrú maidir le sócmhainní agus suimeanna áirithe a aistriú chuig an gciste; do dhéanamh socrú maidir leis an gciste a bhainistiú agus a rialú; do leasú an Achta um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2014; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara. | ||||
[26 Meitheamh 2019] | ||||
Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas: | ||||
Mínithe |
1. San Acht seo— | |||
ciallaíonn “Acht 2012” an tAcht um Fhreagracht Bhuiséadach, 2012; | ||||
ciallaíonn ‘Acht 2014’ an tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2014; | ||||
tá le “imthosca eisceachtúla” an bhrí chéanna atá leis in Acht 2012; | ||||
ciallaíonn “Ciste” Cúlchiste an Bharrachais Náisiúnta (Teagmhais Eisceachtúla) a bhunaítear le halt 2; | ||||
tá le “an Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn” an bhrí chéanna atá leis in Acht 2014; | ||||
ciallaíonn “Aire” an tAire Airgeadais; | ||||
forléireofar “méid forordaithe” de réir alt 5 (3). | ||||
Cúlchiste an Bharrachais Náisiúnta (Teagmhais Eisceachtúla) a bhunú |
2. (1) Beidh arna bhunú, ar thosach feidhme an ailt seo, ciste ar a dtabharfar “Cúlchiste an Bharrachais Náisiúnta (Teagmhais Eisceachtúla) ” agus dá ngairtear an “Ciste” san Acht seo. | |||
(2) Is í an chríoch ar chuici a bhunaítear an Ciste leis an alt seo go bhféadfar na sócmhainní iomchuí a shealbhú sa Chiste mura gceadófar agus go dtí go gceadófar, de réir an Achta seo, cuid de na sócmhainní sin nó na sócmhainní sin go léir a aistriú as an gCiste chun na gcríoch a shonraítear in alt 9 (2). | ||||
(3) I bhfo-alt (2), ciallaíonn “sócmhainní iomchuí” na sócmhainní (lena n-áirítear suimeanna) dá dtagraítear in alt 5 a fhéadfar a aistriú chuig an gCiste, nó a íoc isteach sa Chiste ar shlí eile, faoin alt sin. | ||||
An t-uasmhéid a fhéadfaidh a bheith chun sochair don Chiste |
3. (1) Maidir le méid na sócmhainní (lena n-áirítear suimeanna), gan aon suimeanna in ionannas ioncam a gheofar i leith airgead a bheidh curtha i gcuntais taisce nó a bheidh infheistithe faoi alt 8 a áireamh, a fhéadfaidh a bheith chun sochair don Chiste faoin Acht seo, ní mó é, ó thaobh luacha de, ná €8,000 milliún aon tráth áirithe. | |||
(2) Féadfaidh Dáil Éireann, ar thogra ón Aire arna thabhairt os comhair an Tí sin, rún a rith lena n-údarófar an méid sócmhainní dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a athrú. | ||||
An Ciste a bhainistiú agus a rialú agus cuntais a choimeád |
4. (1) Déanfaidh an tAire an Ciste a bhainistiú agus a rialú. | |||
(2) Cuirfidh an tAire faoi deara go gcoimeádfar, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis an Aire, cibé cuntais i leith an Chiste a chinnfidh sé nó sí is cuí; déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann na cuntais sin, na cuntais a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh. | ||||
(3) Déanfaidh an tAire cóip de chuntais an Chiste arna n-iniúchadh amhlaidh, maille le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an gcéanna, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | ||||
Sócmhainní agus suimeanna áirithe a aistriú chuig an gCiste |
5.(1) Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis thosach feidhme an ailt seo, a chur faoi deara go n-aistreofar chuig an gCiste, as sócmhainní an Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn, sócmhainní nach mó ná €2,000 milliún a luach. | |||
