|
||||
|
| |||||
Uimhir 22 de 2019 | |||||
AN tACHT UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TALÚN AGUS TÍOLACTHA (LEASÚ), 2019 | |||||
[An tiontú oifigiúil] | |||||
CLÁR AN ÁBHAIR | |||||
Alt | |||||
3. Nósanna imeachta a mbeidh feidhm acu in imeachtaí áirithe | |||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | |||||
| |||||
| |||||
Uimhir 22 de 2019 | |||||
AN tACHT UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TALÚN AGUS TÍOLACTHA (LEASÚ), 2019 | |||||
[An tiontú oifigiúil] | |||||
Acht do leasú an Achta um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2013 chun socrú a dhéanamh maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint in imeachtaí dlí áirithe lena mbaineann alt 2 den Acht sin; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara. | |||||
[10 Iúil 2019] | |||||
Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas: | |||||
Míniú |
1. San Acht seo, ciallaíonn “Acht 2013” an tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2013. | ||||
Leasú ar alt 2 d’Acht 2013 |
2. Leasaítear alt 2 d’Acht 2013— | ||||
(a) i bhfo-alt (5), trí “faoin alt seo nó faoi alt 2A,” a chur in ionad “faoin alt seo,”, agus | |||||
(b) i bhfo-alt (7), trí “san alt seo, in alt 2A agus in alt 3” a chur in ionad “san alt seo agus in alt 3”. | |||||
Nósanna imeachta a mbeidh feidhm acu in imeachtaí áirithe |
3. Leasaítear Acht 2013 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 2: | ||||
“2A. (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le himeachtaí, arna dtionscnamh ag morgáistí, lena lorgaítear ordú seilbhe i leith talamh lena mbaineann an morgáiste agus ar talamh é an talamh sin a bhfuil feidhm ag alt 2 maidir leis— | |||||
(a) arb imeachtaí iad a cuireadh ar atráth faoi alt 2 agus, ar dhul in éag don tréimhse atrátha (lena n-áirítear aon tréimhse atrátha breise faoin alt sin), a bhfuil feidhm ag fo-alt (5) maidir leo, | |||||
(b) arb imeachtaí iad ina ndearna duine iomchuí iarratas faoi alt 2(2)(b) agus inar diúltaíodh don iarratas sin, nó | |||||
(c) i gcás, maidir leis an morgáisteoir— | |||||
(i) go raibh sé nó sí rannpháirteach, de mheon macánta, i scéim shainainmnithe, roimh na himeachtaí a thosú nó tar éis na himeachtaí a thosú, nó | |||||
(ii) go ndearna sé nó sí, roimh na himeachtaí a thosú nó tar éis na himeachtaí a thosú, seirbhísí cleachtóra dócmhainneachta pearsanta a fhruiliú chun cabhrú leis nó léi a riaráistí morgáiste a réiteach agus, tar éis an fhruilithe sin, go bhfuil feidhm ag fo-alt (5) maidir leis na himeachtaí sin. | |||||
(2) In imeachtaí lena mbaineann an t-alt seo, maidir leis an gcúirt— | |||||
(a) déanfaidh sí, le linn di breithniú a dhéanamh i dtaobh an ndéanfaidh sí ordú seilbhe nó an ndiúltóidh sí ordú seilbhe a dhéanamh, agus | |||||
(b) féadfaidh sí, le linn di breithniú a dhéanamh i dtaobh an ndéanfaidh sí aon ordú eile is cuí léi sna himthosca, | |||||
an méid seo a leanas a chur i gcuntas— | |||||
(i) na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (3), agus | |||||
(ii) cibé nithe breise is cuí léi. | |||||
(3) Is iad seo a leanas na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(i): | |||||
(a) an amhlaidh go mbeadh sé comhréireach sna himthosca go léir an t-ordú a dhéanamh; | |||||
(b) imthosca an mhorgáisteora agus a chleithiúnaithe nó a cleithiúnaithe (más ann) arb amhlaidh ina leith gurb í an phríomháit chónaithe phríobháideach is ábhar do na himeachtaí a bpríomháit chónaithe phríobháideach; | |||||
(c) an amhlaidh go bhfuil ráiteas déanta ag an morgáistí leis an morgáisteoir i dtaobh na dtéarmaí ar a mbeadh an morgáistí sásta an ní a réiteach ar shlí a fhágfaidh go bhféadfadh an morgáisteoir agus a chleithiúnaithe nó a cleithiúnaithe dá dtagraítear i mír (b) fanacht sa phríomháit chónaithe phríobháideach; | |||||
(d) mionsonraí aon togra arna dhéanamh, cibé acu roimh na himeachtaí a thosú nó tar éis na himeachtaí a thosú, ag an morgáisteoir, nó thar ceann an mhorgáisteora, chun a chumasú don mhorgáisteoir agus dá chleithiúnaithe nó dá cleithiúnaithe dá dtagraítear i mír (b)— | |||||
(i) fanacht sa phríomháit chónaithe phríobháideach, lena n-áirítear aon togra maidir le rannpháirtíocht an mhorgáisteora i scéim shainainmnithe, nó | |||||
