|
||||
|
| |||||||||||||||||||
Uimhir 33 de 2019 | |||||||||||||||||||
AN tACHT UM CHOMHAIRLE NA mBREITHIÚNA, 2019 | |||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | |||||||||||||||||||
Clár An Ábhair | |||||||||||||||||||
CUID 1 | |||||||||||||||||||
Réamhráiteach agus Ginearálta | |||||||||||||||||||
Alt | |||||||||||||||||||
CUID 2 | |||||||||||||||||||
Comhairle na mBreithiúna | |||||||||||||||||||
CUID 3 | |||||||||||||||||||
Bord na Comhairle agus Coistí de chuid na Comhairle | |||||||||||||||||||
18. An Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta | |||||||||||||||||||
19. Comhaltas den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta | |||||||||||||||||||
20. Téarma comhaltais den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta | |||||||||||||||||||
21. Corrfholúntais i gcomhaltas den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta | |||||||||||||||||||
22. Cruinnithe agus nósanna imeachta an Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta | |||||||||||||||||||
23. An Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna | |||||||||||||||||||
24. Comhaltas den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna | |||||||||||||||||||
26. Téarma comhaltais den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna | |||||||||||||||||||
29. Athbhreithniú ar an mbeartas maidir le gearradh pianbhreitheanna | |||||||||||||||||||
31. Luach saothair agus caiteachais comhaltaí den Bhord agus de choistí | |||||||||||||||||||
CUID 4 | |||||||||||||||||||
Foireann, Maoiniú agus Cuntasacht na Comhairle | |||||||||||||||||||
CUID 5 | |||||||||||||||||||
An Coiste um Iompar Breithiúnach | |||||||||||||||||||
Caibidil 1 | |||||||||||||||||||
Feidhm na Coda seo | |||||||||||||||||||
Caibidil 2 | |||||||||||||||||||
An Coiste um Iompar Breithiúnach | |||||||||||||||||||
45. Moltaí maidir le comhaltaí tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a cheapadh | |||||||||||||||||||
47. Corrfholúntais i gcomhaltas den Choiste um Iompar Breithiúnach | |||||||||||||||||||
48. Cruinnithe agus nósanna imeachta an Choiste um Iompar Breithiúnach | |||||||||||||||||||
Caibidil 3 | |||||||||||||||||||
Gearáin | |||||||||||||||||||
56. Athbhreithniú ar chinneadh go bhfuil gearán, nó cuid de ghearán, neamh-inghlactha | |||||||||||||||||||
59. Imscrúduithe ar mhí-iompar breithiúnach in éagmais gearáin nó tar éis gearán a tharraingt siar | |||||||||||||||||||
60. Gearán a tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil nó trí imscrúdú | |||||||||||||||||||
Caibidil 4 | |||||||||||||||||||
Gearáin a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil | |||||||||||||||||||
61. Gearán a tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil | |||||||||||||||||||
Caibidil 5 | |||||||||||||||||||
Gearáin a imscrúdú | |||||||||||||||||||
64. An Coiste um Iompar Breithiúnach do tharchur gearáin chuig painéal fiosrúcháin | |||||||||||||||||||
65. Moltaí maidir le comhaltaí tuata de phainéil fiosrúcháin a ainmniú | |||||||||||||||||||
66. Comhaltaí tuata de phainéil fiosrúcháin a ainmniú lena gceapadh | |||||||||||||||||||
69. Cumhachtaí agus cosaintí a bhaineann le finnéithe agus le fianaise | |||||||||||||||||||
70. An gearánach do mhainneachtain nó do dhiúltú comhoibriú le painéal fiosrúcháin | |||||||||||||||||||
71. An breitheamh lena mbaineann do mhainneachtain nó do dhiúltú comhoibriú le painéal fiosrúcháin | |||||||||||||||||||
72. Ní a bhaineann le sláinte breithimh a bheith os comhair painéal fiosrúcháin | |||||||||||||||||||
74. Gearán a tharraingt siar le linn do phainéal fiosrúcháin é a imscrúdú | |||||||||||||||||||
75. Painéal fiosrúcháin do chur imscrúdú ar ghearán ar atráth | |||||||||||||||||||
76. Tuarascáil ó phainéal fiosrúcháin arna cur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach | |||||||||||||||||||
77. Dréacht-tuarascáil a bheidh le cur chuig an ngearánach agus chuig an mbreitheamh lena mbaineann | |||||||||||||||||||
Caibidil 6 | |||||||||||||||||||
Forálacha ilghnéitheacha a bhaineann leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach agus le painéil fiosrúcháin | |||||||||||||||||||
81. Fianaise arna tabhairt gan bheith inghlactha in imeachtaí áirithe | |||||||||||||||||||
83. Dualgas substaint fianaise a nochtadh d’fhinnéithe eile, etc. | |||||||||||||||||||
CUID 6 | |||||||||||||||||||
Ilghnéitheach | |||||||||||||||||||
89. Ní dhéanfar difear do chumhacht an Oireachtais chun breitheamh a chur as oifig | |||||||||||||||||||
92. Beidh aird ag na cúirteanna ar threoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna | |||||||||||||||||||
95. Srianta leis na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán maidir le Cosaint Sonraí | |||||||||||||||||||
98. Leasú ar an Acht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003 | |||||||||||||||||||
99. Leasú ar alt 22 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna, 2004 | |||||||||||||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | |||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||
Uimhir 33 de 2019 | |||||||||||||||||||
AN tACHT UM CHOMHAIRLE NA mBREITHIÚNA, 2019 | |||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | |||||||||||||||||||
Acht do dhéanamh socrú maidir le comhlacht a bhunú ar a dtabharfar Comhairle na mBreithiúna nó, sa Bhéarla, the Judicial Council; do dhéanamh socrú maidir lena feidhmeanna agus i dtaobh nithe gaolmhara. | |||||||||||||||||||
[23 Iúil 2019] | |||||||||||||||||||
Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas: | |||||||||||||||||||
Réamhráiteach agus Ginearálta | |||||||||||||||||||
Gearrtheideal agus tosach feidhme |
1.(1) Féadfar an tAcht um Chomhairle na mBreithiúna, 2019 a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. | |||||||||||||||||||
Mínithe |
2. San Acht seo— | ||||||||||||||||||
ciallaíonn “Bord” Bord na Comhairle; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “coiste” coiste de chuid na Comhairle, eadhon— | |||||||||||||||||||
(a) an Coiste um Léann Breithiúnach, | |||||||||||||||||||
(b) an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, | |||||||||||||||||||
(c) an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, | |||||||||||||||||||
(d) gach ceann de na Coistí um Thacaíocht Bhreithiúnach, | |||||||||||||||||||
(e) an Coiste um Iompar Breithiúnach, nó | |||||||||||||||||||
(f) coiste arna bhunú faoi alt 16; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “gearán” gearán arna dhéanamh faoi alt 50; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “gearánach” duine a dhéanann gearán nó a ndéantar gearán thar a cheann nó thar a ceann; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin” an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin arna bhunú faoi alt 55; | |||||||||||||||||||
folaíonn “rialú”, i ndáil le doiciméad, an cumas an doiciméad a fháil; | |||||||||||||||||||
tá le “comhalta comhthofa den Bhord” an bhrí a shanntar dó le halt 12(5); | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “Comhairle” Comhairle na mBreithiúna arna bunú le halt 6; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “an Rialachán maidir le Cosaint Sonraí” Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí); | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “breitheamh sainainmnithe nó breithiúna sainainmnithe” i ndáil leis an bpróiseas chun gearáin a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil faoi Chaibidil 4 de Chuid 5— | |||||||||||||||||||
(a) i gcás gnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach, an Príomh-Bhreitheamh, | |||||||||||||||||||
(b) i gcás gnáthbhreitheamh den Chúirt Achomhairc, Uachtarán na Cúirte Achomhairc, | |||||||||||||||||||
(c) i gcás gnáthbhreitheamh den Ard-Chúirt, Uachtarán na hArd-Chúirte, | |||||||||||||||||||
(d) i gcás gnáthbhreitheamh nó sainbhreitheamh den Chúirt Chuarda, Uachtarán na Cúirte Cuarda, | |||||||||||||||||||
(e) i gcás breitheamh den Chúirt Dúiche (seachas Uachtarán na Cúirte sin), Uachtarán na Cúirte Dúiche, | |||||||||||||||||||
(f) i gcás Uachtarán na Cúirte Achomhairc, Uachtarán na hArd-Chúirte, Uachtarán na Cúirte Cuarda nó Uachtarán na Cúirte Dúiche, an Príomh-Bhreitheamh, agus | |||||||||||||||||||
(g) i gcás an Phríomh-Bhreithimh, Uachtarán na Cúirte Achomhairc, Uachtarán na hArd-Chúirte, Uachtarán na Cúirte Cuarda agus Uachtarán na Cúirte Dúiche; | |||||||||||||||||||
folaíonn “doiciméad”— | |||||||||||||||||||
(a) leabhar, taifead nó ábhar scríofa nó clóite eile i bhfoirm ar bith (lena n-áirítear in aon fheiste leictreonach), | |||||||||||||||||||
(b) léarscáil, plean nó líníocht, | |||||||||||||||||||
(c) diosca, téip nó feiste mheicniúil nó leictreonach eile ina gcorpraítear sonraí seachas amharcíomhánna ionas gur féidir, le cúnamh nó gan cúnamh trealaimh mheicniúil nó leictreonaigh éigin eile, iad a atáirgeadh ón diosca, ón téip nó ón bhfeiste eile, | |||||||||||||||||||
(d) scannán, diosca, téip nó feiste mheicniúil nó leictreonach eile ina gcorpraítear amharcíomhánna ionas gur féidir, le cúnamh nó gan cúnamh trealaimh mheicniúil nó leictreonaigh éigin eile, iad a atáirgeadh ón scannán, ón diosca, ón téip nó ón bhfeiste eile, agus | |||||||||||||||||||
(e) cóip d’aon ní a thagann faoi réim mhír (a), (b), (c) nó (d); | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “comhalta tofa”— | |||||||||||||||||||
(a) i ndáil leis an mBord, breitheamh arna thoghadh nó arna toghadh de réir alt 12(4) chun bheith ina chomhalta tofa nó ina comhalta tofa den Bhord, agus | |||||||||||||||||||
(b) i ndáil leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach, breitheamh arna thoghadh nó arna toghadh de réir alt 44(4) chun bheith ina chomhalta tofa nó ina comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach, | |||||||||||||||||||
de réir mar is cuí; | |||||||||||||||||||
folaíonn “feiste leictreonach” aon fheiste a úsáideann aon mheán leictreach, digiteach, maighnéadach, optúil, leictreamaighnéadach, bithmhéadrach nó fótónach, nó cineálacha eile de theicneolaíocht ghaolmhar, nó aon teaglaim den chéanna, chun sonraí a stóráil nó a tharchur nó chun sonraí a stóráil agus a tharchur araon; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar faoi alt 5; | |||||||||||||||||||
tá le “an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine” an bhrí atá leis in alt 1(1) den Acht fán gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, 2003; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “comhalta ex officio”— | |||||||||||||||||||
(a) i ndáil leis an mBord, breitheamh a mbeidh ceann amháin de na hoifigí breithiúnacha a shonraítear in alt 12(2) ina sheilbh aige nó ina seilbh aici, agus | |||||||||||||||||||
(b) i ndáil leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach, breitheamh a mbeidh ceann amháin de na hoifigí breithiúnacha a shonraítear in alt 44(2) ina sheilbh aige nó ina seilbh aici, | |||||||||||||||||||
de réir mar is cuí; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta” an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta arna bunú faoi Chairt na Náisiún Aontaithe; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta” an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta arna bunú faoi Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a rinneadh sa Róimh an 17 Iúil 1998; | |||||||||||||||||||
tá le “binse idirnáisiúnta” an bhrí atá leis in alt 2 den Acht um Binsí Coireanna Idirnáisiúnta Cogaidh, 1998; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “breitheamh” breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Chúirt Achomhairc, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche; | |||||||||||||||||||
tá le “an breitheamh lena mbaineann”, i ndáil le gearán, an bhrí a shanntar dó le halt 50; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “an Coiste um Iompar Breithiúnach” an coiste arna bhunú faoi alt 43; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “mí-iompar breithiúnach” iompar (cibé acu gníomh nó neamhghníomh) ar thaobh breithimh, cibé acu i bhfeidhmiú a oifige nó a hoifige nó ar shlí eile, agus cibé acu i gcoitinne nó ar ócáid áirithe— | |||||||||||||||||||
(a) arb éard é imeacht ó chaighdeáin aitheanta iompair bhreithiúnaigh, ar caighdeáin iad lena gceanglaítear aird a thabhairt ar phrionsabail an iompair bhreithiúnaigh dá dtagraítear in ailt 7(1)(b) agus 43(2), agus | |||||||||||||||||||
(b) a dtagann de míchlú a tharraingt ar riaradh an cheartais; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “an Coiste um Léann Breithiúnach” an coiste arna bhunú faoi alt 17; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “Coistí um Thacaíocht Bhreithiúnach” na coistí arna mbunú faoi alt 30; ciallaíonn “comhalta tuata”— | |||||||||||||||||||
(a) i ndáil leis an gCoiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 24(3) chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste sin, | |||||||||||||||||||
(b) i ndáil leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach, duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 44(5) chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste sin, agus | |||||||||||||||||||
(c) i ndáil le painéal fiosrúcháin, duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 67(1)(b) chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den phainéal fiosrúcháin sin, | |||||||||||||||||||
de réir mar is cuí; | |||||||||||||||||||
tá le “údarás áitiúil” an bhrí atá leis san Acht Rialtais Áitiúil, 2001; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “Aire” an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “painéal fiosrúcháin” painéal fiosrúcháin ar a mbeidh na daoine a cheapfar mar chomhaltaí den phainéal fiosrúcháin faoi alt 67 chun na feidhmeanna a thugtar do phainéal fiosrúcháin leis an Acht seo a chomhlíonadh; | |||||||||||||||||||
forléireofar “treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta” de réir alt 90(1); | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta” an coiste arna bhunú faoi alt 18; | |||||||||||||||||||
tá le “díobháil phearsanta” an bhrí atá leis san Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961; | |||||||||||||||||||
tá le “Cláraitheoir”, i ndáil leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach, an bhrí a shanntar dó le halt 49; | |||||||||||||||||||
tá le “cláraitheoir do phainéal fiosrúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 67(7); | |||||||||||||||||||
tá le “an Rúnaí”, i ndáil leis an gComhairle, an bhrí a shanntar dó le halt 32; | |||||||||||||||||||
folaíonn “pianbhreith” aon ordú nó breith ó chúirt de dhroim ciontú i gcion nó ciontacht i leith ciona a chinneadh; | |||||||||||||||||||
forléireofar “treoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna” de réir alt 91; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna” an coiste arna bhunú faoi alt 23. | |||||||||||||||||||
Aisghairm |
3. Aisghairtear na forálacha seo a leanas: | ||||||||||||||||||
(a) alt 21 den Acht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946; | |||||||||||||||||||
(b) ailt 10(4) agus 36(2) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961; | |||||||||||||||||||
(c) alt 48 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995. | |||||||||||||||||||
Caiteachais |
4. Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | ||||||||||||||||||
Comhairle na mBreithiúna | |||||||||||||||||||
An lá bunaithe |
5. Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo. | ||||||||||||||||||
An Chomhairle a bhunú |
6.(1) Beidh arna bhunú, ar an lá bunaithe, comhlacht ar a dtabharfar Comhairle na mBreithiúna nó, sa Bhéarla, the Judicial Council (dá ngairtear “an Chomhairle” san Acht seo) chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh. | ||||||||||||||||||
(2) Beidh an Chomhairle, faoi réir fhorálacha an Achta seo, neamhspleách i gcomhlíonadh a feidhmeanna. | |||||||||||||||||||
(3) Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht agartha aici, agus féadfar í a agairt ina hainm corpraithe agus, le toiliú an Aire agus le ceadú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, beidh cumhacht aici talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt. | |||||||||||||||||||
(4) Beidh séala ag an gComhairle agus déanfar an séala a fhíordheimhniú— | |||||||||||||||||||
(a) le síniú chathaoirleach na Comhairle nó comhalta eile den Chomhairle arna údarú nó arna húdarú aici chun gníomhú chuige sin, agus | |||||||||||||||||||
(b) le síniú Rúnaí na Comhairle nó comhalta eile d’fhoireann na Comhairle arna údarú nó arna húdarú aici chun gníomhú chuige sin. | |||||||||||||||||||
(5) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Comhairle agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh— | |||||||||||||||||||
(a) gur ionstraim é a rinne an Chomhairle, agus | |||||||||||||||||||
(b) a bheith séalaithe le séala na Comhairle arna fhíordheimhniú de réir fho-alt (4), | |||||||||||||||||||
agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt. | |||||||||||||||||||
Feidhmeanna na Comhairle |
7.(1) Is iad feidhmeanna na Comhairle na nithe seo a leanas a chur chun cinn agus a chothabháil— | ||||||||||||||||||
(a) breithiúna do bhaint amach sármhaitheasa i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna breithiúnacha dóibh, | |||||||||||||||||||
(b) ardchaighdeáin iompair i measc breithiúna, ag féachaint do phrionsabail an iompair bhreithiúnaigh lena gceanglaítear ar bhreithiúna neamhspleáchas breithiúnach, neamhchlaontacht bhreithiúnach, ionracas breithiúnach, cuibheas breithiúnach (lena n-áirítear cuma an chuibhis), inniúlacht bhreithiúnach agus dúthracht bhreithiúnach a chumhdach agus a bheith ina n-eiseamláir den chéanna agus a chinntiú go dtabharfar an chóir chéanna do gach duine a bheidh os comhair na gcúirteanna, | |||||||||||||||||||
(c) úsáid éifeachtach éifeachtúil a bhaint as acmhainní a chuirfear ar fáil do bhreithiúna chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, | |||||||||||||||||||
(d) oideachas leanúnach a chur ar bhreithiúna, | |||||||||||||||||||
(e) urraim do neamhspleáchas na breithiúnachta, agus | |||||||||||||||||||
(f) muinín an phobail as an mbreithiúnacht agus as riaradh an cheartais. | |||||||||||||||||||
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh an Chomhairle— | |||||||||||||||||||
(a) athbhreithniú ar thogra, tuarascáil nó moladh a chuirfidh an Bord faoina bráid faoi alt 11(1)(c), | |||||||||||||||||||
(b) breithniú ar ní a tharchuirfidh coiste chuici faoi alt 16(5), | |||||||||||||||||||
(c) más cuí, breitheanna a thabhairt i ndáil le togra, tuarascáil nó moladh dá dtagraítear i mír (a) nó le ní dá dtagraítear i mír (b), | |||||||||||||||||||
(d) iad seo a leanas a ghlacadh agus a fhoilsiú ar cibé modh is cuí léi— | |||||||||||||||||||
(i) treoirlínte maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach a ullmhóidh an Coiste um Iompar Breithiúnach agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 43(3)(d) fairis na modhnuithe (más ann) arna ndéanamh ag an mBord faoi alt 11(1)(f), nó | |||||||||||||||||||
(ii) leasuithe ar threoirlínte maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach arna n-ullmhú agus arna gcur faoi bhráid an Bhoird amhlaidh faoi alt 43(3)(e) fairis na modhnuithe (más ann) arna ndéanamh ag an mBord faoi alt 11(1)(f), | |||||||||||||||||||
a luaithe is indéanta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 12 mhí, tar éis na treoirlínte sin a chur faoi bhráid an Bhoird amhlaidh, | |||||||||||||||||||
(e) scéimeanna chun oideachas agus oiliúint a chur ar bhreithiúna a fhorbairt agus a bhainistiú, | |||||||||||||||||||
(f) faisnéis agus ábhair a ullmhú agus a scaipeadh i measc breithiúna lena n-úsáid acu i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh, | |||||||||||||||||||
(g) iad seo a leanas a ghlacadh— | |||||||||||||||||||
(i) dréacht-treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta a ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 18(2)(a) fairis na modhnuithe (más ann) arna ndéanamh ag an mBord faoi alt 11(1)(d), nó | |||||||||||||||||||
(ii) aon dréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta a ullmhóidh an Coiste sin agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 18(2)(b) fairis na modhnuithe (más ann) arna ndéanamh ag an mBord faoi alt 11(1)(d), | |||||||||||||||||||
a luaithe is indéanta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 12 mhí, tar éis na treoirlínte sin a chur faoi bhráid an Bhoird amhlaidh agus foilseoidh sí na treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta agus na leasuithe ar cibé modh is cuí léi a luaithe is indéanta tar éis iad a ghlacadh amhlaidh, | |||||||||||||||||||
(h) iad seo a leanas a ghlacadh agus a fhoilsiú ar cibé modh is cuí léi— | |||||||||||||||||||
(i) treoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna a ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 23(2)(a) fairis na modhnuithe (más ann) arna ndéanamh ag an mBord faoi alt 11(1)(e), nó | |||||||||||||||||||
(ii) leasuithe ar threoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna arna n-ullmhú agus arna gcur faoi bhráid an Bhoird amhlaidh faoi alt 23(2)(b) fairis na modhnuithe (más ann) arna ndéanamh ag an mBord faoi alt 11(1)(e), | |||||||||||||||||||
a luaithe is indéanta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 12 mhí, tar éis na treoirlínte sin a chur faoi bhráid an Bhoird amhlaidh, | |||||||||||||||||||
(i) tuiscint ar na prionsabail lena rialaítear measúnú agus dámhachtain damáistí le haghaidh díobhálacha pearsanta a chur chun cinn i measc breithiúna ar cibé modh is cuí léi, | |||||||||||||||||||
(j) faoi réir alt 23, tuiscint ar na prionsabail agus ar an gcleachtas maidir le gearradh pianbhreitheanna a chur chun cinn i measc breithiúna agus daoine seachas breithiúna ar cibé modh is cuí léi, | |||||||||||||||||||
(k) cumarsáid a bhunú, a chothabháil agus a fheabhsú— | |||||||||||||||||||
(i) le comhlachtaí atá ionadaitheach do bhreithiúna arna gceapadh chun cúirteanna in áiteanna seachas an Stát, agus | |||||||||||||||||||
(ii) le comhlachtaí idirnáisiúnta atá ionadaitheach do bhreithiúna, agus | |||||||||||||||||||
(l) cúnamh a thabhairt chun tacaíocht a sholáthar do bhreithiúna i gcoitinne. | |||||||||||||||||||
(3) Beidh ag an gComhairle na cumhachtaí sin go léir a bheidh riachtanach nó fóirsteanach chun a feidhmeanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear an chumhacht— | |||||||||||||||||||
(a) chun coistí a bhunú de réir an Achta seo, agus | |||||||||||||||||||
(b) chun aon cheann dá feidhmeanna a tharmligean chun coiste. | |||||||||||||||||||
(4) Féadfaidh an Chomhairle, chun a feidhmeanna nó feidhmeanna coiste a chomhlíonadh— | |||||||||||||||||||
(a) conarthaí nó socruithe a dhéanamh, agus | |||||||||||||||||||
(b) sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú, ar cumhacht í nach mbeidh infheidhmithe ach amháin le toiliú an Aire. | |||||||||||||||||||
(5) D’ainneoin aon fhoráil eile den Acht seo, maidir leis na feidhmeanna dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) agus míreanna (g) agus (h) d’fho-alt (2), seachas sa mhéid go dtagraítear d’fhoilsiú sna feidhmeanna dá dtagraítear i míreanna (d), (g) agus (h)— | |||||||||||||||||||
(a) ní chomhlíonfaidh an Bord iad thar ceann na Comhairle, | |||||||||||||||||||
(b) ní tharmligfear chun coiste iad, ná | |||||||||||||||||||
(c) ní chomhlíonfaidh aon duine seachas an Chomhairle iad ar shlí eile. | |||||||||||||||||||
Comhaltas den Chomhairle |
8.(1) Is iad na comhaltaí seo a leanas a bheidh ar an gComhairle: | ||||||||||||||||||
(a) an Príomh-Bhreitheamh agus gnáthbhreithiúna na Cúirte Uachtaraí; | |||||||||||||||||||
(b) Uachtarán na Cúirte Achomhairc agus gnáthbhreithiúna na Cúirte Achomhairc; | |||||||||||||||||||
(c) Uachtarán na hArd-Chúirte agus gnáthbhreithiúna na hArd-Chúirte; | |||||||||||||||||||
(d) Uachtarán na Cúirte Cuarda agus gnáthbhreithiúna agus sainbhreithiúna na Cúirte Cuarda; | |||||||||||||||||||
(e) Uachtarán na Cúirte Dúiche agus breithiúna na Cúirte Dúiche seachas Uachtarán na Cúirte sin. | |||||||||||||||||||
(2) Faoi réir alt 9(5), féadfaidh an Chomhairle gníomhú d’ainneoin folúntas nó folúntais ina comhaltas. | |||||||||||||||||||
(3) Nuair a scoirfidh comhalta den Chomhairle de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle. | |||||||||||||||||||
(4) Beidh an Príomh-Bhreitheamh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gComhairle agus beidh Uachtarán na Cúirte Achomhairc ina leaschathaoirleach uirthi. | |||||||||||||||||||
Cruinnithe agus nósanna imeachta na Comhairle |
9.(1) Tionólfaidh an Chomhairle cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe a bheidh riachtanach chun a feidhmeanna a chomhlíonadh ach tionólfaidh sí aon chruinniú amháin ar a laghad gach bliain. | ||||||||||||||||||
(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Chomhairle tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an lae bunaithe. | |||||||||||||||||||
(3) Ag cruinniú den Chomhairle— | |||||||||||||||||||
(a) is é nó is í cathaoirleach na Comhairle, más rud é go bhfuil sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, | |||||||||||||||||||
(b) mura bhfuil agus fad nach bhfuil cathaoirleach na Comhairle i láthair, nó más rud é go bhfuil oifig chathaoirleach na Comhairle folamh, is é nó is í leaschathaoirleach na Comhairle a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, agus | |||||||||||||||||||
(c) mura bhfuil agus fad nach bhfuil cathaoirleach ná leaschathaoirleach na Comhairle i láthair, nó más rud é go bhfuil oifigí chathaoirleach agus leaschathaoirleach na Comhairle folamh, is é nó is í an chéad bhreitheamh eile is sinsearaí atá i láthair a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú. | |||||||||||||||||||
(4) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Chomhairle a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Chomhairle atá i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe. | |||||||||||||||||||
(5) Is éard is córam do chruinniú den Chomhairle— | |||||||||||||||||||
(a) líon nach lú ná leath de líon iomlán a comhaltaí, agus | |||||||||||||||||||
(b) líon nach lú ná an ceathrú cuid, nó cibé cionmhaireacht is mó ná sin a chinnfidh an Chomhairle, de líon iomlán chomhaltaí gach Cúirte, eadhon, an Chúirt Uachtarach, an Chúirt Achomhairc, an Ard-Chúirt, an Chúirt Chuarda agus an Chúirt Dúiche, arna chothromú suas go dtí an chéad slánuimhir eile. | |||||||||||||||||||
(6) Chun críocha fho-alt (5)(b), ní áireofar ar chomhaltaí gach Cúirte comhaltaí ex officio den Chúirt sin. | |||||||||||||||||||
(7) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an Chomhairle a nósanna imeachta féin a rialáil. | |||||||||||||||||||
(8) Féadfaidh comhalta den Chomhairle, i cibé foirm agus ar cibé modh a chinnfidh an Chomhairle de réir fho-alt (7), comhalta eile den Chomhairle a shainainmniú chun vótáil mar sheachvótálaí dó nó di ag cruinniú den Chomhairle. | |||||||||||||||||||
Bord na Comhairle agus Coistí de chuid na Comhairle | |||||||||||||||||||
Bord na Comhairle |
10.(1) Beidh Bord de chuid na Comhairle ann (dá ngairtear “an Bord” san Acht seo). | ||||||||||||||||||
(2) Déanfar na comhaltaí den Bhord a chéadtoghfar a thoghadh de réir alt 12(4) ag an gcéad chruinniú den Chomhairle. | |||||||||||||||||||
(3) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an Bord a nósanna imeachta féin a rialáil. | |||||||||||||||||||
Feidhmeanna an Bhoird |
11.(1) Faoi réir alt 7(5), déanfaidh an Bord feidhmeanna na Comhairle a chomhlíonadh thar ceann na Comhairle de réir cibé treoruithe (más ann) a thabharfaidh an Chomhairle don Bhord agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, maidir leis an mBord— | ||||||||||||||||||
(a) déanfaidh sé beartas a bhreithniú agus a chinneadh i ndáil leis na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, | |||||||||||||||||||
(b) déanfaidh sé formhaoirsiú ar chur i ngníomh an bheartais sin ag an Rúnaí, | |||||||||||||||||||
(c) féadfaidh sé dá dheoin féin togra, tuarascáil nó moladh a chur faoi bhráid na Comhairle i ndáil le haon cheann d’fheidhmeanna na Comhairle agus déanfaidh sé amhlaidh ar iarraidh a fháil ón gComhairle i ndáil le haon cheann de na feidhmeanna sin nó i ndáil le haon ní eile, | |||||||||||||||||||
(d) déanfaidh sé athbhreithniú— | |||||||||||||||||||
(i) ar dhréacht-treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta a ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 18(2)(a), agus | |||||||||||||||||||