(2) Faoi réir fho-ailt (5) go (7) agus alt 6 , déanfaidh an tAire, as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis, €500,000,000 a íoc isteach sa Chiste i ngach ceann de na blianta, 2019, 2020, 2021, 2022 agus 2023. | ||||
(3) Gairtear “méid forordaithe”, i bhfo-ailt (5) go (7) agus in alt 6 , den tsuim sin roimhe seo €500,000,000. | ||||
(4) Más rud é, le rún arna rith ag an Teach sin, go gceadóidh Dáil Éireann íocaíocht de shuim shonraithe a dhéanamh as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis isteach sa Chiste, déanfaidh an tAire, i dteannta aon sócmhainní dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus, de réir mar a bheidh, suimeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2), an tsuim shonraithe sin a íoc isteach sa Chiste as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis. | ||||
(5) I gcás go dtabhóidh an Stát caiteachas i mbliain dá dtagraítear i bhfo-alt (2) chun íoc as costais dhothuartha a eascróidh de dheasca tubaiste nádúrtha nó tubaiste eile, ansin, mar a shonraítear i bhfo-alt (6), féadfar méid is ísle ná an méid forordaithe a íoc isteach sa Chiste, faoi fho-alt (2), sa bhliain sin. | ||||
(6) Maidir leis an méid dar lú an méid is ísle dá dtagraítear i bhfo-alt (5) ná an méid forordaithe, ní mó é ná méid iomlán an chaiteachais dá dtagraítear san fho-alt sin. | ||||
(7) Más rud é, de réir fho-ailt (5) agus (6), go n-íocfar méid is ísle dá dtagraítear sna fo-ailt sin isteach sa Chiste, déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an íocaíocht laghdaithe sin a dhéanamh, tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann, ar cibé modh is cuí leis an Aire, á rá gur íocadh an méid is ísle sin amhlaidh, agus ina sonrófar an méid dar lú é ná an méid forordaithe agus an chúis a ndearnadh an íocaíocht laghdaithe sin. | ||||
Foráil fhorlíontach i ndáil le halt 5 |
6. (1) Féadfaidh Dáil Éireann, ar thogra ón Aire arna thabhairt os comhair an Tí sin tráth nach luaithe ná an chéad lá de Shamhain i mbliain áirithe dá dtagraítear in alt 5 (2), rún a rith lena n-údarófar don Aire gan an méid forordaithe a íoc isteach sa Chiste sa bhliain sin. | |||
(2) I gcás go rithfidh Dáil Éireann rún den sórt sin, ansin ní íocfaidh an tAire an méid forordaithe isteach sa Chiste sa bhliain lena mbaineann. | ||||
(3) Ní dhéanfaidh an tAire an togra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) mura deimhin leis an Aire ar fhorais réasúnacha gurb amhlaidh, de dheasca imthosca eisceachtúla a bheith ann, go gcuirfí ualach míchuí ar an airgeadas poiblí dá ndéanfaí an méid forordaithe a íoc isteach sa Chiste. | ||||
Leasú ar Acht 2014 |
7. Leasaítear Acht 2014 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 47: | |||
“Sócmhainní (lena n-áirítear airgead) a aistriú as an gCiste chun freastal do theagmhais eisceachtúla | ||||
47A. (1) bNí oibreoidh an Chuid seo chun cosc a chur ar an Aire a chur faoi deara, ar na modhanna dá bhforáiltear i bhfo-alt (2), sócmhainní, lena n-áirítear airgead, a aistriú as an gCiste, de réir Acht den Oireachtas, chuig ciste eile dá dtagraítear san fho-alt sin. | ||||
(2) Féadfaidh an tAire ordachán a thabhairt don Ghníomhaireacht luach nó méid sonraithe de shócmhainní, lena n-áirítear airgead, a aistriú as an gCiste chuig ciste a fhéadfar a íostarraingt chuig an Státchiste d’fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh: | ||||