(ii) cóiríocht de shórt eile a áirithiú; | |||||
(e) an freagra, más ann, arna thabhairt ag an morgáistí ar aon togra dá dtagraítear i mír (d)(i); | |||||
(f) iompar na bpáirtithe sa mhorgáiste in aon iarracht chun teacht ar réiteach ar an tsaincheist arb éard í déileáil le riaráistí íocaíochtaí atá dlite ar scór an mhorgáiste. | |||||
(4) Áirítear na nithe seo a leanas ar na nithe a bhféadfaidh an chúirt aird a thabhairt orthu chun críocha fho-alt (3)(a): | |||||
(a) an méid iomlán atá fós le híoc leis an morgáistí ar scór an mhorgáiste nó ar scór aon chomhaontú iasachta gaolmhar; | |||||
(b) méid na riaráistí íocaíochtaí atá dlite ar scór an mhorgáiste; | |||||
(c) margadhluach comhairlithe na príomháite cónaithe príobháidí ar an dáta ar ar tosaíodh imeachtaí. | |||||
(5) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo, más rud é, maidir le togra le haghaidh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta a fholaíonn togra i leith na príomháite cónaithe príobháidí lena mbaineann— | |||||
(a) nach ndearnadh é, nó | |||||
(b) go ndearnadh é, agus go bhfuil deireadh leis an nós imeachta Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta. | |||||
(6) Chun críocha an ailt seo, measfar go bhfuil deireadh le nós imeachta Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta más rud é— | |||||
(a) go bhfuil feidhm ag alt 106(3), 108(8)(b), 111A(8) nó (9) nó 114(3) d’Acht 2012 maidir leis an nós imeachta sin, | |||||
(b) go ndearnadh iarratas faoi alt 115A d’Acht 2012 i ndáil le togra le haghaidh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta, agus go ndiúltaíonn an chúirt ordú a dhéanamh faoi fho-alt (9) den alt sin, nó | |||||
(c) gur foirceannadh an Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta lena mbaineann faoi alt 123 d’Acht 2012. | |||||
(7) Féadfaidh an tAire, chun críocha an ailt seo, scéim a shainainmniú, le hordú, i gcás gur deimhin leis nó léi— | |||||
(a) go n-áirítear ar chuspóirí na scéime cúnamh a sholáthar do dhaoine atá ag déileáil le riaráistí íocaíochtaí atá dlite ar scór morgáiste ar a bpríomháit chónaithe phríobháideach, ar cúnamh é ar dóigh dó le réasún— | |||||
(i) a chumasú do na daoine sin dul i ngleic le deacrachtaí ó thaobh a bheith ag déileáil leis na riaráistí sin, agus | |||||
(ii) a éascú, a mhéid is indéanta, do na daoine sin fanacht ina bpríomháit chónaithe phríobháideach, | |||||
agus | |||||
(b) gur dóigh le réasún go ndéanfar an cúnamh dá dtagraítear i mír (a) a sholáthar faoin scéim. | |||||
(8) Aon tagairt san alt seo do mhargadhluach comhairlithe príomháite cónaithe príobháidí is tagairt í don luach sin mar a shonraítear é i ráiteas faoi mhargadhluach comhairlithe na príomháite cónaithe príobháidí, arna sholáthar ag ceadúnaí. | |||||
(9) San alt seo— | |||||
ciallaíonn ‘Acht 2011’ an tAcht um Sheirbhísí Maoine (Rialáil), 2011; | |||||
ciallaíonn ‘margadhluach comhairlithe’, i ndáil le príomháit chónaithe phríobháideach arna luacháil ag ceadúnaí chun a díolta, meastachán réasúnach an cheadúnaí, tráth na luachála sin, ar an méid a d’íocfadh ceannaitheoir toilteanach in idirbheart ar neamhthuilleamaí tar éis margaíocht chuí i gcás go ngníomhaíonn an dá pháirtí go feasach críonna agus gan iallach, agus aon tagairt do mhargadhluach comhairlithe príomháite cónaithe príobháidí ar dháta áirithe is tagairt í do mheastachán réasúnach an cheadúnaí ar an méid a d’íocfaí amhlaidh ar an dáta sin; | |||||
ciallaíonn ‘scéim shainainmnithe’ scéim arna sainainmniú faoi fho-alt (7); | |||||
tá le ‘ceadúnas’ an bhrí chéanna atá leis in alt 2(1) d’Acht 2011; | |||||
ciallaíonn ‘ceadúnaí’ sealbhóir ceadúnais atá i bhfeidhm i leith seirbhís maoine a thagann faoi réim mhír (a) nó (b) den mhíniú ar ‘seirbhís maoine’ in alt 2(1) d’Acht 2011; | |||||
tá le ‘nós imeachta Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta’ an bhrí chéanna atá leis san Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012.”. | |||||
Gearrtheideal agus tosach feidhme |
4. (1) Féadfar an tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo. | ||||
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. |