1 1953


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1953.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1953.

[An tiontó oifigiúil.]


ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE SHEALADAIGH CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH (TÓRAINN A LEATHNÚ), 1953. [28ú Márta, 1953.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúil tar éis Ordu Sealadach Chathair Bhaile Atha Cliath (Tórainn a Leathnú), 1953, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a dhéanamh go cuí faoin Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930), ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é:

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR LEANAS:—

Daingniú.

1. —Daingnítear leis seo Ordú Sealadach Chathair Bhaile Atha Cliath (Tórainn a Leathnú), 1953, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar Acht Daingnithe Orduithe Shealadaigh Rialtais Áitiúil, 1953 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL.

OrdÚ Sealadach Chathair Bhaile Atha Cliath (TÓrainn a LeathnÚ), 1953.

DE BHRÍ, de bhun ailt 27 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , gur chuir Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath, ag gníomhú dhóibh tríd an gComhairle, faoi deara achainí a thíolacadh don Aire Rialtais Áitiúil, an Tríú lá d'Iúil, 1951, ag iarraidh Orduithe Shealadaigh ag leathnú tórann Chathair Bhaile Atha Cliath chun na coda a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis seo de Chontae Bhaile Atha Cliath d'fholú ann:

AGUS DE BHRÍ nach cuid de Bhuirg Dhún Laoghaire na coda sin den Chontae sin:

AGUS DE BHRÍ gur chuir an tAire faoi deara, tar éis dó an t-iarratas sin d'fháil, fiosrúchán áitiúil a dhéanamh i dtaobh ábhair an iarratais:

AGUS DE BHRÍ gur bhreithnigh an tAire aon uiríolla a rinne Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath leis:

AGUS DE BHRÍ gur cuí leis an Aire éifeacht a thabhairt don togra a bhí san iarratas sin, arna mhodhnú, agus na forála atá san Ordú seo a dhéanamh i dtaobh na nithe a luaitear i bhfo-alt (7) den alt sin 27:

ANOIS, AR AN ÁBHAR SIN, i bhfeidhmiú na gcumhacht a dílsíodh ann le halt 27 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , ordaíonn an tAire leis seo mar leanas:—

Teideal.

1. Ordú Sealadach Chathair Bhaile Atha Cliath (Tórainn a Leathnú), 1953, is teideal don Ordú seo.

Tosach feidhme.

2. Tiocfaidh an tOrdú seo i bhfeidhm an lú lá d'Aibreán, 1953, nó, i gcás gan dlí a dhéanamh, an lá sin nó roimhe, den Acht ag daingniú an Orduithe seo, pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

Mínithe.

3. (1) San Ordú seo—

ciallaíonn “an Bardas” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

ciallaíonn “an Chomhairle Chontae” Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath;

ciallaíonn “an Chathair” Contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;

ciallaíonn “an Contae” Contae Bhaile Atha Cliath;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtaís Áitiúil;

ciallaíonn “an límístéir bhreise” an límistéir a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis seo; ciallaíonn “an tórainn atá anois ann” tórainn na Cathrach mar bheas sí díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo;

ciallaíonn “tosach feidhme an Orduithe seo” an lá a thiocfas an tOrdú seo i bhfeidhm.

(2) Sa Sceideal a ghabhas leis an Ordú seo, déanfar tagairt do líne arna tarraingt feadh aon bhóthair nó fáil, ach amháin i gcás a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, d'fhorléiriú mar thagairt do líne arna tarraingt feadh láir an bhóthair nó an fháil.

Tórainn na cathrach a leathnú.

4. (1) Ar tosach feidhme an Orduithe seo agus dá éis sin, beidh an límistéir bhreise arna baint den Chontae agus de dhlínse agus de chumhachta na Comhairle Contae agus beidh sí arna cur leis an gCathair agus uaidh sin amach folófar an límistéir sin sa Chathair agus beidh sí ina cuid den Chathair chun gach críche agus beidh tórainn na Cathrach leathnaithe dá réir.

(2) Aon fhoirgint a mbeidh tórainn na Cathrach mar leathnaítear í leis an Ordú seo ag gabháil tríthi nó trí aon chuid di, measfar í a bheith laistigh den tórainn sin.

Léarscála oifigiúla d'ullmhú.

5. (1) A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Orduithe seo, ullmhóidh an Coimisinéir Luachála trí chóip de léarscáil, ar pé scála oiriúnach agus ar pé uimhir oiriúnach de bhilleoga ar leithligh a cheadós an tAire, a thaispeánfas, i slí oiriúnach a cheadós an tAire, an límistéir bhreise agus an Chathair, agus séalóidh sé gach ceann faoi leith de na léarscála sin agus taiscfidh ceann de na léarscála sin i bpríomh-oifig an Choimisinéara sin, in oifig an Bhardais, agus in oifigí na Comhairle Contae faoi seach.