(a) imthosca eisceachtúla do tharlú sa Stát a leigheas nó a mhaolú, is imthosca eisceachtúla de réir bhrí alt 1 den Acht um Fhreagracht Bhuiséadach, 2012; | ||||
(b) dochar tromaí ionchasach don chóras airgeadais sa Stát a chosc agus cobhsaíocht leanúnach an chórais sin a chinntiú; nó | ||||
(c) tacú le mór-athchóirithe struchtúrtha ag a mbeidh éifeachtaí buiséadacha dearfacha fadtréimhseacha díreacha de réir bhrí Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1466 de 19971 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1175 de 20112 . | ||||
(3) Déanfaidh an tÚdarás de réir ordachán faoi fho-alt (2).”. | ||||
Infheistíocht an Chiste |
8. (1) Gan dochar d’fho-alt (3), déanfar airgead sa Chiste a chur i gcuntais taisce in institiúid airgeadais de chineál ar bith nó a infheistiú in ionstraimí nó i dtáirgí airgeadais ioncaim sheasta, a bhféadfaidh fiachas ceannasach na hÉireann a bheith ar áireamh iontu, agus déanfar aon ioncam a gheofar i leith airgead a bheidh curtha i gcuntais taisce nó a bheidh infheistithe faoin bhfo-alt seo a íoc isteach sa Chiste nó a chur i gcuntais taisce nó a infheistiú faoin bhfo-alt seo. | |||
(2) Le linn don Aire airgead a chur sa Chiste ar taisce nó an t-airgead sin a infheistiú in ionstraimí nó i dtáirgí airgeadais ioncaim sheasta, beidh aird ag an Aire ar an méid seo a leanas— | ||||
(a) gur gá luach ainmniúil iomlán an Chiste (amhail ar an dáta a chuirfear an t-airgead i gcuntais taisce amhlaidh nó a infheisteofar amhlaidh é) a chaomhnú, a mhéid is féidir, agus | ||||
(b) rátáil na hinstitiúide airgeadais beartaithe nó, de réir mar a bheidh, rátáil eisitheoir na n-ionstraimí nó na dtáirgí airgeadais ioncaim sheasta, | ||||
ach tá sé sin faoi réir fho-alt (3). | ||||
(3) Más rud é nach féidir luach ainmniúil iomlán an Chiste (amhail ar an dáta réamhluaite) a chaomhnú le linn an t-airgead sin roimhe seo a chur ar taisce nó é a infheistiú in ionstraimí nó i dtáirgí airgeadais ioncaim sheasta— | ||||
(a) beidh aird ar leith ag an Aire, le linn a chinneadh cé acu de na hinstitiúidí airgeadais a gcuirfidh sé nó sí an t-airgead ar taisce iontu, nó cé acu de na hionstraimí nó na táirgí airgeadais ioncaim sheasta a n-infheisteoidh sé nó sí an t-airgead iontu, ar a mhéid a rachadh sé chun tairbhe don Státchiste dá gcuirfí an t-airgead ar taisce i mBanc Ceannais na hÉireann nó dá ndéanfaí é a infheistiú i bhfiachas ceannasach na hÉireann, agus | ||||
(b) más rud é, tar éis don Aire aird a bheith aige nó aici, mar a luaitear i mír (a), ar an ní dá dtagraítear sa mhír sin, gur cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, féadfaidh sé nó sí an t-airgead a chur ar taisce i mBanc Ceannais na hÉireann nó é a infheistiú i bhfiachas ceannasach na hÉireann. | ||||
(4) San alt seo, ciallaíonn “fiachas ceannasach na hÉireann” ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag an Stát. | ||||
Critéir le haghaidh íostarraingt as an gCiste |
9. (1) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (4), ní íocfar airgead amach as an gCiste ar shlí seachas de bhun rún arna rith ag Dáil Éireann, tar éis togra arna dhéanamh ag an Aire don Teach sin chuige sin. | |||
(2) Ní dhéanfaidh an tAire togra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) mura deimhin leis an Aire ar fhorais réasúnacha gur gá an togra d’fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh: | ||||