(ii) ar dhréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta a ullmhóidh an Coiste sin agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 18(2)(b), | |||||||||||||||||||
agus féadfaidh sé cibé modhnuithe a dhéanamh ar na dréacht-treoirlínte sin, nó ar na dréachtleasuithe ar na treoirlínte sin, is cuí leis, (e)déanfaidh sé athbhreithniú— | |||||||||||||||||||
(i) ar dhréacht-treoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna a ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 23(2)(a), agus | |||||||||||||||||||
(ii) ar dhréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna a ullmhóidh an Coiste sin agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 23(2)(b), | |||||||||||||||||||
agus féadfaidh sé cibé modhnuithe a dhéanamh ar na dréacht-treoirlínte sin, nó ar na dréachtleasuithe ar na treoirlínte sin, is cuí leis, (f)déanfaidh sé athbhreithniú— | |||||||||||||||||||
(i) ar dhréacht-treoirlínte maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach a ullmhóidh an Coiste um Iompar Breithiúnach agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 43(3)(d), agus | |||||||||||||||||||
(ii) ar dhréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach a ullmhóidh an Coiste sin agus a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird faoi alt 43(3)(e), | |||||||||||||||||||
agus féadfaidh sé cibé modhnuithe a dhéanamh ar na dréacht-treoirlínte sin, nó ar na dréachtleasuithe ar na treoirlínte sin, is cuí leis. | |||||||||||||||||||
(2) Beidh ag an mBord na cumhachtaí sin go léir a bheidh riachtanach nó fóirsteanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear an chumhacht chun— | |||||||||||||||||||
(a) cibé feidhmeanna dá chuid is cuí leis a tharmligean chuig an Rúnaí, agus | |||||||||||||||||||
(b) aon ní a tharchur chun coiste lena bhreithniú. | |||||||||||||||||||
(3) Féadfaidh an Bord aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhalta d’fhoireann na Comhairle a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an mBord. | |||||||||||||||||||
Comhaltas den Bhord |
12.(1) Is iad a bheidh ar an mBord an 11 chomhalta seo a leanas: | ||||||||||||||||||
(a) na comhaltaí ex officio a shonraítear i bhfo-alt (2) nó na daoine a bheidh ainmnithe ina n-ionad faoi fho-alt (3); | |||||||||||||||||||
(b) na comhaltaí a thoghfar faoi fho-alt (4); | |||||||||||||||||||
(c) an comhalta comhthofa a chomhthoghfar faoi fho-alt (5). | |||||||||||||||||||
(2) Beidh gach duine díobh seo a leanas, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord (dá ngairtear “comhalta ex officio den Bhord” san Acht seo): | |||||||||||||||||||
(a) an Príomh-Bhreitheamh, a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an mBord; | |||||||||||||||||||
(b) Uachtarán na Cúirte Achomhairc; | |||||||||||||||||||
(c) Uachtarán na hArd-Chúirte; | |||||||||||||||||||
(d) Uachtarán na Cúirte Cuarda; | |||||||||||||||||||
(e) Uachtarán na Cúirte Dúiche. | |||||||||||||||||||
(3) Féadfaidh comhalta ex officio den Bhord, ó am go ham, breitheamh eile (seachas comhalta tofa den Bhord nó comhalta comhthofa den Bhord) den chúirt a bhfuil sé nó sí ina Phríomh-Bhreitheamh nó ina Príomh-Bhreitheamh di nó ina Uachtarán nó ina hUachtarán uirthi, de réir mar a bheidh, a ainmniú i scríbhinn chun feidhmeanna an chomhalta ex officio sin a chomhlíonadh le linn cibé tréimhse nó ar cibé ócáid nó ócáidí a bheidh sonraithe san ainmniúchán. | |||||||||||||||||||
(4) Beidh gach duine díobh seo a leanas ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord (dá ngairtear “comhalta tofa den Bhord” san Acht seo): | |||||||||||||||||||
(a) breitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin; | |||||||||||||||||||
(b) breitheamh den Chúirt Achomhairc a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin; | |||||||||||||||||||
(c) breitheamh den Ard-Chúirt a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin; | |||||||||||||||||||
(d) breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna agus sainbhreithiúna na Cúirte sin; | |||||||||||||||||||
(e) breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh tofa ag breithiúna na Cúirte sin seachas Uachtarán na Cúirte sin. | |||||||||||||||||||
(5)Déanfaidh an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na Cúirte Achomhairc, Uachtarán na hArd-Chúirte, Uachtarán na Cúirte Cuarda, Uachtarán na Cúirte Dúiche agus na breithiúna a bheidh tofa faoi fho-alt (4), de réir fho-alt (6), breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Chúirt Achomhairc, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche a chomhthoghadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord, agus beidh breitheamh a chomhthoghfar amhlaidh ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord (dá ngairtear “comhalta comhthofa den Bhord” san Acht seo). | |||||||||||||||||||
(6)(a) Maidir le breitheamh atá le bheith ina chomhalta nó ina comhalta comhthofa den Bhord faoi fho-alt (5), comhthoghfar é nó í as measc na mbreithiúna de gach ceann de na cúirteanna (seachas Príomh-Bhreitheamh nó Uachtarán cúirte) ar bhonn uainíocht dar tosach an Chúirt Uachtarach agus ina diaidh sin, ar a seal, an Chúirt Achomhairc, an Ard-Chúirt, an Chúirt Chuarda agus an Chúirt Dúiche. | |||||||||||||||||||
(b) Maidir leis an seicheamh d’uainíocht na gcúirteanna chun comhalta comhthofa den Bhord a chomhthoghadh, dá bhforáiltear i mír (a), déanfar é an athuair ó am go ham de réir mar is gá sa chás. | |||||||||||||||||||
Téarma comhaltais den Bhord |
13.(1) Maidir le hainmniúchán faoi alt 12(3)— | ||||||||||||||||||
(a) scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis— | |||||||||||||||||||
(i) ar dhul in éag don tréimhse nó le himeacht na hócáide nó na n-ócáidí, de réir mar a bheidh, a shonrófar san ainmniúchán, nó | |||||||||||||||||||
(ii) ar an gcomhalta ex officio den Bhord a rinne an t-ainmniúchán do chealú an ainmniúcháin, | |||||||||||||||||||
(b) i gcás go scoirfidh an comhalta ex officio den Bhord a rinne an t-ainmniúchán de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a tháinig sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta ex officio den sórt sin, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar an gcomhalta ex officio sin do scor de bheith i seilbh na hoifige sin, | |||||||||||||||||||
(c) i gcás go scoirfidh an breitheamh arb ina leith a rinneadh an t-ainmniúchán de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a ainmníodh é nó í amhlaidh, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar é nó í do scor de bheith i seilbh na hoifige sin, nó | |||||||||||||||||||
(d) i gcás go léireoidh an breitheamh arb ina leith a rinneadh an t-ainmniúchán, le fógra i scríbhinn arna thabhairt don chomhalta ex officio den Bhord nó arna chur chuige nó chuici, nach mian leis nó léi leanúint de bheith ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna lena mbaineann, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar an gcomhalta ex officio sin d’fháil an fhógra sin. | |||||||||||||||||||
(2) Faoi réir fho-alt (7) agus alt 14(3), fónfaidh comhalta tofa den Bhord mar chomhalta den Bhord ar feadh téarma 4 bliana ó dháta a thofa nó a tofa. | |||||||||||||||||||
(3) Faoi réir fho-alt (7) agus alt 14(4), fónfaidh comhalta comhthofa den Bhord mar chomhalta den Bhord ar feadh téarma a thosóidh tráth a chomhthofa nó a comhthofa agus a rachaidh in éag an lá céanna a rachaidh téarma comhaltais chomhaltaí tofa an Bhoird in éag. | |||||||||||||||||||
(4) Faoi réir fho-alt (5), beidh comhalta tofa den Bhord a rachaidh a théarma nó a téarma comhaltais in éag le himeacht aimsire in-atofa chun an Bhoird le haghaidh téarma 4 bliana eile. | |||||||||||||||||||
(5) Ní bheidh comhalta tofa den Bhord a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma comhaltais incháilithe chun fónamh le haghaidh téarma eile mar chomhalta tofa den Bhord seachas de réir fho-alt (6). | |||||||||||||||||||
(6) Maidir le comhalta tofa den Bhord a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma comhaltais, beidh sé nó sí in-atofa chun an Bhoird tar éis tréimhse 4 bliana a bheith caite díreach tar éis dul in éag don téarma comhaltais is déanaí aige nó aici den Bhord. | |||||||||||||||||||
(7) Féadfaidh comhalta tofa den Bhord nó comhalta comhthofa den Bhord éirí as a chomhaltas nó a comhaltas le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Bhoird nó arna chur chuige nó chuici nó, más cuí, arna thabhairt don bhreitheamh, nó arna chur chuig an mbreitheamh, a bheidh ainmnithe aige nó aici faoi alt 12(3) agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an lá ar a bhfaighidh an cathaoirleach nó an duine a bheidh ainmnithe ina ionad nó ina hionad, de réir mar is cuí, an fógra. | |||||||||||||||||||
(8) I gcás go scoirfidh comhalta tofa den Bhord nó comhalta comhthofa den Bhord de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a bhí sé nó sí incháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord. | |||||||||||||||||||
(9) Féadfaidh an Bord gníomhú d’ainneoin folúntas nó folúntais ina chomhaltas. | |||||||||||||||||||
Corrfholúntais i gcomhaltas den Bhord |
14.(1) Más rud é, maidir le comhalta tofa den Bhord, go bhfaighidh sé nó sí bás, go scoirfidh sé nó sí d’oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig bhreithiúnach, go n-éireoidh sé nó sí as comhaltas den Bhord de réir fho-alt (7) d’alt 13 nó go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord de réir fho-alt (8) den alt sin, is breitheamh arna thoghadh nó arna toghadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord ar an modh céanna ar ar toghadh an comhalta den Bhord ba chúis leis an bhfolúntas a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh. | ||||||||||||||||||
(2) Más rud é, maidir le comhalta comhthofa den Bhord, go bhfaighidh sé nó sí bás, go scoirfidh sé nó sí d’oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig bhreithiúnach, go n-éireoidh sé nó sí as comhaltas den Bhord de réir fho-alt (7) d’alt 13 nó go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord de réir fho-alt (8) den alt sin, is breitheamh arna chomhthoghadh nó arna comhthoghadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord ar an modh céanna ar ar comhthoghadh an comhalta den Bhord ba chúis leis an bhfolúntas, agus ar breitheamh é nó í den chúirt ar bhreitheamh di an comhalta den Bhord ba chúis leis an bhfolúntas, a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh. | |||||||||||||||||||
(3) Maidir le téarma oifige comhalta tofa den Bhord arna thoghadh nó arna toghadh de réir fho-alt (1), is le haghaidh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta den Bhord ar toghadh é nó í ina ionad nó ina hionad a bheidh sé. | |||||||||||||||||||
(4) Maidir le téarma oifige comhalta comhthofa den Bhord arna chomhthoghadh nó arna comhthoghadh de réir fho-alt (2), is le haghaidh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta den Bhord ar comhthoghadh é nó í ina ionad nó ina hionad a bheidh sé. | |||||||||||||||||||
(5) Maidir le téarma comhaltais den Bhord, dá fhad é, as a dtiocfaidh toghchán de réir fho-alt (1), measfar gur téarma comhaltais é chun críocha fho-ailt (5) agus (6) d’alt 13. | |||||||||||||||||||
Cruinnithe agus nósanna imeachta an Bhoird |
15.(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe a bheidh riachtanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh ach tionólfaidh sé 4 chruinniú ar a laghad gach bliain agus ní faide ná 4 mhí an t-eatramh idir chruinnithe. | ||||||||||||||||||
(2) Déanfar an chéad chruinniú de chomhaltaí an Bhoird a thionól laistigh d’aon mhí amháin ón gcéad chruinniú den Chomhairle. | |||||||||||||||||||
(3) Ag cruinniú den Bhord— | |||||||||||||||||||
(a) is é nó is í cathaoirleach an Bhoird nó, más cuí, an breitheamh arna ainmniú nó arna hainmniú aige nó aici faoi alt 12(3), más rud é go bhfuil sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó | |||||||||||||||||||
(b) mura bhfuil agus fad nach bhfuil cathaoirleach an Bhoird i láthair nó, más cuí, mura bhfuil agus fad nach bhfuil an breitheamh arna ainmniú nó arna hainmniú aige nó aici faoi alt 12(3) i láthair, is é nó is í an chéad bhreitheamh eile is sinsearaí atá i láthair a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú. | |||||||||||||||||||
(4) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Bhord atá i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe. | |||||||||||||||||||
(5)6 nó cibé líon comhaltaí is mó ná sin a chinnfidh an Bord is córam do chruinniú den Bhord. | |||||||||||||||||||
Coistí de chuid na Comhairle |
16.(1) Féadfaidh an Chomhairle, i dteannta na gcoistí arna mbunú faoi ailt 17, 18, 23, 30 agus 43, cibé coistí eile agus cibé líon coistí eile is cuí léi a bhunú chun cúnamh agus comhairle a thabhairt di i gcomhlíonadh a feidhmeanna. | ||||||||||||||||||
(2)(a) Beidh ag coiste arna bhunú ag an gComhairle faoin alt seo cibé feidhmeanna is cuí leis an gComhairle. | |||||||||||||||||||
(b) Féadfaidh an Chomhairle coiste arna bhunú aici faoin alt seo a dhíscaoileadh aon tráth. | |||||||||||||||||||
(3) Féadfaidh an Chomhairle comhaltaí coiste, seachas Coiste um Thacaíocht Bhreithiúnach, a cheapadh ar feadh cibé tréimhse, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha, is cuí leis an gComhairle. | |||||||||||||||||||
(4) Féadfaidh an Chomhairle daoine a cheapadh chun coiste, seachas Coiste um Thacaíocht Bhreithiúnach, ar daoine iad nach comhaltaí den Chomhairle ach a bhfuil, i dtuairim na Comhairle, eolas nó taithí speisialta acu ar nithe a bhaineann le feidhmeanna an choiste. | |||||||||||||||||||
(5) Féadfaidh coiste aon ní a tharchur chuig an gComhairle nó chuig an mBord lena bhreithniú ag an gComhairle nó ag an mBord, de réir mar a bheidh. | |||||||||||||||||||
(6) Beidh gníomhartha coiste faoi réir a ndaingnithe ag an gComhairle, mura scaoilfidh an Chomhairle, aon tráth, leis an ngá atá ann iad a dhaingniú amhlaidh. | |||||||||||||||||||
(7) Déanfaidh coiste, uair sa bhliain ar a laghad nó ar iarraidh ón gComhairle á iarraidh sin, tuarascáil i scríbhinn maidir le gníomhaíochtaí an choiste a thabhairt don Chomhairle agus don Bhord. | |||||||||||||||||||
(8) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an Chomhairle nósanna imeachta coiste a rialáil ach, faoi réir an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh coiste a nósanna imeachta féin a rialáil. | |||||||||||||||||||
(9) Féadfaidh coiste gníomhú d’ainneoin folúntas nó folúntais ina chomhaltas. | |||||||||||||||||||
(10) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir leis an gCoiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, leis an gCoiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna ná leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
An Coiste um Léann Breithiúnach |
17.(1) Déanfaidh an Chomhairle— | ||||||||||||||||||
(a) coiste a bhunú, ar a dtabharfar an Coiste um Léann Breithiúnach, agus | |||||||||||||||||||
(b) ag an gcéad chruinniú den Chomhairle, an dáta a shonrú ar a mbeidh an Coiste sin arna bhunú, is dáta nach déanaí ná 3 mhí tar éis an chéad chruinnithe sin. | |||||||||||||||||||
(2) Faoi réir cibé treoruithe (más ann) a thabharfaidh an Chomhairle dó, is é feidhm an Choiste um Léann Breithiúnach oideachas agus oiliúint leanúnach ar bhreithiúna maidir lena bhfeidhmeanna a éascú. | |||||||||||||||||||
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh an Coiste um Léann Breithiúnach— | |||||||||||||||||||
(a) ábhair iomchuí a ullmhú agus a dháileadh ar bhreithiúna, | |||||||||||||||||||
(b) ábhar is iomchuí maidir lena fheidhm a fhoilsiú, | |||||||||||||||||||
(c) oideachas agus oiliúint a sholáthar, nó cúnamh a thabhairt chun oideachas agus oiliúint a sholáthar, ar nithe is iomchuí maidir le breithiúna d’fheidhmiú a bhfeidhmeanna, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh— | |||||||||||||||||||
(i) déileáil le daoine arb ina leith a líomhnaítear go ndearnadh cion, | |||||||||||||||||||
(ii) trialacha ag giúiré a sheoladh in imeachtaí coiriúla, | |||||||||||||||||||
(iii) dlí an Aontais Eorpaigh agus an dlí idirnáisiúnta, | |||||||||||||||||||
(iv) dlí chearta an duine agus an dlí comhionannais, | |||||||||||||||||||
(v) teicneolaíocht faisnéise, agus | |||||||||||||||||||
(vi) damáistí i leith díobhálacha pearsanta a mheasúnú, agus | |||||||||||||||||||
(d) cumarsáid a bhunú, a chothabháil agus a fheabhsú— | |||||||||||||||||||
(i) le comhlachtaí atá ionadaitheach do bhreithiúna arna gceapadh chun cúirteanna in áiteanna seachas an Stát, agus | |||||||||||||||||||
(ii) le comhlachtaí idirnáisiúnta atá ionadaitheach do bhreithiúna. | |||||||||||||||||||
An Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta |
18.(1) Déanfaidh an Chomhairle— | ||||||||||||||||||
(a) coiste a bhunú, ar a dtabharfar an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, agus | |||||||||||||||||||
(b) ag an gcéad chruinniú den Chomhairle, an dáta a shonrú ar a mbeidh an Coiste sin arna bhunú, is dáta nach déanaí ná 3 mhí tar éis an chéad chruinnithe sin. | |||||||||||||||||||
(2) Is iad feidhmeanna an Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta na nithe seo a leanas a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird lena n-athbhreithniú— | |||||||||||||||||||
(a) dréacht-treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta de réir alt 90, agus | |||||||||||||||||||
(b) dréachtleasuithe ar na treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta de réir an ailt sin. | |||||||||||||||||||
(3) Féadfaidh an Chomhairle treoruithe a eisiúint chuig an gCoiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta i ndáil leis an gCoiste do chomhlíonadh na bhfeidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2). | |||||||||||||||||||
(4) Déanfaidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta an chéad dréacht de threoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta a chur faoi bhráid an Bhoird tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta ar a mbeidh an Coiste arna bhunú. | |||||||||||||||||||
(5) Féadfaidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, ó am go ham, athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta agus déanfaidh sé— | |||||||||||||||||||
(a) athbhreithniú ar na treoirlínte sin laistigh de 3 bliana ón tráth a ghlacfaidh an Chomhairle leis na chéad treoirlínte faoi alt 7 agus ar a laghad uair amháin dá éis sin i ngach tréimhse 3 bliana dar tosach an tráth a chuirfear an chéad athbhreithniú i gcrích, agus | |||||||||||||||||||
(b) toradh gach athbhreithnithe faoin bhfo-alt seo a chur faoi bhráid an Bhoird. | |||||||||||||||||||
(6) I gcás go mbeidh ar áireamh sa toradh ar athbhreithniú faoi fho-alt (5) moladh go ndéanfar leasuithe ar na treoirlínte, ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta dréacht de na leasuithe sin agus cuirfidh sé na dréachtleasuithe faoi bhráid an Bhoird lena n-athbhreithniú an tráth céanna a chuirfear toradh an athbhreithnithe faoina bhráid. | |||||||||||||||||||
(7) Féadfaidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, agus aon duine a bheidh údaraithe aige chun gníomhú thar a cheann, d’fhonn a fheidhmeanna faoi fho-alt (2) a chomhlíonadh— | |||||||||||||||||||
(a) a cheangal ar aon duine cibé taifid, doiciméid nó faisnéis a sholáthar dó a theastóidh uaidh le réasún chuige sin, | |||||||||||||||||||
(b) dul i gcomhairle le cibé daoine is cuí leis an gCoiste, lena n-áirítear an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, | |||||||||||||||||||
(c) taighde a dhéanamh ar dhamáistí i leith díobhálacha pearsanta lena n-áirítear— | |||||||||||||||||||
(i) leibhéal na ndamáistí arna ndámhachtain ag cúirteanna sa Stát agus ag cúirteanna in áiteanna lasmuigh den Stát, agus | |||||||||||||||||||
(ii) socraíochtaí i gcás éilimh ar dhamáistí i leith díobhálacha pearsanta, | |||||||||||||||||||
(d) comhdhálacha, seimineáir agus cruinnithe is iomchuí maidir leis na feidhmeanna sin a eagrú. | |||||||||||||||||||
(8) Gan dochar dá oibleagáidí nó dá hoibleagáidí faoin Rialachán maidir le Cosaint Sonraí agus faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018, déanfaidh duine ar a gcuirfear ceanglas faoi fho-alt (7)(a) an ceanglas sin a chomhlíonadh. | |||||||||||||||||||
(9) Maidir le duine a dhéanfaidh, gan cúis réasúnach, fo-alt (8) a shárú, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A a chur air nó uirthi. | |||||||||||||||||||
(10) Féadfaidh an chúirt ina mbeidh ciontú i gcion faoin alt seo taifeadta nó daingnithe a ordú go gcomhlíonfaidh an duine a ciontaíodh an ceanglas arna dhéanamh faoi fho-alt (7)(a), arb é an sárú air ba chionsiocair leis an gciontú lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(11) Ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta tuarascáil i scríbhinn ar ghníomhaíochtaí an Choiste le linn na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil bhliantúil, agus cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle í, lena cur i dtuarascáil bhliantúil na Comhairle faoi alt 37. | |||||||||||||||||||
Comhaltas den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta |
19.(1) Is iad a bheidh ar an gCoiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, 7 mbreitheamh arna n-ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh mar seo a leanas: | ||||||||||||||||||
(a) breitheamh den Chúirt Uachtarach; | |||||||||||||||||||
(b) breitheamh den Chúirt Achomhairc; | |||||||||||||||||||
(c) 2 bhreitheamh den Ard-Chúirt; | |||||||||||||||||||
(d) breitheamh den Chúirt Chuarda; | |||||||||||||||||||
(e) breitheamh den Chúirt Dúiche; agus | |||||||||||||||||||
(f) de rogha an Phríomh-Bhreithimh, breitheamh den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche. | |||||||||||||||||||
(2) Déanfaidh an Príomh-Bhreitheamh duine de na breithiúna arna ainmniú nó arna hainmniú faoi fho-alt (1) a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta chun gníomhú mar chathaoirleach ar an gCoiste. | |||||||||||||||||||
Téarma comhaltais den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta |
20.(1) Faoi réir fho-alt (5) agus alt 21(3), leanfaidh gach comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste ar feadh téarma 4 bliana ó dháta a ainmnithe nó a hainmnithe mura túisce a gheobhaidh sé nó sí bás nó a éireoidh sé nó sí as. | ||||||||||||||||||
(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta a rachaidh a théarma nó a téarma comhaltais in éag le himeacht aimsire in-athainmnithe chun an Choiste le haghaidh téarma 4 bliana eile. | |||||||||||||||||||
(3) Maidir le comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma mar chomhalta den Choiste sin, ní bheidh sé nó sí in-athainmnithe mar chomhalta den Choiste. | |||||||||||||||||||
(4) Féadfaidh comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta éirí as an gCoiste sin le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Choiste nó arna chur chuige nó chuici, agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh an cathaoirleach an fógra. | |||||||||||||||||||
(5) Más rud é, maidir le comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, go scoirfidh sé nó sí de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh, nó go scoirfidh sé nó sí de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí a bhí ina sheilbh nó ina seilbh nuair a ainmníodh é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta faoi alt 19, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste. | |||||||||||||||||||
(6) Faoi réir alt 22(4), féadfaidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta gníomhú d’ainneoin aon fholúntas ina chomhaltas. | |||||||||||||||||||
Corrfholúntais i gcomhaltas den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta |
21.(1) Más rud é, maidir le comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, go bhfaighidh sé nó sí bás, go scoirfidh sé nó sí d’oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig bhreithiúnach, go n-éireoidh sé nó sí as an gCoiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta de réir fho-alt (4) d’alt 20 nó go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste sin faoi fho-alt (5) den alt sin, is breitheamh arna ainmniú nó arna hainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh. | ||||||||||||||||||
(2) Maidir le téarma oifige comhalta den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta arna ainmniú nó arna hainmniú faoi fho-alt (1), is le haghaidh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta den Choiste ar ainmníodh é nó í ina ionad nó ina hionad a bheidh sé. | |||||||||||||||||||
(3) Maidir le téarma comhaltais den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, dá fhad é, as a dtiocfaidh ainmniúchán faoi fho-alt (1), measfar gur téarma comhaltais chun críocha alt 20(3) é. | |||||||||||||||||||
Cruinnithe agus nósanna imeachta an Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta |
22.(1) Tionólfaidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe a bheidh riachtanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. | ||||||||||||||||||
(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis an dáta ar a mbeidh an Coiste arna bhunú faoi alt 18(1)(b). | |||||||||||||||||||
(3) Ag cruinniú den Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta— | |||||||||||||||||||
(a) is é nó is í cathaoirleach an Choiste sin, más rud é go bhfuil sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó | |||||||||||||||||||
(b) mura bhfuil agus fad nach bhfuil cathaoirleach an Choiste sin i láthair, is é nó is í an chéad bhreitheamh eile is sinsearaí atá i láthair a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú. | |||||||||||||||||||
(4) 3 nó cibé líon eile, nach lú ná 3, a chinnfidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta, is córam do chruinniú den Choiste sin. | |||||||||||||||||||
(5) Faoi réir an Achta seo, déanfaidh an Coiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta a nósanna imeachta féin a rialáil. | |||||||||||||||||||
An Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna |
23.(1) Déanfaidh an Chomhairle— | ||||||||||||||||||
(a) coiste a bhunú ar a dtabharfar an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, agus | |||||||||||||||||||
(b) ag an gcéad chruinniú den Chomhairle, an dáta a shonrú ar a mbeidh an Coiste sin arna bhunú, is dáta nach déanaí ná 6 mhí tar éis an chéad chruinnithe sin. | |||||||||||||||||||
(2) Faoi réir an ailt seo agus cibé treoruithe (más ann) a thabharfaidh an Chomhairle dó, is iad feidhmeanna an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna— | |||||||||||||||||||
(a) dréacht-treoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird lena n-athbhreithniú, | |||||||||||||||||||
(b) dréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna a bheidh glactha ag an gComhairle a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird lena n-athbhreithniú, | |||||||||||||||||||
(c) faireachán a dhéanamh ar oibriú na dtreoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna, | |||||||||||||||||||
(d) faisnéis a chóimheas, ar cibé modh is cuí leis, maidir le pianbhreitheanna arna bhforchur ag na cúirteanna, agus | |||||||||||||||||||
(e) an fhaisnéis sin a scaipeadh, ó am go ham, ar bhreithiúna agus ar dhaoine seachas breithiúna. | |||||||||||||||||||
(3) Féadfaidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, agus aon duine a bheidh údaraithe aige chun gníomhú thar a cheann, d’fhonn a fheidhmeanna a chomhlíonadh, socruithe a dhéanamh leis an tSeirbhís Chúirteanna— | |||||||||||||||||||
(a) chun rochtain a fháil ar dhoiciméid chúirte a bhaineann le himeachtaí coiriúla, agus | |||||||||||||||||||
(b) chun cóipeanna de na doiciméid sin a thógáil agus a choinneáil. | |||||||||||||||||||
(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna— | |||||||||||||||||||
(a) dul i gcomhairle le cibé daoine is cuí leis an gCoiste chun go n-ullmhófar dréacht-treoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna, nó dréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna, lena nglacadh ag an gComhairle, | |||||||||||||||||||
(b) faisnéis a chóimheas ar bhreitheanna ó na cúirteanna a bhaineann le pianbhreitheanna, | |||||||||||||||||||
(c) taighde a dhéanamh ar phianbhreitheanna arna bhforchur ag na cúirteanna, | |||||||||||||||||||
(d) breitheanna ó na cúirteanna a bhaineann le pianbhreitheanna a scaipeadh, | |||||||||||||||||||
(e) faisnéis ar bhreitheanna den sórt sin agus ábhair eile is iomchuí maidir lena fheidhmeanna a ullmhú agus a scaipeadh, agus | |||||||||||||||||||
(f) comhdhálacha, seimineáir agus cruinnithe is iomchuí maidir lena fheidhmeanna a eagrú. | |||||||||||||||||||