(2) Nuair a taiscfear na léarscála sin amhlaidh in oifigí sin an Choimisinéara sin, an Bhardais, agus na Comhairle Contae faoi seach, coimeádfar sna hoifigí sin iad, agus beidh na léarscála sin nó cóipeanna dílse dhíobh ar fáil chun a n-iniúchta in aisce sna hoifigí sin ag aon duine aon uair a bheas na hoifigí sin faoi seach ar oscailt chun gnó poiblí a dhéanamh, agus is dleathach don Choimisinéir sin, don Bhardas, agus don Chomhairle Chontae faoi seach cóip dhílis den léarscáil a taisceadh amhlaidh leis nó leo, nó d'aon chuid áirithe dhi, d'ullmhú agus a thabhairt d'aon duine a iarrfas í agus pé suim a ordós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'éileamh ar an gcóip sin.

(3) Beidh de dhualgas ar an gCoimisinéir sin agus ar an mBardas agus ar an gComhairle Chontae, faoi seach, aon uair a iarrfas aon Chúirt Bhreithiúnais é, cóip dhílis den léarscáil nó d'aon chuid shonraithe den léarscáil a taisceadh leis nó leo faoin alt seo d'ullmhú agus a thabhairt ar aird don Chúirt sin agus an chóip sin d'fhíoradh don Chúirt sin le mionn duine dá oifigigh nó dá n'oifigigh, agus, ar aon chóip den tsórt sin a thabhairt ar aird agus d'fhíoradh don Chúirt sin amhlaidh, glacfaidh an Chúirt sin an chóip sin i bhfianaise agus air sin beidh an chóip sin ina fianaise dochloíte ar thórainn na límistéire breise (a mhéid a taispeánfar sin ar an gcóip sin) d'ainneoin aon neamhréireachta idir an chóip sin agus an tuairisc atá sa Sceideal a ghabhas leis an Ordú seo nó d'ainneoin aon athbhrí nó neamhchinnteachta sa tuairisc sin nó ina feidhm.

Coigeartú airgeadais idir an Chomhairle Chontae agus an Bardas.

6. (1) Féadfaidh an Chomhairle Chontae agus an Bardas, ó am go ham do réir mar is gá, comhaontú a dhéanamh ar choigeartú cothromasach (dá ngairmtear coigeartú comhaontaithe san Airteagal seo) i dtaobh aon ábhair nó ruda is gá a choigeartú idir an Chomhairle Chontae agus an Bardas de dhroim an límistéir bhreise a chur leis an gCathair agus nach bhfuil socrú eile ina thaobh san Ordú seo agus, go sonrach, féadfaid coigeartú comhaontaithe den tsórt sin a dhéanamh i dtaobh maoine, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhar i gcaingean), a bheas dílsithe sa Chomhairle Chontae nó ar únaeracht aici nó ar iontaobhas di agus a bheas, go hiomlán nó go páirteach, sa límistéir bhreise nó in aon chuid áirithe di nó ag baint léi sin agus i dtaobh fiach agus dliteanas (lena n-áirítear fiacha morgáiste, muirir a bunaíodh le reacht, dliteanais faibhritheacha agus dliteanais ionchais agus dliteanais neamhleachtaithe de dhroim tortanna nó sáruithe conartha) a bheas dlite ón gComhairle Chontae agus gan íoc aici nó curtha suas agus gan urscaoileadh aici agus a bhainfeas, go hiomlán nó go páirteach, leis an límistéir bhreise nó le haon chuid áirithe di.

(2) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i dtaobh maoine a fhoráil go gcoimeádfaidh an Chomhairle Chontae an mhaoin sin nó go n-aistreofar an mhaoin sin chun an Bhardais nó go n-úsáidfidh an Chomhairle Chontae agus an Bardas an mhaoin sin i gcomhpháirt agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead, i dtráthchuid nó i dtráthchoda, ón gComhairle Chontae leis an mBardas nó ón mBardas leis an gComhairle Chontae as an maoin sin a choinneáil, d'aistriú, nó d'úsáid i gcomhpháirt.

(3) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i dtaobh aon fhéich nó dliteanais eile a fhoráil go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an gComhairle Chontae nó go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an mBardas nó (ach amháin i gcás fiacha morgáiste) go gcionroinnfear an dliteanas sa bhfiach nó sa dliteanas sin idir an Chomhairle Chontae agus an Bardas agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead, i dtráthchuid nó i dtráthchoda, ón gComhairle Chontae leis an mBardas nó ón mBardas leis an gComhairle Chontae i leith an fhéich nó an dliteanais sin.

(4) Aon uair a theipfeas ar an gComhairle Chontae agus ar an mBardas comhaontú ar choigeartú cothromasach i dtaobh aon ábhair nó ruda d'fhéadfadh a bheith ina ábhar coigeartuithe chomhaontaithe faoin Airteagal seo, déanfaidh an tAire, ar an gComhairle Chontae nó an Bardas dá iarraidh sin agus tar éis dó pé fiosrúchán áitiúil (más ann) is cuí leis a dhéanamh, coigeartú cothromasach (dá ngairmtear coigeartú éigeantach san Airteagal seo) i dtaobh an ábhair nó an ruda sin agus féadfaidh le coigeartú den tsórt sin aon fhoráil a dhéanamh i dtaobh an ábhair nó an ruda sin d'fhéadfaí a dhéanamh faoin Airteagal seo le coigeartú comhaontaithe.