(a) imthosca eisceachtúla do tharlú sa Stát a leigheas nó a mhaolú; | ||||
(b) dochar tromaí ionchasach don chóras airgeadais sa Stát a chosc agus cobhsaíocht leanúnach an chórais sin a chinntiú; nó | ||||
(c) tacú le mór-athchóirithe struchtúrtha ag a mbeidh éifeachtaí buiséadacha dearfacha fadtréimhseacha díreacha de réir bhrí Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1466 de 19973 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1175 de 20114 . | ||||
(3) Ar an Aire do theacht chun bheith deimhin, mar a luaitear san fho-alt sin, d’aon cheann amháin nó níos mó de na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2), rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sula ndéanfaidh sé nó sí togra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus, beidh aird aige nó aici ar thuairimí an Aire sin den Rialtas sula dtabharfaidh sé nó sí breith i dtaobh an ndéanfaidh sé nó sí an togra. | ||||
(4) Más rud é, de thuras na huaire, nach mbeidh Dáil Éireann ina suí agus i dtuairim an Aire, is tuairim a bheidh bunaithe ar fhorais réasúnacha— | ||||
(a) gurb amhlaidh gur gá íocaíocht airgid a dhéanamh go práinneach as an gCiste d’fhonn na nithe dá dtagraítear i mír (a) nó (b) d’fho-alt (2) a bhaint amach, agus | ||||
(b) gurb amhlaidh do mhéid an riachtanais a thuairiscítear sa mhír sin roimhe seo nár chóir déanamh na híocaíochta sin a iarchur go dtí tráth i ndiaidh an chéad trátha eile dá éis sin ar a bhféadfadh Dáil Éireann suí chun an ní a bhreithniú agus a bheith in ann an ní a bhreithniú, | ||||
ansin féadfaidh an tAire, le ceadú roimh ré ón Rialtas, airgead a íoc amach as an gCiste chuig an Státchiste, de réir mar a fhoráiltear in alt 10 . | ||||
(5) I gcás go n-íocfaidh an tAire airgead amach as an gCiste sna himthosca atá leagtha amach i bhfo-alt (4) déanfaidh an tAire tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann, ar cibé modh is cuí leis an Aire, á rá go ndearnadh an íocaíocht sin agus ina sonrófar an chúis a bhí léi, agus déanfar an tuarascáil sin don Teach sin a thabhairt ag an gcéad suí eile den Teach sin a thionólfar i ndiaidh an íocaíocht sin a dhéanamh. | ||||
(6) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) mar ní lena gcoisctear íocaíocht airgid a dhéanamh as an gCiste i leith caiteachais dá dtagraítear in alt 11 (1). | ||||
Íostarraingt as an gCiste |
10. I gcás go rithfidh Dáil Éireann rún dá dtagraítear in alt 9 (1) nó go dtabharfaidh an Rialtas a cheadú don Aire íocaíocht a dhéanamh as an gCiste sna himthosca atá leagtha amach in alt 9 (4), déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, airgead ina mbeidh an méid a shonrófar sa rún nó sa bhreith ón Rialtas lena dtabharfar an ceadú sin, de réir mar a bheidh, a aistriú as an gCiste chuig an Státchiste. | |||
Caiteachais |
11. (1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire le linn chomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a mhuirearú ar an gCiste agus a íoc amach as an gCiste. | |||
(2) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1), déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | ||||
Gearrtheideal agus tosach feidhme |
12. (1) Féadfar an tAcht um Barrachas Náisiúnta (Cúlchiste le haghaidh Teagmhais Eisceachtúla), 2019 a ghairm den Acht seo. | |||
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. | ||||
1 I.O. Uimh. L 209, 2.8.1997, lch. 1 2 I.O. Uimh. L 306, 23.11.2011, lch. 12 |