(5) Aon fhaisnéis a scaipfear faoi fho-alt (4), ní nochtfar inti ainmneacha na bpáirtithe sna himeachtaí lena mbaineann is ábhar do bhreitheanna na gcúirteanna lena mbaineann ná céannacht aon duine a bheidh ainmnithe i ndoiciméad, nó is féidir a chéannú as doiciméad, dá dtagraítear i bhfo-alt (3) agus a úsáidtear chun críocha fho-alt (4) ach amháin más rud é— | |||||||||||||||||||
(a) go gceanglóidh breitheamh iad a nochtadh amhlaidh chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú in imeachtaí atá os a chomhair nó os a comhair, nó | |||||||||||||||||||
(b) go gceanglófar iad a nochtadh amhlaidh de bhun ordú ó chúirt faoi fho-alt (6). | |||||||||||||||||||
(6) Féadfaidh cúirt, ar iarratas chuige sin, in aon imeachtaí coiriúla, má bhreithníonn sí gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe leis an gceartas, a ordú nach mbeidh feidhm ag an gceanglas i bhfo-alt (5) gan ainmneacha na bpáirtithe sna himeachtaí a nochtadh i ndáil le breitheanna sonraithe ó na cúirteanna chun críoch aighneachtaí chuig an gcúirt i ndáil leis an bpianbhreith a bheidh le forchur sna himeachtaí sin agus i ndáil leis an gcúirt do chinneadh na pianbhreithe sin. | |||||||||||||||||||
(7) Beidh ordú ó chúirt faoi fho-alt (6) teoranta, san éifeacht a bheidh leis, d’aon abhcóide nó aturnae a bheidh ionadaitheach do pháirtí sna himeachtaí lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(8) Ullmhóidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna tuarascáil i scríbhinn ar ghníomhaíochtaí an Choiste le linn na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil bhliantúil, agus cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle í, lena cur i dtuarascáil bhliantúil na Comhairle faoi alt 37. | |||||||||||||||||||
(9) San alt seo, folóidh tagairtí d’fhaisnéis tagairtí d’fhaisnéis i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirmeacha eile. | |||||||||||||||||||
Comhaltas den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna |
24.(1) Is iad a bheidh ar an gCoiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna na 13 chomhalta seo a leanas: | ||||||||||||||||||
(a) 8 mbreitheamh arna n-ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh, lena n-áirítear— | |||||||||||||||||||
(i) breitheamh den Chúirt Uachtarach, | |||||||||||||||||||
(ii) breitheamh den Chúirt Achomhairc, | |||||||||||||||||||
(iii) breitheamh den Ard-Chúirt, | |||||||||||||||||||
(iv) breitheamh den Chúirt Chuarda, agus | |||||||||||||||||||
(v) breitheamh den Chúirt Dúiche; | |||||||||||||||||||
(b) na comhaltaí tuata arna gceapadh faoi fho-alt (3). | |||||||||||||||||||
(2) Déanfaidh an Príomh-Bhreitheamh duine de na breithiúna arna ainmniú nó arna hainmniú faoi fho-alt (1)(a) a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna chun gníomhú mar chathaoirleach ar an gCoiste. | |||||||||||||||||||
(3) Ceapfaidh an Rialtas 5 dhuine chun bheith ina gcomhaltaí den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna (dá ngairtear, san Acht seo, “comhaltaí tuata” den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna) as measc cibé daoine a mholfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí de réir alt 25 lena gceapadh mar chomhaltaí tuata den sórt sin. | |||||||||||||||||||
(4) Beidh feidhm ag fo-alt (6) d’alt 44, ach sin sa mhéid amháin go mbaineann sé le míreanna (a) go (e) den fho-alt sin, maidir le hincháilitheacht duine lena cheapadh nó lena ceapadh chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna mar a bhaineann an fo-alt sin le hincháilitheacht duine lena cheapadh nó lena ceapadh chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach fairis an modhnú go ndéanfar an tagairt do chomhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a fhorléiriú mar thagairt do chomhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna. | |||||||||||||||||||
(5) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d’alt 44, ach sin sa mhéid amháin go mbaineann sé le míreanna (a) go (f) den fho-alt sin, maidir le comhaltas comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a scor mar a bhaineann an fo-alt sin le comhaltas comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a scor fairis an modhnú go ndéanfar an tagairt do chomhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a fhorléiriú mar thagairt do chomhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna. | |||||||||||||||||||
(6) Maidir leis na comhaltaí tuata a cheapfar chun an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, mná a bheidh i 40 faoin gcéad ar a laghad díobh. | |||||||||||||||||||
Moltaí maidir le comhaltaí tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a cheapadh |
25.(1) Iarrfaidh an Rialtas ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí próiseas roghnóireachta a ghabháil de láimh chun daoine a shainaithint agus a mholadh don Rialtas, is daoine ar deimhin léi a bheith oiriúnach lena gceapadh chun bheith ina gcomhaltaí tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna agus, dá réir sin, comhlíonfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an iarraidh sin agus déanfaidh sí, tar éis próiseas roghnóireachta den sórt sin a sheoladh, moladh a chur faoi bhráid an Rialtais i leith daoine a bhí páirteach sa phróiseas sin agus ar deimhin léi amhlaidh i ndáil leo. | ||||||||||||||||||
(2) Faoi réir fho-alt (3) agus alt 24(4), déanfaidh an tAire na critéir agus na nósanna imeachta roghnóireachta a mbeidh feidhm acu maidir le próiseas roghnóireachta faoin alt seo a chomhaontú leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. | |||||||||||||||||||
(3) D’fhonn moladh a dhéanamh faoin alt seo, beidh aird ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar a inmhianaithe atá sé go mbeidh eolas agus taithí ag comhaltaí tuata an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, eatarthu, ar an oiread is féidir de na nithe seo a leanas: | |||||||||||||||||||
(a) imeachtaí coiriúla a ionchúiseamh; | |||||||||||||||||||
(b) imeachtaí coiriúla a chosaint; | |||||||||||||||||||
(c) an phóilíneacht; | |||||||||||||||||||
(d) riaradh an cheartais; | |||||||||||||||||||
(e) an beartas maidir le gearradh pianbhreitheanna; | |||||||||||||||||||
(f) leas íospartaigh na coireachta a chur chun cinn; | |||||||||||||||||||
(g) staidéar nó taighde acadúil a bhaineann leis an dlí coiriúil nó leis an gcoireolaíocht; | |||||||||||||||||||
(h) staidreamh a úsáid; | |||||||||||||||||||
(i) ciontóirí a athshlánú. | |||||||||||||||||||
(4) Faoi réir fho-alt (3), ní dhéanfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí moladh faoin alt seo i leith duine mura deimhin léi go bhfuil ag an duine cibé taithí, cáilíochtaí, oiliúint nó saineolas iomchuí is cuí, ag féachaint d’fheidhmeanna an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, a d’fhágfadh go mbeadh sé nó sí oiriúnach chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna. | |||||||||||||||||||
(5) Soláthróidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí sonraí don Rialtas maidir leis an taithí, na cáilíochtaí, an oiliúint agus an saineolas atá ag gach duine a mbeidh moladh déanta aici ina leith faoin alt seo. | |||||||||||||||||||
(6) Beidh feidhm ag an alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le líonadh aon fholúntais a tharlóidh i gcomhaltas tuata an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna. | |||||||||||||||||||
Téarma comhaltais den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna |
26.(1) Faoi réir alt 27(3), leanfaidh gach comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste ar feadh téarma 4 bliana ó dháta a ainmnithe nó a hainmnithe nó ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, de réir mar a bheidh, mura túisce a gheobhaidh sé nó sí bás, a éireoidh sé nó sí as, a thiocfaidh sé nó sí chun bheith neamh-incháilithe le haghaidh comhaltais, nó, i gcás comhalta tuata, a chuirfear as comhaltas den Choiste é nó í. | ||||||||||||||||||
(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a rachaidh a théarma nó a téarma comhaltais in éag le himeacht aimsire in-athainmnithe nó in-athcheaptha mar chomhalta den Choiste le haghaidh téarma 4 bliana eile. | |||||||||||||||||||
(3) Maidir le comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma mar chomhalta den Choiste sin, ní bheidh sé nó sí in-athainmnithe nó in-athcheaptha, de réir mar a bheidh, mar chomhalta den Choiste. | |||||||||||||||||||
(4) Féadfaidh comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, ar breitheamh é nó í, éirí as an gCoiste sin le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Choiste nó arna chur chuige nó chuici agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh an cathaoirleach an fógra. | |||||||||||||||||||
(5) Féadfaidh comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna éirí as an gCoiste sin le fógra i scríbhinn arna thabhairt don Aire nó arna chur chuige nó chuici agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh an tAire an fógra. | |||||||||||||||||||
(6) Déanfaidh an comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna lena mbaineann cóip den fhógra a thabhairt do chathaoirleach an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna nó a chur chuige nó chuici faoi fho-alt (5) nuair a dhéanfaidh sé nó sí an fógra a thabhairt don Aire nó a chur chuig an Aire nó a luaithe is indéanta dá éis sin. | |||||||||||||||||||
(7) Más rud é, maidir le comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna ar breitheamh é nó í, go scoirfidh sé nó sí de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste. | |||||||||||||||||||
(8) Féadfaidh an Rialtas, aon tráth, comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a bhaint den Choiste más deimhin leis an Rialtas, maidir leis an gcomhalta tuata— | |||||||||||||||||||
(a) go bhfuil sé nó sí tagtha chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar fheidhmeanna na hoifige a chomhlíonadh go héifeachtach, | |||||||||||||||||||
(b) gur mhí-iompair sé é féin nó sí í féin mar a bheidh sonraithe, | |||||||||||||||||||
(c) go bhfuil easaontacht leasa aige nó aici atá chomh suntasach sin gur cóir go scoirfeadh sé nó sí d’oifig a shealbhú, nó | |||||||||||||||||||
(d) go bhfuil sé nó sí, ar shlí eile, neamhfheidhmiúil chun oifig a shealbhú nó neamhábalta feidhmeanna na hoifige a chomhall. | |||||||||||||||||||
(9) Féadfaidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna gníomhú d’ainneoin aon fholúntas ina chomhaltas ar choinníoll go mbeidh líon nach lú ná— | |||||||||||||||||||
(a) 4 chomhalta den Choiste ar breithiúna iad, agus | |||||||||||||||||||
(b) 3 chomhalta tuata ar an gCoiste. | |||||||||||||||||||
Corrfholúntais i gcomhaltas den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna |
27.(1) Más rud é, maidir le comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna ar breitheamh é nó í, go bhfaighidh sé nó sí bás, go scoirfidh sé nó sí d’oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as an gCoiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna de réir fho-alt (4) d’alt 26 nó go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste sin faoi fho-alt (7) den alt sin, is breitheamh arna ainmniú nó arna hainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh. | ||||||||||||||||||
(2) Más rud é, maidir le comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, go bhfaighidh sé nó sí bás, go n-éireoidh sé nó sí as an gCoiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna de réir alt 26(5), go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste faoi alt 24(5) nó go mbainfear é nó í den Choiste sin faoi alt 26(8), is duine arna cheapadh nó arna ceapadh chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta den Choiste ba chúis leis an bhfolúntas a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh. | |||||||||||||||||||
(3) Maidir le téarma oifige comhalta den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna arna ainmniú nó arna hainmniú de réir fho-alt (1), nó arna cheapadh nó arna ceapadh de réir fho-alt (2), is le haghaidh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta den Choiste ar ainmníodh é nó í ina ionad nó ina hionad a bheidh sé. | |||||||||||||||||||
(4) Maidir le téarma comhaltais den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, dá fhad é, as a dtiocfaidh ainmniúchán de réir fho-alt (1), nó ceapachán de réir fho-alt (2), measfar gur téarma comhaltais chun críocha alt 26(3) é. | |||||||||||||||||||
Cruinnithe agus nósanna imeachta an Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna |
28.(1) Tionólfaidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe a bheidh riachtanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. | ||||||||||||||||||
(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis an dáta ar a mbeidh an Coiste arna bhunú faoi alt 23(1)(b). | |||||||||||||||||||
(3) Ag cruinniú den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna— | |||||||||||||||||||
(a) is é nó is í cathaoirleach an Choiste sin, más rud é go bhfuil sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó | |||||||||||||||||||
(b) mura bhfuil agus fad nach bhfuil cathaoirleach an Choiste sin i láthair, is é nó is í an chéad bhreitheamh eile is sinsearaí atá i láthair a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú. | |||||||||||||||||||
(4) 5 is córam do chruinniú den Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna, agus maidir leis na daoine sin— | |||||||||||||||||||
(a) beidh 3 díobh ar a laghad ina gcomhaltaí den Choiste ar breithiúna iad, agus | |||||||||||||||||||
(b) beidh 2 díobh ar a laghad ina gcomhaltaí tuata den Choiste. | |||||||||||||||||||
(5) Faoi réir an Achta seo, déanfaidh an Coiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna a nósanna imeachta féin a rialáil. | |||||||||||||||||||
Athbhreithniú ar an mbeartas maidir le gearradh pianbhreitheanna |
29. Déanfaidh an tAire— | ||||||||||||||||||
(a) tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis don alt seo teacht i ngníomh, tús a chur le hathbhreithniú ar achtacháin lena ndéantar foráil maidir le pianbhreitheanna íosta a fhorchur i leith cionta agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh an tAire, mar chuid den athbhreithniú, breithniú a dhéanamh i dtaobh— | |||||||||||||||||||
(i) an cuí leanúint de na pianbhreitheanna íosta sin a fhorchur trí oibriú na bhforálacha sin i leith na gcionta uile lena mbaineann na forálacha sin, agus | |||||||||||||||||||
(ii) a mhéid a dhéantar, i gcleachtas, na pianbhreitheanna íosta sin a fhorchur de réir na bhforálacha sin, | |||||||||||||||||||
agus | |||||||||||||||||||
(b) tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis tús a chur leis an athbhreithniú sin, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas maidir le haon fhionnachtana ón athbhreithniú sin. | |||||||||||||||||||
Coistí um Thacaíocht Bhreithiúnach |
30.(1) Bunóidh an Chomhairle na coistí seo a leanas (dá ngairtear na “Coistí um Thacaíocht Bhreithiúnach” san Acht seo): | ||||||||||||||||||
(a) coiste ar a dtabharfar Coiste na Cúirte Uachtaraí um Thacaíocht Bhreithiúnach agus ar a mbeidh na comhaltaí seo a leanas: | |||||||||||||||||||
(i) an Príomh-Bhreitheamh a bheidh, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste nó an duine a ainmneofar ina ionad nó ina hionad faoi fho-alt (4); | |||||||||||||||||||
(ii) gnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin; | |||||||||||||||||||
(b) coiste ar a dtabharfar Coiste na Cúirte Achomhairc um Thacaíocht Bhreithiúnach agus ar a mbeidh na comhaltaí seo a leanas: | |||||||||||||||||||
(i) Uachtarán na Cúirte Achomhairc a bheidh, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste nó an duine a ainmneofar ina ionad nó ina hionad faoi fho-alt (4); | |||||||||||||||||||
(ii) gnáthbhreitheamh den Chúirt Achomhairc a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin; | |||||||||||||||||||
(c) coiste ar a dtabharfar Coiste na hArd-Chúirte um Thacaíocht Bhreithiúnach agus ar a mbeidh na comhaltaí seo a leanas: | |||||||||||||||||||
(i) Uachtarán na hArd-Chúirte a bheidh, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste nó an duine a ainmneofar ina ionad nó ina hionad faoi fho-alt (4); | |||||||||||||||||||
(ii) beirt ghnáthbhreithiúna den Ard-Chúirt a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin; | |||||||||||||||||||
(d) coiste ar a dtabharfar Coiste na Cúirte Cuarda um Thacaíocht Bhreithiúnach agus ar a mbeidh na comhaltaí seo a leanas: | |||||||||||||||||||
(i) Uachtarán na Cúirte Cuarda a bheidh, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste nó an duine a ainmneofar ina ionad nó ina hionad faoi fho-alt (4); | |||||||||||||||||||
(ii) beirt bhreithiúna eile den Chúirt Chuarda a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna agus sainbhreithiúna na Cúirte sin; | |||||||||||||||||||
(e) coiste ar a dtabharfar Coiste na Cúirte Dúiche um Thacaíocht Bhreithiúnach agus ar a mbeidh na comhaltaí seo a leanas: | |||||||||||||||||||
(i) Uachtarán na Cúirte Dúiche a bheidh, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste nó an duine a ainmneofar ina ionad nó ina hionad faoi fho-alt (4); | |||||||||||||||||||
(ii) beirt bhreithiúna eile den Chúirt Dúiche a bheidh tofa ag breithiúna na Cúirte sin seachas Uachtarán na Cúirte sin. | |||||||||||||||||||
(2) Déanfaidh an Chomhairle, ag an gcéad chruinniú den Chomhairle, an dáta a shonrú ar a mbeidh na Coistí um Thacaíocht Bhreithiúnach arna mbunú, is dáta nach déanaí ná 6 mhí tar éis an chéad chruinnithe sin. | |||||||||||||||||||
(3) Is é feidhm Coiste um Thacaíocht Bhreithiúnach comhairle agus cúnamh a thabhairt don Chomhairle i gcomhlíonadh a feidhmeanna faoin Acht seo sa mhéid go mbaineann siad le nithe is iomchuí maidir leis an gCúirt a bhfuil baint ag an gCoiste léi. | |||||||||||||||||||
(4) Féadfaidh an comhalta ex officio de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach, ó am go ham, breitheamh eile den chúirt a bhfuil sé nó sí ina Phríomh-Bhreitheamh nó ina Príomh-Bhreitheamh di nó ina Uachtarán nó ina hUachtarán uirthi, de réir mar a bheidh, a ainmniú i scríbhinn chun feidhmeanna an chomhalta ex officio sin den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann a chomhlíonadh le linn cibé tréimhse nó ar cibé ócáid nó ócáidí a bheidh sonraithe san ainmniúchán. | |||||||||||||||||||
(5) Maidir le hainmniúchán faoi fho-alt (4)— | |||||||||||||||||||
(a) scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis— | |||||||||||||||||||
(i) ar dhul in éag don tréimhse nó le himeacht na hócáide nó na n-ócáidí, de réir mar a bheidh, a shonrófar san ainmniúchán, nó | |||||||||||||||||||
(ii) ar an gcomhalta ex officio den Chomhairle um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann a rinne an t-ainmniúchán do chealú an ainmniúcháin, | |||||||||||||||||||
(b) i gcás go scoirfidh an comhalta ex officio den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann a rinne an t-ainmniúchán de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a tháinig sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta ex officio den sórt sin, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar an gcomhalta ex officio sin do scor de bheith i seilbh na hoifige sin, | |||||||||||||||||||
(c) i gcás go scoirfidh an breitheamh arb ina leith a rinneadh an t-ainmniúchán de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a ainmníodh é nó í amhlaidh, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar é nó í do scor de bheith i seilbh na hoifige sin, nó | |||||||||||||||||||
(d) i gcás go léireoidh an breitheamh arb ina leith a rinneadh an t-ainmniúchán, le fógra i scríbhinn arna thabhairt don chomhalta ex officio den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann nó arna chur chuige nó chuici, nach mian leis nó léi leanúint de bheith ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna lena mbaineann, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar an gcomhalta ex officio sin d’fháil an fhógra sin. | |||||||||||||||||||
(6) Maidir le comhalta de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach, a thoghfar mar chomhalta den sórt sin faoi mhír (a)(ii), (b)(ii), (c)(ii), (d)(ii) nó (e)(ii), de réir mar is cuí, d’fho-alt (1) (dá ngairtear “comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach” san alt seo), fónfaidh sé nó sí mar chomhalta den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann ar feadh téarma 4 bliana ó dháta a thofa nó a tofa. | |||||||||||||||||||
(7) Faoi réir fho-alt (8), maidir le comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach a rachaidh a théarma nó a téarma comhaltais in éag le himeacht aimsire, beidh sé nó sí incháilithe le haghaidh comhaltas den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann le haghaidh téarma 4 bliana eile. | |||||||||||||||||||
(8) Maidir le comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma mar chomhalta den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann, ní bheidh sé nó sí incháilithe le haghaidh comhaltas den Choiste sin seachas de réir fho-alt (9). | |||||||||||||||||||
(9) Maidir le comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma mar chomhalta den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann, beidh sé nó sí incháilithe le haghaidh comhaltas den Choiste sin tar éis tréimhse 4 bliana a bheith caite díreach tar éis dul in éag don téarma comhaltais is déanaí aige nó aici den Choiste sin. | |||||||||||||||||||
(10) Féadfaidh comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach éirí as comhaltas den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann le fógra i scríbhinn arna thabhairt don chomhalta ex officio nó arna chur chuig an gcomhalta ex officio den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach sin nó arna thabhairt don duine nó arna chur chuig an duine, a ainmneofar ina ionad nó ina hionad faoi fho-alt (4), de réir mar a bheidh, agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh an comhalta ex officio nó an duine a ainmneofar ina ionad nó ina hionad, de réir mar is cuí, an fógra. | |||||||||||||||||||
(11) I gcás go scoirfidh comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí a bhí ina sheilbh nó ina seilbh nuair a tháinig sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste sin. | |||||||||||||||||||
(12) Más rud é, maidir le comhalta tofa de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach, go bhfaighidh sé nó sí bás, go scoirfidh sé nó sí d’oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig bhreithiúnach, go n-éireoidh sé nó sí as comhaltas de réir fho-alt (10) nó go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta faoi fho-alt (11), is breitheamh arna thoghadh nó arna toghadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach sin, ar an modh céanna ar ar toghadh an comhalta den Choiste sin ba chúis leis an bhfolúntas, a líonfaidh an folúntas ar an gCoiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann a tharlóidh amhlaidh. | |||||||||||||||||||
(13) Maidir le comhalta de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach arna thoghadh nó arna toghadh de réir fho-alt (12), fónfaidh sé nó sí mar chomhalta den Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach lena mbaineann ar feadh a mbeidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta ar toghadh ina ionad nó ina hionad é nó í. | |||||||||||||||||||
(14) Maidir le téarma comhaltais de Choiste um Thacaíocht Bhreithiúnach, dá fhad é, as a dtiocfaidh toghchán de réir fho-alt (12), áireofar é mar théarma comhaltais chun críocha fho-ailt (8) agus (9). | |||||||||||||||||||
Luach saothair agus caiteachais comhaltaí den Bhord agus de choistí |
31.(1) Maidir le gach comhalta— | ||||||||||||||||||
(a) den Bhord, nó | |||||||||||||||||||
(b) de choiste seachas an Coiste um Iompar Breithiúnach, | |||||||||||||||||||
ar breitheamh é nó í, íocfar leis nó léi cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. | |||||||||||||||||||
(2) Íocfar le gach comhalta, seachas comhalta ar breitheamh é nó í, de choiste seachas an Coiste um Iompar Breithiúnach cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. | |||||||||||||||||||
Foireann, Maoiniú agus Cuntasacht na Comhairle | |||||||||||||||||||
An Rúnaí don Chomhairle |
32.(1) Ceapfaidh an Bord duine chun bheith ina Rúnaí don Chomhairle (dá ngairtear an “Rúnaí” san Acht seo). | ||||||||||||||||||
(2) Féadfaidh an Bord, ar chúiseanna sonraithe, an Rúnaí a chur as oifig nó a fhionraí ó oifig. | |||||||||||||||||||
(3) Sealbhóidh an Rúnaí oifig faoi chonradh scríofa seirbhíse (is conradh a fhéadfar a athnuachan de rogha an Bhoird) ar feadh cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa chonradh, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, liúntais i leith caiteachas agus aoisliúntas) a bheidh sonraithe amhlaidh, is téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord le ceadú an Aire agus le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. | |||||||||||||||||||
(4) Ní bheidh an Rúnaí ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle, den Bhord ná de choiste ach féadfaidh sé nó sí, de réir nósanna imeachta a shonróidh an Chomhairle, an Bord nó coiste seachas an Coiste um Iompar Breithiúnach, freastal ar chruinnithe den Chomhairle, den Bhord nó den choiste lena mbaineann, de réir mar a bheidh, agus beidh sé nó sí i dteideal labhairt, agus comhairle a thabhairt, ag cruinnithe den sórt sin. | |||||||||||||||||||
(5) Ní bheidh feidhm ag an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004 maidir le duine a cheapadh mar an Rúnaí. | |||||||||||||||||||
Rúnaí Eatramhach don Chomhairle |
33.(1) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh comhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna a cheapadh chun gníomhú mar Rúnaí eatramhach don Chomhairle (dá ngairtear an “Rúnaí eatramhach” san alt seo) go dtí go gceapfaidh an Bord an Rúnaí faoi alt 32(1) agus go dtí go ndéanfar an ceapachán sin— | ||||||||||||||||||
(a) comhlíonfaidh an Rúnaí eatramhach na feidhmeanna go léir arna sannadh don Rúnaí leis an Acht seo, nó faoi, agus | |||||||||||||||||||
(b) folóidh tagairt san Acht seo don Rúnaí tagairt don Rúnaí eatramhach. | |||||||||||||||||||
(2) Nuair a cheapfar Rúnaí faoi alt 32(1), scoirfidh an Rúnaí eatramhach d’oifig a shealbhú. | |||||||||||||||||||
Feidhmeanna an Rúnaí don Chomhairle |
34.(1) Déanfaidh an Rúnaí, i dteannta na bhfeidhmeanna arna sannadh dó nó di le haon fhoráil eile nó faoi aon fhoráil eile den Acht seo, foireann na Comhairle agus riarachán na Comhairle (agus a cuid coistí) a bhainistiú agus a rialú agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile (más ann) a chinnfidh an Bord. | ||||||||||||||||||
(2) Comhlíonfaidh an Rúnaí na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (seachas feidhmeanna an Chláraitheora don Choiste um Iompar Breithiúnach) de réir cibé treoruithe a thabharfaidh an Bord dó nó di ó am go ham agus beidh sé nó sí cuntasach don Bhord as comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin agus as bainistiú éifeachtach éifeachtúil a dhéanamh ar an gComhairle. | |||||||||||||||||||
(3) Soláthróidh an Rúnaí don Bhord cibé faisnéis a theastóidh ón mBord i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (lena n-áirítear faisnéis maidir le comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin sa mhéid go mbaineann siad le gnóthaí airgeadais na Comhairle). | |||||||||||||||||||
(4) Féadfaidh an Rúnaí, le toiliú an Bhoird, comhalta d’fhoireann na Comhairle a údarú chun feidhm shonraithe de chuid an Rúnaí a chomhlíonadh agus féadfaidh comhalta den sórt sin den fhoireann a bheidh údaraithe amhlaidh an fheidhm a chomhlíonadh dá réir sin. | |||||||||||||||||||
(5) Féadfaidh an Bord comhalta d’fhoireann na Comhairle a shainainmniú chun feidhmeanna an Rúnaí a chomhlíonadh i gcás an Rúnaí a bheith as láthair nó i gcás oifig an Rúnaí a bheith folamh, agus déanfaidh comhalta d’fhoireann na Comhairle a bheidh sainainmnithe amhlaidh na feidhmeanna sin a chomhlíonadh le linn na hasláithreachta sin nó le linn don oifig sin a bheith folamh. | |||||||||||||||||||
Foireann na Comhairle |
35.(1) Déanfaidh an Bord, le ceadú an Aire agus le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sé a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d’fhoireann na Comhairle. | ||||||||||||||||||
(2) Beidh comhalta d’fhoireann na Comhairle ina státseirbhíseach i Státseirbhís an Stáit. | |||||||||||||||||||