(5) Beidh éifeacht ag gach coigeartú comhaontaithe agus ag gach coigeartú éigeantach do réir a théarmaí agus beidh sé inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mBardas agus ag an gComhairle Chontae faoi seach in aghaidh a chéile.

Cúiteamh i méadú ualaigh.

7. (1) Íocfaidh an Bardas leis an gComhairle Chontae gach bliain ar feadh tréimhse de chúig bliana déag suim i leith an mheán-mhéaduithe bhliantúil (más ann) san ualach a cuirfear go cuí ar rát-íocóirí an Chontae faoi chomhair an chostais faoina raghaidh an Chomhairle Chontae i bhfeidhmiú aon chinn dá gcumhachta agus dá ndualgais de dhroim tórainn na cathrach a leathnú leis an Ordú seo.

(2) Cinnfear na nithe seo a leanas trí chomhaontú idir an Bardas agus an Chomhairle Contae:—

(a) méid na suime sin agus an tréimhse nó na tréimhsí ar dá réir a ríomhfar an meán-mhéadú bliantúil san ualach;

(b) modh agus trátha íoctha na suime sin.

(3) Má theipeann ar an mBardas agus ar an gComhairle Chontae comhaontú ar na nithe a sonraítear sa bhfo-airteagal roimhe seo, déanfaidh an tAire, ar an mBardas nó an Chomhairle Chontae dá iarraidh sin, méid na suime sin, agus modh agus trátha íoctha na suime sin, a cheapadh.

Rúin, etc. a bhaineas leis an límistéir bhreise.

8. Gach rún a rithfeas, gach ordú a dhéanfas, agus gach fógra a sheirbheálfas an Chomhairle Chontae roimh thosach feidhme an Orduithe seo maidir leis an límistéir bhreise nó le haon chuid di nó le haon ní a bheas déanta nó le déanamh inti, agus nach mbeidh a oibriú, a éifeacht ná a théarma scortha ná caite roimh an tosach feidhme sin, leanfaidh sé, ar an tosach feidhme sin agus dá éis agus a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Ordú seo, de bheith i bhfeidhm agus d'éifeacht a bheith aige, a mhéid a bhainfeas sé leis an límistéir bhreise nó le haon chuid di nó le haon ní a bheas déanta nó le déanamh inti amhail is dá mba rún é a ritheadh, ordú a rinneadh nó fógra a seirbheáladh ag an mBardas ar an dáta a ritheadh, a rinneadh nó a seirbheáladh ag an gComhairle Chontae é agus amhail is dá mbeadh an límistéir bhreise curtha cheana leis an gCathair ar an dáta sin.

Leabhair ghiúróirí sa chathair agus sa chontae.

9. Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas sa Chathair agus sa Chontae maidir le hullmhú leabhar giúróirí, le hullmhú painéal giúróirí agus le toghairm ghiúróirí agus maidir leis na painéil óna dtoghfar giúróirí chun sain-cheisteanna a thriail ag Cúirt nó ag Breitheamh a shuífeas sa Chathair nó sa Chontae:—

(a) go dtí go mbeidh an leabhar giúróirí a bheas i bhfeidhm sa Chathair nó an leabhar giúróirí a bheas i bhfeidhm sa Chontae (lena n-áirítear an límistéir bhreise), ar thosach feidhme an Orduithe seo, ídithe, leanfaidh an dlí a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo de bheith i bhfeidhm agus comhlíonfar é amhail is nach dtáinig an tOrdú seo i ngníomh, agus

(b) nuair a bheas, agus a luaithe a bheas, ceann de na leabhair ghiúróirí sin ídithe tar éis tosach feidhme an Orduithe seo, measfar an ceann eile de na leabhair ghiúróirí sin a bheith ídithe agus tiocfaidh leabhair nua ghiúróirí i bhfeidhm láithreach sa Chathair agus sa Chontae.

Forála speisialta chun críocha na nAchta Luachála.

10. Sa mhéid go mbaineann sé leis an límistéir bhreise, measfar, chun críocha na nAcht Luachála, gur cuireadh chun an Bhardais an liosta luachála athbhreithnithe is déanaí a fuair an Chomhairle Chontae ón gCoimisinéir Luachála roimh thosach feidhme an Orduithe seo.

Ranníoc don bhliain 1953/54 le Coistí Gairm-Oideachais.

11. (1) Is é luach inrátuithe an líomatáiste muirir i dtosach na bliana airgeadais áitiúla 1953/54 an luacháil inrátuithe ar dá réir a ríomhfar méideanna uasta agus méideanna íosta an ranníoca áitiúil bhliantúil is iníoctha le Coiste Gairm-Oideachais Chathair Bhaile Atha Cliath agus le Coiste Gairm-Oideachais Chontae Bhaile Atha Cliath de bhun ailt 43 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , i leith na bliana airgeadais áitiúla sin ag an mBardas agus ag an gComhairle Chontae faoi seach.

(2) San Airteagal seo—

tá leis an abairt “líomatáiste muirir” agus leis an abairt “ranníoc áitiúil bliantúil” an bhrí atá leo i gCuid IV den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 .

Coigeartú ar an deontas talmhaíochta.

