|
||||
|
| ||||
Uimhir 26 de 2019 | ||||
AN tACHT UM SHÁSAMH DO MHNÁ A RAIBH CÓNAÍ ORTHU I bhFORAIS ÁIRITHE (LEASÚ), 2019 | ||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||
CLÁR AN ÁBHAIR | ||||
Alt | ||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | ||||
| ||||
| ||||
Uimhir 26 de 2019 | ||||
AN tACHT UM SHÁSAMH DO MHNÁ A RAIBH CÓNAÍ ORTHU I bhFORAIS ÁIRITHE (LEASÚ), 2019 | ||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||
Acht do leasú an Achta um Shásamh do Mhná a Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe, 2015; do leasú an Achta fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais, 2009; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara. | ||||
[23 Iúil 2019] | ||||
Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas: | ||||
Míniú |
1. San Acht seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Shásamh do Mhná a Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe, 2015. | |||
Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht |
2.Leasaítear alt 1 den Phríomh-Acht— | |||
(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach: | ||||
“ciallaíonn ‘Aguisín’ ‘an tAguisín a ghabhann le téarmaí na Scéime Ex Gratia um Cheartas Aisig na bhForas Maigdiléanach i leith mná a bhí ag obair sna neachtlanna sa 12 fhoras ‘Mhaigdiléanacha’ agus a raibh cónaí orthu i gceann de na 14 fhoras thadhlacha’ dar dáta Samhain 2018;”, agus | ||||
(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Scéim”: | ||||
“ciallaíonn ‘Scéim’ an scéim atá de thuras na huaire á riaradh ag an Aire, arna déanamh ag an Rialtas i mí na Nollag, 2013, agus a bhfuil ar áireamh ina téarmaí na téarmaí sin a leagtar amach san Aguisín, lena ndéantar foráil maidir leis na nithe seo a leanas— | ||||
(a) íocaíochtaí ex-gratia a dhéanamh le mná a ligeadh isteach i bhforas iomchuí agus a bhí ag obair ann, agus | ||||
(b) íocaíochtaí ex-gratia a dhéanamh le mná de réir na dtéarmaí a leagtar amach san Aguisín.”. | ||||
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht |
3. Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1)(f), trí “sa Sceideal, nó, i gcás go ndearnadh an cinneadh i dtaobh incháilitheachta lena mbaineann faoi na téarmaí a leagtar amach san Aguisín, an áit chónaithe agus an obair ar i ndáil leo a rinneadh an cinneadh sin” a chur in ionad “sa Sceideal”. | |||
Leasú ar Chuid 3 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais, 2009 |
4. Leasaítear an tAcht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais, 2009 i mír 1 de Chuid 3 de Sceideal 1 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (a) den mhíniú ar “íocaíocht iomchuí”: | |||
“(a) íocaíocht nó íocaíochtaí ex-gratia a dhéantar leis an duine faoin Scéim (de réir bhrí alt 1 (arna leasú le halt 2 den Acht um Shásamh do Mhná a Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe (Leasú), 2019 ) den Acht um Shásamh do Mhná a Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe, 2015), agus folaíonn sé aon sochar a sholáthraítear faoin Scéim sin,”. | ||||
Gearrtheideal agus tosach feidhme |
5. (1) Féadfar an tAcht um Shásamh do Mhná a Raibh Cónaí Orthu i bhForais Áirithe (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo. | |||
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. |