(3) Is é an Bord an t-údarás cuí (de réir bhrí an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004 agus Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 go 2005) i ndáil le comhaltaí d’fhoireann na Comhairle. | |||||||||||||||||||
(4) Chun críocha an ailt seo, ní comhalta d’fhoireann na Comhairle é nó í an Rúnaí. | |||||||||||||||||||
Airleacain don Chomhairle |
36. Déanfaidh an tAire cibé méid nó méideanna a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a airleacan ó am go ham don Chomhairle as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, chun críoch caiteachais ag an gComhairle i gcomhlíonadh a feidhmeanna. | ||||||||||||||||||
Tuarascáil bhliantúil na Comhairle |
37.(1) Déanfaidh an Chomhairle a luaithe is indéanta, ach in aon chás tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid na Comhairle, tuarascáil (dá ngairtear an “tuarascáil bhliantúil” san alt seo) i scríbhinn i dtaobh a cuid gníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire. | ||||||||||||||||||
(2) Dá mba rud é, faoi fho-alt (1), go mbainfeadh an chéad tuarascáil bhliantúil le tréimhse ba ghiorra ná 6 mhí, bainfidh an tuarascáil sin, ina ionad sin, d’ainneoin an fho-ailt sin, le gníomhaíochtaí na Comhairle le linn na tréimhse sin agus le linn bhliain airgeadais na Comhairle díreach tar éis na tréimhse sin agus déanfaidh an Chomhairle an chéad tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí, tar éis dheireadh na bliana airgeadais sin. | |||||||||||||||||||
(3) Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis i dtaobh chomhlíonadh fheidhmeanna na Comhairle le linn na tréimhse lena mbainfidh sí agus cibé faisnéis eile i cibé foirm is cuí leis an gComhairle. | |||||||||||||||||||
(4) Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is féidir tar éis dó nó di an tuarascáil bhliantúil a fháil, cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |||||||||||||||||||
(5) Cinnteoidh an Chomhairle go ndéanfar, a luaithe is indéanta tar éis cóipeanna den tuarascáil bhliantúil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi fho-alt (4), an tuarascáil a fhoilsiú ar cibé modh is cuí leis an gComhairle. | |||||||||||||||||||
Cuntais na Comhairle |
38.(1) Coimeádfaidh an Chomhairle, i cibé foirm agus i leith cibé tréimhsí cuntasaíochta a cheadóidh an tAire agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead a gheobhaidh sí agus a chaithfidh sí, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe. | ||||||||||||||||||
(2) Déanfaidh an Chomhairle, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh gach tréimhse cuntasaíochta, na cuntais arna gcoimeád faoin alt seo i leith na tréimhse sin, agus iad sínithe ag an Rúnaí, a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh. | |||||||||||||||||||
(3) Déanfaidh an Chomhairle, díreach tar éis don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais arna gcur faoina bhráid nó faoina bráid de réir fho-alt (2), cóipeanna díobh seo a leanas a thíolacadh don Aire— | |||||||||||||||||||
(a) na cuntais iniúchta, lena n-áirítear an cuntas ioncaim agus caiteachais, an clár comhardaithe agus cibé cuntais eile (más ann) arna gcoimeád faoin alt seo a threoróidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus | |||||||||||||||||||
(b) tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais. | |||||||||||||||||||
(4) Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is indéanta tar éis cuntais iniúchta na Comhairle agus tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais sin a thíolacadh dó nó di, cóipeanna de na cuntais sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |||||||||||||||||||
Cuntasacht na Comhairle don Choiste um Chuntais Phoiblí |
39.(1) Aon uair a dhéanfaidh an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna a cheangal i scríbhinn ar an Rúnaí déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé nó sí fianaise don Choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas— | ||||||||||||||||||
(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a bheidh taifeadta, nó a cheanglaítear a thaifeadadh, in aon leabhar nó taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear, leis an Acht seo, ar an gComhairle a ullmhú, | |||||||||||||||||||
(b) barainneacht agus éifeachtúlacht na Comhairle i dtaca le húsáid a cuid acmhainní, | |||||||||||||||||||
(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an Chomhairle chun éifeachtacht a cuid oibríochtaí a mheas, agus | |||||||||||||||||||
(d) aon ní a fhearann ar an gComhairle agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993 nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (sa mhéid go mbaineann sé le ní a shonraítear i mír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann. | |||||||||||||||||||
(2) Ní dhéanfaidh an Rúnaí, le linn dó nó di a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh faoin alt seo, ceist a chur ná tuairim a nochtadh i dtaobh tuillteanas aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire den Rialtas ná i dtaobh tuillteanais cuspóirí beartais den sórt sin. | |||||||||||||||||||
Cuntasacht na Comhairle do choistí Oireachtais eile |
40.(1) Faoi réir fho-alt (2), freastalóidh an Rúnaí, ar iarraidh i scríbhinn a fháil ó choiste Oireachtais, os comhair an choiste chun cuntas a thabhairt ar riarachán ginearálta na Comhairle. | ||||||||||||||||||
(2) Ní cheanglófar ar an Rúnaí cuntas a thabhairt os comhair coiste Oireachtais ar aon cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas: | |||||||||||||||||||
(a) breitheamh d’fheidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna breithiúnacha; | |||||||||||||||||||
(b) aon ní atá, nó a bhí nó a fhéadfaidh a bheith, ar dháta sa todhchaí, ina ábhar d’imeachtaí os comhair cúirte nó binse sa Stát; | |||||||||||||||||||
(c) aon ní a bhaineann le breitheamh is ní atá, nó a bhí nó a fhéadfaidh a bheith, ar dháta sa todhchaí, ina ábhar d’imscrúdú ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
(3) I gcás go mbeidh an Rúnaí den tuairim gur ní lena mbaineann fo-alt (2) ní a n-iarrtar air nó uirthi cuntas a thabhairt air os comhair coiste Oireachtais, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is indéanta, tuairim an Bhoird a lorg ina leith. | |||||||||||||||||||
(4) Más é tuairim an Bhoird gur ní lena mbaineann fo-alt (2) an ní lena mbaineann, cuirfidh an Rúnaí an tuairim, agus na cúiseanna atá leis an tuairim, in iúl don choiste Oireachtais agus, mura dtabharfar an fhaisnéis don choiste Oireachtais an tráth a bheidh an Rúnaí os a chomhair, tabharfar an fhaisnéis don choiste Oireachtais i scríbhinn. | |||||||||||||||||||
(5) Más é tuairim an Bhoird nach ní lena mbaineann fo-alt (2) an ní lena mbaineann, freastalóidh an Rúnaí os comhair an choiste Oireachtais chun cuntas a thabhairt ar an ní. | |||||||||||||||||||
(6) I gcás go mbeidh an Rúnaí tar éis tuairim an Bhoird a chur in iúl do choiste Oireachtais de réir fho-alt (4) agus nach dtarraingeoidh an coiste Oireachtais siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) sa mhéid go mbaineann sí leis an ní is ábhar don tuairim sin— | |||||||||||||||||||
(a) féadfaidh an Rúnaí, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don choiste Oireachtais an bhreith uaidh gan déanamh amhlaidh a chur in iúl dó nó di, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar mhodh achomair chun an cheist i dtaobh an ní lena mbaineann fo-alt (2) an ní a chinneadh, nó | |||||||||||||||||||
(b) féadfaidh cathaoirleach an choiste Oireachtais iarratas den sórt sin a dhéanamh thar ceann an choiste Oireachtais, | |||||||||||||||||||
agus cinnfidh an Ard-Chúirt an ní. | |||||||||||||||||||
(7) Go dtí go gcinnfear iarratas faoi fho-alt (6), ní fhreastalóidh an Rúnaí os comhair an choiste Oireachtais chun cuntas a thabhairt ar an ní is ábhar don iarratas. | |||||||||||||||||||
(8) Má chinneann an Ard-Chúirt gur ní lena mbaineann fo-alt (2) an ní lena mbaineann, tarraingeoidh an coiste Oireachtais siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ach má chinneann an Ard-Chúirt nach bhfuil feidhm ag fo-alt (2), freastalóidh an Rúnaí os comhair an choiste Oireachtais chun cuntas a thabhairt ar an ní. | |||||||||||||||||||
(9) Ní dhéanfaidh an Rúnaí, le linn dó nó di a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh faoin alt seo, ceist a chur ná tuairim a nochtadh i dtaobh tuillteanas aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid aon Aire den Rialtas ná i dtaobh tuillteanais cuspóirí beartais den sórt sin. | |||||||||||||||||||
(10) San alt seo, ciallaíonn “coiste Oireachtais”— | |||||||||||||||||||
(a) coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar (seachas an Coiste dá dtagraítear in alt 39 nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann), nó | |||||||||||||||||||
(b) fochoiste de choiste a thagann faoi réim mhír (a). | |||||||||||||||||||
Toirmeasc ar nochtadh faisnéise faoi rún |
41.(1) Ní dhéanfaidh duine, mura gceanglaítear air nó uirthi nó mura gceadaítear dó nó di le dlí nó mura mbeidh sé nó sí údaraithe go cuí ag an gComhairle déanamh amhlaidh, faisnéis faoi rún a nochtadh a gheobhaidh sé nó sí le linn feidhmeanna a chomhlíonadh— | ||||||||||||||||||
(a) mar chomhalta den Chomhairle, den Bhord nó de choiste, nó | |||||||||||||||||||
(b) mar Rúnaí, Cláraitheoir nó comhalta d’fhoireann na Comhairle, nó mar shainchomhairleoir, comhairleoir nó duine eile atá nó a bhí fostaithe faoi chonradh nó faoi shocrú eile ag an gComhairle. | |||||||||||||||||||
(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A a chur air nó uirthi. | |||||||||||||||||||
(3) San alt seo, folaíonn “faisnéis faoi rún”— | |||||||||||||||||||
(a) faisnéis a mbeidh sé sainráite ag an gComhairle, ag an mBord nó ag coiste ina leith go bhfuil sí faoi rún, maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d’aicme nó de thuairisc áirithe, agus | |||||||||||||||||||
(b) tograí de chineál tráchtála nó tairiscintí a bheidh curtha faoi bhráid na Comhairle, an Bhoird nó coiste ag sainchomhairleoirí, comhairleoirí nó ag aon duine eile. | |||||||||||||||||||
An Coiste um Iompar Breithiúnach | |||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||
Feidhm na Coda seo | |||||||||||||||||||
Feidhm na Coda seo |
42.(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le hiompar a líomhnaítear gur mí-iompar breithiúnach é a tharla nó a líomhnaítear a tharla tar éis thosach feidhme na Coda seo. | ||||||||||||||||||
(2) I gcás go mbeidh níos mó ná teagmhas líomhnaithe amháin ann den iompar a líomhnaítear gur mí-iompar breithiúnach é, agus gurb amhlaidh gur tharla nó go líomhnaítear gur tharla ceann amháin nó níos mó de na teagmhais sin roimh thosach feidhme na Coda seo agus gur tharla nó go líomhnaítear gur tharla ceann amháin nó níos mó de na teagmhais sin tar éis an tosach feidhme sin, ní bheidh feidhm ag an gCuid seo ach amháin i ndáil leis na teagmhais líomhnaithe den iompar sin a tharla nó a líomhnaítear a tharla tar éis an tosach feidhme sin. | |||||||||||||||||||
(3) Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le gearán a bhaineann le breitheamh a bheidh, tráth déanta an ghearáin, scortha de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh. | |||||||||||||||||||
(4) Scoirfidh an Chuid seo d’fheidhm a bheith aici maidir le gearán má scoireann an breitheamh arb ina leith a rinneadh an gearán de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh— | |||||||||||||||||||
(a) sula mbeidh an gearán tarchurtha lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil faoi Chaibidil 4 nó sula mbeidh imscrúdú ar an ngearán tionscanta faoi Chaibidil 5, | |||||||||||||||||||
(b) i gcúrsa an gearán a réiteach tríd an bpróiseas ar an modh neamhfhoirmiúil faoi Chaibidil 4 nó i gcúrsa imscrúdú ar an ngearán a sheoladh faoi Chaibidil 5, nó | |||||||||||||||||||
(c) sula mbeidh tairiscint Airteagal 35.4.1°, de réir bhrí alt 80, molta ag an Aire i nDáil Éireann nó i Seanad Éireann i leith an bhreithimh, más rud é, maidir leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach, go mbeidh breithniú á dhéanamh aige i dtaobh an ndéanfaidh sé tarchur faoin alt sin a eascraíonn as an ngearán nó, go mbeidh cinnte aige gur cóir dó, nó go mbeidh sé tar éis, tarchur den sórt sin a dhéanamh, | |||||||||||||||||||
agus, in imthosca lena mbaineann mír (b) nó (c), ní leanfar den réiteach sin tríd an bpróiseas ar an modh neamhfhoirmiúil, den imscrúdú ar an ngearán a sheoladh nó, más cuí, den phróiseas chun tarchur a dhéanamh faoi alt 80, de réir mar a bheidh. | |||||||||||||||||||
(5) Cuirfidh an Cláraitheoir in iúl, in imthosca lena mbaineann fo-alt (4), don ghearánach lena mbaineann agus don iarbhreitheamh lena mbaineann, i scríbhinn, go bhfuil an Chuid seo scortha d’fheidhm a bheith aici maidir leis an ngearán lena mbaineann de bhíthin gur scoir an breitheamh lena mbaineann de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh. | |||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||
An Coiste um Iompar Breithiúnach | |||||||||||||||||||
An Coiste um Iompar Breithiúnach |
43.(1) Déanfaidh an Chomhairle— | ||||||||||||||||||
(a) coiste a bhunú, ar a dtabharfar an Coiste um Iompar Breithiúnach, agus | |||||||||||||||||||
(b) ag an gcéad chruinniú den Chomhairle, an dáta a shonrú ar a mbeidh an Coiste sin arna bhunú, is dáta nach déanaí ná 6 mhí tar éis an chéad chruinnithe sin. | |||||||||||||||||||
(2) Is é feidhm an Choiste um Iompar Breithiúnach ardchaighdeáin iompair i measc breithiúna a chur chun cinn agus a chothabháil, ag féachaint do phrionsabail an iompair bhreithiúnaigh lena gceanglaítear ar bhreithiúna neamhspleáchas breithiúnach, neamhchlaontacht bhreithiúnach, ionracas breithiúnach, cuibheas breithiúnach (lena n-áirítear cuma an chuibhis), inniúlacht bhreithiúnach agus dúthracht bhreithiúnach a chumhdach agus a bheith ina n-eiseamláir den chéanna agus a chinntiú go dtabharfar an chóir chéanna do gach duine a bheidh os comhair na gcúirteanna. | |||||||||||||||||||
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), maidir leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach— | |||||||||||||||||||
(a) déanfaidh sé gearáin a bhreithniú agus iad a tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil nó imscrúduithe a ghabháil de láimh ar iompar breithiúna aonair de réir na Coda seo, | |||||||||||||||||||
(b) déanfaidh sé cibé gníomh, más ann, de réir na Coda seo, is dóigh leis a bheith riachtanach d’fhonn riaradh an cheartais a chosaint cibé acu de dheasca é do dhéanamh breithniú ar ghearán agus dá tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil nó de dheasca imscrúdú a ghabháil de láimh faoin gCuid seo nó ar shlí eile, | |||||||||||||||||||
(c) déanfaidh sé treoirlínte a ullmhú agus a fhoilsiú lena ndéantar foráil maidir le gearáin a chinnfear a bheith inghlactha faoin gCuid seo a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil, | |||||||||||||||||||
(d) déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis a bhunaithe, dréacht-treoirlínte maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird lena n-athbhreithniú, ar treoirlínte iad ina n-áireofar treoir i dtaca leis na nithe is cóir do bhreitheamh a bhreithniú le linn dó nó di breith a thabhairt i dtaobh an cóir dó nó di staonadh ó bheith i gceannas ar imeachtaí dlí, lena nglacadh ag an gComhairle, | |||||||||||||||||||
(e) féadfaidh sé dá thoil féin, nó déanfaidh sé, ar iarraidh a fháil ón mBord nó ón gComhairle, dréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach arna nglacadh ag an gComhairle a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird lena n-athbhreithniú, agus | |||||||||||||||||||
(f) féadfaidh sé cibé comhairle agus moltaí a sholáthar do bhreitheamh aonair nó do bhreithiúna i gcoitinne maidir le hiompar breithiúnach agus eitic bhreithiúnach de réir mar is cuí leis. | |||||||||||||||||||
(4) Beidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, faoi réir an Achta seo, neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna. | |||||||||||||||||||
(5) Beidh ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach na cumhachtaí sin go léir a bheidh riachtanach nó fóirsteanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. | |||||||||||||||||||
(6) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach comhairle dlí, comhairle liachta nó comhairle eile a fháil i dtaca le comhlíonadh aon cheann dá fheidhmeanna. | |||||||||||||||||||
(7) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, i ndáil leis na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo— | |||||||||||||||||||
(a) imeachtaí dlí a thionscnamh nó a chosaint, nó | |||||||||||||||||||
(b) aon ghníomh nó ní eile a bheidh riachtanach chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, in ainm na Comhairle. | |||||||||||||||||||
Comhaltas den Choiste um Iompar Breithiúnach |
44.(1) Is iad a bheidh ar an gCoiste um Iompar Breithiúnach na 13 chomhalta seo a leanas: | ||||||||||||||||||
(a) na comhaltaí ex officio a shonraítear i bhfo-alt (2) nó na daoine a bheidh ainmnithe ina n-ionad faoi fho-alt (3); | |||||||||||||||||||
(b) na comhaltaí a thoghfar faoi fho-alt (4); | |||||||||||||||||||
(c) na comhaltaí tuata a cheapfar faoi fho-alt (5). | |||||||||||||||||||
(2) Beidh gach duine díobh seo a leanas, ex officio, ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Iompar Breithiúnach (dá ngairtear “comhalta ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach” san Acht seo): | |||||||||||||||||||
(a) an Príomh-Bhreitheamh, a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar an gCoiste; | |||||||||||||||||||
(b) Uachtarán na Cúirte Achomhairc; | |||||||||||||||||||
(c) Uachtarán na hArd-Chúirte; | |||||||||||||||||||
(d) Uachtarán na Cúirte Cuarda; | |||||||||||||||||||
(e) Uachtarán na Cúirte Dúiche. | |||||||||||||||||||
(3) Féadfaidh comhalta ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach, ó am go ham, breitheamh eile (seachas comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach) den chúirt a bhfuil sé nó sí ina Phríomh-Bhreitheamh nó ina Príomh-Bhreitheamh di nó ina Uachtarán nó ina hUachtarán uirthi, de réir mar a bheidh, a ainmniú i scríbhinn chun feidhmeanna an chomhalta ex officio sin a chomhlíonadh le linn cibé tréimhse nó ar cibé ócáid nó ócáidí a bheidh sonraithe san ainmniúchán agus aon tagairtí san Acht seo don chomhalta ex officio sin den Choiste um Iompar Breithiúnach, folóidh siad, le linn na tréimhse sin nó i leith na hócáide nó na n-ócáidí sin, tagairtí do bhreitheamh a bheidh ainmnithe amhlaidh. | |||||||||||||||||||
(4) Toghfaidh na breithiúna seo a leanas agus toghfar as a measc triúr comhaltaí den Choiste um Iompar Breithiúnach (dá ngairtear “comhaltaí tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach” san Acht seo)— | |||||||||||||||||||
(a) gnáthbhreithiúna na Cúirte Uachtaraí, | |||||||||||||||||||
(b) gnáthbhreithiúna na Cúirte Achomhairc, | |||||||||||||||||||
(c) gnáthbhreithiúna na hArd-Chúirte, | |||||||||||||||||||
(d) gnáthbhreithiúna agus sainbhreithiúna na Cúirte Cuarda, agus | |||||||||||||||||||
(e) breithiúna na Cúirte Dúiche seachas Uachtarán na Cúirte sin. | |||||||||||||||||||
(5) Ceapfaidh an Rialtas 5 dhuine chun bheith ina gcomhaltaí den Choiste um Iompar Breithiúnach (dá ngairtear, san Acht seo, “comhaltaí tuata” den Choiste um Iompar Breithiúnach) as measc cibé daoine a mholfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí de réir alt 45 lena gceapadh mar chomhaltaí tuata den sórt sin. | |||||||||||||||||||
(6) Ní bheidh duine incheaptha mar chomhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach— | |||||||||||||||||||
(a) más comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil an duine, | |||||||||||||||||||
(b) más rud é, i gcás duine ar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil é nó í agus a scoir de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, nach mbeidh tréimhse 5 bliana caite fós ó bhí sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin, den Pharlaimint sin nó d’údarás áitiúil, | |||||||||||||||||||
(c) más breitheamh nó iarbhreitheamh an duine, | |||||||||||||||||||
(d) más breitheamh nó iarbhreitheamh an duine— | |||||||||||||||||||
(i) de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, | |||||||||||||||||||
(ii) de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, | |||||||||||||||||||
(iii) den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, | |||||||||||||||||||
(iv) den Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, | |||||||||||||||||||
(v) den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, nó | |||||||||||||||||||
(vi) de bhinse idirnáisiúnta, | |||||||||||||||||||
(e) más Abhcóide Ginearálta nó iarAbhcóide Ginearálta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an duine, | |||||||||||||||||||
(f) más abhcóide nó aturnae cleachtach an duine, | |||||||||||||||||||
(g) más rud é, i gcás duine arbh abhcóide nó aturnae cleachtach é nó í agus a scoir de bheith ina abhcóide nó ina habhcóide cleachtach nó ina aturnae nó ina haturnae cleachtach, nach mbeidh tréimhse 5 bliana caite fós ón dáta is déanaí a bhí sé nó sí ag cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae, nó (h)más státseirbhíseach an duine. | |||||||||||||||||||
(7) Más rud é, maidir le comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach— | |||||||||||||||||||
(a) go n-ainmneofar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Sheanad Éireann, | |||||||||||||||||||
(b) go dtoghfar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa, | |||||||||||||||||||
(c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa, | |||||||||||||||||||
(d) go dtoghfar nó go gcomhthoghfar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’údarás áitiúil, | |||||||||||||||||||
(e) go gceapfar é nó í chun bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh— | |||||||||||||||||||
(i) de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, | |||||||||||||||||||
(ii) de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, | |||||||||||||||||||
(iii) den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, | |||||||||||||||||||
(iv) den Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, | |||||||||||||||||||
(v) den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, nó | |||||||||||||||||||
(vi) de bhinse idirnáisiúnta, | |||||||||||||||||||
(f) go gceapfar é nó í chun bheith ina Abhcóide Ginearálta nó ina hAbhcóide Ginearálta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, | |||||||||||||||||||
(g) go dtosóidh sé nó sí ag cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae, nó | |||||||||||||||||||
(h) go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina státseirbhíseach, scoirfidh sé nó sí, air sin, | |||||||||||||||||||
de bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
(8) Maidir leis na comhaltaí tuata a cheapfar chun an Choiste um Iompar Breithiúnach, mná a bheidh i 40 faoin gcéad ar a laghad díobh. | |||||||||||||||||||
Moltaí maidir le comhaltaí tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a cheapadh |
45.(1) Iarrfaidh an Rialtas ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí próiseas roghnóireachta a ghabháil de láimh chun daoine a shainaithint agus a mholadh don Rialtas, is daoine ar deimhin léi a bheith oiriúnach lena gceapadh chun bheith ina gcomhaltaí tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach agus, dá réir sin, comhlíonfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an iarraidh sin agus déanfaidh sí, tar éis próiseas roghnóireachta den sórt sin a sheoladh, moladh a chur faoi bhráid an Rialtais i leith daoine a bhí páirteach sa phróiseas sin agus ar deimhin léi amhlaidh i ndáil leo. | ||||||||||||||||||
(2) Faoi réir fho-alt (3) agus alt 44(6), déanfaidh an tAire na critéir agus na nósanna imeachta roghnóireachta a mbeidh feidhm acu maidir le próiseas roghnóireachta faoin alt seo a chomhaontú leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. | |||||||||||||||||||
(3) D’fhonn moladh a dhéanamh faoin alt seo, beidh aird ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar a inmhianaithe atá sé go mbeidh eolas agus taithí ag comhaltaí tuata an Choiste um Iompar Breithiúnach, eatarthu, ar an oiread is féidir de na nithe seo a leanas: | |||||||||||||||||||
(a) caighdeáin a chothabháil i ngairmeacha atá á rialáil ag comhlacht reachtúil nó comhlacht eile; | |||||||||||||||||||
(b) déileáil le gearáin a dhéantar i gcoinne comhaltaí de na gairmeacha sin; | |||||||||||||||||||
(c) idirghabháil nó sásraí eile chun réiteach malartach a fháil ar dhíospóidí; | |||||||||||||||||||
(d) riaradh an cheartais; | |||||||||||||||||||
(e) seirbhísí a bhainistiú agus a sholáthar do dhaoine den phobal. | |||||||||||||||||||
(4) Faoi réir fho-alt (3), ní dhéanfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí moladh faoin alt seo i leith duine mura deimhin léi go bhfuil ag an duine cibé taithí, cáilíochtaí, oiliúint nó saineolas iomchuí is cuí, ag féachaint d’fheidhmeanna an Choiste um Iompar Breithiúnach, a d’fhágfadh go mbeadh sé nó sí oiriúnach chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
(5) Soláthróidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí sonraí don Rialtas maidir leis an taithí, na cáilíochtaí, an oiliúint agus an saineolas atá ag gach duine a mbeidh moladh déanta aici ina leith faoin alt seo. | |||||||||||||||||||
(6) Beidh feidhm ag an alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le líonadh aon fholúntais a tharlóidh i gcomhaltas tuata an Choiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
Téarma comhaltais den Choiste um Iompar Breithiúnach |
46.(1) Maidir le hainmniúchán faoi alt 44(3)— | ||||||||||||||||||
(a) scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis— | |||||||||||||||||||
(i) ar dhul in éag don tréimhse nó le himeacht na hócáide nó na n-ócáidí, de réir mar a bheidh, a shonrófar san ainmniúchán, nó | |||||||||||||||||||
(ii) ar an gcomhalta ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach a rinne an t-ainmniúchán do chealú an ainmniúcháin, | |||||||||||||||||||
(b) i gcás go scoirfidh an comhalta ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach a rinne an t-ainmniúchán de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a tháinig sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta ex officio den sórt sin, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar an gcomhalta ex officio sin do scor de bheith i seilbh na hoifige sin, | |||||||||||||||||||
(c) i gcás go scoirfidh an breitheamh arb ina leith a rinneadh an t-ainmniúchán de bheith i seilbh na hoifige breithiúnaí ar dá bua a ainmníodh é nó í amhlaidh, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar é nó í do scor de bheith i seilbh na hoifige sin, nó | |||||||||||||||||||
(d) i gcás go léireoidh an breitheamh arb ina leith a rinneadh an t-ainmniúchán, le fógra i scríbhinn arna thabhairt don chomhalta ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach nó arna chur chuige nó chuici, nach mian leis nó léi leanúint de bheith ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna lena mbaineann, scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis ar an gcomhalta ex officio sin d’fháil an fhógra sin. | |||||||||||||||||||
(2) Faoi réir alt 47(3), leanfaidh gach comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach agus, faoi réir alt 47(4), gach comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste ar feadh téarma 4 bliana ó dháta a thofa nó a tofa nó ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, de réir mar a bheidh, mura túisce a gheobhaidh sé nó sí bás, a éireoidh sé nó sí as, a thiocfaidh sé nó sí chun bheith neamh-incháilithe le haghaidh comhaltais, nó, i gcás comhalta tuata, a chuirfear as comhaltas den Choiste é nó í. | |||||||||||||||||||
(3) Faoi réir fho-alt (4), maidir le comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach nó comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a rachaidh a théarma nó a téarma comhaltais in éag le himeacht aimsire, beidh sé nó sí in-atofa nó in-athcheaptha chun an Choiste le haghaidh téarma 4 bliana eile mar chomhalta tofa nó mar chomhalta tuata, de réir mar a bheidh, den Choiste sin. | |||||||||||||||||||
(4) Maidir le comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach nó comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma mar chomhalta den Choiste sin, ní bheidh sé nó sí in-atofa nó in-athcheaptha chun an Choiste mar chomhalta tofa nó mar chomhalta tuata, de réir mar a bheidh, seachas de réir fho-alt (5). | |||||||||||||||||||
