49 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 49 de 2019


An tAcht Árachais Sláinte (Leasú), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Clár an Ábhair

Alt

1. Míniú

2. Leasú ar alt 11C den Phríomh-Acht

3. Creidmheas Úsáide Ospidéil leasú ar an méid a shonraítear

4. Leasú ar Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht

5. Leasú ar alt 125A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999

6. Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú

NA hACHTANNA DÁ dTAGRAÍTEAR

An tAcht Árachais Sláinte, 1994 (Uimh. 16)

Na hAchtanna Árachais Sláinte, 1994 go 2018

An tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999 (Uimh. 31)

/images/harp.jpg


Uimhir 49 de 2019


An tAcht Árachais Sláinte (Leasú), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leasú an Achta Árachais Sláinte, 1994 d’fhonn méid na préimhe a íocfar as an gCiste um Chothromú Fiontar i leith aicmí áirithe daoine árachaithe ón 1 Aibreán 2020 a shonrú; do leasú an Achta sin d’fhonn méid an chreidmheasa úsáide ospidéil is infheidhme ón 1 Aibreán 2020 a shonrú; do dhéanamh leasú iarmhartach ar an Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[26 Nollaig 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Míniú

1. San Acht seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Árachais Sláinte, 1994.

Leasú ar alt 11C den Phríomh-Acht

2. Leasaítear alt 11C den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1)(b), trí “1 Aibreán 2020” a chur in ionad “1 Aibreán 2019”.

Creidmheas Úsáide Ospidéil leasú ar an méid a shonraítear

3.(1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad Sceideal 3:

“SCEIDEAL 3

An Méid a shonraítear chun Críocha an Mhínithe ar ‘Creidmheas Úsáide Ospidéil’

1. Le haghaidh seirbhísí d’othair chónaithe a sholáthar ar bhonn cóiríocht thar oíche €100 in aghaidh na hoíche.

2. Le haghaidh seirbhísí d’othair chónaithe a sholáthar ar bhonn cásanna lae €75.”.

(2) Ní bheidh feidhm ag Sceideal 3 den Phríomh-Acht, arna ionadú le fo-alt (1), ach amháin i gcás conradh árachais sláinte arna dhéanamh nó arna athnuachan an 1 Aibreán 2020 nó dá éis (agus, dá réir sin, leanfaidh an Sceideal sin, mar a bhí sé i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, de bheith i bhfeidhm i gcás conradh árachais sláinte arna dhéanamh nó arna athnuachan an 1 Aibreán 2018 nó dá éis ach roimh an 1 Aibreán 2020).

Leasú ar Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht

4. Leasaítear Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad Thábla 2:

“TÁBLA 2

Na Méideanna is infheidhme an 1 Aibreán 2020 nó dá éis

An Aicme Duine Árachaithe

Méid na préimhe a íocfar as an gCiste

Fireannach atá 50 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 55 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

Nialas

Fireannach atá 50 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 55 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

Nialas

Baineannach atá 50 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 55 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

Nialas

Baineannach atá 50 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 55 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

Nialas

Fireannach atá 55 bliana d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 60 bliain ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

Nialas

Fireannach atá 55 bliana d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 60 bliain ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

Nialas

Baineannach atá 55 bliana d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 60 bliain ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

Nialas

Baineannach atá 55 bliana d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 60 bliain ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

Nialas

Fireannach atá 60 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 65 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

Nialas

Fireannach atá 60 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 65 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

Nialas

Baineannach atá 60 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 65 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

Nialas

Baineannach atá 60 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 65 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

Nialas

Fireannach atá 65 bliana d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 70 bliain ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

€350

Fireannach atá 65 bliana d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 70 bliain ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

€1,150

Baineannach atá 65 bliana d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 70 bliain ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

€225

Baineannach atá 65 bliana d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 70 bliain ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

€675

Fireannach atá 70 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 75 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

€575

Fireannach atá 70 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 75 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

€1,850

Baineannach atá 70 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 75 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

€425

Baineannach atá 70 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 75 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

€1,300

Fireannach atá 75 bliana d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 80 bliain ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

€850

Fireannach atá 75 bliana d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 80 bliain ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

€2,650

Baineannach atá 75 bliana d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 80 bliain ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

€625

Baineannach atá 75 bliana d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 80 bliain ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

€1,950

Fireannach atá 80 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 85 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

€1,075

Fireannach atá 80 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 85 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

€3,350

Baineannach atá 80 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 85 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

€775

Baineannach atá 80 bliain d’aois agus os a chionn ach faoi bhun 85 bliana ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

€2,525

Fireannach atá 85 bliana d’aois agus os a chionn ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

€1,225

Fireannach atá 85 bliana d’aois agus os a chionn ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

€4,300

Baineannach atá 85 bliana d’aois agus os a chionn ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar, de réir mar a bheidh, an conradh iomchuí (ar conradh iomchuí (neamh-bhreischumhdach) é)

€925

Baineannach atá 85 bliana d’aois agus os a chionn ar an dáta a athnuaitear nó a dhéantar an conradh iomchuí, de réir mar a bheidh, (ar conradh iomchuí (breischumhdach) é)

€3,025

”.

Leasú ar alt 125A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999

5. Leasaítear alt 125A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ráta sonraithe”:

“ciallaíonn ‘ráta sonraithe’—

(a) i leith conarthaí iomchuí arna n-athnuachan nó arna ndéanamh an 1 Aibreán 2019 nó dá éis agus an 31 Márta 2020 nó roimhe—

(i) €59 i leith duine árachaithe atá faoi bhun 18 mbliana d’aois agus atá árachaithe faoi chonradh iomchuí lena ndéantar foráil maidir le neamh-bhreischumhdach,

(ii) €148 i leith duine árachaithe atá faoi bhun 18 mbliana d’aois agus atá árachaithe faoi chonradh iomchuí lena ndéantar foráil maidir le breischumhdach,

(iii) €177 i leith duine árachaithe atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn agus atá árachaithe faoi chonradh iomchuí lena ndéantar foráil maidir le neamh-bhreischumhdach, agus

(iv) €444 i leith duine árachaithe atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn agus atá árachaithe faoi chonradh iomchuí lena ndéantar foráil maidir le breischumhdach,

agus

(b) i leith conarthaí iomchuí arna n-athnuachan nó arna ndéanamh an 1 Aibreán 2020 nó dá éis—

(i) €52 i leith duine árachaithe atá faoi bhun 18 mbliana d’aois agus atá árachaithe faoi chonradh iomchuí lena ndéantar foráil maidir le neamh-bhreischumhdach,

(ii) €150 i leith duine árachaithe atá faoi bhun 18 mbliana d’aois agus atá árachaithe faoi chonradh iomchuí lena ndéantar foráil maidir le breischumhdach,

(iii) €157 i leith duine árachaithe atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn agus atá árachaithe faoi chonradh iomchuí lena ndéantar foráil maidir le neamh-bhreischumhdach, agus

(iv) €449 i leith duine árachaithe atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn agus atá árachaithe faoi chonradh iomchuí lena ndéantar foráil maidir le breischumhdach.”.

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú

6.(1) Féadfar an tAcht Árachais Sláinte (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2)(a) Tiocfaidh alt 5 i ngníomh an 1 Eanáir 2020.

(b) Tiocfaidh ailt 2, 3 agus 4 i ngníomh an 1 Aibreán 2020.

(3) Féadfar na hAchtanna Árachais Sláinte, 1994 go 2019 a ghairm de na hAchtanna Árachais Sláinte, 1994 go 2018 agus den Acht seo (seachas alt 5) le chéile.