12. (1) An chuid den deontas talmhaíochta is iníoctha leis an mBardas faoi alt 50 den Local Government (Ireland) Act, 1898, is £4,610 a bheas inti in ionad na suime a sonraítear i bhfo-alt (6) d'alt 4 d'Acht 1939.

(2) An tsuim £53,871 adeirtear sa dara colún den Sceideal a ghabhas le hAcht 1939 atá iníoctha leis an gComhairle Chontae, déanfar, chun críocha feidhme an Sceidil sin maidir leis an deontas talmhaíochta, í a laghdú suim £2,250 go dtí £51,621.

(3) San Airteagal seo ciallaíonn “Acht 1939” an t Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 (Uimh. 23 de 1939) , arna leasú leis an Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1940 (Uimh. 21 de 1940) .

Comhaltaí den Chomhairle Contae a chosaint ar dhícháiliú i gcásanna áirithe.

13. Comhalta den Chomhairle Chontae a scoirfeas de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúil sa Chontae de bhíthin an límistéir bhreise d'fholú sa Chathair, ní bheidh sé, de bhíthin an scortha sin amháin, dícháilithe chun leanúint i seilbh oifige mar chomhalta den Chomhairle go dtí gnáth-dháta scortha comhaltaí na Comhairle Contae tar éis an chéad toghcháin do chomhaltaí na Comhairle Contae a comórfar tar éis tosach feidhme an Orduithe seo.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Rialtais Áitiúil an Séú lá déag seo d'Fheabhra, Míle, Naoi gCéad, Caoga a Trí.

PADRAIG MAC GABHANN,

Aire Rialtais Áitiúil.

AN SCEIDEAL DA DTAGARTAR SAN ORDU ROIMHE SEO.

An Límistéir de Chontae Bhaile Atha Cliath a cuirtear de bhreis le Cathair Bhaile Atha Cliath.