(5) Maidir le comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach nó comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma mar chomhalta den Choiste sin, beidh sé nó sí in-atofa nó in-athcheaptha chun an Choiste mar chomhalta tofa nó mar chomhalta tuata, de réir mar a bheidh, tar éis tréimhse 4 bliana a bheith caite ó dháta éagtha an téarma comhaltais is déanaí aige nó aici den Choiste um Iompar Breithiúnach mar chomhalta tofa nó mar chomhalta tuata den sórt sin, de réir mar a bheidh. | |||||||||||||||||||
(6) Féadfaidh comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach éirí as an gCoiste sin le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Choiste nó arna chur chuige nó chuici agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh an cathaoirleach an fógra. | |||||||||||||||||||
(7) Féadfaidh comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach éirí as an gCoiste sin le fógra i scríbhinn arna thabhairt don Aire nó arna chur chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh an tAire an fógra. | |||||||||||||||||||
(8) Déanfaidh an comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach lena mbaineann cóip den fhógra a thabhairt do chathaoirleach an Choiste um Iompar Breithiúnach nó a chur chuige nó chuici faoi fho-alt (7) nuair a thabharfaidh sé nó sí an fógra don Aire nó nuair a chuirfidh sé nó sí an fógra chuig an Aire nó a luaithe is indéanta dá éis sin. | |||||||||||||||||||
(9)(a) Maidir le comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach a cheapfar chuig oifig bhreithiúnach dá dtagraítear in aon mhír de mhíreanna (a) go (d) d’alt 44(4) seachas an oifig a shealbhaigh sé nó sí nuair a toghadh é nó í amhlaidh, leanfaidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
(b) I gcás go scoirfidh comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste. | |||||||||||||||||||
(10) Féadfaidh an Rialtas, aon tráth, comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach a bhaint den Choiste um Iompar Breithiúnach más deimhin leis an Rialtas, maidir leis an gcomhalta tuata— | |||||||||||||||||||
(a) go bhfuil sé nó sí tagtha chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar fheidhmeanna na hoifige a chomhlíonadh go héifeachtach, | |||||||||||||||||||
(b) gur mhí-iompair sé é féin nó sí í féin mar a bheidh sonraithe, | |||||||||||||||||||
(c) go bhfuil easaontacht leasa aige nó aici atá chomh suntasach sin gur cóir go scoirfeadh sé nó sí d’oifig a shealbhú, nó | |||||||||||||||||||
(d) go bhfuil sé nó sí, ar shlí eile, neamhfheidhmiúil chun oifig a shealbhú nó neamhábalta feidhmeanna na hoifige a chomhall. | |||||||||||||||||||
(11) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach gníomhú d’ainneoin aon fholúntas ina chomhaltas ar choinníoll go mbeidh líon nach lú ná— | |||||||||||||||||||
(a) 4 chomhalta ar an gCoiste ar breithiúna iad, agus | |||||||||||||||||||
(b) 3 chomhalta tuata ar an gCoiste. | |||||||||||||||||||
Corrfholúntais i gcomhaltas den Choiste um Iompar Breithiúnach |
47.(1) Más rud é, maidir le comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach, go bhfaighidh sé nó sí bás, go scoirfidh sé nó sí d’oifig bhreithiúnach nó go n-éireoidh sé nó sí as oifig bhreithiúnach, go n-éireoidh sé nó sí as an gCoiste um Iompar Breithiúnach de réir fho-alt (6) d’alt 46 nó go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste sin faoi fho-alt (9)(b) den alt sin, is breitheamh arna thoghadh nó arna toghadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Iompar Breithiúnach ar an modh céanna ar ar toghadh an comhalta den Choiste ba chúis leis an bhfolúntas a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh. | ||||||||||||||||||
(2) Más rud é, maidir le comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach, go bhfaighidh sé nó sí bás, go n-éireoidh sé nó sí as an gCoiste um Iompar Breithiúnach de réir alt 46(7), go scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste faoi alt 44(7) nó go mbainfear é nó í den Choiste sin faoi alt 46(10), is duine arna cheapadh nó arna ceapadh chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta den Choiste ba chúis leis an bhfolúntas a líonfaidh an folúntas a tharlóidh amhlaidh. | |||||||||||||||||||
(3) Maidir le téarma oifige comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach arna thoghadh nó arna toghadh de réir fho-alt (1), is le haghaidh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta den Choiste ar toghadh é nó í ina ionad nó ina hionad a bheidh sé. | |||||||||||||||||||
(4) Maidir le téarma oifige comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach arna cheapadh nó arna ceapadh de réir fho-alt (2), is le haghaidh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma comhaltais an chomhalta den Choiste ar ceapadh é nó í ina ionad nó ina hionad a bheidh sé. | |||||||||||||||||||
(5) Maidir le téarma comhaltais den Choiste um Iompar Breithiúnach, dá fhad é, as a dtiocfaidh toghchán nó ceapachán de réir fho-alt (1) nó (2), measfar gur téarma comhaltais chun críocha fho-ailt (4) agus (5) d’alt 46 é. | |||||||||||||||||||
Cruinnithe agus nósanna imeachta an Choiste um Iompar Breithiúnach |
48.(1) Tionólfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe a bheidh riachtanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh. | ||||||||||||||||||
(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Choiste um Iompar Breithiúnach tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis an dáta ar a mbeidh an Coiste arna bhunú faoi alt 43(1)(b). | |||||||||||||||||||
(3) Ag cruinniú den Choiste um Iompar Breithiúnach— | |||||||||||||||||||
(a) is é nó is í cathaoirleach an Choiste sin, más rud é go bhfuil sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó | |||||||||||||||||||
(b) mura bhfuil agus fad nach bhfuil cathaoirleach an Choiste sin i láthair, is é nó is í an chéad bhreitheamh eile is sinsearaí atá i láthair a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú. | |||||||||||||||||||
(4) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Choiste um Iompar Breithiúnach a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Choiste um Iompar Breithiúnach atá i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe. | |||||||||||||||||||
(5) 5 is córam do chruinniú den Choiste um Iompar Breithiúnach, agus maidir leis na comhaltaí sin— | |||||||||||||||||||
(a) beidh 3 díobh ar a laghad ina gcomhaltaí ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach nó ina gcomhaltaí tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach, agus | |||||||||||||||||||
(b) beidh 2 díobh ar a laghad ina gcomhaltaí tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
(6) Faoi réir an Achta seo agus aon nósanna imeachta a shonróidh sé faoi alt 52, féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach a nósanna imeachta féin a rialáil. | |||||||||||||||||||
An Cláraitheoir don Choiste um Iompar Breithiúnach |
49.(1) Maidir leis an Rúnaí nó le comhalta d’fhoireann na Comhairle a bheidh sainainmnithe faoi alt 34(5) chun feidhmeanna an Rúnaí a chomhlíonadh, gníomhóidh sé nó sí, i dteannta na bhfeidhmeanna a thugtar don Rúnaí leis an Acht seo, mar rúnaí don Choiste um Iompar Breithiúnach agus, nuair a bheidh sé nó sí ag gníomhú amhlaidh, is é an Cláraitheoir don Choiste um Iompar Breithiúnach (dá ngairtear an “Cláraitheoir” san Acht seo) a thabharfar air nó uirthi. | ||||||||||||||||||
(2) Ní bheidh an Cláraitheoir ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Iompar Breithiúnach ach féadfaidh sé nó sí, de réir nósanna imeachta arna sonrú ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach, freastal ar chruinnithe den Choiste agus beidh sé nó sí i dteideal labhairt, agus comhairle a thabhairt, ag cruinnithe den sórt sin. | |||||||||||||||||||
(3) Ní fhreastalóidh an Cláraitheoir ar chruinnithe den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin. | |||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||
Gearáin | |||||||||||||||||||
Gearáin |
50.(1) Maidir le gearán a bhaineann le hiompar breithimh (dá ngairtear “an breitheamh lena mbaineann” san Acht seo) a líomhnaítear gur mí-iompar breithiúnach é, féadfaidh duine a bhfearann an t-iompar go díreach air nó uirthi, nó a bhí ina fhinné nó ina finné ar an iompar, é a dhéanamh leis an gCláraitheoir de réir na nósanna imeachta a bheidh sonraithe ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 52. | ||||||||||||||||||
(2) Maidir le gearán faoi fho-alt (1)— | |||||||||||||||||||
(a) féadfaidh tuismitheoir nó caomhnóir ar an leanbh é a dhéanamh thar ceann an linbh, nó | |||||||||||||||||||
(b) i gcás duine nach bhfuil in ann an gearán a dhéanamh é féin nó í féin mar gheall ar éagumas meabhrach nó coirp, féadfaidh duine a bheidh údaraithe go cuí de réir dlí chun gníomhú thar ceann an duine chéadluaite é a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann. | |||||||||||||||||||
(3) Féadfaidh oifigeach do Dhlí-Chumann na hÉireann, a bheidh údaraithe go cuí, gearán a dhéanamh faoi fho-alt (1) thar ceann aturnae is comhalta de Dhlí-Chumann na hÉireann. | |||||||||||||||||||
(4) Féadfaidh oifigeach d’Ardchomhairle Bharra na hÉireann, a bheidh údaraithe go cuí, gearán a dhéanamh faoi fho-alt (1) thar ceann abhcóide is comhalta d’Ardchomhairle Bharra na hÉireann. | |||||||||||||||||||
(5) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis gearán a fháil, fógra i dtaobh an ghearáin a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus na nithe seo a leanas a sholáthar dó nó di— | |||||||||||||||||||
(a) ainm an ghearánaigh, agus | |||||||||||||||||||
(b) sonraí faoin ngearán. | |||||||||||||||||||
(6) I gcás go ndéanfaidh duine eile gearán de réir fho-alt (2), (3) nó (4) thar ceann gearánach dá dtagraítear i ngach ceann de na fo-ailt sin, aon cheanglas sa Chuid seo chun fógra a thabhairt don ghearánach i dtaobh aon ní a bhaineann leis an ngearán nó chun dréacht-tuarascáil nó fógra a chur chuig an ngearánach, forléireofar é mar cheanglas chun fógra a thabhairt don duine eile sin nó chun an dréacht-tuarascáil nó an fógra a chur chuig an duine eile sin, de réir mar is cuí. | |||||||||||||||||||
Teorainn ama chun gearáin a dhéanamh |
51.(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfar gearán tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a tharla nó a líomhnaítear gur tharla an t-iompar ba chúis leis an ngearán a líomhnaítear gur mí-iompar breithiúnach é. | ||||||||||||||||||
(2) I gcás go mbaineann gearán le níos mó ná teagmhas amháin d’iompar an bhreithimh lena mbaineann a tharla nó a líomhnaítear a tharla, is iompar a líomhnaítear gur mí-iompar breithiúnach é, déanfar an gearán i ndáil leis an iompar sin tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta is déanaí a tharla nó a líomhnaítear gur tharla an t-iompar sin. | |||||||||||||||||||
(3) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, ar ghearán nó cuid de ghearán a bheith tarchurtha chuige ag an gCláraitheoir faoi alt 53(5) nó ag an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin faoi alt 56(4), a chinneadh go bhfuil sé cóir cothromasach, ag féachaint do chineál an iompair nó an iompair líomhnaithe lena mbaineann an gearán nó an chuid den ghearán a bheidh tarchurtha amhlaidh, agus d’aon imthosca iomchuí eile, go bhfadófar an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2), de réir mar is cuí, chun an gearán a dhéanamh ionas go mbeidh an gearán, nó an chuid den ghearán a bheidh tarchurtha amhlaidh, de réir mar a bheidh, inghlactha. | |||||||||||||||||||
Nósanna imeachta an Choiste um Iompar Breithiúnach maidir le gearáin nó le nithe a bhaineann le hiompar breithiúnach |
52.(1) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, faoi réir na Coda seo, nósanna imeachta a shonrú maidir leis na nithe seo a leanas— | ||||||||||||||||||
(a) gearáin a dhéanamh agus a imscrúdú faoin gCuid seo, | |||||||||||||||||||
(b) imscrúduithe faoi alt 59, agus | |||||||||||||||||||
(c) é do dhéanamh cinntí faoin gCuid seo. | |||||||||||||||||||
(2) Le linn dó nósanna imeachta a shonrú faoi fho-alt (1), beidh aird ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach ar an ngá atá ann go gcomhlíonfaidh sé a fheidhmeanna ar mhodh éifeachtach agus de réir nósanna imeachta córa. | |||||||||||||||||||
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar, le nósanna imeachta a bheidh sonraithe faoin alt seo, foráil a dhéanamh i ndáil leis na nithe seo a leanas: | |||||||||||||||||||
(a) gearán a dhéanamh; | |||||||||||||||||||
(b) inghlacthacht gearáin a chinneadh; | |||||||||||||||||||
(c) gearán a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil; | |||||||||||||||||||
(d) painéal fiosrúcháin do dhéanamh imscrúdú ar ghearán; | |||||||||||||||||||
(e) an Coiste um Iompar Breithiúnach do dhéanamh cinneadh faoi alt 79; | |||||||||||||||||||
(f) na bearta agus na próisis a ndéanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach agus painéal fiosrúcháin dá réir chun críoch imscrúdaithe faoi alt 59; | |||||||||||||||||||
(g) tarchur ón gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 80 de réir bhrí an ailt sin chuig an Aire agus na bearta agus na próisis a ndéanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach agus painéal fiosrúcháin dá réir maidir le tarchur den sórt sin; | |||||||||||||||||||
(h) an tréimhse ar laistigh di a cheanglaítear aon ní a dhéanamh faoin gCuid seo. | |||||||||||||||||||
(4) Foilseoidh an Coiste um Iompar Breithiúnach nósanna imeachta arna sonrú aige faoin alt seo ar cibé modh is cuí leis. | |||||||||||||||||||
Inghlacthacht gearán |
53.(1) Ar ghearán a fháil, cinnfidh an Cláraitheoir cibé acu atá nó nach bhfuil an gearán inghlactha. | ||||||||||||||||||
(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh gearán inghlactha más rud é— | |||||||||||||||||||
(a) gur duine a bheidh údaraithe faoi alt 50 chun gearán a dhéanamh a dhéanfaidh an gearán, | |||||||||||||||||||
(b) go bhféadfadh sé, dá suífí an t-iompar a líomhnaíodh, gurbh ionann é agus mí-iompar breithiúnach ar thaobh an bhreithimh lena mbaineann, | |||||||||||||||||||
(c) go ndéanfar an gearán laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (1) nó (2), de réir mar is cuí, d’alt 51 nó laistigh d’aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (3) den alt sin, | |||||||||||||||||||
(d) nach gearán suaibhreosach nó cráiteach an gearán, agus | |||||||||||||||||||
(e) go ndéanfar an gearán de réir nósanna imeachta chun na críche sin a bheidh sonraithe ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 52. | |||||||||||||||||||
(3) Aon ghearán nach mbaineann ach— | |||||||||||||||||||
(a) le hiompar an bhreithimh lena mbaineann sna himeachtaí os a chomhair nó os a comhair arb ina leith a soláthraíodh leigheas cheana féin nó a fhéadfar leigheas a sholáthar dá saothródh an gearánach é— | |||||||||||||||||||
(i) sna himeachtaí sin, | |||||||||||||||||||
(ii) ar achomharc i gcoinne breith ón mbreitheamh lena mbaineann sna himeachtaí sin nó ar aon achomharc breise i gcoinne achomharc den sórt sin go dtí go gcinnfear na himeachtaí sin go críochnaitheach, | |||||||||||||||||||
(iii) in imeachtaí ar mhodh athbhreithniú breithiúnach ar aon bhreith ón mbreitheamh lena mbaineann sna himeachtaí os comhair an bhreithimh sin, nó | |||||||||||||||||||
(iv)in aon imeachtaí eile, | |||||||||||||||||||
nó | |||||||||||||||||||
(b) le tuillteanais bhreithe in imeachtaí os comhair an bhreithimh lena mbaineann, ní bheidh sé inghlactha. | |||||||||||||||||||
(4) I gcás go gcinnfidh an Cláraitheoir go bhfuil gearán inghlactha go hiomlán nó go páirteach, tarchuirfidh sé nó sí— | |||||||||||||||||||
(a) an gearán, nó | |||||||||||||||||||
(b) i gcás gearán nach bhfuil ach cuid de inghlactha, an chuid den ghearán a chinnfidh sé nó sí a bheith inghlactha (a measfar, tar éis an chinnidh sin ach faoi réir alt 56(8), gurb é an gearán chun críocha an Achta seo é), | |||||||||||||||||||
chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach chun go ndéileálfar leis de réir alt 60. | |||||||||||||||||||
(5) I gcás gur deimhin leis an gCláraitheoir go mbeadh gearán, nó cuid de ghearán, inghlactha murach go ndearnadh é tar éis dul in éag don tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (1) nó (2), de réir mar is cuí, d’alt 51, déanfaidh sé nó sí an gearán, nó an chuid sin den ghearán, a tharchur chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach lena chinneadh faoi fho-alt (3) den alt sin i dtaobh an cóir an tréimhse sin a fhadú agus, i gcás fadú den sórt sin, déileálfar leis an ngearán, nó leis an gcuid sin den ghearán, de réir alt 60. | |||||||||||||||||||
Fógra a thabhairt tar éis cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil gearán inghlactha |
54.(1) I gcás go ndéanfaidh an Cláraitheoir cinneadh faoi alt 53 go bhfuil gearán, nó cuid de ghearán, neamh-inghlactha agus nach ndéanfaidh sé nó sí an gearán, nó an chuid sin den ghearán, a tharchur chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (5) den alt sin— | ||||||||||||||||||
(a) tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann i dtaobh na nithe seo a leanas— | |||||||||||||||||||
(i) a chinneadh nó a cinneadh, agus | |||||||||||||||||||
(ii) teideal an ghearánaigh faoi alt 56 chun athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg, | |||||||||||||||||||
(b) cuirfidh sé nó sí na cúiseanna atá leis an gcinneadh san fhógra, agus | |||||||||||||||||||
(c) faoi réir alt 56, ní dhéanfaidh sé nó sí aon ghníomh breise i ndáil leis an ngearán. | |||||||||||||||||||
(2) I gcás go ndéanfaidh an Cláraitheoir cinneadh faoi alt 53 go bhfuil gearán, nó cuid de ghearán, inghlactha nó go dtarchuirfidh sé nó sí gearán, nó cuid de ghearán, chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (5) den alt sin, déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i scríbhinn i dtaobh an chinnidh nó an tarchuir, de réir mar a bheidh, a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(3) Tar éis cinneadh ón gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 51(3) i dtaobh an ndéanfar an tréimhse chun gearán a dhéanamh, nó chun cuid de ghearán a dhéanamh, de réir mar a bheidh, a fhadú, déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i scríbhinn i dtaobh an chinnidh agus i dtaobh na cúise atá leis agus i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an gearán, nó an chuid den ghearán, lena mbaineann, inghlactha dá réir sin, a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
An Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin |
55.(1) Bunóidh an Coiste um Iompar Breithiúnach coiste ar a dtabharfar an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin chun athbhreithniú a dhéanamh, de réir alt 56, ar inghlacthacht gearán, nó codanna de ghearáin, a mbeidh cinneadh déanta ag an gCláraitheoir ina leith go bhfuil siad neamh-inghlactha. | ||||||||||||||||||
(2) Is iad a bheidh ar an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin 3 chomhalta a cheapfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, a mbeidh 2 díobh ina gcomhaltaí ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach nó ina gcomhaltaí tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach agus a mbeidh duine amháin díobh ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
(3) Gach duine a cheapfar faoi fho-alt (2) chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin, fónfaidh sé nó sí mar chomhalta den Choiste ar feadh téarma, a shonrófar i scríbhinn tráth a cheaptha nó a ceaptha, nach lú ná bliain amháin agus nach faide ná 2 bhliain ó dháta a cheaptha nó a ceaptha. | |||||||||||||||||||
(4) Faoi réir fho-alt (5), maidir le comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin a rachaidh a théarma nó a téarma comhaltais in éag le himeacht aimsire, beidh sé nó sí in-athcheaptha chun an Choiste le haghaidh téarma eile, a shonrófar i scríbhinn tráth a athcheaptha nó a hathcheaptha, is téarma nach giorra ná bliain amháin agus nach faide ná 2 bhliain ó dháta a athcheaptha nó a hathcheaptha. | |||||||||||||||||||
(5) Ní bheidh comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma comhaltais incháilithe chun fónamh le haghaidh téarma eile mar chomhalta den Choiste seachas de réir fho-alt (6). | |||||||||||||||||||
(6) Maidir le comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin a mbeidh fónta aige nó aici ar feadh 2 théarma comhaltais, beidh sé nó sí in-athcheaptha chun an Choiste tar éis tréimhse 2 bhliain a bheith caite díreach tar éis dul in éag don téarma comhaltais is déanaí aige nó aici den Choiste. | |||||||||||||||||||
(7) Féadfaidh comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin éirí as a chomhaltas nó a comhaltas den Choiste le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Choiste um Iompar Breithiúnach nó arna chur chuige nó chuici. | |||||||||||||||||||
(8) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach comhalta ex officio eile den Choiste um Iompar Breithiúnach, comhalta tofa eile den Choiste um Iompar Breithiúnach nó comhalta tuata eile den Choiste um Iompar Breithiúnach, de réir mar is cuí, a cheapadh chun corrfholúntas a tharlóidh ar an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin faoi fho-alt (7) a líonadh agus beidh feidhm ag fo-alt (3) i ndáil le haon fholúntas den sórt sin a líonadh. | |||||||||||||||||||
(9) I gcás go scoirfidh comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Iompar Breithiúnach, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin. | |||||||||||||||||||
(10) I gcás go gceanglófar ar an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin ní a chinneadh, beidh aon vóta amháin ag gach comhalta den Choiste agus cinnfear an ní le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Choiste. | |||||||||||||||||||
(11) Faoi réir an Achta seo, féadfaidh an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin a nósanna imeachta féin a rialáil, lena n-áirítear nósanna imeachta a bhaineann le cruinnithe den Choiste a sheoladh. | |||||||||||||||||||
Athbhreithniú ar chinneadh go bhfuil gearán, nó cuid de ghearán, neamh-inghlactha |
56.(1) I gcás go gcinnfidh an Cláraitheoir faoi alt 53 go bhfuil gearán neamh-inghlactha, féadfaidh an gearánach athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg trí iarraidh i scríbhinn chuige sin a dhéanamh chuig an gCláraitheoir tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a gheobhaidh sé nó sí fógra i dtaobh an chinnidh sin. | ||||||||||||||||||
(2) I gcás go bhfaighidh an Cláraitheoir iarraidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh go bhfuil gearán neamh-inghlactha, déanfaidh an Cláraitheoir an gearán a tharchur chuig an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin agus tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann á rá go bhfuil an gearán tarchurtha amhlaidh. | |||||||||||||||||||
(3) Breithneoidh an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin gearán a tharchuirfear chuige faoi fho-alt (2) agus cinnfidh sé de réir fho-ailt (2) agus (3) d’alt 53 cibé acu atá nó nach bhfuil an gearán inghlactha go hiomlán nó go páirteach agus, má chinneann an Coiste sin nach bhfuil ach cuid den ghearán inghlactha, sainaithneoidh sé an chuid den ghearán atá inghlactha (a measfar, tar éis an chinnidh sin, gurb é an gearán chun críocha an Achta seo é). | |||||||||||||||||||
(4) I gcás gur deimhin leis an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin go mbeadh gearán, nó cuid de ghearán, inghlactha murach go ndearnadh é tar éis dul in éag don tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (1) nó (2), de réir mar is cuí, d’alt 51, déanfaidh an Coiste sin an gearán, nó an chuid sin den ghearán, a tharchur chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach lena chinneadh faoi fho-alt (3) den alt sin i dtaobh an cóir an tréimhse sin a fhadú agus, i gcás fadú den sórt sin, déileálfar leis an ngearán, nó leis an gcuid sin den ghearán, de réir alt 60. | |||||||||||||||||||
(5) Déanfaidh an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin fógra i scríbhinn i dtaobh a chinnidh faoi fho-alt (3), nó i dtaobh gearán, nó cuid de ghearán, de réir mar a bheidh, a bheith tarchurtha faoi fho-alt (4), agus i dtaobh na gcúiseanna atá leis an gcéanna, a thabhairt don Chláraitheoir. | |||||||||||||||||||
(6) Déanfaidh an Cláraitheoir, ar fhógra faoi fho-alt (5) a fháil ón gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin á rá go bhfuil gearán, nó cuid de ghearán, inghlactha nó i dtaobh gearán, nó cuid de ghearán, de réir mar a bheidh, a bheith tarchurtha faoi fho-alt (4), fógra i scríbhinn i dtaobh an chinnidh nó an tarchuir, de réir mar a bheidh, agus i dtaobh na gcúiseanna atá leis an gcéanna a thabhairt, a luaithe is indéanta dá éis sin, don ghearánach, don bhreitheamh lena mbaineann agus don Choiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
(7) Ar an gCláraitheoir d’fháil fógra faoi fho-alt (5) ón gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin á rá go bhfuil gearán neamh-inghlactha— | |||||||||||||||||||
(a) déanfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn i dtaobh chinneadh an Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin, agus i dtaobh na gcúiseanna atá leis, a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann, agus | |||||||||||||||||||
(b) ní dhéanfaidh sé nó sí aon ghníomh breise i ndáil leis an ngearán. | |||||||||||||||||||
(8) Beidh feidhm ag an alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le cuid de ghearán a mbeidh cinneadh déanta ina leith ag an gCláraitheoir faoi alt 53(4) go bhfuil sé neamh-inghlactha. | |||||||||||||||||||
Gearán atá faoi bhreithniú ag an gCláraitheoir nó ag an gCoiste um Athbhreithniú ar Ghearáin a tharraingt siar |
57.(1) I gcás go dtarraingeofar siar gearán le linn don Chláraitheoir é a bhreithniú faoi alt 53, féadfaidh an Cláraitheoir— | ||||||||||||||||||
(a) breith a thabhairt nach cóir aon ghníomh breise a dhéanamh i ndáil leis an ní is ábhar don ghearán, nó | |||||||||||||||||||
(b) an ní is ábhar don ghearán a tharchur chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach chun go dtabharfaidh an Coiste sin breith i dtaobh an ndéanfar nó nach ndéanfar imscrúdú a thionscnamh i ndáil leis faoi alt 59. | |||||||||||||||||||
(2) I gcás go dtarraingeofar siar gearán le linn don Choiste um Athbhreithniú ar Ghearáin é a bhreithniú faoi alt 56, féadfaidh an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin— | |||||||||||||||||||
(a) breith a thabhairt nach cóir aon ghníomh breise a dhéanamh i ndáil leis an ní is ábhar don ghearán, nó | |||||||||||||||||||
(b) an ní is ábhar don ghearán a tharchur chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach chun go dtabharfaidh an Coiste sin breith i dtaobh an ndéanfar nó nach ndéanfar imscrúdú a thionscnamh i ndáil leis faoi alt 59. | |||||||||||||||||||
(3)(a) I gcás go dtabharfaidh an Cláraitheoir breith de réir fho-alt (1) nach cóir aon ghníomh breise a dhéanamh i ndáil le gearán, ní dhéanfar aon ghníomh breise i ndáil leis an ngearán. | |||||||||||||||||||
(b) I gcás go dtabharfaidh an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin breith de réir fho-alt (2) nach cóir aon ghníomh breise a dhéanamh i ndáil le gearán, ní dhéanfar aon ghníomh breise i ndáil leis an ngearán. | |||||||||||||||||||
(4)(a) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis dó nó di breith a thabhairt nó tarchur a dhéanamh faoi fho-alt (1), fógra i scríbhinn ina thaobh sin a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(b) Tabharfaidh an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin fógra i dtaobh breith nó tarchur faoi fho-alt (2) don Chláraitheoir, agus déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i scríbhinn ina thaobh sin a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
Más amhlaidh go dtoilíonn an breitheamh lena mbaineann le hiomardú ón gCoiste um Iompar Breithiúnach sula ndéanfar gearán a imscrúdú |
58.(1) Féadfaidh an breitheamh lena mbaineann, aon tráth tar éis cinneadh a bheith déanta go bhfuil gearán ina leith inghlactha faoi alt 53 nó 56 agus sula ndéanfar painéal fiosrúcháin a cheapadh faoi alt 64(1) chun an gearán a imscrúdú, a chur in iúl don Choiste um Iompar Breithiúnach i scríbhinn go dtoilíonn sé nó sí le hiomardú a eisiúint chuige nó chuici i ndáil leis an ngearán. | ||||||||||||||||||
