43 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 43 de 2019


AN tACHT UM DHIAMHASLA (CIONTA A CHEALÚ AGUS NITHE GAOLMHARA), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Clár an Ábhair

Alt

1. Cionta arb éard iad diamhasla agus leabhal diamhaslach a chealú

2. Leasú ar alt 7 den Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923

3. Leasú ar alt 3 den Acht um Scrúdóireacht Scannán (Leasú), 1925

4. Ailt 36 agus 37 den Acht um Chlúmhilleadh, 2009 a aisghairm

5. Gearrtheideal agus tosach feidhme

Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht um Scrúdóireacht Scannán (Leasú), 1925 (Uimh. 21)

An tAcht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 (Uimh. 23)

An tAcht um Chlúmhilleadh, 2009 (Uimh. 31)

/images/harp.jpg


Uimhir 43 de 2019


AN tACHT UM DHIAMHASLA (CIONTA A CHEALÚ AGUS NITHE GAOLMHARA), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do chealú na gcionta arb éard iad diamhasla agus leabhal diamhaslach; do leasú an Achta um Scrúdóireacht Scannán, 1923 agus an Achta um Scrúdóireacht Scannán (Leasú), 1925; d’aisghairm forálacha áirithe den Acht um Chlúmhilleadh, 2009; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[21 Nollaig 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Cionta arb éard iad diamhasla agus leabhal diamhaslach a chealú

1. Aon riail dlí ar dá bua is cion é—

(a) diamhasla, nó

(b) leabhal diamhaslach,

cealaítear í.

Leasú ar alt 7 den Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923

2. Leasaítear alt 7(2)(a)(ii) den Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 trí “mígheanasach nó graosta” a chur in ionad “mígheanasach, graosta nó diamhaslach”.

Leasú ar alt 3 den Acht um Scrúdóireacht Scannán (Leasú), 1925

3. Leasaítear alt 3(2) den Acht um Scrúdóireacht Scannán (Leasú), 1925 trí “mígheanasach nó graosta” a chur in ionad “nea-náireach, draosta, no naomhaithiseach”.

Ailt 36 agus 37 den Acht um Chlúmhilleadh, 2009 a aisghairm

4. Aisghairtear ailt 36 agus 37 den Acht um Chlúmhilleadh, 2009.

Gearrtheideal agus tosach feidhme

5.(1) Féadfar an tAcht um Dhiamhasla (Cionta a Chealú agus Nithe Gaolmhara), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.