1. An cuid sin den Chontae atá idir an tórainn atá anois ann agus líne arna tarraingt mar leanas:—

Ag tosnú ag an bpointe mar a ngearrann an tórainn atá anois ann lárlíne Bhóthair Ráth Tabhachta, as sin ó thuaidh feadh Bóthair Ráth Tabhachta go dtí tórainn thuaidh bhaile fearainn Bhaile Pilléad, as sin siar feadh tórann thuaidh bhaile fearainn Bhaile Pilléad go dtí an pointe ar thórainn an bhaile fearainn mar a ngearrtar í ag samhailfhaidiú ó dheas an fháil atá ina thórainn idir na gabháltais atá rátaithe in ainmneacha Hilda J. Lambert agus J. J. Parkinson, as sin ó thuaidh feadh samhail-fhaidithe ó dheas an fháil sin agus feadh an fháil sin go dtí a chríoch ag an mbóthar go Scribblestown House, as sin i líne dhíreach ó thuaidh trasna an bhóthair sin go dtí críoch theas an fháil atá ina thórainn idir na gabháltais atá rátaithe in ainmneacha Lady Eva Forbes agus J. J. Parkinson, as sin ó thuaidh ansin siar feadh an fháil deiridh sin chun teagmháil le tórainn thiar bhaile fearainn Dhroichead Chorduibh, as sin ó thuaidh feadh tórann an bhaile fearainn sin go dtí pointe comhraic tórann bhailte fearainn na Ceapóige, Dhroichead Chorduibh agus Chaisleán Chorduibh, as sin ó thuaidh ansin soir agus ansin ó thuaidh feadh tórann thiar bhaile fearainn Chaisleán Chorduibh go dtí an pointe mar a ngearann sí samhail-fhaidiú ó dheas líne fáil thoir na páirce 25.701 acra atá rátaithe in ainm John J. Byrne i mbaile fearainn Chaisleán Chorduibh, as sin ó thuaidh feadh samhail-fhaidithe ó dheas an fháil sin, as sin feadh an fháil sin ó thuaidh agus feadh a shamhail-fhaidithe ó thuaidh chun teagmháil le tórainn thuaidh bhaile fearainn Chaisleán Chorduibh, as sin soir feadh tórann an bhaile fearainn sin go dtí pointe comhraic tórann bhailte fearainn Chaisleán Chorduibh, Choill Dúnáin agus na Stocán, as sin ó thuaidh ansin soir feadh tórann bhaile fearainn na Stocán go dtí pointe comhraic tórann bhailte fearainn Bhaile Shéarlais, na Stocán agus na Gleidhbe, as sin soir ansin ó dheas feadh tórann bhaile fearainn na Gleidhbe go dtí pointe comhraic tórann bhailte fearainn na Gleidhbe, Bhaile Shéamais Bhig agus Bhaile Shéarlais, as sin soir feadh tórann thuaidh bhaile fearainn Bhaile Shéamais Bhig go dtí fál thiar na páirce 4.668 acra atá rátaithe in ainm William Kearney i mbaile fearainn Bhaile Shéamais Bhig, as sin ó dheas feadh an fháil sin agus soir feadh fáil theas na páirce sin, as sin ó thuaidh feadh fáil thoir na páirce sin go dtí coirnéal thiar-theas na páirce 4.860 acra atá rátaithe in ainm Thomas Duke, as sin soir ó dheas feadh fáil theas na páirce deiridh sin chun teagmháil le fál thiar na páirce 5.017 acra atá rátaithe in ainm Thomas Duke, as sin ó dheas feadh an fháil deiridh sin agus soir feadh fáil theas na páirce deiridh sin go dtí coirnéal thoirtheas na páirce sin, as sin soir ó dheas feadh fáil theas na páirce 5.876 acra atá rátaithe in ainm Thomas Duke agus feadh samhail-fhaidithe soir ó dheas an fháil deiridh sin go dtí tórainn thoir bhaile fearainn Bhaile Shéamais Bhig, as sin soir ó dheas i líne dhíreach go dtí coirnéal thiar-theas an stóir feirme atá rátaíthe in ainm Ellie Carton i mbaile fearainn Bhaile Shéamais Mhóir, as sin soir feadh éadain bhalla theas an stóir feirme sin go dtí coirnéal thoir-theas an stóir feirme sin, as sin soir feadh fáil theas an chlóis feirme .572 acra atá rátaithe in ainm Ellie Carton go dtí coirnéal thoir-theas an chlóis feirme sin, as sin soir feadh fáil theas an lána .789 acra atá rátaithe in ainm Ellie Carton go dtí coirnéal thoir-theas an lána sin, as sin soir ansin ó dheas agus ansin soir ó dheas feadh fáil thiar agus fáil theas na páirce 12.712 acra atá rátaithe in ainm Ellie Carton go dtí fál thiar na páirce 5.253 acra atá rátaithe in ainm Ellie Carton, as sin ó dheas ansin soir ó dheas feadh fáil thiar agus fáil theas na páirce sin go dtí fál thiar na páirce 12.717 acra atá rátaithe in ainm Ellie Carton, as sin ó dheas feadh an fháil sin agus feadh a shamhail-fhaidithe ó dheas chun teagmháil le tórainn thuaidh bhaile fearainn Stang, as sin soir ansin ó dheas feadh tórann bhaile fearainn Stang go dtí pointe comhraic tórann bhailte fearainn Stang, Bhaile Shéamais Mhóir agus Chluain Meala, as sin ó thuaidh feadh tórann thiar bhaile fearainn Chluain Meala go dtí an pointe mar a ngearrann sí samhail-fhaidiú siar fáil theas na páirce 21.775 acra atá rátaithe in ainm an Housing Investment Trust, Ltd., i mbaile fearainn Chluain Meala, as sin soir feadh samhail-fhaidithe siar an fháil sin agus feadh an fháil sin go dtí coirnéal thoir-theas na páirce 21.775 acra sin, as sin ó thuaidh feadh fáil thoir na páirce deiridh sin chun teagmháil le tórainn thuaidh bhaile fearainn Chluain Meala, as sin soir ó dheas feadh tórann bhaile fearainn Chluain Meala go dtí pointe comhraic tórann bhailte fearainn Chluain Meala, Bhaile Bhúiséir agus Bhaile Stormain, as sin soir ó thuaidh ansin ó thuaidh ansin soir agus ansin ó thuaidh feadh tórann bhaile fearainn Bhaile Stormain go dtí an pointe mar a ngearrann sí samhailfhaidiú siar fáil thuaidh na páirce 9.578 acra atá áitithe ag an Aire Talmhaíochta i mbaile fearainn Bhaile Stormain as sin soir feadh samhail-fhaidithe siar an fháil sin agus feadh an fháil sin chun teagmháil le tórainn thoir bhaile fearainn Bhaile Stormain, as sin ó dheas ansin soir ó dheas feadh tórann an bhaile fearainn sin go dtí an pointe mar a ngearrann sí samhail-fhaidiú siar fáil thuaidh na páirce 12.907 acra atá rátaithe in ainm Timothy Burke i mbaile fearainn Sheantreabh, as sin soir feadh samhail-fhaidithe siar an fháil sin agus feadh an fháil sin go dtí coirnéal thoirthuaidh na páirce sin, as sin ó dheas agus ansin soir feadh fáil na páirce sin go dtí a chríoch ag Bóthar Sord, as sin soir