(2) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, ar an mbreitheamh lena mbaineann do chur in iúl dó faoi fho-alt (1) go dtoilíonn sé nó sí le hiomardú a eisiúint chuige nó chuici i ndáil leis an ngearán lena mbaineann, breithniú ar chineál, tromaíocht agus imthosca an ghearáin agus, más deimhin leis gur cuí déanamh amhlaidh ag féachaint do riaradh an cheartais, eiseoidh sé iomardú chuig an mbreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(3) Féadfar, le hiomardú an bhreithimh lena mbaineann faoi fho-alt (2), foráil a dhéanamh maidir le haon cheann amháin nó níos mó de na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (c) d’alt 76(5). | |||||||||||||||||||
(4) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis don Choiste um Iompar Breithiúnach iomardú a eisiúint chuig an mbreitheamh lena mbaineann faoi fho-alt (2), fógra i scríbhinn ina thaobh sin a thabhairt don ghearánach. | |||||||||||||||||||
Imscrúduithe ar mhí-iompar breithiúnach in éagmais gearáin nó tar éis gearán a tharraingt siar |
59.(1) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, in éagmais gearáin nó i gcás go dtarraingeofar siar gearán i leith breithimh, aon ní a bhaineann le hiompar breithimh a tharchur chuig painéal fiosrúcháin lena imscrúdú más rud é— | ||||||||||||||||||
(a) gur deimhin leis gurb ann d’fhianaise prima facie den bhreitheamh a bheith i mbun mí-iompar breithiúnach, agus | |||||||||||||||||||
(b) go measfaidh sé gur gá déanamh amhlaidh d’fhonn riaradh an cheartais a chosaint. | |||||||||||||||||||
(2) Maidir le forálacha na Coda seo a bhaineann le himscrúduithe agus tuarascálacha, beidh feidhm acu fairis na modhnuithe go léir is gá i ndáil le ní arna tharchur chuig painéal fiosrúcháin faoi fho-alt (1) amhail is dá mba ábhar do ghearán é an ní sin. | |||||||||||||||||||
(3) I gcás go dtarchuirfear ní chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (1) nó (2) d’alt 57 agus go dtabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach breith faoi fho-alt (1) den alt seo gan an ní is ábhar don ghearán a tharchur lena imscrúdú, ní dhéanfar aon ghníomh breise i ndáil leis an ní sin agus déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i scríbhinn i dtaobh na breithe sin a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh arb é a iompar nó a hiompar is ábhar don ghearán a tarraingíodh siar. | |||||||||||||||||||
(4) I gcás go dtarchuirfear ní chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (1) nó (2) d’alt 57 agus go dtabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach breith faoi fho-alt (1) den alt seo an ní a tharchur lena imscrúdú, déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i dtaobh na breithe sin a thabhairt don ghearánach. | |||||||||||||||||||
(5) I gcás go dtabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach breith faoi fho-alt (1) ní a tharchur lena imscrúdú, déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i scríbhinn ina thaobh sin a thabhairt don bhreitheamh a mbeidh a iompar nó a hiompar á imscrúdú agus sonraí an mhí-iompair bhreithiúnaigh líomhnaithe lena mbaineann a sholáthar dó nó di. | |||||||||||||||||||
Gearán a tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil nó trí imscrúdú |
60.(1) Aon uair a chinnfear gearán a bheith inghlactha faoi alt 53 nó 56, déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach— | ||||||||||||||||||
(a) an gearán a tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil faoi Chaibidil 4 más deimhin leis gur cuí déanamh amhlaidh, nó | |||||||||||||||||||
(b) an gearán a tharchur chuig painéal fiosrúcháin a cheapfar chun na críche sin faoi alt 64 lena imscrúdú. | |||||||||||||||||||
(2) I gcás go mbainfidh gearán le hiompar i ndáil le himeachtaí nach mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta orthu, féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, i gcás go measfaidh sé gur cuí déanamh amhlaidh, aon imscrúdú ar an ngearán faoin gCuid seo a chur ar atráth go dtí go ndéanfar na himeachtaí a chinneadh go críochnaitheach. | |||||||||||||||||||
(3) Aon uair a gheobhaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach tuarascáil faoi alt 63(1), breithneoidh sé an tuarascáil agus tarchuirfidh sé an gearán chuig painéal fiosrúcháin a cheapfar chun na críche sin faoi alt 64 lena imscrúdú. | |||||||||||||||||||
(4) Aon uair a gheobhaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach tuarascáil faoi alt 63(4), breithneoidh sé an tuarascáil agus féadfaidh sé, i gcás go measfaidh sé gur cuí déanamh amhlaidh, an gearán a tharchur chuig painéal fiosrúcháin a cheapfar chun na críche sin faoi alt 64 lena imscrúdú. | |||||||||||||||||||
(5) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis don Choiste um Iompar Breithiúnach aon fheidhm a chomhlíonadh i ndáil le gearán faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo, fógra i scríbhinn ina thaobh sin a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||
Gearáin a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil | |||||||||||||||||||
Gearán a tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil |
61.(1) I gcás go dtabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach breith faoi alt 60(1) gearán i leith an bhreithimh lena mbaineann a tharchur lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil, iarrfaidh sé i scríbhinn ar an mbreitheamh sainainmnithe nó ar na breithiúna sainainmnithe réiteach an ghearáin a ghabháil de láimh ar mhodh neamhfhoirmiúil de réir na Caibidle seo. | ||||||||||||||||||
(2) Féadfaidh an breitheamh sainainmnithe nó na breithiúna sainainmnithe, ar é nó í nó iad d’fháil iarraidh faoi fho-alt (1), 3 bhreitheamh ar a mhéid den chúirt ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann a cheapadh chun réiteach an ghearáin lena mbaineann a ghabháil de láimh ar mhodh neamhfhoirmiúil de réir na Caibidle seo thar ceann an bhreithimh shainainmnithe sin nó na mbreithiúna sainainmnithe sin, agus déanfaidh an breitheamh nó na breithiúna a cheapfar amhlaidh réiteach an ghearáin sin a ghabháil de láimh ar mhodh neamhfhoirmiúil dá réir sin. | |||||||||||||||||||
(3) Aon tagairtí sa Chaibidil seo (seachas san alt seo) don bhreitheamh sainainmnithe nó do na breithiúna sainainmnithe forléireofar iad, i gcás gearán arb ina leith a dhéanfar ceapachán nó ceapacháin faoi fho-alt (2), mar thagairtí don bhreitheamh nó do na breithiúna a cheapfar faoin bhfo-alt sin. | |||||||||||||||||||
Gearáin a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil |
62.(1) Ní thabharfar aon iarracht ar ghearán a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil de bhun na Caibidle seo gan toiliú an ghearánaigh agus an bhreithimh lena mbaineann. | ||||||||||||||||||
(2) Maidir le toiliú a thabharfaidh an breitheamh lena mbaineann leis an ngearán lena mbaineann a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil, ní mheasfar gurb ionann an toiliú sin a thabhairt agus aon líomhain arna déanamh sa ghearán sin i gcoinne an bhreithimh sin a admháil. | |||||||||||||||||||
(3) Faoi réir alt 63, maidir le freagra a thabharfaidh an gearánach nó an breitheamh lena mbaineann nó ráiteas a dhéanfaidh an gearánach nó an breitheamh lena mbaineann, agus iarracht á tabhairt ar ghearán a réiteach de bhun na Caibidle seo— | |||||||||||||||||||
(a) ní chuirfear i bhfios d’aon duine é seachas do na daoine a bheidh páirteach san iarracht ar an ngearán a réiteach, nó | |||||||||||||||||||
(b) ní bheidh sé inghlactha in aon imeachtaí araíonachta, sibhialta nó coiriúla. | |||||||||||||||||||
(4) Ní cuid de réiteach gearáin ar mhodh neamhfhoirmiúil de bhun na Caibidle seo aon chúiteamh airgid a íoc. | |||||||||||||||||||
Tuarascáil don Choiste um Iompar Breithiúnach ó bhreitheamh sainainmnithe nó ó bhreithiúna sainainmnithe |
63.(1) Más é tuairim an bhreithimh shainainmnithe nó na mbreithiúna sainainmnithe nach bhfuil gearán arna tharchur chuige, chuici nó chucu faoi alt 60(1)(a) oiriúnach lena réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil, déanfaidh sé, sí nó siad tuarascáil i scríbhinn ina sonrófar na cúiseanna leis an tuairim sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach. | ||||||||||||||||||
(2) Déanfaidh an breitheamh sainainmnithe nó na breithiúna sainainmnithe, i gcás gur deimhin leis, léi nó leo go bhfuil gearán a bheidh tarchurtha chuige, chuici nó chucu faoi alt 60(1)(a) réitithe ar mhodh neamhfhoirmiúil, tuarascáil i scríbhinn ina sonrófar sonraí i dtaobh réiteach an ghearáin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach, agus tabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach aird ar an tuarascáil agus ní dhéanfaidh sé aon ghníomh breise i ndáil leis an ngearán. | |||||||||||||||||||
(3) Tar éis don Choiste um Iompar Breithiúnach tuarascáil a fháil faoi fho-alt (2), cuirfidh an Cláraitheoir in iúl i scríbhinn don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann nach ndéanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, de dheasca an gearán lena mbaineann a bheith réitithe de bhun na Caibidle seo, aon ghníomh breise i ndáil leis an ngearán sin. | |||||||||||||||||||
(4) Déanfaidh an breitheamh sainainmnithe nó na breithiúna sainainmnithe, i gcás nach mbeidh gearán a bheidh tarchurtha chuige, chuici nó chucu faoi alt 60(1)(a) réitithe ar mhodh neamhfhoirmiúil, tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach ina sonrófar na nithe seo a leanas: | |||||||||||||||||||
(a) sonraí faoin ngearán; | |||||||||||||||||||
(b) na cúiseanna, i dtuairim an bhreithimh shainainmnithe nó na mbreithiúna sainainmnithe, nár réitíodh an gearán ar mhodh neamhfhoirmiúil. | |||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||
Gearáin a imscrúdú | |||||||||||||||||||
An Coiste um Iompar Breithiúnach do tharchur gearáin chuig painéal fiosrúcháin |
64.(1) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, i gcás go dtabharfaidh sé breith gearán a tharchur chuig painéal fiosrúcháin faoi fho-alt (1)(b), (3) nó (4) d’alt 60, painéal fiosrúcháin a cheapadh chun an gearán a imscrúdú. | ||||||||||||||||||
(2) I bhfógra faoi fho-alt (5) d’alt 60 (seachas fógra i dtaobh breith faoi fho-alt (1)(a) nó (2) den alt sin) arna thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann, cuirfear in iúl dó nó di— | |||||||||||||||||||
(a) gur tarchuireadh gearán chuig painéal fiosrúcháin lena imscrúdú, | |||||||||||||||||||
(b) sonraí an ghearáin, lena n-áirítear aon fhianaise a bheidh mar thaca leis an ngearán, agus | |||||||||||||||||||
(c) gurb amhlaidh, má sheolann an painéal fiosrúcháin éisteacht i dtaca leis an imscrúdú ar an ngearán, go mbeidh sé nó sí i dteideal— | |||||||||||||||||||
(i) cibé acu i bpearsa nó trína ionadaí nó trína hionadaí, freastal ar an éisteacht agus é féin nó í féin a chosaint ag an éisteacht, agus | |||||||||||||||||||
(ii) a iarraidh— | |||||||||||||||||||
(I) i gcás nach dtabharfar treorú ar bith faoi alt 68(5), go ndéanfar cuid den éisteacht nó an éisteacht go léir a sheoladh ar shlí seachas go poiblí, nó | |||||||||||||||||||
(II) i gcás go dtabharfar treorú faoi alt 68(5), arb é is éifeacht leis go ndéanfar cuid den éisteacht a sheoladh go poiblí, go ndéanfar an chuid sin a sheoladh ar shlí seachas go poiblí. | |||||||||||||||||||
(3) I bhfógra faoi fho-alt (5) d’alt 60 (seachas fógra i dtaobh breith faoi fho-alt (1)(a) nó (2) den fho-alt sin) arna thabhairt don ghearánach, cuirfear in iúl dó nó di gurb amhlaidh, má sheolann an painéal fiosrúcháin éisteacht i dtaca leis an imscrúdú ar an ngearán, go mbeidh sé nó sí i dteideal a iarraidh— | |||||||||||||||||||
(a) i gcás nach dtabharfar treorú ar bith faoi alt 68(5), go ndéanfar cuid den éisteacht nó an éisteacht go léir a sheoladh ar shlí seachas go poiblí, nó | |||||||||||||||||||
(b) i gcás go dtabharfar treorú faoi alt 68(5), arb é is éifeacht leis go ndéanfar cuid den éisteacht a sheoladh go poiblí, go ndéanfar an chuid sin a sheoladh ar shlí seachas go poiblí. | |||||||||||||||||||
(4) Ní ghéillfidh an Coiste um Iompar Breithiúnach d’iarraidh faoi fho-alt (2)(c)(ii) nó (3) i gcás nach mbeidh cúis réasúnach leordhóthanach léi. | |||||||||||||||||||
Moltaí maidir le comhaltaí tuata de phainéil fiosrúcháin a ainmniú |
65.(1) Iarrfaidh an Rialtas ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí próiseas roghnóireachta a ghabháil de láimh chun daoine a shainaithint agus a mholadh don Rialtas, is daoine ar deimhin léi a bheith oiriúnach lena gceapadh chun bheith ina gcomhaltaí tuata de phainéil fiosrúcháin agus, dá réir sin, comhlíonfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an iarraidh sin agus déanfaidh sí, tar éis próiseas roghnóireachta den sórt sin a sheoladh, moladh a chur faoi bhráid an Rialtais i leith daoine a bhí páirteach sa phróiseas sin agus ar deimhin léi amhlaidh i ndáil leo. | ||||||||||||||||||
(2) Faoi réir fho-alt (3) agus alt 66(3), déanfaidh an tAire na critéir agus na nósanna imeachta roghnóireachta a mbeidh feidhm acu maidir le próiseas roghnóireachta faoin alt seo a chomhaontú leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. | |||||||||||||||||||
(3) D’fhonn moladh a dhéanamh faoin alt seo, beidh aird ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar a inmhianaithe atá sé go mbeidh eolas agus taithí ag comhaltaí tuata de phainéal fiosrúcháin, eatarthu, ar an oiread is féidir de na nithe seo a leanas: | |||||||||||||||||||
(a) caighdeáin a chothabháil i ngairmeacha atá á rialáil ag comhlacht reachtúil nó comhlacht eile; | |||||||||||||||||||
(b) déileáil le gearáin a dhéantar i gcoinne comhaltaí de na gairmeacha sin; | |||||||||||||||||||
(c) idirghabháil nó sásraí eile chun réiteach malartach a fháil ar dhíospóidí; | |||||||||||||||||||
(d) riaradh an cheartais; | |||||||||||||||||||
(e) seirbhísí a bhainistiú agus a sholáthar do dhaoine den phobal. | |||||||||||||||||||
(4) Faoi réir fho-alt (3), ní dhéanfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí moladh faoin alt seo i leith duine mura deimhin léi go bhfuil ag an duine cibé taithí, cáilíochtaí, oiliúint nó saineolas iomchuí is cuí, ag féachaint d’fheidhmeanna painéil fiosrúcháin, a d’fhágfadh go mbeadh sé nó sí oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata de phainéal fiosrúcháin. | |||||||||||||||||||
(5) Soláthróidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí sonraí don Rialtas maidir leis an taithí, na cáilíochtaí, an oiliúint agus an saineolas atá ag gach duine a mbeidh moladh déanta aici ina leith faoin alt seo. | |||||||||||||||||||
Comhaltaí tuata de phainéil fiosrúcháin a ainmniú lena gceapadh |
66.(1) Déanfaidh an Rialtas, ó am go ham, 7 nduine ar a laghad agus 12 dhuine ar a mhéid a ainmniú, as measc daoine arb ina leith a bheidh moladh déanta faoi alt 65, lena gceapadh ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 67(1)(b) chun bheith ina gcomhaltaí tuata de phainéil fiosrúcháin. | ||||||||||||||||||
(2) Féachfaidh an Rialtas, sa mhéid gurb indéanta é agus ag féachaint do thaithí iomchuí, lena chinntiú gur mná a bheidh i 40 faoin gcéad ar a laghad de na daoine a ainmneofar faoi fho-alt (1). | |||||||||||||||||||
(3) Ní bheidh duine inainmnithe faoi fho-alt (1), nó incheaptha faoi alt 67, chun bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata de phainéal fiosrúcháin— | |||||||||||||||||||
(a) más comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil an duine, | |||||||||||||||||||
(b) más rud é, i gcás duine ar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil é nó í agus a scoir de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, nach mbeidh tréimhse 5 bliana caite fós ó bhí sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin, den Pharlaimint sin nó d’údarás áitiúil, | |||||||||||||||||||
(c) más breitheamh nó iarbhreitheamh an duine, | |||||||||||||||||||
(d) más breitheamh nó iarbhreitheamh an duine— | |||||||||||||||||||
(i) de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, | |||||||||||||||||||
(ii) de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, | |||||||||||||||||||
(iii) den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, | |||||||||||||||||||
(iv) den Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, | |||||||||||||||||||
(v) den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, nó | |||||||||||||||||||
(vi) de bhinse idirnáisiúnta, | |||||||||||||||||||
(e) más Abhcóide Ginearálta nó iarAbhcóide Ginearálta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an duine, | |||||||||||||||||||
(f) más comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach an duine, | |||||||||||||||||||
(g) más abhcóide nó aturnae cleachtach an duine, | |||||||||||||||||||
(h) más rud é, i gcás duine arbh abhcóide nó aturnae cleachtach é nó í agus a scoir de bheith ina abhcóide nó ina habhcóide cleachtach nó ina aturnae nó ina haturnae cleachtach, nach mbeidh tréimhse 5 bliana caite ón dáta is déanaí a bhí sé nó sí ag cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae, nó | |||||||||||||||||||
(i) más státseirbhíseach an duine. | |||||||||||||||||||
(4) Más rud é, maidir le comhalta tuata de phainéal fiosrúcháin— | |||||||||||||||||||
(a) go n-ainmneofar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Sheanad Éireann, | |||||||||||||||||||
(b) go dtoghfar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa, | |||||||||||||||||||
(c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa, | |||||||||||||||||||
(d) go dtoghfar nó go gcomhthoghfar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’údarás áitiúil, | |||||||||||||||||||
(e) go gceapfar é nó í chun bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh— | |||||||||||||||||||
(i) de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, | |||||||||||||||||||
(ii) de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, | |||||||||||||||||||
(iii) den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, | |||||||||||||||||||
(iv) den Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, | |||||||||||||||||||
(v) den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, nó | |||||||||||||||||||
(vi) de bhinse idirnáisiúnta, | |||||||||||||||||||
(f) go gceapfar é nó í chun bheith ina Abhcóide Ginearálta nó ina hAbhcóide Ginearálta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, | |||||||||||||||||||
(g) go gceapfar é nó í chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste um Iompar Breithiúnach, | |||||||||||||||||||
(h) go dtosóidh sé nó sí ag cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae, nó | |||||||||||||||||||
(i) go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina státseirbhíseach, | |||||||||||||||||||
scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den phainéal fiosrúcháin. | |||||||||||||||||||
(5) Féadfaidh duine a ainmneofar faoi fho-alt (1), le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Choiste um Iompar Breithiúnach nó arna chur chuige nó chuici, a chur in iúl nach mian leis nó léi a thuilleadh go ndéanfaí breithniú maidir lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gCoiste sin faoi alt 67(1)(b) chun painéal fiosrúcháin agus, an tráth a gheobhaidh cathaoirleach an Choiste sin an fógra sin, scoirfidh an t-ainmniúchán faoi fho-alt (1) i leith an duine sin d’éifeacht a bheith leis. | |||||||||||||||||||
(6) Déanfaidh cathaoirleach an Choiste um Iompar Breithiúnach aon fhógra a gheobhaidh sé nó sí faoi fho-alt (5) a chur in iúl don Aire. | |||||||||||||||||||
Comhaltaí de phainéal fiosrúcháin a cheapadh |
67.(1) Ceapfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach 3 dhuine chun bheith ina gcomhaltaí de phainéal fiosrúcháin chun críocha na Caibidle seo, eadhon— | ||||||||||||||||||
(a) beirt bhreithiúna (seachas comhalta ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach nó comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach), a mbeidh duine amháin díobh ina bhreitheamh nó ina breitheamh den chúirt ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann agus a mbeidh an duine eile díobh ina bhreitheamh nó ina breitheamh de chúirt eile, agus | |||||||||||||||||||
(b) comhalta tuata amháin arna ainmniú nó arna hainmniú faoi alt 66. | |||||||||||||||||||
(2) Ceapfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach comhalta amháin de phainéal fiosrúcháin arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (1) chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach air. | |||||||||||||||||||
(3) Chun críocha fho-alt (1)(a), más rud é, maidir leis an mbreitheamh lena mbaineann a mbeidh a iompar nó a hiompar á imscrúdú— | |||||||||||||||||||
(a) gurb é Uachtarán na Cúirte Achomhairc é nó gurb í Uachtarán na Cúirte Achomhairc í, measfar gur breitheamh den Chúirt Uachtarach é nó í, | |||||||||||||||||||
(b) gurb é Uachtarán na hArd-Chúirte é nó gurb í Uachtarán na hArd-Chúirte í, measfar gur breitheamh den Chúirt Achomhairc é nó í, | |||||||||||||||||||
(c) gurb é Uachtarán na Cúirte Cuarda é nó gurb í Uachtarán na Cúirte Cuarda í, measfar gur breitheamh den Ard-Chúirt é nó í, nó | |||||||||||||||||||
(d) gurb é Uachtarán na Cúirte Dúiche é nó gurb í Uachtarán na Cúirte Dúiche í, measfar gur breitheamh den Chúirt Chuarda é nó í. | |||||||||||||||||||
(4) Féadfaidh comhalta de phainéal fiosrúcháin arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (1) éirí as an bpainéal fiosrúcháin le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chathaoirleach an Choiste um Iompar Breithiúnach nó arna chur chuige nó chuici, agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá ar a bhfaighidh cathaoirleach an Choiste an fógra, ach ní choiscfidh éirí as den sórt sin, as féin, é nó í a cheapadh chun painéal fiosrúcháin eile, nó é nó í do leanúint de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de phainéal fiosrúcháin eile. | |||||||||||||||||||
(5)(a) Maidir le comhalta de phainéal fiosrúcháin arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (1)(a), tráth a cheapacháin nó a ceapacháin chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, i gcás gur bhreitheamh é nó í den chúirt ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann agus go scoirfidh sé nó sí dá éis sin de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh den chúirt sin, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den phainéal fiosrúcháin. | |||||||||||||||||||
(b) I gcás go scoirfidh comhalta de phainéal fiosrúcháin arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (1)(a) de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh, scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den phainéal fiosrúcháin. | |||||||||||||||||||
(6) Más rud é go n-éireoidh comhalta de phainéal fiosrúcháin as nó go scoirfidh sé nó sí ar shlí eile de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de phainéal fiosrúcháin, féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach— | |||||||||||||||||||
(a) má bhí an comhalta ina bhreitheamh nó ina breitheamh den chúirt ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann, breitheamh den chúirt sin a cheapadh, | |||||||||||||||||||
(b) má bhí an comhalta ina bhreitheamh nó ina breitheamh de chúirt seachas an chúirt ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann, breitheamh a cheapadh is breitheamh de chúirt seachas an chúirt is déanaí a luaitear ach a bhféadfaidh sé gur breitheamh de chúirt seachas an chúirt is túisce a luaitear é nó í, nó | |||||||||||||||||||
(c) má bhí an comhalta ina chomhalta tuata nó ina comhalta tuata den phainéal fiosrúcháin, duine a bheidh arna ainmniú nó arna hainmniú de thuras na huaire faoi alt 66 a cheapadh, | |||||||||||||||||||
in ionad chomhalta an phainéil fiosrúcháin a d’éirigh as nó a scoir ar shlí eile de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de. | |||||||||||||||||||
(7) Gníomhóidh comhalta d’fhoireann na Comhairle (seachas an Cláraitheoir), arna ainmniú nó arna hainmniú ag cathaoirleach an Choiste um Iompar Breithiúnach, mar chláraitheoir do phainéal fiosrúcháin (dá ngairtear “cláraitheoir do phainéal fiosrúcháin” san Acht seo). | |||||||||||||||||||
Imscrúdú a sheoladh |
68.(1) Déanfaidh painéal fiosrúcháin, de réir an ailt seo, gearán a tharchuirfear chuige faoi alt 60 a imscrúdú. | ||||||||||||||||||
(2) D’fhonn imscrúdú a dhéanamh ar ghearán faoin alt seo, féadfaidh painéal fiosrúcháin cibé faisnéis nó doiciméid a lorg is faisnéis nó doiciméid a bhaineann leis an ngearán agus a mheasfaidh sé is cuí. | |||||||||||||||||||
(3) Féadfaidh painéal fiosrúcháin éisteacht a sheoladh i dtaca lena imscrúdú ar ghearán. | |||||||||||||||||||
(4) Déanfaidh an cláraitheoir do phainéal fiosrúcháin fógra i scríbhinn a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus don ghearánach i dtaobh dáta, am nó áit aon éisteachta faoi fho-alt (3) in am trátha chun go n-ullmhóidh an breitheamh lena mbaineann agus an gearánach le haghaidh na héisteachta. | |||||||||||||||||||
(5) Is go poiblí a sheolfar éisteacht gearáin os comhair painéal fiosrúcháin mura dtreoróidh an Coiste um Iompar Breithiúnach gur cóir, d’fhonn riaradh an cheartais a chosaint, an éisteacht a sheoladh go hiomlán nó go páirteach ar shlí seachas go poiblí. | |||||||||||||||||||
(6) Ag éisteacht gearáin os comhair painéal fiosrúcháin— | |||||||||||||||||||
(a) déanfaidh an cláraitheoir don phainéal fiosrúcháin sonraí faoin ngearán a chur i láthair, | |||||||||||||||||||
(b) is faoi mhionn a thabharfar teist finnéithe a bheidh ag freastal ar an éisteacht, agus | |||||||||||||||||||
(c) beidh ceart ann finnéithe a chroscheistiú agus fianaise a ghlaoch mar chosaint agus mar fhreagra. | |||||||||||||||||||
(7) Féadfaidh aon chomhalta de phainéal fiosrúcháin a mbeidh gearán á imscrúdú aige nó aici, nó an cláraitheoir don phainéal fiosrúcháin, duine a chur faoi mhionn d’fhonn imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán. | |||||||||||||||||||
Cumhachtaí agus cosaintí a bhaineann le finnéithe agus le fianaise |
69.(1) D’fhonn imscrúdú a dhéanamh ar ghearán faoin gCaibidil seo, beidh ag painéal fiosrúcháin na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí go léir a bhíonn dílsithe don Ard-Chúirt nó do bhreitheamh den Ard-Chúirt ar chaingean a éisteacht agus a bhaineann leis na nithe seo a leanas— | ||||||||||||||||||
(a) tabhairt ar fhinnéithe freastal a dhéanamh, | |||||||||||||||||||
(b) finnéithe a cheistiú faoi mhionn nó ar shlí eile, agus | |||||||||||||||||||
(c) iallach a chur go ndéanfaí taifid a thabhairt ar aird (lena n-áirítear a fhollasú), lena n-áirítear taifead ar imeachtaí i gcúirt nó athscríbhinn de thaifead den sórt sin. | |||||||||||||||||||
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar toghairm arna heisiúint thar ceann painéal fiosrúcháin ag cathaoirleach an phainéil fiosrúcháin nó ag cibé comhalta eile den phainéal fiosrúcháin a bheidh údaraithe ag an bpainéal fiosrúcháin chun na críche sin a chur in ionad aon phróis fhoirmiúil, agus beidh sí comhionann le haon phróis fhoirmiúil, is ineisithe i gcaingean chun tabhairt ar fhinnéithe freastal a dhéanamh agus chun iallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird. | |||||||||||||||||||
(3) Faoi réir aon nósanna imeachta a bheidh i bhfeidhm agus an ghá atá le nósanna imeachta córa a urramú, féadfaidh painéal fiosrúcháin na nithe seo a leanas a fháil— | |||||||||||||||||||
(a) fianaise ó bhéal a thabharfar os comhair an phainéil fiosrúcháin, | |||||||||||||||||||
(b) fianaise le mionnscríbhinn, nó | |||||||||||||||||||
(c) fianaise ar cibé modh (lena n-áirítear trí nasc físe beo, fístaifeadadh, fuaimthaifeadadh nó aon mhodh tarchurtha eile) a údarófar le nósanna imeachta a bheidh sonraithe faoi alt 52. | |||||||||||||||||||
(4) Beidh duine ciontach i gcion más rud é— | |||||||||||||||||||
(a) go mainneoidh sé nó sí gan leithscéal réasúnach déanamh de réir toghairm a eiseoidh painéal fiosrúcháin nó freastal os comhair painéal fiosrúcháin ag an am agus san áit a bheidh sonraithe sa toghairm, | |||||||||||||||||||
(b) le linn dó nó di freastal mar fhinné os comhair painéal fiosrúcháin go ndiúltóidh sé nó sí— | |||||||||||||||||||
(i) mionn a ghlacadh a cheanglóidh an painéal fiosrúcháin air nó uirthi go dlíthiúil a ghlacadh, | |||||||||||||||||||
(ii) aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheidh faoi chumhacht nó faoi rialú an duine agus a gceanglóidh an painéal fiosrúcháin ar an duine go dlíthiúil é a thabhairt ar aird, nó | |||||||||||||||||||
(iii) freagra a thabhairt ar aon cheist a gceanglóidh an painéal fiosrúcháin ar an duine go dlíthiúil freagra a thabhairt uirthi, | |||||||||||||||||||
(c) go ndéanfaidh sé nó sí, le linn dó nó di freastal os comhair painéal fiosrúcháin, aon ní ar dhíspeagadh cúirte é dá mba chúirt dlí an painéal fiosrúcháin agus cumhacht aici pionós a ghearradh mar gheall ar dhíspeagadh, nó | |||||||||||||||||||
(d) go dtabharfaidh sé nó sí fianaise os comhair painéal fiosrúcháin ar chion an mhionnaithe éithigh a bheadh ann dá mba rud é go mbeadh an fhianaise tugtha ag an duine in imeachtaí os comhair cúirte. | |||||||||||||||||||
(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi mhír (a), (b) nó (c) d’fho-alt (4), dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A a chur air nó uirthi. | |||||||||||||||||||
(6) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (4)(d), dlífear— | |||||||||||||||||||
(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, cibé fíneáil nó cibé téarma príosúnachta, a dhlífí a chur air nó uirthi dá mba rud é gur ciontaíodh é nó í go hachomair i gcion an mhionnaithe éithigh, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |||||||||||||||||||
(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, cibé fíneáil nó cibé téarma príosúnachta, a dhlífí a chur air nó uirthi dá mba rud é gur ciontaíodh é nó í ar díotáil i gcion an mhionnaithe éithigh, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |||||||||||||||||||
(7) San alt seo— | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “taifead ar imeachtaí i gcúirt” taifead comhaimseartha ar imeachtaí i gcúirt arna dhéanamh, de réir rialacha cúirte, ar aon mhodh, lena n-áirítear aon fhuaimthaifeadadh nó taifeadadh eile is féidir a atáirgeadh i bhfoirm inléite, inchloiste nó in amharcfhoirm; | |||||||||||||||||||
ciallaíonn “athscríbhinn”, i ndáil le taifead ar imeachtaí i gcúirt, athscríbhinn den taifead ar na himeachtaí sin a dhéanann duine arna cheapadh nó arna ceapadh ag an tSeirbhís Chúirteanna chun na críche sin de réir rialacha cúirte. | |||||||||||||||||||
An gearánach do mhainneachtain nó do dhiúltú comhoibriú le painéal fiosrúcháin |
70.(1) Más rud é, aon tráth i gcúrsa imscrúdaithe, go mbreithneoidh painéal fiosrúcháin, a mbeidh imscrúdú á dhéanamh aige ar ghearán faoin gCaibidil seo, gur mhainnigh nó gur dhiúltaigh an gearánach iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun comhoibriú leis an imscrúdú, déanfaidh an painéal fiosrúcháin tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach maidir leis an mainneachtain nó an diúltú sin comhoibriú leis an imscrúdú agus féadfaidh sé a imscrúdú a fhionraí, go dtí go bhfaighfear treorú ón gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (2). | ||||||||||||||||||
(2) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar thuarascáil a bheidh faighte aige faoi fho-alt (1), treorú a thabhairt don phainéal fiosrúcháin— | |||||||||||||||||||
(a) leanúint den imscrúdú lena mbaineann an tuarascáil, nó | |||||||||||||||||||
(b) deireadh a chur leis an imscrúdú sin. | |||||||||||||||||||
(3) I gcás go dtreoróidh an Coiste um Iompar Breithiúnach do phainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (2) gan leanúint den imscrúdú ar ghearán— | |||||||||||||||||||
(a) measfar an gearán a bheith tarraingthe siar ag an ngearánach agus ní dhéanfar aon ghníomh breise i ndáil leis, agus | |||||||||||||||||||
(b) tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn ina thaobh don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
An breitheamh lena mbaineann do mhainneachtain nó do dhiúltú comhoibriú le painéal fiosrúcháin |
71.(1) I gcás go mainneoidh nó go ndiúltóidh an breitheamh lena mbaineann, gan leithscéal réasúnach, comhoibriú le himscrúdú ar ghearán faoin gCaibidil seo, féadfaidh an painéal fiosrúcháin, más cuí leis sna himthosca go léir, breith a thabhairt gan leanúint den imscrúdú. | ||||||||||||||||||
(2) I gcás nach leanfar d’imscrúdú faoi fho-alt (1), déanfaidh an painéal fiosrúcháin tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach ina leagfar amach na himthosca a bhaineann leis an mbreitheamh lena mbaineann do mhainneachtain nó do dhiúltú comhoibriú agus— | |||||||||||||||||||
(a) molfaidh sé iomardú a eisiúint chuig an mbreitheamh lena mbaineann maidir leis nó léi do mhainneachtain nó do dhiúltú comhoibriú, agus | |||||||||||||||||||
(b) déanfaidh sé cibé moltaí a mheasfaidh an painéal fiosrúcháin is gá d’fhonn riaradh an cheartais a chosaint. | |||||||||||||||||||
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2)— | |||||||||||||||||||
(a) déanfar foráil le moladh faoi mhír (a) den fho-alt sin maidir le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas: | |||||||||||||||||||
(i) comhairle a eisiúint chuig an mbreitheamh lena mbaineann; | |||||||||||||||||||
(ii) moladh a dhéanamh don bhreitheamh lena mbaineann maidir le gníomh a bheidh le déanamh ag an mbreitheamh sin, lena n-áirítear go bhfreastalóidh sé nó sí ar chúrsa nó oiliúint de chineál sonraithe; | |||||||||||||||||||
(iii) rabhadh a eisiúint chuig an mbreitheamh lena mbaineann, | |||||||||||||||||||
agus | |||||||||||||||||||
(b) féadfar moladh lena mbaineann alt 76(6) a áireamh i moladh faoi mhír (b) den fho-alt sin. | |||||||||||||||||||
(4) Beidh feidhm ag ailt 77 agus 78, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le tuarascáil ó phainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (2) mar atá feidhm acu maidir le tuarascáil eatramhach nó tuarascáil chríochnaitheach ó phainéal fiosrúcháin dá dtagraítear sna hailt sin. | |||||||||||||||||||
(5) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach an tuarascáil a bheidh faighte ón bpainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (2) a bhreithniú agus déanfaidh sé cibé cinneadh is cuí leis i ndáil leis an imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann agus, le linn dó déanamh amhlaidh, féadfaidh sé glacadh, fara modhnú nó gan mhodhnú, le haon mholadh atá sa tuarascáil, nó diúltú dó. | |||||||||||||||||||
(6) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis don Choiste um Iompar Breithiúnach cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (5), fógra i scríbhinn a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus don ghearánach— | |||||||||||||||||||
(a) maidir le cinneadh an Choiste um Iompar Breithiúnach, agus | |||||||||||||||||||
(b) maidir leis na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin. | |||||||||||||||||||
Ní a bhaineann le sláinte breithimh a bheith os comhair painéal fiosrúcháin |
72.(1) Más rud é, i gcúrsa imscrúdú ag painéal fiosrúcháin faoin gCaibidil seo, go dtiocfaidh an painéal fiosrúcháin ar an tuairim go bhféadfaidh an t-iompar is ábhar don ghearán atá faoi imscrúdú a bheith bainteach le sláinte (cibé acu coirp nó meabhrach) an bhreithimh lena mbaineann, déanfaidh an painéal fiosrúcháin, tar éis dó deis a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar an ní, tuarascáil i scríbhinn ina luafar an tuairim sin agus na cúiseanna atá léi, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach. | ||||||||||||||||||
(2) I gcás go gcuirfidh an breitheamh lena mbaineann in iúl don phainéal fiosrúcháin go bhfuil bearta déanta nó á ndéanamh aige nó aici chun aghaidh a thabhairt ar an ní a bhaineann lena shláinte nó lena sláinte dá dtagraítear i bhfo-alt (1), sonróidh an painéal fiosrúcháin na bearta sin ina thuarascáil faoin bhfo-alt sin. | |||||||||||||||||||
(3) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, ar thuarascáil a fháil faoi fho-alt (1), a luaithe is indéanta dá éis sin— | |||||||||||||||||||
(a) i gcás gur gnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach an breitheamh lena mbaineann, an tuarascáil a chur faoi bhráid an Phríomh-Bhreithimh, | |||||||||||||||||||
(b) i gcás gur gnáthbhreitheamh den Chúirt Achomhairc, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda nó sainbhreitheamh den Chúirt Chuarda nó breitheamh den Chúirt Dúiche seachas Uachtarán na Cúirte sin an breitheamh lena mbaineann, an tuarascáil a chur faoi bhráid Uachtarán na Cúirte ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann, | |||||||||||||||||||
(c) i gcás gurb é nó gurb í Uachtarán na Cúirte Achomhairc, Uachtarán na hArd-Chúirte, Uachtarán na Cúirte Cuarda nó Uachtarán na Cúirte Dúiche an breitheamh lena mbaineann, an tuarascáil a chur faoi bhráid an Phríomh-Bhreithimh, nó | |||||||||||||||||||
(d) i gcás gurb é nó gurb í an Príomh-Bhreitheamh an breitheamh lena mbaineann, an tuarascáil a chur faoi bhráid Uachtarán na Cúirte Achomhairc, Uachtarán na hArd-Chúirte, Uachtarán na Cúirte Cuarda agus Uachtarán na Cúirte Dúiche. | |||||||||||||||||||
(4) Sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (2), ní leanfar den imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann agus tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn ina thaobh sin don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(5) I gcás go ndéanfaidh painéal fiosrúcháin tuarascáil faoi fho-alt (1) agus nach mbeidh feidhm ag na himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (2), cuirfidh sé an t-imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann ar atráth agus déanfaidh an cláraitheoir don phainéal fiosrúcháin fógra i scríbhinn i dtaobh é a bheith curtha ar atráth a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(6) Seachas sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (2), i gcás go bhfaighidh an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na Cúirte Achomhairc, Uachtarán na hArd-Chúirte, Uachtarán na Cúirte Cuarda nó Uachtarán na Cúirte Dúiche tuarascáil faoi fho-alt (3), féadfaidh sé, sí nó siad, de réir mar a bheidh— | |||||||||||||||||||
(a) a mholadh don bhreitheamh lena mbaineann— | |||||||||||||||||||
(i) go bhfaighidh sé nó sí cúnamh liachta nó cúnamh sonraithe eile, nó | |||||||||||||||||||
(ii) go ndéanfaidh sé nó sí cibé bearta eile is cuí leis an mbreitheamh nó leis na breithiúna ag a mbeidh an tuarascáil faighte, | |||||||||||||||||||
agus | |||||||||||||||||||
(b) tuarascáil i ndáil le déanamh an mholta faoi mhír (a) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
(7) I gcás go ndéanfaidh breitheamh, dá mbeidh moladh déanta faoi fho-alt (6)(a), de réir an mholta, ní leanfar den imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann agus tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn ina thaobh sin don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(8) I gcás nach ndéanfaidh breitheamh, dá mbeidh moladh déanta faoi fho-alt (6)(a), de réir an mholta, déanfaidh an breitheamh nó na breithiúna a rinne an moladh tuarascáil i ndáil leis an mbreitheamh gan a bheith ag déanamh de réir an mholta sin, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
(9) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, ar thuarascáil faoi fho-alt (8) a fháil, a threorú don phainéal fiosrúcháin leanúint den imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(10) I gcás go dtabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach treorú faoi fho-alt (9), tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn ina thaobh sin don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
Más amhlaidh go dtoilíonn an breitheamh lena mbaineann le hiomardú ón gCoiste um Iompar Breithiúnach sula mbeidh imscrúdú tugtha chun críche |
73.(1) Más rud é, sula ndéanfaidh painéal fiosrúcháin imscrúdú ar ghearán, nó le linn do phainéal fiosrúcháin imscrúdú a dhéanamh ar ghearán, faoin gCaibidil seo, go gcuirfidh an breitheamh lena mbaineann in iúl don phainéal fiosrúcháin go bhfuil sé nó sí, i ndáil leis an ngearán, ag toiliú le hiomardú a eisiúint chuige nó chuici, féadfaidh an painéal fiosrúcháin, más cuí leis é ag féachaint do chineál, tromaíocht agus imthosca an ghearáin agus don ghá atá ann riaradh an cheartais a chosaint— | ||||||||||||||||||
(a) an t-imscrúdú ar an ngearán a chur ar atráth de réir alt 75, agus | |||||||||||||||||||
(b) tuarascáil i ndáil leis an ngearán a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
(2) Beidh feidhm ag alt 76 i ndáil le tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), fara aon mhodhnuithe is gá, d’ainneoin nach bhfuil imscrúdú ar ghearán lena mbaineann an t-alt seo tugtha chun críche. | |||||||||||||||||||
Gearán a tharraingt siar le linn do phainéal fiosrúcháin é a imscrúdú |
74.(1) I gcás go ndéanfaidh an gearánach gearán a tharraingt siar i gcúrsa imscrúdú faoin gCaibidil seo, féadfaidh an painéal fiosrúcháin a cheapfar chun an t-imscrúdú a sheoladh, le toiliú an Choiste um Iompar Breithiúnach— | ||||||||||||||||||
(a) breith a thabhairt nach cóir aon ghníomh breise a dhéanamh i ndáil leis an ngearán, nó | |||||||||||||||||||
(b) breith a thabhairt dul ar aghaidh leis an imscrúdú amhail is nár tarraingíodh siar an gearán. | |||||||||||||||||||
(2) I gcás go dtabharfaidh painéal fiosrúcháin breith faoi fho-alt (1)(b), leanfaidh an painéal fiosrúcháin den imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann amhail is nár tarraingíodh siar an gearán sin agus measfar gur tionscnaíodh an t-imscrúdú sin faoi alt 59 agus déileálfar leis chun gach críche mar imscrúdú a tionscnaíodh amhlaidh. | |||||||||||||||||||
(3) Déanfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn i dtaobh breith faoi fho-alt (1) a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann a luaithe is indéanta tar éis an bhreith a thabhairt. | |||||||||||||||||||
Painéal fiosrúcháin do chur imscrúdú ar ghearán ar atráth |
75.(1) Féadfaidh painéal fiosrúcháin imscrúdú ar ghearán faoin gCaibidil seo a chur ar atráth aon tráth i gcúrsa an imscrúdaithe más dealraitheach don phainéal fiosrúcháin gur cuí déanamh amhlaidh. | ||||||||||||||||||
(2) I gcás go ndéanfaidh painéal fiosrúcháin imscrúdú ar ghearán a chur ar atráth faoi fho-alt (1), féadfaidh sé— | |||||||||||||||||||
(a) atosú ar an imscrúdú aon tráth, nó | |||||||||||||||||||
(b) tuarascáil eatramhach i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach, is tuarascáil ina sonrófar na cúiseanna atá leis an imscrúdú a chur ar atráth. | |||||||||||||||||||
(3) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, a luaithe is indéanta tar éis tuarascáil eatramhach a fháil faoi fho-alt (2)(b), an tuarascáil eatramhach a bhreithniú agus treorú i scríbhinn a thabhairt don phainéal fiosrúcháin á cheangal air— | |||||||||||||||||||
(a) atosú ar an imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann, nó | |||||||||||||||||||
(b) gan leanúint den imscrúdú sin. | |||||||||||||||||||
(4) I gcás go dtabharfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach treorú faoi fho-alt (3)(b) don phainéal fiosrúcháin á cheangal air gan leanúint den imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann faoin gCaibidil seo, déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta dá éis sin, fógra i scríbhinn a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus don ghearánach— | |||||||||||||||||||
(a) i dtaobh an treoraithe sin, agus | |||||||||||||||||||
(b) i dtaobh na gcúiseanna atá leis an treorú sin. | |||||||||||||||||||
Tuarascáil ó phainéal fiosrúcháin arna cur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach |
76.(1) Déanfaidh painéal fiosrúcháin, ar é do thabhairt imscrúdú ar ghearán faoin gCaibidil seo chun críche, tuarascáil i scríbhinn ar an imscrúdú a ullmhú, agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach. | ||||||||||||||||||
(2) Sonrófar i dtuarascáil ó phainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (1)— | |||||||||||||||||||
(a) sonraí faoin ngearán, | |||||||||||||||||||
(b) an fhianaise (más ann) i ndáil leis an ngearán arna tíolacadh don phainéal fiosrúcháin, agus | |||||||||||||||||||
(c) fionnachtana an phainéil fiosrúcháin i ndáil leis an ngearán. | |||||||||||||||||||
(3) I gcás go bhfionnfaidh painéal fiosrúcháin go bhfuil líomhain i ngearán cruthaithe, áireofar sa tuarascáil ón bpainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (1) na cúiseanna atá leis an bhfionnachtain sin agus— | |||||||||||||||||||
(a) cibé moltaí a mheasfaidh an painéal fiosrúcháin is cuí chun an breitheamh lena mbaineann a iomardú, agus | |||||||||||||||||||
(b) cibé moltaí (más ann) a mheasfaidh an painéal fiosrúcháin is gá d’fhonn riaradh an cheartais a chosaint. | |||||||||||||||||||
(4) I gcás go bhfionnfaidh painéal fiosrúcháin nach bhfuil líomhain i ngearán cruthaithe, áireofar sa tuarascáil ón bpainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (1) na cúiseanna atá leis an bhfionnachtain sin. | |||||||||||||||||||
(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (2) agus (3), déanfar foráil le moladh faoi fho-alt (3)(a) maidir le haon cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas: | |||||||||||||||||||
(a) comhairle a eisiúint chuig an mbreitheamh lena mbaineann; | |||||||||||||||||||
(b) moladh a dhéanamh go ndéanfaidh an breitheamh lena mbaineann gníomh sonraithe, lena n-áirítear go bhfreastalóidh sé nó sí ar chúrsa nó ar oiliúint de chineál sonraithe; | |||||||||||||||||||
(c) rabhadh a eisiúint chuig an mbreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (2) agus (3), maidir le moladh faoi fho-alt (3)(b)— | |||||||||||||||||||
(a) féadfar é a dhéanamh— | |||||||||||||||||||
(i) don Phríomh-Bhreitheamh, i gcás gur gnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach an breitheamh lena mbaineann, d’Uachtarán na Cúirte Achomhairc, d’Uachtarán na hArd-Chúirte, d’Uachtarán na Cúirte Cuarda nó d’Uachtarán na Cúirte Dúiche, | |||||||||||||||||||
(ii) d’Uachtarán na Cúirte Achomhairc, d’Uachtarán na hArd-Chúirte, d’Uachtarán na Cúirte Cuarda agus d’Uachtarán na Cúirte Dúiche, i gcás gurb é nó gurb í an Príomh-Bhreitheamh an breitheamh lena mbaineann, nó | |||||||||||||||||||
(iii) d’Uachtarán na cúirte ar breitheamh di an breitheamh lena mbaineann, i gcás breitheamh seachas breitheamh lena mbaineann fomhír (i) nó (ii), | |||||||||||||||||||
nó | |||||||||||||||||||
(b) féadfar a mholadh ann go ndéanfar athruithe ar nósanna imeachta cúirte, treoruithe cleachtais, dáileadh oibre nó féadfaidh baint a bheith aige le nithe gaolmhara, | |||||||||||||||||||
nó iad sin araon. | |||||||||||||||||||
Dréacht-tuarascáil a bheidh le cur chuig an ngearánach agus chuig an mbreitheamh lena mbaineann |
77.(1) Déanfaidh an cláraitheoir do phainéal fiosrúcháin, sula gcuirfidh an painéal fiosrúcháin tuarascáil eatramhach nó tuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach i ndáil le himscrúdú ar ghearán faoin gCaibidil seo, dréacht den tuarascáil a chur— | ||||||||||||||||||
(a) chuig an mbreitheamh lena mbaineann, agus | |||||||||||||||||||
(b) chuig an ngearánach. | |||||||||||||||||||
(2) Beidh ag gabháil leis an dréacht de thuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) fógra ón bpainéal fiosrúcháin ina sonrófar an tréimhse ar laistigh di a fhéadfar aighneachtaí nó iarrataí a dhéanamh chuig an bpainéal fiosrúcháin faoi alt 78(1). | |||||||||||||||||||
Leasú ar dhréacht-tuarascáil |
78.(1) Maidir le gearánach nó leis an mbreitheamh lena mbaineann a fhaigheann dréacht-tuarascáil ón gcláraitheoir do phainéal fiosrúcháin faoi alt 77 agus a chreideann nach ndearna an painéal fiosrúcháin nósanna imeachta córa a urramú i ndáil leis nó léi, féadfaidh sé nó sí, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra faoin alt sin, ráiteas i scríbhinn ina leagfar amach na cúiseanna go gcreideann sé nó sí amhlaidh, agus iarraidh chuig an bpainéal fiosrúcháin chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dréacht-tuarascáil ag féachaint don ráiteas, a chur faoi bhráid an chláraitheora don phainéal fiosrúcháin. | ||||||||||||||||||
(2) I gcás nach bhfaighidh painéal fiosrúcháin ráiteas faoi fho-alt (1) laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra faoi alt 77, déanfaidh sé, a luaithe is indéanta tar éis dul in éag don tréimhse sin, a thuarascáil a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
(3) I gcás go bhfaighidh painéal fiosrúcháin ráiteas faoi fho-alt (1), féadfaidh sé, tar éis dó an ráiteas a bhreithniú agus an dréacht-tuarascáil a athbhreithniú— | |||||||||||||||||||
(a) an dréacht-tuarascáil a leasú chun an ráiteas a bheidh faighte a chur i gcuntas, nó | |||||||||||||||||||
(b) diúltú aon leasuithe a dhéanamh ar an dréacht-tuarascáil. | |||||||||||||||||||
(4) Déanfar ráiteas a gheobhaidh painéal fiosrúcháin faoi fho-alt (1) a chur i gceangal leis an tuarascáil a chuirfear faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 76. | |||||||||||||||||||
(5) Mura leasófar dréacht-tuarascáil, nó mura leasófar í ach go páirteach, chun ráiteas a bheidh faighte faoi fho-alt (1) a chur i gcuntas, áireofar na cúiseanna atá leis sin sa tuarascáil a chuirfear faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 76. | |||||||||||||||||||
An Coiste um Iompar Breithiúnach do chinneadh gearáin |
79.(1) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, a luaithe is indéanta tar éis dó tuarascáil a fháil faoi alt 76 ó phainéal fiosrúcháin i ndáil le gearán ab ábhar d’imscrúdú, fógra i scríbhinn a thabhairt don ghearánach agus don bhreitheamh lena mbaineann á rá go bhféadfaidh sé nó sí aighneachtaí, i scríbhinn nó ó bhéal, a dhéanamh chuig an gCoiste laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra i ndáil leis na moltaí a fhéadfar a áireamh sa tuarascáil faoi fho-alt (3) den alt sin. | ||||||||||||||||||
(2) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, a luaithe is indéanta tar éis dul in éag don tréimhse a shonrófar i bhfógra faoi fho-alt (1)— | |||||||||||||||||||
(a) breithniú— | |||||||||||||||||||
(i) ar an tuarascáil arna fáil ón bpainéal fiosrúcháin faoi alt 76, agus | |||||||||||||||||||
(ii) ar aon aighneachtaí arna ndéanamh ag an ngearánach nó ag an mbreitheamh lena mbaineann de bhun fógra faoi fho-alt (1), | |||||||||||||||||||
agus | |||||||||||||||||||
(b) cibé cinneadh is cuí leis i dtaobh an ghearáin lena mbaineann, lena n-áirítear an ndearnadh an gearán a shuíomh nó nach ndearnadh. | |||||||||||||||||||
(3) Féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach— | |||||||||||||||||||
(a) chun cuidiú leis breith a thabhairt faoi fho-alt (2), nó | |||||||||||||||||||
(b) chun nósanna imeachta córa a urramú, | |||||||||||||||||||
éisteacht a sheoladh i ndáil le gearán ab ábhar d’imscrúdú lena mbaineann tuarascáil faoi alt 76 más rud é, ag féachaint do na himthosca go léir, gur cuí leis déanamh amhlaidh. | |||||||||||||||||||
(4) Déanfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus don ghearánach i dtaobh dáta, am nó áit aon éisteachta faoi fho-alt (3) in am trátha chun go n-ullmhóidh an breitheamh lena mbaineann agus an gearánach le haghaidh na héisteachta. | |||||||||||||||||||
(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (5) go (7) d’alt 68 maidir le héisteacht faoi fho-alt (3) mar atá feidhm acu maidir le héisteacht gearáin faoin alt sin, fairis na modhnuithe seo a leanas agus fara aon mhodhnuithe eile is gá: | |||||||||||||||||||
(a) déanfar tagairtí do phainéal fiosrúcháin a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste um Iompar Breithiúnach; | |||||||||||||||||||
(b) déanfar tagairtí don chláraitheoir don phainéal fiosrúcháin a fhorléiriú mar thagairtí don Chláraitheoir. | |||||||||||||||||||
(6) Beidh feidhm ag alt 69 chun críoch éisteachta faoi fho-alt (3) mar atá feidhm aige maidir le painéal fiosrúcháin do dhéanamh imscrúdú ar ghearán faoin gCaibidil seo faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar tagairtí san alt sin do phainéal fiosrúcháin a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste um Iompar Breithiúnach. | |||||||||||||||||||
(7) Maidir le cinneadh faoi fho-alt (2)(b)— | |||||||||||||||||||
(a) is i scríbhinn a bheidh sé, | |||||||||||||||||||
(b) tabharfar ann na cúiseanna atá leis an gcinneadh, agus | |||||||||||||||||||
(c) féadfaidh aon cheann amháin nó níos mó de na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (5) nó (6) d’alt 76 a bheith ar áireamh ann. | |||||||||||||||||||
(8) Le linn dó an tuarascáil ó phainéal fiosrúcháin a bhreithniú agus cinneadh a eisiúint faoi fho-alt (2), féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach aon mholadh a bheidh sa tuarascáil a chuirfidh an painéal fiosrúcháin faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 76 a ghlacadh, fara modhnú nó gan mhodhnú, nó é a dhiúltú. | |||||||||||||||||||
(9) I gcás nach gceanglófar ar an mbreitheamh lena mbaineann, le cinneadh arna dhéanamh ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (2), gníomh ar bith a dhéanamh nó i gcás gurb é a bheidh sa chinneadh sin nach ndearnadh an gearán a shuíomh, sonrófar sa chinneadh go bhfuil an t-imscrúdú ar an ngearán tugtha chun críche. | |||||||||||||||||||
(10) I gcás go gceanglófar ar an mbreitheamh lena mbaineann, le cinneadh arna dhéanamh ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (2), aon ghníomh a dhéanamh, féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach— | |||||||||||||||||||
(a) a cheangal ar an mbreitheamh lena mbaineann tuarascáil a thabhairt don Choiste um Iompar Breithiúnach ar an modh a shonróidh an Coiste sin maidir leis an gceanglas a bheith á chomhlíonadh aige nó aici, agus | |||||||||||||||||||
(b) an ní a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gCoiste agus, féadfaidh sé, ag deireadh na tréimhse sin, a fhionnadh an bhfuil nó nach bhfuil an cinneadh comhlíonta ag an mbreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(11) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis don Choiste um Iompar Breithiúnach cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (2), fógra i scríbhinn a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus don ghearánach i dtaobh na nithe seo a leanas— | |||||||||||||||||||
(a) cinneadh an Choiste um Iompar Breithiúnach, | |||||||||||||||||||
(b) na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin, agus | |||||||||||||||||||
(c) i gcás go mbeidh ní curtha ar atráth faoi fho-alt (10)(b), an modh ar a dtabharfaidh an breitheamh tuarascáil don Choiste um Iompar Breithiúnach agus an tréimhse ar laistigh di a dhéanfaidh sé nó sí amhlaidh. | |||||||||||||||||||
(12) I gcás go bhfaighidh an Coiste um Iompar Breithiúnach tuarascáil ón mbreitheamh lena mbaineann faoi fho-alt (10)(a) agus gurb é a thuairim go bhfuil an cinneadh comhlíonta, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don bhreitheamh lena mbaineann agus don ghearánach á rá go bhfuil an t-imscrúdú ar an ngearán tugtha chun críche. | |||||||||||||||||||
(13) Más rud é, maidir leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach— | |||||||||||||||||||
(a) nach bhfaighidh sé tuarascáil ón mbreitheamh lena mbaineann faoi fho-alt (10)(a) laistigh den tréimhse a shonróidh an Coiste um Iompar Breithiúnach faoi fho-alt (11)(c), nó | |||||||||||||||||||
(b) go bhfaighidh sé tuarascáil ón mbreitheamh lena mbaineann faoi fho-alt (10)(a) ach nach deimhin leis go bhfuil an cinneadh comhlíonta, | |||||||||||||||||||
féadfaidh an Coiste cibé gníomh breise a dhéanamh is cuí leis sna himthosca go léir, lena n-áirítear tarchur a dhéanamh faoi alt 80 de réir bhrí an ailt sin chuig an Aire i ndáil leis an mbreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(14) I gcás gur go poiblí a seoladh éisteacht a bhaineann le gearán a imscrúdú, déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach cinneadh faoi fho-alt (2) a fhoilsiú, nó a chur faoi deara é a fhoilsiú. | |||||||||||||||||||
(15) I gcás gur go hiomlán nó go páirteach ar shlí seachas go poiblí a seoladh éisteacht a bhaineann le gearán a imscrúdú , féadfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, d’fhonn riaradh an cheartais a chosaint, breith a thabhairt cinneadh faoi fho-alt (2) a fhoilsiú, nó a chur faoi deara é a fhoilsiú, agus cuirfidh sé i gcuntas a mhéid a poiblíodh céannacht an bhreithimh lena mbaineann agus an ghearánaigh nó céannacht ceachtar acu cheana féin. | |||||||||||||||||||
An Coiste um Iompar Breithiúnach do tharchur ní a bhaineann le hiompar nó inniúlacht breithimh chuig an Aire chun críocha Airteagal 35.4 |
80.(1)(a) San alt seo, ciallaíonn “tairiscint Airteagal 35.4.1°”, i ndáil le breitheamh, tairiscint a mholtar i gceachtar Teach den Oireachtas de bhun rialacha agus bhuan-orduithe an Tí sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire chun rún ón Teach sin a lorg faoi fho-alt 1° d’alt 4 d’Airteagal 35 den Bhunreacht á éileamh go ndéanfar an breitheamh a chur as oifig de dheasca mí-iompar nó míthreoir a luafar de réir bhrí an fho-ailt sin. | ||||||||||||||||||
(b) D’fhonn amhras a sheachaint, aon tagairtí san alt seo do thairiscint Airteagal 35.4.1°, féadfaidh baint a bheith acu— | |||||||||||||||||||
(i) de bhua alt 39 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, le breitheamh den Chúirt Chuarda, agus | |||||||||||||||||||
(ii) de bhua alt 20 den Acht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946, le breitheamh den Chúirt Dúiche. | |||||||||||||||||||