ó dheas feadh samhail-fhaidithe soir ó dheas an fháil sin go dtí an pointe mar a ngearrann sé lárlíne Bhóthair Sord, as sin ó dheas feadh Bóthair Sord go dtí an pointe mar a ngearrann sé samhail-fhaidiú siar fáil theas na páirce 12.745 acra atá rátaithe in ainm Peter Lightfoot, as sin soir feadh samhail-fhaidithe siar an fháil sin, as sin soir feadh an fháil sin go dtí coirnéal thoir-theas na páirce 12.745 acra sin, as sin ó thuaidh feadh fáil thoir na páirce deiridh sin go dtí coirnéal thiar-theas na páirce 18.944 acra atá rátaithe in ainm Margaret Menton, as sin soir ó dheas agus ansin ó thuaidh feadh fáil theas agus fáil thoir na páirce sin chun teagmháil le fál theas na páirce 32.627 acra atá rátaithe in ainm Margaret Menton, as sin soir ó dheas ansin ó thuaidh agus ansin soir feadh fáil theas na páirce deiridh sin go dtí a acomhal le tórainn thiar bhaile fearainn na Coille Móire, as sin ó thuaidh feadh tórann thiar bhaile fearainn na Coille Móire go dtí an pointe mar a ngearrann sí samhail-fhaidiú siar fáil theas na páirce 14.208 acra atá rátaithe in ainm Margaret Menton i mbaile fearainn na Coille Móire, as sin soir ó dheas feadh samhail-fhaidithe siar an fháil sin agus feadh an fháil sin soir ó dheas, soir ó thuaidh agus soir ó dheas go dtí coirnéal thoir-theas na páirce deiridh sin, as sin soir ó dheas ansin ó thuaidh feadh fáil theas agus fáil thoir an lána .705 acra atá rátaithe in ainm Margaret Menton go dtí coirnéal thiartheas na páirce 5.226 acra atá rátaithe in ainm Margaret Menton, as sin soir ó dheas feadh an fháil deiridh sin go dtí fál thiar na páirce 20.770 acra atá rátaithe in ainm Margaret Menton, as sin ó thuaidh feadh an fháil deiridh sin go dtí a chríoch ag an mbóthar poiblí ó Sheantreabh go Cúlóc, as sin i líne dhíreach ó thuaidh trasna an bhóthair sin go dtí críoch theas fáil thoir na páirce 5.949 acra atá rátaithe in ainm Daniel Keating, as sin ó thuaidh feadh an fháil deiridh sin go dtí a chríoch ag Abhainn Sheantreabh, as sin ó thuaidh feadh samhail-fhaidithe ó thuaidh an fháil sin go dtí an pointe mar a ngearrann sé tórainn thuaidh bhaile fearainn na Coille Móire, as sin soir feadh tórann thuaidh bhaile fearainn na Coille Móire go dtí pointe comhraic tórann bhailte fearainn na Coille Móire, Mhuine agus Ghlaise na Buinne, as sin ó thuaidh ansin soir ansin ó dheas feadh tórann bhaile fearainn Ghlaise na Buinne go dtí pointe comhraic tórann bhailte fearainn Bhaile na Buinne, Pháirc an Aonaigh agus an tSeanbhaile, as sin soir ansin ó dheas agus ansin soir ó dheas feadh tórann bhaile fearainn an tSeanbhaile go dtí pointe comhraic tórann bhailte fearainn an tSeanbhaile, an Bhaile Nua, agus Thóin le Gaoith, as sin soir ó thuaidh feadh tórann thiar bhaile fearainn Thóin le Gaoith go dtí an pointe mar a ngearrann sí samhail-fhaidiú siar ó thuaidh an fháil atá ina thórainn idir an pháirc .572 acra atá rátaithe in ainm Patrick Byrne i mbaile fearainn Thóin le Gaoith agus an pháirc 4.071 acra atá rátaithe in ainm Richard O Connell, as sin soir ó dheas feadh samhail-fhaidithe siar ó thuaidh an fháil sin agus soir ó dheas feadh an fháil sin go dtí coirnéal thiar-theas na páirce deiridh sin, as sin soir ó dheas feadh fáil theas na páirce deiridh sin go dtí coirnéal thoir-theas na páirce 4.071 acra sin, as sin soir feadh fáil theas na páirce 4.383 acra atá rátaithe in ainm Richard O Connell go dtí coirnéal thoir-theas na páirce deiridh sin, as sin ó thuaidh feadh fáil thoir na páirce deiridh sin go dtí coirnéal thiarthuaidh na páirce 11.294 acra atá rátaithe in ainm Richard O Connell, as sin soir feadh fáil thuaidh na páirce deiridh sin go dtí fál thiar na páirce 7.773 acra atá rátaithe in ainm Vincent Wilson, as sin ó thuaidh feadh an fháil deiridh sin go dtí coirnéal thiar-theas na páirce 10.149 acra atá rátaithe in ainm Vincent Wilson, as sin soir feadh fáil theas na páirce deiridh sin go dtí éadan thiar balla na fo-fhoirginte atá ina cuid den chlós .634 acra ag Tonlegee House, as sin ó dheas feadh éadain thiar an bhall sin go dtí coirnéal thiar-theas na bhfo-fhoirgintí sin, as sin soir feadh éadain theas bhalla na bhfo-fhoirgintí sin, as sin soir feadh éadain theas an bhalla atá ag roinnt an chlóis feirme .634 acra go dtí an pointe mar a dteagmhaíonn an balla sin le héadan balla thiar-theas Tonlegee House, as sin soir ó dheas feadh éadain theas bhalla thiar-theas Tonlegee House go dtí coirnéal theas Tonlegee House, as sin soir ó thuaidh feadh éadain bhalla thoir-theas Tonlegee House go dtí coirnéal thoir Tonlegee House, as sin soir feadh éadain theas an bhalla a chríochnaíos ag coirnéal thoir Tonlegee House go dtí fál thiar na páirce 12.171 acra atá rátaithe in ainm Vincent Wilson, as sin ó thuaidh feadh fáil thiar na páirce deiridh sin go dtí coirnéal thiar-thuaidh na páirce sin, as sin soir ó dheas feadh fáil thuaidh na páirce sin, go dtí coirnéal thiar-theas na páirce 11.589 acra atá rátaithe in ainm Vincent Wilson, as sin soir ó dheas feadh fáil theas na páirce deiridh sin go dtí tórainn thoir bhaile fearainn Thóin le Gaoith, as sin ó thuaidh ansin soir feadh tórann an bhaile fearainn sin go dtí pointe comhraic tórann bhailte fearainn Thóin le Gaoith, Newbrook agus Chill Baroc, Uachtair, as sin ó dheas ansin soir feadh tórann thuaidh bhaile fearainn Chill Baroc Uachtair, go dtí an pointe mar a ngearrann sí samhail-líne ag rith lár slí idir líne suas agus líne síos príomh-líne Mhór-Iarnróid an Tuaiscirt, as sin ó thuaidh feadh na samhail-líne sin go dtí an pointe mar a ngearrann sí tórainn thuaidh bhaile fearainn Bhaile Dhubhghaill, as sin soir ansin ó thuaidh agus ansin soir feadh tórann an bhaile fearainn sin agus feadh a samhail-fhaidithe soir go dtí a chéad phointe comhraic leis an Marc Bun Láin.

2. An chuid sin den Chontae atá idir an tórainn atá anois ann agus líne arna tarraingt mar leanas:—

Ag tosnú ag pointe comhraic na tórann atá anois agus tórann bhailte fearainn an Racárdair agus Bhaile an Teampaill, Uachtair, as sin ó dheas feadh na tórann idir bhailte fearainn Racárdair agus Bhaile an Teampaill, Uachtair, go dtí an pointe mar a ngearrann sí samhailfhaidiú soir fáil thuaidh na páirce 10.576 acra atá rátaithe in ainm Lamb Brothers i mbaile fearainn an Racárdair, as sin siar feadh samhail-fhaidithe soir an fháil sin agus feadh an fháil sin go dtí coirnéal thoir-thuaidh na páirce 3.550 acra atá rátaithe in ainm Lamb Brothers, as sin siar ansin siar ó dheas feadh fáil thuaidh na páirce deiridh sin go dtí coirnéal thoir-thuaidh na páirce 4.756 acra atá rátaithe in ainm Lamb Brothers, as sin siar feadh fáil thuaidh na páirce deiridh sin go dtí coirnéal thoir-theas na páirce 3.274 acra atá rátaithe in ainm Hughes Brothers, as sin siar feadh fáil theas na páirce deiridh sin go dtí fál thiar na páirce sin, as sin ó dheas feadh samhail-fhaidithe ó dheas fáil thiar na páirce sin go dtí an pointe mar a ngearrann sé fál thuaidh na páirce 3.606 acra atá rátaithe in ainm Lamb Brothers, as sin siar feadh fáil thuaidh na páirce sin go dtí coirnéal thoir-thuaidh na páirce 9.644 acra atá rátaithe in ainm Lamb Brothers, as sin ó dheas feadh fáil thoir na páirce 9.644 acra go dtí coirnéal thoirtheas na páirce sin, as sin siar ó thuaidh feadh fáil theas na páirce sin agus feadh samhail-fhaidithe siar ó thuaidh an fháil deiridh sin go dtí fál thoir na páirce 15.090 acra atá rátaithe in ainm Rental Holdings, Ltd., i mbaile fearainn Ráthfearnan, as sin ó dheas ansin siar feadh fáil thoir agus fáil theas na páirce deiridh sin go dtí coirnéal thoir-theas na páirce 7.049 acra atá rátaithe in ainm na hAb-Mháthar, Mainistir Loreto, agus as sin siar ó thuaidh feadh fáil thoir agus fáil thuaidh na páirce deiridh sin go dtí an tórainn atá anois ann.

3. An chuid sin den Chontae atá idir an tórainn atá anois ann agus líne arna tarraingt mar leanas:—

Ag tosnú an an bpointe mar a ngearrann lárlíne an bhóthair nua, ar a dtugtar Garrán Shelton, atá ag dul ó dheas ó Bhóthar Chammuighe Thiar, an tórainn atá anois ann, as sin ó thuaidh feadh an bhóthair nua sin go dtí an pointe mar a ngearrann sé lárlíne Bhóthair Chammuighe Thiar, as sin siar feadh Bóthair Chammuighe Thiar go dtí an pointe mar a ngearrann sé Bóthar Naomh Una, as sin soir ó thuaidh feadh Bóthair Naomh Una go dtí an pointe mar a ngearrann sé an tórainn atá anois ann.

4. An chuid sin den Chontae atá idir an tórainn atá anois ann agus líne arna tarraingt mar leanas:—

Ag tosnú ar an tórainn atá anois ann ag acomhál lárlínte Bóthair Naomh una agus Bóthair an Mhuilinn Ghaoithe, i mbaile fearainn Chroimghlinne, as sin siar ó thuaidh ansin soir ó thuaidh feadh Bóthair Chroimghlinne trí Shráidbhaile Chroimghlinne go dtí an pointe mar a ngearrann sí an tórainn atá anois ann.