(2) I gcás go gcinnfidh an Coiste um Iompar Breithiúnach de réir an ailt seo, maidir le ní a bhaineann le hiompar nó cumas breithimh (cibé acu a eascraíonn nó nach n-eascraíonn sé as gearán), gur gá an ní a tharchur chuig an Aire faoin alt seo (dá ngairtear “tarchur” san alt seo), déanfaidh an Coiste tarchur i ndáil leis an mbreitheamh. | |||||||||||||||||||
(3) Más rud é, aon tráth i gcúrsa imscrúdú ag painéal fiosrúcháin— | |||||||||||||||||||
(a) ar ghearán faoin gCuid seo, nó | |||||||||||||||||||
(b) ar ní a bhaineann le hiompar breithimh faoi alt 59, | |||||||||||||||||||
go dtiocfaidh an painéal fiosrúcháin ar an tuairim go bhfuil ní a nochtadh san imscrúdú agus a bhaineann le hiompar nó cumas an bhreithimh lena mbaineann chomh tromaí sin gur ceart don Choiste um Iompar Breithiúnach é a tharchur i ndáil leis an mbreitheamh sin, déanfaidh an painéal fiosrúcháin tuarascáil i scríbhinn i ndáil leis an ní a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste um Iompar Breithiúnach faoin bhfo-alt seo. | |||||||||||||||||||
(4) I gcás go ndéanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach tarchur i ndáil le breitheamh, déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta dá éis sin, tairiscint Airteagal 35.4.1° a mholadh i gceachtar Teach den Oireachtas i leith an bhreithimh (mura túisce a scoirfidh sé nó sí de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh). | |||||||||||||||||||
(5) I gcás go ndéanfaidh painéal fiosrúcháin tuarascáil faoi fho-alt (3), cuirfidh sé an t-imscrúdú ar an ngearán nó ar an ní lena mbaineann ar atráth. | |||||||||||||||||||
(6) Maidir le tuarascáil faoi fho-alt (3)— | |||||||||||||||||||
(a) déanfar a thaifeadadh inti tuairim an phainéil fiosrúcháin dá dtagraítear san fho-alt sin, | |||||||||||||||||||
(b) déanfar a thaifeadadh inti na cúiseanna atá leis an tuairim sin, agus | |||||||||||||||||||
(c) molfar inti don Choiste um Iompar Breithiúnach tarchur a dhéanamh i ndáil leis an mbreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(7) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, a luaithe is indéanta tar éis tuarascáil a fháil faoi fho-alt (3), cóip den tuarascáil a chur chuig an mbreitheamh lena mbaineann, mar aon le fógra ina sonrófar an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh an breitheamh aighneachtaí a dhéanamh i ndáil leis an tuarascáil. | |||||||||||||||||||
(8) Is i scríbhinn a bheidh aighneachtaí ó bhreitheamh chun an Choiste um Iompar Breithiúnach i ndáil le tuarascáil faoi fho-alt (3). | |||||||||||||||||||
(9) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, a luaithe is indéanta tar éis dul in éag don tréimhse a shonrófar san fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (7), breithniú ar an tuarascáil a bheidh faighte ón bpainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (3) agus ar na haighneachtaí (más ann) a bheidh déanta ag an mbreitheamh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(10) Más deimhin leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach go bhfuil gá le tarchur i ndáil leis an mbreitheamh lena mbaineann, déanfaidh an Coiste, a luaithe is féidir, na nithe seo a leanas a thabhairt don Aire— | |||||||||||||||||||
(a) an tuarascáil a bheidh faighte ón bpainéal fiosrúcháin faoi fho-alt (3), | |||||||||||||||||||
(b) na haighneachtaí (más ann) a bheidh déanta ag an mbreitheamh lena mbaineann i ndáil leis an tuarascáil sin, agus | |||||||||||||||||||
(c) tuairimí (más ann) an Choiste um Iompar Breithiúnach maidir leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír (a) agus maidir leis na haighneachtaí (más ann) dá dtagraítear i mír (b). | |||||||||||||||||||
(11) Déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis don Choiste um Iompar Breithiúnach fo-alt (10) a chomhlíonadh, fógra i scríbhinn ina thaobh sin a thabhairt don bhreitheamh lena mbaineann agus soláthróidh an Cláraitheoir dó nó di cóip de thuairimí an Choiste um Iompar Breithiúnach (más ann) maidir leis an tuarascáil faoi fho-alt (3) nó maidir le haighneachtaí a bheidh déanta ag an mbreitheamh sin i ndáil leis an tuarascáil sin. | |||||||||||||||||||
(12) Ní bheidh na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (10) ag gabháil le tairiscint Airteagal 35.4.1° a mholfaidh an tAire ach féadfaidh an tAire leas a bhaint as na doiciméid sin, d’fhonn tairiscint Airteagal 35.4.1° a mholadh maidir leis an mbreitheamh lena mbaineann i gceachtar Teach den Oireachtas, chun na nithe a lua ar dá réir a mhaítear gur ceart an breitheamh lena mbaineann a chur as oifig. | |||||||||||||||||||
(13) Mura deimhin leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach gur ceart glacadh leis an moladh dá dtagraítear i mír (c) d’fho-alt (6) arna dhéanamh ag an bpainéal fiosrúcháin ina thuarascáil faoi fho-alt (3), déanfaidh an Coiste a threorú don phainéal fiosrúcháin leanúint den imscrúdú ar an ngearán nó ar an ní lena mbaineann d’fhonn go ndéanfaidh sé tuarascáil ina thaobh sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choiste faoi alt 76. | |||||||||||||||||||
(14) I gcás go ndéanfar tarchur tar éis gearán a imscrúdú faoin gCuid seo, tabharfaidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn i dtaobh an tarchuir don ghearánach a luaithe is indéanta tar éis don Aire tairiscint Airteagal 35.4.1° a mholadh i nDáil Éireann nó i Seanad Éireann, de réir mar a bheidh, i leith an bhreithimh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
(15) Ní bheidh ráiteas nó admháil ón mbreitheamh lena mbaineann ná fianaise arna tabhairt do phainéal fiosrúcháin ná aighneacht arna déanamh chuig painéal fiosrúcháin nó chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoin gCuid seo inghlactha— | |||||||||||||||||||
(a) in aon imeachtaí i gceachtar Teach den Oireachtas, nó | |||||||||||||||||||
(b) os comhair coiste de cheachtar Teach acu sin nó den dá Theach sin, | |||||||||||||||||||
i ndáil le tairiscint Airteagal 35.4.1° i leith an bhreithimh lena mbaineann. | |||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||
Forálacha ilghnéitheacha a bhaineann leis an gCoiste um Iompar Breithiúnach agus le painéil fiosrúcháin | |||||||||||||||||||
Fianaise arna tabhairt gan bheith inghlactha in imeachtaí áirithe |
81. Ní bheidh aon cheann díobh seo a leanas inghlactha mar fhianaise i gcoinne duine in aon imeachtaí coiriúla nó imeachtaí eile, ach amháin in imeachtaí mar geall ar chion faoi alt 69(4) i gcoinne duine: | ||||||||||||||||||
(a) ráiteas nó admháil ón duine chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach nó chuig painéal fiosrúcháin faoin gCuid seo; | |||||||||||||||||||
(b) doiciméad arna thabhairt don Choiste um Iompar Breithiúnach nó arna chur chuige nó arna thabhairt do phainéal fiosrúcháin nó arna chur chuige de bhun treorú nó iarraidh ón gCoiste um Iompar Breithiúnach nó ón bpainéal fiosrúcháin, de réir mar a bheidh, chuig an duine faoin gCuid seo. | |||||||||||||||||||
Seoladh na n-imeachtaí |
82.(1) Faoi réir an Achta seo, is ar shlí seachas go poiblí a sheolfar imeachtaí a bhaineann le gearán a imscrúdú faoin gCuid seo. | ||||||||||||||||||
(2) Aon imeachtaí a bheidh os comhair cúirte agus a eascróidh as gearán, inghlacthacht gearáin, imscrúdú ar ghearán faoin gCuid seo nó as imscrúdú den sórt sin a chinneadh, nó a bhainfidh leis an gcéanna, is go poiblí a sheolfar iad mura dtabharfaidh an chúirt ordachán gur ceart, d’fhonn riaradh an cheartais a chosaint, na himeachtaí a sheoladh, go hiomlán nó go páirteach, ar shlí seachas go poiblí. | |||||||||||||||||||
(3) Ní dhéanfaidh duine (lena n-áirítear comhalta de phainéal fiosrúcháin nó den Choiste um Iompar Breithiúnach) aon fhianaise arna tabhairt, nó lánas aon doiciméid arna thabhairt ar aird, ag finné le linn dó nó di fianaise a thabhairt don phainéal fiosrúcháin nó don Choiste um Iompar Breithiúnach a nochtadh nó a fhoilsiú ar shlí seachas go poiblí faoin gCuid seo, ach amháin— | |||||||||||||||||||
(a) de réir ordachán arna thabhairt ag cúirt, | |||||||||||||||||||
(b) de réir alt 83, nó | |||||||||||||||||||
(c) a mhéid is gá thairis sin ar mhaithe le nósanna imeachta córa agus le toiliú i scríbhinn ó chathaoirleach an phainéil fiosrúcháin nó ó chathaoirleach an Choiste um Iompar Breithiúnach, de réir mar is cuí. | |||||||||||||||||||
(4) Ní oibreoidh fo-alt (3) chun toirmeasc a chur ar aon fhionnachtana ó phainéal fiosrúcháin arna ndéanamh ar bhonn fianaise a tugadh ar shlí seachas go poiblí a fhoilsiú i dtuarascáil faoin Acht seo, nó ar fhaisnéis, dá dtagraítear i bhfo-alt (6) nó (7) d’alt 87, a eascróidh as cinneadh ón gCoiste um Iompar Breithiúnach arna dhéanamh ar bhonn fianaise a tugadh ar shlí seachas go poiblí, a fhoilsiú i dtuarascáil faoin alt sin. | |||||||||||||||||||
(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (3), beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A a chur air nó uirthi. | |||||||||||||||||||
Dualgas substaint fianaise a nochtadh d’fhinnéithe eile, etc |
83.(1) Faoi réir fho-alt (2), nochtfaidh painéal fiosrúcháin do dhuine— | ||||||||||||||||||
(a) a dtreorófar dó nó di freastal mar fhinné os comhair an phainéil fiosrúcháin, | |||||||||||||||||||
(b) a fhreastalóidh go saorálach chun fianaise a thabhairt don phainéal fiosrúcháin, nó | |||||||||||||||||||
(c) arb ina thaobh nó ina taobh a thabharfar fianaise don phainéal fiosrúcháin, | |||||||||||||||||||
substaint aon fhianaise i seilbh an phainéil fiosrúcháin ar chóir, i dtuairim an phainéil fiosrúcháin, gurbh fheasach don duine í chun críocha na fianaise a fhéadfaidh an duine sin a thabhairt don phainéal fiosrúcháin. | |||||||||||||||||||
(2) Ní cheanglaítear le fo-alt (1) foinse aon fhianaise arna tabhairt nó aon doiciméid arna thabhairt ar aird ag finné le linn dó nó di fianaise a thabhairt ar shlí seachas go poiblí faoin gCuid seo a nochtadh, mura measfaidh an painéal fiosrúcháin gur cóir, ag féachaint do chríocha an imscrúdaithe nó ar mhaithe le nósanna imeachta córa, an fhoinse a nochtadh. | |||||||||||||||||||
(3) Tabharfaidh painéal fiosrúcháin deis do dhuine dá nochtfaidh sé substaint fianaise faoi fho-alt (1), trácht ar an bhfianaise trí aighneachtaí i scríbhinn nó ó bhéal. | |||||||||||||||||||
Pribhléidí agus díolúintí finnéithe |
84. Aon duine a thabharfaidh fianaise do phainéal fiosrúcháin nó don Choiste um Iompar Breithiúnach, nó a thabharfaidh doiciméad ar aird do phainéal fiosrúcháin nó don Choiste um Iompar Breithiúnach nó a chuirfidh doiciméad chuig painéal fiosrúcháin nó chuig an gCoiste um Iompar Breithiúnach, de réir treorú ón bpainéal fiosrúcháin nó ón gCoiste um Iompar Breithiúnach, de réir mar a bheidh— | ||||||||||||||||||
(a) beidh na díolúintí agus na pribhléidí céanna aige nó aici i leith na fianaise nó na ndoiciméad sin, agus | |||||||||||||||||||
(b) beidh sé nó sí, de bhreis ar na pionóis dá bhforáiltear leis an Acht seo, faoi réir na ndliteanas céanna, | |||||||||||||||||||
a bheadh ag finné, agus a mbeadh finné faoina réir, in imeachtaí san Ard-Chúirt. | |||||||||||||||||||
Luach saothair agus caiteachais comhaltaí den Choiste um Iompar Breithiúnach agus de phainéal fiosrúcháin |
85.(1) Íocfar le gach comhalta ex officio den Choiste um Iompar Breithiúnach agus le gach comhalta tofa den Choiste um Iompar Breithiúnach cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. | ||||||||||||||||||
(2) Íocfar le comhalta de phainéal fiosrúcháin ar breitheamh é nó í cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. | |||||||||||||||||||
(3) Íocfar le gach comhalta tuata den Choiste um Iompar Breithiúnach agus le gach comhalta tuata de phainéal fiosrúcháin cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. | |||||||||||||||||||
Caiteachais finnéithe |
86. Cinnfidh an Coiste um Iompar Breithiúnach caiteachais réasúnacha duine (gan costais dlí a áireamh) a fhreastalóidh os comhair painéal fiosrúcháin faoi alt 68, nó os comhair éisteacht arna seoladh ag an gCoiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 79, agus íocfaidh an Chomhairle leis an duine iad as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | ||||||||||||||||||
Tuarascáil bhliantúil an Choiste um Iompar Breithiúnach |
87.(1) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid na Comhairle, tuarascáil i scríbhinn ar a ghníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid an Aire. | ||||||||||||||||||
(2) Dá mba rud é, faoi fho-alt (1), go mbainfeadh an chéad tuarascáil faoin bhfo-alt sin le tréimhse ba ghiorra ná 6 mhí, bainfidh an tuarascáil sin, ina ionad sin, d’ainneoin an fho-ailt sin, le gníomhaíochtaí an Choiste um Iompar Breithiúnach le linn na tréimhse sin agus le linn bhliain airgeadais na Comhairle díreach tar éis na tréimhse sin agus déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach an chéad tuarascáil sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid an Aire a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí, tar éis dheireadh na bliana airgeadais sin. | |||||||||||||||||||
(3) Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is féidir tar éis dó nó di tuarascáil faoi fho-alt (1) a fháil, cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |||||||||||||||||||
(4) Faoi réir fho-alt (5), áireofar i dtuarascáil faoi fho-alt (1) faisnéis maidir le comhlíonadh fheidhmeanna an Choiste um Iompar Breithiúnach le linn na tréimhse lena mbaineann sí agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, sonrófar inti i leith na tréimhse sin— | |||||||||||||||||||
(a) an líon gearán a fuarthas, | |||||||||||||||||||
(b) an líon gearán a chinn an Cláraitheoir a bheith inghlactha, | |||||||||||||||||||
(c) an líon gearán a bhreithnigh an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin agus an líon gearán a chinn an Coiste sin a bheith inghlactha, | |||||||||||||||||||
(d) an líon gearán a réitíodh ar mhodh neamhfhoirmiúil de réir Chaibidil 4, | |||||||||||||||||||
(e) an líon imscrúduithe a tionscnaíodh de bhun tarchur faoi alt 59, | |||||||||||||||||||
(f) an líon imscrúduithe a sheol painéal fiosrúcháin faoin gCuid seo i dtaobh gearáin nó de dhroim tarchur faoi alt 59, | |||||||||||||||||||
(g) an líon gearán a bhreithnigh an Coiste um Iompar Breithiúnach agus nár suíodh, | |||||||||||||||||||
(h) an líon cinntí a rinne an Coiste um Iompar Breithiúnach faoi alt 71(5) nó 79, | |||||||||||||||||||
(i) an líon breithiúna a thoiligh le hiomarduithe a eisiúint chucu de réir alt 58 nó 73, agus | |||||||||||||||||||
(j) an líon gearán a tarraingíodh siar sna himthosca dá dtagraítear in alt 57 nó 74. | |||||||||||||||||||
(5) Faoi réir fho-alt (6), ní áireoidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, ná ní chuirfidh sé faoi deara go n-áireofar, i dtuarascáil faoin alt seo, aon fhaisnéis óna ndéanfaí, nó óna bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go ndéanfaí, iad seo a leanas a chéannú— | |||||||||||||||||||
(a) an breitheamh lena mbaineann, nó | |||||||||||||||||||
(b) an gearánach. | |||||||||||||||||||
(6) Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh i dtuarascáil faoin alt seo— | |||||||||||||||||||
(a) i gcás go n-eiseoidh an Coiste um Iompar Breithiúnach iomardú chuig breitheamh faoi alt 71 nó alt 79(2)(b), ainm an bhreithimh lena mbaineann agus an t-iomardú a eisíodh, agus | |||||||||||||||||||
(b) ainm breithimh lena mbaineann alt 79(13). | |||||||||||||||||||
(7) Déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach, a luaithe is indéanta tar éis cóipeanna de thuarascáil faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas faoi fho-alt (3), an tuarascáil a fhoilsiú, nó a chur faoi deara an tuarascáil a fhoilsiú, ar cibé modh is cuí leis an gCoiste. | |||||||||||||||||||
Costais ionadaíochta dlíthiúla |
88.(1) I gcás go seolfar éisteacht faoi alt 68(3) nó 79(3) i ndáil le gearán agus go ndéanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach cinneadh nár suíodh an gearán, féadfaidh an breitheamh lena mbaineann iarratas a dhéanamh chun an Choiste chun go ngnóthófar na costais agus na caiteachais dlí réasúnacha, a ghabhann lena ionadaíocht nó lena hionadaíocht dhlíthiúil (más ann) agus atá bainteach leis an éisteacht. | ||||||||||||||||||
(2) Má mheasann an Coiste um Iompar Breithiúnach, ar iarratas chuige ón mbreitheamh lena mbaineann faoi fho-alt (1), gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, go n-íocfaí na costais agus na caiteachais dlí réasúnacha dá dtagraítear san fho-alt sin, ainmneoidh an Coiste aturnae, seachas aturnae a raibh baint aige nó aici le haon éisteacht i ndáil leis an ngearán lena mbaineann, chun na costais agus na caiteachais dlí sin a chomhaontú. | |||||||||||||||||||
(3) D’éagmais comhaontú faoi fho-alt (2), déanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach— | |||||||||||||||||||
(a) na costais agus na caiteachais dlí a tharchur chuig Máistir Fómhais na hArd-Chúirte lena bhfómhas, agus | |||||||||||||||||||
(b) aturnae (a bhféadfaidh gurb é nó í an t-aturnae dá dtagraítear i bhfo-alt (2) é nó í) a ainmniú chun bheith ionadaitheach dó san fhómhas sin. | |||||||||||||||||||
(4) Dlífidh an tAire na costais agus na caiteachais dlí arna gcomhaontú faoi fho-alt (2) nó arna bhfómhas faoi fho-alt (3), de réir mar a bheidh, a íoc leis an mbreitheamh. | |||||||||||||||||||
Ilghnéitheach | |||||||||||||||||||
Ní dhéanfar difear do chumhacht an Oireachtais chun breitheamh a chur as oifig |
89. Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann difear d’oibriú alt 4 d’Airteagal 35 den Bhunreacht. | ||||||||||||||||||
Treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta |
90.(1) Beidh i dtreoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta arna nglacadh ag an gComhairle faoi alt 7, lena n-áirítear aon leasuithe arna nglacadh faoin alt sin (dá ngairtear “treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta” san Acht seo) treoirlínte ginearálta maidir leis an leibhéal damáistí a fhéadfar a dhámhachtain nó a mheasúnú i leith díobhálacha pearsanta agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh treoir maidir le haon cheann nó gach ceann díobh seo a leanas a bheith ar áireamh sna treoirlínte: | ||||||||||||||||||
(a) an leibhéal damáistí le haghaidh díobhálacha pearsanta i gcoitinne; | |||||||||||||||||||
(b) an leibhéal damáistí le haghaidh díobháil áirithe nó le haghaidh earnáil áirithe díobhála; | |||||||||||||||||||
(c) an réimse damáistí a bhreithneofar le haghaidh díobháil áirithe nó le haghaidh earnáil áirithe díobhálacha; | |||||||||||||||||||
(d) i gcás go mbeidh ildíobhálacha fulaingthe ag duine, an breithniú a dhéanfar ar éifeacht na n-ildíobhálacha sin ar an leibhéal damáistí a bheidh le dámhachtain i leith an duine sin. | |||||||||||||||||||
(2) Le linn don Choiste um Threoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta dréacht-treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta nó dréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta a ullmhú, beidh aird aige ar na nithe a leagtar amach i bhfo-alt (3), agus féadfaidh an Bord, le linn dó na dréacht-treoirlínte nó na dréachtleasuithe sin a athbhreithniú, aird a bheith aige ar cibé de na nithe a leagtar amach san fho-alt sin is cuí leis chun críocha a athbhreithnithe. | |||||||||||||||||||
(3) Is iad na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2): | |||||||||||||||||||
(a) an leibhéal damáistí arna ndámhachtain le haghaidh díobhálacha pearsanta— | |||||||||||||||||||
(i) ag cúirteanna sa Stát, agus | |||||||||||||||||||
(ii) ag cúirteanna i cibé áiteanna lasmuigh den Stát a mheasann an Coiste nó an Bord, de réir mar a bheidh, a bheith iomchuí; | |||||||||||||||||||
(b) na prionsabail chun damáistí a mheasúnú agus a dhámhachtain i leith díobhálacha pearsanta arna gcinneadh ag an Ard-Chúirt, ag an gCúirt Achomhairc agus ag an gCúirt Uachtarach; | |||||||||||||||||||
(c) na treoirlínte a bhaineann le haicmiú díobhálacha pearsanta; | |||||||||||||||||||
(d) an gá atá ann comhréireacht a chur chun cinn maidir leis an leibhéal damáistí arna dhámhachtain le haghaidh díobhálacha pearsanta; | |||||||||||||||||||
(e) cibé tosca eile is cuí leis an gCoiste nó leis an mBord, de réir mar a bheidh, lena n-áirítear tosca a eascróidh as aon taifid, doiciméid nó faisnéis a gheofar, comhairliúcháin a sheolfar, taighde a dhéanfar nó comhdhálacha, seimineáir nó cruinnithe a eagrófar (dá dtagraítear in alt 18 (7)). | |||||||||||||||||||
Treoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna |
91.(1) Féadfaidh treoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna, a ghlacfaidh an Chomhairle faoi alt 7 (dá ngairtear “treoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna” san Acht seo) baint a bheith acu le gearradh pianbhreitheanna i gcoitinne nó le pianbhreitheanna i leith cion áirithe, earnáil áirithe ciona nó earnáil áirithe ciontóra. | ||||||||||||||||||
(2) Féadfar réimse pianbhreitheanna a shonrú i dtreoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna ar cuí do chúirt iad a bhreithniú sula bhforchuirfidh sí pianbhreith ar chiontóir sna himeachtaí os a comhair. | |||||||||||||||||||
(3) Le linn don Choiste um Threoirlínte agus Faisnéis maidir le Gearradh Pianbhreitheanna dréacht-treoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna, nó dréachtleasuithe ar threoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna, a ullmhú lena gcur faoi bhráid an Bhoird, agus le linn don Bhord athbhreithniú a dhéanamh ar na dréacht-treoirlínte sin, nó na dréachtleasuithe sin, beidh aird aige— | |||||||||||||||||||
(a) ar phianbhreitheanna arna bhforchur ag na cúirteanna, | |||||||||||||||||||
(b) ar an ngá atá ann comhréireacht a chur chun cinn i bpianbhreitheanna arna bhforchur ag na cúirteanna, | |||||||||||||||||||
(c) ar an tionchar a bhíonn ag breitheanna ó na cúirteanna a bhaineann le pianbhreitheanna ar íospartaigh na gcionta lena mbaineann, | |||||||||||||||||||
(d) ar an ngá atá ann muinín an phobail as an gcóras ceartais choiriúil a chur chun cinn, | |||||||||||||||||||
(e) ar na costais airgeadais a bhaineann le cineálacha éagsúla pianbhreitheanna a fhorghníomhú agus ar éifeachtacht choibhneasta na bpianbhreitheanna sin chun athchiontú a chosc, agus | |||||||||||||||||||
(f) ar cibé tosca is cuí leis an gCoiste nó leis an mBord, de réir mar a bheidh, a bhaineann leis an gcion lena mbaineann agus leis an gciontóir a dhéanann an cion chun réimse pianbhreitheanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a shonrú. | |||||||||||||||||||
Beidh aird ag na cúirteanna ar threoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna |
92. Le linn do chúirt pianbhreith a fhorchur, beidh aird aici ar threoirlínte maidir le gearradh pianbhreitheanna a bhaineann leis na himeachtaí a bheidh os a comhair, mura deimhin leis an gcúirt go mbeadh sé contrártha don cheartas déanamh amhlaidh agus luafaidh an chúirt ina breith na cúiseanna ar deimhin léi amhlaidh. | ||||||||||||||||||
Neamhspleáchas na cúirte agus feidhmeanna breithiúnacha |
93. Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a oibríonn chun cur isteach— | ||||||||||||||||||
(a) ar na cúirteanna do chomhlíonadh a bhfeidhmeanna, nó | |||||||||||||||||||
(b) ar bhreitheamh d’fheidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna breithiúnacha. | |||||||||||||||||||
Srian leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 |
94.(1) Gan dochar don díolúine maidir le taifid arna sealbhú ag na cúirteanna, ní bheidh feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 maidir le taifead a bhaineann le gearán a dhéanamh nó a imscrúdú, nó a réiteach ar mhodh neamhfhoirmiúil faoi Chuid 5, ná le himscrúdú de bhun tarchur faoi alt 59 mura rud é— | ||||||||||||||||||
(a) gur cruthaíodh an taifead sula ndearnadh an gearán nó sular tionscnaíodh an t-imscrúdú faoi alt 59, de réir mar a bheidh, nó | |||||||||||||||||||
(b) go mbaineann an taifead le caiteachais an Choiste um Iompar Breithiúnach nó comhalta den Choiste sin nó le caiteachais painéil fiosrúcháin nó comhalta den phainéal sin nó le nithe eile a bhaineann le riarachán ginearálta an Choiste sin nó riarachán ginearálta painéil fiosrúcháin. | |||||||||||||||||||
(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le taifead arna shealbhú acu seo a leanas— | |||||||||||||||||||
(a) an Coiste um Iompar Breithiúnach, | |||||||||||||||||||
(b) an Cláraitheoir, | |||||||||||||||||||
(c) an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin, | |||||||||||||||||||
(d) breitheamh sainainmnithe nó breithiúna sainainmnithe, | |||||||||||||||||||
(e) painéal fiosrúcháin, nó | |||||||||||||||||||
(f) an cláraitheoir do phainéal fiosrúcháin. | |||||||||||||||||||
(3) San alt seo, tá le “taifead” an bhrí atá leis san Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. | |||||||||||||||||||
Srianta leis na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán maidir le Cosaint Sonraí |
95.(1) Maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 (agus in Airteagal 5 sa mhéid go bhfreagraíonn forálacha an Airteagail sin do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22) agus in Airteagal 34 den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí, déanfar, sa mhéid go mbaineann na cearta agus na hoibleagáidí sin le próiseáil sonraí pearsanta ag duine nó comhlacht a shonraítear i bhfo-alt (2), srian a chur leo a mhéid is gá agus is comhréireach chun a chumasú don duine nó don chomhlacht a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoi Chuid 5 a chomhlíonadh. | ||||||||||||||||||
(2) Ciallaíonn duine nó comhlacht dá dtagraítear i bhfo-alt (1)— | |||||||||||||||||||
(a) an Coiste um Iompar Breithiúnach, | |||||||||||||||||||
(b) an Cláraitheoir, | |||||||||||||||||||
(c) an Coiste um Athbhreithniú ar Ghearáin, | |||||||||||||||||||
(d) breitheamh sainainmnithe nó breithiúna sainainmnithe, | |||||||||||||||||||
(e) painéal fiosrúcháin, nó | |||||||||||||||||||
(f) an cláraitheoir do phainéal fiosrúcháin. | |||||||||||||||||||
(3) San alt seo— | |||||||||||||||||||
tá le “sonraí pearsanta” an bhrí chéanna atá leis in Airteagal 4 den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí; | |||||||||||||||||||
tá le “próiseáil” an bhrí chéanna atá leis in Airteagal 4 den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí. | |||||||||||||||||||
Fógra a thabhairt don tSeirbhís Chúirteanna maidir le breitheanna arna dtabhairt agus gníomhartha arna ndéanamh ag an gComhairle |
96. I gcás go mbainfidh breith arna tabhairt nó gníomh arna dhéanamh ag an gComhairle leis an tSeirbhís Chúirteanna do chomhlíonadh a feidhmeanna, déanfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn i dtaobh na breithe nó an ghnímh a thabhairt don tSeirbhís Chúirteanna. | ||||||||||||||||||
Leasú ar an Acht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998 |
97. Leasaítear an tAcht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5A: | ||||||||||||||||||
“Breitheanna agus gníomhartha de chuid Chomhairle na mBreithiúna a mbeidh fógra ina dtaobh tugtha don tSeirbhís | |||||||||||||||||||
5B. Beidh aird ag an tSeirbhís, le linn a feidhmeanna a chomhlíonadh, ar na breitheanna arna dtabhairt agus ar na gníomhartha arna ndéanamh ag Comhairle na mBreithiúna a mbeidh fógra ina dtaobh tugtha di faoi alt 96 den Acht um Chomhairle na mBreithiúna, 2019.”. | |||||||||||||||||||
Leasú ar an Acht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003 |
98. Leasaítear an tAcht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003— | ||||||||||||||||||
(a) in alt 54(1), trí mhíreanna (b) agus (ba) a scriosadh, agus | |||||||||||||||||||
(b) in alt 54A(1), trí “faoi mhír (c), (d) ” a chur in ionad “faoi mhír (b), (ba), (c), (d) ”. | |||||||||||||||||||
Leasú ar alt 22 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna, 2004 |
99. Leasaítear alt 22 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna, 2004— | ||||||||||||||||||
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |||||||||||||||||||
“(1) Le linn don chúirt damáistí a mheasúnú i gcaingean díobhálacha pearsanta— | |||||||||||||||||||
(a) beidh aird aici ar na treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta (de réir bhrí alt 2 den Acht um Chomhairle na mBreithiúna, 2019), agus | |||||||||||||||||||
(b) i gcás go n-imeoidh sí ó na treoirlínte sin, luafaidh sí na cúiseanna gur imigh sí amhlaidh le linn di a breith a thabhairt.”, | |||||||||||||||||||
(b) i bhfo-alt (2), trí “seachas na treoirlínte sin maidir le díobhálacha pearsanta” a chur in ionad “seachas an Leabhar Candaim”, agus | |||||||||||||||||||
(c) trí fho-alt (3) a scriosadh. |