5. An chuid sin den Chontae atá idir an tórainn atá anois ann agus líne arna tarraingt mar leanas:—

Ag tosnú ag an bpointe a dteagmhaíonn an tórainn atá anois ann leis an tórainn idir bailte fearainn Dhruimeanaigh agus Bhaile Uilcín, as sin siar feadh na tórann idir na bailte fearainn sin go dtí an pointe mar a ngearrann sí lárlíne Bhóthair Uilcín, as sin siar ó dheas feadh Bóthair Uilcín go dtí an pointe mar a ngearrann sé tórainn theas bhaile fearainn Bhaile Uilcín, as sin siar feadh tórainn an bhaile fearainn sin go dtí an pointe mar a ngearrann sí samhail-fhaidiú ó dheas an fháil atá ina thórainn idir na gabháltais atá rátaithe in ainm Hussey, Egan, Pickmere (Ireland) Ltd., agus Esther Tyrrell, as sin siar ó thuaidh feadh samhail-fhaidithe ó dheas an fháil sin agus siar ó thuaidh feadh an fháil sin go dtí fál theas na páirce 9.373 acra atá rátaithe in ainm Laurence Redmond i mbaile fearainn Bhaile Uilcín, as sin siar ó thuaidh ansin ó thuaidh feadh an fháil deiridh sin go dtí tórainn theas bhaile fearainn Dhruimeanaigh, as sin siar ó dheas ansin siar ansin soir agus ansin ó thuaidh feadh tórann an bhaile fearainn sin go dtí an pointe mar a ngearrann sí lárlíne Bhóthair Robinhood, as sin ó thuaidh feadh Bóthair Robinhood agus feadh a shamhail-fhaidithe ó thuaidh go dtí an pointe mar a ngearrann sé tórainn thiar bhaile fearainn Dhruimeanaigh, as sin ó thuaidh feadh tórann an bhaile fearainn sin go dtí an pointe mar a ngearrann sí samhail-fhaidiú soir ó dheas lárlíne Lána Bluebell, atá ag dul go dtí monarcha Snasán Nugget, as sin siar ó thuaidh feadh an tsamhailfhaidithe sin agus feadh Lána Bluebell go dtí an pointe mar a ngearrann sé samhail-fhaidiú soir ó thuaidh fáil thuaidh na páirce 12.712 acra atá rátaithe in ainmneacha John agus Mary Josephine Grennan i mbaile fearainn Bluebell, as sin siar ó dheas feadh samhail-fhaidithe soir ó thuaidh an fháil sin agus feadh an fháil sin go dtí coirnéal thoir na páirce 6.788 acra atá rátaithe in ainmneacha John agus Mary Josephine Grennan, as sin siar ó thuaidh feadh fáil thoir-thuaidh na páirce deiridh sin go dtí fál thoir-theas na páirce 15.506 acra atá rátaithe in ainmneacha Anne agus Lily Flood, as sin soir ó thuaidh ansin ó thuaidh feadh fáil thoir-theas agus fáil thoir na páirce 15.506 acra sin agus feadh samhail-fhaidithe ó thuaidh fáil thoir na páirce sin go dtí an pointe mar a ngearrann sé lárlíne Chanáil Laighean, as sin soir feadh lárlíne Chanáil Laighean go dtí tórainn theas bhaile fearainn Bhaile Thormaid, Íochtar, as sin siar ansin ó thuaidh feadh tórann bhaile fearainn Bhaile Thormaid, Iochtair, go dtí an pointe mar a ngearrann sí samhail-líne ag rith lár slí idir líne suas agus líne síos phríomh-líne Chóras Iompair Éireann, as sin siar feadh na samhail-líne sin go dtí an pointe mar a ngearrann sí tórainn theas bhaile fearainn Bhaile Thormaid, Uachtair, as sin ó thuaidh ansin siar agus ansin ó thuaidh feadh tórann bhaile fearainn Bhaile Thormaid, Uachtair, go dtí an pointe mar a ngearrann sí samhail-fhaidiú ó dheas fáil thoir na páirce 26.093 acra atá rátaithe in ainm Patrick Cassells i mbaile fearainn Bhaile Thormaid, Uachtair, as sin ó thuaidh feadh an tsamhail-fhaidithe ó dheas sin, feadh an fháil sin agus feadh a shamhail-fhaidithe ó thuaidh go dtí tórainn thuaidh bhaile fearainn Bhaile Thormaid, Uachtair, as sin soir feadh tórann an bhaile fearainn sin go dtí an pointe mar a ngearrann sí fál thiar na páirce 1.504 acra atá rátaithe in ainm Christopher O'Toole i mbaile fearainn Bhaile Sheáin, as sin ó thuaidh feadh fáil thiar na páirce sin go dtí coirnéal thoir-theas na páirce 8.181 acra atá rátaithe in ainm Christopher O'Toole i mbaile fearainn Bhaile Sheáin, as sin ó thuaidh feadh fáil thoir na páirce sin go dtí an pointe mar a ngearrann sé tórainn thuaidh bhaile fearainn Bhaile Sheáin agus as sin soir feadh tórann an bhaile fearainn sin go dtí an tórainn atá anois ann.

6. An chuid sin den Chontae atá idir an tórainn atá anois ann agus an Marc Bun Láin.